Cáilíocht an ardoideachais

Is ceannaire domhanda an Eoraip ó thaobh an oideachais de. Chun suíomh ceannródaíoch na hEorpa a chothú, mhol airí oideachais na hEorpa gur cheart meicníochtaí um measúnú agus um dhearbhú cáilíochta a chur i bhfeidhm i gcórais ardoideachais.

ACHT

Moladh 98/561/CE ón gComhairle maidir le comhar Eorpach i ndáil le dearbhú cáilíochta san ardoideachas.

ACHOIMRE

Sa bhliain 1998, d’aontaigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) go mbunófaí córais thrédhearcachta um measúnú agus um dhearbhú cáilíochta sa réimse ardoideachais. Chun cáilíocht an ardoideachais a chosaint agus a fheabhsú agus coinníollacha náisiúnta, an diminsean Eorpach agus ceanglais idirnáisiúnta á gcur san áireamh, socraíodh go mbainfeadh na gnéithe seo a leanas leis na córais sin:

Sa bhliain 2006, iarradh i gcomhmholadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go mba cheart córais inmheánacha um dhearbhú cáilíochta a thabhairt isteach de réir na gcaighdeán agus na dtreoirlínte arna nglacadh leo in Bergen, i gcomhthéacs Phróiseas Bologna, agus go mba cheart an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) a chruthú. Iarradh ar na Ballstáit a chur ar chumas a n-institiúidí ardoideachais gníomhaireacht um dhearbhú cáilíochta nó um chreidiúnú a roghnú ó liosta EQAR, a chomhlíonann a riachtanais agus a bpróifíl, ar an gcoinníoll go raibh sé seo i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó ceadaithe ag údaráis náisiúnta na mBallstát sin.

Tuarascálacha ar bhonn trí bliana

Ullmhaítear tuarascálacha chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le dearbhú cáilíochta san ardoideachas. Cé go ndearnadh dul chun cinn maith, aithníodh roinnt easpaí. I dtuarascáil na bliana 2014, luaitear easnaimh sa chaoi a dtacaíonn dearbhú cáilíochta le hathchóirithe ardoideachais, amhail rochtain a leathnú, infhostaitheacht agus idirnáisiúnú a fheabhsú, nó oiliúint dhochtúireachta agus straitéisí acmhainní daonna a fheabhsú. Chun na heasnaimh seo a shárú, ní mór go mbainfí feidhm as dearbhú cáilíochta chun tacú le cultúr inmheánach cáilíochta a chruthú in institiúidí ardoideachais, seachas tic a chur le boscaí amháin.

Tá gá le cur chuige earnáil-bhunaithe i ndáil le dearbhú cáilíochta agus lena fhionnadh an féidir bunphrionsabail agus buntreoirlínte áirithe a aithint a bheadh bailí thar raon na n-earnálacha agus a bheadh infheidhmithe maidir le gach cáilíocht.

Gníomhartha beartaithe

Seo a leanas cuid de na gníomhartha a bhainfear feidhm as chun comhar Eorpach i ndáil le dearbhú cáilíochta, don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, a fheabhsú:

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh 98/561/CE

-

-

IO L 270, 7.10.1998

ACHTANNA GAOLMHARA

Moladh 2006/143/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar breise Eorpach i ndáil le dearbhú cáilíochta san ardoideachas [IO L 64, 4.3.2006].

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Tuarascáil ar an dul chun cinn maidir le dearbhú cáilíochta san ardoideachas [COM(2009) 487 final an 21.9.2009].

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil ar an dul chun cinn maidir le dearbhú cáilíochta san ardoideachas [COM(2014) 29 final an 28.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Conclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2014 maidir le dearbhú cáilíochta a thacaíonn le hoideachas agus le hoiliúint [IO C 183, 14.6.2014].

Nuashonrú is déanaí: 06.07.2014