Suirbhé ar an lucht saothair
Braitheann ceapadh beartais an Aontais Eorpaigh (AE) sa réimse fostaíochta go mór ar infhaighteacht staidrimh inchomparáide, iontaofa agus thráthúil. Cuireann suirbhé AE ar an lucht saothair faisnéis ar fáil faoi stádas agus faoi threochtaí mhargadh saothair AE.
ACHT
Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an lucht saothair a eagrú sa Chomhphobal.
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?
Leagtar amach sa rialachán modheolaíocht chomhchuibhithe maidir le staidreamh náisiúnta a bhailiú faoi rannpháirtíocht mhargadh saothair na ndaoine atá cúig bliana déag d’aois nó níos sine, agus iad siúd atá lasmuigh den lucht oibre. Leagtar amach ann rialacha agus treoirlínte maidir le gnéithe áirithe, amhail dearadh, tréithe, modhanna agus ceapadh beartais an tsuirbhé ionas gur féidir torthaí inchomparáide a chinntiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cumhdach
Cumhdaíonn suirbhé AE ar an lucht saothair 33 thír: na 28 dtír AE, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis, agus dhá thír is iarrthóirí (Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus an Tuirc). Is é an suirbhé samplach tí is mó san Eoraip (.i. sampla teaghlach a dhéantar suirbhé orthu maidir le raon topaicí, amhail saol oibre, stádas tithíochta, stádas ioncaim, sláinte, srl.).
Cumhdaíonn an suirbhé na saoránaigh uile a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha (.i. ní chuirtear ospidéil, árais chónaithe, srl. san áireamh).
Suirbhé an AE ar an lucht saothair a stiúradh
Tá institiúidí náisiúnta um staidreamh na dtíortha AE freagrach as:
Déantar é seo i gcomhréir le scéim um chomhchódú arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 377/2008.
Tugann Eurostat tacaíocht do na hinstitiúidí staidrimh trí choincheapa agus modhanna comhchuibhithe a chur chun cinn agus trí staidreamh inchomparáide náisiúnta agus Eorpach a scaipeadh a bhaineann leis an margadh saothair.
Bailiú sonraí
Mar chuid de shuirbhé AE ar an lucht saothair cumhdaítear gnéithe amhail na cinn seo a leanas:
Ag brath ar stádas an duine ar a ndéantar an suirbhé (.i. fostaithe, dífhostaithe nó lasmuigh den lucht saothair, amhail daoine óga atá ag staidéar nó mná a bhfuil freagrachtaí teaghlaigh acu), bailítear cineálacha éagsúla faisnéise.
Bailítear na sonraí ar bhonn ráithiúil agus déantar timpeall 1.8 milliún agallamh ar fud na hEorpa. Bíonn rátaí samplála idir 0.2 % agus 3.3 % i gceist sna tíortha rannpháirteacha.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?
Ón 15 Márta 1998 ar aghaidh.
Féach láithreán gréasáin Eurostat chun tuilleadh faisnéise a fháil.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (CE) Uimh. 577/98 |
15.3.1998 |
15.3.1998 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (CE) Uimh. 1991/2002 |
10.11.2002 |
- |
|
Rialachán (CE) Uimh. 2104/2002 |
19.12.2002 |
- |
|
Rialachán (CE) Uimh. 2257/2003 |
12.01.2004 |
- |
|
Rialachán (CE) Uimh. 1372/2007 |
23.12.2007 |
- |
|
Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 |
7.8.2009 |
- |
|
Rialachán (AE) Uimh. 545/2014 |
18.5.2014 |
- |
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 577/98. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
ACHTANNA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 377/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle maidir le suirbhé samplach ar an lucht saothair a eagrú sa Chomhphobal i ndáil leis an gcódú atá le húsáid chun sonraí a tharchur ó 2009 ar aghaidh, le húsáid foshampla chun sonraí a bhailiú faoi athróga struchtúrtha agus le sainmhíniú ráithe tagartha (IO L 114, 26.4.2008, lgh. 57-84).
Rialachán (AE) Uimh. 318/2013 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2013 lena nglactar le modúil ad-hoc, a chuimsíonn na blianta 2016 go 2018, le haghaidh an tsuirbhé shamplaigh ar an lucht saothair a dhéantar foráil dó le Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 99, 9.4.2013, lgh. 11-12).
Nuashonraithe 03.04.2015