Seirbhísí poiblí fostaíochta a athchóiriú

Tugann a lán cuardaitheoirí poist aghaidh ar dtús ar na seirbhísí poiblí fostaíochta (SPFanna), seirbhísí a bhfuil príomhról acu maidir le beartais mhargadh an tsaothair a chur ar fáil. Trí chomhoibriú níos mó le chéile ar fud an Aontais Eorpaigh (AE), ba cheart do SPFanna cabhrú le sprioc fostaíochta 75 % na straitéise Eoraip 2020 a chomhlíonadh.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún: Seirbhísí poiblí fostaíochta a nuachóiriú chun tacú le straitéis fostaíochta na hEorpa (COM(98) 641 final an 13.11.1998).

ACHOIMRE

Tugann a lán cuardaitheoirí poist aghaidh ar dtús ar na seirbhísí poiblí fostaíochta (SPFanna), seirbhísí a bhfuil príomhról acu maidir le beartais mhargadh an tsaothair a chur ar fáil. Trí chomhoibriú níos mó le chéile ar fud an Aontais Eorpaigh (AE), ba cheart do SPFanna cabhrú le sprioc fostaíochta 75 % na straitéise Eoraip 2020 a chomhlíonadh.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Déantar scrúdú sa teachtaireacht seo ar an ról atá ag SPFanna i straitéis fostaíochta AE agus ar an timpeallacht ina mbíonn siad ag feidhmiú, timpeallacht atá ag athrú go tapa. Aithnítear sa teachtaireacht gur gá ról na SPFanna, mar aon lena modhanna oibre, a spriocanna agus a gcuspóirí, a fhorbairt. Réitíodh an bealach sa teachtaireacht freisin do chinneadh a glacadh sa bhliain 2014 chun líonra SPFanna a chur ar bun ar fud AE don tréimhse 2014-20.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ról na SPFanna maidir le straitéis fostaíochta na hEorpa a chur i bhfeidhm

cuireann siad faisnéis ar fáil faoi mhargadh an tsaothair: bailíonn SPFanna sonraí maidir le folúntais poist agus le hiarrthóirí ionchasacha agus cuireann siad faisnéis ar fáil maidir le deiseanna oiliúna/athoiliúna;

bróicéirí: cuireann siad folúntais poist ar taispeáint agus déanann siad iarracht soláthar agus éileamh saothair a mheaitseáil;

coigeartú margaidh: trína bheith páirteach i mbeartais mhargadh an tsaothair a chur i bhfeidhm, is féidir le SPFanna cabhrú le soláthar agus le héileamh fostaíochta a choigeartú, mar shampla trí chláir chun bearnaí scileanna a laghdú.

Samhlacha difriúla SPF

Tá difríocht idir leibhéil éifeachtachta SPFanna sna tíortha difriúla AE maidir le cláir mhargadh an tsaothair a chur ar fáil. Sainchúraimí, leaganacha amach eagraíochtúla, ionstraimí agus margaí saothair difriúla is cúis leis seo.

Timpeallacht atá ag forbairt

Próifíl cuardaitheoirí poist atá ag athrú (níos mó daoine óga ardoilte, níos mó ban, lucht saothair atá ag dul in aois, srl.).

Riachtanais fostóirí atá ag athrú (athrú chuig geilleagar seirbhíse).

Athrú teicneolaíochta tapa agus cothú na hiomaíochta.

Caidrimh fostaíochta atá ag athrú (conarthaí, amanna oibre níos solúbtha, srl).

Ardleibhéil dífhostaíochta agus dífhostaíocht bhuan.

SPFanna ag obair le chéile

Thosaigh SPFanna ag obair le chéile go neamhfhoirmiúil ar leibhéal AE sa bhliain 1997 agus tá páirt á glacadh acu i dTreoirlínte fostaíochta AE a chur i bhfeidhm agus i bPleananna Náisiúnta Gníomhaíochta gaolmhara a chur ar fáil.

Ceapadh go raibh comhar níos mó idir na SPFanna ríthábhachtach chun spriocanna fostaíochta na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach. Mar sin, d’aontaigh AE sa bhliain 2014 go ndéanfaí líonra a chur ar bun, a bhfuil bonn láidir dlíthiúil aige, chun comhar idir SPFanna sna tíortha AE a neartú.

Féachtar leis an líonra:

tagarmharcáil a dhéanamh chun feidhmíocht SPFanna a chur i gcomparáid;

dea-chleachtais atá bunaithe ar fhianaise a aithint agus foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn;

feabhas ar sholáthar seirbhísí ag SPFanna a chur chun cinn, an Ráthaíocht don Aos Óg san áireamh;

cur le Straitéis Fostaíochta na hEorpa agus le beartais náisiúnta chomhfhreagracha.

Féach láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le seirbhísí poiblí fostaíochta chun tuilleadh faisnéise a fháil.

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhar feabhsaithe idir Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (IO 159, 28.5.2014, lgh. 32-39).

Nuashonrú is déanaí: 20.04.2015