Bunú Choiste Comhairleach AE um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir — Cinneadh 2008/590/CE
Bunaítear coiste lena áirithiú go mbeidh comhairliúcháin agus malartuithe rialta ar bun idir comhlachtaí agus institiúidí a chuireann deiseanna comhionanna idir mná agus fir chun cinn i dtíortha AE.
Tá an Coiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir beartaithe chun cuidiú leis an gCoimisiún Eorpach bearta a cheapadh agus a chur chun feidhme d'fhonn deiseanna comhionanna idir mná agus fir a chur chun cinn. Déanann sé an méid sin trína spreagadh go ndéanfaí taithí, beartais agus cleachtais ábhartha a mhalartú idir tíortha AE agus na páirtithe éagsúla atá i gceist.
Tá 70 comhalta ar an gCoiste, a bhfuil téarma oifige inathnuaite 3 bliana acu, lena gcuimsítear:
Déanann beirt chomhaltaí ionadaíocht ar Bhrúghrúpa Mhná na hEorpa ag cruinnithe coiste, agus iad i gcáil breathnóirí. Féadfar ionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí gairmiúla agus eagraíochta ballraíochta a ligean isteach freisin mar bhreathnóirí tar éis iarraidh réasúnaithe chuig an gCoimisiún.
Roghnaíonn an Coiste Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse bliana amháin.
Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt d'aon duine atá saincháilithe in ábhar ar leith ar an gclár oibre chun a bheith páirteach in obair an Choiste i gcáil saineolaí.
Is é an Coimisiún a dhéanann an Coiste a thionól agus tagann sé le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain ag ceanncheathrú an Choimisiúin. Bíonn díospóireachtaí an Choiste bunaithe ar iarrataí ar thuairimí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus orthu siúd a dhéanann sé ar a thionscnamh féin. Ní chuirtear vóta ar bun ina ndiaidh.
Le Cinneadh 2008/590/CE ón gCoimisiún, déantar códú agus aisghairm ar Chinneadh 82/43/CEE faoinar bunaíodh Coiste Comhairleach maidir le Deiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir ar dtús, agus a leasaíodh roinnt uaireanta.
Cinneadh 2008/590/CE ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2008 i dtaobh bunú Coiste Chomhairligh maidir le Deiseanna Comhionanna do Mhná agus d'Fhir (Leagan códaithe) (IO L 190, 18.7.2008, lgh. 17–21)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2008/590/CE a ionchorprú sa téacs bunaidh. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh tagartha amháin.
Nuashonraithe 18.01.2016