Cúram leanaí - cothromaíocht oibre is saoil d’fhir agus do mhná

Moladh 92/241/CEE maidir le cúram sláinte

GNÍOMH

Moladh ón gComhairle 92/241/CEE an 31 Márta 1992 maidir le cúram leanaí (IO L 123, 8.5.1992, lgh. 16-18)

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN MOLADH?

Cuirtear chun cinn sa mholadh comhdheiseanna le haghaidh máithreacha agus aithreacha maidir le cothromaíocht idir an saol oibre agus saol an teaghlaigh. Déantar é sin trí thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a spreagadh chun tionscnaimh a chur i bhfeidhm agus/nó a thacú, a chabhróidh le tuismitheoirí a bhfreagrachtaí cúram leanaí a bhainistiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Dírítear sa mholadh ar na réimsí seo a leanas:

seirbhísí cúram leanaí a chur ar fáil nuair atá na tuismitheoirí ag obair, ag staidéar nó ag lorg post;

saoire speisialta do na tuismitheoirí a bhfuil post acu agus a bhfuil leanaí acu le haire a thabhairt dóibh;

freagrúlacht do riachtanais na n-oibrithe a bhfuil leanaí acu a mhéadú sa timpeallacht oibre;

bearta chun cabhrú leis an mbeirt thuismitheoirí a bhfreagrachtaí oibre agus a gcúram leanaí a roinnt.

Moltar ann gur cheart do sheirbhísí cúram leanaí:

a bheith curtha ar fáil ar chostas réasúnta;

a bheith comhdhéanta de chúram iontaofa (sláintiúil agus sábháilte), agus ionchur forbartha/oideachasúil a bheith ag baint leo;

a bheith ábalta déileáil le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu (e.g. riachtanais theangeolaíochta) agus le leanaí ó theaghlaigh aontuismitheora.

Saoire speisialta

Ba cheart do thíortha AE tionscnaimh áirithe amhail saoire speisialta a spreagadh do mháithreacha agus d’aithreacha araon, chun go nglacfaidh níos mó ban páirt sa mhargadh saothair.

Timpeallacht oibre

Ba cheart do thíortha AE tionscnaimh a chur i gcrích agus/nó a spreagadh chun:

cuidiú níos mó le cúram leanaí ag an obair, go háirithe trí comhaontuithe comhchoiteanna idir fostóirí agus ceardchumainn;

chun pá agus coinníollacha oibre fónta a chinntiú do bhaill foirne sheirbhísí cúram leanaí;

chun beart a dhéanamh san earnáil phoiblí, a n-úsáidfear é mar shamhail don chuid eile den gheilleagar.

Freagrachtaí a chomhroinnt

Ba cheart do thíortha AE rannpháirtíocht mhéadaitheach na bhfear i ndualgais cúram leanaí a spreagadh, rud a chuirfidh le freagrachtaí tuismitheora a chomhroinnt go cothrom agus a chuirfidh ar chumas na mban ról níos éifeachtaí a ghlacadh sa mhargadh saothair.

Tuilleadh eolais maidir le cuspóirí AE cúram leanaí.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Cuspóirí Barcelona - Saoráidí cúram leanaí a fhorbairt le haghaidh leanaí óga san Eoraip ar mhaithe le fás inbhuanaithe uilechuimsitheach (COM(2013) 322 final, 29.5.2013)

Nuashonraithe 14.09.2015