Iompar de bhóthar: Rialacha AE maidir le heagrú ama oibre tiománaithe gairmiúla

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/15/CE maidir le heagrú ama oibre na ndaoine a théann i mbun gníomhaíochtaí iompair shoghluaiste ar bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach léi na rialacha íosta maidir le heagrú ama oibre do thiománaithe lena bhforlíontar Rialachán (CE) 561/2006, lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le hamanna tiomána agus tréimhsí sosa.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann rialacha na treorach le gach “oibrí taistil” atá i seirbhís ghnó arna bhunú i dtír AE chun gníomhaíochtaí iompair de bhóthar a fheidhmiú. Baineann sé le tiománaithe féinfhostaithe chomh maith.

Áirítear le “ham oibre”:

Is é 48 uair an chloig an uas–seachtain oibre atá socraithe; ach is féidir suas le 60 uair a chloig a chaitheamh ag obair gach seachtain más rud é nach sárófar meánlíon uaireanta 48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine thar thréimhse 4 mhí.

Ní mór do thiománaithe sos a thógáil gach 6 uair an chloig ar a laghad. Nuair a chaitheann tiománaí idir 6 an chloig agus 9 n–uair an chloig in aghaidh an lae ag obair, ní mór don tiománaí sosanna 30 nóiméad nó níos mó a thógáil.

Tá sé sin i dteannta le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 faoina leagtar amach uasteorainn tiomána de 4.5 uair an chloig gan sos.

Déantar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le sosanna a choimeád faoin treoir seo. Ní mór do thiománaithe sosanna a thógáil gach lá agus gach seachtain.

I gcás seal oíche, ní féidir le hoibrithe ach 10 n–uair an chloig nó níos lú a chaitheamh ag obair i dtréimhse 24 uair an chloigh.

Rinneadh anailís i dtuarascáil 2014 ón gCoimisiún ar chur chun feidhme na treorach agus an rialacháin sa tréimhse 2011-2012. Fuarthas gur tháinig feabhas áirithe ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta. Mar gheall ar neamhiomláine agus neamhréireacht na n–aighneachtaí a fuarthas ó thíortha AE, áfach, ní dhearnadh anailís mhionsonraithe ar an éifeacht ar shábháilteacht ar bhóithre ná ar shláinte agus sábháilteacht na dtiománaithe. Luaigh an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí measúnú uileghabhálach ar fheidhmiú na reachtaíochta sóisialta maidir le hiompar ar bhóthar a sheoladh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 23 Márta 2002. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 23 Márta 2005.

CÚLRA

Dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa moladh 2008 ón gCoimisiún maidir le tiománaithe féinfhostaithe a eisiamh ón treoir agus maidir le forfheidhmiú na treorach a fheabhsú. I dtús báire, níor cumhdaíodh sa treoir ach oibrithe taistil a bhí ag obair do chuideachta iompair. Ó mhí an Mhárta 2009 ar aghaidh, tá na tiománaithe uile a thagann faoi raon feidhme an rialacháin maidir le hamanna tiomána agus le sosanna cumhdaithe sa treoir.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre na ndaoine a théann i mbun gníomhaíochtaí iompair shoghluaiste ar bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lgh. 35-39)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an reachtaíocht seo a leanas a chur chun feidhme sa tréimhse 2011-2012: Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le reachtaíocht áirithe shóisialta a chomhchuibhiú a bhaineann le hiompar de bhóthar agus Treoir 2002/15/CE maidir le heagrú ama oibre na ndaoine a théann i mbun gníomhaíochtaí iompair shoghluaiste ar bhóthar (27ú tuarascáil ón gCoimisiún maidir le reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm a bhaineann le hiompar ar bhóthar) (COM(2014) 709 final, 21.11.2014)

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le reachtaíocht áirithe shóisialta a chomhchuibhiú a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lgh. 1-14)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 20.08.2020