EURES — an tairseach AE um shoghluaisteacht ó phost go chéile

Is líonra comhoibrithe é EURES — Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta — a ceapadh chun deiseanna fostaíochta a aimsiú agus chun éascaíocht a dhéanamh ar shaorghluaiseacht na n-oibrithe i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) (tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) agus san Eilvéis.

GNÍOMH

2003/8/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle maidir le folúntais agus iarratais ar fhostaíocht a imréiteach

ACHOIMRE

Is líonra comhoibrithe é EURES — Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta — a ceapadh chun deiseanna fostaíochta a aimsiú agus chun éascaíocht a dhéanamh ar shaorghluaiseacht na n-oibrithe i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) (tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) agus san Eilvéis.

Áirítear le comhpháirtithe an líonra, seirbhísí poiblí fostaíochta, ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí. Déanann an Coimisiún Eorpach an líonra a chomhordú.

CAD É CUSPÓIR EURES?

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí EURES:

oibrithe a d’fhéadfadh taisteal chun obair a dhéanamh a chur ar an eolas, a threorú agus a chomhairliú maidir le deiseanna fostaíochta agus maidir le dálaí maireachtála agus oibre sa LEE;

cuidiú le fostóirí ar mian leo oibrithe ó thíortha eile a earcú;

comhairle agus cúnamh a thabhairt d’oibrithe agus d’fhostóirí i réigiúin thrasteorann.

PRÍOMHPHOINTÍ

An margadh saothair AE a fheabhsú

Ar mhaithe le cuardaitheoirí poist, le hoibrithe agus le fostóirí, cuirtear chun cinn trí EURES:

margadh saothair AE a fhorbairt atá oscailte agus atá inrochtana ag cách;

socrúchán ar leibhéal trasnáisiúnta, idir-réigiúnach agus trasteorann trí fholúntais agus trí iarratais ar fhostaíocht a mhalartú;

faisnéis a mhalartú maidir le deiseanna fostaíochta, le foghlaim scileanna agus le cúrsaí oiliúna, le printíseachtaí agus, más iomchuí, le socrúchán daoine faoi oiliúint agus printíseach;

faisnéis maidir le soghluaisteacht oibrithe óga.

Baill agus comhpháirtithe EURES

Is bonn soladach iad chomhacmhainní na mballeagraíochtaí agus na n-eagraíochtaí comhpháirtithe EURES chun seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil d’oibrithe agus d’fhostóirí.

Is iad seo a leanas baill agus comhpháirtithe EURES:

seirbhísí náisiúnta agus áitiúla fostaíochta;

seirbhísí fostaíochta atá freagrach as réigiúin thrasteorann;

seirbhísí speisialaithe fostaíochta eile a chuirtear in iúl don Choimisiún;

eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta ainmnithe ag na baill;

eagraíochtaí eile a bhfuil leasanna sóisialta agus leasanna gaolmhara acu.

Gníomhaíochtaí

seirbhísí socrúcháin a chruthú do chuardaitheoirí poist, mar aon le seirbhísí comhoiriúnaithe d’oibrithe agus d’fhostóirí, agus seirbhísí tacaíochta do na fostóirí ar mian leo baill foirne a earcú i dtír AE eile le cabhair ó sheirbhísí Idirlín EURES;

an fhaisnéis is déanaí maidir le dálaí maireachtála agus oibre agus le treochtaí mhargadh an tsaothair a scaipeadh;

gníomhartha comhoibrithe idir na baill agus na comhpháirtithe;

faireachas a dhéanamh ar bhacainní soghluaisteachta agus na bacainní sin a mheas, lena n-áirítear difríochtaí sa reachtaíocht agus i nósanna imeachta riaracháin.

Chun cabhrú le daoine deiseanna fostaíochta a aimsiú i dtíortha AE eile, déantar bunachar sonraí folúntas EURES a nuashonrú gach lá agus a chur ar fáil ar thairseach EURES sna 26 theanga AE/LEE.

Féach an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile - EURES chun tuilleadh faisnéise a fháil

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2003/8/CE

1.3.2003

-

IO L 5, 10.1.2003, lgh. 16-19

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lgh. 1-12)

2012/733/AE: Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le folúntais agus le hiarratais ar fhostaíocht a imréiteach agus le hathbhunú EURES (IO L 328, 28.11.2012, lgh. 21-26)

Nuashonraithe 31.08.2015