Cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint

Ceapadh an treoir seo chun na bacainní a chuirtear ar shaorghluaiseacht fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhaint, agus a gcearta pinsin fhorlíontaigh á gcosaint nuair a aistríonn siad ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát éigin eile. Cosnaítear scéimeanna pinsin deonacha agus scéimeanna pinsin éigeantacha araon , ach ní chosnaítear scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

ACHT

Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cosaint a sholáthar do chearta pinsin fhorlíontaigh ar le fostaithe agus le daoine féinfhostaithe iad a bhíonn ag aistriú laistigh den Chomhphobal.

ACHOIMRE

Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le baill de scéimeanna pinsin fhorlíontaigh agus le daoine eile a bhfuil teidlíocht acu faoi scéimeanna dá leithéid, daoine a bhfuil cearta acu nó a bhfuil cearta á bhfáil acu i mBallstát nó i mBallstáit.

Déantar foráil sa treoir seo le haghaidh ceithre phríomhbheart chun cearta pinsin fhorlíontaigh na n-oibrithe atá ag aistriú laistigh den Chomhphobal a chosc:

Cóir chomhionann maidir le cearta pinsin a chaomhnú

Ní mór go nglacfadh Ballstáit leis na bearta riachtanacha, dá bhfágfadh duine éigin scéim pinsin fhorlíontaigh chun dul ag obair i mBallstát eile, lena chinntiú go gcaomhnófaí cearta dílsithe pinsin sa mhéid céanna is a gcaomhnófaí cearta dílsithe pinsin dóibh siúd nach ndéantar ranníocaíochtaí ina leith a thuilleadh, a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna.

Cinntítear le Treoir 2014/50/AE, ar gá a chorprú i ndlíthe náisiúnta thíortha an AE faoin 21.5.2018, nach gcaillfidh duine ar bith a bhfuil cearta pinsin fhorlíontaigh aige nó aici, má théann sé nó sí chun cónaí nó chun obair i dtír eile den AE. Éilítear faoin treoir seo gur gá:

Íocaíochtaí trasteorann

Beidh ar na Ballstáit a chinntiú go bhfaigheann daoine a n-íocaíochtaí pinsin fhorlíontaigh i mBallstáit eile, glan ar chánacha agus ar mhuirir idirbhirt, bunaithe ar na buntáistí uile a bhíonn dlite faoi na scéimeanna forlíontacha seo.

Oibrithe ar phostú agus pinsin fhorlíontacha

Bíonn de rogha ag oibrithe ar fhostú fanacht sa scéim phinsin ina dtír thionscnaimh nuair a bhíonn siad ar phostú i mBallstát éigin eile. Mar sin, díolmhaítear oibrithe ar phostú, agus a bhfostóirí más infheidhme, ó oibleagáid ar bith chun íocaíochtaí a dhéanamh le scéim pinsin fhorlíontaigh i mBallstát eile.

Eolas do bhaill scéime

Beidh ar fhostóirí, ar iontaobhaithe nó orthu siúd a dhéanann bainistíocht ar scéimeanna pinsin fhorlíontaigh eolas leordhóthanach a thabhairt do bhaill na scéime, nuair a aistríonn siad chuig Ballstát éigin eile, eolas a bhaineann lena gcearta pinsin agus leis na roghanna a chuirtear ar fáil dóibh faoin scéim.

Faoi Threoir 2014/50/AE, is féidir le hoibrithe a ghlacann páirt i scéim pinsin fhorlíontaigh ceist a chur faoin chaoi a d’fhéadfaí cur isteach ar a gcearta pinsin fhorlíontaigh dá bhfágfaidís a bpost nó dá n-aistreoidís, agus faoi na coinníollacha a chuirfí i bhfeidhm maidir le plé leis na cearta sin sa todhchaí.

Na daoine a fhágann an scéim, ní mór go gcuirfí ar an eolas iad faoi luach a gceart agus faoin chaoi a ndéileáiltear leo.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 98/49/CE

25.7.1998

25.1.2002

IO L 209, 25.7.1998, lch. 46-49

ACHTANNA GAOLMHARA

Páipéar Uaine an 7 Iúil 2010 ar mhaithe le córais phinsin Eorpacha leordhóthanacha, inbhuanaithe agus shábháilte [COM(2010) 365 final - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais chun soghluaisteacht an lucht saothair idir na Ballstáit a fheabhsú trí bhíthin feabhas a chur ar chearta pinsin fhorlíontaigh a fháil agus a chaomhnú [IO L 128, 30.4.2014, lch. 1-7].

Nuashonrú is déanaí: 04.08.2014