An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/13/AE maidir le seirbhísí meán closamhairc (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi feidhmiú ceart margaidh aonair de chuid an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí meán closamhairc* a chruthú agus a áirithiú, ag cur le cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus leibhéal leordhóthanach cosanta tomhaltóirí agus leanaí á sholáthar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialaítear le Treoir AE maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) comhordú náisiúnta ar fud an Aontais Eorpaigh maidir le reachtaíocht náisiúnta i ndáil le gach meán closamhairc, craoltaí teilifíse traidisiúnta agus seirbhísí meán closamhairc ar éileamh*.

Leasaítear agus nuashonraítear le Treoir (AE) 2018/1808 an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, mar chuid den straitéis maidir le margadh aonair digiteach, chun:

Ní mór do thíortha AE saoirse glactha a áirithiú agus níor chóir dóibh srian a chur ar tharchur meán closamhairc ó thíortha eile AE. Féadfaidh tíortha rialacha níos déine ná na rialacha sa treoir seo a chur i bhfeidhm faoi chúinsí áirithe agus nósanna imeachta sonracha a leanúint. Ní mór d’údaráis náisiúnta comhrialáil agus féinrialáil a spreagadh trí chóid iompair náisiúnta.

Fógraíocht

Ní mór fógraíocht chlosamhairc a bheith so-aitheanta mar sin, agus ní mór nach ndéanfaí an méid a leanas léi:

Áirítear ar fhógraíocht chlosamhairc thoirmiscthe:

Clúdaítear i gceanglais bhreise urraíocht agus suíomh táirgí, agus tá solúbthacht níos mó ag craoltóirí maidir le haga fógraíochta, le teorainn nua 20% laistigh den tréimhse idir 6.00 agus 18.00 agus laistigh den tréimhse idir 18.00 agus 24.00.

Ag cosaint leanaí

Ní mór do thíortha AE beart a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfear cláir a d’fhéadfadh “lagú a dhéanamh ar fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta mionaoiseach” ar fáil ach ar bhealach nach gcloisfeadh nó nach bhfeicfeadh mionaoisigh iad de ghnáth, trí am cuí a roghnú lena gcraoladh, trí uirlisí fíoraithe aoise nó trí bhearta teicniúla eile atá i gcomhréir leis an dochar a d’fhéadfadh tarlú. Beidh an t–inneachar is díobhálaí, amhail foréigean gan ghá agus pornagrafaíocht, faoi réir na mbeart is déine.

Baineann mionaoisigh leas as leibhéal cosanta níos airde ar líne freisin: ní mór d’ardáin chomhroinnte físeán bearta a chur i bhfeidhm chun mionaoisigh a chosaint ó ábhar dochrach.

Tá cosc freisin ar shuíomh táirgí i gcláir leanaí. Ba cheart do thíortha AE úsáid féinrialúcháin agus comhrialála a spreagadh trí chóid iompair maidir le fógraíocht mhíchuí i gcláir leanaí, i gcás bianna agus deochanna a bhfuil mórán saille, salainn agus siúcra iontu.

Fuathchaint

Ní bheidh gríosú chun foréigin nó chun fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa nó baill de ghrúpa sna seirbhísí meán closamhairc bunaithe ar idirdhealú ar fhorais amhail inscne, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó tuairim ar bith eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh nó náisiúntacht, de réir Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Tá cosc ar bhriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh freisin.

Inrochtaineacht

Ní mór do sholáthraithe a gcuid seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana go leanúnach agus de réir a chéile do dhaoine faoi mhíchumas agus spreagtar iad chun pleananna gníomhaíochta inrochtaineachta a fhorbairt chun é sin a bhaint amach.

Ní mór do thíortha AE pointe teagmhála ar líne a ainmniú chun faisnéis a sholáthar agus gearáin a fháil maidir le saincheisteanna inrochtaineachta. Ní mór faisnéis éigeandála phoiblí a chuirtear ar fáil trí sheirbhísí meán closamhairc, mar shampla i gcásanna tubaiste nádúrtha, a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Comhroinnt físeán

Ní mór do sholáthraithe seirbhíse ardáin comhroinnte físeán* bearta cuí a chur i bhfeidhm chun mionaoisigh a chosaint ó ábhar a d’fhéadfadh dul i gcion ar a bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta, agus chun an pobal i gcoitinne a chosaint ar ghríosú chun foréigin nó chun fuatha, nó ar bhriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

I measc na mbeart sin, i measc nithe eile, tá:

Tá na hoibleagáidí céanna ar sholáthraithe seirbhísí ardáin comhroinnte físeán agus atá ar sholáthraithe seirbhíse closamhairc maidir le fógraíocht agus srianta eile ar inneachar, ag cur san áireamh an rialú teoranta is féidir leo a fheidhmiú ar fhógraíocht ar a n–ardáin nach margaíonn, nach ndíolann nó nach n–eagraíonn siad féin.

Saothair Eorpacha agus neamhspleácha a chur chun cinn

Ní mór do sholáthraithe seirbhísí meán closamhairc sciar 30% ar a laghad de shaothair Eorpacha a bheith acu ina gcatalóga agus a áirithiú go bhfuil a leithéid de shaothair feiceálach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm ag an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc ón 5 Bealtaine 2010. Tá feidhm ag na hathruithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2018/1808 ón 18 Nollaig 2018 agus ní mór dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 19 Meán Fómhair 2020.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Seirbhís meán closamhairc: seirbhís lena dtairgtear cláir, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse na meán, don phobal i gcoitinne, chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil, ag baint úsáid as gréasáin cumarsáide leictreonaí, arna gcraoladh nó ar éileamh.
Seirbhís meán closamhairc ar éileamh: seirbhís meán closamhairc arna soláthar ag soláthraí seirbhíse na meán chun féachaint ar chláir an tráth a roghnaíonn an t–úsáideoir agus ar a éileamh aonair ar bhonn catalóg clár arna roghnú ag an soláthraí seirbhíse meán.
Seirbhís ardáin comhroinnte físeán: seirbhís lena dtairgtear cláir, físeáin ó úsáideoirí, nó an dá rud, don phobal i gcoitinne, nach bhfuil freagracht eagarthóireachta ar sholáthraí ardáin comhroinnte físeán aisti, d’fhonn eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ag baint úsáid as líonraí cumarsáide leictreonaí, agus cinneann soláthraí an ardáin comhroinnte físeán eagrú na gclár sin agus na bhfíseán sin ó úsáideoirí, lena n–áirítear trí mheáin uathoibríocha nó trí algartaim, go háirithe trí bhithín léiriú, clibeáil agus seicheamhú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó ag gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir 2010/13/AE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6-21)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip (COM(2015) 192 críochnaitheach, an 6.5.2015)

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391-407)

Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réimse) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 33-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.05.2019