Rialacha Nós Imeachta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
ACHOIMRE AR:
Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais
CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?
-
Leagtar síos na rialacha iontu lena gcuirtear chun feidhme agus lena bhforlíontar reacht na Cúirte Breithiúnais atá mionsonraithe i bPrótacal Uimh. 3 atá ceangailte leis na conarthaí.
-
Is é is aidhm leo nósanna imeachta na Cúirte a dhéanamh níos simplí agus níos soiléire do dhlíthithe agus do chúirteanna agus do bhinsí náisiúnta, chomh maith le hathruithe ar líon cásanna na Cúirte a chur san áireamh ar mhodh níos fearr.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an Chúirt Bhreithiúnais ar cheann de 2 chúirt ina gcuimsítear Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, institiúid bhreithiúnach AE agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Is í an Chúirt Ghinéaralta an dara cúirt. Is é a misean a chinntiú go gcloítear leis an dlí i léiriú agus i gcur chun feidhme na gconarthaí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghníomhartha AE.
Eagrú na Cúirte
Tá an Chúirt eagraithe mar a leanas:
-
Comhdhéanamh: cuimsítear inti 28 breitheamh agus 11 abhcóide ginearálta, a cheaptar ar feadh 6 bliana. Is iad cúram na n-abhcóidí ginearálta freastal ar an gCúirt agus tuairimí dlíthiúla a thabhairt. Toghann na breithiúna Uachtarán na Cúirte agus an leas-uachtarán ar feadh téarma 3 bliana. Tá an t-uachtarán freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar son na Cúirte agus as a clár oibre a bhainistiú agus faigheann sé cúnamh ón leas-uachtarán.
-
Comhdhéanamh dlísheomraí agus ainmniú na mbreithiúna is rapóirtéir: bunaíonn an Chúirt dlísheomra de chúigear breitheamh, agus toghtar a uachtarán ar feadh 3 bliana, agus dlísheomra de thriúr breitheamh, agus toghtar a uachtarán ar feadh 1 bliain. Ainmníonn Uachtarán na Cúirte breitheamh is rapóirtéir le déileáil le cás, agus is é an chéad abhcóide ginearálta a dhéanann abhcóide ginearálta a ainmniú. Más gá, féadfaidh an Chúirt rapóirtéirí a cheapadh.
-
Ról an Chláraitheora: ceapann an Chúirt cláraitheoir ar feadh téarma 6 bliana. Tá an Cláraitheoir freagrach as na doiciméid uile a ghlacadh, a tharchur agus a choimeád, agus as na taifid. Lena chois sin, cuidíonn an Cláraitheoir le Comhaltaí na Cúirte agus tá sé i gceannas ar fhoilseacháin na Cúirte. Ar deireadh, tugann an Cláraitheoir treoir do sheirbhísí na Cúirte faoi údarás Uachtarán na Cúirte.
-
Oibriú na Cúirte: sanntar cásanna don Chúirt iomlán, don Mhór-Dhlísheomra nó do dhlísheomra 5 nó 3 breitheamh. Braitheann líon na mbreithiúna a bheidh ag déileáil le cás ar thábhacht agus ar chastacht an cháis. Is é 5 breitheamh a dhéileálann le formhór na gcásanna, agus is fíor-annamh a éisteann an Chúirt iomlán an cás. D’fhéadfaí roinnt cásanna a éisteacht agus a chinneadh le chéile san fhoirmiú céanna Cúirte. Ní mór breithniúcháin na Cúirte a choinneáil faoi rún.
-
Teangacha: sanntar teanga do gach cás. I gcaingne díreacha, féadfaidh an t-iarratasóir an teanga a roghnú ó na 24 teanga oifigiúil AE. Is í teanga an cháis in imeachtaí um réamhrialú, teanga na cúirte nó an bhinse náisiúnta.
Saintréithe imeachtaí
Go ginearálta, cuimsítear na céimeanna seo a leanas in imeachtaí os comhair na Cúirte.
-
Imeachtaí i scríbhinn: baineann sé seo le malartú pléadálacha idir na páirtithe. Ní mór ábhar a bheidh sainithe go soiléir a bheith sna pléadálacha. A luaithe is a dhúntar an nós imeachta, cuireann an breitheamh is rapóirtéir réamhthuairisc i láthair i gcruinniú ginearálta na Cúirte.
-
Bearta fiosrúcháin: féadfaidh an Chúirt a chinneadh bearta fiosrúcháin a thionól amhail láithriú pearsanta na bpáirtithe, iarratais ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid, fianaise ó bhéal, coimisiúnú tuarascáil saineolaí agus cigireacht ar an áit nó an rud lena mbaineann.
-
D’fhéadfaí éisteacht a thionól, más gá. Osclaíonn agus treoraíonn an t-uachtarán an éisteacht. D’fhéadfaí éisteacht a thionól go príobháideach (i seomra iata).
-
Tuairim an abhcóide ghinearálta: i dtuairim is leath de na cásanna sin seachadann an t-abhcóide ginearálta tuairim. Mura n-ardaítear pointí úra dlí sa chás féadfaidh an Chúirt a chinneadh nach bhfuil gá le tuairim.
-
An cinneadh deiridh: déanann an Chúirt cinneadh le breithiúnas nó le hordú. Ní sheachadtar ach an breithiúnas sa chúirt oscailte. Bíonn faisnéis éagsúil i mbreithiúnais agus orduithe, amhail achoimre ar na fíricí agus na forais maidir leis an gcinneadh. Scaiptear cóip chuig gach páirtí ansin. Tá breithiúnais agus orduithe ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte.
Tá forálacha sonracha sna rialacha chomh maith i dtaca le nósanna imeachta éagsúla os comhair na Cúirte:
-
nós imeachta um réamhrialú;
-
caingne díreacha;
-
achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta;
-
tuairimí; agus
-
cineálacha áirithe eile nós imeachta.
Tarchur le haghaidh réamhéisteacht
Féadfaidh cúirteanna náisiúnta tarchur le haghaidh réamhéisteacht a chur faoi bhráid na Cúirte chun léiriú dhlí AE a cheistiú. Mar chuid de tharchur le haghaidh réamhéisteacht, féadfaidh siad seo a leanas go háirithe breithnithe a dhéanamh:
-
na páirtithe sna príomhimeachtaí;
-
tíortha AE;
-
an Coimisiún Eorpach;
-
an institiúid a ghlac an gníomh, a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.
Achomhairc i gcoinne cinntí a rinne an Chúirt Ghinearálta
Is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí a rinne an Chúirt Ghinearálta. Sa chás seo, ní mór iarratas a lóisteáil leis an gCláraitheoir ina mbeidh, go háirithe, na pléadálacha tacaíochta agus na hargóintí dlíthiúla. Ní mór féachaint san iarratas leis an gcinneadh a chur ar leataobh, go hiomlán nó i bpáirt.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?
Tá siad i bhfeidhm ón 1 Samhain 2012.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais (IO L 265, 29.9.2012, lgh. 1-42)
Leasú ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais (IO L 173, 26.6.2013, lch. 65)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle an 29 Feabhra 2016 lena gcinntear éadálacha sealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE (IO L 58, 4.3.2016, lgh. 1-12)
Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 maidir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lgh. 14-17)
Nuashonraithe 11.08.2016