Tionscnamh na saoránach

Tá ceart ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) ar thionscnamh faoinar féidir leo cuireadh a thabhairt don Choimisiún Eorpach acht dlí a mholadh i réimse ar bith laistigh dá inniúlacht. Is é seo an chéad sampla de dhaonlathas rannpháirtíoch trasnáisiúnta.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh.

ACHOIMRE

Tá ceart ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) ar thionscnamh faoinar féidir leo cuireadh a thabhairt don Choimisiún Eorpach acht dlí a mholadh i réimse ar bith laistigh dá inniúlacht. Is é seo an chéad sampla de dhaonlathas rannpháirtíoch trasnáisiúnta.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Leis an rialachán, bunaítear na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear an tionscnamh ó na saoránaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Lena chinntiú go bhfaightear tacaíocht atá leathan a dhóthain, ní mór do 1 mhilliún saoránach tacú le tionscnamh ó na saoránaigh ó cheathrú de thíortha AE ar a laghad, agus ciallaíonn sé sin seacht dtír faoi láthair. Tá ceanglas ann chomh maith maidir le híoslíon na sínitheoirí ó gach ceann de na tíortha sin, i gcomhréir, a bheag nó a mhór, lena ndaonraí faoi seach (comhréireacht chéimlaghdaitheach).

Tionscnaimh ó na saoránaigh a eagrú

Chun tionscnamh a lainseáil, ní mór do shaoránaigh “coiste saoránach” a bhunú ina mbeidh seacht mball ar a laghad a bhfuil cónaí orthu i seacht dtír AE ar a laghad. Ní mór dóibh go léir a bheith sean go leor le vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Ní mór don tionscnamh a bheith cláraithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Má chomhlíontar na critéir um chlárú atá leagtha amach sa rialachán, deimhníonn an Coimisiún an clárú agus tá 1 bhliain ag na heagraithe chun na sínitheoirí a bhailiú (ráitis tacaíochta).

Tionscnaimh ó na saoránaigh a shíniú

Baineann an ceanglas maidir leis an aois vótála leo siúd a bheidh na ráitis tacaíochta á síniú acu chomh maith. Is féidir na ráitis sin a chomhlánú ar pháipéar nó ar líne má tá córas um bailiú ar líne bunaithe ag na heagraithe.

Milliún síniú. Cad é an chéad rud eile?

Tá 3 mhí ag an gCoimisiún leis an tionscnamh a scrúdú. Le linn an ama seo, buaileann an Coimisiún leis na heagraithe a bhfuil an deis acu fosta an tionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa. Cuireann an Coimisiún freagairt fhoirmiúil i láthair ag míniú cad atá beartaithe aige a dhéanamh agus na cúiseanna leis an gcinneadh sin. Ní sé d’oibleagáid air reachtaíocht a mholadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag an rialachán seo ón 1 Aibreán 2012.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh um Thionscnamh ó na Saoránaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 211/2011

31.3.2011

1.4.2012

IO L 65, 11.3.2011, lgh. 1-22

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (CE) Uimh. 268/2012 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2012 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 89, 27.3.2012, lgh. 1-2).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 887/2013 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2013 a thagann in ionad Iarscríbhinní II agus III le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 247, 18.9.2013, lgh. 11-19).

Cumarsáid ón gCoimisiún maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh: “Tá ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Earraí poiblí atá in uisce, agus ní tráchtearra!” (COM(2014) 177 final, 19.3. 2014).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 531/2014 ón gCoimisiún an 12 Márta 2014 lena leasaítear Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 148, 20.5.2014, lgh. 52-53).

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 887/2013 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2013 a thagann in ionad Iarscríbhinní II agus III le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 235 an 8.8.2014, lgh. 19-19).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1070 ón gCoimisiún an 31 Márta 2015 lena leasaítear Iarscríbhinní III, V agus VII le Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 178, 8.7.2015, lgh. 1-11).

Cumarsáid ón gCoimisiún maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh: “Duine againn” (COM(2014) 355 final, 28.5. 2014).

Nuashonraithe 08.07.2015