Sásraí maidir le rialú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 maidir leis na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos sa rialachán dhá nós imeachta chun feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (arna ndeonú ag an reachtóir) a rialú: an nós imeachta scrúdúcháin agus an nós imeachta comhairleach.

Úsáidtear an nós imeachta scrúdúcháin den chuid is mó don mhéid seo a leanas:

Ní mór tacaíocht a fháil i leith na ngníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún ó thromlach cáilithe (córas ualaithe vótála i gcás go gcaithfidh 15 cinn de 27 Ballstát vóta a chaitheamh ina bhfabhar agus ní mór do na vótaí sin a bheith ionann le 65% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais) an choiste. Má thugann an coiste tuairim neamhfhabhrach, féadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh a chur faoi bhráid coiste achomhairc lena fháil amach ar ceart leanúint le scrúdú a dhéanamh ar an mbeart, nó an téacs a leasú. Má rialaíonn an coiste achomhairc i gcoinne na ngníomhartha cur chun feidhme atá beartaithe ag an gCoimisiún, ní fhéadfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh.

Úsáidtear an nós imeachta comhairleach do gach gníomh cur chun feidhme eile de ghnáth (e.g. gníomhartha aonair i réimse an chultúir). Déanann an Coimisiún a chinneadh féin faoi an nglacfar an gníomh atá beartaithe agus ní mór dó “lánaird” a thabhairt ar thuairim an choiste ar bhealach oibiachtúil, a ghlactar trí thromlach simplí (tromlach na vótála sin).

Ceart grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh: i gcás inar glacadh bunghníomh reachtach faoin ngnáthnós imeachta reachtach (an nós imeachta cinnteoireachta is coitianta, lena gcumhdaítear tromlach na réimsí beartais, agus ina mbeidh cumhacht chomhionann ag Parlaimint agus ag an gComhairle), féadfaidh an Pharlaimint nó an Chomhairle, tráth ar bith, a chur in iúl don Choimisiún go measann sí go sáraítear leis an ngníomh cur chun feidhme atá beartaithe na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún. I gcásanna dá leithéid, ní mór don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtghníomh cur chun feidhme agus a chinneadh an ndéanfar é a choimeád, a leasú nó a tharraingt siar. Ar chúiseanna trédhearcachta, coinníonn an Coimisiún clár d’imeachtaí coiste (clár na coisteolaíochta) ina bhfuil liosta de na coistí nós imeachta go léir atá páirteach, mar aon le faisnéis chúlra agus doiciméid a bhaineann le hobair gach coiste.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Márta 2011.

CÚLRA

Le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh gníomh dlíthiúil nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme a ghlacadh. Ní mór cumhacht sainráite a thabhairt don Choimisiún leis an mbunghníomh reachtach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

De réir na tuarascála is déanaí ón gCoimisiún maidir le forbairtí sa chóras nós imeachta coiste, bhí 322 coiste ann a chumhdaíonn beagnach gach inniúlacht de chuid an Aontais (talmhaíocht, an comhshaol, iompar, sláinte agus tomhaltóirí, etc.). In 2022, thionóil siad 673 cruinniú, rinne siad 1,675 nós imeachta i scríbhinn agus thug siad 2,048 tuairim.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13–18).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hobair na gcoistí in 2022 (COM(2023) 664 final, 26.10.2023).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Roinn 1: Gníomhartha reachtacha an Aontais — Airteagal 291 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 173).

Nuashonraithe 23.01.2024