Coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta AE

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 216 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CAD A DEIRTEAR SNA CONARTHAÍ AE MAIDIR LE COINBHINSIÚIN AGUS COMHAONTUITHE AE?

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhaontuithe idirnáisiúnta (coinbhinsiúin, conarthaí)

Cuirtear comhaontuithe idirnáisiúnta i gcrích idir AE ar thaobh amháin, agus eintiteas eile den dlí poiblí idirnáisiúnta, i.e. stát nó eagraíocht idirnáisiúnta, ar an taobh eile. In Airteagal 216 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) luaitear na cásanna ina bhfuil údarás ag AE comhaontuithe den sórt sin a chur i gcrích. Agus iad idirbheartaithe agus sínithe, agus de réir an ábhair lena mbaineann, d’fhéadadh sé go mbeadh gá iad a dhaingniú le gníomh reachtaíochta tánaistí.

Thairis sin, tá comhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha neamh-AE nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta ina ndlúthchuid de dhlí AE freisin. Tá na comhaontuithe seo ar leithligh ón dlí príomha agus ón reachtaíocht thánaisteach agus iad mar chuid de chatagóir sui generis. De réir roinnt breithiúnas ó CBAE, ó am go chéile d’fhéadfadh tionchar díreach a bheith acu, agus tá a bhfeidhm dhlíthiúil níos láidre ná an reachtaíocht thánaisteach, agus dá réir sin caithfear cloí leo.

Ina theannta sin, le hAirteagal 207 den CFAE rialaítear beartas trádála AE — príomhinniúlacht eachtrach de chuid AE agus gné lárnach dá chaidreamh leis an gcuid eile den domhan.

Samplaí de chomhaontuithe idirnáisiúnta:

Más rud é nach dtagann ábhar comhaontaithe faoi inniúlacht eisiach AE, ní mór do thíortha AE an comhaontú a shíniú freisin. Tugtar comhaontuithe measctha orthu seo. Ciallaíonn sé seo, chomh maith le AE féin, go ndéantar páirtithe conarthacha de thíortha AE i leith na bpáirtithe conarthacha nach baill AE iad. B’fhéidir go n-éileofaí le comhaontuithe measctha go nglacfar gníomh inmheánach AE chun na hoibleagáidí a roinnt amach idir tíortha AE agus an tAontas Eorpach.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig: Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal V: Comhaontuithe idirnáisiúnta — Airteagal 216 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig: Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal II: Comhbheartas tráchtála — Airteagal 207 (sean-Airteagal 133 CET) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 140-141)

Nuashonraithe 13.03.2020