Beartas eachtrach agus slándála ar leibhéal AE
ACHOIMRE
CONAS A DHÉANANN AN TAONTAS EORPACH (AE) BEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA A RIARADH?
— |
Déanann AE beartas eachtrach agus slándála a riaradh trína Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), a chumhdaíonn réimsí uile an bheartais eachtraigh agus na ceisteanna uile a bhaineann le slándáil AE.
|
— |
Áirítear le CBES freisin Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), a chumhdaíonn gnéithe cosanta agus míleata, agus gnéithe maidir le bainistíocht géarchéimeanna sibhialta, den bheartas AE.
|
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuirtear rialacha agus nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm maidir le beartas eachtrach agus slándála AE:
Cinnteoireacht
— |
Déanann an Chomhairle Eorpach (cruinniú mullaigh ina nglacann ceannairí stáit/rialtais AE páirt, a thionóltar ceithre huaire sa bhliain ar a laghad) leasanna straitéiseacha AE a aithint, agus socraíonn sí cuspóirí de chuid CBES mar aon lena chúram forleathan.
|
— |
Agus na cuspóirí agus an treoir straitéiseach sin á gcur san áireamh, caitear vóta sa Chomhairle AE faoi na gníomhartha nó na dearcthaí atá le glacadh faoi CBES.
|
Bíonn aontoilíocht de dhíth ar na cinntí a dhéantar ag an gComhairle AE, ach is féidir cinneadh a dhéanamh, maidir le gnéithe cinntí, trí vótáil thromlaigh cháilithe. Is ionann sin agus 55 % de vótaí na dtíortha AE, a dhéanann ionadaíocht do 65 % den daonra AE ar a laghad.
Cur i bhfeidhm
— |
Cuirtear CBES i bhfeidhm ag an Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála.
|
— |
Tugann an cór taidhleoireachta AE, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), cúnamh don ardionadaí.
|
— |
Níl aon dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis an CBES (Airteagal 24 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)), ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
Cistiúchán
— |
Déanann tíortha AE oibríochtaí a mhaoiniú lena mbaineann impleachtaí míleata nó cosanta.
|
— |
Maoinítear caiteachas oibríochtúil eile ag an mbuiséad ginearálta AE.
|
CÚLRA
Cuireadh CBES, mar a dtugtar air anois, ar bun faoi Chonradh Liospóin 2009. Cuireadh SEGS agus post an ardionadaí ar bun faoi Chonradh Liospóin freisin.
— |
Nuashonraithe 08.12.2015