Roinnt na n-inniúlachtaí laistigh den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais

Níl ag an Aontas Eorpach (AE) ach na hinniúlachtaí (cumhachtaí) a thugtar dó leis na conarthaí (prionsabal na tabhartha). Faoin bprionsabal sin, ní fhéadfaidh AE gníomhú ach laistigh de theorainneacha na n-inniúlachtaí a thugann Ballstáit AE dó sna conarthaí chun cuspóirí na gconarthaí a bhaint amach. Inniúlachtaí nach dtugtar do AE sna conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.

Soiléiríonn Conradh Liospóin roinnt na n-inniúlachtaí idir AE agus a Bhallstáit. Tá na hinniúlachtaí sin roinnte i dtrí phríomhchatagóir:

Trí phríomhchineál inniúlachtaí

Tá inniúlacht eisiach ag AE comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích faoi choinníollacha áirithe.

Inniúlachtaí speisialta

Is féidir le AE bearta a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha, shóisialta agus fostaíochta a chomhordú ar leibhéal AE.

Tá gnéithe sonracha institiúideacha ag baint le comhbheartas eachtrach agus slándála AE, amhail rannpháirtíocht theoranta an Choimisiúin Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa sa nós imeachta cinnteoireachta agus eisiamh aon ghníomhaíochta reachtaíochta. Is iad an Chomhairle Eorpach (atá comhdhéanta de cheannairí stáit nó rialtais na mBallstát) agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (atá comhdhéanta d’ionadaí ó gach Ballstát ar leibhéal na n-airí) a dhéanann an beartas sin a shainiú agus a chur chun feidhme. Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ionadaíocht thar ceann AE in ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.

Inniúlacht a fheidhmiú

Tá feidhmiú inniúlachtaí AE faoi réir dhá bhunphrionsabal atá leagtha síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 2 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 50).

Nuashonraithe 24.02.2022