Prionsabal na coimhdeachta

RÉAMHRÁ

Tá prionsabal na coimhdeachta bunúsach d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (AE), agus, go sonrach, don chinnteoireacht Eorpach. Cinntear go háirithe leis an bprionsabal cén uair a bhíonn an tAontas Eorpach inniúil le reachtaíocht a rith, agus cuidítear chun cinntí a ghlacadh chomh gar agus is féidir don saoránach.

Bunaítear prionsabal na coimhdeachta in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá sé taobh le 2 phrionsabal eile a mheastar a bheith riachtanach don chinnteoireacht Eorpach: prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm sainítear freisin cur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta. Ina theannta sin, treisíodh prionsabal na coimhdeachta go mór le Conradh Liospóin trí roinnt meicníochtaí rialaithe a thabhairt isteach d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.

SAINMHÍNIÚ

Tá sé d’aidhm le prionsabal na coimhdeachta leibhéal na hidirghabhála is mó atá ábhartha i réimsí na n-inniúlachtaí atá comhroinnte idir AE agus tíortha AE a chinneadh. B’fhéidir go mbainfidh sé seo le gníomh ar leibhéil Eorpacha, náisiúnta nó áitiúla. I ngach cás, ní féidir leis an Aontas Eorpach idirghabháil ach amháin má tá sé ábalta gníomhú níos éifeachtúla ná na tíortha AE ag a leibhéil náisiúnta nó áitiúla faoi seach. Leagtar síos sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm 3 chritéar a bhfuil sé mar aidhm leo a inmhianaithe atá an idirghabháil ar leibhéal AE a dhearbhú:

Féachtar le prionsabal na coimhdeachta freisin an tAontas Eorpach agus a shaoránaigh a thabhairt níos gaire dá chéile trína ráthú go ndéanfar gníomh ag leibhéal áitiúil nuair is gá. Mar sin féin, ní chiallaíonn prionsabal na coimhdeachta go gcaithfear gníomh a dhéanamh i gcónaí ag an leibhéal is gaire don saoránach.

Comhlántacht le prionsabail na tabhartha agus na comhréireachta

Le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach sainítear roinnt na n-inniúlachtaí idir an leibhéal AE agus leibhéal na dtíortha AE. Tagraítear ar dtús do phrionsabal na tabhartha faoina bhfuil na hinniúlachtaí sin amháin ag an Aontas Eorpach a bhronntar air leis na Conarthaí.

Prionsabail atoraidh de phrionsabal na tabhartha is ea an choimhdeacht agus an chomhréireacht. Cinntear leo a mhéid is féidir leis an AE na hinniúlachtaí a bhronntar air leis na Conarthaí a fheidhmiú. De bhua phrionsabal na comhréireachta, ní féidir leis na modhanna arna gcur i bhfeidhm ag an AE, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach leis na Conarthaí a bhaint amach, dul níos faide ná mar is gá.

Mar sin, ní féidir leis an AE gníomhú i réimse beartais ach amháin más rud é:

MONATÓIREACHT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA

Cuireadh meicníochtaí chun monatóireacht a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta ar bun leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Le Conradh Liospóin, rinneadh leasú ar an bPrótacal thuasluaite d’fhonn monatóireacht a fheabhsú agus a threisiú.

Sa Phrótacal, a tugadh isteach le Conradh Amstardam, foráiltear do chomhlíonadh le hoibleagáidí áirithe le linn dréachtú iarbhír reachtaíochta. Mar sin, sula molfar gníomhartha reachtacha, ní mór don Choimisiún Eorpach Páipéar Uaine a ullmhú. Is éard atá i bPáipéir Uaine comhairliúcháin fadréimseacha. Cuireann siad seo ar chumas an Choimisiúin tuairimí a bhailiú ó institiúidí náisiúnta agus áitiúla agus ón tsochaí shibhialta ar a inmhianaithe atá togra reachtach, go háirithe i dtaca le prionsabal na coimhdeachta.

Leis an bPrótacal freisin cuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún ráiteas a chur in éineacht le dréacht-ghníomhartha reachtacha a léiríonn comhlíonadh le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Tugtar gné nua isteach le Conradh Liospóin trí Pharlaimintí náisiúnta a nascadh go dlúth leis an monatóireacht ar phrionsabal na coimhdeachta. Cuireann Parlaimintí náisiúnta monatóireacht dhúbailte i bhfeidhm:

Le Conradh Liospóin freisin nasctar Coiste na Réigiún leis an monatóireacht ar phrionsabal na coimhdeachta. Ar an dóigh chéanna leis na Parlaimintí náisiúnta, féadfaidh an Coiste, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gníomh reachtach nach gcomhlíonann prionsabal na coimhdeachta a chonspóid.

Mar chuid dá chur i bhfeidhm ar an tionscnamh Rialáil Níos Fearr, foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascálacha bliantúla maidir le coimhdeacht agus comhréireacht.

Nuashonraithe 03.09.2015