Vótáil trí thromlach cáilithe agus an gnáthnós imeachta reachtach

 

ACHOIMRE

Tá sé mar aidhm ag Conradh Liospóin próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (AE) a nuachóiriú agus a fheabhsú in AE a bhfuil 28 dtír ann anois. Faoin gconradh, leathnaítear vótáil trí thromlach cáilithe i gComhairle an AE agus sa réimse ina ngníomhaíonn Parlaimint na hEorpa ar chomhchéim leis an gComhairle maidir le gníomhartha reachtacha a ghlacadh (rialacháin, treoracha agus cinntí) ar mholadh ón gCoimisiún (gnáthnós imeachta reachtach).

RÉIMSÍ NUA BEARTAIS FAOI RÉIR AG VÓTÁIL TRÍ THROMLACH CÁILITHE

An vótáil trí thromlach cáilithe, seo é an cineál vótála is coitianta i gComhairle AE agus úsáidtear é de ghnáth le haghaidh a cinntí. Faoi Chonradh Liospóin, cuirtear tromlach cáilithe in ionad aontoilíochta i réimsí áirithe nua:

bearta maidir le rialuithe teorann seachtraí, tearmann agus inimirce;

comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus comhchuibhiú sa réimse dlí choiriúil maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainmhíniú i gcásanna áirithe tromchoireachta faoi leith (e.g. sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar mhná agus ar leanaí, gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid);

cearta maoine intleachtúla Eorpacha a chruthú chun cosaint chomhionann a chur ar fáil do chearta maoine intleachtúla ar fud AE;

bearta chun spórt agus cultúr a chur chun cinn;

gnéithe áirithe maidir le beartas trádála AE (.i. sna réimsí seo a leanas: seirbhísí cultúrtha agus closamhairc, seirbhísí sóisialta, oideachasúla nó sláinte, agus chun glacadh le rialacha inmheánacha).

Úsáidtearaontoilíocht go ginearálta, áfach, i réimsí íogaire mar seo a leanas:

comhchuibhiú cánach(cánacha díreacha);

slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta;

gnéithe trasteorann maidir le dlí teaghlaigh;

Ina theannta sin, ní mór do na tíortha uile AE a bheith aontaithe maidir le haontachas tíortha nua leis an Aontas Eorpach agus maidir le leasaithe na gconarthaí.

ÚSÁID NÍOS MÓ A BHAINT AS GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH

Faoi Chonradh Liospóin, cuirtear 40 bonn dlí sa bhreis (réimsí beartais a bhfuil bunús acu in airteagail an chonartha), go háirithe maidir le ceartas, saoirse agus slándáil, agus talmhaíocht, le raon feidhme an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, a glaodh nós imeachta na comhchinnteoireachta air cheana. Baineann an nós imeachta sin leis an gcuid is mó d’ábhair anois nuair a dhéanann Comhairle AE cinneadh trí thromlach cáilithe.

Athruithe

Rinneadh athruithe ar leathnú raon feidhme an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, go háirithe maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta (Airteagail 82 agus 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh — CFAE) agus maidir le cosaint shóisialta na n-oibrithe imirceacha (Airteagal 48 CFAE).

Sna réimsí seo, tugadh isteach faoi Chonradh Liospóin “clásail coscáin” chun imeacht ón ngnáthnós imeachta reachtach, más rud é go gceapann tír éigin go bhfuil bunphrionsabail a córas slándála sóisialta nó a córas dlí choiriúil faoi bhagairt ag reachtaíocht a nglacfar léi ar ball.

Tugadh isteach freisin faoi Chonradh Liospóin “clásail passerelle” chun dul ó vóta d’aon toil chuig vóta trí thromlach cáilithe maidir le gníomh a ghlacadh i réimse áirithe.

Tuilleadh faisnéise:

Nuashonraithe 24.11.2015