An Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil

ACHOIMRE AR:

Comhráiteas maidir le cuspóirí agus prionsabail um chabhair dhaonnúil AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHOMHRÁITEAS?

PRÍOMHPHOINTÍ

Spriocanna a bhaineann le cabhair dhaonnúil

Tá sé mar aidhm ag cabhair dhaonnúil AE freagairt éigeandála bunaithe ar riachtanais a sholáthar chun beatha a thabhairt slán, fulaingt dhaonna a chosc agus a mhaolú i ngéarchéimeanna a tharlaíonn de bharr tubaistí de dhéanamh an duine agus tubaistí nádúrtha.

Ag teacht leis an gcomhdhearcadh, soláthraítear cabhair dhaonnúil AE trí chomhpháirtithe cur chun feidhme amhail córas na Náisiún Aontaithe, Gluaiseacht na Croise Deirge/an Chorráin Dheirg agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna)

Tá AE agus tíortha AE mar ghrúpa ar an dream is mó ar domhan a bhronnann cabhair dhaonnúil ar an bpobal idirnáisiúnta. Déanann a ngníomhartha comhlánú agus atreisiú ar a chéile agus cuirtear i bhfeidhm iad i ndlúth-chomhordú le gníomhairí idirnáisiúnta agus le gníomhairí áitiúla.

Na prionsabail maidir le cabhair dhaonnúil

Tá cabhair dhaonnúil bunaithe ar bhunphrionsabail dhaonnúla na daonnachta*, na neodrachta*, na neamhchlaontachta* agus an neamhspleáchais*.

Tá AE meáite freisin ar chloí le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta, Cearta an Duine agus Dlíthe um Dhídeanaithe.

Cé go bhféadfadh an cur i bhfeidhm a bheith éagsúil idir tíortha AE, tá sé mar aidhm ag bronntóirí AE an cleachtas bronnta a fheabhsú agus cloí leis na prionsabail agus dea-chleachtais a bhaineann le cabhair dhaonnúil, ach go háirithe i gcomhthéacs an tionscnaimh dea-bhronntóireachta daonnúla, fóram agus líonra idirnáisiúnta neamhfhoirmiúil do bhronntóirí.

Ní mór do chabhair dhaonnúil AE a bheith comhsheasmhach freisin le beartais eile, d’fhonn a áirithiú go mbeidh aistriú réidh ann i ndiaidh géarchéime agus go nglacfar cúrsaí inscne agus riachtanais éagsúla mhuintir na háite san áireamh.

Cabhair AE a chomhordú agus a chomhtháthú

Tacaíonn AE le ról comhordaithe na Náisiún Aontaithe agus cumas domhanda méadaithe freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla.

Ní mór d’oibríochtaí um chabhair AE a bheith bunaithe orthu seo a leanas:

Ní mór cabhair dhaonnúil AE a leithroinnt go trédhearcach bunaithe ar riachtanais aitheanta agus ar leochaileacht daoine.

Leis an gcomhdhearcadh bunaítear cathain agus conas is féidir cosaint shibhialta agus, go heisceachtúil mar rogha dheiridh, sócmhainní agus acmhainní míleata a úsáid i bhfreagairt dhaonnúil.

Gníomh idirnáisiúnta

Agus aitheantas á thabhairt aige gur freagracht choiteann é gníomh daonnúil ar leibhéal idirnáisiúnta, cuidíonn AE le hacmhainn dhomhanda chomhchoiteann a fhorbairt chun freagairt do ghéarchéimeanna, ag tacú le hathchóiriú an chórais dhaonnúil faoi stiúir na NA i gcomhar le gníomhairí agus le bronntóirí daonnúla eile.

Ina theannta sin, i bhfianaise an ghá atá anois le cabhair dhaonnúil, tá sé riachtanach dlús a chur faoi mhaoiniú agus é a éagsúlú agus tuarthacht, solúbthacht agus comhordú straitéiseach an mhaoinithe sin a mhéadú.

Naisc le laghdú i riosca tubaiste agus forbairt

Ag teacht le hoibríochtaí éigeandála a thionscnaítear nuair a tharlaíonn géarchéim, geallann AE go n-oibreoidh sé i dtreo rioscaí agus leochaileacht a laghdú agus daoine a ullmhú le haghaidh tubaistí nádúrtha, ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta bunaithe ar chreat gníomhaíochta Hyogo (á ionadú i Márta 2015 ag creat Sendai um laghdú rioscaí tubaistí 2015-2030).

Tacaíonn sé freisin le hathrú, gnóthú luath agus forbairt, go háirithe tríd nasc níos fearr idir fóirithint, athshlánú agus forbairt (LRRD).

Gníomh daonnúil ar leibhéal AE

Deimhnítear sa chomhdhearcadh go bhfuil buntáiste comparáideach ag AE agus breisluach ó thaobh comhlántacht a fheabhsú idir bronntóirí daonnúla AE agus bronntóirí idirnáisiúnta. Tá sé seo ann mar thoradh ar líonra saineolaithe domhanda AE, a ról ó thaobh comhtháthú beartais a áirithiú agus dea-chleachtas daonnúil a chur chun cinn, a sholúbthacht ó thaobh idirghabháil a dhéanamh i réimsí atá íogair ar bhonn polaitiúil, agus a chumas le comhordú a éascú. Tá an Coimisiún Eorpach féin tiomanta do na prionsabail agus dea-chleachtais maidir le dea-bhronntóireacht a chur i bhfeidhm ina chuid beartas agus oibríochtaí

Ghlac AE le plean gníomhaíochta le haghaidh 2008-2013 a threoraigh an comhar idir an Coimisiún agus tíortha AE bunaithe ar chur chuige d’ardchaighdeán maidir le cabhair. Rinneadh athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm in 2010 trí athbhreithniú meán-téarmach agus meastóireacht air trí mheastóireacht neamhspleách in 2014. Deimhníodh bailíocht an chomhdhearcaidh sa mheastóireacht agus moladh é a chur i bhfeidhm faoi chreat nua. Feidhmeoidh an plean feidhmithe a glacadh i Samhain 2015 mar a leithéid ar feadh 18 mí, ag díriú gníomhartha ar ghníomh daonnúil ar bhonn prionsabail agus ar éifeachtúlacht.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Daonnacht: ní mór dul i ngleic le fulaingt dhaonna áit ar bith ina n-aimsítear é, agus aird go háirithe ar na daoine is leochailí sa daonra.

* Neodracht: níor cheart go dtabharfaí cabhair dhaonnúil i bhfabhar aon taobh faoi leith i gcoimhlint nó in agóid armtha.

* Neamhchlaontacht: níor cheart cabhair dhaonnúil a chur ar fáil ach amháin ar bhonn riachtanais, gan idirdhealú idir daonraí a ndéanann sé difear dóibh nó eatarthu.

* Neamhspleáchas: neamhspleáchas cuspóirí daonnúla ó chuspóirí polaitiúla, eacnamaíocha, míleata nó ó chuspóirí eile, agus é mar phríomhaidhm amháin fulaingt íobartaigh géarchéimeanna daonnúla a fhuascailt agus an fhulaingt sin a chosc.

GNÍOMH

Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag cruinniú laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach (IO C 25 an 30.1.2008, lgh. 1–12).

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad oibre de chuid fhoireann an Choimisiúin: Plean Feidhmithe an Chomhsheasaimh Eorpaigh maidir le Cabhair Dhaonnúil (SWD(2015) 269 final an 27.11.2015)

Nuashonraithe 31.03.2016