Ioncaim agus oibríochtaí feirme - staidreamh AE

Cuireann an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh sonraí a bhailiú maidir le hioncaim agus le gníomhaíochtaí eacnamaíocha na ngabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach (AE). Mar sin, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach cinntí eolasacha a dhéanamh chun treoir a thabhairt don chomhbheartas talmhaíochta amach anseo.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú faoi ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach

ACHOIMRE

Chun rochtain shimplí áisiúil ar na tuarascálacha bliantúla anailíseacha, atá bunaithe ar an LSCF, a chur ar fáil do na hinstitiúidí eile agus don phobal, foilsítear tuarascálacha faoi tháscairí roghnaithe ar láithreán gréasáin tiomnaithe.

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Leagtar amach sa rialachán na rialacha a bhaineann le sonraí inchomparáide cuntasaíochta feirme a bhailiú ar fud AE. Úsáidtear na sonraí sin chun ioncaim bhliantúla na ngabháltas talmhaíochta a fháil amach agus chun anailís ghnó a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na ngabháltas. Bailítear na sonraí gach bliain bunaithe ar shampla a bhfuil breis is 80 000 gabháltas talmhaíochta ann.

An próiseas a úsáidtear chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú

Déanann tíortha AE suirbhéanna ar a gcríoch féin agus bíonn orthu gníomhaireacht idirchaidrimh a cheapadh, a eagraíonn bailiú na sonraí ó fhoinsí difriúla (amhail feirmeacha agus oifigí cuntasaíochta) agus a chuireann na sonraí sin ar aghaidh trí mheán leictreonach chuig an gCoimisiún.

Bíonn coiste náisiúnta freagrach as na gabháltais chomhairimh a roghnú (.i. na gabháltais a ghlacann páirt sa suirbhé). Má tá rannáin éagsúla ag tír AE, féadfaidh an coiste náisiúnta brath ar choistí réigiúnacha.

Tuairisceán feirme

Comhlíontar tuairisceán, sórt ceistneoir, ag gach feirm a ndéantar suirbhé air. Bailítear na sonraí céanna ó gach tír AE, beag beann ar a gcleachtais chuntasaíochta agus ar an gcaoi a eagraítear bailiú na sonraí, agus cuirtear na sonraí sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle (an gníomh bunúsach LSCF) le Rialachán (AE) Uimh. 1318/2013, agus cuirtear athruithe áirithe i bhfeidhm ar na rialacha LSCF.

Tugann sé cumhacht don Choimisiún Eorpach glacadh le gníomhartha tarmligthe agus le gníomhartha cur chun feidhme. Baineann na cumhachtaí tarmligthe sin leis na nithe seo a leanas, mar aon le nithe eile:

De thoradh ar an gcumhacht tharmligthe sin, leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún na rialacha lena bhforlíontar eilimintí áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 (e.g. an ceangal idir na cineálacha feirmeoireachta nó an liosta de na príomhghrúpaí sonraí cuntasaíochta atá le bailiú).

Maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme, leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/220 ón gCoimisiún na rialacha a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a chur i bhfeidhm. Áirítear leo sin cur síos mionsonraithe ar an ngrúpa sonraí cuntasaíochta atá le bailiú mar chuid de gach tuairisceán feirme agus na tairseacha eacnamaíocha a chuirtear i bhfeidhm i ngach tír.

De réir Rialacháin (CE) Uimh. 1217/2009, cuirtear rialacha cruinne i bhfeidhm maidir le rúndacht na sonraí agus ní féidir iad a úsáid ach chun riachtanais an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhlíonadh. Mar shampla, ní féidir leis na húdaráis na sonraí sin a úsáid chun críocha cánach nó comhlíonta.

Ar deireadh, ordaítear sa rialachán gur gá don Choimisiún cúnamh a fháil ó Choiste an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme, a bhfuil ionadaithe ó thíortha uile AE ann.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 i bhfeidhm i mí Eanáir 2010 agus cuireadh leasú Rialacháin (AE) Uimh. 1318/2013 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009

4.1.2010

-

IO L 328, 15.12.2009, lgh. 27-38

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1318/2013

20.12.2013

-

IO L 340, 17.12.2013, lgh. 1-6

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2014 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú faoi ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach (IO L 321, 7.11.2014, lgh. 2-6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/220 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú faoi ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach (IO L 46, 19.2.2015, lgh. 1-106)

Nuashonraithe 02.09.2015