Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Rialachán Bhaile Átha Cliath III), a chuirtear in ionad Rialacháin (CE) Uimh. 343/2003 (Rialachán Bhaile Átha Cliath II) ón gComhairle, na critéir agus na sásraí lena gcinntítear cé acu Ballstát AE atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.
Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntítear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát
Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Rialachán Bhaile Átha Cliath III), a chuirtear in ionad Rialacháin (CE) Uimh. 343/2003 (Rialachán Bhaile Átha Cliath II) ón gComhairle, na critéir agus na sásraí lena gcinntítear cé acu Ballstát AE atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.
Leagtar síos i Rialachán Bhaile Átha Cliath III tír AE atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann. Tugann sé cosaint níos fearr d’iarratasóirí go dtí go mbíonn a stádas curtha ar bun. Cuirtear córas nua ar bun faoin rialachán freisin chun na fadhbanna a aimsiú a tharlaíonn go luath i gcórais náisiúnta tearmainn nó fáiltithe agus chun dul i ngleic le bunchúiseanna na bhfadhbanna sin sula dtarlaíonn géarchéim cheart.
Prionsabal agus critéir maidir le freagracht a leagadh amach
Áirítear leo sin, in ord tosaíochta:
Tuilleadh ráthaíochtaí do na hiarratasóirí
Tá tuilleadh ráthaíochtaí cosanta sa rialachán le haghaidh iarratasóirí, amhail:
Leagtar síos i dtogra nua ó 2014 na rialacha lena gcinntítear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais mionaoiseach neamhthionlactha.
Coinneáil
Mar phrionsabal ginearálta, ní ceadmhach iarratasóirí a choinneáil toisc go bhfuil tearmann á lorg acu. Déantar foráil sa rialachán do choinneáil iarratasóirí, áfach, má tá eagla ann go n-éalóidís (m.sh. tá siad á n-aistriú chuig tír AE eile).
Sásra le haghaidh luathrabhaidh, ullmhachta agus bainistíochta géarchéime
Buíochas le Rialachán Bhaile Átha Cliath III, tá córas níos éifeachtaí ann, a bhfuil sásra luathrabhaidh, ullmhachta agus bainistíochta géarchéime ina chuid de, arna cheapadh chun:
Cuirtear an rialachán nua, a cuireadh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014, in ionad Rialacháin (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle (aisghairthe).
Tá obair déanta ag AE chun comhchóras tearmainn Eorpach (CEAS) a chur ar bun. Glacadh le téacsanna éagsúla nua ó 2011 i leith chun feidhmiú CEAS a fheabhsú.
I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas: Communication from the Commission COVID-19: Guidance on the implementation of relevant EU provisions in the area of asylum and return procedures and on resettlement
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna tíortha AE |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 |
1.1.2014 |
- |
Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta, le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá i dteideal cosaint choimhdeach a fháil, agus le hábhar na cosanta a dheonaítear (IO L 337, 20.12.2011, lgh. 9-26)
Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 60-95)
Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos na caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 96-116)
Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntítear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 1-30)
Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntítear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO L 222, 5.9.2003,lgh. 3-23)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 118/2014 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntítear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO L 39, 8.2.2014, lgh. 1-43)
Nuashonraithe 25.05.2020