ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 419

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
11 Nollaig 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/2020 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta sealadacha i ndáil le cáin bhreisluacha is infheidhme i leith soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2021 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithea dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc armi dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó

5

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2022 ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE ( 1 )

12

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2023 ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE ( 1 )

13

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2024 ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE ( 1 )

14

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2025 ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE ( 1 )

15

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2026 ón gComhairle an 4 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh lena ndéantar ceannacháin áirithe earraí bia a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm toirmeasc nó srianta onnmhairiúcháin

16

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2027 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir i ndáil le modhnuithe ar Aguisín 2 d’Iarscríbhinn II agus le Nótaí Míniúcháin i dtaobh Airteagail 15, 16, 19, 20 agus 30 d’Iarscríbhinn II don Chomhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/1001 agus Cinneadh (AE) 2016/1336

18

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2028 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh" agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

20

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2029 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa táirgí tionscnaimh agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

22

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2030 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

24

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/2031 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia)

26

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/2032 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/96/CBES maidir le Misean Míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile

28

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/2033 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

30

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach ( IO L 321, 17.12.2018 )

36

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/1


TREOIR (AE) 2020/2020 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta sealadacha i ndáil le cáin bhreisluacha is infheidhme i leith soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur “éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní é ar an leibhéal idirnáisiúnta” ráig COVID-19 agus, an 11 Márta 2020, shainigh sí mar phaindéim í.

(2)

Chuaigh an tAontas i gcomhpháirtíocht le EDS agus le grúpa gníomhaithe domhanda mar chuid den iarracht dul i ngleic leis an bpaindéim tríd an dlúthpháirtíocht dhomhanda, iarracht nach bhfacthas a leithéid riamh. Is é is aidhm don iarracht sin tacú le forbairt agus dáileadh cothromasach na bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro, na gcóracha leighis agus na vacsaíní atá ag teastáil chun COVID-19 a rialú agus a chomhrac.

(3)

I bhfianaise an mhéadaithe scáfair ar líon na gcásanna COVID-19 sna Ballstáit, ina theachtaireacht an 17 Meitheamh 2020, mhol an Coimisiún straitéis AE le haghaidh vacsaíní COVID-19. Is é is aidhm don straitéis sin dlús a chur le forbairt agus le monarú vacsaíní in aghaidh an víris agus lena gcur ar fáil chun cuidiú le daoine a chosaint san Aontas. Cé gurb é vacsaín éifeachtach shábháilte in aghaidh COVID-19 an réiteach is dóichí a bheidh ina réiteach buan ar an bpaindéim, tá an tástáil fíor-riachtanach chun smacht a choinneáil ar an bpaindéim.

(4)

I réimse na cánach breisluacha (CBL), ghlac an Coimisiún bearta eisceachtúla chun cuidiú leo siúd atá buailte leis an bpaindéim. An 3 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Cinneadh (AE) 2020/491 (3) lena gcumasaítear do na Ballstáit na hearraí riachtanacha atá ag teastáil chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac, lena n-áirítear feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19, a dhíolmhú go sealadach ó CBL agus dleachtanna allmhairiúcháin. Leis an gCinneadh sin áfach, ní chumhdaítear ach an t-allmhairiú, agus ní chumhdaítear soláthairtí laistigh den Chomhphobal ná soláthairtí intíre leis.

(5)

Tá uirlisí i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (4) lena ligtear do na Ballstáit an costas a bhaineann le vacsaíniú in aghaidh COVID-19 agus tástáil ina leith, a mhaolú go páirteach, go sonrach trí dhíolúine ó CBL gan in-asbhainteacht maidir le cúram ospidéil agus leighis agus ráta laghdaithe CBL atá ar fáil le haghaidh vacsaíní. Faoin Treoir sin, áfach, ní ligtear do na Ballstáit ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm ar sholáthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 ná seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na feistí sin. Ní ligtear do na Ballstáit leis ach oiread díolúine a dheonú lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin i ndáil le soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 ná seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní agus na feistí sin.

(6)

In 2018, thíolaic an Coimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rátaí CBL (“togra 2018”). Dá nglacfadh an Chomhairle é ligfí do na Ballstáit, i measc rudaí eile, faoi choinníollacha áirithe, ráta CBL laghdaithe a chur i bhfeidhm, ar sholáthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na feistí sin chomh maith. Ina theannta sin, le togra 2018, ligfí do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, díolúine a dheonú lena ngabhfadh in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin i leith soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní agus na feistí sin. Faoi thogra 2018, ligfí do na Ballstáit na rátaí sin a chur i bhfeidhm, más don tomhaltóir deiridh amháin a thairbhíonn an soláthar sin agus má shaothraítear cuspóir leasa ghinearálta leis.

(7)

Ó glacadh togra 2018 atá fós ar feitheamh os comhair na Comhairle, áfach, is gá gníomhú láithreach chun Treoir 2006/112/CE a oiriúnú do na himthosca eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 is cúis leo. Is é is aidhm do ghníomhaíocht den sórt sin a áirithiú go n-éireoidh soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 chomh maith leis na seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní agus na feistí sin níos inacmhainne san Aontas a luaithe is féidir.

(8)

Chuige sin, ba cheart ligean do na Ballstáit ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm ar sholáthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na feistí sin, nó díolúine a dheonú lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin i ndáil le soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19, arna bhformheas sa cháil sin ag an gCoimisiún nó acu féin, chomh maith le seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní agus na feistí sin.

(9)

An fhéidearthacht ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm ar sholáthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na feistí sin nó díolúine a dheonú lena ngabhann inasbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin i dtaca le soláthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 a dhíolmhú ó CBL, chomh maith le seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní agus na feistí sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith teoranta ó thaobh ama de. Níor cheart ligean don fhéidearthacht sin a bheith ann ach amháin ar feadh na tréimhse ina bhfuil imthosca eisceachtúla ann de bharr phaindéim COVID-19. De bharr na héiginnteachta maidir leis an bhfad a mhairfidh na himthosca eisceachtúla sin, ba cheart an fhéidearthacht ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm nó díolúine a dheonú lena ngabhann CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a asbhaint, a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthairtí sin a bheith ann go dtí an 31 Nollaig 2022. Roimh dheireadh na tréimhse sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh i bhfianaise staid na paindéime agus, más gá, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann síneadh a chur leis an tréimhse sin. Dá nglacfaí togra 2018 agus dá dtiocfadh sé chun bheith infheidhme roimh dhul in éag na tréimhse sin, ní bheadh na bearta sealadacha seo a bhfuil oiriúnú Threoir 2006/112CE do phaindéim COVID-19 mar aidhm acu, ag fónamh dá gcuspóir a thuilleadh.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go sásúil, arb é rochtain níos inacmhainne ar sholáthar vacsaíní COVID-19 agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 chomh maith leis na seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní agus na feistí sin san Aontas a áirithiú a luaithe is féidir, agus ós amhlaidh, dá réir sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur ar leibhéal an Aontais is fearr is féidir é a ghnóthú, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, prionsabal a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, prionsabal a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir.

(12)

Ag féachaint do phaindéim COVID-19 agus don phráinn a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí lena mbaineann, measadh gurb iomchuí foráil do dhíolúine ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(13)

I bhfianaise práinn na staide a bhaineann le paindéim COVID-19, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i dTreoir 2006/112/CE:

Airteagal 129a

1.   Féadfaidh na Ballstáit ceann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm ar sholáthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na feistí sin;

(b)

díolúine a dheonú lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin i ndáil le soláthar feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na feistí sin.

Feistí leighis diagnóiseacha in vitro COVID-19 atá i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i dTreoir (AE) 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) nó i Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme, is iadsan, agus iadsan amháin, a bheidh incháilithe do na bearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh na Ballstáit díolúine a dheonú lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin i ndáil le soláthar vacsaíní COVID-19 agus seirbhísí a bhfuil dlúthnasc acu leis na vacsaíní sin.

Vacsaíní COVID-19 atá údaraithe ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit, is iadsan, agus iadsan amháin, a bheidh incháilithe don díolúine dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2022.

Airteagal 2

1.   I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm nó díolúine a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 1, beidh tagairt don Treoir seo sna dlíthe, sna rialacháin agus sna socruithe riaracháin, a ghlacann agus a fhoilsíonn siad agus is gá chun an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm, nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh na Ballstáit sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, cuirfidh siad téacs na bpríomhfhorálacha sin in iúl don Choimisiún laistigh de dhá mhí tar éis a nglactha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 26 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 2 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/491 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí agus díolúine ó CBL ar allmhairiú arna dheonú le haghaidh earraí is gá chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac le linn 2020 (IO L 103 I, 3.4.2020, lch. 1).

(4)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/2021 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithea dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc armi dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(2)

I bhfianaise athbhreithniú a rinneadh ar na bearta sriantacha uathrialacha a leagtar síos in Airteagal 2b de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, ba cheart na ráitis ar chúiseanna a bhaineann le daoine áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú agus ba cheart duine amháin a bhaint den liosta san Iarscríbhinn sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1183/2005.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN Ia

LIOSTA NA nDAOINE, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2b

A.   Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Forais leis an liostú

Dáta an liostaithe

1

Ilunga KAMPETE

ar a dtugtar freisin Gaston Hughes Ilunga Kampete; Hugues Raston Ilunga Kampete.

Dáta Breithe: 24.11.1964.

Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC

Náisiúntacht: DRC

Uimhir aitheantais mhíleata: 1-64-86-22311-29.

Seoladh: 69, avenue Nyangwile, Kinsuka Mimosas, Kinshasa/Ngaliema, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina cheannasaí ar an Republican Guard (GR) go dtí mí Aibreáin 2020, bhí Ilunga Kampete freagrach as aonaid GR a imscaradh ar an talamh agus bhí baint aige le forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa.

Bhí sé freagrach freisin as cearta an duine a chur faoi chois agus as sárú ar chearta an duine a rinne gníomhairí GR, amhail slógadh den fhreasúra in Lubumbashi a chur faoi chois go foréigneach i mí na Nollag 2018.

Ó mhí Iúil 2020, tá sé ina shaighdiúir ard-chéimneach, mar Leifteanant Ginearálta i bhFórsaí Armtha an Chongó (FARDC) agus ceannasaí bhunáit mhíleata Kitona i gCúige Chongó Láir. De bhua a fheidhmeanna, is air féin atá an fhreagracht as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Ilunga Kampete le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

12.12.2016

2

Gabriel Amisi KUMBA

ar a dtugtar freisin Gabriel Amisi Nkumba; “Tango Fort”; “Tango Four”

Dáta Breithe: 28.5.1964

Áit breithe: Malela DRC

Náisiúntacht: DRC

Uimhir aitheantais mhíleata: 1-64-87-77512-30

Seoladh: 22, avenue Mbenseke, Ma Campagne, Kinshasa/Ngaliema, DRC

Inscne: Fireann

Iar-Cheannasaí ar chéad chrios cosanta Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), ar ghlac a fhórsaí páirt i bhforneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa.

Ina cháil mar Leas-Cheann Foirne ar FARDC, bhí sé i gceannas ar na hoibríochtaí agus ar an bhfaisnéis ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020, agus mar gheall ar a dhualgais shinsearacha mar Ardchigire ar FARDC ó mhí Iúil 2020, tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne Gabriel Amisi Kumba le déanaí.

Bhí baint aige dá bharr sin le gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh.

12.12.2016

3

Ferdinand Ilunga LUYOYO

Dáta Breithe: 8.3.1973.

Áit bhreithe: Lubumbashi DRC.

Náisiúntacht: DRC

Uimhir phas: OB0260335 (bailí ó 15.4.2011 go 14.4.2016).

Seoladh: 2, avenue des Orangers, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Cheannasaí ar an aonad frithchíréibe, dá ngairtear Légion Nationale d’Intervention den Congolese National Police (PNC) go dtí 2017, agus mar Cheannasaí ar an aonad atá freagrach as institiúidí agus oifigigh ardchéime laistigh de PNC a chosaint go dtí mí na Nollag 2019, bhí Ferdinand Ilunga Luyoyo freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa, agus tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne an PNC ina dhiaidh sin.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Ferdinand Ilunga Luyoyo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Choinnigh Ferdinand Ilunga Luyoyo a chéim mar ghinearál agus tá sé gníomhach fós ar an ardán poiblí in DRC.

12.12.2016

4

Célestin KANYAMA

Ar a dtugtar freisin Kanyama Tshisiku Celestin; Kanyama Celestin Cishiku Antoine; Kanyama Cishiku Bilolo Célestin; Esprit de Mort.

Dáta Breithe: 4.10.1960.

Áit bhreithe: Kananga DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir phas DRC: OB0637580 (bailí ó 20.5.2014 go 19.5.2019).

Deonaíodh víosa Schengen uimh. 011518403 dó, a eisíodh an 2.7.2016.

Seoladh: 56, avenue Usika, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Choimisinéir an Congolese National Police (PNC), bhí Célestin Kanyama freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa.

I mí Iúil 2017, ceapadh Célestin Kanyama mar Ard-Stiúrthóir ar scoileanna oiliúna an PNC. Agus an ról sin mar oifigeach sinsearach in PNC a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne PNC le déanaí ar chearta an duine. Sampla amháin is ea imeaglú agus díothú na saoirse a d’fhorchuir oifigigh phóilíneachta ar iriseoirí i mí Dheireadh Fómhair 2018, tar éis foilsiú sraithe alt maidir le míleithreasú chiondálacha na ndaltaí póilíneachta, agus an ról a bhí ag Célestin Kanyama sna himeachtaí sin.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Célestin Kanyama le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

12.12.2016

5

John NUMBI

ar a dtugtar freisin John Numbi Banza Tambo; John Numbi Banza Ntambo; Tambo Numbi.

Dáta Breithe: 16.8.1962.

Áit bhreithe: Jadotville-Likasi-Kolwezi DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Seoladh: 5, avenue Oranger, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Bhí John Numbi ina Ard-Chigire ar na Congolese Armed Forces (FARDC) ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine, amhail an foréigean díréireach a d’úsáid FARDC faoina údarás díreach ar mhianadóirí neamhdhleathacha ó mhí an Mheithimh go dtí mí Iúil 2019.

Dá bhrí sin, bhí baint ag John Numbi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Tá tionchar ag John Numbi ar FARDC i gcónaí, go háirithe in Katanga, áit ar tuairiscíodh go ndearna FARDC sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

12.12.2016

6

Evariste BOSHAB

ar a dtugtar freisin Evariste Boshab Mabub Ma Bileng.

Dáta Breithe: 12.1.1956.

Áit bhreithe: Tete Kalamba DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir an phas taidhleoireachta: DP0000003 (bailí ó 21.12.2015 go dtí 20.12.2020).

Víosa Schengen in éag an 5.1.2017.

Seoladh: 3, avenue du Rail, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Ina cháil mar Vice Prime Minister and Minister of Interior and Security ó mhí na Nollag 2014 go dtí mí na Nollag 2016, bhí Evariste Boshab freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le leas díréireach a bhaint as forneart, lena n-áirítear idir mí Mheán Fómhair 2016 agus mí na Nollag 2016 mar fhreagairt ar léirsithe in Kinshasa, agus an toradh air gur mharaigh nó gur ghortaigh seirbhísí slándála líon mór sibhialtach.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Evariste Boshab le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Bhí baint ag Evariste Boshab freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, réigiún ina bhfuil cumhacht nach beag aige i gcónaí, go háirithe ó ceapadh ina Senator ar Kasai é i mí Mhárta 2019.

29.5.2017

7

Alex Kande MUPOMPA

ar a dtugtar freisin Alexandre Kande Mupomba; Kande-Mupompa.

Dáta Breithe: 23.9.1950.

Áit bhreithe: Kananga, DRC

Náisiúntacht: DRC agus Beilgeach.

Uimhir pas Phin DRC: OP0024910 (bailí ó 21.3.2016 go 20.3.2021).

Seoltaí: Messidorlaan 217/25, 1180 Uccle, Belgium

1, avenue Bumba, Kinshasa/Ngaliema, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Governor of Kasai Central go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí Alex Kande Mupompa freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus Congolese National Police(PNC) as forneart, cur faoi chois foréigneach agus maruithe seachbhreithiúnacha in Kasai Central ó mhí Lúnasa 2016, lena n-áirítear maruithe ar chríoch Dibaya i mí Feabhra 2017.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Bhí baint ag Alex Kande Mupompa freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, áit a raibh sé ina ionadaí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2019 agus ina bhfuil cumhacht nach beag aige i gcónaí mar cheannaire ar Congrès des alliés pour l’action au Congo (CAAC) atá ina chuid de rialtas cúigeach Kasai.

29.5.2017

8

Jean-Claude Kazembe MUSONDA

Dáta Breithe: 17.5.1963.

Áit bhreithe: Kashobwe DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Seoladh: 7891, avenue Lubembe, Quartier Lido, Lubumbashi, Haut-Katanga, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Governor of Haut-Katanga go dtí mí Aibreáin 2017, bhí Jean-Claude Kazembe Musonda freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus PNC as forneart agus cur faoi chois foréigneach in Haut-Katanga, lena n-áirítear idir an 15 agus an 31 Nollaig 2016, nuair a maraíodh 12 shibhialtach agus nuair a gortaíodh 64 mar thoradh ar fhorneart marfach a d’úsáid fórsaí slándála, gníomhairí Congolese National Police (PNC) ina measc, mar fhreagra ar agóidí in Lubumbashi.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Jean-Claude Kazembe Musonda le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Tá Jean-Claude Kazembe Musonda ina cheannaire ar pháirtí CONAKAT, páirtí atá dílis i gcónaí do Front Commun pour le Congo (FCC).

29.5.2017

9

Éric RUHORIMBERE

ar a dtugtar freisin Eric Ruhorimbere Ruhanga; “Tango Two”; “Tango Deux”.

Dáta Breithe: 16.7.1969.

Áit bhreithe: Minembwe DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir aitheantais mhíleata: 1-69-09-51400-64.

Uimhir pas Phin DRC OB0814241.

Seoladh: Mbujimayi, Kasai Province, DRC

Inscne: Fireann

Agus é ina Deputy Commander of the 21st military region ó mhí Mheán Fómhair 2014 go dtí mí Iúil 2018, bhí Éric Ruhorimbere freagrach as úsáid dhíréireach fornirt agus as maruithe seachbhreithiúnacha a rinne Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), go háirithe i gcoinne mhílíste Nsapu agus i gcoinne ban agus leanaí.

Tá Éric Ruhorimbere ina Commander of the Nord Equateur operational sector ó mhí Iúil 2018. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Éric Ruhorimbere le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

29.5.2017

10

Emmanuel Ramazani SHADARI

ar a dtugtar freisin Emmanuel Ramazani Shadari Mulanda; Shadary.

Dáta Breithe: 29.11.1960.

Áit bhreithe: Kasongo DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Seoladh: 28, avenue Ntela, Mont Ngafula, Kinshasa, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Vice Prime Minister and Minister of Interior and Security go dtí mí Feabhra 2018, bhí Emmanuel Ramazani Shadari freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le forneart a úsáid go díréireach, amhail cniogbheartaíocht fhoréigneach ar chomhaltaí den ghluaiseacht Bundu Dia Congo (BDK) in Kongo Central, as an gcur faoi chois in Kinshasa ó mhí Eanáir gomí Feabhra 2017 agus as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i gcúigí Kasai.

Sa cháil sin, is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Ó mhí Feabhra 2018, tá Emmanuel Ramazani Shadari ina permanent secretary of the Parti du peuple pour la reconstruction et le développement (PPRD), an príomhpháirtí sa chomhghuaillíocht faoin iarUachtarán Joseph Kabila.

29.5.2017

11

Kalev MUTONDO

ar a dtugtar freisin Kalev Katanga Mutondo, Kalev Motono, Kalev Mutundo, Kalev Mutoid, Kalev Mutombo, Kalev Mutond, Kalev Mutondo Katanga, Kalev Mutund.

Dáta Breithe: 3.3.1957.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir an Phas: DB0004470 (bailí ó 8.6.2012 go 7.6.2017)

Seoladh: 24, avenue Ma Campagne, Kinshasa, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Head of the National Intelligence Service (ANR) go dtí mí Feabhra 2019, bhí baint ag Kalev Mutondo le comhaltaí den fhreasúra, gníomhaithe sa tsochaí sibhialta agus daoine eile a ghabháil go treallach agus a choinneáil agus le drochíde a thabhairt dóibh agus bhí sé freagrach as an méid sin.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Kalev Mutondo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

I mí na Bealtaine 2019, shínigh sé dearbhú maidir le dílseacht san am atá caite agus sa todhchaí do Joseph Kabila agus tá sé mór leis i gcónaí.

Tá tionchar mór polaitiúil fós ag Kalev Mutondo ina ról nua mar “chomhairleoir polaitiúil” do Phríomh-Aire Phin DRC.

29.5.2017

B.   Eintitis


CINNTÍ

11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/12


CINNEADH (AE) 2020/2022 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

(4)  Féach doiciméad ST 12929/20 ar http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/13


CINNEADH (AE) 2020/2023 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 12933/20 ar http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/14


CINNEADH (AE) 2020/2024 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2894/94 an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhcoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne fadtréimhseach (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).

(4)  Féach doiciméad ST12938/20 ag http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/15


CINNEADH (AE) 2020/2025 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (IO L 312, 28.11.2017, lch. 6).

(4)  Féach doiciméad ST 12942/20 ar http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/16


CINNEADH (AE) 2020/2026 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh lena ndéantar ceannacháin áirithe earraí bia a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm toirmeasc nó srianta onnmhairiúcháin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhréir le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas Comhaontú Marrakech lena mbunaítear Eagraíocht Dhomhanda Trádála 1994 (“Comhaontú EDT”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 94/800/CEE ón gComhairle (1) an 22 Nollaig 1994, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)

De bhun mhír 1 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, tá sé d’údarás ag Comhdháil Aireachta EDT cinntí a dhéanamh maidir le gach ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na Comhaontuithe Trádála Iltaobhacha, más rud é go n-iarrann Comhalta amhlaidh.

(3)

De bhun mhír 2 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, le linn na dtréimhsí idir cruinnithe na Comhdhála Aireachta, tá Comhairle Ghinearálta EDT chun feidhmeanna na Comhdhála Aireachta a fheidhmiú.

(4)

De bhun mhír 1 d’Airteagal IX de Chomhaontú EDT, leanann EDT, i gcás inar féidir, den chleachtas arb é cinntí a dhéanamh trí chomhdhearcadh.

(5)

Le linn chruinniú Chomhairle Ghinearálta EDT i mí na Nollag 2020, nó le linn cruinniú dá cuid ag cruinniú ina diaidh sin in 2021, d’fhéadfaidh sé go n-iarrfaí uirthi togra a bhreithniú agus a ghlacadh arb é is aidhm dó earraí bia arna gceannach ag Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (NA) chun críoch daonnúil neamhthráchtálach a dhíolmhú ó thoirmisc agus ó shrianta onnmhairiúcháin.

(6)

Le mír 2(a) d’Airteagal XI de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT 1947), ceadaítear do Chomhaltaí EDT toirmisc nó srianta onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm go sealadach faoi chúinsí sonracha, chun ganntanais chriticiúla earraí bia nó táirgí eile atá fíor-riachtanach dóibh a chosc nó faoiseamh a thabhairt ina leith. Le hAirteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le Talmhaíocht, a bhaineann le GATT 1994, sonraítear coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag Comhaltaí EDT i gcásanna den sórt sin. Le linn phaindéim COVID-19, chuaigh Comhaltaí EDT i muinín bearta sriantacha den sórt sin, bearta ar féidir leo difear a dhéanamh freisin d’earraí bia rna gceannach chun críoch daonnúil neamhthráchtálach.

(7)

Na ceannacháin dhaonnúla a dhéanann Clár Domhanda Bia NA, ba cheart iad a dhíolmhú ó thoirmisc agus ó shrianta onnmhairiúcháin i bhfianaise an ghá ríthábhachtaigh atá leis an tacaíocht dhaonnúil a chuireann Clár Domhanda Bia NA ar fáil, rud a bhfuil tábhacht bhreise fós tagtha chun a bheith ag baint leis le linn phaindéim COVID-19.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú ábhartha de Chomhairle Ghinearálta EDT amach anseo a bhunú a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh i dtaca le togra arb é is aidhm dó earraí bia arna gceannach chun críoch neamhthráchtála daonnúil ag Clár Domhanda Bia NA a dhíolmhú ó thoirmisc agus srianta ollmhairiúcháin, ós rud é go mbeadh cinneadh den sórt sin ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) le linn a cruinnithe i mí na Nollag 2020, nó le linn chruinniú dá cuid ina dhiaidh sin in 2021 aontú leis an gcomhdhearcadh, i gcás ina dtagtar ar chomhdhearcadh i measc chomhaltaí EDT i dtaca le cinneadh maidir le hearraí bia arna gceannach ag an gClár Domhanda Bia chun críoch daonnúil neamhthráchtálach a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm toirmeasc nó srianta onnmhairiúcháin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 a bhaineann leis na comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de na caibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, i ndáil le hábhair a thagann faoina inniúlacht (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/18


CINNEADH (AE) 2020/2027 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir i ndáil le modhnuithe ar Aguisín 2 d’Iarscríbhinn II agus le Nótaí Míniúcháin i dtaobh Airteagail 15, 16, 19, 20 agus 30 d’Iarscríbhinn II don Chomhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/1001 agus Cinneadh (AE) 2016/1336

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas, i gcomhréir le Cinneadh 2012/734/AE ón gComhairle (1), an Comhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (“an Comhaontú”). De bhun Airteagal 353(4) den Chomhaontú, Cuid IV de, agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Lúnasa 2013 i leith idir an tAontas agus Nicearagua, Hondúras, agus Panama, ón 1 Deireadh Fómhair 2013 i leith an tAontas agus an tSalvadóir agus Cósta Ríce, agus ón 1 Nollaig 2013 idir an tAontas agus Guatamala.

(2)

De bhun Airteagal 36 d’Iarscríbhinn II don Chomhaontú, maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin, tá sé de chumas ag an gComhairle Comhlachais, arna bunaíodh ag Airteagal 4 den Chomhaontú, forálacha Aguisíní Iarscríbhinn II a mhodhnú. De bhun Airteagal 37 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais nóta míniúcháin a fhormheas maidir le léirmhíniú, cur chun feidhme agus riarachán Iarscríbhinn II.

(3)

Tá an Chomhairle Comhlachais le Cinneadh a ghlacadh maidir le Aguisín 2 (Liosta den oibriú nó den phróiseáil atá le déanamh ar ábhair neamhthionscnaimh le gur féidir stádas tionscnaimh a fháil don táirge monaraithe) d’Iarscríbhinn II a mhodhnú, liosta atá bunaithe ar Chóras Comhchuibhithe (CC) 2007, chun na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a ailíniú le CC nuashonraithe mar is infheidhme ó 2017 i leith. Áirítear san ailíniú sin na hathruithe a tugadh isteach le CC 2012, agus athruithe neamhshubstainteacha i gcás CC 2017, maidir le rialacha táirgeshonracha Aguisín 2. Ar mhaithe le soiléireacht, agus líon na leasuithe is gá a dhéanamh ar Aiguisín 2 á chur san áireamh, ba cheart an Iarscríbhinn sin a ionadú ina hiomláine.

(4)

Tá an Chomhairle Comhlachais le Cinneadh a ghlacadh freisin maidir le Nótaí Míniúcháin a thabhairt isteach i dtaobh Airteagail 15, 16, 19, 20 agus 30 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú ar mhaithe le trédhearcacht agus aonfhoirmeacht a áirithiú agus na rialacha tionscnaimh á gcur i bhfeidhm maidir le teastas gluaiseachta EUR.1, dearbhuithe sonraisc, onnmhaireoirí ceadaithe agus cruthúnais ar thionscnamh a fhíorú.

(5)

Meastar go ndéanfar an dá Chinntí ón gComhairle Comhcleachais a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2021.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeacht dlí ag an dá Chinneadh ag an gComhairle Comhlachais san Aontas.

(7)

Is iomchuí freisin Cinntí (AE) 2016/1001 ón gComhairle (2) agus (AE) 2016/1336 ón gComhairle (3) a aisghairm, cinntí lena mbunaítear seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le gníomhartha nach bhfuil le glacadh ag an gComhairle Comhlachais a thuilleadh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhcleachais a bheith bunaithe ar an dá dhréachtchinntí ón gComhairle Comhcleachais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais i ndáil leis na modhnuithe ar Aguisín 2 d’Iarscríbhinn II agus le Nótaí Míniúcháin i dtaobh Airteagail 15, 16, 19, 20 agus 30 d’Iarscríbhinn II don Chomhaontú ar an dá dhréachtchinneadh den Chomhairle Comhlachais (4).

Airteagal 2

Aisghairtear Cinntí (AE) 2016/1001 agus (AE) 2016/1336.

Airteagal 3

A luaithe a ghlacfar iad, foilseofar an dá Chinneadh ón gComhairle Comhlachais dá dtagraítear in Airteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2012/734/AE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2012 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Meiriceá Láir den pháirt eile, agus cur i bhfeidhm sealadach Chuid IV de maidir le cúrsaí trádála (IO L 346, 15.12.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1001 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir i ndáil le Nótaí Míniúcháin d’Airteagal 15 den Iarscirbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile (IO L 164, 22.6.2016, lch. 15).

(3)  Cinneadh (AE) 2016/1336 ón gComhairle an 18 Iúil 2016 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir i ndáil le Aguisín 2 d’Iarscribhinn II a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile (IO L 212, 5.8.2016, lch. 8).

(4)  Féach doiciméid ST 11697/20 agus ST 11699/20 ar http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/20


CINNEADH (AE) 2020/2028 ÓNGCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh" agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2010/224/AE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010.

(2)

Áirítear sa Chomhaontú Prótacal 3, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal 3”). De bhun Airteagal 3 de Phrótacal 3, féadfaidh an an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bunaíodh le hAirteagal 119 den Chomhaontú (“an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais”) a chinneadh forálacha Phrótacal 3 a leasú.

(3)

Glacfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal 3 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici, roimh dheireadh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal 3, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(7)

Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus Poblacht Mhontainéagró tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

(8)

Sa limistéar carntha ina bhfuil Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), Oileáin Fharó, an tAontas, Poblacht na Tuirce, na rannpháirtithe sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin, ba cheart an fhéidearthacht maidir le deimhnithe gluaiseachta EUR.1 nó dearbhuithe tionscnaimh a úsáid in ionad deimhnithe gluaiseachta EUR-MED nó dearbhuithe tionscnaimh EUR-MED, de mhaolú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le carnadh trasnánach i measc na rannpháirtithe sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a choinneáil ar bun.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2010/224/AE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 29 Márta 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (IO L 108, 29.4.2010, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

(3)  Féach doiciméad ST 11124/20 ar http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/22


CINNEADH (AE) 2020/2029 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 97/430/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1997.

(2)

Áirítear sa Chomhaontú Prótacal 3, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal 3”). De bhun Airteagal 3 de Phrótacal 3, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 63 den Chomhaontú (“an Comhchoiste”) a chinneadh forálacha Phrótacal 3 a leasú.

(3)

Glacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal 3 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, roimh dheireadh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal 3, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(7)

Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 97/430/CE ón gComhairle an 2 Meitheamh 1997 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eatramhaigh Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza (IO L 187, 16.7.1997, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

(3)  Féach doiciméad ST 11125/20 ar http://register.consilium.europa.eu


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/24


CINNEADH (AE, Euratom) 2020/2030 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2020

lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tráth atá gníomh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, ní mór a fhíorú gurb ionann na Ballstáit a seasann an tromlach cáilithe dóibh agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.

(2)

Déantar an céatadán sin a ríomh de réir na bhfigiúirí daonra a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (“Rialacha Nós Imeachta”) (1).

(3)

Foráiltear, le hAirteagal 11(6) de na Rialacha Nós Imeachta, go leasóidh an Chomhairle, le héifeacht ón 1 Eanáir gach bliain, na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil d’Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh an 30 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leasú dá réir don bhliain 2021.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta:

“IARSCRÍBHINN III

Na figiúirí a bhaineann le daonra an Aontais agus daonra gach Ballstáit i gcás chur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle

An Ballstát

An Daonra

Céatadán de dhaonra an Aontais (%)

an Ghearmáin

83 100 961

18,54

an Fhrainc

67 098 824

14,97

an Iodáil

60 897 891

13,58

an Spáinn

47 329 981

10,56

an Pholainn

37 958 138

8,47

an Rómáin

19 317 984

4,31

an Ísiltír

17 549 457

3,91

an Bheilg

11 549 888

2,58

an Ghréig

10 709 739

2,39

An tSeicea

10 557 001

2,35

an tSualainn

10 330 000

2,30

an Phortaingéil

10 295 909

2,30

an Ungáir

9 769 526

2,18

an Ostair

8 897 000

1,98

an Bhulgáir

6 951 482

1,55

an Danmhairg

5 816 443

1,30

an Fhionlainn

5 521 292

1,23

an tSlóvaic

5 457 873

1,22

Éire

4 964 440

1,11

an Chróit

4 058 165

0,91

an Liotuáin

2 794 090

0,62

an tSlóivéin

2 095 861

0,47

an Laitvia

1 907 675

0,43

an Eastóin

1 328 976

0,30

an Chipir

888 005

0,20

Lucsamburg

623 962

0,14

Málta

514 564

0,11

AE 27

448 285 127

 

Tairseach (65 %)

291 385 333

 

”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/26


CINNEADH (CBES) 2020/2031 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2020

lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia)

TÁ COMHARILE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 16 Iúil 2012 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/389/CBES (1) a bhaineann le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta Muirí Réigiúnaí i gCorn na hAfraice (EUCAP NESTOR).

(2)

An 12 Nollaig 2016 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2240 (2), lenar leasaíodh sainordú an Mhisin le go ndíreofaí leis ar fhothú acmhainneachta sa tSomáil agus lenar athraíodh ainm an Mhisin go EUCAP Somalia.

(3)

An 10 Nollaig 2018 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1942 (3) lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES chun EUCAP Somalia a shíneadh agus méid tagartha airgeadais a sholáthar dó don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020. Cuireadh fad leis an méid tagartha airgeadais sin le Cinneadh (CBES) 2020/663 (4) ón gComhairle.

(4)

I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh Iomlánaigh agus chomhordaithe ar rannpháirtíocht CBSC sa tSomáil agus i gCorn na hAfraice, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála EUCAP Somalia a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 agus a shainordú a leasú.

(5)

Ba cheart Cinneadh 2012/389/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 2 agus 3:

Airteagal 2

Ráiteas Misin

1.   Déanfaidh EUCAP Somalia cúnamh a thabhairt don tSomáil maidir lena hacmhainneacht slándála muirí a neartú chun go mbeidh sí in ann dlí muirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh EUCAP Somalia cúnamh a thabhairt don tSomáil maidir lena hacmhainneacht phóilíneachta a neartú chun tacú le cur chun feidhme Phlean Aistrithe na Somáile chun freagrachtaí slándála a aistriú chuig údaráis na Somáile.

Airteagal 3

Cuspóirí agus Cúraimí

1.   Chun an Ráiteas Misin a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfaidh EUCAP Somalia an méid seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar acmhainneacht na Somáile an dlí sibhialta muirí a fhorfheidhmiú chun rialachas muirí éifeachtach a chur i bhfeidhm ar an gcósta, ar na huiscí inmheánacha, ar an bhfarraige teorann agus ar an limistéar eacnamaíoch eisiach;

(b)

acmhainneacht na Somáile cigireacht agus forfheidhmiú iascaigh a threisiú, cuardach agus tarrtháil mhuirí a áirithiú, smuigleáil a chomhrac, píoráideacht a chomhrac agus an limistéar cósta ar tír agus ar muir a chomhrac;

(c)

acmhainneacht na hAireachta Slándála Inmheánaí agus seirbhísí póilíneachta na Somáile a neartú chun tacú le cur chun feidhme Phlean Aistrithe na Somáile chun freagrachtaí slándála a aistriú chuig údaráis na Somáile.

2.   D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, tacóidh EUCAP Somalia le húdaráis na Somáile an reachtaíocht is gá a fhorbairt agus údaráis bhreithiúnacha a bhunú trí na nithe seo a leanas:

(a)

an mheantóireacht, an chomhairle, an oiliúint agus an trealamh is gá a chur ar fáil d’eintitis um fhorfheidhmiú dlí sibhialta muirí na Somáile;

(b)

comhairle agus meantóireacht a chur ar fáil, a mhéid is féidir, maidir le beartas, ceannas, rialú agus comhordú, chomh maith le tacaíocht agus trealamh tionscadail a sholáthair don Aireacht Slándála Inmheánaí agus do sheirbhísí póilíneachta na Somáile chun tacú le tionscnaimh ón Aontas agus ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta.

3.   Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, feidhmeoidh EUCAP Somalia i gcomhréir leis na línte oibríochta agus leis na cúraimí a leagtar amach sna doiciméid oibríochtúla pleanála a d’fhormheas an Chomhairle.

4.   Ní bheidh aon fheidhm feidhmiúcháin ag EUCAP Somalia.”;

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 87 780 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Somalia a chumhdach don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022.”;

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

“4.   Comhoibreoidh an Ceann Misin leis na gníomhaithe idirnáisiúnta eile sa réigiún, go háirithe Oifig Pholaitiúil na Náisiún Aontaithe don tSomáil, Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta, Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, INTERPOL agus an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

5.   Comhordóidh an Ceann Misin go dlúth le Atalanta, le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) agus le cláir ábhartha cúnaimh an Aontais.”;

(4)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

“Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2012/389/CBES ón gComhairle an 16 Iúil 2012 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 187, 17.7.2012, lch. 40).

(2)  Cinneadh (CBES) 2016/2240 ón gComhairle an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES a bhaineann le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta Muirí Réigiúnaí i gCorn na hAfraice (EUCAP NESTOR) (IO L 337, 13.12.2016, lch. 18).

(3)  Cinneadh (CBES) 2018/1942 ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 lena gcuirtear fad le agus lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 314, 11.12.2018, lch. 56).

(4)  Cinneadh (CBES) 2020/663 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 157, 19.5.2020, lch. 1).


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/28


CINNEADH (CBES) 2020/2032 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2020

lena leasaítear Cinneadh 2010/96/CBES maidir le Misean Míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2010 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/96/CBES (1), lena mbunaítear misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia).

(2)

An 19 Samhain 2018 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1787 (2), lena gcuirtear síneadh le EUTM Somalia go dtí an 31 Nollaig 2020.

(3)

I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh Iomlánaigh agus chomhordaithe ar rannpháirtíocht CBSC sa tSomáil agus i gCorn na hAfraice, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú EUTM Somalia go dtí an 31 Nollaig 2022.

(4)

Ba cheart Cinneadh 2010/96/CBES a leasú dá réir.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú ná i gcur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a mbíonn impleachtaí acu in ábhair cosanta. Níl an Danmhairg rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chinnidh seo agus, dá bhrí sin, ní ghlacann sí páirt i maoiniú an mhisin seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo mar a leanas Cinneadh 2010/96/CBES:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Misean

1.   Stiúróidh an tAontas misean oiliúna míleata (EUTM Somalia), chun rannchuidiú le Fórsaí Armtha Náisiúnta na Somáile (SNAF) atá cuntasach do Rialtas Náisiúnta na Somáile, a thógáil agus a neartú, i gcomhréir le riachtanais agus tosaíochtaí na Somáile agus chun tacú le cur chun feidhme Phlean Idirthréimhse na Somáile chun freagrachtaí slándála a aistriú chuig údaráis na Somáile.

2.   D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfar misean míleata an Aontais a imscaradh sa tSomáil d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fhorbairt institiúideach in earnáil na cosanta trí chomhairle straitéiseach chomh maith le tacaíocht dhíreach a thabhairt do SNAF trí oiliúint, trí chomhairle, agus trí mheantóireacht.

3.   Ó 2021 ar aghaidh, tacóidh EUTM Somalia, go háirithe, le forbairt an Chórais Oiliúna atá faoi úinéireacht na Somáile d’fhonn úinéireacht na hoiliúna a thabhairt de réir a chéile do SNAF i bprionsabal, faoi dheireadh 2022. Déanfaidh EUTM Somalia meantóireacht ar an oiliúint atá faoi úinéireacht na Somáile agus a chuireann an tSomáil ar fáil, agus bunóidh sé cumas chun na haonaid atá oilte aige a rianú agus a mheasúnú. Cuirfidh EUTM Somalia tacaíocht ar fáil freisin, de réir mar is gá agus laistigh dá acmhainní agus dá chumais, do ghníomhaithe eile de chuid an Aontais agus a sainorduithe faoi seach á gcur chun feidhme acu i réimse na slándála agus na cosanta sa tSomáil, go háirithe do EUCAP Somalia maidir le hidir-inoibritheacht idir SNAF agus fórsaí póilíneachta na Somáile, agus do phacáiste tacaíochta Shaoráid Síochána na hAfraice, nó d’aon thacaíocht ón Aontas a bheidh ann amach anseo d’Fhórsaí Slándála na Somáile.

4.   Faoi réir fhormheas an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus laistigh dá acmhainní agus dá chumais, déanfaidh EUTM Somalia gníomhaíochtaí díláraithe a phleanáil agus a sheoladh chun tacú le Ceanncheathrú réigiúnach SNAF.

5.   Beidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sainordaithe sa tSomáil ag brath ar na dálaí slándála sa tSomáil agus ar threoir pholaitiúil ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   I Mogaidisiú a bheidh Ceanncheathrú an Fhórsa Misin lonnaithe agus is faoi cheannas Cheannasaí Fórsa Misin an Aontais a oibreoidh sí. Áireofar leis sin cealla tacaíochta sa Bhruiséil agus in Nairobi, chomh maith le hoifig idirchaidrimh in Djibouti. In MPCC a bheidh cill tacaíochta na Bruiséile lonnaithe.”;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh EUTM Somalia an comhordú le Atalanta, le EUCAP Somalia, agus leis na cláir ábhartha um chúnamh de chuid an Aontais, a chothabháil agus a fheabhsú. Déanfaidh MPCC, i gcomhréir lena shainordú a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2017/971 ón gComhairle (*1), comhordú agus malartú faisnéise den sórt sin a éascú d’fhonn comhleanúnachas, éifeachtúlacht agus sineirgí a mhéadú idir misin agus oibriú an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta sa réigiún.

(*1)  Cinneadh (CBES) 2017/971 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017 lena mbunaítear socruithe pleanála agus seolta le haghaidh misean míleata neamhfheidhmiúcháin CBSC de chuid AE agus lena leasaítear Cinntí 2010/96/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile, 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí armtha Mhailí (EUTM Mali) agus (CBES) 2016/610 maidir le misean míleata oiliúna CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 146, 9.6.2017, lch. 133).”;"

(4)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   EUR 25 234 700 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh na gcostas coiteann a bhaineann le misean míleata an Aontais ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022. Is é 0 % an céatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528 agus 0 % a bheidh sa chéatadán dá dtagraítear in Airteagal 34(3) den Chinneadh sin.”;

(5)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cuirfear deireadh le sainordú mhisean míleata an Aontais an 31 Nollaig 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2010/96/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2010 maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (IO L 44, 19.2.2010, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/1787 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le Cinneadh 2010/96/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (IO L 293, 20.11.2018, lch. 9).


11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/30


CINNEADH (CBES) 2020/2033 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Nollaig 2020

lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC).

(2)

An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2231 (2) mar fhreagra ar na bacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta in DRC agus ar na sáruithe ar chearta an duine a bhí bainteach leo. Le Cinneadh (CBES) 2016/2231 leasaíodh Cinneadh 2010/788/CBES agus tugadh isteach bearta sriantacha uathrialacha in Airteagal 3(2) de Chinneadh 2010/788/CBES.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar na bearta sriantacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) de Chinneadh 2010/788/CBES, ba cheart na bearta sin a athnuachan go dtí an 12 Nollaig 2021, agus ba cheart duine amháin a bhaint den liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(4)

Ba cheart na ráitis ar chúiseanna a bhaineann le daoine áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES a leasú.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) go dtí an 12 Nollaig 2021. Déanfar iad a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a gcuspóirí.”;

(2)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2016/2231 ón gComhairle an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336I, 12.12.2016, lch. 7).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA nDAOINE AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2)

A.   Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Forais leis an liostú

Dáta an liostaithe

1

Ilunga KAMPETE

ar a dtugtar freisin Gaston Hughes Ilunga Kampete; Hugues Raston Ilunga Kampete.

Dáta Breithe: 24.11.1964.

Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC

Náisiúntacht: DRC

Uimhir aitheantais mhíleata: 1-64-86-22311-29.

Seoladh: 69, avenue Nyangwile, Kinsuka Mimosas, Kinshasa/Ngaliema, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina cheannasaí ar an Republican Guard (GR) go dtí mí Aibreáin 2020, bhí Ilunga Kampete freagrach as aonaid GR a imscaradh ar an talamh agus bhí baint aige le forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa.

Bhí sé freagrach freisin as cearta an duine a chur faoi chois agus as sárú ar chearta an duine a rinne gníomhairí GR, amhail slógadh den fhreasúra in Lubumbashi a chur faoi chois go foréigneach i mí na Nollag 2018.

Ó mhí Iúil 2020, tá sé ina shaighdiúir ard-chéimneach, mar Leifteanant Ginearálta i bhFórsaí Armtha an Chongó (FARDC) agus ceannasaí bhunáit mhíleata Kitona i gCúige Chongó Láir. De bhua a fheidhmeanna, is air féin atá an fhreagracht as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Ilunga Kampete le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

12.12.2016

2

Gabriel AMISI KUMBA

ar a dtugtar freisin Gabriel Amisi Nkumba; “Tango Fort”; “Tango Four”

Dáta Breithe: 28.5.1964

Áit breithe: Malela DRC

Náisiúntacht: DRC

Uimhir aitheantais mhíleata: 1-64-87-77512-30

Seoladh: 22, avenue Mbenseke, Ma Campagne, Kinshasa/Ngaliema, DRC

Inscne: Fireann

Iar-Cheannasaí ar chéad chrios cosanta Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), ar ghlac a fhórsaí páirt i bhforneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa.

Ina cháil mar Leas-Cheann Foirne ar FARDC, bhí sé i gceannas ar na hoibríochtaí agus ar an bhfaisnéis ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020, agus mar gheall ar a dhualgais shinsearacha mar Ardchigire ar FARDC ó mhí Iúil 2020, tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne Gabriel Amisi Kumba le déanaí.

Bhí baint aige dá bharr sin le gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh.

12.12.2016

3

Ferdinand ILUNGA LUYOYO

Dáta Breithe: 8.3.1973.

Áit bhreithe: Lubumbashi DRC.

Náisiúntacht: DRC

Uimhir phas: OB0260335 (bailí ó 15.4.2011 go 14.4.2016).

Seoladh: 2, avenue des Orangers, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Cheannasaí ar an aonad frithchíréibe, dá ngairtear Légion Nationale d’Intervention den Congolese National Police (PNC) go dtí 2017, agus mar Cheannasaí ar an aonad atá freagrach as institiúidí agus oifigigh ardchéime laistigh de PNC a chosaint go dtí mí na Nollag 2019, bhí Ferdinand Ilunga Luyoyo freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa, agus tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne an PNC ina dhiaidh sin.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Ferdinand Ilunga Luyoyo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Choinnigh Ferdinand Ilunga Luyoyo a chéim mar ghinearál agus tá sé gníomhach fós ar an ardán poiblí in DRC.

12.12.2016

4

Célestin KANYAMA

Ar a dtugtar freisin Kanyama Tshisiku Celestin; Kanyama Celestin Cishiku Antoine; Kanyama Cishiku Bilolo Célestin; Esprit de Mort.

Dáta Breithe: 4.10.1960.

Áit bhreithe: Kananga DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir phas DRC: OB0637580 (bailí ó 20.5.2014 go 19.5.2019).

Deonaíodh víosa Schengen uimh. 011518403 dó, a eisíodh an 2.7.2016.

Seoladh: 56, avenue Usika, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Choimisinéir an Congolese National Police (PNC), bhí Célestin Kanyama freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa.

I mí Iúil 2017, ceapadh Célestin Kanyama mar Ard-Stiúrthóir ar scoileanna oiliúna an PNC. Agus an ról sin mar oifigeach sinsearach in PNC a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne PNC le déanaí ar chearta an duine. Sampla amháin is ea imeaglú agus díothú na saoirse a d’fhorchuir oifigigh phóilíneachta ar iriseoirí i mí Dheireadh Fómhair 2018, tar éis foilsiú sraithe alt maidir le míleithreasú chiondálacha na ndaltaí póilíneachta, agus an ról a bhí ag Célestin Kanyama sna himeachtaí sin.

Dá bhrí sin, bhí baint ag Célestin Kanyama le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

12.12.2016

5

John NUMBI

ar a dtugtar freisin John Numbi Banza Tambo; John Numbi Banza Ntambo; Tambo Numbi.

Dáta Breithe: 16.8.1962.

Áit bhreithe: Jadotville-Likasi-Kolwezi DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Seoladh: 5, avenue Oranger, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Bhí John Numbi ina Ard-Chigire ar Fhórsaí Armtha an Chongó (FARDC) ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine, amhail an foréigean díréireach a d’úsáid FARDC faoina údarás díreach ar mhianadóirí neamhdhleathacha ó mhí an Mheithimh go dtí mí Iúil 2019.

Dá bhrí sin, bhí baint ag John Numbi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Tá tionchar ag John Numbi ar FARDC i gcónaí, go háirithe in Katanga, áit ar tuairiscíodh go ndearna FARDC sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

12.12.2016

6

Evariste BOSHAB

ar a dtugtar freisin Evariste Boshab Mabub Ma Bileng.

Dáta Breithe: 12.1.1956.

Áit bhreithe: Tete Kalamba DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir an phas taidhleoireachta: DP0000003 (bailí ó 21.12.2015 go dtí 20.12.2020).

Víosa Schengen in éag an 5.1.2017.

Seoladh: 3, avenue du Rail, Kinshasa/Gombe, DRC.

Inscne: Fireann

Ina cháil mar Leas-Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Baile agus Slándála ó mhí na Nollag 2014 go dtí mí na Nollag 2016, bhí Evariste Boshab freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le leas díréireach a bhaint as forneart, lena n-áirítear idir mí Mheán Fómhair 2016 agus mí na Nollag 2016 mar fhreagairt ar léirsithe in Kinshasa, agus an toradh air gur mharaigh nó gur ghortaigh seirbhísí slándála líon mór sibhialtach.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Evariste Boshab le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Bhí baint ag Evariste Boshab freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, réigiún ina bhfuil cumhacht nach beag aige i gcónaí, go háirithe ó ceapadh ina Senator ar Kasai é i mí Mhárta 2019.

29.5.2017

7

Alex KANDE MUPOMPA

ar a dtugtar freisin Alexandre Kande Mupomba; Kande-Mupompa.

Dáta Breithe: 23.9.1950.

Áit bhreithe: Kananga, DRC

Náisiúntacht: DRC agus Beilgeach.

Uimhir pas Phin DRC: OP0024910 (bailí ó 21.3.2016 go 20.3.2021).

Seoltaí: Messidorlaan 217/25, 1180 Uccle, Belgium

1, avenue Bumba, Kinshasa/Ngaliema, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Ghobharnóir ar Kasai Láir go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí Alex Kande Mupompa freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus Póilíní Náisiúnta an Chongó (PNC) as forneart, cur faoi chois foréigneach agus maruithe seachbhreithiúnacha in Kasai Láir ó mhí Lúnasa 2016, lena n-áirítear maruithe ar chríoch Dibaya i mí Feabhra 2017.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Bhí baint ag Alex Kande Mupompa freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, áit a raibh sé ina ionadaí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2019 agus ina bhfuil cumhacht nach beag aige i gcónaí mar cheannaire ar Congrès des alliés pour l’action au Congo (CAAC) atá ina chuid de rialtas cúigeach Kasai.

29.5.2017

8

Jean-Claude KAZEMBE MUSONDA

Dáta Breithe: 17.5.1963.

Áit bhreithe: Kashobwe DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Seoladh: 7891, avenue Lubembe, Quartier Lido, Lubumbashi, Haut-Katanga, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Ghobharnóir ar Haut-Katanga go dtí mí Aibreáin 2017, bhí Jean-Claude Kazembe Musonda freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus PNC as forneart agus cur faoi chois foréigneach in Haut-Katanga, lena n-áirítear idir an 15 agus an 31 Nollaig 2016, nuair a maraíodh 12 shibhialtach agus nuair a gortaíodh 64 mar thoradh ar fhorneart marfach a d’úsáid fórsaí slándála, gníomhairí Póilíní Náisiúnta an Chongó (PNC) ina measc, mar fhreagra ar agóidí in Lubumbashi.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Jean-Claude Kazembe Musonda le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Tá Jean-Claude Kazembe Musonda ina cheannaire ar pháirtí CONAKAT, páirtí atá dílis i gcónaí do Front Commun pour le Congo (FCC).

29.5.2017

9

Éric RUHORIMBERE

ar a dtugtar freisin Eric Ruhorimbere Ruhanga; “Tango Two”; “Tango Deux”.

Dáta Breithe: 16.7.1969.

Áit bhreithe: Minembwe DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir aitheantais mhíleata: 1-69-09-51400-64.

Uimhir pas Phin DRC OB0814241.

Seoladh: Mbujimayi, Kasai Province, DRC

Inscne: Fireann

Agus é ina Leas-Cheannasaí ar an 21ú réigiún míleata ó mhí Mheán Fómhair 2014 go dtí mí Iúil 2018, bhí Éric Ruhorimbere freagrach as úsáid dhíréireach fornirt agus as maruithe seachbhreithiúnacha a rinne Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), go háirithe i gcoinne mhílíste Nsapu agus i gcoinne ban agus leanaí.

Tá Éric Ruhorimbere ina Cheannasaí ar earnáil oibríochtúil an Nord Equateur ó mhí Iúil 2018. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Éric Ruhorimbere le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

29.5.2017

10

Emmanuel RAMAZANI SHADARI

ar a dtugtar freisin Emmanuel Ramazani Shadari Mulanda; Shadary.

Dáta Breithe: 29.11.1960.

Áit bhreithe: Kasongo DRC.

Náisiúntacht: DRC.

Seoladh: 28, avenue Ntela, Mont Ngafula, Kinshasa, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Leas-Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Baile agus Slándála go dtí mí Feabhra 2018, bhí Emmanuel Ramazani Shadari freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le forneart a úsáid go díréireach, amhail cniogbheartaíocht fhoréigneach ar chomhaltaí den ghluaiseacht Bundu Dia Congo (BDK) in Kongo Láir, as an gcur faoi chois in Kinshasa ó mhí Eanáir gomí Feabhra 2017 agus as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i gcúigí Kasai.

Sa cháil sin, is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

Ó mhí Feabhra 2018, tá Emmanuel Ramazani Shadari bhuanrúnaí ar Parti du peuple pour la reconstruction et le développement (PPRD), an príomhpháirtí sa chomhghuaillíocht faoin iarUachtarán Joseph Kabila.

29.5.2017

11

Kalev MUTONDO

ar a dtugtar freisin Kalev Katanga Mutondo, Kalev Motono, Kalev Mutundo, Kalev Mutoid, Kalev Mutombo, Kalev Mutond, Kalev Mutondo Katanga, Kalev Mutund.

Dáta Breithe: 3.3.1957.

Náisiúntacht: DRC.

Uimhir an Phas: DB0004470 (bailí ó 8.6.2012 go 7.6.2017)

Seoladh: 24, avenue Ma Campagne, Kinshasa, DRC.

Inscne: Fireann

Agus é ina Cheannasaí na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise (ANR) go dtí mí Feabhra 2019, bhí baint ag Kalev Mutondo le comhaltaí den fhreasúra, gníomhaithe sa tsochaí sibhialta agus daoine eile a ghabháil go treallach agus a choinneáil agus le drochíde a thabhairt dóibh agus bhí sé freagrach as an méid sin.

Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Kalev Mutondo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC.

I mí na Bealtaine 2019, shínigh sé dearbhú maidir le dílseacht san am atá caite agus sa todhchaí do Joseph Kabila agus tá sé mór leis i gcónaí.

Tá tionchar mór polaitiúil fós ag Kalev Mutondo ina ról nua mar “chomhairleoir polaitiúil” do Phríomh-Aire DRC.

29.5.2017

B.   Eintitis.


Ceartúcháin

11.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 419/36


Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 321 an 17 Nollaig 2018 )

Ar leathanach 205, Iarscríbhinn XI, pointe 3

in ionad:

“3.

Idir-inoibritheacht Ghlacadóirí raidió cairr

Aon ghlacadóir raidió cairr arna chomhtháthú i bhfeithicil nua de chatagóir M a chuirtear ar fáil ar an margadh lena dhíol lena chur ar cíos san Aontas ón 21 Nollaig 2020 , beidh ann ...”,

léitear:

“3.

Idir-inoibritheacht ghlacadóirí raidió cairr

Aon ghlacadóir raidió cairr arna chomhtháthú i bhfeithicil nua de chatagóir M a chuirtear ar an margadh lena dhíol lena chur ar cíos san Aontas ón 21 Nollaig 2020 , beidh ann ...”.