ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
13 Feabhra 2018


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/181 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2017 lena leasófar Iarscríbhinn IIIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 40 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

13.2.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2018/181 ÓN GCOIMISIÚN

an 18 Deireadh Fómhair 2017

lena leasófar Iarscríbhinn IIIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 an 27 Meitheamh 2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7b agus Airteagal 7e de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 is gá údarú i leith aon onnmhairiú d’earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis agus seirbhísí bróicéireachta nó cúnamh teicniúil a bhaineann leis na hearraí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

Tá feidhm ag an Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIb a ghabhann leis an Rialachán sin, maidir le honnmhairithe chuig tíortha a bhfuil pionós an bháis díothaithe acu i gcás gach coire agus an díothú sin deimhnithe trí ghealltanas idirnáisiúnta, má chomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais maidir le húsáid an údaraithe sin. I gCuid 2 de, liostaítear na tíortha ábhartha.

(3)

Maidir le tíortha nach baill de Chomhairle na hEorpa iad, áirítear ar an liosta sin na tíortha sin ní hamháin a bhfuil pionós an bháis díothaithe acu i gcás gach coire ach a bhfuil an Dara Prótacal roghnach don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla daingnithe acu freisin gan forchoimeádas a dhéanamh.

(4)

Tar éis dóibh an Prótacal sin a dhaingniú gan forchoimeádas a dhéanamh, comhlíonann an Phoblacht Dhoiminiceach, São Tomé agus Príncipe, agus Tóga na coinníollacha maidir le bheith áirithe ar an liosta sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a leasú dá réir sin.

(6)

Chun ualach riaracháin míchuí ar onnmhaireoirí agus údaráis inniúla a sheachaint, ba cheart na honnmhaireoirí a bheith in ann brath ar an Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin leasaithe ón Aontas chomh luath agus is féidir. Dá bharr sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Iarscríbhinn IIIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, leasaítear an liosta i gCuid 2 — Cinn scríbe mar a leanas:

(1)

i ndiaidh Paragua, cuirtear isteach an iontráil “An Phoblacht Dhoiminiceach”;

(2)

i ndiaidh San Mairíne, cuirtear isteach an iontráil “São Tomé agus Príncipe”;

(3)

i ndiaidh Tíomór Thoir, cuirtear isteach an iontráil “Tóga”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Jean-Claude JUNCKER


(1)  IO L 200, 30.7.2005, lch. 1.