ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
30 Samhain 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2017/2108 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlan 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí ( 1 )

40

 

*

Treoir (AE) 2017/2109 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát

52

 

*

Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d'oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle ( 1 )

61

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán ( IO L 39, 9.2.2013 )

78

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 315 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar chaoi a chothóidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.

(2)

Le Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d'fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ina bhfuil, inter alia, prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní na mara a chaomhnú agus a bhainistiú. Faoi chuimsiú na hoibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.

(3)

De bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle (5), is Páirtí Conarthach an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“Coinbhinsiún ICCAT”) ón 14 Samhain 1997.

(4)

Tá Coinbhinsiún ICCAT ina chreat do chomhar réigiúnach i ndáil le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird tríd an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a bhunú.

(5)

Tá an t-údarás ag ICCAT cinntí éigeantacha (moltaí) a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh atá faoina chúram, agus tá na cinntí sin ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Is ar na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT go háirithe a bhíonn na moltaí sin dírithe, ach cuireann siad oibleagáidí ar oibreoirí príobháideacha (e.g. máistrí soithigh) chomh maith. Tagann moltaí ICCAT i bhfeidhm 6 mhí tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais a luaithe is féidir.

(6)

Foráiltear le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe go mbeidh feidhm le bheith ag an Rialachán sin gan dochar d'fhorálacha dhlí an Aontais lena gcuirtear chun feidhme forálacha arna nglacadh ag na heagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh (ERBInna) a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach iontu.

(7)

Is le Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 (7) ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 (8) ón gComhairle a cuireadh chun feidhme den uair dheireanach moltaí maidir le caomhnú agus forfheidhmiú ICCAT.

(8)

Cuireadh moladh ICCAT maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don Tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir chun feidhme le Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ní chumhdaíonn an Rialachán sin plean téarnaimh ilbhliantúil dá shaghas.

(9)

Le linn dó na moltaí sin a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, lena n-áirítear trealamh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.

(10)

Níor cheart a dhéanamh le reachtaíocht an Aontais ach moltaí ICCAT a chur chun feidhme d'fhonn iascairí an Aontais agus iascairí tríú tír a chur ar comhchéim agus a áirithiú gur féidir le cách glacadh leis na rialacha.

(11)

Ba cheart na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith gan dochar do mholtaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

(12)

D'fhonn leasuithe a dhéanfar amach anseo ar mholtaí ICCAT a chur chun feidhme gan mhoill i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart í a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(14)

Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh reachtaíocht Aontais d'fhonn córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ar cuid de an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (12), bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, córas ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (13), leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (14), bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Cuirtear chun feidhme leis na Rialacháin sin cheana roinnt de na forálacha a leagtar síos i moltaí ICCAT. Ní gá, dá bhrí sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(15)

Le moltaí ICCAT, arna léamh in éineacht leis na rialacha is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, féadfaidh soithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú ar muir in uiscí nach de chuid an Aontais iad atá laistigh de limistéar ICCAT. Mar sin féin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar bhealach cuimsitheach agus córasach faoi chuimsiú na ERBInna d'fhonn toirmeasc an Aontais maidir le trasloingsiú ar muir in uiscí an Aontais a shíneadh go dtí na huiscí uile.

(16)

Le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, oibleagáid a bhfuil feidhm aici ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh maidir le hiascaigh bheaga pheiligeacha agus iascaigh pheiligeacha ar mhórscála, iascaigh chun críoch iascaireachta tionsclaíche agus iascaigh bradán i Muir Bhailt. Faoi Airteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, tá an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail na hoibleagáidí a thagann as moltaí ICCAT. Leis an bhforáil chéanna sin cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, chun oibleagáidí idirnáisiúnta den chineál sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais, lena n-áirítear, go háirithe, maoluithe ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá réir sin, tugtar cead éisc a aischur in iascaigh áirithe le haghaidh iascaigh bheaga pheiligeacha agus iascaigh pheiligeacha ar mhórscála i gcásanna áirithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún (15).

(17)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (16), bunaítear cláir doiciméad staidrimh le haghaidh an cholgáin agus an tuinnín mhórshúiligh i gcomhréir le forálacha ábhartha ICCAT. De bhrí go bhfuil forálacha nua i dtaca le cláir staidrimh glactha ag ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 a leasú d'fhonn na forálacha sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(18)

Le blianta beaga anuas athraíodh nó aisghaireadh roinnt mhaith de mholtaí ICCAT. Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe i dtaca le speicis éisc mhór-imirceacha arna mbainistiú ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa agus a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus, i gcás trasloingsithe, lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT má thrasloingsíonn siad speicis a ghabhtar sa limistéar sin;

(b)

soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn speicis ICCAT á n-iompar acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafoirt;

(c)

soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír atá ag gabháil d'iascaigh áineasa a oibríonn in uiscí an Aontais.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na forálacha seo a leagtar síos i Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe (17) agus i Rialachán (AE) 2016/1627.

Beidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “speicis ICCAT” speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

(2)

ciallaíonn “tuinnín trópaiceach” tuinnín mórshúileach, tuinnín buí agus boiníotó aigéanach;

(3)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach atá feistithe chun saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó atá feistithe le gaiste tuinnín ghoirm;

(4)

ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha mara a ghabháil;

(5)

ciallaíonn“soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;

(6)

ciallaíonn “údarú iascaireachta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(7)

ciallaíonn “údarú iascaireachta speisialta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le trealamh ar leith le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(8)

ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach eile;

(9)

ciallaíonn “iascach áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(10)

ciallaíonn “sonraí Thasc I” sonraí atá sainmhínithe ag ICCAT mar shonraí Thasc I sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;

(11)

ciallaíonn “sonraí Thasc II” sonraí atá sainmhínithe ag ICAAT mar shonraí Thasc II sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;

(12)

ciallaíonn “CPC” páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta;

(13)

ciallaíonn “limistéar Choinbhinsiún ICCAT” uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird;

(14)

ciallaíonn “comhaontú comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe” comhaontú idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe 37 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(15)

ciallaíonn “fad soithigh” an fad arna thomhas i líne dhíreach idir an pointe is mó chun tosaigh ar an gceann go dtí an pointe is mó chun deiridh ar an deireadh;

(16)

ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach ar mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;

(17)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta mórscála” soitheach iascaireachta ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;

(18)

ciallaíonn “soitheach gabhála mórscála” soitheach gabhála ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;

(19)

ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iascaireachta mórscála” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí iascaireachta mórscála atá údaraithe díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(20)

ciallaíonn “soitheach tacaíochta” soitheach seachas árthach atá ar bord nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil feistithe air agus a éascaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta, a chuidíonn leo nó a ullmhaíonn iad, lena n-áirítear trí sholáthairtí a chur ar fáil do shoitheach gabhála;

(21)

ciallaíonn “soitheach iompair” soitheach tacaíochta atá i mbun trasloingsithe agus atá ag fáil speicis ICCAT ó shoitheach spiléir peiligeach mórscála;

(22)

ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iompair” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí atá údaraithe trasloingsiú a fháil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(23)

ciallaíonn “taifead ICCAT maidir le soithí atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICATT de shoithí iascaigh mórscála atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(24)

ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” (FAD) aon trealamh atá ar snámh ar dhromchla na farraige agus a imscartar chun éisc a mhealladh;

(25)

ciallaíonn “iascaireacht NNN” gníomhaíochtaí iascaireachta a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(26)

ciallaíonn “liosta NNN ICCAT” liosta de shoithí a mheasann ICCAT go raibh siad i mbun iascaireacht NNN;

(27)

ciallaíonn “spiléir” trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;

(28)

ciallaíonn “peaslíonta saighne” líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(29)

ciallaíonn “duán” píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe.

TEIDEAL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA, CAOMHNAITHE AGUS RIALAITHE MAIDIR LE SPEICIS ÁIRITHE

CAIBIDIL I

Tuinníní trópaiceacha

Airteagal 5

Srianta ar líon na soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais

a dhíríonn ar thuinníní mórshúileacha Maidir le líon agus acmhainn iomlán in olltonnáiste (GT) soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais a dhíríonn ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT:

(a)

measfar gurb é a bheidh ann meánlíon agus meánacmhainn, in GT, na soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na tréimhse 1991 go 1992; agus

(b)

ar bhonn an tsriain a bhí ar líon na soithí gabhála a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach in 2005 mar a cuireadh in iúl do ICCAT ar an 30 Meitheamh 2005.

Airteagal 6

Údaruithe sonracha do shoithí gabhála mórscála a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha agus do shoithí tacaíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha arna leagan síos i Rialachán maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe (18), do shoithí gabhála mórscála a mbíonn a mbratach ar foluain orthu tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.   Eiseoidh na Ballstáit údaruithe do shoithí tacaíochta a mbíonn a mbratach ar foluain orthu agus a úsáidtear chun tacaíocht de chineál ar bith a thabhairt do shoithí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 7

Taifead ICCAT ar shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus laistigh de 30 lá tar éis na himeachta sin ar a dhéanaí, faoi imeacht ar bith a fhágann gur gá cur le taifead ICCAT ar údaraithe tuinníní trópaiceacha, scriosanna a dhéanamh ann nó leasuithe a dhéanamh air. Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus ar a laghad laistigh de 45 lá tar éis na himeachta sin, an fhaisnéis sin a sheoladh chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.   Ní cheadófar do shoithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha, tuinníní trópaiceacha i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

Airteagal 8

Liosta de na soithí a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha aon bhliain ar leith

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain liosta de na soithí údaraithe, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a rinne tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT sa bhliain féilire roimhe sin. Faoin 31 Iúil gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún fógra do ICCAT faoi na liostaí a fuarthas ó na Ballstáit.

Airteagal 9

Pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc

1.   Maidir le soithí peaslín saighne agus báid baoite ag iascach tuinníní trópaiceacha, i gcomhar le feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), cuirfidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig gach bliain, pleananna bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh úsáid FADanna ag soithí a mbíonn a mbratach ar foluain orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.

2.   Beidh an méid seo d'aidhm ag pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

feabhas a chur ar an eolas ar thréithe FAD, tréithe baoi, iascaireacht le FAD, lena n-áirítear iarracht iascaireachta, agus ar an tionchar gaolmhar a imrítear ar spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad;

(b)

bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar imscaradh agus aisghabháil FADanna agus rabhchán agus ar an bhféidearthacht go gcaillfí iad;

(c)

tionchar FADanna agus iascaireacht FAD ar an éiceachóras a laghdú agus a theorannú, agus sin a dhéanamh, nuair is iomchuí, trí bhearta a dhéanamh i leith gnéithe éagsúla den ráta báis san iascaireacht (e.g. an líon FADanna a imscartar, lena n-áirítear an líon cur FAD de réir líon soithí peas-saighne, acmhainn iascaireachta, líon soithí tacaíochta).

3.   Sna pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh níos mó ná 500 baoi uirlise in úsáid am ar bith do gach soitheach peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus atá ag iascach tuinníní trópaiceacha i gcomhar le FADanna.

Airteagal 10

Ceanglais ar FADanna

1.   Comhlíonfaidh FADanna na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní bheidh struchtúr dromchlach an FAD clúdaithe le hábhar ar bith nó déanfar é a chlúdach le hábhar is lú baol go rachadh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus leis an ábhar sin amháin; agus

(b)

beidh na comhpháirteanna fodhromchlacha déanta d'ábhar nach rachaidh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus d'ábhar den chineál sin amháin.

2.   Agus FADanna á ndearadh, tabharfar tosaíocht, más féidir, d'ábhair in-bhithdhíghrádaithe d'fhonn deireadh a chur le FADanna neamh-bhithmhillte faoi 2018.

3.   Tuairisceoidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71, ar na céimeanna a dhéanfar chun comhlíonadh mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo a áirithiú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 11

Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag soithí

1.   Gach uair a dhéanfar FAD a imscaradh, déanfaidh soithí peaslíon saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a)

suíomh FAD;

(b)

dáta imscartha FAD;

(c)

an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD saorga le sruth);

(d)

aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó an t-aitheantas rabhcháin, an cineál baoi, e.g., baoi simplí, nó baoi a ghabhann le sondálaí fuaime), nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a aithint;

(e)

tréithe dearaidh FAD (toisí agus ábhar na páirte a bhíonn ar snámh agus an strúchtúr a bhíonn ar crochadh faoi uisce, agus gné fostúcháin an strúchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce).

2.   Gach uair a théann soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais chuig FAD, má dhéantar cur ina dhiaidh sin nó mura ndéantar, déanfaidh siad an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a)

cineál cuairte (tarraingt, aisghabháil, obair ar threalamh leictreonach);

(b)

suíomh an FAD;

(c)

dáta cuairte;

(d)

an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD nadúrtha le sruth, FAD saorga le sruth);

(e)

aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó aitheantas rabhcháin) nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint;

(f)

má dhéantar cur tar éis dul chuig an FAD, torthaí an chuir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, is cuma cé acu ar coinníodh iad nó an ndearnadh iad a aischur, beo nó marbh, nó, mura ndéantar cur tar éis dul chuig an FAD, an chúis atá leis an gcinneadh sin (mura bhfuil a dhóthain iasc ann nó má tá na héisc róbheag, mar shampla).

3.   Gach uair a dhéanfar FAD a chailleadh, déanfaidh soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta uile an Aontais, an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a)

an suíomh deireanach a cláraíodh;

(b)

an dáta ar cláraíodh an suíomh deireanach;

(c)

aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó an t-aitheantas rabhcháin) nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint.

4.   Déanfaidh soithí iascaigh de chuid an Aontais uasdhátú ar bhonn ráithiúil ar liosta na FADanna a imscartar, ina mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn-III ar a laghad.

Airteagal 12

Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag na Ballstáit

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain, 15 lá roimh an sprioc-am arna shocrú ag ICCAT don bhliain sin, i dtreo is go bhféadfar í a chur ar fáil do Rúnaíocht ICCAT:

(a)

an líon FADanna a imscartar iarbhír, ar bhonn ráithiúil, de réir chineál FAD, agus é tugtha le fios arbh ann nó as do rabhchán/do bhaoi nó do shondálaí fuaime a ghabhann leis an FAD;

(b)

an líon agus cineál rabhchán/baoithe (e.g. raidió, le sondálaí fuaime) a imscartar iarbhír, ar bhonn ráithiúil;

(c)

an meánlíon de rabhcháin ghníomhacha/bhaoithe gníomhacha a lean gach soitheach ar bhonn ráithiúil;

(d)

an meánlíon FADanna gníomhacha a cailleadh, ar bhonn ráithiúil;

(e)

i ndáil le gach soitheach tacaíochta, an líon laethanta a caitheadh ar muir, in aghaidh gach limistéir greille 1o, in aghaidh na míosa agus de réir Ballstát brataí.

Airteagal 13

Logleabhair

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go ndéanfar logleabhair iascaigh pháipéir agus leictreonacha, mar aon le logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, a bhailiú gan mhoill agus a chur ar fáil d'eolaithe an Aontais;

(b)

go gcuirfear an fhaisnéis arna bailiú ó logleabhair iascaigh nó logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, san áireamh i sonraí Thasc II a tharchuirfear chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 50.

Airteagal 14

Iamh ama agus limistéir d'fhonn éisc óga a chosaint

1.   Beidh toirmeasc ar dhíriú ar thuinníní trópaiceacha, nó ar ghníomhaíochtaí a thacaíonn leis sin, i gcomhar le nithe, FADanna san áireamh, a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiú éisc:

(a)

ón 1 Eanáir go dtí an 28 Feabhra gach bliain; agus

(b)

sa limistéar atá iniata acu seo:

An teorainn thuaisceartach — Líne 5° domhanleithead ó thuaidh;

An teorainn dheisceartach — Líne 4° domhanleithead ó dheas;

An teorainn iartharach — Fadlíne 20° domhanfhad siar;

An teorainn oirthearach — cósta na hAfraice.

2.   Áireofar sa toirmeasc dá dtagraítear i mír 1:

(a)

nithe snámha ar bith a sheoladh, bíodh baoithe leo nó ná bíodh;

(b)

iascaireacht a dhéanamh thart ar, faoi bhun nó i gcomhar le nithe saorga, lena n-áirítear soithí;

(c)

iascaireacht a dhéanamh thart ar, faoi bhun nó i gcomhar le nithe nádúrtha;

(d)

nithe snámha atá laistigh den limistéar a tharraingt amach as an limistéar sin.

3.   Gach Ballstát a ndéantar iascaireacht lena shoithigh i limistéar geografach an iaimh ama agus limistéir, déanfaidh sé an méid seo:

(a)

gníomhaíocht iomchuí le háirithiú go mbeidh breathnóir ar bord gach soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain air, lena n-áirítear soithigh tacaíochta, fad is atá na soithí sin i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta le linn an iaimh ama agus limistéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Leis an gclár breathnóirí comhlíonfar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, gan dochar d'Airteagal 73 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)

an fhaisnéis arna bailiú ag na breathnóirí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do ICCAT faoin 31 Iúil;

(c)

gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu agus nach bhfuil ag cloí leis an iamh ama agus limistéir dá dtagraítear i mír 1;

(d)

tuarascáil faoin méid a chloígh sé leis an iamh ama agus limistéir a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid dá thuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

Airteagal 15

Tuinníní trópaiceacha a iascach in uiscí áirithe de chuid na Portaingéile

Beidh toirmeasc ar aon chainníocht de thuinníní trópaiceacha arna ngabháil le peaslíonta saighne in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile i bhfolimistéar ICES X atá suite ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 36°30′ ó thuaidh nó i limistéir CECAF ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 31° ó thuaidh agus lastoir den líne domhanfhad 17°30′ thiar, beidh toirmeasc ar aon chainníochtaí de na tuinníní trópaiceacha sin a choinneáil ar bord, agus ar dhíriú ar speicis den chineál sin sna limistéir sin leis an trealamh sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

Airteagal 16

Iascaireacht NNN a shainaithint

Má chuireann Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT an Coimisiún ar an eolas faoi shárú a d'fhéadfadh a bheith déanta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar Airteagal 7(2) agus Airteagal 14 (1) agus (2), cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát brataí lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát sin an cás a imscrúdú gan mhoill agus, má bhíonn an soitheach ag iascaireacht i gcomhar le nithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiúcháin éisc, FADanna san áireamh, iarrfaidh sé ar an soitheach scor den iascaireacht agus, más gá, an limistéar a fhágáil gan mhoill. Tuairisceoidh an Ballstát brataí lena mbaineann don Choimisiún gan mhoill faoi thorthaí a chuid imscrúduithe agus na bearta a rinneadh mar thoradh orthu. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Stát cósta agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT.

CAIBIDIL II

Tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh

Airteagal 17

Srianta ar an líon soithí

Measfar gurb é a bheidh sa mheánlíon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag iascach tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh mar spriocspeiceas le linn na tréimhse 1993 go 1995, gurb é a bheidh ann an t-uaslíon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

CAIBIDIL III

Colgáin

Roinn 1

Colgáin san Atlantach

Airteagal 18

Pleananna bainistíochta le haghaidh cholgán an Atlantaigh Thuaidh

Na Ballstáit ar cionroinneadh cuóta orthu agus a ndéanann soithí dá gcuid iascaireacht ar cholgáin an Atlantaigh Thuaidh, cuirfidh siad a bplean bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 19

Íosmhéid le haghaidh colgán an Atlantaigh Thuaidh

1.   Beidh toirmeasc ar dhíriú ar cholgáin, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol, a dhíol nó a mhargú má tá níos lú ná 25 kg de bheomheáchan iontu, nó, de rogha air sin, má tá siad faoi bhun 125 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, d'fhéadfaí gabhálacha de thaisme de cholgáin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thraschur, a thabhairt i dtír, a iompar, a stórail a dhíol, a thaispeáint nó a chur ar díol más rud é gur níos lú ná 15 % an líon colgán a ghabhtar de thaisme agus nach bhfuil níos mó ná 25 kg beomheáchan iontu nó má tá siad faoi bhun 125 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

3.   Déanfar an lamháltas 15 % dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ar bhonn an lín colgán mar chuid de líon iomlán gabhála colgán an tsoithigh in aghaidh gach tabhairt i dtír.

Roinn 2

Colgáin sa Mheánmhuir

Airteagal 20

Soithí údaraithe chun díriú ar cholgáin Mheánmhuirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe (19) chun díriú ar cholgáin Mheánmhuirí.

2.   Faoin 8 Eanáir gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a sheoladh chuig an gCoimisiún san fhormáid a leagtar síos sna Treoirlínte maidir le sonraí agus faisnéis a éilíonn ICCAT a thíolacadh:

(a)

liosta soithí gabhála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus atá údaraithe díriú ar cholgáin Mheánmhuirí;

(b)

liosta soithí gabhála atá údaraithe acu díriú ar cholgáin Mheánmhuirí i gcúrsa iascach áineasa.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Eanáir gach bliain.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus laistigh de 30 lá ar a dhéanaí faoi aon bhreisiúchán, aon scriosadh nó aon mhodhnú a dhéantar ar liostaí soithí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a sheoladh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill agus ar a laghad laistigh de thréimhse 45 lá tar éis dháta an bhreisiúcháin ar na liostaí sin, a scriosta nó an mhodhnaithe orthu.

Airteagal 21

Foghabháil

Na soithí gabhála de chuid an Aontais nach bhfuil san áireamh sa liosta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(2), ní bheidh siad údaraithe colgáin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír más mó ná 5 % den ghabháil iomlán ar bord iad ar bhonn meáchain agus/nó an lín píosaí.

Airteagal 22

Údarú iascaireachta speisialta

1.   Na soithí gabhála de chuid an Aontais atá san áireamh sa liosta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(2) agus a úsáideann harpúin nó spiléir, beidh údarú iascaireachta speisialta acu.

2.   Faoin 30 Meithimh gach bliain, déanfaidh na Ballstáit liosta na n-údaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus a seachadadh sa bhliain roimhe sin a sheoladh go leictreonach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

Airteagal 23

Séasúir iata le haghaidh iascaireachta

1.   Ní dhéanfar colgáin Mheánmhuirí a ghabháil (mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil), a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír le linn na dtréimhsí ón 1 go 31 Márta agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain gach bliain.

2.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht an iaimh agus seolfaidh siad gach faisnéis ábhartha chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa gach bliain maidir le rialuithe agus cigireachtaí iomchuí a rinneadh chun a áirithiú go gcomhlíontar mír 1. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 2 mhí ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

Airteagal 24

Íosmhéid le haghaidh colgáin Mheánmhuirí

1.   Ní féidir ach eiseamail iomlána colgán a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír nó a iompar, is é sin le rá gan aon chuid de bhaill coirp an éisc a bheith bainte de nó gan é a bheith geolbhaithe agus glanta.

2.   Beidh toirmeasc ar cholgán na Meánmhara a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol más amhlaidh go bhfuil siad faoi bhun 90 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill, nó, de rogha air sin, go bhfuil siad faoi bhun 10 kg meáchan slánaithe nó 9 kg meáchan geolbhaithe agus glanta, nó 7,5 kg cóirithe (geolbhaithe, glanta, eití bainte, cuid den chloigeann bainte).

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh foghabhálacha de cholgáin Mheánmhuirí faoi bhun an íosmhéid atá leagtha amach sa mhír sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol más amhlaidh nach mó iad ná 5 % den ghabháil iomlán colgán Mheánmhuirí ar bord an tsoithigh ó thaobh meáchain nó ó thaobh an lín píosaí in aghaidh gach tabhairt i dtír.

Airteagal 25

Sonraíochtaí teicniúla an trealaimh iascaireachta do shoithí atá údaraithe díriú ar cholgáin Mheánmhuirí

1.   De mhaolú ar Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (20), socrófar gur 2 800 duán an líon uasta duán is ceadmhach a chur nó a ghlacadh ar bord soithí atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí.

2.   Le cois an lín uasta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh tacar breise de dhuáin rigeála a cheadú ar bord le haghaidh turais níos faide ná 2 lá ar choinníoll go bhfuil sé fáiscthe agus ar stuáil go hiomchuí ar dheiceanna íochtair ionas nach n-úsáidfear go héasca é.

3.   Ní bheidh méid an duáin níos lú ná 7 cm ar airde.

4.   Ní rachaidh fad na spiléar peiligeach thar 30 muirmhíle (55,56 km).

Airteagal 26

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le colgáin Mheánmhuirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi shoithí gabhála a mbíonn a bhratach ar foluain orthu a bhí údaraithe iascaireacht spiléir pheiligeach nó iascaireacht harpúin a dhéanamh ina ndírítear ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Meitheamh gach bliain:

(a)

faisnéis faoin soitheach gabhála:

(i)

ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, léireofar an uimhir chláraithe gan litreacha na tíre san áireamh);

(ii)

uimhir chlár cabhlaigh an Aontais de réir mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún (21);

(iii)

uimhir thaifid ICCAT;

(b)

faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta, bunaithe ar shampláil nó ar an gcabhlach ar fad:

(i)

Tréimhse (tréimhsí) iascaireachta agus líon iomlán laethanta iascaireachta an tsoithigh, de réir speicis agus limistéir;

(ii)

limistéir gheografacha, de réir dronuilleoga staitistiúla ICCAT, do na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;

(iii)

cineál soithigh, de réir spriocspeicis agus limistéir;

(iv)

an líon duán a úsáideann an soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;

(v)

an líon aonad spiléir a úsáideann an soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;

(vi)

fad iomlán na n-aonad spiléir don soitheach, de réir spriocspeicis agus limistéir;

(c)

sonraí faoi na gabhálacha, sa tréimhse ama-limistéar is lú is féidir:

(i)

méid agus, más féidir, dáileadh aoise na ngabhálacha;

(ii)

gabhálacha agus comhdhéanamh gabhála in aghaidh an tsoithigh;

(iii)

iarracht iascaireachta (meánlíon laethanta iascaireachta in aghaidh an tsoithigh, meánlíon duán in aghaidh an tsoithigh, meánlíon aonad spiléir in aghaidh an tsoithigh, meánfhad iomlán spiléir in aghaidh an tsoithigh).

2.   Seolfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 san fhormáid arna bunú ag ICCAT.

3.   Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

CAIBIDIL IV

Mairlín gorm agus mairlín geal san Atlantach

Airteagal 27

Mairlín gorm agus mairlín geal a ghabhtar beo a scaoileadh saor

1.   De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh a gcuóta á ídiú acu, áiritheoidh na Ballstáit go scaoilfidh na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu gach mairlín gorm (Makaira nigricans) agus gach mairlín geal (Tetrapturus albidus) atá ina mbeatha go fóill tráth a thugtar ar bord iad.

2.   Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 na bearta is iomchuí chun a áirithiú go ndéantar na mairlíní gorma agus na mairlíní geala a scaoileadh saor ar bhealach le go dtiocfadh a oiread agus is féidir slán.

Airteagal 28

Mairlíní gorma agus mairlíní geala a thabhairt i dtír de bhreis ar na deiseanna iascaireachta

Nuair atá a chuóta ídithe ag Ballstát, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndíolfar agus nach gcuirfear ar an margadh mairlíní gorma agus mairlíní geala arna dtabhairt i dtír, mairlíní gorma agus mairlíní geala a bhí marbh tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad. Ní bhainfear tabhairt i dtír dá leithéid de theorainneacha gabhála an Bhallstáit mar a leagtar amach i mír 1 de Mholadh ICCAT 2015-05 iad, ar choinníoll go mínítear toirmeasc den sórt sin go soiléir sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo.

Airteagal 29

Iascaigh áineasa mairlíní gorma agus mairlíní geala

1.   Na Ballstáit a bhfuil a gcuid soithí ag gabháil d'iascach áineasa mairlíní gorma agus mairlíní geala, áiritheoidh siad go leanfaidh breathnóirí eolaíocha de 5 % de na gabhálacha de mhairlíní gorma agus de mhairlíní geala a thugtar i dtír a bhreathnú.

2.   In iascaigh áineasa mairlíní gorma, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 251 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

3.   In iascaigh áineasa mairlíní geala, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 168 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

4.   Maidir le mairlíní gorma nó mairlíní geala a ghabhtar in iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar a ndíol nó a gcur ar díol ina gconablacha iomlána nó ina gcodanna de chonablach.

CAIBIDIL V

Siorcanna

Airteagal 30

Forálacha ginearálta

1.   In iascaigh nach bhfuil ag díriú ar shiorcanna, na siorcanna beo a ghabhtar de thaisme agus nach n-úsáidtear le haghaidh bia nó cothaithe, scaoilfear saor iad.

2.   I gcás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit taighde ar speicis de shiorcanna a ghabhtar i limistéar Chonbhinsiún ICCAT chun roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú, chun limistéir a d'fhéadfadh bheith ina n-iasclanna a shainaithint agus chun iamh ama agus limistéir agus bearta eile a mheas, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh taighde dá shórt faisnéis ar fáil faoi pharaiméadair ríthábhachtacha bhitheolaíochta agus éiceolaíochta, faoi bheatha agus gnéithe iompair ainmhithe, chomh maith le limistéir a shainaithint a d'fhéadfadh bheith ina meánna le haghaidh cúplála, pór a bhreith agus iasclann.

Airteagal 31

Craosairí (Lamna nasus)

1.   Maidir le craosairí a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablaigh iomlána.

2.   Maidir le craosairí a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thugtar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 32

Sionnaigh mhara mhórshúileacha (Alopias superciliosus)

1.   Maidir le sionnaigh mhara mhórshúileacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.   Maidir le sionnaigh mhara mhórshúileacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 33

Siorcanna mácó biorshrónacha (Isurus oxyrinchus)

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí leis an ráta báis a laghdú in iascaigh a dhíríonn ar shiorcanna mácó biorshrónacha agus tuairisceoidh siad an dul chun cinn ina leith sin don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

Airteagal 34

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)

1.   Maidir le siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.   Maidir le siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 35

Siorcanna ceann casúir

1.   Maidir le siorcanna ceann casúir de phór Sphyrnidae (ach amháin Sphyrna tiburo) a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.   Maidir le siorcanna ceann casúir a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 36

Síodsiorcanna (Carcharhinus falciformis)

1.   Maidir le síodsiorcanna a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.   Maidir le síodsiorcanna a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú, ar a dhéanaí sula gcuirtear an ghabháil isteach i mbolg an tsoithigh, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil bhaill an chriú.

3.   Na soithí peas-saighne de chuid an Aontais atá ag gabháil d'iascaigh ICCAT, déanfaidh siad bearta breise chun ráta marthanais na síodsiorcanna a ghabhtar de thaisme a mhéadú. Tuairisceoidh na Ballstáit an dul chun cinn ina leith sin don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

Airteagal 37

Sampláil speiceas siorcanna arna déanamh ag breathnóirí eolaíochta agus daoine aonair údaraithe eile

1.   De mhaolú ar an toirmeasc ar chraosairí, sionnaigh mhara mhórshúileacha, siorcanna bána aigéanacha, siorcanna ceann casúir (de phór Sphyrnidae, ach amháin Sphyrna tiburo) agus síodsiorcanna a choinneáil ar bord, mar a leagtar amach in Airteagail 31, 32, 34, 35 agus 36, beidh de chead ag breathnóirí eolaíochta, nó ag daoine aonair a mbeidh údarú faighte acu ó CPC, samplaí bitheolaíocha a bhailiú le linn oibríochtaí iascaireachta tráchtála ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach mbailítear samplaí bitheolaíocha ach ó ainmhithe atá marbh tráth a thugtar ar bord iad;

(b)

go nglactar na samplaí mar chuid de chreat tionscadail taighde a cuireadh in iúl do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh agus a forbraíodh agus na tosaíochtaí taighde a mhol an Coiste sin á gcur san áireamh. Ba cheart doiciméad mionsonraithe a bheith san áireamh leis an tionscadal taighde ina dtugtar tuairisc ar chuspóir an tionscadail, na modheolaíochtaí atá le húsáid, líon agus cineál na samplaí atá le bailiú agus am agus limistéar na samplála;

(c)

coinnítear na samplaí bitheolaíocha ar bord go dtí go dtugtar i dtír iad ag an gcalafort nó go dtí go dtrasloingsítear iad; agus

(d)

ní mór údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air nó, i gcás soithí cairtfhostaithe, údarú ó CPC cairtfhostaithe agus údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air, dul in éineacht le gach sampla arna bhailiú i gcomhréir leis an Airteagal seo go dtí an calafort deiridh a dtugtar éisc i dtír ann. Ní chuirfear na samplaí sin nó codanna eile d'eiseamail na siorcanna a samplaíodh ar an margadh ná ní dhíolfar iad.

2.   Féadfaidh veirteabraí, fíochán, conair atáirgthe, goilí, samplaí craicinn, comhla corna, gialla, éisc iomlána nó cnámharlaigh a chur san áireamh sna samplaí bitheolaíocha dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh staidéar tacsanomaíoch agus fardail fána.

3.   Ní féidir tús a chur le feachtas samplála go dtí go n-eisíonn an Ballstát lena mbaineann an t-údarú.

CAIBIDIL VI

Éanlaith mhara

Airteagal 38

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mharasa limistéar idir 20° ó Dheas agus 25° ó Dheas

1.   Gach soitheach a théann ag iascaireacht idir 20° agus 25° ó dheas, déanfaidh siad línte scanraithe éan agus cuaillí scanraithe éan, a chomhlíonann na ceanglais agus na treorlínte forlíontacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V, a iompar agus a úsáid.

2.   Cuirfear línte scanraithe éan ag feidhmiú i gcónaí sula dtéann na spiléir amach san uisce.

3.   I gcás inarb indéanta, úsáidfear an dara cuaille scanraithe éan agus an dara líne scanraithe éan tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíocht éan ann.

4.   Beidh línte breise scanraithe éan ar bord gach soithigh agus iad réidh le húsáid ag am ar bith.

5.   Soithí spiléir atá ag díriú ar cholgáin trí úsáid a bhaint as trealamh spiléir aonfhiliméid, tá siad díolmhaithe ó cheanglais mhíreanna 1, 2 agus 3, faoi réir na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuirtear amach spiléir san oíche, agus déantar an oíche a shainmhíniú mar an tréimhse idir coineascar muirí agus camhaoir mhuirí dá dtagraítear san almanag loingseoireachta le haghaidh an limistéir iascaireachta i gceist; agus

(b)

úsáidtear íosmheáchan 60 g ar sclóin agus é suite laistigh de 3 mhéadar ón duán chun na rátaí suncála is fearr a bhaint amach.

Ballstáit brataí na soithí atá faoi réir an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad na torthaí eolaíocha a fuarthas mar gheall ar an gclúdach breathnóra ar na soithí sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 39

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mhara sa limistéar ar an taobh ó dheas de 25° ó dheas

Úsáidfidh soithí spiléir dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais agus leis na treorlínte forlíontacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V:

(a)

líonta a chur san oíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá;

(b)

línte scanraithe éan;

(c)

meáchan a chur ar na línte.

Airteagal 40

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le héanlaith mhara

1.   Déanfaidh soithí spiléir faisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil dá mBallstát brataí maidir le hidirbhearta le héanlaith mhara, lena n-áirítear gabhálacha a tharlaíonn de thaisme. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cur chun feidhme na mbeart atá leagtha síos in Airteagal 38 agus in Airteagal 39 agus maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh plean gníomhaíochta an Aontais a chur chun feidhme chun gabhálacha d'éanlaith mhara a tharlaíonn de thaisme i dtrealamh iascaireachta a laghdú.

CAIBIDIL VII

Turtair mhara

Airteagal 41

Forálacha ginearálta maidir le turtair mhara

1.   Déanfaidh soithí peas-saighne gan turtair mhara a chiorclú agus déanfaidh siad turtair mhara a chiorclaítear nó atá i bhfostú a scaoileadh saor, lena n-áirítear turtair atá i bhfostú ar FADanna. Déanfaidh siad idirbhearta idir peaslíonta saighne nó FADanna agus turtair mhara a thuairisciú dá mBallstát brataí.

2.   Déanfaidh soithí spiléir peiligeacha trealamh láimhseála sábháilte, trealamh fuascailte agus trealamh scaoilte saor a iompar agus a úsáid le gur féidir turtair mhara a scaoileadh saor ar bhealach le go dtiocfadh a oiread agus is féidir slán.

3.   Úsáidfidh iascairí ar shoithí spiléir pheiligeacha an trealamh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, ionas go dtiocfadh a oiread agus is féidir de na turtair mhara slán.

4.   Cuirfidh na Ballstáit oiliúint ar iascairí ar shoithí spiléir peiligeacha i dtaca le láimhseáil shábháilte agus teicnící scaoilte.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le turtair mhara

1.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir le hidirbhearta a soitheach le turtair mhara in iascaigh ICCAT de réir an chineáil trealaimh a bhailiú agus a tharchur chuig an gCoimisiún, faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. San fhaisnéis sin beidh an méid seo a leanas:

(a)

rátaí gabhála, gnéithe trealaimh, amanna agus suíomhanna, spriocspeicis agus stádas aischuir (i.e. caite thar bord agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha);

(b)

miondealú maidir le hidirbhearta le speicis turtair mhara; agus

(c)

an dóigh ar gabhadh ar dhuán nó san eangach é (lena n-áirítear le FADanna), cineál baoite, méid agus cineál an duáin, agus méid an ainmhí.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 maidir le cur chun feidhme Airteagal 41 agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha eile a dhéantar, i dtaca le hiascaigh ICCAT, chun Treorlínte maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta, a d'fhoilsigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) in 2010 a chur chun feidhme.

CAIBIDIL VIII

Deiseanna iascaireachta maidir le tuinníní gorma agus colgáin

Airteagal 43

Prionsabal ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta maidir le stoic an tuinnín ghoirm agus le stoic an cholgáin a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaireacht thraidisiúnta agus ar iascaireacht ar mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

TEIDEAL III

BEARTA RIALÁLA COITEANNA

CAIBIDIL I

Údaruithe

Airteagal 44

Taifead ICCAT ar shoithí iascaigh mórscála

1.   Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe (22), do shoithí iascaigh mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu, le díriú ar speicis ICCAT, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.   Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí iascaireachta mórscála arna n-údarú de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan mhoill ionas go gcuirfear san áireamh é ar an taifead atá ag ICCAT de na soithí iascaireachta mórscála.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill agus laistigh de thréimhse 30 lá ar a laghad, faoi imeacht ar bith ar gá breis a chur ina thaobh le taifead ICCAT maidir le soithí iascaireachta mórscála nó ar gá ábhar a scriosadh den taifead sin nó é a mhodhnú dá bharr. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT, laistigh de 45 lá ar a dhéanaí tar éis dháta an imeachta.

4.   Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil cláraithe ar thaifead ICCAT de na soithí iascaireachta mórscála, ní bheidh cead acu díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

CAIBIDIL II

Cairtfhostú

Airteagal 45

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le socruithe um chairtfhostú, nach mbaineann le cairtfhostú lom, idir soithí gabhála de chuid an Aontais agus soithí gabhála de chuid CPCanna, i gcás nach ndéanann na soithí gabhála de chuid an Aontais lena mbaineann a mbratach a athrú.

Airteagal 46

Forálacha ginearálta

1.   Ní bheidh de chead ag soithí gabhála de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i socrú um chairtfhostú arna chur i gcrích i gcomhar le CPCanna ach mar shoithí cairtfhostaithe, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh údarú iascaireachta ag na soithí cairtfhostaithe arna eisiúint ag CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN ICCAT;

(b)

ní bheidh na soithí údaraithe iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná aon socrú amháin maidir le cairtfhostú ag an am céanna;

(c)

déanfar gabhálacha na soithí cairtfhostaithe a dhíluchtú go heisiach i gcalafoirt na CPCanna cairtfhostaithe, mura ndéantar fóráil ar bith eile ina leith sa socrú maidir le cairtfhostú; agus

(d)

bunófar an chuideachta chairtfhostaithe go dleathach sa CPC cairtfhostaithe.

2.   Aon trasloingsiú a dhéanfar ar muir, údaróidh an CPC cairtfhostaithe roimh ré agus go hiomchuí é agus déanfar an trasloingsiú sin faoi réir na bhforálacha arna leagan síos i gCaibidil IV den Teideal seo.

Airteagal 47

Fógra a thabhairt

1.   Tráth a dhéanfar an socrú um chairtfhostú, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún faoina thoiliú uaidh maidir leis an socrú um chairtfhostú.

2.   Más amhlaidh, laistigh de 15 lá féilire ó cuireadh an fógra dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún, nár iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise, féadfaidh an soitheach tús a chur leis na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann.

3.   Cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi fhoirceannadh gach cairtfhostaithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a sheoladh ar aghaidh gan mhoill chuig Rúnaíocht ICCAT.

CAIBIDIL III

Gabhálacha a rialú

Airteagal 48

Cuótaí agus ceanglais maidir le híosmhéid a chomhlíonadh

1.   Faoin 20 Lúnasa gach bliain seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún faisnéis maidir le gabhálacha speicis ICCAT atá faoi réir cuótaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus maidir le comhlíonadh na gceanglas maidir le híosmhéid.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 49

Gabhálacha a shampláil

1.   Déanfar gabhálacha a shampláil chun críocha faisnéis a fheabhsú maidir le bitheolaíocht na speiceas ábhartha ICCAT agus chun meastúchán a dhéanamh i dtaca leis na paraiméadair is gá chun meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún (24) agus leis an “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní” a d'fhoilsigh ICCAT in 1990.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le gabhálacha a shampláil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

Airteagal 50

Fógra a thabhairt maidir le gabháil agus iarracht iascaireachta

1.   Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc I) chuig an gCoimisiún:

(a)

faisnéis faoi thréithe a gcabhlaigh don bhliain roimhe sin;

(b)

meastacháin ar shonraí na gabhála bliantúla ainmniúla (lena n-áirítear de réir foghabhála agus sonraí faoi ábhar aischurtha) a bhaineann le speicis ICCAT don bhliain roimhe sin.

2.   Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc II) maidir le speicis ICCAT chuig an gCoimisiún:

(a)

sonraí maidir le gabháil agus leis an iarracht iascaireachta don bhliain roimhe, ina dtugtar miondealú mionsonrach spásúil-ama; áireofar sna sonraí sin meastacháin ar ábhar aischurtha agus ábhar scaoilte agus stádas na n-iasc á léiriú orthu (marbh nó ina mbeatha);

(b)

léireofar aon sonraí atá acu faoi ghabhálacha in iascaigh áinleasa don bhliain roimhe.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe do shonraí Thasc I agus do shonraí Thasc II dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

CAIBIDIL IV

Trasloingsiú

Airteagal 51

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe seo a leanas:

(a)

oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin; agus

(b)

oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin, agus a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le trasloingsithe ar muir lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT d'éisc a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, más amhlaidh go bhfuil trasloingsiú dá shórt faoi réir clár le haghaidh trasloingsithe a bhunaigh ERBI tuinnín eile.

3.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le soithí harpúin atá ag gabháil de thrasloingsiú colgán úr ar muir.

Airteagal 52

Trasloingsiú i gcalafort

1.   Déanfar gach oibríocht trasloingsithe i gcalafoirt ainmnithe, ach amháin i gcás soithí spiléir peiligeacha mórscála de bhun Airteagal 53 go hAirteagal 60.

2.   Comhlíonfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais na hoibleagáidí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII tráth a bhíonn siad ag déanamh trasloingsithe i gcalafort.

3.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 17 go hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 4, 6, 7, agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

Airteagal 53

Trasloingsiú ar muir

Trasloingsiú ar muir a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 60.

Airteagal 54

Taifead ICCAT ar shoithí iompair

1.   Eiseoidh na Ballstáit údaruithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe (25), do shoithí iompair trasloingsithe a thógáil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.   Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí iompair atá údaraithe de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan mhoill le go gcuirfear san áireamh é i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair.

3.   Cuirfidh na Ballstáit brataí an Coimisiún ar an eolas go pras faoi aon ábhar breise a chuirtear lena liostaí de na soithí iompair nó aon ábhar a scriostar díobh nó a mhodhnaítear orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.   Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaíocht ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

ainm an tsoithigh, uimhir chláir;

uimhir taifid ICCAT (más ann);

uimhir IMO (más ann);

an t-ainm a bhí ann roimhe (más ann);

an bhratach roimhe seo (más ann);

mionsonraí a scriosta ó chláir eile (más ann);

comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió;

cineál soithigh, fad, olltonnáiste cláraithe agus cumas iompair;

ainm agus seoladh an úinéara (na n-úinéirí) agus an oibritheora (na n-oibritheoirí);

tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú.

5.   Ní fhéadfaidh ach soithí iompair atá cláraithe ar thaifead ICCAT ar na soithí iompair trasloingsiú ar muir dá dtagraítear in Airteagal 53 a fháil.

Airteagal 55

Údarú do shoithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú a dhéanamh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT

1.   Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir le forálacha de chuid Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe (26), do shoithí spiléir peiligeacha mórscála a mbíonn a mbratach ar foluain orthu trasloingsiú ar muir.

2.   Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

3.   Cuirfidh na Ballstáit brataí an Coimisiún ar an eolas go pras faoi aon bhreisiúchán a chuirtear lena liostaí de shoithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir nó aon ábhar a scriostar díobh nó a mhodhnaítear orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.   Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaíocht ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

ainm an tsoithigh, uimhir chláir;

uimhir taifid ICCAT;

tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú ar muir;

bratach (bratacha), ainm (ainmneacha) agus uimhir chláir (uimhreacha cláir) na soithí iompair údaraithe lena n-úsáid do shoitheach (shoithí) spiléir peiligeach (peiligeacha) mórscála.

Airteagal 56

Réamhúdarú le haghaidh trasloingsiú ar muir

1.   Na trasloingsithe a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála in uiscí faoi dhlínse CPC, tá siad faoi réir réamhúdaraithe an CPC chéanna. Ní mór an leagan bunaidh nó cóip den údarú sin a choinneáil ar an soitheach agus é a chur ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar a iarraidh sin dó.

2.   Ní bheidh cead ag soithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú ar muir mura mbeidh réamhúdarú faighte acu óna mBallstát brataí. Ní mór an leagan bunaidh nó cóip de dhoiciméid an údaraithe sin a choinneáil ar an soitheach agus é a chur ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar a iarraidh sin dó.

3.   Chun na réamhúdaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a fháil, ní mór do mháistir nó d'úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d'údaráis a Bhallstáit bhrataí agus don CPC cósta, ar a laghad 24 uair an chloig roimh an trasloingsiú atá beartaithe:

(a)

ainm an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus an uimhir atá air i dtaifid ICCAT ar na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir;

(b)

ainm an tsoithigh iompair agus an uimhir atá air i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair;

(c)

an táirge atá le trasloingsiú, de réir speicis, más eol sin, agus, más féidir, de réir stoic;

(d)

cainníochtaí speiceas ICCAT atá le trasloingsiú, más féidir, de réir stoic;

(e)

cainníochtaí speiceas eile a ghabhtar i gcomhar le speicis ICCAT atá le trasloingsiú speiceas ar speiceas, más eol sin;

(f)

dáta agus suíomh an trasloingsithe;

(g)

suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.

Airteagal 57

Dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú

1.   Déanfaidh máistir nó úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus a chur chuig a Bhallstát brataí agus chuig an CPC cósta faoi cheann 15 lá ar a dhéanaí.

2.   Déanfaidh máistir an tsoithigh iompair glactha, faoi cheann 24 uair an chloig ó rinneadh an trasloingsiú, an dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus a chur chuig Rúnaíocht ICCAT, chuig CPC brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus chuig a Bhallstát brataí, mar aon leis an uimhir atá air i dtaifead ICCAT na soithí iompair.

3.   Déanfaidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha, ar a laghad 48 uair an chloig sula dtugann sé éisc i dtír, an méid seo a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe éisc a thabhairt i dtír, an dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, mar aon leis an uimhir atá air sin i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair.

4.   Na speicis ICCAT uile agus aon speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin agus a thugtar i dtír nó a allmhairítear i limistéar nó i gcríoch CPC, speicis gan a bheith próiseáilte nó a ndearnadh iad a phróiseál ar bord, agus a thrasloingsítear ar muir, ní mór dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a bheith in éineacht leo go dtí go ndéanfar an chéad díol.

Airteagal 58

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir

1.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT ar bord gach soitheach iompair i mbun trasloingsiú i gcomhréir le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII.

2.   Gan dochar d'Airteagal 73 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tabharfar de chúram do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a fhíorú go ndéantar an Chaibidil seo a chomhlíonadh, agus go háirithe a fhíorú an bhfuil na cainníochtaí a trasloingsíodh i gcomhréir leis an ngabháil a tuairiscíodh i ndearbhú ICCAT ar thrasloingsiú agus leis na gabhálacha a taifeadadh i ndialann loinge an tsoithigh.

3.   Beidh toirmeasc ar shoithigh tús a chur le trasloingsiú nó leanúint de bheith ag trasloingsiú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT gan breathnóir réigiúnach ICCAT a bheith ar bord, ach amháin i gcás force majeure arna chur in iúl go hiomchuí do Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 59

Oibleagáidí maidir le tuairisciú

1.   Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu agus Ballstáit na soithí iompair a bhfuil trasloingsithe faighte acu le linn na bliana roimhe sin, cuirfidh siad an méid seo a leanas chuig an gCoimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain:

(a)

cainníochtaí ghabhálacha speicis ICCAT, de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;

(b)

cainníochtaí speiceas eile a gabhadh i gcomhar le speicis ICCAT, más eol sin, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;

(c)

liosta de na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu le linn na bliana roimhe;

(d)

tuarascáil chuimsitheach ina ndéantar measúnú ar inneachar agus ar chonclúidí thuarascálacha bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT ar sannadh soithí iompair dóibh, soithí a bhfuil trasloingsiú faighte acu ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála.

2.   Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar ar aghaidh de bhun mhír 1 chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 60

Comhsheasmhacht sonraí tuairiscithe

Ballstát brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála atá ag gabháil do thrasloingsithe ar muir, déanfaidh sé an fhaisnéis arna fáil a athbhreithniú de bhun an Rialacháin seo chun an méid seo a leanas a mheas: an chomhsheasmhacht idir gabhálacha agus trasloingsithe tuairiscithe gach soithigh, agus an méid a thuairiscítear go dtugann gach soitheach i dtír, lena n-áirítear an méid a dhéantar i gcomhar leis an Stát ina dtugtar éisc i dtír más gá. Déanfar an fíorú sin ar dhóigh a áiritheoidh go mbeidh an oiread is lú den chur isteach nó den mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar díghrádú ar chaighdeán an éisc.

CAIBIDIL V

Cláir Breathnóirí Eolaíochta

Airteagal 61

Cláir breathnóirí eolaíochta intíre a bhunú

1.   Bunóidh na Ballstáit cláir breathnóirí eolaíochta intíre chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

clúdach breathnóra de 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, pheaslíonta saighne agus bháid baoite;

(b)

maidir le soithí cairtfhostaithe, de mhaolú ar phointe (a), clúdach breathnóra de 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, pheaslíonta saighne agus bháid baoite;

(c)

maidir le hoibriú an chabhlaigh, go mbeidh clúdach ama agus spásúil ionadaíoch ann chun a áirithiú go ndéanfar sonraí leordhóthanacha iomchuí a bhailiú, agus tréithe na gcabhlach agus na n-iascach á gcur san áireamh;

(d)

go mbaileofar sonraí faoi gach gné den oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an ghabháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 63(1).

2.   Déanfar an clúdach breathnóra dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 a ríomh mar seo a leanas:

(a)

i líon cur nó turas i dtaca le hiascaigh pheaslíonta saighne;

(b)

mar laethanta iascaireachta, líon cur nó turas i dtaca le hiascaigh spiléir pheiligeacha; nó

(c)

mar laethanta iascaireachta i dtaca le hiascaigh bhád baoite.

3.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fad san iomlán, i gcás ina bhfuil imní sábháilteachta neamhghnách ann a fhágann nach féidir breathnóir a imscaradh ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid. Le cur chuige malartach den sórt sin áiritheofar clúdach a bheidh ar aon dul leis an gcur chuige a sonraíodh i bpointe (a) de mhír 1 mar aon le bailiú comhchosúil sonraí. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann mionsonraí an chur chuige mhalartaigh faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún mionsonraí an chur chuige mhalartaigh dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh le meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh aon chuir chuige mhalartacha faoi réir fhormheas Choimisiún ICCAT ag cruinniú bliantúil ICCAT sula gcuirfear chun feidhme iad.

Airteagal 62

Cáilíochtaí breathnóirí eolaíochta

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiliúint is gá curtha ar bhreathnóirí, go mbeidh na cáilíochtaí cuí acu agus go ndéanfar iad a fhormheas sula n-imscarfar iad. Beidh na cáilíochta seo a leanas ag breathnóirí:

(a)

eolas agus taithí leordhóthanach le bheith in ann speicis a shainaithint agus faisnéis a bhailiú maidir le cumraíochtaí éagsúla de threalamh iascaireachta;

(b)

eolas sásúil faoi bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT;

(c)

bheith in ann breathnú agus taifead cruinn a dhéanamh ar shonraí atá le bailiú faoin gclár;

(d)

bheith in ann samplaí bitheolaíocha a bhailiú;

(e)

gan a bheith ina bhall de chriú an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú; agus

(f)

gan a bheith ina fhostaí de chuideachta soithigh iascaireachta a bhfuil baint aige nó aici leis an iascach a bhfuiltear ag breathnú air.

Airteagal 63

Cúraimí breathnóirí eolaíochta

1.   Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas, de cheangal ar bhreathnóirí:

(a)

faisnéis faoin ngníomhaíocht iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

sonraí maidir le spriocghabháil iomlán, foghabháil agus ábhar aischurtha (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh mhara agus éanlaith mhara), comhdhéanamh na méideanna, stádas aischurtha (i.e. coinnithe ar bord, caite thar bord agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha), agus samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéar saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);

(ii)

faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid, faisnéis maidir le hiarracht iascaireachta (e.g. líon cur, líon duán, etc.), dáta gach oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, am tosaithe agus am stad na gníomhaíochta iascaireachta;

(b)

breathnú ar úsáid beart maolaithe foghabhálacha agus iad a thaifeadadh mar aon le faisnéis ábhartha eile;

(c)

moltaí a sheoladh a mheasann siad is iomchuí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbeart caomhnaithe agus an fhaireacháin eolaíoch.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear prótacail láidre maidir le bailiú sonraí, lena n-áiritear, más gá, úsáid grianghrafadóireachta nó ceamaraí.

3.   Déanfaidh máistrí na soithí rochtain iomchuí ar an soitheach agus ar a chuid oibríochtaí a áirithiú le go mbeidh na breathnóirí in ann a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach.

Airteagal 64

Faisnéis arna bailiú a sheoladh

Seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gclár breathnóra eolaíochta intíre chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

CAIBIDIL VI

Soithí iascaireachta tríú tír a rialú i gcalafoirt na mBallstát

Airteagal 65

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le calafoirt ainmnithe agus pointí teagmhála

1.   Na Ballstáit ar mian leo rochtain ar a gcuid calafort a thabhairt do shoithí tríú tír a bhfuil speicis ICCAT ar bord acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh speiceas nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafort, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a gcuid calafort ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach iontu a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(b)

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c)

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta de chuid na gcalafort a tharchur de bhun Airteagal 66 den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na gcalafort ainmnithe agus na bpointí teagmhála a tharchur chuig an gCoimisiún 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 66

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le cigireachtaí calafoirt

1.   Déanfaidh an Ballstát is cigire cóip de thuarascáil cigireachta an chalafoirt dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a tharchur chuig an gCoimisiún 10 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta ar tugadh an chigireacht i gcrích. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta ar tugadh an chigireacht i gcrích.

2.   Más rud é nach féidir an tuarascáil a tharchur laistigh den tréimhse 10 lá dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Ballstát is cigire fógra don Choimisiún laistigh den thréimhse sin faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin uair a chuirfear an tuarascáil faoina bhráid.

3.   Más rud é go dtugann an fhaisnéis a bailíodh le linn na cigireachta cúis le creidiúint go ndearna soitheach tríú tír sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, beidh feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

CAIBIDIL VII

Forfheidhmiú

Airteagal 67

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag na Ballstáit

1.   Le cois na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 48(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis dhoiciméadaithe a d'fhéadfadh a léiriú nár chomhlíon CPCanna bearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a chur faoi bhráid an Choimisiúin 140 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a scrúdú agus, más iomchuí, í a sheoladh ar aghaidh chuid Rúnaíocht ICCAT 120 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an liosta de na soithí gabhála a bhfuil fad iomlán 12 mhéadar iontu nó níos mó, soithí próiseála éisc, tugaí agus soithí tarraingthe, soithí atá ag gabháil don trasloingsiú, agus soithí tacaíochta ar cuireadh líomhaintí ina leith go raibh siad i mbun iascaireacht NNN i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na bliana sin agus na bliana roimhe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an bhfianaise tacaíochta a bhaineann leis an toimhde go raibh iascaireacht NNN ar bun acu. Seolfar an liosta sin 140 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más amhlaidh go luaitear an fhaisnéis go soiléir ann, seolfaidh sé ar aghaidh í chuig Rúnaíocht ICCAT 120 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT chun críche dréachtliosta NNN de chuid ICCAT a bhunú.

Airteagal 68

Dréachtliosta NNN ICCAT

Déanfaidh na Ballstáit monatóireacht ghéar ar na soithí a áirítear i ndréachtliosta NNN de chuid ICCAT arna scaipeadh ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT, chun gníomhaíochtaí agus athruithe féideartha ainmneacha, brataí nó úinéara cláraithe na soithí sin a chinneadh.

Airteagal 69

Neamhchomhlíontachtaí líomhnaithe arna dtuairisciú ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT

1.   Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT lena léirítear amhras maidir le neamhchomhlíontacht ag Ballstát, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a thraschur chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann torthaí aon imscrúduithe arna dhéanamh ar fáil don Choimisiún, ar a laghad 45 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT, maidir le líomhaintí na neamhchomhlíontachta agus aon ghníomhaíochtaí a glacadh chun dul i ngleic le saincheisteanna maidir le comhlíontacht. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT 30 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

Airteagal 70

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag CPC

1.   Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun críche tuarascálacha cigireachta calafort a fháil ó CPCanna.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 a tharchur 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.

3.   Más rud é go bhfaigheann an pointe teagmhála, arna ainmniú ag Ballstát, tuarascáil cigireachta calafoirt ó CPC ina dtugtar fianaise go ndearna soitheach iascaireachta a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain air sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, déanfaidh an Ballstát sin an sárú a imscrúdú go pras agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún, laistigh de 160 lá tar éis dó an tuarascáil cigireachta calafoirt sin a fháil, faoi stádas an imscrúdaithe agus faoi aon ghníomhaíocht fhorghníomhaithe a d'fhéadfadh a bheith glactha.

4.   I gcás nach féidir leis an mBallstát brataí an spriocdháta dá dtagraítear i mír 3 a chomhall, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin uair a chuirfear an tuarascáil maidir le stádas an imscrúdaithe faoina bhráid.

5.   Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 180 lá ón am a fuair sé an tuarascáil cigireachta calafoirt agus, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71, áiritheoidh sé an fhaisnéis maidir le stádas na n-imscrúdaithe agus aon ghníomhaíochtaí forghníomhaithe arna ndéanamh ag an mBallstát brataí.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

Tuarascáil bhliantúil

1.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 20 Lúnasa gach bliain le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, agus inti beidh faisnéis maidir le hiascaigh, taighde, staidreamh, bainistíocht, gníomhaíochtaí cigireachta agus gníomhaíochtaí maidir le hiascaireacht NNN a chosc agus aon fhaisnéis bhreise de réir mar is iomchuí.

2.   Áiritheofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus ábhar aischurtha a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus de bhun mhír 2 a thiomsú agus a sheoladh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe maidir le formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

Airteagal 72

Rúndacht

Na sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear laistigh de chreat an Rialacháin seo, caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 73

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

1.   I gcás inar gá d'fhonn leasuithe ar mholtaí ICCAT atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ar leasuithe iad a bheidh ceangailteach ar an Aontas, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)

Iarscríbhinní II go VIII;

(b)

na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7(1), Airteagal 8, Airteagal 9(1) agus Airteagal 10(2), Airteagal 14(1) agus (3), Airteagal 18, Airteagal 20(2), (3), agus (4), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1) agus (2), Airteagal 26(1) agus (3), Airteagal 40(1), Airteagal 42(1), Airteagal 44(3) agus Airteagal 47(2), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 50(1) agus (2), Airteagal 56(3), Airteagal 57(1), (2) agus (3), Airteagal 59(1) agus (2), Airteagal 64, Airteagal 65(2), Airteagal 66(1) agus (2), Airteagal 67(1) agus (2), Airteagal 69(2), Airteagal 70(2), (3) agus (5), agus Airteagal 71(1);

(c)

an limistéar a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 14(1);

(d)

na híosmhéideanna a leagtar síos ina Airteagal 19(1) agus (2), Airteagal 24(2), agus Airteagal 29(2) agus (3);

(e)

na lamháltais a leagtar síos in Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 21 agus Airteagal 24(3);

(f)

na sonraíochtaí teicniúla maidir le duáin agus spiléir a leagtar síos in Airteagal 25 agus i bpointe (b) d'Airteagal 38(5);

(g)

an clúdach breathnóirí eolaíochta a leagtar síos in Airteagal 29(1), agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 61(1);

(h)

an cineál faisnéise agus sonraí a leagtar síos in Airteagail 11(1), (2) agus (3), Airteagal 12, Airteagal 20(2), Airteagal 26(1) agus Airteagal 42(1), Airteagal 50(1) agus (2) agus Airteagal 54(4), Airteagal 55(4), Airteagal 56(3) agus Airteagal 59(1);

(i)

an líon uasta baoithe uirlise a leagtar síos in Airteagal 9(4).

2.   Leasuithe ar bith a ghlactar i gcomhréir le mír 1, beidh siad teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe ar mholadh ICCAT lena mbaineann i ndlí an Aontais.

Airteagal 74

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 73 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 3 Nollaig 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 73 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 73 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 75

Nós Imeachta Coiste

1.   Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 76

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001

I Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, scriostar Airteagail 4, 5, 6, 6a, 7, 8a, 8b, 8c, 9, 9a agus 10 go 19.

Airteagal 77

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(g)   soitheach iascaireachta mórscála: soitheach iascaireachta a bhfuil fad 20 méadar ann san iomlán nó níos mó;

(h)   soitheach spiléir peiligeach mórscála: soitheach spiléir peiligeach a bhfuil fad 24 mhéadar ann san iomlán nó níos mó.”;

(b)

in Airteagal 4(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní ghlacfar leis sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;

(c)

in Airteagal 5(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní bhailíochtófar sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;

(d)

i gCaibidil 2, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:

“Roinn 4

Ceanglais do na Ballstáit maidir le táirgí trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT

Airteagal 7a

Doiciméid agus tuairisciú staidrimh

1.   Nuair a dhéantar doiciméid staidrimh a bhailíochtú, áiritheoidh Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála go mbeidh trasloingsithe i gcomhréir le méid na gabhála arna thuairisciú ag gach soitheach den sórt sin.

2.   Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfaidh sé doiciméid staidrimh a bhailíochtú maidir leis na héisc a trasloingsíodh, tar éis dó a dheimhniú go ndearnadh an trasloingsiú i gcomhréir le hAirteagail 51 go 58 de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Bunófar an deimhniú ar an bhfaisnéis a gheofar trí chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir.

3.   Na speicis arna gcumhdú ag na cláir doiciméad staidrimh agus arna ngabháil ag soithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, éileoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméid staidrimh bailíochtaithe i ndáil leis na soithí ar liosta ICCAT de na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir, mar aon le cóip den dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, beidh na doiciméid sin ag gabháil leis na speicis sin, nuair a allmhairítear isteach iad ina limistéar nó ina gcríoch.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).”."

Airteagal 78

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007

I Rialachán (CE) Uimh. 520/2007, déantar Airteagal 4(1), Teideal II agus Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a scriosadh.

Airteagal 79

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 142.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Cinneadh 86/238/CCE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna shíniú i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).

(6)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le stoic áirithe d'éisc mhór-imirceacha a iascach (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).

(9)  Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16, 23.1.2015, lch. 23).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal (IO L 295, 13.11.2003, lch. 1).

(17)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

(18)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

(19)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).

(22)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

(23)  Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).

(24)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2016 lena nglactar clár ilbhliantúil de chuid an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus san earnáil dhobharshaothraithe don tréimhse 2017-2019 (IO L 207, 1.8.2016, lch. 113).

(25)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

(26)  Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.


IARSCRÍBHINN I

SPEICIS ICCAT

Fine

An t-ainm Laidine

An t-ainm Gaeilge

Scombridae

Acanthocybium solandri

Wahoo

Allothunnus fallai

Tuinnín caol

Auxis rochei

Tuinnín piléir

Auxis thazard

Tuinnín frigéid

Euthynnus alletteratus

Tuinnín bán

Gasterochisma melampus

Rí-iasc féileacáin

Katsuwonus pelamis

Boiníotó aigéanach

Orcynopsis unicolor

Boiníotó aondathach

Sarda sarda

Boiníotó Atlantach

Scomberomorus brasiliensis

Ronnach buí Brasaíleach

Scomberomorus cavalla

Rí-ronnach

Scomberomorus maculatus

Ronnach buí Atlantach

Scomberomorus regalis

Ronnach rí-úil

Scomberomorus tritor

Ronnach buí Iar-Afracach

Thunnus alalunga

Tuinnín colgach

Thunnus albacares

Tuinnín buí

Thunnus atlanticus

Tuinnín dubheite

Thunnus maccoyii

Tuinnín gorm deisceartach

Thunnus obesus

Tuinnín mórshúileach

Thunnus thynnus

Tuinnín gorm Atlantach

Istiophoridae

Istiophorus albicans

Colgán na ndealg Atlantach

Makaira indica

Mairlín dubh

Makaira nigricans

Mairlín gorm Atlantach

Tetrapturus albidus

Mairlín geal Atlantach

Tetrapturus belone

Mairlín Meánmhuirí

Tetrapturus georgii

Mairlín cruinnghainneach

Tetrapturus pfluegeri

Mairlín gobfhada

Xiphiidae

Xiphias gladius

Colgáin

Alopiidae

Alopias superciliosus

Sionnach mara mórshúileach

Carcharhinidae

Carcharhinus falciformis

Síodsiorc

Carcharhinus longimanus

Siorc bán aigéanach

Prionace glauca

Siorc gorm

Lamnidae

Isurus oxyrinchus

Siorc mácó biorshrónach

Lamna nasus

Craosaire

Sphyrnidae

Sphyrna spp.

Siorcanna ceann casúir

Coryphaenidae

Coryphaena hippurus

Doráid


IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE PLEANANNA BAINISTÍOCHTA I NDÁIL LE FEISTÍ UM CHOMHBHAILIÚ ÉISC (FAD) A ULLMHÚ

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith mar chuid den phlean bainistíochta FAD maidir le cabhlaigh pheaslíonta saighne CPC agus cabhlaigh bád baoite CPC:

(1)

Tuairisc

(a)

Cineálacha FAD: AFAD = ar ancaire; DFAD = a imíonn le sruth

(b)

Cineálacha rabhcháin/baoi

(c)

An líon uasta FAD a dhéanfar a imscaradh in aghaidh an pheaslín saighne agus in aghaidh an chineáil FAD

(d)

An fad íosta idir AFADanna

(e)

Beartas um fhoghabhálacha a laghdú agus a úsáid

(f)

Idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh

(g)

Ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht FAD”

(2)

Socruithe institiúideacha

(a)

Freagrachtaí institiúideacha maidir leis an bplean bainistíochta FAD

(b)

Próisis iarratais maidir le formheas a iarraidh ar imscaradh FAD

(c)

Oibleagáidí úinéirí agus máistrí soithí i dtaca le FAD a imscaradh agus a úsáid

(d)

Beartas maidir le hathsholáthar FAD

(e)

Oibleagáidí breise tuairiscithe thar an Rialachán seo

(f)

Beartas maidir le réiteach coinbhleachtaí i dtaca le FADanna

(g)

Mionsonraí maidir le limistéir nó tréimhsí atá iata, mar shampla uiscí teorann, lánaí loingseoireachta, gaireacht d'iascaigh ar mhionscála, etc.

(3)

Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil FAD

(a)

Tréithe dearaidh FAD (tuairisc)

(b)

Ceanglais soilsiúcháin

(c)

Frithchaiteoirí radair

(d)

Fad infheicthe

(e)

Marcanna agus aitheantóir FAD

(f)

Marcanna agus aitheantóir baoithe raidió (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)

(g)

Marcanna agus aitheantóir baoithe sondálaí fuaime (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)

(h)

Trasghlacadóirí satailíte

(i)

Taighde a dhéantar ar FADanna in-bhithdhíghrádaithe

(j)

Cailliúint nó tréigean FADanna a chosc

(k)

Aisghabháil FADanna a bhainistiú.

(4).

Tréimhse infheidhme an phlean bainistíochta FAD

(5).

Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean bainistíochta FAD


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE FADANNA IMSCARTHA AR BHONN RÁITHIÚIL

Aitheantóir FAD

Cineálacha FAD agus trealaimh leictreonaigh

Tréithe dearaidh FAD

Breathnóireacht

Marcáil FAD

Rabhchán atá gaolmhar Aitheantas

Cineál FAD

Cineál an rabhcháin atá gaolmhar agus/nó gléasanna leictreonacha

Páirt den FAD a bhíonn ar snámh

Struchtúr den FAD a bhíonn ar crochadh faoi uisce

Toisí

Ábhair

Toisí

Ábhair

 (1)

 (1)

 (2)

 (3)

 (4)

 (5)

 (4)

 (6)

 (7)


(1)  Má tá an mharcáil FAD agus na sonraí aitheantais ón rabhchán atá gaolmhar leis in easnamh nó doléite, luaigh é sin agus soláthair an fhaisnéis ar fad atá ar fáil, faisnéis a bheadh ina cabhair chun úinéir an FAD a aithint.

(2)  FAD ar ancaire, FAD nadúrtha a imíonn le sruth nó FAD saorga a imíonn le sruth.

(3)  Mar shampla, GPS, sondálaí, etc. Mura bhfuil gléas leictreonach bainteach leis an FAD, déan nóta de go bhfuil an trealamh in easnamh.

(4)  Mar shampla, leithead, fad, airde, doimhneacht, mogallmhéideanna, etc.

(5)  Luaigh cén t-ábhar atá sa struchtúr agus sa chumhdach agus an bhfuil an t-ábhar in-bhithdhíghrádaithe.

(6)  Mar shampla, líonta, rópaí, duilleoga pailme, etc. agus luaigh freisin gnéithe fostúcháin agus/nó in-bhithdhíghrádaithe an ábhair.

(7)  Déanfar na sonraíochtaí soilsiúcháin, na frithchaiteoirí radair agus na faid infheicthe a thuairisciú sa roinn seo.


IARSCRÍBHINN IV

NA CEANGLAIS MAIDIR LE CLÁR BREATHNÓIRÍ I DTACA LE SOITHÍ ATÁ AG IASCAIREACHT LE HAGHAIDH TUINNÍNÍ TRÓPAICEACHA SNA LIMISTÉIR GHEOGRAFACHA LE LINN AN IAIMH AMA AGUS LIMISTÉIR

1.

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:

taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a mheasúnaítear trí bhíthin deimhniú arna sholáthar ag an mBallstát ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;

cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

eolas sásúil ar theanga stát brataí an tsoithigh ar a bhfuil sé i mbun breathnóireachta.

2.

Ní bheidh na breathnóirí ina mbaill de chriú an tsoithigh iascaireachta a bhfuil breathnóireacht á déanamh air agus:

(a)

beidh siad ina náisiúnaigh de cheann amháin de na tíortha CPC;

(b)

beidh siad in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 3 a dhéanamh;

(c)

ní bheidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha acu in iascach an tuinnín ghoirm.

Dualgais bhreathnóra

3.

Seo a leanas, go háirithe, na dualgais a bheidh le déanamh ag an mbreathnóir:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar a mhéid a chomhlíonann na soithí iascaireachta na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT.

Go háirithe, déanfaidh na breathnóirí an méid seo a leanas:

(i)

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar;

(ii)

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(iii)

soithí a aimsiú a d'fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;

(iv)

suíomh an tsoithigh agus é i mbun gníomhaíocht gabhála a fhíorú;

(v)

obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh;

(b)

agus aird chuí á tabhairt acu ar a sábháilteacht féin, déanfaidh siad tuairisciú gan mhoill ar aon ghníomhaíocht iascaireachta atá bainteach le FADanna a dhéanann soitheach sa limistéar agus le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c)

cuirfidh siad tuarascálacha ginearálta i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe 3 seo agus deis a thabhairt don mháistir aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin.

4.

Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus trasloingsithe na soithí iascaireachta mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh siad leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena gceapachán mar bhreathnóirí.

5.

Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.

6.

Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon leis na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.

Oibleagáidí na mBallstát brataí

7.

I measc na bhfreagrachtaí maidir le breathnóirí na mBallstát brataí de na soithí iascaireachta agus a máistrí, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

beidh cead rochtana ag na breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh agus ar an bhfearas agus an trealamh;

(b)

tabharfar cead rochtana freisin do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 3 a éascú:

(i)

trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii)

scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii)

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c)

cuirfear cóiríocht ar fáil do na breathnóirí, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh;

(d)

cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do na breathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh; agus

(e)

áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.


IARSCRÍBHINN V

ÍOSCHAIGHDEÁIN THEICNIÚLA MAIDIR LE BEARTA MAOLAITHE

Beart maolaithe

Tuairisc

Sonraíochtaí

Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá

Gan doruithe a chur idir camhaoir agus coineascar muirí. Gan ach a laghad is gá de shoilsiú deice a bheith ann

Déantar coineascar muirí agus camhaoir mhuirí a shainmhíniú faoi mar a leagtar amach iad i dtáblaí an Almanaig Loingseoireachta maidir leis an domhanleithead, am áitiúil agus dáta ábhartha. Níor cheart don soilsiú íosta deice na híoschaighdeáin sábháilteachta agus loingseoireachta a shárú.

Línte scanraithe éan

Déanfar línte scanraithe éan a imscaradh nuair atá trealamh spiléir in úsáid chun an ruaig a chur ar éin ó theacht i ngiorracht don snúda

I gcás soithí atá níos faide ná nó cothrom le 35 m:

is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh. Moltar do na soithí an dara cuaille agus an dara líne scanraithe éan a úsáid, más indéanta, tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíochta éan ann; is ceart an dá líne scanraithe éan a imscaradh an tráth céanna, ceann ar gach taobh den dorú atá á chur;

caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 100 m;

is ceart úsáid a bhaint as sraoilleáin fhada atá sách fada le go sínfeadh siad chomh fada le barr na farraige agus í ina calm;

ní mór gan na sraoilleáin fhada a bheith níos faide ná 5 m óna chéile.

I gcás soithí atá níos giorra na 35 m:

is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh;

caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 75 m;

is gá sraoilleáin atá fada agus/nó gearr (ach níos faide ná 1 m ar fad) a úsáid agus iad a bheith ceangailte den líne mar seo a leanas:

Gearr: gan de bhearna níos faide ná 2 m a bheith eatarthu.

Fada: gan de bhearna níos faide ná 5 m a bheith eatarthu den chéad 55 m de líne scanraithe éan.

Gheofar treoirlínte breise maidir le dearadh agus imscaradh línte scanraithe éan sna Treoirlínte Forlíontacha maidir le Dearadh agus Imscaradh línte scanraithe éan anseo thíos.

 

Meáchain líne a chur ar an snúda sula gcuirfear san uisce é

Níos mó ná 45 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 1 m ón duán; nó

Níos mó ná 60 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 3,5 m ón duán; nó

Níos mó ná 98 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 4 m ón duán.


TREOIRLÍNTE FORLÍONTACHA MAIDIR LE DEARADH AGUS IMSCARADH LÍNTE SCANRAITHE ÉAN

Brollach

Tá teacht ar íoschaighdeáin theicniúla maidir le himscaradh línte scanraithe éan sa Tábla thuas. Tá na treoirlínte forlíontacha seo ceaptha chun cuidiú le rialacháin maidir le línte scanraithe éan i gcás soithí spiléir a ullmhú agus a chur chun feidhme. D'ainneoin go bhfuil na treoirlínte seo sách soiléir, moltar éifeachtúlacht na línte scanraithe éan a fheabhsú trí thástáil a dhéanamh laistigh de cheanglais an Tábla thuas. Cuirtear san áireamh sna treoirlínte athróga comhshaoil agus oibríochtúla, ina measc dálaí aimsire mar aon leis an luas lena gcuirtear amach na línte iascaireachta agus méid na loinge, ar fachtóirí iad uile a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht agus ar dhearadh na línte scanraithe le baoití a chosaint ar éin. D'fhonn na hathróga sin a chur san áireamh féadfaidh athrú teacht ar dhearadh na línte scanraithe éan agus ar an úsáid a bhaintear astu ar choinníoll nach ndéanfar dochar d'fheidhmíocht na líne. Tá sé beartaithe feabhas leanúnach a chur ar dhearadh na línte scanraithe éan agus, dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte seo amach anseo.

Dearadh na línte scanraithe éan

1.

Gléas tarraingthe iomchuí ar an gcuid sin den líne scanraithe éan atá san uisce, féadfaidh gléas den chineál sin fairsinge aeir na líne a fheabhsú.

2.

Ba cheart go mbeadh an chuid sin den líne atá os cionn an uisce sách éadrom chun nach bhféadfadh na héin a gluaiseachtaí a thuar nó nach rachadh siad i dtaithí uirthi agus ba cheart go mbeadh an líne sách trom chun nach gcuirfeadh an ghaoth dá treo í.

3.

Is fearr an líne a cheangal den soitheach le sclóin láidir bhairille chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin.

4.

Ba cheart go mbeadh na sraoilleáin déanta as ábhar atá feiceálach agus a bhogann go beoga ar bhealach nach féidir a thuar (mar shampla, líne fhíneálta láidir atá cumhdaithe le feadánra polúireatáin dearg) atá ar crochadh ó sclóin láidir trí bhealach (chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin) agus iad ceangailte den líne scanraithe éan.

5.

Ba cheart dhá dhual nó níos mó a bheith i ngach sraoilleán.

6.

Ba cheart go mbeifí in ann an sraoilleán a bhaint trí bhíthin fáiscín sa chaoi gur éifeachtúla stuáil na líne.

Línte scanraithe éan a imscaradh

1.

Ba cheart an líne a bheith ar crochadh ó chuaille atá feistithe den soitheach. Ba cheart an cuaille scanraithe éan a shocrú chomh hard agus is féidir sa chaoi go ndéanfadh an líne baoití a bhfuil fad maith idir iad agus cúl an tsoithigh a chosaint agus nach rachadh sí i bhfostú sa trealamh iascaireachta. Dá airde an cuaille is fearr an chosaint baoití. Mar shampla, thabharfadh cuaille atá tuairim agus 7 méadar os cionn na huiscelíne thart ar 100 méadar de chosaint baoití.

2.

Mura bhfuil ach líne amháin scanraithe éan in úsáid ag soithí, is ceart í a chur taobh na gaoithe de bhaoití báite. Má chuirtear amach duáin bhaoiteáilte taobh amuigh den mharbhshruth, is ceart pointe ceangail na líne scanraithe éan den soitheach a bheith suite roinnt méadar taobh amuigh de thaobh an tsoithigh ar a ndéantar na baoití a imscaradh. Má tá dhá líne scanraithe éan in úsáid ag soithí, ní mór na duáin bhaoiteáilte a imscaradh taobh istigh den limistéar idir an dá líne scanraithe éan.

3.

Moltar go ndéanfar iliomad línte scanraithe éan a imscaradh chun cosaint bhreise ar éin a thabhairt do bhaoití.

4.

Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ba cheart línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus le cinntiú gur féidir leanúint d'oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh. Is féidir scaoilteán a bheith mar chuid den líne scanraithe éan chun fadhbanna sábháilteachta agus oibríochtúla a laghdú sa chás go dtéann snámhán spiléir in achrann nó i bhfostú i bhfairsinge uisce na líne scanraithe éan.

5.

Nuair a bhíonn meaisín caite amach baoití (BCM) in úsáid ag iascairí, ní mór dóibh a áirithiú go ndéantar comhordú ar na línte scanraithe éan agus an meaisín trína áirithiú go mbíonn teilgean BCM go díreach faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan. Agus BCM (nó BCManna iomadúla) in úsáid a chaitheann amach baoití ar clébhord agus ar deasbhord, ba cheart dhá líne scanraithe éan a úsáid.

6.

Nuair a bhíonn an snúda á chaitheamh amach de lámh, ní mór do na hiascairí a áirithiú go gcaitear amach na duáin bhaoiteáilte agus na codanna corntha den snúda faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan agus go seachnaítear an tsuaiteacht liáin a mhoilleodh an ráta suncála.

7.

Moltar d'iascairí crainn tochrais láimhe, leictreacha nó hiodrálacha a shuiteáil chun imscaradh agus aisghabháil na línte scanraithe éan a éascú.


IARSCRÍBHINN VI

CEANGLAIS MHIONSONRAITHE MAIDIR LE SCAOILEADH SAOR TURTAR MARA

Maidir le cleachtais láimhseála sábháilte:

(i)

Nuair atáthar chun turtar mara a bhaint as an uisce, bainfear úsáid as cliabhán ardaithe nó cochall chun na turtair mhara a bhfuil duán iontu nó atá i bhfostú sa trealamh a thabhairt ar bord. Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, nó a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce. Mura féidir an turtar mara a thógáil as an uisce go sábháilte, is ceart don chriú an dorú a ghearradh chomh gar agus is féidir don duán, gan aon díobháil bhreise neamhriachtanach a dhéanamh don turtar mara.

(ii)

I gcás ina dtógtar ar bord turtair mhara a ghabhtar nó atá imithe i bhfostú sa trealamh, déanfaidh oibreoirí soithigh nó criú riocht na dturtar mara a mheas sula scaoilfear saor iad. Coinneofar ar bord a mhéid is féidir na turtair mhara a bhfuil deacrachtaí acu bogadh nó atá marbhánta agus tiocfar i gcabhair orthu i gcaoi a thabharfaidh a oiread seans agus is féidir dóibh teacht slán sula scaoilfear saor iad. Tá tuilleadh eolais faoi na cleachtais sin i dTreoirlínte EBT maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta.

(iii)

Déanfar na turtair mhara a láimhseáiltear le linn oibríochtaí iascaireachta nó mar chuid de chláir breathnóirí náisiúnta (mar shampla, gníomhaíochtaí clibeála), déanfar iad a láimhseáil, a mhéid is féidir, i gcomhréir le Treoirlínte EBT maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta.

Maidir le húsáid gearrthóirí dorú:

(i)

Iomprófar gearrthóirí dorú ar bord soithí spiléir agus úsáidfear iad nuair nach féidir an duán a bhaint as na turtair mhara gan díobháil a dhéanamh dóibh, agus iad á scaoileadh saor.

(ii)

Iomprófar gearrthóirí dorú ar bord soithí de chineálacha eile a mbíonn trealamh in úsáid acu ina bhféadfadh turtair mhara dul i bhfostú ann agus úsáidfear na huirlisí sin chun an trealamh a bhaint go sábháilte agus na turtair mhara a scaoileadh saor.

Maidir le húsáid uirlisí bainte duáin:

(i)

Iomprófar uirlisí bainte duáin ar bord soithí spiléir chun duáin a bhaint go héifeachtach as turtair mhara.

(ii)

Má shlogann an turtar duán siar, ní dhéanfar aon iarracht an duán a bhaint. Ina ionad sin, ní mór an dorú a ghearradh chomh gar agus is féidir don duán gan aon díobháil bhreise neamhriachtanach a dhéanamh don turtar mara.


IARSCRÍBHINN VII

TRASLOINGSIÚ I GCALAFORT

1.   Nuair a dhéantar trasloingsiú i gcalafort ar shoithí ón Aontas nó i gcalafoirt an Aontais ar thuinnín nó ar speicis atá cosúil le tuinnín agus ar aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT, leanfar na nósanna imeachta seo a leanas:

Oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt

2.   Soitheach iascaireachta

2.1   Ní mór do chaptaen an tsoithigh iascaireachta fógra a thabhairt d'údaráis Stát an chalafoirt, ar a laghad 48 n-uaire roimh oibríochtaí trasloingsithe, faoi ainm an tsoithigh iompair agus dáta/am an trasloingsithe.

2.2   Tráth an trasloingsithe, cuirfidh captaen an tsoithigh iascaireachta in iúl dá Bhallstát brataí na nithe seo a leanas:

na cainníochtaí tuinnín agus speiceas atá cosúil le tuinnín, más féidir, de réir stoic, atá le trasloingsiú;

na cainníochtaí de speicis eile arna ngabhail in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin, atá le trasloingsiú;

dáta agus áit an trasloingsithe;

ainm, uimhir chláraithe agus bratach an tsoithigh iompair ghlactha; agus

suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.

2.3   Déanfaidh captaen an tsoithigh iascaireachta ábhartha dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus cuirfidh sé é, mar aon leis an uimhir atá luaite leis an soitheach i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta, más iomchuí, chuig a Bhallstát brataí, tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an trasloingsithe.

3.   Soitheach glactha

3.1   Cuirfidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha in iúl d'údaráis Stát an chalafoirt, tráth nach déanaí ná 24 huaire roimh thús an trasloingsithe agus ag a dheireadh, na cainníochtaí de ghabhálacha tuinnín agus de speicis atá cosúil le tuinnín a trasloingsíodh ar a shoitheach siúd, agus comhlánóidh sé dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú agus cuirfidh sé é chuig na húdaráis inniúla laistigh de 24 huaire.

3.2   Comhlánóidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, ar a laghad 48 n-uaire roimh theacht i dtír dó, agus cuirfidh sé é chuig údaráis inniúla an Stáit tabhartha i dtír.

Comhar idir an calafort agus an Stát tabhartha i dtír

4.   Déanfaidh Stát an chalafoirt agus an Stát tabhartha i dtír dá dtagraítear sna pointí thuas athbhreithniú ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun fhorálacha na hIarscríbhinne seo, agus i gcomhar le CPC brataí an tsoithigh iascaireachta de réir mar is gá, chun comhsheasmhacht idir gabhálacha tuairiscithe, trasloingsiú agus tabhairt i dtír gach soithigh a mheas. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

Tuairisciú

5.   Déanfaidh gach Ballstát brataí den soitheach iascaireachta na mionsonraí maidir leis na trasloingsithe a dhéanann a chuid soithí a áireamh ina thuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid ICCAT.


IARSCRÍBHINN VIII

CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT MAIDIR LE TRASLOINGSIÚ AR MUIR

1.

Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na soithí iompair a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus a thrasloingsíonn ar muir, breathnóir réigiúnach ICCAT a thabhairt leo tráth gach oibríochta trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.

Déanfaidh ICCAT breathnóirí a cheapadh agus cuirfear iad ar bord na soithí iompair atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála (LSPLVanna) a mbíonn bratach CPCanna ina gcuirtear clár breathnóirí réigiúnach ICCAT chun feidhme ar foluain orthu.

Breathnóirí a ainmniú

3.

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ainmnithe ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:

cumas léirithe maidir le speicis ICCAT agus trealamh iascaireachta a shainaithint agus tabharfar tús áite do na daoine a bhfuil taithí acu mar bhreathnóirí ar shoithí spiléir peiligeacha;

eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT;

cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh ar a bhfuil sé i mbun breathnóireachta.

Oibleagáidí an bhreathnóra

4.

Ní mór do bhreathnóirí:

(a)

an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT a bheith déanta acu;

(b)

gan a bheith ina náisiúnaigh ná ina saoránaigh de Stát brataí an tsoithigh iompair ghlactha;

(c)

a bheith in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh;

(d)

a bheith ar an liosta de bhreathnóirí arna choimeád ag ICCAT;

(e)

gan a bheith ina mball de chriú ar an LSPLV ná ar an soitheach iompair ná ina bhfostaí den chuideachta ar léi an LSPLV nó an soitheach iompair.

5.

Déanfaidh an breathnóir faireachán féachaint an gcloíonn an LSPLV agus an soitheach iompair leis na bearta caomhnaithe agus bainistithe atá glactha ag ICCAT. Seo a leanas go háirithe na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag na breathnóirí:

5.1

I gcás LSPLV a bhfuil sé beartaithe trasloingsiú a dhéanamh uaidh chuig soitheach iompair, agus na hábhair imní a léirítear i bpointe 9 á gcur san áireamh, rachaidh an breathnóir ar bord sula ndéanfar an trasloingsiú, chun:

(a)

seiceáil a dhéanamh ar bhailíocht údarú nó ceadúnas an tsoithigh tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín a ghabháil agus aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(b)

cigireacht a dhéanamh ar údaruithe an tsoithigh iascaireachta roimhe seo trasloingsiú ar muir a dhéanamh, údarú arna eisiúint ag an CPC brataí agus, más iomchuí, an Stát cósta;

(c)

seiceáil agus taifead a dhéanamh ar chainníocht iomlán na gabhála ar bord de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, agus ar na cainníochtaí atá le trasloingsiú chuig an soitheach iompair;

(d)

seiceáil a dhéanamh go bhfuil an córas um fhaireachán soithí (VMS) ag feidhmiú agus an logleabhar a iniúchadh agus iontrálacha a fhíorú, más féidir;

(e)

fíorú an é gur aistríodh ó shoithí eile aon chuid den ghabháil ar bord, agus seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a bhaineann le haistrithe den chineál sin;

(f)

i gcás ina léirítear go ndearnadh sárú a bhaineann leis an soitheach iascaireachta, déanfaidh an breathnóir an sárú (na sáruithe) a thuairisciú do mháistir an tsoithigh iompair (agus aird chuí á tabhairt ar chúrsaí sábháilteachta) agus do chomhlacht cur chun feidhme an chláir breathnóirí, agus déanfaidh an comhlacht an tuairisc a chur ar aghaidh chuig údaráis CPC brataí an tsoithigh iascaireachta; agus

(g)

taifead a dhéanamh ar thorthaí na ndualgas sin ar an soitheach iascaireachta i dtuarascáil an bhreathnóra.

5.2

Breathnóidh sé ar ghníomhaíochtaí an tsoithigh iompair agus déanfaidh sé:

(a)

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí trasloingsithe a dhéantar;

(b)

suíomh an tsoithigh agus é i mbun trasloingsithe a fhíorú;

(c)

breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den tuinnín agus de na speicis atá cosúil le tuinnín a dhéantar a thrasloingsiú de réir speicis, más eol, agus, más féidir, de réir stoic;

(d)

breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí de speicis eile a ghabhtar in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin;

(e)

fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an LSPLV lena mbaineann;

(f)

na sonraí atá sa dearbhú ar thrasloingsiú a fhíorú, lena n-áirítear trí chomparáid a dhéanamh le logleabhar an LSPLV, i gcás inar féidir;

(g)

na sonraí sa dearbhú ar thrasloingsiú a dheimhniú;

(h)

an dearbhú ar thrasloingsiú a chomhshíniú; agus

(i)

breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den táirge de réir speicis tráth a dhíluchtaithe sa chalafort ina gcuirtear an breathnóir i dtír chun fíorú an bhfuil siad ag teacht leis na cainníochtaí a fuarthas le linn trasloingsiú ar muir.

5.3

Ina theannta sin, déanfaidh an breathnóir:

(a)

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí trasloingsithe an tsoithigh iompair;

(b)

tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le dualgais an bhreathnóra agus deis a thabhairt don chaptaen aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin;

(c)

na tuarascálacha ginearálta dá dtagraítear i bpointe (b) a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT laistigh de 20 lá tar éis dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(d)

aon fheidhm eile arna sainiú ag ICCAT a fheidhmiú.

6.

Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta na LSPLVanna agus úinéirí na LSPLVanna mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir.

7.

Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí agus, más ábhartha, an Stáit chósta, a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.

8.

Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon lena gcuid oibleagáidí mar a leagtar amach i bpointe 9, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.

Freagrachtaí Stáit bhrataí na soithí iompair

9.

Ar na coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme an chláir breathnóirí réigiúnacha i dtaca le Stáit bhrataí na soithí iompair agus a gcaptaein, beidh an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

Beidh cead rochtana ag breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha agus ar an bhfearas agus an trealamh;

(b)

Tabharfar cead rochtana do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 5 a éascú:

(i)

trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii)

scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii)

modhanna leictreonacha cumarsáide; agus

(iv)

scála a úsáidtear chun táirge trasloingsithe a mheá.

(c)

Cuirfear cóiríocht ar fáil don bhreathnóir, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh.

(d)

Cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do bhreathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

(e)

Beidh sé de chead ag an mbreathnóir cinneadh a dhéanamh maidir leis an ionad agus an modh is buntáistí chun breathnú ar na hoibríochtaí trasloingsithe agus meastachán a dhéanamh ar na speicis/stoic agus na cainníochtaí a thrasloingsítear. I ndáil leis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iompair, ag féachaint go hiomchuí do chúiseanna imní sábháilteachta agus praiticiúla, freastal ar riachtanais bhreathnóirí, lena n-áirítear, arna iarraidh sin dó, táirge a chur amach go sealadach ar dheic an tsoithigh iompair chun go ndéanfaidh breathnóirí cigireacht air agus am leordhóthanach a thabhairt do na breathnóirí a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfar an bhreathnóireacht i gcaoi a gcuirfear isteach a laghad is féidir ar oibríochtaí an tsoithigh agus a seachnófar cáilíocht na dtáirgí arna dtrasloingsiú a chur i mbaol.

(f)

I bhfianaise fhorálacha phointe 10, áiritheoidh máistir an tsoithigh iompair go dtugtar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta a áirithiú má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó. agus

(g)

Áiritheoidh na Stáit bhrataí nach gcuirfidh captaein, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.

Freagrachtaí na LSPLVanna le linn trasloingsithe

10.

Beidh sé de chead ag breathnóirí dul ar bord an tsoithigh iascaireachta, má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó, agus beidh cead rochtana acu ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha uile, agus ar limistéir an tsoithigh ar gá rochtain a bheith acu orthu má tá siad lena ndualgais a leagtar amach i bpointe 5 a chomhlíonadh. Áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go dtabharfar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte a áirithiú dó idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta. Mura féidir leis an mbreathnóir dul ar bord an LSPLV roimh thús na n-oibríochtaí trasloingsithe de bharr tosca a bheadh ina riosca do-ghlactha dá shábháilteacht, féadfar na hoibríochtaí sin a dhéanamh mar sin féin.

Táillí breathnóra

11.

Déanfaidh CPCanna brataí na LSPLVanna ar mian leo gabháil d'oibríochtaí trasloingsithe maoiniú ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme an chláir. Déanfar an táille a ríomh ar bhonn chostais iomlána an chláir. Íocfar an táille sin isteach i gcuntas speisialta de chuid Rúnaíocht ICCAT agus déanfaidh Rúnaíocht ICCAT an cuntas a bhainistiú chun an clár a chur chun feidhme.

12.

Ní fhéadfaidh LSPLV páirt a ghlacadh sa chlár trasloingsithe ar muir mura n-íocfar na táillí mar a cheanglaítear faoi phointe 11.


TREORACHA

30.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

40


TREOIR (AE) 2017/2108 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLAN

15 Samhain 2017

lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun go gcoinneofaí an t-ardleibhéal sábháilteachta agus, dá bharr sin, an t-ardleibhéal muiníne paisinéirí dá bhforáiltear i gcomhchaighdeáin sábháilteachta arna sainiú i dTreoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus chun cothroime iomaíochta a choinneáil, is gá cur i bhfeidhm na Treorach sin a fheabhsú. Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2009/45/CE ach i gcás longa paisinéirí agus árthaí ar dearadh caighdeáin sábháilteachta na Treorach sin lena n-aghaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, cineálacha loinge ar leith a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin, agus go háirithe báid freastail, longa seoil nó longa a iompraíonn, mar shampla do shuiteálacha amach ón gcósta, pearsanra oilte nach bhfuil ag gabháil do ghnó na loing.

(2)

Úsáidtear báid freastail atá á n-iompar ag long chun paisinéirí a thabhairt i dtír agus ar ais go díreach ó longa paisinéirí, agus an bealach muirí sábháilte is giorra á ghlacadh acu. Níl siad iomchuí, ná níor cheart iad a úsáid, le haghaidh cineálacha eile seirbhísí amhail cuairteanna fámaireachta amach ón gcósta. Ba cheart do longa a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh longa paisinéirí an Stáit cósta tabhairt faoi na cuairteanna sin, mar a luaitear, inter alia, i dtreoirlínte IMO (MSC.1/Circ. 1417 maidir le treoirlínte le haghaidh báid freastail long paisinéirí). Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún plé in IMO a chur chun cinn d'fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte chun an tsábháilteacht a mhéadú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá leis na treoirlínte a dhéanamh éigeantach.

(3)

Eisiatar ó Threoir 2009/45/CE longa paisinéirí nach dtiomáintear go meicniúil. I gcás inar chun úsáide cúnta agus éigeandála amháin a beartaíodh a dtiomáint mheicniúil, níor cheart longa seoil a dheimhniú i gcomhréir leis an Treoir sin. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an ngá le ceanglais chomhchoiteanna Eorpacha don chatagóir sin de long paisinéirí faoi 2020.

(4)

Soithigh a iompraíonn pearsanra tionscail a fhreastalaíonn ar shuiteálacha amach ón gcósta. Tá sé de cheangal ar an bpearsanra tionscail sin cúrsa oiliúna éigeantaí sábháilteachta a thabhairt i gcrích go rathúil agus critéir áirithe maidir le dea-shláinte éigeantach a chomhlíonadh. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a chumhdach le rialacha éagsúla agus sonracha sábháilteachta atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún tacú go gníomhach leis an obair leantach atá á déanamh ag IMO i réimse na gcaighdeán sábháilteachta do shoithigh amach ón gcósta, de dhroim Rún IMO MSC.418(97).

(5)

Léiríodh leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) nach ndeimhníonn gach Ballstát longa alúmanaim faoi Threoir 2009/45/CE. Cruthaítear leis sin staid mhíchothrom ann a lagaíonn an cuspóir chun ardleibhéal coiteann sábháilteachta a bhaint amach do phaisinéirí a thaistealaíonn ar aistear intíre ar muir san Aontas. Chun go seachnófaí cur i bhfeidhm ar bhonn neamh-aonfhoirmeach a eascraíonn as léirmhínithe difriúla ar an sainmhíniú ar alúmanam mar ábhar coibhéiseach agus infheidhmeacht na gcaighdeán sábháilteachta dóiteáin comhfhreagrach, a bhfuil léirmhínithe difriúla ar raon feidhme na Treorach, ba cheart an sainmhíniú ar “ábhar coibhéiseach” i dTreoir 2009/45/CE a shoiléiriú. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit bearta níos déine maidir le cosc dóiteáin a roghnú i gcomhréir le forálacha na Treorach seo maidir le ceanglais bhreise sábháilteachta.

(6)

Soláthraíonn líon suntasach long paisinéirí a thógtar le cóimhiotal alúmanaim naisc mhuirí rialta agus minice idir calafoirt éagsúla laistigh de Bhallstát. Ós rud é go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ag comhlíonadh cheanglais na Treorach seo ar oibríochtaí iompair den sórt sin agus ar na dalaí socheacnamaíocha gaolmhara, chomh maith leis na himpleachtaí airgeadais agus teicniúla, a bheadh ann do longa atá ann faoi láthair agus do longa nua, ba cheart deis a thabhairt do na Ballstáit sin dlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm, go ceann tréimhse theoranta ama, ar na longa paisinéirí sin, agus é á áirithiú acu go gcoinnítear leibhéal leordhóthanach sábháilteachta.

(7)

Chun soiléireacht dlí agus comhsheasmhacht dlí a fheabhsú agus, dá bhrí sin, chun an leibhéal sábháilteachta a mhéadú, ba cheart roinnt sainmhínithe agus tagairtí a uasdátú agus a ailíniú tuilleadh leis na rialacha gaolmhara idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais. Agus sin á dhéanamh, ba cheart cúram ar leith a ghlacadh gan athrú a dhéanamh ar raon feidhme Threoir 2009/45/CE mar atá. Ba cheart, go háirithe, an sainmhíniú ar long thraidisiúnta a ailíniú níos fearr le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus na critéir reatha á gcoinneáil a bhaineann le bliain na tógála agus le cineál an ábhair. Ba cheart an sainmhíniú ar luamh pléisiúir agus ar árthach pléisiúir a ailíniú níos fearr leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir 1974 (Coinbhinsiún SOLAS 1974).

(8)

I bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, is deacair na ceanglais fhorordaitheacha reatha arna ndíorthú ó Choinbhinsiún SOLAS 1974 a chur in oiriúint do shoithigh bheaga paisinéirí atá níos lú ná 24 mhéadar ar fad. Ina theannta sin, tógtar longa beaga go príomha le hábhair seachas cruach. Dá bhrí sin níor deimhníodh ach líon an-teoranta de na longa sin faoi Threoir 2009/45/CE. Ós rud é nach bhforáiltear do cheisteanna sábháilteachta ar leith ná do chaighdeáin leordhóthanacha i dTreoir 2009/45/CE, ba cheart longa faoi 24 mhéadar ar fad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin agus iad a bheith faoi réir caighdeáin shonracha sábháilteachta arna gcinneadh ag na Ballstáit ar fearr a gcumas leis na srianta áitiúla loingseoireachta a mheasúnú do na longa sin ó thaobh an achair go dtí an cósta nó go dtí an calafort agus ó thaobh dálaí aimsire de. Agus na caighdeáin sin á gcinneadh acu, ba cheart do na Ballstáit treoirlínte a fhoilseoidh an Coimisiún a chur san áireamh. Ba cheart a chur san áireamh sna treoirlínte sin aon chomhaontuithe idirnáisiúnta agus aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta de chuid IMO, de réir mar is iomchuí, agus níor cheart ceanglais bhreise a thabhairt isteach leo a théann níos faide ná na rialacha idirnáisiúnta atá ann cheana. Iarrtar ar an gCoimisiún na treoirlínte sin a ghlacadh a luaithe is féidir.

(9)

Chun na sainmhínithe dá bhforáiltear i dTreoir 2009/45/CE a shimpliú tuilleadh, agus chun aon ualach ar na Ballstáit a íoslaghdú, ba cheart na critéir iomarcacha nó neamhleormhaithe a bhaint. Agus an leibhéal sábháilteachta fós á choinneáil, ba cheart simpliú a dhéanamh ar shainmhíniú na limistéar farraige inar féidir le longa d'Aicme C agus d'Aicme D oibriú, agus an critéar “áit ar féidir le daoine longbhriste teacht i dtír”, agus “achar go dtí an áit dídine” a bhaint, d'fhonn na limistéir farraige a shainiú. Is paraiméadar luaineach atá i gceist le hoiriúnacht imeallbhoird ar leith mar áit dídine, agus ní féidir le Ballstáit é a athbhreithniú ach ar bhonn cás ar chás. I gcás inar gá, ba cheart nóta a dhéanamh sa deimhniú um shábháilteacht loinge paisinéirí, d'aon srianta oibríochta a bhaineann leis an achar idir an áit dídine i long ar leith.

(10)

I bhfianaise na saintréithe sonracha geografacha agus aimsire agus an lín mhóir oileán ar gá freastal orthu go rialta agus go minic sa Ghréig, idir iad féin agus an mhórthír nó eatarthu féin, agus i bhfianaise an lín mhóir nasc muirí a d'fhéadfadh a bheith ann dá bharr, ba cheart a cheadú don Ghréig maolú ar an gceanglas limistéir farraige a bhunú. Ina ionad sin, ba cheart a cheadú don Ghréig longa paisinéirí a aicmiú de réir an bhealaigh shonraigh mhuirí ar a n-oibrítear iad agus, san am céanna, na critéir chéanna maidir le haicmí long paisinéirí agus na caighdeáin sábháilteachta chéanna a choinneáil.

(11)

Chun iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe na bhforálacha reatha a sheachaint, faoina bhféadfadh sé nach n-aithneofaí mar longa nua paisinéirí lastlonga atá athchóirithe, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na ceanglais athchóirithe maidir le haon long, ní hamháin maidir le longa paisinéirí atá ann cheana.

(12)

Ó tharla, i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), go bhféadfaidh Stát calafoirt cigireacht a dhéanamh ar long paisinéirí nó ar árthach paisinéirí ardluais a bhfuil bratach seachas bratach Stát an chalafoirt ar foluain uirthi nó air, nuair atá sí nó sé i mbun turais intíre, tá forálacha sonracha Airteagal 5(3) de Threoir 2009/45/CE iomarcach agus ba cheart iad a scriosadh.

(13)

I bhfianaise na n-éagsúlachtaí sa chur chuige idir ceanglais Choinbhinsiúin SOLAS 1974 maidir le cobhsaíocht damáiste agus ceanglais shonracha an Aontais maidir le cobhsaíocht damáiste le haghaidh longa paisinéirí róró atá i dTreoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart an gá atá le Treoir 2003/25/CE agus an breisluach a ghabhann léi a mheasúnú bunaithe ar cé acu a áirithítear an leibhéal céanna sábháilteachta leis na ceanglais sin de chuid Choinbhinsiúin SOLAS 1974.

(14)

Chun cur leis an trédhearcacht, agus chun fógraí ar dhíolúintí, ar choibhéisí agus ar bhearta breise sábháilteachta ó na Ballstáit a éascú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a bhunú agus a choinneáil. Ba cheart an dréacht agus an leagan a glacadh de na bearta ar tugadh fógra ina leith a chur san áireamh ann. Ba cheart rochtain phoiblí a thabhairt ar na bearta arna nglacadh.

(15)

I bhfianaise na n-athruithe a tharla mar thoradh ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a nuashonrú dá réir, ar cumhachtaí iad chun Treoir 2009/45/CE a chur chun feidhme. Ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(16)

D'fhonn forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus taithí a chur san áireamh agus chun trédhearcacht a mhéadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, más gá, agus na ceanglais theicniúla a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar na cruinnithe de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(17)

Ós rud é go bhfuil na tagairtí sonracha a dhéantar in Airteagal 14 d'obair leantach IMO tar éis titim as feidhm, ba cheart an tAirteagal sin a scriosadh. Mar sin féin, maidir le cuspóirí ginearálta na gníomhaíochta idirnáisiúnta chun sábháilteacht long paisinéirí a fheabhsú agus chun cothroime iomaíochta a bhunú, tá siad ábhartha i gcónaí agus ba cheart iad a shaothrú i gcomhréir leis na Conarthaí. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú faoi chuimsiú IMO chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacháin Choinbhinsiún SOLAS 1974 agus chun iad a fheabhsú.

(18)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí aon phionóis a leagann na Ballstáit síos a chur chun feidhme i gceart agus go mbeidís éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(19)

I bhfianaise thimthriall faireacháin iomlán chuairteanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme Threoir 2009/45/EC a mheas faoin 21 Nollaig 2026 agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina thaobh sin. Ba cheart go n-oibreodh na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún chun an fhaisnéis uile atá de dhíth a bhailiú don mheasúnú sin.

(20)

Ionas nach gcuirfear ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil calafoirt mhuirí acu agus nach bhfuil longa acu a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sin maolú ar fhorálacha na Treorach seo. Fágann sin, fad a chomhlíontar na coinníollacha sin, nach bhfuil sé d'oibleagáid orthu an Treoir seo a thrasuí.

(21)

Is croíchuid den tsábháilteacht loinge agus de na nósanna imeachta a bhaineann léi í gné an duine. D'fhonn ardleibhéal sábháilteachta a choinneáil, is gá a chur san áireamh an nasc idir an tsábháilteacht, dalaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, agus oiliúint, lena n-áirítear oiliúint a bhaineann le tarrtháil trasteorann agus le hoibríochtaí trasteorann éigeandála i gcomhréir le ceanglais idirnáisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún ról gníomhach a ghlacadh chucu féin ar an leibhéal idirnáisiúnta d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an ngné shóisialta do mharaithe ar bord loinge agus d'fhonn í a fheabhsú.

(22)

D'fhonn an próiseas cur chun feidhme a éascú, ba cheart do EMSA tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/45/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/45/CE

Leasaítear Treoir 2009/45/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘na coinbhinsiúin idirnáisiúnta’ na coinbhinsiúin seo a leanas, lena n-áirítear a gcuid Prótacal agus na leasuithe a rinneadh orthu, i.e. na leaganacha nuashonraithe díobh:

(i)

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974 (Coinbhinsiún SOLAS 1974); agus

(ii)

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte, 1966;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ciallaíonn ‘Cód Cobhsaíochta Sláine’ an ‘Cód maidir le Cobhsaíocht Shlán do gach cineál loinge a chumhdaítear faoi Ionstraimí IMO’ atá i Rún A.749(18) an 4 Samhain 1993 ó Chomhthionól IMO, nó an ‘Cód Idirnáisiúnta maidir le Cobhsaíocht Shlán, 2008’ atá i Rún IMO MSC.267(85) an 4 Nollaig 2008, sna leaganacha nuashonraithe díobh;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g)(ii):

“(ii)

tá a n-uasluas, mar a shainmhínítear i Rialachán 1.4.30 de Chód Árthaí Ardluais 1994 agus i Rialachán 1.4.38 de Chód Árthaí Ardluais 2000 faoi bhun 20 muirmhíle;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

ciallaíonn ‘airde bogha’ an airde bogha a shainmhínítear i Rialachán 39 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte, 1966;”;

(e)

i bpointe (q), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“(q)

‘ciallaíonn limistéar farraige nó bealach farraige aon limistéar farraige nó aon bhealach farraige a bhunaítear de bhun Airteagal 4;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (r):

“(r)

ciallaíonn ‘limistéar calafoirt’ limistéar seachas limistéar farraige a bunaítear de bhun Airteagal 4 a shainmhíníonn an Ballstát a bhfuil an calafort faoin dhlínse, a leathnaíonn amach chomh fada leis na hoibreacha buana calafoirt agus ar cuid dhílis de chóras an chalafoirt é, nó a leathnaíonn amach chomh fada leis na teorainneacha arna sainiú ag gnéithe geografacha nádúrtha a chosnaíonn inbhear nó limistéar comhchosúil eile faoi fhothain;”;

(g)

scriostar pointe (s);

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (u):

“(u)

ciallaíonn ‘Stát calafoirt’ Ballstát ar chuig a chalafort nó a chalafoirt nó óna chalafort/chalafoirt atá long nó árthach, ar a bhfuil bratach ar foluain nach í bratach an Bhallstáit sin í, i mbun turais intíre;”;

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

“(v)

ciallaíonn ‘eagraíocht aitheanta’ eagraíocht a aithnítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).”;"

(j)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (y):

“(y)

ciallaíonn ‘daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe’ daoine ag a bhfuil deacracht faoi leith iompar poiblí a úsáid, lena n-áirítear daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas, daoine atá faoi mhíchumas céadfach, úsáideoirí cathaoireacha rothaí, mná torracha agus daoine a bhfuil páistí óga á dtionlacan acu;”

(k)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(z)

ciallaíonn ‘long seoil’ long a bhíonn á tiomáint ag seolta, fiú má tá sí feistithe le tiomáint mheicniúil chun críoch cúnta agus éigeandála;

(za)

ciallaíonn ‘ábhar coibhéiseach’ cóimhiotal alúmanaim nó aon ábhar dodhóite eile a choinníonn, uaidh féin nó mar gheall ar an insliú a chuirtear ar fáil, airíonna struchtúrtha agus sláine atá coibhéiseach le cruach tar éis an nochta is iomchuí sa tástáil chaighdeánach dóiteáin;

(zb)

ciallaíonn ‘tástáil chaighdeánach dóiteáin’ tástáil ina nochtar sampla de na bulcaidí nó de na deiceanna ábhartha i bhfoirnéis tástála do theocht atá comhfhreagrach, nach mór, leis an gcuar caighdeánach am-teochta i gcomhréir leis an modh tástála a shonraítear i gCód Idirnáisiúnta um Fheidhmiú Gnásanna Tástála Dóiteáin 2010, atá i Rialachán IMO MSC.307(88) an 3 Nollaig 2010, sa leagan nuashonraithe de;

(zc)

ciallaíonn ‘long thraidisiúnta’ aon chineál loinge stairiúla paisinéirí a dearadh roimh 1965 chomh maith lena macasamhlacha a tógadh go príomha leis na hábhair bhunaidh, lena n-áirítear iad sin a dearadh d'fhonn scileanna agus mairnéalacht thraidisiúnta a chur chun cinn, ar beo-shéadchomharthaí cultúrtha i dteannta a chéile iad, a oibrítear de réir prionsabail thraidisiúnta mhairnéalachta agus theicniúla;

(zd)

ciallaíonn ‘luamh pléisiúir’ nó ‘árthach pléisiúir’ soitheach nach bhfuil i mbun trádála, beag beann ar an modh tiomána;

(ze)

ciallaíonn ‘bád freastail’ bád atá á iompar ag long agus a úsáidtear chun líon níos mó ná 12 phaisinéir a thabhairt i dtír agus ar ais ó long paisinéirí atá ina stad;

(zf)

ciallaíonn ‘long seirbhíse amach ón gcósta’ long a úsáidtear chun pearsanra tionscail nach ndéanann obair ar bord atá riachtanach do ghnó na loinge a iompar agus chun cóir a chur orthu;

(zg)

ciallaíonn ‘árthach seirbhíse amach ón gcósta’ árthach a úsáidtear chun pearsanra tionscail nach ndéanann obair ar bord atá riachtanach do ghnó an árthaigh a iompar agus chun cóir a chur orthu;

(zh)

ciallaíonn ‘deisithe, athruithe agus modhnuithe móra’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

aon athrú suntasach ar thoisí na loinge, e.g. í a fhadú trí lárchabhail nua a chur léi,

aon athrú suntasach ar an líon daoine is féidir a iompar ar an long, amhail an deic feithicle a athchóiriú ina lóistín paisinéirí,

aon athrú suntasach ar ré feidhme na loinge, amhail an lóistín paisinéirí a athnuachan ar dheic iomlán amháin,

aon chineál loinge a athchóiriú ina long paisinéirí.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na longa agus leis na hárthaí paisinéirí seo a leanas, beag beann ar a mbratach, agus iad i mbun turais intíre:

(a)

longa paisinéirí atá nua nó atá ann cheana, atá 24 mhéadar nó níos mó ar fad;

(b)

árthaí paisinéirí ardluais.

Cinnteoidh gach Ballstát, ina cháil mar Stát calafoirt, go gcomhlíonann longa paisinéirí agus árthaí paisinéirí ardluais, a bhfuil bratach Stáit nach bratach Ballstáit í ar foluain orthu, ceanglais na Treorach seo, sula rachaidh siad i mbun turais intíre sa Bhallstát sin.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

Longa paisinéirí arb é atá iontu:

(i)

longa cogaidh agus longa trúpaí;

(ii)

longa seoil;

(iii)

longa nach dtiomáintear go meicniúil;

(iv)

soithí a tógadh le hábhar nach cruach ná ábhar coibhéiseach é agus nach gcumhdaítear faoi na caighdeáin a bhaineann le hÁrthaí Ardluais (Rún MSC 36(63) nó MSC.97(73)) ná le hÁrthaí faoi Thacaíocht Dhinimiciúil (Rún A.373(X));

(v)

longa adhmaid de thógáil bhunúsach;

(vi)

longa traidisiúnta;

(vii)

luaimh phléisiúir;

(viii)

longa nach mbíonn i mbun oibre ach i limistéir chalafoirt;

(ix)

longa seirbhíse amach ón gcósta; nó

(x)

báid freastail;

(b)

árthaí paisinéirí ardluais arb é atá iontu:

(i)

árthaí cogaidh agus árthaí trúpaí;

(ii)

árthaí pléisiúir;

(iii)

árthaí nach mbíonn i mbun oibre ach i limistéir chalafoirt; nó

(iv)

árthaí seirbhíse amach ón gcósta.

3.   Maidir le Ballstáit nach bhfuil calafoirt acu agus nach bhfuil longa paisinéirí ná árthaí paisinéirí acu a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, féadfaidh siad maolú ar fhorálacha na Treorach seo cé is moite den oibleagáid a leagtar amach sa dara fomhír.

Maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil rún acu úsáid a bhaint as an maolú sin, cuirfidh siad scéala chuig an gCoimisiún ar a dhéanaí an 21 Nollaig 2019 má chomhlíontar na coinníollacha agus cuirfidh siad aon athrú a dhéantar ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún go bliantúil as sin amach. Ní fhéadfaidh Ballstáit den sórt sin a cheadú go ndéanfar bratach a chur ar foluain ar longa paisinéirí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo go dtí go mbeidh an Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme acu.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Catagóiriú limistéar farraige agus aicmí long paisinéirí

1.   Roinntear limistéir farraige sna catagóirí seo a leanas:

‘Limistéar A’

a chiallaíonn limistéar farraige lasmuigh de limistéar B, limistéar C agus limistéar D.

‘Limistéar B’

a chiallaíonn limistéar farraige nach bhfuil a chomhordanáidí geografacha níos faide ná 20 míle ó líne an chósta ag pointe ar bith, a chomhfhreagraíonn don mheánairde taoide, ach atá lasmuigh de limistéar C agus limistéar D.

‘Limistéar C’

a chiallaíonn limistéar farraige nach bhfuil a chomhordanáidí geografacha níos faide ná 5 mhíle ó líne an chósta ag pointe ar bith, a chomhfhreagraíonn don mheánairde taoide, ach atá lasmuigh de limistéar farraige D, más ann dó.

Ina theannta sin, maidir leis an dóchúlacht go rachadh an tonnairde shuntasach thar 2.5 méadar, is lú ná 10 % a bheidh sí go ceann tréimhse bliana i gcás oibríocht feadh na bliana, nó go ceann tréimhse shonrach i gcás oibríocht shéasúrach, amhail oibríocht i dtréimhse an tsamhraidh.

‘Limistéar D’

a chiallaíonn limistéar farraige nach bhfuil a chomhordanáidí geografacha níos faide ná 3 mhíle ó líne an chósta ag pointe ar bith, a chomhfhreagraíonn don mheánairde taoide.

Ina theannta sin, maidir leis an dóchúlacht go rachadh an tonnairde shuntasach thar 1.5 méadar, níos lú ná 10 % a bheidh sí go ceann tréimhse bliana i gcás oibríocht feadh na bliana, nó go ceann tréimhse shonrach i gcás oibríocht shéasúrach, amhail oibríocht i dtréimhse an tsamhraidh.

2.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

liosta de na limistéir farraige atá faoina dhlínse a bhunú agus a nuashonrú, i gcás inar gá;

(b)

an teorainn istigh den limistéar farraige is gaire do líne a chósta a chinneadh;

(c)

an liosta a fhoilsiú i mbunachar sonraí poiblí atá ar fáil ar shuíomh idirlín an údaráis mhuirí inniúil;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoi shuíomh na faisnéise sin agus nuair a dhéantar modhnuithe ar an liosta.

3.   De mhaolú ar an oibleagáid liosta de limistéir farraige a bhunú, féadfaidh an Ghréig liosta de bhealaí farraige lena gcumhdaítear na bealaí farraige sa Ghréig, a bhunú agus, i gcás inar gá, déanfaidh sí an liosta a nuashonrú, agus úsáid á baint as na critéir chomhfhreagracha do na catagóirí a leagtar amach i mír 1.

4.   Roinntear longa paisinéirí sna haicmí seo a leanas de réir an limistéir farraige ina bhféadfaidh siad oibriú:

'Aicme A'

a chiallaíonn long paisinéirí i mbun turais intíre i Limistéar A, i Limistéar B, i Limistéar C agus i Limistéar D.

'Aicme B'

a chiallaíonn long paisinéirí i mbun turais intíre i Limistéar B, i Limistéar C agus i Limistéar D.

'Aicme C'

a chiallaíonn long paisinéirí i mbun turais intíre i Limistéar C agus i Limistéar D.

'Aicme D'

a chiallaíonn long paisinéirí i mbun turais intíre i Limistéar D.

5.   I gcás árthaí paisinéirí ardluais, beidh feidhm ag na catagóirí a shainmhínítear i gCaibidil 1 (1.4.10) agus (1.4.11) de Chód Árthaí Ardluais 1994 nó i gCaibidil 1 (1.4.12) agus (1.4.13) de Chód Árthaí Ardluais 2000.”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Aithneoidh gach Ballstát, ag gníomhú ina cháil mar Stát calafoirt, an Deimhniú um Shábháilteacht Árthaigh Ardluais agus an Ceadúnas Oibrithe arna n-eisiúint ag Ballstát eile d'árthaí paisinéirí ardluais, agus iad i mbun turais intíre, nó an deimhniú um shábháilteacht loinge paisinéirí, dá dtagraítear in Airteagal 13 arna eisiúint ag Ballstát eile do longa paisinéirí atá i mbun turais intíre.”;

(b)

scriostar mír 3;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Trealamh muirí a chomhlíonann na ceanglais arna leagan síos de bhun Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), measfar go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo.

(*2)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).”;"

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

comhlíonfaidh tógáil agus cothabháil na cabhlach, an phríomhinnealra agus an innealra chúnta, an ghléasra leictrigh agus uathoibríoch na caighdeáin a shonraítear d'aicmiú de réir rialacha ó eagraíocht aitheanta, nó de réir rialacha coibhéiseacha a úsáideann riarachán i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(*3)  Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47).”;"

(ii)

scriostar pointe (c);

(b)

i bpointe (b) de mhír 2,

scriostar pointe (ii);

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

d'ainneoin phointe (i), déantar longa nua paisinéirí ar d'Aicme D iad a dhíolmhú ón gceanglas maidir le hairde bogha íosta a leagtar síos sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte, 1966,”;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):

“(c)

comhlíonfaidh longa paisinéirí d'Aicme C agus d'Aicme D atá ann cheana na ceanglais ábhartha shonracha atá sa Treoir seo, agus i gcás ceisteanna nach gcumhdaítear faoi na ceanglais sin, comhlíonfaidh siad rialacha riarachán an Bhratstáit; forálfar leibhéal sábháilteachta sna rialacha sin atá coibhéiseach leis an leibhéal sábháilteachta dá bhforáiltear i gCaibidil II-1 agus i gCaibidil II-2 d'Iarscríbhinn I, fad a chuirtear san áireamh na dálaí sonracha áitiúla oibríochta a bhaineann leis na limistéir farraige ina bhféadfaidh longa na n-aicmí sin oibriú; sula bhféadfaidh longa paisinéirí d'Aicme C agus d'Aicme D atá ann cheana dul i mbun turais rialta intíre i Stát calafoirt, gheobhaidh riarachán an Bhratstáit aontú Stát an chalafoirt maidir leis na rialacha sin;

(d)

i gcás Ballstát a bheith den tuairim gur rialacha míréasúnta iad na rialacha a éilíonn an riarachán ar an Stát calafoirt de bhun phointe (c) den mhír seo, tabharfaidh an Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún ina leith. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh a chinneadh maidir le cibé an bhfuil rialacha riarachán an Stáit calafoirt réasúnta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(ii)

scriostar pointe (e) agus pointe (f);

(d)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“—

comhlíonann siad go hiomlán ceanglais an Chóid Sábháilteachta le haghaidh Árthaí faoi Thacaíocht Dhinimiciúil (Cód DSC) i Rún IMO A.373(10), sa leagan nuashonraithe de;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

comhlíonfaidh tógail agus cothabháil árthaí paisinéirí ardluais agus a dtrealamh na rialacha maidir le haicmiú árthaí ardluais de chuid eagraíocht aitheanta, nó rialacha coibhéiseacha a úsáideann riarachán i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir 2009/15/CE.”;

(e)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“5.   Maidir le longa nua agus longa atá ann cheana, comhlíonfaidh deisithe, athruithe agus modhnuithe móra agus na feistis a bhaineann leo na ceanglais do longa nua mar a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2; ní mheasfar gur modhnuithe móra iad athruithe ar long arb é an t-aon aidhm leo caighdeán an chumais teacht slán a ardú.

6.   Comhlíonfaidh longa a tógadh le hábhar coibhéiseach roimh an 20 Nollaig 2017 ceanglais na Treorach leasaithí seo faoin 22 Nollaig 2025.

7.   De mhaolú ar an Treoir seo, maidir le Ballstát a bhfuil níos mó ná 60 long paisinéirí aige a thógtar as cóimhiotal alúmanaim agus a bhfuil a bhratach ar foluain orthu an 20 Nollaig 2017, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a dhíolmhú ó fhorálacha na Treorach leasaithí seo do na longa paisinéirí seo a leanas do na tréimhsí seo a leanas:

(a)

longa paisinéirí a thógtar le cóimhiotal alúmanaim tar éis an 20 Nollaig 2017 ar d'Aicme B, d'Aicme C nó d'Aicme D iad, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an dáta sin; agus

(b)

longa paisinéirí a thógtar le cóimhiotal alúmanaim roimh 20 Nollaig 2017 ar d'Aicme B, d'Aicme C nó d'Aicme D, an go ceann tréimhse 12 bhliain tar éis an dáta sin,

ar choinníoll go n-oibrítear na longa sin go heisiach idir calafoirt an Bhallstáit sin iad.

Aon Bhallstát ar mian leis leas a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2019 faoin rún atá aige sin a dhéanamh agus cuirfidh sé an t-ábhar in iúl don Choimisiún. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún é freisin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 9(4).”;

(6)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Longa paisinéirí róró ar d'Aicme C iad agus a raibh a gcílí leagtha, nó a bhí i riocht comhchosúil déanmhais, an 1 Deireadh Fómhair 2004 nó ina dhiaidh, agus maidir le gach long paisinéirí róró ar d'Aicme A agus d'Aicme B iad, comhlíonfaidh siad Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 9 de Threoir 2003/25/CE.”;

(b)

scriostar mír 2;

(7)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

scriostar an dara fomhír de mhír 3;

(b)

scriostar mír 4;

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh Ballstát, faoi réir an nós imeachta a leagtar síos i mír 4, bearta a ghlacadh lena gceadaítear coibhéisí do cheanglais shonracha ar leith den Treoir seo, ar choinníoll go bhfuil na coibhéisí sin ar a laghad chomh héifeachtach agus atá na ceanglais sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ballstát a mbeidh leas á bhaint as na cearta a thugtar le mír 1, mír 2, nó mír 3, feidhmeoidh sé i gcomhréir leis an dara fomhír go dtí an seachtú fomhír den mhír seo.

Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na bearta atá rún aige a ghlacadh, agus áireoidh, sé i bhfógra den sórt sin, dóthain sonraí chun a dheimhniú go gcothabháiltear an leibhéal sábhailteachta go leormhaith.

Má dhéanann an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh a chinneadh, laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a dtabharfar an fógra, nach bhfuil údar leis na bearta atá molta, beidh ar an mBallstát sin na bearta molta a leasú nó staonadh óna nglacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Sonrófar na bearta arna nglacadh sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha agus cuirfear in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile iad.

Cuirfear aon bheart den sórt sin i bhfeidhm maidir le gach long paisinéirí den aicme chéanna nó maidir le hárthaí a oibrítear faoi na dálaí sonraithe céanna, gan idirdhealú a dhéanamh i dtaca leis an mbratach atá acu ná le náisiúntacht ná áit bhunaíochta a n-oibreora.

Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 3 ach fad a oibrítear an long nó an t-árthach faoi na dálaí sonraithe.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún i leith na mbeart dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa cheathrú fomhír trí bhithín bunachar sonraí a bhunóidh agus a choinneoidh an Coimisiún chun na críche sin agus a mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit air. Cuirfidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air.”;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh a chinneadh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil údar le cinneadh an Bhallstáit oibríocht loinge nó árthaigh den sórt sin a chur ar fionraí nó na bearta breise a fhorchur, ar chúiseanna a bhaineann le baol tromchúiseach do shábháilteacht anama, do shábháilteacht maoine nó don chomhshaol, agus, mura bhfuil údar leis an bhfionraí nó le forchur na mbeart breise, ina mbeidh a chinneadh lena cheanglófar ar an mBallstát lena mbaineann an fionraí nó na bearta a tharraingt siar. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”;

(9)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

na tagairtí sonracha do na ‘coinbhinsiúin idirnáisiúnta’ agus do rúin IMO dá dtagraítear i bpointí (g), (m), (q) agus (zb) d'Airteagal 2, pointe (a) d'Airteagal 3(2), pointe (b) d'Airteagal 6(1) agus pointe (b) d'Airteagal 6(2).”;

(b)

i mír 2,

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

coigeartú a dhéanamh, i bhfianaise taithí, ar na sonraíochtaí teicniúla atá sna leasuithe a rinneadh ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta i gcás longa ar de chineál B, de chineál C nó de chineál D iad agus árthaí;”;

(ii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(c)

eilimintí teicniúla a shimpliú agus a shoiléiriú, i bhfianaise taithí a fuarthas óna gcur chun feidhme;

(d)

nuashonrú a dhéanamh ar na tagairtí d'ionstraimí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le longa paisinéirí intíre.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun na leasuithe ar an Treoir seo dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh.

4.   In imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus d'fhonn bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar an tsábháilteacht mhuirí, an tsláinte, dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, nó an mhuirthimpeallacht, nó chun neamh-chomhoiriúnacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a, ar gníomhartha iad lena leasaítear an Treoir seo chun nach ndéanfar leasú ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur i bhfeidhm chun críche na Treorach seo.

Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh 3 mhí ar a laghad roimh dhul in éag don tréimhse a bhunaítear go hidirnáisiúnta do ghlacadh intuigthe an leasaithe lena mbaineann nó 3 mhí roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Sa tréimhse roimh theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe sin, staonfaidh na Ballstáit ó aon tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm leis an leasú a chomhtháthú sa reachtaíocht náisiúnta nó an leasú a chur i bhfeidhm maidir leis an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann.”

(10)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus (4) a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus (4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 20 Nollaig 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachta dá dtagraítear in Airteagail 10(3) agus (4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(3) nó (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(11)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(b)

scriostar mír 3;

(12)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tabharfaidh riarachán an Bhratstáit ar gach long paisinéirí dul faoi na suirbhéanna a shonraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c):

(a)

suirbhé tosaigh sula gcuirfear an long i seirbhís;

(b)

suirbhé tréimhsiúil uair sa 12 mhí; agus

(c)

suirbhéanna breise, nuair is gá.”;

(b)

scriostar mír 2;

(13)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tabharfar deimhniú um shábháilteacht loinge paisinéirí i gcomhréir leis an Treoir seo do gach long paisinéirí atá nua nó atá ann cheana, i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo. Beidh an deimhniú san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Eiseoidh riarachán an Bhratstáit an deimhniú seo tar éis suirbhé tosaigh, mar a shonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 12(1), a bheith déanta.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Sula n-eiseoidh sé an Ceadúnas Oibrithe d'árthaí paisinéirí ardluais i mbun turais intíre i Stát calafoirt, aontóidh riarachán an Bhratstáit leis an Stát calafoirt maidir le haon choinníollacha oibríochta a bhaineann le hoibriú an árthaigh sa Stát sin. Léireoidh riarachán an Bhratstáit aon choinníollacha den sórt sin ar an gCeadúnas Oibrithe.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Glacfar nóta ar dheimhniú na loinge nó an árthaigh de bhearta breise sábháilteachta, de choibhéisí agus de dhíolúintí arna dtabhairt do longa nó d'árthaí faoi Airteagal 9(1), (2) agus (3) agus i gcomhréir leis an Airteagal sin.”;

(14)

scriostar Airteagal 14;

(15)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 16a

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na Treorach seo a mheas agus cuirfidh siad torthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 22 Nollaig 2026.”;

(16)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i mír 13.1 i gcuid A de Chaibidil II-2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I ngach long, déanfar pleananna eagraithe ginearálta a thaispeáint go buan ar mahithe le hoifigigh na loinge a threorú, ar phleananna iad ina thaispeánfar go soiléir do gach deic na stáisiúin rialaithe, na ranna dóiteán éagsúla arna n-iamh ag rannáin aicme ‘A’, na ranna arna n-iamh ag rannáin aicme agus sonraí na gcóras brath dóiteáin agus rabhadh dóiteáin, na suiteála aisréadóra, na bhfearas um múchadh dóiteáin, na mbealaí chun rochtain a fháil ar urrann éagsúla, ar dheiceanna éagsúla agus an córas aerála lena n-áirítear sonraí maidir leis na suíomhanna rialála fean, suíomh na maolairí agus uimhreacha aitheantais na bhfeananna aerála a fhónann do gach roinn. De rogha air sin, féadfar na sonraí thuasluaite a leagan amach i leabhrán a sholáthrófar do gach oifigeach, agus a mbeidh cóip amháin de ar fáil ar bord i suíomh a bhfuil fáil air. Déanfar pleananna agus leabhráin a choinneáil suas chun dáta, agus déanfar aon athruithe a thaifeadadh orthu a luaithe agus atá praiticiúil. Beidh an cur síos i bpleananna agus leabhráin den sórt sin i dteanga oifigiúil an Bhratstáit. Murar Béarla nó Fraincis é an teanga, áireofar aistriúchán go ceann do na teangacha sin. Sa chás go bhfuil an long i mbun turais intíre i mBallstát eile, beidh aistriúchán go teanga oifigiúil an Stáit calafoirt sin san áireamh, más amhlaidh nach í an Fhraincis ná nach é an Béarla an teanga sin.”;

(b)

sa chéad mhír d'fhonóta 1 a ghabhann leis an tábla i mír 2 de Chaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chuid tosaigh:

“Féadfaidh báid tarrthála nó raftaí tarrthála nó teaglaim díobh sin a bheith i gceist le hárthaí marthanais i gcomhréir leis na forálacha i Rialachán III/2.2. Nuair atá údar leis toisc gur turais faoi fhothain atá i gceist nó mar gheall ar dhálaí fabhracha aimsire sa limistéar oibriúcháin, ag féachaint do na moltaí in MSC/Circ.1046 IMO, féadfaidh riarachán an Bhratstáit glacadh leis, mura ndiúltaíonn Ballstát an chalafoirt dó.”.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Faoin 21 Nollaig 2019, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2019.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an slí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 15 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 167.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sabháilteachta do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise maidir le trácht soitheach agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(5)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(6)  Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha sábháilteachta do longa paisinéirí róró (IO L 123, 17.5.2003, lch. 22).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).


30.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

52


TREOIR (AE) 2017/2109 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leasaítear Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá faisnéis bheacht thráthúil ar an líon daoine nó ar chéannacht na ndaoine ar bord loinge sár-riachtanach le haghaidh ullmhú agus éifeachtacht oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. I gcás tionóisc ar muir, féadfaidh comhar iomlán idir údaráis náisiúnta inniúla an stáit nó na stát atá i gceist, an t-oibreoir loinge agus a ngníomhairí cur go mór le héifeachtacht na n-oibríochtaí. Déantar gnéithe áirithe den chomhar sin a rialáil le Treoir 98/41/CE ón gComhairle (3).

(2)

Léiríonn torthaí sheiceáil oiriúnachta an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) mar aon leis an taithí a fuarthas le linn Treoir 98/41/CE a chur chun feidhme, nach mbíonn teacht éasca i gcónaí ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis faoi dhaoine ar bord nuair a bhíonn sí ag teastáil uathu. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo, ba cheart ceanglais reatha Threoir 98/41/CE a chur i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le sonraí a thuairisciú go leictreonach, a mbeidh córas níos éifeachtúla mar thoradh air. A bhuí le digitiú, beifear in ann rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le líon suntasach paisinéirí a éascú in éigeandáil nó i ndiaidh tionóisc ar muir.

(3)

Le 17 mbliana anuas, rinneadh dul chun cinn teicneolaíoch mór i dtaca le meán cumarsáide agus sonraí maidir le gluaiseachtaí long a stóráil. Cuireadh roinnt córais éigeantacha um thuairisciú long ar bun feadh imeallbhoird na hEorpa, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Trí dhlí an Aontais agus tríd an dlí náisiúnta araon, áirithítear go gcomhlíonann longa na ceanglais tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi na córais sin. Is gá dul chun cinn a dhéanamh anois maidir le nuálaíocht theicneolaíoch, ag cur leis na torthaí a baineadh amach go n-uige seo, ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh, agus á áirithiú go gcoimeádtar neodracht theicneolaíoch i gcónaí.

(4)

Maidir le bailiú, tarchur agus comhroinnt sonraí a bhaineann le longa, rinne an fhuinneog aonair náisiúnta dá dtagraítear i dTreoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) dá dtagraítear i dTreoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an méid sin a chumasú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis faoi na daoine ar bord a cheanglaítear le Treoir 98/41/CE a thuairisciú san fhuinneog aonair náisiúnta trínabhféadfaidh an t-údarás inniúil rochtain a fháil go réidh ar na sonraí i gcás éigeandála nó i gcás tionóisc ar muir. Ba cheart an líon daoine ar bord a thuairisciú san Fhuinneog Aonair Náisiúnta trí mhodhanna teicniúla iomchuí de rogha na mBallstát. Mar mhalairt air sin, ba cheart an líon sin a thuairisciú don údarás ainmnithe trí mheán an Chórais Aitheantais Uathoibríoch.

(5)

Chun soláthar agus malartú faisnéise arna tuairisciú faoin Treoir seo a éascú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart do na Ballstáit na foirmiúlachtaí tuairiscithe comhchuibhithe arna mbunú le Treoir 2010/65/AE a úsáid. I gcás tionóisc a mbeidh tionchar aici ar bhreis agus Ballstát amháin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil do Bhallstáit eile tríd an gcóras SafeSeaNet.

(6)

Chun tréimhse leordhóthanach a sholáthar do na Ballstáit le foirmiúlachtaí nua a chur leis na fuinneoga aonair náisiúnta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ar lena linn a bheidh an deis ag na Ballstáit an córas reatha a choimeád chun daoine ar bord longa paisinéirí a chlárú.

(7)

Ba cheart do dhul chun cinn a dhéantar agus fuinneoga aonair náisiúnta á bhforbairt a bheith mar bhunús le dul i dtreo timpeallacht fuinneoige aonair Eorpach amach anseo.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit oibreoirí, agus go háirithe oibreoirí beaga, a spreagadh chun an Fhuinneog Aonair Náisiúnta a úsáid. Mar sin féin, chun comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, oibreoirí beaga nach bhfuil an Fhuinneog Aonair Náisiúnta in úsáid go fóill acu agus a oibríonn go príomha ar thurais intíre ghairide a mhaireann tréimhse is gairide ná 60 nóiméad, ba cheart an deis a bheith acu na hoibreoirí sin a dhíolmhú ón oibleagáid líon na ndaoine ar bord a thuairisciú san Fhuinneog Aonair Náisiúnta.

(9)

Chun suíomh geografach sonrach na n-oileán Heligoland agus Bornholm agus cineál a nasc iompair leis an mórthír a chur i gcuntas, ba cheart am breise a thabhairt don Ghearmáin, don Danmhairg agus don tSualainn chun liosta na ndaoine ar bord a bhailiú agus, go ceann idirthréimhse sheasta, an fhaisnéis sin a chur in iúl trí úsáid an chórais reatha.

(10)

Ba cheart go leanfadh na Ballstáit den deis atá acu leis an tairseach 20 míle a ísliú chun an liosta daoine ar bord a thaifeadadh agus a thuairisciú. Leis an gceart sin, d'fhéadfaí turais a áireamh i gcás ina stadann longa paisinéirí, ar a bhfuil líon ard paisinéirí á n-iompar, go leanúnach idir calafoirt ar gairide ná 20 míle an t-achar le linn turas fada aonair. I gcásanna den sórt sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an tairseach 20 míle a ísliú ionas go bhféadfaí an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo a thaifeadadh maidir le paisinéirí ar bord, ar paisinéirí iad a tháinig ar bord ag an gcéad chalafort nó ag calafoirt idirmheánacha.

(11)

Chun faisnéis thráthúil iontaofa a thabhairt do ghaolta i gcás tionóisc, chun moilleanna míchuí sa chúnamh consalach agus i seirbhísí eile a laghdú agus chun nósanna imeachta maidir le sainaithint a éascú, ba cheart faisnéis faoi náisiúntacht na ndaoine ar bord a bheith san áireamh sna sonraí a chuirtear in iúl. Ba cheart an liosta d'iontrálacha sonraí riachtanacha le haghaidh turais a mhaireann tréimhse is faide ná 20 míle a shimpliú, a shoiléiriú agus, a mhéid is féidir, a ailíniú le ceanglais tuairiscithe don Fhuinneog Aonair Náisiúnta.

(12)

I bhfianaise an dul chun cinn atá ar mhodhanna leictreonacha chun sonraí a thaifeadadh agus ag cur san áireamh gur cheart sonraí pearsanta a bhailiú sula n-imeoidh an long ach go háirithe, ba cheart an mhoill 30 nóiméad dá bhforáiltear i dTreoir 98/41/CE faoi láthair a laghdú chuig 15 nóiméad.

(13)

Is den tábhacht go soláthrófaí treoracha soiléire do gach duine ar bord lena leanúint in éigeandáil, i gcomhréir le ceanglais idirnáisiúnta.

(14)

Chun go méadófar soiléireacht dlí agus go ndéanfar an chomhsheasmhacht le reachtaíocht ghaolmhar de chuid an Aontais, agus go háirithe Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a fheabhsú, ba cheart roinnt tagairtí atá as dáta, débhríoch agus mearbhlach a nuashonrú nó a scriosadh. Ba cheart an sainmhíniú ar “long paisinéirí” a ailíniú le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, agus raon feidhme na Treorach seo á choimeád. Ba cheart an sainmhíniú ar “uiscí faoi fhothain” a scriosadh agus an coincheap a ailíniú le Treoir 2009/45/CE chun críocha na ndíolúintí faoin Treoir seo, le linn gaireacht saoráidí cuardaigh agus tarrthála a áirithiú.. Ba cheart an sainmhíniú ar “cláraitheoir paisinéirí” a leasú chun go léireofar na dualgais nua nach n-áirítear coimeád na faisnéise orthu a thuilleadh. Sa sainmhíniú ar “údarás ainmnithe”, ba cheart údaráis inniúla a chuimsiú, ar údaráis inniúla iad ag a bhfuil rochtain dhíreach nó indíreach ar an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart na ceanglais chomhfhreagracha do chórais clárúcháin paisinéirí do chuideachtaí a scriosadh.

(15)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le luaimh phléisiúir ná árthaí pléisiúir. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le luaimh phléisiúir ná árthaí pléisiúir a bhfuil cairtfhostú trí fhorléasadh déanta orthu agus nach luaimh ná árthaí trádála chun paisinéirí a iompar iad ina dhiaidh sin.

(16)

Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith freagrach as deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar na ceanglais um chlárú sonraí faoi Threoir 98/41/CE, is é sin maidir le cruinneas agus clárú tráthúil na sonraí. Chun comhsheasmhacht na faisnéise a áirithiú, ba cheart go bhféadfaí seiceálacha randamacha a dhéanamh.

(17)

Fad atá baint ag bearta dá bhforáiltear i dTreoir 98/41/CE agus i dTreoir 2010/65/AE le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Go háirithe agus gan dochar d'oibleagáidí dlí eile i gcomhlíonadh an dlí maidir le cosaint sonraí, níor cheart sonraí pearsanta arna mbailiú i gcomhréir le Treoir 98/41/CE a phróiseáil ná a úsáid chun aon chríoch eile agus níor cheart iad a choinneáil go ceann tréimhse is faide ná tréimhse is gá chun críocha Threoir 98/41/CE. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí pearsanta a scriosadh go huathoibríoch agus gan mhoill mhíchuí a luaithe a bheidh turas loinge déanta go slán sábháilte, mar is infheidhme, nuair a bheidh imscrúdú nó nós imeachta breithiúnach curtha i gcrích, ar imscrúdú nó nós imeachta é a chuirtear ar bun tar éis tionóisce nó éigeandála.

(18)

Agus úrscothacht agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, ba cheart do gach cuideachta bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme le sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun na Treorach seo a chosaint ar scrios tionóisceach nó neamhdhleathach nó cailleadh tionóisceach, athrú, agus nochtadh nó rochtain neamhdhleathach, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint sonraí.

(19)

I bhfianaise phrionsabail na comhréireachta agus toisc gur chun leas an phaisinéara é fíorfhaisnéis a chur ar fáil, is leor na modhanna reatha chun sonraí pearsanta a bhailiú ar bhonn an fhéindearbhaithe ó phaisinéirí chun críocha Threoir 98/41/CE. Ag an am céanna, ba cheart a áirithiú le modhanna leictreonacha chun sonraí a chlárú agus a fhíorú go gcláraítear faisnéis uathúil do gach duine ar bord.

(20)

Chun cur leis an trédhearcacht, agus chun na Ballstáit do thabhairt fógra maidir le díolúintí agus le hiarrataí ar mhaolú a éascú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a bhunú agus a choimeád chun na críche sin. Ba cheart na bearta ar tugadh fógra ina leith a chur san áireamh ann ina ndréachtfhoirm agus ina bhfoirmeacha glactha. Ba cheart rochtain phoiblí a thabhairt ar na bearta arna nglacadh.

(21)

Maidir le sonraí a bhaineann leis na Ballstáit do thabhairt fógra i leith díolúintí agus iarrataí ar mhaolú, ba cheart iad a chomhchuibhiú agus a chomhordú mar is gá lena áirithiú go mbainfí an úsáid is éifeachtaí is féidir as na sonraí sin.

(22)

I bhfianaise na n-athruithe a tháinig chun cinn mar thoradh ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart nuashonrú comhfhreagrach a dhéanamh ar na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún chun Treoir 98/41/CE a chur chun feidhme. Ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(23)

Chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh agus chun an trédhearcacht a mhéadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith gan leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, más gá, chun críocha na Treorach seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin atá ag plé le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.

(24)

I bhfianaise thimthriall faireacháin iomlán chuairteanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 98/41/CE a dhéanamh faoin 22 Nollaig 2026 agus tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina thaobh sin. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun an fhaisnéis uile is gá a bhailiú don mheastóireacht sin.

(25)

Chun na hathruithe a rinneadh ar Threoir 98/41/CE a léiriú, ba cheart faisnéis faoi dhaoine ar bord a chur san áireamh sa liosta d'fhoirmiúlachtaí tuairiscithe dá dtagraítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2010/65/AE.

(26)

Ionas nach gcuirfear ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil aon chalafoirt mhuirí acu agus nach bhfuil longa paisinéirí acu a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sin maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo. Fágann sin, fad a chomhlíontar an coinníoll sin, nach bhfuil sé d'oibleagáid orthu an Treoir seo a thrasuí.

(27)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 9 Nollaig 2016.

(28)

Ba cheart dá bhrí sin Treoir 98/41/CE agus Treoir 2010/65/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 98/41/CE

Leasaítear Treoir 98/41/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

ciallóidh ‘long paisinéirí’ long nó árthach ardluais ar a n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir,”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc:

“—

ciallóidh ‘cláraitheoir paisinéirí’ an duine freagrach arna ainmniú ag cuideachta chun oibleagáidí an chóid ISM a chomhlíonadh, mas infheidhme, nó duine arna ainmniú ag cuideachta atá freagrach as faisnéis a tharchur i leith paisinéirí a chuaigh ar bord long paisinéirí de chuid cuideachta,”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc:

“—

ciallóidh ‘údarás ainmnithe’ an t-údarás inniúil de chuid an Bhallstáit atá freagrach as cuardach agus tarrtháil nó a bhfuil baint aige le toradh tionóisce, ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir seo,”;

(d)

scriostar an naoú fleasc;

(e)

sa deichiú fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“—

ciallóidh ‘seirbhís rialta’ sraith turas trasna long a oibrítear chun freastal ar thrácht idir an dá chalafort chéanna nó níos mó, nó sraith turas ón gcalafort agus chuig an gcalafort céanna gan stadanna idir eatarthu ach, cibé”;

(f)

cuirtear isteach an fleasc seo a leanas:

“—

ciallóidh ‘limistéar calafoirt’ limistéar arna shainiú i bpointe (r) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/45/CE,”;

(g)

cuirtear isteach an fleasc seo a leanas:

“—

ciallóidh ‘luamh pléisiúir nó árthach pléisiúir’ soitheach nach soitheach trádála é, beag beann ar a chóracha tiomána.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le longa paisinéirí cé is moite de:

longa cogaidh agus longa trúpaí,

luaimh phléisiúir agus árthaí pléisiúir,

longa nach gcuirtear ag obair ach amháin i limistéir chalafoirt nó in uiscebhealaí intíre.

2.   Maidir le Ballstáit nach bhfuil calafoirt acu agus nach bhfuil aon longa paisinéirí acu a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo cé is moite den oibleagáid a leagtar amach sa dara fomhír.

Maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil rún acu úsáid a bhaint as an maolú sin, cuirfidh siad scéala chuig an gCoimisiún an 21 Nollaig 2019 ar a dhéanaí má chomhlíontar na coinníollacha agus cuirfidh siad aon athrú a dhéantar ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún go bliantúil as sin amach. Ní fhéadfaidh na Ballstáit sin a cheadú go ndéanfar a mbratach a chur ar foluain ar longa paisinéirí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo go dtí go mbeidh an Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme acu.”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Sula n-imeoidh long paisinéirí, déanfar an líon daoine ar bord a chur in iúl do mháistir na loinge agus déanfar é a thuairisciú trí mhodhanna teicniúla iomchuí san fhuinneog aonair arna bunú de bhun Airteagal 5 de Threoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) nó, má roghnaíonn an Ballstát déanamh amhlaidh, cuirfear in iúl don údarás ainmnithe trí bhíthin an Chórais Aitheantais Uathoibríoch é.

Go ceann idirthréimhse 6 bliana ón 20 Nollaig 2017, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go leanfar den fhaisnéis sin a chur in iúl do chláraitheoir paisinéirí na cuideachta nó don chóras cuideachta cois cladaigh a bhfuil an fheidhm chéanna aige, seachas a cheangal go ndéanfar í a thuairisciú san fhuinneog aonair nó don údarás ainmnithe trí bhíthin an Chórais Aitheantais Uathoibríoch.

(*1)  Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lch. 1).”;"

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   I gcás ina n-imeoidh long paisinéirí ó chalafort atá lonnaithe i mBallstát chun tabhairt faoi thuras i gcás inar faide ná 20 míle an t-achar a sheoltar ón bpointe imeachta go dtí an chéad chalafort staid eile, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh:

sloinnte na ndaoine ar bord, a gcéadainmneacha, a n-inscne, a náisiúntacht. a ndátaí breithe,

nuair a thugann paisinéir go toilteanach í, faisnéis a bhaineann le cúram nó cúnamh ar leith a d'fhéadfadh a bheith de dhíth in éigeandáil,

má roghnaíonn an Ballstát déanamh amhlaidh, nuair a thugann an paisinéir go toilteanach í, uimhir theagmhála i gcás éigeandála.

2.   Baileofar an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 roimh imeacht na loinge paisinéirí agus déanfar í a thuairisciú san fhuinneog aonair arna bunú de bhun Airteagal 5 de Threoir2010/65/AE nuair a imeoidh an long paisinéirí ach i ngach cás tráth nach déanaí ná 15 nóiméad tar éis imeacht di.

3.   Go ceann idirthréimhse 6 bliana ón 20 Nollaig 2017, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go leanfar den fhaisnéis sin a chur in iúl do chláraitheoir paisinéirí na cuideachta nó don chóras cuideachta cois cladaigh a bhfuil an fheidhm chéanna aige, seachas a cheangal go ndéanfar í a thuairisciú san fhuinneog aonair.

4.   Gan dochar d'oibleagáidí dlí eile a chomhlíonann reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint sonraí, ní dhéanfar sonraí pearsanta arna mbailiú chun críocha na Treorach seo a phróiseáil ná a úsáid chun aon chríoch eile. Déanfar na sonraí pearsanta sin a láimhseáil i gcónaí i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht agus scriosfar go huathoibríoch iad agus gan moill mhíchuí a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh.”;

(5)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le gach long paisinéirí a bhfuil bratach tríú tír ar foluain air, a imíonn ó chalafort atá lonnaithe lasmuigh den Aontas agus atá ag triall ar chalafort atá lonnaithe sa Bhallstát sin, ceanglóidh gach Ballstát ar an gcuideachta a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5(1) a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 5(2).”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

1.   Ceapfaidh gach cuideachta a ghlacann freagracht as long paisinéirí a oibriú, i gcás ina gceanglaítear sin faoi Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Treoir seo, cláraitheoir paisinéirí a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear sna forálacha sin a thuairisciú san fhuinneog aonair arna bunú de bhun Airteagal 5 de Threoir 2010/65/AE nó don údarás ainmnithe trí bhíthin an Chórais Aitheantais Uathoibríoch.

2.   Ní coimeádfaidh an chuideachta sonraí pearsanta arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir seo go ceann tréimhse is faide ná mar is gá chun críocha na Treorach seo, agus i gcás ar bith ach go dtí an tráth a mbeidh turas na loinge i gceist curtha i gcrích go slán sábháilte agus go dtí an tráth a ndéanfar na sonraí a thuairisciú san fhuinneog aonair arna bunú de bhun Airteagal 5 de Threoir 2010/65/AE. Gan dochar d'oibleagáidí sonracha eile dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear chun críoch staidrimh, a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis an bhfaisnéis chun na críche sin, déanfar í a scriosadh go huathoibríoch agus gan moill mhíchuí.

3.   Áiritheoidh gach cuideachta go ndéanfar faisnéis, ar faisnéis í maidir le paisinéirí a dhearbhaigh go bhfuil cúram nó cúnamh ar leith ag teastáil uathu in éigeandálaí, go ndéanfar í a thaifeadadh agus a chur in iúl don mháistir mar is ceart roimh imeacht don long paisinéirí.”;

(7)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

scriostar pointe (a);

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

“2.   Féadfaidh Ballstát ar óna chalafort a imíonn long paisinéirí í a dhíolmhú ón oibleagáid an líon daoine ar bord a thuairisciú san fhuinneog aonair arna bhunú de bhun Airteagal 5 de Threoir 2010/65/AE, ar choinníoll nach árthach ardluais an long lena mbaineann, go n-oibríonn sí seirbhísí rialta a mhaireann tréimhse is gairide ná uair an chloig idir calafoirt staid go heisiach i limistéar farraige D arna bhunú de bhun Airteagal 4 de Threoir 2009/45/CE agus go n-áirithítear gaireacht áiseanna cuardaigh agus tarrthála sa limistéar farraige sin.

Féadfaidh Ballstát na longa paisinéirí a sheoltar idir dhá chalafort nó ón gcalafort agus chuig an gcalafort céanna gan aon staid idir eatarthu a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 den Treoir seo longa paisinéirí, ar choinníoll go n-oibríonn an long lena mbaineann i limistéar farraige D arna bhunú de bhun Airteagal 4 de Threoir 2009/45/CE, agus go n-áirithítear gaireacht saoráidí cuardaigh agus tarrthála sa limistéar farraige sin.”;

cuirtear fomhír nua leis:

“De mhaolú ar Airteagal 5(2) agus gan dochar don idirthréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(3), beidh an ceart ag na Ballstáit seo a leanas na díolúintí seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Maidir leis na tréimhsí i leith faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 5(1), féadfaidh an Ghearmáin iad a shíneadh go dtí uair an chloig tar éis imeachta i gcás longa paisinéirí a oibrítear ó oileán Heligoland agus chuige sin, agus

(ii)

Maidir leis na tréimhsí i leith faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 5(1), féadfaidh an Danmhairg agus an tSualainn iad a shíneadh go dtí uair an chloig tar éis imeachta i gcás longa paisinéirí a oibrítear ó oileán Bornholm agus chuige sin.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

tabharfaidh an Ballstát fógra gan mhoill don Choimisiún faoina chinneadh díolúine ó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 a dheonú agus tabharfaidh sé na cúiseanna substainteacha atá leis sin. Déanfar an fógra sin a chur in iúl trí bhíthin bunachar sonraí arna bhunú agus arna chothabháil ag an gCoimisiún chun na críche sin, agus beidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar an mbunachar sonraí sin. Cuirfidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air;

(b)

más rud é go measann an Coimisiún laistigh de 6 mhí ó fhógra den sórt sin a fháil nach bhfuil údar leis an díolúine nó go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aici ar iomaíocht, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, á cheangal ar an mBallstát a chinneadh a leasú nó a tharraingt siar. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).”;

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin trí bhíthin an bhunachair sonraí dá dtagraítear i mír 3. Más rud é go measann an Coimisiún laistigh de 6 mhí d'iarraidh den sórt sin a fháil nach bhfuil údar leis an maolú nó go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar iomaíocht, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, á cheangal ar an mBallstát an cinneadh atá beartaithe a leasú nó gan é a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nós imeachta um chlárú sonraí i bhfeidhm lena ráthú go ndéanfar faisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo a thuairisciú go cruinn tráthúil.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a mbeidh rochtain aige ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir seo. Áiritheoidh na Ballstáit in éigeandáil nó i ndiaidh tionóisce, go mbeidh rochtain láithreach ag an údarás ainmnithe sin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir seo.

3.   Ní choimeádfaidh Ballstáit sonraí pearsanta arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 5 go ceann tréimhse is faide ná mar is gá chun críocha na Treorach seo, agus in aon chás nach faide ná:

(a)

go dtí an tráth a mbeidh turas na loinge i gceist curtha i gcrích go slán sábháilte, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis imeacht na loinge; nó

(b)

in éigeandáil nó i ndiaidh tionóisce, go dtí go mbeidh aon imscrúdú nó nósanna imeachta breithiúnacha curtha i gcrích.

4.   Gan dochar d'oibleagáidí sonracha eile dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear oibleagáidí chun críoch staidrimh, a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis an bhfaisnéis chun críocha na Treorach seo, déanfar í a scriosadh go huathoibríoch agus gan moill mhíchuí.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

1.   Chun críocha na Treorach seo, déanfar na sonraí is gá a bhailiú agus a thaifeadadh ar bhealach nach gcuirfidh aon mhoill mhíchuí ar phaisinéirí atá ag dul ar bord an tsoithigh nó ag teacht i dtír uaidh.

2.   Seachnófar an iliomad dreasa bailiúcháin sonraí ar an mbealach céanna nó ar bhealaí cosúla.”;

(10)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 11a

1.   Déanfar próiseáil sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

2.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun na Treorach seo, amhail san Fhuinneog Aonair agus sa chóras SafeSeaNet, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”;"

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

1.   In imthosca eisceachtúla, i gcás ina bhfuil údar cuí leis de réir anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar shábháilteacht mhuirí nó neamhréireacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a, lena leasaítear an Treoir seo ionas nach gcuirfí leasú ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 i bhfeidhm, chun críocha na Treorach seo.

2.   Maidir leis na gníomhartha tarmligthe, glacfar é 3 mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse arna bunú go hidirnáisiúnta chun an leasú lena mbaineann a ghlacadh go hintuigthe nó roimh an dáta a bheartaítear a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Sa tréimhse roimh theacht i bhfeidhm gnímh tarmligthe den sórt sin, staonfaidh na Ballstáit ó aon tionscnamh a bheartaítear chun an leasú a chomhtháthú i reachtaíocht náisiúnta nó an leasú a chur i bhfeidhm maidir leis an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann.”;

(12)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 20 Nollaig 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos iI gChomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi ag an am céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(13)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(b)

scriostar mír 3;

(14)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 22 Nollaig 2026.

Faoin 22 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi chur chun feidhme na Treorach seo.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2010/65/AE

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2010/65/AE, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“7.   Faisnéis faoi dhaoine ar bord

Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(2) de Threoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).”.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Faoin 21 Nollaig 2019, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2019.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 172.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).

(4)  Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lch. 1).

(5)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(6)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh long paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


30.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

61


TREOIR (AE) 2017/2110 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

maidir le córas cigireachtaí d'oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Téann dlí an Aontais maidir le córas suirbhéanna sainordaitheacha d'oibriú sábháilte seirbhísí rialta long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais siar go dtí 1999. Is gá anois an dlí sin a thabhairt cothrom le dáta chun go gcuirfear an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an chórais maidir le rialú Stáit ar chalafoirt a chuirtear ar bun le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) san áireamh mar aon leis an taithí a fuarthas le linn oibriú Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt, a síníodh i bPáras ar an 26 Eanáir 1982.

(2)

Le seiceáil oiriúnachta an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) léirítear go raibh leibhéal coiteann sábháilteachta do longa paisinéirí san Aontas mar thoradh ar chreat dlíthiúil an Aontais maidir le sábháilteacht long paisinéirí. Ina theannta sin, léiríonn sí, de réir mar a tháinig forbairt le himeacht ama ar dhlí an Aontais maidir le sábháilteacht paisinéirí mar fhreagairt ar éilimh agus cásanna éagsúla, go bhfuil leibhéal áirithe forluí agus dúblála ann a bhféadfar, agus ar cheart, é a shruthlíniú agus a shimpliú chun an t-ualach riaracháin ar úinéirí long a laghdú agus chun an iarracht atá ag teastáil ó riaracháin mhuirí na mBallstáit a chuíchóiriú.

(3)

Déanann formhór na mBallstát, más féidir, suirbhéanna sainordaitheacha le haghaidh oibriú sábháilte long paisinéirí róró rialta a chur i dteannta cineálacha eile suirbhéanna agus cigireachtaí, amhail suirbhéanna Bratstáit agus cigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt. Chun laghdú breise a dhéanamh ar an iarracht chigireachta agus an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an am inar féidir leas tráchtála a bhaint as an long nó as an árthach, le linn ardchaighdeáin sábháilteachta a áirithiú, ba cheart soithí atá faoi réir cigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt a aistriú dá bharr ionas go dtagann siad faoi raon feidhme Threoir 2009/16/CE. Ba cheart raon feidhme na Treorach seo a theorannú do longa a sholáthraíonn seirbhísí rialta long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais idir calafoirt laistigh de Bhallstát nó idir calafort i mBallstát agus calafort i dtríú tír i gcás inarb ionann bratach an tsoithigh agus bratach an Bhallstáit i gceist. Maidir le soithí ar a gcuirtear seirbhísí rialta long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais idir Ballstát agus tríú tír i gcrích, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2009/16/CE más rud é nach ionann an bratach agus bratach an Bhallstáit i gceist.

(4)

I dTreoir 1999/35/CE ón gComhairle (4), tugadh isteach an coincheap a bhaineann leis an “Stát óstach” chun comhar le tríú tíortha a éascú roimh mhéadú an Aontais in 2004. Níl an coincheap ábhartha a thuilleadh agus dá bharr sin, ba cheart é a bhaint.

(5)

Foráladh i dTreoir 1999/35/CE gur gá do na Stáit óstacha suirbhé sonrach agus suirbhé le linn seirbhís rialta a chur i gcrích uair amháin i ngach tréimhse 12 mhí. Cé gurbh é cuspóir an cheanglais sin a áirithiú go gcuirfí an dá chigireacht sin i gcrích agus tréimhse leordhóthanach eatarthu, léirigh seiceáil oiriúnachta REFIT nach mar sin a ghabhann i gcónaí. Chun an córas cigireachta a shoiléiriú agus creat comhchuibhithe cigireachta a áirithiú lena n-áirithítear ardleibhéal sábháilteachta, agus comhriachtanais na seirbhísí paisinéirí a chur san áireamh, ba cheart a shoiléiriú gur cheart an dá chigireacht bhliantúla a dhéanamh le linn tréimhsí rialta ionann agus 6mhí. Má tá an soitheach i seirbhís ba cheart tréimhse nach gairide ná ceithre mhí agus nach faide ná 8 mí a bheith idir na cigireachtaí comhleanúnacha sin, ar choinníoll go bhfuil an soitheach i seirbhís.

(6)

I dTreoir 1999/35/CE, tagraítear do “suirbhéanna” seachas “cigireachtaí”. Úsáidtear an focal suirbhé i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta chun oibleagáid Bratstát a léiriú, ar oibleagáid í a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar longa do chomhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta agus deimhnithe a eisiúint nó a athnuachan, i gcás inarb ábhartha. Mar sin féin, ní féidir a mheas gur suirbhé é an córas cigireachta speisialta do longa paisinéirí róró agus d'árthaí paisinéirí ardluais ar sheirbhís rialta agus ní deimhnithe muiracmhainneachta iad na foirmeacha cigireachta ábhartha, ná ní féidir a mheas gurb ea. Dá bhrí sin, ba cheart an téarma “cigireacht” a chur in ionad “suirbhé” agus tagairt á déanamh do shuirbhéanna sonracha dá bhforáiltear faoi láthair i dTreoir 1999/35/CE.

(7)

I bhfianaise a bpróifíl riosca sonrach, ba cheart cigireacht rialta a dhéanamh ar longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais mar ábhar tosaíochta. Ba cheart aon chigireachtaí a dhéantar ar longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/16/CE a chur san áireamh sa líon iomlán cigireachtaí bliantúla a dhéanann gach Ballstát.

(8)

Costais a bhaineann le cigireachtaí as a leanann toirmeasc ar imeacht soithí, ba cheart don chuideachta iad a íoc.

(9)

Chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus taithí atá faighte a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta a eisiamh ó chur i bhfeidhm na Treorach seo más gá agus na ceanglais theicniúla a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin atá ag déileáil le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.

(10)

Ba cheart leasú a dhéanamh ar Threoir 2009/16/CE chun a áirithiú go gcaomhnófar ábhar agus minicíocht cigireachtaí ar longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais. Dá bharr sin, ba cheart forálacha sonracha do chigireachtaí agus d'fhíorúcháin ar longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais ar sheirbhís rialta atá incháilithe do rialú Stáit ar chalafoirt a thabhairt isteach i dTreoir 2009/16/CE.

(11)

Nuair a dhéantar cigireachtaí faoi Threoir 2009/16/CE, ba cheart gach iarracht is féidir a dhéanamh chun a áirithiú nach gcoinneofaí long go míchuí ná nach gcuirfí moill mhíchuí uirthi.

(12)

Tá sé tábhachtach na dálaí oibre agus maireachtála an chriú ar bord a chur san áireamh mar aon leis an oiliúint agus le cáilíochtaí an chriú, ós rud é go bhfuil ceisteanna sláinte, sábháilteachta agus sóisialta fite fuaite ina chéile.

(13)

I bhfianaise thimthriall faireacháin iomlán chuairteanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, ba cheart don Choimisiúin meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná 7 mbliana tar éis an spriocdháta chun an Treoir seo a thrasuí agus tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis sin. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun an fhaisnéis uile is gá a bhailiú don mheastóireacht sin.

(14)

Ionas nach gcuirfí ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sin, trí riail de minimis maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo, rud a fhágann nach bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit sin an Treoir seo a thrasuí, fad a chomhlíonann siad critéir áirithe.

(15)

Ós rud é nach bhféadfaidh na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta a áirithiú, i bhfianaise ghné an mhargaidh inmheánaigh a bhaineann le hiompar paisinéirí muirí agus chineál trasteorann oibriú na long agus nan-árthaí sin san Aontas agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí leibhéal coiteann sábháilteachta a bhunú agus saobhadh ar iomaíocht a sheachaint, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(16)

Chun méadú ar an tsoiléire agus ar an gcomhleanúnachas ó thaobh an dlí de, agus i bhfianaise líon na leasuithe lena mbaineann, ba cheart Treoir 1999/35/CE a aisghairm agus Treoir 2009/16/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le longa paisinéirí róró agus le hárthaí paisinéirí ardluais a oibrítear:

(a)

ar sheirbhís rialta idir calafort de chuid Ballstáit agus calafort i dtríú tír i gcás inarb ionann bratach an tsoithigh agus bratach an Bhallstáit i gceist; nó

(b)

ar sheirbhís rialta ar thurais intíre i limistéir farraige ina bhféadfar longa Aicme A a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Theoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le longa paisinéirí róró ná árthaí paisinéirí ardluais a thagann faoi Threoir 2009/16/CE.

3.   Féadfaidh na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le longa paisinéirí róró agus le hárthaí paisinéirí ardluais a oibrítear ar sheirbhís rialta ar thurais intíre i limistéir farraige seachas na cinn dá dtagraítear in mír 1(b).

4.   Maidir le Ballstáit nach bhfuil calafoirt acu agus atá in ann a fhíorú gur longa paisinéirí nó árthaí paisinéirí ardluais a chumhdaítear leis an Treoir seo líon is lú ná 5 % den líon iomlán soithí aonair a stad go bliantúil ag a gcalafoirt abhann le linn na dtrí bliana roimhe sin, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo seachas an oibleagáid a leagtar amach sa dara fomhír.

Déanfaidh na Ballstáit sin nach bhfuil calafoirt acu a chur in iúl don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2019 an líon iomlán soithí agus an líon long paisinéirí agus árthaí paisinéirí ardluais a stad ag a gcalafoirt le linn na tréimhse 3bliana dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas go bliantúil faoi aon athrú a dhéanfar ar na figiúirí thuasluaite ina dhiaidh sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “long paisinéirí róró” long ina bhfuil saoráidí chun a chur ar chumas feithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar an soitheach agus rolladh as, agus ina n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir;

(2)

ciallaíonn “árthach paisinéirí ardluais” árthach mar a shainmhínítear i Rialachán 1 de Chaibidil X de Choinbhinsiún SOLAS 74, agus ina n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir;

(3)

ciallaíonn “Coinbhinsiún SOLAS 74”, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974 lena n-áirítear na Prótacail a ghabhann leis agus na leasuithe a rinneadh air, ina leagan cothrom le dáta;

(4)

ciallaíonn “Cód d'Árthaí Ardluais” an “Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais” atá i Rún MSC.36 (63) ó Choiste Muir-Shábháilteachta IMO an 20 Bealtaine 1994 nó an Cód Idirnáisiúnta do Shábháilteacht Árthaí Ardluais, 2000 (Cód HSC 2000), atá i Rún MSC. 97 (73) ó IMO, Nollaig 2000, ina leagan cothrom le dáta;

(5)

ciallaíonn “HSSC” Treoirlínte Suirbhé IMO faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe, ina leagan cothrom le dáta;

(6)

ciallaíonn “seirbhís rialta” sraith turas trasna long paisinéirí róró nó árthaí paisinéirí ardluais a oibrítear chun freastal ar thrácht idir an dá chalafort chéanna nó níos mó, nó sraith turas ón gcalafort céanna agus chuige gan stadanna idir eatarthu, bíodh na turais sin:

(a)

de réir amchlár foilsithe; nó

(b)

chomh rialta nó chomh minic agus gur féidir iad a aithint mar shraith chórasach;

(7)

ciallaíonn “limistéar farraige” aon limistéar farraige nó bealach farraige a bhunaítear de bhun Airteagal 4 de Threoir 2009/45/CE;

(8)

ciallaíonn “deimhnithe”:

(a)

maidir le longa paisinéirí róró agus le hárthaí paisinéirí ardluais i mbun turais idirnáisiúnta, na deimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Choinbhinsiún SOLAS 74 nó faoin gCód d'Árthaí Ardluais faoi seach, mar aon leis na taifid de threalamh ábhartha;

(b)

maidir le longa paisinéirí róró agus le hárthaí paisinéirí ardluais i mbun turais intíre, na deimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2009/45/CE, mar aon leis na taifid de threalamh ábhartha atá i gceangal leo;

(9)

ciallaíonn “riarachán an Bhratstáit” údaráis inniúla an Stáit ina bhfuil an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais i dteideal a bhrat a chur ar foluain;

(10)

ciallaíonn “turas intíre” turas i limistéir farraige ó chalafort i mBallstát chuig an gcalafort céanna nó chuig calafort eile laistigh den Bhallstát sin;

(11)

ciallaíonn “cuideachta” an eagraíocht nó an duine a chomhaontaigh dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Bainistíochta Idirnáisiúnta um Longa a Oibriú go Sábháilte agus le Truailliú a Chosc (Cód ISM) sa leagan cothrom le dáta de nó, i gcásanna nach bhfuil feidhm ag Caibidil IX de Choinbhinsiún SOLAS 74, úinéir na loinge paisinéirí róró nó an árthaigh paisinéirí ardluais nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir, nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht chuige ón úinéir an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais a oibriú;

(12)

ciallaíonn “cigire” fostaí san earnáil phoiblí, nó duine eile, arna údarú go cuí ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit chun na cigireachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhéanamh, atá freagrach don údarás inniúil sin agus a chomhlíonann na critéir íosta a shonraítear in Iarscríbhinn XI de Threoir 2009/16/CE;

(13)

ciallaíonn “údarás inniúil an Bhallstáit” an t-údarás arna cheapadh ag an mBallstát faoin Treoir seo agus atá freagrach as na cúraimí a shanntar dó faoin Treoir seo a chur i gcrích.

Airteagal 3

Cigireachtaí réamhthosaithe

1.   Sula dtosófar ar long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais a oibriú ar sheirbhís rialta a chumhdaítear leis an Treoir seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát cigireacht réamhthosaithe arb éard a bheidh inti:

(a)

fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn I; agus

(b)

cigireacht, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, chun a dhearbhú dóibh féin go gcomhlíonann an long paisinéirí róró nó an t-árthach ardluais na ceanglais riachtanacha d'oibriú sábháilte seirbhíse rialta.

2.   Is cigire a dhéanfaidh an chigireacht réamhthosaithe.

3.   Arna iarraidh do Bhallstát, tabharfaidh cuideachtaí fianaise gur chomhlíon siad ceanglais Iarscríbhinn I roimh ré ach tráth nach túisce ná aon mhí amháin roimh an gcigireacht réamhthosaithe.

Airteagal 4

Eisceachtaí maidir le hoibleagáid na cigireachta réamhthosaithe

1.   I gcás cigireachtaí réamhthosaithe, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan ceanglais nó nósanna imeachta áirithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ábhartha maidir le haon suirbhé Bratstáit bliantúil nó cigireacht bhliantúil arna dhéanamh nó arna déanamh, laistigh de na sé mhí roimhe sin, ar choinníoll go leantar na nósanna imeachta agus na treoirlínte ábhartha maidir le suirbhéanna a shonraítear in HSSC nó nósanna imeachta atá ceaptha chun an sprioc chéanna a ghnóthú. Aistreoidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha chuig an mbunachar sonraí cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Nuair atá long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais le dul i mbun seirbhís rialta, féadfaidh an Ballstát cigireachtaí agus suirbhéanna a chur san áireamh, ar cigireachtaí agus suirbhéanna iad a rinneadh roimhe sin i ndáil leis an long paisinéirí róró nó an árthach paisinéirí ardluais sin lena hoibriú nó lena oibriú ar sheirbhís rialta eile a chumhdaítear leis an Treoir seo. Ar choinníoll go bhfuil an Ballstát sásta leis na cigireachtaí sin a rinneadh roimhe sin agus go bhfuil siad ábhartha do na dálaí oibríochta nua, ní gá na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) a chur i bhfeidhm sula dtosófar ar an long paisinéirí róró nó ar an árthach paisinéirí ardluais a oibriú ar an tseirbhís rialta nua.

3.   Arna iarraidh do chuideachta, féadfaidh na Ballstáit a gcomhaontú a dhearbhú roimh ré maidir le hábharthacht na gcigireachtaí agus na suirbhéanna a rinneadh roimhe sin i leith dálaí oibríochta nua.

4.   I gcásanna, mar gheall ar imthosca gan choinne, ina bhfuil géarghá long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais athsholáthair a thabhairt isteach go tapa chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, agus nach bhfuil feidhm ag mír 2, féadfaidh an Ballstát a cheadú tosú ar an long paisinéirí róró nó ar an árthach a oibriú ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach léiríonn amharc-chigireacht agus seiceáil doiciméad nach gcomhlíonann an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais na ceanglais riachtanacha le haghaidh oibriú sábháilte; agus

(b)

go gcuireann an Ballstát an chigireacht réamhthosaithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) i gcrích laistigh de 1 mhí amháin.

Airteagal 5

Cigireachtaí rialta

1.   Uair i ngach tréimhse 12 mhí, déanfaidh na Ballstáit:

(a)

cigireacht, i gcomhréir le hIarscríbhinn II; agus

(b)

cigireacht le linn seirbhís rialta, ar cigireacht í nach ndéanfar roimh 4 mhí ach a dhéanfar tráth nach déanaí ná 8 mí i ndiaidh na cigireachta dá dtagraítear i bpointe (a), agus ar cigireacht í a chuimseoidh na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn III agus, de réir bhreithiúnas gairmiúil an chigire, líon leordhóthanach de na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinní I agus in Iarscríbhinn II, de réir bhreithiúnas gairmiúil an chigire, chun a áirithiú go leanann an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais de na ceanglais riachtanacha uile le haghaidh oibriú sábháilte a chomhlíonadh.

Déanfar cigireacht réamhthosaithe i gcomhréir le hAirteagal 3 a mheas mar chigireacht chun críocha phointe (a).

2.   Féadfar an chigireacht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a dhéanamh, de rogha an Bhallstáit, ag an am céanna nó in éineacht le suirbhé bliantúil an Bhratstáit ar choinníoll go leantar na nósanna imeachta agus na treoirlínte ábhartha do shuirbhéanna a shonraítear in HSSC nó nósanna imeachta atá ceaptha chun an sprioc chéanna a ghnóthú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit cigireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn II gach uair a dhéantar deisiúcháin, athruithe agus modhnuithe móra ar long paisinéirí róró nó árthaí paisinéirí ardluais, nó nuair atá athrú bainistíochta nó aistriú aicme i gceist. I gcás ina ndéantar athrú bainistíochta nó aistriú aicme, áfach, féadfaidh an Ballstát, tar éis cigireachtaí a rinneadh roimhe sin ar long paisinéirí róró nó ar árthach paisinéirí ardluais a chur san áireamh, agus ar choinníoll nach ndéanann an t-athrú nó an t-aistriú sin difear d'oibriú sábháilte na loinge paisinéirí róró nó an árthaigh paisinéirí, an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais a fhágáil ar lár ón gcigireacht a cheanglaítear leis an mír seo.

Airteagal 6

Tuarascáil cigireachta

1.   Tar éis aon chigireacht, arna déanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, a chríochnú, déanfaidh an cigire tuarascáil a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn IX de Threoir 2009/16/CE.

2.   Cuirfear an fhaisnéis atá sa tuarascáil chuig an mbunachar sonraí cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 10. Tabharfar cóip den tuarascáil chigireachta don mháistir freisin.

Airteagal 7

Ceartú easnamh, toirmeasc imeachta agus fionraí cigireachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceartófar aon easnaimh a dhearbhaítear nó a nochtar trí chigireacht arna déanamh i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   I gcás easnaimh ar léir iad a bheith contúirteach don tsláinte nó don tsábháilteacht nó a bhfuil baol ag baint leo don tsláinte nó don bheatha, don long paisinéirí róró nó don árthach paisinéirí ardluais, agus criú agus paisinéirí an chéanna, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit go mbeidh an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais faoi réir ordú um thoirmeasc imeachta (“ordú um thoirmeasc imeachta”). Tabharfar cóip den ordú sin don mháistir.

3.   Ní ardófar an toirmeasc imeachta go dtí go gceartófar an easnamh agus go dtí go mbainfear an chontúirt chun sástachta údarás inniúil an Bhallstáit nó go dtí go suífidh údarás inniúil an Bhallstáit go bhféadfaidh an long nó an t-árthach, faoi réir aon choinníollacha riachtanacha, gabháil amach ar an bhfarraige nó go bhféadfar tosú arís ar a hoibriú gan riosca a bheith ann do shábháilteacht ná do shláinte na bpaisinéirí nó an chriú, ná riosca a bheith ann don long paisinéirí róró nó don árthach paisinéirí ardluais nó do longa eile.

4.   Mura bhféadfar easnamh dá dtagraítear i mír 2 a cheartú go réidh sa chalafort ina ndearbhaítear nó ina nochtar an t-easnamh, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a chomhaontú cead a thabhairt an long nó árthach a thabhairt chuig longchlós deisiúcháin iomchuí, áit a bhféadfar an t-easnamh a cheartú go héasca.

5.   I gcásanna eisceachtúla, inar léir go bhfuil riocht iomlán loinge paisinéirí róró nó árthaigh paisinéirí ardluais faoi bhun an chaighdeáin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cigireacht na loinge nó an árthaigh sin a chur ar fionraí go dtí go ndéanann an chuideachta na bearta is gá chun a áirithiú nach léir go follasach a thuilleadh go bhfuil an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais contúirteach don tsábháilteacht nó don tsláinte nó go bhfuil baol láithreach ann do bheatha chriú agus phaisinéirí an chéanna nó chun a áirithiú go gcomhlíonann sí nó sé ceanglais ábhartha coinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme.

6.   I gcás ina gcuireann údarás inniúil an Bhallstáit an chigireacht ar fionraí i gcomhréir le mír 5, cuirfear an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais faoi ordú um thoirmeasc imeachta go huathoibríoch. Ardófar an t-ordú um thoirmeasc imeachta i gcás ina dtosófar ar an gcigireacht arís agus ina gcríochnófar go rathúil í agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 9(2).

7.   Chun plódú calafoirt a mhaolú, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a cheadú go ndéanfar long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais atá faoi réir ordú um thoirmeasc imeachta a bhogadh chuig cuid eile den chalafort, más sábháilte déanamh amhlaidh. Ní thiocfaidh riosca de phlódú an chalafoirt i gceist, áfach, nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le hordú um thoirmeasc imeachta nó maidir le hordú um thoirmeasc imeachta a ardú. Éascóidh údaráis nó comhlachtaí calafort cóiríocht do longa den sórt sin.

Airteagal 8

Ceart achomhairc

1.   Beidh ag an gcuideachta ceart achomhairc in aghaidh ordú um thoirmeasc imeachta arna n-eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit. Ní chuirfear an t-ordú um thoirmeasc imeachta ar fionraí mar gheall ar achomharc, mura rud é go ndeonaítear bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a chothabháil chun na críche sin i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta.

2.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit an ceart chun achomhairc agus na nósanna imeachta is infheidhme in iúl do mháistir na loinge paisinéirí róró nó an árthaigh paisinéirí ardluais atá faoi réir ordú um thoirmeasc imeachta. Nuair a dhéantar ordú um thoirmeasc imeachta a chúlghairm nó a leasú, mar thoradh ar achomharc, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an bunachar sonraí cigireachta dá bhforáiltear in Airteagal 10 a nuashonrú dá réir gan mhoill.

Airteagal 9

Costais

1.   Má dhearbhaítear nó má nochtar easnaimh trí na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 5, easnaimh is údar le toirmeasc imeachta, cumhdóidh an chuideachta na costais uile a bhaineann leis na cigireachtaí.

2.   Ní ardófar an t-ordú um thoirmeasc imeachta go dtí go ndéanfar íocaíocht iomlán nó go dtabharfar ráthaíocht leordhóthanach maidir le haisíoc na gcostas.

Airteagal 10

Bunachar sonraí cigireachta

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí cigireachta a fhorbairt, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta lena mbeidh na Ballstáit uile nasctha agus ina mbeidh an fhaisnéis uile a cheanglaítear chun an córas cigireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur chun feidhme. Beidh an bunachar sonraí sin bunaithe ar an mbunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE agus beidh feidhmiúlachtaí aige atá comhchosúil le feidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí sin aige.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a bhaineann le cigireachtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le heasnaimh agus le horduithe um thoirmeasc imeachta, a aistriú gan mhoill chuig an mbunachar sonraí cigireachta a luaithe a chríochnófar an tuarascáil chigireachta nó a ardófar an t-ordú um thoirmeasc imeachta. Maidir le sonraí na faisnéise, beidh feidhm ag forálacha Iarscríbhinn XIII de Threoir 2009/16/CE mutatis mutandis.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a aistreofar chuig an mbunachar sonraí cigireachta a bhailíochtú laistigh de 72 uair an chloig chun críocha a foilsithe.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh an bunachar sonraí cigireachta ar chumas daoine aon sonraí ábhartha maidir le cur chun feidhme na Treorach seo a aisghabháil ar bhonn na sonraí cigireachta a sholáthraíonn na Ballstáit.

5.   Beidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis uile a dhéantar a thaifeadadh sa bhunachar sonraí cigireachta atá ábhartha maidir le cur chun feidhme chóras cigireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i dTreoir 2009/16/CE.

Airteagal 11

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 12

Nós imeachta maidir le leasuithe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe laistigh de IMO, agus na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leo a fheabhsú i bhfianaise na taithí a fuarthas.

2.   In imthosca eisceachtúla, i gcás ina bhfuil údar cuí leis de réir anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha ar shábháilteacht mhuirí, an tsláinte, dálaí maireachtála nó oibre ar bord loinge nó an timpeallacht mhuirí, nó neamhréireacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena leasaítear an Treoir seo ionas nach gcuirfí leasú ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 i bhfeidhm, chun críche na Treorach seo.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin ar a laghad 3 mhí roimh dheireadh na tréimhse atá bunaithe go hidirnáisiúnta do ghlacadh intuigthe an leasaithe lena mbaineann nó roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe go dtiocfadh leasú den chineál sin i bhfeidhm. Sa tréimhse sula dtiocfaidh gníomh tarmligthe den sórt sin i bhfeidhm, staonfaidh Ballstáit ó aon tionscnamh atá beartaithe chun an leasú a lánpháirtiú sa reachtaíocht náisiúnta nó chun an leasú a chur i bhfeidhm ar an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana ón 20 Nollaig 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Leasuithe ar Threoir 2009/16/CE

Leasaítear Treoir 2009/16/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“25.

ciallaíonn ‘long paisinéirí róró’ long ina bhfuil saoráidí chun a chur ar chumas feithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar an soitheach agus rolladh as, agus ina n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir;

26.

ciallaíonn ‘árthach paisinéirí ardluais’ árthach mar a shainmhínítear i Rialachán 1 de Chaibidil X de Choinbhinsiún SOLAS 74, sa leagan de atá cothrom le dáta, agus ina n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir;

27.

ciallaíonn ‘seirbhís rialta’ sraith turas trasna long paisinéirí róró nó árthaí paisinéirí ardluais a oibrítear chun freastal ar thrácht idir an dá chalafort chéanna nó níos mó, nó sraith turas ón gcalafort céanna agus chuige gan stadanna idir eatarthu, bíodh na turais sin:

(i)

de réir amchlár foilsithe; nó

(ii)

chomh rialta nó chomh minic agus gur féidir iad a aithint mar shraith chórasach;”

(2)

in Airteagal 3(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le cigireachtaí ar longa paisinéirí róró agus ar árthaí paisinéirí ardluais a dhéantar lasmuigh de chalafort nó amach ó ancaireacht le linn seirbhís rialta i gcomhréir le hAirteagal 14a.”;

(3)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le longa a roghnaítear le haghaidh cigireacht i gcomhréir le hAirteagal 12 nó le hAirteagal 14a, go gcuirfear faoi réir cigireacht tosaigh nó cigireacht níos mionsonraithe ná sin iad mar a leanas:”

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Cigireacht ar longa paisinéirí róró agus ar árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta

1.   Maidir le longa paisinéirí róró agus le hárthaí paisinéirí ardluais a oibrítear ar sheirbhís rialta, tá siad incháilithe do chigireachtaí i gcomhréir leis an gcreat ama agus leis na ceanglais eile a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII.

2.   Déanfaidh Ballstáit, nuair atá cigireachtaí ar long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais á bpleanáil acu, sceideal oibríochta agus cothabhála na loinge paisinéirí róró nó an árthaigh paisinéirí ardluais a chur san áireamh.

3.   Nuair a bheidh long paisinéirí nó árthach paisinéirí ardluais faoi réir cigireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII, déanfar an chigireacht sin a thaifeadadh sa bhunachar sonraí cigireachta, agus cuirfear san áireamh í chun críocha Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus chun comhlíonadh ghealltanas cigireachta gach Ballstáit a ríomh. Cuirfear san áireamh i líon iomlán na gcigireachtaí bliantúla a dhéanann gach Ballstát í, dá bhforáiltear in Airteagal 5.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 9(1), Airteagal 11(a) ná Airteagal 14 maidir le longa paisinéirí róró agus le hárthaí paisinéirí ardluais ar sheirbhís rialta a ndéantar cigireacht orthu faoin Airteagal seo.

5.   Maidir le longa paisinéirí róró nó le hárthaí paisinéirí ardluais atá faoi réir cigireacht bhreise i gcomhréir le hAirteagal 11(b), áiritheoidh an t-údarás inniúil gur i gcomhréir le Cuid II 3A(c) agus le Cuid 3B(c) d'Iarscríbhinn I a roghnófar le haghaidh cigireachta iad. Cigireachtaí a dhéantar faoin mhír seo, ní dhéanfaidh siad difear don eatramh cigireachta dá bhforáiltear i mír 2 d'Iarscríbhinn XVII.

6.   Maidir le cigire údarás inniúil Stát an chalafoirt, féadfaidh sé aontú, le linn cigireacht ar long paisinéirí róró nó ar árthach paisinéirí ardluais, go mbeidh cigire Stáit calafoirt ó Bhallstát eile in éineacht leis mar bhreathnóir. I gcás inar bratach Ballstáit é bratach an tsoithigh, tabharfaidh Stát an chalafoirt cuireadh, arna iarraidh sin, d'ionadaí ar an mBratstát dul in éineacht leis an gcigireacht mar bhreathnóir.”;

(5)

in Airteagal 15, scriostar mír 3;

(6)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh Ballstát diúltú rochtain a thabhairt ar a chalafoirt agus ar a ancaireachtaí d'aon long:

ar a bhfuil brat aon Stáit ar foluain a bhfuil a ráta coinneála ar an dúliosta, arna ghlacadh i gcomhréir le Meabhrán Comhthuisceana Pháras ar bhonn na faisnéise arna taifeadadh sa bhunachar sonraí cigireachta agus arna foilsiú ag an gCoimisiún go bliantúil, agus a cuireadh faoi choinneáil níos mó ná dhá uair laistigh de na 36 mhí roimhe sin i gcalafort nó in ancaireacht de chuid Ballstáit nó de chuid Stát is sínitheoir i Meabhrán Comhthuisceana Pháras, nó

ar a bhfuil brat Stáit ar foluain a bhfuil a ráta coinneála ar an liosta liath, arna ghlacadh i gcomhréir le Meabhrán Comhthuisceana Pháras ar bhonn na faisnéise arna taifeadadh sa bhunachar sonraí cigireachta agus arna foilsiú ag an gCoimisiún go bliantúil, agus a cuireadh faoi choinneáil níos mó ná dhá uair laistigh de na 24 mhí roimhe sin i gcalafort nó in ancaireacht de chuid Ballstáit nó de chuid Stát is sínitheoir i Meabhrán Comhthuisceana Pháras.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sna cásanna a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 21(6).

Beidh an diúltú rochtana infheidhme a luaithe a fhágann an long an calafort nó an ancaireacht ina raibh sí faoi réir coinneála don tríú huair agus ina ndearnadh ordú um dhiúltú rochtana a eisiúint.”;

(7)

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas leis:

IARSCRÍBHINN XVII

Cigireacht ar longa paisinéirí róró agus ar árthaí paisinéirí ardluais ar sheirbhís rialta

1.1.

Sula dtosaíonn long paisinéirí róró nó ar árthach paisinéirí ardluais a chumhdaítear sa Treoir seo ar oibriú ar sheirbhís rialta, déanfaidh Ballstáit cigireacht, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/2110 (*1), chun a áirithiú go gcomhlíonann an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais na ceanglais riachtanacha d'oibriú sábháilte seirbhíse rialta.

1.2.

Nuair atá long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais le dul i mbun seirbhís rialta eile, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cigireachtaí a rinne Ballstát roimhe sin, is é sin le hocht mí anuas, a chur san áireamh don long paisinéirí róró sin nó don árthach paisinéirí ardluais sin i gcás oibríochtaí ar sheirbhís rialta roimhe sin a chumhdaítear leis an Treoir seo, ar choinníoll go bhfuil an Ballstát sásta i ngach cás go bhfuil na cigireachtaí a rinneadh roimhe sin ábhartha do na dálaí oibríochta nua agus gur comhlíonadh na ceanglais riachtanacha d'oibriú sábháilte seirbhíse rialta le linn na gcigireachtaí sin. Ní gá na cigireachtaí dá bhforáiltear i bpointe 1.1 a chur i bhfeidhm sula dtosófar ar an long paisinéirí róró nó ar an árthach paisinéirí ardluais a oibriú ar an tseirbhís rialta nua.

1.3.

I gcásanna, mar gheall ar imthosca gan choinne, ina bhfuil gá le long paisinéirí róró nó árthach paisinéirí ardluais athsholáthair a thabhairt isteach go tapa chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, agus nach bhfuil pointe 1.2 infheidhme, féadfaidh an Ballstát a cheadú tús a chur leis an long paisinéirí nó leis an árthach a oibriú ar choinníoll:

(a)

nach léiríonn amharc-chigireacht agus seiceáil doiciméad nach gcomhlíonann an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais na ceanglais riachtanacha le haghaidh oibriú sábháilte; agus

(b)

go gcuireann an Ballstát an chigireacht dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/2110 i gcrích laistigh de 1 mhí amháin.

2.

Uair sa bhliain, ach tráth nach túisce ná 4 mhí agus tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis na cigireachta roimhe sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cigireacht, lena n-áirítear ceanglais Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2110 agus Rialachán (AE) Uimh. 428/2010 ón gCoimisiún (*2), de réir mar is infheidhme; agus

(b)

cigireacht le linn seirbhís rialta. Cumhdófar sa chigireacht sin na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2110 agus líon leordhóthanach de na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2110, de réir bhreithiúnas gairmiúil an chigire, chun a áirithiú go leanann an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais de na ceanglais riachtanacha uile le haghaidh oibriú sábháilte a chomhlíonadh.

3.

I gcás nach ndearnadh cigireacht ar long paisinéirí róró nó ar árthach paisinéirí ardluais i gcomhréir le pointe 2, measfar gur Tosaíocht I atá sa long paisinéirí róró nó san árthach paisinéirí ardluais.

4.

Déanfar cigireacht i gcomhréir le pointe 1.1 a mheas mar chigireacht chun críocha phointe 2(a) den Iarscríbhinn seo.

(*1)  Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d'oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 61)."

(*2)  Rialacháin (AE) Uimh. 428/2010 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2010 lena gcuirtear Airteagal 14 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme maidir le cigireachtaí leathnaithe long (IO L 125, 21.5.2010, lch. 2)."

Airteagal 15

Aisghairm

Déantar Treoir 1999/35/CE a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 16

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 21 Nollaig 2026.

Airteagal 17

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 21 Nollaig 2019. Cuirfidh siad iad in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2019.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 15 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 176.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(4)  Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le córas suirbhéanna sainordaitheacha d'oibriú sábháilte seirbhísí rialta farantóireachta róró agus árthaí paisinéirí ardluais (IO L 138, 1.6.1999, lch. 1).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha sábháilteachta agus caighdeáin do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS SHONRACHA LE hAGHAIDH ÁRTHAÍ ATÁ I SEIRBHÍS RIALTA

(dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 5)

Fíorófar na nithe seo a leanas:

1.

go gcuirfear an fhaisnéis iomchuí ar fáil don mháistir maidir le hinfhaighteacht córas treoraíochta loingseoireachta cois cladaigh agus scéimeanna faisnéise eile chun cuidiú leis turais a stiúradh go sábháilte, sula gcuirfear an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais chun farraige, agus go mbainfidh sé úsáid as scéimeanna treoraíochta agus faisnéise loingseoireachta, ar scéimeanna iad a chuir Ballstáit ar bun;

2.

go gcuirfear i bhfeidhm forálacha ábhartha mhír 2 go mír 6 de Chiorclán 699/MSC an 17 Iúil 1995, dar teideal “Treoirlínte athbhreithnithe le haghaidh threoracha sábháilteachta do phaisinéirí”;

3.

go gcuirfear tábla, ina sonraítear na socruithe oibre ar bord loinge, ar taispeáint in áit a bhfuil rochtain éasca air, agus go n-áireofar sa tábla sin:

(a)

an sceideal seirbhíse ar muir agus sa chalafort, agus

(b)

líon uasta na n-uaireanta oibre nó líon íosta na n-uaireanta sosa is gá le haghaidh fairtheoirí;

4.

nach mbeidh srian ar an máistir cinneadh a dhéanamh, is gá i dtuairim ghairmiúil an mháistir, ar mhaithe le loingseoireacht shábháilte agus oibriú sábháilte, go háirithe i gcás drochaimsire agus farraige mhór;

5.

go gcoinneoidh an máistir taifead ar na gníomhaíochtaí loingseoireachta agus de na teagmhais a bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh shábháilteacht na loingseoireachta de;

6.

go gcuirfear riarachán an Bhratstáit agus Stát an chalafoirt ar an eolas go pras i gcás ina ndéantar aon damáiste, nó sraonadh buan ar scealldoirse agus ar an bplátáil chabhlaigh lena mbaineann, ar damáiste é a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do shláine na loinge paisinéirí róró nó an árthaigh paisinéirí ardluais, agus i gcás ina bhfuil aon easnaimh sna socruithe chun na doirse sin a dhaingniú, agus go ndéanfar iad a dheisiú go pras chun a sástachta;

7.

go mbeidh plean turais cothrom le dáta ar fáil sula bhfágfaidh an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais ar turas. Cuirfear na treoirlínte a leagtar amach i Rún A.893(21) ó Chomhthionól IMO an 25Samhain 1999, dar teideal “Treoirlínte le haghaidh phleanáil turas” go hiomlán i gcuntas agus an turas á ullmhú;

8.

go dtabharfar faisnéis ghinearálta do na paisinéirí faoi na seirbhísí agus an cúnamh atá ar fáil ar bord do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas agus go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí a bheidh oiriúnach do dhaoine lagamhairc.


IARSCRÍBHINN II

NÓSANNA IMEACHTA LE hAGHAIDH CIGIREACHTAÍ

(dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 5)

1.

Le linn na gcigireachtaí áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais reachtúla arna n-eisiúint ag an mBratstát nó thar a cheann, go háirithe na ceanglais a bhaineann le tógáil, foroinnt agus cobhsaíocht, innealra agus suiteálacha leictreacha, lastáil agus cobhsaíocht, cosaint ar dhóiteán, líon uasta paisinéirí, fearais tarrthála agus iompar earraí contúirteacha, radachumarsáid agus loingseoireacht. Chuige sin, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sna cigireachtaí:

tosú an ghineadóra éigeandála,

cigireacht ar an soilsiú éigeandála,

cigireacht ar fhoinse éigeandála na cumhachta le haghaidh na suiteálacha raidió,

tástáil ar an gcóras fógartha poiblí,

druil dóiteáin, lena n-áirítear léiriú gur féidir úsáid a bhaint as feisteas fear dóiteáin,

oibriú an chaidéil dóiteáin éigeandála le 2 phíobán dóiteáin a cheanglaítear den phríomhphíobán dóiteáin atá á oibriú,

tástáil ar na cian-stoprialtáin éigeandála chun breosla a sholáthar do choirí, do phríomhinnill agus d'innill chúnta, agus le haghaidh gaothráin aerála,

tástáil ar chianrialtáin agus ar neasrialtáin chun maolairí dóiteáin a dhúnadh,

tástáil ar chórais braite dóiteáin agus aláraim dóiteáin,

tástáil ar dhúnadh ceart na ndoirse dóiteáin,

oibriú na gcaidéal ruma,

dúnadh na ndoirse bulcaide uisce-obacha; ó neas-suíomhanna agus ó chiansuíomhanna araon,

léiriú go bhfuil príomhdhaoine den chriú ar an eolas faoin bplean rialaithe damáiste,

bád tarrthála amháin agus bád sábhála amháin, ar a laghad, a ísliú ar an uisce, iad a thosú agus a gcórais tiomána agus stiúrtha a thástáil, agus iad a ardú arís ón uisce agus iad a chur ar ais ina suíomhanna stuála ar bord,

seiceáil ar gach bád tarrthála agus ar gach bád sábhála agus a áirithiú go bhfreagraíonn siad don fhardal,

tástáil ar fhearas stiúrtha agus ar fhearas stiúrtha cúnta na loinge nó an árthaigh.

2.

Sna cigireachtaí díreofar ar thaithíocht an chriú ar na nósanna imeachta sábháilteachta, na nósanna imeachta éigeandála, cothabháil, na cleachtais oibre, sábháilteacht paisinéirí, nósanna imeachta an droichid agus na hoibríochtaí a bhaineann le lastas agus feithiclí, agus ar cé chomh héifeachtach is atá an criú sna réimsí sin. Déanfar seiceáil ar chumas na maraithe orduithe agus treoracha a thuiscint agus, i gcás inarb iomchuí é, a thabhairt, agus ar a gcumas tuairisciú ar ais sa teanga chomónta oibre, mar atá ar taifead i logleabhar na loinge. Déanfar an fhianaise dhoiciméadaithe go bhfuair an criú oiliúint speisialta a sheiceáil, go háirithe maidir leo seo a leanas:

oiliúint ar bhainistíocht sluaite,

oiliúint taithíochta,

oiliúint sábháilteachta le haghaidh pearsanra a chuireann cúnamh sábháilteachta ar fáil go díreach do phaisinéirí i spásanna paisinéirí, agus go háirithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas i gcás éigeandála, agus

bainistíocht géarchéime agus oiliúint iompraíochta daoine,

áireofar sa chigireacht measúnú ar cibé an bhfuil tuirse mhíréasúnta ar dhaoine, go háirithe ar na fairtheoirí, de dheasca patrúin uainchláir.

3.

Comhlíonfaidh deimhniúcháin inniúlachta gach duine den chriú ar bord soithí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).


(1)  Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le leibhéal íosta oiliúna do mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).


IARSCRÍBHINN III

NÓSANNA IMEACHTA CHUN CIGIREACHTAÍ A DHÉANAMH LE LINN SEIRBHÍS RIALTA

(dá dtagraítear in Airteagal 5)

Nuair a dhéantarcigireachtaí le linn seirbhís rialta, seiceálfar an méid seo a leanas:

1.

Faisnéis paisinéirí

Go mbeidh na modhanna a úsáidtear chun a áirithiú nach sáróidh an líon paisinéirí dá ndeimhnítear an long paisinéirí róró nó an t-árthach paisinéirí ardluais (an “long”). Comhlíonann na modhanna ina ndéantar faisnéis paisinéirí a chlárú Treoir 98/41/CE ón gComhairle (1). An chaoi a gcuirtear an fhaisnéis faoin líon iomlán paisinéirí in iúl don mháistir agus, más iomchuí, an chaoi a gcuirtear an líon paisinéirí atá i mbun turas trasna dúbailte gan dul i dtír san áireamh san iomlán don turas fillte.

2.

Faisnéis lastála agus cobhsaíochta

Go bhfuil, nuair is infheidhme é, tomhsairí tarraingthe iontaofa suiteáilte agus go bhfuil siad in úsáid. Go bhfuil bearta á nglacadh chun a áirithiú nach bhfuil an long ró-ualaithe agus nach bhfuil an ualachlíne iomchuí foroinnte tumtha. Go ndéantar measúnú lastála agus cobhsaíochta de réir mar a cheanglaítear é. Go ndéantar feithiclí earraí agus lastas eile a mheá i gcás inar gá agus go gcuirtear na figiúirí in iúl don long lena n-úsáid le linn an mheasúnaithe lastála agus cobhsaíochta. Go bhfuil na pleananna rialaithe damáiste ar taispeáint go buan agus go gcuirtear leabhráin eolais, ina bhfuil faisnéis faoi rialú damáiste, ar fáil d'oifigigh na loinge.

3.

Slándáil chun dul ar muir

Go mbeidh an nós imeachta a úsáidtear chun a áirithiú go ndaingneofar an long le dul ar muir sula bhfágfar an leaba ancaire, agus ba cheart nós imeachta um thuairisciú a áireamh ann trína ndeimhnítear go bhfuil na scealldoirse uisce-obacha agus aimsirdhíonacha dúnta. Go bhfuil doirse uile na deice feithiclí dúnta sula bhfágann an long an leaba ancaire nó nach bhfágtar ar oscailt iad ach go dtí go bhféadfar scáthlán thosach an bháid a dhúnadh, go gcumasófar na socruithe maidir le tosach an bháid, deireadh an bháid agus na taobhdhoirse a dhúnadh, agus soláthar soilse táscaire agus faireachais teilifíse chun a stádas a thaispeáint ar an droichead loingseoireachta. Ba cheart go bhfionnfaí aon deacrachtaí le hoibriú na soilse táscaire, go háirithe lasca ag na doirse, agus go ndéanfaí iadsan a thuairisciú.

4.

Fógraí sábháilteachta

Leagan amach gnáthfhógraí sábháilteachta agus taispeáint treoracha agus treoirlínte maidir le nósanna imeachta éigeandála sa teanga nó sna teangacha iomchuí. Go ndéantar na gnáthfhógraí sábháilteachta ag tús an turais agus gur féidir iad a chloisteáil i ngach spás poiblí, lena n-áirítear deiceanna oscailte, a bhfuil rochtain ag paisinéirí orthu.

5.

Iontrálacha sa logleabhar loinge

Scrúdú ar an logleabhar loinge chun a áirithiú go bhfuil iontrálacha á ndéanamh maidir le dúnadh dhoirse thosach an bháid, dheireadh an bháid, agus doirse uisce-obacha agus aimsirdhíonacha, druileanna le haghaidh na ndoirse uisce-obacha foroinnte, tástáil an fhearais stiúrtha, etc. Chomh maith leis sin, go bhfuil taifead á choinneáil ar tharraingtí, de shaorbhord agus de chobhsaíocht maille leis an teanga chomónta oibre don chriú.

6.

Earraí contúirteacha

Go ndéantar aon lastas earraí contúirteacha nó truaillitheacha a iompar i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha agus, go háirithe, go gcuirtear dearbhú ar fáil maidir leis na hearraí contúirteacha agus truaillitheacha maille le lastliosta nó plean stuála chun an áit a bhfuil siad lonnaithe ar bord a léiriú, go bhfuil iompar lastas áirithe ceadaithe ar longa paisinéirí, agus go ndéantar earraí contúirteacha agus truaillitheacha a mharcáil, a lipéadú, a stuáil, a dhaingniú agus a leithscaradh i gceart.

Go bhfuil fógra ceart ar fheithiclí ina n-iompraítear earraí contúirteacha agus truaillitheacha agus go ndéantar na feithiclí sin a dhaingniú. Go bhfuil cóip den lastliosta nó den phlean stuála ábhartha ar fáil i dtír, nuair a bheidh earraí contúirteacha agus truaillitheacha á n-iompar. Go bhfuil an máistir ar an eolas faoi na ceanglais maidir lefógra a thabhairt faoi Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus faoi na treoracha atá ann le haghaidh nósanna imeachta éigeandála ar gá cloí leo agus garchabhair a thabhairt i gcás teagmhas a bhaineann le hearraí contúirteacha nó truailleáin mhuirí. Go bhfuil na córais aeraithe ar dheiceanna na bhfeithiclí in úsáid i gcónaí, go n-ardaítear a gcumhacht le linn innill na bhfeithiclí a bheith ar siúl agus go bhfuil táscaire éigin ar an droichead a chuireann in iúl go bhfuil an córas aeraithe ar dheic na bhfeithiclí ag obair.

7.

Feithiclí earraí a dhaingniú

An bealach a ndéantar feithiclí earraí a dhaingniú, mar shampla, cibé acu an bhfuil blocstuáil nó lascthaí indibhidiúla in úsáid. An bhfuil pointí láidre imleora ar fáil. Na socruithe chun feithiclí earraí a dhaingniú i gcás drochaimsire nó i gcás réamhaisnéis drochaimsire. An bealach a ndéantar cóistí agus gluaisrothair a dhaingniú, más ann dóibh. Go bhfuil lámhleabhar maidir le daingniú lastais ag an long.

8.

Deiceanna na bhfeithiclí

Cibé acu an bhfuil patról leanúnach á dhéanamh ar spásanna catagóire speisialta agus spásanna lastais róró nó an bhfuil córas faireachais teilifíse i mbun faireachán leanúnach orthu ionas gur féidir súil a choinneáil ar ghluaiseacht feithiclí i ndrochaimsir agus ar iontráil neamhúdaraithe paisinéirí. Go gcoinnítear na doirse agus na bealaí isteach dóiteáin dúnta agus go bhfuil fógraí ar taispeáint chun paisinéirí a choinneáil ó na deiceanna feithiclí fad atá an long ar muir.

9.

Dúnadh na ndoirse uisce-obacha

Go bhfuil an beartas arna leagan síos i dtreoracha oibríochta na loinge le haghaidh na ndoirse uisce-obacha foroinnte á leanúint. Go bhfuiltear ag déanamh na ndruileanna dóiteáin is gá. Go bhfuil rialú an droichid ar na doirse uisce-obacha á choinneáil, i gcás inar féidir é, ar “neas” rialú. Go bhfuil na doirse á gcoinneáil dúnta tráth a bhfuil aninfheictheacht srianta agus in aon chúinse guaiseach. Go dtugtar treoracha don chriú maidir leis an mbealach ceart chun na doirse a oibriú agus go bhfuil siad ar an eolas faoin mbaol a bhaineann le mí-úsáid na ndoirse.

10.

Patróil dóiteáin

Deimhnítear go bhfuil patról éifeachtúil ar siúl sa chaoi go dtabharfaí dóiteán faoi deara go héasca. Ba cheart a chur san áireamh leis sin na spásanna catagóire speisialta i gcás nach bhfuil córas socraithe braite dóiteáin ná aláraim dóiteáin suiteáilte. Go bhféadfadh sé go mbeadh patról ar siúl ar na spásanna sin mar a shonraítear i bpointe 8.

11.

Cumarsáid i gcás éigeandála

Go bhfuil dóthain daoine den chriú ann i gcomhréir leis an liosta tionóil chun cuidiú le paisinéirí i gcás éigeandála agus go bhfuil siad inaitheanta go héasca agus in ann cumarsáid a dhéanamh leis na paisinéirí i gcás éigeandála, ag cur san áireamh teaglaim iomchuí agus leordhóthanach d'aon cheann de na fachtóirí seo a leanas:

(a)

teanga nó teangacha iomchuí le haghaidh phríomhnáisiúntachtaí na bpaisinéirí atá á n-iompar ar bhealach ar leith;

(b)

an dóchúlacht go bhféadfadh úsáid an Bhéarla bhunúsaigh le haghaidh treoracha bunúsacha a bheith ina bhealach cumarsáide le paisinéir a mbeadh cúnamh ag teastáil uaidh gan beann mura bhfuil teanga chomónta ag an bpaisinéir agus ag an duine den chriú;

(c)

an gá a d'fhéadfadh a bheith ann cumarsáid a dhéanamh le linn éigeandála ar mhodhanna eile (e.g. trí léiriú, comharthaí láimhe, nó aird a dhíriú ar shuíomh na dtreoracha, na stáisiúin tionóil, na bhfeistí tarrthála nó na mbealaí éalaithe i gcás nach mbeadh cumarsáid ó bhéal praiticiúil);

(d)

gur cuireadh nó nár cuireadh treoracha iomlána sábháilteachta ar fáil do phaisinéirí ina dteanga dhúchais nó ina dteangacha dúchais;

(e)

na teangacha ina bhféadfaí fógraí éigeandála a chraoladh le linn éigeandála nó druile chun treoracha ríthábhachtacha a thabhairt do phaisinéirí agus chun a éascú don chriú cuidiú leis na paisinéirí.

12.

Teanga chomónta oibre idir daoine den chriú

Go bhfuil teanga oibre bunaithe ionas go n-áiritheofar go bhfuil an criú ag feidhmiú go héifeachtach i gcúrsaí sábháilteachta agus go bhfuil an teanga oibre sin ar taifead sa logleabhar loinge.

13.

Trealamh sábháilteachta

Go bhfuiltear ag cothabháil na bhfearas tarrthála agus dóiteáin, lena n-áirítear na doirse dóiteáin agus míreanna eile den chosaint struchtúrtha ar dhóiteán ar féidir cigireacht a dhéanamh orthu go héasca. Go bhfuil pleananna rialaithe dóiteáin ar taispeáint go buan nó go bhfuil leabhráin eolais ina bhfuil an fhaisnéis choibhéiseach ar fáil d'oifigigh na loinge. Go bhfuil stuáil iomchuí á déanamh ar na seaicéid tarrthála agus gur féidir seaicéid tarrthála do leanaí a aithint go héasca. Nach gcuireann lastáil feithiclí cosc ar oibriú na rialuithe dóiteáin, scoiteoirí éigeandála, rialuithe le haghaidh comhlaí stoirme, etc. a d'fhéadfadh a bheith suite ar dheiceanna na bhfeithiclí.

14.

Trealamh loingseoireachta agus raidió

Go bhfuil an trealamh loingseoireachta agus radachumarsáide ag obair, lena n-áirítear rabhcháin raidió éigeandála a léiríonn suíomh (EPIRBanna).

15.

Soilsiú breise éigeandála

Go bhfuil soilsiú éigeandála breise suiteáilte, faoi mar a cheanglaítear leis na rialacháin, agus go bhfuil taifead á choinneáil ar aon easnaimh atá ann.

16.

Bealaí éalaithe

Go bhfuil bealaí éalaithe marcáilte, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, agus soilsithe, ó na príomhfhoinsí cumhachta agus ó na foinsí éigeandála cumhachta. Na bearta atá á nglacadh chun feithiclí a choinneáil amach ó bhealaí éalaithe i gcás ina bhfuil na bealaí éalaithe sin ag dul trí dheiceanna feithiclí nó á dtrasnú. Nach bhfuil aon bhac á chur ar na bealaí amach, go háirithe bealaí amach as siopaí saor ó dhleacht, a bhfuarthas amach ina dtaobh go raibh siad blocáilte ag barraíocht earraí.

17.

Glaineacht sheomra an innill

Go gcoinnítear an seomra innill glan, i gcomhréir leis na nósanna imeachta cothabhála.

18.

Diúscairt dramhaíola

Go bhfuil socruithe sásúla ann le deileáil le dramhaíl agus lena diúscairt.

19.

Cothabháil phleanáilte

Go bhfuil buanorduithe sonracha ag gach cuideachta, le córas cothabhála pleanáilte le haghaidh gach réimse sábháilteachta lena n-áirítear na doirse i dtosach, i ndeireadh agus ar thaobh an bháid, mar aon lena socruithe dúnta, ach ina gcuimsítear freisin cothabháil an tseomra innill agus an trealaimh sábháilteachta. Go bhfuil pleananna i bhfeidhm chun seiceáil a dhéanamh go tréimhsiúil ar gach mír ionas go gcoinneofaí na caighdeáin sábháilteachta ar an leibhéal is airde. Go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun taifead a choinneáil ar easnaimh agus chun a dhearbhú gur cuireadh easnaimh ina gceart ionas go mbeidh an máistir agus an duine ainmnithe i dtír sa struchtúr bainistíochta cuideachta ar an eolas faoi na heasnaimh agus go dtugtar le fios dóibh nuair a bheidh siad curtha ina gceart laistigh de thréimhse ama a shonraítear. Go bhfuil na nithe seo a leanas sa tseiceáil a dhéantar go tréimhsiúil ar oibriú na socruithe dúnta doirse le haghaidh na ndoirse laistigh agus lasmuigh ag tosach an bháid: na táscairí, trealamh faireachais agus aon scupair sna spásanna idir scáthlán thosach an bháid agus an doras laistigh agus go háirithe na sásraí dúnta doirse agus na córais hiodrálacha bhainteacha.

20.

Turas a dhéanamh

Nuair a bheidh turas á dhéanamh ba cheart an deis a thapú seiceáil an bhfuil róphlódú i gceist, lena n-áirítear seiceáil ar infhaighteacht suíochán agus pasáistí, staighrí agus bealaí éalaithe a bheith á mblocáil ag bagáiste agus ag paisinéirí nach bhfuil in ann teacht ar shuíocháin. Is gá a sheiceáil go bhfuil na paisinéirí go léir tar éis deic na bhfeithiclí a fhágáil sula gcuirfear an long chun farraige agus nach mbeidh rochtain acu arís ar an deic go dtí díreach sula dtiocfaidh an long chun cé.


(1)  Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).

(2)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 1999/35/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 2, pointí (a), (b), (d), (e), (f), (g), (h), (j), (m), (n), (o), (r)

Airteagal 2, pointí (1), (2), (3), (4), (6), (7), (8), (9), (10), (11), (12)

Airteagal 2, pointí (c), (i), (k), (l), (n), (p), (q), (s)

Airteagal 3

Airteagal 1

Airteagal 4

Airteagal 5, pointe 1(a)

Airteagal 3

Airteagal 5, pointí (1)(b), (2)

Airteagal 6

Airteagal 3

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 10(1)(a), (b), (c),

Airteagal 7

Airteagal 10(1)(d)

Airteagal 10(2)

Airteagal 7

Airteagal 10(3)

Airteagal 8

Airteagal 10(4)

Airteagal 11(1), (2), (3), (4), (5), (7), (8)

Airteagal 11(6)

Airteagal 6(1)

Airteagal 13(1), (2), (4), (5)

Airteagal 13(3)

Airteagal 6(2) agus Airteagal 10

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 12

Airteagal 18

Airteagal 11

Airteagal 19

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I


Ceartúchán

30.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

78


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 39 Eagrán Speisialta Gaeilge an 9 Feabhra 2013 )

Ar leathanach 10, Iarscríbhinn 1, an tábla, fonóta (1):

in ionad:

“(1)

Rialachán (CE) Uimh. 948/2009 ón gCoimisiún (IO L 287, 31.10. 2009, lch. 1).”,

léitear:

“(1)

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gCoimisiún an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).”.

Ar leathanach 11, Iarscríbhinn II, an tábla, fonóta (1):

in ionad:

“(1)

Rialachán (CE) Uimh. 948/2009.”,

léitear:

“(1)

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle.”.