ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
10 Samhain 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 293 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

10.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1991 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ceanglais agus coinníollacha aonfhoirmeacha do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ar mian leo na sonrúcháin “EuVECA” nó “EuSEF” a úsáid san Aontas chun cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha faoi seach a mhargú. I Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, tá rialacha lena rialaítear, go háirithe, infheistíochtaí cáilitheacha, gnóthais phunainne cháilitheacha agus infheisteoirí incháilithe. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, is bainisteoirí a bhainistíonn sócmhainní nach sáraíonn a n-iomlán an tairseach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus iad siúd amháin, atá cáilithe leis na sonrúcháin “EuVECA” agus “EuSEF” faoi seach a úsáid.

(2)

Tá straitéis chuimsitheach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le Plean Infheistíochta don Eoraip chun dul i ngleic leis an easpa maoinithe atá ina bacainn ar chumas fáis na hEorpa agus ar a cumas poist a chur ar fáil dá cuid saoránach. Is é is aidhm don Phlean infheistíocht phríobháideach a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as cistiú poiblí agus trí fheabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis an timpeallacht infheistíochta.

(3)

Cuid thábhachtach den Phlean Infheistíochta is ea an teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2015 maidir le Plean Gníomhaíochta chun Aontas Margaí Caipitil a Thógáil. Is é is aidhm dó ilroinnt na margaí airgeadais a laghdú agus an soláthar caipitil do ghnólachtaí a mhéadú, lasmuigh agus laistigh den Aontas, trí fhíormhargadh caipitil aonair a bhunú. Sonraítear sa teachtaireacht sin nach mór Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 a leasú chun a áirithiú go mbeidh na creataí in ann tacú leis an infheistíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go barr a gcumais.

(4)

Ba cheart an margadh do chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a oscailt chun éifeachtaí scála a mhéadú, costais idirbheartaíochta agus oibriúcháin a laghdú, an t-iomaíochas a fheabhsú agus an rogha a bhíonn ag lucht infheistíochta a neartú. Ach bonn na mbainisteoirí ionchasacha a mhéadú, rannchuidítear le hoscailt an mhargaidh sin agus dhéanfadh an méid sin leas do ghnóthais atá ar thóir infheistíochta mar go dtabharfaí rochtain dóibh ar mhaoiniú ó raon níos mó agus níos éagsúla foinsí don infheistíocht riosca. Ba cheart, dá réir sin, raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 a leathnú trí chead úsáide na sonrúcháin “EuVECA” agus “EuSEF” a thabhairt do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE.

(5)

Chun ardleibhéal cosanta a choinneáil i dtaca le hinfheisteoirí, ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE leanúint de bheith faoi réir cheanglais na Treorach sin agus d’fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 nó de Rialachán (AE) 346/2013 a chomhlíonadh, eadhon iad siúd a bhaineann le hinfheistíochtaí incháilithe, infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu, agus ceanglais faisnéise. Na húdaráis inniúla a dtugtar na cumhachtaí maoirseachta dóibh le Treoir 2011/61/AE, ba cheart dóibh freisin na cumhachtaí sin a fheidhmiú maidir le bainisteoirí den sórt sin.

(6)

Chun a áirithiú go mbíonn na húdaráis inniúla ar an eolas faoi gach úsáid nua a bhaintear as na sonrúcháin “EuVECA” agus “EuSEF”, ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, gach ciste caipitil fiontair cáilitheach nó gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a bhfuil sé ar intinn acu a bhainistiú agus a mhargú a chlárú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go mbeidh bainisteoirí den sórt sin in ann a gcuid samhlacha gnó a choinneáil ós rud é go mbeidh siad in ann bainistiú a dhéanamh ar ghnóthais chomhinfheistíochta atá bunaithe i mBallstáit eile agus go mbeidh siad in ann raon na dtáirgí a thairgeann siad a leathnú tuilleadh.

(7)

Ba cheart raon na ngnóthas incháilithe sin inar féidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha infheistiú a leathnú d’fhonn an soláthar do ghnólachtaí a mhéadú tuilleadh. Ba cheart, dá réir sin, go n-áireofaí sa sainmhíniú maidir le céard is gnóthas punainne cáilitheach ann cuideachtaí a bhfuil líon nach mó ná 499 bhfostaí (cuideachtaí lárchaipitlithe beaga) nach ligtear isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach agus FBManna atá liostaithe ar mhargadh fáis FBManna. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh na roghanna nua infheistíochta ar chumas eintiteas atá i gcéim fáis agus a bhfuil teacht acu cheana ar fhoinsí maoiniúcháin eile, ar nós margaí fáis FBManna, caipiteal a fháil as cistí caipitil fiontair cáilitheacha, rud a chuirfeadh le forbairt na margaí fáis FBManna iad féin. Ina theannta sin, le hinfheistíochtaí ó chistí caipitil fiontair cáilitheacha i ngnóthais phunainne cháilitheacha, ní dhícháileofar na gnóthais phunainne cháilitheacha sin go uathoibríoch ó bheith incháilithe do chláir phoiblí. Chun cur tuilleadh le hinfheistíocht, ba cheart a bheith fós in ann struchtúr ciste cistí a bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013.

(8)

Chun úsáid an tsonrúcháin “EuSEF” a dhéanamh níos tarraingtí agus chun an soláthar caipitil do ghnóthaí sóisialta a mhéadú tuilleadh, ba cheart raon na ngnóthas incháilithe sin ar féidir le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha infheistiú iontu a leathnú tríd an sainmhíniú ar iarmhairt shóisialta dhearfach a fhadú. Le fadú den sórt sin, dhéanfaí tírdhreach rialála na gcistí caipitil fiontair a shimpliú agus d’éascófaí rannpháirtíocht infheisteoirí i gcistí den sórt sin trí dhul i ngleic leis neamhréireachtaí maidir le léirmhínithe éagsúla ar a bhfuil i gceist le hiarmhairt shóisialta dhearfach i gcomhthéacsanna Aontais éagsúla.

(9)

Ba cheart go dtabharfaí cead do chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bheith rannpháirteach freisin, san fhadtéarma, i ndréimire cistiúcháin na FBManna neamhliostaithe, na gcuideachtaí beaga lárchaipitlithe neamhliostaithe agus na FBManna atá liostaithe ar na margaí fáis FBManna, d’fhonn cur lena n-acmhainneacht brabach a thuilleamh as cuideachtaí ardfháis. Dá bhrí sin, ba cheart infheistíochtaí iarmhartacha a cheadú i ndiaidh na chéad infheistíochta.

(10)

Ba cheart na nósanna imeachta clárúcháin a bheith simplí agus cost-éifeachtúil. Dá bhrí sin, i gcás ina gcláraítear bainisteoir i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, ba cheart go mbeadh feidhm an chláraithe dá dtagraítear i dTreoir 2011/61/AE leis freisin maidir le bainistiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha nó na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha. Ba cheart cinntí clárúcháin agus mainneachtainí maidir le clárú faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 a bheith faoi réir athbhreithniú riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(11)

Maidir le faiséis a fhoráiltear san iarratas ar chlárú agus a chuirtear ar fáil don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ), (“ÚEUM”), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), níor cheart í a úsáid agus athbhreithnithe piaraí á n-eagrú agus á ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ach amháin i gcreat Treoir 2011/61/AE, Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, lena n-áirítear na rialacha maidir le bailiú faisnéise. Níor cheart go dtagfadh sin ar bhealach ar bith roimh thoradh na n-athbhreithnithe reachtacha atá ag teacht ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus ar Threoir 2011/61/AE.

(12)

Maidir le táillí agus muirir eile a fhorchuireann Ballstáit óstacha ar bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ar bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, méadaíonn na táillí agus na muirir sin an éagsúlcht rialála agus is féidir leo a bheith ina mbac suntasach ar ghníomhaíochtaí trasteorann uaireanta. Le táillí agus muirir den sórt sin, cuirtear bac ar shaorshreabhadh caipitil thar theorainneacha an Aontais agus baintear an bonn de phrionsabail an mhargaidh inmheánaigh dá bharr sin. Dá bhrí sin, i dtaca leis an toirmeasc atá ar an mBallstát óstach ceanglais nó nósanna imeachta riaracháin a fhorchur maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú ar a chríoch, ní mór a chur in iúl go láidir agus a shoiléiriú go n-áirítear leis sin toirmeasc ar tháillí nó muirir eile a ghearradh ar na bainisteoirí as margú na gcistí sin mura gá aon chúram maoirseachta a dhéanamh.

(13)

Maidir le bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, ar cistí iad nach bhfuil údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 nach mór cistí dílse leordhóthanacha a bheith ag na bainisteoirí sin i gcónaí. Chun ceanglas cistí dílse iomchuí agus chomhréireach a fhorbairt do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus do bhainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, ba cheart leibhéal na gceanglas maidir le cistí dílse a bhunú ar chritéir charnacha agus ba cheart go mbeadh an leibhéal sin i bhfad níos ísle agus níos simplí ná na méideanna a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE chun saintréithe, cineál agus méid beag na gcistí sin a chur san áireamh agus chun prionsabal na comhréireachta a urramú. Chun tuiscint chomhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais ar na ceanglais sin do na bainisteoirí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm ceanglas íosta caipitil agus cistí dílse sa Rialachán seo. Mar gheall ar an ról ar leith a d’fhéadfadh a bheith ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i gcomhthéacs an Aontais Mhargaí Caipitil, go háirithe maidir le maoiniú caipitil fiontair agus fiontraíochta sóisialta a chothú, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha spriocdhírithe maidir le cistí dílse do bhainisteoirí cláraithe a imíonn ón gcreat cistí dílse a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE.

(14)

Ba cheart go bhféadfadh ÚEUM dréachtchaighdeáin teicniúla rialála a fhorbairt chun iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. lena sonraítear an fhaisnéis ar cheart a sholáthar d’údaráis inniúla in iarratais do chlárú bainisteoirí nó cistí faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, agus ba cheart na codanna den bhfaisnéis sin ar cheart do na húdaráis inniúla a chur ar aghaidh chuig ÚEUM chun críche cur ar chumas ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(15)

Ós rud é go dtugtar, leis an Rialachán seo, cead úsáide na sonrúchán “EuVECA” agus “EuSEF” do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, ba cheart a áireamh sa bhunachar sonraí lárnach, a choimeádfaidh ÚEUM ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, faisnéis faoi na cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus faoi na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá á mbainistiú agus á margú ag na bainisteoirí sin.

(16)

Chun aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a sheachaint, is gá maolú ó rialacha maidir le cistí dílse faoin Rialachán seo a sholáthar do bhainisteoirí reatha um chistí caipitil fiontair cáilitheacha atá ann cheana agus bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá ann cheana, le linn théarmaí na gcistí sin. Mar sin féin, ba cheart do bhainisteoirí den sórt sin a áirithiú, gach tráth, go bhfuil siad ábalta leordhóthanacht a gcistí dílse a dhlisteanú chun leanúnachas oibríochtúil a choimeád.

(17)

I gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, ba cheart don Choimisiún a fhiosrú cé acu an mbeadh nó nach mbeadh buntáistí le rogha bhreise dheonach a chruthú d’infheisteoirí miondíola trí chiste fothaire a úsáid faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 do na cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin ar mian leo a mbonn infheisteoirí a mhéadú. Ba cheart don Choimisiún a fhiosrú freisin cé acu an mbeadh nó nach mbeadh buntáistí leis an tairseach a ísliú, ar tairseach sách ard í, go háirithe mar go bhféadfaí féachaint uirthi mar bhac ar thuilleadh infheistíochta i gcistí den sórt sin. Ba cheart dó a fhiosrú freisin cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé iomchuí úsáid an tsonrúcháin “EuSEF” a leathnú go heintitis slua-chistithe agus mhicreamhaoinithe áirithe a bhfuil iarmhairt shóisialta mhór acu. Cé go bhfuil ardriosca ag baint le caipiteal fiontair fós mar fhoirm infheistíochta, is fíor go bhfuil níos mó agus níos mó foirmeacha infheistíochta neamhrialáilte, a bhfuil an riosca céanna ag baint leo, á gcur ar fáil do chustaiméirí. Tá foirmeacha infheistíochta den sórt sin, amhail slua-chistiú, neamhrialáilte faoi láthair ar leibhéal an Aontais, ach tá úsáid na sonrúchán “EuVECA” agus “EuSEF” rialáilte agus maoirsithe.

(18)

Le hobair an Choimisiúin maidir le hAontas Margaí Caipitil, sainaithníodh an sainmhíniú ar mhargú, agus na héagsúlachtaí tuisceana ar an sainmhíniú sin idir údaráis inniúla náisiúnta, mar bhaic shuntasacha ar infheistíochtaí trasteorann. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar oiriúnacht an tsainmhínithe sin.

(19)

Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar a iomchuí a bheadh sé pas bainistíochta a thabhairt isteach do bhainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus ar oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú do chaipiteal fiontair. Tar éis na hanailíse sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon margadh inmheánach do chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a neartú tuilleadh trí úsáid na sonrúcháin “EuVECA” agus “EuSEF” a threisiú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a bhfairsinge agus a n-iarmhairtí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(21)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach maidir le cistí caipitil fiontair cáilitheacha. Féadfaidh cistí den sórt sin feidhmiú mar mheáin do Státchabhair chun infheistíochtaí caipitil riosca in FBManna a chur chun cinn, mar shampla trí chóir níos fabhraí a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha ná d’infheisteoirí poiblí, ar choinníoll go mbeidh cabhair den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair agus i gcomhréir go háirithe le Rialachán Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (8).

(22)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 12, pointe (c) agus (i) d’Airteagal 13(1), Airteagal 14a go hAirteagal 19, an dara fomhír d’Airteagal 20(3), agus Airteagal 21 agus Airteagal 21a den Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontair cáilitheacha agus a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.”.

(2)

In Airteagal 3, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

a chomhlíonann, tráth a dhéanfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach an chéad infheistíocht sa ghnóthas sin, ceann de na coinníollacha seo a leanas:

ní ligtear an gnóthas isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (21) agus i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus ina bhfuil líon nach airde ná 499 nduine ag obair;

is fiontar beag agus meánmhéide an gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus é liostaithe ar mhargadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4(1) den Treoir sin.

(*1)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát sin ina bhfuil a oifig chláraithe ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’:

(i)

i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

(ii)

i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2011/61/AE;

(iii)

i dtaca le cistí caipitil fiontair cáilitheacha, údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach bunaithe;”;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(n)

ciallaíonn ‘údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh’ údarás Ballstáit, seachas an Ballstát baile, ina ndéantar an ciste caipitil fiontair cáilitheach a mhargú;”.

(3)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

déileálfar go cothrom lena gcuid infheisteoirí. Ní chuirfidh an méid sin bac ar chóir níos fabhraí a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha ná d’infheisteoir poiblí, ar choinníoll go mbeidh cóir den chineál sin i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair i gcomhréir go háirithe le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (*2) ón gCoimisiún agus go ndéanfar é a nochtadh i rialacha an chiste nó ina ionstraimí corpraithe;

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).”."

(4)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh EUR 50 000 de chaipiteal tosaigh ag cistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí caipitil fiontair cáilitheacha araon.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstát bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag bainisteoir um chiste caipitil cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.

4.   I gcás inar mó ná EUR 250 000 000 luach na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise de chistí dílse ar fáil. Beidh suim bhreise na gcístí dílse comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha níos mó ná EUR 250 000 000.

5.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile bainisteoir um chistí caipitil fiontair cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leo siúd atá leagtha síos i ndlí an Aontais.

6.   Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.”.

(5)

In Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil d’údarás inniúil gach ciste caipitil fiontair cháilithigh lena mbaineann, d’údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh lena mbaineann agus do ÚEUM go tráthúil trí mheán na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22.”.

(6)

In Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú go cuí;”.

(7)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointe (e);

(b)

i mír 2, scriostar pointe (d);

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.

5.   Beidh clárú i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha.

6.   Maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.

Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra maidir leis na hathruithe sin a fháil, an bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach a chur ar an eolas. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh. Féadfar na hathruithe a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.

7.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.”.

(8)

Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 14a

1.   Déanfaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, iarratas ar chlárú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha sin a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid ina leith.

2.   Is é údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste caipitil fiontair cháilithigh;

(b)

faisnéis ar chéannacht na taisce;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(d)

liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí caipitil fiontair cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5 agus Airteagal 6, agus i bpointí (c) agus (i) d’Airteagal 13(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II den Rialachán seo a chomhlíonadh.

3.   I gcás nach ionann údarás inniúil chiste caipitil fiontair cháilithigh agus údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, fiafróidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cé acu an dtagann nó nach dtagann an ciste caipitil fiontair cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora maidir le CIManna a bhainistiú agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 14(2) comhlíonta.

Féadfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra laistigh d’aon mhí amháin ar fáil tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh isteach a fháil.

4.   Ní cheanglófar ar bhainisteoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá curtha ar fáil ag na bainisteoirí sin cheana féin faoi Threoir 2011/61/AE.

5.   Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht arna fáil i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó an soiléiriú agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cláróidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cáilitheach ciste mar chiste caipitil fiontair cáilitheach má shásaíonn bainisteoir an chiste sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14(2).

6.   Na bainisteoirí sin dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh fógra don bhainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an ciste sin mar chiste caipitil fiontair cáilitheach, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis do na bainisteoirí sin an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

7.   Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadófar dá bharr margú a dhéanamh ar na cistí sin ar fud an Aontais faoin sonrúchán ‘EuVECA’.

8.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áithriú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

Airteagal 14b

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar údar cuí i gcás ina ndiúltaítear bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 nó ciste amhail dá dtagraítear in Airteagal 14a a chlárú, go dtabharfar fógra ina thaobh do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus go mbeidh an diúltú faoi réir ceart achomhairc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás naisiúnta riaracháin nó údarás naisiúnta eile. Beidh feidhm ag an gceart achomhairc sin freisin maidir le clárú, i gcás nach ndearnadh aon chinneadh faoin gclárú laistigh de dhá mhí i ndiaidh don bhainisteoir sin an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-úsáidfidh an bainisteoir sin aon réamhréiteach riaracháin dá bhforáiltear faoin dlí naisiúnta sula bhfeidhmeoidh siad an ceart achomhairc sin.”.

(9)

In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach na cistí sin a mhargú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste caipitil fiontair cháilithigh a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 14a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste caipitil fiontair cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.

2.   Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí caipitil fiontair cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áireofar le ceanglais den sórt sin nó nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.”.

(10)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 16a

1.   Chun críocha athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(9) agus Airteagal 14a(10), déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó, i gcás nach ionann iad, údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh, a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ar a bhonn a deonaíodh an clárú mar a leagtar amach in Airteagal 14(1) agus (2) agus in d’Airteagal 14a(2), a chur ar fáil do ÚEUM go tráthúil tar éis an chlárúcháin. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil trí bhíthin an nóis imeachta a dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do ÚEUM i gcomhréir le mír 1 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise atá le cur ar fáil do ÚEUM i gcomhréir le mír 1.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

1.   Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach, a mbeidh rochtain phoiblí idirlín air, ina liostófar na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad a úsáideann an sonrúchán ‘EuVECA’ agus na cistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhfuil an sonrúchán sin á úsáid ina leith, mar aon leis na tíortha ina bhfuil na cistí sin á margú.

2.   Cuirfidh ÚEUM naisc ghréasáin ar fáil ar a shuíomh gréasáin chuig an bhfaisnéis ábhartha maidir le tríú tíortha a chomhlíonann an ceanglas is infheidhme faoi phointe (d)(iv) den chéad mhír d’Airteagal 3.”.

(12)

In Airteagal 18, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“1a.   Maidir le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh an t-údarás inniúil freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leordhóthanacht na socruithe agus an eagrúcháin atá i bhfeidhm ag bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cáilithigh, ionas go mbeidh an bainisteoir sin in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad atá á mbainistiú aige a chomhlíonadh.

1b.   Maidir le ciste caipitil fiontair cáilitheach arna mbainistiú ag bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus i bpointe (c) agus i bpointe (i) d’Airteagal 13(1) ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach. Beidh údarás inniúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an chiste.”.

(13)

In Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas maidir le cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.”.

(14)

Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear “2 Márta 2020” in ionad “16 Bealtaine 2015”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) an Rialachán seo i gcónaí agus beidh siad faoi dhliteanas i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo freisin, lena n-áirítear i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as.

Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) Treoir 2011/61/AE i gcónaí. Beidh siad freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus beidh siad faoi dhliteanas i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. Beidh na bainisteoirí sin faoi dhliteanas freisin i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as an Rialachán seo a shárú.”.

(15)

Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.   Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh an t-údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach an méid seo a leanas:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

go n-úsáideann sé an sonrúchán ‘EuVECA’ ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó nach bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha, nó ar aon bhealach neamhrialta eile, de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

“2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:

(a)

bearta chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann Airteagal 5 agus Airteagal 6, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 7, agus Airteagal 12 go hAirteagal 14a, de réir mar is infheidhme;

(b)

a thoirmeasc ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann an sonrúchán ‘EuVECA’ a úsáid agus an bainisteoir sin, nó an ciste caipitil fiontair cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, aon údarás inniúil ábhartha eile, údaráis inniúla aon Bhallstáit óstaigh i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 14(1), agus ÚEUM, a chur ar an eolas gan mhoill maidir le bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le ciste caipitil fiontair cáilitheach a bhaint den chlár.

4.   Maidir leis an gceart ciste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú san Aontas faoin sonrúchán ‘EuVECA’, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó an Bhallstáit óstaigh, de réir mar is infheidhme, ÚEUM ar an eolas gan mhoill má tá foras soiléir agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil aon cheann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) d’Airteagal 21(1) déanta ag an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach.

Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.”.

(16)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 21a

Déanfar na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na cumhachtaí sin a bhaineann le pionóis, a fheidhmiú i ndáil leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.”.

(17)

Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a) de mhír 2, cuirtear “2 Márta 2022” in ionad “22 Iúil 2017”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   I gcomhthreo leis an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2011/61/AE, go háirithe maidir le bainisteoirí atá cláraithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(2) den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid seo a leanas:

(a)

bainistiú cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus a iomchuí a bheadh sé athruithe a chur ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear an rogha a bhaineann le pas bainistíochta; agus

(b)

oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú le haghaidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus an tionchar a bheidh ag an sainmhíniú sin agus ag léirmhínithe náisiúnta éagsúla ar oibriú agus ar infheictheacht cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus ar leithdháileadh trasteorann cistí den sórt sin.

Tar éis an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 13, pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 14(1), Airteagal 15a go hAirteagal 20, dara fomhír d’Airteagal 21(3) agus Airteagal 22 agus Airteagal 22a den Rialachán seo maidir le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, a bhainistíonn punanna cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán ‘EuSEF’ a úsáid i dtaca le margú na gcistí sin san Aontas.”.

(2)

In Airteagal 3(1), leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de phointe (d):

“(ii)

a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige iarmhairtí sóisialta dearfacha intomhaiste a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena mbunaítear an gnó, i gcás:

ina soláthraíonn an gnóthas seirbhísí nó earraí as a dtagann toradh sóisialta;

ina n-úsáideann an gnóthas modh táirgthe earraí nó seirbhísí trína léirítear a chuspóir sóisialta; nó

ina soláthraíonn an gnóthas tacaíocht airgeadais do ghnóthais shóisialta amháin mar a shainmhínítear sa chéad dá fhleasc;”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát sin ina bhfuil a oifig chláraithe ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’:

(i)

i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

(ii)

i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2011/61/AE;

(iii)

i dtaca le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach bunaithe;”;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(n)

ciallaíonn ‘údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh’ údarás Ballstáit, seachas an Ballstát baile, ina ndéantar an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a mhargú.”.

(3)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh EUR 50 000 de chaipiteal tosaigh ag cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú go hinmheánach agus ag bainisteoirí seachtracha um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha araon.”;

(b)

Cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Beidh ar a laghad aon ochtú de na forchostais sheasta arna dtabhú ag an mbainisteoir an bhliain roimhe sin ina gcistí dílse i gcónaí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an ceanglas sin a choigeartú i gcás inar tháinig athrú ábharach ar ghnó an bhainisteora ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil bliain de ghnó curtha i gcrích ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, is éard a bheidh sa cheanglas aon ochtú de na forchostais sheasta atá beartaithe ina phlean gnó, seachas má bhíonn coigeartú ar an bplean sin de dhíth ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile.

4.   I gcás inar mó ná EUR 250 000 000 luach na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú ag an mbainisteoir, cuirfidh an bainisteoir suim bhreise cistí dílse ar fáil. Beidh suim bhreise comhionann le 0,02 % den mhéid atá luach iomlán na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha níos mó ná EUR 250 000 000.

5.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a údarú gan suas le 50 % de shuim bhreise na gcistí dílse dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar má bhaineann an bainisteoir sin leas as ráthaíocht ar an méid céanna arna thabhairt ag institiúid creidmheasa nó ag gnóthas árachais ag a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, nó i dtríú tír ina bhfuil sé faoi réir rialacha stuamachta a measann na údarás inniúil an Bhallstáit bhaile a bheith comhionann leis na rialacha atá leagtha síos i ndlí an Aontais.

6.   Déanfar cistí dílse a infheistiú i sócmhainní leachtacha nó sócmhainní is féidir a chomhshó go héasca ina n-airgead tirim sa ghearrthéarma agus ní áireofar seasaimh amhantracha iontu.”.

(4)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

faisnéis faoi chineál, faoi luach agus faoi chuspóir na n-infheistíochtaí seachas infheistíochtaí cáilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1);”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear rioscaí comhshaoil agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid san áireamh i gcur chuige infheistíochta na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil d’údarás inniúil gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach lena mbaineann, d’údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh lena mbaineann agus do ÚEUM go tráthúil trí mheán an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23.”.

(5)

Cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b) d’Airteagal 14(1):

“(b)

méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhainistiú go cuí;”.

(6)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointe (e);

(b)

i mír 2, scriostar pointe (d);

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas, cuirfidh údarás inniúil a mBallstáit baile iad ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.

5.   Beidh gach clárú a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

6.   Maidir le bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.

Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chur ar an eolas laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra de na hathruithe sin a fháil. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Féadfar na hathruithe sin a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.

7.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2, a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.”.

(7)

Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 15a

1.   Déanfaidh bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta arna n-údarú faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE, iarratas ar chlárú na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a bhfuil sé ar intinn acu an sonrúchán ‘EuSEF’ a úsáid ina leith.

2.   Is é údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a dhéanfaidh an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 1 ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;

(b)

faisnéis ar chéannacht na taisce;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(d)

liosta de na Ballstáit ina bhfuil cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha bunaithe ag na bainisteoirí dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil sé ar intinn acu iad a bhunú.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, is do na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá in Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 13(2) agus i bpointe (d), pointe (e) agus pointe (f) d’Airteagal 14(1) a chomhlíonadh a thagróidh an fhaisnéis faoi na socruithe a rinneadh chun na ceanglais atá i gCaibidil II a chomhlíonadh.

3.   I gcás nach ionann údarás inniúil ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, fiafróidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cé acu an dtagann nó nach dtagann an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faoi raon feidhme údarás an bhainisteora sin maidir le CIManna a bhainistiú agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 15(2) comhlíonta.

Féadfaidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach soiléiriú agus faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir leis an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagra ar fáil laistigh do 1 mhí amháin tar éis dó an iarraidh a chuir údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh isteach a fháil.

4.   Ní cheanglófar ar bhainisteoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá curtha ar fáil acu cheana féin faoi Threoir 2011/61/AE.

5.   Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht arna fáil i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó aon soiléiriú agus aon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, cláróidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh ciste mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach má shásaíonn bainisteoir an chiste sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(2).

6.   Tabharfaidh údarás inniúil chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh fógra don bhainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 á rá cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh an ciste sin mar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis don bainisteoir sin an doiciméadacht ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

7.   Beidh clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus ceadófar dá bharr margú a dhéanamh ar na cistí sin ar fud an Aontais faoin sonrúchán “EuVECA”.

8.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

Airteagal 15b

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar údar cuí i gcás aon diúltú bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 nó ciste amhail dá dtagraítear in Airteagal 15a a chlárú, go dtabharfar fógra ina thaobh do na bainisteoirí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus go mbeidh an diúltú faoi réir ceart achomhairc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás naisiúnta riaracháin nó údarás naisiúnta eile. Beidh feidhm ag an gceart achomhairc sin freisin maidir le clárú, i gcás nach ndearnadh aon chinneadh faoin gclárú laistigh de dhá mhí tar éis don bhainisteoir sin an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-úsáidfidh bainisteoir aon réamhréiteach riaracháin dá bhforáiltear faoin dlí naisiúnta sula bhfeidhmeoidh siad an ceart achomhairc sin.”.

(8)

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát aíochta agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear den liosta iad, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na cistí sin a mhargú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 15a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstaigh agus do ÚEUM faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.

2.   Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áirítear leis na ceanglais den sórt sin nó na nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.”.

(9)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 17a

1.   Chun críocha athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 15(9) agus Airteagal 15a(10), déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó, i gcás nach ionann iad, údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis chríochnaitheach ar a bonn a deonaíodh an clárú mar a leagtar amach in Airteagal 15(1) agus (2) agus in Airteagal 15a(2), a chur ar fáil do ÚEUM go tráthúil tar éis an chlárúcháin. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil trí bhíthin an nóis imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23.

2.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do ÚEUM i gcomhréir le mír 1 a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise atá le cur ar fáil do ÚEUM i gcomhréir le mír 1.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

1.   Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach, a bhfuil rochtain phoiblí idirlín air, agus ina liostaítear na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad a úsáideann an sonrúchán ‘EuSEF’ agus na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhfuil an sonrúchán sin á úsáid acu ina leith, mar aon leis na tíortha ina bhfuil na cistí sin á margú.

2.   Cuirfidh ÚEUM naisc ghréasáin ar fáil ar a shuíomh gréasáin chuig an bhfaisnéis ábhartha maidir le tríú tíortha a chomhlíonann an ceanglas is infheidhme faoi phointe (d)(v) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1).”.

(11)

In Airteagal 19, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“1a.   Maidir le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar leordhóthanacht na socruithe agus as eagrúchán bhainisteoir an chiste chaipitil fiontair cháilithigh, ionas go mbeidh an bainisteoir in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcistí caipitil fiontair cáilitheacha ar fad atá á mbainistiú aige a chomhlíonadh.

1b.   Maidir le ciste fiontraíochta sóisialta cháilitheach arna bhainistiú ag bainisteoir amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2), beidh údarás inniúil an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus i bpointe (c) agus i bpointe (i) d’Airteagal 14(1) ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Beidh údarás inniúil chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste ag an gciste sin.”.

(12)

In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas maidir le cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.”.

(13)

Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear “2 Márta 2020” in ionad “16 Bealtaine 2015”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) an Rialachán seo i gcónaí agus beidh siad faoi dhliteanas i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo freisin, lena n-áirítear i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as.

Comhlíonfaidh bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) Treoir 2011/61/AE i gcónaí. Beidh siad freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus beidh siad faoi dhliteanas i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. Beidh na bainisteoirí sin faoi dhliteanas freisin i leith aon chaillteanais nó damáistí a eascraíonn as an Rialachán seo a shárú.”.

(14)

Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.   Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an méid seo a leanas:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

má úsáideann sé an sonrúchán ‘EuSEF’ ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15, sin nó mura bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15a;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon bhealach neamhrialta eile de shárú ar Airteagal 15 nó Airteagal 15a;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

“2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí:

(a)

bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach Airteagal 5 agus Airteagal 6, le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 7 agus le hAirteagal 13 go hAirteagal 15a, de réir mar is infheidhme;

(b)

an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a thoirmeasc ón sonrúchán ‘EuSEF’ a úsáid, agus an bainisteoir sin, nó an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach lena mbaineann, a bhaint den chlár.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 aon údarás inniúil ábhartha eile agus údaráis inniúla aon Bhallstát óstach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 15(1), agus ÚEUM, ar an eolas gan mhoill faoi bhaint bainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó faoi bhaint ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach den chlár.

4.   Maidir leis an gceart ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó níos mó a mhargú faoin sonrúchán ‘EuSEF’ san Aontas, rachaidh sé in éag le héifeacht láithreach ó dháta chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó an Bhallstáit óstaigh, de réir mar is infheidhme, ÚEUM ar an eolas gan mhoill má tá foras soiléir agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil aon cheann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) de mhír 1 déanta ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach.

Féadfaidh ÚEUM, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, moltaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla lena mbaineann maidir le haon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, nó gan bearta den sórt sin a dhéanamh.”.

(15)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 22a

Déanfar na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na cumhachtaí sin a bhaineann le pionóis, a fheidhmiú i ndáil leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.”.

(16)

Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a) de mhír 2, cuirtear “2 Márta 2022” in ionad “22 Iúil 2017”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   I gcomhthreo leis an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2011/61/AE, go háirithe maidir le bainisteoirí atá cláraithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(2) den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid seo a leanas:

(a)

bainistiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a iomchuí a bheadh sé athruithe a chur ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear an rogha a bhaineann le pas bainistíochta; agus

(b)

oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus an tionchar a bheidh ag an sainmhíniú sin agus ag léirithe náisiúnta éagsúla de ar oibriú agus ar infheictheacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus ar leithdháileadh trasteorann cistí den sórt sin.

Tar éis an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Márta 2018.

Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 6 d’Airteagal 10 agus pointe (b) d’Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, arna leasú leis an Rialachán seo, agus ag mír 2 go mír 6 d’Airteagal 11 agus pointe (b) d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, arna leasú leis an Rialachán seo, maidir le bainisteoirí atá ann cheana i ndáil le cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá ann cheana le linn téarmaí na gcistí sin ón 1 Márta 2018. Áiritheoidh bainisteoirí den sórt sin gur féidir leo leordhóthanacht a gcistí dílse a dhlisteanú i gcónaí chun leanúnachas oibríochtúil a choimeád.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 394, 26.10.2016, lch. 2.

(2)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 48.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).

(6)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).