ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
30 Meán Fómhair 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/1566 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta trádála sealadacha uathrialaitheacha a thabhairt isteach don Úcráin lena bhforlíontar na lamháltais trádála atá le fáil faoin gComhaontú Comhlachais

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 254 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1566 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2017

maidir le bearta trádála sealadacha uathrialaitheacha a thabhairt isteach don Úcráin lena bhforlíontar na lamháltais trádála atá le fáil faoin gComhaontú Comhlachais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2), (an “Comhaontú Comhlachais”), ina bhonn don ghaol idir an tAontas agus an Úcráin. Ó bhí an 1 Eanáir 2016 ann, tá feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil (3). I mbrollach an Chomhaontaithe Chomhlachais, chuir páirtithe an chomhaontaithe sin in iúl gur mian leo an caidreamh eatarthu a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach.

(2)

D'fhonn na hathchóirithe eacnamaíocha agus polaitiúla atá déanta ag an Úcráin a fheabhsú, agus d'fhonn caidreamh eacnamaíoch níos dlúithe leis an Aontas a chothú agus a luathú, is iomchuí agus is gá na sreafaí trádála a mhéadú i gcás allmhairiú táirgí talmhaíochta áirithe agus lamháltais a thabhairt i bhfoirm bearta trádála uathrialaitheacha i gcás táirgí tionsclaíocha áirithe i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh i dtaca le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin a dhíothú.

(3)

Rinne an Coimisiún anailís ar an mbunús fíorasach i ndáil leis an réasúnaíocht maidir le roghnú na dtáirgí atá le bheith faoi réir an Rialacháin seo agus go háirithe maidir lena tionchar ionchasach an Rialacháin seo ar thairbhithe beaga agus meánmhéide san Úcráin, agus míniú a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin méid sin. Ba cheart na bearta trádála uathrialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo a dheonú le haghaidh táirgí atá tairbhiúil i bhfianaise na hanailíse sin. Ba cheart do na bearta trádála uathrialacha sin a bheith i bhfoirm na socruithe fabhracha seo a leanas: (i) cuótaí taraife nialais do na táirgí talamhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith leis na cuótaí tairfe nialais a leagtar amach sa Chomhaontú Comhleachais; agus (ii) dleachtanna allmhairiúcháin (“rátaí fabhracha custaim”) ar allmhairiú na dtáirgí tionsclaíocha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, a bhaint go hiomlán.

(4)

Chun calaois a chosc, ba cheart an teideal chun leas a bhaint as bearta trádála uathrialaitheacha a bhunaítear leis an Rialachán seo a bhaint go hiomlán a bheith faoi réir na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gcomhaontú comhlachais a bheith comhlíonta ag an Úcráin, lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir an Úcráin a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, lena bhforlíontar sa Chomhaontú sin.

(5)

Ba cheart don Úcráin staonadh ó aon dleachtanna nua nó ó mhuirir a mbeadh a choibhéis d'éifeacht acu agus ó shrianta cainníochtúla nua nó ó bhearta a mbeadh a choibhéis d'éifeacht acu a thabhairt isteach, nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó ar mhuirir atá ann cheana nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach. I gcás ina mainníonn an Úcráin aon cheann de na coinníollacha sin a chomhlíonadh, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na bearta trádála uathrialaitheacha uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí i bpáirt nó go hiomlán ar bhonn sealadach.

(6)

Faoi réir imscrúdú ag an gCoimisiún, is gá foráil a dhéanamh maidir le dleachtanna na Comhtharaife Custaim a thabhairt isteach athuair faoin gComhaontú Comhleachais, i gcás allmhairí aon táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar cúis iad, nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo san Aontas Eorpach.

(7)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena gcuirtear ar a chumas na socruithe fabhracha arna mbunú leis an Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach agus bearta ceartaitheacha a thabhairt isteach i gcás ina ndéanann allmhairí a thagann faoin Rialachán seo difear do tháirgeoirí mhargadh an Aontais, nó i gcás ina bhféadfadh na hallmhairí sin déanamh amhlaidh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(8)

Cuirfidh an Coimisiún na cuótaí taraife nialais a bhunaítear leis an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5), cé is moite de na cuótaí taraife nialais do tháirgí talmhaíochta áirithe, ar cuótaí iad ar cheart don Choimisiún iad a riar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus leis na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin.

(9)

Foráiltear le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den chaidreamh leis an Úcráin, arna rialú leis an gComhaontú sin, iad urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus do phrionsabal an smachta reachta, chomh maith le hiarrachtaí chun an éillitheacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus bearta chun forbairt inbhuanaithe agus iltaobhachas éifeachtach a chur chun cinn. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na socruithe fabhracha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach má mhainníonn an Úcráin prionsabail ghinearálta an Chomhaontaithe Comhlachais a urramú, mar a rinneadh i gcomhaontuithe comhlachais eile arna síniú ag an Aontas.

(10)

Ba cheart go n-áireofaí measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart trádála sealadach uathrialaitheach a bhunaítear leis an Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(11)

I bhfianaise a dhearca atá an staid eacnamaíche ina bhfuil an Úcráin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socruithe fabhracha

1.   Chomh maith leis na cuótaí taraife nialais a bhunaítear leis an gComhaontú Comhlachais beidh cead táirgí talamhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a allmhairiú isteach san Aontas ón Úcráin laistigh de theorainneacha chuótaí taraife nialais an Aontais mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin iad. Is mar a leanas a riarfar na cuótaí taraife nialais sin:

(a)

na cuótaí taraife nialais do na táirgí talamhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, riarfaidh an Coimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 49 go hAirteagal 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447;

(b)

na cuótaí taraife nialais sin do na táirgí talmhaíochta sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, riarfaidh an Coimisiún iad de bhun Airteagal 184 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail sin.

2.   Beidh feidhm ag na rátaí fabhracha custaim ar allmhairiú táirgí tionsclaíocha áirithe de thionscnamh na hÚcráine isteach san Aontas, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhair

Maidir le teidlíocht na hÚcráine chuig na cuótaí taraife nialais agus leis na rátaí fabhracha custaim ar allmhairiú a thabharfar isteach le hAirteagal 1, beidh sí faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

an Úcráin do chomhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh táirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhlachais, agus go háirithe i bPrótacal I maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin, agus i bPrótacal II a ghabhann leis maidir le cúnamh frithpháirteach riaracháin i gcúrsaí custaim; beidh feidhm ag na cuótaí taraife nialais agus dleachtanna custaim fabhracha maidir le hallmhairiú arna dtabhairt isteach le hAirteagal 1 den Rialachán seo ar earraí de thionscnamh críoch nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na hÚcráine nó arna seoladh ón gcríoch sin, más rud é gur cuireadh na hearraí sin ar fáil d'údaráis na hÚcráine lena scrúdú, agus más rud é gur fíoraíodh ina leith gur chomhlíon siad na coinníollacha lena dtugtar teidlíocht chun na socruithe fabhracha i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais;

(b)

ón 21 Meán Fómhair 2017, an Úcráin do staonadh ó aon dleachtanna nua nó ó mhuirir a mbeadh a choibhéis d'éifeacht acu agus ó aon srianta cainníochtúla nua nó ó bhearta a mbeadh a choibhéis d'éifeacht acu, le haghaidh allmhairí de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach, nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta riaracháin inmheánacha idirdhealaitheacha;

(c)

an Úcráin do thabhairt urraime do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus urraim do phrionsabal an smachta reachta chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha, marthanacha i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha dá bhforáiltear in Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 22 den Chomhaontú Comhlachais; agus

(d)

an Úcráin do leanúint de chomhlíonadh oibleagáidí chun comhoibriú ar ábhair a bhaineann le fostaíocht, beartas sóisialta agus comhdheiseanna i gcomhréir le Caibidil 13 de Theideal IV (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) agus le Caibidil 21 de Theideal V (Comhar maidir le fostaíocht, beartas sóisialta agus comhdheiseanna) den Chomhaontú Comhlachais, agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 420 de.

Airteagal 3

Fionraí sealadach

1.   Má chinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann gur mhainnigh an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, féadfaidh sé na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

2.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí ar an mbonn gur mainníodh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 2 a chomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil maidir le cibé an bhfuil bunús leis an éileamh go raibh mainneachtain comhlíonta ann laistigh de 4 mhí ó iarratas den sórt sin a fháil. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an éileamh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Clásal cosanta

1.   I gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh na hÚcráine a allmhairiú ar théarmaí is cúis, nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, féadfaidh an Chomhairle dleachtanna na Comhtharaife Custaim a thabhairt isteach athuair i gcás an táirge sin tráth ar bith.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar thionchar an Rialacháin seo maidir leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear i ndáil leis na praghsanna ar mhargadh an Aontais, agus an fhaisnéis maidir le honnmhairithe, le hallmhairithe agus le táirgeacht Aontais na dtáirgí atá faoi réir na mbeart trádála uathrialaitheacha arna mbunú leis an Rialachán seo á cur sna áireamh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh foirmiúil imscrúdú a thionscnamh laistigh d'achar réasúnta ama:

arna iarraidh sin do Bhallstát; nó

arna iarraidh sin d'aon duine dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann tionscal an Aontais, sin le rá táirgeoirí uile an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach nó cion mór de na táirgeoirí sin; nó

ar thionscnamh an Choimisiúin uaidh féin más dealraitheach don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann ar na deacrachtaí móra faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “cion mór” táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomh-aschur agus 50 % de tháirgeadh iomlán an Aontais de tháirgí cosúla nó de tháirgí atá in iomaíocht dhíreach arna dtáirgeadh ag an gcuid sin den tionscal de chuid an Aontais a chuir in iúl go dtacaíonn siad leis an iarraidh nó go gcuireann siad ina haghaidh agus a ionadaíonn do mhéid nach lú ná 25 % de tháirgeadh iomlán na dtáirgí cosúla nó na dtáirgí atá in iomaíocht dhíreach a tháirgeann an tionscal de chuid an Aontais.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar tionscnamh an imscrúdaithe. Beidh san fhógra achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas agus sonrófar ann gur cheart aon fhaisnéis ábhartha a sheoladh chuig an gCoimisiún. Sonróidh sé an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar ceithre mhí ó dháta foilsithe an fhógra.

4.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach, agus féadfaidh sé an fhaisnéis a fhaightear a dheimhniú leis an Úcráin nó le haon fhoinse ábhartha eile. Féadfaidh oifigigh de chuid na mBallstát a bhféadfaí deimhniú a lorg ar a gcríoch a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, má iarrann an Ballstát sin cúnamh den sórt sin ar oifigigh.

5.   Agus scrúdú á dhéanamh aige arbh ann do dheacrachtaí móra faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tosca seo a leanas, inter alia, maidir le táirgeoirí de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil:

sciar den mhargadh,

táirgeadh,

stoic,

cumas táirgeachta,

úsáid an chumais táirgthe,

fostaíocht,

allmhairí,

praghsanna.

6.   Críochnófar an t-imscrúdú faoi cheann 6 mhí tar éis fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, an tréimhse sin a fhadú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

7.   Laistigh de 3 mhí tar éis an t-imscrúdú a chríochnú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh chun dleachtanna na Comhtharaife Custaim a thabhairt isteach athuair nó gan iad a thabhairt isteach trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Tiocfaidh an gníomh cur chun feidhme sin i bhfeidhm faoi cheann mí amháin ó dháta a fhoilsithe. Tabharfar dleachtanna na Comhtharaife Custaim isteach an athuair a fhad a mbeidh gá leo chun meathlú chúinsí eacnamaíocha agus/nó airgeadais tháirgeoirí an Aontais a fhritháireamh, nó a fhad a mbeidh baol ann go mairfidh meathlú den sórt sin. Ní mhairfidh an tréimhse dá dtabhairt isteach athuair níos faide ná bliain amháin, mura rud é go ndéanfar an tréimhse sin a fhadú i gcúinsí a bhfuil údar cuí tugtha leo. I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear deireadh leis an imscrúdú agus leis na himeachtaí i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

8.   I gcás nach bhfuil sé indéanta imscrúdú a dhéanamh de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún, tar éis an méid sin a chur in iúl don Choiste um an gCód Custaim dá dtagraítear in Airteagal 5(1), aon bheart ceartaitheach a is gá a dhéanamh.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha chur chun feidhme phointe (a) d'Airteagal 1(1) agus Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart trádála uathrialacha

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart trádála sealadach uathrialach dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin san Úcráin agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoin mbealach a mbainfear úsáid as cuótaí taraife a bhaineann leis an talmhaíocht ar fáil trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go ceann trí bliana ón 1 Deireadh Fómhair 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Meán Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017.

(2)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(3)  Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara (IO L 278, 20.9.2014, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CUÓTAÍ TAIRFE NIALAIS DO THÁIRGÍ TALAMHAÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTE (a) D'AIRTEAGAL 1(1)

D'ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is leis na cóid AC de réir mar atá siad sin an 1 Deireadh Fómhair 2017, atá raon feidhme na scéime fabhraí le cinneadh.

Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Méid an chuóta bhliantúil

(i dtonnaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt)

09.6750

0409

Mil nádúrtha

2 500

09.6751

ex 1103 19 20  (1)

Piocuaran eorna

7 800

1103 19 90

Piocuaran gránach agus mineanna gránach (seachas cruithneacht, seagal, coirce, arbhar Indiach, rís agus eorna)

1103 20 90

Millíní gránach (seachas cruithneacht, seagal, coirce, arbhar Indiach, rís agus eorna)

1104 19 10

Gránaigh chruithneachta rollta nó chalógacha

1104 19 50

Gránaigh arbhair Indiaigh rollta nó chalógacha

1104 19 61

Gránaigh eorna rollta

1104 19 69

Gránaigh eorna chalógacha

ex 1104 29  (2)

Gránaigh oibrithe (mar shampla, gránaigh scilligthe, phéarlaithe, slisnithe nó gharbhmheilte)

1104 30

Ginidín gránach, iomlán, rollta, calógach nó meilte

09.6752

2002

Trátaí arna n-ullmhú nó leasú seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

3 000

09.6753

2009 61 90

Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor) de luach Brix nach mó ná 30, de luach nach mó ná EUR 18 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan

500

2009 69 11

Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor) de luach Brix nach mó ná 67, de luach nach mó ná EUR 22 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan

2009 69 71

2009 69 79

2009 69 90

Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor) de luach Brix nach mó ná 30, de luach nach mó ná EUR 18 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan

09.6754

1004

Coirce

4 000


(1)  Cód TARIC 1103192010.

(2)  Cóid TARIC 1104290400, 1104290500, 1104290800, 1104291790, 1104293090, 1104295100, 1104295990, 1104298100 agus 1104298990.


IARSCRÍBHINN II

CUÓTAÍ TARAIFE NIALAIS DO NA TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA SONRACHA DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTE (b) D'AIRTEAGAL1(1)

D'ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is leis na cóid AC, de réir mar atá siad an 1 Deireadh Fómhair 2017, atá raon feidhme na scéime fabhraí le cinneadh.

Táirge

Rangú taraife

Méid an chuóta bhliantúil

Gnáthchruithneacht, speilt agus maislín, plúr, piocuaran, min agus millíní

1001 90 99

1101 00 15 , 1101 00 90

1102 90 90

1103 11 90 , 1103 20 60

65 000  tonna/bliain

Arbhar Indiach, seachas síolta, plúr, piocuaran, min, millíní agus gránaigh

1005 90 00

1102 20

1103 13

1103 20 40

1104 23

625 000  tonna/bliain

Eorna, seachas síolta, plúr agus millíní

1003 90 00

1102 90 10

ex 1103 20 25

325 000  tonna/bliain


IARSCRÍBHINN III

DLEACHTANNA CUSTAIM FABHRACHA A CHUIRTEAR I BHFEIDHM AR THÁIRGÍ TIONSCLAÍOCHA SONRACHA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2)

D'ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is leis na cóid AC de réir mar atá siad an 1 Deireadh Fómhair 2017, atá raon feidhme na scéime fabhraí le cinneadh.

CN 2016

Tuairisc

Dleachtanna arna gcur i bhfeidhm

 

CAIBIDIL 31 — LEASACHÁIN

3102 21 00

Sulfáit amóiniam (seachas iad sin atá i bhfoirm millíní nó i bhfoirmeacha cosúla, nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan)

0 %

3102 40 10

Meascáin de níotráit amóiniam agus carbónáit chailciam nó substaintí eile neamhorgánacha neamh-leasaitheacha, nach mó ná 28 % de réir meáchain a gcion nítrigine (seachas iad sin atá i bhfoirm millíní nó i bhfoirmeacha cosúla, nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan)

0 %

3102 50 00

Níotráit sóidiam (seachas iad sin atá i bhfoirm millíní nó i bhfoirmeacha cosúla, nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan)

0 %

3105 20 10

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil nítrigin, fosfar agus potaisiam ar mó ná 10 % de réir meáchain a gcion nítrigine arna ríomh ar bhonn an táirge thirim ainhidriúil (seachas iad sin atá i bhfoirm táibléad nó i bhfoirmeacha cosúla, nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan)

0 %

3105 51 00

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil níotráití agus fosfáití

0 %

 

CAIBIDIL 32 — EASTÓSCÁIN SÚDAIREACHTA NÓ RUAIMEACHÁIN; TAINNÍNÍ AGUS A gCUID DÍORTHACH; RUAIMEANNA, LÍOCHA AGUS ÁBHAIR EILE DATHÚCHÁIN; PÉINTEANNA AGUS VEARNAISÍ; PUITÍ AGUS MAISTEOGA EILE; DÚIGH

3206 11 00

Líocha agus ullmhóidí atá bunaithe ar dhé-ocsaíd tíotáiniam, ina bhfuil 80 % nó níos mó de dhé-ocsaíd tiotáiniam de réir meáchain arna ríomh ar bhonn an ábhair thirim

0 %

 

CAIBIDIL 64 — COISBHEART, LOIRGNEÁIN AGUS A LEITHÉID; CODANNA DE NA hEARRAÍ SIN

6402 91 90

Coisbheart a chlúdaíonn an rúitín agus a bhfuil an bonn seachtrach agus an t-uachtar déanta de rubar nó de phlaistigh

0 %

6402 99 98

Coisbheart ban a bhfuil an bonn seachtrach agus an t-uachtar déanta de rubar nó de phlaistigh agus arb é 24 cm nó níos mó fad an bhoinn istigh

0 %

6403 99 96

Coisbheart fear a bhfuil an bonn seachtrach déanta de rubar, de phlaistigh nó de leathar comhdhéanta agus an t-uachtar déanta de leathar (nach gclúdaíonn an rúitín) agus arb é 24 cm nó níos mó fad an bhoinn istigh

0 %

6403 99 98

Coisbheart ban a bhfuil an bonn seachtrach déanta de rubar, de phlaistigh nó de leathar comhdhéanta agus an t-uachtar déanta de leathar, agus arb é 24 cm nó níos mó fad an bhoinn istigh

0 %

 

CAIBIDIL 74 — COPAR AGUS EARRAÍ COPAIR

7407 21 10

Barraí agus slata, déanta de bhun-chóimhiotail chopair-since (prás)

0 %

7408 11 00

Sreang de chopar mínghlanta, ar mó ná 6 mm a huastoise trasghearrthach

0 %

 

CAIBIDIL 76 — ALÚMANAM AGUS EARRAÍ ALÚMANAIM

7601 10 00

Alúmanam neamhshaoirsithe nach bhfuil cóimhiotalach

0 %

7601 20 20

Cóimhiotail alúmanaim neamhshaoirsithe i bhfoirm leac nó billéad

0 %

7601 20 80

Cóimhiotail alúmanaim neamhshaoirsithe (seachas leaca agus billéid)

0 %

7604 21 00

Próifílí tolla cóimhiotal alúmanaim

0 %

7604 29 90

Próifílí soladacha cóimhiotal alúmanaim

0 %

7616 99 90

Earraí alúmanaim nach bhfuil teilgthe

0 %

 

CAIBIDIL 85 — INNEALRA AGUS TREALAMH LEICTREACH AGUS PÁIRTEANNA DÍOBH; TAIFEADÁIN AGUS ATÁIRGEOIRÍ FUAIME, TAIFEADÁIN ATÁIRGEOIRÍ ÍOMHÁ AGUS FUAIME TEILIFÍSE AGUS PÁIRTEANNA AGUS GABHÁLAIS DÍOBH

8525 80 99

Físcheamaraí seachas físcheamaraí nach dtaifeadann ach an fhuaim agus na híomhánna a thaifeadann an ceamara teilifíse

0 %

8528 71 19

Fístiúnóirí (seachas cóimeálacha leictreonacha a cheaptar lena n-ionchorprú i meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha agus gaireas ag a bhfuil gléas bunaithe ar mhicreaphróiseáilí ina bhfuil móideim lenar féidir an t-idirlíon a rochtain agus a bhfuil mar fheidhm acu malartú idirghníomhach faisnéise a bhfuil sé de chumas aige comharthaí teilifíse a fháil, is é sin “boscaí bairr agus feidhm cumarsáide acu”)

0 %

8528 71 99

Gaireas glactha don teilifís, bíodh nó ná bíodh glacadóirí craolta raidió nó taifead fuaime nó físe nó gaireas atáirgthe cuimsithe ann, nach bhfuil fístaispeáint ná scáileán ceaptha a bheith ina gcuid de (seachas fístiúnóirí, boscaí bairr agus feidhm chumarsáide acu)

0 %

8528 72 40

Gaireas glactha do theilifís, é daite agus scáileán LCD aige

0 %


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 3

Tá tugtha dá aire ag an gCoimisiún más rud é nach mbeifear in ann fionraí socruithe fabhracha a chur chun feidhme sula mbainfear leas iomlán as na cuótaí bliantúla ar ráta nialais le haghaidh táirgí talmhaíochta, go bhféachfaidh an Coimisiún lena mholadh go ndéanfaí na lamháltais sin a laghdú nó a chur ar fionraí sna blianta ina dhiaidh sin.