ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
16 Meitheamh 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 154 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

16.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1001 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d'Airteagal 118 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle (4) a códaíodh in 2009 mar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, bunaíodh córas de chosaint trádmharcanna a bhaineann go sonrach leis an Aontas, ar córas é a rinne foráil do chosaint ar thrádmharcanna ar leibhéal an Aontais, i gcomhthráth leis an gcosaint ar thrádmharcanna a bhí ar fáil ar leibhéal na mBallstát i gcomhréir leis na córais trádmharcanna náisiúnta, a comhchuibhíodh le Treoir 89/104/CEE ón gComhairle (5), ar Treoir í a códaíodh mar Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(3)

Is inmhianaithe forbairt chomhchuí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus forleathnú leanúnach cothrom a chur chun cinn ar fud an Aontais trí mhargadh inmheánach a chur i gcrích a fheidhmíonn i gceart agus a chuireann dálaí ar fáil atá cosúil leo sin a fhaightear i margadh náisiúnta. Chun margadh den chineál sin a bhunú agus chun gur mó de mhargadh aonair a bheidh ann, ní hamháin gur cheart bacainní roimh shaorghluaiseachtaí earraí agus seirbhísí a bhaint agus socruithe a chur ar bun lena ndéanfar a áirithiú nach ndéantar saobhadh ar an iomaíocht, ach, chomh maith leis sin, ba cheart dálaí dlí a leagan síos a chuirfidh ar chumas na ngnóthas a gcuid gníomhaíochtaí a chur in oiriúint do scála an Aontais, bíodh sin i dtaca le hearraí a mhonarú agus a dháileadh nó i dtaca le seirbhísí a sholáthar. Chun na críocha sin, ba cheart trádmharcanna, lenar féidir táirgí agus earraí na ngnóthas a idirdhealú ar an mbonn ceannann céanna ar fud an Aontais, beag beann ar theorainneacha, a bheith i measc na n-ionstraimí dlí atá ar fáil do ghnóthais.

(4)

Chun críche cuspóirí sin de chuid an Aontais a bhaint amach, is dealraitheach go bhfuil gá le foráil a dhéanamh i socruithe an Aontais maidir le trádmharcanna faoina mbeidh gnóthais in ann, trí bhíthin aon chórais nós imeachta amháin, trádmharcanna de chuid AE a fháil, trádmharcanna faoina dtugtar cosaint aonfhoirmeach agus a bhfuil éifeachtaí acu ar feadh limistéar iomlán an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal cháilíocht aonadach an trádmhairc de chuid AE mar atá sonraithe ar an mbealach sin ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(5)

Ní féidir bacainn críochachais na gceart arna mbronnadh ar dhílseánaigh trádmharcanna faoi dhlíthe na mBallstát a bhaint trí chomhfhogasú dlíthe. Chun gníomhaíocht neamhshrianta eacnamaíoch a oscailt sa mhargadh inmheánach iomlán chun leasa gnóthas, ba cheart a bheith in ann trádmharcanna atá faoi rialú ag dlí aonfhoirmeach Aontas atá infheidhme go díreach i ngach Ballstát a chlárú.

(6)

Léirigh an taithí a fuarthas ó bunaíodh córas na dtrádmharcanna Comhphobail gur ghlac gnóthais ón Aontas agus ó thríú tíortha leis an gcóras, ar córas é atá ina chomhlánú agus ina mhalairt rathúil agus inmharthana ar an gcosaint a thugtar do thrádmharcanna ar leibhéal na mBallstát.

(7)

Mar sin féin, ní théann dlí an Aontas a bhaineann le trádmharcanna in ionad dhlíthe na mBallstát maidir le trádmharcanna. Go deimhin, is dealraitheach nach mbeadh bonn cirt le ceangal a chur ar ghnóthais iarratas a dhéanamh na trádmharcanna atá acu a chlárú mar thrádmharcanna de chuid AE.

(8)

Tá trádmharcanna náisiúnta fós riachtanach do na gnóthais sin nach mian leo a gcuid trádmharcanna a chosaint ar leibhéal an Aontais nó do na gnóthais sin nach féidir leo cosaint ar fud an Aontais a fháil cé nach bhfuil aon bhacainní ag baint le cosaint náisiúnta. Ba cheart é a fhágáil faoi gach duine a bhfuil cosaint trádmhairc á lorg aige nó aici cinneadh a dhéanamh cé acu an cosaint mar thrádmharc náisiúnta amháin i mBallstát amháin nó níos mó, nó mar thrádmharc de chuid AE amháin, nó iad araon, atá á lorg aige nó aici.

(9)

Níor cheart na cearta i dtrádmharc de chuid AE a fháil ar bhealach eile seachas ó chlárú, agus ba cheart clárú a dhiúltú go háirithe mura bhfuil an trádmharc sainiúil, má tá sé neamhdhleathach nó má tá sé i gcoinbhleacht le cearta a bronnadh níos luaithe.

(10)

Ba cheart a cheadú comhartha a léiriú in aon fhoirm iomchuí agus teicneolaíocht atá ar fáil go forleathan á húsáid, agus nár ghá dá bhrí sin go gcaithfí é a dhéanamh trí mhodh grafach, a fhad agus atá an léiriú soiléir, cruinn, neamhspleách, so-inrochtana, intuigthe, buan agus oibiachtúil.

(11)

An chosaint a thugann trádmharc de chuid AE, a bhfuil sé mar fheidhm leis, go háirithe, an trádmharc a ráthú mar thásc tionscnaimh, ba cheart an chosaint sin a bheith ina lánchosaint i gcás céannacht idir an marc agus an comhartha agus na hearraí nó seirbhísí. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint freisin i gcásanna ina bhfuil cosúlacht idir an marc agus an comhartha agus na hearraí nó seirbhísí. Ba cheart léiriú a thabhairt ar choincheap na cosúlachta i dtaca leis an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann. Ba cheart an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann, dóchúlacht atá ag brath ar go leor eilimintí chun é a mheas agus, go háirithe, ar a inaitheanta agus atá an trádmharc sa mhargadh, an ceangal is féidir a dhéanamh leis an gcomhartha atá in úsáid nó cláraithe, méid na cosúlachta a aithnítear idir an trádmharc agus an comhartha agus idir na hearraí nó seirbhísí, ba cheart don dóchúlacht sin a bheith ina coinníoll shonrach do chosaint den sórt sin.

(12)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le prionsabal na tosaíochta a áirithiú, ar prionsabal é ina dtugtar tosaíocht do thrádmharc níos luaithe cláraithe ar thrádmharcanna a cláraíodh níos déanaí, is gá foráil a dhéanamh go mbeadh forghníomhú na gceart a thugann trádmharc de chuid AE gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh sular comhdaíodh an trádmharc de chuid AE nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE. Is i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Chomhaontú maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil an 15 Aibreán 1994 é seo.

(13)

D'fhéadfadh sé go mbeadh mearbhall ann maidir leis an bhfoinse tráchtála as a n-eascraíonn na hearraí nó na seirbhísí nuair a bhaineann cuideachta úsáid as an gcomhartha céanna nó comhartha comhchosúil mar thrádainm ar dhóigh den sórt sin a mbunaítear nasc idir an chuideachta lena ngabhann an t-ainm agus na hearraí nó seirbhísí a thagann ón gcuideachta sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuimseofaí i sárú ar thrádmharc de chuid AE freisin úsáid an chomhartha mar thrádainm nó mar ainmniúchán comhchosúil, a mhéid a bhaintear úsáid as an gcomhartha chun earraí nó seirbhísí a idirdhealú.

(14)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc de chuid AE cosc a chur ar thríú páirtí comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach i gcás go mbeadh fógraíocht chomparáideach den sórt sin contrártha le Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(15)

D'fhonn cosaint trádmharcanna a áirithiú agus gó chumadh a chomhrac ar bhealach éifeachtach agus ar bhealach atá i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi chreat na hEagraíochta Trádála Domhanda (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) a bhaineann le saoirse idirthurais agus, i ndáil le cógais chineálacha, faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus sláinte phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí EDT in Doha an 14 Samhain 2001, ba cheart go mbeadh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe earraí a thabhairt isteach san Aontas, i gcúrsa trádála, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás ina dtagann earraí den sórt sin ó thríú tíortha agus ina mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin.

(16)

Chuige sin, ba cheart go mbeadh sé incheadaithe do dhílseánaigh trádmharcanna de chuid AE cosc a chur ar theacht isteach earraí sáraitheacha agus cosc a chur ar earraí sáraitheacha a chur i ngach cás custaim, lena n-áirítear idirthuras, athlastáil, trádstóráil, saorchriosanna, stóráil shealadach, próiseáil isteach nó cead isteach sealadach, agus nuair nach bhfuil sé beartaithe earraí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais. Agus rialuithe custaim á ndéanamh, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), arna iarraidh sin do shealbhóirí an chirt freisin. Ba cheart do na húdaráis chustaim, go háirithe, na rialuithe iomchuí a chur i gcrích ar bhonn critéir anailíse riosca.

(17)

Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart trádmharcanna a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála in earraí dlisteanacha a réiteach, ba cheart go rachadh teidlíocht dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE as feidhm i gcás, le linn imeachtaí ina dhiaidh sin arna dtionscnamh os comhair na cúirte um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“cúirt um thrádmharcanna de chuid AE”) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh maidir lenar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, ina bhfuil dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí in ann a chruthú nach bhfuil dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar earraí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

(18)

Le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, foráiltear go bhfuil sealbhóir cirt le bheith faoi dhliteanas as damáistí i leith shealbhóir na n-earraí i gcás ina bhfaighfear ina dhiaidh sin, inter alia, nach sáraíonn na hearraí i gceist ceart maoine intleachtúla.

(19)

Ba cheart bearta iomchuí a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go dtarlóidh idirthuras rianúil cógas cineálach. Maidir le hainmneacha neamhdhílseánacha idirnáisiúnta (ANI) ina gcáil mar ainmneacha cineálacha arna n-aithint ar fud an domhain le haghaidh substaintí gníomhacha in ullmhóidí cógaisíochta, tá sé ríthábhachtach aird chuí a thabhairt ar na srianta atá ann cheana ar an tionchar ar chearta trádmhairc de chuid AE. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc de chuid AE cosc a chur ar thríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, bunaithe ar chosúlachtaí idir ANI don chomhábhar gníomhach sna cógais agus an trádmharc.

(20)

D'fhonn dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE a chumasú chun an góchumadh a chomhrac ar bhealach éifeachtach, ba cheart go mbeidís i dteideal greamú mairc sháraithigh d'earraí agus gníomhartha ullmhúcháin arna ndéanamh roimh an ngreamú a thoirmeasc.

(21)

Níor cheart, leis na cearta eisiacha a thugtar le trádmharc de chuid AE, go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe úsáid a bhaint as comharthaí ná sonrúcháin a úsáidtear go macánta agus mar sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le trádainmneacha agus trádmharcanna de chuid AE i gcás coinbhleachtaí, toisc go ndeonaítear cosaint neamhshrianta go rialta do thrádainmneacha i gcoinne trádmharcanna níos déanaí, ba cheart a mheas nach n-áirítear le húsáid den sórt sin ach amháin úsáid ainm pearsanta an tríú páirtí. De bhreis air sin, ba cheart go gceadófaí leis úsáid a bhaint as comharthaí tuairisciúla nó neamhshainiúla nó úsáid a bhaint as sonrúcháin thuairisciúla nó neamhshainiúla i gcoitinne. Thairis sin, níor cheart go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar úsáid chothrom agus mhacánta an trádmhairc de chuid AE chun críche na hearraí nó na seirbhísí a shainaithint, nó tagairt a dhéanamh dóibh, mar earraí nó seirbhísí an dílseánaigh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as trádmharc chun aird an tomhaltóra a tharraingt ar athdhíol fíorearraí a rinne dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE a dhíol nó a díoladh le toiliú an dílseánaigh sin san Aontas, ba cheart a mheas gur cóir í an úsáid sin fad is atá sí ag an am céanna i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as trádmharc chun críche léiriú ealaíne, ba cheart a mheas gur cóir í an úsáid sin fad is atá sí ag an am céanna i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus go háirithe don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

(22)

Leanann sé ó phrionsabal na saorghluaiseachta earraí go bhfuil sé fíór-riachtanach nach mbeidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal toirmeasc a chur ar a úsáid ag tríú páirtí i ndáil le hearraí atá curtha i gcúrsaíocht sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, faoin trádmharc, úsáid dá chuid féin nó le toiliú uaidh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann go gcuirfeadh an dílseánach i gcoinne tuilleadh tráchtálaithe ar na hearraí.

(23)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cearta trádmhairc a gnóthaíodh go dlisteanach a chosaint, is iomchuí agus is gá go leagfaí síos, gan dochar don phrionsabal nach féidir an trádmharc níos déanaí a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos luaithe, nár cheart go mbeadh dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid trádmhairc níos déanaí más rud é gur gnóthaíodh an trádmharc níos déanaí tráth nárbh fhéidir an trádmharc níos luaithe a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos déanaí.

(24)

Níl aon bhonn cirt le trádmharcanna de chuid AE a chosaint nó, lena n-ais, aon trádmharc a chosaint a cláraíodh rompu, ach amháin i gcásanna ina n-úsáidtear na trádmharcanna i ndáiríre.

(25)

Ar chúiseanna cothromais agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart gur leor é trádmharc de chuid AE a úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc sin san fhoirm inar cláraíodh é chun na cearta a thugtar a chaomhnú is cuma cé acu an bhfuil an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear é cláraithe nó nach bhfuil.

(26)

Ba cheart trádmharc de chuid AE a mheas mar réad maoine atá ann ar leithligh ó na gnóthais a bhfuil a chuid earraí nó seirbhísí ainmnithe aige. Dá réir sin, ba cheart a bheith in ann é a aistriú, chun é a chur i bhfabhar tríú páirtí mar urrús freisin agus é a bheith ina ábhar do cheadúnais.

(27)

Tá bearta riaracháin riachtanach ar leibhéal an Aontas chun an dlí maidir le trádmharcanna arna leagtha síos ag an Rialachán seo a chur chun feidhme i leith gach trádmhairc. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, agus an struchtúr institiúideach agus cothromaíocht cumhachtaí atá ag an Aontas faoi láthair a choinneáil, foráil a dhéanamh maidir le hOifig an Aontais Eorpaigh um Mhaoin Intleachtúilatá (“an Oifig”) neamhspleách ó thaobh ábhair theicniúla de agus a bhfuil uathriail dhlíthiúil, riaracháin agus airgeadais aici. Chuige sin is gá agus is iomchuí an Oifig a bheith ina comhlacht de chuid an Aontas a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aici agus a fheidhmíonn na cumhachtaí a mbronntar uirthi faoin Rialachán seo, agus go mbeadh sí ag feidhmiú laistigh de chreat dlí an Aontas gan baint de na hinniúlachtaí arna bhfeidhmiú ag institiúidí an Aontas.

(28)

Deonaítear cosaint trádmhairc de chuid AE, i ndáil le hearraí nó seirbhísí sonracha a socraíonn a gcineál agus a líon méid na cosanta a thugtar do dhílseánach an trádmhairc. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, rialacha maidir le hainmniúchán agus le haicmiúchán na n-earraí agus na seirbhísí a leagan síos sa Rialachán seo agus deimhneacht dhlíthiúil agus dea-rialachas a áirithiú trína cheangal go sainaithneodh an t-iarratasóir na hearraí agus na seirbhísí a n-iarrtar cosaint trádmhairc ina leith le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíochta in ann, ar bhonn an iarratais amháin, méid na cosanta arna iarraidh a chinneadh. Ba cheart úsáid téarmaí ginearálta a léirmhíniú sa chaoi is nach n-áireofaí ach gach earra agus seirbhís a chuimsítear go soiléir le brí liteartha an téarma. Ba cheart go dtabharfaí an deis do dhílseánaigh thrádmharcanna de chuid AE, ar trádmharcanna iad a chláraítear i leith ceannteideal iomlán aicme de chuid córas aicmiúcháin a bunaíodh le Comhaontú Nice a Bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh mar gheall ar cleachtas na hOifige roimh 22 Meitheamh 2012, a gcuid liostaí d'earraí agus seirbhísí a oiriúnú d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann inneachar an Chláir caighdeán riachtanach na soiléireachta agus an bheachtais i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(29)

Chun moilleanna neamhriachtanacha i gclárú trádmhairc de chuid AE a sheachaint, is iomchuí córas de chuardaigh trádmharcanna de chuid AE agus de chuardaigh trádmharcanna náisiúnta roghnach a leagan síos agus ba cheart é a bheith níos solúbtha i dtéarmaí riachtanais agus fhabhair an úsáideora. Ba cheart na cuardaigh roghnacha trádmharcanna de chuid AE agus na cuardaigh roghnacha trádmharcanna náisiúnta a chomhlánú trí innill chuardaigh ghasta agus chumhachtacha atá uilechuimsitheach a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcomhthéacs an chomhair idir an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil.

(30)

Is gá a áirithiú go bhfuil cosaint ag na páirtithe a ndéanann na cinntí arna ndéanamh ag an Oifig difear dóibh faoin dlí ar bhealach a oireann do nádúr speisialta an dlí maidir le trádmharcanna. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hachomharc a dhéanamh ó chinntí chomhlachtaí cinnteoireachta éagsúla na hOifige. Ba cheart go bhféadfaidh Bord Achomhairc na hOifige cinneadh a dhéanamh i leith achomhairc. Ba cheart go mbeadh cinntí na mBord Achomhairc, ina dhiaidh sin, faoi réir ag caingne os comhair na Cúirte Ginearálta, cúirt a bhfuil dlínse aici an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh a chur ar neamhní nó a athrú.

(31)

Chun cosaint ar thrádmharc de chuid AE a áirithiú ba cheart do na Ballstáit an líon is teoranta is féidir de chúirteanna céadchéime agus dara céime a ainmniú, ag féachaint dá gcóras náisiúnta féin, a bhfuil dlínse acu in ábhair a bhaineann le sárú agus bailíocht trádmharcanna de chuid AE.

(32)

Tá sé fíór-riachtanach éifeacht agus cumhdach a bheith ag cinntí a bhaineann le bailíocht trádmharcanna de chuid AE, agus le sáruithe orthu, ar limistéar iomlán an Aontas, toisc gurb é sin an t-aon bhealach gur féidir cosc a chur ar chinntí ó na cúirteanna agus ón Oifig a bheith ag teacht salach ar a chéile agus chun a áirithiú nach mbainfear an bonn de cháilíocht aonadach trádmharcanna de chuid AE. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) i leith gach caingne dlí a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE, ach amháin áit a mhaolaíonn an Rialachán seo ó na rialacha sin.

(33)

Ba cheart breithiúnais a thagann salach ar a chéile a sheachaint i gcaingne, atá bunaithe ar na fíricí céanna agus a bhfuil baint ag na páirtithe céanna iontu, arna dtionscnamh bunaithe ar thrádmharc de chuid AE agus trádmharcanna náisiúnta comhthreomhara. Chuige sin, nuair a dhéantar na caingne a thionscnamh san aon Bhallstát amháin, is faoi na rialacha nós imeachta náisiúnta atá sé an dóigh a bhainfear sin amach, rialacha nach ndéanfaidh an Rialachán seo dochar dóibh, agus nuair a dhéantar na caingne a thionscnamh i mBallstáit éagsúla, is cosúil gur iomchuí forálacha atá múnlaithe ar na rialacha maidir le lis pendens agus ar chaingne gaolmhara Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(34)

Ar mhaithe le coinbhéirseacht cleachtas a chur chun cinn agus comhuirlisí a fhorbairt, tá sé riachtanach creat iomchuí a bhunú le haghaidh comhar idir an Oifig agus oifigí maoine tionscail na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, lena sainítear príomhréimsí an chomhair agus lena chur ar chumas na hOifige tionscadail chomhchoiteanna ábhartha a bhfuil leas ag an Aontas agus ag na Ballstáit iontu a chomhordú agus na tionscadail sin a mhaoiniú, suas go huasmhéid. Ba cheart go rachadh na gníomhartha comhair sin chun tairbhe do ghnóthais a bhaineann úsáid as córais trádmharcanna san Eoraip. Maidir le húsáideoirí chóras an Aontais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí ar fáil leis na tionscadail, go háirithe na bunachair sonraí le haghaidh cuardaigh agus comhairliúcháin, uirlisí breise, cuimsitheacha agus éifeachtúla atá saor in aisce chun na ceanglais shonracha a thagann as cáilíocht aonadach an trádmhairc de chuid AE a chomhlíonadh.

(35)

Is inmhianaithe réiteach díospóidí atá cairdiúil, gasta agus éifeachtúil a éascú trí chúram a chur ar an Oifig lárionad idirghabhála a bhunú a bhféadfadh duine ar bith a cuid seirbhísí a úsáid d'fhonn teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE agus le dearaí de chuid an Chomhphobail.

(36)

Mar thoradh ar chóras trádmharcanna AE a bhunú, tá ualaí méadaithe airgeadais ar oifigí lárnacha maoine tionscail agus ar údaráis eile na mBallstát. Baineann na costais bhreise le líon níos airde imeachtaí freasúra agus neamhbhailíochta a láimhseáil, ar imeachtaí iad a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE nó a thionscain dílseánaigh trádmharcanna den sórt sin; le gníomhaíochtaí múscailte feasachta atá nasctha le córas trádmharcanna AE; mar aon le gníomhaíochtaí atá beartaithe chun forghníomhú ceart trádmharcanna de chuid AE a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, a áirithiú gurb í an Oifig a fhritháireoidh cuid de na costais a thabhaíonn na Ballstáit as an ról a ghabhann siad orthu féin chun feidhmiú rianúil chóras trádmharcanna AE a áirithiú. Ba cheart go mbeadh íocaíocht fritháirimh den sórt sin faoi réir sonraí staidrimh ábhartha a thíolacfaidh na Ballstáit. Maidir le méid fritháirimh costas den sórt sin, níor cheart go mbeadh easnamh buiséadach ag an Oifig mar thoradh air.

(37)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán na hOifige a áirithiú, meastar gur gá buiséad uathrialach a thabhairt dó a dtagann a ioncam den chuid is mó ó tháillí a íocann úsáideoirí an chórais. Mar sin féin, leanfaidh nós imeachta buiséid an Aontas d'fheidhm a bheith aige a mhéad a bhaineann sé le haon fhóirdheontas is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Thairis sin, is í an Chúirt Iniúchóirí ar cheart di bheith freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais.

(38)

Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart carnadh barrachas mór buiséadach ag an Oifig a sheachaint. Ba cheart go mbeadh sin gan dochar don Oifig cúlchiste airgeadais a chuimsíonn bliain amháin dá caiteachas oibríochtúil a chothabháil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí agus comhlíonadh a cuid cúraimí a áirithiú. Níor cheart an cúlchiste sin a úsáid ach amháin chun a áirithiú go leanfar leis na cúraimí atá ar an Oifig mar a shonraítear sa Rialachán seo iad.

(39)

I bhfianaise fhíorthábhachtacht mhéideanna na dtáillí is iníoctha leis an Oifig ar mhaithe le dea-fheidhmiú chóras trádmharcanna AE agus i bhfianaise an ghaoil chomhlántaigh atá aige i dtaca le córais trádmharcanna náisiúnta, is gá méideanna na dtáillí sin a leagan síos go díreach sa Rialachán seo i bhfoirm iarscríbhinne. Ba cheart méideanna na dtáillí a shocrú ar leibhéal lena n-áirithítear: sa chéad áit, go bhfuil an t-ioncam a ghnóthaíonn siad leordhóthanach i bprionsabal chun go gcomhardófar buiséad na hOifige; sa dara háit, go bhfuil cómhaireachtáil agus comhlántacht idir córas trádmharcanna AE agus na córais trádmharcanna náisiúnta, agus méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an trádmharc de chuid AE agus riachtanais fiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh freisin; agus sa tríú háit, go ndéantar cearta dílseánach trádmhairc de chuid AE a fhorghníomhú go héifeachtúil sna Ballstáit.

(40)

D'fhonn scrúdú agus clárú éifeachtach, éifeachtúil agus gasta a áirithiú ar iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE ag an Oifig trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta atá trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú maidir leis na nósanna imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú agus maidir leis na nósanna imeachta lena rialaítear leasú an iarratais.

(41)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfar trádmharc de chuid AE a chúlghairm nó a dhearbhú neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí bhíthin nósanna imeachta trédhearcacha, cuimsitheacha, cothroma agus cothromasacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nósanna imeachta maidir le cúlghairm agus dearbhú neamhbhailíochta a shonrú.

(42)

Chun foráil a dhéanamh d'athbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán ag na Boird Achomhairc ar chinntí na hOifige trí nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach lena gcuirtear san áireamh na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hinneachar foirmiúil an fhógra achomhairc, leis an nós imeachta chun achomharc a chomhdú agus a scrúdú, le hinneachar foirmiúil agus foirm chinntí an Bhoird Achomhairc agus leis na táillí achomhairc a chúiteamh a shonrú.

(43)

Chun feidhmiú rianúil, éifeachtach agus éifeachtúil chóras trádmharcanna AE a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na ceanglais a shonrú maidir leis na mionsonraí ar imeachtaí ó bhéal agus na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a thógáil, leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le fógra a thabhairt, leis na modhanna cumarsáide agus na foirmeacha le húsáid ag na páirtithe sna himeachtaí, leis na rialacha lena rialaítear ríomh agus fad na dteorainneacha ama, leis na nósanna imeachta chun cinneadh a chúlghairm nó chun iontráil sa Chlár a chealú, leis na socruithe mionsonraithe chun imeachtaí a atosú, agus leis na mionsonraí i ndáil le hionadaíocht os comhair na hOifige.

(44)

D'fhonn eagrúchán éifeachtach agus éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí maidir le heagrúchán na mBord Achomhairc a shonrú.

(45)

D'fhonn clárú éifeachtach agus éifeachtúil na dtrádmharcanna idirnáisiúnta ar bhealach atá go hiomlán i gcomhréir le rialacha an Phrótacail a bhaineann le Comhaontú Mhaidrid maidir le clárú idirnáisiúnta marcanna a áirithiú, a glacadh i Maidrid an 27 Meitheamh 1989 (“Prótacal Mhaidrid”), ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta a shonrú i dtaobh cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear na cumarsáidí riachtanacha le déanamh leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), agus na mionsonraí maidir leis an nós imeachta i dtaobh cláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta.

(46)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú a bhaineann leis na hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus i ndáil leis na huasrátaí i leith na gcostas riachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a tabhaíodh go hiarbhír, mionsonraí a bhaineann le foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh agus in Iris Oifigiúil na hOifige, na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, socruithe mionsonraithe maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, cineálacha beachta na gcinntí a bheidh le déanamh ag ball aonair de na rannáin freasúra nó chealúcháin, mionsonraí na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt de bhun Phrótacal Mhaidrid, agus ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh clárú idirnáisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Trádmharc de chuid AE

1.   Gairfear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (‘trádmharc de chuid AE’)” anseo feasta ar thrádmharc d'earraí nó do sheirbhísí atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha atá sa Rialachán seo agus ar an modh a leagtar amach anseo.

2.   Beidh cáilíocht aonadach ag trádmharc de chuid AE. Beidh an éifeacht chéanna aige ar fud an Aontas: ní dhéanfar é a chlárú, a aistriú ná a ghéilleadh, ná ní bheidh sé faoi réir cinneadh lena ndéantar cearta an dhílseánaigh a aisghairm nó lena ndearbhaítear go bhfuil sé neamhbhailí, ná ní chuirfear toirmeasc ar a úsáid, ach amháin i leith an Aontas ar fad. Beidh feidhm ag an bprionsabal sin mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 2

Oifig

1.   Bunaítear Oifig Maoine Intleachtúla de chuid an Aontais Eorpaigh (“an Oifig”).

2.   Léifear gach tagairt i ndlí an Aontais don Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) mar thagairtí don Oifig.

Airteagal 3

Cáil chun gníomhú

Chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, measfar cuideachtaí nó gnóthais agus comhlachtaí daoine dlítheanacha eile a bheith ina ndaoine dlítheanacha más rud é gur féidir leo, faoina n-ainm féin, cearta agus oibleagáidí de gach cineál a bheith acu, conarthaí a dhéanamh nó gníomhartha dlíthiúla eile a chur i gcrích, agus bheith ina bpáirtithe in imeachtaí dlí.

CAIBIDIL II

AN DLÍ A BHAINEANN LE TRÁDMHARCANNA

ROINN 1

Trádmharc de chuid AE a shainmhíniú agus trádmharc de chuid AE a fháil

Airteagal 4

Comharthaí a fhéadfar a bheith i dtrádmharc de chuid AE

Is éard a fhéadfaidh a bheith i dtrádmharc de chuid AE comharthaí ar bith, go háirithe focail, lena n-áirítear ainmneacha pearsanta, nó dearaí, litreacha, uimhreacha, dathanna, cruth earraí nó pacáistíochta earraí, nó fuaimeanna, ar choinníoll gur féidir le comharthaí den sórt sin:

(a)

earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais amháin a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí de chuid gnóthas eile; agus

(b)

a bheith léirithe ar Chlár trádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“an Clár”), ar dhóigh a thugann cumas do na húdaráis inniúla agus don phobal ábhar cruinn agus soiléir na cosanta a thugtar dá dhílseánach a chinneadh.

Airteagal 5

Daoine ar féidir leo a bheith ina ndílseánaigh ar thrádmharc de chuid AE

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis arna mbunú faoin dlí poiblí, féadfaidh sé a bheith ina dhílseánach ar thrádmharc de chuid AE.

Airteagal 6

Na modhanna faoina bhfaightear trádmharc de chuid AE

Is trí chlárú a gheofar trádmharc de chuid AE.

Airteagal 7

Dearbhfhorais le diúltú

1.   Ní chlárófar na nithe seo a leanas:

(a)

comharthaí nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 4;

(b)

trádmharcanna nach bhfuil aon saintréith ag roinnt leo;

(c)

trádmharcanna nach bhfuil iontu ach comharthaí nó sonrúcháin a fhéadfaidh feidhmiú, sa trádáil, chun cineál, cáilíocht, cainníocht, cuspóir beartaithe, luach, tionscnamh geografach nó am táirgeachta na n-earraí nó sholáthar na seirbhíse, nó tréithe eile na n-earraí nó seirbhísí, a ainmniú;

(d)

trádmharcanna nach bhfuil iontu ach comharthaí nó sonrúcháin atá tar éis éirí ina ngnáthchleachtas sa teanga reatha nó i gcleachtais bona fide agus sheanbhunaithe na trádála;

(e)

comharthaí nach bhfuil iontu ach an méid seo a leanas amháin:

(i)

an cruth, nó saintréith eile, a thagann ó nádúr na n-earraí iad féin;

(ii)

cruth na n-earraí, nó saintréith eile na n-earraí, atá riachtanach chun toradh teicniúil a fháil;

(iii)

an cruth, nó saintréith eile, a thugann luach substaintiúil do na hearraí;

(f)

trádmharcanna atá ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan;

(g)

trádmharcanna de chineál a chuirfeadh dallamullóg ar an bpobal, mar shampla maidir le cineál, cáilíocht nó tionscnamh geografach na n-earraí nó na seirbhísí;

(h)

trádmharcanna nach bhfuil údaraithe ag na húdaráis inniúla agus atá le diúltú de bhun Airteagal 6ter de Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint (“Coinbhinsiún Pháras”);

(i)

trádmharcanna a chuimsíonn suaitheantais, feathail nó scéithíní seachas iad sin a chumhdaítear faoi Airteagal 6ter de Coinbhinsiún Pháras agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal iontu, ach amháin más rud é gur thoiligh an t-údarás inniúil lena gclárú;

(j)

trádmharcanna a eisiatar ó chlárú, de bhun reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena bhforáiltear do chosaint ainmniúchán tionscnaimh agus tásc geografach;

(k)

trádmharcanna a eisiatar ó chlárú de bhun reachtaíocht an Aontais nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas, lena bhforáiltear do chosaint téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona;

(l)

trádmharcanna a eisiatar ó chlárú de bhun reachtaíocht an Aontais nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas, lena bhforáiltear do chosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;

(m)

trádmharcanna ina bhfuil, nó a atáirgteann ina ngnéithe bunriachtanacha, ainmníocht chineáil phlanda a bhí ann cheana agus a cláraíodh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta, nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena bhforáiltear do chosaint ceart maidir le cineálacha plandaí, agus a bhaineann le cineálacha plandaí den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 fiú mura bhfuil na forais don neamhchlárú ann ach i gcuid den Aontas.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1(b), (c) agus (d) má éiríonn an trádmharc ina trádmharc sainiúil i dtaca leis na hearraí nó seirbhísí lena bhfuiltear ag iarraidh é a chlárú mar thoradh ar an úsáid a baineadh as.

Airteagal 8

Forais choibhneasta le diúltú

1.   Má chuireann dílseánach trádmhairc níos luaithe ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith:

(a)

má tá sé comhionann leis an trádmharc níos luaithe agus má tá na hearraí nó seirbhísí lena ndéantar iarratas ar chlárú ina leith comhionann leis na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an trádmharc níos luaithe cosanta;

(b)

más rud é, i ngeall ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis an trádmharc níos luaithe agus ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis na hearraí nó seirbhísí atá cumhdaithe ag na trádmharcanna, gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal sa chríoch ina bhfuil an trádmharc níos luaithe cosanta; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill an dóchúlacht go ndéanfar comhcheangal leis an trádmharc níos luaithe.

2.   Chun críocha mhír 1, ciallaíonn “trádmharc níos luaithe”:

(a)

trádmharcanna de na cineálacha seo a leanas a bhfuil dáta iarratais ar chlárú acu atá níos luaithe ná an dáta iarratais ar chlárú atá ag an trádmharc de chuid AE, ag cur san áireamh, nuair is iomchuí, na tosaíochtaí atá á n-éileamh i dtaca leis na trádmharcanna sin:

(i)

trádmharc de chuid AE;

(ii)

trádmharcanna arna gclárú i mBallstát, nó, i gcás na Beilge, na hÍsiltíre nó Lucsamburg, arna gclárú in Oifig Maoine Intleachtúla Benelux;

(iii)

trádmharcanna arna gclárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát;

(iv)

trádmharcanna arna gclárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu san Aontas;

(b)

iarratais ar na trádmharcanna dá dtagraítear i bpointe (a), faoi réir a gcláraithe;

(c)

trádmharcanna atá, ar dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid AE, nó, nuair is iomchuí, na tosaíochta atá á héileamh i leith an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid AE, seanaitheanta i mBallstát, sa chiall ina n-úsáidtear an focal “seanaitheanta” in Airteagal 6bis de Choinbhinsiún Pháras.

3.   Má chuireann dílseánach an trádmhairc ina choinne, ní chlárófar trádmharc i gcás ina ndéanann gníomhaire nó ionadaí dhílseánach an trádmhairc iarratas ar chlárú air faoina ainm féin gan toiliú ón ndílseánach, ach amháin má léiríonn an gníomhaire nó ionadaí bonn cirt lena bheart.

4.   Má chuireann dílseánach trádmharc neamhchláraithe nó comhartha eile a úsáidtear mar chuid de thrádáil de thábhacht níos mó ná tábhacht áitiúil amháin, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas air más rud é, de bhun reachtaíocht Aontais nó de bhun dhlíthe an Bhallstáit lena rialáiltear an comhartha sin, agus sa mhéid sin:

(a)

go bhfuarthas cearta an comhartha roimh dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid AE, nó roimh dháta na tosaíochta atá á héileamh don iarratas ar chlarú an trádmhairc de chuid AE;

(b)

go dtugann an comhartha sin an ceart dá dhílseánach chun cosc a chur ar úsáid trádmhairc ina dhiaidh sin.

5.   Má chuireann dílseánach trádmhairc níos luaithe chláraithe de réir bhrí mhír 2 ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás ina bhfuil sé comhionann le nó cosúil le trádmharc níos luaithe, is cuma cé acu an bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a ndearnadh iarratas ina leith comhionann leis, cosúil leis nó neamhchosúil leis na hearraí nó na seirbhísí ar chucu a chláraítear an trádmharc níos luaithe, más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc san Aontas, i gcás trádmhairc níos luaithe de chuid AE, nó más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás trádmharc níos luaithe náisiúnta, agus más rud é go mbainfeadh úsáid an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith, gan chúis chuí, buntáiste éagórach as saintréith nó cáil an trádmhairc níos luaithe, nó go ndéanfadh sé dochar dóibh.

6.   Má chuireann duine ar bith a údaraítear faoin dlí ábhartha chun na cearta a thagann as ainmniúchán tionscnaimh nó as tásc geografach a fheidhmiú ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin, de bhun reachtaíocht an Aontais nó an dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chosaint na n-ainmniúchán tionscnaimh nó na dtásc geografach:

(i)

cuireadh iarratas ar ainmniúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach isteach cheana, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó dlí náisiúnta roimh an dáta iarratais do chlárú an trádmhairc sin de chuid AE nó roimh dháta na tosaíochta a éilíodh don iarratas, faoi réir a chláraithe ina dhiaidh sin;

(ii)

leis an ainmniúchán tionscnaimh sin nó leis an tásc geografach sin, tabharfar an ceart chun cosc a chur ar úsáid trádmhairc ina dhiaidh sin.

ROINN 2

Éifeachtaí trádmhairc de chuid AE

Airteagal 9

Cearta a thugann trádmharc de chuid AE

1.   Le clárú trádmhairc de chuid AE, tabharfar cearta eisiacha don dílseánach ann.

2.   Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí nach bhfuil toiliú an dílseánaigh aige nó aici úsáid a bhaint as aon chomhartha i gcúrsa trádála, maidir le hearraí nó seirbhísí, más rud é:

(a)

go bhfuil an comhartha comhionann leis an trádmharc de chuid AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc de chuid AE cláraithe ina leith;

(b)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann le nó cosúil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh an trádmharc de chuid AE ina leith, más rud é gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill dóchúlacht chomhcheangail idir an comhartha agus an trádmharc;

(c)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE is cuma cé acu an mbaintear úsáid as nó nach mbaintear maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd, cosúil leo siúd nó neamhchosúil leo siúd ar cláraíodh an trádmharc de chuid AE ina leith, más rud é go bhfuil clú ar an gceann deireanach san Aontas agus más rud é go mbaineann úsáid an chomhartha sin gan chúis chuí buntáiste éagórach as saintréith nó clú an trádmhairc de chuid AE, nó go ndéanann sé dochar dóibh.

3.   Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 2:

(a)

an comhartha a ghreamú de na hearraí nó de phacáistíocht na n-earraí sin;

(b)

na hearraí a thairiscint, a chur ar an margadh, nó a stocáil chun na gcríoch sin faoin gcomhartha, nó seirbhísí a thairiscint nó a sholáthar faoi;

(c)

na hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú faoin gcomhartha;

(d)

an comhartha a úsáid mar thrádainm nó ainm cuideachta nó mar chuid de thrádainm nó d'ainm cuideachta;

(e)

an comhartha a úsáid ar pháipéir ghnó agus i bhfógraíocht;

(f)

an comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach ar bhealach atá contrártha do Threoir 2006/114/CE.

4.   Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal freisin cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, i gcúrsa trádála, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, más rud é go dtagann earraí den sórt sin, lena n-áirítear pacáistíocht, ó thríú tíortha agus go mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin, nó nach féidir a shainghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin.

Rachaidh teidlíocht dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE de bhun na chéad fhomhíre in éag más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí fianaise ar fáil nach bhfuil dílseánach an trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar na hearraí sin a cur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

Airteagal 10

Ceart chun gníomhartha ullmhúcháin a thoirmeasc maidir le húsáid a bhaint as pacáistíocht nó modhanna eile

Má tá baol ann go bhféadfaí úsáid a bhaint as an bpacáistíocht, as lipéid, as gnéithe slándála nó barántúlachta nó as uirlisí slándála nó barántúlachta nó as modhanna eile dá ngreamaítear an marc maidir le hearraí nó seirbhísí agus go mbeadh úsáid den sórt sin ina sárú ar chearta dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE faoi Airteagal 9(2) agus (3), beidh sé de cheart ag dílseánach an trádmhairc sin na gníomhartha seo a leanas a thoirmeasc má dhéantar iad i gcúrsa na trádála:

(a)

comhartha atá comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE a ghreamú de phacáistíocht, de lipéid, de chlibeanna, de ghnéithe slándála nó barántúlachta nó uirlisí slándála nó barántúlachta nó aon mhodhanna eile dá bhféadfaí an marc a ghreamú;

(b)

pacáistíocht, lipéid, clibeanna, gnéithe slándála nó barántúlachta nó uirlisí slándála nó barántúlachta nó aon mhodhanna eile dá ngreamaítear an marc a thairiscint nó a chur ar an margadh, nó a stocáil chun na gcríoch sin, nó a allmhairiú nó a onnmhairiú.

Airteagal 11

Dáta óna mbeidh na cearta i gcoinne tríú páirtithe i réim

1.   Beidh na cearta a thugann trádmharc de chuid AE i réim i gcoinne tríú páirtithe ó dháta foilsithe chlárú an trádmhairc.

2.   Féadfar cúiteamh réasúnach a éileamh i leith gníomhartha a tharlaíonn i ndiaidh dháta foilsithe an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, más rud é go dtoirmiscfí na gníomhartha sin, tar éis clárú an trádmhairc a fhoilsiú, de bhua an fhoilseacháin sin.

3.   Ní dhéanfaidh cúirt a mbeidh an cás os a comhair cinneadh ar thuillteanais an cháis sin go dtí go bhfoilseofar an clárú.

Airteagal 12

Trádmharc de chuid AE a mhacasamhlú i bhfoclóir

Más rud é go dtugtar le fios le macasamhlú trádmhairc de chuid AE i bhfoclóir, i gciclipéid nó i saothar tagartha cosúil leo gurb é an t-ainm cineálach é ar na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an trádmharc cláraithe, áiritheoidh foilsitheoir an tsaothair, ar iarratas ó dhílseánach an trádmhairc de chuid AE, go bhfuil tásc ag gabháil le macasamhlú an trádmhairc sa chéad eagrán eile den fhoilseachán ar a dhéanaí gur trádmharc cláraithe atá ann.

Airteagal 13

Toirmeasc ar thrádmharc de chuid AE atá cláraithe in ainm gníomhaire nó ionadaí a úsáid

I gcás ina mbeidh trádmharc de chuid AE in ainm ghníomhaire nó ionadaí an duine atá ina dhílseánach ar an trádmharc sin, gan údarú an dílseánaigh, beidh an duine deireanach sin i dteideal cur i gcoinne úsáid a thrádmhairc ag a ghníomhaire nó a ionadaí mura bhfuil úsáid den sórt sin údaraithe aige, mura dtugann an gníomhaire nó an t-ionadaí údar maith lena bheart.

Airteagal 14

Teorainn a chur le héifeachtaí trádmhairc de chuid AE

1.   Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar thrádmharc de chuid AE, cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint as an méid seo a leanas i gcúrsa trádála:

(a)

ainm nó seoladh an tríú páirtí, más duine nádúrtha an tríú páirtí;

(b)

comharthaí nó sonrúcháin nach bhfuil sainiúil nó a bhaineann le cineál, cáilíocht, cainníocht, cuspóir beartaithe, luach, tionscnamh geografach, am táirgeachta na n-earraí nó sholáthar na seirbhíse, nó tréithe eile na n-earraí nó na seirbhísí;

(c)

an trádmharc de chuid AE chun earraí nó seirbhísí a shainaithint, nó chun tagairt a dhéanamh dóibh, mar earraí nó seirbhísí de chuid dhílseánach an trádmhairc sin, go háirithe, más rud é go bhfuil úsáid an trádmhairc sin riachtanach chun cuspóir beartaithe an earra nó na seirbhíse a shonrú, go háirithe mar ghabhálais nó páirteanna spártha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin más rud é go bhfuil an úsáid a bhaineann an tríú páirtí as i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha nó thráchtála.

Airteagal 15

Ídiú na gceart arna dtabhairt le trádmharc de chuid AE

1.   Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar thrádmharc de chuid AE, cosc a chur ar a úsáid an trádmhairc sin i ndáil le hearraí a chuir an dílseánach ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoin trádmharc sin nó ar cuireadh iad ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoin trádmharc sin le toiliú ón dílseánach sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcásanna ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann go gcuirfeadh an dílseánach i gcoinne tuilleadh tráchtálaithe ar na hearraí, go háirithe i gcásanna ina ndéantar riocht na n-earraí a athrú nó dochar dá riocht tar éis iad a chur ar an margadh.

Airteagal 16

Ceart idirghabhála dílseánaigh thrádmhairc a cláraíodh níos déanaí mar chosaint le linn imeachtaí um shárú

1.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc de chuid AE a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc níos déanaí sin neamhbhailí de bhun Airteagal 60(1), (3) nó (4), Airteagal 61(1) nó (2), nó Airteagal 64(2) den Rialachán seo.

2.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc náisiúnta a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc sin a cláraíodh níos déanaí neamhbhailí de bhun Airteagal 8, nó Airteagal 9(1) nó (2), nó Airteagal 46(3) de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

3.   I gcás nach bhfuil dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc a cláraíodh níos déanaí de bhun mhír 1 nó mhír 2 a thoirmeasc, ní bheidh dílseánach an trádmhairc sin a cláraíodh níos déanaí i dteideal úsáid an trádmhairc níos luaithe sin de chuid AE a thoirmeasc le linn imeachtaí um shárú.

Airteagal 17

An dlí náisiúnta maidir le sárú a chur i bhfeidhm go comhlántach

1.   Is faoi fhorálacha an Rialacháin seo, agus fúthu sin amháin, a rialófar éifeachtaí trádmhairc de chuid AE. Maidir le gnéithe eile, is faoi na dlíthe náisiúnta a bhaineann le sárú ar thrádmharc náisiúnta a rialófar sárú ar trádmharc de chuid AEi gcomhréir le forálacha Chaibidil X.

2.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar chaingne a bhaineann le trádmharc de chuid AE a thabhairt faoi dhlí na mBallstát a bhaineann go háirithe le dliteanas sibhialta agus iomaíocht éagórach.

3.   Cinnfear na rialacha nós imeachta atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha Chaibidil X.

ROINN 3

Trádmharc de chuid AE a úsáid

Airteagal 18

Trádmharc de chuid AE a úsaid

1.   Más rud é, laistigh de thréimhse cúig bliana i ndiaidh an chláraithe, nár bhain an dílseánach fíorúsáid as an trádmharc de chuid AE san Aontas i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh ina leith é, nó más rud é gur cuireadh úsáid den sórt sin ar fionraí ar feadh tréimhse 5 bliana gan bhriseadh, beidh an trádmharc de chuid AE faoi réir na smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin má tá cúiseanna cearta ann don neamhúsáid.

Beidh úsáid de réir bhrí na chéad fhomhíre i gceist freisin leis an méid seo a leanas:

(a)

an trádmharc de chuid AE a úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc san fhoirm inar cláraíodh é, is cuma cé acu an bhfuil an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear é cláraithe freisin in ainm an dílseánaigh nó nach bhfuil;

(b)

an trádmharc de chuid AE a ghreamú d'earraí nó de phacáistíocht na n-earraí sin san Aontas chun críoch onnmhairithe amháin.

2.   Measfar gur úsáid ag an dílseánach é trádmharc de chuid AE le toiliú an dílseánaigh.

ROINN 4

Trádmharcanna de chuid AE mar réada maoine

Airteagal 19

Déileáil le trádmharcanna de chuid AE mar thrádmharcanna náisiúnta

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20 go hAirteagal 28, déileálfar le trádmharc de chuid AE mar réad maoine ina iomláine, agus le haghaidh limistéar iomlán an Aontais, mar thrádmharc náisiúnta a cláraíodh sa Bhallstát inar fíor an méid seo a leanas ina leith, de réir an Chláir:

(a)

gur ann atá a cheanncheathrú nó gur ann atá sainchónaí air ar an dáta ábhartha;

(b)

i gcás nach bhfuil feidhm le pointe (a), gur ann atá bunaíocht ag an dílseánach ar an dáta ábhartha.

2.   Is gcásanna nach bhforáiltear dóibh faoi mhír 1, is é an Ballstát ina bhfuil ceanncheathrú na hOifige suite a bheidh sa Bhallstát dá dtagraítear sa mhír sin.

3.   Má tá beirt nó níos mó luaite sa Chlár mar chomhdhílseánaigh, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis an gcomhdhílseánach atá luaite ar dtús; in éagmais sin, beidh feidhm aige maidir leis na comhdhílseánaigh ina dhiaidh sin san ord ina bhfuil siad luaite. Sa chás nach bhfuil feidhm ag mír 1 maidir le haon duine de na comhdhílseánaigh, beidh feidhm ag mír 2.

Airteagal 20

Aistriú

1.   Féadfar trádmharc de chuid AE a aistriú, ar leithligh ó aon aistriú ar an ngnóthas, i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, nó i ndáil leo ar fad.

2.   Beidh aistriú an trádmhairc de chuid AE san áireamh in aistriú ar iomlán an ghnóthais ach amháin má tá comhaontú dá mhalairt, i gcomhréir leis an dlí lena rialaítear an t-aistriú, nó má tá gá soiléir lena mhalairt i ngeall ar na dálaí. Beidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leis an oibleagáid chonarthach an gnóthas a aistriú.

3.   Gan dochar do mhír 2, déanfar sannadh an trádmhairc de chuid AE i scríbhinn agus beidh gá le síniú na bpáirtithe sa chonradh ina leith, ach amháin má dhéantar é mar thoradh ar bhreithiúnas; in aon chás eile cuirfear ar neamhní é.

4.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, cuirfear an t-aistriú isteach sa Chlár agus foilseofar é.

5.   Beidh faisnéis in iarratas ar chlárú aistrithe lena sainaithneofar an trádmharc de chuid AE, an dílseánach nua, na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann an t-aistriú, mar aon le doiciméid lena mbunaítear an t-aistriú go cuí i gcomhréir le mír 2 agus mír 3. Féadfar faisnéis a chur san iarratas freisin, i gcás inarb infheidhme, chun ionadaí an dílseánaigh nua a shainaithint.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith san iarratas ar chlárú aistrithe;

(b)

an cineál doiciméadachta atá ag teastáil chun aistriú a bhunú, agus aird á tabhairt ar na comhaontuithe arna dtabhairt ag an dílseánach cláraithe agus an comharba i dteideal;

(c)

na mionsonraí faoi conas iarratais a phróiseáil le haghaidh aistrithe páirteacha, lena n-áirithítear nach bhfuil forluí i gceist leis na hearraí agus na seirbhísí sa chlárú atá fágtha agus sa chlárú nua agus go mbunaítear comhad ar leithligh, lena n-áirítear cláruimhir nua, don chlárú nua.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

7.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme maidir le clárú aistrithe, mar a leagtar síos i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 iad, nó sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas chun an t-aistriú a chlárú.

8.   Féadfar iarratas amháin ar chlárú aistrithe a chur isteach i dtaca le dhá thrádmharc nó níos mó, ar choinníoll gurb ionann i ngach cás an dílseánach cláraithe agus an comharba i dteideal.

9.   Beidh feidhm ag mír 5 go mír 8 freisin maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.

10.   I gcás aistriú páirteach, aon iarratas ar chlárú aistrithe a dhéanann an dílseánach bunaidh agus atá ar feitheamh maidir leis an mbunchlárú, measfar é sin a bheith ar feitheamh maidir leis an gclárú atá fágtha agus leis an gclárú nua. I gcás ina bhfuil iarratas den sórt sin faoi réir táillí a íoc agus gur íoc an dílseánach bunaidh na táillí sin, ní bheidh an dílseánach nua faoi dhliteanas aon táillí breise a íoc maidir le hiarratas den sórt sin.

11.   A fhad agus nach bhfuil an t-aistriú curtha isteach sa Chlár, ní fhéadfaidh an comharba i dteideal na cearta a eascraíonn as clárú an trádmhairc de chuid AE a agairt.

12.   I gcás ina bhfuil teorainneacha ama le comhlíonadh i leith na hOifige, féadfaidh an comharba i dteideal na ráitis chomhfhreagracha a dhéanamh don Oifig tar éis an iarraidh ar chlárú an aistrithe a bheith faighte ag an Oifig.

13.   Díreofar gach doiciméad lena n-éilítear fógra a thabhairt do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE i gcomhréir le hAirteagal 98 ar an duine atá cláraithe mar an dílseánach.

Airteagal 21

Trádmharc a chláraítear in ainm gníomhaire a aistriú

1.   I gcás ina gcláraítear trádmharc de chuid AE in ainm ghníomhaire nó ionadaí an duine atá ina dhílseánach nó ina dílseánach ar an trádmharc sin, gan údarú an dílseánaigh, beidh an duine deireanach sin i dteideal a éileamh go sannfaí i bhfabhar dó féin nó di féin an trádmharc sin de chuid AE, mura dtugann gníomhaire nó ionadaí den sórt sin údar maith lena ghníomh nó lena gníomh.

2.   Féadfaidh an dílseánach iarraidh ar shannadh a chur faoina mbráid siúd a leanas de bhun mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

an Oifig, de bhun Airteagal 60(1)(b), seachas iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta;

(b)

cúirt um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“cúirt um thrádmharcanna de chuid AE”) amhail dá dtagraítear in Airteagal 123, seachas frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta bunaithe ar Airteagal 128(1).

Airteagal 22

Cearta in rem

1.   Féadfar trádmharc de chuid AE, go neamhspleách ar an ngnóthas, a thabhairt mar urrús nó a bheith faoi réir chearta in rem.

2.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, cuirfear na cearta dá dtagraítear i mír 1 nó aistriú na gceart sin isteach sa Chlár agus foilseofar iad.

3.   Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 2 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.

Airteagal 23

Tobhach forghníomhaithe

1.   Féadfar forghníomhú a thobhach ar thrádmhairc de chuid AE.

2.   Maidir leis an nós imeachta um thobhach forghníomhaithe i ndáil le trádmharc de chuid AE, beidh dlínse eisiach ag cúirteanna agus údaráis na mBallstát arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, cuirfear an tobhach forghníomhaithe isteach sa Chlár agus foilseofar é.

4.   Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 3 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.

Airteagal 24

Imeachtaí dócmhainneachta

1.   Ní fhéadfaidh baint a bheith ag trádmharc de chuid AE le himeachtaí dócmhainneachta nach imeachtaí iad a osclaítear sa Bhallstát a bhfuil lárionad príomhleasa an an bhféichiúnaí i gcríoch an Bhallstáit sin.

Más rud é, áfach, gur gnóthas árachais nó institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), faoi seach, ní fhéadfaidh baint a bheith ag trádmharc de chuid AE le himeachtaí dócmhainneachta nach imeachtaí iad a osclaítear sa Bhallstát ina ndearnadh an gnóthas nó institiúid sin a údarú.

2.   I gcás comhdhílseánacht ar thrádmharc de chuid AE, beidh feidhm ag mír 1 maidir le sciar an chomhdhílseánaigh.

3.   I gcás ina bhfuil baint ag trádmharc de chuid AE le himeachtaí dócmhainneachta, arna iarraidh seo don údarás inniúil náisiúnta déanfar iontráil faoin méid sin sa Chlár agus foilseofar é i bhFeasachán Trádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 116.

Airteagal 25

Ceadúnú

1.   Féadfar trádmharc de chuid AE a cheadúnú i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, nó i ndáil leo ar fad agus don Aontas iomlán nó cuid de. Féadfaidh ceadúnas a bheith eisiach nó neamheisiach.

2.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc de chuid AE na cearta a thugtar faoin trádmharc sin a agairt i gcoinne ceadúnaí a sháraíonn aon fhoráil sa chonradh ceadúnaithe atá aige i ndáil le:

(a)

a fhad;

(b)

an fhoirm atá cumhdaithe ag an gclárú inar féidir an trádmharc a úsáid;

(c)

raon feidhme na n-earraí nó na seirbhísí ar tugadh an ceadúnas ina leith;

(d)

an críoch inar féidir an trádmharc a ghreamú; nó

(e)

cáilíocht na n-earraí atá monaraithe nó na seirbhísí atá curtha ar fáil ag an gceadúnaí.

3.   Gan dochar d'fhorálacha an chonartha ceadúnaithe, ní fhéadfaidh an ceadúnaí imeachtaí ar shárú ar thrádmharc de chuid AE a thionscnamh ach amháin má thoilíonn a dhílseánach dó sin. Féadfaidh sealbhóir ceadúnais eisiach imeachtaí den sórt sin más rud é nach dtionscnaíonn sealbhóir an trádmhairc imeachtaí um shárú é féín, tar éis dó fógra foirmiúil a fháil, laistigh de thréimhse iomchuí.

4.   Beidh ceadúnaí i dteideal, chun críche cúiteamh a fháil as damáiste a d'fhulaing sé, idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag dílseánach an trádmhairc de chuid AE.

5.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, cuirfear an deonú nó aistriú ceadúnais i ndáil le 1 trádmharc de chuid AE isteach sa Chlár agus foilseofar é.

6.   Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 5 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.

Airteagal 26

Nós imeachta maidir le ceadúnais agus cearta eile a chur isteach sa Chlár

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 20(5) agus (6) agus ag na rialacha arna nglacadh dá bhun, agus Airteagal 20(8) maidir le ceart in rem a chlárú nó ceart in rem a aistriú amhail dá dtagraítear in Airteagal 22(2), le tobhach forghníomhaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(3), leis an mbaint le linn imeachtaí dócmhainneachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(3), agus le ceadúnas a chlárú nó ceadúnas a aistriú amhail dá dtagraítear in Airteagal 25(5), faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann le sainaithint earraí agus seirbhísí lena mbaineann an t-aistriú i dtaca le hiarraidh ar cheart in rem, tobhach forghníomhaithe nó imeachtaí dócmhainneachta a chlárú;

(b)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann leis na doiciméid a chruthaíonn an t-aistriú i gcás ina ndéanann dílseánach an trádmhairc de chuid AE an iarraidh.

2.   Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar chlárú na gceart dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcomhad go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha.

3.   Féadfar iarraidh ar cheadúnas a thaifeadadh sa Chlár mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith san iarratas ar cheadúnas a chlárú:

(a)

ceadúnas eisiach;

(b)

focheadúnas i gcás ina ndéanann ceadúnaí an ceadúnas a dheonú, ar ceadúnaí é nó í a bhfuil a cheadúnas nó a ceadúnas taifeadta sa Chlár;

(c)

ceadúnas atá teoranta do chuid de na hearraí nó seirbhísí a gcláraítear an marc ina leith amháin;

(d)

ceadúnas atá teoranta do chuid den Aontas;

(e)

ceadúnas sealadach.

I gcás ina ndéantar iarraidh chun an ceadúnas a thaifeadadh mar cheadúnas a liostaítear i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír, sonrófar leis an iarratas ar cheadúnas a chlárú na hearraí agus na seirbhísí, an chuid sin den Aontas agus an tréimhse ama a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme maidir le clárú, mar a leagtar síos in Airteagal 22 go hAirteagal 25, i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo agus sna rialacha infheidhme eile arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar an t-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse arna sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 3 maidir leis na hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.

Airteagal 27

Éifeachtaí i leith tríú páirtithe

1.   Ní bheidh éifeachtaí ag gníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 20, in Airteagal 22 agus in Airteagal 25 a bhaineann le trádmharc de chuid AE i leith tríú páirtithe ach tar éis iad a chur isteach sa Chlár. Mar sin féin, beidh éífeacht i leith tríú páirtithe ag caingean den sórt sin, sula gcuirtear isteach é, ar páirtithe iad a bhfuil cearta sa trádmharc faighte acu tar éis dáta na caingne sin ach a raibh eolas acu faoin gcaingean ar an dáta a fuarthas na cearta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás duine a fhaigheann an 1 trádmharc de chuid AE nó ceart a bhaineann leis an trádmharc de chuid AE trí bhíthin aistrithe ar iomlán an ghnóthais nó trí bhíthin aon chomharbais uilíoch eile.

3.   Beidh éifeachtaí na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 23 i leith tríú páirtithe á rialú ag dlí an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19.

4   Go dtí go dtiocfaidh comhrialacha do na Ballstáit i réimse na féimheachta i bhfeidhm, beidh éifeachtaí imeachtaí féimheachta nó imeachtaí cosúla i leith tríú páirtithe á rialú faoi dhlí an Bhallstáit ina ndéantar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh ar dtús de réir bhrí an dlí náisiúnta nó na gcoinbhinsiún is infheidhme sa réimse sin.

Airteagal 28

An t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE mar réad maoine

Beidh feidhm ag Airteagal 19 go hAirteagal 27 maidir le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE.

Airteagal 29

Nós imeachta maidir le hiontráil sa Chlár a bhaineann le ceadúnais agus cearta eile a chur ar ceal nó a mhodhnú

1.   Déanfar clárú arna dhéanamh faoi Airteagal 26(1) a chur ar ceal nó a mhodhnú arna iarraidh sin do cheann amháin de na daoine lena mbaineann.

2.   Beidh cláruimhir an trádmhairc lena mbaineann de chuid AE agus sonraí an chirt a n-iarrtar cealú nó modhnú ina leith san iarratas.

3.   Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar cheadúnas, ceart in rem nó beart forghníomhaithe a chealú curtha i gcomhad go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha.

4.   In éineacht leis an iarratas, beidh doiciméid a léiríonn nach bhfuil an ceart cláraithe ann a thuilleadh nó go dtoilíonn an ceadúnaí nó an sealbhóir cirt eile leis an gclárú a chealú nó a mhodhnú.

5.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le clárú a chealú nó a mhodhnú, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar an t-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh sé don iarratas chun an clárú a chealú nó a mhodhnú.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 go mír 5 den Airteagal seo maidir le hiontrálacha a rinneadh sna comhaid de bhun Airteagal 26(5).

CAIBIDIL III

IARRATAS AR THRÁDMHARCANNA DE CHUID AE

ROINN 1

Iarratais a chomhdú agus na coinníollacha lena rialaítear iad

Airteagal 30

Iarratais a chomhdú

1.   Comhdófar iarratas ar thrádmharc de chuid AE ag an Oifig.

2.   Déanfaidh an Oifig fáltas a eisiúint don iarratasóir gan mhoill ina n-áireofar, ar a laghad, uimhir an chomhaid, ionadaíocht, tuairisc nó sainaithint eile an mhairc, cineál agus uimhir na ndoiciméad agus an dáta a bhfuarthas iad. Féadfar an fáltas sin a eisiúint go leictreonach.

Airteagal 31

Coinníollacha nach mór do na hiarratais iad a chomhlíonadh

1.   Beidh na nithe seo a leanas in iarratas ar thrádmharc de chuid AE:

(a)

iarraidh trádmharc de chuid AE a chlárú;

(b)

faisnéis lena ndéantar an t-iarratasóir a shainaithint;

(c)

liosta de na hearraí nó seirbhísí lena n-iarrtar an clárú a dhéanamh ina leith;

(d)

léiriú ar an marc, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(b).

2.   Beidh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE faoi réir an táille iarratais a chumhdaíonn aicme amháin earraí nó seirbhísí a íoc agus, i gcás inarb iomchuí, faoi réir táille aicme amháin nó níos mó a íoc maidir le gach aicme earraí agus seirbhísí a théann thar an gcéad aicme agus, nuair is infheidhme, faoi réir an táille cuardaigh a íoc.

3.   Le cois na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, comhlíonfaidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE na coinníollacha foirmiúla a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun. Más rud é go bhforáiltear leis na coinníollacha sin go bhfuil an trádmharc le léiriú go leictreonach, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin formáidí agus uasmhéid comhaid leictreonaigh den sórt sin a shocrú.

4.   glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 32

Dáta comhdaithe

Is é an dáta a ndéanann an t-iarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 31(1) a chomhdú leis an Oifig dáta comhdaithe iarratais ar thrádmharc de chuid AE, faoi réir an táille iarratais a íoc laistigh de mhí amháin ó na doiciméid sin a chomhdú.

Airteagal 33

Earraí agus seirbhísí a ainmniú agus a aicmiú

1.   Aicmeofar earraí agus seirbhísí a gcuirtear iarratas ar chlárú trádmhairc isteach ina leith i gcomhréir leis an gcóras aicmiúcháin a bunaíodh le Comhaontú Nice a Bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957 (“Aicmiúchán Nice”).

2.   Sainaithneoidh an t-iarratasóir na hearraí agus seirbhísí a n-iarrtar an chosaint ar an trádmharc ina leith le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha, ar an mbonn sin amháin, in ann méid na cosanta arna iarraidh a chinneadh.

3.   Chun críocha mhír 2, féadfar úsáid a bhaint as na sonraí ginearálta a áiríodh i gceannteidil Aicmiúchán Nice nó téarmaí ginearálta eile, ar choinníoll go gcomhlíontar leo caighdeáin riachtanacha na soiléireachta agus an bheachtais a leagtar amach san Airteagal seo.

4.   Diúltóidh an Oifig d'iarratas maidir le sonraí nó téarmaí atá neamhshoiléir nó neamhbheacht, i gcás nach molann an t-iarratasóir foclaíocht inghlactha laistigh de thréimhse arna leagan síos ag an Oifig chuige sin.

5.   Le húsáid téarmaí ginearálta, lena n-áirítear sonraí ginearálta cheannteidil Aicmiúchán Nice, tuigfear go n-áireofar iontu gach earra nó seirbhís ar soiléir é bheith cuimsithe le brí liteartha an tsonra nó an téarma. Le húsáid téarmaí nó tásca den sórt sin, ní thuigfear gur éileamh é ar earraí nó seirbhísí nach féidir a thuiscint amhlaidh.

6.   I gcás ina ndéanann an t-iarratasóir iarraidh ar chlárú le haghaidh níos mó ná aicme amháin, déanfaidh an t-iarratasóir na hearraí agus na seirbhísí a ghrúpáil de réir aicmí Aicmiúchán Nice, agus beidh uimhir na haicme lena mbaineann an grúpa sin d'earraí nó de sheirbhísí roimh gach grúpa, agus déanfaidh an t-iarratasóir iad a chur i láthair in ord aicme.

7.   Ní mheasfar earraí agus seirbhísí a bheith cosúil le chéile ar na forais go bhfuil siad san aicme chéanna faoi Aicmiúchán Nice. Ní mheasfar earraí agus seirbhísí gan a bheith cosúil le chéile ar an bhforas go bhfuil siad in aicmí difriúla faoi Aicmiúchán Nice.

8.   Dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE a ndearnadh iarratas orthu roimh an 22 Meitheamh 2012, agus atá cláraithe i leith ceannteideal iomlán d'aicme de chuid Nice, féadfaidh siad dearbhú go raibh sé ar intinn acu ar an dáta comhdaithe cosaint a lorg i leith earraí nó seirbhísí tharstu siúd a chuimsítear le brí liteartha cheannteideal na haicme sin, ar choinníoll go bhfuil na hearraí nó seirbhísí arna n-ainmniú amhlaidh ar áireamh sa liosta aibítreach don aicme sin in eagrán Aicmiúchán Nice atá i bhfeidhm ar an dáta comhdaithe.

Comhdófar an dearbhú ag an Oifig faoin 24 Meán Fómhair 2016, agus léireofar ann, ar mhodh soiléir, beacht agus sonrach, na hearraí agus na seirbhísí a bhí cuimsithe i dtosach le rún an dílseánaigh, seachas iad siúd ar soiléir iad a bheith cuimsithe le brí liteartha thásca an cheannteidil. Déanfaidh an Oifig bearta iomchuí chun an Clár a leasú dá réir sin. Beidh an deis dearbhú a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18, Airteagal 47(2), Airteagal 58(1)(a), agus Airteagal 64(2).

Trádmharcanna de chuid AE nár comhdaíodh aon dearbhú ina leith laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, measfar, amhail ó dheireadh na tréimhse sin, nach mbaineann siad ach amháin le hearraí agus seirbhísí ar soiléir iad a bheith cuimsithe le brí liteartha na dtásc a áirítear i gceannteideal na haicme ábhartha.

9.   I gcás ina leasaítear an clár, ní chuirfidh na cearta eisiacha, a thugtar leis an trádmharc de chuid AE faoi Airteagal 9, cosc ar thríú páirtí leanúint de thrádmharc a úsáid i ndáil le hearraí nó le seirbhísí i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin, maidir le húsáid an trádmhairc do na hearraí nó do na seirbhísí sin:

(a)

cuireadh tús léi sular leasaíodh an clár; agus

(b)

níor sáraíodh leis an úsáid sin cearta an dílseánaigh bunaithe ar bhrí litriúil thaifead na n-earraí agus na seirbhísí sa chlár ag an am sin.

Ina theannta sin, leis an leasú ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí a taifeadadh sa chlár, ní thabharfar an ceart do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE cur i gcoinne dearbhú neamhbhailíochta trádmhairc níos déanaí ná iarratas a dhéanamh air, i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin:

(a)

bhí an trádmharc níos déanaí in úsáid, nó rinneadh iarratas ar an trádmharc a chlárú, d'earraí nó do sheirbhísí sular leasaíodh an clár; agus

(b)

le húsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí nó leis na seirbhísí sin, níor sáraíodh cearta an dílseánaigh bunaithe ar bhrí litriúil thaifead na n-earraí agus na seirbhísí sa chlár ag an am sin, ná ní shárófaí na cearta sin.

ROINN 2

Tosaíocht

Airteagal 34

An ceart tosaíochta

1.   Beidh ceart tosaíochta ag duine a bhfuil iarratas ar thrádmharc comhdaithe go cuí aige i nó i ndáil le haon Stát ar páirtí é i gCoinbhinsiún Pháras nó sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda, nó ag a chomharbaí i dteideal, chun críche iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú don trádmharc céanna i ndáil le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar comhdaíodh an t-iarratas ina leith, nó atá mar chuid díobh, ar feadh tréimhse sé mhí ón dáta ar comhdaíodh an chéad iarratas.

2.   Aithneofar gach comhdú atá comhionann le gnáthchomhdú náisiúnta faoi dhlí náisiúnta an Stáit ina ndearnadh é nó faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha mar comhdú a dtagann ceart tosaíochta as.

3.   Is é a chiallaíonn gnáthchomhdú náisiúnta aon chomhdú ar leor é chun an dáta ar comhdaíodh an t-iarratas a bhunú, beag beann ar an toradh atá ar an iarratas.

4.   Measfar iarratas ina dhiaidh sin ar thrádmharc a bhí faoi réir cead-iarratais roimhe sin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí céanna agus a comhdaíodh sa Stát céanna, nó i ndáil leis, measfar é mar an chéad iarratas chun críocha tosaíocht a chinneadh, ar choinníoll go bhfuil an t-iarratas roimhe sin, ar dháta comhdaithe an iarratais ina dhiaidh sin, tarraingthe siar, tugtha suas nó diúltaithe, gan a bheith oscailte d'iniúchadh an phobail agus gan aon cheart a bheith ag teacht as, agus nach raibh ina bhonn le ceart tosaíochta a éileamh. Ní fhéadfaidh an t-iarratas roimhe sin a bheith ina bhonn le ceart tosaíochta a éileamh ina dhiaidh sin.

5.   Más rud é go ndearnadh an chéad chomhdú i Stát nach bhfuil ina pháirtí i gCoinbhinsiún Pháras ná sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 ach amháin sa mhéid go ndeonaíonn an Stát sin, i gcomhréir le torthaí foilsithe, ar bhonn an chéad chomhdaithe a dhéantar ag an Oifig agus faoi réir coinníollacha ar comhionann iad leo sin a leagtar sa Rialachán seo, ceart tosaíochta a bhfuil an éifeacht chéanna aige. 2 Iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún, de réir mar is gá, féachaint ar a fhiosrú an dtugann Stát, de réir bhrí na chéad abairte, an chóireáil chómhalartach sin nó nach dtugann. Má chinneann an Coimisiún go dtugtar cóireáil chómhalartach i gcomhréir leis an gcéad abairt, foilseoidh sé teachtaireacht chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6   Beidh feidhm ag mír 5 ón dáta a fhoilseofar an teachtaireacht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcinntear go dtugtar cóireáil chómhalartach, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aici. Ní bheidh feidhm aici ón dáta a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luaitear nach dtugtar cóireáil chómhalartach a thuilleadh, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aici.

7.   Foilseofar teachtaireachtaí amhail dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 in Iris Oifigiúil na hOifige freisin.

Airteagal 35

Tosaíocht a éileamh

1.   Comhdófar éilimh thosaíochta in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE agus áireofar orthu dáta, uimhir agus tír an iarratais roimhe sin. Déanfar an doiciméadacht chun tacú le héilimh thosaíochta a chomhdú laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun tosaíocht iarratais roimhe sin a éileamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

3.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir chun tacú leis an éileamh tosaíochta ná mar a cheanglaítear faoi na sonrúcháin arna nglacadh i gcomhréir le mír 2, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.

Airteagal 36

Éifeacht an chirt tosaíochta

Beidh d'éifeacht ag an gceart tosaíochta go ndéanfar an dáta tosaíochta a chomhaireamh mar dháta comhdaithe an iarratais ar an trádmharc de chuid AE chun críche cé na cearta a dtabharfar tús áite dóibh a bhunú.

Airteagal 37

Comhionannas comhdú Aontais agus comhdú náisiúnta

Beidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE a mbeidh dáta comhdaithe tugtha dó, beidh sé comhionann le gnáthchomhdú náisiúnta, agus an tosaíocht arna héileamh don iarratas ar thrádmharc de chuid AE aige nuair is iomchuí.

ROINN 3

Tosaíocht taispeántais

Airteagal 38

Tosaíocht taispeántais

1.   Más rud é go ndearna iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE earraí nó seirbhísí a thaispeáint faoin marc a bhfuil iarratas á dhéanamh air, ag taispeántas idirnáisiúnta oifigiúil nó a aithnítear go hoifigiúil a thagann faoi théarmaí an Choinbhinsiúin maidir le taispeántais idirnáisiúnta a síníodh i bPáras an 22 Samhain 1928 agus a athbhreithníodh go deireanach an 30 Samhain 1972, féadfaidh sé, má dhéanann sé an t-iarratas a chomhdú laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta ar taispeánadh na hearraí nó seirbhísí den chéad uair faoin marc a bhfuil iarratas á dhéanamh air, féadfaidh sé ceart tosaíochta a éileamh ón dáta sin de réir bhrí Airteagal 36. Comhdófar an t-éileamh tosaíochta in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE.

2.   Comhdóidh iarratasóir ar mian leis nó léi tosaíocht a éileamh de bhun mhír 1 fianaise maidir le taispeáint na n-earraí nó na seirbhísí faoin marc a bhfuiltear ag cur isteach air laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe.

3.   Ní dhéanfaidh tosaíocht taispeántais a thabharfar i mBallstát ná i dtríú tír tréimhse na tosaíochta a leagtar síos in Airteagal 34 a fhadú.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál fianaise agus mionsonraí na fianaise sin atá le comhdú chun tosaíocht taispeántais a éileamh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

ROINN 4

Sinsearacht trádmhairc náisiúnta

Airteagal 39

Sinsearacht trádmhairc náisiúnta a éileamh in iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó i ndiaidh don iarratas a bheith comhdaithe

1.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc is túisce a cláraíodh i mBallstát, trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux san áireamh, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, a dhéanann iarratas ar thrádmharc comhionann lena chlárú mar thrádmharc de chuid AE le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc is túisce ina leith, nó atá mar chuid díobh, féadfaidh sé sinsearacht an trádmhairc is túisce a éileamh don trádmharc de chuid AE i ndáil leis an mBallstát inar cláraíodh é nó lenar cláraíodh é.

2.   Déanfar éilimh shinsearachta a chomhdú in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó laistigh de dhá mhí ó dháta comhdaithe an iarratais, agus áireofar orthu sin an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an trádmharc cláraithe, nó dá bhfuil sé cláraithe, uimhir agus dáta comhdaithe an chláraithe ábhartha, agus na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith. I gcás ina n-éilítear san iarratas an tsinsearacht de cheann amháin nó níos mó de na trádmharcanna níos luaithe cláraithe, comhdófar an doiciméadacht chun tacú leis an éileamh sinsearachta laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe. I gcás inar mian leis an iarratasóir an tsinsearacht a éileamh i ndiaidh don iarratas a bheith comhdaithe, cuirfear an doiciméadacht chun tacú leis an éileamh sinsearachta faoi bhráid na hOifige laistigh de thrí mhí ón éileamh sinsearachta a fháil.

3.   Ní bheidh d'éifeacht ag sinsearacht faoi Rialachán seo ach go measfar, i gcás ina dtugann dílseánach an 1 trádmhairc de chuid AE suas an trádmhairc is túisce nó ina ligeann sé dó dul in éag, na cearta céanna a bheith aige fós agus a bheadh aige dá mbeadh an trádmharc is túisce cláraithe fós.

4.   Rachaidh an tsinsearacht arna héileamh don trádmharc de chuid AE as feidhm más rud é go ndearbhaítear go bhfuil an trádmharc níos luaithe arna éileamh an tsinsearacht ina leith neamhbhailí nó cúlghairthe. Más rud é go gcúlghairtear an trádmharc níos luaithe, rachaidh an tsinsearacht as feidhm ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag an gcúlghairm roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc sin de chuid AE.

5.   Cuirfidh an Oifig Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó oifig lárnach maoine tionscail an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoin éileamh iarbhír sinsearachta.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun sinsearacht trádmhairc náisiúnta nó trádmhairc atá cláraithe faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát a éileamh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

7.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir chun tacú leis an éileamh sinsearachta ná mar a cheanglaítear faoi na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le mír 6, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.

Airteagal 40

Sinsearacht trádmhairc náisiúnta a éileamh tar éis chlárú an trádmhairc de chuid AE

1.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc de chuid AE ar dílseánach trádmhairc comhionann is túisce a cláraíodh i mBallstát é, trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux san áireamh, nó ar dlíseáanach trádmhairc comhionanann is túisce é, ar trádmharc a bhfuil clárú aige a bhfuil éifeacht i mBallstát é, le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc is túisce ina leith, nó atá mar chuid díobh, féadfaidh sé sinsearacht an trádmhairc is túisce a éileamh i ndáil leis an mBallstát inar cláraíodh é nó lenar cláraíodh é.

2.   Éilimh shinsearachta a chomhdaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh cláruimhir an trádmhairc de chuid AE, ainm agus seoladh a dhílseánaigh, an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an trádmharc níos luaithe cláraithe, nó dá bhfuil sé cláraithe, uimhir agus dáta comhdaithe an chláraithe ábhartha, na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith agus a n-éilítear sinsearacht ina leith, agus doiciméadacht tacaíochta mar a fhoráiltear sna rialachaarna nglacadh de bhun Airteagal 39(6).

3.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an éileamh sinsearachta, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don éileamh.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 39(3), (4), (5) agus (7).

CAIBIDIL IV

AN NÓS IMEACHTA CLÁRÚCHÁIN

ROINN 1

Scrúdú ar iarratais

Airteagal 41

Scrúdú ar choinníollacha an chomhdaithe

1.   Déanfaidh an Oifig scrúdú féachaint:

(a)

an gcomhlíonann an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE na ceanglais chun dáta comhdaithe a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 32;

(b)

an gcomhlíonann an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE na coinníollacha agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 31(3);

(c)

nuair is iomchuí, ar íocadh na táillí aicme laistigh den tréimhse a leagtar síos.

2.   I gcás nach sáraíonn an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta a réiteach laistigh de dhá mhí ón bhfógra a fháil.

3.   Mura ndéantar na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta arna mbunú de bhun mhír 1(a) a réiteach laistigh den tréimhse sin, ní dhéileálfar leis an iarratas mar iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Má chomhlíonann an t-iarratasóir iarratas na hOifige, deonóidh an Oifig mar dháta comhdaithe an iarratais an dáta ar ar réitíodh na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta arna mbunú.

4.   Mura ndéantar na heasnaimh arna mbunú de bhun mhír 1(b) a réiteach laistigh den tréimhse fhorordaithe, diúltóidh an Oifig don iarratas.

5.   Mura ndéantar an mhainneachtain íocaíochta arna bunú de bhun mhír 1(c) a réiteach laistigh den tréimhse fhorordaithe, measfar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar ach amháin má tá sé soiléir cé na catagóirí earraí nó seirbhísí a bhfuil sé beartaithe iad a bheith cumhdaithe ag an méid a íocadh. In éagmais critéir eile chun a chinneadh cé na haicmí a bheartaítear a chumhdach, tógfaidh an Oifig na haicmí in ordú an aicmiúcháin. Measfar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar maidir leis na haicmí sin nár íocadh na táillí aicme ina leith nó nár íocadh go hiomlán iad.

6.   Mura ndéantar na ceanglais a bhaineann leis an éileamh tosaíochta a chomhlíonadh caillfear an ceart tosaíochta don iarratas.

7.   Mura ndéantar na ceanglais a bhaineann le héileamh ar shinsearacht trádmhairc náisiúnta a chomhlíonadh caillfear an ceart sin don iarratas.

8.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1(b) agus i mír 1(c), agus i gcás nach mbaineann sin ach le cuid de na hearraí nó na seirbhísí, diúltóidh an Oifig an t-iarratas, nó caillfear an ceart tosaíochta nó an ceart sinsearachta, a mhéid agus a bhaineann sé leis na hearraí agus na seirbhísí sin amháin.

Airteagal 42

Scrúdú i dtaca le dearbhfhorais le diúltú

1.   I gcás ina bhfuil trádmharc neamh-incháilithe do chlárú, faoi Airteagal 7, i ndáil le gach ceann nó roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá cumhdaithe faoin iarratas ar thrádmharc de chuid AE, diúltófar don iarratas i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.

2.   Ní dhiúltófar don iarratas sula mbeidh deis ag an iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar nó a leasú nó a thuairimí nó a tuairimí a thíolacadh. Chuige sin, cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir na forais ar diúltaíodh clárú ina leith agus sonróidh sí tréimhse ina bhféadfadh an t-iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar nó a leasú nó a thuairimí nó a tuairimí a thíolacadh. Nuair a mhainníonn an t-iarratasóir na forais ar diúltaíodh don chlárú a shárú, diúltóidh an Oifig don chlárú go hiomlán nó go páirteach.

ROINN 2

Cuardach

Airteagal 43

Tuarascáil chuardaigh

1.   Dréachtóidh an Oifig, arna iarraidh sin don iarratasóir ar an trádmharc de chuid AE agus iarratas á chomhdú aige, tuarascáil chuardaigh an Aontais Eorpaigh (“tuarascáil chuardaigh AE”) ina luafar na trádmharcanna níos luaithe sin de chuid AE nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú trádmhairc de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith.

2.   I gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir, tráth a gcomhdaítear iarratas ar thrádmharc de chuid AE, go ndéanfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát tuarascáil chuardaigh a ullmhú agus i gcás ina n-íoctar an táille chuardaigh iomchuí laistigh den teorainn ama chun táille comhdaithe a íoc, déanfaidh an Oifig gan mhoill cóip den iarratas ar thrádmharc de chuid AE a tharchur chuig oifig lárnach maoine tionscail gach Ballstáit a chuir a cinneadh in iúl don Oifig go ndéanfaidh sí cuardach ina clár féin de thrádmharcanna i ndáil le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE.

3.   Déanfaidh gach ceann d'oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 tuarascáil chuardaigh a thíolacadh ina luafar aon trádmharcanna náisiúnta níos luaithe, iarratais ar thrádmharcanna náisiúnta nó trádmharcanna a cláraíodh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú an trádmhairc sin de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith, nó ina luafar nár léirigh an cuardach aon cheart den chineál sin.

4.   Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistithe dá bhforáiltear in Airteagal 153 (“an Bord Bainistithe”), leagfaidh an Oifig síos inneachar agus socruithe mionsonraithe na dtuarascálacha.

5.   Íocfaidh an Oifig suim le gach oifig lárnach maoine tionscail le haghaidh gach tuarascáil chuardaigh a sholáthraítear i gcomhréir le mír 3. Socróidh an Coiste um an mBuiséad an tsuim, a bheidh mar an gcéanna do gach oifig, trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh ag tromlach trí cheathrú d'ionadaithe na mBallstát.

6.   Cuirfidh an Oifig tuarascáil chuardaigh AE a iarradh agus aon tuarascáil chuardaigh náisiúnta a iarradh agus a fuarthas chuig an iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE.

7.   Ar fhoilsiú an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, cuirfidh an Oifig in iúl do dhílseánaigh trádmharcanna níos luaithe ar bith de chuid AE, nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a luadh i dtuarascáil chuardaigh AE gur foilsíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh feidhm aige sin beag beann ar chibé acu ar iarr an t-iarratasóir tuarascáil chuardaigh AE a fháil, ach amháin má iarrann dílseánach um chlárú níos luaithe nó dílseánach iarratais níos luaithe gan an fógra sin a fháil.

ROINN 3

Foilsiú an iarratais

Airteagal 44

Foilsiú an iarratais

1.   Más rud é gur comhlíonadh na coinníollacha a cheanglaítear ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhlíonadh, foilseofar an t-iarratas chun críocha Airteagail 46 sa mhéid nár diúltaíodh dó de bhun Airteagail 42. Beidh foilsiú an iarratais gan dochar d'fhaisnéis a cuireadh ar fáil cheana don phobal ar dhóigh eile i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha a glacadh de bhun an Rialacháin seo.

2.   Más rud é, tar éis an fhoilsithe, go ndiúltófar don iarratas de bhun Airteagal 42, foilseofar an cinneadh gur diúltaíodh dó nuair a éireoidh sé ina chinneadh críochnaitheach.

3.   I gcás ina bhfuil earráid, atá inchurtha i leith na hOifige, san iarratas, déanfaidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, an earráid a cheartú agus foilseoidh sí an ceartúchán.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 49(3) i gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir ceartúchán.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 46(2) freisin nuair a bhaineann an ceartúchán leis an liosta earraí nó seirbhísí nó le léiriú ar an marc.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na mionsonraí atá le bheith san iarratas a fhoilseofar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

ROINN 4

Tuairimí ó thríú páirtithe agus cur i gcoinne

Airteagal 45

Tuairimí ó thríú páirtithe

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus aon ghrúpa nó comhlacht a dhéanann ionadaíocht ar mhonaróirí, ar tháirgeoirí, ar sholáthraithe seirbhísí, ar thrádálaithe nó ar thomhaltóirí tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid na hOifige, lena mínítear na forais, faoi Airteagal 5 agus faoi Airteagal 7, nár cheart an trádmharc a chlárú ex officio.

Ní bheidh daoine agus grúpaí nó comhlachtaí amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bpáirtithe sna himeachtaí atá faoi bhráid na hOifige.

2.   Tíolacfar tuairimí ó thríú páirtí roimh dheireadh na tréimhse freasúra nó, i gcás nár comhdaíodh freasúra i gcoinne an trádmhairc, sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an bhfreasúra.

3.   Beidh an aighneacht dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do cheart na hOifige an scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a tionscnamh féin tráth ar bith roimh chlárú, más iomchuí sin.

4.   Cuirfear na tuairimí dá dtagraítear i mír 1 in iúl don iarratasóir agus beidh sé in ann ráiteas a thabhairt orthu.

Airteagal 46

Cur i gcoinne

1.   Laistigh de thréimhse trí mhí tar éis iarratas ar thrádmharc de chuid AE a fhoilsiú, féadfaidh na daoine seo a leanas fógra ar chur i gcoinne chlárú an trádmhairc a thabhairt ar na forais nach bhféadfar é a chlárú faoi Airteagal 8:

(a)

dílseánaigh trádmharcanna is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(2) chomh maith le ceadúnaithe a údaraítear ag dílseánaigh na dtrádmharcanna sin, i ndáil le hAirteagal 8(1) agus (5);

(b)

dílseánaigh na dtrádmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(c)

dílseánaigh na dtrádmharcanna nó na gcomharthaí níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus daoine a údaraítear faoin dlí ábhartha náisiúnta chun na cearta sin a fheidhmiú;

(d)

na daoine a údaraítear faoin reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 8(6) a fheidhmiú.

2.   Féadfar fógra ar chur i gcoinne chlárú an trádmhairc a thabhairt freisin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1, sa chás go bhfoilsítear iarratas leasaithe i gcomhréir leis an dara abairt d'Airteagal 49(2).

3.   Cuirfear freasúra i scríbhinn, agus sonrófar na forais ar a ndearnadh é. Ní mheasfar go mbeidh sé curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille freasúra.

4.   Laistigh de thréimhse atá le socrú ag an Oifig, féadfaidh an freasúróir fíricí, fianaise agus argóintí mar thaca lena chás nó lena cás a chur isteach.

Airteagal 47

Scrúdú ar chur i gcoinne

1.   Agus scrúdú á dhéanamh ar an gcur i gcoinne, tabharfaidh an Oifig cuireadh do na páirtithe, chomh minic agus is gá, tuairimí a chomhdú, laistigh de thréimhse a leagfaidh an Oifig síos, maidir le cumarsáid ó na páirtithe eile nó cumarsáid atá eisithe aici féin.

2.   Má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, déanfaidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE atá tar éis fógra freasúra a thabhairt, cruthúnas a chur ar fáil, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta comhdaithe nó dáta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid an AE, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann sé nó sí mar bhonn cirt lena fhreasúra nó lena freasúra, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid an AE cláraithe ar an dáta sin le tréimhse nach lú ná cúig bliana. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don fhreasúra. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe agus don chuid sin amháin, measfar, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an bhfreasúra, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus don chuid sin amháin.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le trádmharcanna náisiúnta níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a), trí úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc náisiúnta níos luaithe cosanta a chur in ionad úsáid san Aontas.

4.   Féadfaidh an Oifig, má mheasann sí gur oiriúnach seo, cuireadh a thabhairt do na páirithe réiteach cairdiúil a dhéanamh.

5.   Má nochtar sa scrúdú ar an gcur i gcoinne nach bhféadfar an trádmharc a chlárú i ndáil le gach ceann nó roinnt de na hearraí nó seirbhísí a ndearnadh an t–iarratas ar thrádmharc de chuid AE ina leith, diúltófar don iarratas i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin. In aon chás eile, diúltófar don chur i gcoinne.

6.   Foilseofar an cinneadh lena ndiúltaítear don iarratas nuair a dhéanfar cinneadh críochnaitheach de.

Airteagal 48

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na mionsonraí i ndáil leis an nós imeachta maidir le freasúra a chomhdú agus a scrúdú, a leagtar amach in Airteagal 46 agus in Airteagal 47.

ROINN 5

An t-iarratas a tharraingt siar, a shrianadh, a leasú agus a roinnt

Airteagal 49

An t-iarratas a tharraingt siar, a shrianadh agus a leasú

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ag am ar bith a iarratas ar thrádmharc de chuid AE a tharraingt siar nó an liosta de na hearraí nó seirbhísí atá san iarratas a shrianadh. I gcás ina bhfuil an t-iarratas foilsithe cheana féin, foilseofar an tarraingt siar nó an srianadh freisin.

2.   Lasmuigh de sin, ní fhéadfar iarratas ar thrádmharc de chuid AE a leasú, ar iarratas ón iarratasóir, ach trí ainm agus seoladh an iarratasóra, earráidí san fhoclaíocht nó earráidí cóipeála, nó botúin fhollasacha a cheartú, ar choinníoll nach ndéanfaidh an ceartú sin an trádmharc a athrú go substaintiúil agus nach leathnóidh sé liosta na n-earraí nó seirbhísí. I gcás ina ndéanann na leasuithe difear do mhacasamhlú an trádmhairc nó don liosta earraí nó seirbhísí agus go ndéantar iad tar éis fhoilsiú an iarratais, foilseofar an t-iarratas ar thrádmharc mar a leasaíodh é.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear mionsonraí an nós imeachta lena rialaítear leasú ar an iarratas.

Airteagal 50

An t-iarratas a roinnt

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a roinnt trí dhearbhú a dhéanamh go mbeidh roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá mar chuid den bhuniarratas faoi réir roinn amháin nó níos mó den iarratas. Ní bheidh forluí idir na hearraí nó seirbhísí sa roinn den iarratas agus na hearraí nó seirbhísí a fhanfaidh san bhuniarratas ná idir na cinn sin atá san áireamh i ranna eile den iarratas.

2.   Ní bheidh an dearbhú roinnte incheadaithe:

(a)

más rud é, i gcás ina cuireadh i gcoinne an bhuniarratais, go bhfuil d'éifeacht ag roinn den iarratas den sórt sin go dtugtar isteach roinn i measc na hearraí nó seirbhísí ar díríodh an cur i gcoinne orthu, go dtí go mbeidh cinneadh an Rannáin Freasúra ina chinneadh críochnaitheach nó go dtí go mbeidh deireadh iomlán curtha leis na himeachtaí cur i gcoinne ar bhealach eile;

(b)

sula dtugann an Oifig an dáta comhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 32 agus le linn na tréimhse don chur i gcoinne dá bhforáiltear in Airteagal 46(1).

3.   Beidh an dearbhú roinnte faoi réir táille. Measfar nach mbeidh an dearbhú déanta go dtí go mbeidh an táille íoctha.

4.   I gcás ina gcinneann an Oifig nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus sna rialacha a ghlactar de bhun mhír 9(a) á gcomhlíonadh, iarrfaidh sé ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas sula dtéann an teorainn ama in éag, diúltóidh an Oifig don dearbhú roinnte.

5.   Rachaidh an roinn in éifeacht ar an dáta a dhéanfar í a thaifead sna comhaid arna gcoinneáil ag an Oifig a bhaineann leis an mbuniarratas.

6.   Measfar gach iarraidh agus iarratas a rinneadh agus gach táille a íocadh i ndáil leis an mbuniarratas roimh an dáta ar a gheobhaidh an Oifig an dearbhú ar roinnt a bheith déanta nó íoctha freisin i ndáil leis an roinn den iarratas nó de na hiarratais. Ní dhéanfar na táillí don bhuniarratas a íocadh go cuí roimh an dáta a gheofar an dearbhú ar roinnt a aisíoc.

7.   Caomhnófar an dáta comhdaithe agus aon dáta tosaíochta agus sinsearachta de chuid an bhuniarratais sa roinn den iarratas.

8.   Nuair a bhaineann dearbhú roinnte le hiarratas a foilsíodh cheana de bhun Airteagal 44, foilseofar an roinnt. Foilseofar an roinn den iarratas. Ní osclófar tréimhse nua chun freasúraí a chomhdú leis an bhfoilsiú sin.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú maidir le roinnt iarratais arna dhéanamh de bhun mhír 1;

(b)

na mionsonraí i ndáil leis an mbealach chun dearbhú maidir le roinnt iarratais a phróiseáil, lena n-áirithítear go mbunófar comhad ar leith, lena n-áirítear uimhir iarratais nua i gcomhair na roinne den iarratas;

(c)

na mionsonraí atá le bheith i bhfoilseachán na roinne den iarratas de bhun mhír 8.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

ROINN 6

Clárú

Airteagal 51

Clárú

1.   I gcás ina gcomhlíonann iarratas na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus nár tugadh fógra freasúra le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 46(1) nó i gcás ina ndearnadh aon fhreasúra a cuireadh isteach a dhiúscairt go críochnaitheach trí aistarraingt, trí dhiúltú nó trí dhiúscairt eile, déanfar an trádmharc agus na sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 111(2), a chlárú sa Chlár. Foilseofar an clárú.

2.   Eiseoidh an Oifig deimhniú um chlárú. Féadfar an deimhniú sin a eisiúint go leictreonach. Soláthróidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den deimhniú faoi réir táille a íoc, i gcás ina n-eiseofar na cóipeanna sin trí mheán éigin seachas go leictreonach.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sa deimhniú um chlárú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus foirm an deimhnithe sin um chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

CAIBIDIL V

FAD TRÁDMHARC DE CHUID AE AGUS TRÁDMHARC DE CHUID AE A ATHNUACHAN, A ATHRÚ AGUS A ROINNT

Airteagal 52

Fad an chláraithe

Beidh an trádmharc de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse 10 mbliana ó dháta comhdaithe an iarratais. Féadfar an clárú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 53 ar feadh tréimhsí 10 mbliana.

Airteagal 53

Athnuachan

1.   Déanfar athnuachan ar chlárú an trádmhairc de chuid AE arna iarraidh sin do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE nó d'aon duine arna údarú go sainráite aige nó aici, ar choinníoll gur íocadh na táillí.

2.   Cuirfidh an Oifig dílseánach an trádmhairc de chuid AE, agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige nó aici maidir leis an trádmharc de chuid AE, ar an eolas mar gheall ar dhul in éag an chláraithe ar a laghad sé mhí roimh an dul in éag sin. Ní bheidh an Oifig freagrach as mainneachtain eolas den sórt sin a thabhairt agus ní dhéanfaidh sé difear do dhul in éag an chláraithe.

3.   Cuirfear isteach an iarraidh ar athnuachan le linn na tréimhse sé mhí roimh dhul in éag an chláraithe. Íocfar an táille bhunúsach maidir leis an athnuachan agus, i gcás inarb iomchuí, íocfar táille aicme amháin nó níos mó maidir le gach aicme earraí agus seirbhísí a théann thar an gcéad aicme le linn na tréimhse sin. Ina éagmais sin, féadfar an iarraidh a chur isteach agus na táillí a íoc laistigh de thréimhse eile sé mhí tar éis dhul in éag an chláraithe, ar choinníoll go n-íocfar táille bhreise a ghearrtar ar íocaíocht dhéanach na táille athnuachana nó ar chur isteach déanach na hiarrata ar athnuachan laistigh den tréimhse bhreise sin.

4.   Áireofar san iarraidh ar athnuachan an méid seo a leanas:

(a)

ainm an duine a iarrann an athnuachan;

(b)

cláruimhir an trádmhairc sin de chuid AE atá le hathnuachan;

(c)

más rud é nach n-iarrtar an athnuachan ach le haghaidh cuid de na hearraí agus na seirbhísí atá cláraithe, sonrú ar na haicmí sin nó na hearraí agus na seirbhísí sin a n-iarrtar athnuachan ina leith, nó na haicmí sin nó na hearraí agus na seirbhísí sin nach n-iarrtar athnuachan ina leith, iad grúpáilte de réir aicmí Aicmiúchán Nice, agus uimhir aicme an aicmiúcháin sin lena mbaineann an grúpa sin d'earraí nó de sheirbhísí ag teacht roimh gach grúpa, agus curtha i láthair in ord aicmí an aicmiúcháin sin.

Má íoctar an íocaíocht dá dtagraítear i mír 3, measfar gur iarraidh ar athnuachan é ar choinníoll go bhfuil gach léiriú riachtanach ann chun cuspóir na híocaíochta a fháil amach.

5.   I gcás ina dtíolactar an iarraidh nó ina n-íoctar na táillí maidir le roinnt de na hearraí nó na seirbhísí a gcláraítear an trádmharc de chuid AE i dtaca leo, agus do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin, déanfar an clárú a athnuachan do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin. Nuair nach bhfuil na táillí a íoctar leordhóthanach chun na haicmí earraí agus seirbhísí go léir a n-iarrtar athnuachan lena n-aghaidh a chumhdach, déanfar clárú a athnuachan más léir an aicme nó na haicmí atá le cumhdach. In éagmais critéir eile, cuirfidh an Oifig na haicmí san áireamh in ord a n-aicmiúcháin.

6.   Beidh éifeacht ag athnuachan ón lá tar éis dháta dhul in éag an chláraithe atá ann cheana. Clárófar an athnuachan.

7.   I gcás ina gcomhdaítear an iarraidh ar athnuachan laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 3, ach nach gcomhlíontar na coinníollacha eile don athnuachan dá bhforáiltear san Airteagal seo, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas i ndáil leis na heasnaimh a aimsíodh.

8.   Nuair nach gcuirtear isteach iarraidh ar athnuachan nó nuair a chuirtear isteach é tar éis don tréimhse dá bhforáiltear i mír 3 dul in éag, nó nuair nach n-íoctar na táillí nó nach n-íoctar iad go dtí tar éis don tréimhse sin dul in éag, nó nuair nach ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 7 a leigheas laistigh den tréimhse sin, cinnfidh an Oifig go bhfuil an clárú imithe in éag agus cuirfidh sí an méid sin in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE dá réir sin. Nuair atá cinneadh críochnaitheach tugtha, cealóidh an Oifig an marc ón gclár. Beidh feidhm ag an gcealú ón lá tar éis an lá a rachaidh an clárú atá ann in éag. Nuair nach ndéantar an clárú a athnuachan ach go bhfuil na táillí ar athnuachan íoctha cheana féin, aisíocfar na táillí sin.

9.   Féadfar iarratas amháin ar athnuachan a chur isteach maidir le dhá cheann nó níos mó de mhairc, ar na táillí riachtanacha a íoc do gach ceann de na mairc sin, ar choinníoll gurb ionann na dílseánaigh nó na hionadaithe i ngach cás.

Airteagal 54

Athrú

1.   Ní dhéanfar athrú ar an trádmharc de chuid AE sa Chlár le linn na tréimhse cláraithe ná ar athnuachan na tréimhse sin.

2.   Mar sin féin, i gcás ina bhfuil ainm agus seoladh an dhílseánaigh san áireamh sa 1 trádmharc de chuid AE, féadfar aon athrú orthu sin nach ndéanann difear substaintiúil do chéannacht an trádmhairc mar a cláraíodh ar dtús é a chlárú arna iarraidh sin don dhílseánach.

3.   Leis an iarraidh ar athrú, áireofar gné an mhairc atá le hathrú agus leagan athraithe na gné sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

4.   Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. Mura n-íocfar an táille, nó mura n-íocfar go hiomlán í, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don iarratasóir. Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú na gné céanna in dhá chlárú nó níos mó de chuid an dílseánaigh chéanna. Íocfar an táille riachtanach i ndáil le gach clárú atá le hathrú. Mura gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an gclarú a athrú, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura gceartófar an t-easnamh laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh.

5.   Beidh léiriú den trádmharc de chuid AE mar a athraíodh é sa chlárú ar athrú a fhoilseofar. Féadfaidh tríú páirtithe a bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag an athrú ar a gcearta cur i gcoinne an chláraithe laistigh den tréimhse trí mhí tar éis a fhoilsithe. Beidh feidhm ag Airteagal 46 agus Airteagal 47 agus ag rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 48 maidir le foilsiú chlárú an athraithe.

Airteagal 55

Athrú ar ainm nó seoladh

1.   Athrú ar ainm nó seoladh dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE nach athrú é ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 54(2) agus nach toradh é ar aistriú iomlán nó aistriú páirteach an trádmhairc sin de chuid AE, déanfar é, arna iarraidh sin don dílseánach, a thaifeadadh sa chlár.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú ar ainm nó seoladh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

2.   Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú ar ainm nó seoladh i ndáil le dhá cheann de chláruithe nó níos mó de chuid an dílseánaigh chéanna.

3.   I gcás nach mbeidh na ceanglais maidir le hathrú a thaifeadadh comhlíonta, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE. Mura gceartófar an t-easnamh laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh.

4.   Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 freisin maidir le hathrú ainm nó seoladh an ionadaí chláraithe.

5.   Beidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE. Déanfar an t-athrú a thaifeadadh sna comhaid a choinníonn an Oifig i ndáil leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE.

Airteagal 56

An clárú a roinnt

1.   Féadfaidh dílseánach an trádmhairc de chuid AE an clárú a roinnt trí dhearbhú a dhéanamh go mbeidh roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá mar chuid den mbunchlárú faoi réir roinn amháin nó níos mó den chlárú. Ní bheidh forluí idir na hearraí nó seirbhísí sa roinn den chlárú agus na hearraí nó seirbhísí a fhanfaidh sa bhunhclárú ná idir na cinn sin atá san áireamh i ranna eile den chlárú.

2.   Ní bheidh an dearbhú roinnte incheadaithe:

(a)

más rud é, i gcás ina ndearnadh iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta san Oifig i gcoinne an bhunchláraithe, go bhfuil d'éifeacht ag roinn den chlárú den sórt sin go dtugtar isteach roinn i measc na hearraí nó seirbhísí ar díríodh an t-iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta orthu, go dtí go mbeidh cinneadh an Rannáin Cealúcháin ina chinneadh críochnaitheach nó go dtí go mbeidh deireadh iomlán curtha leis na himeachtaí ar bhealach eile;

(b)

más rud é, i gcás ina ndearnadh frithéalamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta i gcás os comhair cúirte um thrádmharcanna de chuid AE, go bhfuil d'éifeacht ag roinn den chlárú den sórt sin go dtugtar isteach roinn i measc na hearraí nó seirbhísí ar díríodh an frithéileamh orthu, go dtí go ndéanfar tagairt do bhreithiúnas na cúirte um thrádmharcanna de chuid AE a thaifead sa Chlár de bhun Airteagal 128(6).

3.   Mura gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, nó i gcás ina bhfuil forluí idir an liosta earraí agus seirbhísí ar a bhfuil an clárú roinnte bunaithe agus na hearraí agus na seirbhísí a choimeádtar sa bhunchlárú, iarrfaidh an Oifig ar dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE na heasnaimh a leigheas laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas sula dtéann an tréimhse sin in éag, diúltóidh an Oifig don dearbhú roinnte.

4.   Beidh an dearbhú roinnte faoi réir táille. Measfar nach mbeidh an dearbhú déanta go dtí go mbeidh an táille íoctha.

5.   Rachaidh an roinn in éifeacht ar an dáta a chuirfear isteach sa Chlár í.

6.   Measfar gach iarraidh agus iarratas a rinneadh agus gach táille a íocadh i ndáil leis an mbunchlárú roimh an dáta ar a gheobhaidh an Oifig an dearbhú ar roinnt a bheith déanta nó íoctha freisin i ndáil leis an roinn den chlárú nó de na cláruithe. Ní dhéanfar na táillí don bhunchlárú a íocadh go cuí roimh an dáta a gheofar an dearbhú ar roinnt a aisíoc.

7.   Caomhnófar an dáta comhdaithe agus aon dáta tosaíochta agus sinsearachta de chuid an bhunchláraithe sa roinn den chlárú.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú maidir le roinnt cláruithe de bhun mhír 1;

(b)

na mionsonraí i ndáil leis an mbealach chun dearbhú maidir le roinnt cláruithe a phróiseáil, agus é á áirithiú go mbunófar comhad ar leith, lena n-áirítear cláruimhir nua, don roinn den chlárú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

CAIBIDIL VI

TABHAIRT SUAS, CÚLGHAIRM AGUS NEAMHBHAILÍOCHT

ROINN 1

Tabhairt suas

Airteagal 57

Tabhairt suas

1.   Féadfar trádmharc de chuid AE a thabhairt suas i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, nó i ndáil leo ar fad.

2.   Is i scríbhinn a chuirfidh dílseánach an trádmhairc in iúl don Oifig go bhfuil an trádmharc á thabhairt suas aige. Ní bheidh éifeacht aige go dtí go gcuirfear isteach sa Chlár é. An bhailíocht maidir le tabhairt suas trádmhairc de chuid AE a chuirtear in iúl don Oifig tar éis an t-iarratas chun an trádmharc sin a chúlghairm de bhun Airteagal 63(1) a chur isteach, beidh sé coinníollach ar dhiúltú nó tarraingt siar deiridh an iarratais chúlghairme sin.

3.   Ní iontrálfar an tabhairt suas ach amháin le comhaontú ó dhílseánach cirt, ar ceart é a bhaineann leis an trádmharc de chuid AE agus atá iontráilte sa Chlár. Más ceadúnas cláraithe atá ann, ní chuirfear an tabhairt suas isteach sa Chlár ach amháin i gcás go gcruthaíonn dílseánach an trádmhairc de chuid AE go bhfuil an ceadúnaí curtha ar an eolas aige nó aici maidir lena rún chun tabhairt suas. Déanfar iontráil an tabhairt suas tar éis na tréimhse trí mhí i ndiaidh an dáta a shásóidh an dílseánach an Oifig gur chuir sé nó sí a rún maidir le tabhairt suas in iúl don cheadúnaí, nó roimh dhul in éag na tréimhse sin, a luaithe a chruthóidh sé nó sí go bhfuil toiliú tugtha ag an gceadúnaí chuige sin.

4.   Mura gcomhlíontar na ceanglais maidir le tabhairt suas, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don dearbhóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don tabhairt suas a chur isteach sa Chlár.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú i ndáil le tabhairt suas de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus an cineál doiciméadachta atá riachtanach chun comhaontú tríú páirtí a bhunú de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

ROINN 2

Forais le cúlghairm a dhéanamh

Airteagal 58

Forais le cúlghairm a dhéanamh

1.   Dearbhófar cearta dhílseánach an trádmhairc de chuid AE a bheith cúlghairthe ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú:

(a)

más rud é, laistigh de thréimhse leanúnach cúig bliana, nár cuireadh an trádmharc i bhfíorúsáid san Aontas i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh ina leith é, agus nach bhfuil aon chúiseanna cearta ann don neamhúsáid; ní fhéadfaidh aon duine a éileamh, áfach, gur cheart cearta dílseánaigh i dtrádmharc de chuid AE a chúlghairm i gcás inar tosaíodh nó inar atosaíodh ar fhíorúsáid a bhaint as an trádmharc sa tréímhse idir an tréímhse cúig bliana a dhul in éag agus comhdú an iarratais nó an fhrithéilimh; déanfar neamhaird, áfach, de thosú nó atosú úsáide laistigh de thréimhse trí mhí roimh chomhdú an iarratais nó an fhrithéilimh a thosaigh ar a luaithe ar dhul in éag na tréimhse leanúnaí cúig bliana neamhúsáide, i gcás nach dtarlaíonn na hullmhúcháin don tosú nó don atosú ach amháin tar éis don dhílseánach teacht ar an eolas go bhféadfaí an t-iarratas nó an frithéileamh a chomhdú;

(b)

más rud é, mar thoradh ar ghníomhartha nó neamhghníomhaíocht an dhílseánaigh, gur éirigh an trádmharc ina ainm coiteann sa trádáil ar tháirge nó seirbhís ar cláraíodh ina leith é;

(c)

más rud é, mar thoradh ar an úsáid ar bhain dílseánach an trádmhairc as an trádmharc nó ar an úsáid a baineadh as lena thoiliú i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, go bhféadfadh sé go gcuirfeadh an trádmharc dallamullóg ar an bpobal, go háirithe maidir le cineál, cáilíocht nó tionscnamh geografach na n-earraí nó na seirbhísí sin;

2.   I gcás nach bhfuil na forais le cúlghairm na gceart ann ach i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an trádmharc de chuid AE, ní dhearbhófar cearta an dhílseánaigh a bheith cúlghairthe ach amháin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.

ROINN 3

Forais neamhbhailíochta

Airteagal 59

Dearbhfhorais neamhbhailíochta

1.   Dearbhófar trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú:

(a)

i gcás gur cláraíodh an trádmharc de chuid AE de shárú ar fhorálacha Airteagal 7;

(b)

i gcás go raibh an t-iarratasóir ag gníomhú de mheon mímhacánta nuair a rinne sé an t-iarratas ar an trádmharc a chomhdú.

2.   I gcás inar cláraíodh an 1 trádmharc de chuid AE shárú ar fhorálacha Airteagal 7(1)(b), (c) nó (d), ní fhéadfar é a dhearbhú a bheith neamhbhailí más rud é, i ngeall ar an úsáid a baineadh as, go bhfuair sé tréith shainiúil tar éis a chláraithe i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí lenar cláraíodh é.

3.   I gcás nach bhfuil na forais neamhbhailíochta ann ach i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an 1 trádmharc de chuid AE, ní dhearbhófar an trádmharc a bheith neamhbhailí ach amháin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.

Airteagal 60

Forais choibhneasta le neamhbhailíocht

1.   Dearbhófar trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú:

(a)

i gcás inarb ann do thrádmharc níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 nó i mír 5 den Airteagal sin;

(b)

i gcás inarb ann do thrádmharc amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin;

(c)

i gcás inarb ann do cheart níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin;

(d)

i gcás inarb ann d'ainmniúchán tionscnaimh níos luaithe nó do thásc geografach níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus i gcás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin.

Déanfar na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh ar dháta comhdaithe nó ar dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE.

2.   Dearbhófar 1 trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí freisin ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú i gcás ina bhféadfadh toirmeasc a bheith ar úsáid trádmhairc den sórt sin de bhun cirt níos luaithe faoi reachtaíocht an 2 Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena rialaítear a chosaint, agus go háirithe:

(a)

ceart chun ainm;

(b)

ceart chun léiriú pearsanta;

(c)

cóipcheart;

(d)

ceart maoine tionsclaíochta.

3.   Ní fhéadfar dearbhú a dhéanamh trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí i gcás ina dtolaíonn dílseánach cirt dá dtagraíter i mír 1 nó mír 2 go sainráite do chlárú an trádmhairc de chuid AE sula ndéantar an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an frithéileamh a sheoladh isteach.

4.   I gcás ina ndearna dílseánach ceann de na cearta dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 iarratas roimhe seo ar dhearbhú go bhfuil 1 trádmharc de chuid AE neamhbhailí nó i gcás ina ndearna sé frithéileamh in imeachtaí um shárú, ní fhéadfaidh sé iarratas nua ar dhearbhú neamhbhailíochta a sheoladh isteach ná frithéileamh a thaisceadh ar bhonn ceann eile de na cearta sin a d'fhéadfadh leas a bheith bainte as aige chun tacú lena chéad iarratas nó lena chéad fhrithéíleamh.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 59(3).

Airteagal 61

Teorannú mar thoradh ar thoiliú

1.   I gcás inar thoiligh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE, ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid san Aontas agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.

2.   I gcás inar thoiligh dílseánach trádmhairc is túisce amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó dílseánach comhartha eile is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(4), ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc níos luaithe nó an comhartha níos luaithe faoi chosaint, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe nó an comhartha eile níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ní bheidh dílseánach 1 trádmhairc is déanaí de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid an chirt is túisce, d'ainneoin nach bhféadfaí an ceart sin a agairt a thuilleadh i gcoinne an trádmhairc is déanaí de chuid AE.

ROINN 4

Iarmhairtí ar chúlghairm agus neamhbhailíocht

Airteagal 62

Iarmhairtí ar chúlghairm agus neamhbhailíocht

1.   Measfar nach raibh na héifeachtaí a sonraítear sa Rialachán seo ag an trádmharc de chuid AE, amhail ón dáta a chuirtear an t-iarratas ar chúlghairm nó an frithéileamh i bhfeidhm, a mhéid is go ndearnadh cearta an dílseánaigh a chúlghairm. Féadfar dáta is túisce, ar ar tharla ceann de na forais don chúlghairm, a shocrú sa chinneadh má iarrann ceann de na páirtithe sin.

2.   Measfar nach raibh na héifeachtaí a sonraítear sa Rialachán seo ag an 1 trádmharc de chuid AE, amhail ón tús, a mhéid is gur dearbhaíodh an trádmharc a bheith neamhbhailí.

3.   Faoi réir ag na forálacha náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh as damáiste arna dhéanamh ag faillí nó meon mímhacánta thar ceann dhílseánach an trádmhairc, nó a bhaineann le saibhriú éagórach, ní dhéanfaidh éifeacht chúlghabhálach chúlghairm nó neamhbhailíocht an trádmhairc difear do na nithe seo a leanas:

(a)

aon chinneadh maidir le sárú a bhfuil údarás mar chinneadh críochnaitheach faighte aige agus a forfheidhmíodh roimh an gcinneadh cúlghairme nó neamhbhailíochta;

(b)

aon chonradh a cuireadh i gcrích roimh an gcinneadh cúlghairme nó neamhbhailíochta, sa mhéid agus a ndearnadh é roimh an gcinneadh sin; féadfar aisíocaíocht a éileamh, áfach, a mhéid agus a bhfuil bonn cirt léi sna dálaí, ar shuimeanna a íocadh faoin gconradh ábhartha, ar fhorais an chothromais.

ROINN 5

Imeachtaí san Oifig maidir le cúlghairm nó neamhbhailíocht

Airteagal 63

Iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta

1.   Féadfar aon cheann díobh seo a leanas iarratas ar chúlghairm chearta dhílseánach 1 trádmhairc de chuid AE nó ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc neamhbhailí a chur faoi bhráid na hOifige:

(a)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 58 agus Airteagal 59, aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus aon ghrúpa nó comhlacht a cuireadh ar bhun chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhonaróirí, ar tháirgeoirí, ar sholáthraithe seirbhísí, ar thrádálaithe nó ar thomhaltóirí, a bhfuil de chumas aige ina ainm féin, faoi théarmaí an dlí lena rialaítear é, bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí;

(b)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 60(1), na daoine dá dtagraítear in Airteagal 46(1);

(c)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 60 (2), úinéirí na gceart is túisce dá dtagraítear san fhoráil sin nó na daoine atá i dteideal leas a bhaint as na cearta atá i gceist 2 faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Déanfar an t-iarratas a chomhdú i ráiteas réasúnaithe i scríbhinn. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go mbeidh an táille íoctha.

3.   Beidh iarratas ar chúlghairm nó iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta neamh-inghlactha más rud é go bhfuil an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE, amhail dá dtagraítear in Airteagal 123, i ndiaidh iarratas maidir leis an ábhar agus leis an gcúis chéanna caingne, agus lena mbaineann na páirtithe céanna, a bhreithniú de réir a thuillteanais féin agus go bhfuil údarás an chinnidh chríochnaithigh faighte ag cinneadh na hOifige nó ag cinneadh na cúirte sin i dtaca leis an iarratas sin.

Airteagal 64

An t-iarratas a scrúdú

1.   Sa scrúdú ar an iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta, tabharfaidh an Oifig cuireadh do na páirtithe, chomh minic agus is gá, tuairimí a chomhdú, laistigh de thréimhse a shocróidh an Oifig, maidir le cumarsáid ó na páirtithe eile nó cumarsáid atá eisithe aici féin.

2.   Má iarrann dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE amhlaidh, cuirfidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE, ar páirtí é sna himeachtaí neamhbhailíochta, cruthúnas ar fáil go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid AE, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann dílseánach an trádmhairc níos luaithe sin mar bhonn cirt lena iarratas nó lena hiarratas, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar an dáta sin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Más rud é, ar an dáta ar a comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar dháta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go raibh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana, cuirfidh dílseánach an trádmhairc níos luaithe de chuid AE cruthúnas ar fáil, ina theannta sin, go raibh na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 47(2) á gcomhlíonadh ar an dáta sin. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe, agus don chuid sin amháin, measfar, chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus i leith na coda sin amháin.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le trádmharcanna náisiúnta níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a), trí úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc náisiúnta níos luaithe cosanta a chur in ionad úsáid san 1 Aontas.

4.   Féadfaidh an Oifig, má mheasann sí gur oiriúnach seo, cuireadh a thabhairt do na páirithe réiteach cairdiúil a dhéanamh.

5.   Má nochtar sa scrúdú ar an iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta nár cheart an trádmharc a bheith cláraithe i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, nó i ndáil leo ar fad, déanfar cearta dhílseánach an 2 trádmhairc de chuid AE a aisghairm nó dearbhófar é a bheith neamhbhailí i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin. In aon chás eile diúltófar don iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta.

6.   Cuirfear taifead ar chinneadh na hOifige maidir leis an iarratas ar chúlgharim ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta isteach sa chlár a luaithe a bheidh sé ina chinneadh críochnaitheach.

Airteagal 65

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonrófar mionsonraí na nósanna imeachta lena rialaítear cúlghairm agus dearbhú neambhailíochta trádmhairc de chuid AE amhail dá dtagraítear in Airteagal 63 agus in Airteagal 64, chomh maith le haistriú trádmhairc atá cláraithe in ainm gníomhaire amhail dá dtagraítear in Airteagal 21.

CAIBIDIL VII

NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC

Airteagal 66

Cinntí atá faoi réir achomhairc

1.   Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne aon cheann de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 159 agus, i gcás inarb iomchuí, i bpointe (f) den Airteagal sin. Ní bheidh feidhm ag na cinntí sin ach amháin ó dháta éagtha thréimhse an achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 68. Beidh éifeacht fionraíochta ag comhdú an achomhairc.

2.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh ar chinneadh nach gcuireann deireadh le himeachtaí i ndáil le ceann de na páirtithe ach in éineacht le hachomharc ar an gcinneadh críóchnaitheach, ach amháin má cheadaítear achomharc ar leithligh faoin gcinneadh.

Airteagal 67

Daoine atá i dteideal achomharc a dhéanamh agus a bheith ina bpáirtithe in imeachtaí achomhairc

Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí a n-imreoidh cinneadh drochthionchar air achomharc a dhéanamh. Beidh aon pháirtithe eile sna himeachtaí ina bpáirtithe sna himeachtaí achomharc ipso jure.

Airteagal 68

Teorainn ama agus foirm an achomhairc

1.   Déanfar fógra achomhairc a chomhdú i scríbhinn ag an Oifig laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh. Measfar nach mbeidh an fógra comhdaithe go dtí go mbeidh an táille don achomharc íoctha. Déanfar an fógra a chomhdú i dteanga na n-imeachtaí inar glacadh an cinneadh faoi réir achomhairc. Laistigh de cheithre mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh, déanfar ráiteas a chomhdú i scríbhinn ina leagfar amach na forais maidir le hachomharc.

2.   In imeachtaí inter partes, féadfaidh an cosantóir cinneadh a lorg ina fhreagra nó ina freagra lena neamhnítear nó lena n-athraítear an cinneadh atá á chonspóid maidir le pointe nár ardaíodh san achomharc. Ní bheidh aon éifeacht le haighneachtaí den sórt sin i gcás ina gcuireann an t-achomharcóir deireadh leis na himeachtaí.

Airteagal 69

Athbhreithniú ar chinntí i gcásanna ex parte

1.   Más rud é gurb é an páirtí a rinne an t-achomharc a thaisceadh an t-aon pháirtí sa chaingean, agus ná mheasann an rannán arb é a chinneadh siúd atáthar ag cur ina aghaidh an t-achomharc a bheith inghlactha agus bonn cirt a bheith leis, ceartóidh an rannán sin a chinneadh.

2.   Mura ndéanfar an cinneadh a cheartú laistigh d'aon mhí amháin ón ráiteas ar na forais a fháil, cuirfear an t-achomhairc faoi bhráid an Bhoird Achomhairc gan mhoill, agus gan tuairim a thabhairt maidir lena thuillteanas.

Airteagal 70

Achomhairc a scrúdú

1.   Má tá an t-achomharc inghlactha, scrúdóidh an Bord Achomhairc an bhfuil sé incheadaithe nó nach bhfuil.

2.   Agus scrúdú á dhéanamh ar an achomharc, tabharfaidh an Bord Achomhairc cuireadh do na páirtithe, chomh minic agus is gá, tuairimí a chomhdú, laistigh de thréimhse a shocróidh an Bord Achomhairc dóibh, maidir le cumarsáid ó na páirtithe eile nó cumarsáid atá eisithe aige féin.

Airteagal 71

Cinntí i ndáil le hachomhairc

1.   Tar éis scrúdú a dhéanamh maidir leis an achomharc a bheith incheadaithe nó gan a bheith, déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh ar an achomharc. Féadfaidh an Bord Achomhairc aon chumhacht laistigh d'inniúlacht an rannáin a bhí freagrach as an gcinneadh a ndearnadh achomharc air a fheidhmiú, é sin nó an cás a tharchur chuig an rannán sin chun ionchúiseamh breise a dhéanamh air.

2.   Má dhéanann an Bord Achomhairc an cás a tharchur chun ionchúiseamh breise a dhéanamh air chuig an rannán a ndearnadh achomharc ar a chinneadh, beidh an rannán sin faoi cheangal ag an ratio decidendi céanna leis an mBord Achomhairc, sa mheéid agus gur ionann na fíricí.

3.   Ní bheidh éifeacht ag cinntí ón mBord Achomhairc ach amháin ó dháta na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 72(5) a bheith caite nó, más rud é go bhfuil caingean tugtha os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, amhail ón dáta a dhífear caingean den sórt sin nó ó dháta aon achomhairc a chomhdaítear leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne an chinnidh ón gCúirt Ghinearálta.

Airteagal 72

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

1.   Féadfar caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne chinntí na mBord Achomhairc maidir le hachomhairc.

2.   Féadfar an caingean a thabhair ar fhorais easpa inniúlachta, sárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta, sárú ar CFAE, sárú ar an Rialachán seo nó ar aon riail dlí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm nó le mí-úsáid cumhachta.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta chun an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní nó a athrú.

4.   Beidh an caingean oscailte d'aon pháirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a n-imríonn cinneadh an Bhoird drochthionchar air.

5.   Tabharfar an chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh ón mBord Achomhairc.

6.   Glacfaidh an Oifig gach beart is gá chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomhairc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.

Airteagal 73

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 208 lena sonrófar:

(a)

inneachar foirmiúil an fhógra achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 68 agus an nós imeachta i ndáil leis an achomharc a chomhdú agus a scrúdú;

(b)

inneachar foirmiúil agus foirm chinntí an Bhoird Achomhairc amhail dá dtagraítear in Airteagal 71;

(c)

aisíocaíocht tháillí an achomhairc amhail dá dtagraítear in Airteagal 68.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE CÓMHARCANNA AGUS MARCANNA DEIMHNIÚCHÁIN DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH

ROINN 1

Cómharcanna de chuid AE

Airteagal 74

Cómharcanna de chuid AE

1.   Is é a bheidh i gcómharc de chuid an Aontais Eorpaigh (“cómharc de chuid AE”) trádmharc de chuid AE a ndéantar cur síos den sórt sin air nuair a dhéantar an t-iarratas air agus atá in ann earraí nó seirbhísí de chuid comhaltaí an comhlachais ar dílseánach an mhairc é a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí de chuid gnóthas eile. Féadfaidh comhlachais de mhonaróirí, táirgeoirí, soláthraithe seirbhísí, nó trádálaithe, a bhfuil de chumas acu ina n-ainm féin, faoi théarmaí an dlí lena rialaítear iad, cearta agus oibleagáidí de gach cineál a bheith acu, conarthaí a dhéanamh nó gníomhartha eile dlí a chur i gcrích agus bheith ina bpáirtithe in imeachtaí dlí, chomh maith le daoine dlítheanacha arna rialú ag an dlí poiblí, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar chómharc de chuid AE.

2.   De mhaolú ar Airteagal 7(1)(c), féadfaidh comharthaí nó sonrúcháin a a fhéadfaidh feidhmiú, sa trádáil, chun tionscnamh geografach na n-earraí nó na seirbhísí bheith ina gcómharc de chuid AE de réir bhrí mhír 1. Ní fhágfaidh cómharc de chuid AE go mbeidh an dílseánach i dteideal toirmeasc a chur ar thríú páirtíúsáid a bhaint as comharthaí ná sonrúcháin den sórt sin mar chuid den trádáil, ar an gcoinníoll go mbainfidh sé úsáid astu i gcomhréir le cleachtais mhacánta i gcúrsaí tionsclaíocha nó tráchtála; go háirithe, ní dhéanfar marc den sórt sin a agairt i gcoinne tríú páirtí atá i dteideal ainm geografach a úsáid.

3.   Beidh feidhm ag Caibidil I go dtí Caibidil VII agus ag Caibidil IX go dtí Caibidil XIV maidir le cómharcanna de chuid AE sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo.

Airteagal 75

Rialacháin lena rialaítear úsáid cómharc de chuid AE

1.   Cuirfidh iarratasóir ar chómharc de chuid AE rialacháin isteach lena rialófar úsáid an chómhairc, laistigh de dhá mhí ón dáta comhdaithe.

2.   Sonrófar sna rialacháin, lena rialaítear úsáid, na daoine a údaraítear chun an marc a úsáid, na coinníollacha i dtaca le ballraíocht sa chumann agus, más ann dóibh, coinníollacha úsáide an mhairc, smachtbhannaí san áireamh. Leis na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc dá dtagraítear in Airteagal 74(2), údarófar d'aon duine ar de thionscnamh an limistéir gheografaigh lena mbaineann na hearraí nó seirbhísí atá aige bheith ina chomhalta den chomhlachas ar dílseánach an trádmhairc é.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sna rialacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 76

Diúltú don iarratas

1.   De bhreis ar na forais le haghaidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE a dhiúltú, dá bhforáiltear in Airteagal 41 agus Airteagal 42, diúltófar d'iarratas ar chómharc de chuid AE i gcás nach gcomhalltar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 74 nó Airteagal 75, nó i gcás ina bhfuil na rialacháin lena rialaítear úsáid ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

2.   Diúltófar d'iarratas ar chómharc de chuid AE freisin más rud é go bhféadfaí an pobal a chur amú maidir le saintréith nó sainbhrí an mhairc, go háirithe más dócha go samhlófaí rud leis seachas cómharc.

3.   Ní dhiúltófar d'iarratas má chomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais mhír 1 agus mhír 2, de thoradh ar leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid.

Airteagal 77

Tuairimí ó thríú páirtithe

I gcás ina gcuirtear tuairimí maidir le cómharc de chuid AE i scríbhinn faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 45, féadfar na tuairimí sin a bhunú freisin ar na forais áirithe ar ar cheart an t-iarratas ar chómharc de chuid AE a dhiúltú de bhun Airteagal 76.

Airteagal 78

Úsáid marcanna

Aon duine a úsáidfídh cómharc de chuid AE a bhfuil údarás aige lena úsáid, sásóidh sé ceanglais an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le húsáid trádmharcanna de chuid AE.

Airteagal 79

Leasú a dhéanamh ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an chómhairc de chuid AE

1.   Cuirfidh dílseánach cómhairc de chuid AE aon rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid faoi bhráid na hOifige.

2.   Ní dhéanfar tagairt don leasú sa Chlár i gcás nach gcomhlíonann na rialacháin leasaithe ceanglais Airteagal 75 nó i gcás a bhfuil ceann d'fhorais lena dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 76 ag baint leis.

3.   Féadfar tuairimí i scríbhinn a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 77 a chur isteach fosta maidir leis na rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid.

4.   Chun críocha cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní bheidh éifeacht ag leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid ach amháin amhail ón dáta a gcuirfear an tagairt don leasú isteach sa Chlár.

Airteagal 80

Daoine atá i dteideal caingean um shárú a thabhairt

1.   Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 25(3) agus (4) a bhaineann le cearta ceadúnaithe maidir le gach duine a bhfuil údarás aige cómharc de chuid AE a úsáid.

2.   Beidh dílseánach cómhairc de chuid AE i dteideal cúiteamh a éileamh ar son daoine a mbeidh an t-údarás acu chun an marc a úsáid i gcás go bhfuil damáiste fulaingthe acu de dhroim úsáid neamhúdaraithe an mhairc.

Airteagal 81

Forais le cúlghairm a dhéanamh

Amach ó na forais le cúlghairm a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 58, cúlghairfear na cearta atá ag dílseánach cómhairc de chuid AE, ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, más rud é:

(a)

nach nglacann an dílseánach bearta réasúnacha chun cosc a chur ar an marc a bheith á úsáid ar bhealach atá ar neamhréir le coinníollacha na húsáide, nuair is ann dóibh, a leagtar síos sna rialacháin lena rialaítear úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil leasuithe orthu luaite sa Chlár;

(b)

i ngeall ar an mbealach ar bhain an dílseánach úsáid as an marc, go bhféadfadh sé go gcuirfí an pobal amú sa bhealach dá dtagraítear in Airteagal 76(2);

(c)

gur luadh sa Chlár leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc de shárú ar Airteagal 79(2), mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc na forálacha sin, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú tuilleadh.

Airteagal 82

Forais neamhbhailíochta

Amach ó na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear in Airteagal 59 agus in Airteagal 60, dearbhófar go bhfuil cómharc de chuid AE atá cláraithe de shárú ar Airteagal 76 neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc ceanglais na bhforálacha sin, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú.

ROINN 2

Marcanna deimhniúcháin de chuid AE

Airteagal 83

Marcanna deimhniúcháin de chuid AE

1.   Is éard a bheidh i marc deimhniúcháin de chuid AE trádmharc de chuid AE a thuairiscítear sa chéill sin nuair a dhéantar iarratas ar an marc agus lena bhféadfar earraí nó seirbhísí, arna ndeimhniú ag dílseánach an mhairc, a idirdhealú i ndáil le hábhar, le modh monaraíochta na n-earraí nó feidhmíocht na seirbhísí, le cáilíocht, le cruinneas nó le saintréithe eile, seachas an tionscnamh geografach, ó earraí agus seirbhísí nach ndeimhnítear amhlaidh.

2.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear institiúidí, údaráis agus comhlachtaí a rialaítear le dlí poiblí, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar mharcanna deimhniúcháin de chuid AE ar choinníoll nach bhfuil gnó á dhéanamh ag duine den sórt sin lena ndéantar earraí nó seirbhísí den chineál atá le deimhniú a sholáthar.

3.   Beidh feidhm ag Caibidil I go dtí Caibidil VII agus ag Caibidil IX go dtí Caibidil XIV maidir le marcanna deimhniúcháin de chuid AE sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an Roinn seo.

Airteagal 84

Rialacháin lena rialaítear úsáid mairc deimhniúcháin de chuid AE

1.   Cuirfidh iarratasóir ar mharc deimhniúcháin de chuid AE rialacháin isteach laistigh de dhá mhí ón dáta comhdaithe, ar rialacháin iad lena rialaítear úsáid an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE.

2.   Sonrófar sna rialacháin, lena rialaítear úsáid, na daoine a údaraítear chun an marc a úsáid, na saintréithe a dheimhneofar leis an marc, an chaoi a dtástálfaidh an comhlacht deimhniúcháin na saintréithe sin agus an chaoi a maoirseoidh an comhlacht úsáid an mhairc. Sonrófar freisin sna rialacháin sin coinníollacha úsáide an mhairc, lena n-áirítear smachtbhannaí.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sna rialacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 85

Diúltú don iarratas

1.   De bhreis ar na forais le haghaidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE a dhiúltú, dá bhforáiltear in Airteagal 41 agus Airteagal 42, diúltófar d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE i gcás nach gcomhalltar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 83 agus Airteagal 84, nó i gcás ina bhfuil na rialacháin lena rialaítear úsáid ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

2.   Diúltófar d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE freisin más rud é go bhféadfaí an pobal a chur amú maidir le saintréith nó sainbhrí an mhairc, go háirithe más dócha go samhlófaí rud leis seachas marc deimhniúcháin.

3.   Ní dhiúltófar d'iarratas má chomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais mhír 1 agus mhír 2, de thoradh ar leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid.

Airteagal 86

Tuairimí ó thríú páirtithe

I gcás ina gcuirtear tuairimí ar mharc deimhniúcháin de chuid AE i scríbhinn faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 45, féadfar na tuairimí sin a bheith bunaithe freisin ar na forais áirithe ar ar cheart go ndiúltófaí d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE de bhun Airteagal 85.

Airteagal 87

Úsáid an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE

Aon duine a úsáidfidh marc deimhniúcháin de chuid AE a bhfuil údarás aige lena úsáid de bhun na rialachán lena rialaítear úsáid dá dtagraítear in Airteagal 84, sásóidh sé ceanglais an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le húsáid trádmharcanna de chuid AE.

Airteagal 88

Leasú a dhéanamh ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc deimhniúcháin de chuid AE

1.   Cuirfidh dílseánach an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE aon rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid faoi bhráid na hOifige.

2.   Ní dhéanfar tagairt do leasuithe sa Chlár i gcás nach gcomhlíonann na rialacháin arna leasú ceanglais Airteagal 84 nó i gcás a bhfuil ceann d'fhorais lena dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 85 ag baint leis.

3.   Féadfar tuairimí i scríbhinn i gcomhréir le Airteagal 86 a chur isteach fosta maidir leis na rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh éifeacht ag leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid ach amháin amhail ón dáta a gcuirfear an tagairt don leasú isteach sa Chlár.

Airteagal 89

Aistriú

De mhaolú ar Airteagal 20(1), ní fhéadfar marc deimhniúcháin de chuid AE a aistriú chuig duine dlítheanach ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh sé ceanglais Airteagal 83(2).

Airteagal 90

Daoine atá i dteideal caingean um shárú a thabhairt

1.   Ní bheidh i dteideal caingean um shárú a thabhairt ach dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE nó aon duine a bheidh údaraithe go sonrach aige nó aici chuige sin.

2.   Beidh dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE i dteideal cúiteamh a éileamh ar son daoine a mbeidh an t-údarás acu chun an marc a úsáid i gcás go bhfuil damáiste fulaingthe acu de dhroim úsáid neamhúdaraithe an mhairc.

Airteagal 91

Forais le cúlghairm a dhéanamh

De bhreis ar fhorais na cúlghairme dá bhforáiltear in Airteagal 58, cúlghairfear na cearta atá ag dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE, ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann an dílseánach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 83(2) a thuilleadh;

(b)

ní ghlacann an dílseánach bearta réasúnacha chun cosc a chur ar an marc deimhniúcháin de chuid AE a bheith á úsáid ar bhealach atá ar neamhréir le coinníollacha na húsáide a leagtar síos sna rialacháin lena rialaítear úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil leasuithe ina leith luaite sa Chlár;

(c)

mar gheall ar an mbealach ar bhain an dílseánach úsáid as an marc deimhniúcháin de chuid AE, tharlódh go gcuirfí an pobal amú sa bhealach dá dtagraítear in Airteagal 85(2);

(d)

luadh sa Chlár leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc deimhniúcháin de chuid AE de shárú ar Airteagal 88(2), mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc ceanglais an Airteagail sin, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú tuilleadh.

Airteagal 92

Forais neamhbhailíochta

De bhreis ar na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear in Airteagal 59 agus in Airteagal 60, dearbhófar go bhfuil marc deimhniúcháin de chuid AE a chláraítear de shárú ar Airteagal 85 neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc deimhniúcháin de chuid AE ceanglais Airteagal 85, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú.

Airteagal 93

Tiontú

Gan dochar d'Airteagal 139(2), ní dhéanfar iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE ná marc deimhniúcháin de chuid AE atá cláraithe a thiontú i gcás nach bhforáiltear le dlí náisiúnta an Bhallstáit do chlárú marcanna ráthaíochta nó deimhniúcháin de bhun Airteagal 28 de Threoir (AE) 2015/2436.

CAIBIDIL IX

NÓS IMEACHTA

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 94

Cinntí agus teachtaireachtaí na hOifige

1.   Luafar i gcinntí na hOifige na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Is ar chúiseanna agus fianaise amháin ar a raibh deis ag na páirtithe a gcuid tráchtanna a chur i láthair a bhunófar iad beag beann ar aon rud eile. I gcás ina dtionólfar imeachtaí béil os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfear an cinneadh in iúl i scríbhinn do na páirtithe.

2.   Léireofar roinn nó rannóg na hOifige in aon chinneadh, aon teachtaireacht nó aon fhógra ón Oifig mar aon le hainm an oifigigh nó ainmneacha na n-oifigeach atá ina gcúram. Beidh síniú an oifigigh sin nó na n-oifigeach sin orthu, nó, in ionad sínithe, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun roinn nó rannóg na hOifige agus ainm an oifigigh nó na n-oifigeach atá freagrach a shainaithint, nó úsáid a bhaint as sainaithint seachas séala, i gcás ina dtarchuirtear cinntí, teachtaireachtaí nó fógraí ón Oifig le facs nó le haon mhodhanna teicniúla cumarsáide eile.

3.   Cinntí de chuid na hOifige ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo le cur in iúl go bhfuil aon fhógra achomhairc le comhdú i scríbhinn leis an Oifig laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Tarraingeofar aird na bpáirtithe freisin, sa teachtaireacht sin, ar na forálacha a leagtar síos in Airteagal 66, in Airteagal 67 agus in Airteagal 68. Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomharc ar fáil.

Airteagal 95

Scrúdú na hOifige ar fhíorais as a stuaim féin

1.   In imeachtaí os a comhair scrúdóidh an Oifig na fíorais as a stuaim féin; in imeachtaí a bhaineann le forais choibhneasta le diúltú don chlárú, áfach, ní bheidh an Oifig in ann scrúdú a dhéanamh ach ar na fíorais, an fhianaise agus na hargóintí arna dtíolacadh ag na páirtithe agus ar an bhfaoiseamh arna iarraidh. Le linn imeachtaí neamhbhailíochta de bhun Airteagal 59, cloífidh an Oifig ina scrúdú leis na forais agus leis na hargóintí a thíolacann na páirtithe.

2.   Féadfaidh an Oifig neamhaird a dhéanamh d'fhíorais nó d'fhianaise nach gcuireann na páirtithe lena mbaineann faoina bráid in am trátha.

Airteagal 96

Imeachtaí ó bhéal

1.   Má mheasann an Oifig imeachtaí ó bhéal a bheith caoithiúil, eagrófar iad de bhun oifige nó ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí iad.

2.   Ní bheidh imeachtaí ó bhéal os comhair na scrúdaitheoirí, os comhair an Rannáin Freasúra agus os comhair na Ranna atá i bhfeighil ar an gClár oscailte don phobal.

3.   Beidh imeachtaí ó bhéal, lena n-áirítear an cinneadh a thabhairt, oscailte don phobal os comhair an Rannáin Cealúcháin agus os comhair na mBord Achomhairc, sa mhéad agus nach gcinneann an roinn a bhfuil na himeachtaí os a comhair cinneadh dá mhalairt i gcásanna ina bhféadfadh míbhuntáistí tromchúiseacha nach bhfuil bonn cirt leo dá ndéanfaí an pobal a ligean isteach, go háirithe míbhuntáistí do pháirtí sna himeachtaí.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le teangacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 146.

Airteagal 97

Fianaise a ghlacadh

1.   In aon imeachtaí os comhair na hOifige, beidh na modhanna seo a leanas i measc na modhanna chun fianaise a thabhairt nó a fháil:

(a)

éisteacht a thabhairt do na páirtithe;

(b)

iarrataí ar fhaisnéis

(c)

doiciméid agus samplaí fianaise a thíolacadh;

(d)

éisteacht a thabhairt d'fhinnéithe;

(e)

tuairimí saineolaithe;

(f)

ráitis i scríbhinn faoi mhionn nó faoi dhearbhasc nó a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu faoin dlí sa Stát ina ndéantar an ráiteas a ullmhú.

2.   Féadfaidh an roinn ábhartha duine dá baill a choimisiúnú chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a tugadh ar aird.

3.   Má mheasann an Oifig go bhfuil sé riachtanach go dtabharfadh páirtí, finné nó saineolaí fianaise a thabhairt ó bhéal, eiseoidh sí toghairm don duine lena mbaineann teacht os a comhair. Aon mhí amháin ar a laghad a sholáthrófar mar thréimhse fógra i dtoghairm den sórt sin ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn siad ar thréimhse níos giorra.

4.   Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin éisteacht d'fhinné nó do shaineolaí os comhair na hOifige. Beidh sé de cheart acu a bheith i láthair agus ceisteanna a chur ar an bhfinné nó ar an saineolaí.

5.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin méideanna na gcostas a bheidh le híoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí, maidir leis na costais a bhaineann le glacadh fianaise amhail dá dtagraítear san Airteagal seo.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a thabhairt.

Airteagal 98

Fógra a thabhairt

1.   Déanfaidh an Oifig, mar chuid den ghnáthchleachtas, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí agus faoi thoghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a gceaptar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith faoi fhorálacha eile de chuid an Rialacháin seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith.

2.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cé acu doiciméid a dtabharfar fógra ina leith trí litir chláraithe a mbeidh cruthúnas seachadta léi, cé is moite de na cinntí sin atá faoi réir teorann ama le haghaidh achomhairc agus toghairmeacha.

3.   Féadfar an fógra a thabhairt ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí mheán leictreonach. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinnfidh na mionsonraí maidir le meán leictreonach.

4.   I gcás ina bhfuil an fógra le tabhairt mar fhógra poiblí, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi a dtabharfar an fógra poiblí agus socróidh sé an dáta a dtosóidh an tréimhse míosa agus ar dhul in éag na tréimhse sin measfar go mbeidh fógra tugtha maidir leis an doiciméad.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 99

Caillteanas ceart a fhógairt

I gcás ina gcinnfidh an Oifig go gcailltear aon chearta de dheasca an Rialacháin seo nó de dheasca gníomhartha a glacadh de bhun an Rialacháin seo, gan aon chinneadh a bheith glactha, déanfaidh sí é sin a chur in iúl don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 98. Féadfaidh an duine sin cinneadh a iarraidh maidir leis an ábhar laistigh de dhá mhí tar éis fhógairt na teachtaireachta, má mheastar don duine sin gur cinneadh mícheart é cinneadh na hOifige. Ní ghlacfaidh an Oifig cinneadh den sórt sin ach amháin i gcás nach n-aontaíonn sé leis an duine a bhíonn á iarraidh; murach sin déanfaidh an Oifig a cinneadh a leasú agus cuirfidh sí an duine a iarrann an cinneadh ar an eolas faoi.

Airteagal 100

Teachtaireachtaí chuig an Oifig

1.   Féadfar teachtaireachtaí a dhírítear ar an Oifig a sheoladh go leictreonach. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh maidir lena mhéid agus is féidir na teachtaireachtaí sin a thaisceadh go leictreonach agus maidir leis na coinníollacha teicniúla faoina dtaiscfear iad.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil.

Airteagal 101

Teorainneacha ama

1.   Is i dtéarmaí blianta iomlána, míonna, seachtainí nó laethanta a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha. Ní bheidh fad na dteorainneacha ama níos lú ná aon mhí amháin agus ní bheidh sé níos mó ná sé mhí.

2.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nach ndéanfar gnáthphost a sheachadadh sa cheantar ina bhfuil an Oifig suite.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh ginearálta maidir le post a sheachadadh sa Bhallstát ina bhfuil an Oifig suite nó i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide atá inghlactha.

4.   Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil, amhail tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear cumarsáid chuí nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice-versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát lena mbaineann nó a bhfuil a n-oifig cláraithe suite sa Bhallstát sin, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu agus áit ghnó aige sa Bhallstát lena mbaineann, go cuirfear fadú go dtí dáta a shocróidh sé féin le gach teorainn ama a rachadh in éag murach sin an lá a dtosaíonn tarlú den sórt sin nó ina dhiaidh sin, ar teorainneacha ama iad a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Agus an dáta sin á chinneadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an té sin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Más rud é go dtéann an tarlú i bhfeidhm ar cheanncheathrú na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm aige i ndáil le gach páirtí sna himeachtaí.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na mionsonraí maidir le ríomh agus le fad na dteorainneacha ama.

Airteagal 102

Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú

1.   Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, aon earráidí teanga nó aon earráidí tras-scríofa agus aon dearmaid fhollasacha i gcinntí na hOifige, nó earráidí teicniúla is inchurtha ina leith agus trádmharc de chuid AE á chlárú aici nó agus an clárú á fhoilsiú aici.

2.   I gcás inarb é an dílseánach a iarrann go ndéanfar earráidí i gclárú trádmhairc de chuid AE nó i bhfoilsiú an chláraithe a cheartú, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 55.

3.   Foilseoidh an Oifig na ceartúcháin a dhéantar ar earráidí i gclárú trádmhairc de chuid AE agus i bhfoilsiú an chláraithe.

Airteagal 103

Cinntí a chúlghairm

1.   I gcás ina mbeidh iontráil sa Chlár déanta ag an Oifig nó i gcás ina mbeidh cinneadh glactha aici ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. I gcás nach mbeidh ach páirtí amháin sna himeachtaí agus go ndéanfaidh an iontráil nó an gníomh difear dá chearta, cinnfear cealú nó cúlghairm fiú mura raibh an earráid soiléir don pháirtí.

2.   Déanfaidh an roinn a rinne an iontráil nó a ghlac an cinneadh cealú nó cúlghairm amhail dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh ex officio nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sna himeachtaí. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ar glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseánach a bhfuil cearta aige maidir leis an trádmharc de chuid AE i dtrácht a chuirtear isteach sa Chlár. Coimeádfaidh an Oifig taifead d'aon chealú nó d'aon chúlghairm den sórt sin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear an nós imeachta maidir le cinneadh a chúlghairm nó maidir le hiontráil sa Chlár a chealú.

4.   Beidh an tAirteagal sin gan dochar do cheart na bpáirtithe achomharc a chur isteach faoi Airteagal 66 agus faoi Airteagal 72, nó don fhéidearthacht earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú faoi Airteagal 102. I gcás ina bhfuil achomharc curtha i gcomhad i gcoinne cinneadh ón Oifig a bhfuil earráid ann, beidh na himeachtaí achomhairc in éagmais aon chuspóra tráth a ndéanfaidh an Oifig a cinneadh a chúlghairm de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Sa chás deireanach sin, cúiteofar táille an achomhairc leis an achomharcóir.

Airteagal 104

Restitutio in integrum

1.   An t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach an trádmhairc de chuid AE nó aon pháirtí eile sna himeachtaí os comhair na hOifige nach raibh in ann, d'ainneoin an chúraim chuí a bhí de dhíth i ngeall ar na dálaí a bheith déanta, teorainn ama de chuid na hOifige a chomhlíonadh, déanfar a chearta a athbhunú, ar iarratas, más rud é go bhfuil sé mar iarmhairt ag an mbacainn roimh chomhlíonadh, de bhun fhorálacha an Rialacháin seo, go gcaillfear aon cheart nó aon mhodh sásaimh.

2.   Déanfar an t-iarratas a chomhdú i scríbhinn laistigh de dhá mhí ón tráth a baineadh an bhacainn roimh chomhlíonadh na teorann ama. Déanfar an gníomh nár cuireadh i gcrích a chur i gcrích laistigh den tréimhse sin Ní bheidh an t-iarratas inghlactha ach laistigh den bhliain go díreach tar éis tráth éaga na teorann ama nár cloíodh leis. I gcás nach gcuirtear isteach an iarraidh ar athnuachan ar an gclárú nó nach n-íoctar táille athnuachana, bainfear an tréimhse bhreise sé mhí dá bhforáiltear sa tríú abairt d'Airteagal 53(3) den tréimhse aon bhliain amháin.

3.   San iarratas, luafar na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus leagfar amach na fíorais ar a bhfuil sé ag brath. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go mbeidh an táille le haghaidh athbhunú na gceart íoctha.

4.   Is é an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomh nár cuireadh i gcrích a dhéanfaidh cinneadh faoin iarratas.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, in Airteagal 46(1) agus (3) agus in Airteagal 105.

6.   I gcás ina ndéanann iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach trádmhairc de chuid AE a chearta a athbhunú, ní fhéadfaidh sé a chearta a agairt i leith tríú páirtí a chuir earraí ar an margadh nó a sholáthair seirbhísí, de mheon macánta, faoi chomhartha atá comhionann leis an trádmharc de chuid AE, nó cosúil leis, le linn na tréimhse idir na cearta ar an iarratas nó sa trádmharc de chuid AE a chailliúint agus an tagairt faoi athbhunú na gceart sin a fhoilsiú.

7.   Féadfaidh tríú páirtí a fhéadfaidh leas a bhaint é féin as forálacha mhír 6, féadfaidh sé imeachtaí a thabhairt i gcoinne an chinnidh lena ndéantar cearta an iarratasóra ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánaigh 1 trádmhairc de chuid AE a athbhunú laistigh de thréimhse dhá mhí amhail ó dháta foilsithe na tagartha faoi athbhunú na gceart sin.

8.   Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo teorainn le ceart Ballstáit restitutio in integrum a dheonú i ndáil le teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus atá le comhlíonadh i leith údaráis an Stáit sin.

Airteagal 105

Leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí

1.   An t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach trádmhairc de chuid AE nó aon pháirtí eile sna himeachtaí os comhair na hOifige nach ndearna teorainn ama i ndáil leis an Oifig a chomhlíonadh, féadfaidh sé, arna iarraidh sin, leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí a fháil, ar choinníoll go mbeidh an gníomh a fágadh ar lár curtha i gcrích an tráth a ndéantar an t-iarraidh. Ní bheidh an iarraidh leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí inghlactha ach amháin má dhéantar í a chur faoi bhráid laistigh de dhá mhí ón tráth a chuaigh an teorainn ama nár comhlíonadh in éag. Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille as leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí íoctha.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 32, Airteagail 34(1), Airteagail 38(1), Airteagail 41(2), Airteagail 46(1) agus (3), Airteagal 53(3), Airteagal 68, Airteagal 72(5), Airteagal 104(2), agus Airteagal 139, ná maidir leis na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo ná maidir leis an teorainn ama chun sinsearacht a éileamh de bhun Airteagal 39 tar éis don iarratas a bheith curtha isteach.

3.   Is é an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomh nár cuireadh i gcrích a dhéanfaidh cinneadh faoin iarratas.

4.   I gcás ina nglacfaidh an Oifig leis an iarratas, measfar nár tharla na hiarmhairtí ar mhainneachtain cloí leis an teorainn ama. I gcás inar glacadh cinneadh sa tréimhse idir éag na teorann ama sin agus an iarraidh ar leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí, déanfaidh an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomh a fágadh ar lár athbhreithniú ar an gcinneadh agus, i gcás inar leor comhlíonadh an ghnímh sin féin a fágadh ar lár, glacfaidh sí cinneadh difriúil. Má chinneann an Oifig, tar éis an athbhreithnithe, nach n-éilítear an cinneadh bunaidh a athrú, dearbhóidh sí an cinneadh sin i scríbhinn.

5.   Má dhiúltaíonn an Oifig don iarratas, aisíocfar an táille.

Airteagal 106

Na himeachtaí a bhriseadh

1.   Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige:

(a)

i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an iarratasóra ar thrádmharc de chuid AE nó dhílseánaigh thrádmhairc de chuid AE nó an duine a údaraítear de réir an dlí náisiúnta gníomhú thar a cheann nó thar a ceann. Sa mhéid nach ndéanfaidh an bás nó an t-éagumas difear d'údarú ionadaí a cheaptar faoi Airteagal 120, ní bhrisfear na himeachtaí ach amháin ar iarraidh ón ionadaí sin;

(b)

i gcás ina mbeidh cosc ar an iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó ar dhílseánach trádmhairc de chuid AE, ar chúiseanna dlíthiúla de dhroim caingne in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige;

(c)

i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil ionadaí iarratasóra ar thrádmharc de chuid AE, nó dílseánaigh trádmhairc de chuid AE, nó i gcás ina mbeidh cosc ar an ionadaí sin, ar chúiseanna dlíthiúla de dhroim caingne in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige.

2.   Athchromfar ar imeachtaí os comhair na hOifige a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint díobh.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear socruithe mionsonraithe maidir leis na himeachtaí a atosú os comhair na hOifige.

Airteagal 107

Tagairt do phrionsabail ghinearálta

In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo nó i ngníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig san áireamh prionsabail an dlí nós imeachta a aithnítear go ginearálta sna Ballstáit.

Airteagal 108

Deireadh a chur le hoibleagáidí airgeadais

1.   Múchfar cearta na hOifige ar íocaíocht táille tar éis ceithre bliana ó dheireadh na bliana féilire ina raibh an táille dlite.

2.   Múchfar cearta i gcoinne na hOifige ar aisíocaíocht ar tháillí nó suimeanna airgid a íocadh de bhreis ar tháille tar éis ceithre bliana ó dheireadh na bliana féilire ina bhfuarthas an ceart.

3.   Brisfear an tréimhse a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2, sa chás atá cumhdaithe i mír 1, le hiarraidh ar íocaíocht na táille, agus sa chás atá cumhdaithe faoi mhír 2, le héileamh réasúnaithe i scríbhinn. Tosóidh an tréimhse arís láithreach má bhristear í agus tiocfaidh deireadh léi ar a dhéanaí sé bliana tar éis dheireadh na bliana inar thosaigh sí ar dtús, ach amháin más rud é go bhfuil tús curtha le himeachtaí breithiúnacha, idir an dá linn, chun an ceart a fhorfheidhmiú; sa chás sin tiocfaidh deireadh leis an tréimhse ar a luaithe aon bhliain amháin tar éis údarás mar chinneadh deiridh a bheith faighte ag an mbreithiúnas.

ROINN 2

Costais

Airteagal 109

Costais

1.   Is é an páirtí a chaillfidh in imeachtaí freasúra, in imeachtaí cúlghairme, in imeachtaí le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta nó in imeachtaí achomhairc a fhulaingeoidh na táillí a íocann an páirtí eile. Gan dochar d'Airteagal 146(7), fulaingeoidh an páirtí a chaillfidh na costais go léir a thabhaíonn an páirtí eile, ar costais iad atá bunriachtanach do na himeachtaí, lena n-áirítear taisteal agus cothú agus luach saothair d'ionadaí de réir bhrí Airteagal 120(1), laistigh de theorainneacha na scálaí a leagtar síos do gach catagóir costais sa ghníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Beidh na táillí a fhulaingeoidh an páirtí a chaillfidh teoranta do na táillí sin a íocann an páirtí eile i ndáil le cur i gcoinne, le hiarraidh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE agus i ndáil le hachomharc.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na huasrátaí do chostais atá riachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Agus méid mar sin á shonrú aige maidir le taisteal agus le costais chothaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an t-achar idir áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí, an ionadaí nó an fhinné nó an tsaineolaí agus an áit ina dtionólfar na himeachtaí béil, an chéim sa nós imeachta ag ar tabhaíodh na costais agus, a mhéid agus a bheidh costais na hionadaíochta de réir bhrí Airteagal 120(1) bainteach, an gá lena áirithiú nach mbainfidh an páirtí eile mí-úsáid as an oibleagáid atá ann na costais a fhulaingt ar chúiseanna oirbheartaíochta. Déanfar na costais chothaithe a ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (15) (“na Rialacháin Foirne” agus “Coinníollacha Fostaíochta” faoi seach).

Ní fhulaingeoidh an páirtí a chaillfidh na costais ach d'aon pháirtí freasúra amháin agus, i gcás inarb infheidhme, ach d'aon ionadaí amháin.

3.   Más rud é, áfach, go n-éiríonn le gach páirtí ar chinn áirithe agus go dteipeann orthu ar chinn eile, nó más gá ar chúiseanna cothromais, cinnfidh an Rannán Freasúra, an Rannán Cealúcháin nó an Bord Achomhairc cionroinnt eile a dhéanamh ar na costais.

4.   Is é an páirtí a chuireann deireadh leis na himeachtaí tríd an iarratas ar thrádmharc de chuid AE, an freasúra, an t-iarratas ar chúlghairm ceart, an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an t-achomharc a tharraingt siar, nó trí gan athnuachan a dhéanamh ar chlárú an trádmhairc de chuid AE nó trí thrádmharc de chuid AE a thabhairt a fhulaingeoidh na táillí agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile mar a cheanglaítear i mír 1 agus i mír 2.

5.   Más rud é nach dtéann cás ar aghaidh chun breithiúnais beidh na costais faoi lánrogha an Rannáin Freasúra, an Rannáin Cealúcháin nó an Bhoird Achomhairc.

6.   Má thugann na páirtithe réiteach ar chostais i gcrích os comhair an Rannáin Freasúra, an Rannáin Cealúcháin nó an Bhoird Achomhairc atá éagsúil ón réiteach dá bhforáiltear i mír 1 go mír 5, tabharfaidh an rannán lena mbaineann an comhaontú sin ar aird.

7.   Socróidh an Rannán Freasúra nó an Rannán Cealúcháin nó an Bord Achomhairc méid na gcostas a bheidh le híoc de bhun mhír 1 go mír 5 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh na costais atá le híoc teoranta do na táillí a íoctar leis an Oifig agus do na costais ionadaíochta. I ngach cás eile, is iad clárlann an Bhoird Achomhairc nó ball foirne de chuid an Rannáin Freasúra nó de chuid an Rannáin Cealúcháin a shocróidh, arna iarraidh sin, méid na gcostas a bheidh le híoc ar ais. Ní bheidh an iarraidh inghlactha ach amháin ar feadh tréimhse dhá mhí tar éis an dáta a mbeidh an cinneadh críochnaitheach, ar chinneadh é ar taisceadh iarratas lena aghaidh chun na costais a shocrú, agus beidh bille agus fianaise tacaíochta ag gabháil léi. Maidir leis na costais ionadaíochta de bhun Airteagal 120(1), beidh dearbhú ón ionadaí gur tabhaíodh na costais leordhóthanach. Maidir le costais eile, is leor a sochreidteacht a shuí. I gcás ina socrófar méid na gcostas de bhun na chéad abairte den mhír seo, dámhfar costais ionadaíochta ar an leibhéal a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo, beag beann ar cé acu ar tabhaíodh na costais go hiarbhír nó nár tabhaíodh.

8.   Maidir leis an gcinneadh i ndáil le costais a shocrú, ar chinneadh é ina sonrófar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, is féidir athbhreithniú a dhéanamh air le cinneadh ón Rannán Freasúra nó ón Rannán Cealúcháin nó ón mBord Achomhairc ar iarraidh a chomhdófar laistigh de mhí amháin ón dáta a dtugtar fógra faoi chostais a dhámhachtain. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go mbeidh an táille le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na gcostas íoctha. Déanfaidh an Rannán Freasúra, an Rannán Cealúcháin nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le costais a shocrú gan imeachtaí ó bhéal.

Airteagal 110

Cinntí lena socraítear méid na gcostas a fhorfheidhmiú

1.   Beidh aon chinneadh deiridh de chuid na hOifige lena socraítear méid na gcostas infhorfheidhmithe.

2.   Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát arb ina chríoch a dhéanfar é. Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Cuirfidh an t-údarás sin an t-ordú maidir leis an gcinneadh a fhorghníomhú i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh.

3.   Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i gceann an churtha i bhfeidhm de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.

4.   Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Ach beidh dlínse ag cúirteanna na tíre lena mbaineann ar ghearáin go bhfuil an forghníomhú á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.

ROINN 3

Faisnéis a fhéadfar a chur ar fáil don phobal agus d'údaráis na mBallstát

Airteagal 111

Clár de Thrádmharcanna AE

1.   Coimeádfaidh an Oifig Clár de thrádmharcanna AE a choimeádfaidh sí cothrom le dáta.

2.   Cuimseofar leis an gClár na hiontrálacha seo a leanas a bhaineann le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE agus le cláruithe trádmhairc de chuid AE:

(a)

dáta comhdaithe an iarratais;

(b)

uimhir chomhaid an iarratais;

(c)

dáta foilsithe an iarratais;

(d)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(e)

ainm agus seoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí amhail dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 119(3);

(f)

léiriú ar an marc, maille le tásca faoina chineál; agus, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an marc;

(g)

tásc ar na hearraí agus ar na seirbhísí trí bhíthin a n-ainmneacha;

(h)

sonraí maidir le héilimh ar thosaíocht de bhun Airteagal 35;

(i)

sonraí maidir le héilimh ar thosaíocht taispeántais de bhun Airteagal 38;

(j)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc níos luaithe chláraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 39;

(k)

ráiteas á rá go bhfuil an marc éirithe ina mharc leithleach mar gheall ar an úsáid a baineadh as, de bhun Airteagal 7(3);

(l)

tásc á léiriú gur cómharc é an marc;

(m)

tásc á léiriú gur marc deimhniúcháin é an marc;

(n)

an teanga ina ndearnadh an t-iarratas a chomhdú agus an dara teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir ina iarratas nó ina hiarratas, de bhun Airteagal 146(3);

(o)

an dáta inar cláraíodh an marc sa Chlár agus an chláruimhir;

(p)

ráiteas á rá gur eascair an t-iarratas as trasfhoirmiú ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, de bhun Airteagal 204 den Rialachán seo, mar aon le dáta an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3(4) de Phrótacal Mhaidrid nó an dáta ar taifeadadh síneadh críche an Aontais a rinneadh i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3b(2) de Phrótacal Mhaidrid agus, i gcás inarb iomchuí, dáta tosaíochta an chláraithe idirnáisiúnta.

3.   Beidh na hiontrálacha seo a leanas freisin sa Chlár, agus an dáta ar taifeadadh iontráil den sórt sin ag gabháil le gach iontráil:

(a)

athruithe ar ainm, ar sheoladh nó ar náisiúntacht dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE nó athrú ar an Stát ina bhfuil sainchónaí air nó uirthi nó ina bhfuil ceanncheathrú nó bunaíocht an dílseánaigh sin;

(b)

athruithe ar ainm nó ar sheoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí amhail dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 119(3);

(c)

i gcás ina gceaptar ionadaí nua, ainm agus seoladh gnó an ionadaí sin;

(d)

leasuithe agus athruithe ar an marc, de bhun Airteagal 49 agus de bhun Airteagal 54, agus ceartuithe ar earráidí;

(e)

fógra maidir le leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear an úsáid a bhaintear as an gcómharc de bhun Airteagal 79;

(f)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc níos luaithe chláraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 39, de bhun Airteagal 40;

(g)

aistrithe iomlána nó páirteacha de bhun Airteagal 20;

(h)

ceart in rem a chruthú nó a aistriú de bhun Airteagal 22, agus cineál an chirt sin in rem;

(i)

tobhach forghníomhaithe de bhun Airteagal 23 agus imeachtaí dócmhainneachta de bhun Airteagal 24;

(j)

ceadúnas a dheonú nó a aistriú de bhun Airteagal 25 agus, i gcás inarb infheidhme, cineál an cheadúnais;

(k)

clárú a athnuachan de bhun Airteagal 53, an dáta a mbeidh éifeacht aige agus aon srianta de bhun Airteagal 53(4);

(l)

taifead ar chinneadh maidir le dul in éag cláraithe de bhun Airteagal 53;

(m)

dearbhuithe aistarraingthe nó dearbhuithe géillte ó dhílseánach an mhairc de bhun Airteagal 49 agus Airteagal 57 faoi seach;

(n)

dáta taiscthe agus sonraí maidir le cur i gcoinne de bhun Airteagal 46, maidir le hiarratas de bhun Airteagal 63, nó maidir le frithéileamh i leith cúlghairme nó i leith dearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 128(4), nó sonraí maidir le hachomharc de bhun Airteagal 68;

(o)

dáta agus inneachar cinnidh maidir le cur i gcoinne, maidir le hiarratas nó le frithéileamh de bhun Airteagal 64(6) nó an tríú habairt d'Airteagal 128(6), nó maidir le hachomharc de bhun Airteagal 71;

(p)

taifead go bhfuarthas iarraidh ar thiontú de bhun Airteagal 140(2);

(q)

an t-ionadaí arna thaifeadadh de bhun phointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo a chealú;

(r)

sinsearacht mairc náisiúnta a chealú;

(s)

na nithe dá dtagraítear i bpointe (h), i bpointe (i) agus i bpointe (j) den mhír seo a mhodhnú nó a chealú ón gClár;

(t)

clárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 197 a chur in ionad an trádmhairc sin de chuid AE;

(u)

dáta agus líon na gcláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar an iarratas ar thrádmharc de chuid AE a cláraíodh mar thrádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 185(1);

(v)

dáta agus líon na gcláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 185(2);

(w)

iarratas a roinnt de bhun Airteagal 50 agus clárú a roinnt de bhun Airteagal 56, mar aon leis na nithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i dtaca leis an roinn de chlárú, mar aon le liosta earraí agus sheirbhísí an bhunchláraithe mar a leasaíodh é;

(x)

cinneadh nó iontráil sa Chlár a chúlghairm de bhun Airteagal 103, i gcás ina mbaineann an chúlghairm le cinneadh nó le hiontráil a foilsíodh;

(y)

fógra maidir le leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE de bhun Airteagal 88.

4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhfuil nithe seachas na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo le cur isteach sa Chlár, faoi réir Airteagal 149(4).

5.   Féadfar an Clár a choimeád i bhfoirm leictreonach. Déanfaidh an Oifig na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a bhailiú, a eagrú, a phoibliú agus a stóráil, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chun na gcríoch a leagtar síos i mír 8. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar shlí ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe lena iniúchadh.

6.   Cuirfear dílseánach trádmhairc de chuid AE ar an eolas maidir le haon athrú sa Chlár.

7.   Soláthróidh an Oifig sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe ón gClár arna iarraidh sin agus tar éis táille a íoc.

8.   Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais agus/nó na cláruithe a thuairiscítear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha a ghlacfar dá bhun a riaradh;

(b)

clár poiblí a choinneáil le go bhféadfaidh na húdaráis phoiblí agus na hoibreoirí eacnamaíocha é a iniúchadh agus le go mbeidh sé mar eolas dóibh, d'fhonn é a chur ar a gcumas na cearta a bhronntar orthu leis an Rialachán seo a fheidhmiú agus le go mbeidh siad ar an eolas maidir le réamhchearta tríú páirtithe; agus

(c)

tuarascálacha agus staidreamh a sholáthar lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.

9.   Is chun leas an phobail a mheasfar gurb iad na sonraí go léir, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhaineann leis na hiontrálacha i mír 2 agus le mír 3 agus beidh teacht ag gach tríú páirtí orthu. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, coinneofar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.

Airteagal 112

Bunachar sonraí

1.   De bhreis ar an oibleagáid Clár de réir bhrí Airteagal 111 a choinneáil, baileoidh an Oifig na sonraí go léir a sholáthair iarratasóirí nó aon pháirtí eile sna himeachtaí de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomhartha a ghlacfar dá bhun agus coinneoidh sí i mbunachar leictreonach sonraí iad.

2.   Féadfar go n-gcuimseofar sonraí pearsanta leis an mbunachar sonraí, thar na sonraí a chuimsítear leis an gClár de bhun Airteagal 111, sa mhéid go mbíonn gá le sonraí den sórt sin faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun. Déanfar na sonraí sin a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais agus/nó na cláruithe a thuairiscítear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha a ghlacfar dá bhun a riaradh;

(b)

teacht ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun na himeachtaí ábhartha a láimhseáil ar shlí níos fusa agus níos éifeachtúla;

(c)

teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí agus leis na páirtithe eile sna himeachtaí;

(d)

tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí leictreonach agus maidir leis an dóigh a ndéanfar a inneachar, seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 111, a chur ar fáil i bhfoirm mheaisín-inléite, lena n-áirítear an táille ar rochtain den sórt sin.

4.   Déanfar rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a theorannú agus ní dhéanfar sonraí den sórt sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite an pháirtí lena mbaineann.

5.   Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí sonraí pearsanta ar bith den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an trádmhairc de chuid AE nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith.

Airteagal 113

Rochtain ar líne ar chinntí

1.   Cuirfear cinntí na hOifige ar fáil ar líne mar fhaisnéis agus mar chomhairle don phobal i gcoitinne ar mhaithe le trédhearcacht agus le hintuarthacht. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí, ar glacadh an cinneadh dá mbarr, a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta a chumhdaítear leis an gcinneadh.

2.   Féadfaidh an Oifig breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta agus chúirteanna an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil ar líne, ar breithiúnais iad a bhaineann lena cúraimí chun feasacht an phobail a mhúscailt faoi ábhar maidir le maoin intleachtúil agus coinbhéirseacht chleachtas a chur chun cinn. Urramóidh an Oifig coinníollacha an fhoilsithe thosaigh i ndáil le sonraí pearsanta.

Airteagal 114

Iniúchadh na gcomhad

1.   Ní dhéanfar na comhaid a bhaineann le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE nár foilsíodh fós a chur ar fáil lena n-iniúchadh gan toiliú ón iarratasóir.

2.   Aon duine ar féidir leis a chruthú go bhfuil sé ráite ag iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE go ndéanfaidh sé na cearta faoin trádmharc a agairt ina choinne tar éis an trádmharc a bheith cláraithe, féadfaidh sé na comhaid a iniúchadh roimh fhoilsiú an iarratais sin agus gan toiliú ón iarratasóir.

3.   Tar éis an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE a fhoilsiú, féadfar na comhaid a bhaineann le hiarratas den sórt sin agus leis an trádmharc a eascraíonn as a iniúchadh arna iarraidh sin.

4.   I gcás ina ndéanfar na comhaid a iniúchadh de bhun mhír 2 nó mhír 3 den Airteagal seo, maidir le doiciméid a bhaineann le heisiamh nó le hagóid de bhun Airteagal 169, maidir le dréachtchinntí agus le dréacht-tuairimí, agus maidir le gach doiciméad inmheánach eile a mbaintear úsáid as chun cinntí agus tuairimí a ullmhú, mar aon le codanna den chomhad ar léirigh an páirtí lena mbaineann spéis ar leith iad a choinneáil faoi rún sula ndearnadh an iarraidh ar na comhaid a iniúchadh, mura bhfuil bonn cirt le hiniúchadh a dhéanamh ar cheann de na codanna sin den chomhad trí leasanna sáraitheacha, dlisteanacha an pháirtí lena mbaineann a shárú, féadfar iad a choinneáil siar ó iniúchadh.

5.   Is ar bhonn an doiciméid bhunaidh, nó cóipeanna de, nó ar bhonn modh teicniúil stórála, i gcás ina ndearnadh na comhaid a stóráil ar an mbealach sin, a dhéanfar iniúchadh ar chomhaid d'iarratais ar thrádmharc de chuid AE agus ar chomhaid de thrádmharcanna de chuid AE atá cláraithe. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin modh imscrúdaithe.

6.   I gcás ina ndéanfar na comhaid a iniúchadh mar a fhoráiltear i mír 7, measfar nach mbeidh an iarraidh ar na comhaid a iniúchadh déanta go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. Ní bheidh táille iníoctha más ar líne a dhéantar iniúchadh ar mhodhanna teicniúla stórála.

7.   Déanfar na comhaid a iniúchadh ar áitreabh na hOifige. Arna iarraidh sin, déanfar na comhaid a iniúchadh trí chóipeanna de na doiciméid chomhaid a eisiúint. Beidh eisiúint cóipeanna den sórt sin coinníollach ar tháille a íoc. Chomh maith leis sin, arna iarraidh sin, eiseoidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den iarratas ar thrádmharc de chuid AE ar an táille a íoc.

8.   Féadfar na comhaid a choinníonn an Oifig a bhaineann le cláruithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a iniúchadh arna iarraidh sin amhail ón dáta foilseacháin dá dtagraítear in Airteagal 190(1) i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo.

9.   Faoi réir na srianta dá bhforáiltear i mír 4, féadfaidh an Oifig, arna iarraidh sin, faisnéis a sheoladh ó aon chomhad de thrádmharc de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith nó de thrádmharc cláraithe de chuid AE, faoi réir táille a íoc. Mar sin féin, féadfaidh an Oifig a cheangal go ndéanfaí an comhad féin a iniúchadh má mheasann sí gurb iomchuí sin i bhfianaise chainníocht na faisnéise atá le soláthar.

Airteagal 115

Coimeád comhad

1.   Coimeádfaidh an Oifig comhaid aon nós imeachta a bhaineann le hiarratas ar thrádmharc nó clárú trádmhairc de chuid AE. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin bhfoirm a gcoimeádfar na comhaid sin inti.

2.   I gcás ina gcoimeádfar na comhaid i bhformáid leictreonach, coimeádfar na comhaid leictreonacha, nó na cóipeanna cúltaca díobh, thar thréimhse éiginnte. Déanfar na doiciméid bhunaidh a chuireann na páirtithe sna himeachtaí i gcomhad, agus atá mar bhonn do na comhaid leictreonacha sin, a dhiúscairt i ndiaidh tréimhse tar éis a ghlacfaidh an Oifig iad, agus saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tréimhse sin.

3.   I gcás ina gcoimeádfar, agus a mhéid a choimeádfar, comhaid nó codanna de na comhaid sin i bhfoirm nach foirm leictreonach í, coinneofar doiciméid nó ítimí fianaise ar cuid de na comhaid sin iad ar feadh cúig bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana ina ndiúltaítear an t-iarratas nó ina ndéanfar é a aistarraingt nó ina meastar an t-iarratas a bheith aistarraingthe, rachaidh clárú an trádmhairc sin de chuid AE in éag go hiomlán de bhun Airteagal 53, cláraítear an tabhairt suas iomlán den trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 57, nó bainfear an trádmharc sin de chuid AE go hiomlán den Chlár de bhun Airteagal 64(6) nó Airteagal 128(6).

Airteagal 116

Foilseacháin thréimhsiúla

1.   Seo a leanas a fhoilseoidh an Oifig go tréimhsiúil:

(a)

feasachán faoi Thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh ina mbeidh foilseacháin de na hiarratais agus de na hiontrálacha a dhéantar sa Chlár chomh maith le sonraí eile maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE nó cláruithe díobh a gceanglaítear a bhfoilsiú faoin an Rialachán seo nó ag gníomhartha a ghlactar dá bhun;

(b)

Iris Oifigiúil de chuid na hOifige ina mbeidh fógraí agus faisnéis de chineál ginearálta a eiseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith le haon fhaisnéis eile atá ábhartha don Rialachán seo nó dá chur i bhfeidhm.

Féadfar na foilseacháin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a thabhairt i gcrích trí mhodhanna leictreonacha.

2.   Is ar bhealach agus ar mhinicíocht a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhoilseofar Feasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh.

3.   Foilseofar an Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha na hOifige. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, áfach, go bhfoilseofar míreanna áirithe in Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

an dáta atá le glacadh mar an dáta foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh;

(b)

an tslí a ndéanfar na hiontrálacha maidir le clárú trádmharcanna a fhoilsiú, ar iontrálacha iad nach mbeidh athruithe iontu le hais fhoilsiú an iarratais;

(c)

na bealaí a bhféadfar eagráin d'Iris Oifigiúil na hOifige a chur ar fáil don phobal.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 117

Comhar riaracháin

1.   Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sa Rialachán seo nó sna dlíthe náisiúnta, tabharfaidh an Oifig agus cúirteanna nó údaráis na mBallstát cúnamh dá chéile, arna iarraidh sin, trí fhaisnéis a chur in iúl nó trí chomhaid a oscailt lena n-iniúchadh. I gcás ina n-osclaíonn an Oifig comhaid lena n-iniúchadh ag cúirteanna, ag Oifigí Ionchúisimh Phoiblí nó ag oifigí lárnacha maoine tionscail, ní bheidh an t-iniúchadh faoi réir na sriatha a leagtar síos in Airteagal 114.

2.   Ní ghearrfaidh an Oifig táillí as faisnéis a chur in iúl nó as tús a chur le comhaid le haghaidh iniúchta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe i dtaobh conas atá an Oifig agus údaráis na mBallstát le faisnéis a mhalartú eatarthu agus le comhaid a oscailt le haghaidh iniúchta, agus aird á tabhairt ar na srianta a bhfuil iniúchadh na gcomhad a bhaineann le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE nó le clárú trádmharc de chuid AE faoina réir, de bhun Airteagal 114, nuair a dhéanfar é a oscailt do thríú páirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 118

Foilseacháin a mhalartú

1.   Seolfaidh an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát chun a chéile, arna iarraidh seo agus dá n-úsáid féin, cóip amháin nó níos mó dá gcuid foilseachán faoi seach saor in aisce.

2.   Féadfaidh an Oifig comhaontuithe a chur i gcrích a bhaineann le malartú nó soláthar foilseachán.

ROINN 4

Uiríoll

Airteagal 119

Prionsabail ghinearálta an uiríll

1.   Faoi réir fhorálacha mhír 2, ní chuirfear iallach ar aon duine uiríoll a dhéanamh os comhair na hOifige.

2.   Gan dochar don dara habairt de mhír 3 den Airteagal seo, déanfar ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch os comhair na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 120(1) sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, seachas maidir le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú.

3.   Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Féadfaidh fostaí duine dhlítheanaigh lena mbaineann an mhír seo ionadaíocht a dhéanamh freisin ar dhaoine dlítheanacha eile a bhfuil naisc eacnamaíocha acu leis an gcéad duine dlítheanach, fiú mura bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha sin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine, de réir bhrí na míre seo, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú léi, ar údarú é atá le cur isteach sna comhaid.

4.   I gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt, ceapfar ionadaí coiteann.

Airteagal 120

Ionadaithe gairmiúla

1.   Ní fhéadfaidh ach na daoine seo a leanas tabhairt faoi ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha os comhair na hOifige:

(a)

cleachtóirí dlí atá cáilithe i gceann de Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus a bhfuil a n-áiteanna gnó laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid is go bhfuil sé de theideal acu, laistigh den Bhallstát sin, gníomhú mar ionadaí i gcúrsaí trádmhairc;

(b)

ionadaithe gairmiúla a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta atá á choimeád ag an Oifig don chuspóir sin.

Déanfaidh ionadaithe ag gníomhú dóibh os comhair na hOifige, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú leis a chuirfear isteach sna comhaid.;

2.   Aon duine nádúrtha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas, féadfar é nó í a chur ar liosta na n-ionadaithe gairmiúla:

(a)

más náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch an duine sin;

(b)

má tá áit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ag an duine sin nó má tá an duine sin fostaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(c)

má tá an duine sin i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in ábhair thrádmhairc os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na hoifige lárnaí maoine tionscail de chuid Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. I gcás, sa Stát lena mbaineann, nach bhfuil an teidlíocht coinníollach ar na ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí speisialta gairmiúla, na daoine a rinne iarratas lena bheith ar an liosta agus a ghníomhaíonn in ábhair thrádmhairc os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na n-oifigí lárnacha maoine tionscail sin, beidh siad ag gníomhú amhlaidh le cúig bliana anuas ar a laghad. Mar sin féin, daoine a bhfuil a gcáilíochtaí gairmiúla chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in ábhair thrádmhairc os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na n-oifigí lárnacha maoine tionscail sin sainaithinte go hoifigiúil i gcomhréir leis na rialacháin atá leagtha síos ag an Stát lena mbaineann, ní chuirfear de cheangal orthu bheith tar éis an ghairm a fheidhmiú.

3.   Déanfar an duine sin a chur leis an liosta arna iarraidh sin, agus deimhniú arna soláthar ag oifig lárnach maoine tionscail an Bhallstáit lena mbaineann ag gabháil leis an iarraidh, ar deimhniú é lena dtugtar le fios go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2 á gcomhlíonadh.

4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin díolúine a dheonú ón méid a leanas:

(a)

an ceanglas sa dara habairt de mhír 2(c), má thugann an t-iarratasóir cruthúnas gur bhain sé nó sí amach an cháilíocht riachtanach ar bhealach eile;

(b)

an ceanglas atá leagtha amach i mír 2(a) i gcás gairmithe ardcháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach i mír 2(b) agus (c).

5.   Féadfar duine a bhaint de liosta na n-ionadaithe gairmiúla arna iarraidh sin don duine sin nó nuair nach bhfuil sé ar chumas an duine sin a thuilleadh ionadaíocht a dhéanamh. Foilseofar na leasuithe a rinneadh ar liosta na n-ionadaithe gairmiúla in Iris Oifigiúil na hOifige.

Airteagal 121

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le ceapachán ionadaí choitinn amhail dá dtagraítear in Airteagal 119(4);

(b)

na coinníollacha faoina gcuirfidh na fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 119(3) agus na hionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 120(1) údarú sínithe i gcomhad leis an Oifig chun glacadh le hábhar an údaraithe sin agus ionadaíocht a dhéanamh air;

(c)

na himthosca faoina bhféadfar duine a bhaint de liosta na n-ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 120(5).

CAIBIDIL X

DLÍNSE AGUS NÓS IMEACHTA I gCAINGNE DLÍ A BHAINEANN LE TRÁDMHARC DE CHUID AN AE

ROINN 1

Cur i bhfeidhm rialacha Aontais ar dhlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála

Airteagal 122

Cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú na mbreithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála

1.   Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha an Aontais maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála i leith imeachtaí a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE agus le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE, agus i leith imeachtaí a bhaineann le caingne comhuaineacha agus caingne ina dhiaidh sin ar bhonn trádmharcanna de chuid an AE agus trádmharcanna náisiúnta chomh maith.

2.   I gcás imeachtaí i ndáil leis na caingne agus éilimh dá dtagraítear in Airteagal 124:

(a)

ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 ná Airteagal 6, ag pointí 1, 2, 3 agus 5 d'Airteagal 7 ná ag Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 25 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 faoi réir na dteorainneacha in Airteagal 125(4) den Rialachán seo;

(c)

beidh forálacha Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ar infheidhme iad i leith daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát infheidhme freisin i leith daoine nach bhfuil sainchónaí orthu in aon Bhallstát ach a bhfuil bunaíocht acu laistigh de Bhallstát.

3.   Áireofar le tagairtí sa Rialachán seo do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, nuair is iomchuí, an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála a rinneadh ar an 19 Deireadh Fómhair 2005.

ROINN 2

Díospóidí a bhaineann le sárú ar thrádmharcanna de chuid AE agus lena mbailíocht

Airteagal 123

Cúirt um thrádmharcanna de chuid AE

1.   Ainmneoidh na Ballstáit ina gcríocha an líon is teoranta is féidir de chúirteanna agus de bhinsí fiosrúcháin céadchéime agus dara céime, a dhéanfaidh na feidhmeanna arna sannadh dóibh faoin Rialachán seo.

2.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon athrú tar éis é a chur in iúl i dtaca le líon, ainm nó dlínse críochach na gcúirteanna atá san áireamh sa liosta cúirteanna um thrádmharcanna de chuid AE a gcuirfidh an Ballstát sin í nó é in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 95(2) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 124

Dlínse maidir le sárú agus bailíocht

Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna um thrádmharcanna de chuid AE:

(a)

le haghaidh gach caingne um shárú agus — má tá siad ceadaithe faoin dlí náisiúnta — le haghaidh gach caingne i ndáil le sáruithe arna mbagairt a bhaineann le trádmharc de chuid AE;

(b)

le haghaidh caingne i gcomhair dearbhú ar neamh-shárú, má tá siad ceadaithe faoin dlí náisiúnta;

(c)

le haghaidh gach caingne arna dtabhairt mar thoradh ar ghníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(2);

(d)

le haghaidh frithéilimh i leith cúlghairme nó i leith dearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc de chuid AE de bhun Airteagal 128.

Airteagal 125

Dlínse idirnáisiúnta

1.   Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo chomh maith le haon fhorálacha de chuid Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 is infheidhme de bhun Airteagal 122, tabharfar imeachtaí i ndáil leis na caingne agus éilimh dá dtagraítear in Airteagal 124 i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir nó, mura bhfuil sainchónaí air in aon cheann de na Ballstáit, ina bhfuil bunaíocht aige.

2.   Mura bhfuil sainchónaí ná bunaíocht ag an gcosantóir in aon cheann de na Ballstáit, tabharfar imeachtaí den sórt sin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an ngearánaí nó, mura bhfuil sainchónaí air in aon cheann de na Ballstáit, ina bhfuil bunaíocht aige.

3.   Mura bhfuil an sainchónaí sin ná an bhunaíocht sin ag an gcosantóir ná ag an ngearánaí, tabharfar imeachtaí den sórt sin i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú ag an Oifig.

4.   D'ainneoin fhorálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 má chomhaontaíonn na páirtithe go mbeidh dlínse ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE eile;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 má thagann an cosantóir i láthair ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE eile.

5.   Féadfar imeachtaí i leith na gcaingne agus na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 124, seachas na caingne ar dhearbhú ar neamh–shárú trádmhairc de chuid AE, féadfar iad a thabhairt freisin sna cúirteanna den Bhallstát ina ndearnadh an gníomh um shárú, nó inar ndearnadh bagairt ar an ghníomh um shárú, nó ina ndearnadh gníomh dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 126

Méid an dlínse

1.   Cúirt um thrádmharcanna de chuid AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 125(1) go (4), beidh dlínse aici i leith:

(a)

gníomhartha sáraithe a ndearnadh, nó a bagraíodh laistigh de chríoch aon cheann de na Ballstáit;

(b)

gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a rinneadh laistigh de chríoch aon cheann de na Ballstáit;

2.   Ní bheidh dlínse ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 125(5) ach i leith gníomhartha arna ndéanamh nó arna mbagairt laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ina bhfuil an chúirt sin suite.

Airteagal 127

Toimhde na bailíochta — Cosaint i ndáil leis na tuillteanais

1.   Caithfídh cúirt um thrádmharcanna de chuid AE le trádmharc de chuid AE mar thrádmharc bailí ach amháin má chuireann an cosantóir a bhailíocht i gceist le frithéileamh i gcomhair cúlghairme nó i gcomhair dearbhú neamhbhailíochta.

2.   Ní fhéadfar bailíocht trádmhairc de chuid AE a chur i gceist i gcaingean le haghaidh dearbhú ar neamhshárú.

3.   Sna gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 124, beidh pléadáil a bhaineann le cúlghairm an trádmhairc sin de chuid AE arna cur isteach ar bhealach eile seachas trí fhrithéileamh inghlactha i gcás ina maíonn an cosantóir go bhféadfaí an trádmharc sin de chuid AE a aisghairm mar thoradh ar easpa fíorúsáide ag an am nuair a tógadh an chaingean um shárú.

Airteagal 128

Frithéilimh

1.   Ní fhéadfar frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a bhunú ach ar na forais le haghaidh cúlghairme nó neamhbhailíochta atá luaithe sa Rialachán seo.

2.   Diúltóidh cúirt um thrádmharcanna de chuid AE frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta má tá cinneadh atá déanta ag an Oifig a bhaineann leis an ábhar céanna agus an cúis caingne chéanna agus lena mbaineann na páirtithe céanna tar éis a bheith ina chinneadh críochnaitheach idir an dá linn.

3.   Má thugtar an frithéileamh i gcaingean dlí nach bhfuil dílseánach an trádmhairc ina pháirtí ann cheana féin, cuirfear air an eolas é faoin méid sin agus féadfaidh sé dul isteach mar pháirtí sa chaingean i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach faoin dlí náisiúnta.

4.   Ní rachaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE ar cuireadh frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE i gcomhad léi ar aghaidh le scrúdú ar an bhfrithéileamh, seachas i gcás gurb amhlaidh gur chuir an páirtí leasmhar nó an chúirt an Oifig ar an eolas faoin dáta ar ar cuireadh an frithéileamh i gcomhad. Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis sin a thaifeadadh sa Chlár. Más rud é gur comhdaíodh iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE os comhair na hOifige sular comhdaíodh an frithéileamh, cuirfidh an Oifig an chúirt ar an eolas ina leith sin agus déanfaidh sí na himeachtaí a bhac i gcomhréir le hAirteagal 132(1) go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach faoin iarratas nó go ndéanfar an t-iarratas a tharraingt siar.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 64(2) go (5).

6.   Áit a bhfuil breithiúnas críochnaitheach tugtha ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE faoi fhrithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta trádmhairc de chuid AE, seolfaidh an chúirt nó aon pháirtí eile sna himeachtaí náisiúnta cóip den bhreithiúnas chuig an Oifig gan mhoill. Féadfaidh an Oifig nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis a iarraidh faoi tharchur den sórt sin. Luafaidh an Oifig an breithiúnas sa Chlár agus glacfaidh sí na bearta is gá chun cloí lena chuid oibríochtúil.

7.   Féadfaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE a éisteann a frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta bac a chur ar na himeachtaí ar iarratas ó dhílseánach an trádmhairc de chuid AE agus tar éis na páirtithe eile a éisteach agus féadfaidh sí iarraidh ar an gcosantóir iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de thréimhse arna cinneadh aici. Mura ndéanfar an t-iarratas laistigh den teorainn ama, leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh; measfar an frithéileamh a bheith tarraingthe siar. Beidh feidhm ag Airteagal 132(3).

Airteagal 129

An dlí is infheidhme

1.   Cuirfídh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2.   Cuirfidh an chúirt ábhartha um thrádmharcanna de chuid AE an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir le gach ábhar trádmhairc nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo.

3.   Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, cuirfidh 1 cúirt um thrádmharcanna de chuid AE i bhfeidhm na rialacha nós imeachta lena rialaítear caingean den chineál céanna a bhaineann le trádmharc náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an chúirt suite.

Airteagal 130

Smachtbhannaí

1.   I gcás ina bhfionnann cúirt um thrádmharcanna de chuid AE go ndearna an cosantóir sárú ar thrádmharc de chuid AE, nó gur bhagair sé sárú a dhéanamh air, eiseoidh sí ordú, ach amháin má tá cúiseanna speisianta ann gan sin a dhéanamh, lena gcuirtear toirmeasc ar an gcosantóir leanúint ar aghaidh leis na gníomhartha a sháraigh nó a sháródh an trádmharc de chuid AE. Déanfaidh sí na bearta sin freisin i gcomhréir lena dlí náisiúnta ar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonfar an toirmeasc sin.

2.   Chomh maith leis sin, féadfaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE bearta nó orduithe atá ar fáil faoin dlí is infheidhme agus a mheasann sí a bheith iomchuí i gcúinsí an cháis a chur i bhfeidhm.

Airteagal 131

Bearta sealadacha agus bearta cosanta

1.   Féadfar iarratas a dhéanamh leis na cúirteanna i mBallstát, lena n-áirítear cúirt um thrádmharcanna de chuid AE, ar na bearta sealadacha sin, bearta cosanta sáin áireamh, i ndáil le trádmharc de chuid AE nó iarratas ar thrádmharc de chuid AE a d'fhéadfadh a bheith ar fáil faoi dhlí an Stáit sin i ndáil le trádmharc náisiúnta, fiú más rud go bhfuil dlínse ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE de chuid Ballstáit eile, faoin Rialachán seo, i dtaca le substaint an ábhair.

2.   Beidh dlínse ag cúirt um thrádmharcanna de chuid AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 125(1), (2), (3) nó (4) chun bearta sealadacha agus bearta cosanta a dheonú a bheidh infheidhme, faoi réir aon nós imeachta maidir le haithint agus forghníomhú de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcríoch aon Bhallstáit. Ní bheidh dlínse den sórt sin ag aon chúirt eile.

Airteagal 132

Rialacha sonracha maidir le caingne gaolmhara

1.   Bacfaidh cúirt um thrádmharcanna de chuid AE atá ag éisteacht caingne dá dtagraítear in Airteagal 124 nach caingean le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta í, ach amháin má tá forais speisialta ann le leanúint ar aghaidh leis an éisteacht, dá stuaim féin tar éis na páirtithe a éisteacht nó arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, bacfaidh sí na himeachtaí i gcás ina bhfuil bailíocht an trádmhairc de chuid AE i gceist cheana féin os comhair cúirt um thrádmharcanna de chuid AE eile i ngeall ar fhrithéileamh nó i gcás ina bhfuil iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta comhdaithe cheana féin san Oifig.

2.   Bacfaidh an Oifig, agus iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta á éisteacht aici, ach amháin má tá forais speisialta ann le leanúint ar aghaidh leis an éisteacht, dá stuaim féin tar éis na páirtithe a éisteacht nó arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, bacfaidh sí na himeachtaí i gcás ina bhfuil bailíocht an 2 trádmhairc de chuid AE i gceist cheana féin i ngeall ar fhrithéileamh os comhair 1 cúirt um thrádmharcanna de chuid AE. Má iarrann ceann de na páirtithe sna himeachtaí os comhair na cúirte um thrádmharcanna de chuid AE é, áfach, féadfaidh an chúirt, tar éis na páirtithe eile sna himeachtaí sin a éisteacht, na himeachtaí a bhacadh. Leanfaidh an Oifig sa chás sin ar aghaidh leis na himeachtaí atá ar feitheamh os a comhair.

3.   I gcás ina mbacann an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE na himeachtaí féadfaidh sé ordú a dhéanamh ar bhearta sealadacha agus cosanta feadh an bhaic.

Airteagal 133

Dlínse cúirte um thrádmharcanna de chuid AE dara céime — Achomharc breise

1.   Beidh ábhar achomhairc chuig Cúirt dara céime um thrádmharcanna de chuid AE ag teacht ó bhreithiúnais na Cúirte céadchéime um thrádmharcanna de chuid AE i ndáil le himeachtaí a eascraíonn as na caingne agus na héilimh dá dtagraítear in Airteagal 124.

2.   Cinnfear na coinníollacha faoinar féidir achomharc a thaisceadh le Cúirt dara céime um thrádmharcanna de chuid AE faoin dlí náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an chúirt sin suite.

3.   Beidh na rialacha náisiúnta a bhaineann le hachomharc breise infheidhme i ndáil le breithiúnais na Cúirte dara céime um thrádmharcanna de chuid AE.

ROINN 3

Díospóidí eile a bhaineann le trádmharc de chuid AE

Airteagal 134

Forálacha forlíontacha maidir le dlínse cúirteanna náisiúnta nach cúirteanna um thrádmharcanna de chuid AE iad

1.   Laistigh den Bhallstát sin a bhfuil dlínse ag a chúirteanna faoi Airteagal 122(1), beidh dlínse ag na cúirteanna sin, a mbeadh dlínse ratione loci agus ratione materiae acu i gcás caingne a bhaineann le trádmharc náisiúnta atá cláraithe sa Bhallstát sin, as caingne nach iad na caingne dá dtagraítear in Airteagal 124 iad.

2.   Féadfar caingne a bhaineann le trádmharc de chuid AE, seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 124, nach bhfuil dlínse ag aon chúirt orthu faoi Airteagal 122(1) agus mír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a éisteach os comhair cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú ag an Oifig.

Airteagal 135

Oibleagáid na cúirte náisiúnta

Caithfidh cúirt náisiúnta atá ag déileáil le caingean a bhaineann le trádmharc de chuid AE, nach é an caingean dá dtagraítear in Airteagal 124 é, caithfidh sí leis an trádmharc de chuid AE mar thrádmharc bailí.

CAIBIDIL XI

ÉIFEACHTAÍ AR DHLÍTHE NA mBALLSTÁT

ROINN 1

Caingne sibhialta ar bhonn níos mó ná trádmharc amháin

Airteagal 136

Caingne sibhialta comhuaineacha agus caingne sibhialta ina dhiaidh sin ar bhonn trádmharcanna de chuid AE agus trádmharcanna náisiúnta

1.   Is gcás ina dtugtar caingne ar shárú a bhaineann leis an gcúis caingne chéanna agus idir na páirtithe céanna os comhair na gcúirteanna i mBallstát éagsúla, ceann amháin os comhair cúirte ar bhonn trádmhairc de chuid AE agus an ceann eile os comhair cúirte ar bhonn trádmhairc náisiúnta:

(a)

diúltóidh an chúirt nach í an chúirt ar tháinig caingean os a comhair ar dtús don dlínse dá stuaim féin i bhfabhar na cúirte ina bhfuil na trádmharcanna lena mbaineann comhionann agus bailí le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann. Féadfaidh an chúirt a cheanglófaí uirthi dlínse a dhiúltú a cuid imeachtaí a bhacadh más rud é go bhfuiltear ag cur in aghaidh dhlínse na cúirte eile;

(b)

féadfaidh an chúirt nach í an chúirt ar tháinig caingean os a comhair ar dtús a chuid imeachtaí a bhacadh i gcás ina bhfuil na trádmharcanna lena mbaineann comhionann agus bailí le haghaidh earraí nó seirbhísí atá cosúil lena chéile agus i gcás ina bhfuil na trádmharcanna lena mbaineann cosúil lena chíle agus bailí le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann nó cosúil lena chéile.

2.   Diúltóidh an chúirt a éisteann caingean ar shárú ar bhonn trádmharc de chuid AE don chaingean más rud é go bhfuil breithiúnas críochnaitheach ar na tuillteanais tugtha ar an gcúis caingne chéanna agus idir na páirtithe céanna ar bhonn trádmharc náisiúnta atá comhionann agus bailí le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann.

3.   Diúltóidh an chúirt a éisteann caingean ar shárú ar bhonn trádmharc náisiúnta don chaingean más rud é go bhfuil breithiúnas críochnaitheach ar na tuillteanais tugtha ar an gcúis caingne chéanna agus idir na páirtithe céanna ar bhonn trádmharc de chuid AE atá comhionann agus bailí le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 maidir le bearta sealadacha, bearta cosanta san áireamh.

ROINN 2

Dlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm chun críche toirmeasc a chur ar úsáid trádmharcanna de chuid AE

Airteagal 137

Toirmeasc ar thrádmharcanna de chuid AE a úsáid

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear, ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt, don cheart atá ann faoi dhlíthe na mBallstát chun éilimh ar shárú ar chearta níos luaithe laistigh de bhrí Airteagal 8 nó Airteagal 60(2) a agairt i ndáil le trádmharc de chuid AE níos déanaí a úsáid. Ní fhéadfar éilimh ar shárú ar chearta níos luaithe laistigh de bhrí Airteagal 8(2) agus (4) a agairt a thuilleadh, áfach, más rud é nach bhféadfadh dílseánach an trádmhairc níos luaithe iarratas a dhéanamh a thuilleadh ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí i gcomhréir le hAirteagal 61(2).

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear, ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt, don cheart chun imeachtaí a thabhairt faoi dhlí sibhialta, riaracháin nó coiriúil Ballstáit nó faoi fhorálacha dhlí an Aontais chun críche toirmeasc a chur ar úsáid trádmhairc de chuid AE sa mhéad agus go bhféadfaidh úsáid trádmhairc náisiúnta a thoirmeasc faoi dhlí an Bhallstáit sin nó faoi dhlí an Aontais.

Airteagal 138

Cearta a bhí ann roimhe is infheidhme i leith ceantair ar leith

1.   Féadfaidh dílseánach cirt níos luaithe nach bhfuil feidhm aige ach i gceantar ar leith cur i gcoinne úsáid an trádmhairc de chuid AE sa chríoch ina bhfuil a cheart cosanta sa mhéad agus a cheadaítear sin faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 a thuilleadh más rud é gur thoiligh dílseánach an chirt níos luaithe leis an trádmharc de chuid AE a bheith in úsáid sa chríoch ina bhfuil a cheart cosanta ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE de mheon mímhacánta.

3.   Ní bheidh dílseánach an trádmhairc de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid an chirt dá dtagraítear i mír 1 d'ainneoin nach bhféadfaí an ceart sin a agairt a thuilleadh i gcoinne an trádmhairc de chuid AE.

ROINN 3

Tiontú go hiarratas ar thrádmharc náisiúnta

Airteagal 139

Iarraidh an nós imeachta náisiúnta a chur i bhfeidhm

1.   Féadfaidh iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach trádmhairc de chuid AE a iarraidh go ndéanfaí a iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó a thrádmharc de chuid AE a thiontú ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta:

(a)

sa mhéid agus go ndiúltaítear don iarratas ar thrádmharc de chuid AE, go dtarraingítear siar é nó go measfar é a bheith tarraingthe siar;

(b)

sa mhéid agus a stadann an trádmharc de chuid AE d'eifeacht a bheith aige.

2.   Ní dhéanfar an tiontú:

(a)

i gcás ina ndearnadh cearta dhílseánach an trádmhairc de chuid AE a chúlghairm ar fhorais neamhúsáide, ach amháin más rud é gur cuireadh an trádmharc de chuid AE i mbun úsáide sa Bhallstát ina bhfuil an tiontú á iarraidh a mheasfaí a bheith ina fíorúsáid faoi dhlíthe an Bhallstáit sin;

(b)

chun críche cosanta i mBallstát ina bhfuil feidhm ag forais don chlárú a dhiúltú nó forais le haghaidh cúlghairme nó neamhbhailíochta, i gcomhréir le cinneadh na hOifige nó na cúirte náisiúnta, maidir leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó maidir leis an trádmharc de chuid AE.

3.   An t-iarratas ar thrádmharc náisiúnta a eascraíonn as iarratas ar thrádmharc de chuid AE a thiontú nó as trádmharc de chuid AE a thiontú, beidh aige, i ndáil leis an mBallstát lena mbaineann, an dáta comhdaithe nó an dáta tosaíochta atá ag an t-iarratas nó ag an trádmharc sin agus, nuair is iomchuí, sinsearacht trádmhairc de chuid an Stáit sin arna éileamh faoi Airteagal 39 nó Airteagal 40.

4.   I gcásanna ina measfar trádmharc de chuid AE a bheith tarraingthe siar, seolfaidh an Oifig cumarsáid chuig an iarratasóir ina socraítear tréimhse trí mhí ó dháta na cumarsáide sin inar féidir iarradh ar thiontú a chomhdú.

5.   I gcás ina ndéantar an t-iarratas ar trádmharc de chuid AE a tharraingt siar nó ina stadann an trádmharc de chuid AE d'éifeacht a bheith aige mar thoradh ar thabhairt suas a thaifeadadh nó gan an clárú a athnuachan, déanfar an iarraidh ar thiontú a chomhdú laistigh de thrí mhí ón dáta ar tarraingíodh siar an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar stad an trádmharc de chuid AE d'éifeacht a bheith aige.

6.   I gcás ina ndiúltaítear don iarratas ar thrádmharc de chuid AE de bhun chinneadh na hOifige nó i gcás ina stadann an trádmharc de chuid AE d'éifeacht a bheith aige mar thoradh ar chinneadh de chuid na hOifige nó cinneadh de chuid 3 cúirte um thrádmharcanna de chuid AE, déanfar an iarradh ar thiontú a chomhdú laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuair an cinneadh sin údarás mar chinneadh críochnaitheach.

7.   Rachaidh an éifeacht dá dtagraítear in Airteagal 37 in éag mura ndéanfar an iarraidh a chomhdú in am trátha.

Airteagal 140

Iarraidh ar thiontú a chur isteach, a fhoilsiú agus a tharchur

1.   Déanfar iarraidh ar thiontú a chomhdú leis an Oifig laistigh den tréimhse iomchuí de bhun Airteagal 139 (4), (5) nó (6), agus áireofar air léiriú ar na forais leis an tiontú i gcomhréir le hAirteagal 139(1)(a) nó (b), na Ballstáit a n-iarrtar an tiontú ina leith, agus na hearraí agus na seirbhísí atá faoi réir tiontaithe. Nuair a dhéantar iarraidh ar thiontú tar éis a mhainnítear an clárú a athnuachan, cuirfear tús leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 139(5) an lá tar éis an lae dheiridh ar a bhféadfaí an iarraidh ar athnuachan a chur i láthair de bhun Airteagal 53(3). Measfar nach mbeidh an iarraidh ar thiontú comhdaithe go dtí go mbeidh an táille tiontaithe íoctha.

2.   I gcás ina mbaineann an iarraidh ar thiontú le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE atá foilsithe cheana nó i gcás ina mbaineann an iarraidh ar thiontú le trádmharc de chuid AE, déanfar aon iarraidh mar sin a fhaightear a thaifeadadh sa Chlár agus déanfar an iarraidh ar thiontú a fhoilsiú.

3.   Seiceálfaidh an Oifig an gcomhlíonann an tiontú a iarradh na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe Airteagal 139(1), (2), (4), (5) agus (6), agus mír 1 den Airteagal seo, in éineacht leis na coinníollacha foirmiúla a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Mura gcomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear an iarraidh, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 139(2), diúltóidh an Oifig an iarraidh ar thiontú ar an mbonn go bhfuil sí neamh-inghlactha i ngach cás seachas maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil tiontú eisiata ina leith faoin bhforáil sin. I gcás nár íocadh an táille thiontaithe laistigh den tréimhse ábhartha trí mhí de bhun Airteagal 139(4), (5) nó (6), cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir nach meastar go ndearnadh an iarraidh ar thiontú a chomhdú.

4.   Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais trí thagairt do theanga Bhallstáit, eisiafar tiontú faoi Airteagal 139(2) i gcás na mBallstát uile a bhfuil an teanga sin mar cheann de na teangacha oifigiúla acu. Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad atá i bhfeidhm ar fud an Aontais nó mar gheall ar thrádmharc níos luaithe de chuid AE nó ceart maoine intleachtúla eile de chuid an Aontais, eisiafar tiontú faoi Airteagal 139(2) i gcás na mBallstát uile.

5.   I gcás ina gcomhlíonann an iarraidh ar thiontú na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tarchuirfidh an Oifig an iarraidh ar thiontú agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 111(2) chuig oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, a measadh an iarraidh a bheith inghlactha ina leith. Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas maidir le dáta an tarchurtha.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar thrádmharc cláraithe de chuid AE a thiontú ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta de bhun mhír 1;

(b)

na mionsonraí atá le bheith i bhfoilseachán na hiarrata ar thiontú de bhun mhír 2.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 141

Ceanglais fhoirmiúla i gcomhair tiontaithe

1.   Féadfaidh aon oifig lárnach maoine tionscail a ndéantar an iarraidh ar thiontú a tharchur chuici aon fhaisnéis bhreise a bhaineann leis an iarraidh, a chuireann ar chumas na hoifige sin cinneadh a dhéanamh maidir leis an trádmharc náisiúnta a eascraíonn ón tiontú, a fháil ón Oifig.

2.   Ní bheidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE ná trádmharc de chuid AE a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 140 faoi réir cheanglais fhoirmiúla an dlí náisiúnta atá éagsúil ó na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó sna gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo nó atá sa bhreis ar na ceanglais sin.

3.   Féadfaidh aon oifig lárnach maoine tionscail a ndéanfar an iarraidh a tharchur chuici a chur de cheangal go ndéanfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas, laistigh de thréimhse nach lú ná dhá mhí í:

(a)

an táille náisiúnta as iarratas a dhéanamh a íoc;

(b)

aistriúchán ar an iarraidh agus ar na doiciméid a ghabhann léi a chomhdú i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit atá i gceist;

(c)

seoladh le haghaidh seirbhíse a chur in iúl sa Stát atá i gceist;

(d)

macasamhail den trádmharc a sholáthar sa líon cóipeanna arna shonrú ag an Stát atá i gceist.

CAIBIDIL XII

AN OIFIG

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 142

Stádas dlíthiúil

1.   Is gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh san Oifig. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an Oifig; féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige ionadaíocht uirthi.

Airteagal 143

An fhoireann

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, ag na Coinníollacha Fostaíochta, agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do na Coinníollacha Fostaíochta sin maidir le foireann na hOifige, gan dochar d'Airteagal 166 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí na mBord Achomhairc.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta iasachta nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Oifig. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Oifig.

Airteagal 144

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidi agus Díolúintí an Aontais maidir leis an Oifig agus maidir lena foireann.

Airteagal 145

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na hOifige faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh an Chúirt Bhreithiúnais inniúil le breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna chur i gcrích ag an Oifig.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, slánóidh an Oifig, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a seirbhísigh ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh as an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith na hOifige faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta a bhaineann leo.

Airteagal 146

Teangacha

1.   Déanfar an t–iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú i dteanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

2.   Is iad an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Spáinnis teangacha na hOifige.

3.   Cuirfidh an t-iarratasóir teanga eile in iúl a bheidh ina teanga de chuid na hOifige a nglacfaidh sé léi mar theanga fhéideartha imeachtaí i dtaca le himeachtaí cur i gcoinne, cúlghairme nó neamhbhailíochta.

Más rud é gur comhdaíodh an t-iarratas i dteanga nach bhfuil ar cheann de theangacha na hOifige, déanfaidh an Oifig socrú chun an t-iarratas, mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 31(1), a aistriú go dtí an teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir.

4.   I gcás arb é an t–iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE an t–aon pháirtí in imeachtaí os comhair na hOifige, is í an teanga a úsáideadh vchun an t–iarratas ar thrádmharc de chuid AE a bheidh mar theanga na n-imeachtaí. Más rud é go ndearna an t-iarratas i dteanga nach ceann de theangacha na hOifige í, féadfaidh an Oifig cumarsáid i scríbhinn a sheoladh chuig an iarratasóir sa dara teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir san iarratas uaidh.

5.   Déanfar an fógra freasúra agus iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chomhdú i dteanga amháin de theangacha na hOifige.

6.   Gan dochar do mhír 5:

(a)

féadfar aon iarratas nó deimhniú maidir le trádmharc de chuid AE a chomhdú sa teanga a úsáidfear chun an t-iarratas ar an trádmharc sin de chuid AE a chomhdú nó sa dara teanga a chuireann an t-iarratasóir in iúl ina iarratas nó ina hiarratas;

(b)

féadfar aon iarratas nó deimhniú maidir le trádmharc cláraithe de chuid AE a chomhdú i gceann de theangacha na hOifige.

Mar sin féin, nuair a bheidh an t-iarratas á chomhdú trí úsáid a bhaint as aon fhoirm a chuireann an Oifig ar fáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 100(2), féadfar úsáid a bhaint as foirmeacha den sórt sin in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, ar choinníoll go bhfuil an fhoirm a cuireadh isteach i gceann amháin de theangacha na hOifige, a mhéid a bhaineann le gnéithe téacsúla.

7.   Más rud é gurb é an teanga a roghnaíodh, i gcomhréir le mír 5, don fhógra cur i gcoinne nó don iarratas ar chúlghairm nó neamhbhailíochta teanga an iarratais ar thrádmhairc nó an dara teanga a cuireadh in iúl an tráth a comhdaíodh an t-iarratas, is é an teanga sin a bheidh mar theanga na n-imeachtaí.

Más rud é nach é an teanga a roghnaíodh, i gcomhréir le mír 5, don fhógra cur i gcoinne nó don iarratas ar chúlghairm nó neamhbhailíochta teanga an iarratais ar thrádmhairc ná an dara teanga a cuireadh in iúl an tráth a comhdaíodh an t-iarratas, ceanglófar ar pháirtí atá ag cur i gcoinne nó an páirtí atá ag lorg cúlghairme nó neamhbhailíochta aistriúchán a sholáthar, ar a chostas féin, ar a iarratas i dteanga an iarratais ar thrádmharc, ar choinníoll gur teanga de chuid na hOifige í, é sin nó aistriúchán sa dara teanga a cuireadh in iúl tráth a comhdaíodh an t–iarratas. Déanfar an t-aistriúchán laistigh de mhí amháin ó dhul in éag na tréimhse freasúra nó ó dháta comhdaithe an iarratais ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta. Is é an teanga ar aistríodh an t-iarratas isteach inti a bheidh mar theanga na n-imeachtaí ansin.

8.   Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí cur i gcoinne, cúlghairme, neamhbhailíochta nó achomhairc comhaontú a dhéanamh go mbeidh teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais mar theanga na n-imeachtaí.

9.   Gan dochar do mhír 4 agus do mhír 8, agus mura bhforáiltear a mhalairt, féadfaidh aon pháirtí aon cheann de theangacha na hOifige a úsáid sna himeachtaí i scríbhinn os comhair na hOifige. Más rud é nach ionann an teanga a roghnaítear agus teanga na n-imeachtaí, cuirfidh an páirtí aistriúchán isteach sa teanga sin ar fáil laistigh de mhí amháin ón dáta a dtíolacfar an bundoiciméad. I gcás gurb é an t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE an t-aon pháirtí sna himeachtaí atá os comhair na hOifige agus nach ceann de theangacha na hOifige í an teanga a úsáidtear leis an iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chomhdú, féadfar an t-aistriúchán a chomhdú sa dara teanga a chuir an t-iarratasóir in iúl ina iarratas nó ina hiarratas freisin.

10.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an bealach ina ndeimhneofar aistriúcháin.

11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

a mhéid a fhéadfar doiciméid tacaíochta a bheidh le húsáid sna himeachtaí i scríbhinn a bheidh os comhair na hOifige a chomhdú i dteanga ar bith de chuid an Aontais agus an gá atá ann aistriúchán a chur ar fáil;

(b)

caighdeáin riachtanacha na n-aistriúchán atá le comhdú leis an Oifig.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 147

Foilsiú agus iontrálacha sa Chlár

1.   Foilseofar iarratas ar thrádmharc de chuid AE, mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 31(1), agus gach faiséis eile a fhorordaítear í a fhoilsiú faoin Rialachán seo nó faoi ghníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, foilseofar iad i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

2.   Déanfar gach iontráil i gClár i ngach teanga oifigiúil de chuid an 3 Aontais.

3.   I gcás amhrais, is é an téacs sa teanga de chuid na hOifige inar comhdaíodh an t–iarratas ar thrádmharc de chuid AE a bheidh barántúil. Más rud é gur comhdaíodh an t-iarratas i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais nach ceann de theangacha na hOifige í, is é an téacs sa dar teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir a bheidh barántúil.

Airteagal 148

Seirbhísí aistriúcháin

Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Oifig.

Airteagal 149

Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) maidir le doiciméid a choimeádann an Oifig.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanann an Oifig faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 tríd an Ombudsman Eorpach nó féadfaidh siad bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 faoi seach CFAE.

4.   Beidh próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Oifig faoi réir Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Airteagal 150

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Cuirfidh an Oifig na prionsabail slándála i bhfeidhm a chuimsítear i rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (18) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (19). Clúdóidh na prionsabail slándála, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

ROINN 2

Cúraimí na hOifige agus comhar chun coinbhéirseacht a chur chun cinn

Airteagal 151

Cúraimí na hOifige

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Oifig:

(a)

córas trádmharcanna AE a bhunaítear leis an Rialachán seo a riar agus a chur chun cinn;

(b)

córas deartha an Aontais Eorpaigh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh 6/2002 (20) a riar agus a chur chun cinn;

(c)

coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na dtrádmharcanna agus na ndearthaí a chur chun cinn, i gcomhar leis na hoifigí lárnacha maoine tionscail sna Ballstáit, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil;

(d)

na cúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(e)

na cúraimí a thugtar dó faoi Threoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

2.   Oibreoidh an Oifig i gcomhar le hinstitiúidí, le húdaráis, le comhlachtaí, le hoifigí maoine tionscail, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí neamhrialtais maidir leis na cúraimí a thugtar dó i mír 1.

3.   Féadfaidh an Oifig seirbhísí idirghabhála a chur ar fáil ar bhonn deonach chun cabhrú le páirtithe teacht ar réiteach cairdiúil.

Airteagal 152

Comhar chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn

1.   Oibreoidh an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar lena chéile chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na dtrádmharcanna agus na ndearthaí a chur chun cinn.

Gan dochar do mhír 3, clúdófar go háirithe na réimsí gníomhaíochta seo a leanas leis an gcomhar sin:

(a)

caighdeáin scrúdaithe choiteanna a fhorbairt;

(b)

bunachair sonraí choiteanna nó chomhcheangailte agus tairseacha coiteanna nó comhcheangailte a chruthú chun críocha comhairliúcháin, cuardaigh agus aicmithe ar fud an Aontais;

(c)

soláthar agus malartú leanúnach sonraí agus faisnéise, lena n-áirítear chun críocha na bunachair sonraí agus na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (b) a fhothú;

(d)

caighdeáin agus cleachtais choiteanna a bhunú, agus é mar aidhm idir-inoibritheacht a áirithiú idir nósanna imeachta agus córais ar fud an Aontais agus a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach;

(e)

comhroinnt faisnéise faoi chearta agus nósanna imeachta maoine tionscail, lena n-áirítear tacaíocht fhrithpháirteach do dheasca cabhracha agus d'ionaid faisnéise;

(f)

saineolas agus cúnamh teicniúil a mhalartú maidir leis na réimsí amhail dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e).

2.   Ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta tionscadail a shainiú agus a chomhordú, ar spéis leis an Aontas agus na Ballstáit iad maidir leis na réimsí amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6 agus iarrfaidh sé ar oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil páirt a ghlacadh sna tionscadail sin.

Cuimseoidh an sainmhíniú ar an tionscadal oibleagáidí agus freagrachtaí sonracha gach oifig maoine tionscail rannpháirteach de chuid na mBallstát, Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus hOifige. Rachaidh an Oifig i gcomhairle le hionadaithe na n-úsáideoirí go háirithe sna céimeanna a bhaineann le sainmhíniú na dtionscadal agus leis an meastóireacht ar a dtorthaí.

3.   Féadfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil diúltú a bheith páirteach ina gcomhar sna tionscadail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, nó an comhar sin a theorannú nó a chur ar fionraí go sealadach.

Agus úsáid á baint acu as na deiseanna dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, tabharfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil ráiteas i scríbhinn don Oifig ina míneofar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin uathu.

4.   Agus iad meáite ar a bheith rannpháirteach i dtionscadail áirithe, glacfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, gan dochar do mhír 3, ról éifeachtach sna tionscadail dá dtagraítear i mír 2 d'fhonn a áirithiú go ndéantar iad a fhorbairt, go bhfeidhmíonn siad agus go bhfuil siad idir-inoibritheach agus go gcoimeádfar cothrom le dáta iad.

5.   Cuirfidh an Oifig tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscadail dá dtagraítear i mír 2 a mhéid is gá chun rannpháirtíocht éifeachtach oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil sna tionscadail sin a áirithiú, chun críocha mhír 4. Féadfaidh an tacaíocht airgeadais a bheith i bhfoirm deontas agus ina ranníocaíochtaí comhchineáil. Ní sháróidh méid iomlán an mhaoiniúcháin 15 % d'ioncam bliantúil na hOifige. Is iad oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil tairbhithe na ndeontas. Féadfar deontais a bhronnadh gan ghlaonna ar thograí i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme don Oifig agus i gcomhréir le prionsabail na nósanna imeachta deontais atá i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (24).

6.   Comhoibreoidh an Oifig agus údaráis ábhartha inniúla na mBallstáit le chéile ar bhonn deonach chun múscailt feasachta a chur chun cinn maidir leis an gcóras trádmhairc agus an comhrac i gcoinne an ghóchumtha. Aireofar i gcomhar den sórt sin tionscadail a dhíríonn, go háirithe, ar chur chun feidhme caighdeán agus cleachtas seanbhunaithe agus ar ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a eagrú. Beidh an tacaíocht airgeadais do na tionscadail sin ina cuid den mhéid iomlán maoiniúcháin dá dtagraítear i mír 5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 go mír 5.

ROINN 3

Bord Bainistíochta

Airteagal 153

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar d'fheidhmeanna an Choiste um an mBuiséad i Roinn 5, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Bainistíochta:

(a)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Uachtarán i gcomhréir le hAirteagal 157(4)(c), clár oibre bliantúil na hOifige don bhliain dar gcionn a ghlacadh, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, agus clár oibre bliantúil a glacadh a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(b)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 157(4)(e) agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, clár straitéiseach ilbhliantúil don Oifig, lena n-áirítear straitéis na hOifige don chomhar idirnáisiúnta, a ghlacadh, tar éis malartaithe thuairimí idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an coiste ábhartha i bParlaimint na hEorpa, agus an clár straitéiseach ilbhliantúil a glacadh a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(c)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 157(4)(g), an tuarascáil bhliantúil a ghlacadh agus an tuarascáil a glacadh a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(d)

ar bhonn dréachta a bheidh curtha isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de réir Airteagal 157(4)(h), an plean beartais ilbhliantúil foirne a ghlacadh;

(e)

na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 152(2) a fheidhmiú;

(f)

na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 172(5) a fheidhmiú;

(g)

rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa na hOifige a chosc agus a bhainistiú a ghlacadh;

(h)

de réir mhír 2, i ndáil le baill foirne na hOifige, na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne maidir leis an Údarás Ceapacháin agus ag na Coinníollacha Fostaíochta maidir leis an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conarthaí Fostaíochta a Thabhairt i gCrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú;

(i)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(j)

liosta na n-iarrthóirí dá bhforáiltear in Airteagal 158(2) a tharraingt suas;

(k)

áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus ar na moltaí a eascraíonn as tuarascálacha agus as meastóireachtaí iniúchóireachta seachtracha nó inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 210, agus as imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF);

(l)

ní mór dul i gcomhairle leis sula nglacfar na treoirlínte maidir le scrúdú san Oifig agus sna cásanna eile a bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo;

(m)

tuairimí agus iarrataí ar fhaisnéis a sholáthar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Choimisiún má mheasann sé gur gá sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne agus le hAirteagal 142 de na Coinníollacha Fostaíochta, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, chun cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí údaráis cheapacháin sin a chur ar fionraí.

Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 154

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát, de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún agus d'ionadaí amháin ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith lena gcomhaltaí malartacha faoi seach.

2.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Airteagal 155

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta cathaoirleach agus leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an leaschathaoirleach ionad an chathaoirligh ex officio más rud é nach féidir leis an gcathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarmaí oifige an chathaoirligh agus an leaschathaoirligh. Féadfar na tréimhsí oifige a athnuachan aon uair amháin. Más amhlaidh, áfach, go dtagann deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta aon uair le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathrialach ar an dáta sin freisin.

Airteagal 156

Cruinnithe

1.   Is é cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a thionólfaidh a chuid cruinnithe.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sna díospóireachtaí, ach amháin i gcás ina gcinneann an Bord Bainistíochta a mhalairt.

3.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta ar a laghad uair amháin sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh a chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d'aon trian de na Ballstáit.

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta.

5.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí trí thromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh na gcinntí a chumhachtófar an Bord Bainistíochta a ghlacadh faoi Airteagal 153(1)(a) agus (b), Airteagal 155(1) agus Airteagal 158(2) agus (4). Sá dá chás sin beidh aon vóta amháin ag ceachtar comhalta.

6.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe.

7.   Is í an Oifig a sholáthróidh an rúnaíocht don Bhord Bainistíochta.

ROINN 4

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 157

Feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bainistíocht ar an Oifig. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Choiste um an mBuiséad, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas agus ní iarrfaidh ná ní thógfaidh sé nó sí treoracha ó rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil na hOifige.

4.   Beidh na feidhmeanna seo a leanas ach go háirithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bhféadfaí iad a tharmligean:

(a)

na céimeanna go léir is gá a ghlacadh, lena n-áirítear treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun feidhmiú na hOifige a áirithiú;

(b)

na cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

dréachtchlár oibre bliantúil lena léirítear acmhainní daonna agus airgeadais measta le haghaidh gach gníomhaíochta a ullmhú, agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

tograí a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta de bhun Airteagal 152(2);

(e)

dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil a ullmhú, lena n-áirítear straitéis na hOifige um chomhar idirnáisiúnta, agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus i ndiaidh malartú tuairimí leis an gcoiste ábhartha i bParlaimint na hEorpa;

(f)

an clár oibre bliantúil agus an clár straitéiseach ilbhliantúil a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

(g)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta le faomhadh;

(h)

dréachtphlean ilbhliantúil beartais foirne a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(i)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le hobair leantach ar imscrúduithe OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta;

(j)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is cuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, dhíréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;

(k)

straitéis frithchalaoise don Oifig a ullmhú agus í a chur i láthair an Choiste um an mBuiséad le faomhadh;

(l)

chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin a chinntiú, ceisteanna ar phointe dlí a chur faoi bhráid an Bhoird Achomhairc mhéadaithe (“an tArd-Bhord”), nuair is cuí, go háirithe má tá cinntí dibhéirseacha eisithe ag na Boird Achomhairc faoin bpointe;

(m)

meastacháin a tharraingt suas faoi ioncam agus faoi chaiteachas na hOifige agus an buiséad a chur chun feidhme;

(n)

na cumhachtaí a fheidhmiú a bheidh curtha ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh maidir le baill foirne an Bhoird Bainistíochta faoi Airteagal 153(1)(h);

(o)

na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar dó nó di faoi Airteagail 31(3), 34(5), 35(3), 94(2), 97(5), Airteagal 98, Airteagal 100, Airteagal 101, Airteagal 111(4), Airteagal 112(3), Airteagal 114(5), Airteagal 115, Airteagal 116, Airteagal 120(4), Airteagal 146(10), Airteagal 178, Airteagal 179(1) agus Airteagal 180(2), agus Airteagal 181 i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.

5.   Cabhróidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin nó níos mó leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé nó sí ar fáil, rachaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó duine amháin de na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ina ionad nó ina hionad i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta.

Airteagal 158

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a chur as oifig agus tréimhse oifige a shíneadh

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige faoi Airteagal 2(a) de na Coinníollacha Fostaíochta.

2.   Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Bord Bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Sula gceapfar é, féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh roimh aon choiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna óna chomhaltaí a fhreagairt. Chun críocha an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an Oifig.

Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón gComhairle ag gníomhú dó ar thogra ón mBord Bainistíochta.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Bord Bainistíochta faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin mar aon le cúraimí agus dúshláin na hOifige amach anseo.

4.   Féadfaidh an Chomhairle tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh aon uair amháin agus go ceann cúig bliana ar a mhéad, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh aici.

5.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh an téarma oifige fhoriomláin atá aige nó aici.

6.   Ceapfar nó cuirfear as oifig an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin mar a fhoráiltear dó i mír 2, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, nuair is infheidhme, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa. Cúig bliana a bheidh i dtréimhse oifige an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Chomhairle an téarma a shíneadh aon uair amháin go cúig bliana ar a mhéad, tar éis dul i gcomhairle leis an Leas-Stiúrthóir.

ROINN 5

Nósanna imeachta a chur chun feidhme

Airteagal 159

Inniúlacht

Chun cinntí a dhéanamh i ndáil leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, is iad seo a leanas a bheidh inniúil:

(a)

scrúdaitheoirí;

(b)

Rannáin Freasúra;

(c)

aon roinn atá i bhfeighil ar an gClár;

(d)

Rannáin Chealúcháin;

(e)

Boird Achomhairc;

(f)

aon aonad nó duine eile arna cheapadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá réir sin.

Airteagal 160

Scrúdaitheoirí

Beidh scrúdaitheoir freagrach as cinntí a dhéanamh thar ceann na hOifige i ndáil le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE a chlárú, lena n–áirítear na hábhair dá dtagraítear in Airteagail 41, 42, 76 agus 85, ach amháin sa mhéid agus atá Rannán Freasúra freagrach astu.

Airteagal 161

Rannáin Freasúra

1.   Beidh Rannán Freasúra freagach as cinntí a dhéanamh maidir le freasúra i gcoinne iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chlárú.

2.   Is grúpaí ar a mbeidh triúr comhaltaí a dhéanfaidh cinntí na Rannán Freasúra. Beidh cáilíocht dlí ag comhalta amháin ar a laghad. Déanfaidh comhalta aonair cinntí a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na cineálacha beachta cinntí a ghlacfaidh comhalta aonair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 162

Roinn atá i bhfeighil ar an gClár a choimeád

1.   Beidh an Roinn atá i bhfeighil ar an gClár freagrach as cinntí a ghlacadh i dtaobh iontrálacha sa Chlár.

2.   Beidh sí freagrach freisin as an liosta d'ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 120(2) a choimeád.

3.   Glacfaidh comhalta aonair cinntí na Roinne.

Airteagal 163

Rannáin Chealúcháin

1.   Beidh Rannán Cealúcháin freagrach as cinntí a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratais ar aisghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta maidir le trádmharc de chuid AE;

(b)

iarrataí go sannfar trádmharc de chuid AE mar a fhoráiltear dó in Airteagal 21.

2.   Is grúpaí ar a mbeidh triúr comhaltaí a dhéanfaidh cinntí na Rannán Cealúcháin. Beidh cáilíocht dlí ag comhalta amháin ar a laghad. Déanfaidh comhalta aonair cinntí a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta de réir mar a shonraítear sna gníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 161(2).

Airteagal 164

Inniúlacht Ghinearálta

Maidir le cinntí atá ina gceangal faoin Rialachán seo agus nach dtagann faoi inniúlacht scrúdaitheora, Rannáin Freasúra, Rannáin Cealúcháin nó na Roinne a bheidh i bhfeighil ar an gClár, glacfaidh aon oifigeach nó aon aonad atá ceaptha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na críche sin iad.

Airteagal 165

Boird Achomhairc

1.   Beidh na Boird Achomhairc freagrach as cinneadh faoi achomhairc ó chinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 160 go hAirteagal 164.

2.   Is triúr comhaltaí a dhéanfaidh cinntí na mBord Achomhairc, agus beidh cáilíocht dlí ag beirt acu ar a laghad. I gcásanna sonracha áirithe, is é 1 an tArd-Bhord, agus 2 Uachtarán na mBord Achomhairc ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air, nó comhalta aonair, a mbeidh cáilíocht dlí aige nó aici, a dhéanfaidh cinntí.

3.   D'fhonn na cásanna speisialta a chinneadh a thagann faoi dhlínse an Ard-Bhoird, ba cheart an deacracht dhlíthiúil nó tábhacht an cháis nó na n-imthoscaí speisialta a thugann údar maith leis a chur san áireamh. Féadfaidh na heintitis seo a leanas cásanna den sórt sin a tharchur chuig an Ard-Bhord:

(a)

údarás na mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 166(4)(a); nó

(b)

an Bord atá ag láimhseáil an cháis.

4.   Beidh an tArd-Bhord freagrach freisin as tuairimí réasúnaithe a thabhairt faoi cheisteanna dlí a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid de bhun Airteagal 157(4)(l).

5.   D'fhonn na cásanna sonracha a chinneadh a thagann faoi údaráis comhalta aonair, ba cheart an easpa deacrachtaí sna cúrsaí dlí nó fíorasacha arna n-ardú, tábhacht theoranta an cháis ar leith nó gan dálaí sonracha eile a bheith ann a chur san áireamh. Glacfaidh an Bord atá ag láimhseáil an cháis an cinneadh dá dtagraítear an cás a bhronnadh ar chomhalta aonair.

Airteagal 166

Neamhspleáchas chomhaltaí na mBord Achomhairc

1.   Ceapfar Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 158 um cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ar feadh téarma cúig bliana. Ní chuirfear as oifig iad le linn an téarma sin, ach amháin má tá cúiseanna tromchúiseacha ann le déanamh amhlaidh agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón institiúid a cheap iad, cinneadh chuige sin.

2.   Féadfar téarma oifige Uachtarán na mBord Achomhairc a shíneadh uair amháin ar feadh aon tréimhse bhreise amháin de chúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a fheidhmíocht nó ar a feidhmíocht roimhe sin.

3.   Féadfar téarma oifige chathaoirligh na mBord a shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin, agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc.

4.   Beidh na feidhmeanna bainistithe agus eagrúcháin seo a leanas ag Uachtarán na mBord Achomhairc:

(a)

cathaoirleacht a dhéanamh ar Praesidium na mBord Achomhairc (“an Praesidium”), atá freagrach as na rialacha a leagan síos agus as obair na mBord a eagrú;

(b)

cur chun feidhme chinntí an Praesidium a áirithiú;

(c)

cásanna a leithdháileadh don Bhord ar bhonn critéar oibiachtúil arna gcinneadh ag an Praesidium;

(d)

riachtanais chaiteachais an Bhoird a chur ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus é mar aidhm na meastacháin chaiteachais a cheapadh.

Is é Uachtarán na mBord Achomhairc a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Ard-Bhord.

5.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí na mBord Achomhairc ar feadh téarma cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin, agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc.

6.   Ní chuirfear comhaltaí na mBord Achomhairc as oifig ach amháin má tá cúiseanna tromchúiseacha lena dhéanamh agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh chuige sin tar éis don Bhord Bainistíochta an cás a chur faoina bráid ar mholadh ó Uachtarán na mBord Achomhairc, agus tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird a bhfuil an comhalta lena mbaineann air.

7.   Beidh Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh agus comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh siad faoi réir treoracha ar bith agus cinntí á nglacadh acu.

8.   Beidh cinntí a ghlacfaidh an tArd-Bhord maidir le hachomhairc nó tuairimí faoi cheisteanna dlí a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid de bhun Airteagal 165 ina gceangal ar chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 159.

9.   Ní bheidh Uachtarán na mBord Achomhairc ná cathaoirligh ná comhaltaí na mBord Achomhairc ina scrúdaitheoirí ná ina gcomhaltaí de na Rannáin Freasúra, den Roinn atá i bhfeighil ar an gClár ná de na Rannáin Chealúcháin.

Airteagal 167

Praesidium na mBord Achomhairc agus Praesidium an Ard-Bhoird

1.   Is iad a bheidh sa Praesidium Uachtarán na mBord Achomhairc, a dhéanfaidh cathaoirleacht air, cathaoirligh na mBord agus comhaltaí an Bhoird a thoghfaidh comhaltaí go léir na mBord as measc na gcomhaltaí sin, seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, do gach bliain féilire. Aon cheathrú de líon na gcomhaltaí Boird, seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, a thoghfar mar chomhaltaí ar an mBord ar an mbealach sin, agus déanfar an líon sin a shlánú suas más gá.

2.   Naonúr comhaltaí a bheidh ar an Ard-Bhord dá dtagraítear in Airteagal 165(2), lena n-áirítear Uachtarán na mBord Achomhairc, cathaoirligh na mBord, an rapóirtéir a ainmníodh sula ndearnadh é a tharchur chuig an Ard-Bhord, más infheidhme, agus comhaltaí a thógfar trí rothlú ó liosta ar a bhfuil ainmneacha chomhaltaí uile na mBord Achomhairc seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord.

Airteagal 168

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonrófar na mionsonraí a bhaineann le heagrú na mBord Achomharc, lena n-áirítear bunú agus ról an Praesidium, comhdhéanamh an Ard-Bhoird agus na rialacha faoi chásanna a tharchur chuige, agus na coinníollacha faoina bhfuil comhalta aonair le cinntí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 165(2) agus (5).

Airteagal 169

Eisiamh agus agóid

1.   Ní fhéadfaidh scrúdaitheoirí agus comhaltaí na Rannán arna mbunú laistigh de Oifig ná scrúdaitheoirí agus comhaltaí na mBord Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí má tá leas pearsanta acu iontu, nó más rud é go raibh baint acu leor roimhe seo mar ionadaithe ar cheann de na páirtithe. Ní bheidh páirt glactha i scrúdú an iarratais ag beirt den triúr comhaltaí de Rannán Freasúra. Ní fhéadfaidh comhaltaí den Rannán Cealúcháin páirt a ghlacadh in aon imeachtaí más rud é go raibh siad rannpháirteach sa chinneadh críochnaitheach ar an gcás sna himeachtaí don chlárú nó sna himeachtaí cur i gcoinne. Ní fhéadfaidh comhaltaí de na Boird Achomhairc páirt a ghlacadh sna himeahctaí achomhairc más rud é go raibh siad rannpháirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.

2.   Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna a luaitear i mír 1 nó ar chúis ar bith eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart dó páirt a ghlacadh in aon imeachtaí, cuirfidh sé é sin in iúl don Rannán nó don Bhord dá réir.

3.   Féadfaidh aon pháirtí cur i gcoinne scrúdaitheoirí agus chomhaltaí na Rannán nó comhaltaí Boird Achomhairc ar cheann de na cúiseanna a luaitear i mír 1, nó má tá amhras claontachta ina leith. Ní bheidh cur i gcoinne inghlactha más rud é, agus é ar an eolas faoi chúis le cur i gcoinne, go bhfuil céim nós imeachta tugtha ag an bpáirtí. Ní fhéadfaidh aon agóid a bheith bunaithe ar náisiúntacht scrúdaitheoirí ná náisiúntacht comhaltaí.

4.   Cinnfidh na Rannáin agus na Boird Achomhairc an gníomh a dhéanfar sna cásanna a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun críocha an cinneadh seo a dhéanamh, cuirfidh ionadaí an chomhalta a tharraingíonn siar nó ar cuireadh ina choinne ina áit sa Rannán nó ar an mBord Achomhairc.

Airteagal 170

Lárionad idirghabhála

1.   Chun críocha Airteagal 151(3), féadfaidh an Oifig Lárionad Idirghabhála a bhunú (“an Lárionad”).

2.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach úsáid a bhaint as seirbhísí an Lárionaid ar bhonn deonach agus é mar aidhm aige nó aici teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí, bunaithe ar an Rialachán seo nó ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

3.   Beidh na páirtithe in ann dul ar iontaoibh idirghabhála trí bhíthin iarraidh chomhpháirteach a chur isteach. Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille chomhfhreagrach íoctha. Socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an méid atá le gearradh i gcomhréir le hAirteagal 178(1).

4.   I gcás díospóidí atá faoi réir na n-imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Rannán Freasúra, na Rannán Cealúcháin nó os comhair Bhoird Achomhairc na hOifige, féadfar iarraidh chomhpháirteach ar idirghabháil a thíolacadh am ar bith tar éis d'fhógra freasúra, d'iarratas ar aisghairm nó d'iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó d'fhógra achomhairc i gcoinne chinntí na Rannán Freasúra nó Cealúcháin a bheith curtha isteach.

5.   Cuirfear na himeachtaí i dtrácht ar fionraí agus brisfear na tréimhsí ama, seachas na tréimhsí ama maidir le híocaíocht na táille is infheidhme, amhail ó dháta comhdaithe na hiarrata comhpháirtí ar idirghabháil. Leanfaidh na tréimhsí ama ar aghaidh arís amhail ón lá a gcuirfear tús leis na himeachtaí an athuair.

6.   Iarrfar ar na páirtithe idirghabhálaí a cheapadh i gcomhpháirt lena chéile, ón liosta dá dtagraítear i mír 12, agus é dearbhaithe aige nó aici go bhfuil máistreacht aige nó aici ar theanga na hidirghabhála i dtrácht. I gcás nach gceapann na páirtithe idirghabhálaí laistigh de 20 lá ó iarradh sin orthu, measfar gur theip ar an idirghabháil.

7.   Comhaontóidh na páirtithe agus an t-idirghabhálaí lena chéile i gcomhaontú idirghabhála socruithe mionsonraithe na hidirghabhála.

8.   Cuirfidh an t-idirghabhálaí deireadh leis na himeachtaí idirghabhála a luaithe a thiocfaidh na páirtithe ar chomhaontú maidir le réiteach, nó a luaithe a dhearbhóidh ceann de na páirtithe gur mian leis nó léi deireadh a chur leis an idirghabháil nó a luaithe a chinnfidh an t-idirghabhálaí gur theip ar na páirtithe teacht ar chomhaontú den sórt sin.

9.   A luaithe a bheidh deireadh curtha leis na himeachtaí idirghabhála, cuirfidh an t-idirghabhálaí na páirtithe agus comhlacht ábhartha na hOifige ar an eolas faoi.

10.   Beidh an plé agus an chaibidlíocht a dhéantar faoi chuimsiú na hidirghabhála faoi rún i gcás na ndaoine go léir atá páirteach san idirghabháil, go háirithe i gcás an idirghabhálaí, na bpáirtithe agus a n-ionadaithe. Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a thíolactar le linn na hidirghabhála, coimeádfar leo féin iad, agus ní bheidh siad ina gcuid de chomhad imeachtaí eile ar bith atá os comhair na hOifige.

11.   Déanfar an idirghabháil i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais atá le comhaontú ag na páirtithe. I gcás ina mbaineann an idirghabháil le díospóidí atá ar feitheamh os comhair na hOifige, déanfar an idirghabháil i dteanga imeachtaí na hOifige, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe a mhalairt.

12.   Bunóidh an Oifig liosta d'idirghabhálaithe a thacóidh le páirtithe agus díospóidí á réiteach acu. Beidh na hidirghabhálaithe neamhspleách agus beidh na scileanna agus an taithí ábhartha acu. Ar an liosta, féadfar a áireamh idirghabhálaithe atá fostaithe ag an Oifig agus idirghabhálaithe nach bhfuil fostaithe amhlaidh.

13.   Beidh idirghabhálaithe neamhchlaonta agus a gcuid dualgas á bhfeidhmiú acu agus dearbhóidh siad aon choinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, tar éis iad a ainmniú. Comhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 159, ní ghlacfaidh siad páirt in idirghabháil a bhaineann le cás:

(a)

ina raibh siad rannpháirteach cheana féin sna himeachtaí arna dtarchur chun idirghabhála;

(b)

ina bhfuil leas pearsanta acu sna himeachtaí sin; nó

(c)

lena raibh baint acu cheana féin mar ionadaí ar cheann amháin de na páirtithe.

14.   Ní ghlacfaidh idirghabhálaithe páirt, mar chomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 159, in imeachtaí a athosclaítear toisc gur theip ar idirghabháil.

15.   Féadfaidh an Oifig oibriú i gcomhar le comhlachtaí aitheanta eile, bíodh siad naisiúnta nó idirnáisiúnta, a phléann le hidirghabháil.

ROINN 6

An Buiséad agus rialú airgeadais

Airteagal 171

An Coiste um an mBuiséad

1.   Beidh na feidhmeanna a shanntar dó sa Roinn seo ag an gCoiste um an mBuiséad.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 154 agus Airteagal 155, Airteagal 156(1) go (4) agus (5), a mhéid a bhaineann sé leis an gcathaoirleach agus an leaschathaoirleach a thoghadh, agus Airteagal 156(6) agus (7) maidir leis an gCoiste um an mBuiséad.

3.   Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh na gcinntí a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoiste um an mBuiséad a ghlacadh faoi Airteagal 173(3) agus Airteagal 177. Sá dá chás beidh aon vóta amháin ag gach comhalta.

Airteagal 172

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige do gach bliain airgeadais agus léireofar iad i mbuiséad na hOifige. Beidh gach bliain airgeadais ar aon dul leis an mbliain féilire.

2.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad ar comhardú.

3.   Is é a bheidh san ioncam, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, na táillí iomlána is iníoctha faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, na táillí iomlána dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, na táillí iomlána is iníoctha, faoi Phrótacal Mhaidrid, le haghaidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas agus íocaíochtaí eile a dhéantar le Páirtithe Conarthacha i bPrótacal Mhaidrid, na táillí iomlána is iníoctha, faoi Ghníomh na Ginéive dá dtagraítear in Airteagal 106c de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, le haghaidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas agus íocaíochtaí eile a dhéantar le Páirtithe Conarthacha i nGníomh na Ginéive, agus, a mhéid is gá, fóirdheontas a chuirtear isteach i gcoinne ceannteideal áirithe de roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais.

4.   Gach bliain fritháireoidh an Oifig na costais a thabhaíonn oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus aon údarás ábhartha eile a ainmneoidh Ballstát, ar costais iad ar thoradh iad ar na cúraimí sonracha a chuireann siad i gcrích mar chodanna feidhmiúla de chóras trádmharcanna AE i gcomhthéacs na nósanna imeachta agus na seirbhísí seo a leanas:

(a)

imeachtaí freasúrachta agus neamhbhailíochta os comhair oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus lena mbaineann trádmharcanna de chuid AE;

(b)

faisnéis faoi fheidhmiú chóras trádmharcanna AE a sholáthar trí dheasca cabhrach agus ionaid faisnéise;

(c)

trádmharcanna de chuid AE a fhorghníomhú, lena n-áirítear gníomhaíocht a dhéantar de bhun Airteagal 9(4).

5.   Comhfhreagróidh fritháireamh foriomlán na gcostas a shainaithnítear i mír 4 do 5 % d'ioncam bliantúil na hOifige. Gan dochar don tríú fomhír den mhír seo, ar thogra ón Oifig agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an mBuiséad, cinnfidh an Bord Bainistíochta an eochair dháilte ar bhonn na dtásc córa, cothromasacha agus ábhartha seo a leanas:

(a)

líon bliantúil na n-iarratas ar thrádmharc de chuid AE arna dtionscnamh ag iarratasóirí i ngach Ballstát;

(b)

líon bliantúil na n-iarratas ar thrádmharc náisiúnta i ngach Ballstát;

(c)

líon bliantúil na bhfreasúraí agus na n-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chuir dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE isteach i ngach Ballstát;

(d)

líon bliantúil na gcásanna a tugadh os comhair na gcúirteanna um thrádmharcanna de chuid AE a d'ainmnigh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 123.

Chun críche bunús a thabhairt i ndáil leis na costais dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh na Ballstáit sonraí staidrimh faoi bhráid na hOifige faoin 31 Márta gach bliain lena léireofar na figiúirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír den mhír seo don bhliain roimhe sin, agus áireofar iad sa togra atá le cur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin.

Ar chúiseanna cothromais, na costais arna dtabhú ag na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 4 i ngach Ballstát, measfar go bhfuil siad ag freagairt do 2 % ar a laghad d'iomlán an fhritháirimh dá bhforáiltear faoin mír seo.

6.   An oibleagáid atá ar an Oifig na costais a fhritháireamh dá dtagraítear i mír 4 agus a tabhaíodh i mbliain ar leith, ní bheidh feidhm aici ach amháin a mhéid nach mbeidh easnamh buiséadach sa bhliain sin.

7.   I gcás barrachas buiséadach, agus gan dochar do mhír 10, ar thogra ón Oifig agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Bord Bainistíochta cur leis an gcéatadán a leagtar síos i mír 5 go dtí uasmhéid de 10 % d'ioncam bliantúil na hOifige.

8.   Gan dochar do mhír 4 go mír 7 agus do mhír 10 den Airteagal seo ná d'Airteagal 151 ná d'Airteagal 152, i gcás barrachas substainteach a ghinfear thar chúig bliana as a chéile, déanfaidh an Coiste um an mBuiséad, ar thogra ón Oifig agus i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gclár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 153(1)(a) agus (b), cinneadh le tromlach dhá thrian barrachas a ghinfear ón 23 Márta 2016 a aistriú chuig buiséad an Aontais.

9.   Ullmhóidh an Oifig, ar bhonn débhliantúil, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena staid airgeadais, lena n-áirítear maidir leis na hoibríochtaí airgeadais a dhéanfar faoi Airteagal 152(5) agus (6), agus faoi mhír 5 agus faoi mhír 7 den Airteagal seo. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid airgeadais na hOifige.

10.   Forálfaidh an Oifig do chúlchiste lena gcuimseofar bliain amháin dá caiteachas oibríochtúil chun leanúnachas a hoibríochtaí agus cur i bhfeidhm a cúraimí a áirithiú.

Airteagal 173

An buiséad a ullmhú

1.   Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meastachán d'ioncam agus caiteachas na hOifige don bhliain dar gcionn agus seolfaidh sé chuig an gCoiste um an mBuiséad é faoin 31 Márta ar a dhéanaí gach bliain, maille le liosta de phoist.

2.   Má tá foráil do fóirdheontas ón Aontas sna meastacháin don bhuiséad, cuirfidh an Coiste um an mBuiséad an meastachán ar aghaidh chuig an gCoimisiún láithreach, agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig údarás buiséadach an Aontais é. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a cheangal den mheastachán maille le meastachán malartach.

3   Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad an buiséad, buiséad ina mbeidh liosta de phoist na hOifige. Má tá fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais sna meastacháin ar an mbuiséad, déanfar buiséad na hOifige a leasú, más gá.

Airteagal 174

Iniúchóireacht agus rialú

1.   Déanfar feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chur ar bun laistigh den Oifig, ar feidhm í a bheidh le feidhmiú i gcomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha. Is é an t-iniúchóir inmheánach, arna cheapadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh freagrach dó chun oibriú cuí chórais cur chun feidhme buiséid agus nósanna imeachta buiséadacha na hOifige a fhíorú.

2.   Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach comhairle don 1 Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha ar cháilíocht córas bainistíochta agus rialaithe a eisiúint agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar na coinníollacha cur chun feidhme d'oibríochtaí agus trí bhainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn.

3.   Is ar an oifigeach údarúcháin a bheidh an fhreagracht as córais agus nósanna rialaithe inmheánaigh a chur i bhfeidhm a bheidh oiriúnach chun go gcuirfidh sé a chúraimí i gcrích.

Airteagal 175

Calaois a chomhrac

1.   Chun comhrac na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), aontóidh an Oifig do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 i ndáil le himscrúduithe inmheánacha agOLAF, agus glacfaidh sí na forálacha cuí is infheidhme d'fhostaithe uile na hOifige agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí, ar bhunús doiciméad agus ar an toirt, thar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón Oifig.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair, de réir na bhforálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (26) agus é mar aidhm a shocrú an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a théann i bhfeidhm ar leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh a mhaoiníonn an Oifig.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, cuimseoidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na hOifige forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

5.   Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad straitéis frithchalaoise atá i gcomhréir leis na rioscaí calaoise ag féachaint do chostas-tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme.

Airteagal 176

Iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais

1.   Faoin 31 Márta ar a dhéanaí i ngach blian, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais ar ioncam agus caiteachas iomlán na hOifge don bhliain airgeadais roimhe sin a tharchur chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gCoiste um an mBuiséid agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí iad i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

2.   Déanfaidh an Coiste um an mBuiséad urscaoileadh a thabhairt do Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid.

Airteagal 177

Forálacha airgeadais

Glacfaidh an Coiste um an mBuiséid, tar éis dó dul i gcomhairle le Cúirt Iniúchóiri agus leis an gCoimisiún, forálacha airgeadais inmheánacha ina sonrófar, go háirithe, an nós imeachta chun buiséad na hOifige a bhunú agus a chur chun feidhme. A mhéid is comhoiriúnach le cineál áirithe na hOifige, beidh na forálacha airgeadais bunaithe ar na rialacháin airgeadais arna nglacadh le haghaidh comhlachtaí eile arna mbunú ag an Aontas.

Airteagal 178

Táillí agus muirir agus dáta dlite

1.   Leagfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin síos an méid atá le gearradh le haghaidh seirbhísí ar bith a thugann an Oifig seachas na seirbhísí sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, mar aon leis an méid a ghearrfar le haghaidh Fheasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh, Iris Oifigiúil na hOifige agus aon fhoilseacháin eile a eisíonn an Oifig. Socrófar méideanna na muirear in euro agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Ní sháróidh méid gach muirir an méid atá riachtanach chun na costais as seirbhís shonrach a thabharfaidh an Oifig a chlúdach.

2.   Beidh na táillí agus na muirir, nach sonraítear an dáta dlite a bhaineann leo sa Rialachán seo, le híoc an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar an tseirbhís a ngearrfar an táille nó an muirear ina leith.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cén cheann de na seirbhísí a luaitear sa chéad fhomhír nach bhfuil le bheith ag brath ar réamhíocaíocht na dtáillí nó na muirear atá comhfhreagrach.

Airteagal 179

Táillí agus muirir a íoc

1.   Déanfar táillí agus muirir atá dlite don Oifig a íoc trí íocaíocht nó trí aistriú chuig cuntas bainc atá i seilbh na hOifige.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a shuíomh cé hiad na modhanna sonracha íocaíochta a fhéadfar a úsáid, seachas iad siúd a leagtar amach sa chéad fhomhír, go háirithe trí mheán taiscí i gcuntais reatha atá i seilbh na hOifige.

Maidir le cinntí a dhéanfar de bhun an dara fomhír, foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige.

I gcás na n-íocaíochtaí go léir, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanfar trí aon mhodh eile a bhunófar de bhun an dara fomhír, déanfar iad in euro.

2.   Léireofar le gach íocaíocht ainm an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus beidh an fhaisnéis is gá ag gabháil léi le cur ar chumas na hOifige críoch na híocaíochta a shuíomh láithreach. Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:

(a)

nuair a íocfar an táille iarratais, cuspóir na híocaíochta, is é sin le rá “táille iarratais”;

(b)

nuair a íocfar an táille freasúra, uimhir chomhaid an iarratais agus ainm an iarratasóra ar an trádmharc de chuid AE ar cuireadh an freasúra isteach ina choinne, agus cuspóir na híocaíochta, eadhon “táille freasúra”;

(c)

nuair a íocfar an táille cúlghairm agus an táille neamhbhailíochta, cláruimhir agus ainm dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE a bhfuil an t-iarratas dírithe air, agus cuspóir na híocaíochta, eadhon “táille chúlghairm” nó “táille neamhbhailíochta”.

3.   Murar féidir cuspóir na híocaíochta dá dtagraítear i mír 2 a shuíomh láithreach bonn, cuirfidh an Oifig de cheangal ar an duine atá i mbun na híocaíochta fógra i scríbhinn a thabhairt faoin gcuspóir sin laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú. Más rud é nach gcomhlíonann an duine an iarraidh sin in am trátha, measfar nach mbeidh an íocaíocht déanta. Déanfar an méid a íocadh a aisíoc.

Airteagal 180

Dáta measta íocaíochta

1.   Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 179(1), is ionann an dáta a measfar an íocaíocht a bheith déanta leis an Oifig agus an dáta a gcuirfear méid na híocaíochta nó an aistrithe isteach, go hiarbhír, i gcuntas bainc atá i seilbh na hOifige.

2.   Áit a bhféadfar na modhanna íocaíochta a bhfuil tagairt dóibh sa dara fomhír d'Airteagal 179(1) a úsáid, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dáta a measfar go mbeidh na híocaíochtaí sin déanta a shuíomh.

3.   I gcás nach measfar, faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, go ndearnadh íocaíocht táille go dtí tar éis dhul in éag na tréimhse ina raibh sí dlite, measfar go mbeifear tar éis cloí leis an tréimhse sin má thugtar fianaise don Oifig go mbeidh na daoine a rinne an íocaíocht i mBallstát, laistigh den tréimhse inar cheart go mbeadh an íocaíocht déanta, tar éis ordú a thabhairt go cuí do bhunaíocht bhaincéireachta méid na híocaíochta a aistriú, agus gur íoc siad formhuirear 10 % den táille nó de na táillí, ach nach mó ná EUR 200 an méid i dtrácht. Ní bheidh aon fhormhuirear iníoctha más rud é go mbeidh an t-ordú iomchuí tugtha don bhunaíocht bhaincéireachta tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dhul in éag na tréimhse le haghaidh íocaíochta.

4.   Féadfaidh an Oifig a iarraidh ar an duine a rinne an íocaíocht fianaise a thabhairt i dtaobh an dáta ar ar tugadh an t-ordú don bhunaíocht bhaincéireachta amhail dá dtagraítear i mír 3 agus, i gcás inar gá, an formhuirear ábhartha a íoc laistigh de thréimhse atá le sonrú aici. Má mhainníonn an duine an iarraidh sin a chomhlíonadh, nó mura bhfuil an fhianaise leordhóthanach, nó más rud é nach n-íocfar an formhuirear is gá in am cuí, measfar nach mbeifear tar éis cloí leis an tréimhse le haghaidh íocaíochta.

Airteagal 181

Íocaíochtaí neamhleora agus suimeanna neamhshuntasacha a aisíoc

1.   Ní mheasfar, i bprionsabal, teorainn ama le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille íoctha in am trátha. Más rud é nach n-íocfar an táille go hiomlán, déanfar an méid a bheidh íoctha a aisíoc, tar éis don tréimhse le haghaidh íocaíochta dul in éag.

2.   Féadfaidh an Oifig, áfach, a mhéid is féidir é a dhéanamh laistigh den mhéid ama atá fágtha roimh dheireadh na tréimhse, an deis a thabhairt don duine a dhéanfaidh an íocaíocht an méid atá in easnamh a íoc nó, i gcás ina meastar go bhfuil údar maith leis sin, neamhaird a thabhairt ar mhéideanna beaga ar bith atá in easnamh, gan dochar do chearta an duine a dhéanfaidh an íocaíocht.

3.   Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin caingean le haghaidh aisghabháil fhorghníomhaithe aon suime a tharscaoileadh áit ar suim íosta í atá le haisghabháil nó áit a bhfuil an aisghabháil sin ró-éiginnte.

4.   I gcás ina n-íocfar suim iomarcach chun táille nó muirear a chlúdach, ní aisíocfar an bhreis más méid neamhshuntasach é agus murar iarr an páirtí lena mbaineann aisíocaíocht ar bhealach sainráite.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an méid a chinneadh nach n-aisíocfar suim iomarcach a íocadh chun táille nó muirear a chlúdach faoina mbun.

Na cinntí de bhun an dara fomhír, déanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige.

CAIBIDIL XIII

CLÁRÚ IDIRNÁISIÚNTA MARCANNA

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 182

Forálacha a chur i bhfeidhm

Mura sonrófar a mhalairt sa chaibidil seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo agus ag na gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo maidir le hiarratais ar chláruithe idirnáisiúnta faoi Phrótacal Mhaidrid (“iarratais idirnáisiúnta”), bunaithe ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó bunaithe ar thrádmharc de chuid AE agus maidir le cláruthe marcanna sa chlár idirnáisiúnta arna gcoinneáil ar bun agus an mBiúró Idirnáisiúnta na hEagraíocht Maoine Intleachtúla Domhanda (“cláruithe idirnáisiúnta” agus “an Biúró idirnáisiúnta” faoi seach) lena n–ainmnítear an tAontas.

ROINN 2

Clárúchán idirnáisiúnta ar bhonn iarratais ar thrádmharc de chuid ae agus ar bhonn trádmharcanna de chuid AE

Airteagal 183

Iarratas idirnáisiúnta a chomhdú

1.   Comhdófar iarratais idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3 de Phrótacal Mhaidrid atá bunaithe ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó bunaithe ar thrádmharc de chuid AE san Oifig.

2.   I gcás ina ndéantar iarratas idirnáisiútna a chomhdú sula mbeidh an marc ar a bhfuil an clárúchan idirnáisiúnta le bheith bunaithe cláraithe mar thrádmharc de chuid AE, déanfaidh an t-iarratasóir ar chláru idirnáisiúnta a thabhairt le fíos cé acu an bhfuil an clárúchán idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar chlárú. I gcás ina mbeidh an clárúchán idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar thrádmharc de chuid AE a luaithe a chlárófar é, measfar an t–iarratas idirnáisiúnta a bheith faighte ag an Oifig ar dháta cláraithe an thrádmharc de chuid AE.

Airteagal 184

Foirm agus inneachar an iarratais idirnáisiúnta

1.   Comhdófar an t-iarratas idirnáisiúnta i gceann de theangacha oifígiúla an Aontais, ag baint úsáid as foirm arna soláthar ag an Oifig. Cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir a dhéanann an t-iarratas idirnáisiúnta a chomhdú an dáta a gheobhaidh an Oifig doiciméid an iarratais idirnáisiúnta. Mura sonraíonn an t-iarratasóir a mhalairt ar an bhfoirm sin nuair a dhéanann sé an t-iarratas idirnáisiúnta a chomhdú, déanfaidh an Oifig comhfhreagras leis an iarratasóir i dteanga an chomhdaithe i bhfoirm chaighdeánach.

2.   I gcás ina gcomhdaítear an t-iarratas idirnáisiúnta i dteanga nach teanga í a cheadaítear faoi Phrótacal Mhaidrid, cuirfidh an t-iarratasóir teanga eile in iúl as measc na dteangacha sin. Is sa teanga sin a chuirfidh an Oifig an t-iarratas idirnáisiúnta faoi bhráid an Bhiúró Idirnáisiúnta.

3.   I gcás ina gcomhdaítear an t-iarratas idirnáisiúnta i dteanga seachas ceann de na teangacha a cheadaítear faoi Phrótacal Mhaidrid chun iarratais idirnáisiúnta a chomhdú, féadfaidh an t-iarratasóir aistriúchán a sholáthar ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí agus aon ghnéithe téacsúla ar codanna iad den iarratas idirnáisiúnta sa teanga ina bhfuiltear chun an t-iarratas idirnáisiúnta a chur faoi bhráid an Bhiúró Idirnáisiúnta de bhun mhír 2. Mura bhfuil an t-aistriúchán sin ag gabháil leis an iarratas, údaróidh an t-iarratasóir an Oifig an t-aistriúchán sin a chur leis an iarratas idirnáisiúnta. I gcás nár suíodh an t-aistriúchán fós le linn an nós imeachta maidir le clárú don iarratas ar thrádmharc de chuid AE ar a mbeidh an t-iarratas idirnáisiúnta bunaithe, déanfaidh an Oifig socrú gan mhoill le go ndéanfar an t-aistriúchán.

4.   Beidh comhdú iarratais idirnáisiúnta faoi réir táille a íoc leis an Oifig. Áit a mbeidh an clárú idirnáisiúnta le bunú ar thrádmharc de chuid AE nuair a bheidh sé cláraithe, beidh an táille dlite ar an dáta ar a gclárófar an trádmharc sin de chuid AE. Measfar nach mbeidh an t-iarratas comhdaithe go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. I gcás nár íocadh an táille, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don iarratasóir dá réir. I gcás go ndéanfar an t-iarratas a chomhdú trí mheán leictreonach, féadfaidh an Oifig an Biúró Idirnáisiúnta a údarú an táille a bhailiú thar a ceann.

5.   I gcás ina léirítear aon cheann de na heasnaimh seo a leanas leis an scrúdú a dhéanfar ar an iarratas idirnáisiúnta, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh sin a leigheas laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú:

(a)

nár comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta tríd úsáid a bhaint as an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1, agus nach bhfuil na tásca agus an fhaisnéis ar fad a theastaíonn don fhoirm sin ann;

(b)

nach bhfuil an liosta d'earraí agus de sheirbhísí atá san iarratas idirnáisiúnta cumhdaithe leis an liosta earraí agus seirbhísí atá sa bhuniarratas ar thrádmharc de chuid AE nó sa bhun-trádmharc de chuid AE;

(c)

nach bhfuil an marc is ábhar don iarratas idirnáisiúnta comhionann leis an marc mar atá sé sa bhuniarratas ar thrádmharc de chuid AE nó sa bhun-trádmharc de chuid AE;

(d)

go bhfuil tásc san iarratas idirnáisiúnta maidir leis an trádmharc, seachas séanadh ná éileamh ó thaobh datha, nach bhfuil sa bhun-iarratas ar thrádmharc de chuid AE ná sa bhun-trádmharc de chuid AE;

(e)

i gcás ina n-éilítear gur gné ar leith den mharc é an dath, nach sa dath nó sna dathanna céanna atá an buniarratas ar thrádmharc de chuid AE nó an bun-trádmharc de chuid AE; nó

(f)

de réir na dtásc a cuireadh san fhoirm idirnáisiúnta, nach bhfuil an t-iarratasóir i dteideal iarratas idirnáisiúnta a chomhdú tríd an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(ii) de Phrótacal Mhaidrid.

6.   I gcás ar mhainnigh an t-iarratasóir an Oifig a údarú le haistriúchán a áireamh mar a fhoráiltear dó i mír 3, nó i gcás nach soiléir ar chúis eile cén liosta earraí agus seirbhísí ar a bhfuil an t-iarratas idirnáisiúnta le bunú, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na tásca riachtanacha a chur isteach laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú.

7.   Mura ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 5 a leigheas nó mura dtugtar na tásca is gá dá dtagraítear i mír 6 laistigh den tréimhse arna socrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas idirnáisiúnta a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta.

8.   Cuirfidh an Oifig an t-iarratas idirnáisiúnta ar aghaidh chuig an mBiuró Idirnáisiúnta mar aon leis an deimhniú dá bhforáiltear faoi Airteagal 3(1) de Phrótacal Mhaidrid a luaithe a bheidh na ceanglais atá leagtha síos san Airteagal seo, sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 9 den Airteagal seo, agus in Airteagal 183 den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an iarratas idirnáisiúnta.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an fhoirm chruinn, lena n-áirítear na heilimintí di, a bheidh le húsáid chun iarratas idirnáisiúnta a chomhdú de bhun mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 185

Taifeadadh sna comhaid agus sa Chlár

1.   Déanfar dáta agus uimhir cláraithe idirnáisiúnta atá bunaithe ar thrádmharc de chuid AE a thaifeadadh i gcomhaid an iarratais sin. I gcás ina mbeidh trádmharc de chuid AE mar thoradh ar an iarratas, cuirfear dáta agus uimhir an chláraithe idirnáisiúnta isteach sa Chlár.

2.   Cuirfear dáta agus uimhir cláraithe idirnáisiúnta atá bunaithe ar thrádmharc de chuid AE isteach sa Chlár.

Airteagal 186

Fógra faoi neamhbhailíocht an bhuniarratais nó an bhunchláraithe

1.   Laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta an chláraithe idirnáisiúnta, tabharfaidh an Oifig fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi aon fhíricí agus aon chinntí a bhfuil éifeacht acu ar bhailíocht an iarratais ar thrádmharc de chuid AE nó ar chlárú an trádmhairc sin de chuid AE, a raibh an clárú idirnáisiúnta bunaithe orthu.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na fíricí agus na cinntí aonair atá faoi réir na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Phrótacal Mhaidrid mar aon le pointe ábhartha ama na bhfógraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2) den Rialachán seo.

Airteagal 187

Iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta

1.   Féadfar iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh clárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid a chomhdú trí idirmheánaí na hOifige. Déanfar an iarraidh a chomhdú sa teanga inar comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta de bhun Airteagal 184 den Rialachán seo. Áireofar leis tásca chun bunús cuí a thabhairt don teidlíocht chun ainmniú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(ii) agus le hAirteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid. Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir a iarrann an síneadh críche ar an eolas faoin dáta ar a bhfuarthas an iarraidh ar shíneadh críche.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2) den Rialachán seo.

3.   I gcás nach gcomhlíonann iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta na ceanglais sin a leagtar amach i mír 1 agus sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 2, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a aimsíodh a cheartú laistigh de cibé tréimhse a shonróidh sí. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den tréimhse arna socrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Ní dhiúltóidh an Oifig don iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta sula mbeidh an deis ag an iarratasóir aon easnamh a bhraitear san iarraidh a leigheas.

4.   Cuirfidh an Oifig an iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta ar aghaidh go dtí an Biúró Idirnáisiúnta a luaithe agus a gcomhlíonfar na ceanglais sin dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 188

Táillí idirnáisiúnta

Íocfar aon táillí atá iníoctha don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi Phrótacal Mhaidrid go díreach don Bhiúró Idirnáisiúnta.

ROINN 3

Cláruithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas

Airteagal 189

Éifeachtaí cláruithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas

1.   Beidh an éifeacht chéanna ag clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, ó dháta a chláraithe de bhun Airteagal 3(4) de Phrótacal Mhaidrid nó ó dháta ainmnithe an Aontais ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid, agus atá ag iarratas ar thrádmharc de chuid AE.

2.   Más rud é nár tugadh fógra faoi dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid nó más rud é gur tarraingíodh siar aon dhiúltú den sórt sin, beidh an éifeacht chéanna ag clárú idirnáisiúnta ar mharc lena n-ainmnítear an tAontas, ón dáta dá dtagraítear i mír 1, agus atá ag clárú mairc mar thrádmharc de chuid AE.

3.   Chun críocha Airteagal 11 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, rachaidh foilsiú sonraí an chláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, de bhun Airteagal 190(1) in áit fhoilsiú iarratais ar thrádmharc de chuid AE, agus rachaidh foilsiú de bhun Airteagal 190(2) in áit fhoilsiú an chláraithe ar thrádmharc de chuid AE.

Airteagal 190

Foilsiú

1.   Foilseoidh an Oifig dáta cláraithe mairc lena n-ainmnítear an tAontas de bhun Airteagal 3(4) de Phrótacal Mhaidrid nó dáta ainmnithe an Aontais ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid, teanga chomhdú an iarratais idirnáisiúnta agus an dara teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir, uimhir an chláraithe idirnáisiúnta agus dáta foilsithe chlárú den sórt sin san sa Iris arna foilsiú ag an mBiúró Idirnáisiúnta, macasamhlú den mharc agus uimhreacha aicmí na n-earraí nó na seirbhísí a bhfuil cosaint á héileamh ina leith.

2.   Más rud é nár tugadh fógra faoi dhiúltú ar chosaint ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid nó más rud é gur tarraingíodh siar aon dhiúltú den sórt sin, foilseoidh an Oifig an fhíric sin, maille le huimhir an chláraithe idirnáisiúnta agus, nuair is infheidhme, dáta foilsithe an chláraithe den sórt sin san Iris arna foilsiú ag an mBiúró Idirnáisiúnta.

Airteagal 191

Sinsearacht a éilítear in iarratas idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, san iarratas idirnáisiúnta, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 39.

2.   Déanfar an doiciméadacht, mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 39(6), chun tacú leis an éileamh sinsearachta a thíolacadh laistigh de thrí mhí ón dáta ar a dtabharfaidh an Biúró Idirnáisiúnta fógra don Oifig faoin gclárú idirnáisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh feidhm ag Airteagal 39(7).

3.   I gcás ina mbeidh sé d'oibleagáid ar shealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta ionadaíocht a bheith aige os comhair na hOifige de bhun Airteagal 119(2), beidh ceapachán ionadaí de réir bhrí Airteagal 120(1) sa teachtaireacht amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   I gcás go dtuigtear don Oifig nach gcomhlíonann an t-éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo le hAirteagal 39, nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais eile a leagtar amach san Airteagal seo, iarrfaidh sí ar an iarratasóir na heasnaimh sin a leigheas. Mura gcloítear leis na ceanglais sin dá dtagraítear sa chéad abairt laistigh den thréimhse ama arna sonrú ag an Oifig, caillfear an ceart chun sinsearachta i ndáil leis an gclárú idirnáisiúnta sin. Mura mbaineann na heasnaimh ach le roinnt earraí agus seirbhísí, ní chaillfear an ceart chun sinsearachta ach amháin sa mhéid agus go mbaineann sé leis na hearraí agus na seirbhísí sin.

5.   Tabharfaidh an Oifig eolas don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le haon dearbhú i ndáil le cailliúint an chirt chun sinsearachta de bhun mhír 4. Cuirfidh sí aon aistarraingt ar an éileamh sinsearachta nó srian ar bith air in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta freisin.

6.   Beidh feidhm ag Airteagal 39(5), seachas i gcás go ndearbhaítear an ceart chun sinsearachta a bheith caillte de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 192

Sinsearacht a éilítear os comhair na hOifige

1.   Féadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh ag an Oifig do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 40, ón dáta a bhfoilseofar éifeachtaí an chláraithe sin de bhun Airteagal 190(2).

2.   Nuair a éilítear an tsinsearacht roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuair an Oifig an t-éileamh sinsearachta ar an dáta sin.

3.   Le héileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 40 agus beidh faisnéis ann lena gcumasófar scrúdú a dhéanamh air i ndáil leis na ceanglais sin.

4.   Mura gcomhlíonfar na ceanglais sin a rialaíonn éileamh ar shinsearacht dá dtagraítear i mír 3 agus a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 6, iarrfaidh an Oifig ar shealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta na heasnaimh sin a leigheas. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don éileamh.

5.   I gcás ina nglacfaidh an Oifig an t-éileamh sinsearachta, nó i gcás ina ndéanfaidh an Oifig éileamh sinsearachta a aistarraingt nó a chealú, cuirfidh an Oifig an Biúró Idirnáisiúnta ar an eolas dá réir.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo agus mionsonraí na faisnéise atá le cur in iúl de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 193

Earraí agus seirbhísí a ainmniú agus scrúdú i dtaca le dearbhfhorais le diúltú

1.   Beidh cláruithe inmheánacha lena n-ainmnítear an tAontas faoi réir scrúdú i ndáil le bheith ag cloí le hAirteagal 33(2), (3) agus (4) agus le dearbhfhorais le diúltú ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.

2.   I gcás ina meastar go bhfuil clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamh-incháilithe chun na hearraí agus na seirbhísí go léir nó cuid díobh, ar ina leith a rinneadh an clárú leis an mBiúró Idirnáisiúnta, a chosaint de bhun Airteagal 33(4) nó Airteagal 42(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Oifig fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú a eisiúint don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid.

3.   I gcás ina bhfuil sé d'oibleagáid ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta ionadaí a chur os comhair na hOifige de bhun Airteagal 119(2), beidh cuireadh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun ionadaí a cheapadh de réir bhrí Airteagal 120(1).

4.   Luafar san fhógra faoi dhiúltú sealadach na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, agus sonrófar ann tréimhse ama ina bhféadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta a thuairimí nó a tuairimí a chur isteach agus, más iomchuí, ionadaí a cheapadh. Cuirfear tús leis an tréimhse ama ar an lá a n-eiseoidh an Oifig an diúltú sealadach.

5.   I gcás inar léir don Oifig nach bhfuil an tásc maidir leis an dara teanga de bhun Airteagal 206 den Rialachán seo san iarratas idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, tabharfaidh an Oifig fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú don Bhiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid.

6.   I gcás nach n-éireoidh le sealbhóir cláraithe idirnáisiúnta an foras ar diúltaíodh don chosaint a shárú laistigh den teorainn ama nó, más iomchuí, ionadaí a cheapadh nó an dara teanga a chur in iúl, diúltóidh an Oifig don chosaint ar an iomlán nó do na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí a bhfuil an clárú idirnáisiúnta cláraithe dóibh. Cuirfear an diúltú do chosaint in ionad diúltú d'iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh an cinneadh faoi réir achomhairc i gcomhréir le hAirteagail 66 go dtí 72.

7.   I gcás nach bhfuil fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú tugtha ag an Oifig de bhun mhír 2 den Airteagal seo roimh thús na tréimhse don chur i gcoinne dá dtagraítear in Airteagal 196(2), seolfaidh an Oifig ráiteas chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, lena gcuirfear in iúl gur cuireadh bailchríoch leis an scrúdú ar dhearbhfhorais do dhiúltú de bhur Airteagal 42 ach go bhfuil an clárú idirnáisiúnta fós faoi réir freasúraí nó tuairimí tríú páirtithe. Beidh an raiteas eatramhach sin gan dochar do cheart na hOifige an scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a tionscnamh féin sula n-eiseofar an ráiteas deiridh maidir le cosaint a dheonú.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san fhógra maidir le diúltú sealadach ex officio ar chosaint le seoladh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, agus sna teachtaireachtaí deiridh le seoladh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta ar an deonadh nó diúltú deiridh ar chosaint. Glacfar Déanfar an na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 194

Cómharcanna agus marcanna deimhniúcháin

1.   I gcás ina bhfuil clárú idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta, pléifear leis an gclárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas mar chómharc de chuid AE nó mar mharc deimhniúcháin de chuid AE, cibé ceann is infheidhme.

2.   Déanfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta na rialacháin i dtaca le húsáid an mhairc, dá bhforáiltear in Airteagal 75 agus in Airteagal 84, a chur go díreach chuig an Oifig laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thabharfaidh an Biúró Idirnáisiúnta fógra faoin gclárú idirnáisiúnta don Oifig.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonrófar mionsonraí an nós imeachta a bhaineann le cláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta.

Airteagal 195

Cuardach

1.   Tar éis fógra ar chlárú idirnáisiúnta lena n–ainmnítear 1 an tAontas a bheith faighte ag an Oifig, ullmhóidh sí tuarascáil chuardaigh 1 Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 43(1) 2 ar choinníoll go gcuirfear iarraidh ar thuarascáil chuardaigh, de bhun Airteagal 43(1), faoi bhráid na hOifige laistigh de mhí amháin ón dáta ar tugadh an fógra.

2.   A luaithe a mbeidh fógra ar chlárú idirnáisiúnta lena n–ainmnítear 1 an tAontas faighte ag an Oifig, déanfaidh sí cóip de a tharchur chuig oifig lárnacha maoine tionscail gach ceann de na Ballstáit a chuir an Oifig ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aige cuardach a dhéanamh ina chlár trádmharcanna féin mar a fhoráiltear in Airteagal 43(2) 3 ar choinníoll go gcuirfear iarraidh ar thuarascáil chuardaigh, de bhun Airteagal 43(2), faoi bhráid na hOifige laistigh de mhí amháin amhail ón dáta ar tugadh an fógra agus go n-íocfar an táille chuardaigh laistigh den tréimhse chéanna.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 43(3) go (6).

4.   Cuirfidh an Oifig dílseánaigh aon trádmhairc de chuid AE is túisce nó aon iarratas ar thrádmharc de chuid AE is túisce atá luaite i dtuarascáil chuardaigh an tAontais faoi fhoilsiú an chláraithe idirnáisiúnta lena n–ainmnítear an tAontas mar a fhoráiltear in Airteagal 190(1). 5 Beidh feidhm aige sin cé acu ar iarr sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta tuarascáil chuardaigh AE a fháil nó nár iarr, mura n-iarrann dílseánach um chlárú nó um iarratas níos luaithe gan an fógra a fháil.

Airteagal 196

Cur i gcoinne

1.   Beidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas faoi réir nós imeachta um chur i gcoinne ar an gcaoi chéanna le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE atá foilsithe.

2.   Déanfar fógra faoi chur i gcoinne a chomhdú laistigh de thréimhse trí mhí a gcuirfear tús léi mí amháin tar éis dháta an fhoilsithe de bhun Airteagal 190(1). Ní mheasfar go mbeidh an cur i gcoinne curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille don chur i gcoinne.

3.   Déanfar cosaint a dhiúltú in ionad iarratas ar thrádmharc de chuid AE a dhiúltú.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear an nós imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear aon chumarsáid is gá a dhéanamh leis an mBiúró Idirnáisiúnta.

Airteagal 197

Trádmharc de chuid AE a ionadú le clárú idirnáisiúnta

Cuirfidh an Oifig, arna iarraidh seo, fógra isteach sa Chár gur measadh clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4bis de Phrótacal Mhaidrid a bheith curtha in ionad trádmhairc de chuid AE.

Airteagal 198

Éifeachtaí cláraithe idirnáisiúnta a neamhbhailíochtú

1.   Féadfar a dhearbhú go bhfuil éifeachtaí cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamhbhailí.

2.   Rachaidh an t-iarratas ar neamhbhailíochtú ar éifeachtaí an chláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas in ionad an iarratais ar dhearbhú cúlghairme dá bhforáiltear in Airteagal 58 nó ar dhearbhú neamhbhailíochta dá bhforáiltear in Airteagal 59 nó in Airteagal 60.

3.   I gcás inar dearbhaíodh, trí bhíthin cinneadh deiridh, go bhfuil éifeachtaí cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamhbhailí, de bhun Airteagal 64 nó Airteagal 128 den Rialachán seo agus an Airteagail seo, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Phrótacal Mhaidrid.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san fhógra atá le tabhairt chuig an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 199

An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú aistrithe

Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh athraithe ar úinéireacht cláraithe idirnáisiúnta ar an gClár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag iontráil aistrithe sa Chlár de bhun Airteagal 20.

Airteagal 200

An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú ceadúnas agus ceart eile

Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh ceadúnais nó sriain ar cheart diúscartha an tsealbhóra i dtaobh clárú idirnáisiúnta sa Chlár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag clárú ceart in rem, tobhaigh forghníomhaithe, imeachtaí dócmhainneachta nó ceadúnais sa Chlár de bhun Airteagail 22, 23, 24 agus 25 faoi seach.

Airteagal 201

Scrúdú ar iarrataí ar aistrithe, ceadúnais nó srianta ar cheart diúscartha an tsealbhóra a chlárú

Iarrataí a chuirfear i gcomhad leis an Oifig chun athrú ar úinéireacht a chlárú, chun ceadúnas nó srian ar cheart diúscartha an tsealbhóra a chlárú, chun leasú nó cealú ceadúnais a chlárú nó chun srian a baineadh maidir le ceart diúscartha an tsealbhóra a chlárú, tarchuirfidh an Oifig chuig an mBiúró Idirnáisiúnta iad, má tá cruthúnas iomchuí faoin aistriú, faoin gceadúnas, nó faoi shrian ar cheart diúscartha ag gabháil leo, nó cruthúnas nach ann don cheadúnas a thuilleadh nó gur leasaíodh é, nó gur baineadh an srian ar cheart diúscartha.

Airteagal 202

Ainmniú an Aontais trí chlárú idirnáisiúnta a thiontú ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta nó ina ainmniú Bhallstát

1.   I gcás inar diúltaíodh d'ainmniú an Aontais trí chlárú idirnáisiúnta nó ina stadann sé d'éifeacht a bheith aige, féadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta iarraidh go ndéanfaí ainmniú an Aontais a thiontú:

(a)

ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta de bhun Airteagal 139, Airteagal 140 agus Airteagal 141;

(b)

isteach in ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid, ar an gcoinníoll gurbh fhéidir, ar an dáta ar iarradh tiontú, an Ballstát sin a ainmniú go díreach faoi Phrótacal Mhaidrid. Beidh feidhm ag Airteagal 139, ag Airteagal 140 agus ag Airteagal 141 den Rialachán seo.

2.   Tairbheoidh an t-iarratas ar thrádmharc náisiúnta nó ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid a bheidh mar thoradh ar thiontú ainmniú an Aontais trí chlárú idirnáisiúnta, i leith an Bhallstáit i dtrácht, de dháta an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3(4) de Phrótacal Mhaidrid nó de dháta an tsínidh don Aontas de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid, más rud é go ndearnadh an dara ceann i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta, nó de dháta tosaíochta an chláraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, de shinsearacht trádmhairc de chuid an Stáit sin a éilítear faoi Airteagal 191 den Rialachán seo.

3.   Foilseofar an iarraidh ar thiontú.

4.   Leis an iarraidh ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a thiontú ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta, áireofar an fhaisnéis agus na tásca dá dtagraítear in Airteagal 140(1).

5.   Nuair a iarrtar tiontú de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 139(5) den Rialachán seo tar éis teip an clárú idirnáisiúnta a athnuachan, beidh tásc san iarraidh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo leis an méid sin a léiriú agus léireofar ann freisin an dáta a ndeachaigh an chosaint in éag. Cuirfear tús leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 139(5) den Rialachán seo an lá tar éis an lae dheiridh ar a bhféadfar an athnuachan a chur i gcrích fós de bhun Airteagal 7(4) de Phrótacal Mhaidrid.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 140(3) agus (5) maidir leis an iarraidh ar thiontú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

7.   Leis an iarraidh chun clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a thiontú ina ainmniú Ballstáit is páirtí i bPrótacal Mhaidrid, áireofar na tásca agus na gnéithe dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5.

8.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 140(3) maidir leis an iarraidh ar thiontú dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo. Diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú freisin i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha chun an Ballstát is páirtí i bPrótacal Mhaidrid nó i gComhaontú Mhaidrid a ainmniú ar an dáta ar ainmníodh an tAontas ná ar an dáta a fuarthas an t-iarratas ar thiontú araon nó, de bhun na habairte deireanaí d'Airteagal 140(1), ar an dáta a mheasfar é a bheith faighte ag an Oifig.

9.   I gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin agus na rialacha glacadh dá bhun leis an iarraidh ar thiontú dá dtagraítear i mír 7, cuirfidh an Oifig an iarraidh ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta gan mhoill. Cuirfidh an Oifig sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta ar an eolas maidir le dáta an tarchurtha.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith sna hiarrataí ar thiontú dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 7;

(b)

na mionsonraí atá le bheith i bhfoilseachán na n-iarrataí ar thiontú de bhun mhír 3.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 203

Marc atá faoi réir clárú idirnáisiúnta a úsáid

Chun críocha Airteagal 18(1), Airteagal 47(2), Airteagal 58(1)(a) agus Airteagal 64(2) a chur i bhfeidhm, rachaidh an dáta foilsithe de bhun Airteagal 190(2) in áit an dáta cláraithe chun críche an dáta a bhunú ar amhail ón dáta sin a chuirfear an marc atá faoi réir clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an Aontais i bhfíorúsáid san Aontas.

Airteagal 204

Trasfhoirmiú

1.   Faoi réir mhír 2, beidh feidhm ag na forálacha is infheidhme maidir hiarratais ar thrádmharc de chuid AE mutatis mutandis maidir le hiarratais ar chlárú idirnáisiúnta a thrasfhoirmiú ina iarratas ar thrádmharc de chuid AE de bhfuil Airteagal 9quinquies de Phrótacal Mhaidrid.

2.   I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar thrasfhoirmiú le clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas ar foilsíodh sonraí an chláraithe de bhun Airteagal 190(2), ní bheidh feidhm ag Airteagal 42 go hAirteagal 47.

3.   D'fhonn a mheas gur trasfhoirmiú ar chlárú idirnáisiúnta é iarratas ar thrádmharc de chuid AE, ar clárú é a chuir an Biúró Idirnáisiúnta ar ceal arna iarraidh sin don oifig tionscnaimh de bhun Airteagal 9quinquies de Phrótacal Mhaidrid, beidh tásc chuige sin san iarratas sin. Cuirfear an tásc sin isteach nuair a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú.

4.   I gcás go bhfeictear don Oifig, agus iad i mbun scrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1)(b), nár cuireadh isteach an t-iarratas laistigh de thrí mhí ón dáta ar chuir an Biúró Idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta ar ceal; nó nach bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil an trádmharc de chuid AE le clárú dóibh san áireamh sa liosta d'earraí agus de sheirbhísí ar cláraíodh an clárú idirnáisiúnta dóibh i dtaca leis an Aontas, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas.

5.   Mura ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 4 a leigheas laistigh den tréimhse ama arna sonrú ag an Oifig, caillfear an ceart ar dháta an chláraithe idirnáisiúnta nó an tsínidh críche agus ar thosaíocht an chláraithe idirnáisiúnta, más ann d'aon tosaíocht.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarratas ar thiontú de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 207(2).

Airteagal 205

Cumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta

Maidir leis an gcumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta, beidh comhaontú idir an Biúró agus an Oifig faoin mbealach a ndéanfar an chumarsáid agus faoi fhormáid na cumarsáide sin, agus is fearr í a dhéanamh trí mhodh leictreonach. Tagairtí ar bith d'fhoirmeacha, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí d'fhoirmeacha a chuirfear ar fáil i bhformáid leictreonach chomh maith céanna.

Airteagal 206

Úsáid teangacha

Chun críche an Rialachán seo, agus na rialacha a ghlacfar dá bhun, a chur i bhfeidhm maidir le clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, is í an teanga inar comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta teanga na n-imeachtaí de réir bhrí Airteagal 146(4), agus is í an dara teanga a léireofar san iarratas idirnáisiúnta an dara teanga de réir bhrí Airteagal 146(3).

CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 207

Nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste maidir le Rialacha Cur Chun Feidhme de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 208

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 48, Airteagal 49(3), Airteagal 65 agus Airteagal 73, Airteagail 96(4), 97(6), 98(5), 100(2), 101(5), 103(3), agus 106(3), Airteagal 121 agus Airteagal 168, agus Airteagal 194(3) agus Airteagal 196(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama ón 23 Márta 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 48, Airteagal 49(3), Airteagal 65 agus Airteagal 73, Airteagail 96(4), 97(6), 98(5), 100(2), 101(5), 103(3), agus 106(3), Airteagal 121 agus Airteagal 168, agus Airteagal 194(3) agus Airteagal 196(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 48, Airteagal 49(3), Airteagal 65 agus Airteagal 73, Airteagail 96(4), 97(6), 98(5), 100(2), 101(5), 103(3), agus 106(3), Airteagal 121 agus Airteagal 168, agus Airteagal 194(3) agus Airteagal 196(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 209

Forálacha a bhaineann le méadú an Aontais

1.   Amhail ó dháta aontachais na Bulgáire, Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cróite, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Rómáine, na Slóivéine agus na Slóvaice (“Ballstát nua” nó “Ballstáit nua”), leathnófar trádmharc de chuid AE a cláraíodh nó a ndearnadh iarratas air de bhun an Rialacháin seo roimh a ndáta aontachais faoi seach chuig críoch na mBallstát sin chun go mbeidh an éifeacht chéanna acu ar fud an Aontais.

2.   Ní fhéadfar clárú trádmhairc de chuid AE a raibh iarratas á dhéanamh ina leith ar an dáta aontachais a dhiúltú ar bhonn aon cheann de na dearbhfhorais le diúltú atá liostaithe in Airteagal 7(1), más rud é gur éirigh na forais sin infheidhme i ngeall ar aontachas Bhallstáit nua agus i ngeall ar sin amháin.

3.   I gcás inar comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú le linn an sé mhí roimh dháta an aontachais, féadfar fógra ar chur i gcoinne a thabhairt de bhun Airteagal 46 i gcás inar fuarthas trádmharc is túisce nó ceart eile is túisce laistigh de bhrí Airteagal 8 i mBallstát nua roimh an aontachas, ar an gcoinníoll go bhfuarthas é de mheon macánta agus go bhfuil dáta comhdaithe nó, nuair is infheidhme, dáta tosaíochta nó dáta fála an trádmhairc is túisce nó an chirt eile is túisce sa Bhallstát nua roimh an dáta comhdaithe nó, nuair is infheidhe, dáta tosaíóchta an trádmhairc de chuid AE a bhfuil iarratas á dhéanamh air.

4.   Ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil trádmharc de chuid AE dá dtagraítear i mír 1 neamhbhailí:

(a)

de bhun Airteagal 59 más rud é gur éirigh na forais don neamhbhailíocht infheidhme i ngeall ar aontachas Ballstáit nua agus i ngeall ar sin amháin;

(b)

de bhun Airteagal 60(1) agus (2) más rud é gur cláraíodh an ceart náisiúnta is túisce, go ndearnadh iarratas air nó go bhfuarthas é i mBallstát nua roimh an dáta aontachais.

5.   Féadfar úsáid trádmhairc de chuid AE dá dtagraítear i mír 1 a thoirmeasc de bhun Airteagal 137 agus Airteagal 138, más rud é gur cláraíodh an trádmharc is túisce nó an ceart eile is túisce, go ndearnadh iarratas air nó go bhfuarthas é de mheon macánta sa Bhallstát nua roimh dháta aontachais an Stáit sin; nó, nuair is infheidhme, má tá dáta tosaíochta aige atá roimh dháta aontachais an Stáit sin.

Airteagal 210

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 24 Márta 2021, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Leis an meastóireacht, déanfar athbhreithniú ar an gcreat dlí um chomhar idir an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, agus aird faoi leith á tabhairt don sásra maoiniúcháin a leagtar síos in Airteagal 152. Sa mheastóireacht déanfar tuilleadh measúnaithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na hOifige agus a cuid cleachtas oibre. Sa mheastóireacht, féachfar, go háirithe, ar gá sainordú na hOifige a mhodhnú, agus féachfar ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta agus a chonclúidí a dtiocfar orthu ar bhonn na tuarascála sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta ar fáil don phobal.

4.   Tráth gach dara meastóireachta, déanfar measúnú ar na torthaí a bhainfidh an Oifig amach, ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí.

Airteagal 211

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 212

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. DALLI


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn II.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1).

(5)  An Chéad Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 40, 11.2.1989, lch. 1).

(6)  Treoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 299, 8.11.2008, lch. 25).

(7)  Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).

(13)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(14)  Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15).

(15)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(18)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(19)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).

(22)  Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothar dílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5).

(23)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(24)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(26)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair arna seoladh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

MÉID NA dTÁILLÍ

A.   Is iad seo a leanas na táillí atá le híoc leis an Oifig faoin Rialachán seo (in EUR):

1.

Táille bhunúsach chun iarratas a dhéanamh ar thrádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 31(2)):

EUR 1 000

2.

Táille bhunúsach chun iarratas a dhéanamh go leictreonach ar thrádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 31(2)):

EUR 850

3.

Táille i gcás an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 31(2)):

EUR 50

4.

Táille i gcás gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí os cionn dhá aicme le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 31(2)):

EUR 150

5.

Táille bhunúsach don iarratas ar chómharc de chuid AE nó ar mharc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 31(2) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 1 800

6.

Táille bhunúsach chun iarratas a dhéanamh go leictreonach ar chómharc de chuid AE nó ar mharc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 31(2) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 1 500

7.

Táille i gcás an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE: (Airteagal 31(2) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 50

8.

Táille i gcás gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí os cionn trí aicme le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 31(2) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 150

9.

Táille chuardaigh i gcás iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 43(2)) nó i gcás clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas (Airteagal 43(2) agus Airteagal 195(2)):

EUR 12 iolraithe faoi líon na n-oifigí lárnacha maoine tionscail dá dtagraítear in Airteagal 43(2); déanfaidh an Oifig an méid sin, agus na hathruithe ina dhiaidh sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige.

10.

Táille fhreasúra (Airteagal 46(3)):

EUR 320

11.

Táille bhunúsach chun trádmharc aonair de chuid AE a athnuachan (Airteagal 53(3)):

EUR 1 000

12.

Táille bhunúsach chun trádmharc aonair de chuid AE a athnuachan go leictreonach (Airteagal 53(3)):

EUR 850

13.

Táille chun an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 53(3)):

EUR 50

14.

Táille i gcás gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan os cionn dhá aicme le haghaidh trádmharc aonair de chuid AE (Airteagal 53(3)):

EUR 150

15.

Táille bhunúsach maidir leis an athnuachan ar chómharc de chuid AE nó ar mharc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 53(3) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 1 800

16.

Táille bhunúsach chun cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE a athnuachan go leictreonach (Airteagal 53(3) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3))

EUR 1 500

17.

Táille chun an dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 53(3) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 50

18.

Táille chun gach aicme, os cionn dhá ceann d'earraí agus de sheirbhísí a athnuachan le haghaidh cómharc de chuid AE nó marc deimhniúcháin de chuid AE (Airteagal 53(3) agus Airteagal 74(3) nó Airteagal 83(3)):

EUR 150

19.

Táille bhreise chun an táille athnuachana a íoc go déanach nó chun an iarraidh ar athnuachan a thíolacadh go déanach (Airteagal 53(3)):

25 % den táille athnuachana dhéanach, faoi réir uasmhéid EUR 1 500

20.

Táille i gcás iarratais ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta (Airteagal 63(2)):

EUR 630

21.

Táille achomhairc (Airteagal 68(1)):

EUR 720

22.

Táille chun restitutio in integrum a chur i bhfeidhm (Airteagal 104(3))

EUR 200

23.

Táille chun iarratas ar thrádmharc de chuid AE a thiontú ina gceann acu seo a leanas nó chun trádmharc de chuid AE a thiontú ina gceann acu seo a leanas (Airteagal 140(1), i gcomhar freisin le hAirteagal 202(1)):

(a)

ina iarratas ar thrádmharc náisiúnta;

(b)

ina ainmniúchán Ballstát faoi Phrótacal Mhaidrid:

EUR 200

24.

Táille chun leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí (Airteagal 105(1)):

EUR 400

25.

Táille i gcás dearbhú roinnte i dtaca le trádmharc cláraithe de chuid AE (Airteagal 56(4) nó iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 50(3)):

EUR 250

26.

Táille i gcás an iarratais ar cheadúnas nó ceart eile a chlárú maidir le trádmharc cláraithe de chuid AE (Airteagal 26(2)) nó iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 26(2)):

(a)

ceadúnas a dheonú;

(b)

ceadúnas a aistriú;

(c)

ceart in rem a chruthú;

(d)

ceart in rem a aistriú;

(e)

tobhach forghníomhaithe:

EUR 200 in aghaidh an chláraithe, ach má thíolactar iarrataí iolracha san iarratas céanna nó ag an am céanna, gan dul thar EUR 1 000 ar an iomlán

27.

Táille chun clárú ceadúnais nó cirt eile a chealú (Airteagal 29(3)):

EUR 200 in aghaidh an chealaithe, ach má thíolactar iarrataí iolracha san iarratas céanna nó ag an am céanna, gan dul thar EUR 1 000 ar an iomlán

28.

Táille chun trádmharc cláraithe de chuid AE (Airteagal 54(4)) a athrú:

EUR 200

29.

Táille chun an tsaincheist a bhaineann le cóip den iarratas ar thrádmharc de chuid AE (Airteagal 114(7)), cóip den deimhniú cláraithe (Airteagal 51(2)), nó sliocht as an gclár (Airteagal 111(7)):

(a)

cóip nó sliocht neamhdheimhnithe:

EUR 10

(b)

cóip nó sliocht dheimhnithe/deimhnithe:

EUR 30

30.

Táille chun na comhaid a iniúchadh (Airteagal 114(6)):

EUR 30

31.

Táille chun cóipeanna de dhoiciméid chomhaid a eisiúint (Airteagal 114(7)):

(a)

cóip neamhdheimhnithe:

EUR 10

(b)

cóip dheimhnithe:

EUR 30

agus in aghaidh an leathanaigh, ar mó é ná 10

EUR 1

32.

Táille chun faisnéis i gcomhad a chur in iúl (Airteagal 114(9)):

EUR 10

33.

Táille má dhéantar athbhreithniú ar na costais nós imeachta atá le haisíoc (Airteagal 109(8)):

EUR 100

34.

Táille chun iarratas idirnáisiúnta a chomhdú san Oifig (Airteagal 184(4)):

EUR 300

B.   Táillí le híoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta

I.   Táille aonair i gcás clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas

1.

Éileofar ar an iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas táille aonair a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

2.

Éileofar ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta a chomhdaíonn iarraidh ar shíneadh críche lena n-ainmnítear an tAontas, a cuireadh isteach i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta, táille aonair a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

3.

Is é a bheidh i méid na táille faoi phointe B.I.1 nó faoi phointe B.I.2 méid coibhéiseach i bhFrancanna na hEilvéise, mar a bhunaigh Ard-Stiúrthóir EDMI de bhun Riail 35(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Mhaidrid agus faoi Phrótacal Mhaidrid, leis na méideanna seo a leanas:

(a)

as trádmharc aonair: EUR 820 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí sa chlárú idirnáisiúnta os cionn dhá aicme;

(b)

as cómharc nó marc deimhniúcháin: EUR 1 400 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí os cionn trí aicme.

II.   Táille aonair chun clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a athnuachan

1.

Éileofar ar shealbhóir cláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas táille aonair, mar chuid de na táillí chun clárú idirnáisiúnta a athnuachan, a íoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta chun an tAontas a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Phrótacal Mhaidrid.

2.

Is é a bheidh i méid na táille dá dtagraítear i bpointe B.II.1 méid coibhéiseach i bhFrancanna na hEilvéise, mar a bhunaigh Ard-Stiúrthóir EDMI de bhun Riail 35(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Mhaidrid agus faoi Phrótacal Mhaidrid, leis na méideanna seo a leanas:

(a)

as trádmharc aonair: EUR 820 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí sa chlárú idirnáisiúnta os cionn dhá aicme;

(b)

as cómharc nó marc deimhniúcháin: EUR 1 400 móide, más infheidhme, EUR 50 don dara haicme d'earraí agus de sheirbhísí agus EUR 150 do gach aicme d'earraí agus de sheirbhísí sa chlárú idirnáisiúnta os cionn dhá aicme.


IARSCRÍBHINN II

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh 207/2009 ón gComhairle

(IO L 78, 24.3.2009, lch. 1)

 

Ionstraim Aontachais 2012, Iarscríbhinn III, pointe 2(I)

 

Rialachán (AE) 2015/2424 ó Pharlaimint na hEorpa agusón gComhairle

(IO L 341, 24.12.2015, lch. 21)

Airteagal 1 amháin


IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh 207/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1 go hAirteagal 7

Airteagal 1 go hAirteagal 7

Airteagal 8(1) go (4)

Airteagal 8(1) go (4)

Airteagal 8(4a)

Airteagal 8(6)

Airteagal 8(5)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 9a

Airteagal 10

Airteagal 9b

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 13a

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15

Airteagal 18

Airteagal 16

Airteagal 19

Airteagal 17(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(5)

Airteagal 20(4)

Airteagal 17(5a)

Airteagal 20(5)

Airteagal 17(5b)

Airteagal 20(6)

Airteagal 17(5c)

Airteagal 20(7)

Airteagal 17(5d)

Airteagal 20(8)

Airteagal 17(5e)

Airteagal 20(9)

Airteagal 17(5f)

Airteagal 20(10)

Airteagal 17(6)

Airteagal 20(11)

Airteagal 17(7)

Airteagal 20(12)

Airteagal 17(8)

Airteagal 20(13)

Airteagal 18

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 22

Airteagal 20

Airteagal 23

Airteagal 21

Airteagal 24

Airteagal 22

Airteagal 25

Airteagal 22a

Airteagal 26

Airteagal 23

Airteagal 27

Airteagal 24

Airteagal 28

Airteagal 24a

Airteagal 29

Airteagal 25

Airteagal 30

Airteagal 26

Airteagal 31

Airteagal 27

Airteagal 32

Airteagal 28

Airteagal 33

Airteagal 29

Airteagal 34

Airteagal 30

Airteagal 35

Airteagal 31

Airteagal 36

Airteagal 32

Airteagal 37

Airteagal 33

Airteagal 38

Airteagal 34(1)

Airteagal 39(1)

Airteagal 34(1a)

Airteagal 39(2)

Airteagal 34(2)

Airteagal 39(3)

Airteagal 34(3)

Airteagal 39(4)

Airteagal 34(4)

Airteagal 39(5)

Airteagal 34(5)

Airteagal 39(6)

Airteagal 34(6)

Airteagal 39(7)

Airteagal 35

Airteagal 40

Airteagal 36

Airteagal 41

Airteagal 37(1)

Airteagal 42(1)

Airteagal 37(3)

Airteagal 42(2)

Airteagal 38

Airteagal 43

Airteagal 39

Airteagal 44

Airteagal 40

Airteagal 45

Airteagal 41

Airteagal 46

Airteagal 42

Airteagal 47

Airteagal 42a

Airteagal 48

Airteagal 43

Airteagal 49

Airteagal 44(1) agus (2)

Airteagal 50(1) agus (2)

Airteagal 44(4)

Airteagal 50(3)

Airteagal 44(4a)

Airteagal 50(4)

Airteagal 44(5) go (9)

Airteagal 50(5) go (9)

Airteagal 45

Airteagal 51

Airteagal 46

Airteagal 52

Airteagal 47

Airteagal 53

Airteagal 48

Airteagal 54

Airteagal 48a

Airteagal 55

Airteagal 49

Airteagal 56

Airteagal 50

Airteagal 57

Airteagal 51

Airteagal 58

Airteagal 52

Airteagal 59

Airteagal 53

Airteagal 60

Airteagal 54

Airteagal 61

Airteagal 55

Airteagal 62

Airteagal 56

Airteagal 63

Airteagal 57

Airteagal 64

Airteagal 57a

Airteagal 65

Airteagal 58

Airteagal 66

Airteagal 59

Airteagal 67

Airteagal 60

Airteagal 68

Airteagal 61

Airteagal 69

Airteagal 63

Airteagal 70

Airteagal 64

Airteagal 71

Airteagal 65

Airteagal 72

Airteagal 65a

Airteagal 73

Airteagal 66

Airteagal 74

Airteagal 67

Airteagal 75

Airteagal 68

Airteagal 76

Airteagal 69

Airteagal 77

Airteagal 70

Airteagal 78

Airteagal 71

Airteagal 79

Airteagal 72

Airteagal 80

Airteagal 73

Airteagal 81

Airteagal 74

Airteagal 82

Airteagal 74a

Airteagal 83

Airteagal 74b

Airteagal 84

Airteagal 74c

Airteagal 85

Airteagal 74d

Airteagal 86

Airteagal 74e

Airteagal 87

Airteagal 74f

Airteagal 88

Airteagal 74g

Airteagal 89

Airteagal 74h

Airteagal 90

Airteagal 74i

Airteagal 91

Airteagal 74j

Airteagal 92

Airteagal 74k

Airteagal 93

Airteagal 75

Airteagal 94

Airteagal 76

Airteagal 95

Airteagal 77

Airteagal 96

Airteagal 78

Airteagal 97

Airteagal 79

Airteagal 98

Airteagal 79a

Airteagal 99

Airteagal 79b

Airteagal 100

Airteagal 79c

Airteagal 101

Airteagal 79d

Airteagal 102

Airteagal 80

Airteagal 103

Airteagal 81

Airteagal 104

Airteagal 82

Airteagal 105

Airteagal 82a

Airteagal 106

Airteagal 83

Airteagal 107

Airteagal 84

Airteagal 108

Airteagal 85(1)

Airteagal 109(1)

Airteagal 85(1a)

Airteagal 109(2)

Airteagal 85(2)

Airteagal 109(3)

Airteagal 85(3)

Airteagal 109(4)

Airteagal 85(4)

Airteagal 109(5)

Airteagal 85(5)

Airteagal 109(6)

Airteagal 85(6)

Airteagal 109(7)

Airteagal 85(7)

Airteagal 109(8)

Airteagal 86

Airteagal 110

Airteagal 87

Airteagal 111

Airteagal 87a

Airteagal 112

Airteagal 87b

Airteagal 113

Airteagal 88

Airteagal 114

Airteagal 88a

Airteagal 115

Airteagal 89

Airteagal 116

Airteagal 90

Airteagal 117

Airteagal 91

Airteagal 118

Airteagal 92

Airteagal 119

Airteagal 93

Airteagal 120

Airteagal 93a

Airteagal 121

Airteagal 94

Airteagal 122

Airteagal 95(1)

Airteagal 123(1)

Airteagal 95(2)

Airteagal 95(3)

Airteagal 123(2)

Airteagal 95(4)

Airteagal 123(3)

Airteagal 95(5)

Airteagal 96

Airteagal 124

Airteagal 97

Airteagal 125

Airteagal 98

Airteagal 126

Airteagal 99

Airteagal 127

Airteagal 100

Airteagal 128

Airteagal 101

Airteagal 129

Airteagal 102

Airteagal 130

Airteagal 103

Airteagal 131

Airteagal 104

Airteagal 132

Airteagal 105

Airteagal 133

Airteagal 106

Airteagal 134

Airteagal 107

Airteagal 135

Airteagal 109

Airteagal 136

Airteagal 110

Airteagal 137

Airteagal 111

Airteagal 138

Airteagal 112

Airteagal 139

Airteagal 113

Airteagal 140

Airteagal 114

Airteagal 141

Airteagal 115

Airteagal 142

Airteagal 116

Airteagal 143

Airteagal 117

Airteagal 144

Airteagal 118

Airteagal 145

Airteagal 119(1) go (5)

Airteagal 146(1) go (5)

Airteagal 119(5a)

Airteagal 146(6)

Airteagal 119(6)

Airteagal 146(7)

Airteagal 119(7)

Airteagal 146(8)

Airteagal 119(8)

Airteagal 146(9)

Airteagal 119(9)

Airteagal 146(10)

Airteagal 119(10)

Airteagal 146(11)

Airteagal 120

Airteagal 147

Airteagal 121

Airteagal 148

Airteagal 123

Airteagal 149

Airteagal 123a

Airteagal 150

Airteagal 123b

Airteagal 151

Airteagal 123c

Airteagal 152

Airteagal 124

Airteagal 153

Airteagal 125

Airteagal 154

Airteagal 126

Airteagal 155

Airteagal 127

Airteagal 156

Airteagal 128

Airteagal 157

Airteagal 129

Airteagal 158

Airteagal 130

Airteagal 159

Airteagal 131

Airteagal 160

Airteagal 132

Airteagal 161

Airteagal 133

Airteagal 162

Airteagal 134

Airteagal 163

Airteagal 134a

Airteagal 164

Airteagal 135

Airteagal 165

Airteagal 136

Airteagal 166

Airteagal 136a

Airteagal 167

Airteagal 136b

Airteagal 168

Airteagal 137

Airteagal 169

Airteagal 137a

Airteagal 170

Airteagal 138

Airteagal 171

Airteagal 139

Airteagal 172

Airteagal 140

Airteagal 173

Airteagal 141

Airteagal 174

Airteagal 141a

Airteagal 175

Airteagal 142

Airteagal 176

Airteagal 143

Airteagal 177

Airteagal 144

Airteagal 178

Airteagal 144a

Airteagal 179

Airteagal 144b

Airteagal 180

Airteagal 144c

Airteagal 181

Airteagal 145

Airteagal 182

Airteagal 146

Airteagal 183

Airteagal 147

Airteagal 184

Airteagal 148

Airteagal 185

Airteagal 148a

Airteagal 186

Airteagal 149

Airteagal 187

Airteagal 150

Airteagal 188

Airteagal 151

Airteagal 189

Airteagal 152

Airteagal 190

Airteagal 153

Airteagal 191

Airteagal 153a

Airteagal 192

Airteagal 154

Airteagal 193

Airteagal 154a

Airteagal 194

Airteagal 155

Airteagal 195

Airteagal 156

Airteagal 196

Airteagal 157

Airteagal 197

Airteagal 158

Airteagal 198

Airteagal 158a

Airteagal 199

Airteagal 158b

Airteagal 200

Airteagal 158c

Airteagal 201

Airteagal 159

Airteagal 202

Airteagal 160

Airteagal 203

Airteagal 161

Airteagal 204

Airteagal 161a

Airteagal 205

Airteagal 161b

Airteagal 206

Airteagal 163

Airteagal 207

Airteagal 163a(1)

Airteagal 208(1)

Airteagal 163a(2), an chéad abairt

Airteagal 208(2)

Airteagal 163a(2), an dara habairt

Airteagal 208(4)

Airteagal 163a(3)

Airteagal 208(3)

Airteagal 163a(4)

Airteagal 208(5)

Airteagal 163a(5)

Airteagal 208(6)

Airteagal 165

Airteagal 209

Airteagal 165a

Airteagal 210

Airteagal 166

Airteagal 211

Airteagal 167

Airteagal 212

Iarscríbhinn -I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III