ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
12 Bealtaine 2016


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA

 

*

Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 123 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA

12.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH IDIR PARLAIMINT NA hEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH MAIDIR LE REACHTÓIREACHT NÍOS FEARR

COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH

an 13 Aibreán 2016

maidir le reachtóireacht níos fearr

PARLAIMINT NA hEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 295 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (“na trí Institiúid”) tiomanta do chomhar dílis agus trédhearcach ar feadh an timthrialla reachtaigh ina iomláine. Sa chomhthéacs seo, meabhraíonn siad comhionannas an dá chomhreachtóra de réir mar a chumhdaítear é sna Conarthaí.

(2)

Aithníonn na trí Institiúid an fhreagracht chomhpháirteach atá acu reachtaíocht de chuid an Aontais ar ardcháilíocht a thabhairt i gcrích, agus a áirithiú go ndíríonn reachtaíocht den sórt sin ar na réimsí ina bhfuil an breisluach is mó ann do shaoránaigh na hEorpa, go bhfuil an reachtaíocht sin chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach agus is féidir a mhéid a bhaineann le comhchuspóirí beartais an Aontais a thabhairt i gcrích, go bhfuil sí chomh simplí agus chomh soiléir agus is féidir, go seachnaítear inti rórialáil agus ualaí riaracháin do shaoránaigh, do ranna riaracháin agus do ghnóthaí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), agus go bhfuil sí ceaptha d’fhonn trasuí agus cur i bhfeidhm praiticiúil a éascú mar aon le cumas iomaíochta agus inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais a neartú.

(3)

Meabhraíonn na trí Institiúid oibleagáid an Aontais gan reachtaíocht a dhéanamh ach amháin nuair is gá sin agus a mhéid is gá sin, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

(4)

Athdhearbhaíonn na trí Institiúid ról agus freagracht na bParlaimintí náisiúnta de réir mar a leagtar síos sna Conarthaí, i bPrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí Náisiúnta san Aontas Eorpach atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus i bPrótacal Uimh. 2 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(5)

Comhaontaíonn na trí Institiúid gur cheart an anailís ar an “mbreisluach Eorpach” a d’fhéadfadh a bheith ag aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais atá beartaithe, chomh maith le measúnú ar an “gcostas neamh-Eorpa” d’uireasa gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, a chur san áireamh go hiomlán nuair a bhíonn an clár oibre reachtach á leagan síos.

(6)

Measann na trí Institiúid go mbeidh úsáid a bhaint as comhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí, meastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá cheana ann agus measúnuithe tionchair ar thionscnaimh nua ina chuidiú chun cuspóir na reachtóireachta níos fearr a ghnóthú.

(7)

D’fhonn caibidlíochtaí a éascú faoi chuimsiú ghnáthnóis imeachta reachtaigh agus d’fhonn cur i bhfeidhm Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú, bunaítear leis an gComhaontú seo na prionsabail ar dá réir a bhaileoidh an Coimisiún an saineolas riachtanach uile roimh dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

(8)

Dearbhaíonn na trí Institiúid gur cheart go ndéanfaí na spriocanna de shimpliú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais agus de laghdú a dhéanamh ar an ualach rialála a shaothrú gan dochar do ghnóthú chuspóirí beartais an Aontais, de réir mar a shonraítear sna Conarthaí, ná do choimirciú iomláine an mhargaidh inmheánaigh.

(9)

Tá an Comhaontú seo ina chomhlánú ar na comhaontuithe agus ar na dearbhuithe seo a leanas maidir le reachtóireacht níos fearr, a bhfuil na trí Institiúid i gcónaí lán-tiomanta dóibh:

Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 — Modh oibre níos tapúla d’fhonn téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil (1);

Comhaontú Idirinstitiúideach an 22 Nollaig 1998 maidir le treoirlínte coiteanna i dtaca le cáilíocht dréachtaithe reachtaíocht an Chomhphobail (2);

Comhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le gníomhartha dlí (3);

Comhdhearbhú an 13 Meitheamh 2007 maidir le socruithe praiticiúla um an nós imeachta comhchinnteoireachta (4);

Comhdhearbhú Polaitiúil an 27 Deireadh Fómhair 2011 ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (5),

TAR ÉIS AN COMHAONTÚ SEO A GHLACADH:

I.   TIOMANTAIS AGUS CUSPÓIRÍ COITEANNA

1.

Comhaontaíonn na trí Institiúid leis seo go saothróidh siad reachtóireacht níos fearr trí bhíthin sraith de thionscnaimh agus de nósanna imeachta, de réir mar a leagtar amach sa Chomhaontú seo iad.

2.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na nósanna imeachta a leagtar síos sna Conarthaí, agus ag meabhrú dóibh a thábhachtaí leo modh an Chomhphobail, comhaontaíonn na trí Institiúid go ndéanfaidh siad prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail dlisteanacht dhaonlathach, coimhdeacht agus comhréireacht, agus deimhneacht dhlíthiúil a chomhall. Comhaontaíonn siad fairis sin go ndéanfaidh siad simplíocht, soiléire agus comhleanúnachas a chur chun cinn i ndréachtú reachtaíocht an Aontais agus chun an trédhearcacht is mó sa phróiseas reachtach a chur chun cinn.

3.

Comhaontaíonn na trí Institiúid gur cheart go mbeadh reachtaíocht an Aontais sothuigthe agus soiléir, go gcuirfeadh sé ar chumas saoránach, ranna riarachán agus gnóthaí a gcearta agus a n-oibleagáidí a thuiscint go héasca, go mbeadh ceanglais thuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta iomchuí ar áireamh ann, go seachnódh sé rórialáil agus ualaí riaracháin; agus go mbeifear in ann é a chur chun feidhme go praiticiúil.

II.   PLEANÁIL

4.

Comhaontaíonn na trí Institiúid atreisiú a dhéanamh ar phleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena gcuirtear an cúram maidir le tionscnamh na pleanála bliantúla agus ilbhliantúla ar iontaoibh an Choimisiúin.

Pleanáil ilbhliantúil

5.

Ar Choimisiún nua a cheapadh, agus chun pleanáil níos fadtéarmaí a éascú, malartóidh na trí Institiúid tuairimí i dtaobh phríomhchuspóirí beartais agus thosaíochtaí na dtrí Institiúid don téarma nua chomh maith leis, i gcás inar indéanta sin, i dtaobh sceidealú táscach.

Déanfaidh na trí Institiúid, ar thionscnamh ón gCoimisiún, de réir mar is iomchuí, conclúidí comhpháirteacha a tharraingt suas a bheidh le síniú ag Uachtaráin na dtrí Institiúid.

Déanfaidh na trí Institiúid, ar thionscnamh ón gCoimisiún, athbhreithniú lár téarma ar na conclúidí comhpháirteacha sin agus déanfaidh siad iad a choigeartú de réir mar is iomchuí.

Pleanáil bhliantúil – Clár Oibre an Choimisiúin agus pleanáil idirinstitiúideach

6.

Beidh idirphlé ag an gCoimisiún le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, faoi seach, roimh agus tar éis dó a Chlár Oibre Bliantúil (“Clár Oibre an Choimisiúin”) a ghlacadh. Cuimseofar na nithe seo a leanas san idirphlé sin:

(a)

luathmhalartú tuairimí déthaobhach maidir le tionscnaimh don bhliain atá le teacht sula gcuirfear isteach rannchuidiú i scríbhinn ó Uachtarán an Choimisiúin agus óna Chéad Leas-Uachtarán ina leagtar amach, le mionsonraí iomchuí, na gnéithe a bhfuil mórthábhacht pholaitiúil leo don bhliain dar gcionn agus ina mbeidh táscairí maidir le haon tarraingt siar de thograí de chuid an Choimisiúin atá beartaithe-(“litir intinne”);

(b)

i ndiaidh na díospóireachta ar Staid an Aontais agus sula nglacfar Clár Oibre an Choimisiúin, beidh malartú tuairimí ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle leis an gCoimisiún a bheidh bunaithe ar an litir intinne;

(c)

tarlóidh malartú tuairimí idir na trí Institiúid i dtaobh Chlár glactha Oibre n Choimisiúin, de bhun mhír 7.

Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí a léireoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag gach céim den idirphlé, lena n-áirítear a gcuid iarratas ar thionscnaimh.

7.

I ndiaidh Clár Oibre an Choimisiúin a bheith glactha, agus ag tarraingt as an gclár oibre sin, beidh malartú tuairimí idir na trí Institiúid maidir leis na tionscnaimh don bhliain atá le teacht agus comhaontóidh siad, gan dochar do na cumhachtaí a thugtar do na comhreachtóirí leis na Conarthaí, ar chomhdhearbhú maidir le pleanáil idirinstitiúideach bhliantúil (“comhdhearbhú”) a bheidh le síniú ag Uachtaráin na ndtrí Institiúid. Leagfar amach sa chomhdhearbhú cuspóirí ginearálta agus tosaíochtaí don bhliain dar gcionn agus sainaithneofar ann ítimí a bhfuil mórthábhacht pholaitiúil leo ar cheart, gan dochar do na cumhachtaí arna dtarmligean ar na comhreachtóirí ag na Conarthaí, déileáil leo ar bhonn tosaíochta sa phróiseas reachtach.

Déanfaidh na trí Institiúid, ar bhonn rialta i rith na bliana, faireachán ar chur chun feidhme an chomhdhearbhuithe. Chun na críche sin, beidh na trí Institiúid páirteach i ndíospóireachtaí maidir le cur chun feidhme an chomhdhearbhaithe i bParlaimint na hEorpa agus/nó sa Chomhairle in earrach na bliana i dtrácht.

8.

Áireofar i gClár Oibre an Choimisiúin na mórthograí reachtacha agus neamhreachtacha don bhliain dar gcionn, lena n-áirítear aisghairmeacha, athmhúnluithe, simplithe agus aistarraingtí. Maidir le gach ítim, tabharfar na nithe seo a leanas le fios i gClár Oibre an Choimisiúin, a mhéid is go mbeidh fáil ar an bhfaisnéis sin: an bunús dlí atá beartaithe; cineál gnímh dhlí tráthchlár táscach don ghlacadh ag an gCoimisiún; agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an nós imeachta, lena n-áirítear faisnéis maidir le measúnú tionchair agus obair mheastóireachta.

9.

I gcomhréir le prionsabail an chomhair dhílis agus na cothromaíochta institiúidí, nuair a bheidh sé ar intinn ag an gCoimisiún togra reachtach a tharraingt siar, bíodh togra leasaithe ag leanúint na haistarraingte sin nó ná bíodh, luafaidh sé na cúiseanna le haistarraingt den sórt sin agus, más infheidhme, tabharfaidh sé le fios cad iad na céimeanna ina dhiaidh sin atá beartaithe aige mar aon le tráthchlár beacht agus seolfaidh sé comhairliúcháin idirinstitiúideacha chuí ar an mbonn sin. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar sheasaimh na gcomhreachtóirí agus tabharfaidh sé freagairt ar na seasaimh sin.

10.

Déanfaidh an Coimisiún breithniú pras agus mion ar iarrataí ar thograí le haghaidh gníomhartha Aontais a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle de bhun Airteagal 225 nó Airteagal 241 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh faoi seach.

Tabharfaidh an Coimisiún freagra ar na hiarrataí sin laistigh de thrí mhí, á lua dó an gníomh iardain atá beartaithe aige a dhéanamh dá réir, trí theachtaireacht shonrach a ghlacadh. Má chinneann an Coimisiún gan togra a thíolacadh, mar fhreagra ar iarratas den sórt sin, tabharfaidh sé na cúiseanna mionsonraithe don institiúid lena mbaineann agus cuirfidh sé, i gcás inarb iomchuí, anailís ar fáíl ar roghanna malartacha a d’féadfadh a bheith ann agus tabharfaidh sé freagra ar aon saincheisteanna a d’ardaigh na comhreachtóirí maidir leis na hanailísí maidir le “breisluach Eorpach” agus maidir le “costas neamh-Eorpa”.

Má iarrtar sin air, cuirfidh an Coimisiún a fhreagra i láthair i bParlaimint na hEorpa nó sa Chomhairle.

11.

Soláthróidh an Coimisiún nuashonraithe rialta ar a phleanáil i gcaitheamh na bliana agus tabharfaidh sé cúiseanna do mhoill ar bith a bheidh ar thíolacadh na dtograí atá ar áireamh ina Chlár Oibre. Tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le chur chun feidhme a Chláir Oibre sa bhliain i dtrácht.

III.   UIRLISÍ DO REACHTÓIREACHT NÍOS FEARR

Measúnú tionchair

12.

Comhaontaíonn na trí Institiúid gur rannchuidiú dearfach a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar cháilíocht reachtaíocht an Aontais atá i measúnú tionchair.

Is uirlis atá i measúnuithe tionchair a chabhraíonn leis na trí Institiúid teacht ar chinntí feasacha agus ní fhónann siad mar rud a ghabhann ionad cinntí polaitiúla laistigh den phróiseas cinnteoireachta daonlathach. Ní fhéadfaidh measúnuithe tionchair bheith ina gcúis le moilleanna míchuí sa phróiseas reachtóireachta ná dochar a dhéanamh d’acmhainneacht na gcomhreachtóirí leasuithe a mholadh.

Ba cheart a chumhdach i measúnuithe tionchair más ann d’fhadhb, scála na faidhbe agus iarmhairtí na faidhbe agus an cheist maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil gá le gníomh Aontais. Ba cheart réitigh mhalartacha a leagan amach iontu agus, i gcás inar féidir é, na costais agus na sochair ghearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann, trí mheasúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta ar bhealach lánpháirtithe agus cothrom agus úsáid á baint as anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla. Ba cheart lánurraim a thabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus do chearta bunúsacha. Ba cheart freisin sna measúnuithe tionchair aghaidh a thabhairt, cibé uair is féidir, ar an “gcostas neamh-Eorpa” agus ar an tionchar a bheadh ag na roghanna éagsúla ar chumas iomaíochta agus ar ualaí riaracháin, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna (“Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dtús”), ar ghnéithe digiteacha agus ar an tionchar críochach. Ba cheart measúnuithe tionchair bheith bunaithe ar fhaisnéis bheacht, oibiachtúil agus iomlán agus ba cheart iad bheith comhréireach a mhéid a bhaineann lena raon feidhme agus a bhfócas.

13.

Déanfaidh an Coimisiún measúnuithe tionchair ar a thionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha, ar ghníomhartha tarmligthe agus ar bhearta cur chun feidhme a meastar go mbeidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, comhshaoil nó sóisialta acu. Na tionscnaimh a bheidh ar áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin nó sa chomhdhearbhú, beidh, mar riail ghinearálta, measúnú tionchair ag gabháil leo.

Sa phróiseas measúnaithe tionchair atá ag an gCoimisiún féin, déanfaidh sé comhairliúchán chomh forleathan agus is féidir. Déanfaidh Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin seiceáil cáilíochta, a bheidh oibiachtúil, ar a mheasúnuithe tionchair. Déanfar torthaí deiridh na measúnuithe tionchair a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí náisiúnta agus poibleofar iad in éineacht le tuairim(tuairimí) an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála tráth a ghlacfar tionscnamh an Choimisiúin.

14.

Nuair a bheidh tograí reachtacha ón gCoimisiún á mbreithniú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, tabharfaidh siad lánaird ar mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin. Chuige sin, déanfar measúnuithe tionchair a chur i láthair ar shlí a fhágfaidh go n-éascófar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na roghanna atá déanta ag an gCoimisiún a bhreithniú.

15.

Nuair a mheasann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gurb iomchuí agus gur gá sin don phróiseas reachtach, déanfaidh siad measúnuithe tionchair i ndáil lena leasuithe substainteacha ar an togra ón gCoimisiún. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, mar riail ghinearálta, measúnú tionchair an Choimisiúin a ghlacadh mar thúsphointe don obair bhreise a dhéanfaidh siad féin. Ba cheart an sainmhíniú ar leasú “substainteach” a chinneadh ag na hInstitúidí ar leith dóibh féin.

16.

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, comhlánú a dhéanamh ar a mheasúnú tionchair féin nó tabhairt faoi obair anailíse eile a mheasann sé a bheith riachtanach. Á dhéanamh sin dó, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis go léir a bheidh ar fáil, an chéim atá bainte amach sa phróiseas reachtach agus an gá le moilleanna míchuí sa phróiseas sin a sheachaint. Tabharfaidh na comhreachtóirí lánaird ar aon eilimintí breise a sholáthróidh an Coimisiún sa chomhthéacs sin.

17.

Tá gach ceann de na trí Institiúid freagrach as a chinneadh cén chaoi a n-eagraítear an obair mheasúnaithe tionchair atá aici féin, lena n-áirítear eagar inmheánach ar acmhainní agus rialú cáilíochta. Beidh comhar eatarthu, ar bhonn rialta, trí fhaisnéis a mhalartú ar dhea-chleachtas agus ar mhodheolaíochtaí a bhaineann le measúnuithe tionchair, á chur ar chumas gach Institiúide tuilleadh feabhais a chur ar na modheolaíochtaí agus nósanna imeachta atá acu féin agus ar leanúnachas na hoibre measúnaithe tionchair ar an iomlán.

18.

Maidir le measúnú tionchair tosaigh an Choimisiúin agus maidir le haon obair mheasúnaithe tionchair bhreise a dhéanann na hInstitiúidí le linn an phróisis reachtaigh, poibleofar iad ag deireadh an phróisis reachtaí agus, á dtógáil le chéile, is féidir iad a úsáid mar bhunús do mheastóireacht.

Comhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí agus aiseolas uathu

19.

Tá comhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí ina chuid lárnach de chinnteoireacht fheasach agus d’fheabhsú cháilíocht na reachtóireachta. Gan dochar do na comhshocruithe sonracha is infheidhme maidir le tograí ón gCoimisiún faoi Airteagal 155(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún, roimh dó togra a ghlacadh, comhairliúcháin phoiblí a sheoladh ar bhealach oscailte agus trédhearcach, á áirithiú dó gur féidir an rannpháirtíocht is leithne a dhéanamh de réir na rialacha sonracha agus na dteorainneacha ama. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, rannpháirtíocht dhíreach FBManna agus críoch-úsáideoirí eile sna comhairliúcháin a spreagadh. Áiritheofar ar an méid sin comhairliúcháin phoiblí a bheidh idirlíonbhunaithe. Déanfar torthaí na gcomhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí a chur in iúl gan mhoill do na comhreachtóirí agus déanfar iad a phoibliú.

Meastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana

20.

Deimhníonn na trí Institiúid a thábhachtaí atá sé go mbeadh an comhleanúnachas agus an chomhréireacht is mó is féidir ann in eagar a gcuid oibre chun feidhmíocht reachtaíocht an Aontais a mheas, lena n-áirítear comhairliúcháin ghaolmhara leis an bpobal agus le geallsealbhóirí.

21.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh a phleanáil ilbhliantúil ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht atá ann cheana agus déanfaidh sé, a mhéid is indéanta sin, aon iarrataí ó na hInstitiúidí sin ar mheastóireacht dhomhain ar réimsí beartais sonracha nó ar ghníomhartha dlí a chur san áireamh sa phleanáil sin.

Le pleanáil mheastóireachta an Choimisiúin, tabharfar urraim don tráthchlár do thuarascálacha agus d’athbhreithnithe a leagtar amach i reachtaíocht Aontais.

22.

I gcomhthéacs an timthrialla reachtaigh, ba cheart do mheastóireachtaí ar reachtaíocht agus ar na beartais atá cheana ann, agus iad bunaithe ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach, an bunús a sholáthar do mheasúnú tionchair ar na roghanna atá ann chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Chun tacú leis na próisis sin, comhaontaíonn na trí Institiúid, de réir mar is iomchuí, ceanglais tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta a leagan síos sa reachtaíocht, agus ag an am céanna rórialáil agus ualaí riaracháin a sheachaint, go háirithe ar Bhallstáit. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí táscairí intomhaiste a áireamh i gceanglais den sórt sin agus ar bhunús na dtáscairí sin d’fhéadfaí fianaise a bhailiú i dtaobh na n-éifeachtaí atá go hiarbhír ag an reachtaíocht.

23.

Comhaontaíonn na trí Institiúid go ndéanfaidh siad úsáid na gclásal athbhreithnithe sa reachtaíocht a mheas go córasach agus go gcuirfidh siad san áireamh an méid ama atá ag teastáil don chur chun feidhme agus chun fianaise i dtaobh na dtorthaí agus na dtionchar a bhailiú.

Breithneoidh na trí Institiúid ar cheart nó nár cheart tréimhse socraithe ama (“clásal éagtha”) a chur i bhfeidhm maidir le reachtaíocht áirithe.

24.

Cuirfidh na trí Institiúid a chéile ar an eolas luath go maith sula nglacfaidh siad a gcuid treoirlínte i dtaca lena n-uirlisí a bhaineann le reachtóireacht níos fearr (comhairliúcháin leis an bpobal agus le geallsealbhóirí, measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí ex post), nó sula ndéanfaidh siad athbhreithniú orthu.

IV.   IONSTRAIMÍ REACHTEACHA

25.

Maidir le gach togra, déanfaidh an Coimisiún míniú agus bonn cirt maidir leis an mbunús dlí a roghnaigh sé agus maidir leis an rogha a rinne sé i dtaobh an bhunúis dhlí agus chineál an ghnímh dhlí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle sa ráiteas mhíniúcháin a ghabhann leis an togra. Ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar an difríocht ó thaobh cineáil agus éifeachtaí atá idir rialacháin agus treoracha.

Tabharfaidh an Coimisiún míniú freisin ina ráitis mhíniúcháin ar an gcaoi a bhfuil bonn cirt leis na bearta atá molta i bhfianaise phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus míneoidh sé faoin gcaoi a bhfuil siad ag luí le cearta bunúsacha. Tabharfaidh an Coimisiún, de bhreis ar sin, cuntas ar an raon feidhme agus ar thorthaí aon chomhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí araon, aon mheasúnú tiochair agus aon mheastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana atá déanta aige.

Má mheastar go mbeidh athrú ón ngnáthnós imeachta reachtach go dtí nós imeachta reachtach speisialta nó nós imeachta neamhreachtach i gceist le modhnú ar an mbunús dlí, beidh malartú tuairimí ann idir na trí Institiúid ar an athrú sin.

Comhaontaíonn na trí Institiúid gur cinneadh dlíthiúil atá sa rogha a dhéantar i dtaobh an bhunúis dlí agus go gcaitear é a dhéanamh bunaithe ar fhorais oibiachtúla is inchurtha faoi athbhreithniú breithiúnach.

Leanfaidh an Coimisiún air a ról institiúideach a fheidhmiú go hiomlán chun a áirithiú go n-urramaítear na Conarthaí agus cás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

V.   GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

26.

Cuireann na trí Institiúid béim ar an ról tábhachtach atá ag gníomhartha tarmligthe agus ag gníomhartha cur chun feidhme i ndlí an Aontais. Nuair a úsáidtear iad ar bhealach éifeachtúil agus trédhearcach, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe, is uirlis lárnach iad den reachtóireacht níos fearr, a rannchuidíonn le reachtaíocht shimplí agus nuashonraithe agus a rannchuidíonn freisin leis an reachtaíocht sin a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar bhealach tapa. Is inniúlacht de chuid an reachtóra é a chinneadh an bhfuil gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme le húsáid agus a mhéid atá siad le húsáid, laistigh de theorainneacha na gConarthaí.

27.

Aithníonn na trí Institiúid go bhfuil gá leis an reachtaíocht uile atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, agus go háirithe an gá atá le hardtosaíocht a thabhairt d’ailíniú pras ar na gníomhartha bunúsacha uile atá fós ag tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Déanfaidh an Coimisiún togra maidir leis an ailíniú deireanach sin a thíolacadh faoi dheireadh 2016.

28.

Tá na trí Institiúid tar éis teacht ar chomhaontú ar Chomhthuiscint maidir le Gníomhartha Tarmligthe agus maidir leis na clásáil chaighdeánacha gaolmhara (“an Chomhthuiscint”) a ghabhann leis. I gcomhréir leis an gComhthuiscint, agus d’fhonn feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chomhairliúchán, tá an Coimisiún tiomanta, sula nglactar gníomhartha tarmligthe, an saineolas ar fad atá riachtanach a bhailiú, lena n-áirítear trí chomhairliúchán le saineolaithe ó na Ballstáit agus trí chomhairliúcháin phoiblí.

Thairis sin, agus aon uair atá gá le saineolas níos leithne i luathchéim ullmhúcháin na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme, bainfidh an Coimisiún úsáid as grúpaí saineolais, rachaidh sé i gcomhairle le geallsealbhóirí spriocdhírithe agus déanfaidh sé comhairliúcháin phoiblí, de réir mar is iomchuí.

Chun rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis go léir a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit. Beidh rochtain chórasach ag saineolaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar chruinnithe ghrúpaí saineolais an Choimisiúin chuig a mbeidh cuireadh tugtha do shaineolaithe ó na Ballstáit agus a bhaineann le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Féadfar cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig cruinnithe i bParlaimint na hEorpa nó sa Chomhairle ionas go mbeadh malartú tuairimí breise ann i dtaobh ullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Rachaidh na trí Institiúid i mbun caibidlíochta gan aon mhoill mhíchuí tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm d’fhonn forlíonadh a chur leis an gComhthuiscint trí fhoráil a dhéanamh do chritéir neamhcheangailteacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

29.

Tá na trí Institiúid tiomanta, i ndlúthchomhar lena chéile, do chlár feidhme comhpháirteach maidir le gníomhartha tarmligthe a chur ar bun faoi dheireadh 2017 ar a dhéanaí, lena soláthrófar faisnéis ar bhealach dea-struchtúrtha agus éasca le húsáid chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, chun pleanáil a éascú agus chun inrianaitheacht ag na céimeanna éagsúla uile i dtimthriall gnímh tharmligthe a chumasú.

30.

A mhéid a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, comhaontaíonn na trí Institiúid ó cheanglais nós imeachta a chur leis sin, i reachtaíocht an Aontais, lena n-athrófaí na sásraí don rialú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Coistí a chomhallann a gcúraimí faoin nós imeachta atá curtha ar bun faoin Rialachán sin, níor cheart iarraidh orthu, sa cháil sin, feidhmeanna eile a fheidhmiú.

31.

Ar choinníoll go dtugann an Coimisiún boinn chirt oibiachtúla bunaithe ar an nasc substainteach idir dhá chumhachtú nó níos mó atá i ngníomh reachtach aonair, agus mura rud é go bhforálann an gníomh reachtach dá mhalairt, féadfar na cumhachtuithe sin a chuachadh. Is ann do chomhairliúcháin le linn ullmhú gníomhartha tarmligthe freisin chun léiriú a thabhairt i dtaobh cad iad na cumhachtuithe a mheastar a bheith nasctha go substaintiúil. I gcásanna den sórt sin, léireofar go soiléir in aon agóid ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle cé acu cumhachtú lena mbaineann sí go sonrach.

VI.   TRÉDHEARCACHT AGUS COMHORDÚ AN PHRÓISIS REACHTAÍOCHTA

32.

Admhaíonn na trí Institiúid go bhfuil forbairt tagtha ar an ngnáthnós imeachta reachtach ar bhonn teagmhálacha rialta ag gach céim den nós imeachta. Tá siad tiomanta i gcónaí do thuilleadh feabhais a chur ar an obair arna déanamh faoin ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhréir le prionsabail an chomhair dhílis, na trédhearcachta, na cuntasachta agus na héifeachtúlachta.

Comhaontaíonn na trí Institiúid, go háirithe, go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, mar chomhreachtóirí, a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú ar mhodh comhionann. Déanfaidh an Coimisiún a ról mar éascaitheoir a fheidhmiú trí dhéileáil ar mhodh comhionann leis an dá chraobh den údarás reachtóireachta, i lán-urraim na ról a sanntar do na trí Institiúid leis na Conarthaí.

33.

Coinneoidh na trí Institiúid a chéile ar an eolas go rialta i rith an phróisis reachtaigh maidir leis an obair atá ar siúl acu, maidir le caibidlíochtaí leanúnacha atá eatarthu agus maidir le haon haiseolas ó gheallsealbhóirí a d’fhéadfadh a bheith faighte acu, trí nósanna imeachta iomchuí, lena n-áirítear idirphlé eatarthu.

34.

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ina gcáil mar chomhreachtóirí, ar an tábhacht a bhaineann le dlúth-theagmhálacha a choinneáil fiú amháin sula dtosaíonn aon caibidlíochtaí idirinstitiúideacha ionas go ndéanfar tuiscint fhrithpháirteach níos fearr ar an seasamh atá ag gach aon institiúid a ghnóthú. Chun na críche sin, i gcomhthéacs an phróisis reachtaigh, déanfaidh siad éascú ar mhalartú frithpháirteach tuairimí agus faisnéise, lena n-áirítear trí chuireadh a thabhairt d’ionadaithe na n-institiúidí eile chuig malartuithe neamhfhoirmiúla tuairimí ar bhonn rialta.

35.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeidh sioncrónú níos fearr ann maidir leis an gcaoi a ndéileálann siad le tograí reachtacha. Go háirithe, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle comparáid idir na tráthchláir tháscacha do na céimeanna éagsúla roimh ghlacadh críochnaitheach gach togra reachtach ar leith.

36.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na trí Institiúid a chomhaontú comhordú a dhéanamh ar a n-iarrachtaí chun an próiseas reachtach a luathú agus fós a áirithiú go n-urramaítear sainchumais na gcomhreachtóirí agus go gcaomhnaítear cáilíocht na reachtaíochta.

37.

Comhaontaíonn na trí Institiúid go gcaithfidh sé go bhfágann soláthar faisnéise do Pharlaimintí náisiúnta gur féidir leis na Parlaimintí náisiúnta a gcuid sainchumas a fheidhmiú go hiomlán faoi na Conarthaí.

38.

Déanfaidh na trí Institiúid trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha a áirithiú, ar bhonn na reachtaíochta ábhartha agus an chás-dlí ábhartha, lena n-áirítear trí láimhseáil iomchuí ar chaibidlíochtaí tríthaobhacha.

Cuirfidh na trí Institiúid feabhas ar an gcumarsáid leis an bpobal le linn an timthrialla iomláin reachtaigh agus go háirithe fógróidh siad i gcomhpháirt lena chéile toradh rathúil an phróisis reachtaigh sa ghnáthnós imeachta reachtach a thúisce a bheidh comhaontú eatarthu, eadhon trí phreasagallaimh chomhpháirteacha nó trí aon mhodh eile a mheastar a bheith oiriúnach.

39.

Chun inrianaitheacht na gcéimeanna éagsúla sa phróiseas reachtach a éascú, geallann na trí Institiúid go ndéanfaidh siad, faoin 31 Nollaig 2016, bealaí a shainaithint chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ardáin agus ar uirlisí chun na críche sin, d’fhonn bunachar sonraí comhpháirteach, tiomanta i ndáil le staid gach comhaid reachtaigh a bhunú.

40.

Aithníonn na trí Institiúid an tábhacht a bhaineann lena áirithiú gur féidir le gach Institiúid a chearta a fheidhmiú agus a oibleagáidí a chomhlíonadh, mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad agus mar atá siad léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú agus a thabhairt chun críche.

Geallann na trí Institiúid teacht le chéile i gcruinniú laistigh de shé mhí tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm chun caibidliú a dhéanamh ar chomhshocruithe praiticiúla feabhsaithe don chomhar agus don chomhroinnt faisnéise faoi chuimsiú na gConarthaí, arna léirmhíniú amhlaidh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

VII.   REACHTAÍOCHT AONTAIS A CHUR CHUN FEIDHME AGUS A CHUR I bhFEIDHM

41.

Comhaontaíonn na trí Institiúid ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh comhar níos struchtúrtha ann eatarthu chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar éifeachtúlacht dhlí an Aontais d’fhonn feabhas a chur air trí reachtaíocht a dhéanfar amach anseo.

42.

Cuireann na trí Institiúid i bhfios go láidir go bhfuil gá ann reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm go tapa agus i gceart sna Ballstáit. Beidh an teorainn ama chun treoracha a thrasuí chomh gearr agus is féidir agus, de ghnáth, ní rachaidh na teorainneacha ama sin thar dhá bhliain.

43.

Iarrann na trí Institiúid ar na Ballstáit, nuair a bhíonn bearta á nglacadh acu chun reachtaíocht Aontais a thrasuí nó a chur chun feidhme nó chun cur i ngníomh bhuiséad an Aontais a áirithiú, go gcuirfidh siad na bearta sin in iúl go soiléir don phobal sna Ballstáit sin. I gcomhthéacs trasuí treoracha ina ndlí náisiúnta, nuair a roghnaíonn Ballstát eilimintí a chur isteach nach bhfuil gaolmhar ar aon slí leis an reachtaíocht Aontais sin, ba cheart na heilimintí breise sin bheith so-aitheanta trí bhíthin an ghnímh nó na ngníomhartha trasuí, nó trí dhoiciméid a bhaineann leo.

44.

Iarrann na trí Institiúid ar na Ballstáit comhoibriú leis an gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí a fháil atá riachtanach chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais .Meabhraíonn na trí Institiúid, agus cuireann siad i bhfios go láidir, a thábhachtaí atá Dearbhú Polaitiúil Comhpháirteach na mBallstát agus an Choimisiúin an 28 Meán Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin (7) agus Dearbhú Polaitiúil Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin a ghabhann le fógairt bearta trasuí.

45.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag tuairisciú go bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais. Áirítear i dtuarascáil an Choimisiúin, i gcás inarb ábhartha, tagairt don fhaisnéis a luaitear i mír 43. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an gcéim den chur chun feidhme ag a bhfuil gníomh dlí ar leith.

VIII.   SIMPLIÚ

46.

Dearbhaíonn na trí Institiúid go bhfuil siad tiomanta d’úsáid a bhaint níos minice as an teicníc reachtach d’athmhúnlú chun modhnú a dhéanamh ar reachtaíocht atá cheana ann, agus lán-urraim acu do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le gníomhartha dlí. Más rud é nach iomchuí athmhúnlú, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 — Modh oibre níos tapúla d’fhonn téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil, agus déanfaidh sé an méid sin a luaithe agus is féidir i ndiaidh gníomh leasaitheach a bheith glactha. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra den sórt sin a thíolacadh, luafaidh sé na cúiseanna atá aige gan an méid sin a dhéanamh.

47.

Tá na trí Institiúid tiomanta do na hionstraimí rialála is éifeachtúla a chur chun cinn, amhail comhchuibhiú agus aithint fhrithpháirteach, chun go seachnófar ró-rialáil agus ualaí riaracháin agus chun cuspóirí na gConarthaí a chomhall.

48.

Comhaontaíonn na trí Institiúid comhoibriú le chéile chun reachtaíocht a nuashonrú agus a shimpliú agus chun ró-rialáil agus ualaí riaracháin do shaoránaigh, do riaracháin agus do ghnóthaí, lena n-áirítear FBManna, a sheachaint agus fós a áirithiú go gcomhlíontar cuspóirí na reachtaíochta. Sa chomhthéacs sin, comhaontaíonn na trí Institiúid go malartóidh siad tuairimí ar an ábhar sin sula gcríochnófar Clár Oibre an Choimisiúin.

Mar rannchuidiú lena clhár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT), geallann an Coimisiún go dtíolacfaidh sé go bliantúil forléargas, lena n-áirítear suirbhé bliantúil maidir le hualaí, ar thorthaí iarrachtaí an Aontais chun reachtaíocht a shimpliú agus chun ró-rialáil a sheachaint agus ualaí riaracháin a laghdú.

Bunaithe ar mheasúnú tionchair na nInstitiúidí agus ar obair agus ionchur meastóireachta ó na Ballstáit agus ó gheallsealbhróirí, agus ag cur costais agus sochair reachtaíocht an Aontais san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, cibé uair is indéanta sin, an laghdú ar an ualach rialála nó an acmhainneacht coigilte atá ag tograí nó gníomhartha dlí aonair a chainníochtú.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar a indéanta atá sé cuspóirí don laghdú ualaí in earnálacha sonracha a leagan síos in REFIT.

IX.   AN COMHAONTÚ SEO A CHUR CHUN FEIDHME AGUS FAIREACHÁN A DHÉANAMH AIR

49.

Déanfaidh na trí Institiúid na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na meáin agus na hacmhainní acu atá riachtanach chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go cuí.

50.

Déanfaidh na trí Institiúid, i gcomhpháirt lena chéile agus go tráthrialta, faireachán ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ar an leibhéal polaitiúil trí idirphléití bliantúla agus ar an leibhéal teicniúil sa Ghrúpa Comhordaithe Idirinstitiúideach araon.

X.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

51.

Tagann an Comhaontú Idirinstitiúideach seo in ionad Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr an 16 Nollaig 2003 (8) agus Chur Chuige Coiteann Idirinstitiúideach maidir le measúnuithe Tionchair Samhain 2005 (9).

Tagann an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo in ionad Chomhthuiscint 2011 maidir le Gníomhartha Tarmligthe.

52.

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm lá a shínithe.

Съставено в Страсбург, 13 април 2016 г.

Hecho en Estrasburgo, el 13 de abril de 2016.

Ve Štrasburku dne 13. dubna 2016.

Udfærdiget i Strasbourg, den 13. april 2016.

Geschehen zu Straßburg am 13. April 2016.

Strasbourg, 13. aprill 2016

Έγινε στο Στρασβούργο, 13 Απριλίου 2016.

Done at Strasbourg, 13 April 2016.

Fait à Strasbourg, le 13 avril 2016.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Aibreán 2016.

Sastavljeno u Strasbourgu 13. travnja 2016.

Fatto a Strasburgo, addì 13 aprile 2016.

Strasbūrā, 2016. gada 13. aprīlī.

Priimta Strasbūre 2016 m. balandžio 13 d.

Kelt Strasbourgban, 2016. április 13-én.

Magħmul fi Strasburgu, 13 ta' April 2016.

Gedaan te Straatsburg, 13 april 2016.

Sporządzono w Strasburgu dnia 13 kwietnia 2016 r.

Feito em Estrasbourgo, em 13 de abril de 2016.

Întocmit la Strasbourg 13 aprilie 2016.

V Štrasburgu 13. apríla 2016.

V Strasbourgu, 13. aprila 2016.

Tehty Strasbourgissa 13. huhtikuuta 2016.

Som skedde i Strasbourg den 13 april 2016.

За Европейския парламент

Por el Parlamento Europeo

Za Evropský parlament

For Europa-Parlamentet

Im Namen des Europäischen Parlaments

Euroopa Parlamendi nimel

Για το Ευρωπαϊκό Κοινοβούλιο

For the European Parliament

Pour le Parlement européen

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

Za Europski parlament

Per il Parlamento europeo

Eiroparlamenta vārdā

Europos Parlamento vardu

Az Európai Parlament részéről

Għall-Parlament Ewropew

Voor het Europees Parlement

W imieniu Parlamentu Europejskiego

Pelo Parlamento Europeu

Pentru Parlamentul European

Za Európsky parlament

Za Evropski parlament

Euroopan parlamentin puolesta

På Europaparlamentets vägnar

За Съвета

Por el Consejo

Za Radu

På Rådets vegne

Im Namen des Rates

Nõukogu nimel

Για το Συμβούλιο

For the Council

Pour le Conseil

Thar ceann Comhairle

Za Vijeće

Per il Consiglio

Padomes vārdā

Tarybos vardu

A Tanács részéről

Għall-Kunsill

Voor de Raad

W imieniu Rady

Pelo Conselho

Pentru Consiliu

Za Radu

Za Svet

Neuvoston puolesta

På rådets vägnar

За Комисията

Por la Comisión

Za Komisi

På Kommissionens vegne

Im Namen der Kommission

Komisjoni nimel

Για την Επιτροπή

For the Commission

Pour la Commission

Thar ceann an Choimisiúin

Za Komisiju

Per la Commissione

Komisijas vārdā

Komisijos vardu

A Bizottság részéről

Għall-Kummissjoni

Voor de Commissie

W imieniu Komisji

Pela Comissão

Pentru Comisie

Za Komisiu

Za Komisijo

Komission puolesta

På kommissionens vägnar

Председател/El Presidente/Předseda/Formand/Der Präsident/President-Eesistuja/O Πρóεδρος/The President/Le Président/An tUachtarán/Predsjednik/Il Presidente/Priekšsēdētājs/Pirmininkas/Az elnök/Il-President/de Voorzitter/Przewodniczący/O Presidente/Președintele/Predseda/Predsednik/Puheenjohtaja/Ordförande

Image

Martin SCHULZ

Image

Jeanine Antoinette HENNIS-PLASSCHAERT

Image

Jean-Claude JUNCKER


(1)  IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.

(2)  IO C 73, 17.3.1999, lch. 1.

(3)  IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.

(4)  IO C 145, 30.6.2007, lch 5.

(5)  IO C 369, 17.12.2011, lch.15.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(8)  IO C 321, 31.12.2003, lch. 1.

(9)  http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/key_docs/docs/ii_common_approach_to_ia_en.pdf


IARSCRÍBHINN

Comhthuiscint idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le Gníomhartha Tarmligthe

I.   Raon feidhme agus prionsabail ghinearálta

1.

An Chomhthuiscint seo, tógann sí ar Chomhthuiscint 2011 maidir le Gníomhartha Tarmligthe, agus tagann sí ina hionad, agus déanann sí sruthlíniú ar an gcleachtas arna bhunú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ina dhiaidh sin. Leagtar amach inti na comhshocruithe praiticiúla agus na soiléirithe comhaontaithe agus na céadroghanna is infheidhme maidir le tarmligin na cumhachta reachtaí faoi Airteagal 209 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Éilíonn an tAirteagal sin go mbeidh cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tarmligin sainithe go sainráite i ngach gníomh reachtach a bhfuil tarmligean den sórt sin ar áireamh ann (“an bunghníomh”).

2.

Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu agus na nósanna imeachta a leagtar síos in CFAE á gcomhlíonadh acu, oibreoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle and an Coimisiún (“na trí Institiúid”) i gcomhar le linn an nóis imeachta ionas go ndéanfar cumhacht tharmligthe a fheidhmiú go rianúil agus ionas go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an chumhacht sin a rialú go héifeachtach. Chuige sin, déanfar teagmhálacha iomchuí ar an leibhéal riaracháin a choimeád.

3.

Nuair a bheidh tarmligin cumhachta faoi Airteagal 290 CFAE á mholadh nó nuair a bheidh aon chumhacht den sórt sin á tarmligean, geallfaidh na hInstitiúidí lena mbaineann, ag brath ar an nós imeachta chun an bunghníomh a ghlacadh, leas a bhaint a mhéid is indéanta sin as na clásail chaighdeánacha a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis seo.

II.   Comhairliúcháin maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas

4.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe a bheidh ainmnithe ag gach Ballstát le linn dó dréachtghníomhartha tarmligthe a ullmhú. Rachfar i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit ar shlí thráthúil maidir le gach ceann de na dréachtghníomhartha tarmligthe a bheidh á n-ullmhú ag seirbhísí an Choimisiúin (*). Déanfar na dréachtghníomhartha tarmligthe a chomhroinnt le saineolaithe ó na Ballstáit. Tarlóidh na comhairliúcháin sin trí ghrúpaí saineolaithe atá cheana ann, nó trí chruinnithe ad hoc le saineolaithe ó na Ballstáit a seolfaidh an Coimisiún cuirí chucu trí Bhuanionadaíochtaí na mBallstát uile. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh cé acu saineolaithe a bheidh rannpháirteach. Tabharfar do shaineolaithe ó na Ballstáit, luath go leor chun go bhféadfaidh siad ullmhúcháin a dhéanamh, na dréachtghníomhartha tarmligthe, an dréachtchlár oibre agus aon doiciméid ábhartha eile.

5.

Ag deireadh aon chruinniú le saineolaithe ó na Ballstáit nó mar ghníomh iardain ar scór na gcruinnithe sin, luafaidh seirbhísí an Choimisiúin cad iad na conclúidí a bhain siad as na pléití, lena n-áirítear conas a chuirfidh siad tuairimí na saineolaithe san áireamh agus conas a bheartaíonn siad leanúint ar aghaidh. Déanfar na conclúidí sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

6.

Féadfaidh comhairliúcháin le geallsealbhóirí a bheith ar áireamh freisin in ullmhú agus i dtarraingt suas gníomhartha tarmligthe.

7.

Más rud é go ndéantar inneachar ábhartha dréachtghnímh tharmligthe a athrú in aon slí, tabharfaidh an Coimisiún an deis do shaineolaithe ó na Ballstáit freagairt don leagan leasaithe den dréachtghníomh reachtach, agus é sin a dhéanamh i scríbhinn i gcás inarb iomchuí.

8.

Beidh achoimre den phróiseas comhairliúcháin ar áireamh i ráiteas míniúcháin a bheidh ag gabháil leis an ngníomh tarmligthe.

9.

Déanfaidh an Coimisiún liostaí táscacha de na gníomhartha tarmligthe atá beartaithe a chur ar fáil ag eatraimh thráthrialta.

10.

Déanfaidh an Coimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid uile, lena n-áirítear na dréachtghníomhartha, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit ar bhealach tráthúil agus comhuaineach.

11.

I gcás ina measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gur gá sin, féadfaidh siad araon saineolaithe a chur chuig cruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe chuig a mbeidh cuireadh faighte ag saineolaithe ó na Ballstáit. Chuige sin, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an sceideal do na míonna atá le teacht agus na cuirí do na cruinnithe saineolaithe uile.

12.

Cuirfidh na trí Institiúid in iúl dá chéile cad iad na boscaí ríomhphoist feidhmiúla dá gcuid atá le húsáid chun na doiciméid uile a bhaineann le gníomhartha tarmligthe a sheoladh agus a fháil. A luaithe a bheidh an clár dá dtagraítear i mír 29 den Chomhaontú seo bunaithe, bainfear úsáid as chun na críche sin.

III.   Socruithe chun doiciméid a tharchur agus tréimhsí ama a ríomh

13.

Trí bhíthin sásra iomchuí, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe a tharchur go hoifigiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfar doiciméid rúnaicmithe a phróiseáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin inmheánacha a tharraingeoidh gach Institiúid suas d’fhonn na ráthaíochtaí riachtanacha go léir a thabhairt.

14.

Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 290 CFAE a fheidhmiú laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i ngach bunghníomh, ní dhéanfaidh an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe a tharchur i rith na dtréimhsí ama seo a leanas:

ón 22 Nollaig go dtí an 6 Eanáir;

ón 15 Iúil go dtí an 20 Lúnasa.

Ní bheidh feidhm ag na tréimhsí sin ach amháin nuair a bheidh an tréimhse agóide bunaithe ar phointe 18.

Ní bheidh feidhm ag na tréimhsí sin i leith gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin nós imeachta práinne dá bhforáiltear i gCuid VI den Chomhthuiscint seo. Sa chás go nglacfar gníomh tarmligthe faoin nós imeachta práinne le linn ceann de na tréimhsí a shonraítear sa chéad fhomhír, ní thosóidh an teorainn ama le haghaidh agóid a chur in iúl dá bhforáiltear sa bhunghníomh go dtí go mbeidh an tréimhse i dtrácht istigh.

Faoi Dheireadh Fómhair na bliana roimh thoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, comhaontóidh na trí Institiúid ar chomhshocrú i dtaobh fógra a thabhairt maidir le gníomhartha tarmligthe i rith shos na dtoghchán.

15.

Tosóidh an tréimhse chun agóidí a chur in iúl nuair a bheidh leagan den ghníomh tarmligthe faighte ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i ngach teanga oifigiúil.

IV.   Ré an tarmligin

16.

Leis an mbunghníomh, féadfar a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh le haghaidh tréimhse ama cinntithe nó neamhchinntithe.

17.

I gcás ina bhforordaítear do thréimhse ama cinntithe, ba cheart, leis an mbunghníomh, foráil a dhéanamh i bprionsabal go ndéanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tharmligthe a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh gach tréimhse. Ní dhéanann an pointe seo difear don cheart atá ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle cúlghairm a dhéanamh.

V.   Na tréimhsí atá ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun agóid a dhéanamh

18.

Gan dochar don nós imeachta práinne, ba cheart, i bprionsabal, tréimhse dhá mhí, agus nach tréimhse níos giorra ná sin, bheith sa tréimhse agóide a shainmhínítear ar bhonn gach cáis ar leith i ngach gníomh bunúsach, ar tréimhse í is féidir a fhadú le dhá mhí ar thionscnamh gach aon institiúide (Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle).

19.

Mar sin féin, féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach ndéanfaidh siad agóid.

VI.   Nós imeachta práinne

20.

Ba cheart an nós imeachta práinne a fhorchoinneáil le haghaidh cásanna eisceachtúla, amhail cúrsaí slándála agus sábháilteachta, sláinte agus sábháilteacht a chosaint, nó caidreamh eachtrach, lena n-áirítear géarchéimeanna daonnúla. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle údar a thabhairt leis an nós imeachta práinne a roghnú sa bhunghníomh. Sonrófar sa bhunghníomh na cásanna ina mbeidh an nós imeachta práinne le húsáid.

21.

Gabhann an Coimisiún air féin Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas faoi aon uair a bhíonn an fhéidearthacht ann gníomh tarmligthe a ghlacadh faoin nós imeachta práinne. A luaithe a fheictear do sheirbhísí an Choimisiúin go bhféadfadh sé sin tarlú, tabharfaidh siad foláireamh neamhoifigiúil d’ardrúnaíochtaí Pharlaimint an hEorpa agus na Comhairle chuige sin trí na boscaí ríomhphoist feidhmiúla dá dtagraítear i bpointe 12.

22.

Gníomh tarmligthe a glactar faoin nós imeachta práinne, tiocfaidh sé i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm aige fad nach ndéanfar agóid laistigh den tréimhse dá bhforáiltear sa bhunghníomh. Má dhéantar agóid ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

23.

Agus fógra maidir le gníomh tarmligthe faoin nós imeachta práinne á chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, luafaidh an Coimisiún na cúiseanna ar baineadh úsáid as an nós imeachta sin.

VII.   Foilsiú san Iris Oifigiúil

24.

Foilseofar gníomhartha tarmligthe i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ní dhéanfar é sin go dtí go mbeidh an tréimhse agóide dulta in éag, ach amháin sna cúinsí a leagtar amach i bpointe 19. Foilseofar gan mhoill gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin nós imeachta práinne.

25.

Gan dochar d’Airteagal 297 CFAE, cinntí ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle chun tarmligean cumhachta a chúlghairm, chun agóid a dhéanamh maidir le gníomh tarmligthe a glacadh faoin nós imeachta práinne nó chun dul i gcoinne athnuachan intuigthe tharmligean na cumhachta, déanfar iad a fhoilsiú i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin. Tiocfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

26.

Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin, cinntí lena n-aisghairtear gníomhartha tarmligthe a glacadh faoin nós imeachta práinne.

VIII.   Malartú frithpháirteach faisnéise, go háirithe i gcás cúlghairme

27.

Agus a gcearta chun na coinníollacha a leagtar síos sa bhunghníomh a chur i bhfeidhm á bhfeidhmiú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, cuirfidh siad a chéile ar an eolas agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas freisin.

28.

Nuair a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tús le nós imeachta a bhféadfadh cúlghairm tarmligin cumhachta a bheith mar thoradh air, cuirfidh an institiúid sin an dá institiúid eile ar an eolas faoi ar a laghad aon mhí amháin sula ndéanfaidh sí an cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh


(*)  Na sonraíochtaí a bhaineann leis an nós imeachta maidir le caighdeáin theicniúla rialála (CTR) a ullmhú mar a bhfuil tuairisc orthu i Rialacháin ESA [Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48) agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún(OJ L 331, 15.12.2010, p. 84)], cuirfear san áireamh iad gan dochar do na comhshocruithe comhairliúcháin a leagtar síos sa chomhaontú seo.

Foscríbhinn

Clásail chaighdeánacha

Aithris:

Chun … [cuspóir], ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le … [ábhar agus raon feidhme]. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Airteagal(Airteagail) lena ndéantar cumhacht a tharmligean

[Déanfaidh an Coimisiún / tabharfar de chumhacht don Choimisiún] gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal [A] bhaineann le [ábhar agus raon feidhme].

Tá an mhír fhorlíontach a leanas le cur isteach i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta práinne:

Más rud é, i gcás [ábhar agus raon feidhme], go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal [B] maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal [A]

An tarmligean a fheidhmiú

1.

Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

[ré]

Rogha 1:

2.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal(Airteagail) … a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí].

Rogha 2:

2.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal(Airteagail) … a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse … bliana amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse … bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Rogha 3:

2.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal(Airteagail) … a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse … bliana amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí].

3.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal(Airteagail) … a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.

Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.

A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.

Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal(Airteagail) … i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Tá an t-airteagal forlíontach a leanas le cur isteach i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta práinne:

Airteagal [B]

An nós imeachta práinne

1.

Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal [A](6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.