ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
26 Samhain 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas  ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 310 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

26.11.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/2120 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2015

lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna a bhunú chun go ndéanfaí an chóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chuirtear ar thrácht i ndáil le soláthar seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus cearta gaolmhara úsáideoirí deiridh a choimirciú. Is é is aidhm leis úsáideoirí deiridh a chosaint agus ag an am céanna feidhmiú leanúnach éiceachóras an idirlín mar inneall don nuálaíocht a ráthú. Trí athchóirithe a dhéanamh i réimse na fánaíochta, ba cheart go mbeadh an mhuinín ag úsáideoirí deiridh leanúint de bheith nasctha agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, agus ba cheart, in imeacht na haimsire, go mbeadh na hathchóirithe sin ina spreagadh do chóineasú praghsála agus coinníollacha eile san Aontas.

(2)

Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, urramaítear prionsabal na neodrachta teicneolaíche, eadhon ní dhéantar leo cineál áirithe teicneolaíochta a bhrú chun cinn ná ní dhéantar leo idirdhealú i bhfabhar cineál áirithe teicneolaíochta a úsáid.

(3)

Tá forbairt tagtha ar an idirlíon le roinnt mhaith blianta anuas mar ardán oscailte don nuálaíocht agus nach bhfuil ach bacainní beaga ar an rochtain air d’úsáideoirí deiridh, do sholáthraithe ábhair agus feidhmchlár agus seirbhísí agus do sholáthraithe sheirbhísí rochtana ar an idrlíon. Is é is aidhm leis an gcreat rialála atá ann cheana cumas úsáideoirí deiridh teacht ar fhaisnéis agus ábhar agus an méid sin a scaipeadh nó a rogha feidhmchlár agus seirbhísí a reáchtáil, a chur chun cinn. Mar sin féin, tá líon suntasach úsáideoirí deiridh thíos le cleachtais bainistithe tráchta lena mblocáiltear feidhmchláir áirithe nó lena gcuirtear moill orthu. I ngeall ar na treochtaí sin, tá gá le rialacha comhchoiteanna ar leibhéal an Aontais chun oscailteacht an idirlín a áirithiú agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a bheadh mar thoradh ar bhearta a ghlacfadh Ballstáit aonair a sheachaint.

(4)

Soláthraíonn seirbhís rochtana ar an idrlíon rochtain ar an idirlíon, agus i bprionsabal ar na pointí deiridh go léir aige, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil a bhíonn in úsáid ag úsáideoirí deiridh. Mar sin féin, ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon orthu, féadfaidh sé nach mbeidh rochtain i gcónaí ar phointí deiridh áirithe ar an idirlíon. Dá bhrí sin, maidir lena n-oibleagáidi a bhaineann le seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthar de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go bhfuil siad comhlíonta ag soláthraithe den sórt sin i gcás ina ndéantar lúdracht leis an seirbhís sin le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon. Dá bhrí sin, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon srianta a chur maidir le lúdracht le haon phointe deiridh ar an idirlíon a bhfuil rochtain air.

(5)

Agus iad ag fáil rochtana ar an idirlíon, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag úsáideoirí deiridh rogha a dhéanamh idir cineálacha éagsúla trealamh teirminéil mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/63/CE ón gCoimisiún (4). Níor cheart go bhforchuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon srianta maidir le trealamh teirminéil atá nasctha leis an líonra a úsáid, sa bhreis orthu siúd arna bhforchur ag monaróirí nó ag dáileoirí trealaimh teirminéil i gcomhréir le dlí an Aontais.

(6)

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a bheith acu ar fhaisnéis agus ar ábhar agus iad a scaipeadh, agus feidhmchláir agus seirbhísí a úsáid agus a sholáthar, gan aon idirdhealú, trína seirbhís rochtana ar an idrlíon. Ba cheart go mbeadh feidhmiú an chirt seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, maidir le dlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí. Mar sin féin, níl sé d’aidhm leis an Rialachán seo rialáil a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár ná na seirbhísí, ná ar na nósanna imeachta, ar na ceanglais ná ar na coimircí gaolmhara. Dá bhrí sin, tá na hábhair sin fós faoi réir reachtaíocht an Aontais, nó faoi réir reachtaíochta náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais.

(7)

D’fhonn a gcearta rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t-ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a sholáthar agus a úsáid, a fheidhmiú, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag úsáideoirí deiridh teacht ar chomhaontú le soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon le haghaidh taraifí agus toirteanna sonracha sonraí agus luasanna sonracha na seirbhíse rochtana ar an idrlíon. Le comhaontuithe den sórt sin, mar aon le cleachtais tráchtála na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, níor cheart go gcuirfí teorainneacha maidir leis na ceartasin a fheidhmiú agus, ar an gcaoi sin teacht timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú. Ba cheart go dtabharfaí an chumhacht do na húdaráis náisiúnta rialála idirghabháil a dhéanamh i gcoinne comhaontuithe nó i gcoinne cleachtas tráchtála arb é is toradh orthu, i ngeall ar a bhfairsinge, cásanna ina laghdaítear rogha na n-úsáideoirí deiridh ar bhonn ábharach agus go praiticiúil. Chun na críche sin, ba cheart, inter alia, go gcuirfí san áireamh leis an measúnú a dhéanfar ar chomhaontuithe agus ar chleachtais tráchtála na suímh faoi seach ar an margadh atá ag na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus atá ag na soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh ceanglas ar údaráis náisiúnta rialála agus ar údaráis inniúla eile, mar chuid den fheidhm atá acu i ndáil le faireachán agus le forfheidhmiú, idirghabháil a dhéanamh i gcás ina mbainfí an bonn ó bhunbhrí na gceart sin mar thoradh ar shocruithe nó ar chleachtais tráchtála.

(8)

Agus seirbhísí rochtana ar an idirlíon á soláthar, ba cheart cóir chomhionann a chur ar an trácht ar fad, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, go neamhspleách ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar, ar an bhfeidhmchlár, ar an tseirbhís ná ar an treamlamh teiriminéil. De réir phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus de réir an chásdlí shocraithe, níor cheart caitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach difriúil agus níor cheart caitheamh le cásanna difriúla ar an mbealach céanna ach amháin má tá údar maith oibiachtúil le cóir den sórt sin.

(9)

Is é is cuspóir le bainistiú tráchta réasúnta cur le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní líonra agus leis an gcáilíocht fhoriomlán tarchuir a bharrfheabhsú, ag freagairt do na ceanglais cáilíochta seirbhíse atá difriúil go hoibiachtúil a bhaineann le catagóirí sonracha tráchta, agus dá bhrí sin na ceanglais a bhaineann leis an ábhar, leis na feidhmchláir agus leis na seirbhísí a tharchuirtear Ba cheart go mbeadh na bearta um bhainistiú tráchta réasúnta arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus níor cheart iad a bhunú ar chúinsí tráchtála. Na ceanglais le go mbeadh na bearta bainistithe tráchta neamh-idirdhealaitheach, ní chuirtear cosc leo ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur chun feidhme lena ndéantar catagóirí sonracha tráchta a dhifreáil chun an cháilíocht fhoriomlán tarchuir a bharrfheabhsú. Maidir le haon difreáil den sórt sin, chun an cháilíocht fhoriomlán agus eispéireas an úsáideora a bharrfheabhsú, níor cheart é a dhéanamh ach amháin ar bhonn ceanglais teicniúla oibiachtúla cáilíochta seirbhíse (mar shampla, i ndáil le haga folaigh, giodam, caillteanas paicéid, agus leathanbhanda) na gcatagóirí difriúla tráchta, agus ní ar bhonn cúinsí tráchtála. Ba cheart go mbeadh bearta bainistithe tráchta difreála den sórt sin comhréireach i ndáil leis an gcuspóir an cháilíocht fhoriomlán a bharrfheabhsú agus ba cheart go gcuirfidís cóir chomhionann ar thrácht coibhéiseach. Níor cheart bearta den sórt sin a choimeád ar bun níos faide ná mar is gá.

(10)

Ní cheanglaítear le bainistiú tráchta réasúnta teicnící lena ndéantar faireachán ar ábhar sonrach na sonraí tráchta a tharchuirtear tríd an tseirbhís rochtana ar an idrlíon.

(11)

Aon chleachtais bainistithe tráchta a théann níos faide ná bearta um bhainistiú tráchta réasúnta den sórt sin, trí bhlocáil, moilliú, athrú, srianadh, cur isteach ar ábhar, feidhmchláir nó seirbhísí sonracha, nó trí dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh idir aicmí sonracha ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, ba cheart toirmeasc a chur orthu, faoi réir na n-eisceachtaí atá leagtha síos sa Rialachán seo atá sainithe agus a bhfuil údar maith leo. Ba cheart go mbeadh na heisceachtaí sin faoi réir léirmhíniú dian agus cheanglais na comhréireachta. Ba cheart ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha agus seirbhísí sonracha a chosaint, agus catagóirí sonracha de na nithe sin freisin, de dheasca an tionchar diúltach ar roghanna an úsáideora deiridh agus ar an nuáil a bhaineann le blocáil nó bearta sriantacha eile nach dtagann faoi raon feidhme na n-eisceachtaí a bhfuil údar maith leo. Rialacha i gcoinne athrú a dhéanamh ar ábhar, seirbhísí nó feidhmchláir tagraítear leo d’ábhar na cumarsáide a mhodhnú, ach ní chuirtear toirmeasc leo ar theicnící comhbhrúite sonraí neamh-idirdhealaitheacha lena laghdaítear méid an chomhaid sonraí gan aon mhodhnú ar an ábhar. Cumasaítear le comhbhrú den sórt sin úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní ganna agus is chun leasa na n-úsáideoirí deiridh é maidir le toirteanna sonraí a laghdú, an luas a mhéadú agus le heispéireas an t-ábhar, na feidhmchláir nó na seirbhísí lena mbaineann á n-úsáid.

(12)

Maidir le bearta bainistithe tráchta a théann thar bhearta um bhainistiú tráchta réasúnta den sórt sin, ní fhéadfar iad a chur i bhfeidhm ach de réir mar is gá agus chomh fada agus is gá chun na trí heisceacht a bhfuil údar maith leo atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(13)

Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh imthosca teacht chun cinn ina mbeidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon faoi réir reachtaíocht de chuid an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais (mar shampla, reachtaíocht a bhaineann le dlíthiúlacht ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, nó reachtaíocht a bhaineann le sábháilteacht phoiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear dlí coiriúil, lena gceanglaítear, mar shampla, ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha a bhlocáil, nó le bearta lena gcuirtear an reachtaíocht sin i bhfeidhm nó chun feidhme, amhail bearta a bhfuil feidhm ghinearálta leo, orduithe cúirte, cinntí ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha, nó bearta eile lena n-áirithítear go gcomhlíontar gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta den sórt sin (mar shampla, oibleagáidí chun orduithe cúirte a chomhlíonadh nó orduithe ó údaráis phoiblí lena gceanglaítear ábhar neamhdhlíthiúil a bhlocáil). An ceanglas maidir le dlí an Aontais a chomhlíonadh, baineann sé, inter alia, le comhlíonadh cheanglais Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) i ndáil le feidhmiú cearta agus saoirsí bunúsacha a theorannú. Mar a fhoráiltear i dTreoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), aon bhearta ar dóigh dóibh cearta bunúsacha nó shaoirsí bunúsacha a shrianadh, ní bheidh siad le forchur ach amháin má tá siad iomchuí, comhréireach agus riachtanach i sochaí dhaonlathach, agus beidh a gcur chun feidhme faoi réir coimircí leordhóthanacha nós imeachta i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, lena n-áirítear cosaint éifeachtach bhreithiúnach agus próis chuí.

(14)

Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh bearta bainistithe tráchta a théann thar bhearta um bhainistiú tráchta réasúnta den sórt sin bheith riachtanach chun sláine agus slándáil an líonra a chosaint, mar shampla, trí chibear-ionsaithe a tharlaíonn trí leathadh bogearraí mailíseacha nó goid aitheantais úsáideoirí deiridh a tharlaíonn trí spiairearraí a úsáid a chosc.

(15)

Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh bearta a théann thar bhearta um bhainistiú tráchta réasúnta den sórt sin bheith riachtanach freisn chun plódú líonra atá ag bagairt a chosc, is é sin, cásanna ina mbeidh plódú ar tí tarlú, agus chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí an phlódaithe líonra, i gcás nach dtarlaíonn plódú den sórt sin ach go sealadach agus in imthosca eisceachtúla. Le prionsabal na comhréireachta, ceanglaítear, le bearta bainistithe tráchta bunaithe ar an eisceacht sin, go gcuirfí cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta. Ba cheart plódú sealadach a thuiscint mar thagairt do staideanna sonracha gearrthéarmacha, i gcás ina bhfuil méadú tobann ar líon na n-úsáideoirí sa bhreis ar na húsáideoirí rialta, nó méadú tobann ar an éileamh ar sheirbhís shonracha, fheidhmchláir shonracha, nó ar ábhar sonrach, a d’fhéadfadh bheith mar chúis le róshreabhadh in acmhainn tarchurtha roinnt de na heilimintí den líonra agus frithghníomhacht cuid eile den líonra a laghdú. D’fhéadfadh plódú sealadach a titim amach go háirithe i líonraí teileafón soghluaiste, atá faoi réir coinníollacha atá níos athraithí, amhail bacainní fisiceacha, cumhdach faoi dhíon níos ísle, nó líon athraitheach úsáideoirí gníomhacha le suíomh atá ag athrú. Cé go bhféadfadh sé bheith intuartha go dtarlódh plódú sealadach den sórt sin ó am go ham ag pointí áirithe sa líonra — a mhéid is nach féidir a mheas mar rud eisceachtúil — d’fhéadfadh nach dtarlódh sé arís is arís eile nó ar feadh tréimhsí chomh fada sin a mbeadh údar maith leis an acmhainn a leathnú ón taobh eacnamaíoch de. Ba cheart plódú eisceachtúil a thuiscint mar thagairt do staideanna neamh-intuartha agus dosheachanta plódaithe, i líonraí fosaithe agus soghluaiste araon. Áirítear ar na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna leis na staideanna sin, teip theicniúil amhail éaradh seirbhíse mar gheall ar cháblaí briste nó eilimintí bonneagair eile briste, athruithe gan choinne i ródú tráchta nó méaduithe móra ar líonra tráchta i ngeall ar staideanna éigeandála nó eile nach bhfuil neart ag soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idrlíon orthu. Fadhbanna plódaithe den sórt sin, is dóchúil go mbeadh siad annamh ach dian, agus ní gá go mbeadh siad gearrthéarmach. An gá atá le bearta um bhainistiú tráchta réasúnta a chur i bhfeidhm a théann thar bearta bainistithe tráchta réasúnta chun éifeachtaí plódaithe líonra sealadacha nó eisceachtúla a chosc nó a mhaolú, níor cheart go dtabharfaí an deis leis do sholáthraithe seirbhísí rochatana ar an idirlíon teacht timpeall ar an toirmeasc ginearálta arbhlocáil, moilliú, athrú, teorannú cur isteach díghrádú nó idirdhealú a dhéanamh idir ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó aicmí sonracha díobh. Plódú sa líonra a mhaireann níos faide nó a tharlaíonn arís agus arís eile agus nach bhfuil eisceachtúil nó sealadach, ba cheart nach mbeifí in ann, leis, leas a bhaint as eisceacht den sórt sin agus ba cheart dul i ngleic leo trí acmhainn an líonra a leathnú.

(16)

Tá éileamh ann ó thaobh soláthraithe ábhair, feidhmchlár agus seirbhísí go mbeadh siad in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon, a bhfuil leibhéil shonracha cáilíochta ag teastáil ina leith, nach n-áirithítear leis na seirbhísí rochtana ar an idrlíon. Teastaíonn ó roinnt seirbhísí a fhónann don leas poiblí nó ó roinnt seirbhísí nua cumarsáide meaisín-go-meaisín na leibhéil shonracha cháilíochta den sórt sin. Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, ba cheart go mbeadh cead acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an-barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfar na riachtanais le go mbainfeadh an t-ábhar, na feidhmchláir nó na seirbhísí leibhéal sonrach cáilíochta amach. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta fíorú an bhfuil gá le barrfheabhsú den sórt sin go hoibiachtúil agus a mhéid a bhfuil gá leis má tá chun príomhghnéithe an ábhair, an fheidhmchláir nó na seirbhíse a áirithiú agus chun dearbhú cáilíochta comhfhreagrach do na húsáideoirí deiridh a chumasú, seachas tosaíocht ghinearálta i dtaca le hábhar inchomparáide a dheonú ar ábhar, feidhmchláir nó seirbhísí atá ar fáil tríd an tseirbhís rochtana ar an idrlíon agus, ar an gcaoi sin, teacht timpeall ar na forálacha maidir leis na bearta bainistithe tráchta is infheidhme maidir leisnatseirbhísí rochtana ar an idrlíon.

(17)

Chun tionchar diúltach ar sholáthar seirbhísí den sórt sin maidir le hinfhaighteacht nó cáilíocht ghinearálta sheirbhísí rochtana ar an idrlíon d’úsáideoirí deiridh a sheachaint, is gá acmhainn leordhóthanach a áirithiú. Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, níor cheart dóibh, mar sin, seirbhísí eile den sórt sin a thairiscint, nó comhaontuithe comhfhreagracha a thabhair i gcrích le soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí lena n-éascaítear seirbhísí den sórt sin, ach amháin má tá dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthraítear. Níor cheart do sheirbhísí eile inúsáidte nó a thairgtear in ionad seirbhísí rochtana ar an idrlíon teacht timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú. Mar sin féin, cé go bhféadfaidh seirbhísí corparáide amhail líonraí fíorúla príobháideacha rochtain a thabhairt ar an idirlíon, níor cheart iad a mheas mar sheirbhís a thiocfadh in ionad na seirbhíse rochtana ar an idrlíon, ar choinníoll go mbeidh sóláthar rochtana den sórt sin ar an idirlíon ó sholáthraí cumarsáide leictreonaí don phobal i gcomhréir le rialacha iomchuí an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, nach bhféadfar a mheas gur teacht timpeall ar na rialacha sin a bheadh ann. Maidir le seirbhísí den sórt sin seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthar, níor cheart go ndéanfadh sin díobháil d’infhaighteacht ná do cáilíocht ghinearálta sheirbhísí rochtana ar an idrlíon d’úsáideoirí deiridh. I gcás líonraí teileafón soghluaiste, bíonn sé deacair toirt an tráchta i gcill raidió ar leith a thuar toisc go n-athraíonn líon gníomhach na n-úsáideoirí deiridh agus ar an gcúis sin d’fhéadfaí go mbeadh tionchar ag cúinsí nárbh fhéidir a thuar ar cháilíocht sheirbhís rochtana ar an idrlíon na n-úsáideoirí deiridh. I gcás líonraí teileafón soghluaiste, níor cheart a mheas go ndéantar díobháil do cháilíocht ghinearálta sheirbhís rochtana ar an idrlíon na n-úsáideoirí deiridh i gcás ina mbeadh tionchar diúltach comhiomlán na seirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon dosheachanta, íosta agus teoranta do thréimhse ghearr. Ba cheart go n-áiritheodh na húdaráis rialála náisiúnta go gcomhlíonfaidh soláthraithe na cumarsáide leictreonaí don phobal an ceanglas seo, mar atá leagtha amach in Airteagal 4. I ndáil leis seo, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar infhaighteacht agus ar cháilíocht ghinearálta seirbhísí rochtana ar an idrlíon trí anailís a dhéanamh, inter alia, ar pharaiméadair cháilíocht na seirbhíse (amhail folaigh, giodam, caillteanas paicéid), leibhéil agus éifeachtaí an phlódaithe sna líonraí, an luas iarbhír i gcoinne a fógraíodh, feidhmíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon i gcomparáid le seirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon, agus cáilíocht mar a bhraitheann úsáideoirí deiridh í.

(18)

Ba cheart go gcomhlánófaí na forálacha maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú le forálacha éifeachtacha an úsáideora dheiridh a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann go háirithe le seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh roghanna eolasacha a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin de bhreis ar na forálacha is infheidhme de Threoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag na Ballstáit bearta atá níos forleithne a choimeád ar bun nó a ghlacadh. Ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon úsáideoirí deiridh ar an eolas ar bhealach soiléir maidir leis an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na cleachtais bainistithe tráchta a chuirtear i bhfeidhm ar cháilíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ar phríobháideachas úsáideoirí deiridh agus ar chosaint sonraí pearsanta agus maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar sheirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon a bhfuil síntiús acu leo, maidir le cáilíocht agus infhaighteacht seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá acu faoi seach. D’fhonn cumhacht a thabhairt do úsáideoirí deiridh in imthosca den sórt sin, dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon úsáideoirí deiridh ar an eolas sa chonradh faoin luas atá siad in ann a sholáthar go réadúil. Tuigtear gurb é an luas atá ar fáil de ghnáthmar an luas a d’fhéadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leis an chuid is mó den am agus é nó í ag fáil rochtana ar an tseirbhís. Ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon úsáideoirí deiridh ar an eolas freisin maidir leis na réitigh atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach gcomhlíontar an fheidhmíocht. Ba cheart aon difríocht shuntasach agus leanúnach nó aon difríocht a athfhilleann go rialta, arna deimhniú le sásra faireacháin atá deimhnithe ag an údarás rialála náisiúnta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl sa Chonradh, a mheas a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart an mhodheolaíocht a bhunú i dtreoirlínte Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus ba cheart í a athbhreithniú agus a thabhairt chun dáta de réir mar is gá chun forás teicneolaíochta agus bonneagair a léiriú. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta comhlíonadh na rialacha sa Rialachán seo maidir le bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte ar an idirlíon a fhorfheidhmiú

(19)

Tá ról fíor-riachtanach ag údaráis náisiúnta rialála lena áirithiú gur féidir le húsáideoirí deiridh úsáid éifeachtach a bhaint as a gcearta faoin Rialachán seo agus go gcomhlíontar na rialacha maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú. Chun na críche sin, ba cheart oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a bheith ar údaráis náisiúnta rialála, agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, a n-oibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú. Áirítear orthu sin an oibleagáid acmhainn leordhóthanach idirlín a áirithiú chun seirbhísí rochtana ardchaighdeáin neamh-idirdhealaitheacha ar an idirlíon a sholáthar agus níor cheart don chaighdeán ginearálta sin díobháil a fhorchur mar gheall ar sholáthar seirbhísí ar leibhéal sonrach cáilíochta, seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon. Ba cheart go mbeadh cumhachtaí agúdaráis náisiúnta rialála ceanglais maidir le saintréithe teicniúla, íoscheanglais cáilíochta seirbhíse a fhorchur agus bearta iomchuí eile ar gach soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal nó ar sholáthraithe aonair seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, más gá é sin a dhéanamh chun comhlíonadh foralácha an Rialacháin seo maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú nó chun díghrádú cháilíocht ghinearálta na seirbhísí rochtana ar an idrlíon d’úsáideoirí deiridh a chosc. Agus sin á dhéanamh, ba cheart d’údaráis náisiúnta rialála lánaird a thabhairt ar an treoir ábhartha a fhaigheann siad ó BEREC.

(20)

Tá an margadh don chumarsáid shoghluaiste ilroinnte i gcónaí san Aontas, agus níl aon líonra soghluaiste a chumhdaíonn na Ballstáit uile. Mar gheall air sin, d’fhonn seirbhísí cumarsáide soghluaiste a sholáthar dá gcustaiméirí baile a bhíonn ag taisteal laistigh den Aontas, ní mór do sholáthraithe fánaíochta seirbhísí fánaíochta mórdhíola a cheannach ó oibreoirí i mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air, nó seirbhísí fánaíochta mórdhíola a mhalartú leo.

(21)

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) an cuspóir beartais gur chóir don difríocht idir taraifí fánaíochta agus baile druidim le nialas. Mar sin féin, ní féidir an aidhm chríochnaitheach maidir le fáil réidh leis an difríocht idir muirir bhaile agus muirir fhánaíochta a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe leis an leibhéal muirear mórdhíola a fheictear anois. Leagtar amach mar sin leis an Rialachán seo gur cheart deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola ón 15 Meitheamh 2017 ar aghaidh, ar an gcoinníoll gur tugadh aghaidh ar na ceisteanna a thugtar faoi deara sna margaí fánaíochta mórdhíola faoi láthair. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an margadh fánaíochta mórdhíola, agus togra reachtach a chur ar aghaidh bunaithe ar thoradh an athbhreithnithe sin.

(22)

Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta in ann “beartas maidir le húsáid chóir” a chur i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an bpraghas miondíola intíre is infheidhme. Tá sé mar aidhm leis an “mbeartas maidir le húsáid chóir” go gcuirfear cosc ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta nó leas a bhaint as na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ar mí-úsaid nó úsáid aimhrialta í, amhail úsáid seirbhísí den sórt sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta in aon Bhallstát nach é Ballstát a sholáthraí intíre é chun críocha eile seachas taisteal tréimhsiúil. Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir ba cheart go gcuirfear ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a thomhailt ag an bpraghas miondíola baile is infheidhme.

(23)

In imthosca sonracha agus eisceachtúla i gcás nach bhfuil soláthraí seirbhísí fánaíochta in ann a chuid costas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar a aisghabháil as a ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí den sórt sin a sholáthar, ba cheart go mbeadh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin in ann iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm d’fhonn inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile a áirithiú. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta sa Bhallstát lena mbaineann agus leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta. Féasdfaidh sé gurb amhlaidh an cás, mar shampla, le haghaidh múnlaí cothromráta miondíola baile oibreoirí a bhfuil neamhchothromaíochtaí suntasacha diúltacha acu, áit a bhfuil an praghas baile intuigthe in aghaidh an aonaid íseal i gcoibheis le hioncaim iomlána an oibreora íseal freisin nó áit a bhfuil a bhfuil an praghas baile intuigthe in aghaidh an aonaid íseal agus ina bhfuil tomhaltas seirbhísí fánaíochta iarbhír nó réamh-mheasta ard. A luaithe a bheidh na margaí fánaíochta mórdhíola agus miondíola araon tar éis oiriúnú go hiomlán do ghinearálú na fanaíochta ar leibhéil phraghsanna baile agus dá ionchorprú mar ghnáththréith pleananna taraife miondíola, níltear ag súil leis go n-éireoidh imthosca eisceachtúla den sórt sin a thuilleadh. Chun an staid a sheachaint ar dá réir a fhágfaidh fadhbanna den sórt sin i dtaca le costais a aisghabháil go mbeidh múnla miondíola baile soláthraithe seirbhísí fanaíochta neamhinbhuanaithe, rud a ghinfidh riosca go mbeidh eifeacht suntasach aige ar an tslí ina dtarlaíonn forás ar phraghsanna baile nó “éifeacht an leaba uisce” mar a thugtar air, ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, in imthosca den sórt sin, a bheith in ann formhuirear a fhorchur ar sheirbhísí miondíola fánaíochta rialáilte ach sin ach amháin go feadh an méid is gá chun na costais iarbhíré ábhartha uile a bhaineann le soláthar seirbhísí den sórt sin a sholáthar.

(24)

Chun na críche sin, ba cheart na costais a tabhaíodh chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na muirir fánaíochta mórdhíola iarbhír a chuirtear i bhfeidhm maidir le trácht fánaíochta amach an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta lena mbaineann, sa bhreis ar a thrácht fánaíochta isteach, chomh maith le tagairt a dhéanamh do sholáthar réasúnach do chostais chomhpháirteacha agus comhchoiteanna. Ba cheart ioncam ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chinneadh trí thagairt a dhéanamh d’ioncam ar leibhéil praghsanna baile atá inchurtha i leith tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, bíodh sé ar bhonn phraghas an aonaid nó mar chion de bhuntáille, lena léirítear cion iarbhír agus réamh-mheasta faoi seach an tomhaltais fánaíochta miondíola rialáilte ag custaiméirí laistigh den Aontas mar aon le tomhaltas baile. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus ar thomhaltas baile chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, agus ar an leibhéal iomaíochta, ar phraghsanna agus ar ioncam sa mhargadh baile, agus ar aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorás praghsanna den sórt sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

(25)

D’fhonn aistriú réidh ó Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 chuig deireadh a chur le formhuirir fánaíochta a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí isteach leis an Rialachán seo idirthréimhse, inar cheart go mbeadh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta in ann formhuirear a chur le praghsanna baile ar na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte arna soláthar. Ba cheart go ndéanfaí ullmhúchán leis an gcóras idirthréimhseach sin don athrú ó bhonn ar an gcur chuige a úsáidfear, sa mhéid is go dtabharfar isteach seirbhísí fánaíochta ar fud an Aontais mar chuid lárnach de na pleananna taraife baile a chuirfear ar fáil sna margaí éagsúla baile. Ar an gcaoi sin, ba cheart gurbh iad na praghsanna miondíola baile faoi seach, a fhéadfaidh a bheith faoi réir formhuirear nach mbeidh níos mó ná an muirear uasta mórdhíola fánaíochta a bhí infheidhme le linn na hidirthréimhse díreach roimh an aistriú, a bheith mar phointe tosaigh an chórais idirthréimhsigh. Ba cheart go n-áiritheofaí freisin le córas idirthréimhseach den sórt sin laghduithe praghais suntasacha i gcomhair custaiméirí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus níor cheart in imthosca ar bith, nuair a chuirfear leis an bpraghas miondíola baile é, go dtiocfadh praghas fánaíochta miondíola níos airde as ná an muirear uasta fánaíochta miondíola rialáilte a bhí infheidhme san idirthréimhse díreach roimh an aistriú.

(26)

Ba cheart go mbeadh an praghas miondíola baile ábhartha cothrom leis an muirear miondíola baile in aghaidh an aonaid. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil praghsanna miondíola baile sonracha a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonn chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte (mar shampla, i gcás pleananna taraife neamhtheoranta baile, cuachta nó taraifí baile nach n-áirítear sonraí iontu), ba cheart an praghas miondíola baile a mheas a bheith mar an gcéanna leis an sásra muirearaithe amhail is dá mbeadh an custaiméir ag tomhailt an phlean taraife baile i mBallstát an chustaiméara sin.

(27)

D’fhonn feabhas a chur ar iomaíocht sa mhargadh fánaíochta miondíola, ceanglaítear ar sholáthraithe baile le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 cur ar chumas a gcuid custaiméirí rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte guthghlaonna, SMS agus seirbhísí fánaíochta sonraí mar chuach, arna soláthar ag aon soláthraí seirbhísí fánaíochta malartach. Ós rud é go go bhfuiltear leis an Rialachán seo chun deireadh a chur le muirir miondíola fánaíochta atá leagtha amach in Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 go gairid amach anseo, ní bheadh sé comhréireach a thuilleadh ceangal ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta an cineál seo díola ar leithligh seirbhísí fánaíochta rialáilte a chur chun feidhme. Féadfaidh soláthraithe a chuir ar chumas a gcuid custaiméirí cheana féin rochtain a fháil ar sheirbhísí guthghlaonna, SMS agus fánaíochta sonraí, arna soláthar ag aon soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta mar chuach, leanúint leis sin. Ar an taobh eile de, ní féidir a eisiamh gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as praghsanna miondíola atá níos iomaíche, go háirithe maidir le sonraí, i margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar éileamh agus ar thábhacht na seirbhísí fánaíochta sonraí, ba cheart bealaí malartacha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad ag taisteal. Dá bhrí sin, ba cheart go gcoimeádfaí ar bun an oibleagáid ar sholáthraithe baile agus seirbhísí fánaíochta gan custaiméirí a chosc ó rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthraíonn soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012.

(28)

I gcomhréir leis an bprionsabal go n-íocann an páirtí a ghlaonn, ní íocann custaiméirí soghluaiste chun glaonna soghluaiste baile a fháil, ach cumhdaítear an costas a bhaineann le glaoch a chríochnú i líonra an pháirtí a glaodh i muirear miondíola an pháirtí a ghlaoigh. Le cóineasú na rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud na mBallstát, ba cheart go mbeifear in ann an prionsabal céanna a chur i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta miondíola rialáilte. Mar sin féin, ós rud é nach amhlaidh atá go fóill, i gcásanna atá leagtha amach sa Rialachán seo ina bhfuil cead ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirear a chur i bhfeidhm i leith seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, níor cheart go mbeadh an formhuirear a chuirfí i bhfeidhm le haghaidh glaonna fánaíochta a fuarthas níos mó ná meán ualaithe na rátaí uasta críochnaithe soghluaiste mórdhíola atá socraithe ar fud an Aontais. Meastar gur córas idirthréimhseach é seo go dtí go dtabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar an tsaincheist sin atá fós gan réiteach.

(29)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a leasú dá réir.

(30)

Ba cheart go mbeadh sa Rialachán seo beart sonrach de réir bhrí Airteagal 1(5) de Threoir 2002/21/CE. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí fánaíochta uile-Aontais athruithe ar a dtaraifí miondíola fánaíochta agus ar bheartais úsáide seirbhísí fánaíochta d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor cheart go dtiocfadh de thairbhe athruithe den sórt sin do chustaiméirí teileafón soghluaiste faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuítear an creat rialúcháin reatha do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí aon cheart tarraingt siar as a gconarthaí.

(31)

D’fhonn cearta custaiméirí seirbhísí fánaíochta, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, a neartú, ba cheart go leagfaí síos sa Rialachán seo, maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ceanglais shonracha trédhearcachta ailínithe leis na coinníollacha sonracha taraife agus toirte a bheidh le cur i bhfeidhm a luaithe a chuirfear deireadh le formhuirir fánaíochta. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le fógra a thabhairt go tráthúil agus saor in aisce do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta faoin mbeartas is infheidhme maidir le húsáid chóir, nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir seirbhísí guthghlaonna, SMS nó sonraí fánaíochta rialáilte tomhailte go hiomlán, faoi aon fhormhuirear, agus faoi thomhaltas charnaithe seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leisan meán ualaithe uasta ar rátaí críochnaithe soghluaiste, agus na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm bheartas na húsáide córa agus maidir leis an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta, agus ar an iarratas a bheidh le déanamh ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(33)

Comhlíonann an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus urramaíonn sé na prionsabail a aithnítear go sonrach sa Chairt, go háirithe cosaint sonraí pearsanta, saoirse cainte agus saoráil faisnéise, saoirse chun gnó a sheoladh, neamh-idirdhealú agus cosaint tomhaltóirí.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú is gá chun rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú agus chun deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Rialtóir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim an 24 Samhain 2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna chun go ndéanfar an chóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chuirtear ar thrácht i ndáil le soláthar seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus cearta úsáideoirí deiridh a choimirciú.

2.   Leis an Rialachán seo bunaítear sásra nua maidir le praghsanna miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola gan margaí baile agus margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a shaobhadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE.

Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal” gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal;

(2)

ciallaíonn “seirbhís rochtana ar an idrlíon” seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal agus a sholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, agus dá bhrí sin lúdracht le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil atá in úsáid.

Airteagal 3

Rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú

1.   Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t-ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a fheidhmiú, agus a úsáid agus an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid, beag beann ar shuíomh an úsáideora dheiridh nó an tsoláthraí, ar shuíomh, ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchlair nó na seirbhíse, trína seirbhís rochtana ar an idrlíon.

Tá an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta, a chomhlíonann dlí an Aontais a bhaineann le dlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí.

2.   Ní chuirfear teorainn ar fheidhmiú chearta úsáideoirí deiridh a leagtar síos i mír 1 le comhaontuithe idir soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus úsáideoirí deiridh a bhaineann le coinníollacha tráchtála agus teicniúla agus le saintréithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon amhail praghas, toirteanna sonraí nó luas sonraí, agus aon chleachtais tráchtála arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.

3.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon cóir chomhionann ar an trácht ar fad, agus seirbhísí rochtana ar an idirlíon á soláthar, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, agus beag beann ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, ar na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó ar an trealamh teirminéil a úsáideadh.

Ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon bearta um bhainistiú tráchta réasúnta a chur chun feidhme. D’fhonn a mheas go bhfuil siad réasúnta, beidh bearta den sórt sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní bheidh siad bunaithe ar chúinsí tráchtála ach ar cheanglais cháilíochta seirbhíse chatagóirí sonracha tráchta atá éagsúil go hoibiachtúil. Le bearta den sórt sin, ní chumhdófar faireachán ar an ábhar sonrach agus ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá.

Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná na bearta a leagtar amach sa dara fomhír, agus go háirithe ní dhéanfaidh siad ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó cineálacha sonracha díobh sin, a bhlocáil, a mhoilliú, a athrú, cur isteach air nó orthu, a shrianadh, a dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ach amháin go feadh an méid is gá, agus do thréimhse nach faide ná mar is gá, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar faoina réir atá soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, nó bearta a chomhlíonann dlí an Aontais lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear orduithe ó chúirteanna nó ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha;

(b)

sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear tríd an líonra sin, agus trealamh terminéil na n-úsáideoirí deiridh a chaomhnú;

(c)

plódú líonra atá ag bagairt a chosc agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí a éiríonn as plódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra, ar choinníoll go gcuirtear cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta.

4.   Ní fhéadfaidh próiseáil sonraí pearsanta bheith mar chuid d’aon beart bainistithe tráchta ach amháin má tá próiseáil den sórt sin riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach. Déanfar próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Comhlíonfaidh bearta bainistithe tráchta Treoir 2002/58/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (11) freisin.

5.   Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, beidh an tsaoirse acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí le haghaidh leibhéal sonrach cáilíochta a bhaint amach.

Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ní fhéadfaidh siad seirbhísí den sórt sin a thairiscint nó a éascú ach amháin má tá dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthraítear. Ní bheidh seirbhísí den sórt sin inúsáidte ná ní thairgfear iad in ionad seirbhísí rochtana ar an idrlíon, agus ní dhéanfar dochar leo d’infhaighteacht seirbhísí rochtana ar an idrlíon ná dá gcaighdeán ginearálta d’úsáideoirí deiridh.

Airteagal 4

Bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte ar an idirlíon a áirithiú.

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon go sonrófar in aon chonradh ina n-áirítear seirbhís rochtana ar an idrlíon an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

faisnéis maidir leis an mbealach ina bhféadfadh bearta bainistithe tráchta arna gcur i bhfeidhm ag an soláthraí sin tionchar a bheith acu ar cháilíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ar phríobháideachas na n-úsáideoirí deiridh agus ar chosaint a sonraí pearsanta;

(b)

míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon teorainn le toirt, luas agus air eile i leith cháilíocht na seirbhíse, tionchar a bheith acu i bpraitic ar na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, go háirithe ar úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí;

(c)

míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3(5), dá suibscríobhann an t-úsáideoir deiridh a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu i bpraitic ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon an úsáideora deiridh sin;

(d)

míniú soiléir sothuigthe maidir le h uasluas íoslódála agus uaslódála agus fógraithe na seirbhísí rochtana ar an idrlíon a bhíonn ar fáil de ghnáth i gcás líonraí fosaithe, nó uasluas measta íoslódála agus uaslódála fógraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon i gcás líonraí soghluaiste, agus faoin tslí arbh fhéidir le himeachtaí suntasacha ó na luasanna uaslódála agus íoslódála a fhógraítear faoi seach tionchar a imirt ar fheidhmiú chearta na n-úsáideoirí deiridh a leagtar síos in Airteagal 3(1);

(e)

míniú soiléir sothuigthe ar na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás aon neamhréireachta atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl i gcomhréir le pointí (a) go (d).

Foilseoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon nósanna imeachta atá trédhearcach, simplí agus éifeachtach i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó úsáideoirí deiridh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3 agus i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Tá na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i dTreoir 2002/22/CE agus ní chuirfidh siad cosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faireacháin, faisnéise agus trédhearcachta a thabhairt isteach nó a choimeád, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hábhar, foirm agus modh na faisnéise atá le foilsiú. Beidh na ceanglais sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE.

4.   Maidir le haon neamhréireacht shuntasach, atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó le paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus feidhmíocht na seirbhíse rochtana ar an idirlíon arna cur in iúl ag an soláthraí seirbhísí rochtana ar an idirlíon i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 1, i gcás ina suífidh sásra faireacháin, arna deimhniú ag údarás náisiúnta rialála, na fíricí ábhartha, measfar í a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a ghníomhachtú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis na conarthaí a thabharfar i gcrích nó a dhéanfar a athnuachan ón 29 Samhain 2015.

Airteagal 5

Maoirsiú agus forfheidhmiú

1.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh Airteagal 3 agus Airteagal 4 agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad, agus déanfaidh siad fáil leanúnach ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon neamh-idirdhealaitheacha a chur chun cinn ar leibhéil cháilíochta a léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta. Chun na críocha sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais maidir le saintréithe teicniúla agus íoscheanglais maidir le cáilíocht na seirbhíse agus bearta eile is iomchuí agus is gá a fhorchur ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.

Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar bhonn bliantúil i ndáil lena bhfaireachán agus lena dtorthaí, agus cuirfidh siad na tuarascálacha sin ar fáil don Choimisiún agus do BEREC.

2.   Arna iarraidh sin don údarás naisiúnta rialála, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, faisnéis a chur ar fáil a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 don údarás rialála náisiúnta, go háirithe faisnéis faoin gcaoi a bhainistítear a n-acmhainn líonra agus a dtrácht líonra, mar aon le boinn cirt le haon bhearta bainistithe tráchta a cuireadh i bhfeidhm. Soláthróidh na soláthraithe sin an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus le leibhéal na mionsonraí a cheanglaíonn an t-údarás náisiúnta rialála.

3.   Faoin 30 Lúnasa 2016, d’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo, déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí atá ag na húdaráis rialála náisiúnta faoin Airteagal seo.

4.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do na cúraimí a dhéanann na Ballstáit a shannadh do na húdaráis naisiúnta rialála nó d’údaráis inniúla eile i gcomhlíonadh dhlí an Aontais.

Airteagal 6

Pionóis

Leagfaidh Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na rialacha agus na bearta sin don Choimisiún faoin 30 Aibreán 2016 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 531/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (i), pointe (l) agus pointe (n);

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(r)

ciallaíonn ‘praghas miondíola baile’ muirear miondíola baile sholáthraí seirbhísí fánaíochta in aghaidh an aonaid atá infheidhme maidir le glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar (a thosaítear agus a chríochnaítear araon ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna), agus maidir le sonraí arna dtomhailt ag custaiméir; i gcás nach bhfuil aon mhuirear sonrach miondíola baile in aghaidh an aonaid ann, measfar gurb é an praghas miondíola baile an sásra muirearaithe céanna leis an sásra muirearaithe a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gcustaiméar i gcás glaonna a dhéantar agus teachtaireachtaí SMS a sheoltar (a thosaítear agus a chríochnaítear araon ar líonraí cumarsáide poiblí éagsúla laistigh den Bhallstát céanna), agus maidir le sonraí arna dtomhailt i mBallstát an chustaiméara sin;

(s)

ciallaíonn ‘seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh’ an soláthar seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthraíonn soláthraí fánaíochta malartach go direach do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.”.

(2)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Déanfar an tairiscint tagartha dá dtagraítear i mír 5 a mhionsonrú go leordhóthanach agus áireofar inti na compháirteanna uile atá riachtanach do rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola amhail dá dtagraítear i mír 3, agus déanfar cur síos ann ar na tairiscintí ábhartha maidir le rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, agus ar na téarmaí gaolmhara agus ar na coinníollacha gaolmhara. Féadfar coinníollacha a chur san áireamh sa tairiscint tagartha sin chun cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críocha eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil. Más gá, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.”.

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh.”;

(b)

i mír 1, scriostar an chéad fhomhír;

(c)

scriostar mír 4 agus mír 5.

(4)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a chur chun feidhme”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh soláthraithe baile an oibleagáid a bhaineann le díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte, dá bhforáiltear in Airteagal 4, a chur chun feidhme i dtreo is gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte ar leithligh. Freastalóidh soláthraithe baile do na hiarrataí réasúnacha uile ar rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí tacaíochta gaolmhara, ar saoráidí agus seirbhísí iad atá ábhartha i dtaca le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh. Maidir le rochtain ar na saoráidí sin agus ar na seirbhísí tacaíochta sin is gá chun seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a dhíol ar leithligh, lena n-áirítear seirbhísí fíordheimhnithe úsáideora, beidh sí saor in aisce agus ní chuirfear aon mhuirir dhíreacha ar na custaiméirí seirbhísí fánaíochta i ngeall air.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach agus go comhuaineach ar fud an Aontais díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle le BEREC, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).”;

(d)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

“3.   Maidir leis an réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte a chur chun feidhme, comhlíonfaidh sé na critéir seo a leanas:”.

(5)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

Deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola

Le héifeacht ón 15 Meitheamh 2017, ar an gcoinníoll go mbeidh an gníomh reachtach a ghlactar i ndiaidh an togra dá dtagraítear in Airteagal 19(2) is infheidhme ar an dáta sin, ní thoibheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear de bhreis ar an bpraghas miondíola baile maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát ar bith as aon ghlao fánaíochta rialáilte a dhéantar nó a fhaightear, as aon teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a sheolfar agus as aon seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáidfear, lena n-áirítear teachtaireachtaí MMS, ná aon mhuirear ginearálta chun go mbeifear in ann an trealamh nó an tseirbhís teirminéil a úsáid thar lear, faoi réir Airteagal 6b agus 6c.

Airteagal 6b

Úsáid chóir

1.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta ‘beartas maidir le húsáid chóir’ a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6d, maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais miondíola baile is infheidhme, d’fhonn cosc a chur ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, ar mí-úsáid nó úsáid aimhrialta í, amhail úsáid seirbhísí den sórt sin ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát eile seachas Ballstát a soláthraí baile chun críocha seachas críocha taistil thréimhsiúil.

Mar thoradh ar aon bheartas maidir le húsáid chóir, cuirfear ar chumas chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta toirteanna seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, a bheidh comhsheasmhach leis na pleananna taraife atá acu faoi seach, a thomhailt ag an bpraghas miondíola baile is infheidhme.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 6e maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte lena rachfar thar aon teorainneacha faoi aon bheartas maidir le húsáid chóir.

Airteagal 6c

Inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola

1.   In imthosca sonracha agus eisceachtúla, d’fhonn inbhuanaitheacht a mhúnla muirearaithe bhaile a áirithiú, i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí fánaíochta a chuid costas iomlán iarbhír agus a chuid costas réamh-mheasta, a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6a agus 6b, a aisghabháil, as a ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí den sórt sin a sholáthar, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear an formhuirear sin i bhfeidhm ach go feadh an méid is gá sin chun na costais, a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, a aisghabháil, ag féachaint do na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme.

2.   I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí fánaíochta leas a bhaint as mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas a chur faoi bhraid an údaráis náisiúnta rialála gan mhoill agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6d. Gach 12 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus cuirfidh sé í faoi bhráid an údaráis náisiúnta rialála.

3.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé iarratas de bhun mhír 2, déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála measúnú le fíorú an bhfuil sé suite ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta nach mbeidh sé in ann a chostais a aisghabháil i gcomhréir le mír 1, agus é mar éifeacht leis sin go ndéanfaí dochar d’inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile. Beidh an measúnú ar inbhuanaitheacht an mhúnla muirearaithe bhaile bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta, lena n-áirítear éagsúlachtaí oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta atá sa Bhallstát i dtrácht agus leibhéal na bpraghsanna náisiúnta agus na n-ioncam náisiúnta. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála an formhuirear a údarú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha al eagtar síos i mír 1 agus sa mhír seo.

4.   Laistigh d’aon mhí amháin tar éis iarratas a fháil de bhun mhír 2, údaróidh an t-údarás náisiúnta rialála an formhuirear, mura rud é go bhfuil an t-iarratas go follasach gan bhunús nó go bhfuil faisnéis neamhleor atá curtha ar fáil ann. I gcás ina measann an t-údarás náisiúnta rialála gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, nó má mheasann sé nach leor an fhaisnéis atá curtha ar fáil, déanfaidh sé cinneadh críochnaitheach laistigh de thréimhse dhá mhí breise, tar éis dó deis éisteachta a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, chun an formhuirear a údarú, a leasú nó chun diúltú dó.

Airteagal 6d

An beartas maidir le húsáid chóir agus inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola a chur chun feidhme

1.   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar Airteagal 6b agus Airteagal 6c, a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, faoin 15 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe, maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, agus ar an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

2.   Le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síós rialacha mionsonraithe i ndáil leis an mbeartas maidir le húsáid chóir a leagtar amach in Airteagal 6b, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

forás na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit;

(b)

an méid cóineasaithe atá idir na praghasleibhéil bhaile sna tíortha ar fud an Aontais;

(c)

na patrúin taistil san Aontas;

(d)

aon riosca go saobhfar na dreasachtaí iomaíochta agus infheistíochta a bheidh inbhraite sna margaí baile nó sna margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu.

3.   Maidir le hAirteagal 6c, le linn dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola le haghaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta, bunóidh an Coimisiún iad ar na nithe seo a leanas:

(a)

cinneadh na gcostas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar trí thagairt do na rátaí éifeachtacha fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothromaithe agus cion réasúnach na gcostas comhpháirteach agus na gcostas comhchoiteann is gá chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(b)

cinneadh na n-ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;

(c)

tomhaltas na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus tomhaltas baile ag custaimeirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta;

(d)

leibhéal na hiomaíochta, na bpraghsanna agus na n-ioncam sa mhargadh baile, agus aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorás praghsanna den sórt sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.

4.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go tráthrialta i bhfianaise na bhforbairtí ar an margadh.

5.   Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta dlúthfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus na mbeart i ndáil le hinbhuanaitheacht deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, agus lánaird á tabhairt ar na gnéithe oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an mBallstát lena mbaineann agus ar na héagsúlachtaí ábhartha oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta. Gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6c(3), déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála ceanglais Airteagal 6b agus Airteagal 6c agus na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun an Airteagail seo, a fhorfheidhmiú ar bhonn tráthúil. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta rialála, tráth ar bith, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an formhuirear a leasú nó gan leanúint de más rud é nach gcomhlíontar Airteagal 6b nó Airteagal 6c leis. Cuirfidh an t-údarás náisiúnta rialála an Coimisiún Eorpach ar an eolas, go bliantúil, i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 6b, Airteagal 6c agus Airteagal 6d.

Airteagal 6e

Seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar

1.   Gan dochar don dara fomhír, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta rialáilte miondíola atá sa bhreis ar aon teorainneacha a shocraítear leis an mbeartas maidir le húsáid chóir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas (gan CBL a áireamh):

(a)

aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh agus seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar an muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagail 7 (2), 9(1) agus 12(1), faoi seach;

(b)

suim na bpraghsanna miondíola baile agus aon fhormhuirear arna chur i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh nó seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar EUR 0,19 in aghaidh an nóiméid, EUR 0,06 in aghaidh teachtaireacht SMS agus EUR 0,20 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear, faoi seach;

(c)

aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear, ní rachaidh sé thar an meán ualaithe uasta ar rátaí críochnaithe soghluaiste ar fud an Aontais a leagtar amach i gcomhréir le mír 2.

Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear i bhfeidhm maidir le teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte nó le teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a gheofar. Beidh an méid sin gan dochar d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar ghlaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear in aghaidh an tsoicind. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh a chur i bhfeidhm nach mó ná 30 soicind maidir le glaonna a dhéantar. Gearrfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar a gcustaiméirí as seirbhís fánaíochta rialáilte a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí MMS a bhféadfar muirear a ghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear fánaíochta miondíola a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar an muirear uasta fánaíochta miondíola a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí.

Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 6f(1), ní dhéanfaidh an mhír seo cosc a chur ar thairiscintí a chumasóidh do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, le haghaidh muirir per diem nó aon mhuirir sheasta thréimhsiúil, toirt áirithe tomhaltais seirbhísí fánaíochta rialáilte ar choinníoll go dtiocfaidh as tomhaltas méid iomlán na toirte sin praghas in aghaidh an aonaid ar ghlaonna fánaíochta rialáilte, glaonna a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus ar sheirbhísí fánaíochta sonraí nach mó ná an praghas miondíola baile faoi seach agus na muirir uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

2.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BEREC agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach meán ualaithe na rátaí críochnaithe soghluaiste uasta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme sin gach bliain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Maidir le meán ualaithe na rátaí críochnaithe soghluaiste uasta, bunófar ar na critéir seo a leanas iad:

(a)

leibhéal uasta na rátaí críochnaithe soghluaiste a fhorchuir na húdaráis náisiúnta rialála ar an margadh do chríochnú glao gutha mórdhíola ar líonraí soghluaiste aonair i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 16 den Treoir Réime agus le hAirteagal 13 de Threoir na Rochtana, agus

(b)

líon iomlán na síntiúsóirí sna Ballstáit.

3.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta seachas an ceann a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagail 6a, 6b, 6c, agus mír 1 den Airteagal seo a thairiscint agus féadfaidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta seachas an ceann a shocraítear in Airteagal 6a, 6b agus 6c agus mír 1 den Airteagal seo a roghnú d’aon ghnó, ar dá bhun a mbainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas as taraif dhifriúil ar sheirbhís fánaíochta rialáilte seachas an ceann a thabharfaí dóibh mura mbeadh rogha den sórt ann. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.

Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif atá leagtha amach in Airteagal 6a agus 6b, agus i mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar fad atá ann cheana agus atá nua.

Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith, a iarraidh go n-athrófaí go dtí nó ón taraif a shocraítear in Airteagal 6a, 6b, 6c agus i mír 1 den Airteagal seo. I gcás custaiméirí seirbhísí fánaíochta a dhéanann an rogha athrú d’aon ghnó chuig taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagail 6a, 6b, 6c, agus le mír 1 den Airteagal seo nó athrú ar ais chuig an taraif sin, déanfar aon athrú laistigh de lá amháin oibre tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ag gabháil leis maidir le gnéithe eile de na síntiúis seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar dhá mhí.

4.   Maidir le conradh ina chuimsítear seirbhís fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go sonrófar na príomhthréithe den tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte sin a sholáthraítear, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

an plean taraife nó na pleananna taraife ar leith, agus, do gach ceann de na pleananna taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear agus toirteanna na cumarsáide san áireamh;

(b)

aon srianta arna bhforchur ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar an leibhéal praghais bhaile mhiondíola is infheidhme, go háirithe faisnéis chainníochtaithé maidir leis an gcaoi a chuirtear an beartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm é trí thagairt a dhéanamh do na príomhpharaiméadair praghsála, toirte nó eile a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte lena mbaineann.

Foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 6f

Muirir fánaíochta miondíola idirthréimhseacha

1.   Ón 30 Aibreán 2016 go dtí an 14 Meitheamh 2017, féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta formhuirear a chur i bhfeidhm de bhreis ar an bpraghas miondíola baile chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar.

2.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 6e mutatis mutandis.”.

(6)

Scriostar Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 13.

(7)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:,

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre agus an dara fomhír:

“Léireofar an fhaisnéis praghsála phearsantaithe bhunúsach sin in airgeadra an bhille bhaile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara agus áireofar inti faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas maidir le húsáid chóir sin; agus

(b)

aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6c”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, ag an dara fomhír, ag an gceathrú fomhír agus ag an gcúigiú fomhír i leith guthsheirbhísí fánaíochta, cé is moite don tagairt don bheartas maidir le húsáid chóir, agus le seirbhísí fánaíochta SMS arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Seolfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra don chustaiméir seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de ghuthghlaonna nó, SMS, nó seirbhísí fánaíochta rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a bheidh aon teorainn úsáide arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le Airteagal 6c bainte amach. Léireoidh an fógra sin an formhuirear fánaíochta rialáilte a chuirfear i bhfeidhm ar aon tomhaltas breise seirbhísí guthghlaonna agus SMS fánaíochta rialáilte ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí seirbhísí miondíola an tseirbhís a sholáthar arís.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis iomlán a thabhairt do chustaiméirí faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, an tráth a mbeidh síntiúis á nglacadh. Soláthróidh siad faisnéis uasdátaithe dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.

Seolfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a roghnaigh taraif eile.”.

(8)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Trí theachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí seirbhísí fánaíochta, cuirfear in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta go bhfuil sé ag baint úsáide as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife faoi na muirir (in airgeadra an bhille bhaile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara) is infheidhme as seirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar don chustaiméir fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann,,ach amháin i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an gcustaiméir don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach dteastaíonn an fhaisnéis sin uaidh.

Áireofar san fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas maidir le húsáid chóir sin; agus

(b)

aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6c.

Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth a chuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go bhfuil sé éasca í a fháil agus a thuiscint.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de sheirbhís sonraí fánaíochta rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a shroichfear aon tairseach úsáide eile, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6c. Léireofar leis an bhfógra sin formhuirear rialaithe na fánaíochta a gcuirfear i bhfeidhm maidir le haon tomhaltas breise de sheirbhísí fánaíochta sonraí ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí an tseirbhís sin a sholáthar arís.”;

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta an deis dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir chun an rogha a dhéanamh d’aon ghnó, agus saor in aisce, glacadh le saoráid lena soláthraítear ar bhealach tráthúil faisnéis faoin tomhaltas carnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí i rith tréimhse sonraithe úsáide, seachas MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais.”;

(d)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“6.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de mhír 5, den dara fomhír de mhír 2 agus de mhír 2a, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáideann custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí fánaíochta.”.

(9)

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dianmhaoirseacht agus dianfhaireachán ar na soláthraithe seirbhísí fánaíochta agus leas á bhaint acu as Airteagal 6b, 6c agus 6e(3).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagail 6a, 6b, 6c, 6e, 7, 9 agus 12, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Athbhreithniú

1.   Faoin 29 Samhain 2015 tionscnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar an margadh fánaíochta mórdhíola d’fhonn a mheas cad iad na bearta is gá chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola faoin 15 Meitheamh 2017. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, inter alia, ar an leibhéal iomaíochta i margaí mórdhíola náisiúnta, agus déanfaidh sé measúnú, go háirithe, ar leibhéal na gcostas mórdhíola a thabhaítear agus na muirear mórdhíola a chuirtear i bhfeidhm, agus ar staid iomaíochta oibreoirí a bhfuil raon feidhme geografach teoranta acu, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht chomh maith le cumas oibreoirí tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an dul chun cinn maidir leis an iomaíocht sna margaí fánaíochta miondíola agus ar aon rioscaí inbhraite go saobhfar an iomaíocht agus na dreasachtaí infheistíochta sa mhargadh baile agus i margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu. Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta is gá chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gur gá a áirithiú go mbeidh oibreoirí na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu in ann na costais uile a eascraíonn as seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar a aisghabháil, lena n-áirítear comhchostais agus costais comhchoiteanna. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gur gá cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó ar mí-úsáid í, chun críocha eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar d’úsáideoirí deiridh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad agus atá an dream deiridh sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil.

2.   Faoin 15 Meitheamh 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1.

Beidh togra reachtach iomchuí a mbeidh comhairliúchán poiblí roimh ré ag gabháil leis an tuarascáil sin, chun na muirir mhórdhíola a leasú do sheirbhísí fánaíochta rialáilte a leagtar amach sa Rialachán seo, nó chun réiteach eile a chur ar fáil lena dtabharfar aghaidh ar na ceisteanna a sainaithníodh ar leibhéal na mórdhíola d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola faoin 15 Meitheamh 2017.

3.   De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dhá bhliain i ndiaidh na tuarascála dá dtagraítear i mír 2. Áireofar le gach tuarascáil, inter alia, measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí lena n-áirítear iad sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí miondíola rialáilte, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha;

(b)

an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe staid iomaíochta oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, lena n-áirítear éifeachtaí comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;

(c)

a mhéid a d’eascair torthaí de bharr chur chun feidhme na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 maidir le hiomaíocht a fhorbairt sa mhargadh inmheánach i gcomhair seirbhísí fánaíochta rialáilte.

4.   D’fhonn measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha sna margaí fánaíochta uile-Aontais, déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ó údaráis rialála náisiúnta ar bhonn tráthrialta faoin bhforbairt atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte guthghlaonna, SMS agus sonraí. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Choimisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.

Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, tuairisceoidh BEREC go rialta maidir le forás na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit do sheirbhísí baile agus fánaíochta araon agus maidir le forás rátaí iarmhír fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothrom idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta.

Déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ar bhonn bliantúil freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le trédhearcacht agus le hinchomparáideacht taraifí éagsúla arna dtairiscint ag oibreoirí dá gcuid custaiméirí. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí agus na torthaí sin a chur ar fáil go poiblí.”.

Airteagal 8

Leasú ar Threoir 2002/22/CE

In Airteagal 1 de Threoir 2002/22/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Le bearta náisiúnta maidir le rochtain ag úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir nó a n-úsáid dóibh sin trí líonraí cumarsáide leictreonaí, urramófar cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear i ndáil le príobháideachas agus próis chuí, mar a shainmhínítear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.”.

Airteagal 9

Clásal athbhreithnithe

Faoin 30 Aibreán 2019, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Airteagail 3, 4, 5 agus 6 o agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dtaobh, lena ngabhfaidh, más gá, tograí iomchuí d’fhonn an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 30 Aibreán 2016, seachas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

I gcás ina bhfuil an gníomh reachtach atá le glacadh tar éis an togra dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 infheidhme an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, pointe 7(a) go (c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo agus pointe 8(a), (b) agus (d) d’Airteagal 7 den Rialachán seo amhail ón dáta sin.

I gcás nach bhfuil an gníomh reachtach sin infheidhme an 15 Meitheamh 2017, leanfaidh pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6f de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, d’fheidhm bheith aige go dtí go mbeidh an gníomh reachtach sin infheidhme.

I gcás go dtiocfaidh an gníomh reachtach chun bheith infheidhme tar éis an 15 Meitheamh 2017, beidh feidhm ag pointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, pointe 7 (a) go (c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo seo agus pointe 8 (a), (b) agus (d) d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó dháta teacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh sin;

(b)

maidir le tabhairt na gcumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún atá i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo agus i bpointe 5 d’Airteagal 7 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6d agus Airteagal 6e(2) de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, beidh feidhm acu amhail ón 29 Samhain 2015;

(c)

beidh feidhm ag Airteagal 5(3) amhail ón 29 Samhain 2015;

(d)

beidh feidhm ag pointe 10 d’Airteagal 7 den Rialachan seo amhail ón 29 Samhain 2015.

3.   Féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta, lena n-áirítear scéimeanna féinrialála, a bhí i bhfeidhm roimh an 29 Samhain 2015 agus nach gcomhlíonann Airteagal 3(2) nó (3) a choimeád ar bun go dtí an 31 Nollaig 2016. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis na bearta sin faoin 30 Aibreán 2016.

4.   Leanfaidh forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012 ón gCoimisiún (12) a bhaineann leis an módúlacht theicniúil do chur chun feidhme na rochtana ar sheirbhísí áitiúla fánaíochta sonraí ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air d’fheidhm a bheith acu chun go ndíolfar ar leithligh seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola rialáilte go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe 4(c) d’Airteagal 7 den Rialachán seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh se infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  IO C 177, 11.6.2014, lch. 64.

(2)  IO C 126, 26.4.2014, lch. 53.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 (IO C 365, 4.11.2015, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa 27 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2008/63/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teirminéil teileachumarsáide (IO L 162, 21.6.2008, lch. 20).

(5)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir Réime) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(6)  Treoir 2002/22/CE ó P harlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51)

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit agus feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(10)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(11)  Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1203/2012 an 14 Nollaig 2012 ón gCoimisiún maidir le díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte laistigh den Aontas IO L 347, 15.12.2012, lch. 1)