ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 57
20 Bealtaine 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas ( 1 )

59

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 512/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

72

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle

93

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime

112

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

143

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairleagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle

168

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ( 1 )

195

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 150 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 510/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gá Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle a leagtar (3) agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (4) a oiriúnú de thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, agus go háirithe an t-idirdhealú a rinneadh ann idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Is gá tuilleadh oiriúnuithe chun soiléireacht agus trédhearcacht na dtéacsanna atá ann cheana a fheabhsú.

(2)

Go dtí 31 Nollaig 2013, ba é Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle príomhionstraim an chomhbheartais talmhaíochta (“CBT”) dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) (5).

(3)

Faoi chuimsiú an athchóirithe ar CBT, cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014 (6). Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 a oiriúnú chun an Rialachán sin a chur i gcuntas chun comhsheasmhacht na socruithe trádála le tríú tíortha a choinneáil i gcás táirgí talmhaíochta ar thaobh amháin agus i gcás earraí ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad ar an taobh eile.

(4)

Úsáidtear earraí talmhaíochta áirithe chun idir tháirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE a mhonarú. Is gá bearta a dhéanamh faoi CBT agus faoin gcomhbheartas tráchtála araon chun an tionchar atá ag trádáil i dtáirgí agus in earraí den sórt sin ar ghnóthú chuspóirí Airteagal 39 CFAE a chur i gcuntas agus chun na héifeachtaí a chur i gcuntas a bhaineann le bearta arna nglacadh chun Airteagal 43 CFAE a chur chun feidhme ar sheasamh eacnamaíoch na dtáirgí agus na n-earraí sin, i bhfianaise na ndifríochtaí idir an costas a bhaineann le táirgí talmhaíochta a sholáthar san Aontas agus ar an margadh domhanda.

(5)

D’fhonn staid na talmhaíochta agus staid thionscal an bhia san Aontas a chur i gcuntas, déantar idirdhealú san Aontas idir táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE agus táirgí talmhaíochta próiseáilte nach liostaítear san Iarscríbhinn sin. Ní fhéadfar an t-idirdhealú céanna a dhéanamh i dtríú tíortha áirithe lena dtugann an tAontas comhaontuithe i gcrích. Ba cheart foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, maidir leis na rialacha ginearálta is infheidhme ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE a shíneadh chuig táirgí talmhaíochta áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn sin má fhoráiltear i gcomhaontú idirnáisiúnta maidir le asamhlú an dá chineál táirge sin.

(6)

I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo do chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nó a chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, is é Airteagal 218 CFAE dá dtagraítear.

(7)

Chun cosc a chur ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte áirithe ar mhargadh an Aontais agus ar éifeachtúlacht CBT, nó chun gníomhú in aghaidh na n-éifeachtaí sin, ba cheart é a bheith indéanta allmhairiú táirgí den sórt sin a chur faoi réir dleacht bhreise a íoc, má chomhlíontar coinníollacha áirithe.

(8)

Táirgí talmhaíochta próiseáilte nach bhfuil áirithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE is ea ubh-albaimin agus lachtalbaimin. Ar chúiseanna comhchuibhithe agus simpliúcháin, ba cheart an comhchóras trádála le haghaidh ubh-albaimine agus lachtalbaimine a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 a chomhtháthú leis na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad. Ós rud é gur féidir ubh-albaimin a chur in ionad uibheacha cuid mhaith den am agus gur féidir lachtalbaimin a chur ina n-ionad roinnt áirithe uaireanta, ba cheart na socruithe trádála i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine a bheith ar aon dul leis na socruithe trádála i gcás uibheacha.

(9)

Gan dochar d’fhorálacha sonracha maidir le socruithe trádála tosaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chomh maith le socruithe trádála uathrialacha eile de chuid an Aontais, is gá na príomhrialacha a leagan síos lena rialaítear na socruithe trádála is infheidhme, maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad. Is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le dleachtanna allmhairiúcháin laghdaithe a shocrú agus cuótaí taraife a shocrú agus aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú i gcomhréir leis na príomhrialacha sin. Ba cheart na srianta ar dhleachtanna allmhairiúcháin agus ar fhóirdheontais onnmhairiúcháin a eascraíonn ó na gealltanais lenar ghlac an tAontas faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála agus comhaontuithe déthaobhacha, a chur i gcuntas sna rialacha agus sna forálacha sin.

(10)

De thoradh na dlúthbhainte idir margadh na hubh-albaimine agus na lachtalbaimine agus margadh na n-uibheacha, ba cheart an deis a bheith ann a cheangal go gcaithfear ceadúnas allmhairiúcháin a thíolacadh i gcomhair allmhairiú ubh-albaimine agus lachtalbaimine agus na socruithe próiseála isteach i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine a chur ar fionraí má chuireann socruithe próiseála isteach na hubh-albaimine nó na lachtalbaimine isteach ar mhargadh an Aontais sna táirgí sin nó ar mhargadh na n-uibheacha nó más dóigh go gcuirfidís isteach air. Ba cheart é a bheith indéanta eisiúint ceadúnas allmhairiúcháin i gcomhair ubh-albaimine agus lachtalbaimine agus iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht atá faoi réir ceadúnais, a chur faoi réir ceanglas maidir lena bhfoinse, lena dtionscnamh lena mbarántúlacht agus lena saintréithe cáilíochta.

(11)

Chun éabhlóid na trádála agus forbairtí sa mhargadh, riachtanais mhargaí na hubh-albaimine agus na lachtalbaimine nó mhargadh na n-uibheacha agus torthaí an fhaireacháin ar allmhairiú ubh-albaimine agus lachtalbaimine a chur i gcuntas, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na rialacha maidir le hallmhairiú ubh-albaimine agus lachtalbaimine chun iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith faoi réir ceadúnais allmhairiúcháin a thíolacadh, rialacha maidir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a dhíorthaíonn ón gceadúnas allmhairiúcháin sin agus a éifeachtaí dlíthiúla, na cásanna ina mbeidh feidhm ag lamháltas maidir le hurramú na hoibleagáide a luaitear sa cheadúnas rialacha maidir le heisiúint ceadúnas allmhairiúcháin agus scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith faoi réir doiciméad a thíolacadh a d’eisigh tríú tír nó eintiteas lena ndeimhnítear inter alia tionscnamh, foinse, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí, rialacha maidir le haistriú na gceadúnas allmhairiúcháin, nó srianta ar an aistriú sin, na cásanna nach gceanglófar an ceadúnas allmhairiúcháin a thíolacadh, agus na cásanna ina gceanglófar nó nach gceanglófar taisceadh an urrúis lena ráthófar go n-allmhaireofar na táirgí laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais.

(12)

Tá tairgí talmhaíochta próiseáilte áirithe ann nach liostaítear in Iarscríbhinn I le CFAE agus a fhaightear ag baint úsáide as táirgí talmhaíochta atá faoi réir CBT. Dá bhrí sin, ba cheart do na dleachtanna a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairiú na dtáirgí talmhaíochta próiseáilte sin an difear idir praghsanna an mhargaidh dhomhanda agus praghsanna mhargadh an Aontais a fhrithchothromú i gcás na dtáirgí talmhaíochta a úsáidtear chun iad a tháirgeadh agus ba cheart dóibh iomaíochas an tionscail phróiseála lena mbaineann a áirithiú.

(13)

Faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta áirithe déantar laghdú nó céimniú amach ar dhleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte a dheonú i ndáil le comhpháirteanna talmhaíochta, leis na dleachtanna breise ar shiúcra agus ar phlúr agus an dleacht ad valorem faoi chuimsiú bheartas tráchtála an Aontais. Ba cheart go bhféadfaí na laghduithe sin a bhunú trí thagairt a dhéanamh do na comhpháirteanna talmhaíochta is infheidhme maidir le trádáil neamhthosaíochta.

(14)

Ba cheart don chomhpháirt talmhaíochta de na dleachtanna allmhairiúcháin an difear a fhrithchothromú idir praghsanna na dtáirgí talmhaíochta a úsáidtear chun na táirgí talmhaíochta próiseáilte i gceist a tháirgeadh ar an margadh domhanda agus ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, is gá dlúthbhaint a choinneáil idir ríomh chomhpháirt talmhaíochta na dleachta allmhairiúcháin is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte agus an dleacht is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta arna n-allmhairiú i staid neamhathraithe.

(15)

Chun na comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun feidhme lena bhforáiltear maidir le laghdú nó céimniú amach dleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte ar bhonn táirgí talmhaíochta sonracha a úsáideadh nó a mheastar a úsáideadh chun na táirgí talmhaíochta próiseáilte a mhonarú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil le bunú liosta de na táirgí talmhaíochta sonracha sin a mheastar a úsáideadh i monarú táirgí talmhaíochta próiseáilte, bunú na gcainníochtaí coibhéiseacha agus na rialacha i gcomhair tiontú táirgí talmhaíochta eile chun cainníochtaí coibhéiseacha de na táirgí sonracha talmhaíochta a mheastar a úsáideadh, na heilimintí is gá chun an chomhpháirt talmhaíochta laghdaithe agus na dleachtanna breise laghdaithe a ríomh na méideanna diomaibhseacha a socrófar ina gcomhar na comhpháirteanna talmhaíochta laghdaithe agus na dleachtanna breise ar shiúcra agus ar phlúr ag nialas ina gcás.

(16)

Is féidir lamháltais taraife allmhairiúcháin a dheonú i gcomhair cainníochtaí neamhtheoranta de na hearraí lena mbaineann nó is féidir iad a dheonú i gcomhair cainníochtaí teoranta a thagann faoi chuóta taraife. I gcás ina ndéanfar, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta áirithe, lamháltais taraife a dheonú laistigh de chuótaí taraife, ba cheart don Choimisiún na cuótaí a oscailt agus a bhainistiú. Ar chúiseanna praiticiúla, tá sé fíor-riachtanach bainistiú chomhpháirt neamhthalmhaíochta na ndleachtanna allmhairiúcháin ar na hearraí ar comhaontaíodh tosaíochtaí taraife ina leith a bheith faoi réir na rialacha céanna le bainistiú na comhpháirte talmhaíochta.

(17)

De thoradh na dlúthbhainte idir margadh na hubh-albaimine agus na lachtalbaimine agus margadh na n-uibheacha, ba cheart cuótaí taraife i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine a oscailt agus a bhainistiú ar an dóigh chéanna leis na cuótaí taraife d’uibheacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Más gá, ba cheart a chur i gcuntas sa mhodh bainistíochta riachtanais soláthair mhargadh an Aontais agus an riachtanas a chothromaíocht a chaomhnú, agus ba cheart é a bheith bunaithe ar mhodhanna a úsáideadh san am a chuaigh thart, ag cur i gcuntas na cearta a eascraíonn ó chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(18)

Chun rochtain chothrom ar an margadh agus cóir chomhionann a áirithiú d’oibreoirí, chun riachtanais soláthair mhargadh an Aontais a chur i gcuntas agus chun cothromaíocht an mhargaidh sin a chaomhnú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir leis na coinníollacha atá le comhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den chuóta taraife, le rialacha maidir le cearta a aistriú laistigh den chuóta taraife, lena ndéanfar rannpháirtíocht sa chuóta taraife a bheith faoi réir urrús a thaisceadh, agus tréithe sonracha, ceanglais nó srianta is infheidhme maidir leis na cuótaí taraife.

(19)

Chun a áirithiú gur féidir táirgí a onnmhairíodh leas as cóireáil speisialta maidir le hallmhairiú isteach i dtríú tír faoi choinníollacha áirithe, de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith rialacha lena gceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát doiciméad a eisiúint, arna iarraidh sin agus tar éis seiceálacha iomchuí, lena ndeimhnítear go bhfuil na coinníollacha comhlíonta maidir le táirgí, má onnmhairítear iad, a bhainfidh leas as cóireáil speisialta maidir le hallmhairiú isteach i dtríú tír má chomhlíontar coinníollacha áirithe.

(20)

D’fhéadfadh sé nach féidir le hamhábhair ón Aontas éileamh na dtionscal próiseála ar amhábhair thalmhaíochta a chumhdach ina iomláine faoi dhálaí iomaíocha. Le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 an 12 Deireadh Fómhair 1992 (8) ligtear isteach earraí den sórt sin faoi na socruithe maidir le próiseáil isteach faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha eacnamaíocha a shainítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún a leagtar (9). Tá Rialachán (CEE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) le cur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2913/1992, ach éifeacht aige amhail amháin ón 1 Meitheamh 2016. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 2913/1992 a dhéanamh sa Rialachán seo, go háirithe ós rud é gur cheart tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 2913/1992 a mheas sa todhchaí mar thagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 952/2013. In imthosca a shainítear go soiléir, ba cheart a mheas go bhfuil coinníollacha eacnamaíocha arna gcomhlíonadh chun cainníochtaí áirithe táirgí talmhaíochta faoi na socruithe próiseála isteach a ligean isteach. Ba cheart na cainníochtaí sin a chinneadh ar bhonn cothromaíochta soláthair. Ba cheart rochtain chothrom ar na cainníochtaí atá ar fáil, agus cóir chomhionann oibreoirí agus soiléireacht a áirithiú trí chóras deimhnithe próiseála isteach a eiseoidh na Ballstáit.

(21)

Chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht stuama agus éifeachtúil ar na socruithe próiseála isteach, agus staid mhargadh an Aontais le haghaidh na dtráchtearraí lena mbaineann agus ar riachtanais agus ar chleachtais an tionscail próiseála á gcur i gcuntas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtáirgí talmhaíochta sin dá bhféadfar na deimhnithe próiseála isteach a eisiúint, na cearta a dhíorthaíonn ó na teastais próiseála isteach agus a éifeachtaí dlíthiúla, aistriú ceart idir oibreoirí agus na rialacha is gá i gcomhair iontaofacht agus éifeachtúlacht an chórais deimhnithe próiseála isteach maidir le barántúlacht an deimhnithe, a aistriú nó srianta ar an aistriú sin.

(22)

Ba cheart socruithe a dhéanamh chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú, laistigh den teorainn a leagtar síos i ngealltanais an Aontais leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, i gcás táirgí talmhaíochta áirithe a úsáidtear chun earraí a mhonarú nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE ionas nach ngearrfar pionós ar tháirgeoirí na n-earraí sin i bhfianaise na bpraghsanna ag a gcaithfidh siad a soláthairtí a fháil de thoradh CBT. Leis na haisíocaíochtaí sin níor cheart ach an difear idir praghas táirge talmhaíochta ar mhargadh an Aontais agus ar an margadh domhanda a chumhdach. Dá bhrí sin, ba cheart na socruithe sin a bhunú mar chuid de na socruithe trádála i gcomhair earraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad.

(23)

Ba cheart an liosta d’earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I agus atá i dteideal aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, a bhunú ag cur i gcuntas tionchar an difir idir praghsanna na dtáirgí talmhaíochta a úsáidtear chun iad a tháirgeadh ar mhargadh an Aontais agus ar an margadh domhanda agus an gá atá ann an difear sin a fhrithchothromú ina iomláine nó i bpáirt, le honnmhairiú a éascú i gcás na dtáirgí talmhaíochta a úsáidtear sna hearraí lena mbaineann nach bhfuil in Iarscríbhinn I.

(24)

Is gá a áirithiú nach ndeonaítear aon aisíocaíocht onnmhairiúcháin i gcás earraí allmhairithe nach bhfuil in Iarscríbhinn I a scaoiltear i saorchúrsaíocht agus a athonnmhairítear, a onnmhairítear i ndiaidh a bpróiseála nó a ionchorpraítear in earraí eile nach bhfuil in Iarscríbhinn I. I gcás gránach, ríse, bainne agus táirgí bainne nó uibheacha allmhairithe a scaoiltear i saorchúrsaíocht, is gá a áirithiú nach ndeonaítear aon aisíocaíocht i gcás ina n-onnmhaireofar na hearraí i ndiaidh a bpróiseála nó ina n-ionchorprófar iad in earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I.

(25)

Ba cheart na rátaí aisíocaíochta onnmhairiúcháin i gcás táirgí talmhaíochta a onnmhairítear i bhfoirm earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I a shocrú i gcomhréir leis na rialacha agus leis socruithe praiticiúla céanna agus i gcomhréir leis an nós imeachta céanna leis na rátaí aisíocaíochta onnmhairiúcháin i gcás táirgí talmhaíochta a onnmhairítear i staid neamhathraithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 (11).

(26)

I bhfianaise na dlúthbhainte idir earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I agus na táirgí talmhaíochta a úsáidtear chun na hearraí sin nach bhfuil in Iarscríbhinn I a mhonarú, ar thaobh amháin, agus an difear idir na hearraí agus na táirgí sin ar an taobh eile, is gá foráil a dhéanamh maidir leis na forálacha cothrománacha maidir le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, a chur i bhfeidhm maidir le hearraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I.

(27)

Chun próisis mhonaraíochta shonracha agus ceanglais trádála earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I agus a ionchorpraíonn táirgí talmhaíochta áirithe a chur i gcuntas, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir le rialacha ar shaintréithe na n-earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I atá le honnmhairiú agus na dtáirgí talmhaíochta arna n-úsáid chun iad a mhonarú, chomh maith le rialacha maidir leis na haisíocaíochta onnmhairiúcháin a chinneadh i gcás táirgí talmhaíochta áirithe a onnmhairítear i ndiaidh a bpróiseála go hearraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I, rialacha maidir leis an gcruthúnas a bhfuil gá leis chun comhdhéanamh na n-earraí arna n-onnmhairiú nach bhfuil in Iarscríbhinn I a chruthú, rialacha lena gceanglaítear úsáid a dhearbhú i gcás táirgí talmhaíochta allmhairithe áirithe, rialacha maidir le táirgí talmhaíochta, rialacha maidir le táirgí talmhaíochta a asamhlú le buntáirgí agus maidir leis an gcainníocht tagartha a chinneadh i gcás gach ceann de na buntáirgí, agus cur i bhfeidhm na rialacha cothrománacha i dtaobh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair táirgí talmhaíochta ar earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I.

(28)

Ba cheart comhlíonadh na dteorainneacha onnmhairiúcháin a eascraíonn ó chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE a áirithiú trí dheimhnithe aisíocaíochta a eisiúint do na tréimhsí tagartha a leagtar síos sna comhaontuithe, ag cur i gcuntas an méid bhliantúil dá bhforáiltear i ndáil le honnmhaireoirí beaga.

(29)

Ba cheart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú suas leis an méid iomlán atá ar fáil, ag brath ar staid ar leith na trádála in earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I. Ba cheart do chóras na ndeimhnithe aisíocaíochta bainistiú éifeachtúil a éascú ar mhéideanna na n-aisíocaíochtaí.

(30)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le deimhnithe aisíocaíochta arna n-eisiúint ag na Ballstáit, le go mbeidh siad bailí ar fud an Aontais agus maidir lena n-eisiúint a bheith faoi réir urrús a thaisceadh lena ráthaítear go gcuirfidh an t-oibreoir iarratas isteach ar aisíocaíochtaí. Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le haisíocaíochtaí faoin gcóras réamhshocrúcháin a bheidh le deonú i gcomhair na rátaí aisíocaíochta uile is infheidhme agus i gcomhair taiscthe agus scaoilte urrús.

(31)

Chun faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus ar chur chun feidhme chóras na ndeimhnithe aisíocaíochta, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir le rialacha ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a dhíorthaíonn ó na deimhnithe aisíocaíochta, na rialacha maidir lena n-aistriú nó srianta ar an aistriú sin, na cásanna agus na staideanna nach gceanglaítear iontu deimhniú aisíocaíochta a thíolacadh ná urrús a thaisceadh, agus maidir leis an lamháltas ar dá réir nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid iarratas a chur isteach ar aisíocaíochtaí.

(32)

Agus tionchar beart spriocdhírithe a bhaineann le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin á chur i gcuntas, ba cheart aird a thabhairt ar ghnóthais a phróiseálann táirgí talmhaíochta go ginearálta agus go háirithe ar staid fiontar beag agus meánmhéide. I bhfianaise na riachtanas sonrach atá ag onnmhaireoirí beaga, ba cheart méid foriomlán a leithdháileadh orthu in aghaidh gach bliana buiséid agus ba cheart iad a bheith díolmhaithe ón gceanglas deimhnithe aisíocaíochta a chur isteach faoi na socruithe maidir le haisíocaíocht onnmhairiúcháin.

(33)

I gcás ina nglacfar, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, bearta maidir le honnmhairiú táirge talmhaíochta agus inar dócha go gcuirfí isteach ar bhaint amach cuspóirí na mbeart sin dá n-onnmhaireofaí earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I ach a bhfuil méid mór den táirge talmhaíochta sin iontu, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i leith foráil a dhéanamh chun bearta coibhéiseacha a dhéanamh maidir le honnmhairiú na n-earraí sin nach bhfuil in Iarscríbhinn I agus aon oibleagáidí a chomhlíonadh a thig ó chomhaontuithe idirnáisiúnta.

(34)

Faoi chomhaontaithe idirnáisiúnta áirithe, féadfaidh an tAontas teorainn a chur le dleachtanna allmhairiúcháin agus le méideanna is iníoctha i leith onnmhairí chun difríochtaí a fhrithchothromú, ina n-iomláine nó i bpáirt, i bpraghas táirgí talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí talmhaíochta próiseáilte nó na n-earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I atá i gceist. Is gá a leagan síos i gcás na dtáirgí talmhaíochta próiseáilte sin agus na n-earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I go bhfuil na méideanna sin le cinneadh i gcomhpháirt mar chuid den dleacht fhoriomlán agus go bhfrithchothromóidh siad na difríochtaí idir praghsanna na dtáirgí talmhaíochta nach mór a chur i gcuntas ar mhargadh na tíre nó an réigiúin lena mbaineann agus ar mhargadh an Aontais.

(35)

Ós rud é go bhféadfadh comhdhéanamh táirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I a bheith ábhartha i dtaobh na socruithe trádála a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart, ba cheart an deis a bheith ann a gcomhdhéanamh a shuíomh trí anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáid.

(36)

Chun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas a chur chun feidhme agus chun soiléireacht agus comhsheasmhacht a áirithiú le leasuithe ar Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (12), ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i leith eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo agus d’Iarscríbhinní dá chuid a leasú agus a fhorlíonadh chun na críocha sin.

(37)

Ba cheart foráil a dhéanamh go dtabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún agus dá chéile an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun na socruithe trádála i gcomhair táirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme.

(38)

Chun sláine córas faisnéise agus barántúlacht agus inléiteacht na ndoiciméad agus na sonraí comhlachaithe a tharchuirfear a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i leith cineál agus sórt na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt fúithi a shainiú, na catagóirí sonraí a phróiseálfar, tréimhsí coinneála uasta agus críoch na próiseála, na cearta rochtana ar an bhfaisnéis agus ar na córais faisnéise agus coinníollacha foilsithe na faisnéise sin.

(39)

Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí sin den sórt sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(40)

Chun ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar oibreoirí agus ar údaráis náisiúnta a sheachaint ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i leith tairseach a shocrú nach ndéanfar méideanna a thobhach ná a dheonú faoina bun i leith dleachtanna allmhairiúcháin, dleachtanna allmhairiúcháin breise, dleachtanna allmhairiúcháin laghdaithe, aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus méideanna atá le tobhach nó le híoc agus praghas a bunaíodh go comhpháirteach á fhritháireamh.

(41)

I bhfianaise na dlúthbhainte idir earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I agus na táirgí talmhaíochta a úsáidtear chun na hearraí sin nach bhfuil in Iarscríbhinn I a mhonarú, is gá foráil a dhéanamh maidir leis na forálacha cothrománacha maidir le hurrúis, seiceálacha, fíorú, grinnscrúdú agus pionóis, arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus arna nglacadh dá bhun, a chur i bhfeidhm maidir le hearraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I.

(42)

Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha cothrománacha a glacadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chur i bhfeidhm maidir le ceadúnais allmhairithe agus cuótaí taraife do tháirgí talmhaíochta próiseáilte agus maidir le haisíocaíochtaí onnmhairithe agus deimhnithe aisíocaíochta i gcomhair earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith rialacha a oiriúnú, de réir mar is gá, na forálacha cothrománacha maidir le hurrúis, seiceálacha, fíorú, grinnscrúdú agus pionóis arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin sin.

(43)

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin sula nglacfaidh sé gníomhartha tarmligthe, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Agus é ag ullmhú agus ag tarraingt suas gníomhartha tarmligthe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear na doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí.

(44)

D’fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir le hallmhairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le bearta lena gcinntear na táirgí talmhaíochta próiseáilte ar cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a bheith infheidhme orthu chun cosc a chur ar thionchair dhíobhálacha ar mhargadh an Aontais nó chun gníomhú in aghaidh na dtionchar sin, bearta chun na dleachtanna allmhairiúcháin breise sin a chur i bhfeidhm maidir le teorainneacha ama chun an praghas allmhairiúcháin a chruthú, fianaise dhoiciméadach a chur isteach, agus leibhéal na dleachtanna allmhairiúcháin breise a chinneadh, bearta lena socraítear na praghsanna ionadaíocha agus na truicearmhéideanna chun dleachtanna allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm, bearta maidir le formáid agus inneachar an cheadúnais allmhairiúcháin i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine, maidir le hiarratais ar a chur isteach agus maidir leis na ceadúnais allmhairiúcháin sin a eisiúint agus a úsáid, maidir lena dtréimhse bailíochta, maidir leis an nós imeachta i dtaca le taisceadh urrúis i ndáil leis na gceadúnais sin agus méid an urrúis sin, maidir leis an bhfianaise is gá chun comhlíonadh na gceanglas i leith úsáid na gceadúnas sin a chruthú, maidir le méid an lamháltais i ndáil le comhlíonadh chun an cainníocht dá dtagraítear sa cheadúnas allmhairiúcháin a allmhairiú, agus maidir le ceadúnais athsholáthair agus ceadúnais dhúblacha a eisiúint, maidir le bearta i ndáil le láimhseáil ceadúnas allmhairiúcháin ag na Ballstáit, agus maidir le malartú na faisnéise is gá chun bainistiú a dhéanamh ar chóras na gceadúnas allmhairiúcháin i gcomhair ubh-albaimine agus lachtalbaimine lena n-áirítear na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh sonrach riaracháin idir na Ballstáit, ríomh dleachtanna ar allmhairí agus socrú leibhéal na ndleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte agus socruithe trádála idirnáisiúnta á gcur chun feidhme.

(45)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le hallmhairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le, bearta lena leagtar síos cainníochtaí socraithe de tháirgí talmhaíochta a mheastar a úsáideadh chun na táirgí talmhaíochta próiseáilte a mhonarú chun na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme i dtrádáil tosaíochta a laghdú nó a chéimniú amach agus na ceanglais dhoiciméadacha iomchuí a shuíomh, na cuótaí taraife bliantúla agus an modh riaracháin a úsáidfear chun táirgí talmhaíochta próiseáilte agus táirgí talmhaíochta áirithe a allmhairiú i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, nósanna imeachta chun forálacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm nó gníomh lena nglactar réimeas allmhairithe nó onnmhairithe go háirithe maidir leis na ráthaíochtaí a chlúdaíonn cineál, foinse agus tionscnamh an táirge, mar aitheantas ar an doiciméad a úsáidtear chun na ráthaíochtaí sin a fhíorú, maidir le doiciméad a thíolacadh a d’eisigh an tír onnmhairiúcháin agus maidir le ceann scríbe agus úsáid na dtáirgí, bearta ag leagan síos tréimhse bailíochta ceadúnas allmhairiúcháin, nós imeachta maidir le urrús a thaisceadh agus méid an urrúis sin, úsáid na gceadúnas allmhairiúcháin sin agus i gcás inar gá na bearta sonracha i ndáil leis na coinníollacha faoina bhfuil iarratais ar allmhairiú le cur isteach, go háirithe, agus a bhfuil údaruithe le deonú ina gcomhair laistigh den chuóta taraife agus na ceanglais dhoiciméadacha iomchuí.

(46)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le hallmhairí agus deimhnithe próiseála isteach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le forálacha chun an próiseas a bhainistiú lena ráthú nach sáraítear na cainníochtaí atá ar fáil laistigh de na cuótaí taraife, agus bearta maidir le cainníochtaí nár úsáideadh den chuóta taraife a ath-leithdháileadh, bearta cosanta a ghlacadh i gcoinne allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (16) agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle (17) nó bearta cosanta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, bearta maidir le cainníocht na dtáirgí talmhaíochta a bhféadfar deimhnithe próiseála isteach a eisiúint ina dtaobh, bearta maidir le cur chun feidhme chóras na ndeimhnithe próiseála isteach i dtaca leis na doiciméid agus na nósanna imeachta is gá chun iarratais a thaisceadh agus deimhnithe próiseála isteach a eisiúint, bearta maidir le bainistiú na ndeimhnithe próiseála isteach ag na Ballstáit agus na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh riaracháin idir na Ballstáit, bearta lena gcuirtear teorainn leis na cainníochtaí ar féidir deimhnithe próiseála isteach a úsáid ina dtaobh, lena ndiúltaítear cainníochtaí ar cuireadh iarratas isteach ina dtaobh i dtaca leis na deimhnithe sin agus lena gcuirtear ar fionraí taisceadh iarratas ar dheimhnithe próiseála isteach i gcásanna ina gcuirtear iarratais isteach ar chainníochtaí móra, agus bearta lena gcuirtear ar fionraí úsáid próiseála nó socruithe próiseála isteach i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine.

(47)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcomhair chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le honnmhairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le bearta maidir le rátaí aisíocaíochta a chur i bhfeidhm, maidir leis na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh, maidir le táirgí áirithe a asamhlú le buntáirgí agus cáilíocht tagartha buntáirgí a chinneadh, maidir le hiarratas ar dheimhnithe, eisiúint agus bainistiú deimhnithe chun táirgí áirithe nach bhfuil in Iarscríbhinn I a onnmhairiú chuig cinn scríbe áirithe má fhoráiltear maidir leis sin i gcomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE agus maidir le láimhseáil táirgí a théann ar ceal agus caillteanas cainníochta le linn an phróisis mhonaraíochta agus láimhseáil fotháirgí.

(48)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le honnmhairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le bearta lena sainítear na nósanna imeachta maidir le dearbhú chomhdhéanamh na n-earraí onnmhairithe nach bhfuil in Iarscríbhinn I a bhfuil gá leo chun an córas aisíocaíochta onnmhairiúcháin a chur chun feidhme, agus maidir le soláthar na fianaise is gá chuige sin, maidir leis an gcruthúnas simplithe is gá chun teachta ag ceann scríbe i gcás aisíocaíochtaí difreáilte, bearta maidir le forálacha cothrománacha i dtaobh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, urrúis, seiceálacha, fíorú agus pionóis a chur i bhfeidhm ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I, bearta maidir le cur chun feidhme chóras na ndeimhnithe aisíocaíochta onnmhairiúcháin maidir le tíolacadh, formáid agus inneachar an iarratais ar an deimhniú aisíocaíochta, formáid, inneachar agus tréimhse bailíochta an deimhnithe aisíocaíochta, an nós imeachta chun iarratais a thaisceadh agus deimhnithe aisíocaíochta a eisiúint agus dá n-úsáid, an nós imeachta maidir le hurrús a thaisceadh agus méid an urrúis sin, méid an lamháltais do na méideanna aisíocaíochta onnmhairiúcháin nach ndearnadh iarratas orthu agus leis an modh lena gcruthú gur comhlíonadh na hoibleagáidí a eascraíonn ón deimhniú aisíocaíochta.

(49)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le honnmhairí agus le forálacha ginearálta áirithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le bearta maidir le cóireáil deimhnithe aisíocaíochta onnmhairiúcháin ag na Ballstáit agus malartú faisnéise agus an cúnamh sonrach riaracháin idir na Ballstáit i dtaobh na ndeimhnithe aisíocaíochta, bearta maidir leis an méid foriomlán a leithdháiltear ar onnmhaireoirí beaga a shocrú agus leis an tairseach aonair díolúine a shocrú ó na deimhnithe aisíocaíochta a thíolactar, bearta maidir le deimhnithe aisíocaíochta ionadacha a eisiúint agus deimhnithe aisíocaíochta dúblacha, bearta maidir le forálacha cothrománacha i dtaobh ceadúnas onnmhairiúcháin agus urrús a chur i bhfeidhm ar dheimhnithe aisíocaíochta, bearta lena gcuirtear teorainn leis na méideanna ar féidir deimhnithe aisíocaíochta a eisiúint ina leith, lena ndiúltaítear méideanna ar cuireadh iarratas isteach ina dtaobh agus lena gcuirtear ar fionraí taisceadh iarratas ar dheimhnithe aisíocaíochta i gcás ina bhfuiltear ag cur isteach ar mhéideanna a sháraíonn méideanna atá ar fáil a shocraítear ar bhonn na ngealltanas a thig de dhroim comhaontuithe idirnáisiúnta, na rialacha nós imeachta, agus na critéir theicniúla a bhfuil gá leo chun bearta eile a chur i bhfeidhm maidir le honnmhairiú, bearta maidir leis an dleacht is infheidhme a shocrú i gcás fritháireamh díreach i dtrádáil tosaíochta agus na méideanna gaolmhara is iníoctha ar onnmhairí go dtí an tír nó an réigiún lena mbaineann, bearta lena n-áirithítear i gcás táirgí talmhaíochta próiseáilte atá dearbhaithe le haghaidh a n-onnmhairithe faoi chomhaontú trádála tosaíochta gurb amhlaidh nach n-onnmhairítear faoi chomhaontú tosaíochta trádála nó vice versa, bearta maidir leis na modhanna chun anailís cháilíochtúil agus chainníochtúil a dhéanamh ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I, na forálacha teicniúla is gá chun a n-aitheantais agus na nósanna imeachta chun críche na n-aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte.

(50)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le honnmhairí, agus le forálacha ginearálta áirithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis na bearta is gá do chur chun feidhme oibleagáidí an Choimisiúin agus na mBallstát faisnéis a mhalartú maidir leis na modhanna chun fógra a thabhairt, na rialacha maidir leis an eolas atá le cur in iúl, na socruithe chun an fhaisnéis a bhainistiú atá le cur in iúl, ábhar, foirm, uainiú, minicíocht agus spriocdhátaí na bhfógraí agus na socruithe maidir le faisnéis agus doiciméid a tharchur nó a chur ar fáil faoi réir cosaint sonraí pearsanta agus leas dlisteanach na ngnóthas i gcosaint a rún gnó agus bearta maidir le cur i bhfeidhm forálacha cothrománacha maidir le hurrúis, seiceálacha, fíorú, grinnscrúdú agus pionóis arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus cuótaí taraife le haghaidh táirgí talmhaíochta próiseáilte agus maidir le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus deimhnithe aisíocaíochta nach liostaítear in Iarscríbhinn I.

(51)

Ag féachaint do chineál speisialta ghníomhartha cur chun feidhme maidir le bearta chun na praghsanna ionadaíocha agus na truicearmhéideanna a shocrú chun dleachtanna allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm agus chun leibhéal dleachtanna allmhairiúcháin a shocrú i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, le bearta lena gcuirtear teorainn leis na cainníochtaí ar féidir deimhnithe phróiseála isteach agus deimhnithe aisíocaíochta a úsáid ina dtaobh, lena ndiúltaítear cainníochtaí ar cuireadh iarratas isteach ina dtaobh i ndáil leis na deimhnithe sin agus lena gcuirtear ar fionraí taisceadh iarratas ar na deimhnithe sin, agus maidir le forálacha chun an próiseas a bhainistiú lena ráthaítear nach sárófar na cainníochtaí atá ar fáil laistigh den chuóta taraife agus chun cainníochtaí den chuóta taraife nár úsáideadh a ath-leithdháileadh, ba cheart iad a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a fheidhmiú. Ba cheart gach gníomh cur chun feidhme eile faoin Rialachán seo a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(52)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ar ghníomhartha iad atá le glacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó tharla go mbaineann na gníomhartha sin le CBT dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 2(2)(b) den Rialachán sin.

(53)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne allmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte isteach san Aontas nó le suaitheadh nó suaitheadh féideartha ar mhargadh an Aontais a éilíonn úsáid phróiseála nó socruithe próiseála isteach a chur ar fionraí i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine, gur gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

(54)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta is gá agus is iomchuí chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach na socruithe trádála a leagan síos a mbeidh feidhm acu maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(55)

Chun an status quo a choinneáil, ba cheart na hiarscríbhinní a bheith sa Rialachán seo, ina mbeidh gach ceann acu seo: liosta le táirgí talmhaíochta próiseáilte, a chuirtear in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009; liosta le hearraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I, a chuirtear in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 578/2010 ón gCoimisiún (19) agus Iarscríbhinn XX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 freisin; liosta leis na táirgí bunúsacha a úsáidtear chun earraí a mhonarú nach bhfuil in Iarscríbhinn I a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 578/2010; liosta le táirgí talmhaíochta próiseáilte ar a bhféadfar dleachtanna allmhairiúcháin bhreise a ghearradh a chuirtear in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009; agus liosta le táirgí talmhaíochta a úsáidtear chun táirgí talmhaíochta próiseáilte a mhonarú a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009.

(56)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 a aisghairm dá réir sin.

(57)

Ós rud é, roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, gur áirithíodh an chomhréireacht ba ghá trí fhoráil idirthréimhseach i bpointe (i) den dara fomhír d’Airteagal 230 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe agus is féidir tar éis ghlacadh Rialacháin phacáiste athchóirithe CBT, agus leas deimhneachta dlíthiúla agus ionchais dhlisteanacha oibreoirí eacnamaíocha á n-urramú go hiomlán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo na socruithe trádála is infheidhme maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte agus onnmhairiú earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I agus táirgí talmhaíochta a chorpraítear sna hearraí sin nach bhfuil in Iarscríbhinn I.

Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta a bheidh cumhdaithe le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE agus lena bhforáiltear d’asamhlú na dtáirgí sin le táirgí talmhaíochta próiseáilte atá faoi réir trádála tosaíochta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “táirgí talmhaíochta” na táirgí sin dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

ciallaíonn “táirgí talmhaíochta próiseáilte” na táirgí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

ciallaíonn “earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn I” na táirgí sin nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus a liostaítear sa chéad agus sa dara colún d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d)

ciallaíonn “buntáirgí” na táirgí talmhaíochta sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(e)

ciallaíonn “comhpháirt talmhaíochta” an chuid sin den dleacht allmhairiúcháin is infheidhme ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte a chomhfhreagraíonn do na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme ar na táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo nó, i gcás inarb iomchuí, na dualgais laghdaithe is infheidhme maidir leis na táirgí talmhaíochta de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann maidir le cainníochtaí na dtáirgí talmhaíochta a úsáidtear nó a mheastar a úsáideadh;

(f)

ciallaíonn “comhpháirt neamhthalmhaíochta” an chuid den mhuirear a chomhfhreagraíonn do dhleachtanna na Comhtharaife Custaim, í laghdaithe ag an gcomhpháirt talmhaíochta a shainmhínítear i bpointe (e);

(g)

ciallaíonn “dleachtanna breise ar shiúcra agus ar phlúr” an dleacht bhreise ar shiúcra (AD S/Z) agus an dleacht bhreise ar phlúr (AD F/M) dá dtagraítear i pointe B.6, de Roinn I de Chuid a hAon, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus a leagtar síos i dTábla 2 d’Iarscríbhinn 1 de Roinn I de Chuid a Trí, d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin;

(h)

ciallaíonn “dleacht ad valorem” an pháirt den dleacht allmhairiúcháin arna sloinneadh mar ráta céatadáin den luach custaim;

(i)

ciallaíonn “Grúpa Táirgí 1” meadhg i bpúdar, i ngráinníní nó i bhfoirmeacha soladacha eile, gan siúcra nó ábhar milsithe eile AC cód ex 0404 10 02 go AC cód ex 0404 10 16 curtha leis;

(j)

ciallaíonn “Grúpa Táirgí 2” bainne i bpúdar, i ngráinníní nó i bhfoirmeacha soladacha eile, gan siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leis, a bhfuil cion saille ann, de réir meáchain, nach mó ná 1.5 %, seachas i neasphacálacha nach mó ná 2.5 kg a dtoilleadh glan CN cód ex 0402 10 19;

(k)

ciallaíonn “Grúpa Táirgí 3” bainne i bpúdar, i ngráinníní nó i bhfoirmeacha soladacha eile, gan siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leis, a bhfuil cion saille 26 % ann, de réir meáchain, seachas i neasphacálacha nach mó ná 2.5 kg a dtoilleadh glan CN cód ex 0402 21 18;

(l)

Ciallaíonn “Grúpa Táirgí 6” im, a bhfuil cion saille 82 % ann de réir meáchain CN cód ex 0405 10;

CAIBIDIL II

ALLMHAIRIÚ TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA PRÓISEÁILTE

ROINN I

Forálacha ginearálta d’allmhairí

Foroinn I

Dleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí próiseáilte talmhaíochta

Airteagal 3

Comhpháirteanna dleachtanna allmhairiúcháin

1.   I gcás na dtáirgí talmhaíochta próiseáilte a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, sna dleachtanna allmhairiúcháin a bheidh socraithe sa Chomhtharaif Chustaim beidh an chomhpháirt talmhaíochta nach cuid de dhleacht ad valorem í agus comhpháirt neamhthalmhaíochta ar dleacht ad valorem í.

2.   I gcás na dtáirgí talmhaíochta próiseáilte a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I, sna dleachtanna allmhairiúcháin a bheidh socraithe sa Chomhtharaif Chustaim beidh dleacht ad valorem agus comhpháirt talmhaíochta ar cuid den dleacht ad valorem í. I gcás nach bhfuil aon dleacht ad valorem ann do tháirgí talmhaíochta próiseáilte a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I, measfar gur cuid den dleacht shonrach ar na táirgí sin an chomhpháirt talmhaíochta.

Airteagal 4

Uasráta na dleachta allmhairiúcháin

1.   I gcás ina gcuirfear uasráta dleachta i bhfeidhm freisin, socrófar sa Chomhtharaif Chustaim de bhun Airteagal 31 CFAE an modh ríofa chun an t-uasráta dleachta sin a chinneadh.

2.   I gcás gurb éard atá san uasráta dleachta ar na táirgí talmhaíochta próiseáilte a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, dleacht bhreise ar shiúcra agus ar phlúr, socrófar sa Chomhtharaif Chustaim de bhun Airteagal 31 CFAE an modh ríofa chun an dleacht bhreise sin a chinneadh.

Airteagal 5

Dleachtanna allmhairiúcháin breise lena mbeartaítear cosc a chur ar thionchair dhíobhálacha ar mhargadh an Aontais nó gníomhú ina n-aghaidh

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lean gcinnfear, cé na táirgí talmhaíochta próiseáilte a liostaítear in Iarscríbhinn IV a bhfuil feidhm ag dleacht allmhairiúcháin bhreise le bheith orthu, má allmhairítear faoi réir an ráta dleachta a leagtar síos sa Chomhtharaif Chustaim iad. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin chun cosc a chur ar thionchair dhíobhálacha ar mhargadh an Aontais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na hallmhairí sin, nó chun gníomhú in aghaidh na dtionchar díobhálach sin agus, más rud é:

(a)

go ndéanfar na hallmhairithe ar phraghas níos ísle ná an leibhéal a chuir an tAontas in iúl don Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) (“an truicearphraghas”); nó

(b)

go sáróidh méid na n-allmhairí leibhéal áirithe (“an truicearmhéid”) i mbliain ar bith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

2.   Ní fhorchuirfear dleachtanna allmhairiúcháin breise i gcomhréir le mír 1 nuair nach dócha go suaithfidh na hallmhairí margadh an Aontais, nó i gcás ina mbeadh éifeachtaí dleachtanna allmhairiúcháin breise den sórt sin díréireach i gcomparáid leis an gcuspóir atá beartaithe.

3.   Chun críocha mhír 1(a), cinnfear praghsanna allmhairiúcháin ar bhonn phraghsanna allmhairiúcháin c.a.l. na coinsíneachta atá faoi bhreithniú.

Déanfar praghsanna allmhairiúcháin c.a.l. a sheiceáil in aghaidh phraghsanna ionadaíocha an táirge sin ar an margadh domhanda nó ar mhargadh allmhairiúcháin an Aontais don táirge sin.

Déanfar na praghsanna ionadaíocha a chinneadh go tráthrialta ar bhonn sonraí arna mbailiú faoin gcóras faireacháin Comhphobail a bunaíodh de bhun Airteagal 308d de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/1993 ón gCoimisiún (20).

4.   Bunófar an truicearmhéid ar dheiseanna rochtana ar an margadh a shaineofar mar allmhairí i bhfoirm céatadáin den tomhaltas comhfhreagrach intíre ar feadh na dtrí bliana roimh na bliana ina n-éireoidh nó inar dócha go n-éireoidh na héifeachtaí díobhálacha dá dtagraítear i mír 1.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina bhfuil na bearta is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go háirithe na bearta sin maidir le teorainneacha ama i dtaobh an praghas allmhairiúcháin a chruthú, fianaise dhoiciméadach a chur isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, maidir leis na táirgí a aithnítear i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na praghsanna ionadaíocha agus na truicearmhéideanna a shocrú chun dleachtanna allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm;

(b)

leibhéal na ndleachtanna allmhairiúcháin breise a shocrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm ag an Aontas go sealadach i gcomhréir le CFAE.

7.   Foilseoidh an Coimisiún na truicearphraghsanna dá dtagraítear i mír 1(a) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foroinn II

Allmhairiú ubh-albaimine agus lachtalbaimine

Airteagal 6

Ceadúnais allmhairiúcháin i gcomhair ubh-albaimine agus lachtalbaimine

1.   Féadfaidh allmhairiú ubh-albaimine agus lachtalbaimine lena scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin a thíolacadh, más gá an ceadúnas sin chun na margaí lena mbaineann a bhainistiú agus, go háirithe, chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil sna táirgí sin.

2.   Gan dochar do bhearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14, eiseoidh na Ballstáit na ceadúnais allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1 d’aon iarratasóir a bhunaítear san Aontas, gan beann ar áit bhunaíochta an iarratasóra, mura bhforálfar le gníomh arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) CFAE ar shlí eile.

3.   Beidh na ceadúnais allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1 bailí ar fud an Aontais.

4.   Féadfaidh eisiúint ceadúnas allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus scaoileadh i saorchúrsaíocht na n-earraí a chumhdaíonn an ceadúnas a chur faoi réir ceanglas maidir le tionscnamh agus foinse an táirge lena mbaineann agus faoi réir doiciméad a thíolacadh a d’eisigh tríú tír nó eintiteas lena ndeimhnítear inter alia tionscnamh, foinse, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí.

Airteagal 7

Urrús i leith ceadúnas allmhairiúcháin

1.   Féadfar eisiúint na gceadúnas allmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6 a chur faoi réir urrús a thaisceadh lena ráthófar go n-allmhaireoidh an t-oibreoir eacnamaíoch na táirgí laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais allmhairiúcháin.

2.   Forghéillfear an t-urrús ina iomláine nó i bpáirt mura n-allmhaireofar na táirgí laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais allmhairiúcháin.

3.   Ní fhorghéillfear an t-urrús, áfach, más rud é nár allmhairíodh na táirgí laistigh den tréimhse sin de dheasca force majeure nó má tá an chainníocht nár allmhairíodh laistigh den tréimhse sin laistigh den leibhéal lamháltais.

Airteagal 8

Cumhachtaí tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus sonrófar iontu:

(a)

rialacha maidir le hallmhairiú ubh-albaimine agus lachtalbaimine lena scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin a thíolacadh;

(b)

rialacha maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn ón gceadúnas allmhairiúcháin agus na héifeachtaí dlíthiúla a bhaineann leis;

(c)

na cásanna ina mbeidh feidhm ag lamháltas maidir le comhlíonadh na hoibleagáide an chainníocht a luaitear sa cheadúnas a allmhairiú nó ina gcuirfear an tionscnamh in iúl sa cheadúnas;

(d)

rialacha maidir le heisiúint an cheadúnais allmhairiúcháin nó rialacha maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht na n-earraí atá cumhdaithe ag an gceadúnas atá faoi réir doiciméad a thíolacadh arna eisiúint ag tríú tír nó ag eintiteas lena ndeimhnítear inter alia tionscnamh, foinse, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí;

(e)

rialacha maidir le haistriú an cheadúnais allmhairiúcháin nó na srianta ar aistriú den sórt sin;

(f)

na cásanna nach gceanglaítear ceadúnas allmhairiúcháin a thíolacadh iontu;

(g)

rialacha lena gcuirtear éisiúint na gceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 6 faoi réir urrús a thaisceadh;

Airteagal 9

Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún, nuair is gá, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

formáid agus inneachar an cheadúnais allmhairiúcháin;

(b)

iarratais ar cheadúnais allmhairiúcháin a chur isteach, na ceadúnais sin a eisiúint agus úsáid na gceadúnas sin;

(c)

tréimhse bhailíochta an cheadúnais allmhairiúcháin agus méid an urrúis a bheidh le taisceadh agus na nósanna imeachta chuige sin;

(d)

an fianaise is gá chun comhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ceadúnas allmhairiúcháin a chruthú;

(e)

an leibhéal lamháltais maidir le hurramú na hoibleagáide allmhairiú a dhéanamh ar an gcainníocht a luaitear sa cheadúnas;

(f)

eisiúint ceadúnas allmhairiúcháin athsholáthair agus ceadúnas allmhairiúcháin dúblach;

(g)

an chaoi a bpróiseálfaidh na Ballstáit na ceadúnais allmhairiúcháin agus an malartú faisnéise is gá chun an córas a bhainistiú, lena n-áirítear na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcúnamh sonrach riaracháin idir na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

ROINN II

Trádáil tosaíochta

Foroinn I

Dleachtanna allmhairiúcháin a laghdú

Airteagal 10

Comhpháirteanna talmhaíochta, dleachtanna ad valorem agus dleachtanna breise a laghdú agus a chéimniú amach

1.   Más rud é maidir le comhaontú idirnáisiúnta, arna thabhairt i gcrích nó arna chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE:

(a)

go bhforálfar ann maidir le laghdú nó laghduithe comhleanúnacha as a dtiocfadh céimniú amach dleachtanna allmhairiúcháin i gcás táirgí talmhaíochta próiseáilte; agus,

(b)

go leagfar amach ann na táirgí a bheidh incháilithe i gcomhair na laghduithe sin, cainníochtaí na n-earraí, luach aon chuótaí lena mbaineann na laghduithe, modh ríofa cainníochtaí nó luachanna den sórt sin nó, na fachtóirí lena gcinnfear an laghdú ar an gcomhpháirt talmhaíochta, ar na dleachtanna breise ar shiúcra agus ar phlúr agus ar an dleacht ad valorem,

féadfaidh an chomhpháirt talmhaíochta a bheith faoi réir an laghdaithe nó na laghduithe as a chéile as a leanfaidh céimniú amach, dá bhforáiltear i gcás dleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte.

Chun críche an Airteagail seo, féadfaidh an eilimint talmhaíochta amhail dá dtagraítear i bpointe B.1 de Chuid a hAon de Roinn I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus a leagtar síos i d Tábla 2 d’Iarscríbhinn I de Roinn 1 de Chuid a Trí d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin bheith san áireamh sa chomhpháirt talmhaíochta sin freisin.

2.   I gcás ina bhforáiltear i gcomhaontú idirnáisiúnta, arna thabhairt i gcrích nó arna chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, maidir le laghdú nó céimniú amach na gcomhpháirteanna talmhaíochta i ndáil leis na táirgí a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirfear comhpháirt talmhaíochta nach comhpháirt ad valorem talmhaíocht í in ionad na dleachta arb í an comhpháirt talmhaíochta í agus ar cuid den dleacht ad valorem í.

Airteagal 11

Cainníochtaí a úsáideadh iarbhír nó a mheastar a úsáideadh

1.   Déanfar laghdú nó céimniú amach comhpháirteanna talmhaíochta nó dleachtanna breise ar shiúcra nó ar phlúr i gcomhréir le hAirteagal 10(1) a chinneadh ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

cainníochtaí na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V agus a úsáideadh iarbhír nó a mheastar a úsáideadh chun an táirge talmhaíochta próiseáilte a mhonarú;

(b)

na dleachtanna is infheidhme maidir leis na táirgí talmhaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) agus a úsáidtear chun an chomhpháirt talmhaíochta laghdaithe agus dleachtanna breise ar shiúcra agus ar phlúr a ríomh i gcás socruithe trádála tosaíochta áirithe.

2.   Na táirgí talmhaíochta atá le meas mar tháirgí a úsáideadh chun an táirge talmhaíochta próiseáilte a mhonarú, roghnófar iad as na táirgí talmhaíochta sin a úsáideadh go hiarbhír chun an táirge talmhaíochta próiseáilte a mhonarú ar bhonn a dtábhachta sa trádáil idirnáisiúnta agus a ionadaí atá a leibhéal praghais ar leibhéal praghsanna na dtáirgí talmhaíochta eile ar fad a úsáideadh chun an táirge talmhaíochta próiseáilte a mhonarú.

3.   Na cainníochtaí de tháirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V agus a úsáideadh iarbhír, comhshófar iad go cainníochtaí coibhéiseacha de na táirgí talmhaíochta sonracha a mheastar a úsáideadh.

Airteagal 12

Cumhachtaí tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus sonrófar iontu:

(a)

liosta a bhunú de na táirgí talmhaíochta sin a liostaítear in Iarscríbhinn V a mheasfar a úsáideadh chun na táirgí talmhaíochta próiseáilte a mhonarú ar bhonn na gcritéar roghnúcháin a leagtar síos in Airteagal 11(2);

(b)

na cainníochtaí coibhéiseacha agus na rialacha a bhunú i gcomhair an chomhshó dá bhforáiltear in Airteagal 11(3);

(c)

na heilimintí a theastaíonn chun an chomhpháirt talmhaíochta laghdaithe agus na dleachtanna breise laghdaithe ar shiúcra agus ar phlúr a ríomh agus na modhanna a bhunú chun iad a ríomh;

(d)

na méideanna diomaibhseacha a socrófar na comhpháirteanna talmhaíochta laghdaithe agus na dleachtanna breise ar shiúcra agus ar phlúr ag nialas ina gcás.

Airteagal 13

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh bearta chun na comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun feidhme, ar comhaontuithe iad a thug an tAontas i gcrích nó a chuir sé i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le CFAE maidir le ríomh na ndleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte atá faoi réir laghdú i gcomhréir le hAirteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inár gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

na cainníochtaí socraithe de na táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(a) a mheastar a úsáideadh chun na táirgí talmhaíochta próiseáilte a mhonarú;

(b)

na cainníochtaí de na táirgí talmhaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 12(a) a mheastar a úsáideadh chun na táirgí talmhaíochta próiseáilte a mhonarú, i gcás gach comhdhéanaimh fhéideartha de na táirgí talmhaíochta próiseáilte sin nach féidir cainníochtaí socraithe de na táirgí talmhaíochta sonracha a bhunú ina dtaobh i gcomhréir le pointe (a) den fhomhír seo;

(c)

ceanglais dhoiciméadacha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, lena socrófar, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gcomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE agus na rialacha sin arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, leibhéal na dleachta allmhairiúcháin atá le cur i bhfeidhm.

Foroinn II

Cuótaí taraife agus cóir speisialta d’onnmhairithe ó thríú tíortha

Airteagal 14

Cuótaí Taraife a oscailt agus a bhainistiú

1.   Cuótaí taraife maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte agus na táirgí talmhaíochta dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1, chomh maith lena scaoileadh isteach i saorchúrsaíocht san Aontas, a thig ó chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích agus arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, déanfaidh an Coimisiún iad a oscailt agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

2.   Déanfar na cuótaí taraife dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú ar bhealach a sheachnóidh aon idirdhealú idir oibreoirí agus ina dtabharfar an t-ualú cuí do riachtanais soláthair mhargadh an Aontais agus an gá cothromaíocht an mhargaidh sin a chaomhnú.

3.   Déanfar na cuótaí taraife dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas, modh iomchuí eile, nó teaglaim d’aon cheann díobh a chur i bhfeidhm:

(a)

modh leithdháilte a bhunaítear ar an ord croineolaíoch ina gcuirfear iarratais isteach (an prionsabal “tús freastail ar an gceann is túisce”);

(b)

modh lena leithdháiltear cuótaí i gcomhréir leis na cainníochtaí a iarrtar sna hiarratais (“modh scrúdúcháin chomhuainigh”);

(c)

modh leithdháilte a bhunaítear ar phatrúin trádála traidisiúnta (“modh traidisiúnta/núíosach”).

Airteagal 15

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus sonrófar iontu:

(a)

na coinníollacha agus na ceanglais incháilíochta a cheanglaítear ar oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den chuóta taraife a leagtar amach i gcomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(b)

rialacha maidir le haistriú ceart idir oibreoirí agus, i gcás inar gá, na teorainneacha ar an aistriú sin laistigh de bhainistíocht an chuóta taraife a leagtar amach i gcomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(c)

na forálacha lena gcuirtear rannpháirtíocht sa chuóta taraife a leagtar amach i gcomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) faoi réir ceadúnas allmhairithe a thíolacadh agus urrús a thaisceadh;

(d)

na tréithe sonracha, ceanglais nó srianta a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcuóta taraife a leagtar amach sa chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena gceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin agus tar éis seiceálacha iomchuí a dhéanamh, doiciméad a eisiúint lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge na coinníollacha chun leas a bhaint as cóireáil speisialta maidir le hallmhairiú isteach i dtríú tír.

Airteagal 16

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na cuótaí taraife bliantúla, a mbeidh, más ga, céimnithe ar bhealach oiriúnach feadh na bliana, agus an modh riaracháin a bheidh le húsáid;

(b)

nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sonracha a leagtar síos sa chomhaontú idirnáisiúnta nó sa ghníomh dlí lena nglactar an réimeas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

ráthaíochtaí a chumhdaíonn cineál, foinse agus tionscnamh an táirge;

(ii)

aitheantas a thabhairt d’aon doiciméad a úsáidtear chun na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) a fhíorú;

(iii)

doiciméid a thíolacadh a eisíonn an tír is onnmhaireoir;

(iv)

ceann scríbe agus úsáid na dtáirgí;

(c)

tréimhse bhailíochta na gceadúnas allmhairiúcháin atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(c); agus méid an urrúis sin;

(d)

an nós imeachta maidir le hurrús a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(c);

(e)

úsáid ceadúnas allmhairiúcháin a bheidh le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(c) agus i gcás inar gá, bearta sonracha a bhaineann go háirithe leis na coinníollacha faoina gcuirfear isteach iarratais ar allmhairiú agus faoina ndeonófar údarú laistigh den chuóta taraife;

(f)

ceanglais dhoiciméadacha;

(g)

bearta riachtanacha maidir le hinneachar, foirm, eisiúint agus úsáid an doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear inAirteagal 44(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2) nó (3) a chur i bhfeidhm chun:

(a)

an próiseas a bhainistiú lena ráthaítear nach sárófar na cainníochtaí atá ar fáil laistigh de na cuótaí taraife, go háirithe trí chomhéifeacht leithdháilte a shocrú le haghaidh gach iarratais nuair a shroichtear na cainníochtaí atá ar fáil, trí dhiúltú d’iarratais ar feitheamh agus, i gcás inar gá sin, trí thíolacadh na n-iarratas a chur ar fionraí;

(b)

cainníochtaí nár úsáideadh den chuóta taraife a ath-leithdháileadh.

ROINN III

Bearta cosanta

Airteagal 17

Bearta cosanta

1.   Déanfaidh an Coimisiún faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar bearta cosanta i gcoinne allmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte isteach san Aontas. D’fhonn aonfhoirmeacht an chomhbheartais tráchtála a áirithiú, beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

2.   Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt in aon ghnímh dlí eile ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus in aon ghnímh dlí eile ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar bearta cosanta i gcoinne allmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte isteach san Aontas, ar bearta iad dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích nó a cuireadh i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

3.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a dhéanamh arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin.

I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát chun na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mir 1 agus i mír 2, nó sa dá cheann a ghlacadh, déanfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh a chinneadh ina leith laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

4.   Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe, i ndáil leis na bearta cosanta dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

5.   I gcás inar mian leis an gCoimisiún bearta cosanta a glacadh de bhun mhíreanna 1 go 4 a chúlghairm nó a leasú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme chuige sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le hAirteagal 44(2), ach amháin i gcás ina bhfuil mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, agus sa chás sin glacfar gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 44(3).

ROINN IV

Próiseáil isteach

Foroinn I

Próiseáil isteach gan scrúdú ar na coinníollacha eacamaíocha

Airteagal 18

Próiseáil isteach ar tháirgí talmhaíochta gan scrúdú ar na coinníollacha eacnamaíocha

1.   I gcásanna ina bhfaighfear earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I ó tháirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo faoi phróiseáil isteach, measfar go bhfuil na coinníollacha eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 117(c) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 comhlíonta má dhéantar deimhniú próiseála isteach a thíolacadh maidir leis na táirgí talmhaíochta sin.

2.   Eiseofar deimhnithe próiseála isteach le haghaidh táirgí talmhaíochta a úsáidtear chun na hearraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a mhonarú laistigh de na teorainneacha ó thaobh cainníochtaí arna gCinneadh ag an gCoimisiún.

Cinnfear na cainníochtaí sin trí theorainneacha éigeantacha buiséadacha le haghaidh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I agus na ceanglais a bhfuiltear ag súil leo ó thaobh caiteachais de i gcás aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, agus go háirithe, ag cur na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a)

méid na n-onnmhairí a bhfuiltear ag súil leo de na hearraí lena mbaineann nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I;

(b)

dálaí mhargadh an Aontais agus an mhargaidh dhomhanda maidir leis na buntáirgí ábhartha, más infheidhme;

(c)

fachtóirí eacnamaíocha agus rialála.

Déanfar athbhreithniú ar na cainníochtaí go tráthrialta chun forbairtí sna fachtóirí eacnamaíocha agus rialála a chur i gcuntas.

3.   Eiseoidh na Ballstáit na deimhnithe próiseála isteach dá dtagraítear i mír 1 d’aon iarratasóir ar dheimhniú atá bunaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta an iarratasóra sin.

Beidh deimhnithe próiseála isteach bailí ar fud an Aontais.

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus sonrófar iontu:

(a)

liosta de na táirgí talmhaíochta a liostaítear a úsáidtear chun earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a mhonarú, ar féidir deimhnithe próiseála isteach a eisiúint ina leith;

(b)

na cearta a eascraíonn ón deimhniú próiseála isteach agus na héifeachtaí dlíthiúla a bhaineann leis;

(c)

na cearta a eascraíonn ó dheimhnithe próiseála isteach a aistriú i measc oibreoirí;

(d)

na rialacha is gá le go mbeidh córas na ndeimhnithe próiseála isteach iontaofa agus éifeachtúil maidir le barántúlacht an deimhnithe, a aistriú nó na srianta ar a aistriú.

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cainníocht na dtáirgí talmhaíochta ar féidir deimhnithe próiseála isteach a eisiúint ina leith a chinneadh de bhun Airteagal 18(2);

(b)

formáid agus inneachar na n-iarratas ar dheimhnithe próiseála isteach;

(c)

formáid, inneachar agus tréimhse bailíochta na ndeimhnithe próiseála isteach;

(d)

na doiciméid is gá agus an nós imeachta maidir le hiarratais a thaisceadh agus maidir le deimhnithe próiseála isteach a eisiúint;

(e)

bainistiú na mBallstát ar na deimhnithe próiseála isteach;

(f)

na nósanna imeachta maidir le cúnamh riaracháin idir na Ballstáit;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

2.   I gcás ina ndéanfar iarratas ar chainníochtaí a sháraíonn iad siúd arna gcinneadh i gcomhréir le mír 1(a), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, teorainn a chur leis na cainníochtaí ar féidir deimhnithe próiseála isteach a eisiúint ina dtaobh, cainníochtaí a dhiúltú ar cuireadh iarratas isteach orthu i ndáil le deimhnithe próiseála isteach agus taisceadh iarratas ar dheimhnithe próiseála isteach don táirge lena mbaineann a chur ar fionraí.

Foroinn II

Socruithe próiseála isteach a chur ar fionraí

Airteagal 21

Socruithe próiseála isteach a chur ar fionraí i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine

1.   I gcás suaite i margadh an Aontais nó i gcás inar dóigh go mbeidh suaitheadh ann de thoradh socruithe próiseála isteach, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstáit nó ar a thionscnamh féin, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, úsáid na socruithe próiseála isteach a chur ar fionraí i bpáirt nó ina hiomláine, i gcás ubh albaimine agus lachtalbaimine. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát chun na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh déanfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh a chinneadh ina leith, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

2.   Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a bhaineann leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

CAIBIDIL III

ONNMHAIRIÚCHÁIN

ROINN I

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

Airteagal 22

Earraí agus táirgí incháilithe

1.   I gcás ina ndéanfar earraí nach earraí ó Iarscríbhinn I iad a onnmhairiú, beidh na hearraí talmhaíochta a liostaítear i bpointí (i), (ii), (iii), (v) agus (vii) d’Airteagal 196(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a úsáideadh chun na hearraí sin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a mhonarú, incháilithe le haghaidh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, de bhun Airteagal 196 den Rialachán sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus beidh feidhm ag Airteagal 196(1)(b), (2) (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

2.   Ní dhéanfar na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1 a dheonú i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

earraí allmhairiúcháin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a mheastar a bheith i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 29 CFAE agus a dhéantar a ath-onnmhairiú;

(b)

earraí allmhairiúcháin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a mheastar a bheith i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 29 CFAE agus a dhéantar a ath-onnmhairiú tar éis próiseála nó a ionchorpraítear in earraí eile nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I;

(c)

gránaigh, rís, bainne agus táirgí bainne nó uibheacha allmhairithe a mheastar a bheith i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 29 CFAE agus a dhéantar a onnmhairiú tar éis próiseála nó a ionchorpraítear in earraí eile nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I.

Airteagal 23

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a chinneadh

1.   Cinnfear na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 22, ag údaráis inniúla na mBallstát ar bhonn chomhdhéanamh na n-earraí onnmhairithe agus na rátaí aisíocaíochta onnmhairiúcháin a shocraítear le haghaidh gach buntáirge as a bhfuil na hearraí onnmhairithe comhdhéanta.

2.   Chun na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a chinneadh, déanfar táirgí a liostaítear i bpointí (i), (ii), (iii), (v) agus (vii) d’Airteagal 196(1) (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a asamhlú i mbuntáirgí nó i dtáirgí a dhíorthaíonn ó phróiseáil buntáirgí.

Airteagal 24

Rialacha cothrománacha agus rátaí aisíocaíochta onnmhairiúcháin

1.   Beidh feidhm ag na rialacha cothrománacha maidir le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair táirgí talmhaíochta a leagtar síos in Airteagal 199(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i leith earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I.

2.   Glacfar bearta i gcomhréir le hAirteagal 198 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 chun rátaí aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a shocrú i gcomhair na mbuntáirgí.

3.   Chun na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh, déanfar táirgí talmhaíochta a liostaítear i bpointí (i), (ii), (iii), (v) agus (vii) d’Airteagal 196(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a dhíorthaíonn ó bhuntáirgí nó a asamhlaíodh i mbuntáirgí nó i dtáirgí a dhíorthaíonn ó phróiseáil buntáirgí, i gcomhréir le hAirteagal 23(2), déanfar iad a thiontú ina mbuntáirgí.

Airteagal 25

Deimhnithe maidir le hearraí sonracha arb earraí iad nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn Ia onnmhairiú chuig cinn scríbe shonracha

I gcás ina gceanglófar amhlaidh i gcomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó arna chur i bhfeidhm go sealadach aige i gcomhréir le CFAE, eiseoidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, arna iarraidh sin don pháirtí lena mbaineann, deimhniú ina sonrófar ar íocadh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i ndáil le hearraí sonracha arb earraí iad nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I agus a onnmhairíodh chuig cinn scríbe shonracha.

Airteagal 26

Cumhachtaí tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus sonrófar iontu:

(a)

rialacha maidir le saintréithe na n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I atá le honnmhairiú agus sainiú agus saintréithe na dtáirgí talmhaíochta a úsáidtear chun iad a mhonarú;

(b)

rialacha maidir leis na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a chinneadh i gcomhair earraí a liostaítear a onnmhairítear tar éis iad a phróiseáil ina n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I.

(c)

rialacha maidir leis an bhfianaise is gá chun chomhdhéanamh na n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a onnmhairíodh a chruthú;

(d)

rialacha lena gceanglaítear dearbhú maidir le húsáid táirgí talmhaíochta allmhairithe áirithe;

(e)

rialacha maidir le hasamhlú na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear i bpointí (i), (ii), (iii), (v) agus (vii) d’Airteagal 196(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, maidir le buntáirgí agus maidir leis an gcainníocht tagartha a chinneadh i gcás gach ceann de na buntáirgí;

(f)

cur i bhfeidhm na rialacha cothrománacha maidir le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair táirgí talmhaíochta, arna nglacadh de bhun Airteagal 202 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i leith earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I.

Airteagal 27

Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na rátaí aisíocaíochtaí a chur i bhfeidhm i gcás ina gceanglófar saintréithe chomhpháirteanna na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo agus saintréithe na n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I sin a chur i gcuntas agus na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin á ríomh;

(b)

na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh dóibh seo a leanas:

(i)

buntáirgí;

(ii)

táirgí a dhíorthaíonn ó phróiseáil buntáirgí;

(iii)

táirgí a asamhlaítear sna táirgí dá dtagraítear i bpointe (i) nó i bpointe (ii);

(c)

asamhlú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) agus i bpointe (iii), a liostaítear i bpointí (i), (ii), (iii), (v) agus (vii) d’Airteagal 196(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, sna buntáirgí;

(d)

cainníocht tagartha a chinneadh do gach ceann de na buntáirgí atá mar bhunús le cinneadh na n-aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, bunaithe ar chainníocht an táirge a úsáidtear go hiarbhír chun na hearraí arna n-onnmhairiú a mhonarú nó ar bhonn seasta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(e)

iarratas ar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 25, na deimhnithe sin a eisiúint agus iad a bhainistiú;

(f)

cóireáil táirgí a théann ar ceal agus caillteanas cainníochta le linn an phróisis monaraíochta agus cóireáil fotháirgí;

(g)

na nósanna imeachta maidir le dearbhú agus an fianaise is gá chun chomhdhéanamh na n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a onnmhairíodh a chruthú, ar earraí iad is gá chun córas na n-aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a chur chun feidhme;

(h)

rialacha maidir leis an bhfianaise simplithe a bhfuil gá leis chun a chruthú gur baineadh an ceann scríbe amach i gcás aisíocaíochtaí a dhéantar a dhifreáil bunaithe ar an gceann scríbe;

(i)

cur i bhfeidhm na bhforálacha cothrománacha maidir le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair táirgí talmhaíochta, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i leith aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

ROINN II

Deimhnithe aisíocaíochta

Airteagal 28

Deimhnithe aisíocaíochta

1.   Deonófar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta atá ionchorpraithe in earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I i gcás ina gcuirfear isteach iarratas ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus ina dtíolacfar deimhniú aisíocaíochta, a bhí bailí tráth an onnmhairithe.

Beidh onnmhaireoirí beaga, lena n-áirítear sealbhóirí deimhnithe aisíocaíochta, a dhéanfaidh iarratas ar chainníochtaí teoranta d’aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, ar onnmhaireoirí iad atá róbheag chun bheith cumhdaithe le deimhnithe aisíocaíochta, cainníochtaí nach gcuirfidh comhlíonadh na srianta buiséadacha i mbaol, díolmhaithe ón deimhniú aisíocaíochta a thíolacadh. Ní bheidh na díolúintí sin níos mó ná méid foriomlán a leithdháilfear ar onnmhaireoirí beaga.

2.   Eiseoidh na Ballstáit deimhniú aisíocaíochta ar aon iarratasóir ar dheimhniú aisíocaíochta atá bunaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta an iarratasóra. Beidh na deimhnithe aisíocaíochta bailí ar fud an Aontais.

Airteagal 29

Na rátaí aisíocaíochtaí is infheidhme

1.   Is é an ráta aisíocaíochta a chuirfear i bhfeidhm an ráta is infheidhme an lá a ghlacfaidh na húdaráis chustaim leis an dearbhú onnmhairiúcháin le haghaidh na n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I ach amháin má tá iarratas déanta i gcomhréir le mír 2 chun an ráta aisíocaíochta a shocrú roimh ré.

2.   Féadfar iarratas ar an ráta aisíocaíochta a shocrú roimh ré a chur isteach tráth an iarratais ar dheimhniú aisíocaíochta, ar an lá a dheonófar an deimhniú aisíocaíochta nó tráth ar bith tar éis an lae sin ach roimh dheireadh thréimhse bailíochta an deimhnithe aisíocaíochta.

3.   Socrófar an ráta roimh ré ag an ráta is infheidhme ar lá an iarratais ar shocrú roimh ré. Beidh feidhm ag socrú roimh ré na rátaí aisíocaíochta a socraíodh roimh ré ón lá sin maidir le gach ráta aisíocaíochta atá cumhdaithe ag an deimhniú aisíocaíochta.

4.   Déanfar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a dheonú ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

na rátaí aisíocaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 do na buntáirgí a ionchorpraítear sna hearraí sin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I nuair nach bhfuil na rátaí aisíocaíochta socraithe roimh ré; nó

(b)

na rátaí aisíocaíochta na mbuntáirgí a ionchorpraítear sna hearraí sin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, ar rátaí iad a bheidh socraithe roimh ré i gcomhréir le mír 3.

Airteagal 30

Urrús i leith deimhnithe aisíocaíochta

1.   Eiseofar deimhnithe aisíocaíochta faoi réir urrús a chur isteach lena ráthófar go ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch iarratas ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a thaisceadh le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann i ndáil le honnmhairiú earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a dhéanfar laistigh de thréimhse bailíochta an deimhnithe aisíocaíochta.

2.   Forghéillfear an t-urrús ina iomláine nó i bpáirt mura ndearnadh iarratas ar an aisíocaíocht onnmhairiúcháin nó mura ndearnadh iarratas uirthi ach i bpáirt i ndáil le honnmhairiú a dhéanfar laistigh de thréimhse bailíochta an deimhnithe aisíocaíochta.

D’ainneoinn an chéad fhomhír, ní fhorghéillfear an t-urrús, áfach, más rud é:

(a)

nach ndearnadh na hearraí a onnmhairiú, nó nach ndearnadh iad a onnmhairiú ach i bpáirt, nó nach ndearnadh iarratas ar an aisíocaíocht onnmhairiúcháin nó nach ndearnadh iarratas uirthi ach i bpáirt de dheasca force majeure;

(b)

nó má tá méideanna na haisíocaíochta onnmhairiúcháin nach ndearnadh iarratas orthu laistigh den leibhéal lamháltais.

Airteagal 31

Cumhachtaí tarmligthe

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus sonrófar iontu:

(a)

rialacha maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthaíonn ón deimhniú aisíocaíochta, lena n-áirítear an ráthaíocht go ndéanfar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a íoc, ach na coinníollacha uile a bheith comhlíonta, agus an oibleagáid iarratas a dhéanamh ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair táirgí talmhaíochta a dhéantar a onnmhairiú tar éis iad a phróiseáil ina n-earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I;

(b)

na rialacha maidir le haistriú an cheadúnais nó maidir le srianta ar aistriú den sórt sin;

(c)

na cásanna agus na staideanna nach gceanglófar deimhniú aisíocaíochta a thíolacadh faoi Airteagal 28(1), ag cur i gcuntas críoch na hoibríochta, na cainníochtaí atá i gceist agus an chainníocht fhoriomlán is féidir a leithdháileadh ar onnmhaireoirí beaga;

(d)

na cásanna agus na staideanna ina n-éileofar nó nach n-éileofar, de mhaolú ar Airteagal 30, taisceadh urrúis;

(e)

rialacha maidir leis an lamháltais dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 30(2) ag féachaint don ghá srianta buiséadacha a chomhlíonadh.

Airteagal 32

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin gníomhartha cur chun feidhme, a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur isteach, formáid agus inneachar an iarratais ar an deimhniú aisíocaíochta;

(b)

formáid, inneachar agus tréimhse bailíochta an deimhnithe aisíocaíochta;

(c)

an nós imeachta maidir le hiarratais a thaisceadh chomh maithe leis an nós imeachta maidir le deimhnithe aisíocaíochta a eisiúint agus maidir lena n-úsáid;

(d)

an nós imeachta do thaisceadh urrúis agus méid an urrúis sin;

(e)

an leibhéal lamháltais dá dtagraítear i bpointe (b) den fomhír d’Airteagal 30(2) ag féachaint don ghá srianta buiséadacha a chomhlíonadh;

(f)

an modh lena chruthaítear gur comhlíonadh na hoibleagáidí a dhíorthaíonn ó dheimhnithe aisíocaíochta;

(g)

an chaoi a bpróiseálfaidh na Ballstáit na deimhnithe aisíocaíochta agus an malartú faisnéise is gá chun an córas a bhainistiú, lena n-áirítear na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcúnamh sonrach riaracháin idir na Ballstáit;

(h)

an méid foriomlán a leithdháiltear ar onnmhaireoirí beaga a shocrú agus an tairseach aonair a shocrú don díolúine ó dheimhnithe aisíocaíochta a thaispeáint i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 28(1);

(i)

deimhnithe aisíocaíochta ionadacha agus deimhnithe aisíocaíochta dúblacha a eisiúint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

2.   I gcás ina ndéanfar iarratas ar chainníochtaí a sháraíonn na méideanna atá ar fáil arna socrú ar bhonn na ngealltanas de thoradh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, teorainn a chur leis na cainníochtaí ar féidir deimhnithe aisíocaíochta a eisiúint ina dtaobh, diúltú do chainníochtaí ar cuireadh iarratas isteach orthu i ndáil le deimhnithe aisíocaíochta agus taisceadh iarratas ar dheimhnithe aisíocaíochta a chur ar fionraí.

ROINN III

Bearta eile maidir le honnmhairí

Airteagal 33

Bearta eile maidir le honnmhairí

1.   Más rud é, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go nglacfar bearta maidir le táirge talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn III i bhfoirm tobhach nó muirear agus gur dócha go gcuirfí bac ar chuspóir na mbeart sin a bhaint amach dá ndéanfaí earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I ina bhfuil méid mór den táirge talmhaíochta sin a onnmhairiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 den Rialachán seo i ndáil le bearta coibhéiseacha maidir leis na hearraí sin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, ar choinníoll go gcomhlíonann na gníomhartha tarmligthe sin aon oibleagáidí a thig ó chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach amháin más dealraitheach gur neamhleor iad aon bhearta eile atá ar fáil faoi láthair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás ina n-éileoidh mórchúiseanna práinne é, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 43 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.

Féadfar a áireamh ar na forais fhíorphráinne sin an gá le gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh margaidh nó chun é a chosc, i gcás ina dtarlóidh na bagairtí suaite margaidh chomh sciobtha sin nó gan choinne i dtreo is nach mbeadh éifeacht ach amháin le gníomhú grod chun na dálaí sin a láimhseáil ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, nó sa chás ina bhféadfaí bagairtí suaite margaidh den sórt sin a chosc ó tharlú, ó leanúint ar aghaidh nó ó bheith ina ngéarchéim níos tromchúisí nó níos fadtréimhsí, nó i gcás, toisc gníomhú láithreach a mhoilliú, go ndéanfaí an suaitheadh a tharraingt nó a ghéarú nó go gcaithfí raon na mbeart a mbeadh gá leo níos déanaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ar an suaitheadh a mhéadú nó i gcás go mbeadh táirgeadh nó dálaí margaidh thíos leis an moill sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na nósanna imeachta agus na critéir theicniúla is gá a ghlacadh chun mír 1 a chur i bhfeidhm.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

CAIBIDIL IV

BEARTA A BHFUIL FEIDHM ACU LE hALLMHAIRITHEAGUS LE hONNMHAIRITHE ARAON

Airteagal 34

Fritháireamh díreach i dtrádáil tosaíochta

1.   I gcás ina ndéanfar foráil chuige sin le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích nó arna chur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, féadfar méid a bhunófar ar bhonn na difríochta idir praghsanna talmhaíochta san Aontas agus praghsanna sa tír nó sa réigiún lena mbaineann an comhaontú, nó méid lena ndéanfar praghas a bunaíodh go comhpháirteach don tír nó don réigiún lena mbaineann a fhritháireamh, a chur in ionad na dleachta is infheidhme ar allmhairiú táirgí talmhaíochta.

Sa chás sin, cinnfear na méideanna is iníoctha ar onnmhairí an tír n an réigiún lena mbaineann, go comhpháirteach agus ar an mbonn céanna leis an gcomhpháirt talmhaíochta den dleacht allmhairiúcháin faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an dleacht is infheidhme dá dtagraítear i mír 1 agus na méideanna gaolmhara is iníoctha ar onnmhairí chuig an tír nó chuig an réigiún lena mbaineann a shocrú;

(b)

a áirithiú nach ndéanfar táirgí talmhaíochta próiseáilte atá dearbhaithe le haghaidh a n-onnmhairithe faoi chomhaontú trádála tosaíochta a onnmhairiú iarbhír faoi chomhaontú neamhthosaíochta ná vice versa.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 35

Modhanna anailíse

1.   Chun críocha na socruithe trádála faoin Rialachán seo, i gcás ina n-éileofar é sin leis na táirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn 1, cinnfear tréithe agus comhdhéanamh na dtáirgí agus na n-earraí sin trí anailís a dhéanamh ar na heilimintí as a bhfuil siad comhdhéanta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na táirgí agus na hearraí dá dtagraítear i mír 1, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

a modhanna chun anailís cháilíochtúil agus chainníochtúil a dhéanamh;

(b)

na forálacha teicniúla atá riachtanach lena sainaithint;

(c)

na nósanna imeachta chun a n-aicmithe AC.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 36

Oiriúnú an Rialacháin seo

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 maidir leis na nithe seo:

(a)

na hoiriúnuithe ar Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V lena n-áirítear táirgí talmhaíochta próiseáilte agus earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a scriosadh agus táirgí talmhaíochta próiseáilte nua agus earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag an Aontas i gcomhréir le CFAE;

(b)

na hoiriúnuithe ar Airteagal 2(i) go (l), ar Airteagal 25 agus ar Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V do leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

Airteagal 37

Malartú faisnéise

1.   I gcás inar gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, soláthróidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

(a)

allmhairiú táirgí talmhaíochta próiseáilte;

(b)

onnmhairiú earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I;

(c)

iarratais ar eisiúint agus ar úsáid deimhnithe próiseála isteach i gcomhair táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18;

(d)

iarratais a cuireadh isteach ar na deimhnithe aisíocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28(1) agus eisiúint agus úsáid na ndeimhnithe sin;

(e)

íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí i leith aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhair na n-earraí sin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I agus dá dtagraítear in Airteagal 22(1);

(f)

bearta riaracháin cur chun feidhme arna nglacadh;

(g)

faisnéis ábhartha eile.

I gcás ina ndéanfar iarratas ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i mBallstát eile seachas an Ballstát inar táirgeadh na hearraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, déanfar faisnéis faoi tháirgeadh agus faoi chomhdhéanamh na n-earraí sin nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I dá dtagraítear i bpointe (e), a thabhairt i bhfógra don Bhallstát eile sin arna iarraidh sin dó.

2.   Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sheoltar chuige i gcomhréir le mír 1, pointe (a) go pointe (g) a chur ar aghaidh chuig gach Ballstát.

3.   D’fhonn sláine na gcóras faisnéise a áirithiú agus barántúlacht agus inléiteacht na ndoiciméad agus na sonraí comhlachaithe a bheidh tarchurtha a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena suífear an méid seo a leanas:

(a)

nádúr agus cineál na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh i gcomhréir le mír 1;

(b)

na catagóirí sonraí a bheidh le próiseáil, na huastréimhsí coinneála agus an chúis próiseála, go háirithe i gcás sonraí den sórt sin a fhoilsiú mar aon leis na sonraí sin a aistriú go tríú tíortha;

(c)

na cearta rochtana ar fhaisnéis nó ar chórais faisnéise a chuirtear ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghairmiúil;

(d)

na coinníollacha ar faoina réir a fhoilsítear an fhaisnéis.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na modhanna cumarsáide;

(b)

na sonraí maidir leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh;

(c)

socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh, agus maidir le hábhar, foirm, uainiú, minicíocht agus sprioc-amanna na bhfógraí;

(d)

na socruithe chun faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an Chomhairle, chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, chuig údaráis inniúla triú tíortha nó chuig an bpobal, nó an fhaisnéis agus na doiciméid sin a chur ar fáil dóibh, agus cosaint sonraí pearsanta agus leasa dhlisteanaigh gnóthas a rúin ghnó a chosaint á ráthú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 38

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.   Baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 37(1) agus ní dhéanfaidh siad na sonraí sin a phróiseáil ar aon bhealach a rachaidh thar na críocha sin.

2.   I gcas ina bpróiseálfar sonraí pearsanta chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 37(1), cuirfear i bhfoirm dhíthainmneach iad agus is i bhfoirm chomhiomlánaithe agus san fhoirm sin amháin a phróiseálfar iad.

3.   Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha Threoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Go háirithe, ní stórálfar na sonraí sin i bhfoirm lena mbeifear in ann ábhair shonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar tuilleadh iad agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm leo á gcur i gcuntas.

4.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios do na hábhair shonraí go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais a sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin go dtugtar urraim leo do na cearta a leagtar amach sna rialacha maidir le sonraí a chosaint de Threoir 95/46/CE agus de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faoi seach.

Airteagal 39

Méideanna diomaibhseacha

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 ina bhfuil foráil maidir leis na tairseacha faoinar féidir leis na Ballstáit gan méideanna atá le gearradh nó le deonú de bhun Airteagail 3, 5, 10, 22 agus 34 a chur i bhfeidhm faoi bhun na dtairseach sin. Socrófar an tairseach ar leibhéal faoina mbeadh na costais riaracháin a bheadh i gceist chun na méideanna a chur i bhfeidhm díréireach i gcomparáid leis na méideanna a ghearrfaí nó a dheonófaí.

Airteagal 40

Urrúis, seiceálacha, fíorú, grinnscrúdú agus pionóis

1.   Nuair is ábhartha, beidh feidhm ag na rialacha cothrománacha maidir le hurrúis, seiceálacha, fíorú, grinnscrúdú agus pionóis agus maidir le húsáid an EURO a leagtar síos in Airteagal 58 go hAirteagal 66, in Airteagal 79 go hAirteagal 88 agus in Airteagal 105 go hAirteagal 108 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ag gníomhartha dlí a ghlactar ar an mbonn sin mutatis mutandis maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus maidir le cuótaí taraife le haghaidh táirgí talmhaíochta próiseáilte agus le haghaidh aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus le haghaidh deimhnithe aisíocaíochta nach liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 maidir leis na rialacha lena n-oiriúnófar, mar is gá, na forálacha a ghlactar ar bhonn na nAirteagal dá dtagraítear i mír 1 chun críche an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a ghlactar ar bhonn na nAirteagal dá dtagraítear i mír 1 chun críche an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(2).

Airteagal 41

Oibleagáidí idirnáisiúnta agus na caighdeáin is infheidhme

Nuair a bheidh gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige, breithneoidh an Coimisiún oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus caighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus leasa ainmhithe is infheidhme an Aontais, an gá le faireachán a dhéanamh ar éabhlóid na trádála agus ar na forbairtí sa mhargadh, an gá le bainistiú fónta an mhargaidh agus an gá leis an ualach riaracháin a laghdú.

CAIBIDIL V

TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 42

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15, 19, 26, 31, Airteagal 33(1), Airteagal 36, Airteagal 37(3), Airteagal 39 agus Airteagal 40(2) a ghlacadh ar feadh tréimhse seacht mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15, 19, 26, 31, Airteagal 33(1), Airteagal 36, Airteagal 37(3), Airteagal 39 agus Airteagal 40(2) a chúlghairm am ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagail 8, 12, 15, 19, 26, 31, Airteagal 33(1), Airteagal 36, Airteagal 37(3), Airteagal 39 agus Airteagal 40(2) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 43

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid ina gcoinne i gcomhréir le mír 2. Sonrófar san fhógra a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin Airteagal seo na cúiseanna ar baineadh úsáid as an nós imeachta práinne.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe arna ghlacadh faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(5). Sa chás sin, aisghairfidh an Coimisiún an gníomh gan mhoill tar éis fógra a fháil ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle go bhfuil cinneadh déanta acu agóid a dhéanamh.

Airteagal 44

An nós imeachta coiste

1.   Chun críocha Airteagal 13, Airteagal 17(1), (2), (4) agus (5) Airteagal 20(1), Airteagal 27, Airteagal 32(1), Airteagal 33(2), Airteagal 34(2) agus Airteagal 37(4) agus, maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte seachas ubh-albaimin agus lachtalbaimin, chun críocha Airteagal 5(1) agus (5) agus Airteagal 16(1) agus, maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus cuótaí taraife do tháirgí talmhaíochta próiseáilte seachas ubh-albaimin agus lachtalbaimin agus aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus teastais aisíocaíochta d’earraí nach bhfuil in Iarscríbhinn 1, chun críche Airteagal 40(3) beidh de chúnamh ag an gCoimisiún coiste ar a nglaofar an Coiste maidir le ceisteanna cothrománacha a bhaineann le trádáil i dtáirgí talmhaíochta próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

Chun críocha Airteagal 9(1) agus Airteagal 21(1) agus (2), maidir le hubh-albaimin agus lachtalbaimin, chun críocha Airteagal 5(1) agus (5) agus Airteagal 16(1) maidir le ceadúnais allmhairiúcháin agus cuótaí taraife d’ubh-albaimin agus do lachtalbaimin chun críche Airteagal 40(3), beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh faoi Airteagal 229(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

Chun críocha Airteagal 35(2), beidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhréir le hAirteagal 5 de.

4.   I gcás ina mbeidh an tuairim ón gcoiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 46

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 90.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe a thig ó tháirgí talmhaíochta a phróiseáil (IO L 328, 15.12.2009 lch. 10).

(4)  ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir leis an gcomhchóras trádála le haghaidh ubh-albaimine agus lachtalbaimine (IO L 181, 14.7.2009, lch. 8).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012,lch. 1).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gComhairle an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 346, 20.12.2013, p. 12).

(12)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhthairif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(13)  Treoir 95/46/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 578/2010 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2010 maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle maidir leis an gcóras lena dtugtar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin do tháirgí talmhaíochta áirithe a onnmhairítear i bhfoirm earraí nach bhfuil cumhdaithe ag Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, agus na critéir maidir le méid aisíocaíochtaí den sórt sin a shocrú (IO L 171, 6.7.2010, lch. 1).

(20)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos na forálacha le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear an Cód Custaim Comhphobail. (IO L 253, 11.10.1993, lch. 88).


IARSCRÍBHINN I

Tairgí talmhaíochta próiseáilte dá dtagraítear in Airteagal 2(b)

Tábla 1

Táirgí talmhaíochta próiseáilte a bhfuil a ndleacht allmhairiúcháin comhdhéanta de dhleacht ad valorem agus de chomhpháirt talmhaíochta nach cuid den dleacht ad valorem í, dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

Cód AC

Tuairisc

ex 0403

Bláthach, bainne agus uachtar gruthach, iógart, ceifir agus bainne agus uachtar eile atá coipthe nó aigéadaithe, cibé acu atá siad nó nach bhfuil siad comhdhlúite nó atá nó nach bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile nó blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leis:

0403 10 51 go 0403 10 99

Iógart, é blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leis

0403 90 71 go 0403 90 99

Eile, é blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leis

0405 20 10 agus 0405 20 30

Leatháin déiríochta ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, 39 % nó níos mó, ach nach mó ná 75 %

0710 40 00

Grán milis (gan chócaráil nó cócaráilte le gal nó bruite in uisce), é reoite

0711 90 30

Grán milis atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir é a ithe go díreach sa staid sin

ex 1517

Margairín; cumaisc nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla a luaitear i gCaibidil 15, seachas saillte nó olaí inite nó a gcodáin a luaitear faoi cheannteideal 1516 :

1517 10 10

Margairín, seachas margairín leachtach, ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % de shaillte bainne

1517 90 10

Eile, ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % de shaillte bainne

1702 50 00

Fruchtós íon ó thaobh ceimice de

ex 1704

Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó ann, seachas úsc liocrais ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % de shiúcrós ach nach bhfuil substaintí eile curtha leis, a thagann faoi chód AC 1704 90 10

1806

Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

Ex19 01

Eastóscán braiche; ullmhóidí bia de phlúr, piocuaran, min, stáirse nó eastóscán braiche, nach bhfuil cócó ann nó ina bhfuil níos lú ná 40 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile; ullmhóidí bia d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 5 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, seachas ullmhóidí le cód AC 1901 90 91

ex 1902

Pasta, bíodh sé cócaráilte nó stuáilte (le feoil nó le substaintí eile), nó ullmhaithe ar bhealaí eile, amhail spaigití, macarón, núdail, lasáinne, gnocchi, ravioli, cannelloni; cúscús, bíodh sé ullmhaithe nó ná bíodh, seachas pasta stuáilte a thagann faoi chód AC 1902 20 10 agus faoi chód AC 1902 20 30

1903 00 00

Taipióca agus ionadaigh déanta as stáirse ina ionad, i bhfoirm calóg, gráinní, péarlaí, fuíoll criathair nó foirmeacha comhchosúla.

1904

Bianna ullmhaithe a fhaightear trí shéideadh nó trí róstadh gránach nó táirgí gránach (calóga arbhair, mar shampla); gránaigh (seachas arbhar Indiach (arbhar)) i bhfoirm gránach nó i bhfoirm calóg nó gránach oibrithe eile (seachas plúr, piocuaran agus min), réamhchócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

1905

Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéara, cibé acu atá cócó iontu nó nach bhfuil; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá feiliúnach d’úsáid chógaisíochta, brioscóga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla

2001 90 30

Grán milis (Zea mays var. saccharata) ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

2001 90 40

Ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

2004 10 91

Prátaí i bhfoirm plúir, mine nó calóg, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006

2004 90 10

Grán milis (Zea mays var. saccharata) ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi theideal 2006

2005 20 10

Prátaí i bhfoirm plúir, mine nó calóg, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006

2005 80 00

Grán milis (Zea mays var. saccharata) ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteac, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi theideal 2006

2008 99 85

Arbhar Indiach (arbhar), seachas grán milis (Zea mays var. saccharata), ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, nach bhfuil biotáille ná siúcra curtha leo

2008 99 91

Ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí, a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, nach bhfuil biotáille ná siúcra curtha leo

2101 12 98

Ullmhóidí de bhunús caife

2101 20 98

Ullmhóidí de bhunús tae nó maité

2101 30 19

Ionadaigh chaife rósta eile seachas siocaire rósta

2101 30 99

Eastóscanna, úscraí agus tiúchain ionadaigh chaife rósta seachas iad siúd ó shiocaire rósta

2102 10 31 agus 2102 10 39

Giosta aráin, triomaithe nó gan a bheith

2105 00

Uachtar reoite agus oighear inite eile, cibé acu atá cócó ann nó nach bhfuil

ex 2106

Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, seachas iad siúd a thagann faoi chóid AC 2106 10 20 , 2106 90 20 agus 2106 90 92 , agus seachas síoróipí siúcra blaistithe nó daite

2202 90 91 , 2202 90 95 agus 2202 90 99

Deochanna neamhalcólacha eile, seachas sú torthaí nó glasraí faoi cheannteideal 2009, ina bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 nó saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404

2905 43 00

Mainníotól

2905 44

D-glúicíotól (soirbíotól)

3302 10 29

Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin (lena n-áirítear tuaslagáin alcóil) de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, agus ullmhóidí eile de bhunús substaintí cumhra, de chineál a úsáidtear i dtionscail na ndeochanna, ina bhfuil gach gníomhaire blaistithe atá ina shaintréith de dheoch, le neart alcóil iarbhír de réir toirte nach mó ná 0.5 % é, seachas iad siúd a thagann faoi chód AC 3302 10 21

3501

Cáiséiní, cáiséanáití agus díorthaigh cháiséine eile; gliúnna cáiséine

ex 3505 10

Deistriní nó stáirsí modhnaithe eile, seachas stáirsí eistearaithe nó éitearaithe a thagann faoi chód AC 3505 10 50

3505 20

Gliúnna bunaithe ar stáirsí, nó ar dheistriní nó stáirsí modhnaithe eile

3809 10

Gníomhaithe bailchríche, iompróirí ruaime chun dlús a chur le ruaimniú nó chun ábhar ruaimnithe a fhosú agus táirgí agus ullmhóidí eile (mar shampla, treiscíní agus buanaitheoirí), de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle, páipéir, leathair nó i dtionscail chomhchosúla, de bhunús substaintí amaláiseacha, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

3824 60

Soirbíotól seachas é sin faoi fho-cheannteideal 2905 44


Tábla 2

Táirgí talmhaíochta próiseáilte a bhfuil a ndleacht onnmhairiúcháin comhdhéanta de dhleacht ad valorem lena n-áirítear comhpháirt talmhaíochta nó de dhleacht shonrach, dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

Cód AC

Tuairisc

ex 0505

Craicne agus codanna eile d’éin, lena gcleiteacha nó lena gclúmh mín, cleiteacha agus codanna de chleiteacha (bearrtha nó gan bheith) agus clúmh mín, nach ndéantar obair bhreise orthu seachas glanadh, dífhabhtú nó cóiriú lena gcaomhnú; púdar agus dramhaíl ó chleiteacha nó codanna de chleiteacha:

0505 10 90

Cleiteacha den chineál a úsáidtear le stuáil agus mar chlúmh mín, seachas cinn amha

0505 90 00

Eile

0511 99 39

Múscáin nádúrtha de bhunadh ainmhíoch, seachas cinn amha

ex 1212 29 00

Feamainn agus algaí eile, úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, cibé acu atá sé meilte nó nach bhfuil, mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, seachas iad siúd a úsáidtear sa chógaisíocht

ex 1302

Súnna glasraí agus úisc ghlasraí; substaintí peicteacha, peicteanáití agus peicteáití; agar-agar agus gumalachtaí agus tiúsóirí eile, bídís nó ná bídís modhnaithe, arna ndíorthú ó tháirgí glasra:

1302 12 00

Súnna glasraí agus úisc liocrais

1302 13 00

Súnna glasraí agus úisc leannlusanna

1302 19 20 agus 1302 19 70

Súnna glasraí agus úisc ghlasraí seachas súnna agus úisc liocrais agus leannlusanna, oiléaroisín fanaile agus óipiam

ex 1302 20

Peicteáití

1302 31 00

Agar-agar, modhnaithe nó gan a bheith

1302 32 10

Gumalachtaí agus tiúsóirí eile, modhnaithe nó gan a bheith, arna ndíorthú ó phónairí lócaiste nó ó shíolta pónaire lócaiste

1505 00

Sail chaorach agus substaintí sailleacha arna ndíorthu uaithi (úsc olla san áireamh)

1506 00 00

Saillte agus olaí ainmhíocha eile agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bíodh, ach gan iad a bheith modhnaithe go ceimiceach

ex 1515 90 11

Ola hahóba agus a codáin, bídís scagtha nó ná bíodh, ach gan iad a bheith modhnaithe go ceimiceach

1516 20 10

Ola ricne hidriginithe, nó ‘céir ópalach’ mar a thugtar air

1517 90 93

Cumaisc nó ullmhóidí inite de chineál a úsáidtear mar ullmhóidí scaoilte múnla

ex 1518 00

Saillte nó olaí ainmhíocha nó plandúla agus a gcodáin, iad beirithe, ocsaídithe, díhiodráitithe, sulfartha, séidte, polaiméirithe le teas i bhfolús nó i dtriathghás, nó cinn a bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu ar shlí eile, seachas na holaí faoi cheannteideal 1516 ; cumaisc nó ullmhóidí do-ite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla a luaitear i gcaibidil 15, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile; seachas na holaí faoi chóid AC 1518 00 31 agus 1518 00 39

1520 00 00

Gliocról, é amh; uiscí gliocróil agus buac ghliocróil

1521

Céaracha glasraí (seachas tríghlicrídí), céir bheach, céaracha feithidí eile agus spermaceti, bídís scagtha nó daite nó ná bíodh

1522 00 10

Déigreas

1702 90 10

Maltós íon ó thaobh ceimice

1704 90 10

Úsc liocrais ina bhfuil níos mó ná 10 % de shiúcrós de réir meáchain ach nach bhfuil substaintí eile curtha leis

1803

Leafaos cócó, bíodh sé díshaillte nó ná bíodh

1804 00 00

Im cócó, saill chócó agus ola chócó

1805 00 00

Púdar cócó nach bhfuil siúcra ná substaint eile mhilsiúcháin ann

ex 1901

Eastóscán braiche; ullmhóidí bia de phlúr, piocuaran, min, stáirse nó eastóscán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 40 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile; ullmhóidí bia d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 5 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

1901 90 91

Ullmhóidí eile gan aon saillte bainne, siúcrós, iseaglúcós, glúcós ná stáirse nó le cion is lú ná 1.5 % de shaill bhainne, 5 % de shiúcrós (lena n-áirítear siúcra inbhéartaithe) nó d’iseaglúcós, 5 % de ghlúcós nó de stáirse, seachas ullmhóidí bia i bhfoirm púdair d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404

ex 2001 90 92

Croíthe pailme, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

ex 2008

Torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó nach bhfuil, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

2008 11 10

Im piseanna talún

2008 91 00

Croíthe pailme

ex 2101

Úisc, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité, agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin; siocaire rósta agus úisc, úscraí agus tiúchain de, seachas na hullmhóidí a thagann faoi chóid AC 2101 12 98 , 2101 20 98 , 2101 30 19 agus 2101 30 99

ex 2102 10

Giostaí gníomhacha:

2102 10 10

Saothrán giosta

2102 10 90

Eile, seachas giosta aráin

2102 20

Giostaí neamhghníomhacha: miocrorgánaigh eile aoncheallacha, marbh

2102 30 00

Púdair ullmhaithe bácála

2103

Anlainn agus ullmhóidí déanta astu; tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha; plúr mustaird agus min mhustaird agus mustard ullmhaithe

2104

Anraithí agus bratanna agus ullmhóidí déanta astu; ullmhóidí cumaisc homaiginithe bia

ex 2106

Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

ex 2106 10

Tiúchain phróitéine agus substaintí próitéine uigí:

2106 10 20

Nach bhfuil aon saillte bainne, siúcrós, iseaglúcós, glúcós nó stáirse iontu nó ina bhfuil, de réir meáchain, níos lú ná 1.5 % de shaill bhainne, 5 % de shiúcrós nó iseaglúcós, 5 % de ghlúcós nó stáirse

ex 2106 90

Eile:

2106 90 20

Ullmhóidí alcólacha cumaisc, seachas iad siúd de bhunús substaintí cumhra, de chineál a úsáidtear i monarú deochanna

2106 90 92

Ullmhóidí eile nach bhfuil aon saillte bainne, siúcrós, iseaglúcós, glúcós nó stáirse iontu nó ina bhfuil, de réir meáchain, níos lú ná 1.5 % de shaill bhainne, 5 % de shiúcrós nó iseaglúcós, 5 % de ghlúcós nó stáirse

2201 10

Uiscí mianraí nádúrtha nó saorga agus uiscí aeraithe, nach bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo ná nach bhfuil blaistithe

2202 10 00

Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe

2202 90 10

Deochanna neamhalcólacha eile, seachas súnna torthaí nó glasraí faoi cheannteideal 2009, nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404

2203 00

Beoir déanta as braich

2205

Fíon mormónta agus fíon eile ó fhíonchaora úra a bhfuil substaintí aramatacha nó plandaí curtha leo mar bhlaistiú

ex 2207

Alcól eitile gan dínádúrú ina bhfuil neart alcóil de réir toirte atá 80 % de réir toirte nó níos mó; agus alcól eitile agus biotáillí eile, dínádúraithe, de neart ar bith seachas cinn a fhaightear ó na táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh

ex 2208

Alcól eitile gan dínádúrú le neart alcóil de réir toirte níos lú ná 80 % de réir toirte, seachas cinn a fhaightear ó na táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh; biotáillí, licéir agus deochanna alcólacha eile

2402

Todóga, seiriúit, cigarillos agus toitíní, de thobac nó d’ionadáin tobac

2403

Tobac monaraithe agus ionadáin tobac monaraithe eile; tobac “homaiginithe” nó “athdhéanta”; eastóscáin agus úscraí tobac

3301 90

Oiléaroisíní úsctha; tiúcháin bhlátholaí i saillte, in olaí buana, i gcéaracha nó a leithéidí, a fuarthas trí ionbhláthú nó maothú; fotháirgí teirpéineacha í dhítheirpéiniú blátholaí; driogáití uiscí agus tuaslagáin uiscí blátholaí

ex 3302

Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin (lena n-áirítear tuaslagáin alcóil) de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear mar amhábhair i dtionscal; ullmhóidí eile de bhunús substaintí cumhra, de chineál a úsáidtear i monarú deochanna:

3302 10 10

Ullmhóidí de chineál a úsáidtear i dtionscail na ndeochanna ina bhfuil gach gníomhaire blaistithe atá ina shaintréith de dheoch agus neart alcóil iarbhír de réir toirte níos mó ná 0.5 %

3302 10 21

Ullmhóidí de chineál a úsáidtear i dtionscail na ndeochanna ina bhfuil gach gníomhaire blaistithe atá ina shaintréith de dheoch agus neart alcóil iarbhír de réir toirte nach bhfuil níos mó ná 0.5 %, nach bhfuil aon saillte bainne, siúcrós, iseaglúcós, glúcós nó stáirse iontu nó ina bhfuil, de réir meáchain, níos lú ná 1,5 % de shaill bhainne, 5 % de shiúcrós nó iseaglúcós, 5 % de ghlúcós nó stáirse

Ex35 02

Albaimín, (lena n-áirítear tiúchain de dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil níos mó ná 80 % de phróitéiní meidhg ann de réir meáchain, arna ríomh ar an ábhar tirim), albaimínáit agus díorthaigh albaimín eile:

Albaimin uibhe:

ex 3502 11

Triomaithe:

3502 11 90

Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine

ex 3502 19

Eile:

3502 19 90

Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine

ex 3502 20

Albaimín bainne, lena n-áirítear tiúcháin de dhá phróitéin mheidhg nó níos mó:

3502 20 91 agus 3502 20 99

Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine, cibé acu atá sé triomaithe nó nach bhfuil (mar shampla, i mbileoga, i scálaí, i gcalóga, i bpúdar)

3823

Aigéid shailleacha thionsclaíocha aoncharbocsaileacha; olaí aigéid ó athscagadh; alcóil thionsclaíocha shailleacha


IARSCRÍBHINN II

Táirgí talmhaíochta, arna núsáid i monarú earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, atá i dteideal aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 22(1)

Cód AC

Tuairisc ar earraí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I

Táirgí talmhaíochta a bhféadfar aisíocaíocht onnmhairiúcháin a dhéanamh ina leith

A: Cinntear an chainníocht tagartha ar bhonn chainníocht an táirge arna húsáid iarbhír chun na hearraí arna nonnmhairiú a mhonarú (fomhír (d) d’Airteagal 27)

B: An chainníocht tagartha arna cinneadh ar bhonn seasta (fomhír (d) d’Airteagal 27)

Gránaigh (1)

Rís (2)

Uibheacha (3)

Siúcra, molás nó iseaglúcós (4)

Táirgí bainne (5)

1

2

3

4

5

6

7

ex 0403

Bláthach, bainne agus uachtar gruthach, iógart, ceifir agus bainne agus uachtar eile atá coipthe nó aigéadaithe, cibé acu atá siad nó nach bhfuil siad comhdhlúite nó atá nó nach bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile nó blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leis:

 

 

 

 

 

ex 0403 10

– Iógart

 

 

 

 

 

0403 10 51 go 0403 10 99

– – Blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leis:

– – – Blaistithe

– – – eile:

A

A

A

A

 

 

– – – – Torthaí agus/nó cnónna curtha leis

A

A

 

A

 

 

– – – – Cócó curtha leis

A

A

A

A

 

ex 0403 90

– Eile:

 

 

 

 

 

0403 90 71 go 0403 90 99

– – Blaistithe nó torthaí agus/nó cnónna nó cócó curtha leis:

– – – Blaistithe

– – – Eile:

A

A

A

A

 

 

– – – – Torthaí agus/nó cnónna curtha leis

A

A

 

A

 

 

– – – – Cócó curtha leis

A

A

A

A

 

ex 0405

Im agus saill agus olaí eile arna ndíorthú ó bhainne; leatháin déiríochta:

 

 

 

 

 

ex 0405 20

– Leatháin déiríochta:

 

 

 

 

 

0405 20 10

– – Ina bhfuil cion saille 39 % nó níos mó, de réir meáchain, ach níos lú ná 60 %

 

 

 

 

A

0405 20 30

– – Ina bhfuil cion saille 60 % nó níos mó, de réir meáchain, ach nach mó ná 75 % A

 

 

 

 

A

ex 0710

Glasraí (gan chócaráil nó cócaráilte le gal nó bruite in uisce), iad reoite:

 

 

 

 

 

 

– Grán Milis:

 

 

 

 

 

0710 40 00

– – I bhfoirm déise

A

 

 

A

 

 

– – I bhfoirm gráinní

B

 

 

A

 

ex 0711

Glasraí atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe go díreach sa staid sin:

 

 

 

 

 

 

– – – Grán Milis:

 

 

 

 

 

0711 90 30

– – – – I bhfoirm déise

A

 

 

A

 

 

– – – – I bhfoirm gráinní

B

 

 

A

 

ex 1517

Margairín; cumaisc nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla a luaitear i gcaibidil 15, seachas saillte nó olaí inite nó a gcodáin a luaitear faoi cheannteideal 1516 :

 

 

 

 

 

ex 1517 10

– Margairín, seachas margairín leachta:

 

 

 

 

 

1517 10 10

– – Ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % de shaillte bainne

 

 

 

 

A

ex 1517 90

– Eile:

 

 

 

 

 

1517 90 10

– – Ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % de shaillte bainne

 

 

 

 

A

1702 50 00

– Fruchtós íon ó thaobh ceimice de

 

 

 

A

 

ex 1704

Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó ann:

 

 

 

 

 

1704 10

– Guma coganta, bíodh sé cumhdaithe le siúcra nó ná bíodh

A

 

 

A

 

ex 1704 90

– Eile:

 

 

 

 

 

1704 90 30

– – Seacláid bhán

A

 

 

A

A

1704 90 51 go 1704 90 99

– – Eile

A

A

 

A

A

1806

Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó:

 

 

 

 

 

1806 10

– Púdar cócó a bhfuil siúcra curtha leis nó ina bhfuil substaint eile mhilsiúcháin ann:

 

 

 

 

 

 

– – Milsithe le siúcrós amháin

A

 

A

A

 

 

– – Eile

A

 

A

A

A

1806 20

– Ullmhóidí eile i mbloic, i leaca nó i mbarraí ina bhfuil meáchan níos mó ná 2 kg nó i bhfoirm leachta, leafaois, púdair, ghráinneach nó i mbulc eile i gcoimeádáin nó i neasphacálacha ina bhfuil níos mó ná 2 kg:

 

 

 

 

 

 

– – – Grabhróga bainne seacláide faoi fho-cheannteideal 1806 20 70

A

 

A

A

A

 

– – Ullmhóidí eile fho-cheannteideal 1806 20

A

A

A

A

A

1806 31 00 agus 1806 32

– Eile, i mbloic, i leaca nó i mbarraí

A

A

A

A

A

1806 90

– Eile:

 

 

 

 

 

1806 90 11 ,

1806 90 19 ,

1806 90 31 ,

1806 90 39 ,

1806 90 50

– – Seacláid agus táirgí seacláide; milseogra agus ionadaigh siúcra déanta as táirgí ionadaithe siúcra, ina bhfuil cócó

A

A

A

A

A

1806 90 60 ,

1806 90 70 ,

1806 90 90

– – Leatháin ina bhfuil cócó; ullmhóidí ina bhfuil cócó chun deochanna a dhéanamh; eile

A

 

A

A

A

ex 1901

Eastóscán braiche; ullmhóidí bia de phlúr, piocuaran, min, stáirse nó eastóscán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 40 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile; ullmhóidí bia d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 5 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

 

 

 

 

 

1901 10 00

– Ullmhóidí do naíonáin, ar an margadh le haghaidh miondíola:

 

 

 

 

 

 

– – Ullmhóidí bia de tháirgí déiríochta faoi cheannteidil 0401 go 0404 , ina bhfuil níos lú ná 5 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán

A

A

A

A

A

 

– – Eile

A

A

 

A

A

1901 20 00

– Cumaisc agus taos chun earraí báicéara a ullmhú faoi cheannteideal 1905:

 

 

 

 

 

 

– – Ullmhóidí bia de tháirgí déiríochta faoi cheannteidil 0401 go 0404 , ina bhfuil níos lú ná 5 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán

A

A

A

A

A

 

– – Eile

A

A

 

A

A

ex 1901 90

– Eile:

 

 

 

 

 

1901 90 11 agus 1901 90 19

– – Eastóscán braiche;

A

A

 

 

 

 

– – Eile:

 

 

 

 

 

1901 90 99

– – – Eile:

 

 

 

 

 

 

– – – – Ullmhóidí bia d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , ina bhfuil níos lú ná 5 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhunús díshaillte go hiomlán

A

A

A

A

A

 

– – – – Eile:

A

A

 

A

A

ex 1902

Pasta, bíodh sé cócaráilte nó stuáilte (le feoil nó le substaintí eile), nó ullmhaithe ar bhealaí eile, mar shampla spaigití, macarón, núdail, lasáinne, gnocchi, ravioli, cannelloni; cúscús, bíodh sé ullmhaithe nó ná bíodh:

 

 

 

 

 

 

– Pasta neamhchócaráilte, nach bhfuil stuáilte ná ullmhaithe ar bhealach eile:

 

 

 

 

 

 

– – Ina bhfuil uibheacha:

 

 

 

 

 

1902 11 00

– – – Ina bhfuil cruithneacht chrua nó gránaigh eile

B

 

A

 

 

 

– – – Eile:

A

 

A

 

 

 

– – Eile:

 

 

 

 

 

1902 19

– – – Ina bhfuil cruithneacht chrua nó gránaigh eile

B

 

 

 

A

 

– – – Eile

A

 

 

 

A

ex 1902 20

– Pasta stuáilte, bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile:

 

 

 

 

 

1902 20 91 agus 1902 20 99

– – Eile

A

A

 

A

A

1902 30

– Pasta eile

A

A

 

A

A

1902 40

– Cúscús:

 

 

 

 

 

 

– – Neamhullmhaithe

 

 

 

 

 

1902 40 10

– – – Ina bhfuil cruithneacht chrua

B

 

 

 

 

 

– – – Eile

A

 

 

 

 

1902 40 90

– – Eile

A

A

 

A

A

1903 00 00

Taipióca agus ionadaigh déanta as stáirse, i bhfoirm calóg, gráinní, péarlaí, fuíoll criathair nó foirmeacha comhchosúla.

A

 

 

 

 

1904

Bianna ullmhaithe a fhaightear trí shéideadh nó trí róstadh gránach nó táirgí gránach (calóga arbhair, mar shampla); gránaigh (seachas arbhar Indiach (arbhar)) i bhfoirm gránach nó i bhfoirm calóg nó gránach oibrithe eile (seachas plúr, piocuaran agus min), réamhchócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

 

 

 

 

 

 

– Rís bhorrtha neamhmhilsithe nó rís réamhchócaráilte:

 

 

 

 

 

 

– – Ina bhfuil cócó (6)

A

B

A

A

A

 

– – Nach bhfuil cócó inti;

A

B

 

A

A

 

– Eile, ina bhfuil cócó (6)

A

A

A

A

A

 

– Eile

A

A

 

A

A

1905

Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéara, cibé acu atá cócó iontu nó nach bhfuil; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá feiliúnach d’úsáid chógaisíochta, brioscóga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla

 

 

 

 

 

1905 10 00

– Arán briosc

A

 

 

A

A

1905 20

– Arán sinséir agus a leithéid

A

 

A

A

A

 

– Brioscaí milse: vaiféil agus brioscóga:

 

 

 

 

 

1905 31 agus 1905 32

– Brioscaí milse: vaiféil agus brioscóga

A

 

A

A

A

1905 40

– Roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte comhchosúla

A

 

A

A

A

1905 90

Eile:

 

 

 

 

 

1905 90 10

– – Matzos

A

 

 

 

 

1905 90 20

– – Abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá feiliúnach d’úsáid chógaisíochta, brioscóga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla

A

A

 

 

 

 

– – Eile:

 

 

 

 

 

1905 90 30

– – – Arán nach bhfuil mil, uibheacha, cáis ná torthaí curtha leis agus nach bhfuil níos mó ná 5 % de shiúcraí agus 5 % de shaill in ábhar tirim ann de réir meáchain:

A

 

 

 

 

1905 90 45 go 1905 90 90

– – – Táirgí eile

A

 

A

A

A

ex 2001

Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach:

 

 

 

 

 

ex 2001 90

– Eile:

 

 

 

 

 

 

– – Grán Milis (Zea mays var. saccharata):

 

 

 

 

 

2001 90 30

– – – I bhfoirm déise

A

 

 

A

 

 

– – – I bhfoirm gráinní

B

 

 

A

 

2001 90 40

– – Ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain

A

 

 

A

 

ex 2004

Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006:

 

 

 

 

 

ex 2004 10

– Prátaí:

– – Eile:

 

 

 

 

 

2004 10 91

– – – I bhfoirm plúir, mine nó calóg

A

A

 

A

A

ex 2004 90

– Glasraí eile agus cumaisc glasraí:

 

 

 

 

 

 

– – Grán Milis (Zea mays var. saccharata):

 

 

 

 

 

2004 90 10

– – – I bhfoirm déise

A

 

 

A

 

 

– – – I bhfoirm gráinní

B

 

 

A

 

ex 2005

Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006:

 

 

 

 

 

ex 2005 20

– Prátaí:

 

 

 

 

 

2005 20 10

– – I bhfoirm plúir, mine nó calóg

A

A

 

A

A

 

– Grán Milis (Zea mays var. saccharata):

 

 

 

 

 

2005 80 00

– – I bhfoirm déise

A

 

 

A

 

 

– – I bhfoirm gráinní

B

 

 

A

 

ex 2008

Torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra nó ní milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

 

 

 

 

 

ex 2008 99

– – Eile:

– – – Gan biotáille curtha leo:

– – – – Gan siúcra curtha leo:

 

 

 

 

 

 

– – – – Arbhar Indiach (arbhar) seachas grán milis (Zea mays var. saccharata):

 

 

 

 

 

2008 99 85

– – – – – – I bhfoirm déise

A

 

 

 

 

 

– – – – – – I bhfoirm gráinní

B

 

 

 

 

2008 99 91

– – – – – Ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain

A

 

 

 

 

ex 2101

Úisc, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité, agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin, nó de bhunús caife, tae nó maité; siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile, agus úisc, úscraí agus tiúchain díobh sin:

 

 

 

 

 

 

– Úisc, úscraí agus tiúchain, de chaife agus ullmhóidí de bhunús na n-eastóscanna, úscraí na n-úscraí nó na dtiúchan sin, nó de bhunús caife:

 

 

 

 

 

2101 12 98

– – – Eile

A

A

 

A

 

ex 2101 20

– Úisc, úscraí agus tiúchain, de thae nó mhaité, agus ullmhóidí de bhunús na n-eastóscanna, na n-úscraí nó na dtiúchan sin, nó de bhunús tae nó maité:

 

 

 

 

 

2101 20 98

– – – Eile

A

A

 

A

 

ex 2101 30

– Siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile, agus úisc, úscraí agus tiúchain díobh sin:

 

 

 

 

 

 

– – Siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile:

 

 

 

 

 

2101 30 19

– – – Eile

A

 

 

A

 

 

– – Úisc, úscraí agus tiúchain de shiocaire rósta agus d’ionadaigh chaife rósta eile:

 

 

 

 

 

2101 30 99

– – – Eile

A

 

 

A

 

ex 2102

Giostaí (gníomhacha nó neamhghníomhacha); miocrorgánaigh aoncheallacha eile, marbh (ach gan vacsainí faoi cheannteideal 3002 a áireamh); púdair bhácála ullmhaithe:

 

 

 

 

 

ex 2102 10

– Giostaí gníomhacha:

 

 

 

 

 

2102 10 31 agus 2102 10 39

– – Giosta aráin

A

 

 

 

 

2105 00

Uachtar reoite agus oighear inite eile, cibé acu atá cócó ann nó nach bhfuil:

 

 

 

 

 

 

– Ina bhfuil cócó

A

A

A

A

A

 

– Eile

A

A

 

A

A

ex 2106

Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

 

 

 

 

 

ex 2106 90

– Eile:

 

 

 

 

 

2106 90 92 agus 2106 90 98

– – Eile

A

A

 

A

A

2202

Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe, agus deochanna neamhalcólacha eile, seachas súnna torthaí nó glasraí faoi cheannteideal 2009:

 

 

 

 

 

2202 10 00

– Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe

A

 

 

A

 

2202 90

– Eile:

 

 

 

 

 

 

– – Nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu:

 

 

 

 

 

2202 90 10

– – – Beoir déanta as braich ina bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach mó ná 0.5 % de réir toirte

B

 

 

 

 

 

– – – Eile

A

 

 

A

 

2202 90 91 go 2202 90 99

– – Eile

A

 

 

A

A

2205

Fíon mormónta agus fíon eile ó fhíonchaora úra a bhfuil substaintí aramatacha nó plandaí curtha leo mar bhlaistiú

A

 

 

A

 

ex 2208

Alcól eitile gan dínádúrú ina bhfuil neart alcóil de réir toirte atá níos lú ná 80 % de réir toirte; biotáillí, licéir agus deochanna biotáilleacha eile:

 

 

 

 

 

2208 20

– Biotáillí a fhaightear trí dhriogadh ar fhíon fíonchaor nó ar mharc fíonchaor

 

 

 

A

 

ex 2208 30

– Fuiscí:

– – Seachas fuisce Búrbónach:

 

 

 

 

 

ex 2208 30 30 go 2208 30 88

– – – Fuiscí, seachas na fuiscí a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1670/2006 ón gCoimisiún (7)

A

 

 

 

 

2208 50 11 agus 2208 50 19

– – Gin-bhiotáille

A

 

 

 

 

2208 50 91 agus 2208 50 99

– – An Ghinéiv

A

 

 

A

 

2208 60

– Vodca

A

 

 

 

 

2208 70

– Licéir agus coirdéil

A

 

A

A

A

ex 2208 90

– Eile:

 

 

 

 

 

2208 90 41

– – – – Ouzo, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

A

 

 

A

 

2208 90 45

– – – – – – – Calvados, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

 

 

 

A

 

2208 90 48

– – – – – – – Biotáillí eile (seachas licéir) a dhriogtar ó thorthaí, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

 

 

 

A

 

2208 90 56

– – – – – – – Biotáillí eile (seachas licéir) seachas na biotáillí a dhriogtar ó thorthaí agus seachas tequila, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

A

 

 

A

 

2208 90 69

– – – – – Deochanna alcólacha eile, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

A

 

 

A

A

2208 90 71

– – – – – Biotáillí a dhriogtar ó thorthaí, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 2 lítear

 

 

 

A

 

2208 90 77

– – – – – Biotáillí eile (gan licéir a áireamh) seachas na biotáillí a dhriogtar ó thorthaí agus seachas tequila, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 2 lítear

A

 

 

A

 

2208 90 78

– – – – Deochanna biotáilleacha eile, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 2 lítear

A

 

 

A

A

ex 2905

Alcóil neamhchioglacha agus a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe:

 

 

 

 

 

2905 43 00

– – Mainníotól

B

 

 

B

 

2905 44

– – D-glúicíotól (soirbíotól)

B

 

 

B

 

ex 3302

Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin (lena n-áirítear tuaslagáin alcóil) de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear mar amhábhair i dtionscal; ullmhóidí eile de bhunús substaintí cumhra, de chineál a úsáidtear i monarú deochanna:

 

 

 

 

 

ex 3302 10

– De chineál a úsáidtear i dtionscal an bhia nó i dtionscal na ndeochanna:

 

 

 

 

 

3302 10 29

– – – – – Eile:

A

 

 

A

A

3501

Cáiséin, cáiséanáití agus díorthaigh cháiséine eile; gliúnna cáiséine:

 

 

 

 

 

3501 10

– Cáiséin

 

 

 

 

B

3501 90

– Eile:

 

 

 

 

 

3501 90 10

– – Gliúnna cáiséine

 

 

 

 

A

3501 90 90

– – Eile

 

 

 

 

B

ex 3502

Albaimin, (lena náirítear tiúchain de dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil níos mó ná 80 % de phróitéiní meidhg ann de réir meáchain, arna ríomh ar an ábhar tirim), albaimináití agus díorthaigh albaimine eile:

– Albaimin uibhe:

 

 

 

 

 

ex 3502 11

– – Triomaithe

 

 

 

 

 

3502 11 90

– – – Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar míoiriúnach lena chaitheamh ag an duine

 

 

B

 

 

ex 3502 19

– – Eile:

 

 

 

 

 

3502 19 90

– – – Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar míoiriúnach lena chaitheamh ag an duine

 

 

B

 

 

ex 3502 20

– Albaimin bainne (lachtalbaimin):

 

 

 

 

 

3502 20 91 agus 3502 20 99

– – Seachas i gcás bia atá míoiriúnach nó a dhéantar míoiriúnach lena chaitheamh ag an duine, cibé acu atá sé triomaithe nó nach bhfuil (mar shampla, i mbileoga, i scálaí, i gcalóga, i bpúdar)

 

 

 

 

B

ex 3505

Deistriní agus stáirsí modhnaithe eile (mar shampla, stáirsí réamhgheilitínithe nó eistearaithe); gliúnna bunaithe ar stáirsí, nó ar dheistriní nó stáirsí modhnaithe eile, seachas stáirsí faoi chód AC 3505 10 50

A

A

 

 

 

3505 10 50

– – – Stáirsí, iad eistearaithe nó éitearaithe

A

 

 

 

 

ex 3809

Gníomhaithe bailchríche, iompróirí ruaime chun dlús a chur le ruaimniú nó chun ábhar ruaimnithe a fhosú agus táirgí agus ullmhóidí eile (mar shampla, treiscíní agus buanaitheoirí), de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle, páipéir, leathair nó i dtionscail chomhchosúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

 

 

 

 

 

3809 10

– De bhunús substaintí amáláiseacha

A

A

 

 

 

ex 3824

Táthuithe ullmhaithe do mhúnlaí nó do chroíthe teilgcheárta; táirgí ceimiceacha agus ullmhóidí ó thionscail na gceimiceán nó ó na tionscail ghaolmhara (lena náirítear iad siúd ina bhfuil meascáin de tháirgí nádúrtha), nach sonraítear nó nach náirítear in aon áit eile:

 

 

 

 

 

3824 60

– Soirbíotól seachas é sin faoi fho-cheannteideal 2905 44

B

 

 

B

 


(1)  Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)  Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)  Cuid XIX d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)  Cuid III, pointí (b), (c), (d) agus (g) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)  Cuid XVI, pointí (a) go (g) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(6)  Ina bhfuil 6 % de chócó nó níos lú.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1670/2006 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1784/2003 ón gCoimisiún maidir le haisíocaíochtaí coigeartaithe maidir le gránbharra arna nollmhairiú i bhfoirm deochanna biotáille áirithe (IO L 312, 11.11.2006, lch. 33).


IARSCRÍBHINN III

Táirgí bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 2(d)

Cód AC

Tuairisc

ex 0402 10 19

Bainne i bpúdar, i ngráinníní nó i bhfoirmeacha soladacha eile, gan siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leis, a bhfuil cion saille ann, de réir meáchain, nach mó ná 1.5 %, seachas i neasphacálacha nach mó ná 2.5 kg a dtoilleadh glan (Grúpa Táirgí 2)

ex 0402 21 18

Bainne i bpúdar, i ngráinníní nó i bhfoirmeacha soladacha eile, gan siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leis, a bhfuil cion saille 26 % ann, de réir meáchain, seachas i neasphacálacha nach mó ná 2.5 kg a dtoilleadh glan (Grúpa Táirgí 3)

ex 0404 10 02 go ex 0404 10 16

Meadhg i bpúdar, i ngráinníní nó i bhfoirmeacha soladacha eile, gan siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leis (Grúpa Táirgí 1)

ex 0405 10

Im, a bhfuil cion saille 82 % ann de réir meáchain (Grúpa Táirgí 6)

0407 21 00 , 0407 29 10 ,

ex 0407 90 10

Uibheacha éanlaithe clóis, sna blaoscanna, atá úr nó leasaithe, seachas le haghaidh gortha

ex 0408

Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin, atá oiriúnach mar bhia don duine, úr, triomaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, gan siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo

1001 19 00

Cruithneacht chrua, seachas le cur

ex 1001 99 00

Gnáthchruithneacht agus maislín nach bhfuil le cur

1002 90 00

Seagal nach bhfuil le cur

1003 90 00

Eorna, seachas eorna síl

1004 90 00

Coirce seachas le cur

1005 90 00

Arbhar Indiach seachas arbhar Indiach síl

ex 1006 30

Rís lánmheilte

1006 40 00

Rís bhriste

1007 90 00

Sorgum gráin seachas le cur

1701 99 10

Siúcra bán

ex 1702 19 00

Lachtós ina bhfuil 98.5 % de lachtós ann de réir meáchain, arna shloinneadh mar lachtós ainhidriúil, arna ríomh de réir an ní thirim

1703

Molás de thoradh úscadh nó mínghlanadh siúcra


IARSCRÍBHINN IV

Táirgí talmhaíochta próiseáilte a bheidh faoi réir dleachta breise ar allmhairídá dtagraítear in Airteagal 5(1)

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

0403 10 51 go 0403 10 99

Iógart, é blaistithe nó iógart a bhfuil torthaí, cnónna nó cócó curtha leis

0403 90 71 go 0403 90 99

Bláthach, bainne gruthach agus uachtar, ceifír, agus bainne agus uachtar coipthe nó aigéadaithe de chineál eile, iad blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leo

0710 40 00

Grán milis (gan chócaráil nó cócaráilte le gal nó bruite in uisce), é reoite

0711 90 30

Grán milis atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir é a ithe go díreach sa staid sin

1517 10 10

Margairín, seachas margairín leachtach ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % de shaillte bainne

1517 90 10

Cumaisc nó ullmhóidí inite eile de shaillte nó d’olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla a luaitear i gCaibidil 15, seachas saillte nó olaí inite nó a gcodáin a luaitear faoi cheannteideal 1516 , ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 10 % ach nach mó ná 15 % de shaillte bainne

1702 50 00

Fruchtós íon ó thaobh ceimice de

2005 80 00

Grán milis (Zea mays var. saccharata) ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006

2905 43 00

Mainníotól

2905 44

D-glúicíotól (soirbíotól)

Ex35 02

Albaimin, (lena n-áirítear tiúchain de dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil níos mó ná 80 % de phróitéiní meidhg ann de réir meáchain, arna ríomh ar an ábhar tirim), albaimínáití agus díorthaigh albaimine eile:

Albaimin uibhe:

ex 3502 11

Triomaithe:

3502 11 90

Seachas i gcás bia atá mí–oiriúnach nó a dhéantar mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine

ex 3502 19

Eile:

3502 19 90

Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine

ex 3502 20

Albaimin bainne, lena n-áirítear tiúcháin de dhá phróitéin nó níos mó de mheadhg:

 

Seachas i gcás bia atá mí-oiriúnach nó a dhéantar mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine

3502 20 91

Triomaithe (mar shampla i mbileoga, i scálaí, i gcalóga, i bpúdar)

3502 20 99

Eile

3505 10 10

Deistriní

3505 10 90

Stáirsí modhnaithe seachas deistriní, gan stáirsí eistearaithe nó éitearaithe a áireamh

3505 20

Gliúnna bunaithe ar stáirsí, nó ar dheistriní nó stáirsí modhnaithe eile

3809 10

Gníomhaithe bailchríche, iompróirí ruaime chun dlús a chur le ruaimniú nó chun ábhar ruaimnithe a fhosú agus táirgí agus ullmhóidí eile (mar shampla, treiscíní agus buanaitheoirí), de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle, páipéir, leathair nó i dtionscail chomhchosúla, de bhunús substaintí amaláiseacha, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

3824 60

Soirbíotól seachas é sin faoi fho-cheannteideal 2905 44


IARSCRÍBHINN V

Táirgí talmhaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a)  (1)

Cód AC

Tuairisc ar na táirgí talmhaíochta

0401

Bainne agus uachtar, nach bhfuil comhdhlúite agus nach bhfuil siúcra ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo

0402

Bainne agus uachtar, atá comhdhlúthaithe nó a bhfuil siúcra nó ní milsiúcháin eile curtha leo

ex 0403

Bláthach, bainne gruthach agus uachtar, iógart, ceifír agus uachtar agus bainne aigéadaithe nó coipthe eile, cibé acu atá siad nó nach bhfuil siad comhdhlúthaithe nó le siúcra nó ní milsiúcháin eile curtha leo, nach bhfuil blaistithe ná torthaí, cnónna nó cócó curtha leo

0404

Meadhg, cibé acu atá sé comhdhlúthaithe nó nach bhfuil, nó cibé acu atá siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó nach bhfuil; táirgí a bhfuil comhábhair bhainne nádúrtha iontu, cibé acu atá siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

ex 0405

Im agus saill agus olaí eile arna ndíorthú ó bhainne

0407 21 00

Uibheacha éanlaithe clóis, sna blaoscanna, atá úr, ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, seachas le haghaidh gortha

0709 99 60

Grán Milis, úr nó fuaraithe

0712 90 19

Grán milis triomaithe, iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta air, ach amháin grán milis hibrideach atá le cur

Caibidil 10

Gránaigh (2)

1701

Siúcra cána nó biatais agus siúcrós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach

1703

Molás de thoradh úscadh nó mínghlanadh siúcra


(1)  Táirgí talmhaíochta a chuirtear i gcuntas nuair a úsáidtear iad sa staid neamhphróiseáilte nó tar éis próiseála, nó a mheastar iad a bheith úsáidte i monarú na n-earraí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I.

(2)  Gan síolta cruithneachta agus maislín a thagann faoi fho-cheannteideal 1001 11 00, 1001 91 10, 1001 91 20 agus 1001 91 90, síolta seagail a thagann faoi fho-cheannteideal 1002 10 00, síolta eorna a thagann faoi fho-cheannteideal 1003 10 00, síolta coirce a thagann faoi fho-cheannteideal 1004 10 00, síolta arbhair Indiaigh a thagann faoi fho-cheannteideal 1005 10, rís le cur a thagann faoi fho-cheannteideal 1006 10 10, síolta sorguim a thagann faoi fho-cheannteideal 1007 10 agus síolta muiléid a thagann faoi fho-cheannteideal 1008 21 00 a áireamh.


IARSCRÍBHINN VI

An Tábla Comhghaoil

An Rialachán seo

Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009

Rialachán (CE) Uimh. 614/2009

Airteagal 1, an chéad mhír

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1, an dara mír

Airteagal 3

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(2)(a) agus (c)

Article 2(f)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(k)

Airteagal 2(l)

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 11

Airteagal 3

Airteagal 6(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 2(3), an chéad abairt

Airteagal 6(4)

Airteagal 7

Airteagal 2(3), an dara habairt

Airteagal 8

Airteagal 2(4)

Airteagal 9

Airteagal 2(4)

Airteagal 10(1)

Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 11

Airteagal 14, an chéad mhír

Airteagal 12(a)(b)(c)

Airteagal 6(4) agus Airteagal 14 an dara fomhír

Airteagal 12(d)

Airteagal 6(4) agus Airteagal 15(1)

Airteagal 13,(1), (2) agus (3)

Airteagal 6(4), Airteagal 6(6), Airteagal 7(2), (3) agus (4), Airteagal 14, an chéad fhomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 14, an dara mír

Airteagal 14(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 4(2), an dara fomhír agus Airteagal 4(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 4(2), an chéad fhomhír agus Airteagal 4(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 4,(1) agus (4)

Airteagal 15(2)

Airteagal 16

Airteagal 4(1) agus (4)

Airteagal 17

Airteagal 10

Airteagal 18

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 19

Airteagal 12(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

Airteagal 20

Airteagal 12(1), an tríú fomhír

Airteagal 12(2)

Airteagal 21

Airteagal 7

Airteagal 22(1)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 23

Airteagal 24(1)

Airteagal 8(3), an dara fomhír

Airteagal 24(2)

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír

Airteagal 27

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír

Airteagal 28

Airteagal 8(5)

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, Airteagal 8(5) agus Airteagal 8(6)

Airteagal 32

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, Airteagal 8(5) agus Airteagal 8(6)

Airteagal 33

Airteagal 9

Airteagal 5

Airteagal 34(1)

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír

Airteagal 34(2)

Airteagal 8(4), an dara fomhír

Airteagal 35

Airteagal 18, Airteagal 6(5) agus Airteagal 8(4), an tríú fomhír

Airteagal 36

Airteagal 13

Airteagal 37

Airteagal 19

Airteagal 10

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 15(2)

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 16

Airteagal 43

Airteagal 16

Airteagal 44

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 45

Airteagal 20

Airteagal 11

Airteagal 46

Airteagal 21(1)

Airteagal 12

Airteagal 21(2)

 

Airteagal 6

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 1

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn III

Airteagal 1

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn I

 

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn II


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a rinne sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach chun faisnéis iomlán agus doiciméadúchán ar a chuid cruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre ar thíolacadh gníomhartha tarmligthe a sholáthar don Pharlaimint.


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

59


RIALACHÁN (AE) Uimh. 511/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, a formheasadh thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle (3) (an “Coinbhinsiún”), an phríomh-ionstraim idirnáisiúnta lena bhforáiltear do chreat ginearálta maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus maidir leis na tairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha a chomhroinnt ar bhealach cothrom agus cothromasach.

(2)

Is conradh idirnáisiúnta a ghlac na Páirtithe sa Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 2010 é Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid (4) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“Prótacal Nagoya”). Le Prótacal Nagoya, déantar forbairt bhreise ar rialacha ginearálta an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt tairbhí, idir thairbhí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta, a eascraíonn as acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáid (“rochtain agus comhroinnt tairbhí”).I gcomhréir le Cinneadh 2014/283/AE ón gComhairle (5), rinneadh Prótacal Nagoya a fhormheas thar ceann an Aontais.

(3)

Baineann raon leathan úsáideoirí agus soláthraithe san Aontas, lena n-áirítear taighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála agus cuideachtaí ó earnálacha éagsúla tionsclaíochta, úsáid as acmhainní géiniteacha chun críoch taighde, forbartha agus tráchtálaíochta. Baineann roinnt acu úsáid as eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha freisin.

(4)

Is iad acmhainní géiniteacha linn na ngéinte i speicis nádúrtha agus i speicis cheansaithe nó shaothraithe araon agus tá ról suntasach acu, agus ról atá ag méadú, i roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeadh bia, foraoiseacht agus forbairt cógas leighis, cosmaidí agus foinsí bithbhunaithe fuinnimh. Thairis sin, tá ról suntasach ag acmhainní géiniteacha i dtaca le straitéisí a chur chun feidhme a cheaptar chun éiceachórais dhamáistithe a athchóiriú agus speicis atá i mbaol a chosaint.

(5)

Maidir le heolas traidisiúnta atá ag pobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla, d’fhéadfaí faisnéis threorach thábhachtach a chur ar fáil leis chun fionnachtain eolaíoch a dhéanamh ar airíonna suimiúla géiniteacha nó bithcheimiceacha de chuid acmhainní géiniteacha. Áirítear le heolas traidisiúnta den sórt sin eolas, nuálaíocht agus cleachtais, ó na pobail dhúchasacha agus áitiúla lena gcorpraítear stíleanna maireachtála traidisiúnta, atá ábhartha chun an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe.

(6)

Aithnítear sa Choinbhinsiún go bhfuil cearta ceannasachta ag na Stáit ar acmhainní nádúrtha a dtagtar orthu laistigh dá ndlínse agus go bhfuil údarás acu rochtain ar a gcuid acmhainní géiniteacha a chinneadh. Faoin gCoinbhinsiún, forchuirtear oibleagáid ar na Páirtithe uile ann dianiarracht a dhéanamh dálaí a chruthú chun go n-éascófaí rochtain ar acmhainní géiniteacha, a bhfeidhmíonn siad cearta ceannasachta orthu, ar mhaithe le húsáidí ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún, ar úsáidí iad atá slán ó thaobh an chomhshaoil de. Faoin gCoinbhinsiún, cuirtear ceangal éigeantach ar na Páirtithe uile ann freisin bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh torthaí taighde agus forbartha, mar aon leis na tairbhí a eascraíonn as úsáid tráchtála agus úsáid eile acmhainní géiniteacha, a chomhroinnt, ar bhealach atá cothrom agus cothromasach, leis an bPáirtí sa Choinbhinsiún a chuir na hacmhainní sin ar fáil. Táthar chun comhroinnt den sórt sin a dhéanamh ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach. Tugtar aghaidh sa Choinbhinsiún freisin ar rochtain agus ar chomhroinnt tairbhí maidir le heolas, le nuálaíocht agus le cleachtais na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil, ar nithe iad atá ábhartha chun an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe.

(7)

Ba cheart acmhainní géiniteacha a chaomhnú in situ agus a úsáid ar bhealaí inbhuanaithe, agus ba cheart go gcomhroinnfí na tairbhí a eascraíonn as a n-úsáid ar bhealach cothrom agus cothromasach, d’fhonn cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus, ar an gcaoi sin, Spriocanna Forbartha na Mílaoise de chuid na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, mar a aithníodh sa bhrollach le Prótacal Nagoya. Le cur chun feidhme Phrótacal Nagoya, ba cheart díriú ar an gcumas sin a chur i gcrích freisin.

(8)

Tá feidhm ag Prótacal Nagoya maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn Stáit cearta ceannasachta orthu a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 den Choinbhinsiún, seachas raon feidhme is leithne Airteagal 4 den Choinbhinsiún. Tugann sé sin le fios nach leathnaíonn Prótacal Nagoya go dtí raon iomlán feidhme dlínsiúil Airteagal 4 den Choinbhinsiún, amhail gníomhaíochtaí a tharlaíonn i limistéir mhuirí taobh amuigh den dlínse náisiúnta. Tá an taighde ar acmhainní géiniteacha á leathnú go céimnitheach go limistéir nua, go háirithe na haigéin arb iad na timpeallachtaí ar an bpláinéad is lú a bhfuil taiscéalaíocht déanta orthu agus is lú ár n-eolas fúthu. Is é an t-aigéan domhain go háirithe imeallchríoch mhórtheorainn dheireanach an phláinéid ó thaobh ár n-eolais de agus is díol méadaitheach spéise é don taighde, don tsirtheoireacht agus do thaiscéalaíocht na n-acmhainní.

(9)

Tá sé tábhachtach creat soiléir fónta a leagan amach chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme, creat ba cheart cur le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus le húsáid a comhpháirteanna ar bhonn inbhuanaithe, le comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as acmhainní géiniteacha a úsáid agus le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus ag an am céanna feabhas a chur ar na deiseanna atá ar fáil i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha bunaithe ar an nádúr san Aontas. Tá sé ríthábhachtach freisin go gcoiscfear úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha san Aontas a bhfuarthas rochtain orthu ar chaoi nach raibh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó na ceanglais rialála de chuid Páirtí i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus tacú le cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le comhroinnt tairbhí a leagtar amach i dtéarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach idir soláthraithe agus úsáideoirí. Tá sé ríthábhachtach freisin na coinníollacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú i dtaca le hacmhainní géiniteacha agus leis an eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáid.

(10)

Leis an gcreat a chruthaítear leis an Rialachán seo, rannchuideofar le muinín a chothabháil agus a mhéadú idir Páirtithe i bPrótacal Nagoya mar aon le geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, atá páirteach i rochtain agus i gcomhroinnt tairbhí acmhainní géiniteacha.

(11)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé tábhachtach nach mbeidh feidhm ag na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme ach amháin maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn Stáit cearta ceannasachta orthu a thagann faoi chuimsiú raon feidhme Airteagal 15 den Choinbhinsiún, agus le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a thagann faoi chuimsiú raon feidhme an Choinbhinsiúin, a bhfaighfear rochtain orthu tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya san Aontas.

(12)

Le Prótacal Nagoya, ceanglaítear go gcuirfidh gach Páirtí ann tábhacht acmhainní géiniteacha don bhia agus don talmhaíocht (GRFA) agus an ról speisialta atá acu sin maidir le slándáil bia san áireamh, agus a reachtaíocht nó a gceanglais rialála maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí á bhforbairt agus á gcur chun feidhme acu. I gcomhréir le Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle (6), rinneadh an Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA) a fhormheas thar ceann an Aontais. Ionstraim speisialaithe idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí atá in ITPGRFA de réir bhrí Airteagal 4(4) de Phrótacal Nagoya, ar ionstraim í nár cheart go ndéanfadh na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme difear di.

(13)

Agus a gcearta ceannasachta á bhfeidhmiú acu, chinn an-chuid Páirtithe i bPrótacal Nagoya, i ndáil le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (PGRFA) atá faoina mbainistíocht agus faoina rialú agus atá san fhearann poiblí, agus nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le ITPGRFA, go bhfuil siad le bheith faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe chaighdeánaigh um aistriú ábhar (sMTA) freisin chun na gcríoch a leagtar amach faoi ITPGRFA.

(14)

Ba cheart Prótacal Nagoya a chur chun feidhme ar bhealach ina dtacófaí go frithpháirteach le hionstraimí idirnáisiúnta nach bhfuil bunoscionn le cuspóirí an Phrótacail nó le cuspóirí an Choinbhinsiúin.

(15)

Tugtar sainmhíniú in Airteagal 2 den Choinbhinsiún ar na téarmaí “speiceas ceansaithe” mar aon speiceas a raibh tionchar ag daoine ar a phróiseas éabhlóide ar mhaithe lena gcuid riachtanas agus sainmhíniú ar “biteicneolaíocht” mar aon fheidhmiú teicneolaíochta ina n-úsáidtear córais bhitheolaíocha, orgánaigh bheo, nó díorthaigh díobh sin, chun táirgí nó próisis a dhéanamh nó a mhodhnú ar mhaithe le húsáid shonrach. Tugtar sainmhíniú in Airteagal 2 de Phrótacal Nagoya ar an téarma “díorthaigh”, mar chomhdhúil bhithcheimiceach atá ann go nádúrtha a eascraíonn as léiriú géiniteach nó meitibileacht na n-acmhainní bitheolaíochta nó géiniteacha, fiú mura bhfuil aonaid fheidhmiúla oidhreachtúlachta inti.

(16)

Le Prótacal Nagoya, ceanglaítear ar gach Páirtí ann aird chuí a thabhairt ar chásanna éigeandála, idir éigeandálacha atá ann nó atá ag bagairt, ar éigeandálacha iad ar shláinte daoine, ainmhithe nó plandaí, nó lena ndéantar dochar dóibh, mar a cinneadh ar an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta. An 24 Bealtaine 2011, ghlac an Seasca-ceathrú Comhthionól Domhanda Sláinte an Creat Ullmhachta Paindéime Fliú chun víris fhliú, rochtain ar vacsaíní agus tairbhí eile a chomhroinnt (“Creat UPF”). Ní bhaineann Creat UPF ach amháin le víris fhliú a bhfuil poitéinseal acu le haghaidh paindéime duine agus níl feidhm aige go sonrach maidir le víris fhliú atá séasúrach. Is ionstraim speisialaithe idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí atá in Creat UPF atá comhsheasmhach le Prótacal Nagoya agus nár cheart go ndéanfadh na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme difear dó.

(17)

Tá sé tábhachtach go gcuirfí sa Rialachán seo na sainmhínithe ó Phrótacal Nagoya agus ón gCoinbhinsiún atá riachtanach le go gcuirfidh úsáideoirí an Rialachán seo chun feidhme. Tá sé tábhachtach go mbeidh na sainmhínithe nua, nach bhfuil sa Choinbhinsiún nó i bPrótacal Nagoya, comhsheasmhach leis na sainmhínithe atá sa Choinbhinsiún agus i bPrótacal Nagoya. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an téarma “úsáideoir” comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar “acmhainní géiniteacha a úsáid” atá i bPrótacal Nagoya.

(18)

Leagtar síos le Prótacal Nagoya oibleagáid chun taighde a bhaineann leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chur chun cinn agus a spreagadh, go háirithe taighde a bhfuil cuspóir neamhthráchtála aige.

(19)

Tá sé tábhachtach mír 2 de Chinneadh II/11 ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a mheabhrú, lena n-athdheimhnítear nach n-áirítear acmhainní géiniteacha daonna faoi chuimsiú chreat an Choinbhinsiúin.

(20)

Faoi láthair, níl aon sainmhíniú arna chomhaontú go hidirnáisiúnta ann ar “eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha”. Gan dochar d’inniúlacht agus d’fhreagracht na mBallstát as ábhair i dtaca le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha agus le cur chun feidhme beart chun leasanna na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil a chosaint, d’fhonn solúbthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do sholáthraithe agus d’úsáideoirí, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo d’eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha de réir mar a dtugtar tuairisc air sin sna comhaontuithe maidir le comhroinnt tairbhí.

(21)

D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach Phrótacal Nagoya a áirithiú, ba cheart do gach úsáideoir acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh an bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla nó rialála is infheidhme agus lena áirithiú go ndéantar tairbhí a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, i gcás inarb ábhartha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla glacadh le deimhnithe comhlíontachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar fhianaise go bhfuarthas rochtain ar na hacmhainní géiniteacha atá cumhdaithe leo go dleathach agus gur bunaíodh téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach don úsáideoir agus don úsáid a shonraítear iontu sin. Ba cheart tacú leis na roghanna sonracha a dhéanfaidh úsáideoirí a mhéid a bhaineann leis na huirlisí agus na bearta a chuirfear i bhfeidhm d’fhonn dícheall cuí a fheidhmiú trí aitheantas a thabhairt do dhea-chleachtais chomh maith le bearta comhlántacha chun tacaíocht a thabhairt do chóid iompraíochta earnála, do chlásail chonarthacha eiseamláireacha agus do threoirlínte d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais a laghdú. Ba cheart go ndéanfaí an oibleagáid atá ar úsáideoirí faisnéis atá ábhartha don rochtain agus do chomhroinnt tairbhí a theorannú ó thaobh ama de, agus ba cheart go mbeadh sí i gcomhréir leis an gcreat ama do nuáil ionchasach.

(22)

Tá cur chun feidhme rathúil Phrótacal Nagoya ag brath ar úsáideoirí agus soláthraithe acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha do chaibidliú téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, ar téarmaí iad arb é an toradh a bheidh orthu comhroinnt chothrom agus chothromasach tairbhí agus lena gcuideofar leis an gcuspóir is leithne atá ag Prótacal Nagoya eadhon cuidiú leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe. Spreagtar úsáideoirí agus soláthraithe chun feasacht a mhúscailt freisin maidir lena thábhachtaí atá acmhainní géiniteacha agus an t-eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

(23)

Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid maidir le dícheall cuí i leith gach úsáideora beag beann ar a méid, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart raon beart agus uirlisí a chur ar fáil leis an Rialachán seo le go mbeidh ar chumas micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh ar chostas inacmhainne agus le hardleibhéal deimhneachta dlíthiúla.

(24)

Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag dea-chleachtais a fhorbraíonn úsáideoirí maidir le bearta díchill chuí a aithint atá thar a bheith oiriúnach chun comhlíonadh chóras cur chun feidhme Phrótacal Nagoya ar chostas inacmhainne agus le hardleibhéal deimhneachta dlíthiúla a bhaint amach. Ba cheart d’úsáideoirí cur le cóid iompraíochta atá ann cheana maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí, cóid a forbraíodh d’earnálacha an taighde acadúil, ollscoile agus neamhthráchtála agus do thionscail éagsúla. Ba cheart do chomhlachais úsáideoirí a bheith ábalta iarraidh ar an gCoimisiún a chinneadh an bhféadtar teaglaim ar leith de nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí a ndéanann comhlachas maoirseacht orthu a aithint mar dhea-chleachtas. Ba cheart go measfadh údaráis inniúla na mBallstát go laghdaítear baol neamhchomhlíonta úsáideora má chuireann an t-úsáideoir sin dea-chleachtas aitheanta chun feidhme agus go bhfuil údar le laghdú ar sheiceálacha comhlíontachta. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an rud céanna maidir le dea-chleachtais a ghlacfaidh na Páirtithe i bPrótacal Nagoya.

(25)

Faoi Phrótacal Nagoya, ní mór do na seicphointí a bheith éifeachtach agus ba cheart go mbeadh siad ábhartha d’úsáid acmhainní géiniteacha. Ag pointí aitheanta i slabhra na ngníomhaíochtaí arb ionann agus úsáid iad, ba cheart d’úsáideoirí fianaise a dhearbhú go ndearna siad dícheall cuí a fheidhmiú agusfianaise a go ndearna siad amhlaidh, nuair a iarrtar sin orthu. Pointe oiriúnach amháin do dhearbhú den sórt sin ná nuair a fhaightear cistí taighde. Pointe oiriúnach eile ná céim chríochnaitheach na húsáide, rud a chiallaíonn ag céim na forbartha deiridh do tháirge roimh fhormheas mhargaidh a iarraidh do tháirge a forbraíodh trí úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin, nó, i gcás nach bhfuil formheas mhargaidh de dhíth, ag céim na forbartha deiridh do tháirge roimh é a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair. D’fhonn éifeachtacht seicphointí a áirithiú, agus ag an am céanna an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú d’úsáideoirí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as na cumhachtaí cur chun feidhme sin chun céim na forbartha deiridh do tháirge a chinneadh, i gcomhréir le Prótacal Nagoya, chun an chéim dheiridh maidir le húsáid a shainaithint in earnálacha éagsúla.

(26)

Tá sé tábhachtach a aithint go mbeadh ról tábhachtach ag an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 17 de Phrótacal Nagoya, dhéanfaí faisnéis a thíolacadh chuig an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí mar chuid den phróiseas don deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta. Ba cheart go gcomhoibreodh na húdaráis inniúla leis an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí lena áirithiú go mbeidh faisnéis á malartú le go n-éascófar an faireachán a dhéanfaidh na húdaráis inniúla ar chomhlíontacht na n-úsáideoirí.

(27)

Den chuid is mó, is taighdeoirí nó bailitheoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála iad na bailitheoirí a dhéanann acmhainní géiniteacha a bhailiú san fhiántas chun críocha neamhthráchtála. I bhformhór mór na gcásanna agus i mbeagnach gach earnáil, faightear rochtain ar acmhainní géiniteacha a bailíodh le déanaí trí idirghabhálaithe, bailiúcháin nó gníomhairí a fhaigheann acmhainní géiniteacha i dtríú tíortha.

(28)

Is mórsholáthraithe acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáidtear san Aontas iad bailiúcháin. Mar sholáthraithe is féidir ról tábhachtach a bheith acu chun cabhrú le húsáideoirí eile sa slabhra seilbhe chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Chun go ndéanfaí amhlaidh, ba cheart córas bailiúchán cláraithe laistigh den Aontas a bhunú trí chlár deonach bailiúchán a chur ar bun a choinneoidh an Coimisiún ar bun. D'áiritheofaí le córas den sórt sin go ndéanfadh bailiúcháin atá san áireamh sa chlár bearta a chur i bhfeidhm go héifeachtach lena srianfaí soláthar samplaí d'acmhainní géiniteacha chuig na tríú daoine ag a bhfuil doiciméadacht a chuireann fianaise ar fáil maidir le rochtain dhleathach, agus go ndéanfadh na bailúcháin a áirithiú go mbunófaí téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, i gcás inar ghá sin. Ba cheart go laghdódh córas bailiúchán cláraithe laistigh den Aontas an riosca, ar bhealach substaintiúil, go n-úsáidfí san Aontas acmhainní géiniteacha nach bhfuarthas rochtain orthu i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí nó le ceanglais rialála Páirtí i bPrótacal Nagoya. Ba cheart go bhfíoródh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann bailiúchán na ceanglais lena aithint mar bhailiúchán a bheadh le háireamh sa chlár. Ba cheart a mheas go ndearna úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá san áireamh sa chlár dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil leis an bhfaisnéis uile atá riachtanach a lorg. Ba cheart go mbeadh an méid seo tairbheach do thaighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chomh maith agus ba cheart go gcuirfeadh sé seo le laghdú ceanglas riaracháin agus comhlíonta.

(29)

Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a sheiceáil an ndéanann úsáideoirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh nó nach ndéanann, an bhfuil toiliú feasach faighte acu roimh ré agus an bhfuil téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach bunaithe acu. Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil freisin ar na seiceálacha a rinneadh agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(30)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bpionósófar aon sárú ar na rialacha lena gcuirfear Prótacal Nagoya chun feidhme le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(31)

Ag cur san áireamh gné idirnáisiúnta na n-idirbheart maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát dul i mbun comhair lena chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla náisiúnta tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonann úsáideoirí an Rialachán seo, agus go dtacaíonn siad le cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme.

(32)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú ar bhealach réamhghníomhach lena áirithiú go mbainfear cuspóirí Phrótacal Nagoya amach d’fhonn acmhainní a mhéadú chun tacú le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus le húsáid a comhpháirteanna ar bhonn inbhuanaithe ar fud an domhain.

(33)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta comhlántacha iomchuí chun éifeachtacht chur chun feidhme an Rialacháin seo a fheabhsú agus chun costais a laghdú, go háirithe i gcásanna ina mbeadh an méid seo chun tairbhe taighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála agus fiontar beag agus meánmhéide.

(34)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tacú le comhroinnt chothrom agus chothromasach na tairbhí a eascraíonn ó acmhainní géiniteacha a úsáid i gcomhréir le Prótacal Nagoya, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus an gá atá ann oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)

Ba cheart comhchoibhneas díreach a bheith ann idir an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an dáta a thiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas d’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda sna gníomhaíochtaí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt tairbhí na n-acmhainní géiniteacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear rialacha leis an Rialachán seo a rialaíonn comhlíonadh le rochtain agus comhroinnt tairbhí le haghaidh acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, i gcomhréir le forálacha Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“Prótacal Nagoya”). Cuirfidh cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo leis an éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú agus lena comhpháirteanna a úsáid ar bhonn inbhuanaithe freisin, i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (“an Coinbhinsiún”).

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn Stáit cearta ceannasachta orthu agus maidir le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfaighfear rochtain orthu tar éis do Phrótacal Nagoya teacht i bhfeidhm don Aontas. Tá feidhm aige freisin maidir le tairbhí a eascraíonn as acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha den sórt sin a úsáid.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha dá ndéantar rochtain agus comhroinnt na dtairbhí a rialú le hionstraimí speisialaithe idirnáisiúnta atá comhsheasmhach le cuspóirí an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Nagoya, agus nach bhfuil bun os cionn leo.

3.   Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha na mBallstát maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha a bhfeidhmíonn siad cearta ceannasachta orthu faoi chuimsiú raon feidhme Airteagal 15 den Choinbhinsiún, agus d’fhorálacha na mBallstát maidir le hAirteagal 8(j) den Choinbhinsiún i ndáil le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

4.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha agus le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfuil feidhm ag reachtaíocht nó ceanglais rialála de chuid Páirtí i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí maidir leo.

5.   Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo oibleagáid ar Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag sainmhínithe an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Nagoya mar aon leis na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar géiniteach” aon ábhar de thionscnamh planda, ainmhí, miocróbach nó eile ina bhfuil aonaid fheidhmiúla oidhreachtúlachta;

(2)

ciallaíonn “acmhainní géiniteacha” ábhar géiniteach lena mbaineann luach iarbhír nó féideartha;

(3)

ciallaíonn “rochtain” acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i bPáirtí i bPrótacal Nagoya a fháil;

(4)

ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(5)

ciallaíonn “acmhainní géiniteacha a úsáid” taighde agus forbairt a dhéanamh ar chomhshuíomh géiniteach agus/nó bithcheimiceach acmhainní géiniteacha, lena n-áirítear trí bhiteicneolaíocht a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear í in Airteagal 2 den Choinbhinsiún;

(6)

ciallaíonn “téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach” na socruithe conarthacha a thugtar i gcrích idir soláthraí acmhainní géiniteacha, nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, agus úsáideoir, ina leagtar amach na coinníollacha sonracha maidir leis na tairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, agus a bhféadfaidh coinníollacha agus téarmaí breise a bheith ann maidir le húsáid den sórt sin agus maidir le hiarratais agus tráchtálú iardain;

(7)

ciallaíonn “eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha” eolas traidisiúnta atá ag pobal dúchasach nó ag pobal áitiúil atá ábhartha chun acmhainní géiniteacha a úsáid agus a ndéantar cur síos air amhlaidh sna téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach atá i bhfeidhm maidir le hacmhainní géiniteacha a úsáid;

(8)

ciallaíonn “acmhainní géiniteacha a bhfuarthas rochtain orthu go mídhleathach” acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfuarthas rochtain orthu ar chaoi nach raibh i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó le ceanglais rialála de chuid na tíre is soláthraí ar Páirtí í i bPrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus dá dteastaíonn toiliú feasach roimh ré;

(9)

ciallaíonn “bailiúchán” tacar samplaí d’acmhainní géiniteacha a bailíodh agus faisnéis a bhaineann leo atá carntha agus stóráilte, bíodh sin i seilbh eintiteas poiblí nó príobháideach;

(10)

ciallaíonn “comhlachas úsáideoirí” eagraíocht, a bunaíodh i gcomhréir le ceanglais an Bhallstáit ina bhfuil sí lonnaithe, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna úsáideoirí agus a bhfuil baint aici le forbairt agus formhaoirseacht na ndea-chleachtas dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo;

(11)

ciallaíonn “deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta” ceadúnas nó a choibhéis arna eisiúint tráth na rochtana mar fhianaise go bhfuarthas an acmhainn ghéiniteach atá cumhdaithe leis i gcomhréir leis an gcinneadh toiliú feasach roimh ré a dheonú, agus go ndearnadh téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach a bhunú don úsáideoir agus don úsáid a shonraigh údarás inniúil sa cheadúnas nó ina choibhéis i gcomhréir le hAirteagal 6(3)(e) agus le hAirteagal 13(2) de Prótacal Nagoya, a chuirtear ar fáil don Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí a bunaíodh faoi Airteagal 14(1) den Phrótacal sin.

CAIBIDIL II

COMHLÍONTACHT NA nÚSÁIDEOIRÍ

Airteagal 4

Oiblegáidí na n-úsáideoirí

1.   Feidhmeoidh úsáideoirí dícheall cuí d’fhonn a fháil amach go bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideann siad i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme nó leis na ceanglais rialála is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí, agus go ndéantar tairbhí a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach faoi théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach i gcomhréir le haon reachtaíocht is infheidhme nó le haon cheanglais rialála is infheidhme.

2.   Ní dhéanfar acmhainní géiniteacha ná an t-eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a aistriú ná a úsáid ach amháin i gcomhréir le téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach más rude é go gceanglaítear le reachtaíocht is infheidhme nó le ceanglais rialála is infheidhme iad.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh úsáideoirí iad seo a leanas a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig úsáideoirí a thiocfaidh ina ndiaidh:

(a)

an deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta, mar aon le faisnéis maidir le hinneachar na dtéarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach a bheidh ábhartha d’úsáideoirí a thiocfaidh ina ndiaidh; nó

(b)

faisnéis agus doiciméid ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas, i gcás nach bhfuil deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta ar fáil:

(i)

dáta agus áit rochtana na n-acmhainní géiniteacha nó an eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(ii)

an tuairisc ar na hacmhainní géiniteacha nó ar an eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideadh;

(iii)

an fhoinse óna bhfuarthas na hacmhainní géiniteacha nó an t-eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha go díreach, chomh maith le húsáideoirí dá éis sin a mbeidh acmhainní géiniteacha nó acmhainní eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha in úsáid acu;

(iv)

cearta nó oibleagáidí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt tairbhí a bheith ann nó gan a bheith ann, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí maidir le hiarratais agus tráchtálú iardain;

(v)

ceadúnais rochtana, i gcás inarb infheidhme;

(vi)

téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, lena n-áirítear socraíochtaí maidir le comhroinnt tairbhí, i gcás inarb infheidhme.

4.   I gcás úsáideoirí a fhaigheann Acmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (PGRFA) i dtír atá ina Páirtí i bPrótacal Nagoya, ar tír í a chinn i dtaca le PGRFA atá faoina bainistíocht agus faoina rialú féin agus atá san fhearann poiblí, agus nach ann dó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA), go mbeidh sé faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe chaighdeánaigh um aistriú ábhar, freisin, chun na gcríoch atá leagtha amach faoi ITPGRFA, measfar go ndearna na húsáideoirí sin oibleagáidí an díchill chuí a fheidhmiú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás nach bhfuil an fhaisnéis atá ina seilbh ag úsáideoirí leordhóthanach nó go leanann éiginnteachtaí seasta faoi dhlíthiúlacht na rochtana agus na húsáide, gheobhaidh úsáideoirí ceadúnas rochtana nó a choibhéis agus bunóidh siad téarmaí a comhaontóidh siad go frithpháirteach; nó scoirfidh siad den úsáid.

6.   Coinneoidh úsáideoirí an fhaisnéis atá ábhartha don rochtain agus do chomhroinnt tairbhí ar feadh fiche bliain tar éis dheireadh na tréimhse úsáide.

7.   Measfar go ndearna úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá sa chlár bailiúchán laistigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil le faisnéis atá liostaithe i mír 3 den Airteagal seo a lorg.

8.   I gcás úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach a chinntear gurb í nó gur dóigh gurb í an phataigin is cúis le héigeandáil sláinte phoiblí atá ann nó atá ag bagairt agus arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, de réir bhrí Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005), nó arb í an phataigin sin is cúis le bagairt thromchúiseach thrasteorann don tsláinte mar a sainmhínítear i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), chun críche ullmhachta maidir le héigeandáil i réimse na sláinte poiblí i dtíortha nach bhfuil buailte go fóill agus chun críche freagartha sna tíortha atá buailte, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a liostaítear i mír 3 nó i mír 5 den Airteagal seo ar a dhéanaí:

(a)

mí amháin i ndiaidh dheireadh na bagartha ar an tsláinte phoiblí, bíodh sí sin ina bagairt féideartha nó láithreach; nó

(b)

trí mhí i ndiaidh tús a chur le húsáid na hacmhainne géinití,

cibé acu is luaithe.

Mura gcomhlíontar na hoibleagáidí a liostaítear i mír 3 nó i mír 5 den Airteagal seo faoi na spriocamanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, scoirfear den úsáid.

I gcás iarrata ar fhormheas margaidh nó i gcás ina ndéantar táirgí a dhíorthaítear ó úsáid acmhainne géinití de réir mar a thagraítear sa chéad fhomhír a chur ar an margadh, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a liostaítear i mír 3 nó i mír 5 ina n-iomláine agus gan mhoill.

Mura bhfuil toiliú feasach roimh ré a fuarthas ar bhealach tráthúil agus téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach bunaithe ann, agus go dtí go dtiocfar ar chomhaontú leis an tír is soláthraí lena mbaineann, ní dhéanfaidh úsáideoir den sórt sin aon chearta eisiacha d’aon sórt a éileamh ar fhorbairtí a dhéantar trí úsáid phataiginí den sórt sin.

Ní dhéantar aon difear d’ionstraimí speisialaithe idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí a luaitear in Airteagal 2.

Airteagal 5

Clár na mbailiúchán

1.   Déanfaidh an Coimisiún clár bailiúchán a bhunú agus a choinneáil ar bun laistigh den Aontas (“an clár”). Áiritheoidh an Coimisiún gur ar an idirlíon a bheidh an clár agus go mbeidh rochtain éasca ag úsáideoirí air. Cuirfear san áireamh sa chlár tagairtí na mbailiúchán d’acmhainní géiniteacha, nó na gcodanna de na bailiúcháin sin, a aithnítear mar bhailiúcháin nó mar chodanna de bhailiúcháin a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i mír 3.

2.   Arna iarraidh sin do shealbhóir bhailiúcháin faoina dhlínse, breithneoidh Ballstát an bailiúchán sin, nó cuid de, a chur san áireamh sa chlár. Tar éis dó a fhíorú go ndéanann an bailiúchán, nó cuid de, na critéir atá leagtha amach i mír 3 a chomhlíonadh, tabharfaidh an Ballstát fógra gan mhoill mhíchuí don Choimisiún faoi ainm agus sonraí teagmhála an bhailiúcháin agus a shealbhóra, agus faoin gcineál bailiúcháin atá i gceist. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear san áireamh sa chlár gan mhoill.

3.   Le go gcuirfear bailiúchán nó cuid de bhailiúchán san áireamh sa chlár, léireofar leis an mbailiúchán gur féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

nósanna imeachta caighdeánaithe a chur i bhfeidhm chun samplaí d’acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a mhalartú le bailiúcháin eile, agus chun samplaí d’acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a sholáthar do thríú daoine le go n-úsáidfidh siad iad i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus le Prótacal Nagoya;

(b)

gan acmhainní géiniteacha ná faisnéis maidir leo a sholáthar do thríú daoine lena n úsáid ach amháin le doiciméadacht a chuireann fianaise ar fáil go bhfuarthas rochtain ar na hacmhainní géiniteacha agus ar an bhfaisnéis maidir leo i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme nó le ceanglais rialála is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí agus, más ábhartha, le téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach;

(c)

taifid a choimeád ar gach sampla de na hacmhainní géiniteacha agus den fhaisnéis a bhaineann leo a sholáthraítear do thríú daoine lena n-úsáid siúd;

(d)

aitheantóirí uathúla a bhunú nó a úsáid, i gcás inar féidir, le haghaidh samplaí d’acmhainní géiniteacha a dhéantar a sholáthar do thríú daoine; agus

(e)

uirlisí oiriúnacha rianaithe agus faireacháin a úsáid chun samplaí d’acmhainní géiniteacha agus an fhaisnéis a bhaineann leo a mhalartú le bailiúcháin eile.

4.   Fíoróidh na Ballstáit go rialta go gcomhlíonann gach bailiúchán nó gach cuid de bhailiúchán faoina ndlínse atá san áireamh sa chlár na critéir atá leagtha amach i mír 3.

I gcás go bhfuil fianaise ann, ar bhonn faisnéise a sholáthraítear de bhun mhír 3, nach gcomhlíonann bailiúchán nó cuid de bhailiúchán atá san áireamh sa chlár na critéir atá leagtha amach i mír 3, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, in idirphlé le sealbhóir an bhailiúcháin lena mbaineann, gníomhaíochtaí nó bearta leasúcháin a shainaithint gan mhoill mhíchuí.

Aon Bhallstát a chinneann nach gcomhlíonann bailiúchán nó cuid de bhailiúchán atá faoina dhlínse i gcomhréir le mír 3 níos mó, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina leith sin gan mhoill mhíchuí.

Ar an bhfaisnéis sin a fháil dó, bainfidh an Coimisiún an bailiúchán nó an chuid sin den bhailiúchán lena mbaineann den chlár.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú lena gcuirfear mír 1 go mír 4 den Airteagal seo chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 6

Údaráis inniúla agus pointe comhtheagmhála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheith freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha agus seoltaí a gcuid údarás inniúil amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil in iúl don Choimisiún gan mhoill mhíchuí.

2.   Poibleoidh an Coimisiún liosta údarás inniúil na mBallstát, lena n-áirítear tríd an idirlíon. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta.

3.   Ainmneoidh an Coimisiún pointe comhtheagmhála maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí a mbeidh freagracht air as idirchaidreamh a dhéanamh le Rúnaíocht an Choinbhinsiúin maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go rannchuideoidh comhlachtaí an Aontais a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (10) le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-úsáideoirí

1.   Iarrfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar na faighteoirí uile a bhfuil cistiúchán á fháil acu i gcomhair taighde a bhfuil úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha i gceist leis a dhearbhú go bhfeidhmíonn siad dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4.

2.   Ag an gcéim a ndéanfar forbairt chríochnaitheach ar tháirge a forbraíodh trí acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha den sórt sin a úsáid, tabharfaidh úsáideoirí fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) go bhfuil na hoibleagáidí faoi Airteagal 4 comhlíonta acu agus an tráth céanna cuirfidh siad faoina mbráid:

(a)

an fhaisnéis ábhartha ón deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta; nó

(b)

an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b)(i)-(v) agus in Airteagal 4(5), lena n-áirítear faisnéis gur bunaíodh téarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, i gcás inarb infheidhme.

Déanfaidh úsáideoirí fianaise sa bhreis a sholáthar don údarás inniúil arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a fhaigheann siad ar bhonn mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo a tharchur chuig an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí, a bunaíodh faoi Airteagal 14(1) de Phrótacal Nagoya, chuig an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, chuig na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Phrótacal Nagoya.

4.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis an Teach Imréitigh um Rochtain agus Comhroinnt Tairbhí chun malartú na faisnéise a liostaítear in Airteagal 17(2) de Phrótacal Nagoya le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-úsáideoirí a áirithiú.

5.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar rúndacht faisnéise tráchtála nó tionsclaíche a urramú i gcás go ndéantar foráil, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, maidir le rúndacht den sórt sin chun leas dlisteanach eacnamaíoch a chosaint, go háirithe maidir le hainmniú na n-acmhainní géiniteacha agus le hainmniú úsáide.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú lena gcuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo chun feidhme. Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, cinnfidh an Coimisiún an chéim chríochnaitheach forbartha i leith táirge d’fhonn an chéim chríochnaitheach maidir le húsáid a shainaithint in earnálacha éagsúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 8

Dea-chleachtais

1.   Féadfaidh comhlachais úsáideoirí nó páirtithe leasmhara eile iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin go dtabharfar aitheantas mar dhea-chleachtas do theaglaim de nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí, a d’fhorbair comhlachas den chineál sin agus a ndearna siad formhaoirseacht orthu, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Cuirfear fianaise agus faisnéis ar fáil le tacú leis an iarratas.

2.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh, bunaithe ar fhianaise agus ar fhaisnéis a sholáthraítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go gcuireann an teaglaim ar leith de nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí ar chumas an úsáideora, nuair a chuireann sé an teaglaim sin chun feidhme go héifeachtach, ar chumas an úsáideora sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh mar atá leagtha amach faoi Airteagal 4 agus Airteagal 7, tabharfaidh an Coimisiún aitheantas dó mar dhea-chleachtas.

3.   Cuirfidh comhlachas úsáideoirí nó páirtithe leasmhara eile an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe nó aon nuashonruithe a dhéantar ar dhea-chleachtas ar tugadh aitheantas dó i gcomhréir le mír 2.

4.   Má tá fianaise ann go bhfuil cásanna suntasacha ann nó go bhfuil cásanna ann arís agus arís eile inar mhainnigh úsáideoirí a chuireann dea-chleachtas chun feidhme a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, in idirphlé leis an gcomhlachas ábhartha úsáideoirí nó le páirtithe leasmhara eile, an léiríonn na cásanna sin easnaimh fhéideartha maidir leis an ndea-chleachtas.

5.   Tarraingeoidh an Coimisiún siar an t-aitheantas do dhea-chleachtas nuair a bheidh sé tar éis a chinneadh go gcuireann athruithe ar an ndea-chleachtas cumas úsáideora a oibleagáidí faoi Airteagal 4 agus Airteagal 7 a chomhlíonadh i mbaol, nó nuair a bhaineann cásanna neamhchomhlíonadh úsáideoirí arís agus arís eile nó cásanna suntasacha neamhchomhlíonadh úsáideoirí le heasnaimh sa dea-chleachtas.

6.   Bunóidh an Coimisiún clár idirlíon-bunaithe de na dea-chleachtais aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Sa chlár sin, liostófar, i gcuid amháin, na dea-chleachtais a bhfuil aitheantas tugtha ag an gCoimisiún dóibh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus liostófar, i gcuid eile, na dea-chleachtais arna nglacadh ar bhonn Airteagal 20(2) de Phrótacal Nagoya.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta a bhunú lena gcuirfear mír 1 go mír 5 den Airteagal seo chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 9

Seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh úsáideoirí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann úsáideoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 agus faoi Airteagal 7, á chur san áireamh go bhféadfaidh sé go ndéanfar riosca neamhchomhlíonadh úsáideora a laghdú, i gcás ina gcuireann sé dea-chleachtais i dtaca le rochtain agus comhroinnt tairbhí, a aithnítear faoi Airteagal 8(2) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 20(2) de Phrótacal Nagoya, chun feidhme.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na seiceálacha a dhéanfar de bhun mhír 1 éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus go ndéanfar cásanna neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ag úsáideoirí a bhrath leo.

3.   Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích:

(a)

i gcomhréir le plean a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca-bhunaithe ina leith;

(b)

nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní tríú páirtithe maidir le neamhchomhlionadh an Rialacháin seo ag úsáideoir, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo. Déanfar ábhair imní den sórt sin a chuireann tíortha is soláthraithe in iúl a bhreithniú go speisialta.

4.   Féadfar scrúdú ar na nithe seo a leanas a áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a)

na bearta a rinne úsáideoir chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)

doiciméadacht agus taifid a léiríonn go ndearnadh dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 maidir le gníomhaíochtaí sonracha úsáide;

(c)

cásanna ina raibh oibleagáid ar úsáideoir dearbhuithe a dhéanamh faoi Airteagal 7.

Féadfar seiceálacha ar an láthair a dhéanamh freisin, de réir mar is iomchuí.

5.   Tabharfaidh na húsáideoirí an cúnamh uile is gá chun feidhmiú na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú.

6.   Gan dochar d’Airteagal 11, i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás inniúil fógra a eisiúint maidir leis an ngníomhaíocht leasúcháin nó na bearta leasúcháin a bheidh le déanamh ag an úsáideoir.

Ag brath ar chineál na n-easnamh, féadfaidh Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a dhéanamh freisin.

Airteagal 10

Taifid ar sheiceálacha

1.   Coinneoidh na húdaráis inniúla, ar feadh cúig bliana ar a laghad, taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ina léireofar, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon le taifid ar aon ghníomhaíochtaí leasúcháin agus bearta leasúcháin a rinneadh faoi Airteagal 9(6).

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 11

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 4 agus Airteagal 7 agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad.

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Faoin 11 Meitheamh 2015, déanfaidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear i mír 1 agus aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Comhar

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) an méid seo a leanas:

(a)

dul i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáideoirí an Rialachán seo;

(b)

dul i gcomhairle, más iomchuí, le geallsealbhóirí maidir le cur chun feidhme Phrótacal Nagoya agus an Rialacháin seo;

(c)

dul i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Phrótacal Nagoya chun a áirithiú go gcomhlíonann úsáideoirí an Rialachán seo;

(d)

údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon easnaimh thromchúiseacha, a bhraitear trí bhíthin na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 11;

(e)

faisnéis a mhalartú maidir le heagrú a gcórais seiceálacha chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag úsáideoirí.

Airteagal 13

Bearta comhlántacha

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

gníomhaíochtaí faisnéise, ardaithe feasachta agus oiliúna a chur chun cinn agus a spreagadh chun cabhrú le geallsealbhóirí agus le páirtithe leasmhara a gcuid oibleagáidí a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialacháin seo agus fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Nagoya san Aontas a thuiscint;

(b)

forbairt cóid iompraíochta earnála, clásail chonarthacha eiseamláireacha, treoirlínte agus dea-chleachtais a spreagadh, go háirithe i gcásanna ina mbeidís ina dtairbhe do thaighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

(c)

forbairt agus úsáid chóras agus uirlisí cumarsáide atá éifeachtach ó thaobh costais de a chur chun cinn chun tacú le faireachán agus rianú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann bailiúcháin agus úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(d)

treorú teicniúil agus eile a sholáthar d’úsáideoirí, agus cás na dtaighdeoirí acadúla, ollscoile agus neamhthráchtála, agus na bhfiontar beag agus meánmhéide á chur san áireamh, ar mhaithe le comhlíonadh cheanglais an Rialachán seo a éascú;

(e)

úsáideoirí agus soláthraithe a spreagadh chun tairbhí a eascraíonn ó úsáid acmhainní géiniteacha a dhíriú i dtreo chaomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus úsáid a comhpháirteanna ar bhonn inbhuanaithe i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin;

(f)

bearta tacaíochta a chur chun cinn do bhailiúcháin a chuirfidh le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus na héagsúlachta cultúrtha.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Más rud é nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Fóram comhairliúcháin

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara eile rannpháirteach ar bhealach cothrom i saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tiocfaidh siad le chéile i bhfóram comhairliúcháin. Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta an fhóraim comhairliúcháin sin.

Airteagal 16

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Mura gcinnfear tréimhse mhalartach do na tuarascálacha, faoi mar a thagraítear di in Airteagal 29 de Phrótacal Nagoya, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoin 11 Meitheamh 2017 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

2.   Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis na teorann ama chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú tosaigh maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo.

3.   Gach deich mbliana tar éis a chéad thuarascála, athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo i dtaca le cuspóirí Phrótacal Nagoya a bhaint amach, ar bhonn an tuairiscithe ar an Rialachán seo agus ar bhonn na taithí a fuarthas i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina athbhreithniú, breithneoidh an Coimisiún, go háirithe, na hiarmhairtí riaracháin d’institiúidí taighde poiblí, do mhicreafhiontair, d’fhiontair bheaga nó mheánmhéide agus d’earnálacha ar leith. Breithneoidh sé freisin an gá atá le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a athbhreithniú i bhfianaise na bhforbairtí in eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta eile.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus í ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Nagoya faoi na bearta atá déanta ag an Aontas chun bearta comhlíonta i dtaca le Prótacal Nagoya a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   A luaithe agus is féidir tar éis ionstraim ghlactha an Aontais i leith Phrótacal Nagoya a thaisceadh, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina sonrófar an dáta a dtiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta sin.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 7 agus ag Airteagal 9 den Rialachán seo bliain amháin tar éis an dáta a dtiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 161, 6.6.2013, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(3)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(4)  Iarscríbhinn I a ghabhann le Doiciméad UNEP/CBD/COP/DEC/X/1 an 29 Deireadh Fómhair 2010.

(5)  Cinneadh 2014/283/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (Féach leathanach 231 den Iris Oifigiúil seo.).

(6)  Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 i ndáil leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 378, 23.12.2004, lch. 1).

(7)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

72


RIALACHÁN (AE) Uimh. 512/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe, Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar fhorálacha comhcheangailte Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (an “Ghníomhaireacht”) chun creidiúnú slándála na gcóras Eorpach loingseoireachta satailíte (na “córais”) a áirithiú agus, chun na críche sin, is í a thionscnóidh cur chun feidhme na nósanna imeachta slándála agus a dhéanfaidh faireachán air sin agus ar fheidhmíocht na n-iniúchtaí slándála.

(2)

Sainítear na córais in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013. Is córais chasta iad agus bíonn iliomad geallsealbhóirí le rólanna éagsúla bainteach lena mbunú agus lena bhfeidhmiú. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gach geallsealbhóir atá bainteach le cur chun feidhme chlár Galileo agus EGNOS (na “cláir”) faisnéis rúnaicmithe AE a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus leis na híoschaighdeáin a leagtar amach i rialacha slándála an Choimisiúin agus na Comhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint agus go mbeidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, lena ráthaítear leibhéal coibhéiseach cosanta i gcás faisnéis rúnaicmithe AE, nuair is iomchuí, maidir leis na geallsealbhóirí uile atá bainteach leis na cláir a chur chun feidhme.

(3)

Is iad seo leanas na geallsealbhóirí atá páirteach sa phróiseas um chreidiúnú slándála agus a ndéanann sé difear dóibh; na Ballstáit, an Coimisiún, Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE), agus na páirtithe atá bainteach le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle (5).

(4)

I bhfianaise shainiúlacht agus chastacht na gcóras, ba cheart na comhlachtaí éagsúla atá bainteach lena gcur chun feidhme agus na húsáideoirí ionchasacha éagsúla, creidiúnú slándála a éascú trí chomhairliúchán iomchuí le gach páirtí ábhartha, amhail údaráis náisiúnta na mBallstát agus údaráis náisiúnta tríú tíortha a oibríonn gréasáin atá nasctha leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo d’fhonn Seirbhís Rialáilte Poiblí (PRS) a chur ar fáil, údaráis ábhartha eile na mBallstát, GSE nó, sa chás go bhforáiltear dó sin i gcomhaontú idirnáisiúnta, tríú tíortha a bhfuil na stáisiúin ar an talamh de chuid na gcóras lonnaithe ina gcríoch.

(5)

D’fhonn comhlíonadh iomchuí na gcúraimí maidir le creidiúnú slándála a éascú, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis uile atá riachtanach ar fáil chun na cúraimí sin a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach freisin go gcomhordófar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála le hobair na gcomhlachtaí atá freagrach as bainistiú na gclár i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus le heintitis eile atá freagrach as forálacha slándála a chur chun feidhme.

(6)

Ba cheart cur chuige an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca a chuirfear i bhfeidhm a dhéanamh de réir na gcleachtas is fearr. Ba cheart a áireamh ann bearta slándála a chur i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na cosanta doimhne. Ba cheart a chur san áireamh ann a dhóchúla atá sé go dtarlófar riosca nó droch-chinniúint. Ba cheart freisin go mbeadh sé comhréireach, iomchuí agus costéifeachtach, agus costas na mbeart cur chun feidhme chun rioscaí a mhaolú i gcomparáid leis an tairbhe shlándála a bheadh ann ina dhiaidh sin á chur san áireamh. Tá an chosaint dhoimhin dírithe ar shlándáil na gcóras a fheabhsú trí bhearta slándála teicniúla agus neamhtheicniúla a chur chun feidhme agus iad á n-eagrú mar iolsraitheanna cosanta.

(7)

Gníomhaíochtaí thar a bheith íogair atá i gceist le glacadóirí PRS agus le modúil shlándála PRS a fhorbairt agus a mhonarú, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí ábhartha taighde lena mbaineann. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbunófar nósanna imeachta chun monaróirí ghlacadóirí PRS agus mhodúil slándála PRS a údarú.

(8)

Fairis sin, i bhfianaise iliomad líonraí agus trealamh a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, go háirithe chun PRS a úsáid, ba cheart prionsabail chreidiúnaithe slándála na líonraí agus na dtrealamh sin a shainiú sa straitéis creidiúnaithe slándála chun aonchineálacht an chreidiúnaithe a áirithiú gan cúngrú a dhéanamh ar inniúlacht eintiteas náisiúnta na mBallstát atá inniúil ar ábhair shlándála. Le cur i bhfeidhm na bprionsabal sin, d’fhéadfaí riosca a bhainistiú ar bhealach comhsheasmhach agus laghdófaí an gá atá le gníomhaíochtaí maolúcháin a mhéadú ar leibhéal an chórais, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar chostas, ar an sceideal, ar fheidhmíocht agus ar sholáthar seirbhísí.

(9)

I gcás táirgí agus bearta a thugann cosaint ar sceitheadh leictreamaighnéadach (i.e. ar chúléisteacht leictreonach) agus táirgí cripteagrafaíochta a úsáidtear chun slándáil a sholáthar do na córais, ba cheart gurb iad na heintitis náisiúnta, atá inniúil in ábhair shlándála na tíre ina ndéanann an chuideachta táirgí den sórt sin a mhonarú, na táirgí a mheas agus a fhormheas. Maidir le táirgí cripteagrafaíochta, ba cheart an measúnú agus an formheas sin a chomhlánú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bpointe 26 go pointe 30 d’Iarscríbhinn IV de Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (6). Ba cheart don údarás atá freagrach as creidiúnú slándála na gcóras roghnú na dtáirgí agus na mbeart formheasta sin a fhormhuiniú agus ceanglais ghinearálta slándála na gcóras á gcur san áireamh.

(10)

Leagtar amach go sainráite i Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, agus go háirithe i gCaibidil III de, na téarmaí nach mór don Ghníomhaireacht a cúraimí maidir le creidiúnú slándála na gcóras a chomhlíonadh fúthu. Foráiltear ann go háirithe, mar phrionsabal, go ndéanfar na cinntí maidir le creidiúnú slándála go neamhspleách ar an gCoimisiún agus ar na comhlachtaí atá freagrach as na cláir a chur chun feidhme agus go mba chóir gur comhlacht neamhspleách laistigh den Ghníomhaireacht a dhéanann cinntí go neamhspleách a bheidh in údarás um chreidiúnú slándála na gcóras.

(11)

I gcomhréir leis an bprionsabal sin, le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 bunaítear an Bord Creidiúna Slándála do chórais Eorpacha GNSS (an “Bord Creidiúna Slándála”) ar ceann de thrí chomhlacht na Gníomhaireachta é, maille leis an mBord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is é an Bord Creidiúna Slándála a chomhlíonann na cúraimí atá tugtha don Ghníomhaireacht maidir le creidiúnú slándála agus is aige atá an t-údarú cinntí maidir le creidiúnú slándála a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta. Ba cheart dó a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus an cathaoirleach a bheidh air a cheapadh.

(12)

Ós rud é go bhfuil an Coimisiún le slándáil na gclár a áirithiú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, lena n-áirítear slándáil agus oibriúchán na gcóras, ba cheart gníomhaíochtaí an Bhoird Creidiúna Slándála a theorannú do ghníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála na gcóras agus gan dochar a dhéanamh do chúraimí ná d’fhreagrachtaí an Choimisiúin. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le cúraimí agus freagrachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus faoi Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena n-áirítear aon doiciméad a bhaineann le slándáil a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe, trí ghníomh cur chun feidhme nó ar aon bhealach eile i gcomhréir leis na hAirteagail sin. Gan dochar do chúraimí ná do fhreagrachtaí sin an Choimisiúin, i bhfianaise a shaineolais ar leith, ba cheart ar a shon sin go mbeidh an Bord Creidiúna Slándála i dteideal, laistigh dá réimse inniúlachta, comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le dréacht-téacsanna a fhorbairt le haghaidh na ngníomhartha dá dtagraítear sna hAirteagail sin.

(13)

Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála i bhfeidhm gan dochar d’inniúlacht náisiúnta na mBallstát nó do shainchumais náisiúnta na mBallstát i dtaca le creidiúnú slándála.

(14)

Maidir leis an tslándáil, féadfar measúnaithe, cigireachtaí, athbhreithnithe, iniúchtaí agus tástálacha slándála a áireamh ar na téarmaí “iniúchtaí” agus “tástálacha”.

(15)

Ionas go bhféadfaidh an Bord Creidiúna Slándála a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go héifeachtach, ba cheart go bhféadfadh sé fochomhlachtaí iomchuí a chur ar bun a ghníomhóidh de réir a threoracha. Ba cheart dó, go háirithe, painéal a chur ar bun a chuideoidh lena chinntí a ullmhú.

(16)

Ba cheart grúpa saineolaithe ó na Ballstáit a chur ar bun faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála chun cúraimí an Údaráis Chriptea-Dháiliúcháin (ÚCD) a chomhlíonadh maidir le hábhair chripteagrafacha AE a bhainistiú. Ba cheart an grúpa sin a bhunú ar bhonn sealadach chun comhleanúnachas a airithiú i ndáil le hítimí slándála cumarsáide a bhainistiú le linn chéim imlonnaithe chlár Galileo. Ba cheart réiteach inbhuanaithe a chur i bhfeidhm chun cúraimí oibríochtúla den sórt sin a chomhlíonadh san fhadtéarma nuair a bheidh an córas a bhunaítear faoi chlár Galileo go hiomlán oibríochtúil.

(17)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, sainítear socruithe rialaithe poiblí na gclár do an blianta 2014-2020. Leis an Rialachán tugtar freagracht ghinearálta don gCoimisiún maidir leis na cláir. Fairis sin, méadaítear réimse na gcúraimí atá tugtha don Ghníomhaireacht leis agus déantar foráil ann, go háirithe, le go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht ról mór a bheith aici i ndáil le saothrú na gcóras agus leis na sochair shocheacnamaíocha a uasmhéadú.

(18)

Sa chomhthéacs nua seo, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh an Bord Creidiúna Slándála in ann na cúraimí atá tugtha dó a chomhlíonadh le neamhspleáchas iomlán, go háirithe vis-à-vis comhlachtaí agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta agus aon choinbhleachtaí leasa a sheachaint. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach, laistigh den Ghníomhaireacht féin, na gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála a scaradh tuilleadh óna cuid gníomhaíochtaí eile, amhail bainistíocht Ionad Faireacháin Slándála Galileo, an rannchuidiú le tráchtálú na gcóras agus aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an Coimisiúin a shannadh don Ghníomhaireacht trí bhíthin tarmligin, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú na gcóras. Chuige sin, ba cheart don Bhord Creidiúna Slándála agus do bhaill foirne na Gníomhaireachta atá faoina rialú a gcuid oibre a dhéanamh ar shlí ina ndéanfar a n-uathriail agus a neamhspleáchas a áirithiú i ndáil le gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Ba cheart deighilt struchtúrach atá nithiúil agus éifeachtach a chur ar bun laistigh den Ghníomhaireacht idir a cuid gníomhaíochtaí éagsúla faoin 1 Eanáir 2014. Le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta maidir lena foireann, ba cheart go n-áiritheofaí freisin uathriail agus neamhspleáchas na mball foirne a dhéanann na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála vis-à-vis na baill foirne a dhéanann gníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a leasú chun neamhspleáchas agus cumhachtaí an Bhoird Creidiúna Slándála agus a chathaoirligh a mhéadú agus chun an neamhspleáchas agus na cumhachtaí sin a ailíniú cuid mhór le neamhspleáchas agus cumhachtaí an Bhoird Riaracháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta faoi seach, agus foráil á déanamh do cheanglas maidir le comhar idir comhlachtaí éagsúla na Gníomhaireachta.

(20)

Agus comhaltaí na mBord á gceapadh agus Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach na mBord á dtoghadh, ba cheart a chur san áireamh a thábhachtaí atá ionadaíocht chothrom inscne a áirithiú, i gcás inarb iomchuí. Thairis sin, ba cheart scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha a chur i gcuntas freisin.

(21)

Ba cheart gurbh é an Bord Creidiúna Slándála, seachas an Bord Riaracháin, a dhéanfadh an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a ullmhú agus a fhormheas ina bhfuil tuairisc ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le creidiúnú slándála na gcóras maille leis an gcuid sin den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ar ionchais na Gníomhaireachta a bhaineann le gníomhaireachtaí creidiúnaithe slándála na gcóras. Ba cheart dó iad a chur, go tráthúil, chuig an mBord Riaracháin chun go bhféadfar iad a chomhtháthú i gclár oibre agus i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta. Ba cheart dó údarás araíonachta a fheidhmiú ar a Chathaoirleach freisin.

(22)

Maidir le Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, is inmhianaithe ról a thabhairt dó, i ndáil le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála, a bheadh inchurtha leis an ról a imríonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith gníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta. Dá bhrí sin, de bhreis ar an bhfeidhm ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála atá faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála a bhainistiú agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a bhaineann le creidiúnú. Ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála freisin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, tuarascáil a thíolacadh maidir le comhlíonadh chúraimí an Bhoird Creidiúna Slándála agus dearbhú a dhéanamh os a gcomhair.

(23)

Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú don chás ionchasach ar dá réir nach ndéanfaidh an Bord Riaracháin cláir oibre na Gníomhaireachta a fhormheas, d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar difear don phróiseas creidiúna slándála agus go bhféadfar é a chur i gcrích gan aon bhriseadh.

(24)

Ós rud é go bhfuil páirt ag roinnt tríú tíortha sna cláir agus go bhféadfadh páirt a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta iontu, lena n-áirítear i gcúrsaí slándála, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite le go bhféadfaidh ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha a bheith rannpháirteach, go háirithe an Eilvéis ar cheart Comhaontú Comhair a thabhairt i gcrích léi (8), ar bhonn eisceachtúil agus faoi choinníollacha áirithe, in obair an Bhoird Creidiúna Slándála. Ba cheart coinníollacha den sórt sin a shonrú i gcomhaontú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bheidh le tabhairt i gcrích leis an Aontas, lena gcuirfear san áireamh cúrsaí slándála agus, go háirithe, cosaint fhaisnéis rúnaicmithe AE. Déanann an Comhaontú Comhair maidir le Loingseoireacht Satailíte idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht na hIorua (9) chomh maith le Prótacal 31 agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE, creat a sholáthar cheana le haghaidh rannpháirtíocht na hIorua. I bhfianaise a bhfuil de shaineolas ar leith aige, ba cheart go bhféadfaí dul i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála laistigh dá réimse inniúlachta, roimh an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin nó lena linn.

(25)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a ailíniú leis na prionsabail atá léirithe i gcur chuige comhchoiteann Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis na gníomhaireachtaí díláraithe, cur chuige a ghlac na trí institiúid sin an 5 Iúil, an 26 Meitheamh agus an 12 Meitheamh 2012 faoi seach, go háirithe an méid a bhaineann leis na rialacha maidir le cinntí an Bhoird Riaracháin a ghlacadh, le téarmaí oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Creidiúna Slándála maille le téarmaí oifige a gcathaoirleach, le clár oibre ilbhliantúil a bheith ann, le cumhachtaí an Bhoird Riaracháin i ndáil le bainistiú foirne, le meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán sin, le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú agus le faisnéis neamh-rúnaicmithe ach atá íogair a phróiseáil. Ba cheart go gcuirfí i gcrích an próiseas le haghaidh an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh agus prionsabail an chomhair dhílis á gcomhlíonadh go hiomlán agus na srianta ó thaobh ama a bhaineann le clár oibre den sórt sin á gcur san áireamh.

(26)

I ndáil le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú, tá sé ríthábhachtach go mbunaíonn agus go gcothabhálann an Ghníomhaireacht clú na neamhchlaontachta, na sláine agus ardchaighdeán gairmiúil di féin. Níor cheart go mbeadh aon chúis dhlisteanach ann lena cheapadh go mbeadh tionchar ar chinntí ag leasanna a bheadh i gcoinbhleacht le ról na Gníomhaireachta ina cáilíocht mar chomhlacht a dhéanann freastal ar an Aontas go ginearálta nó ag leasanna príobháideacha nó dílseachtaí aon chomhalta de chuid na Gníomhaireachta, aon saineolaí náisiúnta ar iasacht nó breathnóirí, nó aon chomhalta den Bhord Riaracháin nó den Bhord Creidiúna Slándála, a chruthódh coinbhleacht nó a d’fhéadfadh coinbhleacht a chruthú maidir leis an duine i dtrácht a dhualgais oifigiúla a chomhlíonadh go hiomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Riaracháin agus don Bhord Creidiúna Slándála rialacha cuimsitheacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa a chumhdóidh an Ghníomhairecht ar fad. Sna rialacha sin ba cheart na moltaí a d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 15 in 2012 a chur san áireamh, tuarascáil a ullmhaíodh ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa agus an gá atá le coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir Comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Comhaltaí an Bhoird Creidiúna Slándála.

(27)

D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht ar bhealach trédhearcach, ba cheart a rialacha nós imeachta a fhoilsiú. Mar sin féin, mar eisceacht, ba cheart leasanna áirithe poiblí agus leasanna áirithe príobháideacha a chosaint. D’fhonn feidhmiú rianúil a áirithiú do na cláir, ba cheart na cláir oibre ilbhliantúla agus na cláir oibre bhliantúla agus an tuarascáil bhliantúil a bheith chomh mionsonraithe agus is féidir. De thoradh air sin, d’fhéadfadh ábhar a bheith iontu atá íogair ó thaobh slándála nó ó thaobh an chaidrimh chonarthaigh de. Bheadh sé iomchuí dá bhrí sin achoimre feidhmiúcháin amháin de na doiciméid sin a fhoilsiú. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart na hachoimrí sin a bheith chomh hiomlán agus is féidir, mar sin féin.

(28)

Ba cheart a chur i dtreis freisin gur cheart cláir oibre na Gníomhaireachta a chur ar bun ar bhonn próisis bainistíochta feidhmíochta, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta, ar mhaithe le measúnú éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach.

(29)

Ba cheart clársceidealú acmhainní a bheith i gcláir oibre na Gníomhaireachta freisin, lena n-áirítear na hacmhainní daonna agus airgeadais a shanntar do gach gníomhaíocht agus á chur san áireamh gur cheart na costais a bhaineann le riachtanais nua foirne na Gníomhaireachta a chúiteamh go páirteach trí laghdú iomchuí i bplean bunaíochta an Choimisiúin le linn na tréimhse céanna, eadhon ó 2014 go 2020.

(30)

Gan dochar don chinneadh polaitiúil maidir le suíomhanna ghníomhaireachtaí an Aontais, d’inmhianaitheacht raon geografach agus do na cuspóirí a leagann Ballstáit amach maidir le suíomhanna na ngníomhaireachtaí nua, mar atá i gconclúidí Ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile dóibh ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais sa Bhruiséil an 13 Nollaig 2003, agus mar a meabhraíodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i Meitheamh 2008, ba cheart critéir oibiachtúla a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta chun áit a roghnú d’oifigí áitiúla na Gníomhaireachta. Áirítear ar na critéir sin inrochtaineacht na n-áitreabh, bonneagair oideachais atá oiriúnach do leanaí na mball foirne agus do leanaí na saineolaithe náisiúnta ar iasacht, rochtain ar mhargadh an tsaothair, ar an gcóras slándála sóisialta agus ar an gcúram sláinte do theaghlaigh na mball foirne agus do theaghlaigh na saineolaithe náisiúnta ar iasacht, chomh maith le costais cur chun feidhme agus oibriúcháin.

(31)

Ba cheart do na Stáit óstacha na coinníollacha riachtanacha a chur ar fáil trí bhíthin socruithe sonracha ar mhaithe le feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta, amhail áiseanna iomchuí oideachais agus iompair.

(32)

Le Cinneadh 2010/803/AE (10), chinn Ionadaithe Rialtais na mBallstát gur i bPrág a bheadh suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe. Cuireadh an Comhaontú maidir le hÓstú idir Poblacht na Seice agus an Ghníomhaireacht i gcrích an 16 Nollaig 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 9 Lúnasa 2012. Meastar go gcomhlíonann an Comhaontú Aíochta agus socruithe sonracha eile ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 912/2010.

(33)

Tá leasanna airgeadais an Aontais le bheith cosanta trí bhearta comhréireacha a úsáid ar feadh thimthriall iomlán an chaiteachais, go háirithe, trí neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, trí shuirbhéanna a dhéanamh, trí chistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a riaradh go mícheart a aisghabháil agus, más gá, trí phionóis a chur i bhfeidhm.

(34)

Ós rud é go gceadaítear do na Ballstáit, le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, cistí breise a rannchuidiú chun gnéithe áirithe de chláir áirithe a mhaoiniú, ba cheart cead a thabhairt don Ghníomhaireacht conarthaí a bhronnadh i gcomhpháirt leis na Ballstáit nuair is iomchuí sin i dtaca le comhlíonadh a cuid cúraimí.

(35)

Ba cheart don Ghníomhaireacht rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm maidir le slándáil fhaisnéis rúnaicmithe AE. Ba cheart go mbeadh sí in ann rialacha a chur ar bun freisin maidir le faisnéis nach bhfuil rúnaicmithe ach atá íogair a láimhseáil. Ba cheart gur leis an nGníomhaireacht a bhainfeadh na rialacha sin agus faisnéis den sórt sin á láimhseáil aici, agus sa chás sin amháin. Is é atá i gceist le faisnéis íogair nach bhfuil rúnaicmithe faisnéis nó ábhar ar cheart don Ghníomhaireacht í a chosaint de bharr oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna Conarthaí agus/nó de bharr a íogaire atá sí. Áirítear inti faisnéis nó ábhar a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla, dá dtagraítear in Airteagal 339 CFAE, faisnéis a bhaineann le saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) nó faisnéis laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ach níl sé teoranta dóibh sin.

(36)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 go hAirteagal 8:

“Airteagal 2

Cúraimí

Is éard a bheidh i gcúraimí na Gníomhaireachta na cúraimí sin a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 3

Comhlachtaí

1.   Is iad na comhlachtaí seo a leanas a bheidh i gcomhlachtaí na Gníomhaireachta:

(a)

an Bord Riaracháin;

(b)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)

an Bord Creidiúna Slándála do chórais Eorpacha GNSS (an ‘Bord Creidiúna Slándála’).

2.   Déanfaidh comhlachtaí na Gníomhaireachta a gcuid cúraimí a chomhlíonadh de réir mar a shonraítear in Airteagal 6, in Airteagal 8 agus in Airteagal 11 faoi seach.

3.   Oibreoidh an Bord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Bord Creidiúna Slándála na gCóras Eorpach GNSS agus a Chathaoirleach i gcomhar le chéile chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht agus go ndéanfar comhordú ar a cuid comhlachtaí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a chinnfear le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird Creidiúna Slándála, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha cur chun feidhme i dtaca le stádas na foirne agus na rialacha lena rialaítear rochtain ar dhoiciméid.

Airteagal 4

Stádas dlíthiúil, oifigí áitiúla

1.   Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine faoin dlí ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit, faoi réir toiliú a fháil uathu, nó i dtríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 23.

4.   Roghnófar suíomh na n-oifigí sin ar bhonn critéar oibiachtúil a shaineofar chun feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta a áirithiú.

Na forálacha maidir le suiteáil agus feidhmiú na Gníomhaireachta sna Ballstáit óstacha agus sna tríú tíortha óstacha agus na forálacha maidir leis na buntáistí a thug na tríú tíortha don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus don Bhord Creidiúna Slándála agus d’fhoireann na Gníomhaireachta agus do bhaill dá dteaghlaigh, beidh siad faoi réir socruithe sonracha a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit agus na tríú tíortha sin. Déanfaidh an Bord Riaracháin na socruithe sonracha a fhormheas.

5.   Cuirfidh na Ballstáit óstacha agus na tríú tíortha óstacha na coinníollacha is gá ar fáil, trí na socruithe sonracha dá dtagraítear i mír 4, chun feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta a áirithiú.

6.   Faoi réir phointe (f) d’Airteagal 11a(1), déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht thar a ceann.

Airteagal 5

Bord Riaracháin

1.   Leis seo cuirtear Bord Riaracháin ar bun chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 6 a chomhlíonadh.

2.   Is mar a leanas a chomhdhéanfar an Bord Riaracháin:

(a)

ionadaí amháin a cheapfaidh gach Ballstát;

(b)

ceathrar ionadaithe a cheapfaidh an Coimisiún;

(c)

ionadaí amháin gan ceart vótála a cheapfaidh Parlaimint na hEorpa.

Ceapfar comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Creidiúna Slándála ar bhonn mhéid a dtaithí ábhartha agus a saineolais.

Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus beidh sé in-athnuaite uair amháin. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na Ballstáit iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe ar an mBord Riaracháin a theorannú.

Iarrfar ar Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, ar ionadaí de chuid Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’) agus ar ionadaí de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (‘GES’) freastal ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin mar bhreathnóirí, faoi na coinníollacha a leagfar síos i rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfar rannpháirtíocht ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na coinníollacha a bhaineann léi a bhunú sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus comhlíonfar leo sin rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin.

4.   Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas/a cuid dualgas a chomhlíonadh. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, ar téarma é a bheidh in-athnuaite aon uair amháin, agus rachaidh gach téarma oifige in éag nuair a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta den Bhord Riaracháin.

Beidh sé de chumhacht ag an mBord Riaracháin an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach nó an bheirt acu a chur as oifig.

5.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin.

Mura gcinnfidh an Cathaoirleach a mhalairt, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé de ghnáth.

Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin dhá uair sa bhliain. Chomh maith leis sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad dá chomhaltaí.

Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra. Faoi réir fhorálacha rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht an Bhoird Riaracháin.

6.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a mbeidh ceart vótála acu.

Is gá tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile ag a mbeidh ceart vótála chun Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Riaracháin a thoghadh agus a chur as oifig mar a thagraítear dó i mír 4 agus chun an buiséad agus na cláir oibre a ghlacadh.

7.   Beidh vóta amháin ag gach ionadaí de chuid na mBallstát agus ag gach ionadaí de chuid an Choimisiúin. Ní vótálfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ní ghlacfar cinntí a bheidh bunaithe ar phointe (a) agus ar phointe (b) d’Airteagal 6(2) agus ar Airteagal 6(5) gan vóta fabhrach ó ionadaithe an Choimisiúin, ach amháin i gcás na n-ábhar sin a chumhdaítear le Caibidil III.

Déanfar na socruithe níos mionsonraithe faoi vótáil a bhunú le rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, go háirithe na coinníollacha a bhaineann le comhalta do ghníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 6

Cúraimí an Bhoird Riaracháin

1.   Áiritheoidh an Bord Riaracháin go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an obair ar fad a thugtar di faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfaidh sé aon chinneadh is gá chun na críche sin, gan dochar do na hinniúlachtaí a thugtar don Bhord Creidiúna Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le Caibidil III.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:

(a)

clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta don tréimhse atá faoi chumhdach an chreata airgeadais ilbhliantúil a ghlacadh, faoin 30 Meitheamh ar a dhéanaí de bhliain tosaigh an chreata airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tar éis dó an chuid sin den chlár a tharraing an Bord Creidiúna Slándála suas i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(4) a chur isteach ann, gan aon athrú, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil seo, ar choinníoll gurb é cuspóir an chomhairliúcháin tuairimí a nochtadh agus nach mbeidh toradh an chomhairliúcháin ina cheangal ar an nGníomhaireacht;

(b)

clár oibre na Gníomhaireachta don chéad bhliain eile a ghlacadh faoin 15 Samhain gach bliain, tar éis dó an chuid den chlár a tharraing an Bord Creidiúna Slándála suas i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 11(4) a chur isteach ann, gan aon athrú, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil;

(c)

na feidhmeanna buiséadacha dá bhforáiltear in Airteagal 13(5), (6), (10) agus (11) agus in Airteagal 14(5) a chomhlíonadh;

(d)

forbhreathnú a dhéanamh ar fheidhmiú Ionad Faireacháin Slándála Galileo dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(e)

socruithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo;

(f)

na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a fhormheas, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála maidir le forálacha na socruithe sin a bhaineann le creidiúnú slándála;

(g)

nósanna imeachta teicniúla a ghlacadh atá riachtanach chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh;

(h)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta a ghlacadh tar éis dó an chuid sin a tharraing an Bord Creidiúna Slándála suas i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(4) a chur isteach inti, gan aon athrú, agus í a chur, faoin 1 Iúil, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(i)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí maidir le conclúidí agus moltaí na meastóireachtaí agus na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 26 agus maidir le conclúidí agus moltaí na n-imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus gach tuarascáil iniúchta inmheánaí nó seachtraí, agus an fhaisnéis ábhartha uile maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach;

(j)

dul faoi chomhairle an Stiúrthóra Feidhmiúcháin maidir leis na comhaontuithe tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 sula síneofar iad;

(k)

na socruithe oibre a fhormheas, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar socruithe iad idir an Ghníomhaireacht agus GES dá dtagraítear in Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(l)

straitéis frithchalaoise a fhormheas, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(m)

struchtúir eagrúcháin na Gníomhaireachta a fhormheas, i gcás inar gá agus ar bhonn tograí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(n)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú.

3.   Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Bord Riaracháin na cumhachtaí a thugtar di le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (*3) (‘Rialacháin Foirne’) maidir leis an údarás ceapacháin agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais maidir leis an údarás a mbeidh sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a dhéanamh (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’).

Glacfaidh an Bord Riaracháin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a bhunófar ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí seo a fhionraí. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin don Bhord Riaracháin maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe sin. Údarófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcur i bhfeidhm an dara fomhír den mhír seo, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí na n-údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin a fho-tharmligfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

De mhaolú ar an dara fomhír, áfach, ceanglófar ar an mBord Riaracháin na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharmligean do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, ar cumhachtaí iad i dtaca le hearcaíocht, le measúnú, agus le hathaicmiú na mball foirne a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III agus i dtaca leis na bearta araíonachta a bheidh le glacadh i leith na foirne sin.

Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta cur chun feidhme na Rialachán Foirne agus Choinníollacha Fostaíochta na Seirbhíseach Eile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne. Maidir le hearcaíocht, le measúnú, le hathaicmiú na mball foirne a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí faoi Chaibidil III agus na bearta ábhartha araíonachta a bheidh le glacadh, rachaidh an Bord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála roimh an méid sin a dhéanamh agus cuirfidh sé barúlacha an Bhoird sin san áireamh dá réir.

Glacfaidh sé freisin cinneadh faoina leagtar síos rialacha maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta chuig an nGníomhaireacht. Sula nglacfaidh sé an cinneadh sin, rachaidh an Bord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord Creidiúna Slándála maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála dá dtagraítear i gCaibidil III agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh go hiomchuí.

4.   Is é an Bord Riaracháin a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé síneadh nó deireadh a chur lena théarma/lena téarma oifige i gcomhréir le hAirteagal 15b(3) agus (4).

5.   Feidhmeoidh an Bord Riaracháin údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir lena fheidhmíocht/lena feidhmíocht, go háirithe i dtaca le hábhair shlándála a thagann faoi inniúlacht na Gníomhaireachta, ach amháin maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 7

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht, a chomhlíonfaidh a chuid dualgas/a cuid dualgas faoi stiúir an Bhoird Riaracháin, gan dochar do na cumhachtaí a bhronntar ar an mBord Creidiúna Slándála agus ar Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 11a faoi seach.

Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Riaracháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas/a cuid dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

Airteagal 8

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta, ach amháin maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí a dhéanfar i gcomhréir le Caibidil II agus Caibidil III agus síneoidh sé na comhaontuithe tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo;

(b)

na socruithe oibre idir an Ghníomhaireacht agus GES dá dtagraítear in Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo; agus iad a shíniú tar éis údarú a fháil ón mBord Riaracháin;

(c)

obair an Bhoird Riaracháin a ullmhú agus bheith rannpháirteach in obair an Bhoird Riaracháin gan aon cheart vótála a bheith aige, faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 5(5);

(d)

cinntí an Bhoird Riaracháin a chur chun feidhme;

(e)

cláir oibre ilbhliantúla agus cláir oibre bhliantúla na Gníomhaireachta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena bhformheas, seachas na codanna sin a ullmhóidh agus a ghlacfaidh an Bord Creidiúna Slándála i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 11(4);

(f)

cláir oibre ilbhliantúla agus bliantúla a chur chun feidhme, seachas na codanna a chuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála chun feidhme i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 11a(1);

(g)

maidir le gach cruinniú den Bhord Riaracháin, tuarascáil a ullmhú ar dhul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil agus, i gcás inarb ábhartha, an chláir oibre ilbhliantúil, agus an chuid a ullmhóidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 11a(1), a ionchorprú sa tuarascáil sin, gan aon athrú;

(h)

an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta seachas an chuid a ullmhóidh agus a fhormheasfaidh an Bord Creidiúna Slándála, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(4) maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le Caibidil III, a ullmhú, agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena formheas;

(i)

gach beart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(j)

dréachtráiteas a tharraingt suas ar ioncam agus caiteachas measta na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 13 agus an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14;

(k)

a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht, mar oibreoir Ionad Faireacháin Slándála Galileo, in ann freagairt do threoracha a chuirfear ar fáil faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle (*4) agus go bhfuil sí in ann an ról atá aici dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a chomhlíonadh;

(l)

a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha go léir i gcúrsaíocht idir comhlachtaí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo, go háirithe maidir leis an tslándáil;

(m)

tuairim na Gníomhaireachta a chur in iúl don Choimisiún maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla a mbeidh gá leo chun go gcuirfear i bhfeidhm teacht chun cinn na gcóras dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, lena n-áirítear chun na nósanna imeachta maidir le glacadh agus le hathbhreithniú a shainiú, agus maidir le gníomhaíochtaí taighde lena dtabharfar tacaíocht don teacht chun cinn sin;

(n)

agus é ag obair i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála le haghaidh ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a chumhdaítear le Caibidil III den Rialachán seo, struchtúir eagrúcháin na Gníomhaíochta a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena bhformheas;

(o)

i leith fhoireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(3), a fheidhmiú, a mhéid a tharmligfear na cumhachtaí sin dó/di i gcomhréir leis an dara fomhír di;

(p)

tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin, na bearta is gá chun oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit nó i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 4(3) a ghlacadh;

(q)

a áirithiú go ndéanfar an rúnaíocht agus na hacmhainní go léir a bheidh riachtanach i ndáil le feidhmiú ceart a sholáthar don Bhord Creidiúna Slándála, do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(11) agus do Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála;

(r)

plean gníomhaíochta chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar thorthaí agus moltaí na meastóireachtaí agus na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 26, ach amháin an chuid sin den phlean gníomhaíochta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III, a ullmhú, agus an tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin dhá uair in aghaidh na bliana a mbeidh an chuid a dhréachtaigh an Bord Creidiúna Slándála ionchorpraithe inti, gan aon athrú, ar tuarascáil í a chuirfear faoi bhráid an Bhoird Riaracháin freisin mar eolas;

(s)

na bearta seo a leanas a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint:

(i)

bearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí eile neamhdhleathacha agus feidhm á baint aige as bearta éifeachtúla rialaithe;

(ii)

nuair a bhraithfear neamhrialtachtaí, na suimeanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más gá, pionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(t)

straitéis frithchalaoise don Ghníomhaireacht a tharraingt suas ar straitéis í a bheidh comhréireach i dtaca leis na rioscaí calaoise agus aird á tabhairt ar anailís chostais is tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme agus a chuirfidh torthaí agus moltaí a eascróidh ó fhiosruithe OLAF san áireamh agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin lena formheas.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43)."

(*3)  Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1)."

(*4)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe fheidhmiú an chórais Eorpaigh um radaloingseoireachta satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh (IO L 246, 20.7.2004, lch. 30)."

(*5)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtana ar an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí a sholáthraítear ag an gcóras domhanda loingseoireachta satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).”;"

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 8a

Cláir oibre agus tuarascáil bhliantúil

1.   Le clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2), leagfar síos na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích ag an nGníomhaireacht le linn na tréimhse atá cumhdaithe faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhaineann le caidreamh idirnáisiúnta agus leis an gcumarsáid a mbeidh sí freagrach aisti. Leis an gclár seo leagfar amach an clársceidealú foriomlán straitéiseach, lena n-áirítear cuspóirí, spriocanna, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta, agus clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear na hacmhainní daonna agus airgeadais a shannfar do gach gníomhaíocht. Áireofar ann na meastóireachtaí agus iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán seo. Ar mhaithe le heolas, áireofar sa chlár oibre ilbhliantúil freisin tuairisc ar aistriú na gcúraimí a chuir an Coimisiún de chúram ar an nGníomhaireacht, lena n-áirítear na cúraimí i dtaca le bainistiú na gclár dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013.

2.   Beidh an clár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo bunaithe ar an gclár oibre ilbhliantúil. Leagfar síos ansin na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích ag an nGníomhaireacht le linn na bliana dár gcionn, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcaidreamh idirnáisiúnta agus leis an gcumarsáid a mbeidh sí freagrach aisti. Beidh an clár oibre bliantúil comhdhéanta de chuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a mbeifear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Léireofar go soiléir ann cé acu na cúraimí sin a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh le hais chúraimí na bliana airgeadais roimhe sin agus léireofar na hathruithe sna táscairí feidhmíochta agus luachanna a spriocanna. Leagfar amach sa chlár sin freisin na hacmhainní daonna agus airgeadais a shannfar do gach gníomhaíocht. Ar mhaithe le heolas, áireofar sa chlár sin na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún don Ghníomhaireacht trí bhíthin comhaontaithe tarmligthe, de réir mar a cheanglaítear sin, de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cláir oibre ilbhliantúla agus bliantúla, tar éis a nglactha ag an mBord Riaracháin, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus foilseoidh sé achoimre feidhmiúcháin orthu.

4.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(h) den Rialachán seo faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme na gclár oibre ilbhliantúil agus bliantúil, lena n-áirítear na táscairí feidhmíochta;

(b)

cur chun feidhme an bhuiséid agus an phlean beartais foirne;

(c)

córais bainistíochta agus rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta agus dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme córas bainistíochta an tionscnaimh agus na dteicníochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(d)

aon bhearta chun feidhmíocht chomhshaoil na Gníomhaireachta a fheabhsú;

(e)

torthaí iniúchta inmheánacha agus seachtracha agus obair leantach ar mholtaí iniúchta agus ar mholadh urscaoilte;

(f)

ráiteas dearbhaithe an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Poibleofar achoimre fheidhmiúcháin na tuarascála bliantúla.”;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, aon uair a fhéadfaidh sé go ndéanfadh oibriú na gcóras difear do shlándáil an Aontais nó do shlándáil na mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES.”;

(4)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 10 agus Airteagal 11:

“Airteagal 10

Prionsabail ghinearálta

Déanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála do na córais Eorpacha GNSS dá dtagraítear sa Chaibidil seo a chur i gcrích i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

déanfar gníomhaíochtaí agus cinntí creidiúnaithe slándála i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus slándáil na mBallstát;

(b)

déanfar iarrachtaí teacht ar chinntí trí chomhthoil;

(c)

cuirfear gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála i gcrích agus leas á bhaint as cur chuige an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca, agus breathnófar ar an mbaol a bheidh ann do shlándáil na gcóras Eorpach GNSS agus ar an tionchar a bheidh aige sin ar chostas nó ar sceideal birt ar bith chun na rioscaí sin a mhaolú, agus é á chur san áireamh nach mbeifear ag iarraidh leibhéal slándála na gcóras i gcoitinne a laghdú;

(d)

is daoine gairmiúla atá cáilithe go cuí i dtaobh córais chasta a chreidiúnú a ullmhóidh agus a dhéanfaidh na cinntí creidiúnaithe slándála, ar daoine iad a mbeidh imréiteach slándála leordhóthanach acu agus a ghníomhóidh go hoibiachtúil;

(e)

déanfar gach iarracht dul i mbun comhairle leis na páirtithe ábhartha uile a mbeidh leas acu i saincheisteanna slándála;

(f)

cuirfidh na geallsealbhóirí ábhartha uile gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála i bhfeidhm de réir straitéis creidiúnaithe slándála gan dochar do ról an Choimisiúin Eorpaigh a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(g)

beidh cinntí creidiúnaithe slándála bunaithe, i gcomhréir leis an bpróiseas a shainítear sa straitéis ábhartha creidiúnaithe slándála, ar chinntí áitiúla creidiúnaithe slándála a dhéanfaidh údaráis náisiúnta creidiúnaithe slándála na mBallstát faoi seach;

(h)

le próiseas faireacháin a bheidh buan, trédhearcach agus go hiomlán intuigthe, áiritheofar go mbeifear ar an eolas faoi na rioscaí slándála do na córais Eorpacha GNSS, go sainmhíneofar bearta slándála le go laghdófar na rioscaí sin go dtí leibhéal inghlactha i bhfianaise riachtanais slándála an Aontais agus na mBallstát agus go bhfeidhmeoidh na cláir go rianúil agus go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na cosanta doimhne. Beidh meastóireacht á déanamh go leanúnach ar a éifeachtaí a bheidh ag na bearta sin. Is mar phróiseas atriallach a dhéanfaidh geallsealbhóirí na gclár an próiseas sin a bhaineann le measúnú riosca slándála agus le bainistiú riosca slándála;

(i)

glacfar cinntí creidiúnaithe slándála le neamhspleáchas iomlán, lena n-áirítear neamhspleáchas ar an gCoimisiún agus ar na comhlachtaí eile a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gclár agus as seirbhísí a chur ar fáil, chomh maith leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le Bord Riaracháin na Gníomhaireachta;

(j)

déanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a chur i gcrích ag féachaint go cuí don ghá a bheidh le comhordú leordhóthanach idir an Coimisiún agus na húdaráis a bheidh freagrach as forálacha slándála a chur chun feidhme;

(k)

na geallsealbhóirí uile a bheidh bainteach leis na cláir a chur chun feidhme, láimhseálfaidh siad faisnéis rúnaicmithe AE agus cosnóidh siad an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus leis na híoschaighdeáin a leagtar amach i rialacha slándála na Comhairle agus an Choimisiúin faoi seach maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint.

Airteagal 11

An Bord Creidiúna Slándála

1.   Bunaítear Bord Creidiúna Slándála do Chórais Eorpacha GNSS (an ‘Bord Creidiúna Slándála’) chun na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála a chúraimí a chomhlíonadh gan dochar don fhreagracht a leagtar ar an gCoimisiún le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, go háirithe i ndáil leis na hábhair a bhaineann le cúrsaí slándála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le creidiúnú slándála.

3.   Mar údarás creidiúnaithe slándála, beidh an Bord Creidiúna Slándála freagrach as an méid seo a leanas, maidir le creidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS:

(a)

straitéis maidir le creidiúnú slándála a shainiú agus a fhormheas, ar straitéis í ina leagfar amach an méid a leanas:

(i)

raon feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun creidiúnú na gcóras Eorpach GNSS a chur i gcrích agus a choimeád, agus chun a n-idirnasc le córais eile a chur i gcrích agus a choimeád freisin;

(ii)

próiseas creidiúnaithe slándála do chórais Eorpacha GNSS agus é mionsonraithe i gcomhréir leis an leibhéal iontaofachta is gá agus ina léireofar go soiléir na coinníollacha maidir le formheas; cuirfear an próiseas sin i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha, go háirithe iad sin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013;

(iii)

ról na ngeallsealbhóirí ábhartha a bheidh páirteach i bpróiseas an chreidiúnúcháin;

(iv)

sceideal creidiúnúcháin a bheidh ag teacht le céimeanna na gclár, go háirithe i dtaca le leas a bhaint as bonneagar, le soláthar seirbhísí agus le dul chun cinn;

(v)

prionsabail an chreidiúnaithe slándála i gcás líonraí atá nasctha leis na córais agus trealamh PRS atá nasctha leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo a bheidh le cur i gcrích ag eintitis náisiúnta na mBallstát a bheidh inniúil ar ábhair shlándála;

(b)

cinntí creidiúnaithe slándála a dhéanamh, go háirithe i ndáil le lainseálacha satailítí a fhormheas, i ndáil le húdarú a thabhairt chun na córais a oibriú sna cumraíochtaí éagsúla a bhaineann leo agus chun na seirbhísí éagsúla a oibriú, chomh fada leis an gcomhartha sa spás agus an comhartha sin san áireamh, agus i ndáil le húdarú a thabhairt chun na stáisiúin talún a oibriú. Maidir leis na líonraí agus le trealamh PRS atá nasctha leis an gcóras arna bhunú faoi chlár Galileo, ní ghlacfaidh an Bord Creidiúna Slándála cinntí ach amháin maidir le comhlachtaí a údarú chun glacadóirí PRS nó modúil slándála PRS a fhorbairt agus a mhonarú, agus cuirfear san áireamh an chomhairle a chuirfidh na heintitis náisiúnta a bheidh inniúil ar ábhair shlándála ar fáil agus na rioscaí foriomlána slándála;

(c)

an doiciméadacht uile a bhaineann le creidiúnú slándála a scrúdú agus a fhormheas, ach amháin i gcás doiciméad a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus faoi Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE;

(d)

comhairle a thabhairt don Choimisiún, laistigh dá réimse inniúlachta, chun dréacht-téacsanna a fhorbairt i gcás gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, lena n-áirítear chun nósanna imeachta oibríochta slándála (SecOps) a bhunú, agus ráiteas a thabhairt ina mbeidh cur síos ar a sheasamh deiridh;

(e)

an measúnú riosca a forbraíodh i gcomhréir leis an bpróiseas faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 10(h) a scrúdú agus a fhormheas, agus comhlíonadh na ndoiciméad dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo agus na ndoiciméad a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 agus le hAirteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE á gcur san áireamh; ag oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun bearta maolúcháin riosca a shainiú;

(f)

cur chun feidhme na mbeart slándála a sheiceáil maidir le creidiúnú slándála chórais Eorpacha GNSS trí mheasúnuithe slándála, trí chigireachtaí nó trí athbhreithnithe a dhéanamh nó a urrú, i gcomhréir le hAirteagal 12(b) den Rialachán seo;

(g)

roghnú na dtáirgí agus na mbeart formheasta a thabharfaidh cosaint ar chúléisteacht leictreonach (Tempest) agus roghnú na dtáirgí formheasta cripteagrafaíochta a úsáidfear chun slándáil a sholáthar do chórais Eorpacha GNSS a fhormhuiniú;

(h)

idirnasc chórais Eorpacha GNSS le córais eile a fhormheas, nó i gcás inarb ábhartha, páirt a ghlacadh i bhformheas comhpháirteach an idirnaisc sin, in éineacht leis an eintiteas ábhartha a bheidh inniúil ar ábhair shlándála;

(i)

comhaontú leis na Ballstáit ábhartha maidir le teimpléad a cheapadh chun rochtain a rialú dá dtagraítear in Airteagal 12(c);

(j)

ar bhonn na dtuarascálacha riosca dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, an Coimisiún a chur ar an eolas faoin measúnú riosca a dhéanfaidh sé agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún faoi na roghanna chun déileáil leis an riosca iarmharach a bhaineann le cinneadh creidiúnaithe slándála faoi leith;

(k)

cúnamh a thabhairt don Chomhairle, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, maidir le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES a chur chun feidhme arna iarraidh sin go sonrach don Chomhairle;

(l)

na comhairliúcháin is gá a dhéanamh chun na cúraimí a bheidh air a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála freisin na nithe seo a leanas:

(a)

ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid sin den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8a(1) maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá leis na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

(b)

ullmhóidh sé agus formheasfaidh sé an chuid den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá leis na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

(c)

ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid sin den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(2) maidir leis na gníomhaíochtaí agus na hionchais de chuid na Gníomhaireachta a chumhdaítear leis an gCaibidil seo maille leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá leis na gníomhaíochtaí agus na hionchais sin a chur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

(d)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú.

5.   Coinneoidh an Coimisiún an Bord Creidiúna Slándála ar an eolas ar bhonn leanúnach maidir leis an tionchar a bheidh ag aon chinneadh a bheartaíonn an Bord Creidiúna Slándála a dhéanamh ar sheoladh cuí na gclár agus ar chur chun feidhme na bpleananna chun déileáil le riosca iarmharach. Tabharfaidh an Bord Creidiúna Slándála aon tuairim den sórt sin ón gCoimisiún dá aire.

6.   Díreofar cinntí an Bhoird Creidiúna Slándála chuig an gCoimisiún.

7.   Is iad a bheidh ar an mBord Creidiúna Slándála ionadaí amháin ó gach Ballstát, ionadaí amháin ón gCoimisiún agus ionadaí amháin ón Ardionadaí. Déanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún, agus an tArdionadaí iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe ar an mBord Creidiúna Slándála a theorannú. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Creidiúna Slándála, agus beidh sé in-athnuaite. Tabharfar cuireadh d’ionadaí ó GES freastal ar chruinnithe an Bhoird Creidiúna Slándála mar bhreathnadóir. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar na cruinnithe seo mar bhreathnóirí i gcás ábhar a bhaineann go díreach le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar socruithe maidir le rannpháirtíocht na n-ionadaithe sin ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus coinníollacha maidir léi a bhunú sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus comhlíonfar leo rialacha nós imeachta an Bhoird Creidiúna Slándála.

8.   Toghfaidh an Bord Creidiúna Slándála Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chuid comhaltaí trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí uile a mbeidh ceart vótála acu. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é go gcuirtear cosc ar an gCathaoirleach a chuid dualgas/a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Beidh sé de chumhacht ag an mBord Creidiúna Slándála an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach nó an bheirt acu a chur as oifig. Glacfaidh sé an cinneadh maidir le duine a chur as oifig trí thromlach dhá thrian.

Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála, ar téarma é a bheidh in-athnuaite uair amháin. Rachaidh téarma oifige ceachtar duine in éag má scoireann sé nó sí de bheith ina chomhalta/comhalta den Bhord Creidiúna Slándála.

9.   Beidh na hacmhainní daonna agus ábhartha uile is gá ar fáil don Bhord Creidiúna Slándála chun na feidhmeanna iomchuí tacaíochta riaracháin a sholáthar agus chun é a bheith ar a chumas, i gcomhar leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 11, a chúraimí a chomhlíonadh go neamhspleách, go háirithe agus comhaid á láimhseáil aige, cur chun feidhme na nósanna imeachta slándála á thionscnamh aige agus faireachán á dhéanamh aige air sin agus iniúchtaí slándála á ndéanamh aige ar na córais, a chinntí á n-ullmhú aige agus a chruinnithe á n-eagrú aige. Beidh rochtain aige freisin ar an bhfaisnéis uile atá riachtanach chun a chúraimí atá i seilbh na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, gan dochar do phrionsabail na huathrialach agus an neamhspleáchais dá dtagraítear in Airteagal 10(i).

10.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála agus na baill foirne de chuid na Gníomhaireachta a cuireadh faoina mhaoirseacht a gcuid oibre sa chaoi go n-áiritheofar uathriail agus neamhspleáchas i ndáil le gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta, go háirithe gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le saothrú na gcóras, i gcomhréir le cuspóirí na gclár. Chuige sin, socrófar deighilt éifeachtach eagraíochtúil sa Ghníomhaireacht idir an fhoireann a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an fhoireann eile sa Ghníomhaireacht. Cuirfidh an Bord Creidiúna Slándála an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Bord Riaracháin agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon chúinsí a d’fhéadfadh cur isteach ar a uathriail agus ar a neamhspleáchas. I gcás nach bhfaighfear aon leigheas laistigh den Ghníomhaireacht, breathnóidh an Coimisiún ar an gcás, i gcomhar leis na páirtithe ábhartha. Ar bhonn na dtorthaí ar an scrúdú sin, glacfaidh an Coimisiún na bearta maolaithe uile is iomchuí a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi.

11.   Déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála fochomhlachtaí speisialta a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sonracha agus gníomhóidh na fochomhlachtaí sin de réir treoracha ón mBord Creidiúnú Slándála. Go háirithe, agus leanúnachas na hoibre á áirithiú aige, bunóidh an Bord painéal a sheolfaidh athbhreithnithe agus tástálacha i ndáil le hanailísí slándála chun na tuarascálacha riosca ábhartha a thiomsú chun cabhrú leis le linn dó a chinntí a ullmhú. Féadfaidh an Bord Creidiúna Slándála sainghrúpaí a chur ar bun agus a scor chun cur le hobair an phainéil seo.

12.   Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát nó do chúram na Gníomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, le linn chéim imlonnaithe chlár Galileo, bunófar grúpa saineolaithe ó na Ballstáit faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála chun cúraimí Údaráis Chriptea-Dháiliúcháin (ÚCD) a bhaineann le hábhair chripteagrafacha AE a chomhlíonadh go háirithe maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(i)

bainistiú na n-eochracha eitilte agus eochracha eile a bheidh riachtanach le haghaidh fheidhmiú an chórais sin a bhunófar faoi chlár Galileo;

(ii)

bunú agus forfheidhmiú na nósanna imeachta sin i ndáil le córas cuntasaíochta, córas láimhseála sláine, córas stórála agus dáileadh na n-eochracha PRS a fhíorú.

13.   Más rud é nach féidir teacht ar chomhthoil de réir na bprionsabal ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Creidiúna Slándála cinntí ar bhonn vótála tromlaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus gan dochar d’Airteagal 9 den Rialachán seo. Ní chaithfidh ionadaí an Choimisiúin ná ionadaí an Ardionadaí vóta. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála na cinntí a ghlacfaidh an Bord Creidiúna Slándála a shíniú thar ceann an Bhoird Creidiúna Slándála.

14.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, faoin tionchar a bheidh ag glacadh na gcinntí creidiúnaithe slándála ar sheoladh cuí na gclár. Má mheasann an Coimisiún go mbeidh éifeacht shuntasach ag cinneadh a rinne an Bord Creidiúna Slándála ar sheoladh cuí na gclár, mar shampla i dtéarmaí costas, sceidil nó feidhmíochta, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

15.   Agus tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle á gcur san áireamh aige, tuairimí ar cheart iad a chur in iúl laistigh de mhí amháin, féadfaidh an Coimisiún aon bheart leordhóthanach a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013.

16.   Coinneofar an Bord Riaracháin ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn a dhéanfar in obair an Bhoird Creidiúna Slándála.

17.   Urramófar an clár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 san amchlár le haghaidh obair an Bhoird Creidiúna Slándála.”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 11a

Cúraimí Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála

1.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a bhainistiú faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála;

(b)

cur chun feidhme an choda sin de chláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na Gníomhaireachta a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a áirithiú faoi mhaoirseacht an Bhoird Creidiúna Slándála;

(c)

obair i gcomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun cuidiú leis an dréachtphlean bunaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(3) mar aon le struchtúir eagrúcháin na Gníomhaireachta a tharraingt suas;

(d)

an chuid den tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 8(g) a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Creidiúna Slándála go tráthúil ionas gur féidir í a chur isteach sa tuarascáil ar dhul chun cinn;

(e)

an chuid den tuarascáil bhliantúil agus den phlean gníomhaíochta a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal 8(h) agus (r) faoi seach, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, agus í a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin go tráthúil;

(f)

ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta i gcás na ngníomhaíochtaí agus na gcinntí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo;

(g)

na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(3), a tharmligfear chuige nó chuici i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 6(3), i leith fhoireann na Gníomhaireachta a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí sa Chaibidil seo, a fheidhmiú.

2.   Maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar Chathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála malartú tuairimí a bheith acu maidir le hobair agus le hionchais na Gníomhaireachta os comhair na n-institiúidí, lena n-áirítear maidir leis na cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla.”;

(6)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ceadóidh siad do dhaoine cuí-údaraithe a cheapfaidh an Bord Creidiúna Slándála, i gcomhaontú leis na heintitis náisiúnta a bheidh inniúil ar ábhair shlándála agus faoina maoirseacht, rochtain a bheith acu ar aon fhaisnéis agus ar aon limistéir agus/nó ar aon suímh a bhaineann le slándáil na gcóras a thagann faoina ndlínse, agus déanfar amhlaidh i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, agus gan aon idirdhealú a dhéanamh ar fhoras náisiúntacht náisiúnaigh na mBallstát, lena n-áirítear rochtain chun críocha iniúchtaí agus tástálacha slándála a chinnfidh an Bord Creidiúna Slándála agus lena n-áirítear an próiseas faireacháin i ndáil le rioscaí slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(h). Déanfar na hiniúchtaí seo agus na tástálacha seo i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(i)

leagfar béim ar chúrsaí slándála agus ar bhainistiú éifeachtach riosca laistigh de na heintitis a ndéanfar cigireacht orthu;

(ii)

molfar frithbhearta chun an tionchar sonrach a bheadh ag cailliúint rúndachta a mhaolú, mar aon le sláine nó le hinfhaighteacht faisnéise rúnaicmithe.”;

(7)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas, i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III, dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn agus cuirfear in iúl go soiléir an t-idirdhealú idir na gnéithe sin den dréachtráiteas faoi mheastacháin a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil le creidiúnú slándála ó ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Féadfaidh Cathaoirleach an Bhoird Creidiúna Slándála ráiteas a scríobh i ndáil leis an dréacht sin agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtmheastachán agus an ráiteas ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin agus chuig an mBord Creidiúna Slándála agus beidh dréachtphlean bunaíochta ag gabháil leo freisin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

“5.   Gach bliain, ullmhóidh an Bord Riaracháin ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain dár gcionn ar bhonn an dréachtráitis ar ioncam agus ar chaiteachas agus i ndlúthchomhar leis an mBord Creidiúna Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III.

6.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, faoin 31 Márta, an ráiteas faoi mheastacháin, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta, mar aon leis an gclár oibre bliantúil sealadach, san áireamh ann, a chur ar aghaidh, chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tíortha agus chuig na heagraíochtaí idirnáisiúnta a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas leo i gcomhréir le hAirteagal 23(1).”;

(8)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh an 30 Aibreán sa bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N; cé is moite den chuid de chur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le cúraimí a chuirfear de chúram, más iomchuí, ar an nGníomhaireacht faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, a mbeidh feidhm ina leith ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

(*6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”;"

(9)

cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IVa

ACMHAINNÍ DAONNA

Airteagal 15a

An fhoireann

1.   Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir leis an bhfoireann arna fostú ag an nGníomhaireacht.

2.   Is éard a bheidh i bhfoireann na Gníomhaireachta seirbhísigh a earcóidh an Ghníomhaireacht de réir mar is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh. Beidh imréiteach slándála acu is iomchuí d’aicmiú na faisnéise a bheidh á próiseáil acu.

3.   Rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird Creidiúna Slándála, rialacha nós imeachta airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne agus na rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar na doiciméid, áiritheofar leo go mbeidh uathriail agus neamhspleáchas ag na baill foirne a bheidh ag déanamh ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta i leith na mball foirne a bheidh ag déanamh gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála, de bhun Airteagal 10(i).

Airteagal 15b

Ainmniú agus Téarma Oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Earcófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthoir Riaracháin a cheapadh ar bhonn a thuillteanais agus a scileanna a taifeadadh i réimse an riaracháin agus na bainistíochta, ar bhonn a inniúlachtaí agus a thaithí ábhartha sna réimsí i gceist, as measc painéil iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún ag deireadh comórtais oscailte thrédhearcaigh, i ndiaidh glao ar léiriú spéise a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó i bhfoilseacháin eile.

Féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Riaracháin a luaithe is féidir ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a fhreagairt óna gcuid Feisirí.

Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Uachtarán na Comhairle ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

Is trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh i dtaobh cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Ag deireadh an téarma oifige sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ina gcuirfear san áireamh cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta sa todhchaí.

Ar bhonn togra ón gCoimisiún agus ag cur san áireamh an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Bord Riaracháin síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin aon uair amháin ar feadh tréimhse suas le ceithre bliana.

Is trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Riaracháin a ghlacfar aon chinneadh chun tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh.

Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ndearnadh síneadh ar a théarma oifige bheith rannpháirteach dá éis sin i nós imeachta roghnúcháin don phost céanna.

Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin rún a bheidh aige téarma oifige an Stiúrthóra a shíneadh. Roimh an síneadh, féadfar iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na bhFeisirí a fhreagairt.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost, ar bhonn togra ón gCoimisiún nó ó aon trian dá chomhaltaí, trí bhíthin cinnidh a ghlacfaidh dhá thrian dá chomhaltaí.

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iarraidh ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bhoird Creidiúnú Slándála malartú tuairimí a bheith acu maidir le hobair agus le hionchais na Gníomhaireachta os comhair na n-institiúidí sin, lena n-áirítear maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus bliantúil. Ní phléifear ábhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a chumhdaítear le Caibidil III leis an malartú tuairimí sin.

Airteagal 15c

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Ina theannta sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar iontaoibh saineolaithe náisiúnta. Beidh imréiteach slándála ag na saineolaithe sin is iomchuí d’aicmiú na faisnéise a bheidh á próiseáil acu. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16 agus Airteagal 17:

“Airteagal 16

Cosc ar chalaois

1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7). Chuige sin, aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha a dhéanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (*8) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le baill foirne na Gníomhaireachta agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht trí úsáid a bhaint as an gcinneadh múnla atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí maoirseacht a dhéanamh ar thairbhithe chistiú na Gníomhaireachta agus freisin ar na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí a fuair cabhair ó chistí an Aontais tríd an nGníomhaireacht, ar bhonn doiciméad a thabharfar di nó ar bhonn úsáid a bhaint as cigireachtaí ar an láthair.

3.   Maidir leis na fóirdheontais a mhaoineoidh nó na conarthaí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht, féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (*9), d’fhonn an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3 den Airteagal seo, forálfar go sainráite sna comhaontuithe a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí agus sna comhaontuithe deontais a thabharfaidh an Ghníomhaireacht i gcrích le tríú páirtithe, agus gach cinneadh airgeadais a a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht, go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 17

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an nGníomhaireacht agus a baill foirne dá dtagraítear in Airteagal 15a.

(*7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)."

(*8)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15."

(*9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”;"

(11)

scriostar Airteagal 18;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22 agus Airteagal 23:

“Airteagal 22

Rialacha slándála maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe nó íogaire

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na rialacha i bhfeidhm i dtaobh shlándáil an Choimisiúin maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht forálacha a bhunú, maidir lena rialacha inmheánacha, chun láimhseáil le faisnéis nach mbeidh rúnaicmithe ach a bheidh íogair. Cumhdófar leis na forálacha sin, inter alia, í a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 22a

Coinbhleachtaí leasa

1.   Déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Creidiúna Slándála, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leis na saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht agus na breathnóirí, dearbhú gealltanas agus dearbhú leasa ina léireofar nach ann nó gurb ann d’aon leasanna díreacha nó indíreacha a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Beidh na dearbhuithe sin cruinn agus iomlán. Déanfar iad i scríbhinn agus iad ag dul i mbun a gcuid cúraimí agus déanfar iad a athnuachan uair in aghaidh na bliana. Déanfar iad a nuashonrú nuair is gá, go háirithe i gcás athruithe ábhartha ar chúinsí pearsanta na ndaoine lena mbaineann.

2.   Dearbhóidh Comhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Comhaltaí an Bhoird Creidiúna Slándála, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar aon leis na saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht agus breathnóirí agus na saineolaithe seachtracha a ghlacfaidh páirt i meithleacha ad hoc, go cruinn agus go hiomlán roimh aon chruinniú a mbeidh siad rannpháirteach ann, nach ann nó gurb ann d’aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítimí a bheidh ar an gclár agus ní ghlacfaidh siad páirt sa phlé ná sa vótáil ar na pointí sin.

3.   Leagfaidh an Bord Riaracháin agus an Bord Creidiúna Slándála síos ina rialacha nós imeachta na socruithe praiticiúla maidir leis an riail i ndáil le dearbhú leasa dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus i ndáil le coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.

Airteagal 23

Rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht. Déanfar rannpháirtíocht den sórt sin agus coinníollacha maidir léi a bhunú i gcomhaontú idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcomhréir le forálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe lena sonrófar na rialachas mionsonraithe praiticiúla maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin nó na n-eagraíochtaí sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear socruithe a bhaineann lena rannpháirtíocht sna tionscnaimh a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne.

Airteagal 23a

Soláthar comhpháirteach leis na Ballstáit

Chun a cúraimí a chomhlíonadh, beidh an Ghníomhaireacht údaraithe conarthaí a bhronnadh i gcomhpháirt leis na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (*10).

(*10)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).”;"

(13)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Athbhreithniú, meastóireacht agus iniúchadh

1.   Faoin 31 Nollaig 2016 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an nGníomhaireacht ina ndíreofar go háirithe ar an tionchar atá aici, ar chomh héifeachteach atá sí, ar cé chomh maith a fheidhmíonn sí, ar a modhanna oibre, ar a riachtanais agus ar an úsáid a bhaintear as na hacmhainní a thugtar di. San áireamh sa mheastóireacht beidh, go háirithe, measúnú ar aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar raon feidhme nó ar chineál chúraimí na Gníomhaireachta agus ar an tionchar airgeadais a bhainfeadh leis an athrú sin. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht ar fheidhmiú beartas na Gníomhaireachta maidir le coinbhleacht leasa agus léireofar inti aon chúinsí lena bhféadfaí gur dochraíodh neamhspleáchas agus uathriail an Bhoird Creidiúna Slándála.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht agus a chonclúidí féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Bhoird Riaracháin agus Bhord Creidiúna Slándála na Gníomhaireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

3.   Áireofar i meastóireacht amháin as gach dhá cheann, scrúdú ar chlár comhardaithe na Gníomhaireachta i bhfianaise a cuspóirí agus a cúraimí. Má mheasann an Coimisiún nach fiú an Ghníomhaireacht a choinneáil ar bun níos mó i bhfianaise a cuspóirí agus a cúraimí, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a aisghairm.

4.   Féadfar iniúchtaí seachtracha maidir le feidhmíocht na Gníomhaireachta a dhéanamh arna iarraidh sin don Bhord Riaracháin nó don Choimisiún.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 198, 10.7.2013, lch. 67.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 276, 20.10.2010, lch. 11).

(5)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe fheidhmiú an chórais Eorpaigh um radaloingseoireacht satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh (IO L 246, 20.7.2004, lch. 30).

(6)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(7)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtain ar an tseirbhís faoi rialáil phoiblí a sholáthraíonn an córas domhanda loingseoireachta satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).

(8)  IO L 15, 20.1.2014, lch. 1.

(9)  IO L 283, 29.10.2010, lch. 12.

(10)  Cinneadh 2010/803/AE a glacadh de chomhthoil idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 10 Nollaig 2010 maidir leis an áit ina mbeidh suíomh na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS (IO L 342, 28.12.2010, lch. 15).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

93


RIALACHÁN (AE) Uimh. 513/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin beart d’fhonn an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhar idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus údaráis náisiúnta eile de chuid na mBallstát, lena n-áirítear le Europol nó le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

(2)

Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ní mór gníomhaíochtaí feabhsaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais le gur féidir daoine agus earraí a chosaint ar bhagairtí atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Bíonn an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an choireacht ghluaisteach, an gháinneáil ar dhrugaí, an t-éilliú, an chibearchoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus ar airm, inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach an Aontais.

(3)

Is é atá i Straitéis Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach (“Straitéis Slándála Inmheánaí”), arna glacadh ag an gComhairle i bhFeabhra 2010, clár oibre comhpháirteach le dul i ngleic leis na comhdhúshláin slándála seo. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2010 dar teideal “Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i mbun Gnímh: Cúig chéim chun an Eoraip a dhéanamh níos sláine”, aistrítear prionsabail agus treoirlínte na straitéise isteach ina ngníomhaíochtaí nithiúla trí chúig chuspóir straitéiseacha a shainaithint: cur isteach ar ghréasáin choireachta idirnáisiúnta, an sceimhlitheoireacht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar radacú agus ar earcaíocht, leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa chibearspás, slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann agus athléimneacht na hEorpa a mhéadú in aghaidh géarchéimeanna agus tubaistí.

(4)

Ar na príomhphrionsabail a threoraíonn cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha agus don smacht reachta, fócas láidir ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an nasc agus ar an gcomhchuibheas is gá leis an tslándáil sheachtrach.

(5)

Chun cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí a chur chun cinn agus lena áirithiú go dtiocfaidh sí chun bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) a chur ar bun agus a bhainistiú.

(6)

Ba cheart go léireodh an Ciste an gá atá ann le solúbthacht mhéadaithe agus le simpliú méadaithe agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á n-urramú, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(7)

Is iad na treoirphrionsabail i gcur chun feidhme an Chiste éifeachtúlacht na mbeart agus cáilíocht an chaiteachais. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme freisin ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir.

(8)

In am na déine maidir le beartais an Aontais, chun fadhbanna eacnamaíocha a shárú tá gá le solúbthacht athnuaite, bearta eagraíochtúla nuálacha, úsáid níos fearr a bhaint as na struchtúir atá ann cheana féin, agus comhordú idir institiúidí an Aontais, gníomhaireachtaí an Aontais agus údaráis náisiúnta agus le tríú tíortha.

(9)

Is gá tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais, idir phoiblí agus phríobháideach, a shlógadh, a chomhthiomsú agus a ghiaráil.

(10)

Le timthriall beartais an AE, arna bhunú ag an gComhairle an 8-9 Samhain 2010, dírítear ar dhul i ngleic leis na bagairtí coiriúla tromchúiseacha agus eagraithe is mó tábhacht don Aontas ar bhealach comhtháite agus modheolaíoch tríd an gcomhar is fearr is féidir idir na seirbhísí ábhartha. D’fhonn tacú le cur chun feidhme éifeachtach an timthrialla ilbhliantúil seo, ba cheart go mbainfeadh cistiúchán faoin ionstraim a bhunaítear leis an Rialachán seo (“an Ionstraim”) úsáid as na modhanna uile cur chun feidhme is féidir mar a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) iad, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhainistíocht indíreach, chun seachadadh tráthúil agus éifeachtach na ngníomhaíochtaí agus na dtionscadal a áirithiú.

(11)

De bharr na sainghnéithe dlí is infheidhme maidir le Teideal V CFAE, ní féidir an Ciste a bhunú mar ionstraim airgeadais aonair. Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais i réimse na slándála inmheánaí ina gcuimsítear an Ionstraim agus an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat cuimsitheach sin le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(12)

Féadfar dul i ngleic go héifeachtach trí chomhar póilíneachta le coireacht thrasteorann amhail gáinneáil ar dhaoine agus eagraíochtaí coiriúla a bheith ag teacht i dtír ar inimirce neamhdhlíthiúil.

(13)

Leagtar síos go comhpháirteach leis na hacmhainní foriomlána don Rialachán seo agus do Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 an t-imchlúdach airgeadais don thréimhse iomlán an Chiste, arb é a bheidh ann an méid príomhthagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(14)

Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2013 maidir le coireacht eagraithe, le héilliú agus le sciúradh airgid, aithníodh gur dúshlán Eorpach atá sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus éilíodh go mbeadh tuilleadh comhair ann idir na Ballstáit i réimse fhorghníomhú an dlí, de bhrí gur rud bunúsach é dul i ngleic go héifeachtach le coireacht eagraithe chun an geilleagar dleathach a chosaint ó ghníomhaíochtaí coiriúla tipiciúla amhail na fáltais ó choireacht a sciúradh.

(15)

Faoi chuimsiú chreat cuimsitheach an Chiste, ba cheart don chúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim tacú le comhar póilíneachta, malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis, cosc na coireachta, an comhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, na coireachta eagraithe agus na coireachta tromchúisí, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, éilliú, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine agus ar airm, dúshaothrú na hinimirce neamhdhleathaí, dúshaothrú gnéasach leanaí, dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí, cibearchoireacht, sciúradh na bhfáltas ó choireacht, daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil agus bainistíocht éifeachtach ar rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus comhbheartais (straitéisí, timthriallacha beartais, cláir agus pleananna gníomhaíochta), an reachtaíocht agus an comhar praiticiúil á gcur san áireamh.

(16)

Ba cheart don chúnamh airgeadais sna réimsí seo tacú go háirithe le gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn comhoibríochtaí trasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, malartú dea-chleachtas, cumarsáid agus comhordú éascaithe agus slán, oiliúint agus malartú foirne, gníomhaíochtaí anailíse, faireacháin agus meastóireachta, measúnuithe cuimsitheacha ar rioscaí agus ar bhagairtí, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a leagtar amach i CFAE, gníomhaíochtaí múscailte feasachta, tástáil agus fíorú na teicneolaíochta nua, taighde na heolaíochta fóiréinsí, fáil an trealaimh theicniúil idir-inoibrithigh agus comhar idir na Ballstáit agus comhlachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Europol. Níor cheart do chúnamh airgeadais sna réimsí sin tacaíocht a thabhairt ach amháin do ghníomhaíochtaí atá comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

(17)

Laistigh de chreat cuimsitheach de straitéis frithdhrugaí an Aontais a mholann cur chuige cothrom atá bunaithe ar laghdú comhuaineach ar sholáthar agus éileamh, ba cheart, leis an gcúnamh dlíthiúil a sholáthraítear faoin Ionstraim seo, tacaíocht a thabhairt atá dírithe ar gháinneáil ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac (soláthar a laghdú), agus go háirithe bearta atá dírithe ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar eastóscadh, ar dhíolaíocht, ar iompar, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú drugaí mídhleathacha, lena n-áirítear seilbh a bheith orthu agus iad a cheannach, d’fhonn a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáinneála drugaí.

(18)

Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhchuibhis le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist, le prionsabail dhaonlathacha agus luachanna daonlathacha, le saoirsí agus cearta bunúsacha, leis an smacht reachta agus le ceannas tríú tíortha. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leis na bearta tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar fhorbairt agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Ba cheart féachaint le comhchuibheas le beartas daonnúil an Aontais a bhaint amach freisin, go háirithe maidir le cur chun feidhme na mbeart éigeandála.

(19)

Ba cheart an Ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(20)

De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ba cheart go dtacódh an Ionstraim le gníomhaíochtaí a áirithíonn cosaint do leanaí in aghaidh foréigin, mí-úsáide, dúshaothraithe agus faillí. Ba cheart go dtacódh an Ionstraim freisin le coimircí agus cúnamh do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n-íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó ar shlí eile a bhfuil gá le caomhnóireacht acu.

(21)

Leis an Ionstraim ba cheart go gcomhlánófaí agus go dtreiseofaí na gníomhaíochtaí a dhéantar chun comhar a fhorbairt idir Europol nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus na mBallstát chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach i réimse an chomhair póilíneachta, chosc agus chomhrac na coireachta, agus na bainistíochta géarchéime. Ciallaíonn sé sin, inter alia, agus a gcuid clár náisiúnta á dtarraingt suas acu, gur cheart go ndéanfadh na Ballstáit an bunachar sonraí faisnéise, uirlisí anailíseacha agus treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla arna bhforbairt ag Europol, go háirithe córas faisnéise Europol, Córas an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise de chuid Europol (SIENA) agus Measúnú an AE ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) a chur san áireamh.

(22)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Ciste chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart go gcuirfí buiséad an Aontais a leithdháilfear ar an Ionstraim seo chun feidhme trí bhíthin na bainistíochta dírí agus na bainistíochta indírí, i leith gníomhaíochtaí lena ngabhann leas ar leith don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”), trí bhíthin cúnaimh éigeandála agus cúnaimh theicniúil, agus trí bhíthin na bainistíochta comhpháirtí i leith clár náisiúnta agus gníomhaíochtaí lena n-éilítear solúbthacht riaracháin.

(23)

Tá sé riachtanach le haghaidh na n-acmhainní a chuirtear chun feidhme faoin mbainistíocht chomhpháirteach go bhfuil cláir náisiúnta na mBallstát comhsheasmhach le tosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais.

(24)

Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar na Ballstáit ionas go gcuirfidh siad chun feidhme iad trína gcláir náisiúnta, ba cheart iad a bhunú sa Rialachán seo agus a dháileadh ar bhonn critéar oibiachtúil agus intomhaiste. Ba cheart go mbainfeadh na critéir sin leis na hearraí poiblí a bheidh le cosaint ag na Ballstáit agus ar bhonn a gcumais airgeadais leibhéal ard slándála inmheánaí a áirithiú, amhail méid an daonra, méid a gcríche agus a n-olltáirgeacht intíre. Thairis sin, ós rud é go léiríonn SOCTA na bliana 2013 tábhacht fhorleathan na gcalafort mara agus aerfort mar phointí iontrála d’eagraíochtaí coiriúla le haghaidh gáinneála ar dhaoine agus ar thráchtearraí neamhdhleathacha, ba cheart go léireofaí leochaileachtaí ar leith arna n-ionadú ag bealaí coireachta ag na trasrianta seachtracha sin i ndáileadh na n-acmhainní atá ar fáil do ghníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit trí chritéir a bhaineann le líon na bpaisinéirí agus le meáchan an lastais a phróiseáiltear trí aerfoirt idirnáisiúnta agus trí chalafoirt mhara idirnáisiúnta.

(25)

Chun an dlúthpháirtíocht agus an comhroinnt freagrachta le haghaidh comhbheartas, comhstraitéisí agus comhchlár de chuid an Aontais a neartú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as cuid de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil do na cláir náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Maidir leis na tionscadail lena dtugtar aghaidh ar na tosaíochtaí sin, ba cheart rannchuidiú an Aontais lena gcostas iomlán incháilithe a mhéadú go 90 %, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

(26)

Ba cheart go mbeadh uasteorainn na n-acmhainní a bheidh fós ar láimh ag an Aontas comhlántach leis na hacmhainní a leithdháiltear ar Bhallstáit chun a gcláir náisiúnta a chur chun feidhme. Áiritheofar leis sin go mbeidh an tAontas in ann, i mbliain bhuiséid ar leith, tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil leas ar leith don Aontas ag gabháil leo, amhail staidéir, tástáil agus bailíochtú teicneolaíochtaí nua, tionscadail thrasnáisiúnta, líonrú agus malartú na ndea-chleachtas, an faireachán ar chur chun feidhme dhlíthe agus bheartais ábhartha an Aontais agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha agus i ndáil leo. Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo i gcomhréir leis na tosaíochtaí a sainaithnítear i straitéisí, i gcláir, i bpleananna gníomhaíochta agus i measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais.

(27)

Chun rannchuidiú le cuspóir ginearálta na hIonstraime a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí ar áireamh ina gcláir náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha uile na hIonstraime agus go mbeidh leithdháileadh na n-acmhainní idir na cuspóirí comhréireach leis na dúshláin agus leis na riachtanais agus go n-áiritheoidh an leithdháileadh sin gur féidir na cuspóirí a chomhlíonadh. I gcás nach dtabharfaidh clár náisiúnta aghaidh ar cheann de na cuspóirí sonracha nó go mbeidh an leithdháileadh faoi bhun na n-íoschéatadán a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann bonn cirt a sholáthar laistigh den chlár.

(28)

D’fhonn cumas an Aontais freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar an Aontas a neartú, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

(29)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breis luacha a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus ardán a chur ar fáil ar mhaithe le cineálacha cur chuige comhchoiteanna, ba cheart go rannchuideodh gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoin Rialachán seo go háirithe le cumais náisiúnta agus cumais an Aontais a neartú, mar aon le comhar agus comhordú trasteorann, an líonrú, an iontaoibh fhrithpháirteach agus malartú na faisnéise agus na ndea-chleachtas.

(30)

Chun forálacha sa Rialachán seo maidir le sainiú ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear sa Rialachán seo a leasú, cur leo nó iad a scriosadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha uile a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(31)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear le linn gníomhartha tarmligthe a ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó gach Ballstát.

(32)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, le cúnamh ó phríomhtháscairí chun torthaí agus tionchair a mheas. Ba cheart go gcuirfeadh na táscairí, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, an bunús íosta ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na hIonstraime.

(33)

Chun a bhfuil bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart comhtháscairí a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach de chuid na hIonstraime seo. Ní fhágann an tomhas ar a bhfuil bainte amach ag na cuspóirí sonracha trí bhíthin comhtháscairí gurb éigeantach é cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na táscairí sin.

(34)

Ba cheart Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (7) a aisghairm, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhordú agus comhar a neartú idir na húdaráis forghníomhaithe dlí, an choireacht a chosc agus a chomhrac, daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil agus feabhas a chur ar chumas na mBallstát agus an Aontais rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú go héifeachtach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(36)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(39)

Is iomchuí tréimhse chur chun feidhme an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus Raon Feidhme

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (“an Ionstraim”), mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”).

Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, bunaítear faoin Rialachán seo an Ciste don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

na cuspóirí, na gníomhaíochtaí incháilithe agus na tosaíochtaí straitéiseacha don tacaíocht airgeadais a chuirfear ar fáil faoin Ionstraim;

(b)

an creat ginearálta chun na gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;

(c)

na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus dáileachán orthu.

3.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Ionstraim maidir le hábhair atá cumhdaithe ag an gclár Ceartais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Féadfaidh an Ionstraim seo, áfach, gníomhaíochtaí a chumhdach a dhíríonn ar chomhar a spreagadh idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forghníomhaithe dlí.

5.   Féachfar le sineirgí, comhleanúnachas agus comhlántacht a bhaint amach le hionstraimí airgeadais ábhartha eile an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Fís 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na ionstraimí cabhrach seachtraí, eadhon an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), an Ionstraim Eorpach don Daonlathas agus do Chearta an Duine, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ní bhfaighidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo tacaíocht airgeadais chun na críche céanna ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “comhar póilíneachta” na bearta sonracha agus na cineálacha sonracha comhair a bhfuil baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leo dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE;

(b)

ciallaíonn “malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis” bealach slán ina ndéantar bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú ar fhaisnéis atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe;

(c)

ciallaíonn “cosc na coireachta” gach beart atá beartaithe chun laghdú a dhéanamh ar choireacht agus ar mhothúchán neamhshláine na saoránach nó chun cur ar dhóigh eile le laghdú a dhéanamh orthu sin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle (19);

(d)

ciallaíonn “coireacht eagraithe” iompar inphionóis a bhaineann le rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (20);

(e)

ciallaíonn “sceimhlitheoireacht” aon cheann de na gníomhartha intinniúla nó na cionta mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle (21);

(f)

ciallaíonn “bainistíocht riosca agus géarchéime” aon bheart a bhaineann le measúnú ar an sceimhlitheoireacht, ar an gcoireacht eagraithe agus ar rioscaí eile a bhaineann leis an tslándáil, mar aon lena gcosc, leis an ullmhacht faoina gcoinne agus le bainistíocht a n-iarmhairtí;

(g)

ciallaíonn “cosc agus ullmhacht” aon bheart arb aidhm dó na rioscaí a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc agus/nó a laghdú;

(h)

ciallaíonn “bainistíocht iarmharta” comhordú éifeachtach na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal an Aontais d’fhonn freagairt d’iarmhairt ionsaí sceimhlitheoireachta nó aon teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil, agus an iarmhairt sin a laghdú;

(i)

ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, líonra, córas nó cuid de chóras atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na ndaoine a chothabháil, agus a mbeidh tionchar suntasach ag a bhriseadh, a shárú nó a scriosadh i mBallstát nó san Aontas mar thoradh ar an mainneachtain na feidhmeanna sin a chothabháil;

(j)

ciallaíonn “staid éigeandála” aon teagmhas a bhaineann leis an tslándáil nó aon bhagairt nua a thiocfadh chun cinn agus a bhfuil, nó a bhféadfadh sé go mbeadh, tionchar díobhálach suntasach aige ar shlándáil na ndaoine i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é a bheidh i gcuspóir ginearálta na hIonstraime ná rannchuidiú le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas.

2.   Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 1, rannchuideoidh an Ionstraim — i gcomhréir leis na tosaíochtaí a shainaithnítear i straitéisí, i dtimthriallacha beartais, i gcláir, i measúnuithe bagartha agus i measúnuithe riosca ábhartha de chuid an Aontais — leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

cosc na coireachta, coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, a chomhrac, agus comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forghníomhaithe dlí agus údaráis náisiúnta eile na mBallstát, lena n-áirítear le Europol nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha;

(b)

cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil, agus daoine agus an bonneagar criticiúil a chosaint orthu.

Déanfar baint amach chuspóirí sonracha na hIonstraime a mheas i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus leas á bhaint as comhtháscairí, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo iad agus as táscairí clár-shonracha a bheidh ar áireamh i gcláir náisiúnta.

3.   D’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

bearta a chur chun cinn agus a fhorbairt, ar bearta iad a neartaíonn cumas na mBallstát an choireacht a chosc agus coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe lena n-áirítear sceimhlitheoireacht a chomhrac, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, rochtain ar shonraí, teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha, staidreamh inchomparáide, coireolaíocht fheidhmeach, cumarsáid phoiblí agus múscailt feasachta;

(b)

comhordú riaracháin agus oibríochtúil, comhar, comhthuiscint agus an malartú faisnéise a chur chun cinn agus a fhorbairt i measc údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát, údarás náisiúnta eile, Europol nó comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

scéimeanna oiliúna a chur chun cinn agus a fhorbairt, lena n-áirítear i dtaca le scileanna teicniúla agus gairmiúla agus eolas ar oibleagáidí i ndáil le hurraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, i gcur chun feidhme beartas oiliúna Eorpach, lena n-áirítear trí bhíthin sainchlár malartaithe um fhorghníomhú dlí an Aontais, d’fhonn fíorchultúr Eorpach breithiúnach agus forghníomhaithe an dlí a chothú;

(d)

bearta, coimircí, sásraí agus na dea-chleachtais a chur chun cinn agus a fhorbairt chun sainaithint luath, cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’fhinnéithe agus d’íospartaigh na coireachta, lena n-áirítear íospartaigh na sceimhlitheoireachta, agus go háirithe do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n-íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó ar shlí eile a bhfuil gá le caomhnóireacht acu;

(e)

bearta lena neartaítear cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát chun bonneagar criticiúil a chosaint i ngach earnáil de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí bhíthin comhpháirtíochtaí poiblí/príobháideacha, agus feabhas ar chomhordú, ar chomhar, ar mhalartú agus ar scaipeadh an tsaineolais agus an chleachtaidh laistigh den Aontas agus leis na tríú tíortha ábhartha;

(f)

naisc shlána agus comhordú éifeachtach a chur ar bun idir na gníomhaithe sna córais luathrabhaidh agus na córais chomhair géarchéime atá ann cheana i ngach earnáil ar leith ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear lárionaid staide ionas gur féidir forbhreathnú cuimsitheach agus beacht a chur ar fáil go tapa i gcásanna géarchéime, bearta freagartha a chomhordú, faisnéis oscailte, faisnéis phribhléideach agus faisnéis rúnaicmithe a roinnt;

(g)

bearta a dhéanann cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát agus an Aontais a neartú d’fhonn measúnuithe riosca agus bagairtí cuimsitheacha a fhorbairt, atá bunaithe ar fhianaise agus ag teacht le tosaíochtaí agus tionscnaimh atá sainaitheanta ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, d’fhonn cur ar chumas an Aontais cur chuige comhtháite a fhorbairt a bheidh bunaithe ar chomhbhreithiúnais chomhroinnte i staideanna géarchéime agus chun comhthuiscint ar shainmhínithe éagsúla na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta ar leibhéil bhagartha éagsúla a fheabhsú.

4.   Rannchuideoidh an Ionstraim freisin le maoiniú an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún.

5.   Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochta forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) a chomhlíonadh.

Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit, nuair is féidir, agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu, aird ar leith a thabhairt ar chúnamh agus ar chosaint daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe faoi chláir náisiúnta

1.   Laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, i bhfianaise chonclúidí comhaontaithe na díospóireachta beartais a bhforáiltear dóibh in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí an chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, tacófar leis an Ionstraim le gníomhaíochtaí a dhéanfar sna Ballstáit, agus go háirithe iad siúd ón liosta seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta agus comhordú idir údaráis forghníomhaithe dlí, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus eatarthu, go háirithe Europol agus Eurojust, comhfhoirne imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht thrasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha;

(b)

tionscadail lena gcuirtear chun cinn líonrú, comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa gnó, taithí agus na gcleachtas is fearr, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht;

(c)

gníomhaíochtaí anailíse, faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear staidéir agus measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair, atá bunaithe ar fhianaise agus comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh atá sainaitheanta ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle;

(d)

gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an gcumarsáid, le scaipeadh na faisnéise agus le múscailt na feasachta;

(e)

gnóthú, cothabháil chórais TF an Aontais agus chórais TF náisiúnta a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, agus/nó uasghrádú arís eile ar chórais TF agus ar threalamh teicniúil, lena n-áirítear comhoiriúnacht tástála ar chórais, saoráidí slána, bonneagair, foirgnimh agus córais ghaolmhara, go háirithe córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus a gcomhpháirteanna, lena n-áirítear ar mhaithe le comhar Eorpach maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an gcibearchoireacht, go háirithe le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa;

(f)

malartú, oiliúint agus oideachas foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha, lena n-áirítear oiliúint teanga agus cleachtaí nó cláir i gcomhpháirt;

(g)

bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a chur chun oibre, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha a bhaineann le tionscadail taighde slándála arna gcistiú ag an Aontas.

2.   Laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, féadfaidh an Ionstraim tacú freisin leis na gníomhaíochtaí seo a leanas i dtríú tíortha agus i ndáil leo:

(a)

gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta agus comhordú idir údaráis forghníomhaithe dlí, lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht thrasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha;

(b)

líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa gnó, taithí agus na gcleachtas is fearr, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht;

(c)

malartú, oiliúint agus oideachas foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, mar aon leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, comhordú maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil leo, mar a leagtar amach in Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 5

Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme

1.   Is é EUR 1 004milliún i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní foriomlána don Ionstraim a chur chun feidhme.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais bhliantúil.

3.   Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí na modhanna seo a leanas:

(a)

cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b)

gníomhaíochtaí Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 8;

(c)

cúnamh teicniúil, i gcomhréir le hAirteagal 9;

(d)

cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 10;

4.   An buiséad arna leithdháileadh faoin Ionstraim ar ghníomhaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo, ar an gcúnamh teicniúil dá dtagraítear ina Airteagal 9 den Rialachán seo agus ar an gcúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfar é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) faoi seach.

Déanfar an buiséad arna leithdháileadh ar na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfar na hacmhainní foriomlána a úsáid mar a leanas:

(a)

EUR 662 milliún ar mhaithe le cláir náisiúnta na mBallstát;

(b)

EUR 342 milliún ar mhaithe le gníomhaíochtaí Aontais, cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

6.   Déanfaidh gach Ballstát na méideanna do chláir náisiúnta a luaitear in Iarscríbhinn III a leithdháileadh mar a leanas:

(a)

ar a laghad 20 % le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2); agus

(b)

ar a laghad 10 % le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2).

Féadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ar choinníoll go mbeidh míniú ar áireamh sna cláir náisiúnta maidir le cén fáth nach ndéanfaidh acmhainní a leithdháileadh faoin leibhéal sin baint amach an chuspóra ábhartha a chur i mbaol. Measúnóidh an Coimisiún an míniú sin i gcomhthéacs a fhormheasa ar na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

7.   I gcomhpháirt leis na hacmhainní foriomlána arna mbunú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, is ionann na hacmhainní foriomlána atá ar fáil don Ionstraim, mar a bhunaítear iad i mír 1 den Airteagal seo, agus an t-imchlúdach airgeadais don Chiste Slándála Inmheánaí, agus fónann siad mar an bpríomhthagairt, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

Airteagal 6

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit

1.   Leithdháilfear EUR 662 milliún ar na Ballstáit mar seo a leanas:

(a)

30 % i gcomhréir le méid a ndaonra iomláin;

(b)

10 % i gcomhréir le méid a gcríoch;

(c)

15 % i gcomhréir le líon na bpaisinéirí agus 10 % i gcomhréir le tonnaí na lastas arna bpróiseáil trína n-aerfoirt idirnáisiúnta agus trína gcalafoirt mhara idirnáisiúnta;

(d)

35 % i gcomhréir inbhéartach lena n-olltáirgeacht intíre (caighdeán na cumhachta ceannaigh in aghaidh an áitritheora).

2.   Is iad na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) na figiúirí tagartha a úsáidfear do na sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfear ar fáil iad ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Is é an 30 Meitheamh 2013 an dáta tagartha. Na leithdháiltí le haghaidh na gclár náisiúnta a ríomhtar ar bhonn na gcritéar a luaitear i mír 1, leagtar amach iad in Iarscríbhinn III.

Airteagal 7

Cláir náisiúnta

1.   Déanfar an clár náisiúnta a bheidh le hullmhú faoin Ionstraim agus an ceann a bheidh le hullmhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 a mholadh don Choimisiún mar chlár náisiúnta aonair amháin le haghaidh an Chiste, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Faoi na cláir náisiúnta a bheidh le scrúdú agus le formheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a shaothrú go sonrach, agus toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 á chur san áireamh. Ní bhainfidh na Ballstáit úsáid as níos mó ná 8 % dá leithdháileadh iomlán faoin gclár náisiúnta maidir le cothabháil chórais TF an Aontais agus chórais TF náisiúnta a rannchuidíonn le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus ní bhainfidh siad úsáid as níos mó ná 8 % do ghníomhaíochtaí i ndáil le tríú tíortha nó iontu a chuireann i bhfeidhm tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, chun cur leo nó chun iad a scriosadh.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí lena ngabhann leas ar leith don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”), a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Chun a bheith incháilithe do chistiúchán, beidh gníomhaíochtaí an Aontais i gcomhréir leis na tosaíochtaí agus na tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, i straitéisí ábhartha an Aontais, i dtimthriallacha beartais, i gcláir, i measúnuithe bagartha agus riosca, agus tacóidh siad go háirithe leo seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, agus sásra meastóireachta a fhorbairt atá riachtanach chun na beartais maidir le comhar póilíneachta, cosc agus comhrac na coireachta agus bainistíocht géarchéime a chur chun feidhme;

(b)

tionscadail thrasnáisiúnta a bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó leo, nó ar a laghad Ballstát amháin agus tríú tír amháin;

(c)

gníomhaíochtaí anailíse, faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear staidéir agus measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair, atá bunaithe ar fhianaise agus comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh atá shainaitheanta ar leibhéal an Aontais, go háirithe iad siúd atá formhuinithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, agus tionscadail trína ndéantar faireachán ar an gcaoi a gcuirtear dlí an Aontais agus cuspóirí beartais an Aontais chun feidhme sna Ballstáit;

(d)

tionscadail trína gcuirtear chun cinn líonrú, comhpháirtíochtaí poiblí/príobháideacha, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus sainaithint agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus modhanna nuálacha oibre ar leibhéal an AE, an oiliúint agus cláir malartuithe;

(e)

tionscadail trína dtacaítear le forbairt uirlisí agus modhanna modheolaíochta, go háirithe i réimse an staidrimh, agus comhtháscairí;

(f)

trealamh teicniúil, fios gnó, saoráidí slána, bonneagair, na córais agus na foirgnimh a bhaineann leo, go háirithe córais TFC agus a gcomhpháirteanna ar leibhéal an Aontais, a ghnóthú, a chothabháil agus/nó a uasghrádú arís eile, lena n-áirítear ar mhaithe le comhar Eorpach maidir leis an gcibearshlándáil agus le cibearchoireacht, go háirithe Ionad Cibearchoireachta na hEorpa;

(g)

tionscadail arb aidhm dóibh an fheasacht maidir le beartais agus cuspóirí an Aontais a fheabhsú i measc na ngeallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(h)

tionscadail atá thar a bheith nuálach agus trína bhforbraítear modhanna nua nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(i)

staidéir agus treoirthionscadail;

3.   Laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, tacóidh an Ionstraim freisin le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil leo, agus go háirithe leo seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta agus comhordú idir údaráis forghníomhaithe dlí, agus, i gcás inarb infheidhme, eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht trasteorann, rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise agus teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha;

(b)

líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa ghnó, taithí agus na gcleachtas is fearr, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht;

(c)

trealamh teicniúil, lena n-áirítear córais TFC agus a gcomhpháirteanna, a ghnóthú, a chothabháil agus/nó a uasghrádú tuilleadh;

(d)

malartú, oiliúint agus oideachas foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha, lena n-áirítear oiliúint teanga;

(e)

gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an gcumarsáid, le scaipeadh na faisnéise agus le múscailt na feasachta;

(f)

measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair;

(g)

staidéir agus treoirthionscadail.

4.   Cuirfear gníomhaíochtaí Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 9

Cúnamh teicniúil

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún agus/nó thar ceann an Choimisiúin, féadfaidh an Ionstraim suas le EUR 800 000 a rannchuidiú leis an gCiste gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Ar thionscnamh ó Bhallstát„ féadfaidh an Ionstraim gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní sháróidh an méid a chuirfear ar leataobh le haghaidh cúnaimh theicniúil don tréimhse 2014-2020 suim 5 % den mhéid iomlán a leithdháilfear ar Bhallstát móide EUR 200 000

Airteagal 10

Cúnamh éigeandála

1.   Cuirfidh an Ionstraim tacaíocht airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála, de réir mar a shainmhínítear iad i bpointe (j) d’Airteagal 2.

2.   Cuirfear cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(3) seo a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 12

Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an Ionstraim.

Airteagal 13

Aisghairm

Déantar Cinneadh 2007/125/CGB a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 14

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do mhodhnú nó do leanúnachas na dtionscadal, lena n-áirítear iad a chur ar ceal i bpáirt nó ina n-iomláine, go dtí go gcuirfear i gcrích iad nó don chúnamh airgeadais arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Chinneadh 2007/125/CGB, nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013.

2.   Agus cinntí maidir le cómhaoiniú faoin Ionstraim á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na bearta a glacadh ar bhonn Chinneadh 2007/125/CGB roimh an 20 Bealtaine 2014 a rachadh i gcion ar an staid airgeadais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcómhaoiniú sin.

3.   Maidir leis na suimeanna atá geallta don chómhaoiniú arna bhformheas ag an gCoimisiún idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2014, nár cuireadh chuig an gCoimisiún na doiciméid a theastaíonn ina leith le clabhsúr a chur ar na hoibríochtaí faoin spriocdháta le haghaidh thíolacadh na tuarascála deireanaí, saorfaidh an Coimisiún go huathoibríoch iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

Agus an méid a bheidh le saoradh go huathoibríoch á ríomh, ní thabharfar aird ar na suimeanna a bhaineann le hoibríochtaí a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.

4.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar mheastóireacht ex post ar Chinneadh 2007/125/CGB a bhaineann leis an tréimhse 2007-2013.

Airteagal 15

Athscrúdú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, athscrúdú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (Féach leathanach 143 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (Féach leathanach 112 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Cinneadh 2007/125/CGB an 12 Feabhra 2007 lena mbunaítear don tréimhse 2007 go 2013, mar chuid den Chlár Ginearálta maidir leis an tSlándáil agus Cosaint na Saoirsí, an Clár faoi Leith “An Choireacht a Chosc agus a Chomhrac” (IO L 58, 24.2.2007, lch. 7).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 73).

(10)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (IO L 77, 15.3.2014, lch. 11).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lch. 85).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1).

(19)  Cinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUPCN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/427/CGB (IO L 321, 8.12.2009, lch. 44).

(20)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(21)  Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).

(22)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)

Bearta lena ndéantar cineálacha uile na coireachta a chosc agus coireacht thromchúiseach agus eagraithe thrasteorann a chomhrac, go háirithe tionscadail lena gcuirtear chun feidhme timthriallacha ábhartha beartais, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus tionscadail lena sainaithnítear agus lena ndíchuirtear líonraí coiriúla, lena bhfeabhsaítear acmhainneachtaí chun éilliú a chomhrac, an geilleagar a chosaint ar insíothlú coiriúil agus dreasachtaí airgeadais a laghdú trí bhíthin sócmhainní coiriúla a urghabháil, a chalcadh agus a choigistiú.

Bearta lena ndéantar cibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, agus lena n-ardaítear na leibhéil slándála i leith saoránach agus gnó sa chibearspás, go háirithe tionscadail lena bhforbraítear acmhainní i bhforghníomhú an dlí agus sa bhreithiúnacht, tionscadail lena n-áirithítear obair leis an tionscal chun saoránaigh a chumasú agus a chosaint, agus tionscadail lena bhfeabhsaítear acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar chibear-ionsaithe.

Bearta lena ndéantar sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac agus lena dtugtar faoi radacú agus faoi earcaíocht, go háirithe tionscadail lena gcumasaítear pobail chun roinnt cineálacha cur chuige áitiúla agus beartas coisc a fhorbairt, tionscadail lena gcuirtear ar chumas údarás inniúil cosc a chur ar sceimhlitheoirí rochtain a fháil ar chistiú agus ar ábhair agus lena leantar a n-idirbhearta, tionscadail lena gcosnaítear iompar paisinéirí agus lasta agus tionscadail lena bhfeabhsaítear slándáil pléascán agus ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach.

Bearta arb aidhm dóibh cumas riaracháin agus oibríochtúil na mBallstát a mhéadú le gur féidir leo an bonneagar criticiúil a chosaint i ngach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear iad siúd atá cumhdaithe ag Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (1), go háirithe tionscadail trína gcuirtear comhpháirtíochtaí príobháideacha/poiblí chun cinn d’fhonn an mhuinín a thógáil agus cuidiú leis an gcomhar, leis an gcomhordú, leis an bpleanáil teagmhais agus le malartú agus scaipeadh na faisnéise agus na gcleachtas is fearr i measc gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha.

Bearta trína gcuirtear le stóinseacht an Aontais i leith géarchéimeanna agus tubaistí, go háirithe tionscadail trína gcuirtear chun cinn forbairt beartais chomhsheasmhaigh de chuid an Aontais maidir le bainistíocht riosca trína nascfar measúnuithe riosca agus bagartha leis an gcinnteoireacht, mar aon le tionscadail trína dtacaítear le freagairt éifeachtach chomhordaithe a thabhairt i gcásanna géarchéime trína nascfar le chéile na sainchumais,na lárionaid saineolas agus na lárionaid feasachta staide atá ann cheana de réir na hearnála, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsláinte, leis an gcosaint shibhialta agus leis an sceimhlitheoireacht.

Bearta lena bhféachtar le comhpháirtíocht níos dlúithe a bhaint amach idir an tAontas agus tríú tíortha, go háirithe i dtíortha atá suite ar a theorainneacha seachtracha, agus tarraingt suas agus cur i bhfeidhm na gclár oibríochtúil gníomhaíochta chun na tosaíochtaí straitéiseacha thuas de chuid an Aontais a bhaint amach.


(1)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).


IARSCRÍBHINN II

Liosta de chomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas

(a)

Coireacht thrasteorann, thromchúiseach agus eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forghníomhaithe dlí de chuid na mBallstát agus le tríú tíortha ábhartha.

(i)

Líon comhfhoirne imscrúdaithe (JITanna) agus tionscadail oibríochtúla an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (Empact) lena dtacaíonn an Ionstraim, lena n-áirítear na Ballstáit agus na húdaráis rannpháirteacha.

Chun críocha tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a bhriseadh síos tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail na nithe seo a leanas:

ceannaire (Ballstát),

comhpháirtithe (Ballstáit),

údaráis rannpháirteacha,

gníomhaireacht rannpháirteach AE (Eurojust, Europol), más infheidhme.

(ii)

Líon na n-oifigeach forghníomhaithe dlí a oiltear ar thopaicí trasteorann-bhainteacha le cabhair ón Ionstraim, agus ré a n-oiliúna (laethanta duine).

Chun críocha tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a bhriseadh síos tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail na nithe seo a leanas:

de réir cineáil coire (dá dtagraítear in Airteagal 83 CFAE): sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí; an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí; an gháinneáil aindleathach ar airm; sciúradh airgid; an éillitheacht; góchumadh modhanna íocaíochta; coireacht ríomhairí; coireacht eagraithe, nó

de réir limistéir chothrománaigh forghníomhaithe dlí: malartú faisnéise; comhar oibríochtúil.

(iii)

Líon agus luach airgeadais na dtionscadal i réimse chosc na coireachta.

Chun críocha tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a bhriseadh síos tuilleadh de réir chineál na coire (dá dtagraítear in Airteagal 83 CFAE): sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí; an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí; an gháinneáil aindleathach ar airm; sciúradh airgid; an éillitheacht; góchumadh modhanna íocaíochta; coireacht ríomhairí; coireacht eagraithe.

(iv)

Líon na dtionscadal arna dtacú ag an Ionstraim, arb í is aidhm leo feabhas a chur ar mhalartú faisnéise fhorghníomhú an dlí a bhaineann le córais sonraí, le taisclanna nó le huirlisí cumarsáide Europol.

Chun críocha tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a bhriseadh síos tuilleadh de réir chineál na coire (dá dtagraítear in Airteagal 83 CFAE): lódairí sonraí, rochtain a leathnú go dtí SIENA, tionscadail arb í is aidhm leo ionchur do chomhaid oibre anailíse a fheabhsú etc.

(b)

Cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil agus daoine agus an bonneagar criticiúil a chosaint orthu.

(i)

Líon agus uirlisí a chur ar bun agus/nó a uasghrádú tuilleadh le cabhair ón Ionstraim chun cosaint an bhonneagair chriticiúil ag na Ballstáit a éascú i ngach earnáil den gheilleagar.

(ii)

Líon na dtionscadal a bhaineann le measúnú agus bainistíocht na rioscaí i réimse na slándála inmheánaí arna dtacú ag an Ionstraim.

(iii)

Líon na gcruinnithe saineolaithe, na gceardlann, na seimineár, na gcomhdhálacha, na bhfoilseachán, na láithreán gréasáin agus na gcomhairliúchán (ar líne) a eagraítear le cabhair ón Ionstraim.

Chun críocha tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a bhriseadh síos tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail na nithe seo a leanas:

a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint, nó

a bhaineann le bainistíocht riosca agus géarchéime.


IARSCRÍBHINN III

Figiúirí do chláir náisiúnta

ISF PÓILÍNÍ — Méideanna na gclár náisiúnta

MS

Daonra (daoine aonair)

Críoch (Km2)

# paisinéirí

# tonnaí lasta

OTI/capita (EUR)

Leithdháiltí

(2013)

(2012)

aer (2012)

muir (2011)

Iomlán

 

aer (2012)

muir (2011)

Iomlán

 

(2012)

 

30 %

10 %

15 %

 

 

 

10 %

 

 

 

35 %

2014-2020

Líon

Leithdháileadh

Líon

Leithdháileadh

Líonta

Leithdháileadh

Líonta

Leithdháileadh

Líon

eochair

Leithdháileadh

 

AT

8 488 511

3 845 782

83 879

1 321 372

8 196 234

0

8 196 234

3 169 093

219 775

0

219 775

4 651

36 400

16,66

3 822 008

12 162 906

BE

11 183 350

5 066 698

30 528

480 917

8 573 821

0

8 573 821

3 315 088

1 068 434

232 789 000

233 857 434

4 948 770

34 000

17,84

4 091 797

17 903 270

BG

7 282 041

3 299 182

110 900

1 747 038

1 705 825

0

1 705 825

659 561

18 536

25 185 000

25 203 536

533 344

5 400

112,33

25 763 168

32 002 293

CH

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CY

862 011

390 540

9 251

145 734

1 587 211

107 000

1 694 211

655 071

28 934

6 564 000

6 592 934

139 516

20 500

29,59

6 786 396

8 117 257

CZ

10 516 125

4 764 407

78 866

1 242 401

3 689 113

0

3 689 113

1 426 404

58 642

0

58 642

1 241

14 500

41,83

9 594 559

17 029 012

DE

82 020 688

37 160 068

357 137

5 626 095

66 232 970

1 146 000

67 378 970

26 052 237

4 448 191

296 037 000

300 485 191

6 358 712

32 299

18,78

4 307 288

79 504 401

DK

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

EE

1 286 479

582 849

45 227

712 475

466 960

61 000

527 960

204 137

23 760

48 479 000

48 502 760

1 026 390

12 700

47,76

10 954 418

13 480 269

ES

46 006 414

20 843 540

505 991

7 971 031

24 450 017

3 591 000

28 041 017

10 842 125

592 192

398 332 000

398 924 192

8 441 827

22 700

26,72

6 128 683

54 227 207

FI

5 426 674

2 458 594

338 432

5 331 428

3 725 547

250 000

3 975 547

1 537 155

195 622

115 452 000

115 647 622

2 447 275

35 600

17,04

3 907 896

15 682 348

FR

65 633 194

29 735 595

632 834

9 969 228

48 440 037

906 000

49 346 037

19 079 761

1 767 360

322 251 000

324 018 360

6 856 709

31 100

19,50

4 473 348

70 114 640

GR

11 290 067

5 115 047

131 957

2 078 760

5 992 242

66 000

6 058 242

2 342 434

72 187

135 314 000

135 386 187

2 864 972

17 200

35,27

8 088 437

20 489 650

HR

4 398 150

1 992 614

87 661

1 380 951

4 526 664

5 000

4 531 664

1 752 179

6 915

21 862 000

21 868 915

462 779

10 300

58,89

13 506 904

19 095 426

HU

9 906 000

4 487 985

93 024

1 465 432

1 327 200

0

1 327 200

513 165

61 855

0

61 855

1 309

9 800

61,90

14 196 032

20 663 922

IE

4 582 769

2 076 257

69 797

1 099 534

3 139 829

0

3 139 829

1 214 022

113 409

45 078 000

45 191 409

956 317

35 700

16,99

3 896 950

9 243 080

IS

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IT

59 394 207

26 908 977

301 336

4 747 041

21 435 519

1 754 000

23 189 519

8 966 282

844 974

499 885 000

500 729 974

10 596 188

25 700

23,60

5 413 273

56 631 761

LI

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

LT

2 971 905

1 346 443

65 300

1 028 692

504 461

0

504 461

195 051

15 425

42 661 000

42 676 425

903 096

11 000

55,15

12 647 374

16 120 656

LU

537 039

243 309

2 586

40 738

365 944

0

365 944

141 493

615 287

0

615 287

13 020

83 600

7,26

1 664 128

2 102 689

LV

2 017 526

914 055

64 562

1 017 066

1 465 671

676 000

2 141 671

828 082

31 460

67 016 000

67 047 460

1 418 824

10 900

55,65

12 763 405

16 941 431

MT

421 230

190 841

316

4 978

335 863

0

335 863

129 862

16 513

5 578 000

5 594 513

118 388

16 300

37,21

8 535 037

8 979 107

NL

16 779 575

7 602 108

41 540

654 399

23 172 904

0

23 172 904

8 959 858

1 563 499

491 695 000

493 258 499

10 438 081

35 800

16,94

3 886 065

31 540 510

NO

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

PL

38 533 299

17 457 791

312 679

4 925 731

4 219 070

9 000

4 228 070

1 634 793

68 306

57 738 000

57 806 306

1 223 267

9 900

61,27

14 052 637

39 294 220

PT

10 487 289

4 751 342

92 212

1 452 643

5 534 972

0

5 534 972

2 140 110

116 259

67 507 000

67 623 259

1 431 008

15 600

38,88

8 918 020

18 693 124

RO

21 305 097

9 652 429

238 391

3 755 444

1 239 298

0

1 239 298

479 177

28 523

38 918 000

38 946 523

824 166

6 200

97,84

22 438 889

37 150 105

SE

9 555 893

4 329 367

438 576

6 909 023

5 757 921

1 320 000

7 077 921

2 736 695

144 369

181 636 000

181 780 369

3 846 742

43 000

14,11

3 235 375

21 057 201

SI

2 058 821

932 764

20 273

319 367

513 394

0

513 394

198 505

9 015

16 198 000

16 207 015

342 964

17 200

35,27

8 088 437

9 882 037

SK

5 410 836

2 451 419

49 036

772 480

330 166

0

330 166

127 659

20 894

0

20 894

442

13 200

45,95

10 539 478

13 891 478

UK

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

438 355 190

198 600 000

4 202 290

66 200 000

246 928 853

9 891 000

256 819 853

99 300 000

12 150 336

3 116 175 000

3 128 325 336

66 200 000

606 599

1 010

231 700 000

662 000 000

Sciar ĺeithdháilte buiséid

198 600 000

66 200 000

99 300 000

66 200 000

231 700 000

662 000 000


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

112


RIALACHÁN (AE) Uimh. 514/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é beartas gnóthaí baile an Aontais limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú: limistéar gan teorainneacha inmheánacha inar féidir le daoine dul isteach ann, a bheith ag cúrsaíocht, ag maireachtáil agus ag obair ann, iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n-urramú go hiomlán agus go bhfuil a slándáil áirithithe, agus aird á tabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna amhail beartas cuimsitheach inimirce an Aontais a fhorbairt chun iomaíochas agus comhtháthú sóisialta an Aontais a bhreisiú, Comhchóras Tearmainn Eorpach a chruthú, bagairtí na coireachta eagraithe agus tromchúisí a chosc, agus an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhlíthiúla, na gáinneála ar dhaoine, na cibearchoireachta agus na sceimhlitheoireachta a chosc.

(2)

Ní mór cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir le ceisteanna a eascraíonn as an mbrú a bhíonn ann de dheasca na himirce agus na n-iarratas ar thearmann agus maidir leis an mbainistiú ar theorainneacha seachtracha an Aontais, á áirithiú go ndéanfar an dlí idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine a urramú go hiomlán, lena n-áirítear i leith ghníomhaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tíortha, agus ag léiriú dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát uile, agus feasacht á léiriú maidir leis an ngá atá ann freagrachtaí náisiúnta a urramú agus é á áirithiú ag an am céanna go ndéanfar na cúraimí éagsúla a shainiú go soiléir.

(3)

Ba cheart go dtabharfadh cistiúchán an Aontais chun tacú le forbairt an limistéir saoirse, slándála agus ceartais breisluach chun an Aontais agus ba cheart go mbeadh an cistiúchán sin mar chomhartha inbhraite ar an dlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt na freagrachta, nach féidir déanamh dá uireasa agus freagairt á tabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna.

(4)

Leis an gcreat coiteann, ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibheas, simpliú agus cur chun feidhme aonfhoirmeach an chistiúcháin sin thar na réimsí beartais lena mbaineann.

(5)

Ba cheart caiteachas cistí sa réimse sin a chomhordú d’fhonn an chomhlántacht, an éifeachtúlacht agus an infheictheacht a áirithiú agus d’fhonn sineirgí buiséadacha a bhaint amach.

(6)

Ba cheart prionsabail an chúnaimh a leagan síos i gcreat coiteann agus ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin a shainaithint ann ó thaobh cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a áirithiú, lena n-áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus a bhrath.

(7)

Bheadh cistiú Aontais den sórt sin níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe dá ndéanfaí an cómhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a bhunú ar chlársceidealú ilbhliantúil straitéiseach, arna dhréachtú ag gach Ballstát trí idirphlé leis an gCoimisiún.

(8)

Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus a bhaineann le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ó na Rialacháin Shonracha mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo (“Rialacháin Shonracha”) a ghlacadh ar bhonn sineirgí agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas trí bhíthin ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leis na bearta sin tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart dóibh, nuair is iomchuí, an cúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí a chomhlánú. Ba cheart an prionsabal maidir le comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, mar a leagtar amach é i Mír 35 den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, a urramú. Tá sé tábhachtach a áirithiú freisin go bhfuil cur chun feidhme an chúnaimh éigeandála comhsheasmhach le, agus i gcás inarb ábhartha, comhlántach le beartas daonnúil an Aontais agus go n-urramaíonn sé prionsabail an daonchairdis a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(9)

Ba cheart don ghníomhaíocht sheachtrach bheith comhsheasmhach agus comhtháite mar a leagtar amach in Airteagal 18(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) í.

(10)

Sula n-ullmhófar na cláir ilbhliantúla chun cuspóirí chistiú Aontais den sórt sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus don Coimisiún páirt a ghlacadh in idirphlé maidir le beartas agus ar an gcaoi sin straitéis chomhtháite a bhunú do gach Ballstát ar leith. Tar éis an t-idirphlé maidir le beartas a thabhairt chun críche, ba cheart do gach Ballstát clár náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfar tuairisc ar an mbealach a mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin Shonraigh ábhartha don tréimhse 2014-2020. Ba cheart don Choimisiún féachaint an bhfuil an clár náisiúnta comhsheasmhach leis na cuspóirí sin agus leis an toradh a bhí ar an idirphlé maidir le beartas. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún féachaint an bhfuil dáileadh chistiú an Aontais idir na cuspóirí ag teacht leis an íoschéatadán a leagadh síos do gach cuspóir sa Rialachán Sonrach ábhartha. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin, agus sa chás sin ba cheart dóibh an chúis a bhí leis sin a lua ina gclár náisiúnta. I gcás nach cúiseanna leormhaithe iad na cúiseanna a thug an Ballstát lena mbaineann, d’fhéadfadh sé nach bhformheasfadh an Coimisiún an clár náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt go rialta do Pharlaimint na hEorpa faoin toradh a bhíonn ar an idirphlé maidir le beartas, faoin bpróiseas iomlán clársceidealaithe lena n-áirítear an t-ullmhúchán atá ar bun maidir leis na cláir náisiúnta, lena gcumhdaítear freisin cé acu an bhfuil an t-íoschéatadán a leagadh síos do gach cuspóir sna rialacháin shonracha ábhartha mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, agus faoi chur chun feidhme na gclár náisiúnta.

(11)

Ba cheart don straitéis bheith faoi réir athscrúdaithe mheántéarma, d’fhonn cistiú iomchuí a áirithiú sa tréimhse 2018-2020.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit comhpháirtíocht a bhunú leis na húdaráis agus leis na comhlachtaí lena mbaineann, ar bhealach a bheadh comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus leis an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú, chun a gcláir náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar feadh na tréimhse ilbhliantúla iomláine. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i measc na gcomhpháirtithe ag céimeanna éagsúla den timthriall clársceidealaithe. Ba cheart do gach Ballstát coiste a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar an gclár náisiúnta agus cabhrú leis athscrúdú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an dul chun cinn i mbaint amach chuspóirí an chláir. Ba cheart do gach Ballstát bheith freagrach as socruithe praiticiúla a bhunú chun an coiste faireacháin a chur ar bun.

(13)

Ba cheart incháilitheacht caiteachais faoi na cláir náisiúnta a chinneadh trí bhíthin dlí náisiúnta, faoi réir prionsabal coiteann a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh a bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainmhíniú chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha aonfhoirmeacha agus cothroma is infheidhme maidir leis na cláir náisiúnta.

(14)

Ba cheart do chúnamh teicniúil cur ar chumas na mBallstát tacú le cur chun feidhme a gclár náisiúnta agus cabhrú le tairbhithe i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí agus dhlí an Aontais. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí na costais a thabhaigh na húdaráis inniúla i dtríú tíortha a chlúdach le cúnamh teicniúil.

(15)

D’fhonn creat iomchuí a áirithiú le cúnamh éigeandála gasta a sholáthar, ba cheart go gceadófaí de réir an Rialacháin seo tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí ar tabhaíodh caiteachas a bhaineann leo sula ndearnadh iarratas ar chúnamh den sórt sin, ach tráth nach luaithe ná 1 Eanáir 2014, de réir na forála i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ina gceadaítear solúbthacht den sórt sin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe. Féadfaidh an tacaíocht bheith ionann agus 100 % den chaiteachas incháilithe i gcásanna cuí-réasúnaithe má tá sé riachtanach le go bhféadfaí an ghníomhaíocht a chur i gcrích go háirithe i gcás inar eagraíocht idirnáisiúnta nó eagraíocht neamhrialtasach é an tairbhí. Gníomhaíochtaí a dtacaítear leo trí chúnamh éigeandála, ba cheart dóibh eascairt go díreach as cás éigeandála agus níor chóir go dtiocfaidís in ionad infheistíochtaí fadtéarmacha a dhéanfadh na Ballstáit.

(16)

Cinntí a dhéantar maidir leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, ba cheart iad a dhoiciméadú i gceart ionas go mbeadh taifead cuí iniúchóireachta ann.

(17)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(18)

I gcomhthéacs leas airgeadais an Aontais a chosaint, féadfar seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí a dhéanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (5) (“OLAF”) a dhéanamh agus fógra a thabhairt agus féadfar na seiceálacha sin agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh gan fógra a thabhairt, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

(19)

Le struchtúr nua an chistiúcháin i réimse na ngnóthaí baile, táthar ag iarraidh na rialacha is infheidhme a shimpliú agus táthar ag iarraidh an t-ualach riaracháin a laghdú i gcás na dtairbhithe. Mar sin féin, ba cheart do na sásraí rialaithe bheith éifeachtúil i gcónaí agus dá bhrí sin tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na rialacha is infheidhme maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint, trí fhoráil do sheiceálacha ar an láthair agus d’iniúchtaí, bíodh sé go dtabharfar fógra ina leith nó nach dtabharfar.

(20)

Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh d’fhonn feidhmiú cuí an chórais bhainistíochta agus rialaithe agus cháilíocht chur chun feidhme a gclár náisiúnta a áirithiú. Chuige sin, is gá na prionsabail ghinearálta agus na feidhmeanna riachtanacha a bhunú ar cheart do na córais seo a chomhlíonadh.

(21)

Ba cheart na hoibleagáidí ar na Ballstáit maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe agus cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí dhlí an Aontais agus sáruithe air a shonrú d’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil agus cuí a gclár náisiúnta a ráthú.

(22)

I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ba cheart do na Ballstáit bheith freagrach go príomhúil, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú na gclár náisiúnta. Ba cheart an tacaíocht arna cur ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an eolas, as an saineolas agus as an taithí atá ag comhlachtaí poiblí agus/nó príobháideacha maidir le cistí a tháinig roimhe seo i réimse na ngnóthaí baile a chur chun feidhme.

(24)

Is iad Údaráis Fhreagracha arna gceapadh ag na Ballstáit amháin a thugann urrús réasúnach go bhfuil na rialuithe is gá curtha i gcrích sula ndeonófar tacaíocht ó bhuiséad an Aontais do thairbhithe. Ba cheart a leagan síos go sainráite mar sin nach féidir ach caiteachas arna dhéanamh ag Údaráis Fhreagracha ainmnithe a aisíoc ó bhuiséad an Aontais.

(25)

Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin a bheith leagtha síos chun feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a dheimhniú, agus chun gníomhaíocht na mBallstát a cheangal.

(26)

Ba cheart oibleagáidí buiséadacha an Aontais a chur i bhfeidhm gach bliain. D’fhonn bainistiú éifeachtach clár a áirithiú, ní mór comhrialacha a leagan síos maidir le hiarrataí ar iarmhéid bliantúil agus maidir leis an iarmhéid deiridh a íoc.

(27)

Áirithíonn an íocaíocht réamh-mhaoinithe ag tús na gclár go bhfuil Ballstáit in acmhainn tacaíocht a thabhairt do thairbhithe maidir le cur chun feidhme an chláir ón tráth a cheadaítear an clár. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha a dhéanamh maidir leis na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh. Ba cheart don réamh-mhaoiniú tosaigh a bheith imréitithe go hiomlán tráth a gcuirtear an clár i gcrích. Ba cheart do na hÚdaráis Fhreagracha a áirithiú go bhfaighidh na tairbhithe an méid iomlán atá dlite dóibh go pras.

(28)

Ina theannta sin, ba cheart réamh-mhaoiniú bliantúil a chur ar fáil lena áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ag na Ballstáit a gcláir náisiúnta a chur chun feidhme. Ba cheart an réamh-mhaoiniú bliantúil a imréiteach gach bliain tráth a n-íocfar an t-iarmhéid bliantúil.

(29)

Leis an athchóiriú tríbhliantúil ar Rialachán (AE, Euratom Uimh. 966/2012), tugtar isteach athruithe ar mhodh na bainistíochta roinnte is gá a chur san áireamh.

(30)

D’fhonn cuntasacht i leith caiteachais a chómhaoinítear le buiséad an Aontais i mbliain ar leith a neartú, ba cheart creat iomchuí a chruthú le haghaidh imréiteach bliantúil na gcuntas. Faoi chreat den sórt sin, ba cheart don Údarás Freagrach na doiciméid a chur faoi bhráid an Choimisiúin, maidir le clár náisiúnta, ar doiciméid iad dá dtagraítear sna forálacha maidir le bainistíocht roinnte leis na Ballstáit de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(31)

D’fhonn tacú leis an urrús is bun le himréiteach bliantúil na gcuntas ar fud an Aontais, ba cheart forálacha coiteanna a leagan síos maidir le cineál agus le leibhéal na rialuithe atá le déanamh ag na Ballstáit.

(32)

D’fhonn bainistiú fónta airgeadais acmhainní an Aontais a áirithiú, d’fhéadfadh sé go gcaithfeadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith na mBallstát, tá sé tábhachtach na dálaí faoina bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh, de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí náisiúnta is infheidhme, a shainiú. D’fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag aon cheartuithe airgeadais a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar Bhallstáit le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, níor cheart iad a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistiú nó le rialú na ngníomhaíochtaí agus an chaiteachais chomhfhreagraigh. Chun an chomhréireacht a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an tsáraithe a mheas agus é ag iarraidh méid an cheartaithe airgeadais a chinneadh. I dtaca leis sin, is iomchuí na critéir a leagan amach maidir le ceartuithe airgeadais an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus maidir leis an nós imeachta trína bhféadfaí cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an gceartú airgeadais.

(33)

Chun an caidreamh airgeadais idir na hÚdaráis Fhreagracha agus buiséad an Aontais a bhunú, ba cheart don Choimisiún cuntais na n-údarás sin a imréiteach gach bliain. Ba cheart don chinneadh maidir le himréiteach na gcuntas iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a chumhdach ach níor cheart dó comhréireacht an chaiteachais le dlí an Aontais a chumhdach.

(34)

Ós rud é go bhfuil an Coimisiún freagrach as cur i bhfeidhm cuí dhlí an Aontais faoi Airteagal 17 CAE, ba cheart dó cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonann an caiteachas arna thabhú ag na Ballstáit reachtaíocht an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag na Ballstáit bonn údair a thabhairt lena gcinntí íocaíochtaí a dhéanamh. Chun urrúis dlí agus airgeadais a thabhairt do na Ballstáit maidir le caiteachas a rinneadh san am atá thart, ba cheart don Choimisiún uastréimhse a shocrú lena gcinnfear na hiarmhairtí airgeadais ba cheart a thiocfadh as neamh-chomhlíonadh.

(35)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta airgeadais agus cur chun feidhme éifeachtach, agus go ndéanfar an trédhearcacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú freisin, agus go mbeidh rochtain ar mhaoiniú agus go mbeidh cóir chomhionann ann do na tairbhithe.

(36)

D’fhonn an leas a bhaintear as maoiniú a shimpliú agus d’fhonn an baol atá ann go ndéanfar earráid a laghdú, is iomchuí é na cineálacha tacaíochta a shainiú mar aon leis na coinníollacha comhchuibhithe le bheith incháilithe chun deontais a chaitheamh, lena n-áirítear roghanna simplithe costais, agus ní mór ag an am céanna foráil d’idirdhealú a dhéanamh más gá sin chun sainiúlachtaí an bheartais a léiriú. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le hincháilitheacht caiteachais.

(37)

D’fhonn smacht airgeadais a spreagadh, is iomchuí socruithe a shainiú maidir le haon chuid den ghealltanas buiséadach i gclár náisiúnta a shaoradh, go háirithe nuair a d’fhéadfaí suim a eisiamh ón saoradh, go sonrach nuair a bhíonn moill ar an gcur chun feidhme mar thoradh ar imeachtaí dlíthiúla nó achomharc riaracháin a mbíonn tionchar fionraíochta acu nó ar chúiseanna force majeur.

(38)

Lena áirithiú go gcuirfear na rialacha ginearálta maidir le saoradh i bhfeidhm go cuí, ba cheart mionsonraí a thabhairt sna rialacha a bhunaítear faoin tslí ina leagtar síos na spriocdhátaí don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na méideanna faoi seach.

(39)

Tá sé tábhachtach éachtaí chistiú an Aontais a chur ar a shúile don phobal i gcoitinne. Tá sé de cheart ag saoránaigh fios a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an Aontais a chaitheamh. Ba cheart don Choimisiún, do na hÚdaráis Fhreagracha agus do na tairbhithe bheith freagrach as a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis chuí in iúl don phobal. D’fhonn éifeachtúlacht níos mó a áirithiú i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgí níos láidre a chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, ba cheart go rannchuideodh an buiséad a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoi chistiú seo an Aontais freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chuimsiú ar an gcoinníoll go bhfuil siad bainteach le cuspóirí ginearálta chistiú an i réimse na ngnóthaí baile.

(40)

D’fhonn scaipeadh forleathan faisnéise maidir le cistiú an Aontais i réimse na ngnóthaí baile a áirithiú agus d’fhonn tairbhithe ionchasacha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin, ba cheart rialacha mionsonraithe faoi bhearta cumarsáide agus faisnéise, mar aon le saintréithe teicniúla áirithe na mbeart sin, a shainiú ar bhonn an Rialacháin seo agus ba cheart do gach Ballstát suíomh Gréasáin nó tairseach Gréasáin a bhunú, ar a laghad, ar a bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit feachtais chumarsáide dhíreacha a chur ar bun chun tairbhithe ionchasacha a chur ar an eolas i gceart trí, inter alia, imeachtaí rialta poiblí a eagrú - laethanta faisnéise mar a thugtar orthu, agus seisiúin oiliúna.

(41)

Braitheann éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo ar an meastóireacht a dhéantar orthu agus ar scaipeadh na dtorthaí freisin. Ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis seo, agus socruithe d’fhonn iontaofacht na meastóireachta agus cáilíocht na faisnéise lena mbaineann a áirithiú, a chur ar bhonn foirmiúil.

(42)

Chun forálacha an Rialacháin seo ar na prionsabail choiteanna maidir le hincháilitheacht caiteachais a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(43)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó gach Ballstát.

(44)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(45)

Ba cheart go mbainfí úsáid as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart go mbainfí úsáid as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na foirmeacha eiseamláireacha chun faisnéis a sholáthar don Choimisiún, mar gheall ar iad a bheith chomh teicniúil sin.

(46)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forálacha ginearálta le haghaidh chur chun feidhme na Rialachán Sonrach a leagan síos, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(47)

Ós rud é go leagtar síos sa Rialachán seo na rialacha ginearálta is gá chun Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme, ar rialacha iad ina bhforálfar dá infheidhmitheacht maidir leis na Rialacháin Shonracha seo agus ar gníomhartha iad a chuireann leis an méid atá in acquis Schengen i dtaca leis na tíortha ina bhfuil feidhm leis na Rialacháin Shonracha seo ar bhonn na bPrótacal ábhartha a ghabhann le CAE agus le CFAE nó ar bhonn na gComhaontuithe ábhartha, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm in éineacht leis na Rialacháin Shonracha seo. Sa mhéid sin, tugtar le tuiscint go bhféadfar an Rialachán seo a nascadh le forálacha na Rialachán Sonrach lena bhforbraítear tuilleadh acquis Schengen agus go bhféadfaidh an Rialachán seo dul i gcion go díreach ar fhorálacha na Rialachán Sonrach sin, agus ar an gcaoi sin go mbeadh tionchar aige ar chreat dlíthiúil an acquis.

(48)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(49)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(50)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha ginearálta le haghaidh chur chun feidhme na Rialachán Sonrach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

maoiniú caiteachais;

(b)

comhpháirtíocht, clársceidealú, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht;

(c)

na córais bhainistíochta agus rialaithe atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit; agus

(d)

imréiteach na gcuntas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn “Rialacháin Shonracha”

Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9); agus

aon rialachán eile lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(b)

ciallaíonn “clársceidealú” an próiseas maidir le heagrú, cinneadh a ghlacadh agus maoiniú de réir céimeanna éagsúla a bhfuil sé d’aidhm acu comhghníomhaíocht an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme, ar bhonn ilbhliantúil, chun cuspóirí na Rialachán Sonrach a bhaint amach;

(c)

ciallaíonn “gníomhaíocht” tionscadal nó grúpa tionscadal arna roghnú ag Údarás Freagrach an chláir náisiúnta lena mbaineann, nó faoina chúram, lena gcuirtear le cuspóirí ginearálta agus sonracha arna saothrú leis na Rialacháin Shonracha;

(d)

ciallaíonn “gníomhaíocht an Aontais” gníomhaíocht thrasnáisiúnta nó gníomhaíocht a bhfuil leas áirithe aici don Aontas mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha;

(e)

ciallaíonn “tionscadal” na modhanna sonracha, praiticiúla a mbaintear úsáid astu chun gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht tairbhí ranníocaíochta an Aontais a chur chun feidhme;

(f)

ciallaíonn “cúnamh éigeandála” tionscadal nó grúpa tionscadal lena dtugtar aghaidh ar staid éigeandála mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha;

(g)

ciallaíonn “tairbhí” faighteoir ranníocaíochta ón Aontas faoi thionscadal, is cuma comhlacht poiblí nó príobháideach, eagraíocht idirnáisiúnta nó Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (“CICD”), nó Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL AN CHÚNAIMH

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1.   Cuirfear tacaíocht ar fáil leis na Rialacháin Shonracha, trí chláir náisiúnta, gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála, ina gcomhlánaítear idirghabháil náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena gcuirtear i bhfeidhm na cuspóirí a shaothraíonn an tAontas, agus lena mbeidh breisluach don Aontas mar thoradh air chomh maith.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlánaitheach le hionstraimí eile de chuid an Aontais, agus comhthéacs ar leith gach Ballstáit á chur san áireamh.

3.   Déanfar an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

4.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”) maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, comhordú idir an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha, agus idir beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear na cinn sin faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht le SEGS, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil leis na tíortha sin i gcrích ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a dtacaítear leo trí ionstraimí an Aontais. Áiritheofar leo, go háirithe, maidir leis na gníomhaíochtaí sin:

(a)

go mbeidh siad comhtháite le beartas seachtrach an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthú an bheartais le haghaidh forbartha, agus comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i dtrácht;

(b)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt;

(c)

go bhfónfar do leasanna bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad i gcomhréir le gníomhaíochtaí a ghlacfar laistigh den Aontas.

6.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta mar a fhoráiltear in Airteagal 30 den Rialachán sin.

7.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeacht na tacaíochta a sholáthrófar faoi na Rialacháin Shonracha a áirithiú, lena n-áirítear trí fhaireachán, trí thuairisciú agus trí mheastóireacht.

8.   Comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a ról faoi seach maidir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha d’fhonn an t-ualach riaracháin ar thairbhithe, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a laghdú, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

Airteagal 4

Comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta

Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Rialacháin Shonracha dlí infheidhme náisiúnta agus dlí infheidhme an Aontais.

Airteagal 5

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo agus faoi na Rialacháin Shonracha chun feidhme, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillitheachta nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil má bhraitear neamhrialtachtaí, agus, más cuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá idir éifeachtach, cionmhar agus díspreagthach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún fúthu seo agus coimeádfaidh siad é ar an eolas faoi aon dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis na himeachtaí gaolmhara riaracháin agus dlí.

3.   Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a aisghabháil mar thoradh ar locht nó ar fhaillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát sin freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad an Aontais.

4.   Soláthróidh Ballstáit cosaint éifeachtach i gcoinne calaoise, go háirithe i ndáil le limistéir a bhfuil leibhéal níos airde riosca ag gabháil leo. Beidh cosaint den sórt sin mar bhac, ag féachaint do na tairbhí, agus do chomhréireacht na mbeart freisin.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58, i ndáil leis na hoibleagáidí atá ar Bhallstáit agus a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

6.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, minicíocht thuairisciú na neamhrialtachtaí agus an fhormáid tuairiscithe a bheidh le húsáid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

7.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha.

8.   Féadfaidh OLAF fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (11) d’fhonn a shuí cibé acu ar tharla calaois, éillitheacht nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeidh éifeacht aici ar leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, cinneadh deontais nó le conradh a chistítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha.

9.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 7 agus do mhír 8, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL III

CREAT AIRGEADAIS DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AONTAIS, DO CHÚNAMH ÉIGEANDÁLA AGUS DO CHÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 6

Creat cur chun feidhme

1.   Bunóidh an Coimisiún an tsuim fhoriomlán le cur ar fáil do ghníomhaíochtaí an Aontais, do chúnamh éigeandála agus do chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an clár oibre le haghaidh ghníomhaíochtaí an Aontais agus cúnaimh éigeandála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

3.   D’fhonn a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil in am, féadfaidh go nglacfaidh an Coimisiún le clár oibre faoi leith le haghaidh cúnaimh éigeandála.

4.   Féadfar gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme go díreach, tríd an gCoimisiún nó trí ghníomhaireachtaí seachtracha, nó go hindíreach, trí eintitis agus daoine seachas na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 7

Cúnamh éigeandála

1.   Mar fhreagairt ar staid éigeandála mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cúnamh éigeandála a chur ar fáil. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthúil.

2.   Laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, féadfaidh an cúnamh éigeandála a bheith ionann le 100 % den chaiteachas incháilithe.

3.   D’fhéadfadh cúnamh i mBallstáit agus i dtríú tíortha a bheith i gceist le cúnamh éigeandála i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na gníomhaíochtaí atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha.

4.   Féadfaidh cúnamh éigeandála tacú le caiteachas a tabhaíodh roimh an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas nó an t-iarratas ar chúnamh, ach tráth nach luaithe ná 1 Eanáir 2014, nuair is gá sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme.

5.   Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí an Aontais.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gníomhaíochtaí an Aontais agus cúnamh éigeandála a mhaoiniú i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha de réir na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a shainmhínítear sna Rialacháin Shonracha.

2.   I gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí den sórt sin chun feidhme go díreach, beidh cead ag na heintitis seo a leanas iarratais ar dheontas a chur isteach:

(a)

Ballstáit;

(b)

tríú tíortha, i gcásanna cuí-réasúnaithe inar gá deontas chun cuspóirí an Rialacháin seo agus cuspóirí na Rialachán Sonrach a bhaint amach;

(c)

comhchomhlachtaí arna mbunú ag tríú tíortha agus ag an Aontas nó ag Ballstáit;

(d)

eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí réigiúnacha, comhlachtaí, ranna agus misin de chuid na NA, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus bainc forbartha agus institiúidí dlínse idirnáisiúnta sa mhéid go gcuireann siad le cuspóirí an Rialacháin Shonraigh nó na Rialachán Sonrach lena mbaineann;

(e)

CICD agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg;

(f)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá bunaithe agus cláraithe san Aontas agus sna tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen;

(g)

gníomhaireachtaí an Aontais le haghaidh cúnaimh éigeandála.

Airteagal 9

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó ar a shon, féadfar, trí bhíthin na Rialachán Sonrach, tacaíocht a sholáthar le haghaidh na mbeart ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, chomh maith le bearta agus gníomhaíochtaí meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe is gá d’fhonn an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a chur chun feidhme.

2.   Féadfar na nithe seo a leanas a chur san áireamh sna bearta agus sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a mheas;

(b)

tacaíocht maidir le forbairt institiúideach agus forbairt acmhainní riaracháin ar mhaithe leis an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a bhainistiú go héifeachtach;

(c)

bearta a bhaineann le hanailís, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, chomh maith le bearta a bhaineann le córais rialaithe agus cúnamh teicniúil agus riaracháin a chur chun feidhme;

(d)

meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staidreamh agus staidéir, lena n-áirítear iad siúd de chineál ginearálta maidir le feidhmiú na Rialachán Sonrach;

(e)

gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha. D’fhonn éifeachtúlacht níos mór a chruthú i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgí níos láidre a chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chuimsiú ar an gcoinníoll go bhfuil baint acu le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach;

(f)

córais ríomhairithe bainistithe, faireacháin, iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a thabhairt cothrom le dáta, a fheidhmiú agus a idirnascadh;

(g)

dearadh creata choitinn le haghaidh meastóireachta agus faireacháin chomh maith le córas táscairí, agus táscairí náisiúnta á gcur san áireamh nuair is iomchuí sin;

(h)

gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais meastóireachta;

(i)

comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna agus bearta coiteanna faisnéise agus oiliúna eile maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach d’údaráis inniúla agus do thairbhithe;

(j)

gníomhaíochtaí a bhaineann le calaois a bhraith agus a chosc;

(k)

gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht.

3.   Féadfaidh na bearta agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a bheith bainteach freisin leis na creataí airgeadais roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL IV

CLÁIR NÁISIÚNTA

ROINN 1

Creat Clársceidealaithe agus Cur Chun Feidhme

Airteagal 10

Clársceidealú

Saothrófar cuspóirí na Rialachán Sonrach faoi chuimsiú an chlársceidealaithe ilbhliantúil don tréimhse ó 2014-2020, faoi réir athscrúdaithe mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 15.

Airteagal 11

Idirghabháil choimhdeach agus chomhréireach

1.   Beidh na Ballstáit agus a n-údaráis inniúla mar a shonraítear in Airteagal 25 freagrach as cláir a chur chun feidhme agus as a gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na Rialacháin Shonracha a thabhairt chun críche ar an leibhéal iomchuí, de réir chreat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi réir an Rialachán seo agus na Rialacháin Shonracha a bheith comhlíonta.

2.   Cuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na tacaíochta a chuirtear ar fáil faoi na Rialacháin Shonracha, agus go háirithe na hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistiú agus rialú, agus beidh aird chuí ar an leibhéal tacaíochta a thugtar, agus an t-ualach riaracháin á laghdú sa chaoi sin agus lena n-éascaítear cur chun feidhme éifeachtach.

Airteagal 12

Comhpháirtíocht

1.   Eagróidh gach Ballstát, i gcomhréir lena rialacha agus a gcleachtas náisiúnta, agus faoi réir ceanglas slándála ar bith is infheidhme, comhpháirtíocht le húdaráis agus le comhlachtaí ábhartha, chun dul i mbun an róil a leagtar amach i mír 3. Déanfar an chomhpháirtíocht as údaráis phoiblí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, i gcás inarb infheidhme. Áireofar leis chomh maith, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta.

2.   Seolfar comhpháirtíocht go hiomlán de réir dlínse institiúidí, dlí agus airgeadais gach catagóire comhpháirtithe faoi seach.

3.   Déanfaidh an Ballstát go mbeidh an chomhpháirtíocht páirteach in ullmhú, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na gclár náisiúnta. Féadfaidh leagan amach na comhpháirtíochta a bheith éagsúil ag céimeanna difriúla den chlár.

4.   Bunóidh gach Ballstát coiste faireacháin chun tacú le cur chun feidhme na gclár náisiúnta.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a chur ar fáil maidir le faireachán a dhéanamh ar chláir náisiúnta agus, más gá agus i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, féadfaidh sé páirt a ghlacadh in obair an choiste faireacháin mar chomhairleoir.

Airteagal 13

Idirphlé beartais

1.   D’fhonn ullmhú na gclár náisiúnta a éascú, beidh idirphlé ag gach Ballstát agus ag an gCoimisiún ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach, lena gcuirfear san áireamh frámaí ama táscacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 14. Díreofar san idirphlé ar na torthaí foriomlána a bheidh le baint amach trí bhíthin na gclár náisiúnta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar thosaíochtaí na mBallstát sna réimsí idirghabhála a chumhdaítear leis na Rialacháin Shonracha, agus aird á tabhairt ar staid na bonnlíne sa Bhallstát lena mbaineann agus cuspóirí na Rialachán Sonrach. Féadfar go mbeidh deis ar fáil leis an idirphlé le haghaidh malartú tuairimí maidir le gníomhaíochtaí an Aontais. Beidh an toradh ar an idirphlé ina threoir chun na cláir náisiúnta a ullmhú agus a fhormheas agus áireofar air léiriú ar an dáta a mbeifear ag súil go gcuirfidh na Ballstáit na cláir náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, chun go nglacfar an clár ar bhealach tráthúil. Déanfar taifead ar an toradh sin i miontuairiscí a bheidh comhaontaithe.

2.   I gcás gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i dtríú tíortha agus maidir leis na tríú tíortha sin, ní bheidh gníomhaíochtaí den chineál sin dírithe ar fhorbairt go díreach agus lorgófar san idirphlé beartais comhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist.

3.   Tar éis an t-idirphlé beartais a chur i gcrích, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin toradh foriomlán.

4.   Má mheasann Ballstát nó an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí, d’fhéadfaí an t-idirphlé beartais a dhéanamh an athuair tar éis an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 15, d’fhonn riachtanais an Bhallstáit sin agus tosaíochtaí an Aontais a mheasúnú arís.

Airteagal 14

Ullmhú agus formheas clár náisiúnta

1.   Beartóidh gach Ballstát, ar bhonn thoradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1), clár náisiúnta ilbhliantúil i gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha.

2.   Déanfar blianta airgeadais na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a chumhdach i ngach clár náisiúnta atá beartaithe agus beidh na gnéithe seo a leanas ann:

(a)

cur síos ar an gcás bonnlíne sa Bhallstát, curtha i gcrích leis an bhfaisnéis fhíriciúil a bhfuil gá léi chun na ceanglais a mheasúnú i gceart;

(b)

anailís ar cheanglais sa Bhallstát agus na cuspóirí náisiúnta a ceapadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse a chumhdaítear sa chlár;

(c)

straitéis iomchuí ina sainaithnítear na cuspóirí a bheidh le saothrú le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, agus spriocanna dá mbaint amach, tráthchlár táscach agus samplaí de ghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh;

(d)

cur síos ar an gcaoi a gcumhdaítear cuspóirí na Rialachán Sonrach;

(e)

na meicníochtaí lena n-áirithítear comhordú idir na hionstraimí arna mbunú leis na Rialacháin Shonracha agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ionstraimí náisiúnta;

(f)

faisnéis ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta atá le cur i bhfeidhm agus na táscairí atá le húsáid chun an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí saothraithe a thomhas i dtaca leis an gcás bonnlíne sa Bhallstát;

(g)

na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir náisiúnta, ina n-aithnítear na húdaráis inniúla, agus tuairisc ghearr ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe atá beartaithe;

(h)

tuairisc ghearr ar an gcur chuige a roghnófar do phrionsabal na comhpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 12 a chur chun feidhme;

(i)

dréachtphlean maoinithe atá miondealaithe go táscach de réir gach bliain airgeadais sa tréimhse, lena n-áirítear léiriú ar an gcaiteachas ar chúnamh teicniúil;

(j)

na meicníochtaí agus na modhanna atá le húsáid chun poiblíocht a dhéanamh ar an gclár náisiúnta.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na cláir náisiúnta atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an t-idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt chun críche.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tsamhail ar dá réir a dhéanfar na cláir náisiúnta a dhréachtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

5.   Sula bhformheastar clár náisiúnta atá beartaithe, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an méid seo a leanas:

(a)

a chomhsheasmhacht le cuspóirí na Rialachán Sonrach agus le toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1);

(b)

leithdháileadh chistiú an Aontais idir cuspóirí i bhfianaise cheanglais na Rialachán Sonrach agus, i gcás inarb ábhartha, an chúis le himeacht ó na híoschionnta a leagtar amach sna Rialacháin Shonracha.

(c)

ábharthacht na gcuspóirí, na spriocanna, na dtáscairí, an tráthchláir agus samplaí de ghníomhaíochtaí a mbeifear ag súil leo sa chlár náisiúnta atá beartaithe i bhfianaise na straitéise a mholann na Ballstáit;

(d)

ábharthacht na bhforálacha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 2 i bhfianaise na ngníomhaíochtaí atá beartaithe;

(e)

comhlíonadh dhlí an Aontais ag an gclár atá beartaithe;

(f)

comhlántacht leis an tacaíocht arna soláthar le cistí eile an Aontais lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa;

(g)

nuair is infheidhme faoi Rialachán Sonrach, le haghaidh cuspóirí agus samplaí gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i dtríú tíortha agus maidir leo, comhchuibheas le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún lena mbaineann.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár náisiúnta atá beartaithe isteach. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil clár náisiúnta atá beartaithe ar neamhréir le cuspóirí an Rialacháin Shonraigh, i bhfianaise na straitéise náisiúnta nó nach bhfuil cistiú an Aontais a leithdháilfear ar na cuspóirí sin leordhóthanach nó nach gcomhlíonann an clár dlí an Aontais, iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise uile is gá a chur ar fáil agus, nuair is iomchuí, an clár náisiúnta atá beartaithe a mhodhnú.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gach clár náisiúnta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí.

8.   Gan dochar do mhír 7, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi thoradh foriomlán mír 5 agus mír 6 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, i ndáil leis na híoschéatadáin a leagtar amach in aghaidh an chuspóra sna Rialacháin Shonracha ábhartha, ar comhlíonadh iad nó ar maolaíodh uathu.

9.   I bhfianaise dálaí nua nó dálaí gan choinne, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ón mBallstát lena mbaineann, féadfar clár náisiúnta formheasta a athscrúdú agus, más gá, a athchóiriú don tréimhse atá fágtha den tréimhse chlársceidealaithe.

Airteagal 15

Athscrúdú meántéarma

1.   In 2018 déanfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát athscrúdú ar an staid, i bhfianaise na dtuarascálacha eatramhacha meastóireachta a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 57(1), agus i bhfianaise na bhforbairtí i mbeartais an Aontais agus sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Tar éis an athscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, agus i bhfianaise a thoraidh, féadfar cláir náisiúnta a athchóiriú.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 14 maidir le hullmhú agus le formheas na gclár náisiúnta i leith ullmhú agus fhormheas na gclár náisiúnta athchóirithe sin.

4.   Tar éis chur i gcrích an athscrúdaithe mheántéarma agus mar chuid den mheastóireacht eatramhach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 57(2), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an athscrúdú meántéarma faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Airteagal 16

Struchtúr maoinithe

1.   Is i bhfoirm deontas a dhéanfar ranníocaíochtaí maoinithe a chuirtear ar fáil faoi na cláir náisiúnta.

2.   Déanfar gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na cláir náisiúnta a chómhaoiniú ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha, beidh siad neamhbhrabúsach agus ní bheidh siad faoi réir maoinithe ó fhoinsí eile a chumhdaítear i mbuiséad an Aontais.

3.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % faoi ghníomhaíochtaí sonracha nó faoi thosaíochtaí straitéiseacha mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Shonracha.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcásanna, de dheasca brú eacnamaíoch ar an mbuiséad náisiúnta, nach gcuirfí tionscadail chun feidhme agus nach mbainfí cuspóirí an chláir náisiúnta amach murach sin.

6.   Féadfaidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Bhallstáit a bheith cothrom le 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán.

Airteagal 17

Prionsabail ghinearálta incháilitheachta

1.   Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, cé is moite de chásanna ina bhfuil rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Shonracha.

2.   I gcomhréir leis na Rialacháin Shonracha, d’fhonn go mbeadh an caiteachas incháilithe, ní mór dó an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ní mór dó a bheith faoi raon feidhme na Rialachán Sonrach agus a gcuspóirí;

(b)

ní mór dó a bheith ag teastáil chun na gníomhaíochtaí dá gcumhdaítear sa tionscadal lena mbaineann a dhéanamh;

(c)

ní mór dó a bheith réasúnta agus prionsabail an bhainistithe fónta airgeadais a chomhlíonadh, go háirithe luach ar airgead agus cost-éifeachtúlacht.

3.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi na Rialacháin Shonracha más rud é:

(a)

go bhfuil sé tabhaithe ag tairbhí idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022; agus

(b)

go bhfuil sé íoctha amach ag an Údarás Freagrach ainmnithe idir an 1 Eanáir 2014 agus an 30 Meitheamh 2023.

4.   De mhaolú ar mhír 3, caiteachas a íocfar in 2014 beidh sé incháilithe i gcás ina n-íocfaidh an tÚdarás Freagrach é sula n-ainmneofar é go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 26, ar choinníoll go mbeidh na córais bhainistíochta agus rialaithe a chuirfear i bhfeidhm roimh an ainmniú foirmiúil mar an gcéanna go bunúsach leis na córais a bheidh i bhfeidhm tar éis ainmniú foirmiúil an Údaráis Fhreagraigh.

5.   Tacófar leis an gcaiteachas a áirítear in iarratais ar íocaíocht ón tairbhí chuig an Údarás Freagrach le sonraisc nó le doiciméid chuntasaíochta a mbeidh luach profach coibhéiseach ag gabháil leo, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 18(1). I gcás cineálacha tacaíochta den sórt sin, de mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, is ionann na méideanna a áirítear san iarratas ar íocaíocht agus an costas aisíoctar leis an tairbhí ag an Údarás Freagrach.

6.   Déanfar glanioncam a ghintear go díreach ó thionscadal le linn a chur chun feidhme nár cuireadh san áireamh ag tráth formheasta an tionscadail a asbhaint ó chaiteachas incháilithe an tionscadail ar a dhéanaí san iarratas ar íocaíocht deiridh arna chur isteach ag an tairbhí.

Airteagal 18

Caiteachas incháilithe

1.   Féadfar caiteachas incháilithe a aisíoc ar na bealaí seo a leanas:

(a)

aisíoc na gcostas incháilithe a thabhaítear agus a íoctar go hiarbhír, mar aon le dímheas, nuair is infheidhme;

(b)

scálaí caighdeánacha costas aonaid;

(c)

cnapshuimeanna;

(d)

maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

2.   Féadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chur le chéile i gcás ina gcumhdaíonn gach rogha catagóirí difriúla costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid de ghníomhaíocht nó le haghaidh céimeanna leantacha gníomhaíochta.

3.   I gcás ina gcuirtear tionscadal chun feidhme go heisiach trí oibreacha, trí earraí nó trí sheirbhísí a sholáthar go poiblí, ní bheidh feidhm ach le pointe (a) de mhír 1. I gcás ina bhfuil an soláthar poiblí laistigh de thionscadal teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfaidh feidhm a bheith ag na rogha uile dá dtagraítear i mír 1.

4.   Bunófar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe orthu seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii)

gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna.

5.   Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais an tionscadail agus na coinníollacha maidir le híocaíocht an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha le haghaidh tacaíochta do gach tionscadal.

6.   I gcás ina n-eascraíonn costais indíreacha as cur chun feidhme tionscadail, féadfar iad a ríomh mar ráta comhréidh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, i gcás ina ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa atá cóir, cothrom agus infhíoraithe nó ar bhonn modha a chuirtear i bhfeidhm faoi scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát lena mbaineann le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna;

(b)

ráta comhréidh de suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe gan ceanglas a bheith ar an mBallstát lena mbaineann ríomh ar bith a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(c)

ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh tionscadail agus tairbhí den chineál céanna.

7.   Chun críocha na costais foirne a bhaineann le cur chun feidhme tionscadail a chinneadh, féadfar an ráta de réir na huaire is infheidhme a ríomh trí na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair an chloig.

8.   Anuas ar na modhanna a leagtar síos i mír 4, nach mó an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais ina leith ná EUR 100 000, féadfar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 a bhunú de réir cáis trí thagairt a dhéanamh do dhréachtbhuiséad arna chomhaontú ex ante ag an Údarás Freagrach.

9.   Féadfar a mheas go bhfuil costais dímheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir náisiúnta;

(b)

tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonraisc le haghaidh costas incháilithe acu i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(c)

baineann na costais go heisiach leis an tréimhse tacaíochta don tionscadal;

(d)

níl tacaíocht ó bhuiséad an Aontais tar éis ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo éadáil na sócmhainní dímheasta.

10.   Gan dochar d’Airteagal 43, chun críocha mhír 8 den Airteagal seo féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra náisiúnta acu ráta comhshó an euro a úsáid, ar ráta é a shocraítear ar an dáta a dhéantar an tionscadal a fhormheas nó comhaontú tionscadail a shíniú bunaithe ar an ráta míosúil malairte cuntasaíochta a fhoilsíonn an Coimisiún go leictreonach. Ní bheidh ráta comhshó an euro faoi réir modhnaithe le linn an tionscadail.

Airteagal 19

Caiteachas neamh-incháilithe

Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe i gcomhair ranníocaíochta ó bhuiséad an Aontais faoi na Rialacháin Shonracha:

(a)

ús ar fhiacha;

(b)

ceannach talún nár tógadh uirthi;

(c)

ceannach talún ar tógadh uirthi, i gcás gur gá an talamh do chur chun feidhme an tionscadail, ar mhéid a sháraíonn 10 % den chaiteachas iomlán incháilithe don tionscadal lena mbaineann;

(d)

cáin bhreisluacha (CBL), ach amháin i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoi dhlí náisiúnta CBL.

Airteagal 20

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit

1.   Ar thionscnamh ó Bhallstát le haghaidh gach cláir náisiúnta, féadfaidh na Rialacháin Shonracha tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhú, le bainistiú, le faireachán, le meastóireacht, le faisnéis agus le cumarsáid, le líonrú, le rialú agus le hiniúchóireacht, chomh maith le bearta i ndáil le treisiú an chumais riaracháin le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach.

2.   Féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh i measc na mbeart dá dtagraítear i mír 1:

(a)

caiteachas a bhaineann le hullmhú, le roghnú, le measúnacht, le bainistiú agus le faireachán an chláir, na ngníomhaíochtaí nó na dtionscadal;

(b)

caiteachas a bhaineann le hiniúchóireachtaí agus le rialuithe ar an láthair ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail;

(c)

caiteachas a bhaineann le meastóireachtaí ar an gclár, ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail;

(d)

caiteachas a bhaineann le faisnéis, le scaipeadh agus le trédhearcacht i ndáil leis an gclár, le gníomhaíochtaí nó le tionscadail, lena n-áirítear caiteachas ag éirí as Airteagal 53 a chur i bhfeidhm agus caiteachas ar fheachtais chun eolas a thabhairt agus chun feasacht a mhúscailt faoi chuspóir an chláir, ar feachtais iad a bheadh eagraithe, inter alia, ar an leibhéal áitiúil;

(e)

caiteachas ar éadáil, ar shuiteáil agus ar chothabháil córas ríomhairithe do bhainistiú, d’fhaireachán agus do mheastóireacht an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach;

(f)

caiteachas ar chruinnithe de choistí faireacháin agus d’fhochoistí a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme; lena n-áirítear costais saineolaithe agus rannpháirtithe eile sna coistí sin agus lena n-áirítear rannpháirtithe tríú tír i gcás gur riachtanach iad a bheith i láthair do chur chun feidhme clár, gníomhaíochtaí nó tionscadal;

(g)

caiteachas ar threisiú an chumais riaracháin do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach.

3.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na leithreasuithe d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar na tairbhithe agus ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 25 a laghdú, lena n-áirítear córais malartaithe leictreonaigh sonraí, agus gníomhaíochtaí d’fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus thairbhithe an Bhallstáit an tacaíocht dá bhforáiltear leis na Rialacháin Shonracha a riar agus a úsáid.

4.   Féadfaidh na gníomhaíochtaí a bheith bainteach freisin leis na creataí airgeadais roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

5.   Nuair atá údarás inniúil amháin nó níos mó roinnte idir níos mó ná clár náisiúnta amháin, féadfar na leithreasuithe do chaiteachas cúnaimh theicniúil na gclár lena mbaineann a chumasc, go páirteach nó go hiomlán.

ROINN 2

Bainistiú agus Rialú

Airteagal 21

Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe

D’fhonn a chlár náisiúnta a chur chun feidhme, bunóidh gach Ballstát córas bainistíochta agus rialaithe a dhéanfaidh foráil don méid seo a leanas:

(a)

cur síos ar fheidhmeanna gach údaráis a dhéanann bainistiú agus rialú, agus leithdháileadh feidhmeanna laistigh de gach údarás;

(b)

comhlíonadh an phrionsabail deighilte feidhmeanna idir údaráis den chineál sin nó laistigh díobh;

(c)

nósanna imeachta d’fhonn ceartaiseacht agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d)

córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e)

córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an tÚdarás Freagrach cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile;

(f)

socruithe maidir le feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g)

córais agus nósanna imeachta d’fhonn raon iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear calaois, agus suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha.

Airteagal 22

Freagrachtaí faoi bhainistíocht roinnte

I gcomhréir le prionsabal an na bainistíochta roinnte, beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir leis na freagrachtaí faoi seach atá acu a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna Rialacháin Shonracha.

Airteagal 23

Freagrachtaí na dTairbhithe

Comhoibreoidh na tairbhithe go hiomlán leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla agus a bhfeidhmeanna agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu maidir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha.

Airteagal 24

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistithe, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad leis na freagrachtaí a thig as sin, a leagtar síos sna rialacha ar bhainistíocht roinnte a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus sa Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár náisiúnta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfeidhmeoidh na córais sin go héifeachtach.

3.   Leithdháilfidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar gach údarás inniúil chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse clárúcháin.

4.   Bunóidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha.

5.   Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na téarmaí agus na coinníollacha a gcomhlíonfaidh an córas malartaithe leictreonaigh sonraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 25

Údaráis inniúla

1.   Chun críocha an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, tá na húdaráis inniúla mar a leanas:

(a)

Údarás Freagrach: comhlacht earnála poiblí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, arbh é an comhlacht ainmnithe laistigh de bhrí Airteagal 59(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus beidh sé freagrach as bainistiú agus rialú an chláir náisiúnta agus a dhéanfaidh an chumarsáid uile leis an gCoimisiún a láimhseáil;

(b)

Údarás Iniúchóireachta, údarás nó comhlacht poiblí náisiúnta, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an Údarás Freagrach agus a bheidh freagrach as an tuairim bhliantúil a eisiúint dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 59 (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(c)

i gcás inarb iomchuí, Údarás Tarmligthe amháin nó níos mó ná sin: aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a thugann faoi thascanna áirithe an údaráis fhreagraigh faoi chúram an Údaráis Fhreagraigh.

2.   Leagfaidh gach Ballstát rialacha síos lena rialaítear an caidreamh leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus a gcaidreamh leis an gCoimisiún.

Airteagal 26

Údaráis Fhreagracha a Ainmniú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmniú foirmiúil na nÚdarás Freagracha sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 59(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, ar leibhéal na nAirí, a bhfuil an fhreagracht orthu caiteachas a bhainistiú agus a rialú faoin Rialachán seo, a thúisce is féidir i ndiaidh an clár náisiúnta a fhormheas.

2.   Déanfar an t-ainmniú dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na critéir ainmniúcháin maidir le timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireacháin atá leagtha síos sa Rialachán seo nó atá ar bhonn an Rialacháin seo.

3.   Beidh ainmniú Údaráis Freagraigh bunaithe ar thuairim comhlachta iniúchóireachta, arbh fhéidir gurb é an t-Údarás Iniúchóireachta é, a dhéanann measúnú ar chomhlíonadh an Údaráis Fhreagraigh leis na critéir ainmniúcháin. Féadfar gurbh é an institiúid phoiblí neamhspleách a bheadh sa chomhlacht sin a mbeadh sé de fhreagracht air faireachán, meastóireacht, iniúchóireacht a dhéanamh ar an riarachán. Feidhmeoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar an Údarás Freagrach déanfaidh sé a chuid oibre i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 59(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh na Ballstáit a gcinneadh a bhunú ar cé acu arb ionann nó nach ionann na córais bhainistíochta agus rialaithe go bunúsach agus na cinn atá i bhfeidhm cheana féin ón tréimhse roimhe agus cé acu an raibh nó nach raibh siad ag feidhmiú go héifeachtach. Má léiríonn torthaí iniúchóireachta agus rialaithe nach bhfuil na critéir ainmniúcháin á gcomhlíonadh a thuilleadh ag na comhlachtaí ainmnithe, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na heasnaimh i gcur chun feidhme chúraimí na gcomhlachtaí sin a leigheas, lena n-áirítear tríd an ainmniú a fhoirceannadh.

4.   Chun feidhmiú fónta an chórais seo a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

coinníollacha íosta d’ainmniú na nÚdarás Freagrach agus aird ar an timpeallacht inmheánach, ar ghníomhaíochtaí rialaithe, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, agus ar fhaireachán, chomh maith le rialacha ar an nós imeachta chun an t-ainmniú a dhéanamh agus a tharraingt siar;

(b)

rialacha a bhaineann le maoirseacht agus leis an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar ainmniú Údarás Freagrach;

(c)

oibleagáidí na nÚdarás Freagrach maidir le hidirghabháil phoiblí, chomh maith lena bhfuil ina bhfreagrachtaí bainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 27

Prionsabail ghinearálta maidir le rialuithe ag Údaráis Fhreagracha

1.   Déanfaidh na hÚdaráis Fhreagracha rialú córasach riaracháin agus forlíonfaidh siad rialú den sórt sin le rialuithe ar an láthair, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí rialuithe ar an láthair gan fógra ar an gcaiteachas a bhaineann leis na hiarratais ar íocaíocht ó na tairbhithe atá dearbhaithe sna cuntais bhliantúla d’fhonn leibhéal iomchuí dearbhaithe a fháil.

2.   Maidir le rialuithe ar an láthair, roghnóidh an tÚdarás Freagrach a shampla rialaithe ó dhaonra iomlán na dtairbhithe lena gcuimseofar, nuair is iomchuí, cuid randamach agus cuid bunaithe ar riosca, d’fhonn ráta earráide ionadaí agus íosleibhéal muiníne a fháil, agus ag díriú freisin ar na hearráidí is airde.

3.   Ullmhóidh an tÚdarás Freagrach tuarascáil ar rialú maidir le gach rialú ar an láthair.

4.   Nuair is léir go bhfuil fadhbanna a aimsítear córasach agus dá bhrí sin gurb ionann iad agus riosca do thionscadail eile, áiritheoidh an tÚdarás Freagrach go dtabharfar faoi imscrúdú eile, lena n-áirítear rialuithe breise nuair is gá, chun scála fadhbanna den chineál sin a dhéanamh amach agus cé acu an bhfuil an ráta earráide níos airde ná an leibhéal is inghlactha. Tabharfaidh an tÚdarás Freagrach faoi na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha is gá agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad san achoimre dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 59(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh arb é is aidhm dóibh cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a bhaint amach. Féadfaidh na rialacha sin a bheith ag baint leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

na rialacha a bhaineann le rialuithe riaracháin agus ar an láthair lena n-áirítear rialuithe ar an láthair gan fógra, a dhéanfaidh an tÚdarás Freagrach maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí, maidir leis na gealltanais agus na rialacha incháilitheachta a thagann chun cinn de thoradh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis an tréimhse ama ar cheart doiciméid tacaíochta a choimeád;

(b)

na rialacha maidir le híosleibhéal na rialuithe ar an láthair is gá chun na rioscaí a bhainistiú go héifeachtach, mar aon leis na dálaí faoina mbeidh ar na Ballstáit líon na rialuithe sin a mhéadú, nó faoinar féidir leo iad a laghdú i gcás ina bhfeidhmíonn na córais bhainistíochta agus rialaithe go cuí agus ina bhfuil na rátaí earráide ar leibhéal atá inghlactha;

(c)

na rialacha agus na modhanna maidir le tuairisc a thabhairt ar na rialuithe agus ar an bhfíorú a rinneadh agus ar thorthaí na rialuithe agus an fhíoraithe sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 28

Íocaíocht le tairbhithe

Áiritheoidh na hÚdaráis Fhreagracha go bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir agus ina iomlán. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear ar bith comhéifeachta a laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe.

Airteagal 29

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   D’fhonn tacú leis an tuairim atá tugtha i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchóireachtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, agus ar shampla iomchuí den chaiteachas atá ar áireamh sna cuntais bhliantúla. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 den Rialachán seo a bhaineann le stádas na nÚdarás Freagrach agus na dálaí a chomhlíonfar ina gcuid iniúchóireachtaí.

2.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an tÚdarás Iniúchóireachta iniúchóireachtaí, áiritheoidh an tÚdarás Iniúchóireachta go mbeidh an saineolas speisialtóireachta agus an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin.

3.   Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go gcomhlíonfaidh an obair iniúchóireachta caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta.

Airteagal 30

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún le húdaráis iniúchóireachta faoi seach d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n-iniúchóireachtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a mhalartú a luaithe is féidir, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as úsáid chomhréireach acmhainní rialaithe agus chun dúbláil éagórach oibre a sheachaint.

2.   Tiocfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 31

Rialuithe agus Iniúchóireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   Beidh an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear an nós imeachta ainmnithe, an iarraidh ar íocaíocht an iarmhéid bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 44, na tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme agus na hiniúchóireachtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus Aontais, le meastóireacht a dhéanamh an bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus an bhfeidhmíonn na córais seo go héifeachtach le linn chur chun feidhme na gclár náisiúnta.

2.   Gan dochar d’iniúchóireachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiúin iniúchóireachtaí nó rialuithe ar an láthair a dhéanamh a bheadh faoi réir réamhfhógra 12 lá oibre ar a laghad a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta, seachas i gcásanna práinneacha. Urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta tríd an riachtanas dúbláil iniúchóireachtaí nó rialuithe gan údar arna ndéanamh ag na Ballstáit a sheachaint, leibhéal an riosca do bhuiséad an Aontais agus an riachtanas an t-ualach riaracháin do na tairbhithe a íosmhéadú a chur san áireamh. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh in iniúchóireachtaí nó i rialuithe den sórt sin.

3.   Féadfar na nithe seo a leanas a chur ar áireamh i raon feidhme na n-iniúchóireachtaí nó na rialuithe:

(a)

fíorú maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár náisiúnta nó i gcuid de;

(b)

comhlíonadh cleachtas riaracháin le rialacha an Aontais;

(c)

doiciméid tacaíochta is gá a bheith ann agus a gcomhghaol leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na cláir náisiúnta;

(d)

na téarmaí ar gabhadh na gníomhaíochtaí ar láimh ina leith agus ar rialaíodh iad;

(e)

measúnú ar bhainistiú fónta airgeadais na ngníomhaíochtaí nó an chláir náisiúnta.

4.   Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiúin, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh chun iniúchóireachtaí ar an láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid is gá, doiciméid agus meiteashonraí atá riachtanach, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le tionscadail agus le cúnamh teicniúil nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, doiciméid agus meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin. Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa mhír seo difear do chur chun feidhme forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n-ainmniú go sonrach leis an reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh ionadaithe údaraithe agus oifigigh an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a fhaightear mar sin gan dochar d’inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus cearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha á n-urramú ina n-iomláine.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún agus le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin rialuithe nó fiosruithe breise maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear sa Rialachán seo a ghabháil ar láimh. Féadfaidh gníomhairí an Choimisiúin nó daoine arna dtarmligean ag an gCoimisiún a bheith páirteach sna rialuithe sin. Chun na rialuithe a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cúnamh a iarraidh ar údaráis na mBallstát sin le haghaidh rialuithe nó fiosrúchán áirithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na gníomhaíochtaí is gá a ghlacadh d’fhonn feidhmiú éifeachtach a chórais bhainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

ROINN 3

Bainistiú Airgeadais

Airteagal 32

Oibleagáidí bhuiséadacha

1.   Déanfar oibleagáidí buiséadacha an Aontais i ndáil le gach clár náisiúnta i dtráthchodanna bliantúla sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

2.   Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar gach clár náisiúnta cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus nuair a fhógraítear don Bhallstát lena mbaineann, ceangaltas dlí de réir bhrí an Rialacháin sin.

3.   I gcás gach cláir náisiúnta, leanfaidh an oibleagáid bhuiséadach maidir leis an gcéad tráthchuid formheas an chláir náisiúnta ag an gCoimisiún.

4.   I gcás na n-oibleagáidí buiséadacha do thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 16 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 33

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta a íoc i gcomhréir le leithreasaí faoi chomhair an bhuiséid agus faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht san oibleagáid bhuiséadach is túisce a bheidh oscailte lena mbaineann.

2.   Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh-mhaoinithe tosaigh, réamh-mhaoinithe bhliantúil, íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid dheiridh.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 90 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 34

Carnadh réamh-mhaoinithe tosaigh agus iarmhéideanna bliantúla

1.   Ní sháróidh iomlán na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe tosaigh agus íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil 95 % den ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann.

2.   Nuair a bhainfear an uasteorainn 95 % amach, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’iarratais ar íocaíocht a tharchur chuig an gCoimisiún.

Airteagal 35

Socruithe um réamh-mhaoiniú

1.   I ndiaidh chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an clár náisiúnta, íocfaidh an Coimisiún, laistigh de cheithre mhí, méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad leis an Údarás Freagrach ainmnithe. Beidh an méid réamh-mhaoinithe tosaigh sin ionann le 4 % den ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann. Féadfar é a roinnt in dhá thráthchuid ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil

2.   Íocfar méid réamh-mhaoinithe bliantúil de 3 % den ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann roimh an 1 Feabhra 2015. Le haghaidh na mblianta 2016 - 2022, beidh an méid sin ionann le 5 % den ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann.

3.   Má dhéantar clár náisiúnta a fhormheas in 2015 nó níos déanaí, íocfar na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh agus na méideanna réamh-mhaoinithe bliantúla tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh an clár náisiúnta a fhormheas ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil.

4.   I gcás leasuithe ar an ranníocaíocht iomlán ó bhuiséad an Aontais do chlár náisiúnta, athchóireofar na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh agus na méideanna réamh-mhaoinithe bliantúla dá réir agus léireofar sin sa chinneadh airgeadais.

5.   Ba cheart réamh-mhaoiniú a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe lena gcuirtear an clár náisiúnta chun feidhme chomh maith agus do na húdaráis inniúla i gcás caiteachais a bhaineann le tacaíocht theicniúil. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don Údarás Freagrach chun na gcríoch sin.

Airteagal 36

Réamh-mhaoiniú a imréiteach

1.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 40 tráth a ndúntar an clár náisiúnta ar a dhéanaí.

2.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 39.

3.   Déanfar an méid iomlán arna íoc mar réamh-mhaoiniú a íoc ar ais leis an gCoimisiún mura seoltar iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal44 laistigh de 36 mí den dáta a íocann an Coimisiún an chéad tráthchuid den mhéid réamh-mhaoinithe tosaigh.

4.   Breacfar an t-ús arna ghineadh ar an réamh-mhaoiniú tosaigh leis an gclár náisiúnta lena mbaineann agus bainfear é ó mhéid an chaiteachais phoiblí arna chur in iúl ar an iarratas ar íocaíocht dheiridh.

Airteagal 37

Sannadh inmheánach ioncaim

1.   Measfar gurb ioncam inmheánach sannaithe iad na nithe seo a leanas de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012:

(i)

suimeanna, faoi Airteagal 45 agus 47 den Rialachán seo, a íoctar le buiséad an Aontais, lena n-áirítear an t-ús;

(ii)

suimeanna, tar éis chur i gcrích na gclár faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil roimhe sin, a íoctar le buiséad an Aontais, lena n-áirítear an t-ús.

2.   Íocfar na suimeanna dá dtagraítear i mír 1 le buiséad an Aontais agus, i gcás iad a athúsáid, úsáidfear iad ar dtús chun caiteachas faoi na Rialacháin Shonracha a mhaoiniú.

Airteagal 38

An bhliain airgeadais a shainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdóidh an bhliain airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna iontráil i gcuntais an Údaráis Fhreagraigh sa tréimhse dar tús an 16 Deireadh Fómhair den bhliain “N-1” agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den bhliain “N”.

Airteagal 39

An t-iarmhéid bliantúil a íoc

1.   Íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid bliantúil, ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, na gcuntas bliantúil do bhliain airgeadais chomhfhreagrach an chláir náisiúnta agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach.

2.   Cumhdófar sna cuntais bhliantúla na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach, lena n-áirítear na híocaíochtaí maidir le tacaíocht theicniúil, le linn na bliana airgeadais ar comhlíonadh na ceanglais rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 27 ina leith.

3.   Ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil, íocfar an t-iarmhéid bliantúil tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Choimisiún a mheas gurb inghlactha an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus in Airteagal 54 agus tar éis imréiteach na gcuntas bliantúla is déanaí.

Airteagal 40

An clár a chur i gcrích

1.   Cuirfidh Ballstáit na doiciméid seo a leanas isteach faoin 31 Nollaig 2023:

(a)

an fhaisnéis is gá le haghaidh na gcuntas bliantúil deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 44(1);

(b)

iarraidh ar íocaíocht an iarmhéid dheiridh; agus

(c)

an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme don chlár náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 54(1).

2.   Déanfar na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach ón 16 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a chur san áireamh sna cuntais bhliantúla dheiridh.

3.   Tar éis na doiciméid sin atá liostaithe i mír 1 a fháil, íocfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid deiridh, ar bhonn an phlean airgeadais atá i bhfeidhm, na gcuntas bliantúla deiridh agus an chinnidh chomhfhreagraigh maidir le himréiteach.

4.   Ag brath ar mhéid an bhuiséid atá ar fáil, íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta imréitigh na gcuntas don bhliain deiridh airgeadais nó mí amháin i ndiaidh an dáta ar glacadh leis an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí. Na méideanna a bhfuil gealltanas fós déanta ina leith tar éis an iarmhéid a íoc, déanfaidh an Coimisiún iad a shaoradh, gan dochar d’Airteagal 52, laistigh de thréimhse sé mhí.

Airteagal 41

An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an spriocdháta íocaíochta a leanann iarratas ar íocaíocht de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a bhriseadh ar feadh uastréimhse sé mhí, nuair a chomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a)

go bhfuil fianaise shoiléir ann, mar thoradh ar fhaisnéis a bheith curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta de chuid an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe;

(b)

go bhfuil ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith curtha faoina bhráid ina gcuirtear in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais le hiarratas ar íocaíocht;

(c)

nár cuireadh isteach ceann amháin nó níos mó de na doiciméid is gá faoi Airteagal 44(1).

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chomhaontú go ndéanfar an tréimhse briste a fhadú go ceann thrí mhí eile.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean teorainn a chur leis an mbriseadh a dhéantar ar an gcuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an iarratas ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 difear di, ach amháin mura féidir an chuid sin de chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl láithreach agus i scríbhinn don Bhallstát agus don Údarás Freagrach agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean deireadh leis an mbriseadh a luaithe a chuirfear na bearta go léir is gá i gcrích.

Airteagal 42

Íocaíochtaí a fhionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún an t-iarmhéid bliantúil iomlán nó cuid de a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir náisiúnta agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil i mbaol dá bharr agus nár glacadh bearta ceartaitheacha ina leith go fóill;

(b)

tá caiteachas sna cuntais bhliantúla nasctha le neamhrialtacht ag a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais nár ceartaíodh; nó

(c)

i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoin ngníomhaíocht is gá chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara faoi Airteagal 41.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh iarmhéid bliantúil iomlán nó cuid de a chur ar fionraí, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí iarmhéid bhliantúil nó cuid de i gcás ina bhfuil na bearta riachtanacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun an fhionraí a chur i leataobh.

Airteagal 43

Úsáid an euro

1.   Déanfar méideanna atá leagtha amach i gcláir náisiúnta arna gcur isteach ag Ballstáit, réamh-mheastacháin ar chaiteachas, ráitis chaiteachais, iarratais ar íocaíochtaí, cuntais bhliantúla agus an caiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a ainmniú in euro.

2.   Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro mar a n-airgeadra náisiúnta acu ar dháta an iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó go euro. Déanfar na méideanna sin a chomhshó go euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta mhíosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais Údarás Freagrach an chláir náisiúnta lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta malartaithe a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

3.   I gcásanna ina dtiocfaidh an euro chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 2 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna cuntais ag an Údarás Freagrach roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta comhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro.

ROINN 4

Imréiteach cuntas agus ceartuithe airgeadais

Airteagal 44

Iarratas ar an iarmhéid bhliantúil a íoc

1.   Faoin 15 Feabhra den bhliain tar éis na bliana airgeadais, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin na doiciméid agus faisnéis atá ceangailte faoi Airteagal 59(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Beidh na doiciméid arna gcur isteach ina n-iarratas ar an iarmhéid bhliantúil a íoc. Féadfaidh an Coimisiún spriocdháta an 15 Feabhra a shíneadh, ar bhonn eisceachtúil, go dtí an 1 Márta ar a dhéanaí má fhaightear cumarsáid ina leith ón mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an leibhéal iomchuí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát tuilleadh faisnéise a chur ar fáil chun críocha imréiteach bliantúil na gcuntas. Mura gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta chun í a chur isteach arna shocrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a dhéanamh ar imréiteach na gcuntas ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na samhlacha ar dá réir a dhéanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

Airteagal 45

Imréiteach bliantúil cuntas

1.   Faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le himréiteach na gcuntas bliantúil le haghaidh gach clár náisiúnta. Cumhdóidh an cinneadh imréitigh iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil arna gcur isteach gan dochar do cheartuithe airgeadais ar bith ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, socruithe a leagan síos maidir le cur chun feidhme an nós imeachta maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas, maidir leis na bearta is gá a dhéanamh maidir leis an gcinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus na spriocdhátaí atá le hurramú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 46

Ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag Ballstáit

Déanfaidh Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá i dtaca le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath faoi na cláir náisiúnta. An ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais lena mbaineann a chur ar ceal go hiomlán nó i bpáirt a bheidh sna ceartuithe airgeadais. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an chaillteanais airgeadais i leith bhuiséad an Aontais agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Athleithdháilfear méideanna ar ceal agus méideanna arna ngnóthú, chomh maith le hús orthu, ar an gclár náisiúnta lena mbaineann, seachas na méideanna a bhaineann le neamhrialtachtaí arna sainaithint ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag seirbhísí an Choimisiúin lena n-áirítear OLAF. Tar éis chur i gcrích an chláir náisiúnta, aisíocfaidh an Ballstát lena mbaineann na méideanna neamhúsáidte arna ngnóthú le buiséad an Aontais.

Airteagal 47

Imréiteach comhréireachta agus ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais nó cuid di le clár náisiúnta a chur ar ceal agus an méid a ghnóthú ón mBallstát lena mbaineann d’fhonn aon chaiteachas atá ag sárú an dlí infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais, lena n-áirítear an caiteachas sin a bhaineann le heasnaimh i gcórais bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.   Maidir le sárú ar an dlí is infheidhme, ní leanfaidh ceartú airgeadais as ach amháin i ndáil le caiteachas a dearbhaíodh leis an gCoimisiún agus i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tionchar ag an sárú ar roghnú tionscnaimh faoin gclár náisiúnta, nó, i gcásanna nach féidir, de bharr nádúr an tsáraithe, an tionchar sin a shuíomh, go bhfuil riosca réasúnaithe ann go raibh éifeacht den sórt sin ag an sárú;

(b)

tá tionchar ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le haisíoc le buiséad an Aontais, nó i gcásanna nach bhfuil sé indéanta, de bharr nádúr an tsáraithe, a thionchar airgeadais a mheas ach go bhfuil riosca údaraithe ann go raibh tionchar den sórt sin ag an sárú.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid an cheartaithe airgeadais faoi mhír 1, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais a chur san áireamh.

4.   Sula nglacfar aon chinneadh maoiniú a dhiúltú, déanfar cinntí an Choimisiúin mar aon le freagraí an Bhallstáit a chur in iúl i scríbhinn, agus ina dhiaidh sin féachfaidh an dá pháirtí le teacht ar chomhaontú i leith na mbeart atá le déanamh.

5.   Ní féidir maoiniú a dhiúltú do na nithe seo a leanas:

(a)

caiteachas arna thabhú ag an Údarás Freagrach níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí;

(b)

caiteachas ar ghníomhaíochtaí ilbhliantúla faoi raon feidhme na gclár náisiúnta, i gcás ina gcuirtear an oibleagáid dheireanach ar an tairbhí níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí;

(c)

caiteachas ar ghníomhaíochtaí i gcláir náisiúnta, seachas na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i bpointe (b), i gcás ina ndéanann an tÚdarás Freagrach an íocaíocht nó, faoi mar a bheidh, an íocaíocht dheiridh, ina leith níos mó ná 36 mí roimh don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát i scríbhinn faoina chinntí.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, socruithe a leagan síos chun an nós imeachta maidir le himréiteach comhréireachta a chur chun feidhme i ndáil leis na bearta is gá a dhéanamh i dtaca leis an gcinneadh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus na spriocdhátaí atá le hurramú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 48

Oibleagáidí na mBallstát

Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais arna dhéanamh ag an gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit aisghabhálacha a shaothrú faoi phointe (h) d’Airteagal 21 den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle (12).

Airteagal 49

Aisíoc

1.   Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad an Aontais roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.   Má bhíonn aon mhoill le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dhéanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ina bpríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.

ROINN 5

Saoradh

Airteagal 50

Prionsabail

1.   Cuirfear cláir náisiúnta faoi bhráid nós imeachta saortha atá bunaithe ar an mbonn go saortar méideanna nasctha le gealltanas nach bhfuil cumhdaithe sa réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 35 agus iarratas ar íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 44 faoin 31 Nollaig sa dara bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh. Chun chríoch an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh tríd an séú cuid de na hoibleagáidí buiséadacha bliantúla a bhaineann le ranníocaíocht méid iomlán 2014 a shuimiú le gach ceann de na ceangaltais bhuiséadacha do na blianta 2015-2020.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí maidir le saoradh i leith na hoibleagáide buiséadaí bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2014.

3.   I gcás ina bhfuil baint ag an gcéad ghealltanas buiséadach bliantúil le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015, de mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocdhátaí do shaoradh maidir leis an ngealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2015. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún an méid a ríomh faoi mhír 1 tríd an gcúigiú cuid den ghealltanas buiséadach bliantúil a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015 a shuimiú le gach ceann de na hoibleagáidí buiséadacha do na blianta 2016- 2020.

4.   Déanfar an oibleagáid a bhaineann le bliain dheireanach na tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i gcrích na gclár.

5.   I gcás oibleagáid ar bith atá oscailte fós ar an dáta incháilithe deiridh caiteachais dá dtagraítear in Airteagal 17(3), agus nach ndearna an tÚdarás Freagrach iarratas ar íocaíocht ina leith laistigh de shé mhí tar éis an dáta sin, déanfar é a shaoradh go huathoibríoch.

Airteagal 51

Eisceachtaí maidir le saoradh

1.   Déanfar an méid lena mbaineann an saoradh a laghdú le méideanna nach raibh an tÚdarás Freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i ngeall ar na nithe a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí a cuireadh ar fionraí trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta aige; nó

(b)

cúiseanna force majeure a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir náisiúnta go léir nó cuid de. Léireoidh na hÚdaráis Fhreagracha a mhaíonn go raibh force majeure ann iarmhairtí díreacha an force majeure ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta go léir nó cuid de.

Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin má mhair an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin. I gcás inár mhair an fhionraíocht nó an force majeure níos mó ná bliain amháin, féadfar an laghdú a iarraidh roinnt uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad tréimhse an force majeure nó do na blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar cuireadh cur chun feidhme na gníomhaíochta ar fionraí agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.   Cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Eanáir chun an méid a dhearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

3.   Déanfar neamhaird den chuid de na hoibleagáidí buiséadacha a ndearnadh iarratas ar íocaíocht ina leith ach a ndearna an Coimisiún an íocaíocht a laghdú nó a chur ar fionraí amhail an 31 Nollaig den bhliain N + 2 i ríomh an tsaortha uathoibríoch.

Airteagal 52

Nós Imeachta

1.   Aon uair a bhíonn riosca i leith saoradh a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 50, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas a luaithe is féidir.

2.   Ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún an tÚdarás Freagrach ar an eolas faoi mhéid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis ina sheilbh.

3.   Beidh dhá mhí ag an mBallstát lena mbaineann le haontú leis an méid a bheidh le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an saoradh uathoibríoch tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis na teorann ama deiridh a d’eascair ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 go 3.

5.   I gcás saortha uathoibríoch, laghdófar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an gclár náisiúnta lena mbaineann, don bhliain i dtrácht, de réir an mhéid a shaortar go huathoibríoch. Laghdófar ranníocaíocht an Aontais sa phlean maoinithe pro rata, seachas sa chás ina n-ullmhaíonn an Ballstát plean maoinithe atá athchóirithe.

CAIBIDIL V

FAISNÉIS, CUMARSÁID, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 53

Faisnéis agus poiblíocht

1.   Beidh na Ballstáit agus na hÚdaráis Fhreagracha freagrach as an méid a leanas:

(a)

láithreán Gréasáin nó tairseach Gréasáin ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar na cláir náisiúnta sa Bhallstát sin;

(b)

tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin faoi na cláir náisiúnta;

(c)

ról agus éachtaí na Rialachán Sonrach a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gclár náisiúnta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit trédhearcacht maidir le cur chun feidhme na gclár náisiúnta agus coinneoidh siad liosta gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó gach clár náisiúnta a bheidh ar fáil tríd an láithreán Gréasáin nó tríd an tairseach Gréasáin. Áireofar ar liosta na ngníomhaíochtaí faisnéis nuashonraithe faoi na tairbhithe deiridh, ainmneacha na dtionscadal agus an méid cistiú a leithdháilfear orthu ón Aontas.

3.   De ghnáth, foilseofar an fhaisnéis seachas i gcás ina bhfuil teorainn uirthi mar gheall ar a nádúr rúnda, go háirithe i ndáil le slándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla agus cosaint sonraí pearsanta.

4.   Tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun rialacha a leagan síos maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na mbeart poiblí agus faisnéise do thairbhithe.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, gnéithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta a shainiú. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 54

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an tÚdarás Freagrach tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme gach cláir náisiúnta sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2016 agus faoin 31 Márta i ngach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh, agus féadfaidh sé an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an leibhéal iomchuí. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015 sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme na gclár náisiúnta a chur isteach faoin 31 Nollaig 2023.

2.   Leagfar amach faisnéis sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme maidir leis an méid a leanas:

(a)

cur chun feidhme an chláir náisiúnta trí thagairt do na sonraí airgeadais agus do na táscairí;

(b)

aon saincheisteanna suntasacha lena ndéantar difear d’fheidhmiú an chláir náisiúnta.

3.   I bhfianaise an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 15, leagfar amach na nithe a leanas sa tuaras cáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017 agus déanfar measúnú orthu:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2;

(b)

an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí saothraithe sna cláir náisiúnta a bhaint amach leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais;

(c)

rannpháirtíocht comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12.

4.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2020 agus sa tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú a leagtar amach i mír 2, faisnéis agus measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir náisiúnta a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar an toradh a bhí ar an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

5.   Beidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 inghlactha i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir a iarrtar sna míreanna sin ar áireamh iontu. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar é a bheith inghlactha.

6.   Cuirfidh an Coimisiún a chuid barúlacha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta seo, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

7.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir le saincheisteanna atá sa tuarascáil bhliantúil ón Údarás Freagrach, a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta. Nuair a thugtar barúlacha mar sin, cuirfidh an t-Údarás Freagrach an fhaisnéis go léir is gá ar fáil i ndáil leis na barúlacha sin, agus i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoina bearta a rinneadh. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dó barúlacha den sórt sin a dhéanamh.

8.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na samhlacha ar dá réir a dhéanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a dhréachtú, Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

Airteagal 55

An creat coiteann faireacháin agus meastóireachta

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an Rialachán seo agus ar na Rialacháin Shonracha, nuair is iomchuí, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Rialachán Sonrach i gcomhpháirt leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 57.

3.   Bunófar creat coiteann faireacháin agus meastóireachta d’fhonn ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, breisluach agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí a thomhas agus an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, i bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach agus fheidhmiú an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach mar ionstraimí lena gcuirtear le forbairt limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

4.   Tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an creat coiteann faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt tuilleadh.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún chun faireachán agus meastóireacht an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach a cheadú.

6.   Breithneoidh an Coimisiún freisin an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoi na Rialacháin Shonracha agus na cinn a shaothraítear faoi bheartais, faoi ionstraimí agus faoi thionscnaimh ábhartha eile an Aontais.

7.   Tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar an bhfaireachán agus ar an meastóireacht a dhéantar ar ghníomhaíochtaí agus ar chláir a bhaineann le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 56

Meastóireacht na gclár náisiúnta ag na Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57(1). Cuirfear leis an meastóireacht a dhéanfar in 2017 le cáilíocht dearadh agus chur chun feidhme na gclár náisiúnta a fheabhsú, i gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta ar bun chun na sonraí is gá le haghaidh na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le táscairí sa chreat coiteann faireacháin agus meastóireachta.

3.   Is saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar na hÚdaráis Fhreagracha, ar na hÚdaráis Iniúchóireachta, agus ar na hÚdaráis Tharmligthe a dhéanfaidh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 (1). D’fhéadfadh na saineolaithe sin a bheith cleamhnaithe le hinstitiúid phoiblí fhéinrialaithe, a mbeadh sé de fhreagracht uirthi faireachán, meastóireacht agus iniúchóireacht a dhéanamh ar an riarachán. Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir leis an mbealach inar cheart meastóireachtaí a dhéanamh.

4.   Foilseofar na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 (1) ina n-iomláine seachas i gcás ina bhfuil teorainn ar fhaisnéis mar gheall ar a nádúr rúnda, go háirithe i ndáil le slándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla agus cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 57

Tuarascálacha measúnaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún

1.   I gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta, cuirfidh na Ballstáit na nithe a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

tuarascáil eatramhach mheasúnaithe maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis na cuspóirí a bhaint amach faoina gclár náisiúnta faoin 31 Nollaig 2017;

(b)

tuarascáil mheasúnaithe ex-post maidir le héifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoina gclár náisiúnta faoin 31 Nollaig 2023.

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún na nithe a leanas a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún:

(a)

tuarascáil eatramhach mheasúnaithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach ar leibhéal an Aontais faoin 30 Meitheamh 2018. Áireofar sa tuarascáil eatramhach mheasúnaithe sin freisin measúnú ar an athbhreithniú meántéarma a rinneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Shonracha;

(b)

tuarascáil mheasúnaithe ex-post maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo agus na Rialachán Sonrach, tar éis chur i gcrích na gclár náisiúnta, faoin 30 Meitheamh 2024.

3.   Scrúdófar freisin i meastóireacht ex-post an Choimisiúin tionchar na Rialachán Sonrach ar fhorbairt limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais i dtéarmaí a rannchuidithe leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)

forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an chomhair maidir le forfheidhmiú an dlí agus an bhainistithe géarchéime;

(b)

bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig an Aontas;

(c)

forbairt an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh;

(d)

cóir chothrom agus chomhionann náisiúnach tríú tír;

(e)

dlúthpháirtíocht agus comhar idir na Ballstáit nuair atáthar ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna imirce agus slándála inmheánaí;

(f)

cur chuige comhchoiteann an Aontais i leith imirce agus slándála maidir le tríú tíortha.

4.   Foilseofar na meastóireachtaí uile de bhun an Airteagail seo ina n-iomláine seachas i gcás ina bhfuil teorainn ar fhaisnéis mar gheall ar a nádúr rúnda, go háirithe i ndáil le slándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla agus cosaint sonraí pearsanta.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 58

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Bronnfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(5), 26(4), 29(1), 53(4) agus 55(4) ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a shíneadh go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(5), 26(4), 29(1), 53(4) agus 55(4) seo a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfar difear leis do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5(5), 26(4), 29(1), 53(4) agus 55(4) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 59

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus Cistí Slándála Inmheánaí de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme, seachas i gcás Airteagail 14(4), 24(5), 45(2), 47(6) agus 53(5) den Rialachán seo.

Airteagal 60

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 61

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na gConarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg, an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (Féach lch 168 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2010 4 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (féach lch. 93 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 83, 27.3.1999, lch. 1).


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

143


RIALACHÁN (AE) Uimh. 515/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin comhbheart maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus trí bhíthin an chomhbheartais víosaí mar chuid de chóras coinbhéirseach ilsrathach, a cheadódh malartú sonraí agus feasacht staide iomláine agus arb aidhm dó taisteal dlisteanach a éascú agus dul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil.

(2)

Tá cur chuige níos comhchuibhithe de dhíth ar an Aontas maidir le gnéithe inmheánacha agus seachtracha na bainistíochta imirce agus na slándála inmheánaí, agus ba cheart dó comhghaol a bhunú idir an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhlíthiúla agus feabhas a chur ar shlándáil theorainneacha seachtracha an Aontais, agus comhar agus idirphlé níos fearr le tríú tíortha chun críocha déileáil le hinimirce neamhdhlíthiúil agus imirce dhlíthiúil a chur chun cinn.

(3)

Is gá cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le saincheisteanna a eascraíonn as brú na n-iarratas imirce agus tearmainn agus maidir le bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais, agus chun buiséad agus dóthain acmhainní a chur ar fáil chun déileáil le cásanna éigeandála i meon na hurraime do chearta an duine agus na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit uile, agus a bheith ar an eolas i gcónaí faoi fhreagrachtaí náisiúnta agus a áirithiú go roinnfear cúraimí ar bhealach soiléir.

(4)

Is é atá i Straitéis Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach (an“Straitéis Slándála Inmheánaí”), arna glacadh ag an gComhairle i bhFeabhra 2010, clár oibre comhpháirteach le dul i ngleic leis na comhdhúshláin slándála seo. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i Samhain 2010 dar teideal “Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i mbun Gnímh”, aistrítear prionsabail agus treoirlínte na straitéise isteach ina ngníomhaíochtaí nithiúla trí chúig chuspóir straitéiseacha a shainaithint: cur isteach ar ghréasáin choireachta idirnáisiúnta; an sceimhlitheoireacht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar radacú agus ar earcaíocht; leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa chibearspás; slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann agus athléimneacht na hEorpa a mhéadú in aghaidh géarchéimeanna agus tubaistí.

(5)

De réir Straitéis Slándála Inmheánaí an Aontais, is cuspóirí iad saoirse, slándáil agus ceartas ba cheart a shaothrú go comhuaineach, agus d’fhonn saoirse agus ceartas a bhaint amach, ba cheart slándáil a shaothrú i gcónaí i gcomhréir le prionsabail na gConarthaí, leis an smacht reachta agus le hoibleagáidí an Aontais i ndáil le cearta bunúsacha.

(6)

Ar na príomhphrionsabail a threoraíonn cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine agus don smacht reachta, fócas láidir ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an nasc leis an tslándáil sheachtrach, agus comhsheasmhacht agus comhchuibheas le cuspóirí bheartas eachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad.

(7)

Chun cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí a chur chun cinn agus lena áirithiú go dtiocfaidh sí chun bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) a chur ar bun.

(8)

De bharr na sainghnéithe dlí is infheidhme maidir le Teideal V CFAE, ní féidir, ó thaobh an dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim airgeadais aonair. Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais i réimse na slándála inmheánaí ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí (“an Ionstraim”) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat cuimsitheach le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ar cheart don Rialachán seo tagairt dóibh i dtaobh na rialacha maidir le clárú, le bainistíocht airgeadais, le bainistíocht agus rialú, le himréiteach cuntas, le cur i gcrích clár agus le tuairisciú agus meastóireacht.

(9)

Ba cheart do struchtúr nua dhá cholún an chistiúcháin i réimse na ngnóthaí baile rannchuidiú le simpliú, cuíchóiriú, comhdhlúthú agus trédhearcacht an chistiúcháin sa réimse sin.. Ba cheart sineirgí, comhleanúnachas agus comhlántacht a lorg le cistí agus cláir eile, lena n-áirítear d’fhonn cistiúchán a leithdháileadh ar chomhchuspóirí. Ba cheart go seachnófaí forluí idir na hionstraimí cistiúchain éagsúla, áfach.

(10)

Ba cheart go léireodh an Ciste an gá atá le solúbthacht mhéadaithe agus le simpliú méadaithe agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á n-urramú, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(11)

Is iad na treoirphrionsabail i gcur chun feidhme an Chiste éifeachtacht na mbeart agus cáilíocht an chaiteachais. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme freisin ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir.

(12)

Ba cheart go ndéanfadh an Ciste aird ar leith a thabhairt ar na Ballstáit sin a bhfuil ualaí díréireacha orthu ó shreabha imirce mar gheall ar a suíomh geografach.

(13)

Is bunghné den chomhbheartas maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas.

(14)

Ba cheart go léireodh an Ciste dlúthpháirtíocht trí chúnamh airgeadais do na Ballstáit sin a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú chun páirt iomlán a ghlacadh in Schengen, agus ba cheart go n-úsáidfeadh na Ballstáit é ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

(15)

Chun rannchuidiú le cuspóir ginearálta an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh a gcláir náisiúnta aghaidh ar chuspóirí sonracha na hIonstraime agus go mbeidh leithdháileadh na n-acmhainní idir cuspóirí comhréireach leis na dúshláin agus na riachtanais agus go n-áiritheofar gur féidir na cuspóirí a chomhlíonadh. i gcás nach dtabharfaidh clár náisiúnta aghaidh ar cheann de na cuspóirí sonracha nó go mbeidh an leithdháileadh faoin íosmhéid céatadán do roinnt cuspóirí de na cláir náisiúnta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann bonn cirt a sholáthar laistigh den chlár.

(16)

Chun a bhfuil bainte amach ag an gCiste seo a thomhas, ba cheart comhtháscairí coiteanna a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Ionstraim. Ní fhágann an tomhas ar a bhfuil bainte amach ag na cuspóirí sonracha trí bhíthin comhtháscairí gurb éigeantach é cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na táscairí sin.

(17)

Níor cheart rannpháirtíocht Ballstáit a bheith ar comhthráth lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit is tairbhithe chun, inter alia, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais le haghaidh chur chun feidhme acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha.

(18)

Ba cheart go gcuirfeadh an Ionstraim leis an bpróiseas forbartha acmhainne a forbraíodh le cúnamh ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007-2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ba cheart go leathnófaí é chun forbairtí nua a chur san áireamh.

(19)

Agus cúraimí ag teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí á ndéanamh i gcomhréir le acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí, cuireann Ballstáit gníomhaíochtaí i gcrích ar mhaithe leis na Ballstáit go léir i limistéar Schengen, agus thar a gceann, agus, ar an gcaoi sin, comhlíonann siad seirbhís phoiblí don Aontas. Ba cheart don Ionstraim rannchuidiú le tacú leis na costais oibriúcháin a bhaineann le rialú teorann agus leis an mbeartas víosaí agus a chur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí sin atá ríthábhachtach i leith na seirbhíse sin a chothabháil do chách. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin rogha costas sonrach a bhaineann leis na cuspóirí faoin Ionstraim a aisíoc ina n-iomláine agus ba cheart go mbeadh sé mar chuid lárnach de na cláir náisiúnta.

(20)

Ba cheart go gcomhlánófaí agus go neartófaí leis an Ionstraim na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun comhar oibríochtúil a fhorbairt faoi choimirce na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (“Gníomhaireacht Frontex”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (7), lena n-áirítear na gníomhaíochtaí nua de thoradh leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus ar an gcaoi sin, dlúthpháirtíocht a atreisiú tuilleadh idir na Ballstáit sin a rialaíonn teorainneacha seachtracha ar mhaithe le limistéar Schengen ina iomláine agus thar a cheann. Ciallaíonn sé seo, inter alia, nuair a bheidh a gcláir náisiúnta á dtarraingt suas ag Ballstáit gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair Gníomhaireacht Frontex a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a forbraíodh, eadhon an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena n-áirítear a chomhpháirteanna a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta. Chun comhlántacht idir a misean agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú agus faireachas ar na teorainneacha seachtracha a fhorbairt chomh maith le comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex maidir le dréachtchláir náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit, agus go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tacaíocht oibríochta.

(21)

Ba cheart an Ionstraim a chur chun feidhme agus na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais á gcomhlíonadh go hiomlán, agus gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha speisialta maidir leis an gceart chun tearmainn agus leis an gceart ar chosaint idirnáisiúnta.

(22)

Tá rialú teorainneacha seachtracha, atá aonfhoirmeach agus ar ardcháilíocht, riachtanach do neartú an limistéir saoirse, slándála agus ceartais. i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais, ba cheart go dtacódh an Ionstraim le bearta a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir leis an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal a chuimsíonn bearta i dtríú tíortha, comhar le tíortha comharsanachta, bearta rialaithe teorann agus bearta rialaithe laistigh de limistéar na saorghluaiseachta chun inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann laistigh de limistéar Schengen a chosc.

(23)

De bhun Airteagal 3 CAE, ba cheart don Ionstraim tacú le gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí go ndéanfaí leanaí atá i mbaol díobhála a chosaint ag na teorainneacha seachtracha. Go háirithe, agus gníomhaíochtaí maidir le sainaithint, cúnamh láithreach agus atreorú chuig seirbhísí cosanta á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit, aon áit gur féidir, aird ar leith a thabhairt do dhaoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaosaigh gan tionlacan.

(24)

Chun rialú aonfhoirmeach agus ar ardcháilíocht ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú faoi chuimsiú na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart don Ionstraim rannchuidiú le forbairt comhchórais Eorpaigh um bainistiú comhtháite teorainneacha. Áirítear ar an gcóras sin na bearta go léir a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt dualgas, le measúnú ar an staid agus ar imthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú dóibh i gcomhar le Gníomhaireacht Frontex, le tríú tíortha agus, i gcás inar gá, le gníomhaithe eile, go háirithe EUROPOL agus an Ghníomhaireacht um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF, agus leas á bhaint as, inter alia, samhail slándála teorann ceithre chiseal agus anailís riosca chomhtháite an Aontais.

(25)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, ba cheart go n-íocfadh an Ionstraim aon chostas breise a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais a chuimsíonn idirthuras den sórt sin, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle (10). Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart go mbeadh sé sin áfach ag brath ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(26)

Ba cheart go n-áireofaí leis an Ionstraim tacaíocht do bhearta náisiúnta agus do chomhar idir Ballstáit i réimse an bheartais víosaí agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar sula mbítear ag an teorainn agus a tharlaíonn sula ndéantar rialuithe ag teorainneacha seachtracha, agus ba cheart go mbainfeadh sí úsáid iomlán as an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS). Tá bainistiú éifeachtach ar ghníomhaíochtaí arna n-eagrú ag seirbhísí na mBallstát i dtríú tíortha chun leasa an chomhbheartais víosaí mar chuid de chóras ilsrathach atá dírithe ar thaisteal dlisteanach a éascú agus ar dhul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil isteach san Aontas Eorpach, agus tá sé ina chuid lárnach den chomhchóras Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha.

(27)

Thairis sin, ba cheart don Ionstraim tacú le bearta i gcríoch thíortha Schengen mar chuid d’fhorbairt an chomhchórais um bainistiú comhtháite teorainneacha a neartaíonn feidhmiú foriomlán limistéar Schengen.

(28)

Ba cheart don Ionstraim freisin tacú leis an Aontas forbairt a dhéanamh ar chórais TF, a bheadh bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó atá nua, a thabharfadh na huirlisí do Bhallstáit chun gluaiseacht náisiúnach tríú tíre thar theorainneacha a bhainistiú ar shlí níos éifeachtúla agus a áirithiú gur féidir taistealaithe a aithint agus a fhíorú ar shlí níos fearr, ar an tslí sin a d’éascódh taisteal agus a d’fheabhsódh slándáil teorann. Chuige sin, ba cheart clár, i gcomhréir leis an Straitéis um Bainistiú Faisnéise le haghaidh shlándáil inmheánach AE, a bhunú arb é is aidhm dó costais na forbartha a bhaineann le comhchodanna lárnacha agus náisiúnta na gcóras sin a chlúdach araon, rud a áiritheodh comhsheasmhacht theicniúil, idir-inoibritheacht le córais eile TF de chuid an Aontais, coigiltí costais agus cur chun feidhme rianúil sna Ballstáit. Ba cheart go gcomhlíonfadh na córais TF sin cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit an cistiúchán is gá a chaitheamh ar an gCóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d’fhonn dea-fheidhmiú an chórais sin a áirithiú.

(30)

Chun aghaidh a thabhairt láithreach ar bhrú imirce gan choinne agus ar rioscaí do shlándáil teorann, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

(31)

Thairis sin, ar mhaithe le dlúthpháirtíocht fheabhsaithe i limistéar Schengen ina iomláine, i gcás ina sainaithnítear laigí nó rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann beart leormhaith breise a dhéanamh trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár náisiúnta de réir tosaíochta, i gcás inarb infheidhme, agus bearta cúnaimh éigeandála á gcomhlánú.

(32)

Chun dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta a neartú, ba cheart Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoina gcláir náisiúnta i leith tosaíochtaí sonracha atá sainithe ag an Aontas, amhail trealamh teicniúil atá ag teastáil ó Ghníomhaireacht Frontex a cheannach agus comhar consalach don Aontas a fhorbairt. Tá gá le tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh, a chomhthiomsú agus a luamhanú. Ba cheart an trédhearcacht is mó, cuntasacht agus grinnscrúdú daonlathach a áirithiú le haghaidh ionstraimí airgeadais nuálacha agus sásraí ina mbíonn baint ag buiséad an Aontais.

(33)

Chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a choimirciú ar fud limistéar Schengen, ba cheart faoin Ionstraim tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (12) mar uirlis riachtanach chun cur chun feidhme bheartais an Aontais sa limistéar saoirse, ceartais agus slándála a éascú trína áirithiú gur ann d’ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha agus nach ann do rialuithe teorann laistigh de limistéar Schengen.

(34)

I bhfianaise na taithí a fuarthas ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha agus forbairt SIS II agus VIS, meastar gurb iomchuí méid áirithe solúbthachta a éascú maidir le haistrithe féideartha acmhainní idir na modhanna éagsúla chun na cuspóirí a shaothraítear faoin ionstraim a chur chun feidhme, gan dochar don phrionsabal mais chriticiúil agus cobhsaíocht airgeadais do na cláir agus don tacaíocht oibriúcháin do na Ballstáit a áirithiú ón tús agus gan dochar do ghrinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(35)

Ar an mbealach céanna, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus an uasteorainn le haghaidh acmhainní atá ar fáil fós don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”) a mhéadú le feabhas a chur ar chumas an Aontais ilghníomhaíochtaí a dhéanamh in aon bhliain bhuiséid ar leith maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha agus leis an gcomhbheartas víosaí ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine de réir mar is gá agus a mhéid is gá. Áirítear ar ghníomhaíochtaí Aontais den sórt sin staidéir agus treoirthionscadail chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an comhbheartas víosaí agus a gcur i bhfeidhm a bhrú ar aghaidh, gardaí teorann a oiliúint i gcosaint chearta an duine, bearta nó socruithe i dtríú tíortha a thugann aghaidh ar bhrúnna imirce ó na tíortha sin ar mhaithe le bainistiú barrmhaith ar shreabha imirce isteach san Aontas agus ar mhaithe le heagrú éifeachtúil na gcúraimí gaolmhara ag teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí.

(36)

Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhchuibhis le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas, a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí cúnaimh sheachtraigh geografacha agus téamacha de chuid an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart go háirithe iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Féachfar le comhchuibheas le beartas daonnúil an Aontais a bhaint amach freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart éigeandála.

(37)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, beartas víosaí agus bainistiú sreabha imirce, agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca ag na beartais sin, rannchuideoidh tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo leis na cumais náisiúnta agus Aontais a neartú sna réimsí sin.

(38)

Ba cheart go mbunófar leithdháileadh na méideanna bunúsacha ar na Ballstáit leis an Rialachán seo. Ba cheart an méid bunúsach do gach Ballstát a ríomh ar bhonn na leithdháiltí ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha ar gach Ballstát sna blianta 2010-2012 agus tríd an bhfigiúr arna fháil a roinnt ar iomlán na leithreasaí atá ar fáil le haghaidh bainistíochta roinnte do na trí bliana sin. Rinneadh na ríomhanna i gcomhréir leis na critéir dháilte a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 574/2007/CE.

(39)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, le cúnamh ó phríomhtháscairí chun torthaí agus tionchair a mheas. Ba cheart go gcuirfeadh na táscairí, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, an bunús íosta ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na hIonstraime.

(40)

Chun forálacha atá sa Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sainiú gníomhaíochtaí sonracha faoi na cláir náisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(41)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe a ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó gach Ballstát.

(42)

D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach éifeachtúil tráthúil na bhforálacha maidir le tacaíocht oibriúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil do dhlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus leis an mbeartas víosaí, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(44)

Ba cheart Cinneadh 574/2007/CE a aisghairm faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo..

(45)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (14), ar acquis é a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (15).

(46)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (16), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (17).

(47)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (18), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (19).

(48)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí an beart sin chun feidhme ina dlí náisiúnta.

(49)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(50)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (21). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(51)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (22). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear an Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha a bhainistiú agus don chomhbheartas víosaí (“an Ionstraim”), mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”).

Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, bunaítear faoin Rialachán seo an Ciste don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

cuspóirí na tacaíochta airgeadais agus na ngníomhaíochtaí incháilithe;

(b)

an creat ginearálta chun na gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;

(c)

na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus leithdháileadh na n-acmhainní sin;

(d)

raon feidhme agus cuspóir na modhanna sonracha éagsúla trína ndéantar an caiteachas le haghaidh bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an chomhbheartais víosaí a mhaoiniú.

3.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n-aerfoirt, a gcalafoirt abhann, a gcalafoirt mhara agus a gcalafoirt locha lena bhfuil feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le trasnú teorainneacha seachtracha, cibé acu is teorainneacha sealadacha iad na teorainneacha nó nach iad;

(b)

ciallaíonn “comhchaighdeáin an Aontais” cur i bhfeidhm beart oibríochtúil ar shlí choiteann agus neamhscoilte chun leibhéal ard agus aonfhoirmeach a fháil i réimse an rialaithe teorann agus víosaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), catalóg Schengen maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha, an Lámhleabhar Praiticiúil do ghardaí teorann, an Lámhleabhar ar víosaí, Lámhleabhar Eurosur agus aon Rialacháin agus treoirlínte eile atá le glacadh ar leibhéal an Aontais maidir le rialú teorann agus víosaí;

(c)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha sealadacha”:

(i)

an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(ii)

an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(d)

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006;

(e)

ciallaíonn “sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen” fíorú chur i bhfeidhm ceart acquis Schengen de réir mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013;

(f)

ciallaíonn “staid éigeandála” staid de thoradh ar bhrú práinneach agus eisceachtúil ina dtrasnaíonn, nó ina meastar go dtrasnóidh, líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tíre teorainn sheachtrach Ballstáit amháin nó níos mó nó aon staid éigeandála eile a bhfuil bunús cuí léi a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha;

(g)

ciallaíonn “cuid de theorainneacha seachtracha” iomlán nó cuid de theorainn sheachtrach talún nó mara Ballstáit mar a shainmhínitear é le dlí náisiúnta nó mar a chinneann an lárionad comhordaithe náisiúnta nó aon údarás náisiúnta eile atá freagrach chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é a bheidh i gcuspóir ginearálta na hIonstraime ná rannchuidiú le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas, agus taisteal dlisteanach á éascú ag an am céanna, trí leibhéal aonfhoirmeach agus ard rialaithe ag na teorainneacha seachtracha agus próiseáil éifeachtach víosaí Schengen, i gcomhréir le tiomantas an Aontais do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine.

2.   Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 1, rannchuideoidh an Ionstraim - i gcomhréir leis na tosaíochtaí a shainaithnítear i straitéisí, i gcláir, i measúnuithe ar an mbagairt agus i measúnuithe riosca ábhartha de chuid an Aontais - leis na cuspóirí sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

tacú le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, seirbhís d’ardcháilíocht a sholáthar d’iarratasóirí víosa, cóir chomhionann a áirithiú i gcás náisiúnach tríú tíre agus dul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil;

(b)

tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha, lena n-áirítear comhchuibhiú breise ar bhearta a bhaineann le bainistiú teorainneacha a chur chun cinn i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais agus trí fhaisnéis a chomhroinnt idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus Gníomhaireacht Frontex, chun a áirithiú, ar láimh amháin, rialú agus cosaint aonfhoirmeach agus ardleibhéil na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil, agus, ar an láimh eile, trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le acquis Schengen, agus fós rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a ráthú dóibh siúd atá ina gátar, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a chonraigh na Ballstáit i réimse chearta an duine, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement.

Déanfar baint amach chuspóirí sonracha na hIonstraime a mheas i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus leas á bhaint as comhtháscairí, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí clár-shonracha a bheidh ar áireamh i gcláir náisiúnta.

3.   Chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú beartas a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon rialuithe ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú na dteorainneacha inmheánacha, agus go ndéanfar seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha agus go ndéanfar faireachán éifeachtach ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;

(b)

córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile, bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht, go háirithe trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(i)

seiceálacha teorann seachtraí agus córais faireachais na dteorainneacha seachtracha agus an comhar idirghníomhaireachta idir gardaí teorann, custaim, imirce, tearmann agus údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát a threisiú ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i limistéar na teorann muirí;

(ii)

bearta laistigh den chríoch a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus na bearta tionlacain is gá maidir le slándáil doiciméad, bainistiú céannachta agus idir-inoibritheacht trealaimh theicniúil a fuarthas;

(iii)

aon bhearta a rannchuidíonn chomh maith leis an gcoireacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha a bhaineann le gluaiseacht daoine, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus smugláil daoine;

(c)

forbairt agus cur chun feidhme an chomhbheartais maidir le víosaí agus le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile, agus foirmeacha éagsúla comhair chonsalaigh chun go n-áiritheofar clúdach consalachta níos fearr agus cleachtais chomhchuibhithe maidir le heisiúint víosaí, a chur chun cinn;

(d)

córais TF, a mbonneagar cumarsáide agus a dtrealamh a thacaíonn le comhbheartas víosaí, seiceálacha teorann agus faireachas teorann ag na teorainneacha seachtracha a chur ar bun agus a riar, agus dlí um chosaint sonraí pearsanta á urramú go hiomlán;

(e)

an fheasacht staide ag na teorainneacha seachtracha agus cumais frithghníomhaithe na mBallstát a threisiú;

(f)

cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí, lena n-áirítear feidhmiú éifeachtach sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, a áirithiú;

(g)

gníomhaíochtaí ag na Ballstáit a rannchuidíonn le feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit a oibríonn i dtríú tíortha maidir le sreabha náisiúnach tríú tíre isteach i gcríoch na mBallstát a threisiú, lena n-áirítear cosc ar an inimirce neamhdhlíthiúil, agus dul i ngleic leis an inimirce sin, chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha ina leith sin i gcomhchuibheas iomlán le cuspóirí agus le prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas daonnúil an Aontais.

4.   Déanfar na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán agus dínit an duine á hurramú go hiomlán. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochtaí forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), prionsabal na córa cothroime a chur ar náisiúnaigh tríú tíre, an ceart chun tearmainn agus ar chosaint idirnáisiúnta, prionsabal an non-refoulement agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta lenar sínithe iad amhail Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a chomhlíonadh.

Go háirithe, in aon chás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu maidir le sainaithint daoine leochaileacha, cúnamh láithreach a thabhairt do dhaoine leochaileacha agus atreorú daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaosaigh gan tionlacan, chuig seirbhísí cosanta.

5.   Agus gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a bhaineann le faireachas teorann muirí á gcur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta muirí chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. Ina leith sin, féadfar trealamh agus córais a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar staideanna cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochta faireachais teorann ar muir, a rannchuideoidh ar an tslí sin le cosaint agus sábháil beatha na n-imirceach a áirithiú.

6.   Rannchuideoidh an Ionstraim freisin le maoiniú an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Faoi chuimsiú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí an chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, tacóidh an Ionstraim le gníomhaíochtaí sna Ballstáit nó ag na Ballstáit, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

bonneagair, foirgnimh agus córais atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachais idir pointí trasnaithe teorann chun dul i ngleic le trasnuithe teorann neamhúdaraithe, inimirce neamhdhlíthiúil agus coiriúlacht trasteorann, agus iad a chosc, chomh maith le sreabha taistil rainúla a ráthú;

(b)

trealamh oibriúcháin, modhanna iompair agus córais chumarsáide atá ag teastáil i gcomhair rialaithe teorann éifeachtaigh agus shláin agus chun daoine a bhrath;

(c)

córais TF agus chumarsáide chun sreabha imirce thar theorainneacha a bhainistiú go héifeachtúil, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcórais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo;

(d)

bonneagair, foirgnimh, córais chumarsáide agus TF agus trealamh oibriúcháin atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus don chomhar consalach, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosaí;

(e)

oiliúint maidir le húsáid an trealaimh agus na gcóras dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) agus cur chun cinn caighdeán bainistithe cáilíochta agus oiliúint gardaí teorann, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, a mhéid a bhaineann le cur i ngníomh a gcúraimí faireachais, comhairleacha agus rialaithe i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta chearta an duine, lena n-áirítear sainaithint íospartach gáinneála ar dhaoine agus smuigleála daoine;

(f)

iasacht oifigeach idirchaidrimh inimirce agus comhairleoirí doiciméad i dtríú tíortha agus malartú agus iasacht gardaí teorann idir Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú tír;

(g)

staidéir, oiliúint, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí eile chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 3(3), lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb í is aidhm leo comhar idirghníomhaireachta a chothú laistigh de na Ballstáit nó idir Ballstáit agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus comhchuibhiú na gcóras bainistithe teorann;

(h)

staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí arb í is aidhm leo na moltaí, na caighdeáin oibríochtúla agus na cleachtais is fearr a thagann as an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a chur chun feidhme.

2.   Faoi chuimsiú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí an chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, tacóidh an Ionstraim le gníomhaíochtaí i ndáil le tríú tíortha agus i dtríú tíortha, agus go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

córais faisnéise, uirlisí nó trealamh chun faisnéis a roinnt idir Ballstáit agus tríú tíortha;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar oibríochtúil idir Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha;

(c)

tionscadail i dtríú tíortha arb í is aidhm leo córais faireachais a fheabhsú chun comhar le Eurosur a áirithiú;

(d)

staidéir, seimineáir, ceardlanna, comhdhálacha, oiliúint, trealamh agus treoirthionscadail chun saineolas teicniúil agus oibríochtúil ad hoc a chur ar fáil do thríú tíortha;

(e)

staidéir, seimineáir, ceardlanna, comhdhálacha, oiliúint, trealamh agus treoirthionscadail trína gcuirtear moltaí sonracha, caighdeáin oibríochtúla agus na cleachtais is fearr chun feidhme, a thig ón gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha.

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, comhordú a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 iad.

3.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 incháilithe ag teorainneacha seachtracha sealadacha.

4.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach an athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha de réir mar a thagraítear dóibh i gCód Teorainneacha Schengen incháilithe.

5.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí a bhfuil rialú earraí go huathúil mar aidhm leo nó mar éifeacht acu incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 5

Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme

1.   EUR 2 760 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní foriomlána chun an Ionstraim a chur chun feidhme.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)

cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 12;

(b)

tacaíocht oibriúcháin, faoi chuimsiú na gclár náisiúnta agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10;

(c)

feidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d)

gníomhaíochtaí Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e)

cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 14;

(f)

clár a chur chun feidhme chun córais TF a bhunú a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15;

(g)

cúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 16.

4.   Cuirfear an buiséad arna leithdháileadh faoin Ionstraim ar ghníomhaíochtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, ar an gcúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo agus ar an gcúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus, i gcás inarb iomchuí, faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Cuirfear an buiséad arna leithdháileadh ar chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9, ar an tacaíocht oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 agus ar fheidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 11 chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Déanfar an buiséad arna leithdháileadh ar thíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (c)(i) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Déanfar modh/modhanna cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh an chláir maidir le forbairt córas TF, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua, a leagan amach i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais faoi réir a nglactha.

5.   Úsáidfear na hacmhainní foriomlána mar a leanas:

(a)

EUR 1 551 milliún le haghaidh chláir náisiúnta na mBallstát;

(b)

EUR 791 milliún chun córais TF a fhorbairt, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha, faoi réir gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais a ghlacadh;

I gcás nach ndéanfar an méid sin a leithdháileadh nó a chaitheamh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17, é a ath-leithdháileadh ar cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) agus i bpointe (d) den mhír seo. Beidh measúnú ar éabhlóid na gcóras TF ábhartha lena n-áirítear cur chun feidhme an bhuiséid agus na méideanna nár caitheadh a bhfuil súil leis san áireamh sa ghníomh tarmligthe sin. Is féidir leis an ath-leithdháileadh sin tarlú tar éis na gníomhartha reachtacha ábhartha a ghlacadh nó ag ócáid an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 8;

(c)

EUR 154 milliún le haghaidh na Scéime Idirthurais Speisialta;

(d)

EUR 264 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí Aontais, cúnaimh éigeandála agus cúnaimh theicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, a n-úsáidfear ar a laghad 30 % de le haghaidh gníomhaíochtaí Aontais.

6.   I gcomhpháirt leis na hacmhainní foriomlána arna mbunú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, is ionann na hacmhainní foriomlána atá ar fáil don Ionstraim, mar a bhunaítear iad i mír 1, agus an t-imchlúdach airgeadais don Chiste agus fónann siad mar an bpríomhthagairt, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (28), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

7.   Glacfaidh na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen páirt san Ionstraim i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuirfear socruithe i gcrích maidir le rannchuidithe airgeadais na dtíortha sin i leith na hIonstraime agus leis na rialacha forlíontacha atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíochta den sórt sin, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cumhacht iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí.

Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit

1.   Leithdháilfear EUR 1 551 milliún ar na Ballstáit go táscach mar seo a leanas:

(a)

EUR 1 276 milliún, mar a léirítear in Iarscríbhinn I;

(b)

EUR 147 milliún, bunaithe ar thorthaí an tsásra dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 8 agus don tréimhse amhail ó bhliain bhuiséid 2018, EUR 128 milliún, an chuid eile de na leithreasuithe atá ar fáil faoin Airteagal seo nó méid eile, arna chinneadh de bhun mhír 4, bunaithe ar thorthaí na hanailíse riosca agus an athbhreithnithe mheántéarma.

2.   Leithdháilfidh gach Ballstát na méideanna bunúsacha i gcomhair na gclár náisiúnta a léirítear in Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

ar a laghad 10 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhaineann le pointe (a) d’Airteagal 9(2);

(b)

ar a laghad 25 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhaineann le pointe (b) d’Airteagal 9(2);

(c)

ar a laghad 5 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhaineann le pointí (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 9(2).

Féadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ar choinníoll go mbeidh míniú san áireamh sa chlár náisiúnta maidir le cén fáth nach ndéanann acmhainní a leithdháileadh faoi na híosmhéideanna sin baint amach an chuspóra ábhartha a chur i gcontúirt. Measúnóidh an Coimisiún an míniú sin i gcomhthéacs a fhormheasa ar na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

3.   Caithfidh na Ballstáit an cistiúchán is gá ar Eurosur d’fhonn a dhea-fheidhmiú a áirithiú.

4.   Chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí na hIonstraime mar is ceart i gcás imthosca gan choinne nó imthosca nua agus/nó chun cur chun feidhme éifeachtach an chistiúcháin atá ar fáil faoin Ionstraim a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an méid táscach a leagtar síos i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo a choigeartú.

5.   Ní thairbheoidh Ballstáit a aontaíonn don Aontas sa tréimhse 2012-2020 de leithdháiltí do chláir náisiúnta faoin Ionstraim fad is a thairbheoidh siad d’ionstraim shealadach de chuid an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit is tairbhithe gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú teorann seachtraí a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 6(1), méid breise a fháil, ar choinníoll go mbeidh sé curtha in áirithe amhlaidh sa chlár náisiúnta agus go mbeidh sé le húsáid chun gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhaint amach.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a athbhreithniú, má mheastar é a bheith iomchuí, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma. Ar bhonn na ngníomhaíochtaí sonracha nua, féadfaidh na Ballstáit méid breise, mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil.

3.   Déanfar na méideanna breise faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit a bhaineann leis an gcinneadh maoinithe aonair lena bhformheastar nó lena n-athbhreithnítear a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 8

Acmhainní faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma

1.   D’fhonn an méid a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) a leithdháileadh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Meitheamh 2017, ualach na mBallstáit i mbainistiú teorann, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a fhéadfaidh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir agus tuarascálacha measúnaithe arna dtarraingt suas mar chuid de shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, agus leibhéil bhagartha ag teorainneacha seachtracha don tréimhse 2017-2020, chomh maith le tosca a dhéanfaidh difear do shlándáil ag teorainneacha seachtracha na mBallstát in 2014-2016 a chur san áireamh. Déanfar an méid sin a dháileadh idir na Ballstáit ar bhonn mheá chatagóirí na dteorainneacha seo a leanas, agus mír 6 den Airteagal seo, á cur san áireamh:

(a)

45 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

(b)

38 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

(c)

17 % i gcomhair aerfort.

2.   I gcás teorainneacha seachtracha muirí agus talún, bunófar ríomh an mhéid ar fhad na gcodanna de theorainn sheachtrach arna iolrú faoi leibhéal bagartha (íosta, gnáth-, meán-, ard) do gach cuid de theorainn, mar a leanas:

(a)

comhéifeacht 0,5 maidir le bagairt íosta;

(b)

comhéifeacht 1 maidir le gnáthbhagairt;

(c)

comhéifeacht 3 maidir le meánbhagairt;

(d)

comhéifeacht 5 maidir le bagairt ard.

3.   I gcás na n-aerfort, ríomhfar an leithdháileadh i gcomhair gach Ballstáit mar a leanas:

(a)

50 % ar bhonn líon na ndaoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha;

(b)

50 % ar bhonn líon na náisiúnach tríú tíre ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha.

4.   I gcomhréir le tuarascáil anailíse riosca Ghníomhaireacht Frontex agus i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex, agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhaireachtaí Aontais eile, cinnfidh an Coimisiún leibhéil bhagartha do gach cuid de theorainn sheachtrach na mBallstát don tréimhse 2017-2020. Beidh na leibhéil bhagartha bunaithe ar na tosca seo a leanas:

(a)

ualach i mbainistiú teorann ag na teorainneacha seachtracha;

(b)

tosca a dhéanfaidh difear do shlándáil ag na teorainneacha seachtracha na mBallstát sa tréimhse 2014-2016;

(c)

athruithe ar bheartais an Aontais, mar shampla beartais víosaí;

(d)

treochtaí indéanta sa todhchaí i sreabha imirce agus rioscaí gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann le trasnú mírialta daoine ag na teorainneacha seachtracha; agus

(e)

forbairtí dóchúla polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta i dtríú tíortha, agus go háirithe, i dtíortha comharsanacha.

Sula n-eiseoidh an Coimisiún a thuarascáil lena gcinnfear na leibhéil bhagartha, beidh malartú tuairimí aige leis na Ballstáit.

5.   Chun críche acmhainní a leithdháileadh faoi mhír 1:

(a)

cuirfear san áireamh an líne idir na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle (29), ach ní chuirfear san áireamh an teorainn mhuirí lastuaidh den líne sin, cé nach teorainn sheachtrach talún í fad is a leanfaidh Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 10 maidir leis an gCipir a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 d’fheidhm a bheith aige;

(b)

ciallóidh an téarma “teorainneacha seachtracha muirí” teorainn fhorimeallach fharraige teorann na mBallstát mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 4 go hAirteagal 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. i gcásanna, áfach, ina bhfuil oibríochtaí fadraonacha ag teastáil ar bhonn rialta chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc, is é teorainn fhorimeallach na limistéar ina bhfuil bagairt ard a bheidh i gceist leis an téarma. Cinnfear na teorainneacha forimeallacha sin trí na sonraí ábhartha maidir leis na hoibríochtaí sin in 2014-2016, arna soláthar ag na Ballstáit i gceist, a chur san áireamh.

6.   Thairis sin, tar éis cuireadh a fháil ón gCoimisiún faoin 1 Meitheamh 2017, féadfaidh na Ballstáit leithdháileadh breise a fháil, ar choinníoll go mbeidh sé curtha in áirithe amhlaidh sa chlár náisiúnta agus go mbeidh sé le húsáid chun gníomhaíochtaí sonracha a bhaint amach a bheidh le bunú i bhfianaise thosaíochtaí an Aontais ag an am sin.

7.   Déanfar na méideanna breise faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit a bhaineann le cinneadh maoinithe aonair lena bhformheastar nó lena n-athbhreithnítear a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 9

Cláir náisiúnta

1.   Déanfar an clár náisiúnta a bheidh le hullmhú, agus toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 á chur san áireamh, faoin Ionstraim agus an ceann a bheidh le hullmhú faoi Rialachán Uimh. 513/2014 a mholadh don Choimisiún mar chlár náisiúnta aonair amháin le haghaidh an Chiste agus i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Faoi na cláir náisiúnta atá le scrúdú agus le formheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo agus toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 á chur san áireamh, go háirithe cuspóirí ón méid seo a leanas a shaothrú:

(a)

Eurosur a fhorbairt i gcomhréir le dlí agus le treoirlínte an Aontais;

(b)

an cumas reatha ar an leibhéal náisiúnta i mbeartas víosaí agus i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha a leathnú agus tacú leis, chomh maithe le bearta laistigh de limistéar na saorghluaiseachta a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a leathnú agus tacú leo, agus aird á tabhairt go háirithe ar theicneolaíocht nua, ar fhorbairtí agus/nó ar chaighdeáin maidir le bainistiú sreabha imirce;

(c)

tacú le forbairt bhreise an bhainistithe ar shreabha imirce trí bhíthin seirbhísí consalacha nó seirbhísí eile de chuid na mBallstát i dtríú tíortha, lena n-áirítear sásraí comhair chonsalaigh a chur ar bun d’fhonn taisteal dlisteanach a éascú i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí an Bhallstáit lena mbaineann agus inimirce neamhdhlíthiúil isteach san Aontas a chosc;

(d)

bainistiú comhtháite teorainneacha a neartú trí bhíthin uirlisí nua, córais idir-inoibritheacha nua agus modhanna oibre nua a thástáil agus a thabhairt isteach a bhfuil sé mar aidhm acu malartú faisnéise laistigh den Bhallstát a fheabhsú nó feabhas a chur ar chomhar idirghníomhaireachta;

(e)

tionscadail a fhorbairt d’fhonn a áirithiú go bhfuil leibhéal aonfhoirmeach agus ard rialaithe ag na teorainneacha seachtracha i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais agus a dhíríonn ar idir-inoibritheacht mhéadaithe na gcóras bainistithe teorann idir Ballstáit;

(f)

tacú le gníomhaíochtaí, tar éis dul i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex, a dhíríonn ar chomhchuibhiú breise bainistithe teorann agus go háirithe cumais theicneolaíochta a chur chun cinn, i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais;

(g)

cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le rialú teorann agus víosaí a áirithiú mar fhreagairt ar laigí arna sainaithint ar leibhéal an Aontais, mar a léirítear leis na torthaí arna mbunú faoi chuimsiú shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen;

(h)

an cumas chun dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht aníos a fhorbairt, lena n-áirítear bagairtí agus brúnna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ag teorainneacha seachtracha, agus go háirithe na hanailísí a dhéanann gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais á gcur san áireamh.

3.   Agus na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 á saothrú, féadfaidh na Ballstáit tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha faoina gcláir náisiúnta lena n-áirítear trí chomhroinnt faisnéise agus trí chomhar oibríochtúil.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex maidir le dréachtchláir náisiúnta, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tacaíocht oibriúcháin, arna gcur isteach ag na Ballstáit d’fhonn comhlántacht a fhorbairt idir misean Ghníomhaireacht Frontex agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú agus faireachas teorainneacha seachtracha chomh maith le comhsheasmhacht a áirithiú agus chun neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint.

Airteagal 10

Tacaíocht oibriúcháin faoi chláir náisiúnta na mBallstát

1.   Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as suas le 40 % den mhéid a leithdháiltear faoin Ionstraim ar a chlár náisiúnta chun maoiniú a dhéanamh ar thacaíocht oibriúcháin do na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas.

2.   Cuirfear tacaíocht oibriúcháin ar fáil nuair a chomhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonadh acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí;

(b)

comhlíonadh chuspóirí an chláir náisiúnta;

(c)

comhlíonadh chomhchaighdeáin an Aontais chun comhordú a fheabhsú idir na Ballstáit agus dúbailt, ilroinnt agus neamhéifeachtúlacht costais i réimse an rialaithe teorann a sheachaint;

3.   Chun na críche sin, sula bhformheastar an clár náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bonnlíne i mBallstáit a chuir in iúl a n-intinn tacaíocht oibriúcháin a iarraidh, á chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha meastóireachta Schengen.

Déanfar tuairimí a mhalartú leis an mBallstát lena mbaineann faoi thorthaí an Choimisiúin.

Tar éis na tuairimí a mhalartú, féadfar a chur de choinníoll ar ghlacadh an Choimisiúin le tacaíocht bhuiséadach faoi chuimsiú cláir náisiúnta Ballstáit go gclárófar agus go gcuirfear i gcrích roinnt gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 faoin tráth a gcuirfear tacaíocht bhuiséadach ar fáil.

4.   Díreofar tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus/nó ar sheirbhísí sonracha agus díreofar í ar na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Béarfaidh sí aisíoc iomlán an chaiteachais a tabhaíodh chun na cúraimí agus/nó na seirbhísí arna sainiú sa chlár náisiúnta a bhaint amach, laistigh de na teorainneacha airgeadais atá socraithe sa chlár agus laistigh den uasteorainn a leagtar síos i mír 1.

5.   Beidh tacaíocht oibriúcháin faoi réir fhaireachán agus mhalartú faisnéise idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir leis an staid bonnlíne sa Bhallstát sin, na cuspóirí agus na spriocanna a bheidh le baint amach agus na táscairí chun dul chun cinn a thomhas.

6.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo agus aon socruithe praiticiúla eile atá le déanamh idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 11

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1.   Cuirfidh an Ionstraim tacaíocht ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar tháillí tarscaoilte ó víosaí arna n-eisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um an Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus um an Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.

2.   Ní sháróidh na hacmhainní a leithdháiltear ar an Liotuáin de bhun mhír 1 EUR 154 milliún don tréimhse 2014-2020 agus cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin shonrach bhreise don Liotuáin.

3.   Chun críche mhír 1, ciallaíonn costais bhreise costais a thig go díreach ó na ceanglais shonracha a bhaineann le cur chun feidhme oibriú na Scéime Idirthurais Speisialta agus nach ngintear mar thoradh ar an eisiúint víosaí chun críche idirthurais nó chun críocha eile.

Beidh na cineálacha costais bhreise seo a leanas incháilithe le haghaidh maoinithe:

(a)

infheistíocht i mbonneagair;

(b)

oiliúint a chur ar fhoireann a chuireann an scéim idirthurais speisialta chun feidhme;

(c)

costais oibriúcháin bhreise, lena n-áirítear tuarastail na foirne a chuireann an scéim idirthurais speisialta chun feidhme go sonrach.

4.   Déanfar na táillí tarscaoilte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh ar bhonn leibhéal na dtáillí víosa agus na dtarscaoiltí táillí víosa a bhunaítear leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú (30), faoi chuimsiú an chreata airgeadais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

5.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann agus/nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

6.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo agus aon socruithe airgeadais nó aon socruithe praiticiúla eile a bheidh le déanamh idir an Liotuáin agus an Coimisiún chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

7.   Chun feidhmiú rianúil na Scéime Idirthurais Speisialta a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún socruithe eatramhacha sonracha íocaíochta a dhéanamh lena ndéantar maolú ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 12

Cláreagrú i gcomhréir le torthaí shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen

Tar éis tuarascáil mheastóireachta Schengen a bheith déanta, arna glacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, scrúdóidh an Ballstát lena mbaineann, in éineacht leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Frontex, conas is fearr aghaidh a thabhairt ar na torthaí, lena n-áirítear aon easnaimh, agus déanfaidh sé na moltaí a chur chun feidhme faoi chuimsiú a chláir náisiúnta.

I gcás inar gá, déanfaidh Ballstát athbhreithniú ar a chlár náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 514/2014 chun na torthaí agus na moltaí sin a chur san áireamh.

Tosaíocht a bheidh i maoiniú gníomhaíochtaí ceartaitheacha. In idirphlé leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Frontex, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní faoina chlár a ath-leithdháileadh, lena n-áirítear na hacmhainní sin arna gclárú le haghaidh tacaíochta oibriúcháin, agus/nó gníomhaíochtaí a thabhairt isteach nó a leasú a bhfuil sé mar aidhm acu na laigí a leigheas i gcomhréir le torthaí agus le moltaí thuarascáil mheastóireachta Schengen.

Airteagal 13

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí lena ngabhanna leas ar leith don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”) a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Chun bheith incháilithe do chistiúchán, saothróidh gníomhaíochtaí Aontais na cuspóirí seo a leanas go háirithe:

(a)

tacú le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha agus víosaí a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Chód Teorainneacha Schengen a fhíorú, go háirithe caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin;

(b)

feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar an staid atá i réim sna Ballstáit agus i dtríú tíortha trí anailís, meastóireacht agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bheartais;

(c)

tacú le forbairt uirlisí staidrimh, lena n-áirítear comhuirlisí staidrimh, agus modhanna staidrimh agus comhtháscairí;

(d)

tacú le cur chun feidhme dhlí an Aontais agus chuspóirí beartais an Aontais sna Ballstáit, agus faireachán a dhéanamh orthu, agus measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht agus ar a dtionchar, lena n-áirítear maidir leis an urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, a mhéid a bhaineann le raon feidhme na hionstraime;

(e)

líonrú, foghlaim fhrithpháirteach, sainaithint agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus cineálacha nuálacha cur chuige i measc geallsealbhóirí éagsúla a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach;

(f)

tionscadail a dhíríonn ar chomhchuibhiú agus ar idir-inoibritheacht beart a bhaineann le bainistiú teorann i gcomhréir le comhcaighdeáin an Aontais d’fhonn forbairt chóras bainistithe teorann comhtháite Eorpach a chur chun cinn;

(g)

feasacht maidir le beartais agus cuspóirí an Aontais a fheabhsú i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(h)

cur le cumas na ngréasán Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar bheartais agus ar chuspóirí an Aontais, iad a chur chun cinn, a fhorbairt tuilleadh agus chun tacú leo;

(i)

tacú le tionscadail atá an-nuálach a fhorbraíonn modhanna nua agus/nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú chuig Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb é is aidhm dóibh tionscadail taighde a thástáil agus a fhíorú;

(j)

tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha agus le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

3.   Cuirfear gníomhaíochtaí Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 14

Cúnamh éigeandála

1.   Cuirfidh an Ionstraim tacaíocht airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás staide éigeandála de réir mar a shainmhínítear í i bpointe (f) d’Airteagal 2.

2.   Cuirfear cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 15

Clár maidir le forbairt córas TF a bhunú

Cuirfear an clár maidir le forbairt na gcóras TF, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua, chun feidhme faoi réir gníomhartha reachtacha an Aontais a ghlacadh ina sainmhínítear na córais TF sin agus a mbonneagar cumarsáide a bhfuil sé d’aidhm acu, go háirithe, feabhas a chur ar bhainistiú agus ar rialú sreabha taistil ag na teorainneacha seachtracha trí na seiceálacha a neartú agus dlús a chur le trasnuithe teorann do thaistealaithe rialta. i gcás inarb iomchuí, déanfar sineirgí le córais TF atá ann cheana a lorg chun caiteachas dúbailte a sheachaint.

Maidir le miondealú an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5), déanfar é i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais nó, tar éis na gníomhartha reachtacha sin a ghlacadh, trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar a laghad uair sa bhliain agus aon uair is iomchuí, maidir le dul chun cinn i gcórais nua TF a fhorbairt.

Airteagal 16

Cúnamh teicniúil

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún agus/nó thar ceann an Choimisiúin, féadfaidh an Ionstraim suas le EUR 1,7 milliún a chur leis an gCiste gach bliain le haghaidh cúnaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh an Ionstraim gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Don tréimhse 2014-2020, ní sháróidh an méid a chuirfear ar leataobh le haghaidh cúnaimh theicniúil 5 % den mhéid iomlán a leithdháilfear ar Bhallstát móide EUR 500 000.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) agus in Airteagal 6(4), in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) agus in Airteagal 6(4), in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) d’Airteagal 5(5) agus Airteagal 6(4), Airteagal 7(2) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um “Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus Ciste Slándála Inmheánaí” agus Slándáil arna bhunú le hAirteagal 59(1) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an Ionstraim.

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairfear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha.

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú, lena n-áirítear cealú go hiomlán nó go páirteach, na dtionscadal agus na gclár bliantúil, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, ná don chúnaimh airgeadais arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Chinneadh Uimh. 574/2007/CE nó aon reachtaíocht eile a bhainfidh leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.

2.   Le linn don Choimisiún cinntí a ghlacadh maidir le cómhaoiniú faoin Ionstraim, cuirfidh sé san áireamh bearta a glacadh ar bhonn Chinneadh Uimh. 574/2007/CE roimh an 20 Bealtaine 2014 a bhfuil iarmhairtí airgeadais acu le linn na tréimhse atá clúdaithe ag an gcómhaoiniú sin.

3.   Maidir le suimeanna atá geallta i gcomhair cómhaoiniú arna fhormheas ag an gCoimisiún idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2014 ach nach ndearnadh na doiciméid a theastaíonn chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin spriocdháta chun an tuarascáil a chur isteach, saorfaidh an Coimisiún sa ghnáthchúrsa iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

4.   Agus an méid le saoradh go huathoibríoch á ríomh, ní thabharfar aird ar mhéideanna a bhaineann le gníomhaíochtaí a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.

5.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2015 tuarascáil mheastóireachta ar thorthaí agus ar thionchair na ngníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoi Chinneadh Uimh. 574/2007/CE maidir leis an tréimhse 2011-2013.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta ex-post faoi Chinneadh Uimh. 574/2007/CE a bhaineann leis an tréimhse 2011-2013 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoin 31 Nollaig 2015.

Airteagal 22

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (Féach leathanach 93 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (Féach leathanach 112 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabhadh Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 22).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 304, 22.11.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15.)

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(15)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(16)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(17)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(18)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(19)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(20)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(21)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(22)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(28)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais (IO L 161, 30.4.2004, lch. 128).

(30)  IO L 129, 17.5.2007, lch. 27.


IARSCRÍBHINN I

Méideanna arb é atá iontu iad an bonn do chláir náisiúnta na mBallstát (in EUR)

Ballstát/stát comhlachaithe

Íosmhéid

Cuid sheasta a dháiltear ar bhonn mheán 2010-2012

% 2010-2012 leis an gCróit

IOMLÁN

AT

5 000 000

9 162 727

0,828  %

14 162 727

BE

5 000 000

12 519 321

1,131  %

17 519 321

BG

5 000 000

35 366 130

3,196  %

40 366 130

CH

5 000 000

13 920 284

1,258  %

18 920 284

CY

15 000 000

19 507 030

1,763  %

34 507 030

CZ

5 000 000

9 381 484

0,848  %

14 381 484

DE

5 000 000

46 753 437

4,225  %

51 753 437

DK

5 000 000

5 322 133

0,481  %

10 322 133

EE

5 000 000

16 781 752

1,516  %

21 781 752

ES

5 000 000

190 366 875

17,201  %

195 366 875

FI

5 000 000

31 934 528

2,886  %

36 934 528

FR

5 000 000

79 999 342

7,229  %

84 999 342

GR

5 000 000

161 814 388

14,621  %

166 814 388

HR

4 285 714

31 324 057

2,830  %

35 609 771

HU

5 000 000

35 829 197

3,237  %

40 829 197

IE

 

 

 

 

IS

5 000 000

326 980

0,030  %

5 326 980

IT

5 000 000

151 306 897

13,672  %

156 306 897

LI

5 000 000

0

0,000  %

5 000 000

LT

5 000 000

19 704 873

1,780  %

24 704 873

LU

5 000 000

400 129

0,036  %

5 400 129

LV

5 000 000

10 521 704

0,951  %

15 521 704

MT

15 000 000

38 098 597

3,442  %

53 098 597

NL

5 000 000

25 609 543

2,314  %

30 609 543

NO

5 000 000

9 317 819

0,842  %

14 317 819

PL

5 000 000

44 113 133

3,986  %

49 113 133

PT

5 000 000

13 900 023

1,256  %

18 900 023

RO

5 000 000

56 151 568

5,074  %

61 151 568

SE

5 000 000

6 518 706

0,589  %

11 518 706

SI

5 000 000

25 669 103

2,319  %

30 669 103

SK

5 000 000

5 092 525

0,460  %

10 092 525

UK

 

 

 

 

IOMLÁN

169 285 714

1 106 714 286

100,00  %

1 276 000 000


IARSCRÍBHINN II

Liosta de ghníomhaíochtaí sonracha

1.

Sásraí um chomhar consalach a chur ar bun idir dhá Bhallstát ar a laghad as a leanfaidh barainneachtaí scála i ndáil le próiseáil iarratas agus le heisiúint víosaí ag consalachtaí i gcomhréir leis na prionsabail maidir le comhar a leagtar síos sa Chód Víosa, lena n-áirítear comh-lárionaid iarratais i gcomhair víosaí.

2.

Modhanna iompair agus trealamh oibriúcháin a cheannach a mheastar a bheith riachtanach chun imlonnaithe i rith oibríochtaí comhpháirteacha ag Gníomhaireacht Frontex, agus a chuirfear ar fáil do Ghníomhaireacht Frontex i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(5) de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.


IARSCRÍBHINN III

Cuspóirí le haghaidh tacaíochta oibriúcháin faoi chuimsiú na gclár náisiúnta

Cuspóir 1: forbairt agus cur chun feidhme beartas a chur chun cinn lena áirithiú nach ndéantar aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, agus go ndéantar seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha agus go ndéantar faireachán éifeachtach ar thrasnú teorainneacha seachtracha

oibríochtaí

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna

costais seirbhíse, amhail cothabháil agus deisiú

uasghrádú/athsholáthar trealaimh

eastát réadach (dímheas, athchóiriú)

Cuspóir 2: forbairt agus cur chun feidhme an chomhbheartais maidir le víosaí agus le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile a chur chun cinn, lena n-áirítear comhar consalach

oibríochtaí

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna

costais seirbhíse, cothabháil agus deisiú

uasghrádú/athsholáthar trealaimh

eastát réadach (dímheas, athchóiriú)

Cuspóir 3: córais TF shlána, a mbonneagar cumarsáide agus a dtrealamh a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce, lena n-áirítear faireachas, thar theorainneacha seachtracha an Aontais a chur ar bun agus a riar

bainistiú oibríochtúil SIS, VIS agus córas nua le bunú

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna

costais seirbhíse, amhail cothabháil agus deisiú

bonneagar cumarsáide agus slándáil chomh maith le nithe a bhaineann le cosaint sonraí

uasghrádú/athsholáthar trealaimh

áitreabh daingean a ghlacadh ar cíos agus/nó a athchóiriú


IARSCRÍBHINN IV

Liosta de chomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas

(a)

Tacú le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, cóir chomhionann a áirithiú i gcás náisiúnach tríú tíre agus dul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil

(i)

Líon na ngníomhaíochtaí comhair consalachta a forbraíodh le cabhair ón Ionstraim

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

comhshuímh,

comh-lárionaid iarratas,

uiríll,

nithe eile.

(ii)

Líon na foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann leis an gcomhbheartas víosaí le cabhair ón Ionstraim

(iii)

Líon na bpost speisialaithe i dtríú tíortha le tacaíocht ón Ionstraim

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

oifigigh idirchaidrimh inimirce,

nithe eile.

(iv)

Céatadán agus líon na gconsalachtaí arna bhforbairt nó arna n-uasghrádú le cabhair ón Ionstraim amach as líon iomlán na gconsalachtaí

(b)

Tacú le bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear trí fhaisnéis a roinnt idir na Ballstáit agus idir Ballstáit agus Gníomhaireacht Frontex, chun ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil, ar láimh amháin, agus trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le acquis Schengen ar an láimh eile

(i)

Líon na foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann le bainistiú teorann le cabhair ón Ionstraim

(ii)

Líon na mbonneagar rialuithe teorann (seiceálacha agus faireachas) agus na modhanna arna bhforbairt nó arna n-uasghrádú le cabhair ón Ionstraim

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

bonneagar,

loingeas (teorainneacha aeir, talún, farraige),

trealamh,

nithe eile.

(iii)

Líon trasnuithe teorann na dteorainneacha seachtracha trí gheataí Rialú Teorann Uathoibrithe le tacaíocht ón Ionstraim as líon iomlán na dtrasnuithe teorann

(iv)

Líon na mbonneagar náisiúnta faireachais teorann arna bhforbairt tuilleadh/arna mbunú i gcreat Eurosur

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

Lárionaid Chomhordaithe Náisiúnta,

Lárionaid Chomhordaithe Réigiúnacha,

Lárionaid Chomhordaithe Áitiúla,

cineálacha eile lárionad comhordaithe.

(v)

Líon na dteagmhas arna dtuairisciú ag Ballstáit don Phictiúr de Dhálaí Eorpacha

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

inimirce neamhdhlíthiúil, lena n-áirítear maidir le teagmhais a bhaineann le riosca do shaol na n-imirceach,

coireacht trasteorann,

cásanna géarchéime.


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

168


RIALACHÁN (AE) Uimh. 516/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairleagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart cuspóir an Aontais chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin comhbheart lena gcumtar beartas maidir le tearmann agus le hinimirce, bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, lena dtabharfar cothrom na féinne do thríú tíortha agus dá gcuid náisiúnach. D’aithin an Chomhairle Eorpach, an 2 Nollaig 2009, gur cheart d’acmhainní airgeadais laistigh den Aontas bheith níos solúbtha agus níos comhtháite, ó thaobh raon feidhme agus infheidhmeachta araon, chun tacú le forbairtí beartais sa réimse tearmainn agus imirce.

(2)

D’fhonn cur le forbairt chomhbheartas an Aontais maidir le tearmann agus le hinimirce agus d’fhonn an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a neartú i bhfianaise chur i bhfeidhm phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus i bhfianaise na freagrachta comhroinnte idir na Ballstáit agus an chomhair le tríú tíortha, ba cheart go mbunófaí de bhun an Rialacháin seo an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”).

(3)

Ba cheart don Chiste léiriú a thabhairt ar an ngá atá ann le solúbthacht agus simpliú méadaithe, agus ag an am céanna ceanglais maidir le hintuarthacht á n-urramú, agus dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní á áirithiú chun na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach.

(4)

Tá éifeachtúlacht na mbeart agus cáilíocht an chaiteachais ina bprionsabail threoracha i gcur chun feidhme an Chiste. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is áisiúla don úsáideoir.

(5)

Ba cheart go gcuirfeadh struchtúr nua décholúnach an chistiúcháin i i réimse na ngnóthaí baile le simpliú, cuíchóiriú, comhdhlúthú agus trédhearcacht an chistiúcháin sa réimse sin. Ba cheart sineirgí, comhleanúnachas agus comhlánú a aimsiú idir cistí agus cláir éagsúla, lena n-áirítear d’fhonn cistiúchán a leithdháileadh ar chomhchuspóirí. Ba cheart, áfach, aon fhorluí idir na hionstraimí éagsúla cistiúcháin a sheachaint.

(6)

Leis an gCiste, ba cheart creat solúbtha a chruthú ionas go bhféadfaidh na Ballstáit teacht ar acmhainní airgeadais faoina gcláir náisiúnta chun tacú leis na réimsí beartais faoin gCiste de réir na gcúinsí sonracha agus na riachtanas sonrach atá acu féin, agus i bhfianaise chuspóirí ginearálta agus chuspóirí sonracha an Chiste, ar mó a rachadh an tacaíocht airgeadais chun tairbhe dóibh ó thaobh éifeachtachta agus oiriúnachta de.

(7)

Leis an gCiste, ba cheart dlúthpháirtíocht a léiriú trí chúnamh airgeadais a thabhairt do Bhallstáit. Ba cheart dó bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig an AE i réimsí ina gcuireann an AE uasluach leis a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin freagracht a roinnt idir na Ballstáit agus trí bhíthin freagracht a roinnt agus comhar a bhunú le tríú tíortha.

(8)

D’fhonn cur le cuspóir ginearálta an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear sna cláir náisiúnta atá acu gníomhartha a thugann aghaidh ar chuspóirí sonracha an Rialacháin seo, agus go n-áirithítear, le leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí, gur féidir na cuspóirí a bhaint amach. I gcás cúinse neamhghnách gur mian le Ballstát maolú ó na híoschéatadáin a leagtar síos sa Rialachán seo, ní mór don Bhallstát lena mbaineann cosaint mhionsonraithe a sholáthar laistigh dá chlár náisiúnta.

(9)

D’fhonn beartas tearmainn aonfhoirmeach d’ardchaighdeán a áirithiú agus caighdeáin níos airde cosanta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, ba cheart don Chiste cur le feidhmiú éifeachtach an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh a chuimsíonn bearta a bhaineann le beartas, reachtaíocht, agus forbairt acmhainní, agus ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit eile, le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le tríú tíortha.

(10)

Is iomchuí tacú leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit chun acquis tearmainn an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus i gceart, go háirithe chun coinníollacha glactha iomchuí a dheonú do dhaoine easáitithe agus d’iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe na cosanta sin, ionas go ndéanfar cinneadh mar is ceart maidir le stádas a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nósanna imeachta tearmainn atá cóir agus éifeachtúil a chur i bhfeidhm agus chun dea-chleachtas a chur chun cinn sa réimse tearmainn ionas go dtabharfar cosaint do chearta na ndaoine a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu agus go gcuirfear ar chumas chórais tearmainn na mBallstát feidhmiú go héifeachtúil.

(11)

Ba cheart don Chiste tacaíocht leordhóthanach a thairiscint d’iarrachtaí comhpháirteacha na mBallstát chun na cleachtais is fearr a shainaithint, a roinnt agus a chur chun cinn agus chun struchtúir chomhair éifeachtacha a bhunú d’fhonn feabhas a chur ar chaighdeán na cinnteoireachta i gcreat an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh.

(12)

Ba cheart don Chiste na gníomhaíochtaí a dhéanann an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (“EASO”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chomhlánú agus a atreisiú, d’fhonn comhordú a dhéanamh ar chomhar praiticiúil idir na Ballstáit maidir le tearmann, chun tacú leis na Ballstáit a bhfuil brú ar leith ar a gcórais tearmainn agus chun cuidiú le cur chun feidhme an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh. Féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ar fáil de dhroim Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cur chun feidhme cúraimí sainiúla ad hoc a chur ar iontaoibh EASO, amhail comhordú gníomhaíochtaí Ballstát maidir le hathlonnú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010.

(13)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontais agus na mBallstát feabhas a chur ar chumas na mBallstát forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais tearmainn i bhfianaise a gcuid oibleagáidí faoi reachtaíocht dhlí an Aontais.

(14)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí na mBallstát cosaint idirnáisiúnta agus réiteach buan a chur ar fáil ina gcuid críoch do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe atá sainaitheanta ag Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) mar dhaoine atá incháilithe le hathlonnú, amhail measúnú ar na riachtanais athlonnaithe agus na daoine lena mbaineann a aistriú chuig a gcuid críoch, d’fhonn stádas slán dlíthiúil a dheonú dóibh agus lena lanpháirtiú éifeachtach a chur chun cinn.

(15)

Ba cheart don Chiste tacaíocht a chur ar fáil i dtaca le cineálacha cur chuige nua maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn ar bhealach níos sábháiltí, go háirithe trí dhíriú ar phríomhthíortha idirthurais amhail cláir chosanta le haghaidh grúpaí ar leith nó le haghaidh nósanna imeachta áirithe maidir le hiarratais ar thearmann a iniúchadh.

(16)

Is gné den Chiste é go bhféadfadh sé tacaíocht a chur ar fáil d’oibríochtaí comhroinnte dualgas deonacha ar bhonn comhaontaithe idir Ballstáit agus ina ndéantar tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, agus lucht iarrtha cosanta idirnáisiúnta, a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

(17)

Is cuid riachtanach de bheartas tearmainn an Aontais iad comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha d’fhonn a áirithiú go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar shreabha isteach daoine a bhfuil iarratas ar thearmann nó ar fhoirmeacha eile cosanta idirnáisiúnta á dhéanamh acu. Agus é mar aidhm aige rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus ar réitigh bhuana a chur ar fáil a luaithe is féidir, lena n-áirítear faoi chuimsiú na gClár Cosanta Réigiúnach, ba cheart gné láidir athlonnaithe de chuid an Aontais a áireamh leis an gCiste.

(18)

Chun an próiseas lánpháirtíochta a fheabhsú agus a neartú i sochaithe na hEorpa, ba cheart go n-éascódh an Ciste imirce dhleathach chuig an Aontas i gcomhréir le riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát agus go mbeadh foráil ann maidir le hullmhú an phróisis lanpháirtíochta atá ann cheana féin i dtír thionscnaimh na náisiúnach tríú tíortha atá ag teacht chun an Aontais.

(19)

Chun a bheith éifeachtach agus chun an breisluach is mó a bhaint amach, ba cheart don Chiste cur chuige níos spriocdhírithe a shaothrú, chun tacú le straitéisí comhsheasmhacha a ceapadh go sonrach chun lánpháirtiú na náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, áitiúil nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí. Ba cheart gurb iad na húdaráis áitiúla nó réigiúnacha agus gníomhairí nach gníomhairí stáit iad is mó a chuirfeadh na straitéisí sin i bhfeidhm, ach gan údaráis náisiúnta a fhágáil as an áireamh, go háirithe i gcás ina mbeadh gá leo i ngeall ar eagrúchán sonrach riaracháin an Bhallstáit nó i gcás, i mBallstát, go dtagann na gníomhaíochtaí maidir le lánpháirtíocht faoi réim inniúlachta a chomhroinntear idir an Stát agus an riarachán díláraithe. Ba cheart do na heagraíochtaí cur chun feidhme na bearta is oiriúnaí dá gcás áirithe féin a roghnú ó raon beart atá ar fáil.

(20)

Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme an chiste i gcomhréir le Comhphrionsabail Bhunúsacha an Aontais maidir le Lánpháirtíocht, mar a shainítear sa Chomhchlár um Lánpháirtíocht iad.

(21)

Ba cheart a chur ar áireamh i raon feidhme na mbeart maidir le lánpháirtíocht, tairbhithe cosanta idirnáisiúnta d’fhonn cur chuige cuimsitheach maidir le lánpháirtiú a áirithiú, agus sainiúlachtaí na spriocghrúpaí sin á gcur san áireamh. I gcás ina ndéantar bearta maidir le lánpháirtíocht i gcomhcheangal le bearta maidir le glacadh, ba cheart go gceadófaí le gníomhartha, nuair is féidir, lucht iarrtha cosanta idirnáisiúnta a áireamh freisin.

(22)

D’fhonn comhsheasmhacht fhreagairt an Aontais do lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha a áirithiú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste bheith sonrach do ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi Chiste Sóisialta na hEorpa agus ba cheart dóibh bheith comhlántach leo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh ar údaráis na mBallstát atá freagrach as cur chun feidhme an Chiste sásraí comhair agus comhordaithe a bhunú leis na húdaráis arna n-ainmniú ag Ballstáit d’fhonn idirghabhálacha Chiste Sóisialta na hEorpa a bhainistiú.

(23)

Féadfaidh roinnt gníomhaíochtaí baint a bheith acu le grúpa duine agus, ar chúiseanna praiticiúla, d’fhéadfadh sé gur éifeachtúla a bheadh sé déileáil leis an ngrúpa sin ina iomláine gan idirdhealú a dhéanamh idir ball an ghrúpa. Ba iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go mbeadh an deis ag na Ballstáit sin ar mian leo é go n-áireofaí ina gcláir náisiúnta go bhféadfaí garghaolta náisiúnach tríú tíortha a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí maidir le lánpháirtíocht a mhéid is gá sin chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme. Thuigfí go gciallóidh “garghaol” céile, páirtí agus aon duine ag a bhfuil nasc díreach teaghlaigh sa líne shliochtach nó sa líne shinsearach leis an náisiúnach tríú tír ar a bhfuil an ghníomhaíocht maidir le lánpháirtíocht dírithe agus nach gclúdófaí seachas sin faoi raon feidhme an Chiste.

(24)

Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit agus straitéisí á mbunú acu lena n-eagraítear imirce dhleathach, chun cur lena gcumas forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh i gcoitinne ar gach straitéis maidir le hinimirce agus le lánpháirtíocht, agus ar gach beartas agus beart maidir le náisiúnaigh tríú tíortha, lena n-áirítear ionstraimí dlí an Aontais. Ba cheart don Chiste tacú le malartú faisnéise, na gcleachtas is fearr agus comhair idir ranna éagsúla riaracháin agus leis na Ballstáit eile chomh maith.

(25)

Ba cheart don Aontas leanúint ar aghaidh ag úsáid na gComhpháirtíochtaí Soghluaisteachta agus an úsáid sin a leathnú mar phríomhchreat comhair straitéiseach, cuimsitheach agus fadtéarmach chun imirce a bhainistiú le tríú tíortha. Ba cheart go dtacódh an Ciste le gníomhaíochtaí faoi chuimsiú na gComhpháirtíochtaí Soghluaisteachta a bhíonn ar siúl san Aontas nó i dtríú tíortha agus é mar aidhm aige riachtanais agus tosaíochtaí an Aontais a shaothrú, go háirithe gníomhaíochtaí lena n-áiritheofar leanúnachas an chistiúcháin a chuimseoidh an tAontas agus tríú tíortha araon.

(26)

Is iomchuí leanúint de bheith ag spreagadh agus ag tacú le hiarrachtaí na mBallstát chun bainistiú fhilleadh na náisiúnach tríú tíortha i ngach ceann dá ghnéithe a fheabhsú, agus ar mhaithe le cur chun feidhme leanúnach, cóir agus éifeachtúil na gchaighdeán coiteann maidir le filleadh, go háirithe mar atá leagtha amach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart don Chiste forbairt na straitéisí maidir le filleadh a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs bainistíochta comhtháite maidir le filleadh agus ba cheart bearta a fhorbairt a thacódh lena gcur chun feidhme éifeachtach i dtríú tíortha.

(27)

Maidir le daoine a fhilleann go deonach, lena n-áirítear daoine ar mian leo filleadh cé nach bhfuil siad faoi aon oibleagáid an chríoch a fhágáil, ba cheart foráil a dhéanamh do dhreasachtaí do theifigh fillte den sórt sin, amhail cóir fhabhrach trí bhíthin cúnamh maidir le filleadh a chur ar fáil. Tá filleadh deonach den sórt sin chun leas na dteifeach fillte agus na n-údarás araon ó thaobh a chost-éifeachtúlachta de. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh tosaíocht a thabhairt d’fhilleadh deonach.

(28)

Mar sin féin, ó thaobh beartais de, tá filleadh deonach agus filleadh forghníomhaithe idirnasctha agus tá éifeacht atreisithe acu araon agus ba cheart, da bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh an chaoi a gcomhlánaíonn an dá fhoirm a chéile a neartú le linn dóibh filleadh a bhainistiú. Caithfear fáil réidh le daoine chun sláine bheartas inimirce agus tearmainn an Aontais agus chórais inimirce agus tearmainn na mBallstát a chosaint. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é go bhfaighfí réidh le daoine chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den bheartas seo agus go bhforfheidhmeofar an smacht reachta, rud atá riachtanach ann féin chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát fáil réidh le daoine i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus cearta bunúsacha agus dínit na dteifeach fillte á n-urramú go hiomlán.

(29)

Tá sé ríthábhachtach go dtacódh an Ciste le bearta sonracha maidir le teifigh fillte i dtír a bhfillte chun an filleadh éifeachtach ar a mbaile nó ar a réigiún tionscnaimh a áirithiú agus chun feabhas a chur ar a n-ath-lánpháirtiú buan ina bpobal féin ina dhiaidh sin.

(30)

Tá comhaontuithe um athligean isteach ina gcuid lárnach de bheartas an Aontais maidir le filleadh agus is uirlis lárnach iad maidir le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce mar éascaíonn siad filleadh tapa imirceach mírialta. Is gné thábhachtach iad na comhaontuithe sin ó thaobh an idirphlé agus an chomhair le tríú tíortha tionscnaimh agus ba cheart tacú le hidirthuras imirceach mírialta agus lena gcur chun feidhme i dtríú tíortha ar mhaithe le straitéisí éifeachtacha maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(31)

Ba cheart don Chiste seo na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (8), a bhfuil mar cheann dá cuid dualgas an tacaíocht is gá a chur ar fáil do Bhallstáit chun oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh a eagrú agus na cleachtais is fearr a shainaithint maidir le doiciméid taistil a fháil agus fáil réidh le náisiúnaigh tríú tíortha a bhíonn ag fanacht go mídhlíthiúil i gcríocha na mBallstát agus cúnamh a thabhairt do Bhallstáit i gcúinsí ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, agus aird á tabhairt ar an ní go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le cúinsí áirithe.

(32)

Ina theannta le tacú le filleadh daoine mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart, leis an gCiste, go dtacófaí le bearta eile chun dul i ngleic le hinimirce mhídhleathach nó rialacha maidir le himirce dhleathach atá ann cheana a shárú, agus leis sin sláine chórais inimirce na mBallstát a chosaint.

(33)

Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus do na cearta bunúsacha a chumhdaítear sna hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ba cheart, le gníomhaíochtaí cáilithe, go n-áireofaí an cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine maidir le himircigh, dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn a chosaint, agus ba cheart go n-áiritheofaí go háirithe go dtabharfar aird ar leith, agus go gcuirfear freagairt thiomnaithe ar fáil, don chúinse shonrach atá ann do dhaoine leochaileacha, go háirithe do mhná, do mhionaoisigh neamhthionlactha agus do mhionaoisigh eile i mbaol.

(34)

Tugtar sainmhínithe éagsúla ar na téarmaí “daoine leochaileacha” agus “baill teaghlaigh” sna gníomhartha éagsúla is ábhartha don Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a thuiscint i gciall an ghnímh ábhartha agus an comhthéacs ina mbaintear úsáid astu á chur san áireamh. I gcomhthéacs athlonnaithe, ba cheart go rachadh na Ballstáit sin a dhéanann athlonnú i ndlúthchomhairle le UNHCR maidir leis an téarma “baill teaghlaigh” ina gcleachtais athlonnaithe agus ina bpróisis athlonnaithe iarbhír.

(35)

Na bearta sin maidir le tríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha a dtacaítear leo tríd an gCiste, ba cheart iad a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas trí bhíthin ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhtháthú iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leis na bearta tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar fhorbairt agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais a sholáthraítear trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Ba cheart an prionsabal maidir le comhtháthú beartais don fhorbairt, mar atá leagtha amach i mír 35 den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt é, a urramú. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme cúnaimh éigeandála i gcomhréir, agus más ábhartha, comhsheasmhach le beartas daonnúil an Aontais agus go léirítear lán-urraim do na prionsabail dhaonnúla mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(36)

Ba cheart cuid mhór de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh i gcomhréir leis an bhfreagracht atá ar gach Ballstát trí bhíthin a gcuid iarrachtaí sreabha imirce a bhainistiú ar bhonn na gcritéar oibiachtúil. Chun na críche sin, ba cheart leas a bhaint as na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil, arna mbailiú ag Eurostat faoi Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a bhaineann leis na sreabha imirce, amhail líon na gcéad iarratas ar thearmann, líon na gcinntí deimhneacha lena ndeonaítear cosaint dídeanaithe nó cosaint choimhdeach; líon na ndídeanaithe athlonnaithe; líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil, líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil údarú arna eisiúint ag Ballstát faighte acu cónaí iontu, líon na gcinntí maidir le filleadh arna n-eisiúint ag na húdaráis náisiúnta agus líon na bhfillteacha a cuireadh i gcrích.

(37)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na suimeanna bunúsacha a leithdháilfear ar na Ballstáit. Is é atá sa tsuim bhunúsach méid íosta agus méid a ríomhtar ar bhonn mheánmhéid na leithdháiltí a leithdháileadh ar gach Ballstát in 2011, in 2012 agus in 2013 faoin gCiste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), faoin gCiste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú a bunaíodh le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (11) agus faoin gCiste Eorpach um Fhilleadh a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba i gcomhréir leis na critéir leithdháilte a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 573/2007/CE, i gCinneadh 2007/435/CE agus i gCinneadh Uimh. 575/2007/CE, a rinneadh na leithdháiltí a ríomh. I bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 7-8 Feabhra 2013, a chuir in iúl go láidir gur cheart go leagfaí béim ar leith ar shochaithe oileánacha a mbeidh dúshláin neamhréireacha rompu amach ó thaobh na himirce de, is iomchuí na méideanna íosta a mhéadú don Chipir agus do Mhálta.

(38)

Cé go bhfuil sé oiriúnach suim atá bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil a leithdháileadh ar gach Ballstát, ba cheart cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a dháileadh chun gníomhaíochtaí sonracha óna dteastaíonn iarracht chomhair i measc na mBallstát agus a ghineann breisluach suntasach don Aontas a chur chun feidhme, agus chun Clár Athlonnaithe an Aontais agus aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a chur chun feidhme.

(39)

Chun na críche sin, ba cheart go mbunófaí de bhun an Rialacháin seo liosta gníomhaíochtaí sonracha atá incháilithe le haghaidh acmhainní ón gCiste. Ba cheart suimeanna breise a leithdháileadh ar na Ballstáit sin a dhéanann gealltanas na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme.

(40)

I bhfianaise bhunú forásach Chlár Athlonnaithe an Aontais, ba cheart don Chiste cúnamh spriocdhírithe a chur ar fáil i bhfoirm dhreasachta airgeadais (cnapshuimeanna) do gach duine athlonnaithe. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i gcomhar leis an EASO, agus i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, faireachán ar chur chun feidhme éifeachtach oibríochtaí athlonnaithe a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste.

(41)

D’fhonn méadú a dhéanamh ar thionchar iarrachtaí athlonnaithe an Aontais maidir le cosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus le tionchar straitéiseach an athlonnaithe a uasmhéadú trí dhíriú níos fearr ar na daoine is mó a dteastaíonn athlonnú uathu, ba cheart comhthosaíochtaí maidir le hathlonnú a cheapadh ar leibhéal an Aontais. Níor cheart na comhthosaíochtaí sin a leasú ach amháin má bhíonn údar cuí leis nó i bhfianaise aon mholtaí a thiocfadh ó UNHCR, ar bhonn na gcatagóirí ginearálta a shonraítear sa Rialachán seo.

(42)

Mar gheall ar a leochailí is atá siad, ba cheart roinnt catagóirí daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chur ar áireamh i gcónaí i gcomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais.

(43)

Agus na riachtanais athlonnaithe faoi mar atá leagtha amach i gcomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais á gcur san áireamh, tá sé riachtanach freisin dreasachtaí breise airgeadais a chur ar fáil chun daoine a athlonnú chuig réigiúin gheografacha shonracha agus náisiúntachtaí geografacha sonracha, chomh maith leis na catagóirí sonracha de dhaoine a bheidh le hathlonnú, i gcás ina gcinnfear gurb é an t-athlonnú an fhreagairt is oiriúnaí dá riachtanais speisialta.

(44)

An dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh, ba cheart sásra comhchosúil bunaithe ar dhreasachtaí airgeadais a bhunú chun tairbhí na cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Ba cheart go laghdódh sásra den sórt sin an brú ar na Ballstáit sin a fhaigheann líon níos airde d’iarrthóirí tearmainn agus de thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta, i dtéarmaí glanfhigiúr nó i dtéarmaí comhréireacha.

(45)

Beidh an tacaíocht a chuirfidh an Ciste ar fáil níos éifeachtaí agus tabharfaidh sí breisluach níos mó más rud é go n-aithnítear sa Rialachán seo líon teoranta cuspóirí a shaothrófar sna cláir a bheidh dréachtaithe ag gach Ballstát, agus a gcás sonrach agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh.

(46)

Tá sé tábhachtach ar mhaithe le dlúthpháirtíocht fheabhsaithe go ndéanfaidh an Ciste, i gcomhar leis an gcúnamh daonnúil faoi bhainistiú an Choimisiúin agus i sineirgíocht leis, i gcás inarb iomchuí,tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar chásanna éigeandála ina bhfuil brú trom imirce i mBallstáit nó i dtríú tíortha nó i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe, de bhun Threoir 2001/55/CE ón gComhairle (13), trí chúnamh éigeandála. Ba cheart go n-áireofaí le cúnamh éigeandála freisin tacaíocht le cláir ad hoc um ligean isteach daonnúil arb é is aidhm dóibh cead a thabhairt chun tréimhse shealadach a chaitheamh ar chríoch Ballstáit i gcás géarchéime daonnúla práinní i dtríú tíortha. Mar sin féin, ní dhéantar dochar leis na cláir eile sin um ligean isteach daonnúil do chlár athlonnaithe an Aontais, arb é is aidhm dó go sainráite ón tús réiteach marthanach a sholáthar do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a aistrítear chuig an Aontas ó thríú tíortha, agus níor cheart go mbainfí an bonn de chlár athlonnaithe an Aontais leis na cláir sin. Chun na críche sin, níor cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal cnapshuimeanna breise a fháil maidir le daoine dá dtugtar cead chun tréimhse shealadach a chaitheamh ar chríoch Ballstáit faoi na cláir um ligean isteach daonnúil sin.

(47)

Leis an Rialachán seo, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa a bunaíodh le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (14), i gcomhréir leis na cuspóirí atá aige agus leis na cúraimí atá air.

(48)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2008/381/CE a leasú chun nósanna imeachta a ailíniú agus chun soláthar tacaíochta iomchuí ar bhonn tráthúil a éascú do na Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear sa Chinneadh sin.

(49)

I bhfianaise chuspóir na ndreasachtaí airgeadais arna leithdháileadh ar na Ballstáit le haghaidh athlonnaithe agus/nó aistrithe tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i bhfoirm cnapshuimeanna agus toisc nach bhfuil iontu ach codán beag de na costais iarbhír, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo le haghaidh maoluithe áirithe ar na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais.

(50)

Ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) d’fhonn forálacha an Rialacháin seo maidir le cnapshuimeanna le haghaidh athlonnaithe agus aistrithe tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, agus maidir le sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí sonracha agus ar chomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a fhorlíonadh nó a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(51)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit uile agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm aige, lena n-áirítear agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún (15).

(53)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breis luacha a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le bainistiú sreabha imirce, ba cheart go gcuirfeadh an tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo go mór le cumais náisiúnta agus an Aontais a neartú sa réimse seo go háirithe.

(54)

Tá gá ann an tionchar is mó is féidir a bhaint as cistiúchán ón Aontas trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a úsáid, a chomhthiomsú agus a ghiaráil.

(55)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chiste i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus cabhair á fáil ó chomhtháscairí chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí agus ar thionchair. Ba cheart go soláthrófaí leis na táscairí sin, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, an bonn íosta d’fhonn a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Chiste a mheas.

(56)

Chun a bhfuil bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart comhtháscairí a bhunú i dtaca le gach comhchuspóir sonrach atá ag an gCiste. Níor cheart go ndéanfadh na comhtháscairí difear do chur chun feidhme roghnach nó éigeantach na ngníomhaíochtaí gaolmhara mar a leagtar síos sa Rialachán seo iad.

(57)

Ar mhaithe lena bhainistiú agus lena chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh an Ciste mar chuid de chreat comhtháite lena gcuimseofaí an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Chun críche an Chiste, ba cheart go n-áireofaí leis dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart go mbeadh gach Ballstát freagrach as comhdhéanamh na comhpháirtíochta agus socruithe praiticiúla a cur chun feidhme a bhunú.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce agus leis an gcomhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach agus leis an gcomhbheartas inimirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(59)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chiste príomhshruthú phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná agus phrionsabal an fhrith-idirdhealaithe a chur san áireamh.

(60)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Cinneadh 2007/435/CE a aisghairm, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(61)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(62)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(63)

Is iomchuí tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i gcomhréir le tréimhse cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (18). Mar sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

cuspóirí na tacaíochta airgeadais agus na ngníomhaíochtaí incháilithe;

(b)

an creat ginearálta chun gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;

(c)

na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus a ndáileadh;

(d)

na prionsabail agus an sásra chun comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bhunú; agus

(e)

an cúnamh airgeadais a sholáthraítear le haghaidh ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa.

3.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, gan dochar d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “athlonnú” an próiseas trína ndéantar, ar iarratas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) bunaithe ar an ngá atá ag duine le cosaint idirnáisiúnta, náisiúnaigh tríú tíortha a aistriú ó thríú tír agus a shocrú i mBallstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus ceann amháin de na stádais seo a leanas acu:

(i)

“stádas dídeanaí” de réir bhrí phointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE;

(ii)

“stádas cosanta coimhdí” de réir bhrí phointe (g) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE; nó

(iii)

aon stádas eile faoina bhfaightear cearta agus tairbhí faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais atá cosúil leis na stádais dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii);

(b)

ciallaíonn “cláir eile um ligean isteach daonnúil” próiseas ad hoc lena gceadaíonn Ballstát do líon náisiúnach tríú tíortha fanacht ar a chríoch go ceann tréimhse sealadaí d’fhonn iad a chosaint ó ghéarchéimeanna daonnúla práinneacha mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí;

(c)

ciallaíonn “cosaint idirnáisiúnta” stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;

(d)

ciallaíonn “filleadh” an próiseas ina dtéann náisiúnach tríú tír ar ais, bíodh sé dá dheoin féin chun oibleagáid maidir le filleadh a chomhlíonadh nó go héigeantach, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(e)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é, de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE. Tabharfar le fios le tagairt do náisiúnaigh tríú tíortha go n-áireofar daoine gan stát agus daoine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe acu;

(f)

ciallaíonn “fáil réidh le daoine” an oibleagáid maidir le filleadh a fhorghníomhú, eadhon daoine a iompar go fisiciúil amach as an mBallstát, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(g)

ciallaíonn “imeacht deonach” an oibleagáid maidir le filleadh laistigh den teorainn ama a socraíodh chuige sin sa chinneadh maidir le filleadh a chomhlíonadh, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(h)

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” náisiúnach tríú tír faoi bhun 18 mbliana d’aois, a shroicheann nó a shroich críoch Bhallstáit gan tionlacan duine fásta atá freagrach as/aisti de réir dhlí nó chleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus chomh fada agus nach dtógfar go héifeachtach faoi chúram an duine sin é nó í, cuirtear san áireamh mionaoiseach a fhágtar i riocht neamhthionlactha tar éis dó/di iontráil i gcríoch an Bhallstáit;

(i)

ciallaíonn “duine leochaileach” aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonann an sainmhíniú faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(j)

ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonann an sainmhíniú faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(k)

ciallaíonn “staid éigeandála” staid a thig as:

(i)

brú trom imirce i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arb é a príomhthréith sreabh mhór agus dhíréireach de náisiúnaigh tríú tíortha a chuireann brú suntasach agus práinneach ar a saoráidí glactha agus coinneála agus ar a gcórais agus nósanna imeachta maidir le tearmann;

(ii)

cur chun feidhme sásraí sealadacha cosanta de réir bhrí Threoir 2001/55/CE; nó

(iii)

brú trom imirce i dtríú tíortha ina fuireach ar dhídeanaithe mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú le bainistiú éifeachtúil sreabh imirce agus leis an gcomhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach agus leis an gcomhbheartas maidir le himirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt, agus na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha á n-urramú go hiomlán.

2.   Laistigh dá chuspóir ginearálta, rannchuideoidh an Ciste leis na comhchuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

gach gné den Chomhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear an diminsean seachtrach lena mbaineann;

(b)

tacú le himirce dhleathach chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta atá acu, amhail riachtanais maidir le margadh an tsaothair, agus sláine chóras inimirce na mBallstát á cosaint, agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn;

(c)

straitéisí córa agus éifeachtacha maidir le filleadh a fheabhsú sna Ballstáit sin a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí, agus béim ar inbhuanaitheacht an fhillte agus ar athligean isteach éifeachtach chuig na tíortha tionscnaimh agus chuig na tíortha idirthurais;

(d)

an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil.

Déanfar meastóireacht ar a mhéid a bhainfear amach cuspóirí sonracha an Chiste i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus úsáid á baint as comhtháscairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir a chuimsítear i gcláir náisiúnta.

3.   Beidh na bearta a ghlacfar chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach go hiomlán comhtháite le bearta lena dtacaítear trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

4.   Bainfear na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo amach agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail agus ar chuspóirí bheartas daonnúil an Aontais. Áiritheofar comhsheasmhacht leis na bearta a chistítear trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 24.

Airteagal 4

Comhpháirtíocht

Chun críocha an Chiste, áireofar leis an gcomhpháirtíocht dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta.

CAIBIDIL II

COMHCHÓRAS EORPACH TEARMAINN

Airteagal 5

Córais ghlactha agus tearmainn

1.   Ag teacht leis an gcuspóir shonrach a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí lena ndírítear ar cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na náisiúnach tríú tíortha a leanas:

(a)

iad siúd a bhfuil stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí acu de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;

(b)

iad siúd a bhfuil iarratas déanta acu ar cheann amháin de na cineálacha cosanta idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach faighte go fóill acu;

(c)

iad siúd a bhfuil cosaint shealadach á fáil acu de réir bhrí Threoir 2001/55/CE;

(d)

iad siúd atá á n-athlonnú i mBallstát nó á n-aistriú ó Bhallstát nó a rinneadh a athlonnú i mBallstát nó a aistriú ó Bhallstát.

Maidir leis na coinníollacha glactha agus leis na nósanna imeachta tearmainn, tacóidh an Ciste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, a dhíríonn ar na catagóirí daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:

(a)

cabhair ábhartha, lena n-áirítear cúnamh ag an teorainn, oideachas, oiliúint, seirbhísí tacaíochta, cúram sláinte agus cúram síceolaíoch a sholáthar;

(b)

seirbhísí tacaíochta amhail aistriúchán agus ateangaireacht a sholáthar, mar aon le hoideachas, le hoiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga, agus tionscnaimh eile atá i gcomhréir le stádas an duine lena mbaineann;

(c)

struchtúir riaracháin, córais agus oiliúint a chur ar bun agus a fheabhsú do bhaill foirne agus d’údaráis ábhartha lena áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus éasca ar nósanna imeachta tearmainn ag iarrthóirí tearmainn agus chun a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta éifeachtúla d’ardchaighdeán maidir le tearmann ann, go háirithe, nuair is gá sin chun tacú le forbairt acquis an Aontais;

(d)

cúnamh sóisialta a sholáthar, nó faisnéis nó cabhair a thabhairt maidir le foirmiúlachtaí riaracháin nó foirmiúlachtaí breithiúnacha agus faisnéis nó comhairleoireacht a thabhairt maidir le torthaí féideartha an nós imeachta maidir le tearmann, lena n-áirítear maidir le gnéithe amhail nósanna imeachta maidir le filleadh;

(e)

cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar;

(f)

grúpaí leochaileacha agus cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha a shainaithint, go háirithe i gcomhréir le pointe (a) go pointe (e);

(g)

bearta malartacha ar choinneáil a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú.

Má mheastar é a bheith iomchuí agus i gcás ina bhforáiltear dá leithéid i gclár náisiúnta an Bhallstáit, féadfaidh an Ciste tacú freisin le bearta a bhaineann le lanpháirtíocht, amhail na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), maidir leis na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh.

2.   Ag teacht leis an gcuspóir shonrach a shainítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta mar a shainítear in Airteagal 19, maidir le bonneagar cóiríochta agus córais glactha, tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)

bonneagar agus seirbhísí cóiríochta atá ann cheana a fheabhsú agus a chothabháil;

(b)

struchtúir agus córais riaracháin a threisiú agus a fheabhsú;

(c)

faisnéis do phobail áitiúla;

(d)

oiliúint a chur ar bhaill foirne na n-údarás, lena n-áirítear na n-údarás áitiúil a bheidh ag idirghníomhú leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi chuimsiú a nglactha isteach;

(e)

bonneagar nua agus seirbhísí nua cóiríochta a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt, mar aon le struchtúir agus córais riaracháin a bhunú, a reáchtáil agus a fhorbairt, go háirithe, nuair is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais struchtúracha na mBallstát.

3.   Ag teacht leis na cuspóirí sonracha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2), agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19, tacófar leis an gCiste freisin gníomhaíochtaí atá comhchosúil leis na gníomhaíochtaí sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin le daoine atá ag fanacht go sealadach:

in ionaid idirthurais agus phróiseála le haghaidh dídeanaithe, go háirithe chun tacú le hoibríochtaí athlonnaithe i gcomhar le UNHCR, nó

ar chríoch Ballstáit i gcomhthéacs clár eile um ligean isteach daonnúil.

Airteagal 6

Cumas na mBallstát chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartas tearmainn agus ar a nósanna imeachta tearmainn

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le feabhas a chur ar chumas na mBallstát chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartas tearmainn agus ar a nósanna imeachta tearmainn, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí seo a leanas go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn cumas na mBallstát — lena n-áirítear maidir leis an sásra i ndáil le luathrabhaidh, le hullmhacht agus le bainistiú géarchéime a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) chun sonraí agus staidreamh atá cáilíochtúil agus cainníochtúil maidir le nósanna imeachta tearmainn, cumais ghlactha, athlonnú agus maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh orthu;

(b)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn cumas na mBallstát faisnéis faoi thír tionscnaimh a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi;

(c)

gníomhaíochtaí a chuireann go díreach le meastóireacht a dhéanamh ar bheartais tearmainn, amhail measúnuithe náisiúnta tionchair, suirbhéanna i measc spriocghrúpaí agus páirtithe leasmhara eile, agus le táscairí agus tagarmharcáil a fhorbairt.

Airteagal 7

Athlonnú, aistriú iarratasóirí don chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe a fhaigheanncosaint idirnáisiúnta agus ligean isteach daonnúil ad hoc eile

1.   Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le hathlonnú aon náisiúnach tríú tír atá á athlonnú nó atá athlonnaithe i mBallstát, agus cláir eile um ligean isteach daonnúil:

(a)

cláir agus straitéisí náisiúnta athlonnaithe a bhunú agus a fhorbairt, mar aon le cláir eile um ligean isteach daonnúil a bhunú agus a fhorbairt, lena n-áirítear anailís riachtanas, táscairí agus meastóireacht a fheabhsú;

(b)

bonneagar agus seirbhísí iomchuí a chur ar bun chun cur chun feidhme rianúil agus éifeachtach na ngníomhaíochtaí athlonnaithe a áirithiú mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le cláir eile um ligean isteach daonnúil, lena n-áirítear cúnamh teanga;

(c)

struchtúir, córais agus oiliúint foirne a chur ar bun chun misin chuig na tríú tíortha nó chuig Ballstáit eile a stiúradh agus chun agallaimh, scagthástáil liachta agus grinnfhiosrúchán slándála a dhéanamh;

(d)

measúnú a dhéanamh ar aon chásanna athlonnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus/nó cásanna eile maidir le ligean isteach daonnúil ag údaráis inniúla na mBallstát, amhail misin chuig an tríú tír, agallaimh, scagthástáil liachta agus grinnfhiosrúchán slándála a stiúradh;

(e)

measúnú sláinte agus cóireáil leighis réamhimeachta, soláthairtí ábhartha réamhimeachta, faisnéis réamhimeachta agus bearta maidir le lánpháirtíocht agus socruithe taistil, lena n-áirítear soláthar seirbhísí coimhdeachta liachta;

(f)

faisnéis agus cúnamh ar shroicheadh áite dóibh nó go luath ina dhiaidh sin, lena n-áirítear seirbhísí ateangaireachta;

(g)

gníomhaíochtaí chun críocha athaontaithe teaghlaigh do dhaoine atá á n-athlonnú i mBallstát;

(h)

neartú a dhéanamh ar bhonneagar agus ar sheirbhísí is ábhartha don imirce agus do thearmann sna tíortha atá ainmnithe chun Cláir Chosanta Réigiúnacha a chur chun feidhme iontu;

(i)

na dálaí a chruthú a bheadh ag teacht le lanpháirtiú, uathriail agus neamhspleáchas na dteifeach athlonnaithe san fhadtéarma.

2.   Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo tacófar leis an gCiste freisin gníomhaíochtaí atá comhchosúil leis na gníomhaíochtaí sin a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, má mheastar gurb iomchuí sin i bhfianaise na forbartha a thiocfaidh ar bheartas laistigh de thréimhse cur chun feidhme an Chiste nó i gcás ina bhforáiltear dá leithéid i gclár náisiúnta an Bhallstáit, i dtaca le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú. Déanfar oibríochtaí den sórt sin le toiliú ón mBallstát a thug cosaint idirnáisiúnta dóibh nó atá freagrach as breathnú ar an iarratas maidir le Ballstát leasmhar eile ina bhfaighidh siad cosaint choibhéiseach nó ina mbreathnófar ar an iarratas a rinne siad chun cosaint idirnáisiúnta a fháil.

CAIBIDIL III

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍORTHA A LÁNPHÁIRTIÚAGUS IMIRCE DHLEATHACH

Airteagal 8

Bearta inimirce agus réamhimeachta

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh i dtríú tír lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha, a bhfuil na bearta sonracha réamhimeachta agus/nó na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta á gcomhlíonadh acu agus atá i gcomhréir le dlí an Aontais i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis an gcumas acu lánpháirtiú i sochaí Ballstáit. Sa chomhthéacs seo, tacófar na nithe seo a leanas leis an gCiste go háirithe:

(a)

pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht a mhúscailt agus idirphlé cultúrtha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chumarsáid agus trí theicneolaíocht na faisnéise agus trí láithreáin Gréasáin atá furasta le húsáid;

(b)

measúnú ar scileanna agus ar cháilíochtaí mar aon le feabhsú trédhearcachta agus comhoiriúnacht scileanna agus cáilíochtaí i dtríú tír le scileanna agus cáilíochtaí na mBallstát;

(c)

oiliúint lena gcuirtear le hinfhostaitheacht i mBallstát;

(d)

cúrsaí cuimsitheacha insealbhaithe saoránachta agus teagasc cuimsitheach teanga;

(e)

cúnamh i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna d’athaontú teaghlaigh de réir bhrí Threoir 2003/86/CE ón gComhairle (20).

Airteagal 9

Bearta maidir le lánpháirtíocht

1.   Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a tharlaíonn faoi chuimsiú straitéisí comhsheasmhacha, agus na riachtanais a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil agus/nó ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tacófar leis an gCiste, go háirithe, na gníomhaíochtaí a leanas lena ndíreofar ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstáit nó, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil cónaí dlíthiúil a fháil acu i mBallstát faoi láthair:

(a)

straitéisí den sórt sin maidir le lánpháirtíocht a bhunú agus a fhorbairt agus gníomhaithe áitiúla nó réigiúnacha atá rannpháirteach iontu, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear anailís ar riachtanais, feabhas a chur ar tháscairí maidir le lánpháirtíocht, agus measúnú, lena n-áirítear measúnuithe rannpháirtíochta, d’fhonn na cleachtais is fearr a shainaithint;

(b)

comhairle agus cúnamh a thabhairt i réimsí amhail tithíocht, acmhainn cothabhála, treoir riaracháin agus dlíthiúil, sláinte, cúram síceolaíoch agus sóisialta, cúram leanaí agus athaontú teaghlaigh;

(c)

gníomhaíochtaí chun náisiúnaigh tríú tíortha a thabhairt isteach sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí a chuireann ar a gcumas dul i dtaithí uirthi, chun iad a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí, chun a bheith rannpháirteach sa saol sibhialta agus cultúrtha agus chun na luachanna atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhroinnt;

(d)

bearta lena ndírítear ar oideachas agus ar oiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga agus réamhghníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú;

(e)

gníomhaíochtaí atá ceaptha chun féinchumhachtú a chur chun cinn agus chun cur ar chumas na náisiúnach tríú tíortha a gcuid a shaothrú;

(f)

gníomhaíochtaí lena gcuirtear teagmháil fhóinteach agus idirphlé cuiditheach idir náisiúnaigh tríú tíortha agus an tsochaí ghlactha chun cinn agus gníomhaíochtaí chun an dóigh a nglacann an tsochaí ghlactha leo a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na meán cumarsáide;

(g)

gníomhaíochtaí a chuireann chun cinn comhionannas rochtana agus torthaí maidir leis na déileálacha a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha le seirbhísí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear na seirbhísí a chur in oiriúint chun déileáil le náisiúnaigh tríú tíortha;

(h)

forbairt acmhainní na dtairbhithe a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, lena n-áirítear trí thaithí, trí na cleachtais is fearr, agus trí líonrú a mhalartú.

2.   Leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, aon uair is gá, cuirfear riachtanais shonracha na gcatagóirí éagsúla de náisiúnaigh tríú tíortha san áireamh, lena n-áirítear tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, daoine athlonnaithe nó aistrithe agus, go háirithe, daoine leochaileacha.

3.   Féadfar a cheadú le cláir náisiúnta garghaolta daoine atá clúdaithe faoin spriocghrúpa dá dtagraítear sa mhír sin a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin, a mhéid is gá sin chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme.

4.   D’fhonn na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chlárú agus a chur chun feidhme, ba cheart go mbeadh údaráis arna n-ainmniú ag Ballstáit d’fhonn idirghabhálacha Chiste Sóisialta na hEorpa a bhainistiú san áireamh leis an gcomhpháirtíocht dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 10

Comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

straitéisí a chuireann imirce dhleathach chun cinn a fhorbairt d’fhonn forbairt agus cur chun feidhme nósanna imeachta solúbtha maidir le ligean isteach a éascú;

(b)

tacú le comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaireachtaí earcaíochta, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí inimirce na mBallstát, chomh maith le tacú le Ballstáit agus dlí imirce an Aontais á chur chun feidhme acu, le próisis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha agus comhairle na saineolaithe nó malartuithe faisnéise maidir le cineálacha cur chuige lena ndíreofar ar náisiúntachtaí ar leith nó ar chatagóirí ar leith de náisiúnaigh tríú tíortha i ndáil le riachtanais mhargaí an tsaothair;

(c)

acmhainn na mBallstát a neartú chun a straitéisí, a mbeartais agus a mbearta imirce a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar fud leibhéil éagsúla agus ranna éagsúla na riarachán, go háirithe feabhas a chur ar a gcumas chun sonraí agus staidreamh mionsonraithe agus córasacha maidir le nósanna imeachta agus sreabha imirce agus ceadanna cónaithe agus forbairt uirlisí faireacháin, scéimeanna meastóireachta, táscairí agus tagarmharcáil chun tomhas a dhéanamh ar mhórghníomhartha na straitéisí sin a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh orthu;

(d)

oiliúint na dtairbhithe a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus oiliúint na bhfoirne a bhfuil seirbhísí poiblí agus príobháideacha á gcur ar fáil acu, lena n-áirítear institiúidí oideachais, malartú taithí agus na gcleachtas is fearr, comhar, líonrú agus inniúlachtaí idirchultúrtha a chur chun cinn, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil;

(e)

struchtúir inbhuanaithe eagraíochtúla a fhorbairt maidir le lánpháirtíocht agus bainistiú éagsúlachta, go háirithe trí bhíthin comhair idir páirtithe leasmhara éagsúla lena gcuirtear ar chumas oifigeach ar leibhéil éagsúla d’údaráis náisiúnta faisnéis a ghnóthú go tapa maidir le taithí agus leis na cleachtais is fearr in áiteanna eile agus, más féidir, acmhainní a chomhthiomsú idir na húdaráis ábhartha agus idir comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha chun go bhféadfaí seirbhísí a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tíortha ar bhealach níos éifeachtaí, inter alia, trí ionaid ilfhreastail (i.e. ionaid chomhordaithe um thacaíocht maidir le lánpháirtíocht);

(f)

cur le próiseas dinimiciúil dhá bhealach idirghníomhaíochta frithpháirtí, a bheadh mar bhonn le straitéisí maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach trí fhorbairt a dhéanamh ar ardáin chun dul i gcomhairle le náisiúnaigh tríú tíortha, faisnéis a mhalartú i measc páirtithe leasmhara agus ar ardáin idirphlé idirchultúrtha agus reiligiúnaigh idir pobail na náisiúnach tríú tíortha idir na pobail sin agus an tsochaí ghlactha agus/nó idir na pobail sin agus údaráis cheaptha beartais agus údaráis chinnteoireachta;

(g)

gníomhaíochtaí chun an comhar praiticiúil idir údaráis ábhartha na mBallstát a chur chun cinn agus a neartú, agus béim, inter alia, á leagan ar fhaisnéis, ar na cleachtais is fearr agus ar straitéisí a mhalartú agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun sláine na gcóras inimirce sna Ballstáit a chosaint.

CAIBIDIL IV

FILLEADH

Airteagal 11

Bearta a ghabhann le nósanna imeachta maidir le filleadh

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le bearta a ghabhann le nósanna imeachta maidir le filleadh, díreofar leis an gCiste ar cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na náisiúnach tríú tíortha a leanas:

(a)

náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfuil cinneadh críochnaitheach diúltach faighte acu go fóill maidir lena n-iarratas ar fhanacht, lena gcónaí dlíthiúil agus/nó le cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, agus a fhéadfaidh rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as filleadh deonach;

(b)

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead fanachta acu, cónaí orthu go dlíthiúil agus/nó cosaint idirnáisiúnta acu de réir bhrí Threoir 2011/95/AE, nó a bhfuil cosaint shealadach acu de réir bhrí Threoir 2001/55/CE i mBallstát, agus a roghnaíonn leas a bhaint as filleadh deonach;

(c)

náisiúnaigh tríú tíortha atá i mBallstát agus nach gcomhlíonann na coinníollacha iontrála a thuilleadh agus/nó a fhanann i mBallstát, lena n-áirítear na náisiúnaigh tríú tíortha sin nach bhfuiltear chun fáil réidh leo, ós rud é go bhfuil sin curtha siar, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/115/CE.

Sa chomhthéacs seo, tacófar leis an gCiste, go háirithe, na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar na catagóirí daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

bearta malartacha ar choinneáil a thabhairt isteach, a fhorbairt agus a fheabhsú;

(b)

cúnamh sóisialta, faisnéis nó cúnamh le foirmiúlachtaí riaracháin agus/nó foirmiúlachtaí breithiúnacha agus faisnéis nó comhairleoireacht a sholáthar;

(c)

cúnamh dlíthiúil agus cúnamh teanga a sholáthar;

(d)

cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha;

(e)

córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thabhairt isteach agus a fheabhsú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE é;

(f)

bonneagar, seirbhísí agus coinníollacha maidir le cóiríocht, glacadh nó coinneáil a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú;

(g)

struchtúir riaracháin agus córais a bhunú, lena n-áirítear uirlísí TF;

(h)

oiliúint foirne chun nósanna imeachta rianúla agus éifeachtacha maidir le filleadh a áirithiú, lena n-áirítear bainistiú agus cur chun feidhme na nósanna imeachta sin.

Airteagal 12

Bearta maidir le filleadh

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a shainítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, i ndáil le bearta maidir le filleadh, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)

bearta atá riachtanach chun oibríochtaí maidir le filleadh a ullmhú, amhail na cinn lena bhféadfaí náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus teaghlach a lorg;

(b)

comhar le húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce na dtríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, aisdúichiú a éascú agus athligean isteach a áirithiú;

(c)

bearta maidir le filleadh deonach cuidithe, lena n-áirítear scrúduithe agus cúnamh leighis, socruithe taistil, ranníocaíochtaí airgeadais, comhairleoireacht agus cúnamh roimh dóibh filleadh agus ina dhiaidh;

(d)

oibríochtaí um fháil réidh, lena n-áirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de threalamh comhéigneach;

(e)

bearta chun tús a chur le dul chun cinn an lánpháirtithe i leith fhorbairt phearsanta an teifigh fillte, amhail dreasachtaí airgid, oiliúint, socrúchán agus cúnamh fostaíochta agus tacaíocht tosaithe i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha;

(f)

áiseanna agus seirbhísí i dtríú tíortha a áirithíonn cóiríocht shealadach agus glacadh iomchuí ar shroicheadh áite dóibh;

(g)

cúnamh sonrach do dhaoine leochaileacha.

Airteagal 13

Comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní

Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus i gcomhréir le cuspóirí na gclár náisiúnta a shainítear in Airteagal 19 den Rialachán seo, maidir le comhar praiticiúil agus bearta forbartha acmhainní, tacófar leis an gCiste na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí chun an comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise idir na seirbhísí maidir le filleadh agus údaráis eile na mBallstát atá rannpháirteach san fhilleadh a chur chun cinn, a fhorbairt agus a neartú, lena n-áirítear comhar le húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce na dtríú tíortha agus oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh;

(b)

gníomhaíochtaí chun tacú le comhar idir tríú tíortha agus seirbhísí maidir le filleadh ó Bhallstáit, lena n-áirítear bearta lena ndíreofar ar chumais na dtríú tíortha chun na gníomhaíochtaí maidir le hathligean isteach agus le hath-lánpháirtiú a stiúradh, go háirithe faoi chuimsiú na gcomhaontuithe um athligean isteach;

(c)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn an cumas beartais maidir le filleadh atá éifeachtach agus inbhuanaithe a fhorbairt, go háirithe trí fhaisnéis faoin staid i dtíortha a bhfillte agus na cleachtais is fearr a mhalartú, trí thaithí a roinnt agus acmhainní a chomhthiomsú idir Ballstáit;

(d)

gníomhaíochtaí a fheabhsóidh na nithe seo leanas: an cumas chun staidreamh agus sonraí mionsonraithe agus córasacha i ndáil le nósanna imeachta agus bearta maidir le filleadh a bhailiú, a scaipeadh agus a anailísiú; na cumais maidir le glacadh agus coinneáil, maidir le filleadh deonach agus éigeantach agus maidir le faireachán agus ath-lanpháirtiú;

(e)

gníomhaíochtaí a chuireann go díreach le meastóireacht a dhéanamh ar bheartais maidir le filleadh, amhail measúnuithe náisiúnta tionchair, suirbhéanna i measc spriocghrúpaí, forbairt táscairí agus tagarmharcála;

(f)

bearta agus feachtais faisnéise i dtríú tíortha lena ndírítear ar an bhfeasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na riocaí a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach.

CAIBIDIL V

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme

1.   Is ionann na hacmhainní foriomlána chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus EUR 3 137 milliún i bpraghsanna reatha.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla don Chiste faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)

cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

gníomhaíochtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)

cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 21;

(d)

Gréasán Imirce na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 22;

(e)

cúnamh teicniúil, i gcomhréir le hAirteagal 23.

4.   I gcás an bhuiséid a leithdháiltear faoin Rialachán seo ar ghníomhaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo, ar an gcúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo, ar Ghréasán Imirce na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo agus ar an gcúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo, cuirfear chun feidhme é faoi bhainistiú díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus, i gcás inarb iomchuí, faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Cuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach an buiséad a leithdháiltear ar chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Leanfaidh an Coimisiún de bheith freagrach maidir le buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis na hoibríochtaí a rinne eintitis nach Ballstáit iad.

6.   Gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt é go táscach mar seo leanas:

(a)

EUR 2 752 milliún do chláir náisiúnta na mBallstát;

(b)

EUR 385 milliún do ghníomhaíochtaí an Aontais, do chúnamh éigeandála, do Ghréasán Imirce na hEorpa agus do chúnamh teicniúil an Choimisiúin agus a gcuirfear 30 % de ar a laghad chun úsáide do ghníomhaíochtaí an Aontais agus Ghréasán Imirce na hEorpa.

Airteagal 15

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit

1.   Leithdháilfear suim EUR 2 752 milliún ar na Ballstáit go táscach mar leanas:

(a)

leithdháilfear EUR 2 392 milliún mar a léirítear in Iarscríbhinn I. Déanfaidh na Ballstáit 20 % ar a laghad de na hacmhainní sin a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) agus 20 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2). Ní fhéadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ach amháin i gcás ina gcuirtear míniú mionsonraithe isteach sa chlár náisiúnta lena léiriú cén fáth nach gcuirtear réadú an chuspóra i mbaol má leithdháiltear acmhainní faoi bhun an leibhéil sin. Maidir leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) ní thitfidh na Ballstáit sin atá i dtreis le heasnaimh struchtúracha i réimse na cóiríochta, an bhonneagair agus seirbhísí faoi bhun an íoschéatadáin a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

leithdháilfear EUR 360 milliún ar bhonn an tsásra leithdháilte le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 16, le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 17 agus le haghaidh tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 18.

2.   Tacóidh an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 leo seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha atá liostaithe in Iarscríbhinn II;

(b)

Clár Athlonnaithe an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17 agus/nó aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 18.

3.   I gcás ina mbeidh suim ar fáil faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó go mbeidh suim eile ar fáil, déanfar í a leithdháileadh faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 pro rata ar na suimeanna bunúsacha do na cláir náisiúnta a bunaíodh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 16

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfar suim bhreise dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 15(2) a leithdháileadh ar na Ballstáit, ar an gcoinníoll go bhfuil an tsuim comharthaithe dá réir sa chlár agus go n-úsáidtear í chun gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur chun feidhme.

2.   D’fhonn forbairtí beartais nua a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo d’fhonn Iarscríbhinn II a athbhreithniú i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ar bhonn an liosta athbhreithnithe de ghníomhaíochtaí sonracha, féadfaidh na Ballstáit suim bhreise, mar atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil.

3.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar nó lena leasaítear a gclár náisiúnta i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní úsáidfear na suimeanna sin ach amháin chun gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Acmhainní le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais

1.   De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 15(1), gheobhaidh na Ballstáit suim bhreise gach re bliain faoi mar atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 15(2) bunaithe ar chnapshuim EUR 6 000 le haghaidh gach duine athlonnaithe.

2.   Méadófar an chnapshuim dá dtagraítear i mír 1 go EUR 10 000 do gach duine a athlonnaíodh i gcomhréir le comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bunaíodh de bhun mhír 3 agus a liostaítear in Iarscríbhinn III agus do gach duine leochaileach mar atá leagtha síos i mír 5.

3.   Déanfar comhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais a bhunú ar na catagóirí ginearálta daoine a leanas:

(a)

daoine ó thír nó ó réigiún atá ainmnithe chun Clár Cosanta Réigiúnach a chur chun feidhme;

(b)

daoine ó thír nó ó réigiún atá sainaitheanta i réamhaisnéis athlonnaithe UNHCR agus i gcás ina mbeadh tionchar suntasach ag comhghníomhaíocht an Aontais maidir le dul i ngleic leis na riachtanais chosanta;

(c)

daoine a bhaineann le catagóir ar leith a thagann faoi chuimsiú chritéir athlonnaithe UNHCR.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn III a leasú, ar bhonn na gcatagóirí ginearálta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, má bhíonn údar cuí leis nó i bhfianaise aon mholtaí ó UNHCR.

5.   Beidh na grúpaí de na daoine leochaileacha seo a leanas incháilithe freisin don chnapshuim dá bhforáiltear i mír 2:

(a)

mná agus leanaí i mbaol;

(b)

mionaoisigh neamhthionlactha;

(c)

daoine ag a bhfuil riachtanais leighis nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ach amháin trí bhíthin iad a athlonnú;

(d)

daoine a bhfuil athlonnú éigeandála nó athlonnú práinneach de dhíth orthu mar gheall ar riachtanais maidir le cosaint dlí nó le cosaint fhisiciúil, lena n-áirítear íospartaigh fhoréigin nó céasta.

6.   I gcás ina n-athlonnaíonn Ballstát duine a bhaineann le níos mó ná ceann amháin de na catagóirí dá dtagraítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, ní bhfaighidh sé cnapshuim i leith an duine sin ach aon uair amháin.

7.   I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do chnapshuimeanna do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5, ar choinníoll go ndearnadh na baill teaghlaigh sin a athlonnú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

8.   Bunóidh an Coimisiún trí ghníomhartha cur chun feidhme an tráthchlár agus na coinníollacha eile cur chun feidhme a bhaineann leis an sásra um leithdháileadh acmhainní le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

9.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit, den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis na cinntí lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta. Ní aistreofar na suimeanna sin chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta.

10.   Chun cuspóirí Chlár Athlonnaithe an Aontais a shaothrú go héifeachtach agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 d’fhonn na cnapshuimeanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a choigeartú, má mheastar é a bheith iomchuí, agus iad seo leanas á gcur san áireamh go háirithe; na rátaí boilscithe reatha, na forbairtí ábhartha i réimsí an athlonnaithe, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na cnapshuimeanna a uasmhéadú.

Airteagal 18

Acmhainní le haghaidh aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta

1.   D’fhonn prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a chur chun feidhme agus i bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh maidir le beartais de chuid an Aontais laistigh de thréimhse chur chun feidhme an Chiste, gheobhaidh na Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 15(1), suim bhreise faoi mar atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 15(2) bunaithe ar chnapshuim EUR 6 000 do gach tairbhí de chuid na cosanta idirnáisiúnta atá aistrithe ó Bhallstát eile.

2.   I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do chnapshuimeanna do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go ndearnadh na baill teaghlaigh sin a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis an gcinneadh lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta. Ní aistreofar na suimeanna sin chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta.

4.   Chun cuspóirí dlúthpháirtíochta agus comhroinnte freagrachta idir na Ballstáit a shaothrú go héifeachtach dá dtagraítear in Airteagal 80 CFAE agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, tabharfar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo chun na cnapshuimeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a choigeartú, agus na rátaí boilscithe reatha, na forbairtí ábhartha i réimse aistriú thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na cnapshuimeanna a uasmhéadú á gcur san áireamh go háirithe.

Airteagal 19

Cláir náisiúnta

1.   Faoi na cláir náisiúnta a dhéanfar a scrúdú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, faoi na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus aird á tabhairt ar an toradh a bhí ar an bplé dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, na cuspóirí seo a leanas a shaothrú go háirithe:

(a)

treisiú le bunú an Chomhchórais Tearmainn Eorpaigh trí chur i bhfeidhm éifeachtúil agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le tearmann agus dea-fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a áirithiú. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar na gníomhaíochtaí sin freisin bunú agus forbairt Chlár Athlonnaithe an Aontais;

(b)

straitéisí maidir le lánpháirtíocht a bhunú agus a fhorbairt, lena gcuimsítear gnéithe éagsúla den phróiseas dinimiciúil dhá bhealach, a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta/áitiúil/réigiúnach, i gcás inarb iomchuí, agus na riachtanais a bhíonn ag náisiúnaigh tríú tíortha maidir le lánpháirtíocht ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar na riachtanais shonracha a bhíonn ag catagóirí éagsúla imirceach agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha á bhforbairt idir geallsealbhóirí ábhartha;

(c)

clár um fhilleadh a fhorbairt, lena n-áireofar gné maidir le filleadh deonach cuidithe agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le hath-lánpháirtiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste agus cearta bunúsacha agus urraim do dhínit an duine á gcomhlíonadh go hiomlán. Leis na gníomhaíochtaí sin, go háirithe, tabharfar lánurraim do na cearta agus do na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

3.   Faoi réir an cheanglais go saothrófar na cuspóirí thuasluaite agus a n-imthosca sainiúla á gcur san áireamh, beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní a bhaint amach ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí an Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, d’fhéadfaí an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó gníomhaíochtaí arb ábhair spéise faoi leith don Aontas (“gníomhaíochtaí an Aontais”) iad, maidir leis na cuspóirí ginearálta agus leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Chun a bheith incháilithe do chistiúchán, tacóidh gníomhaíochtaí an Aontais leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

dlús a chur le comhar an Aontais i ndáil le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus leis na cleachtais is fearr a chomhroinnt i réimse an tearmainn, go háirithe maidir le hathlonnú agus le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus/nó tairbhithe na cosanta sin a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, lena n-áirítear trí líonrú agus faisnéis a mhalartú, maidir le imirce dhleathach, maidir le náisiúnaigh ó thríú tíortha a lánpháirtiú, lena n-áirítear tacú leo ar a dteacht isteach agus gníomhaíochtaí comhordúcháin a threiseoidh lena n-athlonnú i bpobail áitiúla a chuirfidh fáilte roimh dhídeanaithe athlonnaithe ina measc, agus maidir le filleadh;

(b)

líonraí comhair trasnáisiúnta agus treoirthionscadail thrasnáisiúnta a chur ar bun, lena n-áirítear tionscadail nuálacha, bunaithe ar chomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir comhlachtaí atá suite in dhá Bhallstát nó níos mó agus a ceapadh chun nuálaíocht a spreagadh agus chun malartuithe taithí agus na gcleachtas is fearr a éascú;

(c)

staidéir agus taighde ar fhoirmeacha nua, a d’fhéadfadh a bheith ann, de chomhar an Aontais sa réimse maidir le tearmann, imirce, lánpháirtíocht agus filleadh agus dlí ábhartha an Aontais, maidir le scaipeadh agus malartú faisnéise faoi na cleachtais is fearr agus gach gné eile de bheartais an tearmainn, na hinimirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach i leith thosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(d)

forbairt agus cur i bhfeidhm uirlisí, modhanna agus comhtháscairí staidrimh a dhéanfaidh na Ballstáit chun forbairtí beartais a thomhas i réimse an tearmainn, na himirce dleathaí, na lánpháirtíochta agus an fhillte;

(e)

bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus tacaíochta teicniúla agus sásra meastóireachta a fhorbairt atá riachtanach chun na beartais maidir le tearmann agus imirce a chur chun feidhme;

(f)

an comhar le tríú tíortha ar bhonn Chur Chuige Domhanda an Aontais i leith na hImirce agus na Soghluaisteachta, go háirithe laistigh den chreat chun comhaontuithe um athligean isteach, Comhpháirtíochtaí Soghluaisteachta agus Cláir Chosanta Réigiúnacha a chur chun feidhme;

(g)

bearta agus feachtais faisnéise i dtríú tíortha lena ndírítear ar an bhfeasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha inimirce iomchuí agus na rioscaí a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach.

3.   Cuirfear gníomhaíochtaí an Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún dáileadh cothrom trédhearcach acmhainní i measc na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

Airteagal 21

Cúnamh éigeandála

1.   Soláthróidh an Ciste cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás éigeandála, mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 2. Beidh na bearta a chuirtear chun feidhme i dtríú tíortha i gcomhréir leis an Airteagal seo comhsheasmhach le beartas daonnúil an Aontais agus, más ábhartha, á chomhlánú agus lánurraim á léiriú do na prionsabail dhaonnúla mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil.

2.   Cuirfear an cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 22

Gréasán Imirce na hEorpa

1.   Tacóidh an Ciste le Gréasán Imirce na hEorpa agus soláthróidh sé cúnamh airgeadais atá ag teastáil dá chuid gníomhaíochtaí agus dá chuid forbartha amach anseo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an tsuim a chuirtear ar fáil do Ghréasán Imirce na hEorpa faoi leithreasaí bliantúla an Chiste agus faoin gclár oibre lena leagtar síos na tosaíochtaí maidir lena chuid gníomhaíochtaí tar éis don Bhord Stiúrtha í a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(5) de Chinneadh 2008/381/CE. Beidh cinneadh an Choimisiúin ionann agus cinneadh maoiniúcháin de bhun Airteagal 84 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Beidh an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa i bhfoirm deontas do na Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh 2008/381/CE agus do na conarthaí poiblí de réir mar is cuí, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Áiritheofar leis an gcúnamh go mbeidh tacaíocht airgeadais iomchuí agus thráthúil á tabhairt do na Pointí Teagmhála Náisiúnta. Na costais a thabhófar chun gníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta sin a chur chun feidhme agus a gheobhaidh tacaíocht trí dheontais a bhronnfar in 2014, féadfaidh siad bheith incháilithe ó 1 Eanáir 2014.

4.   Leasaítear Cinneadh 2008/381/CE mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d’Airteagal 4(5):

“(a)

an dréacht-chlár oibre gníomhaíochtaí a ullmhú agus a fhormheas, go háirithe maidir leis na cuspóirí agus leis na tosaíochtaí téamacha agus maidir le méid táscach an bhuiséid do gach Pointe Teagmhála Náisiúnta chun feidhmiú ceart EMN a áirithiú, ar bhonn dréachta ón gCathaoirleach.”;

(b)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm chlár oibre na ngníomhaíochtaí agus tuairisceoidh sé go rialta maidir le cur i bhfeidhm agus forbairt EMN don Bhord Stiúrtha.”;

(ii)

scriostar mír 5 go mír 8;

(c)

scriostar Airteagal 11;

(d)

scriostar Airteagal 12.

Airteagal 23

Cúnamh teicniúil

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún nó thar ceann an Choimisiúin, úsáidfear suas le EUR 2,5 milliún den Chiste gach bliain le haghaidh cúnaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfar, leis an gCiste, gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní rachaidh an méid a chuirtear ar leataobh le haghaidh cúnaimh theicniúil, don tréimhse 2014-2020, thar 5,5 % den mhéid iomlán a leithdháiltear ar Bhallstát móide EUR 1 000 000.

Airteagal 24

Comhordú

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí an Aontais. Áiritheoidh siad, go háirithe, go mbeidh an méid a leanas fíor i leith na ngníomhaíochtaí sin:

(a)

beidh siad comhtháiteach le beartas seachtrach an Aontais, urramaítear leo prionsabal an chomhchuibhis beartais le haghaidh forbartha agus beidh siad comhleanúnach leis na doiciméid clársceidealaithe straitéiseacha don réigiún nó don tír a bheidh i dtrácht;

(b)

díreofar leo ar bheartas nach bhfuil dírithe ar fhorbairt;

(c)

rachaidh siad chun leasa bheartais inmheánacha an Aontais agus beidh siad comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar laistigh den Aontas.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Forálacha sonracha a bhaineann le cnapshuimeanna chun tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a athlonnú agus a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile

De mhaolú ar na rialacha maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, go háirithe i dtaca leis na cnapshuimeanna agus leis na rátaí comhréidhe; maidir leis na cnapshuimeanna a leithdháilfear ar na Ballstáit chun tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a athlonnú agus/nó a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin seo:

(a)

beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid nach mór dóibh bheith bunaithe ar shonraí staidrimh nó stairiúla; agus

(b)

deonófar iad ar an gcoinníoll go ndearnadh an duine lena mbaineann leithdháileadh na cnapshuime a athlonnú ar bhealach éifeachtach agus/nó a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(2), in Airteagal 17(4) agus (10) agus in Airteagal 18(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2), in Airteagal 17(4) agus (10) agus in Airteagal 18(4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(2), Airteagal 17(4) agus (10) agus Airteagal 18(4) i bhfeidhm ach amháin mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an “Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta agus Cistí Slándála Inmheánaí” a bunaíodh le hAirteagal 59(1) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Athbhreithniú

Ar bhonn togra ón gCoimisiún, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 29

Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an gCiste, gan dochar d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 30

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Cinneadh 2007/435/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú na dtionscadal agus na gclár bliantúil lena mbaineann, lena n-áirítear iad a chealú ina iomláine nó i bpáirt, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, ná an chúnaimh airgeadais arna fhormheas ag an gCoimisiún, ar bhonn Chinneadh Uimh. 573/2007/CE, Chinneadh Uimh. 575/2007/CE agus Chinneadh 2007/435/CE nó aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú na tacaíochta airgeadais arna formheas ag an gCoimisiún, lena n-áirítear í a chealú ina hiomláine nó i bpáirt, ar bhonn Chinneadh 2008/381/CE nó aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.

2.   Le linn dó cinntí maidir le cómhaoiniú a ghlacadh faoin Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh bearta a glacadh ar bhonn Chinntí Uimh. 573/2007/CE, Uimh. 575/2007/CE, 2007/435/CE agus 2008/381/CE roimh an 20 Bealtaine 2014 a rachaidh i gcion ar an staid airgeadais le linn thréimhse an chómhaoinithe sin.

3.   Maidir le suimeanna atá geallta i gcomhair an chómhaoinithe arna fhaomhadh ag an gCoimisiún idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2014 ach nach ndearnadh na doiciméid a theastaíonn chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin spriocdháta chun an tuarascáil a chur isteach, saorfaidh an Coimisiún sa ghnáthchúrsa iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

4.   Agus an méid nach mór a shaoradh sa ghnáthchúrsa a ríomh, ní thabharfar aird ar na suimeanna a bhaineann le gníomhartha a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.

5.   Faoin 30 Meitheamh 2015, cuirfidh Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha measúnaithe ar thorthaí agus ar thionchair na ngníomhaíochtaí a chómhaoinítear le Cinneadh Uimh. 573/2007/CE, Cinneadh Uimh. 575/2007/CE agus le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle don tréimhse ó 2011-2013.

6.   Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún tuarascálacha measúnaithe ex post faoi Chinneadh Uimh. 573/2007/CE, faoi Chinneadh Uimh. 575/2007/CE agus faoi Chinneadh 2007/435/CE don tréimhse ó 2011-2013.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar(IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn(IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhlithiúil a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(10)  Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/904/CE ón gComhairle (IO L 144, 6.6.2007, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 168, 28.6.2007, lch. 18).

(12)  Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhilleadh don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 45).

(13)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(14)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (Féach leathanach 112 den Iris Oifigiúil seo).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (Féach leathanach 93 den Iris Oifigiúil seo).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(20)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Miondealuithe ilbhliantúla de réir Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2014-2020 (in EUR)

An Ballstát

Íosmhéid

Meán % leithdháiltí 2011-2013 ERF+IF+RF

Meánshuim 2011-2013

IOMLÁN

AT

5 000 000

2,65 %

59 533 977

64 533 977

BE

5 000 000

3,75 %

84 250 977

89 250 977

BG

5 000 000

0,22 %

5 006 777

10 006 777

CY

10 000 000

0,99 %

22 308 677

32 308 677

CZ

5 000 000

0,94 %

21 185 177

26 185 177

DE

5 000 000

9,05 %

203 416 877

208 416 877

EE

5 000 000

0,23 %

5 156 577

10 156 577

ES

5 000 000

11,22 %

252 101 877

257 101 877

FI

5 000 000

0,82 %

18 488 777

23 488 777

FR

5 000 000

11,60 %

260 565 577

265 565 577

GR

5 000 000

11,32 %

254 348 877

259 348 877

HR

5 000 000

0,54 %

12 133 800

17 133 800

HU

5 000 000

0,83 %

18 713 477

23 713 477

IE

5 000 000

0,65 %

14 519 077

19 519 077

IT

5 000 000

13,59 %

305 355 777

310 355 777

LT

5 000 000

0,21 %

4 632 277

9 632 277

LU

5 000 000

0,10 %

2 160 577

7 160 577

LV

5 000 000

0,39 %

8 751 777

13 751 777

MT

10 000 000

0,32 %

7 178 877

17 178 877

NL

5 000 000

3,98 %

89 419 077

94 419 077

PL

5 000 000

2,60 %

58 410 477

63 410 477

PT

5 000 000

1,24 %

27 776 377

32 776 377

RO

5 000 000

0,75 %

16 915 877

21 915 877

SE

5 000 000

5,05 %

113 536 877

118 536 877

SI

5 000 000

0,43 %

9 725 477

14 725 477

SK

5 000 000

0,27 %

5 980 477

10 980 477

UK

5 000 000

16,26 %

365 425 577

370 425 577

Iomláin na mBallstát

145 000 000

100,00 %

2 247 000 000

2 392 000 000


IARSCRÍBHINN II

Liosta na ngníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 16

1.

Ionaid idirthurais agus phróiseála le haghaidh dídeanaithe a bhunú agus a fhorbairt san Aontas, go háirithe chun tacú le hoibríochtaí athlonnaithe i gcomhar le UNHCR.

2.

Cineálacha nua cur chuige, i gcomhar le UNHCR, a bhaineann le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn a dhíríonn ar phríomhthíortha idirthurais amhail cláir chosanta le haghaidh grúpaí ar leith nó le nósanna imeachta áirithe maidir le hiarratais ar thearmann a iniúchadh.

3.

Tionscnaimh chomhpháirteacha i measc na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, amhail cleachtaí tagarmharcála, athbhreithnithe piaraí nó tástáil modúl Eorpach, mar shampla maidir le sealbhú scileanna teanga nó maidir le cláir thosaigh a eagrú agus é mar aidhm feabhas a chur ar chomhordú na mbeartas idir Ballstáit, réigiúin agus údaráis áitiúla.

4.

Tionscnaimh chomhpháirteacha lena ndírítear ar shainaithint agus ar chur chun feidhme cineálacha nua cur chuige a bhaineann leis na nósanna imeachta ag an gcéad teagmháil agus ar chaighdeáin chosanta agus ar chabhair do mhionaoisigh neamhthionlactha.

5.

Oibríochtaí comhpháirteacha maidir le filleadh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le comhaontuithe an Aontais um athligean isteach a chur chun feidhme.

6.

Tionscadail chomhpháirteacha maidir le lánpháirtíocht sna tíortha tionscnaimh ar mhaithe le filleadh inbhuanaithe, chomh maith le gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun cumais tríú tíortha maidir le cur chun feidhme chomhaontuithe an Aontais um athligean isteach a neartú.

7.

Tionscnaimh chomhpháirteacha lena ndírítear ar theaghlaigh a aontú arís agus ar ath-lánpháirtiú mionaoiseach neamhthionlactha ina dtíortha tionscnaimh.

8.

Tionscnaimh chomhpháirteacha idir Bhallstáit i réimse na himirce dlíthiúla, lena n-áirítear ionaid chomhpháirteacha imirce a bhunú i dtríú tíortha, agus tionscnaimh chomhpháirteacha chun comhar a chothú idir Bhallstáit d’fhonn úsáid cainéal eisiach imirce dlíthiúil a spreagadh agus eolas a thabhairt faoi na rioscaí a ghabhann le hinimirce mhídhleathach.


IARSCRÍBHINN III

Liosta chomhthosaíochtaí athlonnaithe an Aontais

1.

An Clár Cosanta Réigiúnach in Oirthear na hEorpa (an Bhealarúis, an Mholdóiv, an Úcráin).

2.

An Clár Cosanta Réigiúnach i gCorn na hAfraice (Djibouti, an Chéinia, Éimin).

3.

An Clár Cosanta Réigiúnach san Afraic Thuaidh (an Éigipt, an Libia, an Túinéis).

4.

Dídeanaithe i réigiún Oirthear na hAfraice/na Mór-Lochanna.

5.

Dídeanaithe Iarácacha sa tSiria, sa Liobáin, san Iordáin.

6.

Dídeanaithe Iarácacha sa Tuirc.

7.

Dídeanaithe Siriacha sa réigiún.


IARSCRÍBHINN IV

Liosta na gcomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas

(a)

Gach gné den Chomhchóras Tearmainn Eorpach a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear an diminsean seachtrach lena mbaineann.

(i)

Líon na ndaoine sa spriocghrúpa ar tugadh cúnamh dóibh trí thionscadail i réimse na gcóras glactha agus tearmainn a fhaigheann tacaíocht ón gCiste.

Chun críocha na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, deanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí amhail na cinn a leanas:

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a thairbhíonn ó fhaisnéis agus ó chúnamh síos tríd na nósanna imeachta tearmainn,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a thairbhíonn ó chúnamh dlí agus ó ionadaíocht dhlíthiúil,

líon na ndaoine leochaileacha agus na mionaoiseach neamhthionlactha a thairbhíonn ó chúnamh sonrach;

(ii)

Cumas (i.e. líon na n-áiteanna) an bhonneagair nua cóiríochta glactha a cuireadh ar bun i gcomhréir leis na comhcheanglais do choinníollacha glactha a leagtar amach in acquis an Aontais agus i gcomhréir leis an mbonneagar cóiríochta glactha atá ann cheana ar cuireadh feabhas air i gcomhréir leis na ceanglais chéanna de bharr na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus an céatadán sa chumas cóiríochta glactha iomlán;

(iii)

Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le tearmann le cúnamh ón gCiste, agus an líon sin léirithe mar chéatadán de líon iomlán den fhoireann a fuair oiliúint maidir leis na hábhair sin;

(iv)

Líon na dtáirgí faisnéise ó thíortha tionscnaimh agus na misean aimsithe fíricí sna tíortha sin a tugadh fúthu le cúnamh ón gCiste;

(v)

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste chun beartais tearmainn a fhorbairt agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu sna Ballstáit;

(vi)

Líon na ndaoine a ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.

(b)

Tacú le himirce dhleathach chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na riachtanas eacnamaíoch agus sóisialta atá acu, amhail riachtanais maidir le margadh an tsaothair, agus mí-úsáid imirce dleathaí a laghdú agus lánpháirtiú éifeachtach náisiúnach tríú tíortha a chur chun cinn.

(i)

Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a ghlac páirt i mbearta réamh-imeachta a fuair tacaíocht faoin gCiste;

(ii)

Líon na ndaoine sa spriocghrúpa a fuair cúnamh faoin gCiste; trí bhearta maidir le lánpháirtíocht faoi chuimsiú straitéisí náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha.

Chun críocha na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí amhail na cinn a leanas:

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann cúnamh trí bhearta lena ndírítear ar oideachas agus ar oiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga agus réamhghníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann tacaíocht trí chomhairle agus trí chúnamh a chur ar fáil i réimse na tithíochta,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann cúnamh trí chúram sláinte agus cúram síceolaíoch a chur ar fáil,

líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a fhaigheann cúnamh trí bhearta a bhaineann le rannpháirtíocht dhaonlathach;

(iii)

Líon na gcreatchlár/na mbeart/na n-uirlisí atá áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus atá ann ar mhaithe le náisiúnaigh tríú tíortha a lánpháirtiú agus a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus le comhphobail imirceach chomh maith leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, ar de thoradh iad ar na bearta a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste;

(iv)

Líon na dtionscadal comhair le Ballstáit eile maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste a lánpháirtiú;

(v)

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste chun beartais maidir le lánpháirtíocht a fhorbairt agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu sna Ballstáit.

(c)

Straitéisí córa agus éifeachtúla maidir le filleadh a fheabhsú sna Ballstáit a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus béim ar inbhuanaitheacht an fhillte agus ar athligean isteach éifeachtúil chuig na tíortha tionscnaimh agus chuig na tíortha idirthurais.

(i)

Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le filleadh agus a fhaigheann cúnamh ón gCiste;

(ii)

Líon na dteifeach fillte a fuair cúnamh ath-lánpháirtithe roimh dóibh filleadh nó ina dhiaidh, ar cúnamh é a chómhaoinítear leis an gCiste;

(iii)

Líon na dteifeach fillte ar chómhaoinigh an Ciste a bhfilleadh, ar daoine iad a d’fhill go toilteanach nó ar daoine iad a bhfuarthas réidh leo;

(iv)

Líon na n-oibríochtaí um fháil réidh a ndearnadh faireachán orthu agus a ndearna an Ciste cómhaoiniú orthu;

(v)

Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste seo chun beartais maidir le filleadh a fhorbairt agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu sna Ballstáit.

(d)

An dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fheabhsú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann sreabha imirce agus tearmainn difear dóibh.

(i)

Líon iarratasóirí agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste;

(ii)

Líon na dtionscadal comhair leis na Ballstáit eile maidir le feabhas a chur ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachta idir na Ballstáit a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste.


20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

195


RIALACHÁN (AE) Uimh. 517/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (“IPCC”) de chuid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”), ar páirtí é an tAontas ann (3), sonraíodh, ar bhonn sonraí eolaíocha atá ann cheana, go mbeadh ar thíortha forbartha astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80 % go 95 % faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2050 chun teorainn a chur leis an athrú aeráide domhanda go dtí ardú teochta 2 °C agus tionchar aeráide neamh-inmhianaithe a chosc dá bharr.

(2)

Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá Treochlár chun bogadh i dtreo geilleagair iomaíoch ísealcharbóin faoi 2050 glactha ag an gCoimisiún a thug an Chomhairle dá haire sna Conclúidí ón gComhairle an 17 Bealtaine 2011, agus thacaigh Parlaimint na hEorpa leis sa Rún uaithi an 15 Márta 2012. Sa Treochlár sin tá bealach costéifeachtach leagtha amach ag an gCoimisiún chun na laghduithe astúcháin foriomlána is gá a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Bunaítear leis an treochlár sin na rannchuidithe earnála is gá i sé réimse. Ba cheart astaíochtaí neamh-CO2, lena n-áirítear gáis cheaptha teasa fhluairínithe ach gan astaíochtaí neamh-CO2 ó thalmhaíocht a áireamh, a laghdú 72 % go dtí 73 % faoi 2030 agus 70 % go dtí 78 % faoi 2050, i gcomparáid le leibhéil 1990. Má bhunaítear iad ar an mbliain tagartha 2005, is gá laghdú 60 % go dtí 61 % ar astaíochtaí neamh-CO2, seachas i gcás astaíochtaí ó thalmhaíocht, faoi 2030. Measadh go raibh 90 milliún tona (Mt) astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe de choibhéis CO2 ann in 2005. Ciallaíonn laghdú 60 % nár mhór astaíochtaí a laghdú go dtí tuairim is 35 Mt de choibhéis CO2 faoi 2030. Nuair a chuirtear san áireamh 104 Mt astaíochtaí measta de choibhéis CO2 in 2030 bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán reachtaíocht reatha an Aontais, is gá laghdú breise 70 choibhéis CO2.

(3)

Ba é an chonclúid ar thuarascáil ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2011 maidir le cur i bhfeidhm, éifeachtaí agus leordhóthanacht Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) go bhféadfadh na bearta reatha maidir le coimeád, má chuirtear i bhfeidhm ina n-iomláine iad, astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a laghdú. Ba cheart na bearta sin a choinneáil agus a shoiléiriú, dá bharr, ar bhonn na taithí a fuarthas agus iad á gcur chun feidhme. Ba cheart bearta áirithe a chur i bhfeidhm ar fhearais eile ina n-úsáidtear cainníochtaí substaintiúla gás ceaptha teasa fluairínithe, amhail trucailí agus leantóirí cuisniúcháin. San oibleagáid chun taifid a bhunú agus a choinneáil ar threalamh ina bhfuil gáis den chineál sin ba cheart go gcumhdófaí freisin lascthrealamh leictreach. I bhfianaise a thábhachtaí atá bearta srianta ag deireadh ré táirgí agus trealamh a bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe iontu, ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit san áireamh luach scéimeanna freagrachta táirgeora agus spreagadh a thabhairt chun go mbunófar iad, bunaithe ar an dea-chleachtas atá ann cheana.

(4)

Ba é conclúid na tuarascála sin freisin gur féidir níos mó a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a laghdú san Aontas, go háirithe trí úsáid gás den sórt sin a sheachaint i gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí eile ann atá sábháilte agus tíosach ar fhuinneamh nach bhfuil aon tionchar acu nó nach bhfuil ach tionchar beag acu ar an aeráid. Tá laghdú suas le dhá thrian d’astaíochtaí 2010 faoi 2030 costéifeachtach mar tá malairtí atá cruthaithe agus tástáilte le fáil i go leor earnálacha.

(5)

Sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2011 maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le hastaíochtaí antrapaigineacha neamh-CO2 a bhaineann leis an aeráid, ba dhíol sásaimh é rún daingean an Aontais tacú le gníomhaíochtaí maidir le hidreafluaracarbóin faoi Phrótacal Montréal ar shubstaintí a ídíonn an ciseal ósóin (“Prótacal Montréal”) agus measadh gur sampla iontach é do chur chuige nach bhfuil margadh-bhunaithe d’fhonn astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú. Iarradh sa Rún sin freisin féachaint ar bhealaí a bhféadfaí hidreafluaracarbóin a laghdú láithreach ar an leibhéal idirnáisiúnta trí Phrótacal Montréal.

(6)

Chun úsáid teicneolaíochtaí nach bhfuil aon tionchar acu nó nach bhfuil ach tionchar beag acu ar an aeráid a spreagadh, ba cheart go gcumhdófaí in oiliúint daoine nádurtha a chuireann gníomhaíochtaí i gcrích ina n-úsáidtear gáis cheaptha teasa fhluairínithe faisnéis faoi theicneolaíochtaí a bhfuil d’aidhm acu úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a ionadú agus a laghdú. Os rud é maidir le roinnt astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a úsáidtear i dtáirgí agus i dtrealamh chun úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a ionadú nó a laghdú go bhféadfaidh siad a bheith tocsaineach, inlasta, nó faoi mhórbhrú, ba cheart go scrúdódh an Coimisiún reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a chumhdaíonn oiliúint daoine nádúrtha chun cuisneáin eile a láimhsiú go sábháilte agus, más iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais a leasú.

(7)

Ba cheart cláir deimhniúcháin agus oiliúna a bhunú nó a chur in oiriúint agus na cláir sin a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 á gcur san áireamh agus féadfar iad a chomhtháthú sna córais gairmoiliúna.

(8)

Chun comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais faireacháin agus thuairiscithe faoin UNFCCC agus le Cinneadh 4/CMP.7 ó Chomhdháil na bPáirtithe atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe do Phrótacal Kyoto, Chomhdháil UNFCC, arna ghlacadh ag seachtú Comhdháil Pháirtithe Chomhdháil UNFCC ag teacht le cheile dóibh in Durban an 11 Nollaig 2011 ba cheart poitéinseal téimh dhomhagusa a ríomh i dtéarmaí an phoitéinsil téimh dhomhagusa 100 bliain i dtaca le cileagram amháin gáis i gcoibhneas chileagram amháin CO2. Ba cheart go mbeadh an ríomh, nuair is féidir, bunaithe ar an gCeathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an IPCC.

(9)

Tá sé fíorthábhachtach faireachán éifeachtach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe chun dul chun cinn a rianadh i dtreo na spriocanna laghdaithe astúcháin agus tionchair an Rialacháin seo a mheas. Tá sé ríthábhachtach go n-úsáidfear sonraí leanúnacha d’ardchaighdeán chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thuairisciú d’fhonn cáilíocht an tuairiscithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a áirithiú. Bheadh sé i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) go mbunódh na Ballstáit córais tuairiscithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe. D’fhéadfaí feabhas suntasach a chur ar chórais tuairiscithe maidir le hastaíochtaí gás fluairínithe le sonraí maidir le sceitheadh gás fluairínithe ó threalamh a bhailíonn comhlachtaí faoin Rialachán seo. Ar an gcaoi sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta seiceáil a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na sonraí a úsáidtear chun astaíochtaí a fháil agus feabhas a chur ar chomhfhogasú ríomh-bhunaithe, agus bheadh toimhdí níos fearr ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe sna fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa ann dá bharr.

(10)

Ós rud é go bhfuil roghanna oiriúnacha ann, ba cheart an toirmeasc reatha ar heicseafluairíd sulfair a úsáid i dteilgean dísle maignéisiam agus athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam a leathnú go saoráidí a úsáideann níos lú ná 850 kg de heicseafluairídí sulfair in aghaidh na bliana. Ar an gcuma chéanna, i gcás tréimhse oiriúnaí idirthréimhsí, ba cheart go mbeadh toirmeasc ar úsáid cuisneán ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhagusa ard de 2 500 nó níos mó chun trealamh cuisniúcháin ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 40 thona CO2 nó níos mó a sheirbhísiú nó a chothabháil.

(11)

I gcás ina bhfuil malairtí oiriúnacha ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe sonracha ar fáil, ba cheart toirmisc a thabhairt isteach maidir le trealamh nua a chur ar an margadh le haghaidh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus cosanta ar dhóiteáin a fheidhmítear trí úsáid a bhaint as na substaintí sin. I gcás nach bhfuil fáil ar roghanna malartacha nó i gcás nach féidir leas a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla, sábháilteachta nó eacnamaíocha, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann díolúine a údarú faoi cheann tréimhse teoranta faoina gceadófar na táirgí sin agus an trealamh sin a chur ar an margadh. I bhfianaise forbairtí teicniúla amach anseo, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún tuilleadh measúnaithe ar thoirmisc ar threalamh nua do lascthrealamh nua tánaisteach meánvóltais agus do chórais aonair bheaga nua roinnte aerchóiriúcháin a chur ar an margadh.

(12)

Ba cheart go gceadófaí trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh i gcás ina bhfuil na-hastaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána ón trealamh sin, lena n-áirítear rátaí réalaíocha sceite agus aisghabhála, níos lú le linn a shaolré ná na hastaíochtaí sin a bheadh mar thoradh ar threalamh coibhéiseach gan gháis cheaptha teasa fhluairínithe, a bhfuil an t-uasídiú fuinnimh atá ceadaithe leagtha amach i mbearta ábhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Chabhródh athbhreithniú rialta agus tráthúil na mbeart cur chun feidhme sin, i gcomhréir leis an Treoir sin, go mbeadh na bearta cur chun feidhme sin éifeachtach agus iomchuí i gcónaí.

(13)

Aithnítear gurb é an bealach is éifeachtaí agus is costéifeachtúla chun astaíochtaí na substaintí sin a laghdú san fhadtéarma cainníochtaí na hidreafluaracarbón is féidir a chur ar an margadh a laghdú de réir a chéile.

(14)

Chun laghdú de réir a chéile ar líon na hidreafluaracarbón is féidir a chur ar mhargadh an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún cuótaí a leithdháileadh ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí aonair as hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh sa chaoi is nach sárófar an teorainn chainníochtúil fhoriomlán maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh. D’fhonn iontaofacht an laghdaithe de réir a chéile ar chainníochtaí na hidreafluaracarbón a chuirtear ar an margadh a chosaint, ba cheart go gcuirfí hidreafluaracarbóin atá i dtrealamh san áireamh faoi chóras cuóta an Aontais. I gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sa trealamh ar an margadh sular luchtaíodh an trealamh, beidh dearbhú comhréireachta ag teastáil mar fhianaise gur áiríodh na hidreafluaracarbóin sin faoi chóras cuóta an Aontais.

(15)

I dtosach, ba cheart go mbeadh ríomh na luachanna tagartha agus an leithdháileadh cuótaí ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí aonair bunaithe ar chainníochtaí na hidreafluaracarbón a thuairisc siad gur cuireadh ar an margadh le linn na tréimhse tagartha ó 2009 go 2012. Sa chaoi is nach gcuirfear gnóthais bheaga as an áireamh, áfach, ba cheart 11 faoin gcéad den teorainn chainníochtúil fhoriomlán a fhorchoimeád le haghaidh allmhaireoirí agus táirgeoirí nach bhfuil aon tona ná níos mó de ghás ceaptha teasa fluairínithe curtha ar an margadh acu sa tréimhse thagartha.

(16)

Trí na luachanna tagartha agus na cuótaí a athríomh go rialta, ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go gceadófar do ghnóthais leanúint dá ngníomhaíochtaí ar bhonn na meánmhéideanna a bheadh curtha ar an margadh acu le blianta beaga anuas.

(17)

D’fhéadfadh astaíochtaí suntasacha gás ceaptha teasa fluairínithe eile a bheadh mar thoradh ar phróiseas monaraíochta roinnt gás ceaptha teasa fluairínithe a thairgtear mar sheachtháirgí. Ba cheart astaíochtaí seachtháirgthe den chineál sin a scrios nó a aisghabháil chun go n-úsáidfear ar ball iad le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh.

(18)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil lárchlárlann leictreonach ar bun chun cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh a bhainistiú lena n-áirítear go háirithe tuairisc a thabhairt faoi threalamh a chuirtear ar an margadh, i gcás ina réamhluchtaítear an trealamh le hidreafluaracarbóin nár cuireadh ar an margadh roimh an luchtú, agus gur gá iad a fhíorú dá bhrí sin faoi, trí dhearbhú comhréireachta agus trí fhíorú ina dhiaidh sin a dhéanfadh tríú páirtí.

(19)

Chun solúbthacht an mhargaidh i mbulc-hidreafluaracarbóin a choinneáil, ba cheart go mbeadh sé indéanta cuótaí arna leithroinnt ar bhonn luachanna tagartha a aistriú chuig táirgeoir eile nó chuig allmhaireoir eile san Aontas nó chuig táirgeoir eile nó allmhaireoir eile a bhfuil ionadaí aonair mar ionadaí aige san Aontas.

(20)

Le gur féidir faireachán ar éifeachtacht an Rialacháin seo a chumasú, ba cheart go leathnófaí raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe reatha le go gcumhdófaí substaintí fluairínithe eile a bhfuil poitéinsil téimh dhomhagusa suntasach acu nó ar dócha go dtiocfaidh siad in ionad na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Ar an gcúis chéanna, ba cheart go dtuairisceofaí scrios gás ceaptha teasa fluairínithe agus allmhairiú na ngás sin isteach san Aontas nuair atá siad le fáil i dtáirgí agus i dtrealamh. Ba cheart tairseacha de minimis a shocrú chun ualach riaracháin díréireach a sheachaint, go háirithe maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus micreafhiontair.

(21)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faireachán leanúnach ar na héifeachtaí a bheadh ag laghdú ar chainníochtaí hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh, lena n-áirítear a chuid éifeachtaí ar an soláthar do threalamh ina mbeadh astaíochtaí ag a bhfuil saolré níos ísle mar thoradh orthu ná mar a bheadh dá n-úsáidfí teicneolaíocht mhalartach. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir leis an bhfáil atá ar hidreafluaracarbóin ar mhargadh an Aontais a fhoilsiú faoi dheireadh 2020. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích faoi dheireadh 2022 agus in am chun forálacha an Rialacháin seo a oiriúnú i bhfianaise a chur chun feidhme agus i bhfianaise forbairtí nua agus gealltanas idirnáisiúnta agus, más iomchuí, chun bearta laghdaithe breise a mholadh.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(23)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”). Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(24)

Ós rud é go nglacfar an Rialachán seo de bhun Airteagal 192(1) CFAE, níl a bhac ar na Ballstáit bearta cosanta níos déine a choimeád ná a thabhairt isteach má tá siad ag luí le CFAE. De bhun Airteagal 193 CFAE, caithfidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta sin.

(25)

Leasaítear agus comhlánaítear leis an Rialachán seo ábhar Rialachán (CE) Uimh. 842/2006, agus ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a aisghairm. Thairis sin, chun trasdul réidh ón seanréimeas go dtí an réimeas atá anois ann a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 1493/2007 (8), (CE) Uimh. 1494/2007 (9), (CE) Uimh. 1497/2007 (10), (CE) Uimh. 1516/2007 (11), (CE) Uimh. 303/2008 (12), (CE) Uimh. 304/2008 (13), (CE) Uimh. 305/2008 (14), (CE) Uimh. 306/2008 (15), (CE) Uimh. 307/2008 (16) agus (CE) Uimh. 308/2008 (17) ón gCoimisiún agus go leanfadh siad d’fheidhm a bheith acu mura ndéanann agus go dtí go ndéanann an Coimisiún iad a aisghairm le gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh de bhun an Rialacháin seo.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, mar gheall ar chineál trasteorann na faidhbe comhshaoil a ndírítear air leis an Rialachán seo agus éifeachtaí an Rialacháin seo ar an trádáil laistigh den Aontas agus an trádáil sheachtrach, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Is é is cuspóir don Rialachán seo an comhshaol a chosaint trí astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a laghdú. Dá réir sin, leis an Rialachán seo:

(a)

bunaítear na rialacha maidir le srianadh, úsáid, aisghabháil agus scriosadh gás ceaptha teasa fluairínithe, agus bearta coimhdeacha gaolmhara;

(b)

forchuirtear coinníollacha maidir le táirgí sonracha agus trealamh sonrach a chur ar an margadh, ar táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe;

(c)

forchuirtear coinníollacha maidir le húsáidí sonracha gás ceaptha teasa fluairínithe; agus

(d)

bunaítear teorainneacha cainníochtúla maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gáis cheaptha teasa fhluairínithe” na hidreafluaracarbóin, sárfhluaracarbóin, heicseafluairíd sulfair agus gáis cheaptha teasa eile ina bhfuil fluairín, atá liostaithe in Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil aon cheann de na substaintí sin;

(2)

ciallaíonn “hidreafluaracarbóin” nó “HFCanna” na substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil aon cheann de na substaintí sin; nó

(3)

ciallaíonn “sárfhluaracarbóin” nó “PFCanna” na substaintí a liostaítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil aon cheann de na substaintí sin; nó

(4)

ciallaíonn “heicseafluairíd sulfair” nó “SF6” an tsubstaint a liostaítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil an tsubstaint sin;

(5)

ciallaíonn “meascán” sreabhán nó tuaslagán atá comhdhéanta de dhá shubstaint nó níos mó, agus ar shubstaint a liostaítear in Iarscríbhinn II é ar a laghad ceann amháin de na substaintí sin;

(6)

ciallaíonn “poitéinseal téimh dhomhagusa” nó “GWP” poitéinseal téimh aeráide gáis cheaptha teasa i gcoibhneas poitéinsil téimh aeráide dé-ocsaíd-charbóin (“CO2”), arna ríomh i dtéarmaí poitéinsil téimh 100 bliain cileagraim amháin gáis cheaptha teasa i gcomórtas le cileagram amháin CO2, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn IV nó, i gcás meascán, arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

(7)

ciallaíonn “tona(í) de choibhéis CO2” cainníocht gás ceaptha teasa, curtha in iúl mar thoradh mheáchan na ngás ceaptha teasa i dtonaí méadracha agus a bpoitéinseal téimh dhomhagusa;

(8)

ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach a fheidhmíonn cumhacht iarbhír ar fheidhmiú teicniúil na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo; féadfaidh Ballstát, i gcásanna sainithe sonracha, an t-úinéir a ainmniú mar an duine atá freagrach as oibleagáidí an oibreora;

(9)

ciallaíonn “úsáid” úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe i dtáirgeadh, i gcothabháil nó i seirbhísiú, lena n-áirítear athlíonadh, táirgí agus trealaimh, nó i bpróisis eile dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(10)

ciallaíonn “cur ar an margadh” rud a sholáthar nó a chur ar fáil do pháirtí eile san Aontas don chéad uair, ar íocaíocht nó saor in aisce, nó é a úsáid thar a cheann féin i gcás táirgeora, agus áirítear air scaoileadh custaim le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas;

(11)

ciallaíonn “trealamh atá séalaithe go heirméiticeach” trealamh a ndéantar na codanna uile ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe obach trína dtáthú, trína bprásáil nó trí nascadh buan comhchosúil lena n-áirítear comhlaí caidhpeáilte nó béalóga seirbhíse caidhpeáilte trínar féidir an trealamh a dheisiú i gceart nó a dhiúscairt i gceart agus a bhfuil ráta cruthaithe sceite de níos lú ná trí ghram in aghaidh na bliana acu faoi bhrú atá ionann agus an ceathrú cuid, ar a laghad, den uasbhrú incheadaithe;

(12)

ciallaíonn “coimeádán” táirge a ceapadh go príomha le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a iompar nó a stóráil;

(13)

ciallaíonn “coimeádán nach féidir a athlíonadh” coimeádán nach féidir a athlíonadh gan é a leasú chun na críche sin nó a chuirtear ar an margadh gan aon fhoráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais é le haghaidh athlíonta;

(14)

ciallaíonn “aisghabháil” bailiú agus stóráil gás ceaptha teasa fluairínithe ó tháirgí, lena n-áirítear coimeádáin, agus ó threalamh le linn cothabhála nó seirbhísiú nó roimh dhiúscairt táirgí, nó trealaimh;

(15)

ciallaíonn “athchúrsáil” athúsáid gáis cheaptha teasa fhluairínithe aisghafa tar éis próisis glantacháin bhunúsaigh;

(16)

ciallaíonn “athshlánú” athphróiseáil gáis cheaptha teasa fhluairínithe aisghafa chun feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht substainte íne a mheaitseáil, agus an úsáid atá beartaithe di á cur san áireamh;

(17)

ciallaíonn “scrios” an próiseas ina gclaochlaítear nó ina ndianscaoiltear go buan gach cuid de ghás ceaptha teasa fluairínithe nó cuid de ina substaint nó ina substaintí cobhsaí nach gáis cheaptha teasa fhluairínithe iad;

(18)

ciallaíonn “díchoimisiúnú” deireadh a chur go críochnaitheach le táirge nó le píosa trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus é a chur as feidhm nó ó úsáid;

(19)

ciallaíonn “deisiú” athchóiriú ar tháirgí agus ar threalamh a ndearnadh damáiste dóibh nó atá ag sceitheadh, ar táirgí trealamh iad ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, agus a bhfuil páirt mar chuid dóibh ina bhfuil gáis den sórt sin nó a ceapadh do gháis den sórt sin a bheith ann;

(20)

ciallaíonn “suiteáil” dhá phíosa trealaimh nó níos mó nó dhá phíosa ciorcad nó níos mó ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó atá ceaptha le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a choimeád, a nascadh le chéile d’fhonn córas a chur i dtoll a chéile sa láthair ina bhfeidhmeofar é, lena n-áirítear an ghníomhaíocht trína ndéantar seoltóirí a iompraíonn gás i gcóras a nascadh le chéile chun ciorcad a chomhlánú beag beann ar an ngá an córas a luchtú tar éis é a chóimeáil;

(21)

ciallaíonn “cothabháil nó seirbhísiú” na gníomhaíochtaí uile, gan aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 8 ná seiceálacha le haghaidh sceite i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le pointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo a áireamh, ina mbristear isteach sna ciorcaid ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó sna ciorcaid atá ceaptha le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a choimeád, go háirithe ciorcaid a thugann gáis cheaptha teasa fhluairínithe isteach sa chóras, ina ndéantar píosa amháin nó níos mó den chiorcad nó den trealamh a bhaint, ina ndéantar dhá phíosa nó níos mó den chiorcad nó den trealamh a chur ar ais le chéile, agus ina ndéantar sceitheadh a dheisiú;

(22)

ciallaíonn “substaint íne” substaint nár úsáideadh roimhe sin;

(23)

ciallaíonn “do-aistrithe” nach gnách bheith ag bogadh le linn oibrithe agus áirítear air fearais aerchóiriúcháin inaistrithe do sheomraí;

(24)

ciallaíonn “soghluaiste” gur gnách bheith ag bogadh le linn oibrithe;

(25)

ciallaíonn “cúr aon ábhair” comhdhéanamh cúir atá i ndáileoir aerasóil aonair i bhfoirm leachtach neamh-imoibrithe nó páirt-imoibrithe agus a leathnaíonn agus a chruann nuair a fhágann sé an dáileoir;

(26)

ciallaíonn “trucail chuisniúcháin” mótarfheithicil a bhfuil mais atá níos mó ná 3,5 tona aici a ceapadh agus a tógadh go príomha chun earraí a iompar agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

(27)

ciallaíonn “leantóir cuisniúcháin” feithicil a ceapadh agus a tógadh le tarraingt ag trucail nó tarracóir, go príomha chun earraí a iompar agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

(28)

ciallaíonn “aerasól teicniúil” rannóir aerasóil a mbaintear úsáid as chun táirgí agus trealamh a chothabháil, a dheisiú, a ghlanadh, a thástáil, a dhífhabhtú agus a mhonarú, trealamh a shuiteáil, agus i bhfeidhmeanna eile;

(29)

ciallaíonn “córas aimsithe sceite” fearas calabraithe meicniúil, leictreach nó leictreonach chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a aimsiú agus a thugann foláireamh don oibreoir má aimsíonn sé sceitheadh;

(30)

ciallaíonn “gnóthas” aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar fíor an méid seo ina leith:

(a)

a tháirgeann gáis cheaptha teasa fhluairínithe, a úsáideann iad, a aisghabhann iad, a bhailíonn iad, a athchúrsálann iad, a mhínghlanann iad nó a dhíothaíonn iad;

(b)

a allmhairíonn nó a onnmhairíonn gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin;

(c)

a chuireann gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis den sórt sin, nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar gháis den sórt sin;

(d)

a dhéanann trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú, a scrúdú le haghaidh sceite nó a dhíchoimisiúnú;

(e)

ar oibreoir an trealaimh é ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann orthu;

(f)

a dhéanann gáis a liostaítear in Iarscríbhinn II a tháirgeadh, a allmhairiú a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a dhíothú;

(g)

a chuireann táirgí nó trealamh ar an margadh ina bhfuil gáis a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(31)

ciallaíonn “bunábhar” aon ghás ceaptha teasa fluairínithe nó aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn II agus a chuirtear faoi thrasfhoirmiú ceimiceach i bpróiseas ina dtiontaítear é nó í go hiomlán óna c(h)omhshuíomh bunaidh agus nach mbaineann ach leibhéal íseal astaíochtaí leis nó léi;

(32)

ciallaíonn “úsáid chun críocha tráchtála” úsáid ar mhaithe le táirgí a stóráil, a thaispeáint nó a dháileadh, chun iad a dhíol d’úsáideoirí deiridh, i seirbhísí miondíola agus i seirbhísí bia;

(33)

ciallaíonn “trealamh cosanta ar dhóiteáin” trealamh agus córais a úsáidtear i bhfeidhmeanna cosc nó sochta ar dhóiteáin, agus áirítear air múchtóirí dóiteáin;

(34)

ciallaíonn “timthriall orgánach den chineál Rankine” timthriall ina bhfuil gás in-chomhdhlúthaithe ceaptha teasa fluairínithe a thiontaíonn teas ó fhoinse teasa go cumhacht chun leictreachas nó fuinneamh meicniúil a ghiniúint;

(35)

ciallaíonn “trealamh míleata” airm, muinisin agus ábhair chogaidh atá ceaptha go sonrach chun críocha míleata agus atá riachtanach chun leasanna bunriachtanacha na mBallstát a chosaint maidir le slándáil;

(36)

ciallaíonn “lascthrealamh leictreach” fearais lascacháin agus a dteaglaim le trealamh gaolmhar rialúcháin, tomhais, cosanta agus rialála, agus cóimeálacha na bhfearas agus an trealaimh sin lena ngabhann idirnaisc ghaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara, iniaimh ghaolmhara agus struchtúir ghaolmhara tacaíochta, atá ceaptha lena n-úsáid i dtaca le fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh agus a thiontú;

(37)

ciallaíonn “córais cuisniúcháin láraithe ilphacáiste” córais le comhbhrúiteoir amháin nó níos mó a fheidhmítear go comhthreomhar, atá ceangailte do chomhdhlúthadán coiteann amháin nó níos mó agus do líon feistí fuaraithe amhail cásanna taispeána, caibinéid, reoiteoirí nó seomraí stórais fuaraithe;

(38)

ciallaíonn “príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide” an príomhchiorcad i gcórais mheán-teochta indíreacha nuair atá nasc idir dhá chomhcheangal ciorcaid chuisniúcháin ar leith nó níos mó i sraithcheangal ionas go hionsúnn an príomhchiorcad an teas comhdhlúthadáin ón gciorcad tánaisteach don mheán-teocht;

(39)

ciallaíonn “córais aonair roinnte aerchóiriúcháin” córais le haghaidh cóirithe aeir i seomra ag a bhfuil aonad amháin lasmuigh agus aonad amháin laistigh atá nasctha le píobánra cuisneáin, lena bhfuil gá suiteála ag an láthair úsáide.

CAIBIDIL II

COIMEÁD

Airteagal 3

Astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc

1.   Beidh toirmeasc ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe a scaoileadh san atmaisféar d’aon turas i gcás nach bhfuil gá leis an scaoileadh go teicniúil don úsáid atá beartaithe dó.

2.   Glacfaidh oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe réamhchúraimí chun scaoileadh neamhbheartaithe (“sceitheadh”) na ngás sin a chosc. Glacfaidh siad gach beart atá indéanta ar bhonn teicniúil agus eacnamaíoch chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a laghdú.

3.   I gcás ina n-aimsítear sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe, áiritheoidh na hoibreoirí go ndeiseofar an trealamh gan mhoill mhíchuí.

Maidir le trealamh atá faoi réir scrúdú le haghaidh sceite de bhun Airteagal 4(1), agus i gcás ina bhfuil sceitheadh sa trealamh deisithe, áiritheoidh na hoibreoirí go seiceálann duine nádúrtha deimhnithe an trealamh laistigh de mhí amháin tar éis an deisithe chun a fhíorú go raibh an deisiú éifeachtach.

4.   Daoine nádúrtha a bheidh i mbun na gcúraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10(1), deimhneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 10(4) agus (7) agus glacfaidh siad bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc.

Gnóthais a dhéanann an trealamh a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 4(2), a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú, deimhneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 10(6) agus (7) agus glacfaidh siad bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc.

Airteagal 4

Seiceálacha le haghaidh sceite

1.   Oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcainníochtaí cúig thona de choibhéis CO2 nó níos mó agus nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go scrúdófar an trealamh le haghaidh sceite.

Trealamh atá séalaithe go heirméiticeach ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhagusa aige i gcainníochtaí níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2, ní bheidh sé faoi réir seiceálacha le haghaidh sceite faoin Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil lipéad air a deir go bhfuil sé séalaithe go heirméiteach.

Ní bheidh lascthrealamh leictreach faoi réir seiceálacha le haghaidh sceite faoin Airteagal seo ar choinníoll go gcomhlíonann sé ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil ráta cruthaithe sceite níos lú ná 0,1 % in aghaidh na bliana mar a leagtar amach é i sonraíocht theicniúil an mhonaróra agus a lipéadaítear dá réir sin;

(b)

go bhfuil sé feistithe le fearas faireacháin brú nó dlúis; nó

(c)

go bhfuil níos lú ná 6 kg gás ceaptha teasa fluairínithe ann.

2.   Baineann mír 1 le hoibreoirí an trealaimh seo a leanas ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe:

(a)

trealamh cuisniúcháin do-aistrithe;

(b)

trealamh aerchóiriúcháin do-aistrithe;

(c)

teaschaidéil dho-aistrithe;

(d)

trealamh do-aistrithe cosanta ar dhóiteáin;

(e)

aonaid chuisniúcháin i dtrucailí agus i leantóirí cuisniúcháin;

(f)

lascthrealamh leictreach;

(g)

timthriallta orgánacha den chineál Rankine.

Maidir leis an trealamh dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír, daoine dlítheanacha atá deimhnithe i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 10 a chuirfidh na seiceálacha sin i gcrích.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, go dtí an 31 Nollaig 2016, trealamh ina bhfuil níos lú ná 3 kg gás ceaptha teasa fluairínithe nó trealamh atá séalaithe go heirméiteach agus a lipéadaítear dá réir sin agus ina bhfuil níos lú ná 6 kg gás ceaptha teasa fluairínithe, ní bheidh sé faoi réir scrúdaithe le haghaidh sceite.

3.   Cuirfear na seiceálacha le haghaidh sceite de bhun mhír 1 i gcrích mar seo a leanas:

(a)

i gcás trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcainníochtaí cúig thona nó níos mó de choibhéis CO2, ach níos lú ná 50 tona de choibhéis CO2, ar a laghad gach 12 mhí, nó, i gcás inar suiteáladh córas aimsithe sceite, ar a laghad gach 24 mhí;

(b)

i gcás trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcainníochtaí 50 tona nó níos mó de choibhéis CO2, ach níos lú ná 500 tona de choibhéis CO2, ar a laghad gach sé mhí, nó, i gcás inar suiteáladh córas aimsithe sceite, ar a laghad gach 12 mhí;

(c)

i gcás trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2, ar a laghad gach trí mhí, nó, i gcás inar suiteáladh córas aimsithe sceite, ar a laghad gach sé mhí.

4.   Maidir le hoibleagáidí mhír 1 maidir leis an trealamh cosanta ar dhóiteáin dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 measfar go ndéantar iad a chomhlíonfaidh ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonn an córas atá ann cheana caighdeáin ISO 14520 nó EN 15004 atá sa chóras atá ann cheana; agus

(b)

go ndéantar cigireacht ar an trealamh cosanta ar dhóiteáin chomh minic agus a éilítear faoi mhír 3.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ceanglais maidir leis na seiceálacha sceite a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a shainiú do gach cineál trealaimh dá dtagraítear sa mhír sin, na páirteanna den trealamh is dóchúla sceite a shainaithint agus gníomhartha a glacadh de bhun Airteagal 3(7) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a aisghairm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

Airteagal 5

Córais aimsithe sceite

1.   Oibreoirí trealaimh a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 4(2) ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2, áiritheoidh siad go mbeidh córas aimsithe sceite ag gabháil leis an trealamh a thabharfaidh foláireamh don oibreoir nó do chuideachta a dhéanann seirbhísiú má bhíonn aon sceitheadh ann.

2.   Oibreoirí trealaimh a liostaítear i bpointe (f) agus pointe (g) d’Airteagal 4(2) agus ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2 a dhéanfar a shuiteáil ón 1 Eanáir 2017, áiritheoidh siad go mbeidh córas aimsithe sceite ag gabháil leis an trealamh a thabharfaidh foláireamh don oibreoir nó do chuideachta a dhéanann seirbhísiú má bhíonn aon sceitheadh ann.

3.   Áiritheoidh oibreoirí an trealaimh a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) agus i bpointe (g) d’Airteagal 4(2) atá faoi réir mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo go seiceáiltear córais aimsithe sceite ar a laghad uair gach 12 mhí lena áirithiú go bhfeidhmíonn siad mar is ceart.

4.   Áiritheoidh oibreoirí an trealaimh a liostaítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(2) atá faoi réir mhír 2 den Airteagal seo go seiceáiltear córais aimsithe sceite ar a laghad uair gach sé bliana lena áirithiú go bhfeidhmíonn siad mar is ceart.

Airteagal 6

Taifid a choinneáil

1.   Oibreoirí trealaimh a éilítear a sheiceáil le haghaidh sceite de bhun Airteagal 4(1), bunóidh siad agus coinneoidh siad taifid, i gcás gach píosa trealaimh den sórt sin, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

cainníocht agus cineál na ngás ceaptha teasa fluairínithe a suiteáladh;

(b)

cainníochtaí na ngás ceaptha teasa fluairínithe arna gcur leis le linn na suiteála, na cothabhála nó an tseirbhísithe nó de bharr sceite;

(c)

cibé acu an ndearnadh na cainníochtaí gáis cheaptha teasa fhluairínithe suiteáilte a mhínghlanadh nó a athchúrsáil, lena n-áirítear ainm agus seoladh na saoráide athchúrsála nó mínghlanta agus, más iomchuí, uimhir an deimhnithe;

(d)

cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe arna n-aisghabháil;

(e)

céannacht an ghnóthais a shuiteáil, a rinne seirbhísiú, a chothabháil agus, más infheidhme, a dheisigh nó a dhíchoimisiúnaigh an trealamh, lena n-áirítear, más infheidhme, uimhir an deimhnithe;

(f)

dátaí agus torthaí na seiceálacha arna ndéanamh faoi Airteagal 4(1) go (3);

(g)

más rud é gur díchoimisiúnaíodh an trealamh, na bearta arna nglacadh chun na gáis cheaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil agus a dhiúscairt.

2.   Mura stóráltar na taifid dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí a bhunaigh údaráis inniúla na mBallstát, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

coimeádfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 na taifid go ceann cúig bliana ar a laghad;

(b)

coimeádfaidh na gnóthais sin a bhfuil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 á gcur i gcrích acu thar ceann na n-oibreoirí cóipeanna de na taifid dá dtagraítear i mír 1, go ceann cúig bliana ar a laghad.

Cuirfear na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. A mhéid go bhfuil faisnéis chomhshaoil sna taifid, beidh feidhm ag Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) de réir mar is cuí.

3.   Chun críche Airteagal 11(4), bunóidh gnóthais a sholáthraíonn gáis cheaptha teasa fhluairínithe taifid agus coinneoidh siad iad go ceann cúig bliana ar a laghad, agus beidh faisnéis ábhartha iontu maidir le ceannaitheoirí na ngás ceaptha teasa fluairínithe

(a)

uimhreacha dheimhniúcháin na ndeimhnithe; agus

(b)

cainníochtaí na ngás ceaptha teasa fluairínithe faoi seach a ceannaíodh.

Déanfaidh na gnóthais a soláthraíonn gáis cheaptha teasa fhluairínithe taifid den sórt sin a chur ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. A mhéid go bhfuil faisnéis chomhshaoil sna taifid, beidh feidhm ag Treoir 2003/4/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 de réir mar is cuí.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, leagan amach na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo a chinneadh agus an bealach ar cheart iad a bhunú agus a chothabháil. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

Airteagal 7

Astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe i dtaca le táirgeadh

1.   Glacfaidh táirgeoirí comhábhar fluairínithe na réamhchúraimí ar fad is gá chun astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc, a oiread is féidir, le linn:

(a)

táirgthe;

(b)

iompair; agus

(c)

stórála.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás ina dtáirgtear gáis cheaptha teasa fhluairínithe mar sheachtháirgí.

2.   Gan dochar d’Airteagal 11(1), beidh toirmeasc ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus ar gháis atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur ar an margadh mura gcuirfidh, i gcás inarb ábhartha, táirgeoirí nó allmhaireoirí fianaise ar fáil nuair a chuirtear na gáis fluairínithe ar an margadh go scriosfar nó go n-aisghabhfar le húsáid arís trífhluaraimeatán arna tháirgeadh ina sheachtháirge mar chuid den phróiseas monaraíochta, lena n-áirítear gáis arna tháirgeadh mar chuid den mhonarú bunábhair, i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil.

Beidh feidhm ag an gceanglas sin ón 11 Meitheamh 2015.

Airteagal 8

Aisghabháil

1.   Oibreoirí trealaimh dho-aistrithe nó oibreoirí trucailí agus leantóirí cuisniúcháin ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nach bhfuil i gcúir ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, áiritheoidh siad gur daoine nádúrtha a bhfuil na deimhnithe ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu a dhéanfaidh na gáis sin a aisghabháil, ionas go ndéanfar na gáis a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le hoibreoirí an trealaimh seo a leanas:

(a)

ciorcaid fhuaraithe threalamh cuisniúcháin dho-aistrithe, aerchóiriúcháin dho-aistrithe agus teaschaidéil dho-aistrithe;

(b)

ciorcaid fhuaraithe aonaid threalamh cuisniúcháin atá de thrucailí agus leantóirí cuisniúcháin;

(c)

trealamh cónaitheach ina bhfuil tuaslagóirí gáis cheaptha teasa fhluairínithe-bunaithe;

(d)

trealamh cosanta ar dhóiteáin cónaitheach;

(e)

lascthrealamh leictreach cónaitheach.

2.   An gnóthas a úsáideann coimeádán gás ceaptha teasa fluairínithe díreach sula ndearnadh é a dhiúscairt, socróidh sé go ndéanfar aon ghás iarmharach a aisghabháil lena áirithiú go ndéanfar iad a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.

3.   Oibreoirí táirgí agus trealaimh nach liostaítear i mír 1, lena n-áirítear trealamh soghluaiste, ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, socróidh siad go ndéanfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu na gáis sin a aisghabháil, a mhéid gur féidir sin a dhéanamh go teicniúil agus a mhéid nach ngabhann costais dhíréireacha leis, ionas go ndéanfar na gáis sin a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh nó socróidh siad go ndéanfar iad a scriosadh sula ndéanfar iad a aisghabháil.

Déanfaidh daoine nádúrtha a mbeidh na cáilíochtaí cuí acu gáis cheaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

D’fhonn gáis cheaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE, measfar go mbeidh na cáilíochtaí cuí ag daoine nádúrtha a bhfuil dearbhú oiliúna ar a laghad acu i gcomhréir le hAirteagal 10(2).

Airteagal 9

Scéimeanna freagrachta táirgeora

Gan dochar do reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana, spreagfaidh na Ballstáit go bhforbrófar scéimeanna freagrachta táirgeora chun gáis cheapa teasa fhluairínithe a aisghabháil agus chun na gáis sin a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.

Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir leis na gníomhartha a dhéanfar faoin gcéad mhír.

Airteagal 10

Oiliúint agus deimhniú

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn na gceanglas íosta dá dtagraítear i mír 5, cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú, lena n-áirítear próisis meastóireachta. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint ar fáil do dhaoine nádúrtha a chuirfidh na cúraimí seo a leanas i gcrích:

(a)

an trealamh a liostaítear i bpointe (a) go pointe (f), d’Airteagal 4(2) a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú;

(b)

scrúdú le haghaidh sceite i dtaca leis an trealamh dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 4(2), amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4(1);

(c)

aisghabháil gás ceaptha teasa fluairínithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(1).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna ar fáil do dhaoine nádúrtha a bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe á n-aisghabháil acu ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE, ar bhonn na n-íoscheanglas dá dtagraítear i mír 5.

3.   Clúdófar na nithe seo a leanas leis na cláir dheimhniúcháin agus leis an oiliúint dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2:

(a)

na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla is infheidhme;

(b)

astaíochtaí a chosc;

(c)

gáis cheaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil;

(d)

trealamh den chineál agus den toirt a chumhdaítear faoin deimhniú a láimhsiú go sábháilte;

(e)

faisnéis faoi theicneolaíochtaí ábhartha chun úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a ionadú nó a laghdú agus a láimhsiú go sábháilte.

4.   Deimhnithe faoi na cláir dheimhniúcháin dá bhforáiltear i mír 1, eiseofar iad faoi réir an choinníll go bhfuil próiseas meastóireachta arna bhunú i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 5 curtha i gcrích go rathúil ag an iarratasóir.

5.   Is iad na híoscheanglais maidir le cláir dheimhniúcháin na híoscheanglais sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 303/2008 go Rialachán (CE) Uimh. 306/2008 agus iad siúd a leagtar síos faoi mhír 12. Is iad na híoscheanglais maidir le dearbhuithe oiliúna na híoscheanglais sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 307/2008 agus iad siúd a leagtar síos faoi mhír 12. Leis na híoscheanglais sin, sonrófar, do gach cineál trealaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, na scileanna praiticiúla agus an t-eolas teoiriciúil a theastaíonn, i gcás inarb iomchuí, agus idirdhealú á dhéanamh idir gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le cumhdach, mar aon leis na coinníollacha chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe agus d’fhianuithe oiliúna.

6.   Déanfaidh na Ballstáit cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú ar bhonn na n-íoscheanglas dá dtagraítear i mír 5 ar ghnóthais a dhéanann an trealamh a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 4(2), a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú do pháirtithe eile.

7.   Beidh na deimhnithe agus na dearbhuithe oiliúna a eisíodh cheana i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh iad an chéad lá.

8.   Maidir leis na daoine nádúrtha uile a bhfuil deimhnithe acu faoi na cláir dheimhniúcháin dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 7, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na daoine sin ar fhaisnéis maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3; agus

(b)

ceanglais rialála atá ann cheana chun a bheith ag obair le trealamh ina bhfuil cuisneáin eile seachas gáis cheaptha teasa fhluairínithe.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear oiliúint ar fáil do na daoine nádúrtha sin ar mian leo a gcuid eolais maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt cothrom le dáta.

10.   Faoin 1 Eanáir 2017 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chláir dheimhniúcháin agus oiliúna.

Aithneoidh na Ballstáit deimhnithe agus fianuithe oiliúna arna n-eisiúint i mBallstát eile i gcomhréir leis an Airteagal seo. Ní chuirfidh siad srian leis an tsaoirse maidir le seirbhísí a chur ar fáil nó leis an tsaoirse bhunaíochta de bhrí gur eisíodh deimhniú i mBallstát eile.

11.   Gnóthas ar bith a shannann cúram dá dtagraítear i mír 1 do ghnóthas eile, glacfaidh sé bearta réasúnta lena fháil amach an bhfuil na deimhnithe is gá ag an ngnóthas eile sin chun na cúraimí sin a chur i gcrích de bhun an Airteagail seo.

12.   Más rud é go bhfuil an chuma air gur gá, chun críocha an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, foráil a dhéanamh do chur chuige níos comhchuibhithe don oiliúint agus don deimhniúchán, déanfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na híoscheanglais a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis na scileanna agus an t-eolas atá le cumhdach, sonrú a dhéanamh ar mhodhúlachtaí an deimhniúcháin nó an fhianaithe agus ar na coinníollacha chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt agus chun gníomhartha a ghlactar de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a aisghairm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24. Agus an chumhacht a thugtar dó trí bhíthin na míre seo á fheidhmiú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na scéimeanna ábhartha cáilíochta nó deimhniúcháin atá ann cheana.

13.   Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, formáid an fhógra dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a chinneadh agus féadfaidh sé gníomhartha a ghlactar de bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a aisghairm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

14.   I gcás ina gcuirfeadh na hoibleagáidí faoin Airteagal seo maidir le deimhniú agus oiliúint a chur ar fáil ualach díréireach ar Bhallstát i ngeall ar dhaonra beag a bheith sa Bhallstát sin agus i ngeall ar an easpa éilimh a bheadh ar an oiliúint sin agus ar an deimhniú sin dá bharr, féadfar na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh trí aitheantas a thabhairt do dheimhnithe a eisítear i mBallstáit eile.

Na Ballstáit a chuirfidh an mhír seo i bhfeidhm, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh seisean an méid sin in iúl do na Ballstáit eile.

15.   Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Ballstáit tuilleadh clár deimhniúcháin nó oiliúna a chur ar bun i dtaca le trealamh eile seachas an trealamh dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL III

CUR AR AN MARGADH AGUS ÚSÁID A RIALÚ

Airteagal 11

Srianta maidir le cur ar an margadh

1.   Beidh toirmeasc ar tháirgí agus ar threalamh, atá liostaithe in Iarscríbhinn III, a chur ar an margadh, le díolúine ar threalamh míleata, ón dáta arna sonrú san Iarscríbhinn sin, agus i gcás inarb infheidhme déanfar idirdhealú de réir chineál nó de réir phoitéinseal téimh domhagusa an gháis cheaptha teasa fhluairínithe atá ann.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 ar threalamh a bhfuil sé cruthaithe ina leith i gceanglais éicidhearthóireachta a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE go mbeadh na hastaíochtaí coibhéiseacha CO2 ina shaolré níos ísle ná na hastaíochtaí sin a bheadh mar thoradh ar threalamh coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha agus nach bhfuil hidreafluaracarbóin ann de bharr éifeachtúlachta fuinnimh níos airde le linn a oibrithe.

3.   Tar éis iarraidh ar tugadh bunús leis a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh suas go dtí ceithre bliana a údarú ionas gur ceadmhach táirgí agus trealamh atá liostaithe in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh, ar táirgí agus trealamh iad ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, más rud é go léirítear:

(a)

i gcás chatagóir sonrach táirgí nó trealaimh, nach bhfuil malartuithe ar fáil, nó nach féidir úsáid a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta; nó

(b)

go mbeadh costas díréireach ag baint le húsáid malartuithe atá indéanta go teicniúil agus atá sábháilte.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

4.   Chun críche an trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin a bhfuil gá le deimhniúchain nó fianúcháin faoi Airteagal 10 a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil nó a dheisiú, ní dhíolfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe ach amháin do ghnóthais a bhfuil na deimhnithe nó fianuithe ábhartha acu i gcomhréir le hAirteagal 10 agus ní cheannóidh ach na gnóthais sin amháin iad freisin nó gnóthais le fostaithe a bhfuil deimhniú nó fianú traenála acu i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (5). Ní choiscfidh an mhír seo gnóthas neamhdheimhnithe nach ndéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe a bhailiú, a iompar nó a sheachadadh.

5.   Ní dhíolfar trealamh atá luchtaithe le gáis cheaptha teasa fhluairínithe nach bhfuil séalaithe go heirméiteach atá curtha ar an margadh, chuig an úsáideoir deiridh ach amháin i gcás go gcuirfear fianaise ar fáil gurb é gnóthas atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 a chuirfidh an tsuiteáil i gcrích.

6.   Baileoidh an Coimisiún, ar bhonn sonraí atá ar fáil ó na Ballstáit, faisnéis faoi chóid náisiúnta, faoi chaighdeáin nó faoi reachtaíocht na mBallstát maidir le teicneolaíochtaí athsholáthair lena n-úsáidtear malairtí ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe i dtrealamh don chuisniúcháin, don aerchóiriúcháin, do theaschaidéil; agus i gcúir.

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil sintéise ar an bhfaisnéis a bailíodh faoin gcéad fhomhír faoin 1 Eanáir 2017.

Airteagal 12

Lipéadú, faisnéis faoin táirge agus faoin trealamh

1.   Ní chuirfear táirgí ná trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann a fheidhmiú ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe ar an margadh gan a bheith lipéadaithe. Ní bhaineann seo ach leis na táirgí seo a leanas:

(a)

trealamh cuisniúcháin;

(b)

trealamh aerchóiriúcháin;

(c)

teaschaidéil;

(d)

trealamh cosanta ar dhóiteáin;

(e)

lascthrealamh leictreach;

(f)

cannaí aerasóil ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe, seachas maidir le hanálóirí dáileoige méadraithe arna monarú chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh;

(g)

na coimeádáin gháis cheaptha teasa fhluairínithe uile;

(h)

tuaslagóirí gáis cheaptha teasa fhluairínithe-bunaithe;

(i)

timthriallta orgánacha de chineál Rankine.

2.   Déanfar táirgí nó trealamh atá faoi réir díolúine faoi Airteagal 11(3) a lipéadú dá réir agus áireofar tagairt iontu nach bhféadfar na táirgí nó an trealamh sin a úsáid ach amháin don chuspóir dár tugadh díolúine faoin Airteagal sin.

3.   Léireofar ar an lipéad atá riachtanach de bhun mhír 1 an méid seo a leanas:

(a)

tagairt go bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe sa táirge nó sa trealamh, nó go mbraitheann a fheidhmiú ar gháis den chineál sin;

(b)

ainm na ngás ceaptha teasa fluairínithe de réir an chórais ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis, nó mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach;

(c)

ón 1 Eanáir 2017 amach, cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh nó cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe ar ceapadh an trealamh chuici, de réir meáchain agus choibhéis CO2 agus poitéinseal téimh dhomhagusa na ngás sin.

Maidir leis an lipéad a cheanglaítear de bhun mhír 1, cuirtear air an fhaisnéis seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(a)

tá na gáis cheaptha teasa fhluairínithe i dtrealamh atá séalaithe go heirméiteach;

(b)

tagairt á rá go bhfuil lascthrealamh leictreach ann ag a bhfuil ráta sceite tástálaithe níos lú na 0,1 % in aghaidh na bliana mar atá leagtha síos i sonraíocht theicniúil an mhonaróra, beidh sin léirithe i ráiteas ar an lipéad.

4.   Beidh an lipéad sin inléite go soiléir agus doscriosta agus cuirfear:

(a)

cóngarach do na poirt seirbhíse le haghaidh an gháis cheaptha teasa fhluairínithe a luchtú nó a aisghabháil é; nó

(b)

ar an pháirt sin den táirge nó den trealamh ina bhfuil an gás ceaptha teasa fluairínithe.

Beidh an lipéad scríofa i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil sé le cur ar an margadh.

5.   Ní chuirfear cúir nó polóil réamhchumaiscthe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ar an margadh mura bhfuil na gáis cheaptha teasa fhluairínithe léirithe le lipéad a úsáideann an córas ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis, nó mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach. Beidh sé léirithe go soiléir ar an lipéad go bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe sa chúr nó sna polóil réamhchumaiscthe. I gcás cúrchlár, beidh an fhaisnéis sin go soiléir doscriosta ar na cláir.

6.   Déanfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe atá mínghlanta nó athchúrsáilte a lipéadú le léiriú á rá gur substaint mhínghlanta nó athchúrsáilte atá ann mar aon le faisnéis ar an mbaiscuimhir agus ainm agus seoladh na saoráide mínghlanta nó athchúrsáilte.

7.   Déanfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe a cuireadh ar an margadh i gcomhair díothú a lipéadú le léiriú nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán ach a dhíothú amháin.

8.   Déanfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe a cuireadh ar an margadh i gcomhair onnmhairiú díreach a lipéadú le léiriú nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán ach amháin a onnmhairiú go díreach.

9.   Déanfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe a cuireadh ar an margadh i gcomhair úsáide i dtrealamh míleata a lipéadú le léiriú nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán a úsáid ach amháin chun na críche sin.

10.   Déanfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe a cuireadh ar an margadh i gcomhair eitseáil ábhair leathsheoltaigh nó glanadh deascadh ceimiceach gaile san earnáil mhonaraithe leathsheoltaigh a lipéadú le léiriú nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán a úsáid ach amháin chun na críche sin.

11.   Déanfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe a cuireadh ar an margadh i gcomhair úsáide mar bhunábhar a lipéadú le léiriú nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán a úsáid ach amháin mar bhunábhar.

12.   Gáis cheaptha teasa fhluairínithe a cuireadh ar an margadh chun análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sholáthar, déanfar iad a lipéadú le léiriú nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán a úsáid ach amháin chun na críche sin.

13.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 5 sna lámhleabhair treoracha a ghabhann leis na táirgí agus leis an trealamh lena mbaineann.

I gcás táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhagusa 150 nó níos mó, beidh an fhaisnéis sin sna tuairiscí a úsáidtear le haghaidh fógraíochta.

14.   Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, formáid an fhógra dá dtagraítear i mír 1, agus i mír 4 go mír 12 a chinneadh agus féadfaidh sé gníomhartha a ghlactar de bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a aisghairm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

15.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 lena leasaítear na ceanglais maidir le lipéadú atá leagtha amach i mír 4 go dtí mír 12 más iomchuí i bhfaisnéis forbartha tráchtála nó teicneolaíocha.

Airteagal 13

Úsáid a rialú

1.   Beidh toirmeasc ar úsáid heicseafluairíd sulfair i dteilgean dísle agus in athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam.

Maidir le gléasraí ina n-úsáidtear níos lú ná 850 kg heicseafluairíd sulfair in aghaidh na bliana, maidir le teilgean dísle maignéisiam agus in athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin ach ón 1 Eanáir 2018 amach.

2.   Beidh toirmeasc ar úsáid heicseafluairíd sulfair chun boinn feithiclí a líonadh.

3.   Ón 1 Eanáir 2020, beidh toirmeasc ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, a bhfuil poitéinseal téimh dhomhagusa acu de 2 500 tona nó níos mó a úsáid chun trealamh cuisniúcháin ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 40 tona CO2 nó níos mó a sheirbhísiú nó a chothabháil.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2030:

(a)

gáis cheaptha teasa fhluairínithe athghinte ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhagusa 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh iad a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(6);

(b)

gáis cheaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte ag a bhfuil poitéinseal téimh dhomhagusa 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh iad ó threalamh den sórt sin. Ní fhéadann aon ghnóthas na gáis athchúrsáilte sin a úsáid ach amháin ar choinníoll gurbh é an gnóthas a rinne an aisghabháil mar chuid de chothabháil agus de sheirbhísiú, nó gurbh é an gnóthas a ndearnadh an aisghabháil thar a cheann mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh cuisniúcháin ar deonaíodh díolúine ina thaobh de bhun Airteagal 11(3).

Airteagal 14

Réamhluchtú trealaimh

1.   Ón 1 Eanáir 2017, ní chuirfear trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin nó teaschaidéil atá luchtaithe le hidreafluaracarbóin ar an margadh ach amháin má chuirtear na hidreafluaracarbóin a luchtaítear isteach sa trealamh sin san áireamh sa chóras cuóta dá dtagraítear i gCaibidil IV.

2.   Agus trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear i mír 1 á chur ar an margadh, áiritheoidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh go ndéanfar comhlíonadh le mír 1 a dhoiciméadú go hiomlán agus déanfaidh siad dearbhú comhlíonta a tharraingt suas ina leith sin.

Ón 1 Eanáir 2018, i gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sa trealamh ar mhargadh an Aontais sular luchtaíodh an trealamh, áiritheoidh allmhaireoirí trealaimh ar aghaidh go bhfíoraíonn iniúchóir neamhspleách cruinneas an doiciméadúcháin agus an dearbhaithe comhlíonta gach bliain faoin 31 Márta gach bliain, don bhliain féilire roimhe sin. Maidir leis an iniúchóir sin:

(a)

beidh sé creidiúnaithe de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21); nó

(b)

beidh sé creidiúnaithe chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Coinneoidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh dá dtagraítear i mír 1 an doiciméadúchán agus an dearbhú comhlíonta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis an trealamh a chur ar an margadh. Allmhaireoirí trealaimh a chuireann trealamh réamhluchtaithe ar an margadh, áiritheoidh siad, i gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sa trealamh sin ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, go bhfuil siad cláraithe de bhun phointe (e) d’Airteagal 17(1).

3.   Trí dhearbhú comhlíonta a tharraingt suas, gabhfaidh monaróirí agus allmhaireoirí dá dtagraítear i mír 1 freagracht orthu féin maidir le mír 1 agus le mír 2 a chomhlíonadh.

4.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhlíonta agus leis an bhfíorú a dhéanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

CAIBIDIL IV

LAGHDÚ AR CHAINNÍOCHT NA HIDREAFLUARACARBÓN ARNA gCUR AR AN MARGADH

Airteagal 15

Laghdú ar chainníocht na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh

1.   Áiritheoidh an Coimisiún nach rachaidh cainníocht na hidreafluaracarbón atá táirgeoirí agus allmhaireoirí i dteideal a chur ar an margadh thar an chainníocht uasta don bhliain atá i gceist a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

Áiritheoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí nach rachaidh an chainníocht fhluaracarbón a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn V a chuireann siad ar an margadh thar a gcuóta faoi leith de bhun Airteagal 16(5) nó a aistreofar chuige de bhun Airteagal 18.

2.   Ní bheidh feidhm aige maidir le táirgeoirí nó allmhaireoirí níos lú ná 100 tona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin in aghaidh na bliana.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na catagóirí hidreafluaracarbóin seo a leanas:

(a)

hidreafluaracarbóin a allmhairítear isteach san Aontas lena scriosadh;

(b)

hidreafluaracarbóin a úsáidtear mar bhunábhair a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthais le húsáid mar bhunábhar;

(c)

hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthais le honnmhairiú amach as an Aontas, i gcás nach gcuirfear na hidreafluaracarbóin sin ar fáil ina dhiaidh sin d’aon pháirtí eile laistigh den Aontas, roimh onnmhairiú;

(d)

hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir le húsáid i dtrealamh míleata;

(e)

hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthas atá á n-úsáid le heitseáil ábhair leathsheoltaigh nó le glanadh deascadh ceimiceach gaile san earnáil mhonaraithe leathsheoltaigh;

(f)

ón 1 Eanáir 2018 ar aghaidh, hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthas a tháirgeann análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sholáthar.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 16, 18, 19 agus 25 maidir le hidreafluaracarbóin atá i gcumaisc pholól.

4.   Tar éis iarraidh a dtugtar bunús léi, ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, díolúine ar feadh suas go ceithre bliana a údarú chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin a úsáidfear i bhfeidhmeanna sonracha, nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh i gcás ina léirítear:

(a)

nach bhfuil roghanna eile ar fáil ar na feidhmeanna, ar na táirgí nó ar an trealamh áirithe sin nó nach féidir iad a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta;

(b)

nach féidir soláthar leordhóthanach hidreafluaracarbón a áirithiú gan costais dhíréireacha ag baint leis.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

Airteagal 16

Leithdháileadh cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2014, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, do gach táirgeoir nó do gach allmhaireoir a rinne sonraí a thuairisciú faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006, luach tagartha bunaithe ar mheán bliantúil na gcainníochtaí hidreafluaracarbón a thuairiscigh an táirgeoir nó an t-allmhaireoir gur chuir sé ar an margadh ó 2009 go dtí 2012. Ríomhfar na luachanna tagartha i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

2.   Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí nár thuairiscigh hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 don tréimhse tagartha dá dtagraítear i mír 1 dearbhú go bhfuil rún acu hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh an bhliain dár gcionn.

Déanfar an dearbhú sin don Choimisiún, agus sonrófar ann na cineálacha hidreafluaracarbón agus na cainníochtaí a mheastar a chuirfear ar an margadh.

Eiseoidh an Coimisiún fógra maidir leis an teorainn ama ar chur isteach na ndearbhuithe sin. Sula gcuirfear isteach dearbhú de bhun mhír 2 agus mhír 4 den Airteagal seo, cláróidh gnóthais sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 17.

3.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2017 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún na luachanna tagartha a athríomh do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn mheán bhliantúil na gcainníochtaí hidreafluaracarbón a cuireadh ar an margadh go dleathach ón 1 Eanáir 2015 mar a thuairiscítear faoi Airteagal 19 i dtaca leis na blianta a bhfuil fáil orthu. Cinnfidh an Coimisiún na luachanna tagartha sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

4.   Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí ar cinneadh luachanna tagartha dóibh a dhearbhú go measfar go mbeidh cainníochtaí breise ann i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2.

5.   Leithdháilfidh an Coimisiún cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh ar gach táirgeoir agus ar gach allmhaireoir le haghaidh gach bliana ón mbliain 2015 amach, agus an sásra leithdháilte a leagtar síos in Iarscríbhinn VI á chur i bhfeidhm aige.

Ní leithdháilfear cuótaí ach amháin do na táirgeoirí nó na hallmhaireoirí atá bunaithe san Aontas, nó ag a bhfuil ionadaí sainordaithe aonair bunaithe laistigh den Aontas chun críche ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí sainordaithe de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

Comhlíonfaidh an t-ionadaí aonair na ceanglais uile ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí faoin Rialachán seo.

Airteagal 17

Clárlann

1.   Faoin 1 Eanáir 2015, cuirfidh an Coimisiún clárlann leictreonach ar bun agus áiritheoidh sé go bhfeidhmeoidh sé ar clárlann í do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh (“an chlárlann”).

Beidh clárú sa chlárlann éigeantach dóibh siúd a leanas:

(a)

táirgeoirí agus allmhaireoirí dá leithdháileadh cuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 16(5);

(b)

gnóthais a n-aistrítear cuóta chucu i gcomhréir le hAirteagal 18;

(c)

táirgeoirí agus allmhaireoirí atá a dhearbhú go bhfuil rún acu dearbhú a chur isteach de bhun Airteagal 16(2);

(d)

táirgeoirí agus allmhaireoirí a sholáthraíonn, nó gnóthais a fhaigheann hidreafluaracarbóin chun na gcríoch a liostaítear i bpointe (a) go pointe (f) den dara fomhír d’Airteagal 15(2);

(e)

allmhaireoirí trealaimh a chuireann trealamh réamhluchtaithe ar an margadh i gcás nár cuireadh na hidreafluaracarbóin sa trealamh ar an margadh roimh an trealamh sin a luchtú i gcomhréir le hAirteagal 14.

Déanfar clárúchán trí bhíthin iarratais chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagfaidh an Coimisiún amach.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, a mhéid is gá, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun dea-fheidhmiú na clárlainne a áirithiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin in Airteagal 24.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún trí bhíthin na clárlainne go gcuirfear táirgeoirí agus allmhaireoirí cláraithe ar an eolas maidir leis an gcuóta a leithdháiltear agus maidir le hathruithe don chuóta sin le linn na tréimhse leithdháilte.

4.   Beidh rochtain ag údaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis custaim, na mBallstát ar an gclárlann chun críche faisnéise.

Airteagal 18

Cuótaí a aistriú agus údarú cuótaí a úsáid chun hidreafluaracarbóin i dtrealamh allmhairithe a chur ar an margadh

1.   Féadfaidh aon táirgeoir nó aon allmhaireoir ar cinneadh luach tagartha ar a shon de bhun Airteagal 16(1) nó (3) agus dá leithdháileadh cuóta i gcomhréir le hAirteagal 16(5) an cuóta sin sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a aistriú faoi mar a bhaineann sé le gach cainníocht nó le haon chainníocht chuig táirgeoir nó allmhaireoir eile san Aontas nó chuig táirgeoir nó allmhaireoir eile a ndéanann ionadaí aonair dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír d’Airteagal 16(5) ionadaíocht thar a cheann san Aontas.

2.   Féadfaidh aon táirgeoir nó allmhaireoir atá tar éis cuóta a fháil de bhun Airteagal 16(1) agus (3) nó a n-aistríodh cuóta dó de bhun mhír 1 den Airteagal seo gnóthas eile a údarú a chuóta a úsáid chun críche Airteagal 14.

Ní fhéadfaidh aon táirgeoir nó aon allmhaireoir atá tar éis cuóta a fháil ar bhonn dearbhaithe de bhun Airteagal 16(2) gnóthas eile a údarú a chuóta a úsáid chun críche Airteagal 14 ach amháin ar choinníoll go ndéanann an táirgeoir nó an t-allmhaireoir údaraithe na cainníochtaí comhfhreagracha hidreafluaracarbón a sholáthair go fisiceach.

Chun críche Airteagal 15, Airteagal 16 agus Airteagal 19(1) agus (6) measfar gur chuir an táirgeoir nó an t-allmhaireoir údaraithe na cainníochtaí hidreafluaracarbón faoi seach ar an margadh tráth an údaraithe. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ón táirgeoir nó ón allmhaireoir údaraithe fianaise go bhfuil sé gníomhach i soláthar hidreafluaracarbón.

CAIBIDIL V

TUAIRISCIÚ

Airteagal 19

Tuairisciú maidir le táirgeadh, allmhairiú, onnmhairiú, úsáid bunábhair agus díothú na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscíbhinn II

1.   Faoin 31 Márta 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir, allmhaireoir agus onnmhaireoir a thairg, a d’allmhairigh nó a d’onnmhairigh tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus de gháis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó níos mó le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn VII maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le gnóthais a fhaigheann cuóta de bhun Airteagal 18(1).

2.   Faoin 31 Márta 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a dhíothaigh tona méadrach amháin nó 1 000 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus de gháis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó níos mó le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn VII maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

3.   Faoin 31 Márta 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a d’úsáid 1 000 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe nó níos mó mar bhunábhar le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn VII maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

4.   Faoin 31 Márta 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a chuir 500 tona de choibhéis CO2 de gháis cheaptha teasa fhluairínithe agus de gháis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó níos mó ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn VII maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

5.   Déanfaidh gach allmhaireoir trealaimh a chuireann trealamh réamhluchtaithe ar an margadh doiciméad dearbhaithe a eisíodh de bhun Airteagal 14(2) a chur faoi bhráid an Choimisiúin nuair nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sa trealamh ar mhargadh an Aontais roimh luchtú an trealaimh.

6.   Faoin 30 Meitheamh 2015 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a thuairiscíonn faoi mhír 1 10 000 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, thairis sin a áirithiú go ndéanfaidh iniúchóir neamhspleách an fhaisnéis a chinntiú. Beidh an t-iniúchóir sin:

(a)

creidiúnaithe de bhun Treoir 2003/87/CE; nó

(b)

creidiúnaithe chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann, cruinneas na sonraí a fhíorú.

Coinneoidh an gnóthas an tuarascáil fhíoraithe ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad. Cuirfear an tuairisc fhíoraithe ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dóibh.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an modh ina gcuirfear isteach na tuairiscí dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24.

8.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise a chuirfear faoina bhráid a chosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 20

Sonraí astaíochtaí a bhailiú

Cuirfidh na Ballstáit ar bun córais tuairiscithe maidir leis na hearnálacha ábhartha dá dtagraítear sa Rialachán seo, a bhfuil sé mar aidhm acu sonraí astaíochtaí, a mhéid is féidir, a fháil.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA DEIREANACHA

Airteagal 21

Athbhreithniú

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 a bhaineann le nuashonrú Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV ar bhonn Tuarascálacha Measúnaithe nua arna nglacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide nó tuarascálacha nua ó Phainéal Measúnaithe Eolaíoch (PME) Phrótacal Montréal maidir le poitéinseal téimh dhomhagusa na substaintí a liostaítear.

2.   Ar bhonn faisnéise maidir leis na gáis a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a chur ar an margadh a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 19 agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a cuireadh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 20 agus ar bhonn aon fhaisnéise ábhartha a fuarthas ó Bhallstáit, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm agus éifeacht an Rialacháin seo.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhfáil atá ar hidreafluaracarbóin ar mhargadh an Aontais.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2022, foilseoidh sé tuarascáil chuimsitheach maidir le héifeacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

réamhaisnéis maidir leis an éileamh leantach ar hidreafluaracarbóin suas go 2030 agus ón mbliain sin amach;

(b)

measúnú ar an ngá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas agus ó na Ballstáit i bhfianaise na ngealltanas idirnáisiúnta reatha agus nua maidir le laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa fhluairínithe;

(c)

forbhreathnú ar chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, ar reachtaíocht náisiúnta i ndáil leis an tsábháilteacht agus ar chóid tógála sna Ballstáit maidir leis an aistriú go cuisneáin mhalartacha;

(d)

athbhreithniú ar an bhfáil atá ar roghanna malartacha atá inchurtha i bhfeidhm go teicniúil agus cost-éifeachtach ar tháirgí agus ar threalamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe i gcomhair táirgí agus trealaimh nach liostaítear in Iarscríbhinn III, agus tíosacht ar fhuinneamh á cur san áireamh.

3.   Tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2017, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar measúnú ar an toirmeasc de bhun phointe 13 d’Iarscríbhinn III, ag díriú go háirithe ar an bhfáil ar roghanna malartacha a bheidh cost-éifeachtach, inchurtha i bhfeidhm go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh agus iontaofa, ar chórais cuisniúcháin lárnaithe ilphacáiste dá dtagraítear san fhoráil sin. I bhfianaise na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn leasú a dhéanamh ar an bhforáil de bhun phointe 13 d’Iarscríbhinn III.

4.   Tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2020, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar measúnú le fíorú an mbeidh roghanna malartacha ar fáil a bheidh cost-éifeachtach, inchurtha i bhfeidhm go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh agus iontaofa, a fhéadfar a chur in ionad gás ceaptha teasa fluairínithe i lascthrealamh nua tánaisteach meánvóltais agus i gcórais aonair bheaga nua roinnte aerchóiriúcháin agus cuirfidh sé togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   Tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2017, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar measúnú ar mhodh an leithdháilte cuótaí, lena n-áirítear an tionchar a bheadh i gceist dá leithdháilfí cuótaí saor in aisce, agus an costas a bhainfeadh leis an Rialachán seo a chur chun feidhme sna Ballstáit agus an tionchar a bheadh ag comhaontú idirnáisiúnta a d’fhéadfadh bheith ann maidir le hidreafluaracarbóin, más infheidhme. I bhfianaise na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

leasú a dhéanamh ar mhodh an leithdháilte cuótaí;

(b)

modh iomchuí a bhunú chun aon ioncam a d’fhéadfadh bheith ann a dháileadh.

6.   Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar scrúdú ar reachtaíocht an Aontais i ndáil le hoiliúint a chur ar dhaoine nádúrtha chun cuisneáin mhalartacha a láimhseáil go sábháilte d’fhonn úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a ionadú nó a laghdú agus cuirfidh sé togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais a leasú.

Airteagal 22

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 12(15) agus in Airteagal 21(1), don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 10 Meitheamh 2014. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí breise cúig bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse den sórt sin.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(15) agus in Airteagal 21(1) a chúlghairm tráth ar bith. Maidir leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(15) agus Airteagal 21(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 23

Fóram Comhairliúcháin

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht chothromaithe ionadaithe na mBallstát agus ionadaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil, ionadaithe monaróirí, oibreoirí agus daoine deimhnithe. Chun na críche sin, bunóidh sé Fóram Comhairliúcháin le go mbuailfidh na páirtithe sin lena chéile agus le go soláthróidh siad comhairle agus saineolas don Choimisiún maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil leis an bhfáil atá ar roghanna malartacha ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear na gnéithe comhshaoil, teicniúla, eacnamaíocha agus sábháilteachta dá n-úsáid. Is é an Coimisiún a bhunóidh rialacha nós imeachta an Fhóraim Comhairliúcháin agus foilseofar iad.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní mór na pionóis dá foráiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

2.   De bhreis ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1, ní leithdháilfear ach amháin leithdháileadh laghdaithe do ghnóthais a sháraigh a gcuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, a leithdháileadh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 16(5) nó a aistríodh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 18, don tréimhse leithdháilte tar éis an tsárú sin a bhrath.

200 % den mhéid a sáraíodh an cuóta a bheidh i méid an laghdaithe. Má tá méid an laghdaithe níos airde ná an méid a leithdháilfear i gcomhréir le hAirteagal 16(5) mar chuóta don tréimhse leithdháilte tar éis an tsárú a bhrath, ní leithdháilfear aon chuóta don tréimhse leithdháilte sin agus laghdófar an cuóta do na tréimhsí leithdháilte ina dhiaidh sin amhlaidh go dtí go n-aisbhainfear an méid iomlán.

Airteagal 26

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2015, gan dochar do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin sin i gcomhréir leis an gcreat ama atá leagtha síos ann.

Thairis sin, beidh feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 1493/2007, (CE) Uimh. 1494/2007, (CE) Uimh. 1497/2007, (CE) Uimh. 1516/2007, (CE) Uimh. 303/2008, (CE) Uimh. 304/2008, (CE) Uimh. 305/2008, (CE) Uimh. 306/2008, (CE) Uimh. 307/2008 agus (CE) Uimh. 308/2008 agus leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu mura ndéanann agus go dtí go ndéanann an Coimisiún iad a aisghairm le gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh de bhun an Rialacháin seo.

Déanfar tagairtí don Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 271, 19.9.2013, lch. 138.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(3)  Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1993 maidir le conclúid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 33, 7.2.1994, lch. 11).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (IO L 161, 14.6.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(6)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a úsáideann fuinneamh (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1493/2007 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2007 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhormáid don tuarascáil a bheidh le tíolacadh ag táirgeoirí, allmhaireoirí, onnmhaireoirí gás cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (IO L 332, 18.12.2007, lch. 7).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1494/2007 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2007 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, foirm na lipéad agus na ceanglais bhreise maidir le lipéadú i dtaca le táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe airithe (IO L 332, 18.12.2007, lch. 25).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1497/2007 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2007 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, na ceanglais chaighdeánacha a bhaineann le seiceálacha ar sceitheadh do chórais chosanta dóiteáin do-aistrithe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (IO L 333, 19.12.2007, lch. 4).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1516/2007 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2007 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglais chaighdeánacha a bhaineann le seiceálacha ar sceitheadh do threalamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus teaschaidéil do-aistrithe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (IO L 335, 20.12.2007, lch. 10).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 303/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach um dheimhniú cuideachtaí agus pearsanra maidir le trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus teaschaidéil do-aistrithe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe airithe (IO L 92, 3.4.2008, lch. 3).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 304/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach um dheimhniú cuideachtaí agus pearsanra maidir le córais chosanta dóiteáin do-aistrithe agus múchtóirí dóiteáin ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (IO L 92, 3.4.2008, lch. 12).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 305/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, na híoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach um dheimhniú pearsanra a aisghabhálann gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe ó lascthrealamh ardvoltais (IO L 92, 3.4.2008, lch. 17).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 306/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach um dheimhniú pearsanra a aisghabhálann tuaslagóirí gáis cheaptha teasa fhluairínithe-bunaithe ó threalamh (IO L 92, 3.4.2008, lch. 21).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 307/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, íoscheanglais do chláir oiliúna agus na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach dearbhuithe oiliúna do phearsanra i dtaca le córais aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí áirithe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe (IO L 92, 3.4.2008, lch. 25).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 308/2008 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an fhormáid maidir le cláir oiliúna agus cláir dheimhniúcháin na mBallstáit a fhógairt (IO L 92, 3.4.2008, lch. 28).

(18)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir Uimh. 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(20)  Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12).

(21)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)


IARSCRÍBHINN I

GÁIS CHEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTE (1) D’AIRTEAGAL 2

Substaint

GWP (1)

Ainm tionsclaíoch

Ainm ceimiceach

(Ainm coiteann)

Foirmle cheimiceach

Roinn 1: Hidreafluaracarbóin (HFCanna)

HFC-23

trífluarameatán

(fluarafoirm)

CHF3

14 800

HFC-32

défluarameatán

CH2F2

675

HFC-41

fluarameatán

(fluairíd mheitile)

CH3F

92

HFC-125

peinteafluaraeatán

CHF2CF3

3 500

HFC-134

1,1,2,2-teitreafluaraeatán

CHF2CHF2

1 100

HFC-134a

1,1,1,2-teitreafluaraeatán

CH2FCF3

1 430

HFC-143

1,1,2-trífluaraeatán

CH2FCHF2

353

HFC-143a

1,1,1-trífluaraeatán

CH3CF3

4 470

HFC-152

1,2-dhéfluaraeatán

CH2FCH2F

53

HFC-152a

1,1-dhéfluaraeatán

CH3CHF2

124

HFC-161

fluaraeatán

(fluairíd eitile)

CH3CH2F

12

HFC-227ea

1,1,1,2,3,3,3-heiptafluarapropáin

CF3CHFCF3

3 220

HFC-236cb

1,1,1,2,2,3-heicsafluarapropáin

CH2FCF2CF3

1 340

HFC-236ea

1,1,1,2,3,3-heicsafluarapropáin

CHF2CHFCF3

1 370

HFC-236fa

1,1,1,3,3,3-heicsafluarapropáin

CF3CH2CF3

9 810

HFC-245ca

1,1,2,2,3-peinteafluarapropáin

CH2FCF2CHF2

693

HFC-245fa

1,1,1,3,3-peinteafluarapropáin

CHF2CH2CF3

1 030

HFC-365 mfc

1,1,1,3,3-peinteafluarabútáin

CF3CH2CF2CH3

794

HFC-43-10 mee

1,1,1,2,2,3,4,5,5,5-deacafluarapeantáin

CF3CHFCHFCF2CF3

1 640

Roinn 2: Sárfhluaracarbóin (PFCanna)

PFC-14

teitreafluaraimeatán

(sárfluarameatán teitreafluairíd charbóin)

CF4

7 390

PFC-116

heicsafluaraeatán

(sárfluaraeatán)

C2F6

12 200

PFC-218

ochtafluarapropán

(sárfluarapropán)

C3F8

8 830

PFC-3-1-10

(R-31-10)

deacafluarabútán

(sárfluarabútán)

C4F10

8 860

PFC-4-1-12

(R-41-12)

dodeacafluarapeantán

(sárfluarapeantán)

C5F12

9 160

PFC-5-1-14

(R-51-14)

teitreadeacafluaraheacsán

(sárfluaraheacsán)

C6F14

9 300

PFC-c-318

ochtafluaracioglabhútán

(sárfluaracioglabhútán)

c-C4F8

10 300

Roinn 3: Comhdhúileanna sárfluairínithe eile

 

heicseafluairíd sulfair

SF6

22 800


(1)  Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.


IARSCRÍBHINN II

GÁIS CHEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE EILE ATÁ FAOI RÉIR TUAIRISCITHE I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 19

Substaint

GWP (1)

Ainm coiteann/ainm tionsclaíoch

Foirmle cheimiceach

Roinn 1: Hidrea(clóra)fluaracharbón neamhsháithithe

HFC-1234yf

CF3CF = CH2

4 Fn  (2)

HFC-1234ze

trans — CHF = CHCF3

7 Fn 2

HFC-1336mzz

CF3CH = CHCF3

9

HCFC-1233zd

C3H2ClF3

4,5

HCFC-1233xf

C3H2ClF3

1 Fn  (3)

Roinn 2: Éitir fhluairínithe agus alcóil

HFE-125

CHF2OCF3

14 900

HFE-134 (HG-00)

CHF2OCHF2

6 320

HFE-143a

CH3OCF3

756

HCFE-235da2 (iseaflurán)

CHF2OCHClCF3

350

HFE-245cb2

CH3OCF2CF3

708

HFE-245fa2

CHF2OCH2CF3

659

HFE-254cb2

CH3OCF2CHF2

359

HFE-347 mcc3 (HFE-7000)

CH3OCF2CF2CF3

575

HFE-347pcf2

CHF2CF2OCH2CF3

580

HFE-356pcc3

CH3OCF2CF2CHF2

110

HFE-449sl (HFE-7100)

C4F9OCH3

297

HFE-569sf2 (HFE-7200)

C4F9OC2H5

59

HFE-43-10pccc124 (H-Galden 1040x) HG-11

CHF2OCF2OC2F4OCHF2

1 870

HFE-236ca12 (HG-10)

CHF2OCF2OCHF2

2 800

HFE-338pcc13 (HG-01)

CHF2OCF2CF2OCHF2

1 500

HFE-347mmyl

(CF3)2CFOCH3

343

2,2,3,3,3-peinteafluaraprópanól

CF3CF2CH2OH

42

bios(trífhluaraimeitil)-meatánól

(CF3)2CHOH

195

HFE-227ea

CF3CHFOCF3

1 540

HFE-236ea2 (deasflurán)

CHF2OCHFCF3

989

HFE-236fa

CF3CH2OCF3

487

HFE-245fa1

CHF2CH2OCF3

286

HFE 263fb2

CF3CH2OCH3

11

HFE-329 mcc2

CHF2CF2OCF2CF3

919

HFE-338 mcf2

CF3CH2OCF2CF3

552

HFE-338mmzl

(CF3)2CHOCHF2

380

HFE-347 mcf2

CHF2CH2OCF2CF3

374

HFE-356 mec3

CH3OCF2CHFCF3

101

HFE-356mml

(CF3)2CHOCH3

27

HFE-356pcf2

CHF2CH2OCF2CHF2

265

HFE-356pcf3

CHF2OCH2CF2CHF2

502

HFE 365 mcf3

CF3CF2CH2OCH3

11

HFE-374pc2

CHF2CF2OCH2CH3

557

 

- (CF2)4CH (OH) -

73

Roinn 3: Comhdhúileanna sárfluairínithe eile

éitear sárfhluarapolaimeitiliseapróipile

CF3OCF(CF3)CF2OCF2OCF3

10 300

trífhluairíd nítrigine

NF3

17 200

trífluarameitil peantafluairíd sulfair

SF5CF3

17 700

sárfluaracioglopropán

c-C3F6

17 340 Fn  (4)


(1)  Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(2)  Poitéinseal Téimh Dhomhagusa de réir Thuarascáil Mheasúnaithe 2010 ó Phainéal Measúnaithe Eolaíoch (PME) Phrótacal Montréal, Táblaí 1-11, ina luaitear dhá thagairt eolaíoch phiarmheasúnaithe. http://ozone.unep.org/Assessment_Panels/SAP/Scientific_Assessment_2010/index.shtml

(3)  Luach réamhshocraithe, níl an poitéinsil téimh dhomhagusa ar fáil fós.

(4)  Íosluach de réir an Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.


IARSCRÍBHINN III

TOIRMISC DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(1) I DTACA LE CUR AR AN MARGADH

Táirgí agus trealamh

I gcás inarb ábhartha é, is i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, mar a bhforáiltear dó sin i bpointe 6 d’Airteagal 2 a ríomhfar agus GWP meascán a bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe iontu

Dáta an toirmisc

1.

Coimeádáin le haghaidh gás ceaptha teasa fluairínithe, ar coimeádáin iad nach féidir a athlíonadh agus ar gáis iad a mbaintear feidhm astu chun trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin nó teas-chaidéil, córais chosanta ar dhóiteáin nó lascthrealamh a sheirbhísiú, a chothabháil nó a líonadh, nó a mbaintear feidhm astu mar thuaslagóirí

4 Iúil 2007

2.

Córais neamhghaibhnithe galaithe neamhdhírigh a bhfuil HCFanna agus SFCanna ina gcuisneáin iontu

4 Iúil 2007

3.

Trealamh cosanta ar dhóiteáin

a bhfuil PFCanna ann

4 Iúil 2007

a bhfuil HFC-23 ann

1 Eanáir 2016

4.

Fuinneoga tí a bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe iontu

4 Iúil 2007

5.

Fuinneoga eile ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe

4 Iúil 2008

6.

Coisbhearta ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe

4 Iúil 2006

7.

Boinn ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe

4 Iúil 2007

8.

Cúir aon ábhair, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach, ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a GWP

4 Iúil 2008

9.

Gineadóirí aerasóil a chuirtear ar an margadh don ghnáthphobal lena ndíol leo chun críocha siamsaíochta agus maisithe, mar a liostaítear i bpointe 40 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus adharca fógra a bhfuil HFCanna iontu 150 GWP nó níos mó

4 Iúil 2009

10.

Cuisneoirí agus reoiteoirí tí ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a GWP

1 Eanáir 2015

11.

Cuisneoirí agus reoiteoirí le haghaidh úsáide tráchtála (trealamh go heirméiteach)

ina bhfuil HFCanna ar 2 500 nó níos mó a GWP

1 Eanáir 2020

ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomhagusa

1 Eanáir 2022

12.

Trealamh cuisniúcháin do-aistrithe a bhfuil HFCanna le GWP de 2 500 nó níos mó iontu, nó trealamh den sórt sin a bhraitheann orthu siúd lena fheidhmiú, ach amháin trealamh a bhfuil sé beartaithe é a chur ar tháirgí le go laghdófaí a dteochtaí go teochtaí níos lú ná – 50 °C

1 Eanáir 2020

13.

Córais cuisniúcháin lárnaithe ilphacáiste le haghaidh úsáide tráchtála a bhfuil acmhainn 40 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe le GWP de 150 nó níos mó, nó a mbeidh siad ag brath ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin i gcás príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide ina bhféadfar gáis cheaptha teasa fhluairínithe le GWP níos lú ná 1 500 a úsáid

1 Eanáir 2022

14.

Trealamh aerchóiriúcháin soghluaiste (trealamh atá séalaithe go heirméiteach agus gur féidir leis an úsáideoir deiridh iad a aistriú ó sheomra go seomra) ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a bpoitéinseal téimh dhomhagusa

1 Eanáir 2020

15.

Córais aonair roinnte aerchóiriúcháin ina bhfuil níos lú ná 3 kg gás ceaptha teasa fluairínithe, ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe le GWP 750 nó níos mó, nó a bhíonn ag brath ar na gáis sin lena bhfeidhmiú

1 Eanáir 2025

16.

Cúir ina bhfuil HFCanna le GWP 150 nó níos mó ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach

Polaistiréin easbhrúite (XPS)

1 Eanáir 2020

Cúir eile

1 Eanáir 2023

17.

Aerasóil theicniúla ina bhfuil HFCanna le GWP 150 nó níos mó ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna liachta

1 Eanáir 2018


IARSCRÍBHINN IV

AN MODH CHUN GWP IOMLÁN MEASCÁIN A RÍOMH

Ríomhtar agusGWP iomlán meascáin mar mheán ualaithe, díorthaithe ó shuim fachtóirí meáchain na substaintí aonair iolraithe faoina GWP, mura léirítear a mhalairt, lena n-áirítear substaintí nach gáis cheaptha teasa fhluairínithe iad.

Formula

i gcás gurb ionann % agus an t-ionchur faoi mheáchan le lamháltas meáchain de +/– 1 %.

Mar shampla: má chuirtear an fhoirmle i bhfeidhm ar chumasc gás ar 60 % d’éitear démeitile, 10 % de HFC-152a agus 30 % d’iseabútán:

Formula

→ Iomlán GWP = 13,9

Úsáidtear GWP na substaintí neamhfhluairínithe seo a leanas chun GWP meascán a ríomh. Maidir le substaintí eile nach liostaítear san Iarscríbhinn seo baineann réamh-luach de 0 leo.

Substaint

GWP (1)

Ainm Coiteann

Ainm tionsclaíoch

Foirmle Cheimiceach

meatán

 

CH4

25

ocsaíd nítriúil

 

N2O

298

éitear démheitile

 

CH3OCH3

1

clóiríd mheitiléin

 

CH2Cl2

9

clóiríd mheitile

 

CH3Cl

13

clóraform

 

CHCl3

31

eatán

R-170

CH3CH3

6

própán

R-290

CH3CH2CH3

3

bútán

R-600

CH3CH2CH2CH3

4

iseabútán

R-600a

CH(CH3)2CH3

3

peantán

R-601

CH3CH2CH2CH2CH3

5  (2)

iseapeantán

R-601a

(CH3)2CHCH2CH3

5  (2)

eatocsaeatán (éitear démeitile)

R-610

CH3CH2OCH2CH3

4

formáit mheitile

R-611

HCOOCH3

25

hidrigin

R-702

H2

6

amóinia

R-717

NH3

0

eitiléin

R-1150

C2H4

4

próipiléin

R-1270

C3H6

2

cioglpeantán

 

C5H10

5  (2)


(1)  Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(2)  Substaint nach bhfuil liostaithe ag an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, réamh-luach bunaithe ar GWPanna hidreacarbón eile.


IARSCRÍBHINN V

AN UASCHAINNÍOCHT, NA LUACHANNA TAGARTHA AGUS NA CUÓTAÍ MAIDIR LE HIDREAFLUARACARBÓIN A CHUR AR AN MARGADH A RÍOMH

Ríomhfar an uaschainníocht dá dtagraítear in Airteagal 15(1) trí na céatadáin seo a leanas a chur i bhfeidhm ar mheán bliantúil na cainníochta iomláine a chuirtear ar an margadh isteach go dtí an tAontas le linn na tréimhse 2009 go dtí 2012. Ó 2018 ar aghaidh, ríomhfar an uaschainníocht dá dtagraítear in Airteagal 15(1) trí na céatadáin seo a leanas a fheidhmiú ar mheán bliantúil na cainníochta foriomláine a cuireadh ar an margadh isteach san Aontas le linn na tréimhse ó 2009 go 2012, agus méideanna na n-úsáidí díolmhaithe, de réir Airteagal 15(2), a bhaint de sin ina dhiaidh sin, ar bhonn na sonraí atá ar fáil.

Blianta

Céatadán chun an uaschainníocht, na luachanna tagartha agus na cuótaí i dtaca le hidreafluaracarbón a chur ar an margadh a ríomh

2015

100 %

2016-17

93 %

2018-20

63 %

2021-23

45 %

2024-26

31 %

2027-29

24 %

2030

21 %

An uaschainníocht, na luachanna tagartha agus na cuótaí i dtaca le hidreafluaracarbón a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16, ríomhfar iad mar chainníochtaí comhiomlánaithe de gach cineál hidreafluaracarbón, curtha in iúl mar thona(í) de choibhéis CO2.

Maidir le ríomh na luachanna tagartha agus na gcuótaí le haghaidh hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16, beidh an ríomh sin bunaithe ar chainníochtaí na hidreafluaracarbón a chuir táirgeoirí agus allmhairithe ar an margadh san Aontas le linn tréimhse leithdháilte, ach eisiafar hidreafluaracarbóin le haghaidh na húsáide dá dtagraítear in Airteagal 15(2) le linn na tréimhse céanna, ar bhonn na sonraí atá ar fáil.

Maidir leis na hidirbhirt dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 15(2), fíorófar iad i gcomhréir le hAirteagal 19(6) beag beann ar na cainníochtaí atá i gceist.


IARSCRÍBHINN VI

AN SÁSRA LEITHDHÁILTE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 16

1.   An chainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais dár socraíodh luach tagartha faoi réir Airteagal 16(1) agus (3) a chinneadh

Gheobhaidh gach gnóthas dár socraíodh luach tagartha, cuóta ar comhréir le 89 % den luach tagartha iolraithe faoin gcéatadán atá léirithe in Iarscríbhinn V don bhliain ábhartha.

2.   An chainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú faoi réir Airteagal 16(2) a chinneadh

Dealaítear suim na gcuótaí leithdháilte faoi phointe 1 ón uaschainníocht don bhliain áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V le teacht ar an gcainníocht a bheidh le leithdháileadh do na gnóthais sin nár bunaíodh aon luach tagartha i dtaca leo agus a mbeidh dearbhú curtha isteach acu faoi Airteagal 16(2) (an chainníocht a bheidh le leithdháileadh sa chéad chéim den ríomh).

2.1.   Céim 1 den ríomh

Faigheann gach gnóthas leithdháileadh ar comhréir leis an gcainníocht a iarradh ina dhearbhú, ach ní fhaigheann sé níos mó ná sciar pro rata den chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 1.

Ríomhtar an sciar pro rata trí 100 a roinnt ar líon na ngnóthas a chuir isteach dearbhú. Baintear suim na gcuótaí a leithdháileadh i gcéim 1 ón gcainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 1 chun an chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 2 a chinneadh.

2.2.   Céim 2 den ríomh

Faigheann gach gnóthas nach bhfuil 100 % den chainníocht a iarradh ina dhearbhú i gcéim a haon faighte aige leithdháileadh breise arb ionann é agus an difríocht idir an chainníocht a iarradh agus an chainníocht a fuarthas i gcéim 1. Ní mór, áfach, an chainníocht sin a bheith níos lú ná an sciar pro rata den chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 2, nó ar aon mhéid leis.

Ríomhtar an sciar pro rata trí 100 a roinnt ar líon na ngnóthas atá incháilithe do leithdháileadh i gcéim 2. Baintear suim na gcuótaí a leithdháileadh i gcéim 2 ón gcainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 2 chun an chainníocht atá le leithdháileadh i gcéim 3 a chinneadh.

2.3.   Céim 3 den ríomh

Athdhéantar céim 2 go dtí go mbeidh na hiarrataí uile comhlíonta nó gur lú an chainníocht atá fágtha le leithdháileadh sa chéad chéim eile ná 500 tona de choibhéis CO2.

3.   An chainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú faoi réir Airteagal 16(4) a chinneadh.

Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh 2015 go dtí 2017, dealaítear suim na gcuótaí a leithdháiltear faoi phointe 1 agus faoi phointe 2 ón uaschainníocht don bhliain áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V le teacht ar an gcainníocht a bheidh le leithdháileadh ar na gnóthais sin ar bunaíodh luach tagartha i dtaca leo agus a bhfuil dearbhú curtha isteach acu faoi Airteagal 16(4).

Tá feidhm ag an sásra leithdháilte a leagtar amach faoi phointe 2.1 agus 2.2.

Maidir le leithdháileadh na gcuótaí do 2018 agus do gach bliain ina dhiaidh sin, caithfear mar an gcéanna le gnóthais a bhfuil dearbhú curtha isteach acu faoi Airteagal 16(4) is a chaithfear le gnóthais a bhfuil dearbhú curtha isteach acu faoi Airteagal 16(2).


IARSCRÍBHINN VII

SONRAÍ LE TUAIRISCIÚ DE BHUN AIRTEAGAL 19

1.

Tuairisceoidh gach táirgeoir dá dtagraítear in Airteagal 19(1) an méid seo a leanas:

(a)

cainníocht iomlán gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a tháirg sé san Aontas, lena sainítear na príomhchatagóirí feidhmithe ina n-úsáidtear an tsubstaint;

(b)

cainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, nuair is infheidhme, in Iarscríbhinn II a chuir sé ar an margadh san Aontas, agus déanfar sonrú go leithleach ar na cainníochtaí sin a cuireadh ar an margadh lena n-úsáid mar bhunábhar, onnmhairí díreacha, táirgeadh análóirí dáileog méadraithe a ndáiltear comhábhair chógasaíochta leo, úsáid i dtrealamh míleata nó úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra agus i nglanadh guasán deascaidh gaile ceimiceáin laistigh den earnáil um dhéantúsaíocht leathsheoltóirí;

(c)

cainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a athchúrsáladh, a athshlánaíodh agus a scroiseadh faoi seach;

(d)

aon stoiceanna atá ina sheilbh ag tús na tréimhse tuairiscithe;

(e)

aon údarú chun cuóta a úsáid, lena sonraítear cáinníochtaí ábhartha, chun críche Airteagal 14.

2.

Tuairisceoidh gach allmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ar an méid seo a leanas:

(a)

cainníocht gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, nuair is infheidhme, in Iarscríbhinn II, a d’allmhairigh sé isteach san Aontas, agus na príomhchatagóirí cur chun feidhme ina n-úsáidtear na substaintí á sainaithint aige, agus déanfar sonrú go leithleach ar na cainníochtaí sin a cuireadh ar an margadh lena scriosadh, lena n-úsáid mar bhunábhar, onnmhairí díreacha, athphacáistiú, táirgeadh análóirí dáileog méadraithe a ndáiltear comhábhair chógasaíochta leo, úsáid i dtrealamh míleata agus úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh guasán deascaidh gaile ceimiceáin laistigh den earnáil um dhéantúsaíocht leathsheoltóirí;

(b)

cainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a athchúrsáladh, a athshlánaíodh agus a scriosadh, faoi seach;

(c)

aon údarú chun cuótaí a úsáid, lena sonraítear na cainníochtaí ábhartha, chun críche Airteagal 14;

(d)

aon stoic a bhí ina sheilbh ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

3.

Tuairisceoidh gach allmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ar an méid seo a leanas:

(a)

cainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a d’onnmhairigh sé as an Aontas seachas substaintí a bhí le hathchúrsáil, le hathshlánú nó le scriosadh;

(b)

cainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a d’onnmhairigh sé a bhí le hathchúrsáil, le hathshlánú nó le scriosadh, faoi seach.

4.

Tuairisceoidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) ar an méid seo a leanas:

(a)

cainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a scriosadh, lena n-áirítear cainníochtaí na substaintí sin atá i dtáirgí nó i dtrealamh;

(b)

stoic gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II atá le scriosadh, lena n-áirítear cainníochtaí atá i dtáirgí nó i dtrealamh;

(c)

an teicneolaíocht a úsáideadh do scriosadh na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

5.

Tuairisceoidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 19(3) ar chainníochtaí gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáidtear mar bhunábhar.

6.

Tuairisceoidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 19(4) ar an méid seo a leanas:

(a)

catagóirí na dtáirgí nó an trealaimh ina bhfuil na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II;

(b)

líon na n-aonad;

(c)

cainníocht ar bith de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II atá sna táirgí nó sa trealamh.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 842/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 3(2), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1), (2) agus (3)

Airteagal 3(2), an dara fomhír

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 3(2), an tríú fomhír

Airteagal 3(3)

Airteagal 5(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(3)

Airteagal 3(5)

Airteagal 4(4)

Airteagal 3(6)

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 3(7)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 10(5) agus (12)

Airteagal 5(2), an chéad abairt

Airteagal 10(1), (2) agus (6)

Airteagal 5(2), an dara habairt

Airteagal 10(10), an chéad fhomhír

Airteagal 5(2), an tríu abairt

Airteagal 10(10), an dara fomhír

Airteagal 5(3)

Airteagal 3(4), an chéad fhomhír agus Airteagal 10(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 11(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 10(13)

Airteagal 6(1)

Airteagal 19(1) agus Iarscríbhinn VII

Airteagal 6(2)

Airteagal 19(7)

Airteagal 6(3)

Airteagal 19(8)

Airteagal 6(4)

Airteagal 20 agus Airteagal 6(2)

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 12(1), an chéad abairt

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír, an dara agus an tríú habairt

Airteagal 12(2), (3) agus (4)

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 12(13)

Airteagal 7(2)

Airteagal 12(1), an dara habairt

Airteagal 7(3), an chéad abairt

Airteagal 12(14)

Airteagal 7(3), an dara habairt

Airteagal 12(15)

Airteagal 8(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10

Airteagal 21(2)

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 24

Airteagal 13(1)

Airteagal 25(1), an chéad fhomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 25(1), an dara fomhír

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 27

Iarscríbhinn I — Cuid 1

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I — Cuid 2

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III