ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.354.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
28 Nollaig 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle

22

 

*

Rialachán (AE) Uimh 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 ( 2 )

62

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 ( 2 )

73

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1383/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach 2013-17 ( 3 )

84

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1384/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive

85

 


 

(1)   Faoin tagairt L 354 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

 

(3)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1379/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Cumhdaíonn raon feidhme an Chomhbheartais Iascaigh ("CBI") bearta a bhaineann leis leis na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas. Cuid dhílis de CBI is ea comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ("CEM") agus ba cheart í a bheith ina cuidiú le cuspóirí an chomhbheartais a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil CBI á athbhreithniú, ba cheart CEM a oiriúnú dá réir.

(2)

Is gá Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (4) a athbhreithniú chun easnaimh a braitheadh i gcur chun feidhme na bhforálacha atá i bhfeidhm faoi láthair, athruithe a tharla le déanaí i margaí an Aontais agus i margaí an domhain, agus forás gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur san áireamh.

(3)

Tá ról fíorthábhachtach ag cúrsaí iascaireachta i ngeilleagair réigiúin chósta an Aontais, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí. Ós rud é gcuireann sí slí bheatha ar fáil d'iascairí sna réigiúin sin, ba cheart bearta a dhéanamh chun cobhsaíocht an mhargaidh agus comhghaol níos dlúithe idir soláthar agus éileamh a chothú.

(4)

Ba cheart forálacha CEM a chur chun feidhme i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe ó thaobh a ghealltanas faoi fhorálacha na hEagraíochta Trádála Domhanda. Agus táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe á dtrádáil le tríú tíortha, ba cheart na coinníollacha i ndáil le hiomaíochas cothrom a áirithiú, go háirithe trí inbhuanaitheacht a urramú agus trí caighdeáin shóisialta a chur i bhfeidhm atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí an Aontais a urramú.

(5)

Tá sé tábhachtach go mbainisteofar CEM de réir phrionsabail dea-rialachais CBI

(6)

Chun go mbeidh rath ar CEM, tá sé riachtanach go mbeidh tomhaltóirí ar an eolas, trí fheachtais margaíochta agus oideachais, mar gheall ar an luach atá le hiasc a ithe agus an éagsúlacht leathan speiceas atá ar fáil, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis an eolas atá ar lipéid a thuiscint.

(7)

Is iad na heagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus na heagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe ("eagraíochtaí táirgeoirí") na príomhghníomhaithe ó thaobh cuspóirí CBI a bhaint amach agus bainistíu cuí CEM de. Dá bhrí sin, is gá freagrachtaí na n-eagraíochtaí sin a neartú agus an tacaíocht airgeadais is gá a chur ar fáil ionas go mbeadh ról níos suntasaí acu i leith bhainistíocht na n-iascach ó lá go lá, agus an creat a shainítear le cuspóirí CBI á urramú. Is gá, chomh maith, a áirithiú go rachaidh a mbaill i mbun gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe ar bhealach inbhuanaithe, go bhfeabhasóidh siad an chaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go mbaileoidh siad faisnéis eacnamaíoch faoi dhobharshaothrú agus go ndéanfaidh siad iarracht feabhas ar a n-ioncam. Agus iad ag féachaint leis na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart d'eagraíochtaí táirgeoirí dálaí éagsúla na hearnála iascaigh agus na hearnála dobharshaothraithe san Aontas a chur san áireamh, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, sainiúlachtaí iascaigh mhionscála agus dobharshaothraithe fhairsing go háirithe. Ba cheart go bhféadfadh údaráis inniúla náisiúnta freagracht a ghlacadh as cur i bhfeidhm na gcuspóirí sin, ag obair go dlúth le heagraíochtaí táirgeoirí maidir le saincheisteanna bainistíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cuótaí a leithdháileadh agus bainistiú na hiarrachta iascaireachta, ag brath ar riachtanais gach iascach ar leith.

(8)

Ba cheart bearta a ghlacadh chun rannpháirtíocht iomchuí, ionadaíoch táirgeoirí ar scála beag a spreagadh.

(9)

Chun iomaíochas agus inmharthanacht na n-eagraíochtaí táirgeoirí a neartú, ba cheart critéir chuí le haghaidh a mbunú a shainiú go soiléir.

(10)

Eagraíochtaí idirchraoibhe ina bhfuil catagóirí éagsúla oibreoirí san earnáil iascaigh agus san earnáil dhobharshaothraithe, d'fhéadfaidís cuidiú le feabhas a chur ar chomhordú gníomhaíochtaí margaíochta feadh an tslabhra soláthair agus le bearta a bheadh le leas na hearnála ina hiomláine a fhorbairt.

(11)

Is iomchuí coinníollacha coiteanna a leagan síos maidir leis na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint, maidir leis na rialacha arna nglacadh ag na heagraíochtaí táirgeoirí agus ag na heagraíochtaí idirchraoibhe a shíneadh, agus maidir leis na costais a eascraíonn as síneadh dá leithéid a roinnt. Ba cheart síneadh na rialacha a bheith faoi réir údarú ón gCoimisiún.

(12)

Ó tharla gur comhacmhainní iad stoic éisc, is fusa, i gcásanna áirithe, d'eagraíochtaí táirgeoirí ina bhfuil comhaltaí ó Bhallstáit éagsúla agus ó réigiúin éagsúla iad a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe éifeachtúil. Dá bhrí sin, is gá freisin cur ar bun eagraíochtaí agus comhlachais táirgeoirí ar an leibhéal náisiúnta nó trasnáisiúnta a spreagadh bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar réigiúin bhithgheografaíochta. Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí den sórt sin ina gcomhpháirtíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu comhrialacha agus rialacha ceangaltacha a leagan síos, agus cothrom na féinne a chur ar fáil do gach geallsealbhóir atá ag gabháil don iascach. Le linn eagraíochtaí den sórt sin a chur ar bun, tá sé riachtanach a áirithiú go leanfaidh siad de bheith faoi réir na rialacha iomaíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus go bhfuil ndéantar an riachtanas go gcoimeádfar ar bun an nasc idir pobail chósta aonair agus na hiascaigh agus na huiscí a ndearna siad dúshaothrú orthu go stairiúil a urramú.

(13)

Ba cheart don Choimisiún bearta tacúla a spreagadh chun rannpháirtíocht na mban a chothú in eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe.

(14)

Ionas go mbeidh eagraíochtaí táirgeoirí in ann a gcuid ball a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe inbhuanaithe, ba cheart do na heagraíochtaí táirgeoirí plean margaíochta a shainiú ina bhfuil na bearta is gá chun cuspóirí na heagraíochta táirgeora lena mbaineann a bhaint amach a ullmhú agus a chur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát.

(15)

Chun cuspóirí CBI a bhaint amach i ndáil le hábhar muirí a chaitheamh ar ais san fharraige, tá fíorghá le húsáid fhorleathan a dhéanamh d'fhearas roghnaitheach iascaireachta a chuirfidh cosc ar iasc faoi-mhéid a bheith gafa.

(16)

Ó tharla gur deacair gníomhaíochtaí iascaigh a thuar, is iomchuí sásra a bhunú chun táirgí iascaigh atá ceaptha lena gcaitheamh ag daoine a stóráil d'fhonn breis cobhsaíochta a chothú sa mhargadh agus an brabús a thugann táirgí a mhéadú, go háirithe trí bhreisluach a chruthú. Ba cheart don sásra seo a bheith ina cuidiú le margaí áitiúla an Aontais a chobhsú agus a chóineasú d'fhonn cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach.

(17)

D'fhonn éagsúlacht praghsanna ar fud an Aontais a chur san áireamh, ba cheart gach eagraíocht táirgeoirí a bheith i dteideal moladh a dhéanamh maidir leis an bpraghas ag a gcuirfí ar obair an tsásra stórála. Ba cheart an truicearphraghas sin a shocrú sa tslí go gcoinneofar iomaíochas sláintiúil agus cothrom ar bun idir na hoibreoirí.

(18)

Ba cheart go bhfágfadh cur ar bun agus cur i bhfeidhm comhchaighdeán margaíochta go soláthrófaí táirgí inbhuanaithe don mhargadh, go mbainfí an leas is mó is féidir as an margadh inmheánach i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, agus go n-éascófaí gníomhaíochtaí margaidh atá bunaithe ar iomaíocht chothrom, agus ar an dóigh sin feabhas a chur ar acmhainn brabúis an táirgthe. Chuige sin, ba cheart go leanfadh na caighdeáin margaíochta atá ann cheana d'fheidhm a bheith acu.

(19)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a allmhairítear isteach i margadh an Aontais na ceanglais agus na caighdeáin chéanna margaíochta a chaithfidh táirgeoirí an Aontais a chomhlíonadh.

(20)

Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, ba cheart go gcomhlíonfaí le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chuirtear ar mhargadh an Aontais, na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht agus sláinteachas bia, gan aird ar a dtír thionscnaimh.

(21)

D'fhonn a chur ar chumas tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, is gá faisnéis shoiléir, chuimsitheach a chur ar fáil dóibh maidir le, inter alia, tionscnamh agus modh táirgthe na dtáirgí.

(22)

Le húsáid lipéid éiceolaíochta le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, cibé acu an laistigh den Aontas nó lasmuigh de a thionscnaítear iad, tugtar an deis faisnéis shoiléir ar inbhuanaitheacht éiceolaíoch táirgí den sórt sin a chur ar fáil. Mar sin, tá sé riachtanach go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú an féidir critéir íosta a fhorbairt agus a bhunú chun éicilipéid a fhorbairt ar fud an Aontais do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

(23)

Chun críche chosaint an tomhaltóra, ba cheart d'údaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorfheidhmiú úsáid iomlán a bhaint as an teicneolaíocht atá ar fáil, lena n-áirítear tástáil ADN, d'fhonn oibreoirí a dhíspreagadh ó lipéad bréagach a chur ar ghabhálacha.

(24)

Na rialacha iomaíochta a bhaineann le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgeadh nó margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, a mhéid nach gcuireann a gcur i bhfeidhm bac ar fheidhmiú CEM nó nach gcuireann a gcur i bhfeidhm baint amach na gcuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 39 CFAE i mbaol.

(25)

Is iomchuí rialacha iomaíochta a leagan síos a bheadh infheidme maidir le táirgeadh agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ag cur san áireamh saintréithe na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear an earnáil a bheith ilroinnte, éisc a bheith ina gcomhacmhainn agus líon mór na n-allmhairí, ar cheart a bheith faoi réir na rialacha céanna agus atá táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais. Ar mhaithe le simpliú, ba cheart forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle (5). a ionchorprú sa Rialachán seo. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm a thuilleadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

(26)

Is gá feabhas a chur ar bhailiú, proiseáil agus scaipeadh na faisnéise eacnamaíche faoi na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

(27)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na teorainneacha ama, na nósanna imeachta agus modh chur i bhfeidhm chun táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint agus chun aitheantas den sórt sin a aistarraingt, maidir le formáidí, teorainneacha ama agus nósanna imeachta na mBallstát chun cinntí maidir le haitheantas a dheonú nó a aistarraingt a chur in iúl, maidir le formáid agus nós imeachta i dtaca le fógra ag na Ballstáit faoi na rialacha atá ina gceangal ar tháirgeoirí agus ar oibreoirí uile, maidir le formáid agus struchtúr na bpleananna táirgeachta agus margaíochta, chomh maith leis an nós imeachta agus na teorainneacha ama chun iad a thíolacadh agus iad a fhormheas, maidir le formáid foilseachán na bpraghsanna truicir ag na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(28)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 a aisghairm. Mar sin féin, chun leanúnachas a áirithiú maidir le faisnéis tomhaltóra a sholáthar, ba cheart go leanfadh Airteagal 4 d'fheidhm a bheith aige go dtí 12 Nollaig 2014.

(29)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialachán seo, eadhon comheagrú margaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit mar gheall ar chineál coiteann an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus gur fearr is féidir, i ngeall ar a scála agus ar a éifeachtaí agus toisc go bhfuil gá le tuilleadh comhghníomhaíochta, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, amhail a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, amhail a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis seo comheagrú margaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (CEM).

2.   Is éard a bheidh i CEM na heilimintí seo a leanas:

(a)

eagraíochtaí gairmiúla;

(b)

caighdeáin mhargaíochta;

(c)

faisnéis do thomhaltóirí;

(d)

rialacha iomaíochta

(e)

faisnéis faoin margadh.

3.   Déanfar CEM a fhorlíonadh i ndáil le gnéithe seachtracha le Rialachán (AE) Uimh. 1220/2012 ón gComhairle an 3 Nollaig 2012 (7), agus le Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

4.   Beidh tacaíocht airgeadais ar fáil ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme CEM i gcomhréir le gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais amach anseo lena mbunófar na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais don bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag CEM maidir leis na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táirgí iad a mhargaítear san Aontas.

Airteagal 3

Cuspóirí

Is iad cuspóirí CEM na cuspóirí sin a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Airteagal 4

Prionsabail

Beidh mar threoir ag CEM prionsabail an dea-rialachais a leagtar síos in Airteagal 3 de de Rialachán (AE) 1380/2013.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1380/2013, chomh maith leis na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (10), in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus óngComhairle (12), agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn "táirgí iascaigh" orgánaigh uisceacha ar toradh aon ghníomhaíochta iascaigh iad nó táirgí a dhíorthaítear uathu, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

(b)

ciallaíonn "táirgí dobharshaothraithe" orgánaigh uisceacha, ag aon chéim dá saolré, ar toradh aon ghníomhaíochta dobharshaothraithe iad nó táirgí a dhíorthaítear uathu, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

(c)

ciallaíonn "táirgeoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann modh táirgthe chun táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fháil d'fhonn iad a chur ar an margadh.

(d)

ciallaíonn "an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe" an earnáil den gheilleagar a chuimsíonn gach gníomhaíocht táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe;

(e)

ciallaíonn "cur ar fáil ar an margadh" aon soláthar de tháirge iascaigh nó dobharshaothraithe atá ceaptha lena dháileadh, lena chaitheamh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

(f)

ciallaíonn "cur ar an margadh" an chéad uair a chuirtear táirge iascaigh nó dobharshaothraithe ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(g)

ciallaíonn "miondíol" láimhseáil agus/nó próiseáil bhia agus é a stóráil ag an bpointe díola leis an tomhaltóir deiridh nó ag an bpointe seachadta ar an tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear críochfoirt dáilte, oibríochtaí lónadóireachta, ceaintíní monarchan, lónadóireacht in institiúidí, bialanna agus oibríochtaí comhchosúla eile seirbhísí bia, siopaí, ionaid dáilte ollmhargaí agus asraonta mórdhíola;

(h)

ciallaíonn "táirge iascaigh agus dobharshaothraithe réamhphacáilte" táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar "bia réamhphacáilte" iad de réir mar a dtagraítear dóibh i bpointe (e) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1169/2011.

CAIBIDIL II

EAGRAÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA

ROINN I

Bunú, cuspóirí agus bearta

Airteagal 6

Eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe a bhunú

1.   Féadfar eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe ("eagraíochtaí táirgeoirí") a bhunú mar ghrúpa ar thionscnamh ó tháirgeoirí táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe, i mBallstát amháin nó níos mó agus iad a aithint i gcomhréir le Roinn II.

2.   I gcás inarb iomchuí, déanfar staid shonrach táirgeoirí iascaigh cladaigh ar scála beag a chur san áireamh chun eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú, i gcás inarb iomchuí.

3.   Féadfar eagraíocht táirgeoirí a bhunú mar ghníomhaíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe más comheagrú í a dhéanann ionadaíocht ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe araon.

Airteagal 7

Cuspóirí eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Saothróidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh na cuspóirí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí inmharthana agus inbhuanaithe iascaireachta a chur chun cinn ar gníomhaíochtaí iad arna ndéanamh ag a gcuid ball agus an beartas comhshaoil á chomhlíonadh ina iomláine, go háirithe de réir mar a leagtar síos é, i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus sa dlí comhshaoil, agus an beartas sóisialta á urramú ag an am céanna. I gcás ina ndéanann an Ballstát lena mbaineann foráil don mhéid sin, beidh an eagraíocht táirgeoirí iascaigh rannpháirteach freisin i mbainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara.

(b)

gabhálacha stoc tráchtála nach bhfuil de dhíth a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus, i gcás inar gá, an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na gabhálacha sin, gan margadh a chruthú dóibh siúd atá faoin íosmhéid tagartha caomhantais, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(c)

rannchuidiú le hinrianaitheacht táirgí iascaigh agus rochtain ar fhaisnéis shoiléir, chuimsitheach do thomhaltóirí.

(d)

rannchuidiú le deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

2.   Saothróidh eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe na cuspóirí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn ar gníomhaíochtaí iad arna ndéanamh ag a gcuid ball trí dheiseanna a chur ar fáil le haghaidh fhorbairt na ngníomhaíochtaí sin agus an beartas comhshaoil agus, gó háirithe, agus go háirithe de réir mar a leagtar síosRialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á chomhlíonadh ina iomláine agus laistigh de dhlí comhshaoil, agus an beartas sóisialta á urramú;

(b)

a fháil amach cibé an bhfuil gníomhaíochtaí a mball ag teacht leis na pleananna náisiúnta straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go dtagann táirgí beatha dobharshaothraithe de bhunadh iascaigh ó iascaigh atá á mbainistiú go hinbhuanaithe.

3.   I dteannta na gcuspóirí atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 2, saothróidh na heagraíochtaí táirgeoirí dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a gcuid ball ar an margadh;

(b)

feabhas a chur ar shochair eacnamaíocha;

(c)

na margaí a chobhsú;

(d)

rannchuidiú leis an soláthar bia agus ardcháilíocht bia agus ardchaighdeáin sábháilteachta a chur chun cinn; agus ag an am céanna rannchuidiú le fostaíocht sna limistéir feadh an chósta agus faoin tuath;

(e)

tionchar comhshaoil na hiascaireachta a laghdú, lena n-áirítear trí bhearta chun feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh iascaireachta.

4.   Féadfaidh na heagraíochtaí táirgeoirí cuspóirí comhlántacha eile a shaothrú.

Airteagal 8

Bearta a d'fhéadfadh eagraíochtaí táirgeoirí a úsáid

1.   Chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 7 a bhaint amach, féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí úsáid a bhaint as, inter alia, na bearta seo a leanas:

(a)

táirgeadh a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh;

(b)

soláthar agus margaíocht tháirgí a mball a threorú;

(c)

táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais dá gcuid ball a chur chun cinn ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trí úsáid a bhaint mar shampla as féidearthacht an deimhnithe, go háirithe sonrúcháin tionscnaimh, séalaí cáilíochta, sonrúcháin geografacha, speisaltachtaí traidisúnta atá ráthaithe, agus fiúntas táirgí ó thaobh inbhuanaitheachta de;

(d)

gníomhaíochtaí a gcuid ball a rialú agus bearta comhlíonta a ghlacadh i ndáil leis na rialacha arna mbunú ag an eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann agus rialú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin.

(e)

gairmoiliúint agus cláir chomhair a chur chun cinn chun daoine óga a spreagadh chun dul isteach san earnáil;

(f)

tionchar comhshaoil na hiascaireachta a laghdú, lena n-áirítear trí bhearta chun feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh iascaireachta;

(g)

úsáid na teicneolaíochta faisnéise cumarsáide a chur chun cinn chun feabhas a chur ar mhargaíocht agus ar phraghsanna;

(h)

rochtain tomhaltóirí ar fhaisnéis maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a éascú.

2.   Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh úsáid a bhaint freisin as na bearta seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí iascaireachta a gcuid ball a chomhphleanáil agus a chomhbhainistiú as láimh a chéile, faoi réir eagrú bhainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara ag na Ballstáit, lena n-áirítear bearta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú agus chun comhairle a thabhairt d'údaráis inniúla;

(b)

na gabhálacha nach bhfuil de dhíth a sheachaint agus a íoslaghdú trí bheith bainteach le forbairt agus cur i bhfeidhm beart teicniúil, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na gabhálacha stoc tráchtála nach bhfuil de dhíth gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoin íosmhéid tagartha caomhantais, i gcomhréir le hAirteagal 15(11) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 34(2) den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí;

(c)

stóráil shealadach do tháirgí iascaigh a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 30 agus Airteagal 31 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe úsáid a bhaint freisin as na bearta seo a leanas:

(a)

gníomhaíochta dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe a fhad a bhaineann siad le cosaint an chomhshaoil, le sláinte ainmhithe agus le leas ainmhithe.

(b)

faisnéis a bhailiú faoi na táirgí a mhargaítear, lena n-áirítear faisnéis eacnamaíoch faoi chéad-díolacháin agus faoi thuartha táirgeachta;

(c)

faisnéis maidir leis an gcomhshaol a bhailiú;

(d)

bainistiú gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a gcuid ball a phleanáil; agus

(e)

tacú le cláir le haghaidh daoine gairmiúla chun táirgí dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn.

Airteagal 9

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú

1.   Féadfar comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú ar thionscnamh ó eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta i mBallstáit amháin nó níos mó.

2.   Forálacha an Rialacháin seo atá infheidhme maidir le heagraíochtaí táirgeoirí, beidh feidhm acu maidir le comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí freisin mura sonraítear a mhalairt.

Airteagal 10

Cuspóirí na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Saothróidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí na cuspóirí seo a leanas:

(a)

aon cheann de na cuspóirí de chuid na n-eagraíochtaí táirgeoirí ar baill iad atá leagtha síos in Airteagal 7, a fheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla agus inbhuanaithe;

(b)

comhordú agus forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhleasa bhall na n-eagraíochtaí táirgeoirí.

2.   Beidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais i gcomhréir le gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais amach anseo lena mbunófar na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais don bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

Airteagal 11

Eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú

Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe, féadfar iad a bhunú ar thionscnamh ó oibreoirí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar a dtionscnamh féin i mBallstát amháin nó níos mó agus féadfar iad a aithint i gcomhréir le Roinn II.

Airteagal 12

Cuspóirí eagraíochtaí idirchraoibhe

Cuirfidh na heagraíochtaí idirchraoibhe feabhas ar chomhordú chur ar fáil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar mhargadh an Aontais agus ar na coinníollacha faoina gcuirtear ar fáil iad.

Airteagal 13

Na bearta is féidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a úsáid

Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 12 a bhaint amach, féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe úsáid a bhaint as na bearta seo a leanas:

(a)

conarthaí caighdeánacha a luíonn le reachtaíocht an Aontais a tharraingt suas;

(b)

táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a chur chun cinn ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trí úsáid a bhaint, mar shampla, deimhniúchán, go háirithe sonrúcháin tionscnaimh, séalaí cáilíochta, sonrúcháin geografacha, speisaltachtaí traidisúnta atá ráthaithe, agus fiúntas táirgí ó thaobh inbhuanaitheachta de;

(c)

rialacha a leagan síos maidir le táirgeadh agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar rialacha iad atá níos déine ná na rialacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta;

(d)

feabhas a chur ar an táirgeadh agus ar an margadh ó thaobh cáilíochta, eolais, agus trédhearcachta de, chomh maith le gníomhaíochtaí gairmiúla agus gairmoiliúna a dhéanamh, mar shampla maidir le cúrsaí cáilíochta agus inrianaitheachta, maidir le sábháilteacht bia agus chun tionscnaimh taighde a spreagadh;

(e)

taighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh, agus teicnící a fhorbairt chun go bhfeidhmeoidh an margadh ar an mbealach is fearr is féidir, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide chomh maith le sonraí socheacnamaíocha a bhailiú;

(f)

an fhaisnéis is gá a sholáthar agus an taighde is gá a dhéanamh chun soláthairtí a sheachadadh a chomhfhreagróidh do riachtanais an mhargaidh agus d'ionchais tomhaltóirí ó thaobh méid, cáilíochta agus praghais de;

(g)

speicis arna saothrú ó stoic éisc shláintiúla atá i riocht inbhuanaithe, ag a bhfuil luach cothaithe suntasach agus nach gcaitear go forleathan a chur chun cinn i measc tomhaltóirí;

(h)

gníomhaíochtaí a gcuid ball a rialú agus bearta comhlíonta a ghlacadh i ndáil leis na rialacha arna mbunú ag an eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann.

ROINN II

Aitheantas

Airteagal 14

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas mar eagraíochtaí a thabhairt do gach grúpa a cuireadh ar bun ar thionscnamh ó tháirgeoirí iascaigh nó dobharshaothraithe a iarrann an t-aitheantas sin, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(a)

go gcomhlíonann siad na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 17 agus na rialacha a glacadh chun na prionsabail sin a chur i bhfeidhm;

(b)

go bhfuil siad gníomhach a ndóthain go heacnamaíoch ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, nó ar chuid di, go háirithe maidir le líon na mball nó maidir leis an méid táirgeachta is inmhargaithe;

(c)

go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil siad bunaithe ann agus go bhfuil a gceanncheathrú oifigiúil ar a chríoch;

(d)

go bhfuil siad in ann na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 7 a shaothrú;

(e)

go gcomhlíonann siad na rialacha iomaíochta dá dtagraítear i gCaibidil V;

(f)

nach ndéanann siad mí-úsáid a bhaint as seasamh ceannasach sa mhargadh; agus

(g)

go gcuireann siad sonraí ábhartha ar fáil faoina mballraíocht, faoina rialachas agus faoina bhfoinsí maoinithe.

2.   Na heagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas acu roimh 29 Nollaig 2013, measfar gurb eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad chun críocha an Rialacháin seo agus beidh siad faoi cheangal a fhorálacha.

Airteagal 15

Tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí táirgeoirí

Maidir le bearta margaíochta le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhfuil sé d'aidhm acu eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú nó a athstruchtúrú, féadfar tacaíocht airgeadais a thabhairt i gcomhréir le gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais amach anseo lena mbunófar na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais don bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

Airteagal 16

Eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas mar eagraíocht idirchraoibhe a thabhairt do gach grúpa oibreoirí, atá bunaithe ar a gcríoch agus a dhéanann iarratas ar an aitheantas sin, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(a)

go gcomhlíonann siad na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 17 agus na rialacha a glacadh chun na prionsabail sin a chur i bhfeidhm;

(b)

go ndéanann siad cion sonrach den ghníomhaíocht táirgthe agus ceann amháin de na gníomhaíochtaí próiseála agus na gníomhaíochtaí margaíochta nó iad araon, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó táirgí a phróiseáiltear as táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(c)

nach bhfuil siad féin ag gabháil do tháirgeadh, próiseáil ná margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó táirgí a phróiseáiltear as táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(d)

go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, go bhfuil siad bunaithe ann agus go bhfuil a gceanncheathrú oifigiúil sa chríoch sin;

(e)

go bhfuil siad ábalta na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 12 a chur i gcrích;

(f)

go gcuireann siad leas na dtomhaltóirí san áireamh;

(g)

nach gcuireann siad bac ar dhea-fheidhmiú CEM; agus

(h)

go gcomhlíonann siad na rialacha iomaíochta is infheidhme.

2.   Maidir leis na heagraíochtaí a bunaíodh roimh 29 Nollaig 2013, féadfar iad a aithint mar eagraíochtaí idirchraoibhe chun críocha an Rialacháin seo ar an gcoinníoll go bhfuil an Ballstát lena mbaineann sásta go gcomhlíonann siad forálacha an Rialacháin seo i ndáil le heagraíochtaí idirchraoibhe.

3.   Na heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas acu roimh 29 Nollaig 2013, measfar gurb eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta iad chun críocha an Rialacháin seo agus go bhfuil siad faoi cheangal a fhorálacha.

Airteagal 17

Feidhmiú inmheánach eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe

Beidh feidhmiú inmheánach eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 16 bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann na baill na rialacha a ghlac an eagraíocht i dtéarmaí saothrú, táirgeadh agus margaíocht iascaigh;

(b)

nach ndéantar idir-dhealú ar bith idir na baill, go háirithe bunaithe ar náisiúntacht nó áit bunaithe;

(c)

go ndéantar ranníocaíocht airgeadais a thobhach ar a mbaill chun an eagraíocht a mhaoiniú;

(d)

feidhmiú daonlathach lena gcuirtear ar cumas na mball dianscrúdú a dhéanamh ar a n-eagraíocht agus ar na cinntí a dhéanann sí;

(e)

go ndéantar pionóis átá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a fhorchur le haghaidh shárú na n-oibleagáidí faoi rialacha inmheánacha na heagraíochta lena mbaineann, go háirithe i gcás neamhíocaíocht na ranníocaíochtaí airgeadais;

(f)

go ndéantar na rialacha maidir le cead isteach ball nua agus le baill a tharraingt siar a shainmhíniú;

(g)

go ndéantar na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha atá riachtanach chun an eagraíocht a bhainistiú a shainmhíniú.

Airteagal 18

An t-aitheantas a thugann na Ballstáit a sheiceáil agus a tharraingt siar

1.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha tráthrialta chun a fhíorú go bhfuil eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le haitheantas atá leagtha síos in Airteagal 14 agus in Airteagal 16 faoi seach. Féadfar aitheantas a tharraingt siar mar thoradh ar chinneadh gur tharla neamhchomhlíonadh.

2.   Maidir leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú oifigiúil eagraíochta táirgeoirí nó eagraíochta idirchraoibhe a bhfuil baill as Ballstáit éagsúla aici, nó maidir le comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta i mBallstáit éagsúla, bunóidh siad, i gcomhar leis na Ballstáit eile lena mbaineann, an comhar riaracháin is gá chun seiceálacha a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta nó an chomhlachais atá i gceist.

Airteagal 19

Deiseanna iascaireachta a dháileadh

Agus a cúraimí á ndéanamh, comhlíonfaidh eagraíocht táirgeoirí ar náisiúnaigh de chuid Ballstát éagsúla a mbaill nó aon chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta i mBallstáit éagsúla, na forálacha lena rialaítear leithdháileadh deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 20

Seiceálacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 14 agus Airteagal 16 faoi seach maidir le haitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibhe, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann aitheantas eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe a tharraingt siar.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, trí mheán leictreonach, aon chinneadh an t-aitheantas a thabhairt nó a tharraingt siar. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis uile sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 21

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na spriocdhátaí agus na nósanna imeachta agus cineál na n-iarratas chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 16 faoi seach, nó chun an t-aitheantas sin a tharraingt siar de bhun Airteagal 18;

(b)

an fhormáid, na spriocdhátaí agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus iad ag cur in iúl don Choimisiún aon chinneadh an t-aitheantas a thabhairt nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 20(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (a) a oiriúnú, i gcás inarb iomchuí, do na saintréithe speisialta an iascaigh agus an dobharshaothraithe ar scála beag.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

ROINN III

Rialacha a shíneadh

Airteagal 22

Rialacha eagraíochtaí táirgeoirí a shíneadh

1.   Féadfaidh Ballstát na rialacha a comhaontaíodh laistigh d'eagraíocht táirgeoirí a chur de cheangal ar tháirgeoirí nach baill den eagraíocht iad agus a mhargaíonn aon cheann de na táirgí laistigh den limistéar a bhfuil an eagraíocht táirgeoirí ionadaitheach dó ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an eagraíocht táirgeoirí bunaithe le tréimhse bhliain amháin ar a laghad agus go meastar go bhfuil sí ionadaitheach do tháirgeadh agus do mhargaíocht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an earnáil mhionscála agus cheardaíochta ar mhionscála, i mBallstát amháin agus go gcuireann sí iarratas isteach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta

(b)

go mbaineann na rialacha atá le síneadh le haon cheann de na bearta is féidir leis na heagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh atá leagtha síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 8(1), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(2) agus pointe (a) go pointe (e) d'Airtegal 8(3);

(c)

go gcomhlíontar na rialacha iomaíochais dá dtagraítear i gCaibidil V.

2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1 meastar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí iascaigh ionadaitheach i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 55 % de chainníochtaí an táirge i gceist a margaíodh le linn na bliana roimhe sa limistéar a bhfuil sé beartaithe na rialacha a shíneadh chuige.

3.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1 meastar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí dobarshaothraithe ionadaitheach i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 40 % de chainníochtaí an táirge i gceist a margaíodh le linn na bliana roimhe sa limistéar a bhfuil sé beartaithe na rialacha a shíneadh chuige.

4.   Na rialacha atá le síneadh chuig eagraíochtaí nach baill iad, beidh feidhm acu go ceann tréimhse idir 60 lá agus dhá mhí déag.

Airteagal 23

Rialacha eagraíochtaí idirchraoibhe a shíneadh

1.   Féadfaidh Ballstát roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh d' eagraíocht idirchraoibhe a chur de cheangal ar eagraíocht idirchraoibhe eile sa limistéar sonrach nó sna limistéir shonracha, ar oibreoirí nach baill den eagraíocht sin iad, ar an gcoinníoll:

(a)

go gcumhdaíonn an eagraíocht idirchraoibhe ar a laghad 65 % de gach ceann ar a laghad de dhá ghníomhaíocht ar a laghad díobh seo a leanas: táirgeadh, próiseáil nó margaíocht an táirge ábhartha le linn na bliana roimhe sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann de Bhallstát, agus go gcuireann sé iarrtas isteach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta; agus

(b)

go mbaineann na rialacha atá le síneadh chun oibreoirí eile le haon cheann de na bearta is féidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a dhéanamh atá leagtha síos i bpointe (a) go pointe (g) d'Airteagal 3 agus nach ndéanann siad dochar d'oibreoirí eile sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas.

2.   Féadfaidh síneadh a chuirtear le rialacha a bheith ina cheangal go ceann tréimhse nach faide ná trí bliana, gan dochar d'Airteagal 25(4).

Airteagal 24

Dliteanas

Nuair a shíntear rialacha chuig eagraíochtaí nach baill iad i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 23, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh go bhfuil eagraíochtaí nach baill iad faoi dhliteanas ag an eagraíocht táirgeoirí nó ag an eagraíocht idirchraoibhe i leith choibhéis na gcostas ar fad nó cuid díobh a d'íoc na baill de thoradh chur i bhfeidhm na rialacha a chuig eagraíochtaí nach baill iad.

Airteagal 25

Údarú ón gCoimisiún

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i leith na rialacha a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur de cheangal ar na táirgeoirí nó ar na hoibreoirí uile sa limistéar sonrach nó sna limistéir shonracha de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 23.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údarófar síneadh na rialacha dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar forálacha Airteagal 22 agus Airteagal 23;

(b)

go gcomhlíontar na rialacha iomaíochta dá dtagraítear i gCaibidil V;

(c)

nach gcuireann an síneadh saorthrádáil i mbaol; agus

(d)

nach gcuirtear baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE i mbaol.

3.   Laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndéanfar síneadh na rialacha a údarú nó a dhiúltú, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl do na Ballstáit. I gcás nach mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún laistigh d'aon mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil, measfar go bhfuil síneadh na rialacha údaraithe ag an gCoimisiún.

4.   Féadfar leanúint de shíneadh údaraithe na rialacha a chur i bhfeidhm tar éis dul in éag na tréimhse ama tosaigh, lena n-áirítear le comhaontú intuigthe, gan an t-údarú a athnuachan go sainráite, ar choinníoll gur chuir an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas, mí amháin ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh sin, faoin tréimhse bhreise chun iarratas a dhéanamh agus ar choinníoll go bhfuil an t-iarratas breise sin údaraithe ag an gCoimisiún nó nach bhfuil agóid déanta aige ina choinne laistigh de mhí amháin tar éis dó fógra den sórt sin a fháil.

Airteagal 26

Údarú a tharraingt siar

Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh sé an t-údarú a thug sé na rialacha a shíneadh a tharraingt siar sa chás ina suíonn sé nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais maidir leis an údarú. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas i dtaobh tarraingt siar den sórt sin.

Airteagal 27

Gníomhartha cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le formáid agus nós imeachta an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 25(1). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

ROINN IV

Táirgeadh agus margaíocht a phleanáil

Airteagal 28

Plean táirgthe agus margaíochta

1.   Déanfaidh gach eagraíocht táirgeoirí, ar a laghad, plean táirgthe agus margaíochta dá príomhspeiceas a margaíodh ar a laghad a chur faoi bhráid a húdaráis inniúil náisiúnta le go bhformheasfar iad. Le pleananna táirgthe agus margaíochta den chineál sin, díreofar ar na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus in Airteagal 7 a bhaint amach.

2.   Beidh na nithe seo a leanas sa phlean táirgthe agus margaíochta:

(a)

clár táirgthe le haghaidh speiceas gafa nó feirme;

(b)

straitéis margaíochta chun cainníocht, cáilíocht agus cur i láthair an tsoláthair a chomhoiriúnú le ceanglais an mhargaidh;

(c)

bearta atá le déanamh ag an eagraíocht táirgeoirí chun cur leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 7;

(d)

réamhbhearta speisialta chun an soláthar speiceas a choigeartú a mbíonn deacrachtaí margaíochta ag baint leo de ghnáth i rith na bliana;

(e)

pionóis is infheidhme maidir le baill a sháraíonn na cinntí a glacadh chun an plean lena mbaineann a chur chun feidhme.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta an plean táirgthe agus margaíochta a fhormheas. Nuair atá an plean formheasta, cuirfidh an eagraíocht táirgeoirí chun feidhme éláithreach.

4.   Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí an plean táirgthe agus margaíochta a athbhreithniú, agus i gcás den sórt sin, cuirfidh siad é chuig na húdaráis inniúla náisiúnta lena fhormheas.

5.   Déanfaidh an eagraíocht táirgeoirí tuarascáil bhliantúil a ullmhú i dtaca lena gníomhaíochtaí faoin bplean táirgthe agus margaíochta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta í lena formheas.

6.   Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí tacaíocht airgeadais a fháil chun pleananna táirgthe agus margaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais amach anseo lena mbunófar na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais don bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

7.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach eagraíocht táirgeoirí na hoibleagáidí dá bhforáiltear san Airteagal seo. Féadfar aitheantas a tharraingt siar mar thoradh ar chinneadh gur tharla neamhchomhlíonadh.

Airteagal 29

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an formáid agus do struchtúr an phlean táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28;

(b)

an nós imeachta agus na teorainneacha ama le haghaidh na bpleananna táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 a bheith curtha isteach ag eagraíochtaí táirgeoirí agus faofa ag Ballstáit.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

ROINN V

Na margaí a chobhsú

Airteagal 30

Sásra stórála

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh tacaíocht airgeadais a fháil chun táirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn II a stóráil, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cúnamh stórála a leagtar síos i ngníomh dlíthiúil de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais don bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020;

(b)

gur chuir eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh ar an margadh iad agus nach bhfuarthas aon cheannaitheoir dóibh ag an truicearphraghas dá dtagraítear in Airteagal 31;

(c)

go gcomhlíonann na táirgí na caighdeáin chomhargaíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 33 agus gur de cháilíocht ard go leor iad lena gcaitheamh ag an duine;

(d)

go ndéantar na táirgía chobhsú nó a phróiseáil agus a stóráil in umair nó i gcaighin, nó trína reo, ar bord arthach nó i saoráidí ar tír, trína sailleadh, trína dtriomú, trína maranáidiú, nó, más ábhartha, trína mbruith agus trína bpaistéaradh, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar filléadú nó gearradh, nó i gcás inarb iomchuí, sciotadh cinn, de bhreis ar na próisis sin;

(e)

go ndéantar na táirgí a thabhairt isteach sa mhargadh arís ón stóráil níos faide anonn lena gcaitheamh ag an duine.

(f)

go bhfanann na táirgí sa stóráil ar feadh cúig lá ar a laghad.

Airteagal 31

Praghsanna ag a gcuirfear an sásra stórála ag obair

1.   Roimh thús gach bliana, féadfaidh gach eagraíocht táirgeoirí iascaigh moladh dá chuid féin a dhéanamh maidir le praghas a gcuirfeadh an sásra stórála dá dtagraítear in Airteagal 30 ag obair i gcás na dtáirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

2.   Ní bheidh an truicearphraghas sin níos airde ná 80 % den mheánphraghas ualaithe a taifeadadh i leith an táirgthe i gceist i réimse gníomhaíochta na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann le linn na dtrí bliana go díreach roimh an mbliain a bhfuil an truicearphraghas socraithe lena haghaidh.

3.   Agus an truicearphraghas á chinneadh, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

treochtaí táirgthe agus éilimh;

(b)

cobhsú praghsanna margaidh;

(c)

cóineasú na margaí;

(d)

ioncaim táirgeoirí;

(e)

leasanna tomhaltóirí.

4.   Tar éis dóibh na moltaí a rinne na heagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta ar a gcríoch a scrúdú, cinnfidh na Ballstáit na truicearphraghsanna a bheidh le cur i bhfeidhm ag na heagraíochtaí táirgeoirí sin. Socrófar na praghsanna sin ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Cuirfear na praghsanna sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 32

Gníomhartha cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an bhformáid ina bhfoilseoidh na Ballstáit na truicearphraghsanna de bhun Airteagal 31(4). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

CAIBIDIL III

COMHCHAIGHDEÁIN MHARGAÍOCHTA

Airteagal 33

Comhchaighdeáin mhargaíochta a bhunú

1.   Gan dochar d'Airteagal 47, féadfar comhchaighdeán margaíochta a leagan síos maidir leis na táirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn I, beag beann ar a dtionscnamh (cibé acu ón Aontas nó allmhairithe), atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.

2.   Féadfaidh baint a bheith ag na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 le cáilíocht, méid, meáchan, pacáistiú, cur i láthair nó lipéadú na dtáirgí, agus leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

íosmhéideanna margaíochta a ceapadh i bhfianaise na comhairle eolaíche is fearr; beidh íosmhéideanna margaíochta den sórt sin ag teacht, i gcás inarb ábhartha, le híosmhéideanna tagartha caomhantais i gcomhréir le hAirteagal 15(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

sonraíochtaí táirgí leasaithe atá i gcomhréir le ceanglais chaomhantais agus oibleagáidí idirnáisiúnta.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(b)

Rialachán (CE) 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(c)

Rialachán (CE) 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(d)

Rialachán (CE) 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(e)

Rialachán (CE) 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(f)

Rialachán (CE) 1005/2008 ón gComhairle (18); agus

(g)

Rialachán (CE) 1224/2009.

Airteagal 34

Comhchaighdeán margaíochta a chomhlíonadh

1.   Na táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus a bhfuil comhchaighdeáin mhargaíochta leagtha síos ina leith, ní fhéadfar iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais ach i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

2.   Féadfar gach táirge iascaigh a chuirtear i dtír, lena n-áirítear táirgí nach gcomhlíonann na comhchaighdeáin mhargaíochta a úsáid chun críche seachas lena gcaitheamh go díreach ag an duine lena n-áirítear mar mhin éisc, ola éisc, bia peataí, breiseáin bhia, táirgí cógaisíochtanó cosmaidí.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ

Airteagal 35

Faisnéis shainordaitheach

1.   Gan dochar do Rialachán (AE) 1169/2011, táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (e) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a mhargaítear san Aontas, beag beann ar a dtionscnamh, ná ar a modh margaíochta, ní fhéadfar iad a thairiscint lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh ná le holl-lónadóir mura mbeidh curtha in iúl orthu le marcáil nó le lipéad iomchuí an méid seo a leanas:

(a)

ainmníocht tráchtála an speicis agus an t-ainm eolaíoch atá air;

(b)

an modh táirgthe, trí úsáid na bhfrásaí seo a leanas go háirithe: "…arna ghabháil…", "…arna ghabháil i bhfíoruisce", nó "…arna shaothrú…";

(c)

an limistéar inar gabhadh an táirge nó inar saothraíodh é, agus an catagóir trealaimh a úsáideadh le hiascaigh ghabhála, mar a leagtar síos sa chéad cholún d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d)

cibé ar dí-reodh an táirge.

(e)

an dáta íosmharthanachta.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas i bpointe (d) maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhábhair atá sa táirgeadh deiridh;

(b)

bianna a bhfuil gá le hiad a reo ó thaobh chéim phróiseála na teicneolaíochta de;

(c)

táirgí iascaigh agus dobarshaothraithe arna reo roimhe sin chun críocha sábháilteachta sláinte, i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Roinn VIII, de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(d)

táirgí iascaigh agus dobarshaothraithe atá díreoite sula ndéantar an próiseas deataithe, saillidh, cócaráilte, piclithe, triomaithe orthu nó teaglaim aon phróisis de na próisis sin.

2.   Maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nach bhfuil réamhphacáilte, féadfar an fhaisnéis shainordaitheach a liostaítear i mír 1 a sholáthar le haghaidh miondíola trí bhíthin faisnéis tráchtála amhail cláir fógraí nó póstaeir.

3.   I gcás ina dtairgtear táirge measctha ar an leibhéal miondíola nó oll-lónadóireachta, ar táirge é ina bhfuil an speiceas céanna ach go dtagann sé ó mhodhanna táirgthe éagsúla, déanfar an modh a úsáideadh do gach baisc a lua. I gcás ina dtairgtear táirge measctha ar an leibhéal díola don tomhaltóir deiridh nó d'oll-lónadóir, ar táirge é ina bhfuil an speiceas céanna ach go dtagann sé ó limistéir éagsúla gabhála nó ó thíortha éagsúla feirmeoireachta éisc, déanfar limistéar an bhaisce atá ionadaitheach i dtéarmaí na cainníochta a lua, mar aon le léiriú go dtagann na táirgí ó limistéir dhifriúla gabhála nó saothraithe éisc freisin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cainníochtaí beaga táirgí a dhíoltar díreach ó shoithí iascaireachta le tomhaltóirí a dhíolmhú ó na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, ar an gcoinníoll nach sáraíonn siad sin an luach dá dtagraítear in Airteagal 58(8) de Rialachán (CE) 1224/2009.

5.   Táirgí iascaigh agus dobharsaothraithe agus a bpacáistiú ar cuireadh lipéad nó marc orthu roimh an 13 Nollaig 2014 agus nach gcomhlíonann an tAirteagal seo, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe.

Airteagal 36

Tuairisciú um éicilipéadú

Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2015, tuarascáil féidearthachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maidir le roghanna le haghaidh scéim éicilipéad do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, go háirithe maidir le scéim den chineál sin a bhunú mar scéim ar fud an Aontais agus maidir le híoscháighdeáin a leagan síos d'éicilipéad Aontais a bheadh le húsáid ag na Ballstáit.

Airteagal 37

Sonrúcháin tráchtála

1.   Chun críocha Airteagal 35(1), déanfaidh Ballstáit liosta de shonrúcháin tráchtála a nglactar leo ar a gcríoch a tharraingt suas, agus foilseoidh siad an liosta sin in éineacht lena n-ainmneacha eolaíocha. Beidh an méid seo a leanas sa liosta:

(a)

ainm eolaíoch gach speicis de réir an Chórais Faisnéise FishBase nó bhunachar sonraí AFSIS Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (EBT), i gcás inarb ábhartha;

(b)

an sonrúchán tráchtála:

(i)

ainm an speicis i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, aon ainm nó aon ainmneacha eile a bhfuil glacadh leo nó a cheadaítear go háitiúil nó go réigiúnach.

2.   Féadfar gach speiceas iasc atá mar chomhábhar i mbia eile a shonrú mar "iasc", ar an gcoinníoll nach ndéanann ainm agus cur i láthair bia dá leithéid tagairt do shainspeiceas iasc.

3.   Aon athruithe ar liosta na sonrúchán tráchtála a ghlac Ballstát leo, cuirfear fógra chuig an gCoimisiún ina leith gan mhoill agus cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas faoi.

Airteagal 38

Tásc ar limistéar na gabhála nó ar limistéar an táirgthe

1.   Is éard a bheidh sa tásc ar limistéar na gabhála nó ar limistéar an táirgthe i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 35(1), na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, ainm an fho-limistéir, nó na roinne, i scríbhinn, atá liostaithe i measc limistéir iascaighEBT, chomh maith le hainm zóin den chineál sin arna chur in iúl ar bhealach a dtuigfidh tomhaltóirí é, nó léarscáil nó picteagram a thaispeánann an zón sin nó de mhaolú ar an gceanglas sin, i gcás táirgí iascaigh a gabhadh in uiscí seachas uiscí an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Limistéar Iascaigh EBT 27) na Meánmhara nó na Mara Duibhe (Limistéar Iascaigh EBT 37), táscaire ar ainm Limistéir IascaighEBT.

(b)

i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil i bhfionnuisce, tagairt do dhobharlach tionscnaimh Bhallstát tionscnaimh nó thríú tír tionscnaimh an táirge;

(c)

I gcás táirgí dobharshaothraithe, tagairt don Bhallstát nó don tríú tír ina bhfuil níos mó ná leath a mheáchain dheiridh bainte amach ag an táirge nó inar fhan sé ar feadh níos mó ná leath dá thréimhse saothraithe, nó, i gcás sliogiasc, gur mhair an chéim dheiridh dá thógáil nó dá shaothrú sé mhí ar a laghad.

2.   Le cois na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh oibreoirí faisnéis níos beaichte a thabhairt maidir le limistéar na gabhála nó an táirgthe.

Airteagal 39

Faisnéis bhreise dheonach

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis sainordaitheach a cheanglaítear de bhun Airteagal 35, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar bhonn deonach, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin soiléir agus gan athbhrí:

(a)

an dáta gabhála i gcás táirgí iascaigh nó an dáta buainte i gcás táirgí dobharshaothraithe;

(b)

dáta chur i dtír gabhála i gcás táirgí iascaigh nó faisnéise maidir leis an gcalafort ag ar tugadh na táirgí i dtír.

(c)

faisnéis níos mionsonraithe ar chineál an trealaimh iascaigh, mar atá liostaithe sa dara colún d'Iarscríbhinn III;

(d)

i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, sonraí maidir le bratstát an tsoithigh a rinne na táirgí sin a ghabháil;

(e)

faisnéis maidir leis an gcomhshaol;

(f)

faisnéis eiticiúil nó shóisialta;

(g)

faisnéis maidir le teicnící agus cleachtais táirgthe;

(h)

faisnéis maidir le cion cothaithe an táirge.

2.   Féadfar cód Freagairt Thapa (QR) a úsáid le cuid den fhaisnéis atá liostaithe in Airteagal 35(1) nó an fhaisnéis sin uile a léiriú.

3.   Ní chúngóidh an fhaisnéis dheonach ar an áit atá curtha i leataobh don fhaisnéis shainordaitheach ar an marcáil agus ar an lipéadú.

4.   Ní dhéanfar aon fhaisnéis dheonach a chur san áireamh nach féidir a fhíorú.

CAIBIDIL V

RIALACHA IOMAÍOCHTA

Airteagal 40

Na rialacha iomaíochta a chur chun feidhme

Beidh feidhm ag Airteagal 101 go hAirteagal 106 de CFAE agus ag a bhforálacha cur chun feidhme maidir le comhaontuithe, cinntí, agus cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 CFAE a bhaineann le táirgeadh nó margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

Airteagal 41

Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta

1.   D'ainneoin Airteagal 40 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais de chuid eagraíochtaí táirgeoirí a bhaineann le táirgeadh nó díol táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó le húsáid comhshaoráidí chun táirgí den sórt sin a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil, agus ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais iad:

(a)

atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 CFAE a bhaint amach;

(b)

nach bhfuil aon oibleagáid ag baint leo praghsanna comhionanna a mhuirearú;

(c)

nach mbeidh mar thoradh orthu deighilt de shaghas ar bith sna margaí laistigh den Aontas;

(d)

nach gcuireann cosc ar an iomaíocht; agus

(e)

nach ndíchuireann an iomaíocht i ndáil le sciar mór de na táirgí i gceist;

2.   D'ainneoin Airteagal 40 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe:

(a)

atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 CFAE a bhaint amach;

(b)

nach bhfuil aon oibleagáid ag baint leo praghas socraithe a chur i bhfeidhm;

(c)

nach mbeidh mar thoradh orthu deighilt de shaghas ar bith sna margaí laistigh den Aontas;

(d)

nach gcuireann coinníollacha neamhchosúla i bhfeidhm maidir le hidirbhearta coibhéiseacha a dhéantar le páirtithe eile trádála i slí go gcuirfear faoi mhíbhuntáiste iomaíochta iad;

(e)

nach ndíchuireann an iomaíocht i ndáil le sciar mór de na táirgí i gceist; agus

(f)

nach gcuireann srian ar an iomaíocht ar bhealaí nach bhfuil sár-riachtanach chun cuspóirí CBI a bhaint amach.

CAIBIDIL VI

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN MARGADH

Airteagal 42

Faisnéis maidir leis an margadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

eolas eacnamaíoch agus tuiscint ar mhargadh an Aontais i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhailiú, a anailísiú agus a chraobhscaoileadh feadh an tslabhra soláthair, agus an comhthéacs idirnáisiúnta á chur san áireamh;

(b)

tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil d'eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe chun sonraí a chomhordú níos fearr idir oibreoirí agus próiseálaithe.

(c)

suirbhéanna a dhéanamh go tráthrialta ar phraghsanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe feadh shlabhra soláthair an Aontais, agus a anailísa dhéanamh ar threochtaí margaidh;

(d)

staidéir ad hoc ar an margadh a dhéanamh, mar aon le modheolaíocht a sholáthar chun suirbhéanna ar phraghasmhúnlú a dhéanamh.

2.   Chun mír 1 a chur chun feidhme, úsáidfidh an Coimisiún na bearta seo a leanas:

(a)

rochtain a éascú ar na sonraí atá ar fáil maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna mbailiú de bhun dhlí an Aontais;

(b)

faisnéis margaidh amhail suirbhéanna praghais, anailís margaidh agus staidéir a chur ar fáil do na geallshealbhóirí uile agus don phobal i gcoitinne ar bhealach inrochtana agus intuigthe, faoi réir Rialachán (CE) 45/2001ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19)

3.   Rannchuideoidh na Ballstáit le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 43

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 44

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006:

"Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le hinfheidhmeacht Airteagail 101 go 106 agus Airteagal 108(1) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE a tháirgeadh nó trádáil a dhéanamh iontu cé is moite de na tairgí a liostaítear in Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (20) agus i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

Airteagal 45

Leasuithe ar Rialachán (CE) 1224/2009

Leis seo leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear na habairtí seo a leanas le hAirteagal 57(1):

"Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun comhlíonadh a áirithiú. Féadfar na seiceálacha a dhéanamh ag gach céim den mhargú agus le linn an iompair.";

(2)

leasaítear Airteagal 58(5) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

"(g)

an fhaisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(b)

scriostar pointe (h).

Airteagal 46

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 104/2000. Beidh feidhm ag Airteagal 4 go dtí an 12 Nollaig 2014, áfach.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 47

Rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta

Maidir le rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta, go háirithe Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle (23), Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle (24), Rialachán (CE)Uimh. 2406/96 ón gComhairle (25), chomh maith le rialacha eile a glacadh chun comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm amhail Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún (26), leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu.

Airteagal 48

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014, cé is moite de Chaibidil IV agus d'Airteagal 45 a mbeidh feidhm acu ón 13 Nollaig 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 183.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 20.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ón Chomhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) an 9 Nollaig 2013.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle an 17 Nollaig 1999 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 17, 21.1.2000, lch. 22).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena gcuirtear rialacha áirithe maidir le hiomaíocht i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta(IO L 214, 4.8.2006, lch 7)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch 13)

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1220/2012 ón gComhairle an 3 Nollaig 2012 maidir le bearta a bhaineann le trádáil chun an soláthar táirgí áirithe iascaigh le próiseálaithe an Aontais a áirithiú ó 2013 go dtí 2015 (IO L 349, 19.12.2012, lch. 4.)

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d'fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lch. 18).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 11 Nollaig 2013 ar an Comhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (Féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE)847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, p. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón Choimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón Choimisiún Eorpach, Treoir 200/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón Choimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12 2008, lch. 16).

(14)  Rialachán (CE) 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(16)  Rialachán (CE) 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine (IO L 226, 25.6.2004, lch. 83).

(17)  Rialachán (CE) 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus lena leasaítear Rialacháin (CEEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1)

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha do tháirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1)".

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).)";

(23)  Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe agus maidir le tuairiscí trádála le haghaidh sairdíní leasaithe agus táirgí de chineál sairdín (IO L 212, 22.7.1989, lch. 79).

(24)  Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe(IO L 163, 17.6.1992, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE)Uimh. 2406/96 ón gComhairle lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le táirgí áirithe iascaigh(IO L 334, 23.12.1996, lch. 1).

(26)  Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm maidir le héisc áirithe atá úr nó fuaraithe(IO L 351, 28.12.1985, lch. 63).


IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ IASCAIGH AGUS DOBARSHAOTHRAITHE A CHUMHDAÍTEAR LE CEM

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

(a)

0301

Iasc beo

0302

Iasc úr nó fuaraithe, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304

0303

Iasc reoite, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304

0304

Filléid éisc agus feoil eile éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) atá úr, fuaraithe nó reoite

(b)

0305

Iasc triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúir, min agus millíní éisc, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

(c)

0306

Crústaigh bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bíodh; plúir, min agus millíní crústach, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

0307

Moilisc bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; inveirteabraigh uisce, seachas crústaigh agus moilisc, bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; plúir, min agus millíní inveirteabrach uisce, seachas crústaigh, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

(d)

 

Táirgí ainmhíocha nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 1 nó i gCaibidil 3, atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine:

Eile:

Táirgí éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 3:

0511 91 10

Dramhaíl éisc

0511 91 90

Eile

(e)

1212 20 00

Cineálacha feamainne agus algaí eile

(f)

 

Saill agus olaí éisc agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bíodh, nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu:

1504 10

Olaí aenna éisc agus a gcodáin

1504 20

Saill agus olaí éisc, agus a gcodáin, seachas olaí aenna

(g)

1603 00

Úisc agus súnna ó fheoil, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce

(h)

1604

Iasc ullmhaithe nó leasaithe; caibheár agus caibheár ionaid a ullmhaíodh ó uibheacha éisc

(i)

1605

Crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh eile uisce, ullmhaithe nó leasaithe

(j)

 

Pasta, bíodh sé cócaráilte nó stuáilte (le feoil nó le substaintí eile), nó bíodh sé ullmhaithe ar bhealaí eile nó ná bíodh, mar shampla spaigití, macarón, núdail, lasáinne, gnocchi, ravioli, cannelloni; cúscús, bíodh sé ullmhaithe nó ná bíodh

1902 20

Pasta stuáilte, bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile:

1902 20 10

ina bhfuil níos mó ná 20 %, de réir meacháin, iasc, crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce

(k)

 

Plúir, min agus millíní, ó fheoil agus ó mhiodamas feola, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce, nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; geirdheascadh:

2301 20 00

Plúir, min agus millíní, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce

(l)

 

Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe

2309 90

Eile:

ex 2309 90 10

Ábhair intuaslagtha éisc


IARSCRÍBHINN II

TÁIRGÍ IASCAIGH FAOI RÉIR NA MEICNÍOCHTA STÓRÁLA

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

0302 22 00

Leathóga (Pleonectes platessa)

ex 0302 29 90

Dabaí (Limanda limanda)

0302 29 10

Scaoilteáin (Lepidorhombus spp.)

ex 0302 29 90

Leitheanna (Platichthys flesus)

0302 31 10

agus

0302 31 90

Tuinníní colgacha (Thunnus alalunga)

ex 0302 40

Scadáin de chuid an speicis Clupea harengus

0302 50 10

Troisc de chuid an speicis Gadus morhua

0302 61 10

Sairdíní de chuid an speicis Sardina pilchardus

ex 0302 61 80

Salán (Sprattus Sprattus)

0302 62 00

Cadóga (Melanogrammus aeglefinus)

0302 63 00

Glasáin (Pollachius virens)

ex 0302 64

Ronnaigh de chuid an speicis Scomber scombrus agus Scomber japonicus

0302 65 20

agus

0302 65 50

Fíogaigh (Squalus acanthias agus Scyliorhinus spp.)

0302 69 31

agus

0302 69 33

Péirsí mhara (Sebastes spp.)

0302 69 41

Faoitíní (Merlangius merlangus)

0302 69 45

Langaí (Molva spp.)

0302 69 55

Ainseabhaithe (Engraulis spp.)

ex 0302 69 68

Colmóirí de chuid an speicis Merluccius merluccius

0302 69 81

Láimhínigh (Lophius spp.)

ex 0302 69 99

Dorád (Coryphaena hippurus)

ex 0307 41 10

Cudail (Sepia officinalis agus Rossia macrosoma)

ex 0306 23 10

ex 0306 23 31

ex 0306 23 39

Séaclaí de chuid an speicis Crangon crangon agus séaclaí Artacha (Pandalus borealis)

0302 23 00

Sóil (Solea spp.)

0306 24 30

Portáin dhearga (Cancer pagurus)

0306 29 30

Gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus)

0303 31 10

Haileabónna Graonlannacha (Reinhardtius hipoglossoides)

0303 78 11

0303 78 12

0303 78 13

0303 78 19

agus

0303 29 55

0304 29 56

0304 29 58

Colmóirí de chuid an speicis Merluccius

0303 79 71

Garbhánaigh (Dentex dentex agus Pagellus spp.)

0303 61 00

0304 21 00

0304 91 00

Colgáin (Xiphias gladius)

0306 13 40

0306 13 50

ex 0306 13 80

Séaclaí de chuid na fine Penaeidae

0307 49 18

0307 49 01

Cudail de chuid na speiceas Sepia officinalis, Rossia macrosoma agus Sepiola rondeletti

0307 49 31

0307 49 33

0307 49 35

agus

0307 49 38

Scuideanna (Loligo spp.)

0307 49 51

Scuideanna (Ommastrephes sagittatus)

0307 59 10

Ochtapais (Octopus spp.)

0307 99 11

Illex spp.

0303 41 10

Tuinní colgacha (Thunnus alalunga)

0302 32 10

0303 42 12

0303 42 18

0303 42 42

0303 42 48

Tuinníní buí (Thunnus albacares)

0302 33 10

0303 43 10

Boiníotó aigéanach (Katsuwomus pelamis)

0303 45 10

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus)

0302 39 10

0302 69 21

0303 49 30

0303 79 20

Speicis eile de chuid na ngéineas Thunnus agus Euthynnus

ex 0302 29 90

Leathóga míne (Microstomus kitt)

0302 35 10

agus

0302 35 90

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus)

ex 0302 69 51

Mangaigh (Pollachius pollachius)

0302 69 75

Sáimhíní (Brama spp.)

ex 0302 69 82

Faoitíní gorma (Micromesistius poutassou)

ex 0302 69 99

Troscáin stopóige (Trisopterus luscus) agus miontroisc (Trisopterus minutus)

ex 0302 69 99

Bogue (Boops boops)

ex 0302 69 99

Picréil (Spicara smaris)

ex 0302 69 99

Eascanna concair (Conger conger)

ex 0302 69 99

Cnúdáin (Trigla spp.)

ex 0302 69 91

ex 0302 69 99

Bolmáin (Trachurus spp.)

ex 0302 69 99

Milléid (Mugil spp.)

ex 0302 69 99

agus

ex 0304 19 99

Sciataí (Raja spp.)

ex 0302 69 99

Scabairdí (Lepidopus caudatus agus Aphanopus carbo)

ex 0307 21 00

Muiríní móra (Pecten maximus)

ex 0307 91 00

Cuachmaí (Buccinum undatum)

ex 0302 69 99

Milléid cheannchothroma nó milléid dhearga (Mullus surmuletus, Mullus barbatus)

ex 0302 69 99

Sáimhíní (Spondyliosoma cantharus)


IARSCRÍBHINN III

FAISNÉIS MAIDIR LE TREALAMH IASCAIGH

Faisnéis shainordaitheach maidir le cineál an trealaimh iascaigh

Faisnéis atá níos mionsonraithe ar threalamh agus cóid atá comhfhreagrach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (2)

Saighní

Saighní trá

SB

Saighní Danmhargacha

SDN

Saighní Albanacha

SSC

Saighní péire

SPR

Tráil

Trál bíoma

TBB

Tráil dobharchú íochtair

OTB

Tráil phéire íochtair

PTB

Tráil dobharchúnna láruisce

OTM

Tráil phéire pheiligeacha

PTM

Dé-thráil dobharchú

OTT

Eangacha geolbhaigh agus eangacha cosúla

Eangacha geolbhaigh socraithe (ar ancaire)

GNS

Sruthlíonta

GND

Eangacha geolbhaigh timpeallaithe

GNC

Traimlí

GTR

Traimlí agus Eangacha geolbhaigh cumasctha

GTN

Eangacha timpeallacha agus líonta ardaithe

Saighní Peaslíon

PS

Eangacha Lampara

LA

Líonta ardaithe le bád

LNB

Líonta ardaithe do-aistrithe ar chladach

LNS

Duáin agus doruithe

Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (láimhe)

LHP

Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (meicniúla)

LHM

Doruithe fada socraithe

LLS

Doruithe fada (aistreacha)

LLD

Doruite trálála

LTL

Dreidirí

Dreidirí báid

DRB

Dreidirí láimhe arna n-úsáid ar bord arthaigh

DRH

Dreidirí meicniúla lena n-áirítear dreidirí súite

HMD

Potaí agus gaistí

Pótaí (gaistí)

FPO


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail (IO L 5, 9.1.2004, lch. 25).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. (IO: L 112, 30.4.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 104/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagail 1 go 5

Airteagal 2, Airteagal 3

Airteagal 33, Airteagal 34

Airteagal 4

Airteagail 35 go 39,

Airteagal 5(1)

Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8

Airteagail 5(2), 5(3), 5(4), agus Airteagal 6

Airteagail 14, 18 go 21

Airteagal 7

Airteagal 22 agus Airteagail 24 go 27

Airteagal 8

Airteagail 9 go 12,

Airteagal 28, Airteagal 29,

Airteagal 13

Airteagail 11, 12, 13, 16, 18, 20 agus 21

Airteagal 14

Airteagal 41(2)

Airteagal 15

Airteagal 23

Airteagal 16

Airteagail 24 go 27

Airteagail 17go 27

Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 20(2), Airteagal 21 agus Airteagal 32

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 43

Airteagal 38, Airteagal 39

Airteagal 43

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 48

Airteagal 42

Airteagal 44, Airteagal 45, Airteagal 46

Airteagal 43

Airteagal 49

Airteagal 40

Airteagal 41(1)

Airteagal 42


28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1380/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 (4) ón gComhairle córas Comhphobail maidir le caomhnú agus le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh (CBI).

(2)

Le raon feidhme CBI, cuimsítear caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus bainistiú na n-iascach sin a dhíríonn orthu. Ina theannta sin, cuimsítear ann, i ndáil le bearta margaidh agus bearta airgeadais chun tacú lena chuspóirí, acmhainní bitheolaíocha fionnuisce agus gníomhaíochtaí dobharshaothraithe, próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, i gcás ina dtarlaíonn na gníomhaíochtaí sin i gcríoch na mBallstát, nó in uiscí an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ag soithí iascaireachta faoi bhratach tríú tíortha, agus atá cláraithe i dtríú tíortha, nó ag soithí iascaireachta an Aontais, nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát, agus aird á tabhairt ar fhorálacha Airteagal 117 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (5) (UNCLOS).

(3)

D'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag iascaigh áineasa ar acmhainní éisc agus ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin a áirithiú go seolfar iad ar bhealach atá ag luí le cuspóirí CBI.

(4)

Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gComhbheartas Iascaigh go gcuirfidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta san fhadtéarma. Ba cheart a áirithiú go mbeidh rialacha ann arb é an aidhm a bheidh leo go n-áiritheofar inrianaitheacht, slándáil agus cáilíocht na dtáirgí sin a mhargaítear san Aontas. Thairis sin, ba cheart go cuirfeadh CBI le táirgiúlacht mhéadaithe, le caighdeán cóir maireachtála don earnáil iascaigh, lena n-áirítear iascaireacht ar mhionscála, agus le margaí cobhsaí agus ba cheart dó infhaighteacht acmhainní a áirithiú agus a áirithiú go mbíonn soláthairtí bia ar fáil do thomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta. Ba cheart go rannchuideodh CBI le Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach, agus go gcabhródh sé leis na cuspóirí a leagtra amach sa straitéis sin a bhaint amach.

(5)

Is páirtí conarthach é an tAontas in UNCLOS (6) de bhun Chinneadh 98/414/CE ón gComhairle (7), Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach a chur chun feidhme an 4 Nollaig 1995 (8) (Comhaontú NA maidir le Stoic Éisc) agus de bhun Chinneadh 96/428/CE ón gComhairle (9), an Comhaontaithe chun comhlíonadh beart caomhnaithe idirnáisiúnta agus beart bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn an 24 Samhain 1993, ar comhaontú de chuid Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe é (10).

(6)

Leagtar síos go príomha leis na hionstraimí idirnáisiúnta sin oibleagáidí caomhnaithe, lena n-áirítear oibleagáidí bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta a dhéanamh atá ceaptha le hacmhainní mara a chothabháil nó a athbhunú ag leibhéil a fhéadfaidh an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh laistigh de limistéir farraige faoin dlínse náisiúnta agus ar an mórmhuir, agus le dul i gcomhar le Stáit eile chuige sin, oibleagáidí chun an cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm go forleathan maidir le stoic éisc a chaomhnú, a bhainistiú agus a shaothrú, oibleagáidí comhoiriúnacht na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta a áirithiú i gcásanna ina mbeidh na hacmhainní mara i limistéir farraige a bhfuil stádas dlínsiúil difriúil i bhfeidhm iontu agus oibleagáidí chun aird chuí a thabhairt ar úsáidí dlisteanacha eile na bhfarraigí. Ba cheart do CBI rannchuidiú, dá bhrí sin, leis an Aontas a oibleagáidí idirnáisiúnta faoi na hionstraimí idirnáisiúnta sin a chur chun feidhme. I gcás ina nglacfaidh Ballstáit bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta, a bhfuil cumhacht tugtha dóibh i leith na mbeart sin faoi chuimsiú CBI, ba cheart dóibh gníomhú ar dhóigh a thiocfaidh go hiomlán leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta caomhnaithe agus comhair faoi na hionstraimí idirnáisiúnta sin.

(7)

Ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe in Johannesburg in 2002, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís chun deireadh a chur leis an meath leanúnach atá ag teacht ar go leor stoc éisc. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas CBI a fheabhsú trí rátaí saothraithe a choigeartú chun a áirithiú, laistigh d'achar ama réasúnta, go ndéanfar le saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara líon na stoc saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéal lena bhféadtar an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ba cheart na rátaí saothraithe a bhaint amach faoi 2015. Níor cheart a cheadú go mbainfear na rátaí saothraithe sin amach ar dháta níos faide anonn ach amháin dá ndéanfaí inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus sóisialta na gcabhlach iascaireachta a chur i mbaol go mór dá mbainfí amach faoi 2015 iad. Tar éis 2015, ba cheart na rátaí sin a bhaint amach a luaithe is féidir agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 2020. I gcás nach leor an fhaisnéis eolaíoch atá ann chun na leibhéil sin a chinneadh, féadfar machnamh a dhéanamh ar neaspharaiméadair.

(8)

Le cinntí bainistíochta maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe in iascach measctha, ba cheart aird a thabhairt ar an deacracht a bhaineann le stoic uile in iascach measctha a iascach ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe ag an am céanna, go háirithe i gcásanna ina dtugtar le tuiscint le comhairle eolaíoch gur fíordheacair é feinimeán an "tachtspeiceas"a sheachaint trí mhéadú ar roghnaíocht na dtrealamh iascaireachta atá á n-úsáid. Ba cheart a iarraidh ar chomhlachtaí iomchuí eolaíocha comhairle a thabhairt maidir leis na leibhéil iomchuí bhásmhaireachta san iascaireacht in imthosca mar sin.

(9)

Le CBI, ba cheart go n-áiritheofaí comhleanúnachas leis na spriocanna iascaigh a leagtar síos sa Chinneadh ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch maidir leis an bPlean Straitéiseach um Bithéagsúlacht 2011-2020, agus leis na spriocanna bitheolaíocha a ghlac an Chomhairle Eorpach an 25 agus 26 Márta.

(10)

Ba cheart saothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara a bheith bunaithe ar chur chuige réamhchúraim, a thagann ó phrionsabal an réamhchúraim dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 191(2) den Chonradh, agus sonraí eolaíocha atá ar fáil á gcur san áireamh.

(11)

Ba cheart do CBI cur le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach é in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(12)

Ba cheart do CBI rannchuidiú freisin le bia ardchothaitheach a sholáthar do mhargadh an Aontais, agus le spleáchas mhargadh an Aontais ar allmahairithe biasin a laghdú. Ba cheart go gcothófaí leis freisin cruthú post díreach agus indíreach agus le forbairt eacnamaíoch i limistéir chósta.

(13)

Ba cheart cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme, ba cheart an tionchar atá ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol a theorannú, agus ba cheart gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir.

(14)

Is tábhachtach é go mbeadh bainistiú CBI bunaithe ar phrionsabail an dea-rialachais. Cuimsíonn na prionsabail sin cinnteoireacht bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, rannpháirtíocht go leor páirtithe leasmhara agus dearcadh fadtéarmach. Tá bainistiú rathúil CBI ag brath freisin ar shainmhíniú soiléir ar fhreagrachtaí ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus ar chomhoiriúnacht fhrithpháirteach na mbeart a dhéantar agus ar a gcomhsheasmhacht le beartais eile an Aontais.

(15)

Ba cheart go rannchuideofaí, le CBI, le feabhas a chur ar an tsábháilteacht agus ar na coinníollacha oibre d'oibreoirí iascaireachta.

(16)

I gcás inarb ábhartha, ba cheart go dtabharfaí lánaird i CBI ar shláinte ainmhithe, ar leas ainmhithe, agus ar shábháilteacht bia agus ar shábháilteacht beatha ainmhithe.

(17)

Ós rud é go bhfuil gach ábhar a bhaineann le haigéin agus le farraigí na hEorpa idirnasctha, ba cheart CBI a chur chun feidhme ar bhealach atá comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais agus, go háirithe, lena dtugtar aird ar idirbhearta le gníomhaíocht an Aontais i réimsí beartais mhuirí eile. Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú maidir le beartais earnálacha éagsúla a bhainistiú laistigh de Mhuir Bhailt, den Mhuir Thuaidh, den Mhuir Cheilteach, de Bhá na Bioscáine agus laistigh d'imchuacha farraige Chósta Leithinis na hIbéire, na Meánmhara agus na Mara Duibhe.

(18)

Ba cheart rochtain chothrom a bheith ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní an Aontais faoi réir rialacha CBI.

(19)

Tá na rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srian ar rochtain ar acmhainní laistigh de chriosanna 12 mhuirmhíle na mBallstát á bhfeidhmiú go sásúil, rud a chuaigh chun sochair do chúrsaí caomhnaithe trí iarracht iascaireachta a shrianadh sa chuid is íogaire d'uiscí an Aontais. Caomhnaíodh leis na rialacha sin gníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta a bhfuil forbairt shóisialta agus eacnamaíoch roinnt pobal cósta ag brath go mór orthu. Ba cheart go leanfadh na rialacha sin d'fheidhm a bheith acu, dá bhrí sin. Ba cheart do na Ballstáit rochtain fhabhrach a thabhairt d'iascairí beagscála, do cheardiascairí nó d'iascairí cósta.

(20)

Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, aitheantas ar leith agus tacaíocht ar leith a thabhairt d'oileáin bheaga amach ón gcósta, ina bhfuiltear ag brath ar an iascaireacht, d'fhonn go bhféadfaidh siad maireachtáil agus a bheith rathúil.

(21)

Ba cheart cosaint ar leith a thabhairt d'acmhainní bitheolaíocha na mara timpeall réigiúin fhorimeallacha an Aontais dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh toisc go gcuireann siad le caomhnú gheilleagar áitiúil na gcríocha sin, ag féachaint don staid struchtúrach, shóisialta agus eacnamaíoch ina bhfuil siad. Ba cheart gníomhaíochtaí áirithe iascaireachta sna huiscí sin a theorannú do shoithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na gcríoch sin.

(22)

D'fhonn rannchuidiú le beo-acmhainní uisceacha agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú, ba cheart don Aontas féachaint le limistéir atá íogair ó thaobh na bitheolaíochta de a chosaint, trí na limistéir sin a ainmniú mar limistéir chosanta. I limistéir den sórt sin, ba cheart go bhféadfaí gníomhaíochtaí iascaireachta a shrianadh nó a thoirmeasc iontu. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na limistéir sin ba cheart a ainmniú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na limistéir sin a bhfuil fianaise shoiléir ann ina leith go bhfuil tiúchain arda iasc faoi bhun na híosmhéide caomhnaithe iontu agus láthreacha sceite, agus ar na limistéir sin a meastar ina leith go bhfuil siad íogair ó thaobh na bithgeografaíochta de. Ba cheart na limistéir chaomhnaithe atá ann cheana a chur san áireamh freisin. Le gur fusa a bheidh próiseas an ainmnithe, ba cheart do na Ballstáit limistéir oiriúnacha a shainaithint, lena n-áirítear limistéir atá mar chuid de líonra comhtháite agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh dul i gcomhar lena chéile, agus moltaí comhpháirteacha a ullmhú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún. D'fhonn go mbunófar limistéir chosanta ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart go mbeadh sé indéanta an Coimisiún a chumhachtú chun iad a bhunú mar i bplean ilbhliantúil. D'fhonn leibhéal oiriúnach a áirithiú ó thaobh na cuntasachta daonlathaí agus an rialaithe dhaonlathaigh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go tráthrialta maidir le feidhmiú na limistéar cosanta sin.

(23)

Déantar saothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí mar chuspóir trí chur chuige ilbhliantúil maidir le bainistiú iascaigh, ina dtugtar tosaíocht do bhunú pleananna ilbhliantúla a léiríonn sainiúlachtaí an iascaigh éagsúil.

(24)

Ba cheart ilstoic a chumhdach i bpleananna ilbhliantúla, i gcás inar féidir, i gcás ina bhfuil na stoic sin á saothrú i gcomhpháirt. Ba cheart, sna pleananna ilbhliantúla, go mbunófaí an creat do shaothrú inbhuanaithe na stoc agus éiceachórais na mara lena mbaineann, agus amchláir shoiléire agus sásraí coimirce a shainiú iontu chun déileáil le forbairtí gan choinne. Ba cheart na pleananna ilbhliantúla a bheith faoi rialú le cuspóirí bainistíochta a shainítear go soiléir d'fhonn go rannchuideofar leo le saothrú inbhuanaithe na stoc agus le cosaint na n-éiceachóras muirí lena mbaineann. Ba cheart na pleananna sin a ghlacadh i gcomhairle le Comhairlí Comhairleacha, le hoibreoirí i dtionscal na hiascaireachta, le heolaithe agus le geallsealbhóirí eile a bhfuil leas acu i mbainistiú iascaigh.

(25)

Maidir le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 (12), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (13) agus Treoir 2008/56/CE, forchuirtear leo oibleagáidí áirithe ar Bhallstáit i ndáil le limistéir speisialta faoi chosaint, le limistéir speisialta chaomhantais, agus le limistéir speisialta mhuirí faoi chosaint, faoi seach. D'fhéadfaí a chur de cheangal go ndéanfaí bearta a ghlacadh a thagann faoi CBI le bearta den chineál sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a údarú do na Ballstáit, sna huiscí atá faoina gceannasacht nó faoina n-údarás, bearta caomhnaithe den chineál sin a ghlacadh, ar bearta iad a bheidh riachtanach chun a n-oibleagáidí faoi ghníomhartha sin an Aontais a chomhlíonadh i gcás nach ndéanfaidh bearta den chineál sin dochar do leasanna iascach de chuid Ballstát eile. I gcás ina d'fhéadfadh bearta den chineál sin dochar a dhéanamh do leasanna iascach de chuid Ballstát eile, ba cheart an chumhacht chun bearta den chineál sin a bhronnadh ar an gCoimisiún agus ba cheart iontaoibh a dhéanamh maidir le comhar réigiúnach i measc na mBallstát lena mbaineann.

(26)

Tá gá le bearta chun leibhéil arda reatha na ngabhálacha de thaisme a laghdú agus an ábhair mhuirí aischurtha a dhíothú de réir a chéile. Is diomailt shuntasach iad gabhálacha de thaisme agus ábhar muirí aischurtha agus bíonn tionchar díobhálach acu ar shaothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar éiceachórais na mara, agus ar inmharthanacht airgeadais an iascaigh chomh maith. Ba cheart oibleagáid a bhunú agus a chur chun feidhme de réir a chéile chun na gabhálacha uile a thabhairt i dtír ("an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír") agus ba cheart a bheith ag gabháil leis sin na rialacha a aisghairm lenar cuireadh mar oibleagáid ar iascairí go dtí seo ábhar muirí a aischur, ar gabhálacha iad de na speicis sin atá faoi réir teorainneacha gabhála agus, sa Mheánmhuir, gabhálacha atá faoi réir íosmhéideanna gabhála a dhéantar le linn gníomhaíochtaí iascaireachta, in uiscí an Aontais nó ag soithí iascaireachta an Aontais.

(27)

Ba cheart an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a thabhairt isteach, ag brath ar an iascach a bheidh i gceist, go dtabharfar na gabhálacha uile i dtír. Ba cheart a ligean do na hiascairí leanúint de speicis a aischur, a bhfuil, de réir na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, ráta ard marthanais ann ina leith nuair a scaoiltear ar ais san fharraige iad.

(28)

D'fhonn gur inoibrithe a bheadh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus d'fhonn maolú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag athruithe ar chomhdhéanaimh na ngabhálacha ó bhliain go bliain, ba cheart a ligean do na Ballstáit cuótaí a aistriú idir na blianta, suas go céatadán áirithe.

(29)

Mar chuid de bhainistiú na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, ní mór do Bhallstáit a ndícheall a dhéanamh chun gabhálacha de thaisme a laghdú. Chuige sin, caithfidh go mbeidh ardtosaíocht ag feabhsuithe maidir le teicnící iascaireachta roghnaíocha chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir. Tá sé tábhachtach go ndáilfidh Ballstáit cuótaí idir soithí ar bhonn a léireoidh comhdhéanamh ionchasacha na speiceas sna hiascaigh a mhéad is féidirI gcás mhíréireachta idir na cuótaí a bheidh ar fáil agus na patrúin iascaireachta, ba cheart do Bhallstáit breithniú a dhéanamh ar choigeartuithe trí mhalartuithe cuótaí le Ballstáit eile, lena n-áirítear ar bhonn buan. D'fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh chomh maith ar éascú a dhéanamh ar thiomsú a bheith á dhéanamh ag úinéirí soithí ar chuótaí aonair mar shampla in eagraíochtaí táirgeachta nó i ngrúpaí d'úinéirí soithí. Ar deiridh ba cheart do Bhallstáit breithniú a dhéanamh go ndéanfaí speicis fo-ghabhála a chomhaireamh i gcoinne cuóta an, ag brath ar stádas caomhnaithe an speicis fo-ghabhála.

(30)

Ba cheart ceann scríbe na gabhálacha éisc sin a thabharfar i dtír atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a bheith teoranta agus ba cheart a ndíol mar bhia don duine a eisiamh.

(31)

Chun freastal ar ghabhálacha de thaisme nach féidir a sheachaint fiú agus na bearta uile chun iad a laghdú á gcur i bhfeidhm, ba cheart roinnt díolúintí de minimis ón oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunú do na hiascaigh sin a bhfuil an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír infeidhme ina leith, go príomha trí phleananna ilbhliantúla.

(32)

Faoi réir comhairle eolaíche agus gan cuspóirí uastáirge inbhuanaithea chur i gcontúirt agus gan básmhaireacht iascaireachta a mhéadú, nuair atá oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm, lena n-áirítear an oibleagáid doiciméadú a dhéanamh ar ghabhálacha, ba cheart go dtuarfaí go dtiocfaidh méadú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht, chun a chur san áireamh go dtabharfar éisc i dtír, ar éisc iad ba ghnách a aischur roimhe seo.

(33)

Ba cheart rochtain ar iascach a bheith bunaithe ar chritéir thrédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch. Ba cheart do na Ballstáit iascaireacht fhreagrach a chur chun cinn trí dhreasachtaí a chur ar fáil do na hoibreoirí sin a iascann ar an mbealach is lú a ndéantar díobháil don chomhshaol leis agus a chuireann na tairbhí is fearr ar fáil don tsochaí.

(34)

I gcás stoc nach bhfuil aon phlean ilbhliantúil bunaithe ina leith, ba cheart rátaí saothraithe a sholáthraíonn uastáirgeacht inbhuanaithe a áirithiú trí theorainneacha ar ghabhálacha nó ar iarracht iascaireachta a shocrú. Muna na sonraí atá ar fáil leordhóthanach, ba cheart iascaigh a bhainistiú trí neaspharaméadair a úsáid.

(35)

I bhfianaise staid eacnamaíoch neamhbhuan thionscal na hiascaireachta agus an chaoi a bhfuil pobail chósta áirithe ag brath ar an iascaireacht, is gá cobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú trí dheiseanna iascaireachta a chionroinnt ar Bhallstáit, bunaithe ar sciar intuartha na stoc do gach Ballstát.

(36)

Leis an gcobhsaíocht choibhneasta sin i ngníomhaíochtaí iascaireachta, i bhfianaise staid bhitheolaíoch shealadach na stoc, ba cheart riachtanais ar leith na réigiún ina bhfuil pobail áitiúla ag brath go mór ar iascach agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara a chosaint agus a chur san áireamh go hiomlán de réir mar a chinn an Chomhairle sa Rún uaithi an 3 Samhain 1976 (14), agus go háirithe Iarscríbhinn VII a ghabhann leis.

(37)

Dá bhrí sin, ba cheart coincheap na cobhsaíochta coibhneasta a thuiscint sa chomhthéacs sin.

(38)

Ba cheart an Coimisiún a údarú chun bearta sealadacha a ghlacadh i gcás ina mbeadh bagairt mhór, a d'éileodh beart láithreach, ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar éiceachóras na mara mar thoradh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a shainiú laistigh de thréimhsí agus ba cheart go mbeidís ag feidhmiú ar feadh tréimhse ama shocraithe.

(39)

Ba cheart go gcomhoibreodh na Ballstáit ar leibhéal réigiúnach d'fhonn moltaí comhpháirteacha agus ionstraimí eile a ghlacadh chun bearta caomhnaithe agus bearta a dhéanfaidh dochar do ghníomhaíocht iascaireachta i réimsí atá caomhnaithe faoin dhlí comhshaoil a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Faoi chuimsiú an chomhair réigiúnaigh, níor chóir don Choimisiún bearta caomhnaithe a ghlacadh ach trí ghníomhartha cur chun feidhme nó trí ghníomhartha tarmligthe amháin, i gcás ina gcomhaontaíonn na Ballstáit ar fad lena mbaineann i réigiún maidir le moladh comhpháirteach. In éagmais comhaontú comhpháirteach, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh maidir leis na bearta ábhartha de bhun an Chonartha.

(40)

Ba cheart go gcumhachtófaí do Bhallstáit bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta a ghlacadh le haghaidh stoc in uiscí an Aontais nach bhfuil infheidhme ach maidir le soithí iascaireachta an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu.

(41)

Ba cheart gcumhachtófar do Bhallstáit, laistigh dá gcrios 12 mhuirmhíle, bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta is infheidhme maidir le gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a ghlacadh, ar an gcoinníoll, i gcás ina mbeidh feidhm ag na bearta sin maidir le soithí iascaireachta an Aontais ó Bhallstáit eile, go bhfuil na bearta a ghlacfar neamh-idirdhealaitheach, go rachaidh siad i gcomhairle leis na Ballstáit eile lena mbaineann roimh ré agus nár ghlac an tAontas bearta a dhíríonn go sonrach ar chaomhnú agus ar bhainistíocht laistigh den chrios 12 mhuirmhíle lena mbaineann.

(42)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann córas lamháltas iascaireachta inaistrithe a thabhairt isteach.

(43)

Ba cheart do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh chun líon na soithí iascaireachta de chuid an Aontais a chur ar chomhréim leis na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn na measúnuithe a dhéanfaidh siad ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlach agus na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh. Ba cheart na measúnuithe a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte ón gCoimisiún agus ba cheart iad a chur ar fáil i dtuarasail bhliantúil a bheidh le cur chuig an gCoimisiún. Ba cheart na tuarascálacha sin a thagann as sin a chur ar fáil don phobal. Ba cheart do gach Ballstát a bheith in ann na bearta agus na hionstraimí a roghnú ar mian leis a ghlacadh d'fhonn acmhainn iomarcach iascaireachta a laghdú.

(44)

Ina theannta sin, ba cheart go gcoinneofaí uasteorainneacha éigeantacha le haghaidh acmhainne iascaireachta cabhlaigh agus scéimeanna náisiúnta iontrála/scoir i ndáil le maoiniú díchoimisiúnaithe, chun an acmhainn iascaireachta a bhainistiú agus a choigeartú.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis íosta a thaifeadadh maidir le saintréithe agus le gníomhaíochtaí soithí iascaireachta an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu. Ba cheart na taifid sin a chur ar fáil don Choimisiún ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar mhéid chabhlaigh na mBallstát.

(46)

Tá tacair shonraí chomhchuibhithe, iontaofa agus bheachta ag teastáil do bhainistiú iascaigh atá bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil. Ba cheart do Bhallstáit, dá bhrí sin, sonraí faoi chabhlaigh agus faoina ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhailiú, go háirithe sonraí bitheolaíocha faoi ghabhálacha, lena n-áirítear ábhar muirí aischurtha, faisnéis suirbhéanna faoi stoic éisc agus faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí arna mbailiú a bhainistiú agus a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh agus do pháirtithe leasmhara eile. Ba cheart do na Ballstáit freisin comhoibriú lena chéile agus leis an gCoimisiún chun gníomhaíochtaí bailithe sonraí a chomhordú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit comhoibriú le tríú tíortha freisin maidir le bailiú sonraí. Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don Choimisiún, ar tuarascáil é maidir lena gcuid gníomhaíochtaí bailithe sonraí a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú air agus a chuirfear ar fáil don phobal.

(47)

Ba cheart a áireamh sa bhailiúchán sonraí sonraí a éascaíonn measúnú eacnamaíoch ar ghnóthais atá gníomhach san earnáil iascaigh, i ndobharshaothrú agus i bpróiseáil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus ar threochtaí fostaíochta sna tionscail sin.

(48)

Maidir leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) mar a bunaíodh le Cinneadh 2005/629/CE ón gCoimisiún (15), féadfar dul i gcomhairle leis maidir le hábhair a bhaineann le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a bhainistiú, chun an cúnamh is gá ó phearsanra ardcháilíochta eolaíochta a áirithiú, go háirithe maidir le disciplíní bitheolaíocha, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus teicniúla a chur i bhfeidhm.

(49)

Ba cheart eolaíocht iascaigh atá dírithe ar bheartais a neartú trí chláir bhailithe sonraí eolaíochta agus trí chláir thaighde agus nuálaíochta in ábhar iascaigh arna nglacadh go náisiúnta i gcomhar le Ballstáit eile agus laistigh de chreataí taighde agus nuálaíochta an Aontais agus comhar níos fearr idir tionscal agus eolaithe a chothú.

(50)

Ba cheart don Aontas cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, lena n-áiritheofar gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais taobh amuigh d'uiscí an Aontais a bhunú ar na prionsabail chéanna agus ar na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, agus lena gcuirfear cothroime iomaíochta chun cinn d'oibreoirí an AE agus d'oibreoirí de chuid tríú tíortha. Chun na críche sin, ba cheart don Aontas a bheith ag iarraidh an próiseas a stiúradh chun feidhmíocht na n-eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú ionas go mbeidh siad in ann na hacmhainní muirí beo atá faoina gcúram a chaomhnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac. Ba cheart go gcomhoibreodh an tAontas le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar mhaithe le comhlíonadh na mbeart idirnáisiúnta a fheabhsú lena n-áirítear an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac. Ba cheart go mbeadh seasaimh an Aontais bunaithe ar an gcomhairle eolaíochta is fearr dá bhfuil ann.

(51)

Ba cheart go n-áiritheofaí le comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe go mbeadh gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ann, agus ar mhalartú iomchuí faisnéise, lena n-áiritheofar saothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí, mar aon le trédhearcacht maidir leis an mbarrachas a chinneadh, agus, dá réir sin, na hacmhainní a bhainistiú ar bhealach a bheidh ar aon dul le cuspóirí an CBI Ba cheart do na comhaontuithe sin, ina ndéantar foráil do rochtain ar acmhainní i gcomhréir le leas na gcabhlach Eorpach mar mhalairt ar ranníocaíocht ón Aontas, rannchuidiú le creat rialachais ardcháilíochta a bhunú chun bearta éifeachtúla maidir le bailiú sonraí, faireachán, rialú agus faireachas a áirithiú go háirithe.

(52)

Ba cheart go mbeadh urramú phrionsabail an daonlathais agus chearta an duine, mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in ionstraimí idirnáisiúnta eile maidir le cearta an duine, agus urramú phrionsabal riail an dlí, ina ngné bhunúsach de na comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe agus beidh an t-urramú sin faoi réir clásail shonraigh maidir le cearta an duine. Ba cheart clásal um chearta an duine a thabhairt isteach i gcomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe ar bhealach a bheidh comhsheasmhach go hiomlán le cuspóirí bheartais an Aontais maidir le forbairt fhoriomlán.

(53)

Ba cheart don dobharshaothrú rannchuidiú le caomhnú na hacmhainneachta táirgthe bia ar bhonn inbhuanaithe ar fud an Aontais chun sábháilteacht fhadtéarmach an tsoláthair bia a ráthú lena n-áirítear soláthairtí bia, mar aon le fás agus fostaíocht do shaoránaigh an Aontais agus chun rannchuidiú le héileamh méadaitheach an domhain ar bhia uisceach a shásamh.

(54)

I Straitéis an Choimisiúin um Fhorbairt Inbhuanaithe Dhobharshaothrú na hEorpa a glacadh in 2009, doiciméad a d'fhormhuinigh an Chomhairle, ar fháiltigh sí roimhe agus ar fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimhe, meabhraíodh gur gá cothroime iomaíochta a chruthú agus a chur chun cinn maidir le dobharshaothrú agus é sin a chur chun cinn mar bhonn taca faoi fhorbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe.

(55)

Bíonn tionchar ag dálaí éagsúla thar theorainneacha náisiúnta ar ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe san Aontas, lena n-áirítear i gcás údaruithe a thugtar d'oibreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart treoirlínte straitéiseacha de chuid an Aontais a fhorbairt le haghaidh pleananna straitéiseacha náisiúnta chun iomaíocht thionscal an dobharshaothraithe a fheabhsú, chun tacú le forbairt agus le nuálaíocht ann, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus éagsúlú a spreagadh agus mianach saoil i gceantair chósta agus intíre a fheabhsú. Thairis sin ba cheart sásraí a thabhairt isteach idir Bhallstáit chun faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú ar bhealach oscailte trína ndéanfar comhordú ar bhearta náisiúnta maidir le slándáil gnó, le rochtain ar uiscí agus ar spás an Aontais agus le simpliú i dtaobh na nósanna imeactha ceadúnaithe.

(56)

Mar gheall ar nádúr sonrach an dobharshaothraithe, tá Comhairle Chomhairleach ag teastáil le dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara faoi ghnéithe de bheartais an Aontais a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don dobharshaothrú.

(57)

Is gá iomaíocht earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a neartú, agus simpliú a dhéanamh ar mhaithe le bainistíocht níos fearr ar ghníomhaíochtaí táirgthe agus margaíochta na hearnála sin. Ba cheart go n-áireofar leis an gcomheagrú margaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe cothroime iomaíochta do na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar fad a mhargaítear san Aontas, beag beann ar a dtionscnamh, rud a chuirfeadh ar chumas na dtomhaltóirí roghanna níos eolaí a dhéanamh agus táirgí a thomhailt ar bhealach freagrach, agus ba cheart go gcuideodh an Comheagrú sin le tuiscint níos fearr ar mhargaí an Aontais feadh shlabhra an tsoláthair mar aon leis an eolas eacnamaíoch fúthu.

(58)

Ba cheart an comheagrú margaidh a chur chun feidhme i gcomhréir le tiomantais idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe maidir le forálacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(59)

D'fhonn comhlíonadh rialacha an CBI a áirithiú, ba cheart córas éifeachtach um rialú, um chigireacht agus um fhorfheidhmiú a bhunú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.

(60)

Ba cheart an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua-aimseartha éifeachtacha a chur chun cinn faoi chuimsiú chóras an Aontais um rialú, um chigireacht, agus um fhorfheidhmiú. Ba cheart an deis a bheith ag Ballstáit agus ag an gCoimisiún treoirthionscadail a stiúradh maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistithe sonraí nua.

(61)

Chun a áirithiú gur mar a chéile a bheidh na dálaí sna Ballstáit éagsúla i gcur chun feidhme rialacha maidir le rialú agus forghníomhú, ba cheart comhar a spreagadh idir na Ballstáit maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a shainaithint.

(62)

Chun a áirithiú go mbeidh na hoibreoirí rannpháirteach i gcóras bailithe sonraí an Aontais agus i gcóras an Aontais um rialú, um chigireacht agus um fhorfheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chur de cheangal ar a gcuid oibreoirí ranníocaíocht chomhréireach a dhéanamh i leith na gcostas oibríochtúil comhfhreagrach.

(63)

Ní féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an CBI a bhaint amach go leormhaith de bharr na bhfadhbanna a bhaineann le forbairt agus le bainistíocht thionscal na hiascaireachta, agus de bharr na srianta atá ar acmhainní airgeadais na mBallstát. Dá bhrí sin, d'fhonn cabhrú chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart cúnamh airgeadais ilbhliantúil ón Aontas a bhronnadh, agus é dírithe ar thosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh agus curtha in oiriúint do ghnéithe sonracha an tionscail iascaireachta i mBallstáit aonair.

(64)

Níor cheart cúnamh airgeadais ón Aontas a thabhairt ach ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na Ballstáit agus oibreoirí lena n-áirítear úinéirí soithí, rialacha CBI. Faoir réir rialacha sonracha atá le glacadh, ba cheart cúnamh airgeadais ón Aontas a bhearnú, a fhionraí nó a cheartú i gcásanna nach gcomhlíonann Ballstát oibleagáid shonrach faoi CBI nó i gcás ina ndéanfaidh oibreoir sárú tromchúiseach ar na rialacha sin.

(65)

Is léir go bhfuil sé fíor-riachtanach agallamh a bheith ar siúl le páirtithe leasmhara ionas gur féidir cuspóirí CBI a bhaint amach. Agus na dálaí ilghnéitheacha ar fud uiscí an Aontais agus réigiúnú méadaithe an Chomhbheartais Iascaigh á gcur san áireamh, ba cheart go gcuirfí ar chumas Comhairlí Comhairleacha, agus an Chomhbheartais Iascaigh a chur chun feidhme acu, leas a bhaint as eolas agus as taithí na ngeallsealbhóirí go léir.

(66)

I bhfianaise saintréithe na réigiún forimeallach, an dobharshaothraithe, na margaí agus na Mara Duibhe, is iomchuí Comhairle Chomhairleach nua a bhunú do gach ceann acu.

(67)

Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le: bearta caomhnaithe a ghabhann le hoibleagáidí áirithe comhshaoil atá ar Bhallstáit a ghlacadh, an oibleagáid chun gach gabháil a thabhairt i dtír a oiriúnú chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh,an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a shíneadh go dtí speicis eile trí leas a bhaint as próiseas an réigiúnaithe, pleananna a ghlacadh maidir le hábhar muirí a aischur trí leas a bhaint as próiseas an réigiúnaithe, díolúintí de minimus a ghlacadh ón oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír murar glacadh beart eile cur chun feidhme don oibleagáid sin, agus mionsonraí a bhunú maidir le feidhmiú na gComhairlí Comhairleacha. Is ríthábhachtach é go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(68)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le bearta sealadacha chun maolú a dhéanamh ar bhagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, don scéim iontrála/scoir a chur chun feidhme sa bhainistíocht cabhlach, agus do shonraí a thaifeadadh, a fhormáidiú agus a tharchur don chlár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(69)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

(70)

Ar theacht i bhfeidhm do na rialacha comhfhreagracha de bhun an Rialacháin seo, ba cheart Cinneadh 585/2004/CE ón gComhairle (17) a aisghairm.

(71)

Mar gheall ar líon na leasuithe atá le déanamh agus a thábhachtaí atá siad, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Cumhdóidh an Comhbheartas Iascaigh (CBI):

(a)

caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus bainistiú iascach agus cabhlach a shaothraíonn na hacmhainní sin;

(b)

maidir le bearta i ndáil le margaí agus maidir le bearta aigeadais lena dtacaítear le cur i bhfeidhm CBI: acmhainní bitheolaíocha fionnuisce, iascaigh agus dobharshaothrú a phróiseáil agus margaíocht a dhéanamh i leith na dtáirgí sin.

2.   Cumhdóidh CBI na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcás go dtugtar fúthu:

(a)

ar chríoch na mBallstát lena mbaineann an Conradh;

(b)

in uiscí an Aontais, lena n-áirítear soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu, nó atá cláraithe i dtríú tíortha;

(c)

ag soithí iascaireachta an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais; nó

(d)

ag náisiúnaigh na mBallstát, gan dochar do phríomhfhreagracht an Bhratstáit.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Le CBI, áiritheofar go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia.

2.   Cuirfidh CBI cur chuige réamhchúraim i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus beidh sé mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil ag leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

D'fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, bainfear amach ráta dúshaothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe, más féidir, faoi 2015 agus, ar bhonn forchéimneach, incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí i gcás na stoc uile.

3.   Cuirfear le CBI an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh chun feidhme lena áirithiú gur lú agus is féidir na tionchair dhiúltacha a bheidh ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara, agus féachfar leis lena áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí maidir le dobharshaothrú agus iascaigh an díghrádú ar an gcomhshaol muirí.

4.   Le CBI cuirfear le sonraí eolaíochta a bhailiú.

5.   Déanfar le CBI go háirithe, an méid a leanas:

(a)

deireadh céimneach a chur le hábhair mhuirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha i dtír;

(b)

nuair is gá, an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme, gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe;

(c)

dálaí a chur ar fáil do thionscal iascaireachta, gabhála agus próiseála agus do ghníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh, ar tionscal agus gníomhaíochtaí iad atá, ó thaobh na heacnamaíochta, inmharthana agus iomaíoch;

(d)

foráil a dhéanamh do bhearta acmhainn iascaireachta na gcabhlach a choigeartú go dtí leibhéil deiseanna iascaireachta a bheidh ag luí le mír 2, d'fhonn go mbeidh cabhlaigh ann a bheidh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta gan acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú an iomarca;

(e)

gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn chun cur le soláthairtí agus slándáil an bhia agus le fostaíocht;

(f)

caighdeán cóir maireachtála a bhaint amach dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, le feasacht ar ghnéithe an iascaigh cois cósta agus ar ghnéithe soch-eacnamaíocha;

(g)

cur le margadh inmheánach éifeachtúil, trédhearcach do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta ann do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a mhargaítear san Aontas;

(h)

leas na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí araon a chur san áireamh;

(i)

gníomhaíochtaí iascaireachta cósta a chur chun cinn, agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh;

(j)

bheith i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, go háirithe maidir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE, agus le beartais eile an Aontais chomh maith.

Airteagal 3

Prionsabail an dea-rialachais

Gheobhaidh CBI treoir ó na prionsabail dea-rialachais seo a leanas:

(a)

sainiú soiléir freagrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal áitiúil;

(b)

go gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí réigiúnacha trí chur chuige réigiúnaithe;

(c)

bearta a bhunú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;

(d)

dearcadh fadtéarmach;

(e)

cost-éifeachtacht riaracháin;

(f)

rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara, go háirithe rannpháirtíocht Comhairlí Comhairleacha, ag gach céim ó cheapadh go cur chun feidhme na mbeart;

(g)

príomhfhreagracht an Bhratstáit;

(h)

comhleanúnachas le beartais eile an Aontais,

(i)

leas a bhaint as measúnuithe tionchair de réir mar is iomchuí;

(j)

comhleanúnachas idir an ghné inmheánach agus an ghé sheachtrach de CBI;

(k)

trédhearcacht sa láimhseáil sonraí i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana, agus an saol príobháideach, cosaint na sonraí pearsanta agus rialacha rúndachta a urramú go cuí; sonraí a bheith ar fáil do na comhlachtaí eolaíochta iomchuí, do chomhlachtaí eile a bhfuil leas eolaíoch nó bainistíochta acu, agus d'úsáideoirí deiridh eile a shainítear.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'uiscí an Aontais' uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na mBallstát cé is moite de na huiscí atá cóngarach do na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh;

(2)

ciallaíonn 'acmhainní bitheolaíocha na mara' speicis uisceacha bheo na mara atá ar fáil agus atá inrochtana, lena n-áirítear speicis anadromacha agus speicis chatadromacha le linn a saoil mhuirí;

(3)

ciallaíonn 'acmhainní bitheolaíocha fionnuisce' speicis uisceacha fionnuisce bheo atá ar fáil agus atá inrochtana;

(4)

ciallaíonn 'soitheach iascaireachta' soitheach ar bith atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó gaiste tuinnín ghoirm bheo;

(5)

ciallaíonn 'soithí iascaireachta an Aontais' soithí iascaireachta faoi bhratach Ballstáit agus atá cláraithe san Aontas;

(6)

ciallaíonn 'iontráil sa chabhlach iascaireachta' soitheach iascaireachta a chlárú i gclár Ballstáit do shoithí iascaireachta;

(7)

ciallaíonn 'uastáirgeacht inbhuanaithe' an ghabháil uasta cothromaíochta teoiricí is féidir a thógáil go leanúnach as stoc éisc faoi na meánchoinníollacha comhshaoil atá ann faoi láthair gan cur isteach go mór ar an bpróiseas síolraithe;

(8)

ciallaíonn 'cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh', dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chomhaontú NA maidir le Stoic Éisc cur chuige lena n-áirítear nár cheart go mbeadh easpa faisnéise eolaíche leormhaithe ina bhonn cirt le bearta bainistíochta a chur siar chun spriocspeicis, speicis ghaolmhara nó spleácha agus speicis nach spriocspeicis iad agus a dtimpeallacht a chaomhnú nó gan na bearta sin a dhéanamh;

(9)

ciallaíonn 'cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh' cur chuige comhtháite i leith bainistíochta iascaigh taobh istigh de theorainneacha a bhfuil brí leo ó thaobh na héiceolaíochta de lena bhféachtar le bainistiú a dhéanamh ar úsáid acmhainní nádúrtha, agus aird á tabhairt ar iascaireacht agus ar ghníomhaíochtaí doanna eile, agus ag an am céanna lena gcaomhnófar an saibhreas bitheolaíochta agus na próisis bitheolaíochta is gá chun comhdhéanamh, struchtúr agus feidhmiú na ngnáthóg a chosaint san éiceachóras lena mbaineann, tríd an eolas agus trí na héiginnteachtaí maidir le compháirteanna bitheacha, aibitheacha agus daonna de chuid éiceachóras a chur san áireamh;

(10)

ciallaíonn 'ábhair mhuirí aischurtha' gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;

(11)

ciallaíonn 'iascaireacht ísealtionchair' teicnící roghnaíocha a úsáid lena ngabhann tionchar díobhálach íseal ar éiceachórais mhuirí nó a d'fhéadfadh astaíochtaí ísle breosla a bheith mar thoradh orthu, nó an dá rud;

(12)

ciallaíonn 'iascaireacht roghnaíoch' iascaireacht a dhéanamh agus modhanna iascaireachta á n-úsáid nó trealamh iascaireachta a úsáid lena ndírítear ar orgánaigh agus lena ngabhtar iad de réir méide nó de réir speicis le linn na hoibríochta iascaireachta, lena gceadaítear eiseamail nach ndírítear orthu a sheachaint nó a scaoileadh saor gan díobháil;

(13)

ciallaíonn 'ráta básmhaireachta san iascaireacht' an ráta a bhaintear bithmhais nó éisc aonair de stoc trí ghníomhaíochtaí iascaigh thar thréimhse ar leith;

(14)

ciallaíonn 'stoc' acmhainn bhitheolaíoch mhara a tharlaíonn i limistéar bainistíochta ar leith;

(15)

ciallaíonn 'teorainn ghabhála', de réir mar is iomchuí, teorainn chainníochtúil ar ghabhálacha stoc éisc nó ar ghrúpa stoic éisc, thar tréimhse ar leith, sa chás ina mbeidh na stoic éisc nó an grúpa stoic éisc sin faoi réir oibleagáide iad a thabhairt i dtír, nó teorainn chainníochtúil ar ghabhálacha stoc éisc nó ar ghrúpa stoic éisc nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide iad a thabhairt i dtír thar tréimhse ar leith;

(16)

ciallaíonn 'pointe tagartha caomhnaithe' luachanna na bparaiméadar de líon an stoic éisc (ar nós bithmhaise nó an ráta básmhaireachta san iascaireacht) a úsáidtear i mbainistiú iascaigh, mar shampla i ndáil le leibhéal inghlactha de riosca bitheolaíoch nó leibhéal táirgeachta inmhianaithe;

(17)

ciallaíonn 'íosmhéid tagartha caomhnaithe' méid an speicis uiscigh bheo mhuirí agus an aibíocht á cur san áireamh, arna bunú ag dlí an Aontais, a mbeidh srianta nó dreasachtaí i bhfeidhm orthu agus iad faoin méid sin a mbeidh sé d'aidhm acu gabháil a sheachaint trí ghníomhaíocht iascaireachta; gabhfaidh an méid sin ionad an íosmhéid gabhála, i gcás inarb ábhartha;

(18)

ciallaíonn 'stoc laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte' stoc a bhfuil ard-dóchúlacht ann ina leith gurb airde a bhithmhais sceite mheasta ag deireadh na bliana roimhe sin ná an pointe tagartha teorann bithmaise (Blim) agus gur lú a ráta básmhaireachta san iascaireacht don bhliain roimhe sin ná an pointe tagartha um an ráta básmhaireachta san iascaireacht teorann (Flim);

(19)

ciallaíonn 'coimirce' beart réamhchúraim a ceapadh ionas nach dtarlóidh teagmhas neamh-inmhianaithe;

(20)

ciallaíonn 'beart teicniúil' an beart lena rialaítear, trí choinníollacha a bhunú ar úsáid agus ar struchtúr an trealaimh iascaireachta agus trí rochtain ar limistéir iascaireachta a shrianadh, comhdhéanamh na speiceas, comhdhéanamh méide na ngabhálacha agus na héifeachtaí ar na comhpháirteanna de na héiceachórais a d'eascair as gníomhaíochtaí iascaireachta;

(21)

ciallaíonn 'iarracht iascaireachta' an toradh ar chumas agus ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta; i gcás grúpa de shoithí iascaireachta is é suim na n-iarrachtaí iascaireachta ag gach soitheach sa ghrúpa atá i gceist;

(22)

ciallaíonn 'Ballstát a bhfuil leas díreach bainistíochta aige' Ballstát a bhfuil leas aige de bharr deiseanna iascaireachta nó de bharr iascaireacht nach ndéantar ach amháin i limistéar eacnamaíoch eisiach an Bhallstáit lena mbaineann nó, sa Mheánmhuir, ag iascach traidisiúnta ar an mórmhuir;

(23)

ciallaíonn 'lamháltais iascaireachta inaistrithe' teidlíochtaí in-aisghairthe úsáideoirí ar chuid ar leith de na deiseanna iascaireachta atá cionroinnte ar Bhallstát nó a leagtar síos i bpleananna bainistíochta arna nglacadh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (18), a bhféadfaidh an sealbhóir iad a aistriú.

(24)

ciallaíonn 'acmhainn iascaireachta' tonnáiste soithigh in OT (Olltonnáiste) agus a chumhacht in kW (Cileavatanna) mar a shainítear in Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle (19) iad;

(25)

ciallaíonn 'dobharshaothrú' orgánaigh uisceacha a thógáil nó a shaothrú ag úsáid teicníochtaí a ceapadh chun táirgeadh na n-orgánach atá i gceist a mhéadú thar ghnáthchumas na timpeallachta, agus fanfaidh na horgánaigh faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh feadh na gcéimeanna tógála agus saothraithe, go dtí tráth na buainte, agus an tráth sin san áireamh;

(26)

ciallaíonn 'ceadúnas iascaireachta' ceadúnas mar a shainítear in 'Airteagal 4(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (20);

(27)

ciallaíonn 'údarú iascaireachta' údarú mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(28)

ciallaíonn 'gníomhaíocht iascaireachta' cuardach éisc, lámhach, socrú, tarraingt, tarlú an trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i ngaiste, a ramhrú agus a thabhairt i dtír;

(29)

ciallaíonn 'táirgí iascaigh' orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta ar bith, nó as táirgí a fhaightear uathu sin;

(30)

ciallaíonn 'oibreoir' an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(31)

ciallaíonn 'sárú tromchúiseach' sárú mar a shainítear i ndlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear in Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 (21) ón gComhairle agus in Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(32)

ciallaíonn 'úsáideoir deiridh sonraí eolaíochta' comhlacht a bhfuil leas taighde nó bainistíochta aige san anailís eolaíochta ar shonraí san earnáil iascaigh;

(33)

ciallaíonn 'barrachas den ghabháil incheadaithe' an chuid sin den ghabháil incheadaithe nach saothraíonn Stát cósta, rud a fhágfaidh go mbíonn ráta foriomlán saothraithe ann do stoic aonair a fhanann faoi bhun na leibhéal sin a bhfuil na stoic in ann iad féin a athshlánú agus lena ndéantar méid na speiceas sin a shaothraítear a choinneáil os cionn leibhéal inmhianaithe ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil;

(34)

ciallaíonn 'táirgí dobharshaothraithe' orgánaigh uisceacha ag céim ar bith dá saolré a eascraíonn as gníomhaíocht dobharshaothraithe ar bith nó na táirgí a fhaightear uathu sin;

(35)

ciallaíonn 'bithmhais stoic sceite' meastachán ar mhais éisc acmhainne ar leith a atáirgeann ag am sainithe, lena n-áirítear fireannaigh agus baineannaigh araon agus lena n-áirítear iasc a atáirgeann go beobhreitheach;

(36)

ciallaíonn 'iascach measctha' iascach ina bhfuil níos mó ná speiceas amháin i láthair agus ina a bhfuil an dóchúlacht ann go ngabhfar speicis eile san oibríocht chéanna iascaireachta;

(37)

ciallaíonn 'comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe' comhaontuithe idirnáisiúnta a thugtar i gcrích le tríú stát ar mhaithe le rochtain a fháil ar acmhainní agus ar uiscí d'fhonn cion den bharrachas d'acmhainní bitheolaíocha na mara, mar mhalairt ar chúiteamh airgeadais ón Aontas a bhféadfadh tacaíocht earnála a bheith mar chuid de.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha ar limistéir gheografacha seo a leanas:

(a)

ciallaíonn 'an Mhuir Thuaidh' ranna ICES (22) IV and IIIa;

(b)

ciallaíonn 'an Mhuir Bhailt' ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId;

(c)

ciallaíonn'Uiscí an Iarthuaiscirt' ranna ICES V (seachas Va agus uiscí an Aontais in Vb amháin), VI agus VII;

(d)

ciallaíonn 'Uiscí an Iardheiscirt' ranna ICES VIII, IX agus X (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF (23) 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha);

(e)

ciallaíonn 'Uiscí Meánmhara' Uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36' siar;

(f)

ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' fo-cheantar geografach CIGM (Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) mar a shainmhínítear sa rún GFCM/33/2009/2 é.

CUID II

ROCHTAIN AR UISCÍ

Airteagal 5

Rialacha ginearálta maidir le rochtain ar uiscí

1.   Beidh rochtain chothrom ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní in uiscí uile an Aontais seachas sna cásanna sin dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, faoi réir ag na bearta arna nglacadh faoi Chuid III.

2.   Sna huiscí suas le 12 mhuirmhíle óna mbonnlínte a thagann faoina gceannasacht nó faoina ndlínse, beidh údarás ag Ballstáit go dtí 31 Nollaig 2022 an iascaireacht a shrianadh ach do shoithí iascaireachta ar gnách leo bheith ag iascaireacht sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta in aice láimhe. Beidh údarú den sórt sin gan dochar do na socruithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil bratach Ballstát eile ar foluain acu faoi chaidrimh chomharsanachta atá ann cheana féin idir Bhallstáit agus na socruithe atá le fáil in Iarscríbhinn I, lena socraítear do gach Ballstát na criosanna geografacha laistigh de na bandaí ar chóstaí na mBallstát eile ina dtugtar faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta agus na speicis lena mbaineann. Cuirfidh na Ballstáit na srianta a chuirfear i bhfeidhm faoin mír seo in iúl don Choimisiún.

3.   Sna huiscí suas le 100 muirmhíle ó bhonnlínte na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh, udarófar do na Ballstáit lena mbaineann go dtí an 31 Nollaig 2022 an iascaireacht a shrianadh ach do shoithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na gcríoch sin. Ní bheidh feidhm leis na srianta sin maidir le soithí an Aontais ar gnách leo bheith ag iascaireacht sna huiscí sin, sa mhéid is nach sáróidh na soithí sin an ghnáthiarracht iascaireachta. Cuirfidh na Ballstáit na srianta a chuirfear i bhfeidhm faoin mír seo in iúl don Choimisiún.

4.   Déanfar na bearta a mbeidh feidhm leo tar éis dul in éag na socruithe atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 3 a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2022.

CUID III

.BEARTA CHUN ACMHAINNÍ BITHEOLAÍOCHA NA MARA A CHAOMHNÚ AGUS A SHAOTHRÚ AR BHEALACH INBHUANAITHE

TEIDEAL I

Bearta caomhnaithe

Airteagal 6

Forálacha ginearálta

1.   Chun cuspóirí CBI i ndáil le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe mar a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, glacfaidh an tAontas bearta caomhnaithe mar a leagtar amach in Airteagal 7 iad.

2.   Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhlachtaí ábhartha comhairliúcháin agus leis na comhlachtaí ábhartha eolaíochta. Glacfar bearta caomhnaithe, agus comhairle agus cuirfear san áireamh comhairle eolaíoch, teicniúil agus eacnamaíoch lena n-áirítear, nuair is ábhartha, tuarascálacha a bheidh curtha i dtoll a chéile ag CETEI agus ag comhlachtaí eile comhairliúcháin, mar aon le comhairle a gheofar ó na Comhairlí Comhairliúcháin agus moltaí comhpháirteacha a gheofar ó na Ballstáit de bhun Airteagal 18.

3.   Féadfaidh na Ballstáit dul i mbun comhair lena chéile ar mhaithe le bearta an Aontais a ghlacadh de bhun Airteagal 11, Airteagal 15 agus Airteagal 18.

4.   Déanfaidh Ballstáit comhordú lena chéile sula nglacfar bearta náisiúnta de bhun Airteagal 20(2).

5.   I gcásanna sonracha, go háirithe i dtaca le réigiún na Meánmhara, féadfar a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh i réimse CBI, lena n-áirítear bearta caomhnaithe. Beidh feidhm ag Airteagal 18, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 7

Cineálacha beart caomhnaithe

1.   Féadfar, inter alia, na nithe seo a leanas a áireamh sna bearta chun acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe:

(a)

pleananna ilbhliantúla faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10;

(b)

spriocanna chun stoic a chaomhnú agus a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus bearta gaolmhara chun tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a íoslaghdú;

(c)

bearta chun acmhainn iascaireachta soithí iascaireachta a chur in oiriúint do dheiseanna iascaireachta;

(d)

dreasachtaí, lena n-áirítear dreasachtaí eacnamaíocha amhail deiseanna iascaireachta, chun modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí, le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh;

(e)

bearta maidir le deiseanna iascaireachta a leagan síos agus a leithdháileadh;

(f)

bearta chun cuspóirí Airteagal 15 a bhaint amach;

(g)

íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe;

(h)

treoirthionscadail maidir le teicníochtaí malartacha bainistithe iascaireachta agus trealaimh a mheadaíonn an roghnaíocht nó a íoslaghdaíonn an drochthionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an muirthimpeallacht;

(i)

bearta atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi reachtaíocht comhshaoil an Aontais, a glacadh de bhun Airteagal 11, a chomhlíonadh;

(j)

bearta teicniúla dá dtagraítear in mír 2.

2.   Féadfaidh an méid seo a leanas, inter alia, a bheith san áireamh sna bearta teicniúla:

(a)

saintréithe trealamh iascaireachta agus rialacha maidir le húsáid na dtrealamh sin;

(b)

sonraíochtaí maidir le trealamh iascaireachta a thógáil, lena n-áirítear:

(i)

mionathruithe nó gléasanna breise chun roghnaíocht a fheabhsú nó chun an drochthionchar ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(ii)

mionathruithe nó gléasanna breise chun gabháil de thaisme speiceas atá i mbaol, faoi bhagairt agus faoi chosaint a laghdú, agus chun gabhálacha eile de thaisme a laghdú freisin;

(c)

srianta nó toirmeasc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;

(d)

ceanglais ar shoithí iascaireachta a gcuid oibríochtaí a stopadh i limistéar sainithe ar feadh íostréimhse sainithe d'fhonn comhbhailiúchán sealadach de speiceas atá i mbaol, d'iasc sceite, d'iasc faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, agus d'acmhainn mhara eile atá leochaileach a chosaint;

(e)

bearta sonracha chun an drochthionchar atá ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar bhithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir.

Airteagal 8

Limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú

1.   Déanfaidh an tAontas gach iarracht limistéir faoi chosaint a bhunú ar fhoras a n-íogaireacht bhitheolaíoch, lena n-áirítear limistéir inar ríléir go bhfuil tiúchain arda iasc faoi bhun na híosmhéide caomhnaithe tagartha agus láithreacha sceite, ag féachaint go cuí do na limistéir chaomhnaithe atá ann cheana. Sna limistéir sin, féadfar srian nó cosc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chun beo-acmhainní uisceacha agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú. Tabharfaidh an tAontas cosaint bhreise i gcónaí do limistéir atá íogair ó thaobh na bitheolaíochta de.

2.   Chun na gcríoch sin, sainaithneoidh na Ballstáit, nuair is féidir, limistéir oiriúnacha a bheadh mar chuid de líonra comhleanúnach agus ullmhóidh siad, i gcás inarb iomchuí, moltaí comhpháirteacha i gcomhréir le forálacha Airteagal 18(7), ionas go bhféadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadhi gcomhréir leis an gConradh.

3.   Féadfar a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, i bplean ilbhliantúil, limistéar den sórt sin atá íogair ó thaobh na bitheolaíochta de agus atá faoi chosaint a bhunú; Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6). Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthrialta maidir le limistéir faoi chosaint.

TEIDEAL II

Bearta sonracha

Airteagal 9

Prionsabail agus cuspóirí pleananna ilbhliantúla

1.   Glacfar pleananna ilbhliantúla mar ábhar tosaíochta bunaithe ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch agus beidh bearta caomhnaithe iontu chun stoic éisc a athbhunú agus a chothabháil ag leibhéil atá os cionn na leibhéal sin atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 2(2).

2.   Nuair nach féidir spriocanna a dheimhniú maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de dheasca sonraí easnamhacha, déanfar foráil sna pleananna ilbhliantúla do bhearta a bhunófar ar an gcur chuige réamhchúraim, ionas go bhféadfar ar a laghad leibhéal inchomparáide maidir le caomhnú na stoc ábhartha a áirithiú.

3.   Cumhdóidh pleananna ilbhliantúla an méid seo a leanas faoi seach:

(a)

speiceas amháin; nó

(b)

i gcás iascach measctha nó i gcás ina mbaineann dinimic na stoc lena chéile, iascaigh a bhfuil stoic éagsúla á ndúshaothrú acu i limistéar ábhartha geografach, agus eolas faoi na hidirghníomhaíochtaí idir stoic éisc, iascaigh agus éiceachórais na mara á chur san áireamh.

4.   Maidir leis na bearta sin a áireofar sna pleananna ilbhliantúla, agus an féilire le hiad a chur chun feidhme, beidh siad i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na spriocanna atá le baint amach agus laistigh den amchlár atá beartaithe. Sula n-áireofar na bearta sna pleananna ilbhliantúla, cuirfear san áireamh an tionchar is dóichí a bheidh acu ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta de.

5.   Féadfaidh cuspóirí agus bearta sonracha caomhnaithe a bheith sna pleananna ilbhliantúla, ar cuspóirí agus bearta iad a bheadh bunaithe ar chur chuige na n-éiceachóras, chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sonracha na n-iascach measctha i dtaca leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(2) a bhaint amach i gcás na stoc éagsúla a chumhdaítear leis an bplean i gcásanna ina léiríonn comhairle eolaíoch nach féidir méaduithe sa roghnaíocht a bhaint amach. Nuair is gá, cuimseoidh an plean ilbhliaintiúil bearta caomhnaithe sonracha agus ailtéarnacha, bunaithe ar chur chuige na n-éiceachóras, maidir le roinnt de na stoic a chumhdaítear ann.

Airteagal 10

Ábhar na bpleananna ilbhliantúla

1.   Áireofar an méid seo a leanas i bplean ilbhliantúil, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do na hinniúlachtaí ábhartha faoin gConradh:

(a)

an raon feidhme, i dtéarmaí stoc, iascaigh agus an limistéar a gcuirfear an plean ilbhliantúil i bhfeidhm maidir leis;

(b)

cuspóirí atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus le forálacha ábhartha Airteagal 6 agus Airteagal 9;

(c)

spriocanna inchainníochtaithe amhail rátaí básmhaireachta san iascaireacht agus/nó bithmhais stoic sceite;

(d)

amchláir shoiléire chun na spriocanna inchainníochtaithe a bhaint amach;

(e)

pointí tagartha caomhnaithe atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(f)

cuspóirí maidir le bearta caomhnaithe agus teicniúla a bheidh le glacadh chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 15 a bhaint amach agus bearta atá ceaptha le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir;

(g)

cosaintí chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna inchainníochtaithe, chomh maith le gníomhaíocht cheartaitheach, lena n-áirítear i gcásanna ina gcuirtear inbhuanaitheacht na stoc i mbaol toisc infhaighteacht sonraí nó cáilíocht sonraí bheith dul i léig.

2.   Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i bplean ilbhliantúil:

(a)

bearta eile caomhnaithe, go háirithe bearta chun ábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh nó chun drochthionchar na hiascaireachta ar an éiceachóras a íoslaghdú, agus na bearta sin le sonrú tuilleadh, nuair is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

táscairí inchainníochtaithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn maidir le spriocanna an phlean ilbhliantúil a bhaint amach;

(c)

cuspóirí sonracha maidir leis an gcuid fionnuisce de shaolré na speiceas anadromach agus catadromach, nuair is iomchuí;

3.   Forálfar i bplean ilbhliantúil dá athbhreithniú tar éis céadmheasúnú ex-post, go háirithe chun athruithe maidir le comhairle eolaíoch a thabhairt ar aire.

Airteagal 11

Bearta caomhnaithe is gá chun oibleagáidí faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chomhlíonadh

1.   Cumhachtófar do Bhallstáit, bearta caomhnaithe a ghlacadh nach gcuirfidh isteach ar shoithí iascaireachta Ballstát eile agus a bheidh infheidhme maidir le huiscí atá faoina gceannasacht nó faoina ndlínse agus a bheidh riachtanach chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE, faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE nó faoi Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, ar choinníoll go mbeidh na bearta sin:comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo, i gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht ábhartha an Aontais a mbeidh sé i gceist acu go gcuirfear chun feidhme leis í, agus chomh dian céanna ar a laghad leis na bearta atá ann cheana faoi dhlí an Aontais.

2.   Nuair a bhíonn Ballstát ("an Ballstát tionscantach") den tuairim gur gá bearta a ghlacadh chun na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh agus go bhfuil leas bainistíochta díreach ag Ballstáit eile san iascach sin a ndéanfar difear dó leis na bearta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, bearta den sórt sin a ghlacadh, arna iarraidh sin dó, trí bhíthinn gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (4) agus (6) mutatis mutandis.

3.   Tabharfaidh an Ballstát tionscantach gach faisnéis ábhartha maidir leis na bearta a bheidh ag teastáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile a bhfuil leas bainistíochta díreach acu, lena n-áirítear réasúnú, fianaise eolaíoch agus sonraí maidir le cur chun feidhme agus forghníomhú praiticiúil. Féadfaidh an Ballstát tionscantach agus na Ballstáit eile a mbeidh leas díreach bainistíochta acu moladh comhpháirteach a thíolacadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1), laistigh de shé mhí ón tráth a gcuirfear an fhaisnéis leordhóthanach ar fáil. Laistigh de thrí mhí ón dáta ar a bhfaighfear iarratas iomlán, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin agus aon chomhairle eolaíoch a bheidh ar fáil á cur san áireamh.

Mura bhfuil gach Ballstát in ann teacht ar chomhaontú maidir le moltaí comhpháirteacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na chéad mhír laistigh den sprioc-am atá socraithe nó má mheastar nach bhfuil na moltaí comhpháirteacha maidir le bearta caomhnaithe comhoiriúnach do chuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe na mbeart caomhnaithe atá i gceist, féadfaidh an Coimisiún togra a chur isteach i gcomhréir leis an gConradh.

4.   De mhaolú ar mhír 3, in uireasa molta comhpháirtigh amhail dá dtagraítear i mír 3, i gcásanna práinne, glacfaidh an Coimisiún na bearta Na bearta a bheidh le glacadh i gcás práinne, beidh siad teoranta dóibh siúd a mbeadh an baol ann, dá n-uireasa, nach mbainfí amach na gcuspóirí maidir le bunú na mbeart caomhnaithe sin i mbaol. Beidh na cuspóirí sin i gcomhréir leis an Treoir dá dtagraítear i mír 1 agus le rún na mBallstát.

5.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 4 beidh feidhm acu ar feadh tréimhse 12 mhí ar a mhéid ar tréimhse í ar féidir a fhadú ar feadh 12 mhí ar a mhéid fad is a bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear sa tréimhse sin fós ann.

6.   Déanfaidh an Coimisiún comhar sa phróiseas cur chun feidhme a éascú idir an Ballstát lena mbaineann agus na Ballstáit eile a mbeidh leas díreach bainistíochta acu san iascach a bheidh i gceist, agus déanfar na bearta arna nglacadh faoi mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 a fhorghníomhú.

Airteagal 12

Bearta an Choimisiúin i gcás bagartha tromchúisí ar acmhainní bitheolaíocha na mara

1.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo maidir le bagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar éiceachóras na mara, ar chúiseanna iad a mbeidh fianaise mar bhunús leo féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh ar feadh uastréimhse de shé mhí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

2.   Cuirfidh an Ballstát an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 in iúl go comhuaineach don Choimisiún, do Bhallstáit eile agus do na Comhairlí Comhairleacha lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit eile agus na Comhairlí Comhairleacha a gcuid barúlacha scríofa a chur isteach laistigh de sheacht lá oibre tar éis dóibh an fógra a fháil. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 15 lá oibre tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

3.   Roimh éag don tréimhse feidmhe tosaigh de ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a ghlacadh, lena gcuirtear fad le feidhmiú an bhirt éigeandála faoi réir uastréimhse de 6 mhí le héifeacht láithreach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

Airteagal 13

Bearta éigeandála na mBallstát

1.   Ar bhonn fianaise de bhagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar éiceachóras na mara a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí a thagann faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit a éilíonn gníomh láithreach, féadfaidh an Ballstát sin bearta éigeandála a ghlacadh chun an bhagairt a mhaolú. Beidh na bearta sin comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad leis na bearta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Glacfar bearta den sórt sin ar feadh uastréimhse trí mhí.

2.   I gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta éigeandála atá le glacadh ag Ballstát ar shoithí iascaireachta de chuid Ballstáit eile, ní ghlacfar na bearta sin ach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit iomchuí agus leis na Comhairlí Comhairleacha iomchuí i dtaobh dréachta de na bearta agus beidh meabhrán míniúcháin ag gabháil leis an dréacht sin. Don chomhairliúchán sin, féadfaidh an Ballstát comhairliúcháin spriocam réasúnta a leagan síos ach nach bhféadfaidh bheith níos giorra ná aon mhí amháin.

3.   Nuair atá an Coimisiún den tuairim nach gcomhlíonann beart a glacadh faoin Airteagal seo na coinníollacha arna leagan amach i mír 1, faoi réir cúiseanna ábhartha a chur faoi bhráid, féadfaidh sé iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann an beart sin a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 14

Gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú

1.   Chun go bhféadfar an oibleagáid a thabhairt isteach maidir leis na gabhálacha uile a thabhairt i dtír san iascach faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 15 (an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír), féadfaidh na Ballstáit treoirthionscadail a chur ar bun, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus tuairimí na gComhairlí ábhartha Comhairleacha á gcur san áireamh, d'fhonn féachaint ar na modhanna uile is infheidhmithe chun gabhálacha de thaisme in iascach a sheachaint, a íoslaghdu agus a dhíothú.

2.   Féadfaidh na Ballstáit "atlas na n-ábhar muirí aischurtha" a sholáthar ina léireofar leibhéal na n-ábhar muirí aischurtha i ngach iascach a chumhdaítear faoi Airteagal 15(1).

Airteagal 15

Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

1.   Tabharfar agus coimeádfar ar bord árthaí iascaireachta, gach gabháil de speicis a bheidh faoi réir teorainneacha gabhála agus lena n-áirítear chomh maith gabhálacha sa Mheánmhuir de speicis a bheidh faoi réir íosmhéideanna mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 iad, má ghabhtar iad le linn gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais nó má ghabhann soithí iascaireachta an Aontais iad in uiscí lasmuigh d'uiscí an Aontais nach bhfuil faoi réir cheannasacht nó faoi réir dhlínse tríú tíortha sna hiascaigh agus sna limistéir gheografacha a liostaítear anseo thíos, agus déanfar na gabhálacha sin a thaifeadadh agus a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh faoi na cuótaí i gcás inarb infheidhme seachas má úsáidtear iad mar bhaoite beo, i gcomhréir leis an amchlár seo a leanas:

(a)

Faoin 1 Eanáir 2015 ar a dhéanaí:

iascaigh bheaga pheiligreacha (i.e. iascaigh maidir le ronnach, scadán, bolmán, faoitín gorm, torciasc, ainseabhaí, airgintín, mionsairdín, salán);

iascaigh mhóra peiligreacha (i.e. iascaigh maidir le tuinnín gorm, colgán, tuinnín colgach, tuinnín mórshúileach, mairlín gorm agus mairlín geal);

iascaigh le haghaidh iascaireachta tionsclaíche (inter alia iascaigh maidir le caibeallán, corr ghainimh agus troscán Lochlannach);

iascaigh do bhradán sa Mhuir Bhailt.

(b)

Ón 1 Eanáir 2015 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí do gach speiceas eile in iascaigh in uiscí an Aontais sa Mhuir Bhailt maidir le speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála seachas na cinn a chumhdaítear le pointe (a).

(c)

Faoin 1 Eanáir 2016 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus ón 1 Eanáir 2019 ar a dhéanaí do gach speiceas eile:

(i)

an Mhuir Thuaidh

iascaigh maidir le trosc cadóg, faoitín, glasán;

iascaigh maidir leis an ngliomach Lochlannach;

iascaigh maidir le sól coiteann agus leathóg;

iascaigh maidir le colmóir;

iascaigh maidir le séacla Artach;

(ii)

Uiscí an Iarthuaiscirt

iascaigh maidir le trosc cadóg, faoitín, glasán;

iascaigh maidir leis an ngliomach Lochlannach;

iascaigh maidir le sól coiteann agus leathóg;

iascaigh maidir le colmóir;

(iii)

Uiscí an Iardheiscirt

iascaigh maidir leis an ngliomach Lochlannach;

iascaigh maidir le sól coiteann agus leathóg;

iascaigh maidir le colmóir;

(iv)

iascaigh eile maidir le speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála.

(d)

Faoin 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2019 maidir le gach speiceas eile in iascaigh nach gcumhdaítear le pointe (a) sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí uile eile de chuid an Aontais agus neamh-Aontais nach bhfuil faoi réir cheannasacht nó faoi réir dhlínse tríú tíortha

2   Beidh mír 1 gan dochar do na hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, lena n-áirítear, go háirithe, maoluithe ó na hoibleagáidí maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoin Airteagal seo.

3.   I gcás ina n-aontaíonn na Ballstáit uile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu in iascach ar leith gur cheart feidhm bheith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis seachas na speicis sin liostaítear i mír 1, féadfaidh siad moladh comhpháirteach a thíolacadh go gcuimseodh cur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm speicis eile. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) mutatis mutandis. I gcás ina dtiolacfar an moladh comhpháirteach sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, ina bhfuil bearta den sórt sin.

4.   Ni bheidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

speicis a bhfuil lánchosc iascaireachta ina leith agus a shainaithnítear mar sin i ngníomh dlí de chuid an Aontais a glacadh i réimse CBI;

(b)

speicis a bhfuil fianaise eolaíoch ann maidir lena rátaí arda slánaithe, agus gnéithe an trealaimh, na nósanna iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh;

(c)

gabhálacha a thiteann faoi dhíolúintí de minimis.

5.   Leagfar síos go sonrach cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i dtír sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9, in Airteagal 10 agus, nuair is ábhartha, sonrófar sin a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 18, lena n-áirítear:

(a)

foráil shonrach maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear faoi na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 í;

(b)

sonraíocht na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4;

(c)

forálacha díolúine ón oibleagáid de minimis suas le 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána maidir le speicis faoi reir na hoibleagáide gabhálacha a thahairt i dtír mar a thagraíter i mír 1. Beidh an díolúine de minimis i bhfeidhm sna cásanna a leanas:

(i)

i gcás ina dtabharfar fianaise eolaíoch le fios go bhfuil méaduithe sa roghnaíocht an-deacair le baint amach; nó

(ii)

chun costais dhíréireacha a sheachaint maidir leis láimhseáil ghabhálacha de thaisme, don trealamh iascaireachta sin i gcás nach mó na gabhálacha de thaisme leis an trealamh sin ná céatadán áirithe, atá fós le socrú, de ghabháil iomlán ilbhliantúil an trealaimh sin.

Ní dhéanfar gabhálacha faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointe (c) seo a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha ach déanfar taifead iomlán ar gach gabháil den sórt sin.

Le haghaidh idirthréimhse ceithre bliana, méadóidh céatadán na ngabhálacha bliantúla iomlána dá dtagraítear i bpointe (c):

(i)

dhá phointe céatadáin don chéad dhá bhliain tar éis don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír teacht i bhfeidhm; agus

(ii)

aon phointe céatadáin amháin sa dá bhliain ina dhiaidh sin;

(d)

forálacha maidir le doiciméadú gabhálacha;

(e)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le mír 10.

6.   I gcás nach nglactar aon phlean ilbhliantúil ná aon phlean bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 don iascach atá i dtrácht, cumhachtófar don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo, a ghlacadh lena leagtar síos ar bhonn sealadach agus ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana, plean sonrach maidir le hábhar muirí aischurtha ina bhfuil na sonraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit comhoibriú, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, agus pleananna den sórt sin á dtarraingt suas chun go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin nó chun togra a thíolacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

7.   I gcás nach nglactar bearta d'fhonn an díolúine de minimis a shonrú, i bplean ilbhliantúil a glacadh i gcomhréir le mír 5 ná i bplean sonrach maidir le hábhar muirí aischurtha a glacadh i gcomhréir le mír 6, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46, an díolúine de minimis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a bheidh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c)(i) nó (ii)de mhír 5, nach rachaidh thar níos mó ná 5 % de líon iomlán na ngabhálacha de gach speiceas a bhfuil oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm ina leith faoi mhír 1. Glacfar an díolúine de minimis sin ionas go mbeidh feidhm leis ón dáta a dtiocfaidh an oibleagáid ábhartha gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm.

8.   De mhaolú ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha i gcomhréir le mír 1, féadfar gabhálacha atá faoi réir oibleagáide lena dtabhairt i dtír ach atá os cionn chuóta na stoc atá i gceist, nó gabhálacha speiceas nach bhfuil aon chuóta ag an mBallstát ina leith, a bhaint den chuóta don spriocspeiceas ar choinníoll nach sáraítear 9 % den chuóta don spriocspeiceas. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin ach amháin i gcás ina bhfuil stoc an speicis nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte.

9.   Maidir le stoic a bheidh faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, féadfaidh Ballstáit solúbthacht bliain go bliain a úsáid i ndáil lena ngabhálacha ceadaithe suas go dtí 10 %. Chun na críche sin, féadfaidh Ballstát a cheadú cainníochtaí breise den stoc a thabhairt i dtír, ar stoc é atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ar choinníoll nach dtéann na cainníochtaí sin thar 10 % den chuóta a cionroinneadh ar an mBallstát sin. Beidh feidhm ag Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh 1224/2009 ón gComhairle maidir le Rialú.

10.   Féadfar íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú d'fhonn cosaint na n-óg-orgánach muirí a dheimhniú.

11.   Maidir leis na speicis atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna sainiú i mír 1, cuirfear teorainn le húsáid ghabhálacha na speiceas atá faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe ar mhaithe le spriocanna seachas go díreach mar bhia don duine, lena n-áirítear min éisc, ola éisc, bia peataí, breiseáin bia, cógasaíocht agus cosmaidí.

12.   Maidir leis na speicis nach mbeidh faoi oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír mar a shonraítear i mír 1, ní choimeádfar ar bord gabhálacha na speiceas a bheidh faoi na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe ach caithfear iad láithreach ar ais isteach san fharraige.

13.   Ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide chun gach gabháil a thabhairt i dtír, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméadú cruinn, sonraithe ann faoi na turasanna iascaireachta uile agus go mbeidh acmhainní agus modhanna leordhóthanacha ann, mar shampla breathnóirí, teilifís chiorcaid iata (CCTV) a úsáid. Urramóidh na Ballstáit prionsabal na héifeachtúlachta agus na comhréireachta, agus an méid sin á dhéanamh.

Airteagal 16

Deiseanna iascaireachta

1.   Áiritheoidh na deiseanna iascaireachta atá cionroinnte ar na Ballstáit cobhsaíocht choibhneasta sna gníomhaíochtaí iascaireachta de gach Ballstát le haghaidh gach stoic éisc nó gach iascaigh. Cuirfear leasanna gach Ballstáit san áireamh agus deiseanna iascaireachta nua á gcionroinnt.

2.   Nuair a thugtar isteach an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i ndáil le stoc éisc, socrófar deiseanna iascaireachta trí aird á tabhairt ar an athrú ó dheiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha a thabharfar i dtír go deiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha ar an mbonn nach gceadófar don stoc sin a chuileáil a thuilleadh don chéad bhliain agus do na blianta ina dhiaidh sin.

3.   I gcás ina léiríonn fianaise nua eolaíoch go bhfuil difríocht mhór idir na deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh stoc sonrach agus staid an stoic sin iarbhír, féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le togra a thíolacadh chun an éagorthromaíocht sin a mhaolú agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) á n-urramú.

4.   Socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(2) agus comhlíonfaidh siad na spriocanna ama inchainníochtaithe, na hamchláir agus na corrlaigh a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 10(1).

5.   Bunófar bearta maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú is a chionroinnt do thríú tíortha in uiscí an Aontais i gcomhréir leis an gConradh.

6.   Déanfaidh gach Ballstát cinneadh faoin gcaoi a ndéanfar deiseanna iascaireachta a leithroinnfear dó agus nach bhfuil faoi réir ag córas lamháltas iascaireachta inaistrithe a chionroinnt ar shoithí faoina bhratach, mar shampla trí dheiseanna iascaireachta indibhidiúla a chruthú mar shampla. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin modh cionroinnte.

7.   Maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta a bhaineann le hiascach measctha, cuirfidh Ballstáit an comhdhéanamh is dóchúla a bheidh ar ghabhálacha na soitheach atá rannpháirteach in iascach den sórt sin san áireamh.

8.   Tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, féadfaidh na Ballstáit na deiseanna iascaireachta a chionroinnfear orthu a mhalartú go hiomlán nó i bpáirt.

Airteagal 17

Critéir maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit

Agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16, á gcionroinnt ar na Ballstáit, bainfidh na Ballstáit leas as critéir trédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch. Féadfar a áireamh leis na critéir a bheidh le húsáid, inter alia, tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol, an comhlíonadh go dtí seo, an rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil agus leibhéil stairiúla gabhála. Faoi chuimsiú na ndeiseanna iascaireachta a leithroinntear dóibh, déanfaidh na Ballstáit iarracht dreasachtaí a chur ar fáil do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch nó as teicnící iascaireachta a laghdaíonn an tionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó maolú ar an damáiste a dhéantar don ghnáthóg.

TEIDEAL III

Réigiúnú

Airteagal 18

Comhar réigiúnach maidir le bearta caomhnaithe

1.   I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, lena n-áirítear i bpleana ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, chomh maith le i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 15(6), chun bearta a ghlacadh trí bhíthinn gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, maidir le beart caomhnaithe de chuid an Aontais is infeidhme i réimse gheografach, féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dó teacht ar chomhaontú moltaí comhpháirteacha a chur faoi bhráid lena ndírítear ar chuspóirí na mbeart ábhartha, pleananna ilbhliantúla nó pleananna sonracha aschuir de chuid an Aontais a ghlacadh. Ní ghlacfaidh an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme roimh an dáta éaga do Bhallstáit moltaí a chur faoi bhráid. Nóta.

2.   Chun críche mír 1, rachaidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dóibh i mbun comhair lena chéile maidir le moltaí comhpháirteacha a fhoirmliú. Rachaidh siad i mbun comhairle leis an gComhairle Chomhairleach (na Comhairlí Comhairleacha) lena mbaineann. Éascóidh an Coimisiún an comhar idir Bhallstáit, lena n-áirítear nuair is gá trína áirithiú gur féidir rannchuidiú eolaíoch ó chomhlachtaí ábhartha eolaíochta a fháil.

3.   Nuair a chuirtear isteach faoi mhír 1 moladh comhpháirteach, féadfiadh an Coimisiún na bearta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ar choinníoll go bhfuil moladh den sórt sin in oiriúint don bheart caomhnaithe ábhartha agus/nó don plean ilbhliantúil.

4.   Nuair a bhaineann an beart caomhnaithe le stoc éisc ar leith a roinntear le tríú tíortha agus a bhainistítear le heagraíochtaí iascaireachta iltaobhacha nó faoi comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha, déanfaidh an tAontas gach iarracht chun teacht ar chomhaontú leis na comhpháirtithe ábhartha chun na bearta caomhnaithe arna leagan amach in Airteagal 2 a bhaint amach.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na moltaí comhpháirteacha maidir le bearta caomhnaithe atá le glacadh de bhun mhír 1 bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)

comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(b)

go mbeidh siad comhoiriúnach do raon feidhme agus do chuspóirí bheart caomhnaithe ábhartha;

(c)

comhoiriúnach don raon feidhme agus go gcomhlíonann siad cuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe arna leagan amach go héifeachtúil i bplean ilbhliantúil ábhartha;

(d)

go mbeidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

6.   Mura bhfuil gach Ballstát in ann teacht ar chomhaontú maidir le moltaí comhpháirteacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 1 laistigh de spriocdháta atá leagtha síos nó má mheastar nach bhfuil na cómholtaí maidir le bearta caomhnaithe comhoiriúnach do chuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe na mbeart caomhnaithe atá i gceist, féadfaidh an Coimisiún togra le haghaidh beart iomchuí a thíolacadh i gcomhréir leis an gConradh.

7.   Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit sin a bhfuil leas díreach bainistíochta acu maidir le hiascaigh i limistéar geografach sainráite, cómholtaí comhpháirteacha a dhéanamh freisin le cur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na bearta a bheidh le moladh nó le glacadh aige.

8.   Mar mhodh forlíontach nó malartach le haghaidh comhair réigiúnaigh, tabharfar de chumhacht do na Ballstáit, i mbeart caomhnaithe de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir le limistéar ábhartha geografach, lena n-áirítear i bplean ilbhliantúil a bhunaítear de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 11, bearta a ghlacadh laistigh de spriocam socraithe ina sonrófar tuilleadh an bearta caomhnaithe sin. Oibreoidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dóibh i ndlúthchomhar le chéile agus na bearta sin á nglacadh. Beidh feidhm ag mír 2, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo mutatis mutandis. Beidh páirt ag an gcoimisiún ann agus cuirfear a chuid barúlacha san áireamh. Ní ghlacfaidh an Ballstát ábhartha a bhearta náisiúnta féin ach amháin má thagann gach Ballstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir le hábhar na mbeart. Nuair a mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart an Bhallstáit na coinníollacha arna leagan amach sa bheart ábhartha caomhnaithe, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt, iarraidh ar an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an beart ábhartha a leasú nó a aisghairm.

TEIDEAL IV

Bearta náisiúnta

Airteagal 19

Bearta Ballstát atá infheidhme i leith soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó i leith daoine atá bunaithe ar a gcríoch

1.   Féadfaidh Ballstát bearta a ghlacadh chun stoic éisc a chaomhnú in uiscí an Aontais ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na bearta sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

i bhfeidhm i leith soithí iascaireachta faoi bhratach an Bhallstáit sin amháin nó, i gcás gníomhaíochtaí iascaireachta nach ndéanann soithí iascaireachta iad, i leith daoine atá bunaithe sa chuid sin dena gcríoch ina bhfuil an Conradh infheidhme;

(b)

comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(c)

chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

2.   Chur críocha rialaithe, tabharfaidh Ballstát fógra do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir leis na forálacha a glacadh de bhun mhír 1.

3.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis iomchuí ar fáil don phobal maidir leis na bearta a glacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 20

Bearta Ballstáit laistigh den chrios 12 mhuirmhíle

1.   Féadfaidh Ballstát bearta neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun stoic éisc a chaomhnú agus a bhainistiú agus chun stádas caomhnaithe éiceachórais na mara a chothabháil nó a fheabhsú laistigh de chrios 12 mhuirmhíle óna bhonnlínte ar an gcoinníoll nach bhfuil bearta glactha ag an Aontas a théann i ngleic go sonrach le caomhnú agus le bainistiú an limistéir sin nó a thugann aghaidh go sonrach ar an bhfadhb a shainaithin an Ballstát lena mbaineann. Beidh bearta an Bhallstáit comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

2.   I gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta atá le glacadh ag Ballstát ar shoithí iascaireachta de chuid Ballstáit eile, ní ghlacfar na bearta sin ach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit iomchuí agus leis na Comhairlí Comhairleacha iomchuí i dtaobh dréachta de na bearta agus beidh meabhrán míniúcháin ag gabháil leis an dréacht sin a léireoidh, inter alia, go bhfuil na bearta sin neamh-idirdhealaitheach. Don chomhairliúchán sin, féadfaidh an Ballstát atá ag lorg comhairle spriocam réasúnta a leagan síos ach nach bhféadfaidh bheith níos giorra ná dhá mhí.

3.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis iomchuí ar fáil don phobal maidir leis na bearta a glacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.   Nuair atá an Coimisiún den tuairim nach gcomhlíonann beart a glacadh faoin Airteagal seo na coinníollacha arna leagan amach i mír 1, faoi réir cúiseanna ábhartha a chur faoi bhráid, féadfaidh sé iarraidh ar an mBallstát lena bhaineann an beart ábhartha a leasú nó a aisghairm.

CUID IV

AN ACMHAINN IASCAIREACHTA A BHAINISTIÚ

Airteagal 21

Córais lamháltas iascaireachta inaistrithe a bhunú

Féadfaidh na Ballstáit córas lamháltas iascaireachta inaistrithe a bhunú. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil córas mar sin acu clár a bhunú agus a choinneáil maidir leis an gcóras lamháltas iascaireachta inaistrithe.

Airteagal 22

Acmhainn iascaireachta a choigeartú agus a bhainistiú

1.   Cuirfidh na Ballstáit, le himeacht aimsire, bearta i bhfeidhm chun acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach a choigeartú dá gcuid deiseanna ionchasacha iascaireachta, agus treochtaí á gcur san áireamh acu agus beidh na bearta sin bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr, ionas go mbeadh cothromaíocht chobhsaí, sheasmhach eatarthu.

2.   D'fhonn an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Chun cur chuige coiteann a éascú ar fud an Aontais, cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le treoirlínte coiteanna a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, lena léireofar na paraiméadair ábhartha theicniúla, shóisialta agus eacnamaíocha.

3.   Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir an choda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir an choda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

4.   Maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1a, deanfaidh na Ballstáit an anailís a dhéanann siad ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta a bhunú. Dréachtófar measúnuithe ar leith do chabhlaigh a fheidhmíonn sna réigiúin is forimeallaí agus do shoithí a fheidhmíonn lasmuigh d'uiscí an Aontais.

Má léirítear go soiléir leis an measúnú nár rinneadh an acmhainn iascaireachta a chothromú go héifeachtach le deiseanna iascaireachta, ullmhóidh an Ballstát plean gnímh do na codanna de chabhlaigh a bhfuil ró-acmhainn struchtúrach acu atá sainaitheanta agus cuirfidh sé ina thuarascáil é. Leagfar amach sa phlean gnímh na spriocanna coigeartaithe agus na huirlisí chun an chothromaíocht a bhaint amach agus amchlár soiléir lena chur chun feidhme.

Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn bliaintiúil, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta chabhlaigh na mBallstát agus na deiseanna iascaireachta atá acu i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Áireofar sa tuarascáil sin pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin 31 Márta 2015. I gcás ina mainnítear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 a chur i dtoll a chéile, agus/nó i gcás ina mainnítear an plean gníomhaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur chun feidhme, d'fhéadfadh go gcuirfí fionraíocht chomhréireach nó briseadh comhréireach i bhfeidhm i ndáil leis ar an gcúnamh airgeadais ábhartha a thugann an tAontas don Bhallstát sin ar mhaithe le hinfheistiú sa chabhlach sa chuid sin nó sna codanna sin don chabhlach lena mbaineann i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

5.   Ní cheadófar imeacht ón gcabhlach le tacaíocht ó chabhair phoiblí ach amháin má dhéantar an ceadúnas iascaireachta agus na húdaruithe iascaireachta a tharraingt siar roimh ré.

6.   Ní chuirfear acmhainn iascaireachta nua in ionad acmhainn iascaireachta na soithí iascaireachta a tarraingíodh siar trí chabhair phoiblí.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh acmhainn iascaireachta a gcabhlaigh, tráth ar bith ón 1 Eanáir 2014, na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 23

Scéim iontrála/scoir

1.   Bainisteoidh na Ballstáit iontrálacha ina gcabhlach agus scoireanna óna gcabhlach sa chaoi go mbeidh iontráil acmhainne nua sa chabhlach gan chúnamh poiblí á cúiteamh leis an scoir acmhainne roimhe gan chúnamh poiblí d'acmhainn a bhí ar a laghad den acmhainn chéanna.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 47(2).

3.   Tráth nach déanaí ná 30 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an scéim iontrála/scoir i bhfianaise an gaol a fhorbraítear idir acmhainn iascaireachta cabhlaigh agus deiseanna féidearthacha iascaireachta agus, nuair is iomchuí, molfaidh sé leasanna ar an scéim sin.

Airteagal 24

Cláir de chabhlaigh iascaireachta

1.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a thaifeadadh maidir le húinéireacht, le saintréithe an tsoithigh agus an trealaimh agus le gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá riachtanach i ndáil le bainistiú na mbeart arna mbunú faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais ina mbeidh an fhaisnéis a gheobhaidh sé de bhun mhír 2. Cuirfidh sé an clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais ar fáil don phobal agus áiritheoidh sé, ag an am céanna, go mbeidh sonraí pearsanta faoi chosaint leordhóthanach.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar ceanglais oibríochtúla theicniúla le haghaidh taifeadta, formáid agus módúlachtaí tarchuir na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CUID V

BONN EOLAÍOCHTA LE BAINISTIÚ IASCAIGH

Airteagal 25

Ceanglais maidir le sonraí le haghaidh bainistithe iascaigh

1.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha a glacadh maidir le faisnéis a bhailiú, aon sonraí bitheolaíochta, teicniúla, comhshaoil agus socheacnamaíocha a theastaíonn le haghaidh an iascach a bhainistiú a bhailiú, na sonraí sin bhainistiú agus a chur ar fáil do na húsáideoirí deiridh, lena n-áirítear comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gCoimisiún. Beidh gnóthú agus bainistiú na sonraí sin incháilithe do chistiú tríd an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020. Leis na sonraí sin beifear in ann measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar na nithe seo a leanas:

(a)

an riocht ina bhfuil acmhainní bitheolaíocha na mara atá á saothrú,

(b)

leibhéal na hiascaireachta agus an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais na mara, agus

(c)

feidhmíocht shocheacnamaíoch na n-earnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála laistigh agus lasmuigh d'uiscí an Aontais.

2.   Bunófar bailiú agus bainistiú na sonraí sin agus an úsáid a bhaintear astu ar na prionsabail a leanas:

(a)

cruinneas agus iontaofacht, agus bailiú ar bhealach tráthúil,

(b)

an úsáid a bhaintear as sásraí comhordúcháin chun nach ndéanfar bailiúchán sonraí a dhúbailt ar mhaithe le cuspóirí éagsúla;

(c)

sonraí a bhailítear a stóráil agus a chosaint ar bhealach slán i mbunachair ríomhairithe, agus iad a chur ar fáil don phobal i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear ar leibhéal comhiomlánaithe le rúndacht a áirithiú;

(d)

rochtain ag an gCoimisiún, nó ag comhlachtaí atá ainmnithe aige, ar na bunachair shonraí náisiúnta agus ar na córais a úsáidtear chun na sonraí a bhailítear a phróiseáil ar mhaithe le fíorú go bhfuil na sonraí ann agus le cáilíocht na sonraí a fhíorú.

(e)

fáil thráthúil ar na sonraí ábhartha agus ar na modheolaíochtaí faoi seach lena bhfuarthas iad, ag na comhlachtaí a bhfuil leas taighde nó bainistithe acu san anailís eolaíoch a dhéantar ar shonraí san earnáil iascaigh agus ag aon pháirtithe leasmhara, seachas i gcúinsí ina n-éilítear cosaint agus rúndacht faoi dhlí infheidhme an Aontais.

3.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún gach bliain i ndáil le feidhmiú a gclár náisiúnta maidir le bailiú sonraí agus cuirfidh siad an tuarascáil sin ar fáil don phobal.

Measfaidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil maidir le bailiú sonraí tar éis dul i gcomhairle lena chomhlacht comhairleach eolaíoch agus, nuair is iomchuí, leis na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBIanna) dár páirtí conarthach nó breathnóir é an Aontas agus comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta eolaíoch eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit an comhordú náisiúnta i mbailiúchán agus i mbainistiú na sonraí eolaíochta le haghaidh bainistithe iascaigh, lena n-áirítear sonraí socheacnamaíocha. Chuige sin, ainmneoidh siad comhfhreagraí náisiúnta agus eagróidh siad cruinniú comhordaithe náisiúnta bliantúil. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí comhordaithe náisiúnta agus tabharfar cuireadh dó chuig na cruinnithe comhordaithe.

5.   Déanfaidh Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a gcuid gníomhaíochtaí bailiúcháin sonraí a chomhordú le Ballstáit eile sa réigiún céanna, agus déanfaidh siad gach iarracht a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le tríú tíortha a bhfuil ceannasacht nó dlínse acu ar uiscí sa réigiún céanna.

6.   Déanfar na sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach a bheidh éifeachtach ó thaobh costais de.

7.   Má mhainníonn Ballstát sonraí a bhailiú agus/nó sonraí a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar bhealach tráthúil, d'fhéadfadh go gcuirfí fionraíocht chomhréireach nó briseadh comhréireach i bhfeidhm i ndáil leis ar an gcúnamh airgeadais ábhartha a thugann an tAontas don Bhallstát sin, i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

Airteagal 26

Dul i gcomhairle le comhlachtaí eolaíocha

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhlachtaí eolaíocha iomchuí. Rachfar i gcomhairle le CETEI maidir le hábhair a bhaineann le beo-acmhainní uisceacha a chaomhnú, lena n-áirítear i dtaobh gnéithe bitheolaíochta, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus teicniúla. Cuirfear bainistiú cuí na gcistí poiblí san áireamh sna comhairliúcháin a dhéanfar le comhlachtaí eolaíocha, chun nach ndéanfaidh comhlachtaí mar sin dúbailt ar an obair.

Airteagal 27

Taighde agus Comhairle Eolaíoch

1.   Cuirfidh na Ballstáit cláir thaighde agus nuála i gcrích maidir le dobharshaothrú agus leis an iascach. Déanfaidh siad comhordú ar a gclár taighde, nuála agus comhairle eolaíoch iascaigh le Ballstáit eile, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, i gcomhthéacs chreataí taighde agus nuála Aontais, lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, na Comhairlí ábhartha Comhairleacha. Beidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe le haghaidh maoiniúcháin trí bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla ábhartha de chuid an Aontais.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus leas á bhaint inter alia as na hacmhainní airgeadais a bheidh ar fáil ag an Aontais agus trí chomhordú a dhéanamh lena chéile, go mbeidh inniúlachtaí agus acmhainní daonna iomchuí ar fáil don phróiseas comhairleach eolaíoch.

CUID VI

BEARTAS SEACHTRACH

Airteagal 28

Cuspóirí

1.   Chun a áirithiú go mbainisteofar agus go gcaomhnófar acmhainní bitheolaíocha muirí agus an comhshaol muirí ar bhealach inbhuanaithe, stiúrfaidh an tAontas a gcaidrimh sheachtracha iascaigh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus le cuspóirí beartais, chomh maith leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3.

2.   Déanfaidh an tAontas na rudaí sonracha seo, go háirithe:

(a)

tacóidh sé go gníomhach le heolas eolaíochta agus le comhairle eolaíochta agus cuirfidh sé leo;

(b)

feabhsóidh sé comhtháiteacht bheartais thionscnaimh an Aontais, ag féachaint go háirtihe do ghníomhaíochtaí comhshaoil, trádála agus forbartha, agus neartóidh sé comhsheasmhacht na ngíomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs comhair um fhorbairt nó i gcomhthéacs comhair eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch;

(c)

cuirfidh sé le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe atá inmharthanach ó thaobh eacnamaíoch agus a chuireann fostaíocht chun cinn laistigh den Aontas;

(d)

deimhneoidh sé go mbunófar gníomhaíochtaí iascaireachta laismuigh d'uiscí an Aontais ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna atá infheidhme faoi dhlí an Aontais i limistéar CBI agus cothrom iomaíochta á chur chun cinn aige d'oibreoirí Aontais vis-à-vis oibreoirí eile ó thríú tíortha.

(e)

cuirfidh sé chun cinn an gníomh a dhéantar chun deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i ngach réimse idirnáisiúnta agus tacóidh sé leis an ngníomhaíocht sin;

(f)

bunú agus neartú coistí comhlíontacha ERBIanna, athbhreithnithe tréimhsiúla neamhspleácha ar fheidhmíocht agus gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a chur chun cinn, lena n-áirítear pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha, nach mór a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

3.   Beidh forálacha na Coda sin gan dochar d'fhorálacha sonracha comhaontuithe idirnáisiúnta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh.

TEIDEAL I

Eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh

Airteagal 29

Gníomhaíochtaí an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh

1.   Tacóidh an tAontas go gníomhach le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le cúrsaí iascaigh, lena n-áirítear ERBInna, agus cuirfidh sé leo.

2.   Beidh seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le hiascach agus le ERBInna bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil lena áirithiú go ndéanfar acmhainní iascaigh a bhainistiú i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2, go háirithe mír (2) agus pointe (c) de mhír 5 de. Iarrfaidh an tAontas an próiseas a stiúradh chun feidhmiú na ERBInna a láidriú ionas go mbeidh siad in ann na hacmhainní muirí beo atá faoina gcúram a chaomhnú agus a bhainistiú.

3.   Tacóidh an tAontas go gníomhach le forbairt sásraí iomchuí agus trédhearcacha maidir le deiseanna iascaireachta a leithdháileadh.

4.   Cothóidh an tAontas comhar i measc na ERBInna, comhsheasmhacht idir a gcreataí rialála faoi seach agus tacóidh siad le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle lena áirithiú go ndéanfar a moltaí a bhunú ar chomhairle eolaíoch mar sin.

Airteagal 30

Forálacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh

Comhoibreoidh an tAontas, tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach("an Ghníomhaireacht") freisin, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le hiascach, lena n-áirítear ERBInna, chun comhlíonadh na mbeart a neartú, go háirithe na cinn lena ndéantar iascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, lena áirithiú go gcloítear go docht leis na bearta a ghlacann na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin.

TEIDEAL II

Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe

Airteagal 31

Prionsabail agus cuspóirí Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe

1.   Bunaítear leis na Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha creat rialachais dlíthiúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha.

D'fhéadfaí go n-áireofaí an méid a leanas ar chreataí mar sin:

(a)

forbairt agus tacaíocht le haghaidh na n-institiúidí riachtanacha eolaíoch agus taighde;

(b)

inniúlachtaí faireacháin, rialaithe agus faireachais;

(c)

gnéithe eile forbartha acmhainní a bhaineann le beartas iascaigh inbhuanaithe tríú tír a fhorbairt.

2.   Chun críche dúshaothraithe inbhuanaithe a áirithiú maidir le barrachas acmhainní bitheolaíocha muirí, féachfaidh an tAontas go bhfuil Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha chun leasa choitinn an Aontais agus an tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear a daonra áitiúil agus a tionscal iascaireachta agus go rannchuideoidh siad le gníomhaíocht chabhlaigh an Aontais a leanúint agus go ndíreoidh siad ar chion cuí den bharrachas atá ar fáil a bhaint amach, i gcomhréir le leas chabhlaigh an Aontais.

3.   Chun críche a áirithiú i gcomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh Inbhuanaithe go n-oibreoidh soithí an Aontais a bhíonn ag iascaireacht faoi mar is iomchuí faoi chaighdeáin a bheidh comhchosúil leis na cinn sin ata infheidhme maidir le soithí iascaireachta an Aontais a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais, déanfaidh an tAontas a dhícheall na forálacha iomchuí maidir leis na hoibleagáidí maidir le gabhálacha táirgí éisc agus iascaigh a thabhairt i dtír a áireamh sna Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.

4.   Ní ghabhfaidh soithí iascaireachta an Aontais ach an barrachas gabhála den ghabháil incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS agus a aithnítear, ar bhealach soiléir agus trédhearcach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil agus ar bhonn faisnéise ábhartha arna malartú idir an tAontas agus an tríú tír maidir leis an iarracht iomlán a dhéanfaidh na cabhlaigh uile maidir le hiascaireachta ar na stoic lena mbaineann. Maidir le stoic éisc thraslimistéir nó mhórimirceacha, ba cheart go dtabharfaí aird iomchuí ar na measúnuithe eolaíocha a dhéantar ar an leibhéil réigiúnach tráth a dhéanfar cinneadh maidir leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh rochtana chomh maith leis an aird iomchuí a thabhairt ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag na ERBInna ábhartha.

5.   Ní fhéadfaidh soithí iascaireachta an Aontais oibriú in uiscí tríú tíortha lena bhfuil Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe i bhfeidhm mura bhfuil seilbh acu ar údarú iascaireachta a eisíodh i gcomhréir leis an gcomhaontú sin.

6.   Áiritheoidh an tAontas go gcuirfear clásal sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe maidir le hurraim do phrionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine; beidh sé ina ghné bhunriachtanach de chomhaontú den sórt sin.

Áireofar an méid a leanas ar na comhaontuithe sin freisin, a mhéid is féidir:

(a)

clásal lena gcuirtear cosc ar choinníollacha níos fabhraí a dheonú ar na cabhlaigh éagsúla iascaireachta sna huiscí sin, seachas na cinn a deonaíodh ar ghníomhaithe eacnamaithe an Aontais lena n-áirítear na cinn a bhaineann le caomhnú, forbairt agus bainistiú acmhainní, socruithe airgeadais, agus táillí agus cearta a bhaineann le húdaruithe iascaireachta a eisiúint;

(b)

clásal eisiachais a bhaineann leis an riail dá bhforáiltear i mír 5.

7.   Déanfar iarrachtaí ar leibhéal an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí shoithigh iascaireachta an Aontais a fheidhmíonn in uiscí neamh/Aontais lasmuigh de chreat Chomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a oibríonn lasmuigh d'uiscí an Aontais in ann doiciméadú mionsonraithe agus cruinn a thabhairt i ndáil leis na gníomhaíochtaí iascaireachta agus próiseála uile.

9.   Ní dheonófar údarú iascaireacht dá dtagraítear i mír 3a ar shoitheach a d'fhág clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais agus a tháinig ar ais chuige laistigh de 24 mí ina dhiaidh sin, mura chuir úinéir an tsoithigh sin na sonraí uile a éilítear ar fáil d'údaráis inniúla Bhallstát na brataí lena suí gur oibrigh an soitheach, le linn na tréimhse sin, ar bhealach iomlán comhsheasmhach leis na caighdeáin is infheidhme do shoitheach ar cuireadh bratach air san Aontas.

I gcás ina mbeidh an stát a dheonaíonn an bratach le linn na tréimhse a mbeidh an soitheach de chuid chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais, aitheanta faoi dhlí an Aontais mar stát neamh-chomhoibritheach i ndáil le hiascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, a dhíspreagadh agus dhíothú nó mar stát ina gceadaítear dúshaothrú neamh-inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha, gur scoireadh d'oibríochtaí iascaireachta an tsoithigh agus go ndearna an t-úinéir beart láithreach leis an tsoitheach a bhaint ó chlár an stáit sin.

10.   Déanfaidh an Coimisiún socraithe le haghaidh measúnuithe neamhspleácha ex-ante agus post-ante i ndáil le gach prótacal a ghabhann le Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, agus cuirfidh sé iad ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle in am agus i dtráth sula gcuirfidh sé moladh faoi bhráid na Comhairle chun go dtabharfar údarú dul i mbun caibidlíochta do phrótacal comharba. Cuirfear achoimre ar mheastóireachtaí mar sin ar fáil don phobal.

Airteagal 32

Cúnamh airgeadais

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh airgeadais ar fáil do thríú tíortha trí bhíthin na gComhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe d'fhonn:

(a)

tacú le cuid den chostas rochtana ar na hacmhainní iascaigh in uiscí tríú tír; déanfar measúnú ar an gcuid den chostas rochtana a bheidh le híoc ag úinéirí shoithí an Aontais maidir le gach Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó le Prótacal de agus go mbeidh na costais cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis na tairbhí a fhaightear mar gheall ar na dálaí rochtana;

(b)

an creat rialachais a bhunú, lena n-áirítear forbairt agus cothabháil na n-institiúidí riachtanacha eolaíocha agus taighde, próisis maidir le comhairliúchán le grúpaí leasmhara a chur chun cinn, agus acmhainn faireacháin, rialaithe agus faireachais agus eilimintí eile lenar féidir inniúlachtaí a neartú a bhaineann le beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt sa tríú tír. Beidh cúnamh airgeadais mar sin ag brath ar thorthaí sonracha a bhaint amach agus comhlántach agus comhsheasmhach le forbairt tionscadal agus clár a chuirtear chun feidhme sa tríú tír a bheidh i gceist.

2.   Faoi gach Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, déanfar an cúnamh airgeadais do thacaíocht earnálach a dhíchúpláil ó íocaíochtaí do rochtain ar acmhainní iascaigh. Éileoidh an tAontas torthaí sonracha mar choinníoll do na híocaíochtaí faoin gcúnamh airgeadais, agus déanfaidh sé monatóireacht ghéar ar an dul chun cinn.

TEIDEAL III

Bainistiú stoic ar leas coiteann

Airteagal 33

Prionsabail agus cuspóirí maidir le bainistiú stoc ar leas coiteann iad don Aontas agus do thríú tíortha agus comhaontuithe maidir le malartú agus bainistiú compháirteach

1.   Nuair a bhaineann tríú tíortha úsáid as stoic ar leas coiteann iad freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhachr leis an Rialachán seo, agus go háirithe leis an gcuspóir atá leagtha síos in Airteagal 2(2). I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht socruithe coitinne a leagan amach chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic mar sin d'fhonn go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe, maidir leis an gcuspóir atá in Airteagal 2(2), agus cothroime iomaíochta a chur chun cinn d'oibreoirí an Aontais ar an gcaoi sin.

2.   Chun dúshaothrú inbhuanaithe a dheimhniú maidir le stoic a roinntear le tríú tíortha agus chun cobhsaíocht ghníomhaíochtaí iascaireachta a chabhlach a ráthú freisin, tabharfaidh an tAontas i gcomhréir le UNCLOS faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a bhunú le tríú tíortha lena ndíreofar ar stoic a bhainistiú go comhpháirteach, lena n-áirítear rochtain agus dálaí rochtana ar uiscí agus ar acmhainní a bhunú de réir mar is iomchuí chomh maith le bearta caomhnaithe agus deiseanna iascaireachta a chomhchuibhiú agus a mhalartú.

CUID VII

DOBHARSHAOTHRÚ

Airteagal 34

Dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn

1.   D'fhonn inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus d'fhonn rannchuidiú leis an soláthar bia agus le soláthairtí, le fás agus le forbairt, bunóidh an Coimisiún treoirlínte straitéiseacha neamhcheangailteacha don Aontas maidir le comhthosaíochtaí agus comhspriocanna chun gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe a fhorbairt. Cuirfear na suíomhanna tosaigh ábhartha agus dálaí difriúla ar fud an Aontais san áireamh sna treoirlínte straitéiseacha sin agus beidh siad mar bhunús do phleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla ina ndíreofar ar an méid a leanas:

(a)

cumas iomaíochta thionscal an dobharshaothraithe a fheabhsú agus tacú le forbairt agus le nuálaíocht ann;

(b)

an t-ualach riaracháin a laghdú agus cur chun feidhme dhlí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos freagraí do riachtanais na ngeallsealbhóirí;

(c)

gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh;

(d)

an mianach saoil i gceantair chósta agus i gceantair intíre a éagsúlú agus a fheabhsú;

(e)

gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a chomhtháthú i bpleanáil mhuirí, chósta agus spásúlachta mhuirí.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2014, bunóidh na Ballstáit plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil chun forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe ina gcríocha féin ….

3.   Áireofar sa phlean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil cuspóirí an Bhallstáit agus na bearta agus na hamchláir is gá le hiad a bhaint amach.

4.   Beidh na haidhmeanna seo a leanas go háirithe ag pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla:

(a)

simpliú riaracháin, go háirithe maidir le meastúcháin agus measúnuithe tionchair agus ceadúnais;

(b)

cinnteacht réasúnta d'oibreoirí dobharshaothraithe i ndáil le rochtain ar uiscí agus ar spás;

(c)

táscairí maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta;

(d)

measúnú ar éifeachtaí eile a d'fhéadfadh tarlú thar theorainneacha, go háirithe ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar éiceachórais na mara i mBallstáit chomharsanacha;

(e)

sineirgí a chruthú idir na cláir taighde náisiúnta agus an comhar idir an tionscal agus an pobal eolaíoch;

(f)

an buntáiste iomaíoch a bhaineann le bia inbhuanaithe ar ardcháilíocht a chur chun cinn;

(g)

Cleachtais agus taighde dobharshaothraithe a chur chun cinn d'fhonn feabhas a chur ar na héifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol agus ar na hacmhainní éisc, agus tionchair dhiúltacha a laghdú, lena n-áirítear brú a laghdú ar na stoic éisc a úsáidtear le haghaidh táirgthe beatha, agus éifeachtúlacht acmhainní a ardú.

5.   Malartóidh Ballstáit faisnéis agus dea-chleachtais trí mhodh oscailte comhardaithe ar na bearta náisiúnta atá i bpleananna straitéiseacha ilbhliantúla náisiúnta.

6.   Spreagfaidh an Coimisiún faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú idir Bhallstáit agus éascóidh sé an comhordú de bhearta náisiúnta a fhéachtar sa phlean straitéiseach ilbhliantúil náisiúnta.

CUID VIII

COMHEAGRÚ NA MARGAÍ

Airteagal 35

Cuspóirí

1.   Bunófar comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (comheagrú na margaí) ar mhaithe leis an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, agus go háirithe le saothrú inbhuanaithe bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara;

(b)

cur ar chumas thionscal an iascaigh agus thionscal an dobharshaothraithe CBI a chur i bhfeidhm ar an leibhéal iomchuí;

(c)

cumas iomaíochta thionscal an iascaigh agus thionscal an dobharshaothraithe san Aontas a láidriú, go háirithe táirgeoirí;

(d)

trédhearcacht agus cobhsaíocht na margaí a fheabhsú, go háirithe maidir le heolas eacnamaíoch agus tuiscint ar mhargaí an Aontais i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe feadh shlabhra an tsoláthair, agus chun a áirithiú go bhfuil cothromaíocht dháileadh an bhreisluacha feadh shlabhra luacha na hearnála níos cothroime agus faisnéis tomhaltóirí a fheabhsú agus feasacht a chur chun cinn, trí fhógra agus/nó lipéadú lena gcuirtear faisnéis chuimsitheach ar fáil;

(e)

rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann do gach táirge atá ar an margadh san Aontas trí shaothrú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a chur chun cinn;

(f)

cuidiú lena áirithiú go mbeidh soláthar éagsúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ag tomhaltóirí;

(g)

foráil a dhéanamh d'fhaisnéis tomhaltóirí a bheidh infhíoraithe agus beacht maidir le thionscnamh táirge agus leis an mbealach ina ndearnadh táirgeadh air, go háirithe trí mharcáil agus lipéadú.

2.   Beidh feidhm ag comheagrú na margaí maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) a chuirtear ar an margadh san Aontas.

3.   Beidh comheagraíocht na margaí comhdhéanta go háirithe den mhéid seo a leanas:

(a)

eagrú an tionscail, lena n-áirítear bearta chun an margadh a chobhsú;

(b)

táirgeadh agus pleananna margaíochta na n-eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(c)

comhchaighdeáin mhargaíochta;

(d)

faisnéis tomhaltóirí.

CUID IX

RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 36

Cuspóirí

1.   Áiritheofar go gcomhlíonfar rialacha CBI trí bhíthin chóras éifeachtach rialaithe iascaigh an Aontais, lena n-áirítear an iascaireacht NNN a chomhrac.

2.   Bunófar rialú agus forfheidhmiú CBI go háirithe ar an méid a leanas agus beidh sé comhdhéanta de:

(a)

cur chuige domhanda, comhtháite agus comhchoiteann;

(b)

comhar agus comhordú idir Bhallstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht;

(c)

éifeachtúlacht costais agus comhréireacht;

(d)

úsáid teicneolaíochtaí rialaithe éifeachtacha i leith infhaighteacht agus chaighdeán na sonraí ar iascach;

(e)

creat Aontais um rialú, um chigireacht agus um fhorfheidhmiú;

(f)

straitéis bunaithe ar riosca atá dírithe ar chros-seiceáil chórasach agus uathoibríoch ar na sonraí ábhartha go léir atá ar fáil;

(g)

cultúr comhlíontachta agus comhair a fhorbairt i measc na n-oibreoirí agus na n-iascairí ar fad.

Glacfaidh an tAontas bearta iomchuí i ndáil le tríú tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe.

3.   Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rialú, cigireacht agus forfheidhmiú gníomhaíochtaí a áirithiú a dhéantar faoi chuimsiú CBI, lena n-áirítear pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a bhunú.

Airteagal 37

Sainghrúpa maidir le comhlíonadh

1.   Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa maidir le comhlíonadh le go ndéanfar cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi chóras rialaithe iascaigh an Aontais a mheasúnú, a éascú agus a neartú.

2.   Ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit a bheidh ar an sainghrúpa maidir le comhlíonadh. Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa saineolaithe a chur chuig na cruinnithe a bheidh ag an sainghrúpa. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuidiú ag na cruinnithe a bheidh ag an sainghrúpa maidir le comhlíonadh i gcáil mar bhreathnóir.

3.   Go háirithe tabharfaidh an grúpa saineolaithe faoin méid a leanas:

(a)

athbhreithniú rialta ar shaincheisteanna a bhaineann le comhlíonadh agus le cur chun feidhme faoi chóras rialaithe iascaigh an Aontais agus deacrachtaí comhleasa a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cur chun feidhme rialacha CBI a shainaithint;

(b)

comhairle a fhoirmliú i ndáil le rialacha CBI a chur chun feidhme, lena n-áirítear cúnamh airgeadais Aontais a eagrú de réir tosaíochta; agus

(c)

faisnéis a roinnt maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta, lena n-áirítear iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.

4.   Cuirfidh an Grúpa Saineolaithe maidir le comhlíonadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn rialta i dtaca leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhlíonadh dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 38

Treoirthionscadail maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistíochta sonraí nua

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit treoirthionscadail a chur ar bun maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistíochta sonraí nua.

Airteagal 39

Ranníocaíocht le costais rialaithe, chigireachta, forfheidhmithe agus bailithe sonraí

Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar a gcuid oibreoirí ranníoc go comhréireach leis na costais oibríochtúla a bhaineann le córas rialaithe iascaigh an Aontais a chur chun feidhme agus le bailiú sonraí.

CUID X

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 40

Cuspóirí

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a bhronnadh chun cuidiú leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach.

Airteagal 41

Coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais do Bhallstáit

1.   Faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais is infheidhme, beidh cúnamh airgeadais an Aontais a thugtar do Bhallstáit ag brath ar rialacha CBI a bheith comhlíonta ag na Ballstáit.

2.   Mura gcomhlíonfaidh Ballstáit rialacha CBI, féadfar cur isteach ar íocaíochtaí nó iad a chur ar fionraí nó féadfar ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm ar chúnamh airgeadais an Aontais faoi CBI. Beidh bearta den chineál sin comhréireach le cineál, tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta, agus cibé an ndéantar é a athdhéanamh.

Airteagal 42

Coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais d'oibreoirí

1.   Faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais is infheidhme, beidh cúnamh airgeadais an Aontais a thugtar d'oibreoirí ag brath ar rialacha CBI a bheith comhlíonta ag oibreoirí.

2.   Faoi réir rialacha sonracha atá le glacadh, féadfar toirmeasc sealadach nó buan a chur ar an bhfáil atá ag oibreoirí ar chúnamh airgeadais an Aontais agus/nó cuirfear laghduithe airgeadais i bhfeidhm, má dhéanann oibreoirí sáruithe tromchúiseacha ar rialacha CBI. Beidh bearta den chineál, a dhéanfaidh an Ballstát, sin athchomhairleach, éifeachtach agus comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfar cúnamh airgeadais an Aontais ach amháin sa chás nach bhfuil aon phionóis forchurtha ar an oibreoir lena mbaineann mar thoradh ar sháruithe tromchúiseacha laistigh de thréimhse bliana amháin roimh dháta an iarratais ar chúnamh airgeadais an Aontais.

CUID XI

COMHAIRLÍ COMHAIRLEACHA

Airteagal 43

Comhairlí Comhairleacha a bhunú

1.   Bunófar Comhairlí Comhairleacha do gach ceantar geografach nó réimse inniúlachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, chun ionadaíocht chothrom ar gach páirtí leasmhar a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus cuidiú le baint amach na gcuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2.

2.   Go háirithe, bunófar na Comhairlí Comhairleacha nua a leanas, i gcomhréir le hIarscríbhinn III:

(a)

Comhairle Chomhairleach um na réigiúin is forimeallaí, arna roinnt i dtrí chuid le haghaidh gach ceann de na himchuacha seo a leanas: An tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach;

(b)

Comhairle Chomhairleach um dhobharshaothrú;

(c)

Comhairle Chomhairleach um margaí;

(d)

Comhairle Chomhairleach um an Muir Dhubh.

3.   Bunóidh gach Comhairle Chomhairleach a rialacha nós imeachta féin.

Airteagal 44

Cúraimí na gComhairlí Comhairleacha

1.   Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, i gcomhairle leis na Comhairlí Comhairleacha.

2.   Féadfaidh na Comhairlí Comhairleacha:

(a)

moltaí agus meabhraíochtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhallstáit lena mbaineann maidir le hábhair a bhaineann le hiascaigh a bhainistiú agus le gnéithe socheachnamaíocha agus caomhnaithe iascach agus dobharshaothraithe. Go háirithe, féadfaidh Comhairlí Comhairleacha moltaí a chur isteach maidir le conas rialacha i ndáil le bainistiú iascach a shimpliú.

(b)

an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi fhadhbanna a bhaineann le bainistiú agus le gnéithe socheachnamaíocha agus caomhnaithe iascaigh agus, i gcás inarb iomchuí, le dobharshaothrú ina gceantar geografach nó ina réimse inniúlachta, agus moltaí a thabhairt chun na fadhbanna sin a shárú;

(c)

rannchuidiú, i ndlúthchomhar le heolaithe, le bailiú, soláthar agus anailísiú na sonraí is gá chun bearta caomhnaithe a fhorbairt.

Má tá leas coiteann ag dhá Chomhairle Comhairleach nó níos mó ná sin, déanfaidh siad a seasaimh a chomhordú d'fhonn moltaí comhpháirteacha a ghlacadh maidir leis an gceist sin.

3.   Rachfar i gcomhairle le Comhairlí Comhairleacha maidir le moltaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 18. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit dul i gcomhairle leo maidir le bearta eile freisin. Cuirfear an chomhairle a thugann siad san áireamh. Beidh na comhairliúcháin sin gan dochar do chomhairliúchán le STECF nó le comhlachtaí eolaíochta eile. D'fhéadfaí tuairimí na gComhairlí Comhairleacha a chur faoi bhráid na mBallstát uile lena mbaineann agus faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát lena mbaineann, freagra, laistigh de dhá mhí, ar aon mholadh nó ar aon mheabhraíocht nó ar aon fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1. I gcás ina n-imíonn na bearta deiridh a glacadh ó thuairimí, ó mholtaí nó ó mheabhraíochtaí na gComhairlí Comhairleacha a gheobhfar de bhun mhír 1, luafaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann na cúiseanna mionsonraithe i dtaobh cén chúis a n-imíonn siad óna chéile.

Airteagal 45

Comhdhéanamh, feidhmiú agus maoiniú na gComhairlí Comhairleacha

1.   Beidh na Comhairlí Comhairleacha comhdhéanta de:

(a)

eagraíochtaí a ndéanann ionadaíocht ar iascach agus, i gcás inarb iomchuí, ar oibreoirí dobharshaothraithe, agus d'ionadaithe na hearnála próiseála agus margaíochta;

(b)

grúpaí leasmhara eile a ndéanann CBI difear dóibh (mar shampla, eagraíochtaí comhshaoil agus grúpaí tomhaltóirí).

2.   Beidh gach Comhairle Chomhairleach comhdhéanta de thionól ginearálta agus coiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rúnaíocht agus meithleacha chun déileáil leis na ceisteanna a bhaineann le comhar réigiúnach de bhun Airteagal 18, agus glacfaidh sí na bearta is gá chun í a fheidhmiú.

3.   Feidhmeoidh na Comhairlí Comhairleacha agus gheobhaidh siad airgeadas amhail dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 maidir le sonraí fheidhmiú na gComhairlí Comhairleacha.

CUID XII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 46

Tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(3), Airteagal 15(2), (3), (6), (7), agus Airteagal 45(4) a ghlacadh go ceann tréimhse cúig bliana ón 29 Nollaig 2013 Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear Airteagal 11(3), Airteagal 15(2), (3), (6), (7), agus Airteagal 45(4) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(3), Airteagal 15(2), (3), (6), (7), agus Airteagal 45(4) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste um iascach agus dhobharshaothrú de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 23, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

CUID XIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Aisghairm agus leasuithe

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

2.   Déantar Cinneadh (CE) Uimh. 2004/585 a aisghairm le héifeacht ó theacht i bhfeidhm na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 45(4) den Rialachán seo.

3.   Scriostar Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle (25).

4.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle (26).

5.   In Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"3a.   De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní bheidh feidhm ag fachtóir méadaithe ar ghabhálacha atá faoi réir oibleagáid iad a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (27), ar choinníoll nach sáraíonn an ró-iscaireacht 10 % de na gabhálacha ceadaithe san iomlán.

Airteagal 49

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú CBI faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 50

Tuarascáil bhliantúil

Tuairisceoidh an Coimisiún go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith uastáirgeacht inbhuanaithe a sheachadadh agus maidir le cás na stoc éisc, a luaithe is féidir tar éis an Rialacháin bhliantúil ón gComhairle a ghlacadh lena socraítear na deiseanna iascaireachta atá ar fáil in uiscí an Aontais agus, in uiscí ar leith nach bhfuil san Aontas, do shoithí de chuid an Aontais.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 183.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 20.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ón Chomhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an an 9 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh (IO L 358, 31.12.02, lch. 59).

(5)  Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus an Comhaontú a bhaineann le Cuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 3).

(6)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle na 23 Márta 1998, (IO L 179, 23.06.98, lch. 1).

(7)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir le daingniú ag an Chomphobal Eorpach den Comhaontú a bhaineann le Cuid XI de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).

(8)  An Comhaontú a bhaineann le Cuid XI de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme (IO L 189, 3.7.1998, lch. 164).

(9)  Cinneadh 96/428/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 an Comhaontú chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhantais agus Bainistíochta a chur chun cinn

(10)  An Comhaontú chun Comhlíontacht Bád Iascaireachta ar an Mórmhuir i dtaca le Bearta Idirnáisiúnta Caomhantais agus Bainistíochta a chur chun cinn (IO L 177, 16.7.1996, lch. 26).

(11)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat-Treoir um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.06.08, lch. 19).

(12)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 201, 26.1.2010, lch. 7).

(13)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú IO L 206, 22.7.92, lch. 7.

(14)  (IO L 105, 7.5.1981, lch. 1).

(15)  Cinneadh 93/619/CE ón gCoimisiún an 19 Samhain 1993 maidir le bunú An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (IO L 297, 2.12.1993, lch. 25)

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Cinneadh 2004/585/CE ón Chomhairle lena mbunaítear Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha faoin gComhbheartas Iascaigh (IO L 256, 3.8.2004, lch. 17).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11)

(19)  Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle an 22.9.1986 (IO L 274, 25.9.1986, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 and (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.09, lch. 1.)

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(22)  Tá limistéir ICES (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) sainithe i Rialachán (CE) Uimh 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

(23)  Tá limistéir CECAF (an tAtlantach Thoir Láir nó mórlimistéar iascaireachta FAO 34) sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó 1379/2013 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle maidir le bainistiú na hiarrachta iascaireachta a bhaineann le limistéir agus acmhainní áirithe iascaireachta agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 635/95 agus (CE) Uimh. 2027/95 (IO L 289, 7.11.2003, lch. 1).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle an 30 Márta 2004 maidir le cabhlaigh iascaireachta atá cláraithe sna réigiúin is forimeallaí sa Chomhphobal a bhainistiú (IO L 102, 7.4.2004, lch. 9).

(27)  IO L 354, 28.12.2013, p. 23".


IARSCRBHINN I

ROCHTAIN AR UISCÍ CÓSTA DE RÉIR BHRÍ AIRTEAGAL 5(2)

1.   Uiscí cósta na ríochta aontaithe

A.   ROCHTAIN DON FHRAINC

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Berwick-upon-Tweed soir

Coquet Island soir

Scadán

Gan teorainn

2.

Flamborough Head soir

Spurn Head soir

Scadán

Gan teorainn

3.

Lowestoft soir

Lyme Regis ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

4.

Lyme Regis ó dheas

Eddystone ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

5.

Eddystone ó dheas

Longships ó dheas-west

Iasc grinnill

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn

Gliomach

Gan teorainn

Piardóg

Gan teorainn

6.

Longships siar ó dheas

Hartland Point siar o thuaidh

Iasc grinnill

Gan teorainn

Piardóg

Gan teorainn

Gliomach

Gan teorainn

7.

Rinn Hartland go dtí líne ó thuaidh ó Oileán Lundy

Iasc grinnill

Gan teorainn

8.

Ó líne siar díreach ó Oileán Lundy go Cuan Cardigan

Gach speiceas

Gan teorainn

9.

Rinn Lynas ó thuaidh

Long sholais Bhá Morecambe soir

Gach speiceas

Gan teorainn

10.

Contae an Dúin

Iasc grinnill

Gan teorainn

11.

New Island soir ó thuaidh

Ábhainn (Sanda) siar ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

12.

Port Stíobhaird ó thuaidh

Ceann Bharraidh siar

Gach speiceas

Gan teorainn

13.

Domhanleithead 57°40'N

Rudha Robhanais (Butt of Lewis) siar

Gach speiceas, seachas sliogéisc

Gan teorainn

14.

Hiort, Oileáin Flannan

Gach speiceas

Gan teorainn

15.

Siar ón líne a cheanglaíonn teach solais Rudha Robhanais leis an bpointe 59°30'N-5°45'W

Gach speiceas

Gan teorainn


B.   ROCHTAIN D'ÉIRINN

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Rinn Lynas ó thuaidh

Maol na nGall ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

2.

Maol na hObha siar

Ceann Bharraidh siar

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn


C.   ROCHTAIN DON GHEARMÁIN

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Soir ó Inse Shealtainn agus Eilean nan Caorach idir línte arna dtarraingt díreach soir ó dheas ó theach solais Cheann Shumbroig díreach soir ó thuaidh ó theach solais Skroo agus díreach siar ó dheas ó theach solais Skadan

Scadán

Gan teorainn

2.

Berwick-upon-Tweed soir, Teach solais Whitby High soir

Scadán

Gan teorainn

3.

Teach solais North Foreland soir, Teach solais nua Dungeness ó dheas

Scadán

Gan teorainn

4.

An limistéar mórthimpeall Hiort

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

5.

Teach solais Rudha Robhanais siar go dtí an líne a cheanglaíonn teach solais Rudha Robhanais agus an pointe 59°30'N-5°45'W

Scadán

Gan teorainn

6.

An limistéar mórthimpeall Rònaigh Thuaidh agus Sulasgeir

Scadán

Gan teorainn


D.   ROCHTAIN DON ÍSILTÍR

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Soir ó Inse Shealtainn agus Eilean nan Caorach idir línte arna dtarraingt díreach soir ó dheas ó theach solais Cheann Shumbroig díreach soir ó thuaidh ó theach solais Skroo agus díreach siar ó dheas ó theach solais Skadan

Scadán

Gan teorainn

2.

Berwick upon Tweed soir, Ceann Flamborough soir

Scadán

Gan teorainn

3.

North Foreland soir, Teach solais nua Dungeness ó dheas

Scadán

Gan teorainn


E.   ROCHTAIN DON BHEILG

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Berwick upon Tweed soir

Oileán Coquet soir

Scadán

Gan teorainn

2.

Cromer ó thuaidh

North Foreland soir

Iasc grinnill

Gan teorainn

3.

North Foreland soir

Teach solais nua Dungeness ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

4.

Teach solais nua Dungeness ó dheas, Selsey Bill ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

5.

Straight Point soir ó dheas, South Bishop siar ó thuaidh

Iasc grinnill

Gan teorainn

2.   Uiscí cósta na héireann

A.   ROCHTAIN DON FHRAINC

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Ceann Iorrais siar ó thuaidh

Ceann Sibéal siar

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

2.

Carn Uí Néid ó dheas

Na Stácaí ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

3.

Na Stácaí ó dheas

Corcaigh ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

4.

Corcaigh ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

5.

Ceann an Chairn ó dheas, Inis Sionnach soir ó dheas

Gach speiceas, seachas sliogéisc

Gan teorainn


B.   ROCHTAIN DON RÍOCHT AONTAITHE

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Mionn Ard ó dheas

Rinn Duáin

Iasc grinnill

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

2.

Rinn Duáin

Loch Cairlinn

Iasc grinnill

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn


C.   ROCHTAIN DON ÍSILTÍR

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Na Stácaí ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn


D.   ROCHTAIN DON GHEARMÁIN

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

An Seancheann ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Scadán

Gan teorainn

2.

Corcaigh ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Ronnach

Gan teorainn


E.   ROCHTAIN DON BHEILG

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.

Corcaigh ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

2.

Ceann Chill Mhantáin soir

Loch Cairlinn soir ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

3.   Uiscí cósta na beilge

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Idir 3 agus 12 mhuirmhíle

An Ísiltír

Gach speiceas

Gan teorainn

 

An Fhrainc

Scadán

Gan teorainn

4.   Uiscí cósta na danmhairge

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Mara Thuaidh (Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Hanstholm) (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

 

 

Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Blåvands Huk

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

An Ísiltír

Iasc leathógach

Gan teorainn

Iasc cruinn

Gan teorainn

Ó Blåvands Huk go dtí Bovbjerg

An Bheilg

Trosc

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

Cadóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

An Ísiltír

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Ó Thyborøn go dtí Hanstholm

An Bheilg

Faoitín

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

Leathóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Liúdar

Gan teorainn

Cadóg

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

An Ísiltír

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Skagerrak

(Hanstholm go dtí Skagen)

(idir 4 agus 12 mhuirmhíle)

An Bheilg

Leathóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Liúdar

Gan teorainn

Cadóg

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

An Ísiltír

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Kattegat (idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

An Ghearmáin

Trosc

Gan teorainn

Iasc leathógach

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ó thuaisceart Zeeland go dtí líne dhomhanleithid a théann trí theach solais Forsnæs

An Ghearmáin

Salán

Gan teorainn

Muir Bhailt

(lena n-áirítear na Belts, Øresund, Bornholm)

idir 3 agus 12 mhuirmhíle

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Eascann

Gan teorainn

Bradán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Skagerrak

(idir 4 agus 12 mhuirmhíle)

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

Kattegat

(3 agus 12 mhuirmhíle (1))

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

Muir Bhailt

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

5.   Uiscí cósta na gearmáine

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Mara Thuaidh

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

gach cósta

An Danmhairg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Corr ghainimh

Gan teorainn

An Ísiltír

Iasc grinnill

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí pointe ó thuaidh Amrum ag 54°43′N

An Danmhairg

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

An limistéar mórthimpeall Helgoland

An Ríocht Aontaithe

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

An Cósta Baltach

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

An Danmhairg

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Eascann

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

6.   Uiscí cósta na fraince agus na ranna thar lear

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta an Atlantaigh Thoir Thuaidh

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí oirthear Departement Manche (inbhear Vire-Grandcamp les Bains 49° 23' 30" N-1° 2 'WNNE)

An Bheilg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn

An Ísiltír

Gach speiceas

Gan teorainn

Ó Dunkerque (2° 20' E) go dtí Cap d'Antifer (0° 10' E)

An Ghearmáin

Scadán

Gan teorainn ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig amháin

Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí Cap d'Alprech siar

(50 ° 42 30 "N - 1 ° 33 '30" E)

An Ríocht Aontaithe

Scadán

Gan teorainn

Cósta an Atlantaigh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Spáinne/na Fraince go dtí 46° 08′ N

An Spáinn

Ainseabhaithe

Iascaireacht threoraithe, gan teorainn idir an 1 Márta agus an 30 Meitheamh amháin

Iascaireacht i gcomhair baoite bheo idir an 1 Iúil agus an 31 Deireadh Fómhair amháin

Sairdíní

Gan teorainn idir an 1 Eanáir agus an 28 Feabhra, agus idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig amháin

Ina theannta sin, ní mór tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann leis na speicis thuasluaite i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a rinneadh le linn 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin.

Cósta na Meánmhara

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Teorainn na Spáinne/Cap Leucate

An Spáinn

Gach speiceas

Gan teorainn

7.   Uiscí cósta na spáinne

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta an Atlantaigh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Fraince/na Spáinne go dtí teach solas Cap Mayor (3° 47' W)

An Fhrainc

Iasc peiligeach

Gan teorainn i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin.

Cósta na Meánmhara

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Teorainn na Fraince/Cap Creus

An Fhrainc

Gach speiceas

Gan teorainn

8.   Uiscí cósta na cróite  (2)

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóvéine atá lonnaithe ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, nuair a bhuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)

an tSlóivéin

Iasc grinnill agus speiceas beag peiligeach ilena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí

100 tonna do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 soithí iascaireachta atá feistithe le trál equipped with trawl nets

9.   Uiscí cósta na hísiltíre

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

An Bheilg

Gach speiceas

Gan teorainn

An Danmhairg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Corr ghainimh

Gan teorainn

Bolmán

Gan teorainn

An Ghearmáin

Trosc

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

An Fhrainc

Gach speiceas

Gan teorainn

Pointe theas Texel, siar go teorainn na hÍsiltíre/na Gearmáine

An Ríocht Aontaithe

Iasc grinnill

Gan teorainn

10.   Uiscí cósta na slóivéine  (3)

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóvéine atá lonnaithe ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, nuair a bhuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)

An Chróit

Iasc grinnill agus speiceas beag peiligeach ilena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí

100 tonna do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 soithí iascaireachta atá feistithe le trál equipped with trawl nets

11.   Uiscí cósta na fionlainne

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Muir Bhailt (idir 4 agus 12 mhuirmhíle) (4).

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

12.   Uiscí cósta na sualainne

Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Skagerrak (idir 4 agus 12 mhuirmhíle)

An Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

Kattegat (idir 3 agus 12 mhuirmhíle (5))

An Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

Muir Bhailt (idir 4 agus 12 mhíle)

An Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

An Fhionlainn

Gach speiceas

Gan teorainn


(1)  Arna thomhas ón líne chósta.

(2)  Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomláin an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.

(3)  Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomláin an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.

(4)  Idir 3 agus 12 mhuirmhíle timpeall Oileáin Bogskär

(5)  Arna thomhas ón líne chósta


IARSCRÍBHINN II

UASTEORAINNEACHA LE hAGHAIDH ACMHAINNE IASCAIREACHTA

Uasteorainneacha (bunaithe ar an staid mar a bhí sé an 31 Nollaig 2010)

An Ballstát

GT

kW

An Bheilg

18 962

51 586

An Bhulgáir

7 250

62 708

An Chróit

53 452

426 064

An Danmhairg

88 762

313 333

An Ghearmáin

71 117

167 078

An Eastóin

21 677

52 566

Éire

77 568

210 083

An Ghréig

84 123

469 061

An Spáinn (réigiúin fhorimeallacha san áireamh)

423 550

964 826

An Fhrainc (réigiúin fhorimeallacha san áireamh)

214 282

1 166 328

An Iodáil

173 506

1 070 028

An Chipir

11 021

47 803

An Laitvia

46 418

5 846

An Liotuáin

73 489

73 516

Málta

14 965

95 776

An Ísiltír

166 859

350 736

An Pholainn

38 270

90 776

An Phortaingéil (réigiúin fhorimeallacha san áireamh)

114 549

386 539

An Rómáin

1 908

6 356

An tSlóivéin

675

8 867

An Fhionlainn

18 066

181 717

An tSualainn

43 386

210 829

An Ríocht Aontaithe

231 106

909 141


Uasteorainneacha (bunaithe ar an staid mar a bhí sé an 31 Nollaig 2010)

Réigiúin fhorimeallacha an Aontais

GT

kW

An Spáinn

Na hOileáin Chanáracha: F (1)< 12 m. Uiscí an Aontais

2 617

20 863

Na hOileáin Chanáracha: F> 12 m. Uiscí an Aontais

3 059

10 364

Na hOileáin Chanáracha: F> 12 m. Uiscí idirnáisiúnta agus tríú tíortha

28 823

45 593

An Fhrainc

La Réunion: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m

1 050

19 320

La Réunion: Speicis pheiligeacha. F > 12 m

10 002

31 465

Guáin na Fraince: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. Fad < 12 m

903

11 644

Guáin na Fraince: Soithí séaclaí

7 560

19 726

Guáin na Fraince: Speicis pheiligeacha. Soithí mórmhara.

3 500

5 000

Martinique: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m

5 409

142 116

Martinique: Speicis pheiligeacha. F > 12 m

1 046

3 294

Guadalúip: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m

6 188

162 590

Guadalúip: Speicis pheiligeacha. F > 12 m

500

1 750

An Phortaingéil

Maidéara: Speicis ghrinnill. F < 12 m

604

3 969

Maidéara: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F > 12 m

4 114

12 734

Maidéara: Speicis pheiligeacha. Saighne. F > 12 m

181

777

Na hAsóir: Speicis ghrinnill. F < 12 m

2 617

29 870

Na hAsóir: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F > 12 m

12 979

25 721


(1)  Ciallaíonn "F" fad foriomlán an tsoithigh


IARSCRÍBHINN III

COMHAIRLÍ COMHAIRLEACHA

1.   Ainm agus réimse na gComhairlí Comhairleacha

Ainm

Réimsí inniúlachta

Muir Bhailt

Ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId

An Mhuir Dhubh

ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' fo-cheantar geografach CIGM [Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir] arna shainmhíniú sa rún GFCM/33/2009/2

An Mheánmhuir

Uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36′ siar

An Mhuir Thuaidh

Ranna ICES IV agus IIIa

Uiscí an Iarthuaiscirt

Ranna ICES V (seachas Va agus uiscí an Aontais in Vb amháin), VI agus VII

Uiscí an Iardheiscirt

Ranna ICES VIII, IX agus X (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha)

Na réigiúin is forimeallaí

Uiscí an Aontais timpeall ar na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh arna roinnt i dtrí imchuacha: An tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach;

Stoic pheiligeacha (faoitín gorm, ronnach, bolmán, scadán, torciasc)

Gach limistéar geografach lena n-áirítear an Mhuir Bhaile an Mheánmhuir

Cabhlach fadraoin/mórmhara

Na huiscí uile nach bhfuil san Aontas

Dobharshaothrú

Dobharshaothrú, mar atá sainmhínithe in Airteagal 4

Margaí

Gach réimse margaidh

2.   Feidhmiú agus cistiú na gComhairlí Comhairleacha

(a)

Sa chomhtionól ginearálta agus sa choiste feidhmiúcháin, tabharfar 60 % de na suíocháin d'ionadaithe na n-iascairí agus don Chomhairle Chomhairleach um an Dobharshaothrú, d'oibreoirí dobharshaothraithe agus d'ionadaithe na hearnála próiseála agus margaíochta, agus tabharfar 40 % d'ionadaithe na ngrúpaí leasmhara eile a ndéanann an Comhbheartas Iascaigh dochar dóibh, mar shampla eagraíochtaí comhshaoil agus grúpaí tomhaltóirí.

(b)

Lasmuigh den Chomhairle Chomhairleach um Dhobharshaothrú agus den Chomhairle Chomhairleach um Margaí, beidh ar a laghad ionadaí amháin den fho-earnáil gabhála ó gach Ballstát lena mbaineann ar an gcoiste feidhmiúcháin.

(c)

Glacfaidh comhaltaí an choiste fheidhmiúcháin, i gcás inar féidir, moltaí trí chomhthoil. Mura thiocfar ar chomhaontú, déanfar tuairmí easaontacha a chuirfidh baill in iúl a thaifeadadh sna moltaí a ghlacfaidh tromlach na mball atá i láthair agus atá ag vótáil.

(d)

Aimneoidh gach Comhairle Chomhairleach cathaoirleach trí chomhaontú. Gníomhóidh an cathaoirleach ar bhealach neamhchlaonta.

(e)

Glacfaidh an Chomhairle Chomhairleach na bearta riachtanacha chun trédhearcacht agus urramú gach tuairime a áirithiú.

(f)

Cuirfear moltaí a ghlacfaidh an coiste feidhmiúcháin ar fáil láithreach don chomhthinól ginearálta, don Choimisiún, do na Ballstáit lena mbaineann agus, arna iarraidh sin, do dhuine ar bith sa phobal i gcoitinne.

(g)

Beidh cruinnithe den chomhthionól ginearálta ar oscailt don phobal. Beidh cruinnithe den chomhthionól ginearálta ar oscailt don phobal, mura gcinnfidh tromlach an choiste fheidhmiúcháin a mhalairt, i gcásanna éisceachtúla.

(h)

Féadfaidh eagraíochtaí Eorpacha agus náisiúnta a dhéanann ionadaíocht don earnáil iascaigh agus do ghrúpaí eile comhaltaí a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann. Comhaontóidh na Ballstáit comhaltaí an chomhthionóil ghinearálta.

(i)

Ionadaithe riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil leas iascaigh acu sa limistéar lena mbaineann agus taighdeoirí ó institiúidí eolaíochta agus taighde iascaigh agus ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta eolaíochta a thugann comhairle don Choimisiún, beidh cead acu páirt a ghlacadh i gcruinnithe na Comhairle Comhairlí mar bhreathnóirí gníomhacha. Féadfar cuireadh a thabhairt d'aon eolaí cáilithe eile.

(j)

Féadfaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí gníomhacha i gcruinnithe na Comhairle Comhairlí.

(k)

Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe na hearnála iascaigh agus do ghrúpaí leasmhara eile ó thríú tíortha, lena n-áirítear ionadaithe ó ERBInna, a bhfuil leas iascaireachta acu sa limistéar nó iascaigh atá cumhdaithe ag Comhairle Chomhairleach, páirt a ghlacadh sa Chomhairle Chomhairleach mar bhreathnóirí gníomhacha nuair a phléifear ceisteanna a bhaineann leo.

(l)

Féadfaidh Comhairlí Comhairleacha iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais an Aontais mar chomhlachtaí a mbeidh leas na hEorpa go ginearálta mar aidhm acu.

(m)

Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le gach Comhairle Chomhairleach go ranníocfaidh sí lena chuid costas oibriúcháin, lena n-áirítear costais aistriúcháin agus ateangaireachta.

(n)

Féadfaidh an Coimisiún na fíoruithe uile a measann sé a bhfuil gá leo a dhéanamh chun comhlíonadh na gcúraimí atá sannta dó na Comhairlí Comhairleacha a áirithiú.

(o)

Cuirfidh gach Comhairle Chomhairleach a buiséad bliantúil isteach agus cuirfidh sé tuarascáil isteach maidir lena cuid gníomhaíochtaí chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann.

(p)

Féadfaidh an Coimisiún nó an Chúirt Iniúchóirí, tráth ar bith, iniúchadh a shocrú a dhéanfadh comhlacht seachtrach dá rogha féin nó a dhéanfadh an Coimisiún nó ranna de chuid na Cúirte Iniúchóirí iad féin.

(q)

Ceapfaidh gach Comhairle iniúchóir deimhnithe don tréimhse ina mbainfidh sí leas as cistí de chuid an Aontais.


28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

62


RIALACHÁN (AE) UIMH 1381/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 19(2), 21(2), 114, 168, 169 agus 197 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim. Tá daoine san Aontas i dteideal tairbhiú de na cearta a bhronntar orthu leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Thairis sin, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an "Chairt"), ar tugadh ceangailteacht dhlíthiúil di ar fud an Aontais le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, leagtar amach na cearta agus na saoirsí bunúsacha a bhfuil daoine san Aontas ina dteideal. Ba cheart go gcuirfí na cearta sin chun cinn agus go n-urramófaí iad. Ba cheart a ráthú go mbeifear in ann tairbhiú go hiomlán de na cearta sin chomh maith leis na cearta sin a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá Faoi Mhíchumas, agus ba cheart aon bhacainní ar an tairbhiú sin a dhíchur. Thairis sin, tá freagrachtaí agus dualgais i dtaca le daoine eile, leis an bpobal daonna agus leis na glúinte atá le teacht ag gabháil le tairbhiú de na cearta sin.

(2)

Le Clár Stócólm d'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gur tosaíocht é limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt agus shonraigh gur ceann dá tosaíochtaí polaitiúla é Eoraip na gceart a bhaint amach. Aithníodh go bhfuil maoiniú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha lena áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla Chlár Stócólm. Maidir leis na cuspóirí uaillmhianacha a leagtar síos leis na Conarthaí agus le Clár Stócolm a ghnóthú, ba cheart iad a ghnóthú trí Chlár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 a bhunú (an "Clár"), ar clár í a bheidh solúbtha agus éifeachtach, rud a éascóidh pleanáil agus cur i bhfeidhm. Maidir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, ba cheart iad a léiriú ar aon dul leis na treoirlínte straitéiseacha atá leagtha amach ag an gComhairle Eorpach.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 maidir leis an Straitéis Eoraip 2020 (4), leagtar amach straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach. Trí thacú le cearta daoine san Aontas agus na cearta sin a chur chun cinn, trí dhul i ngleic le hidirdhealú agus neamhionannais agus trí shaoránacht an Aontais a chur chun cinn, rannchuidítear le cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh shuaitheanta de chuid Straitéis Eoraip 2020 a chur chun cinn.

(4)

Is prionsabal bunúsach den Aontas Eorpach é prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Foráiltear in Airteagal 19 CFAE do ghníomhaíocht chun idirdhealú a chomhrac ar idirdhealú é atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Cumhdaítear neamh-idirdhealú freisin in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar Airteagal é ar cheart a chur i bhfeidhm laistigh de theorainneacha Airteagal 51 den Chairt agus i gcomhréir leis an Airteagal sin. Ba cheart gnéithe sonracha foirmeacha éagsúla an idirdhealaithe a chur san áireamh, agus ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhthráth chun idirdhealú ar fhoras amháin nó níos mó a chosc agus a chomhrac.

(5)

Ba cheart an Clár a chur i bhfeidhm i dteannta gníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna acu, go háirithe iad siúd dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal "Creat AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach" agus i gconclúidí na Comhairle an 19 Bealtaine 2011 maidir le Creat Aontais do Straitéisí Náisiúnta suas go 2020 (5) chun na Roma a lánpháirtiú,, lena n-iarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta agus eacnamaíoch na Romach trí chur chuig an phríomhshruthaithe a shaothrú i gceithre réimse thábhachtacha – oideachas, fostaíocht, sláinte agus tithíocht agus é á áirithiú ina theannta sin nach n-imrítear idirdhealú i gcoinne na Romach ach go dtugtar aitheantas cothrom dá gcearta bunúsacha agus a áirithiú go ndéanfar bearta chun an leithcheal, i gcás gurb ann dó, a dhíothú, go háirithe i réimse an oideachais agus na tithíochta agus an méid sin a dhéanamh sa chaoi go ndéanfar atreisiú ar an gClár agus ar na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais.

(6)

Maidir le ciníochas, seineafóibe, homafóibe agus foirmeacha eile éadfhulaingthe, is sárú díreach iad ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha agus an smachta reachta, prionsabail a bhfuil an tAontas fothaithe orthu agus ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit. Is sprioc bhuansheasmhach é, dá bhrí sin, na feiniméin sin a chomhrac agus tá gníomhaíocht chomhordaithe, lena n-áirítear leithdháileadh maoinithe, ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach. Áirítear ar na feiniméin sin as measc feiniméan eile iarracht a dhéanamh go poiblí chun foréigean nó fuath a ghríosú i gcoinne grúpa daoine nó baill de ghrúpa den sórt sin, mar aon le cionta eile a dhéantar mar thoradh ar inspreagadh ciníochais, seineafóibe nó homafóibe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a dhíriú freisin ar gach cineál foréigin, fuatha, leithcheal agus stiogmatú a chosc agus a chomhrac, mar aon le bulaíocht, ciapadh agus éadfhulaingt a chomhrac, mar shampla i riarachán poiblí, sa phóilíneacht, i measc na mbreithiúna, ar scoil agus san ionad oibre.

(7)

Tá comhionannas idir mná agus fir ar cheann de luachanna bunaidh an Aontais. Mura gcaitear le mná agus fir ar bhonn cothrom sáraítear cearta bunúsacha. Fairis sin, le cur chun cinn an chomhionnanais idir mná agus fir cuirtear freisin le baint amach chuspóirí Stratéis Eoraip 2020. Ba cheart an cuspóir arb é cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fira chur chun feidhme don tréimhse 2011 go 2020 i dteannta gníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna acu, go háirithe iad siúd dá dtagraítear sa Chomhaontú Eorpach um chomhionannas inscne, sa chaoi go ndéanfar iad araon a atreisiú.

(8)

Áirítear ar idirdhealú ar fhoras inscne, i gcomhréir le cás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, idirdhealú a eascraíonn as athrú inscne. Agus an Clár seo á chur chun feidhme ní mór an méid a thiteann amach i ndlí an Aontais Eorpaigh agus i gcás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thabhairt faoi deara freisin maidir le gnéithe eile a bhaineann le hinscne, lena n-áirítear féiniúlacht inscne.

(9)

Is léiriú ar luachanna fothaithe an Aontais sin é an ceart go gcaithfí le daoine san ionad oibre agus sa tsochaí i gcoitinne le dínit agus is gá gníomh comhordaithe a dhéanamh chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a cheadú maidir le margadh an tsaothair. Ba cheart a áireamh, dá bhrí sin, ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh i réimse an chomhionnanais inscne agus an neamh-idirdhealaithe, comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus idirdhealú san ionad oibre agus i margadh an tsaothair a chomhrac.

(10)

Tá foréigean de gach aon chineál in aghaidh leanaí, daoine óga agus na mban agus in aghaidh grúpaí eile atá i mbaol chomh maith ina shárú ar chearta bunúsacha agus ina aicíd thromchúiseach. Déantar foréigean den sórt sin ar fud an Aontais agus bíonn iarmhairtí tromchúiseacha aige maidir le sláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch na n-íospairtí agus maidir leis an tsochaí ina hiomláine chomh maith. Ionas go dtabharfar aghaidh ar an bhforéigean sin agus go gcosnófar na híospairtí beidh gá le toil láidir pholaitiúil agus gníomhaíocht chomhordaithe a bheidh bunaithe ar mhodhanna agus torthaí chláir Daphne (6). Trí bheart a dhéanamh chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac rannchuidítear le cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir. Ós rud é go raibh fíor-rath ar mhaoiniú Daphne ó seoladh é i 1997, i dtéarmaí an mheasa a bhí ag geallsealbhóirí orthu (údaráis phoiblí, insitiúidí acadúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus i dtéarmaí éifeachtacht na dtionscnamh a mhaoinítear leis na cláir araon, tá sé ríthábhachtach, ionas go mbeidh cláir Daphne i mbéal an phobail, ainm chlár Daphne a lua i gcónaí i gcur chun feidhme an Chláir maidir leis an gcuspóir sonrach lena ndírítear ar foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus na mban a chosc agus a chomhrac.

(11)

Le hAirteagal 3(3) CAE ceanglaítear ar an Aontas cosaint chearta an linbh a chur chun cinn, agus an t-idirdhealú a chomhrac i gcomhthráth. Bíonn leanaí leochaileach, go háirithe má tá siad i staid na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta, an mhíchumais nó i staideanna sonracha eile trína gcuirtear i mbaol iad, amhail staideanna faillí, fuadaigh nó dul ar iarraidh. Ba cheart beart a dhéanamh chun cearta an linbh a chur chun cinn agus chun rannchuidiú le cosaint an linbh ar dhíobháil agus ar fhoréigean lena bhféadfaí dochar a dhéanamh dá shláinte coirp nó meabhrach agus lena bhféadfaí a gcearta forbartha, cosanta agus dínite a shárú.

(12)

Ba cheart leanúint de shonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach i gcomhthéacs ina bhfuil forbairt leanúnach á déanamh ar theicneolaíochtaí agus i gcomhthéacs an domhandaithe. Ba cheart creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach san Aontas. Ionas go mbainfear amach an méid sin, ba cheart don Aontas a bheith in ann tacú le hiarrachtaí na mBallstát an creat dlíthúil sin a chur chun feidhme, agus béim ar leith á cur a áirithiú gur féidir le daoine aonair a gcuid ceart a fheidhmiú go héifeachtach.

(13)

Ba cheart go mbeadh tuilleadh eolais ag na saoránaigh maidir leis na cearta dá gcuid a eascraíonn as bheith ina saoránaigh de chuid an Aontais agus ba cheart go mbeidís in acmhainn na cearta sin a fheidhmiú, eadhon a gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse san Aontas, a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha ina Ballstát cónaithe, faoi na coinníollacha céanna leagus le náisiúnaigh den Bhallstát sin, a gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa i gceann ar bith de theangacha na gConarthaí, a gceart chun tionscnaimh ó shaoránaigh a chur isteach agus a gceart chun gearáin a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach i gcoinne míriaracháin na n-institiúidí, agus ba cheart go mbeidís in annn na cearta sin a fheidhmiú. Má spreagtar saoránaigh chun ról níos gníomhaí a ghlacadh sa daonlathas ar leibhéal an Aontais, neartófar sochaí shibhialta na hEorpa agus caomhnófar forbairt féiniúlachta Eorpaí. Ba cheart go mbeadh saoránaigh ar a suaimhneas agus iad ag maireachtáil, ag taisteal, ag deanamh staidéir, ag obair agus ag obair go deonach i mBallstát eile, ba cheart go mbraithfidís muiníneach go mbeidh rochtain chomhionann acu agus go bhforfheidhmeofar a gcearta go hiomlán agus go gcosnófar iad gan aon idirdhealú, is cuma cén áit san Aontas a bheidh siad.

(14)

Ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann, ina n-acmhainn mar thomhaltóirí agus mar fhiontraithe sa mhargadh inmheánach, a gcearta a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs trasteorann.

(15)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart go ndéanfaí leis an gClár, ina gcuid gníomhaíochtaí uile, tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaitheacha. Ba cheart faireachán rialta agus meastóireacht reatha a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ina bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna comhionnanais inscne agus neamh-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.-

(16)

Tá sé léirithe trí thaithí ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais go bhfuil gá le meascán d'ionstraimí, lena n-áirítear gníomhartha dlí, tionscnaimh bheartais agus cistiú, chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach go hiarbhír. Is uirlis thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha.

(17)

Chomh maith le réadluach a bheith acu i gcás na dtairbhithe, is féidir fianaise a ghiniúint leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár, ar fianaise í lenar féidir déanamh beartas a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Mar shampla, lecláir Daphne cuireadh ar chumas na ngeallsealbhóirí bainteacha uile, lena n-áirítear na Ballstáit, foghlaim agus dea-chleachtas a aistriú eatarthu go réadach maidir leis an bhforéigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus na mban a chosc agus a chomhrac.

(18)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal 'Buiséad don Eoraip 2020', leagtar béim ar an ngá atá le cistiú an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Go mór mór i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche reatha, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí cistí Aontais a struchturú agus a bhainistiú sa bhealach is dícheallaí is féidir. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistithe a bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus trí na rialacha agus na nósanna imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú.

(19)

Mar fhreagairt don ghá atá le cistiú a shimpliú, le bainistiú éifeachtach a dhéanamh air agus le rochtain níos fearr a bheith air, ba cheart go leanfaí ar aghaidh, leis an gClár seo, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo ar bhonn roinn 4 ('Frith-idirdhealú agus Éagsúlacht') agus roinn 5 ('Comhionnas Inscne') de chlár an Dul chun Cinn a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar bhonn an chláir um chearta bunúsacha agus um shaoránacht a bunaíodh le Cinneadh 2007/252/CE ón gComhairle (8) agus ar bhonn chlár ginearálta Daphne III. Áirítear ar mheastóireachtaí lár téarma na gClár sin moltaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar chur chun feidhme na gClár sin. Ba cheart torthaí na meastóireachtaí meán téarma sin, mar aon le torthaí na meastóireachtaí ex-post faoi seach a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Chláir.

(20)

Ba cheart go mbeadh áirithiú na húsáide is fearr is féidir maidir leis na hacmhainní airgeadais agus feabhsú éifeachtúlacht an chaiteachais ina dtreoirphrionsabail le haghaidh baint amach chuspóirí an Chláir sin. Ba cheart cistiú leordhóthanach a ráthú chun tacú le hiarrachtaí i leith Eoraip na gceart a bhunú. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear an Clár chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is furasta le húsáid, ag ráthú i gcomhthráth go mbeidh slándáil dlí agus rochtain air sin ag na rannpháirtithe uile. D'fhonn rochtain ar chistiú a éascú do na tairbhithe uile a d'fhéadfadh a bheith ann, ba cheart go ndéanfaí simpliú ar na nósanna imeachta cur i bhfeidhm agus ar na riachtanais bainistithe airgeadais agus go ndéanfaí na hualaigh riaracháin a bhaint chomh maith.

(21)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010 maidir le 'Athbhreithniú Bhuiséid AE agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 maidir le 'Buiséad don Eoraip 2020' leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag baint leo, i.e. i gcás gur féidir luach breise a chur leis an ngníomhaíocht leis an idirghabháil Aontais i gcomparáid leis an ghníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit ina n-aonar. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo chun muinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí cistithe freisin le heolas níos fearr ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a bheith acu siúd go léir lena mbaineann agus ba cheart go gcuirfí bonn fónta anailíse ar fáil do thacaíocht agus d'fhorbairt i ndáil le dlí agus beartais an Aontais agus leis an méid sin go gcuirfí lena bhforfheidhmiú agus lena gcur chun feidhme cuí. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus gabhann barainneachtaí scálaléi. Fairis sin, is fearr atá an tAontas Eorpach in ann ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(22)

Agus gníomhaíochtaí á roghnú ag an gCoimisiún le haghaidh cistithe faoin gClár, ba cheart dó na tograí a mheasúnú ar bhonn critéar réamhshainaitheanta. Ba cheart go ndéanfaí breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí atá á moladh a mheasúnú mar cheann de na critéir sin. Is féidir a thaispeáint freisin go bhfuil breisluach Eorpach ag tionscadail náisiúnta agus tionscadail ar mhionscála.

(23)

Eagraíochtaí nó comhlachtaí a bhfuil cuspóir leasa ginearálta Eorpach á saothrú acu sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár, ba cheart go dtabharfaí ar aird gur príomhghníomhaithe iad sa mhéid go bhfuil sé cruthaithe nó gur féidir glacadh leis go gcruthófar go mbíonn tionchar suntasach acu ar na cuspóirí sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhfaighidís cistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagfar amach sna cláir oibre bhliantúla a ghlacfaidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(24)

Ba cheart seirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta acu a léirthuiscint laistigh de bhrí Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 116/2007/CE ón gCoimisiún (9).

(25)

Ba cheart a áireamh ar na comhlachtaí agus na heintitis a fhaigheann rochtain ar an gClár údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta.

(26)

Sa Rialachán seo leagtar síos imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir agus beidh an t-imchlúdach ina mhéid príomhthagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (10).

(27)

Chun a áirithiú go mbeidh an Clár solúbtha a dhóthain chun freagairt do riachtanais atá ag athrú agus do na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le linn a thréimhse, ba cheart an chumhacht gníomhaíochtaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le modhnuithe ar na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn do gach cuspóir sonrach a rachadhníos mó ná 5 pointe céatadáin os cionn na céatadáin sin Chun an gá le gníomh tarmligthe den sórt sin a mheas, ba cheart na céatadáin sin a ríomh ar bhonn chlúdach airgeadais an Chláir feadh a ré agus ní ar bhonn leithleasaí bliantúla. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(28)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (an Rialachán Airgeadais). Go háirithe maidir le coinníollacha incháilitheachta na cánach breisluacha (CBL) a íocann tairbhithe na ndeontas, níor cheart go mbeadh incháilitheacht CBL ag brath ar stádas dlíthiúil na dtairbhithe i dtaca le gníomhaíochtaí a mbeadh eintitis phríobháideacha agus phoiblí in ann a dhéanamh faoi na dálaí dlíthiúla céanna. Agus cineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á chur san áireamh, ba cheart a shoiléiriú sna glaonna ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí atá indéanta ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha agus ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, gobhfuil CBL nach bhfuil inasbhainte a ghearrtar agus ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha incháilithe agus ag eintitis phoiblí le bheith incháilithe, a mhéid a íoctar é le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun feidhme, amhail oiliúint nó ardú feasachta nárbh fhéidir a mheas mar fheidhmiú údaráis phoiblí. Sa Rialachán seo ba cheart feidhm a bhaint freisin as na huirlisí simpliúcháin a tugadh isteach leis an Rialachán Airgeadais.. Thairis sin, ba cheart leis na critéir a úsáidtear chun gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a shainaithint, agus é mar aidhm acu na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a bhfuil an tionchar coibhneasta is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú.

(29)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na cláir bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(30)

Ba cheart a áirithiú leis na cláir oibre bhliantúla arna ngaladh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo go leithdháiltear na cistí go hiomchuí idir deontais agus conarthaí soláthair phoiblí. Ba cheart don Chlár na cistí a leithroinnt ar na deontais go príomha, agus leibhéil leordhóthanacha chistithe a choimeád le haghaidh soláthair. Ba cheart go mbunófaí, leis na cláir oibre bhliantúla, an t-íoschéatadán de chaiteachas bliantúil a bheidh le leithdháileadh ar dheontais agus ba cheart nach mbeadh sé faoi bhun 65 %. Ba cheart clár ama soiléir a bhunú le haghaidh na n-iarratas le haghaidh tograí, le haghaidh roghnú na dtionscadal agus le haghaidh na gcinntí maidir le bronnadh ionas go n-éascófaí pleanáil na dtionscadal agus an cómhaoiniú a dhéanfaidh na geallsealbhóirí.

(31)

D'fhonn leithdháileadh éifeachtúil na gcistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir na cláir chistiúcháin lena dtugtar tacaíocht do réimsí beartais a bhfuil dlúthnasc eatarthu, go háirithe idir an Clár agus an Clár um Cheartas arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 í Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an Clár "Eoraip do Shaoránaigh", Clár an Aontais Eorpaigh um Athrú Sóisialta agus um Nuálaíocht Shóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus cláir eile i réimsí na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta; gnóthaí baile; sláinte agus cosanta tomhaltóirí; oideachais, oiliúna, na hóige agus spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa Rialachán (AE) Uimh. .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ndéantar na forálacha coiteanna a leagan síos dóibh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(32)

Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán, comhlántacht fhoriomlán agus sineirgí foriomlána le hobair chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú, amhail an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus ba cheart dó an obair a dhéanann gníomhaithe eile náisiúnta agus idirnáisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár a mheas.

(33)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(34)

D'fhonn prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainmhíniú leis. Ba cheart tacar táscairí a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas agus ba cheart go mbeadh na táscairí sin bailí ar feadh thréimhse iomlán an Chláir. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil faireacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go bliantúil, ar tuarascáil o ar cheart di bheith bunaithe, inter alia, ar na táscairí a leagtar amach sa Rialachán seo agus ar cheart di faisnéis a thabhairt maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil.

(35)

Agus an Clár á chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún ba cheart dó an cuspóir i dtaca le leithdháileadh na gcistí go geografach ar bhonn na cothromaíochta a chur san áireamh, agus ba cheart dó cabhair a chur ar fáil sna Ballstáit sin ina bhfuil líon na ngníomhaíochtaí cistithe sách íseal. Agus an Clár á chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún ba cheart dó a chur san áireamh freisin ar gá - i gcomhréir le hinnéacsanna/comhlachtaí faireacháin a aithnítear go hidirnáisiúnta - gníomh a dhéanamh i gcuid de na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Chláir go héifeachtach agus ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtabharfaí tacaíocht do ghníomhaíocht na mBallstát nó na sochaí sibhialta sna réimsí sin.

(36)

I gcomhréir le pointe (l) d'Airteagal 180(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 (16) ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 (na "Rialacha Chur i bhfeidhm"), ba cheart go leagfaí síos forálacha maidir le hinfheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas, ach amháin i gcásanna, a bhfuil údar cuí leo, nach féidir an méid sin a thaispeáint go poiblí nó nach bhfuil an taispeáint sin iomchuí.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21 dá Rialacha Cur i bhFeidhm, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faisnéis a chur ar fáil, ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, maidir le fáltais, agus maidir le cineál agus cuspóir an bhirt a mhaoinítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na rúndachta agus slándála, go háirithe ar chosaint sonraí pearsanta.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar ina ndéantar comhionannas agus cearta daoine, mar a chumhdaítear iad in CAE, in CFAE agus sa Chairt agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta ar chearta an duine a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh, a chur chun cinn agus a chosaint agus a chur chun feidhme go héifeachtúil, ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(39)

Chun leanúnachas na ngníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo ar bhonn roinn 4 agus roinn 5 de Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE, Chinneadh 2007/252/CE agus Chinneadh Uimh. 779/2007/CE a áirithiú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú agus ré an Chláir

1.   Bunaítear, leis an Rialachán seo, Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht ('an Clár').

2.   Cumhdófar leis an gClár an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach Eorpach

1.   Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún gur bearta iad na bearta a rognófar le cistiú arb é is cuspóir dóibh torthaí a mbeidh breisluach Eorpach ag baint leo.

2.   Déanfar breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar mhionscála agus gníomhaíochtaí náisiúnta, a mheasúnú de réir critéar amhail an méid a chuirfí le cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhleanúnach dhlí an Aontais, an méid a chuirfí le feasacht leathan phoiblí maidir leis na cearta faoin dlí sin, an méid a d'fhéadfaí cur leis an gcómhuinín idir na Ballstáit agus feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann, méid a dtionchair thrasnáisiúnta, an méid a chuirfí le forbairt agus scaipeadh na ndea-chleachtas nó le cruthú íoschaighdeán, uirlisí praiticiúla agus réitigh phraiticiúla lena dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin ar fud an Aontais.

Airteagal 3

Cuspóir Ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Chláir rannchuidiú, i gcomhréir le hAirteagal 4, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar limistéar, ina mbeidh an comhionannas agus cearta an duine, mar a chumhdaítear iad sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa Chairt agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta um chearta an duine a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh, á gcur chun cinn, á gcosaint agus á gcur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3, a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas leis an gClár:

(a)

cur le cur chun feidhme éifeachtach an phrionsabail nach ndéanfar idirdhealú ar bhonn ghnéas, thionscnamh ciníoch nó eitneach an duine, nó ar bhonn reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó treoshuímh ghnéasaigh, agus go n-urramófar prionsabal an neamh-idirdhealaithe dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chairt;

(b)

an ciníochas, an tseineafóibe, an homafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chosc agus a chomhrac;

(c)

cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a chosaint;

(d)

an comhionannas idir mná agus fir agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn;

(e)

gach cineál foréigin i gcoinne páistí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac, chomh maith le foréigean i gcoinne grúpaí eile atá i mbaol, go háirithe grúpaí atá i mbaol foréigin óna lucht dlúthchaidrimh, agus íospartaigh an fhoréigin sin a chosaint.

(f)

cearta páistí a chur chun cinn agus a chosaint;

(g)

cur leis an leibhéal is airde cosanta a áirithiú don phríobháideachas agus do shonraí pearsanta;

(h)

feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht den Aontas a chur chun cinn agus a fheabhsú;

(i)

a chur ar chumas daoine, agus iad mar thomhaltóirí agus mar fhiontraithe sa mhargadh inmheánach, na cearta a dhíorthaíonn ó reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú, agus aird á tabhairt ar na tionscadail a mhaoinítear faoin gClár um Thomhaltóirí.

2.   Saothrófar sainchuspóirí an chláir go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar fheasacht agus eolas faoi dhlí agus faoi bheartais an Aontais, agus faoi na cearta, na luachanna agus na prionsabail is bonn don Aontas sin;

(b)

tacú le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach, cuimsitheach agus comhsheasmhach ionstraimí agus bheartais dlí de chuid an Aontais agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu sna Ballstáit;

(c)

an comhar trasteorann a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an eolas agus ar an muinín i measc na ngeallsealbhóirí ar fad;

(d)

feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint ar na hábhair a d'fhéadfadh a bheith ina mbacainní ar fheidhmiú na gceart agus na bprionsabal atá ráthaithe le CAE, le CFAE, leis an gCairt, le coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh agus le dlí tánaisteach an Aontais

Airteagal 5

Cineálacha gníomaíochta

1.   Tabharfar maoiniú leis an gClár, inter alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí anailíse, amhail sonraí agus staidreamh a bhailiú; modhanna coiteanna a fhorbairt agus, sa chás inarb iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí; meastóireachtaí; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe de chuid na saineolaithe agus comhdhálacha;

(b)

gníomhaíochtaí oiliúna, amhail malartuithe foirne, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna d'oiliúnóirí, forbairt uirlisí oiliúna ar líne nó modúl oiliúna eile;

(c)

gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, comhair, ardaithe feasachta agus scaipthe feasachta, amhail sainaithint agus malartú na ndea-chleachtas, na modhanna nuálacha agus na taithí, athbhreithniú piaraí agus foghlaim fhrithpháirteach a eagrú, comhdhálacha, seimineáir, feachtais sna meáin lena n-áirítear na meáin ar líne; feachtais faisnéise, lena n-áirítear cumarsáid institiúideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Chláir; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis a scaipeadh faoin gClár agus a chuid torthaí, forbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid faisnéise agus teicneolaíochtaí na faisnéise;

(d)

tacaíocht do na príomhghníomhaithe a gcuireann a gcuid gníomhaíochtaí le cur chun feidhme chuspóirí an Chláir, mar shampla, tacaíocht d'ENRanna agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu a bhfuil breisluach Eorpach ag roinnt leo, tacaíocht do phríomhghníomhaithe Eorpacha, do ghníomhaíochtaí líonraithe ar an leibhéal Eorpach agus do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta acu; tacaíocht do Bhallstáit agus dlí agus beartais an Aontais á gcur chun feidhme acu; agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí líonraithe ar an leibhéal Eorpach i measc sainchomhlachtaí agus saineintitis agus i measc údarás náisiúnta, réigiunach agus áitiúil chomh maith agus i meascENRanna, lena n-áirítear tacaíocht trí dheontais ghníomhaíochta nó trí dheontais oibríochta.

2.   D'fhonn cineál cuimsitheach an Chláir a áirithiú, spreagfaidh tairbhithe spriocghrúpaí ábhartha chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht

1.   Beidh rochtain ar an gClár ag na comhlachtaí agus na heintitis uile atá bunaithe go dleathach sna tíortha seo a leanas:

(a)

na Ballstáit;

(b)

tíortha Chomhlachas Saortrádála na hEorpa atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis an gComhaontú sin;

(c)

tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí féideartha agus tíortha a aontaíonn don aontachas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháírtíocht na dtíortha sin sna cláir Aontais arna mbunú leis na Comhaontuithe Réime faoi seach agu le Comhairlí Comhlachais nó comhaontuithe comhchosúla.

2.   Ní bheidh rochtain ar an gClár ag comhlachtaí agus ag eintitis atá dírithe ar bhrabús ach amháin i gcomhar le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha nó poiblí.

3.   Féadfaidh comhlachtaí agus eintitis atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha, seachas iad siúd atá páirteach sa Chlár i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) de mhír, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, ar a gcostas féin, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na coinníollacha a leagtar síos sna cláir bhliantúla oibre iomchuí. Beidh rochtain ar an gClár ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus na cláir bhliantúla oibre iomchuí.

Airteagal 7

Buiséad

1.   EUR 439 473 000 a a shocraítear mar an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014-2020.

2.   Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais eile a chlúdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú agus chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí an Chláir. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais speansais a chumhdach a bhaineann leis na staidéir, cruinnithe de shaineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid institiúideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh atá riachtanach, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, chomh maith le speansais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise; mar aon leis an gcúnamh eile de chineál teicniúil agus riaracháin a theastaíonn ón gCoimisiún agus an Clár á bhainistiú.

3.   Déanfaidh Parlaimint na Eorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú faoi chuimsiú an Chreata Airgeadais Ilbhiantúil atá bunaithe le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (17).

4.   Ó imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna ar gach grúpa de chuspóirí sonracha i gcomhréir leis na céatadáin atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

5.   Ní imeoidh an Coimisiún ó na céatadáin leithdháilte den chlúdach airgeadais, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad, thar breis agus 5 phointe céatadán i gcás gach grúpa de chuspóirí sonracha. Más gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun gach ceann de na figiúir sin a mhodhnú de bhreis agus 5 phointe céatadáin agus suas go 10 bpointe céatadáin.

Airteagal 8

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   An chumhacht chun gníomartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(5), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(5) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní bheidh aon tionchar aige ar bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 9

Bearta cur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Chun an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla oibre a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

3.   Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear cuspóirí an chláir chun feidhme tríd an méid a leanas a chinneadh:

(a)

na gníomhaíochtaí atá le déanamh, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4(1), lena n-áirítear leithdháileadh táscach na n-acmhainní airgeadais;

(b)

na príomhchritéir incháilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana atá le húsáid chun na tograí a roghnú ar tograí iad atá chun ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 84 den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 94 dá Rialacha Cur i bhFeidhm.

(c)

íoschéatadán an chaiteachais bhliantúil atá le leithdháileadh ar dheontais.

4.   Áiritheofar leithdháileadh iomchuí agus cóir na tacaíochta airgeadais ar na réimsí éagsúla a chumhdaítear leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), agus an leibhéal cistiúcháin a leithdháileadh cheana faoi na cláir 2007-2013 a bhí ann roimhe dá dtagraítear in Airteagal 15 á chur i gcuntas. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh na gcistí ar na réimsí sin sna cláir bhliantúla oibre, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá go leanfar de leibhéal leordhóthanach cistiúcháin a choimeád ar bun agus déanfaidh sé leanúnachas na ngníomhaíochtaí agus na hintuarthachta a áirithiú sna réimsí sonracha uile a leagtar síos in Airteagal 4(1).

5.   Foilseofar glaonna ar thograí ar bhonn bliantúil.

Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear an Clár um Cheartas, an Clár ';Eoraip do Shaoránaigh', Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaiócht agus um Nuálaíocht agus cláir eile i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta; na ngnóthaí baile, na sláinte agus chosaint na dtomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán agus comhlántacht fhoriomlán agus sineirgí leis an obair a bheidh á déanamh ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá ag feidhmiú sna réimsí a chumhdaítear le cuspóirí an Chláir.

3.   Féadfaidh an Clár acmhainní a roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Clár um Cheartas, d'fhonn gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Cheartas a bhronnadh ar ghníomhaíocht a bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár freisin, ar an gcoinníoll nach gclúdaítear na míreanna costais céanna leis an dá chistiú.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach.

2.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (19) ón gComhairle d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh faoi dheontas nó le conradh a cistíodh faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna comhaontuithe deontais agus sna conarthaí agus sna cinntí deontais a eascróidh ón gClár seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar de chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na fiosrúcháin dá dtaraítear san míreanna sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gClár ar bhonn bliantúil chun súil a choinneáil ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a dhéantar faoi agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4. Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus frith-idirdhealaithe agus chosaint do pháistí i ngníomhaíochtaí an Chláir.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

tuarascáil bhliantúil faireacháin a bheidh bunaithe ar na táscairí in Airteagal 14(2) agus maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil;

(b)

tuarascáil eatramhach mheastóireachta faoin 30 Meitheamh 2018 ar a dhéanaí;

(c)

tuarascáil mheastóireachta ex-post faoin 31 Nollaig 2021.

3.   Déanfar measúnú sa tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar a éifeachtúla a úsáidfear na hacmhainní agus ar bhreisluach Eorpach an Chláir d'fhonn a chinneadh ar cheart an cistiú a thabharfar do réimsí atá cumhdaithe faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar aghaidh freisin ar an scóip maidir le haon simpliú a dhéanfaí ar an gClár, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí ex post ar na cláir roimhe sin do 2007-2013 a bunaíodh leis na Cinntí dá dtagraítear in Airteagal 15.

4.   Sa mheastóireacht ex-post déanfar measúnú ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an gClár agus ar inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d'fhonn eolas a chur ar fáil i dtaca le cinneadh a dhéanamh faoi chlár eile a leanfaidh é.

Airteagal 14

Táscairí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 13, is bonn a bheidh sna táscairí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, lena ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an méid a bhainfear amach cuspóirí sonracha an Chláir a leagtar amach in Airteagal 4 leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 5. Déanfar iad a thomhas in aghaidh bunlínte réamhshainithe a léiríonn an staid roimh chur chun feidhme. I gcás inarb ábhartha, déanfar táscairí a mhiondealú de réir inscne, aoise agus míchumais.

2.   Áireofar sna tascairi dá dtagraítear i mír 1, na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

líon agus céatadán na ndaoine sa spriocghrúpa a sroicheadh leis na gníomhaíochtaí feasachta a cistíodh leis an gClár;

(b)

líon na bpáirtithe leasmhara atá ag glacadh páirte, inter alia, i ngníomhaíochtaí oiliúna, i malartuithe, i gcuairteanna staidéir, i gceardlanna agus i seimineáir atá cistithe ag an gClár;

(c)

Méadú ar leibhéal an eolais ar dhlí agus ar bheartais an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, ar na cearta, na luachanna agus na prionsabail atá mar bhonn don Aontas, i measc na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár, i gcomparáid leis an spriocghrúpa ina iomláine;

(d)

líon na gcásanna, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur sa chomhar trasteorann

(e)

meastóireachtaí na rannpháirtithe maidir leis na gníomhaíochtaí ina raibh siad páirteach agus maidir lena n-inbhuanaitheacht (mar a cheaptar a bheidh);

(f)

clúdach geografach na ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár;

(g)

líon na n-iarratas agus na ndeontas a bhaineann le gach cuspóir sonrach;

(h)

an leibhéal cistiúcháin a d'iarr na hiarratasóirí agus a deonaíodh i ndáil le gach cuspóir sonrach.

3.   De bhreis ar na táscairi a leagtar amach i mír 1, déanfar na nithe seo a leanas, inter alia, a mheasúnú sna tuarascálacha eatramhacha agus ex-post:

(a)

breisluach Eorpach an Chláir, lena n-áirítear meastóireacht ar ghníomhaíochtaí an Chláir i gcomparáid le tionscnaimh chomhchosúla eile a rinneadh a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó Eorpach agus gan chistiú ón Aontas, agus na torthaí (mar a cheaptar a bheidh); agus na buntáistí agus/nó na míbhuntáistí a bhaineann le maoiniú ón Aontas i gcomparáid le maoiniú náisiúnta don chineál gníomhaíochta atá i gceist;

(b)

an leibhéal cistiúcháin le hais na torthaí a baineadh amach (éifeachtúlacht).

(c)

na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann, idir chonstaicí riaracháin, eagrúcháin agus struchtúracha, don Chlár a chur chun feidhme ar bhealach níos rianúla, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla (raon don simpliú).

Airteagal 15

Bearta idirthréimhseacha

Gníomhaíochtaí a tionscnaíodh ar bhonn roinn 4 ("Frith-idirdhealú agus éagsúlacht") agus roinn 5 ('Comhionnas Inscne') de Chinneadh 1672/2006/CE, ar bhonn Chinneadh 2007/252/CE, nó ar bhonn Chinneadh 779/2007/CE,, leanfar dá rialú le forálacha na gCinntí sin, go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE, in Airteagal 10 de Chinneadh 2007/252/CE agus in Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 779/2007/CE agus in a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Rialachán seo.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch 108

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(4)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(5)  IO C 258, 2.9.2011, lch. 6.

(6)  Cinneadh Uimh. 293/2000/CE óPharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Eanáir 2000 lena nglactar clár gníomhaíochta Comhphobail (Clár Daphne) (2000-2003) maidir le bearta coisctheacha chun an foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus ban a chomhrac (IO L 34, 9.2.2000, lch. 1); Cinneadh Uimh 803/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena nglactar clár gníomhaíochta Comhphobail (2004-2008) chun an foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga, agus ban a chosc agus a chomhrac agus chun íosphartaigh agus agus grúpaí atá i mbaol a chosaint (Clár Daphne II) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 1); Cinneadh Uimh. 779/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena mbunaítear clár sonrach don tréimhse 2007-2013 chun an foréigean u gcoinne leanaí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac agus chun íosphartaigh agus grúpaí atá i mbaol a chosaint (IO L 173, 3.7.2007, lch. 19) mar chuid den Chlár Ginearálta um Chearta Bunúsacha agus um Cheartas (IO L 173, 3.7.2007, lch. 19)

(7)  Cinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta - Dul chun cinn (IO L 315, 15.11.2006, lch.1).

(8)  Cinneadh 2007/252/CE ón gComhairle an 19 Aibreán 2007 lena mbunaítear don tréimhse 2007-2013 an clár sonrach 'Cearta bunúsacha agus saoránacht' mar chud den Chlár ginearálta 'Cearta Bunúsacha agus Ceartas' (IO L 110, 27.4.2007, lch. 33).

(9)  Cinneadh Uimh 116/2007/CE ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2007 maidir leis an tsraith uimhrithe náisiúnta a thosaíonn le '116' a choimeád d'uimhreacha comhchuibhithe do sheirbhísí cmhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo (IO L 49, 17.2.2007, lch. 30).

(10)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 (Féach leathanach 73 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(16)  Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(19)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile(IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

LEITHDHÁILEADH NA gCISTÍ

Laistigh d'imchlúdach airgeadais an Chláir, is mar a leanas a leithdháilfear méideanna ar na grúpaí de chuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

Grúpaí de chuspóirí sonracha

Sciar an imchlúdaigh airgeadais (mar %)

Grúpa 1

57 %

cur le cur chun feidhme éifeachtach an phrionsabail nach ndéanfar idirdhealú ar bhonn ghnéas, thionscnamh ciníoch nó eitneach an duine, nó ar bhonn reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó treoshuímh ghnéasaigh, agus go n-urramófar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar an mbonn dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chairt;

an ciníochas, an tseineafóibe, an homafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chosc agus a chomhrac;

cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a chosaint;

an comhionannas idir mná agus fir agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn;

Grúpa 2

43 %

gach cineál foréigin i gcoinne páistí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac, chomh maith le foréigean i gcoinne grúpaí eile atá i mbaol, go háirithe grúpaí atá i mbaol foréigin óna lucht dlúthchaidrimh, agus íospartaigh an fhoréigin sin a chosaint;

cearta páistí a chur chun cinn agus a chosaint;

cur leis an leibhéal is airde cosanta a áirithiú don phríobháideachas agus do shonraí pearsanta;

feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht an Aontais a chur chun cinn agus a fheabhsú;

a chur ar chumas daoine, agus iad mar thomhaltóirí nó mar fhiontraithe sa mhargadh inmheánach, na cearta a dhíorthaíonn ó reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú, agus aird á tabhairt ar na tionscadail a mhaoinítear faoin gClár um Thomhaltóirí.


28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

73


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1382/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(1) agus (2), Airteagal 82(1) agus Airteagal 84 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),foráiltear go gcruthófar limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina mbeidh saorghluaiseacht daoine. Chuige sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun comhar breithiúnach a fhorbairt i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla agus chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát i réimse chosc na coireachta agus chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh amach anseo ba cheart a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus do chomhphrionsabail amhail an neamh-idirdhealaitheacht, comhionannas inscne, rochtain eifeachtúil do chách ar cheartas, an smacht reachta agus córas breithiúnach neamhspleách a fheidhmeoidh mar is cóir.

(2)

Le Clár Stócólm (4) d'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gur tosaíocht é limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt, agus shonraigh sí gur ceann dá tosaíochtaí polaitiúla é go mbeadh an Eoraip dleathach agus cóir. Aithníodh go bhfuil maoiniú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha lena áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla Chlár Stócólm. Ba cheart na spriocanna uaillmhianacha a leagtar síos leis na Conarthaí agus le Clár Stócólm a bhaint amach, inter alia, trí Chlár um Cheartas (an "Clár") solúbtha agus éifeachtach a bhunú don tréimhse 2014 go 2020 trína bhféadfar pleanáil agus cur chun feidhme a éascú. Ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir a léirmhíniú i gcomhréir leis na treoirlínte straitéiseacha ábhartha atá sainaitheanta ag an gComhairle Eorpach.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 maidir leis an Straitéis 'Eoraip 2020' leagtar amach straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Ba cheart limistéar ceartais a fhorbairt a fheidhmíonn go maith agus ina ndéantar constaicí ar imeachtaí breithiúnacha agus constaicí ar rochtain ar cheartas i staideanna trasteorann a dhíchur agus ba cheart é a fhorbairt mar ghné lárnach chun tacú le cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh shuaitheanta na Straitéise 'Eoraip 2020' agus chun sásraí a éascú atá ceaptha chun an fás a chur chun cinn.

(4)

Chun críocha an Rialacháin sin, ba cheart an téarma "an breithiúnacht agus an fhoireann bhreithiúnach" a léiriú le go gcuirfear san áireamh breithiúna, ionchúisitheoirí agus oifigigh de chuid na cúirte, chomh maith le cleachtóirí eile dlí a bhfuil baint acu leis an mbreithiúnacht, amhail abhcóidí, dlíodóirí, nótairí, báillí, oifigigh phromhaidh, idirghabhálaithe agus ateangairí cúirte.

(5)

Tá an oiliúint bhreithiúnach riachtanach chun cur leis an muinín fhrithpháirteach agus cuireann sí feabhas ar an gcomhar idir na húdaráis bhreithiúnacha agus na cleachtóirí sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart an oiliúint bhreithiúnach a mheas i gcomhthéacs na teachtaireachta ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2011 dar teideal "Muinín as an gceartas ar fud AE a fhorbairt. Gné nua san oiliúint bhreithiúnach Eorpach, i gcomhthéaca an rún ón gComhairle maidir le breithiúna, ionchúisitheoirí agus foireann bhreithiúnach a oiliúint san Aontas Eorpach, (5) i gcomhthéaca chonclúidí na Comhairle an 27 agus an 28 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hOiliúint Bhreithiúnach na hEorpa agus i gcomhthéacsa an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2012 maidir le hoiliúint bhreithiúnach.

(6)

Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Ba cheart nach staonfadh comhlachtaí agus eintiteas a bhfuil spéis ghinearálta Eorpach acu i réimse na hoiliúna don bhreithiúnacht, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB), Acadamh an Dlí Eorpaigh (ADE), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (GECB), Comhlachas na gComhairlí Stáit agus na nDlínsí Ard-Riaracháin den Aontas Eorpach (CCSDA-AE), Gréasán Uachtaráin Ard-Chúirteanna Breithiúnacha an Aontais Eorpaigh (GUABAE) agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (IERP), óna ról a imirt i gcur chun cinn na gclár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach leo do na breithiúna agus don fhoireann bhreithiúnach, agus a bhféadfaí dá bhrí sin tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú dóibh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla sa Chlár um Cheartas arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(7)

Ba cheart go n-éascódh an tAontas gníomhaíochtaí oiliúna maidir le dlí AE a chur chun feidhme trí bhreathnú ar thuarastail na breithiúnachta rannpháirtí agus ar thuarastal na foirne breithiúnachta arna dtabhú ag údaráis na mBallstát mar chostais incháilithe nó mar chómhaoiniú comhchineáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) Euratom Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gConmhairle (6) (an "Rialachán Airgeadais").

(8)

Ba cheart go n-áireodh rochtain ar cheartas, go háirithe, rochtain ar chúirteanna, ar mhalairt modhanna le díospóidí a shocrú agus ar shealbhóirí oifige poiblí a bhfuil oibleagáid orthu comhairle neamhchlaonta dlí a sholáthar do pháirtithe.

(9)

I mí na Nollag 2012, thacaigh an Chomhairle le Straitéis Drugaí AE (2013-20) (7), a bhfuil mar aidhm léi cur chuige cothrom a ghlacadh a bheadh bunaithe ar an laghdú comhuaineach soláthair agus éilimh, agus í á aithint gur gnéithe iad an laghdú ar éileamh drugaí agus an laghdú ar sholáthar drugaí a neartaíonn a chéile sa bheartas maidir le drugaí mídhleathacha. Cuidiú le laghdú tomhaiste ar éileamh drugaí, ar spleáchas ar dhrugaí agus ar na rioscaí sláinte agus sóisialta agus ar na dochair sláinte agus shóisialta a bhaineann le drugaí atá ar cheann de phríomhchuspóirí na Straitéise sin. Tá bunús dlí atá bunaithe ar shláinte phoiblí ag baint leis an gClár um Chosc agus Faisnéis i leith Drugaí a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1150/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus dá bhrí sin cumhdaítear na gnéithe sin a leanas de; tá an Clár bunaithe ar bhunús dlí difriúil agus ba cheart go mbeadh mar aidhm leis limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt tuilleadh a bheidh bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar aitheantas frithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach a chur chun cinn. Dá bhrí sin, agus é ag freagairt don ghá le simpliú agus i gcomhréir leis an mbunús dlí le gach clár, féadfar leis an gClár Sláinte i leith Fáis tacú le bearta chun gníomhaíocht na mBallstát a chomhlánú d'fhonn an cuspóir maidir le laghdú ar an dochar sláinte a bhaineann le húsáid drugaí a bhaint amach, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

(10)

Gné thábhachtach eile de Straitéis Drugaí AE (2013-2020) is ea laghdú ar sholáthar drugaí. De bhrí gur cheart go dtabharfaí leis an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándala Inmheánaí tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhfuil mar aidhm acu gáinneáil ar dhrugaí agus cineálacha eile coiriúlachta a chosc agus a chomhrac, agus go háirithe do bhearta a dhíríonn ar tháirgiú, mhonarú, eastóscadh, dhíol, iompar, allmhairiú agus onnmhairiú drugaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear drugaí a bheith ina seilbh agus á gceannach le hintinn gníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí a ghabháil de láimh, ba cheart go gcumhdófaí leis an gClár na gnéithe sin den bheartas drugaí nach gcumhdaítear leis an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándala Inmheánaí nó leis an gClár Sláinte i leith Fáis agus a bhfuil dlúthbhaint acu lena chuspóir ginearálta

(11)

Ar chaoi ar bith, ba cheart a áirithiú go leanfaí de na tosaíochtaí a mhaoiniú faoin gclárthréimhse 2007-2013 atá mar chuspóirí i gcónaí faoin Straitéis Nua AE um Drugaí (2013-2020), agus, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh cistí ar fáil ón gClár Sláinte i leith Fáis, ón ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándala Inmheánaí agus ón gClár i gcomhréir lena dtosaíochtaí faoi seach agus a mbunús dlí agus maoiniú dúbailte á sheachaint.

(12)

De bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an "Chairt") agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, ba cheart go dtacódh an Clár le cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear cearta i ndáil le próis chuí, an ceart chun na himeachtaí a thuiscint, an ceart go n-urramófaí saol príobháideach agus teaghlaigh an duine agus an ceart chun sláine agus dínite. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gClár, go háirithe, cosaint an linbh a mhéadú laistigh de chórais cheartais agus rochtain ar cheartas do leanaí a mhéadú agus ba cheart go ndéanfadh sé cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a ghníomhaíochtaí uile.

(13)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár tacú le príomhshruthú chuspóir an chomhionannais idir mná agus fir agus le cuspóir an neamh-idirdhealaithe ina ghníomhaíochtaí uile. Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le comhionannas inscne agus maidir le neamh-idirdhealú i ngníomhaíochtaí an Chláir.

(14)

Tá sé léirithe trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais go bhfuil gá le meascán ionstraimí, lena n-áirítear gníomhartha dlíthiúla, tionscnaimh bheartais agus cistithe, chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach go hiarbhír. Is uirlis thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha.

(15)

Ina Conclúidí an 22 agus an 23 Meán Fómhair 2011 maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gClár Eorpach airgeadais a bheidh ann amach anseo agus lena dtabharfar tacaíocht don chomhar breithiúnach, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá ról chlár cistiúcháin an Aontais i gcur chun feidhme éifeachtúil acquis an Aontais agus d'athdheimhnigh sí go bhfuil gá le rochtain níos trédhearcaí, níos comhtháite agus níos cuíchóirithe ar na cláir.

(16)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiúnan 29 Meitheamh 2011 dár teideal 'Buiséad don Eoraip 2020' cuirtear béim ar an ngá atá ann le cistiú an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Go háirithe i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche atá ann anois, tá sé rí-thábhachtach cistí an Aontais a struchtúrú agus a bhainistiú agus é sin a dhéanamh go lándúthrachtach. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistiúcháin a bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus trí na rialacha agus na nósanna imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú.

(17)

Agus é ag freagairt don ghá le simpliú agus bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar an gcistiú, agus go mbeadh rochtain níos fusa ar an gcistiú sin, ba cheart go bhforálfaí leis an gClár go bhforbrófaí agus go leanfaí leis na gníomhaíochtaí a dhéantaí cheana ar bhonn trí chlár, a bunaíodh le Cinneadh 2007/126/CGB ón gComhairle (9), Cinneadh Uimh. 1149/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus Cinneadh Uimh.1150/20007/CE. Áirítear sna meastóireachtaí meántéarma ar na cláir sin moltaí atá dírithe ar chur chun feidhme na gclár sin a fheabhsú. Is gá na meastóireachtaí meántéarma sin, mar aon le torthaí na meastóireachtaí fapo seach ex-post, a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Chláir sin.

(18)

Sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhairdár teideal 'Athbhreithniú ar Bhuiséad AE' agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 'A budget for Europe 2020' (Buiséad don Eoraip 2020), cuirtear béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag baint leo, i.e. i gcás ina dtabharfadh idirghabháil an Aontais fiúntas breise nach dtabharfadh beart a dhéanfadh na Ballstáit amháin. Ba cheart go gcuirfeadh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo le limistéar Eorpach ceartais a chruthú trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun cinn, trí mhuinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit, trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Leis na gníomhaíochtaí cistiúcháin freisin, ba cheart go gcabhrófaí leis na páirtithe uile lena mbaineann eolas éifeachtach agus eolas níos fearr a chur ar dhlí agus ar bheartais an Aontais, agus ba cheart go gcuirfí bonn fónta anailíse ar fáil chun tacú le reachtaíocht agus le beartais an Aontais agus chun iad a fhorbairt agus leis an méid sin go gcuirfí lena bhforfheidhmiú agus lena gcur chun feidhme cuí.Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus gabhann barainneachtaí scála léi. Fairis sin, is fearr atá an tAontasEorpach in ann ná na Ballstáitaghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(19)

Agus na gníomhaíochtaí atá le cistiú faoin Chlár á roghnú aige, ba cheart don Choimisiún na moltaí a mheasúnú i gcomhréir le critéir réamh-shainithe. Ba cheart go ndéanfaí breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí atá á moladh a mheasúnú mar cheann de na critéir sin. Is féidir a thaispeáint freisin go bhfuil breisluach Eorpach ag tionscadail náisiúnta agus ag tionscadail ar mhionscála.

(20)

Ba cheart údaráis náisiúnta, réigiúnda, agus áitiúla a áireamh ar na comhlachtaí agus na heintitis a fhaigheann rochtain ar an gClár.

(21)

Sa Rialachán seo leagtar síos imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir agus le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil beidh an t-imchlúdach sin ina phríomhmhéid tagartha don údarás buiséadach, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht búiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (11) le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le linn an nós imeachta nós buiséadach bliantúil.

(22)

Chun a áirithiú go mbeidh an Clár solúbtha a dhóthain chun freagairt do riachtanais atá ag athrú agus do na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le linn a thréimhse, ba cheart an chumhacht gníomhaíochtaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le modhnuithe ar na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn do gach cuspóir sonrach a rachadhníos mó ná 5 pointe céatadáin os cionn na céatadáin sin Chun an gá le gníomh tarmligthe den sórt sin a mheas, ba cheart na céatadáin sin a ríomh ar bhonn imchlúdach airgeadais an Chláir feadh a ré agus ní ar bhonn leithleasaí bliantúla. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(23)

Ba cheart an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Airgeadais, go háirithe maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais, go háirithe i ndáil le coinníollacha incháilitheachta na Cánach Breisluacha (CBL) a íocann tairbhithe na ndeontas, níor cheart go mbeadh incháilitheacht CBL ag brath ar stádas dlíthiúil na dtairbhithe i dtaca le gníomhaíochtaí a mbeadh comhlachtaí agus eintitis phríobháideacha agus phoiblí in ann a dhéanamh faoi na dálaí dlíthiúla céanna. Agus cineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á chur san áireamh, ba cheart a shoiléiriú sna glaonna ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí atá indéanta ag comhlachtaí agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, go mbeidh CBL nach bhfuil inasbhainte a ghearrtar ar chomhlachtaí agus eintitis phoiblí incháilithe, a mhéid a íoctar é le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun feidhme, amhail oiliúint nó ardú feasachta, nach féidir a mheas mar fheidhmiú údaráis phoiblí. Ba cheart, freisin, leas a bhaint as na huirlisí simplithe a thugtar isteach leis an Rialachán Airgeadais. Thairis sin, ba cheart leis na critéir a úsáidtear maidir le gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a shainaithint, go ndíreofaí ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil an tionchar coibhneasta is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú.

(24)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(25)

Ba cheart a áirithiú leis na cláir bhliantúla oibre arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo go ndéanfaí na cistí a leithdháileadh go hiomchuí do dheontais agus chonarthaí um sholáthar poiblí. Tríd an gClár ba cheart go leithdháilfí cistí do dheontais, fad a choinneofaí leibhéil leordhóthanacha chistiúcháin don soláthar. Ba cheart go mbunófaí leis na cláir bhliantúla oibre íoschéatadán an chaiteachais bhliantúil atá le leithdháileadh ar dheontais agus níor cheart go mbeadh sé níos lú ná 65%. Chun pleanáil tionscadail agus cómhaoiniú a éascú do na geallsealbhóirí, ba cheart don Choimisiún amchlár soiléir a bhunú do na glaonna ar thograí, do roghnú na dtionscadal agus do na cinntí dámhachtana.

(26)

Chun leithdháileadh éifeachtúil cistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir na cláir chistithe a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthnaisc eatarthu, go háirithe idir an Clár seo agus an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaorántacht a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 an 17 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime, an Clár 'Sláinte i leith Fáis', an Clár 'Erasmus a bhunaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1288/2013 an 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Clár réime 'Fís 2020' a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 an 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

(27)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(28)

Chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainmhíniú leis. Ba cheart tacar táscairí nithiúla agus inchainníochtúla a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas agus ba cheart go mbeadh na táscairí sin bailí ar feadh thréimhse iomlán an Chláir. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil faireacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go bliantúil, ar tuarascáil o ar cheart di bheith bunaithe, inter alia, ar na táscairí a leagtar amach sa Rialachán seo agus ar cheart di faisnéis a thabhairt maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil.

(29)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, agus bainistiú fónta airgeadais á urramú, agus rochtain éifeachtach ar an gClár a éascú d'iarrthóirí ionchasacha freisin. D'fhonn tacú le rochtain éifeachtach ar an gClár, ba cheart don Choimisiún saothrú go dúthrachtach chun na doiciméid agus na nósanna imeachta maidir le hiarratais, na foirmiúlachtaí riaracháin agus na ceanglais maidir le bainistiú airgeadais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, chun ualaí riaracháin a dhíchur agus chun iarratais ar dheontais a spreagadh ó eintitis atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil dóthain ionadaíochta déanta orthu sa Chlár. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a phoibliú maidir leis an gClár, a chuspóirí, na glaonna éagsúla ar thograí agus a n-amchláir fairis sin, ar leathanach gréasáin tiomnaithe. Ba cheart doiciméid bhunúsacha agus treoirlínte a bhaineann leis na glaonna ar thograí a bheith ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.

(30)

I gcomhréir le pointe (l) d'Airteagal 180(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún (16) ('Rialacha Cur i bhFeidhm'), ba cheart go leagfaí síos forálacha maidir le hinfheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, nach féidir an méid sin a thaispeáint go poiblí nó nach bhfuil an taispeáint sin iomchuí.

(31)

I gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21 de na Rialacha Cur i bhFeidhm, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faisnéis a chur ar fáil, ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, maidir le fáltais, agus maidir le cineál agus cuspóir an bhirt a mhaoinítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na rúndachta agus slándála, go háirithe ar chosaint sonraí pearsanta.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cuidiú chun limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a thuilleadh, ar limistéar é a bheidh bunaithe ar mhuinín agus ar aitheantas fhrithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun cinna bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, mar gheall ar a scála agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(33)

I gcomhréir le hAirteagal 3, de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá sé curtha in iúl ag Éirinn gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(34)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(35)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(36)

D'fhonn leanúnachas maoiniúcháin do ghníomharthaí a áirithiú, ar gniomharthaí iad a cuireadh i gcrích roimhe seo ar bhonn Chinneadh 2007/126/CGB, Chinneadh Uimh. 1149/2007/CE agus Chinneadh Uimh 1150/2007/CE, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú agus ré an Chláir

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo clár um Cheartas ('an Clár').

2.   Cuimseofar faoin gClár an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach Eorpach

1.   Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo a chuireann le forbairt bhreise limistéir Eorpaigh cheartais. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún gur bearta iad na bearta a roghnófar le cistiú arb é is cuspóir dóibh torthaí a mbeidh breisluach Eorpach ag baint leo.

2.   Déanfar breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar mhionscála agus gníomhaíochtaí náisiúnta, a mheasúnú de réir critéar amhail an méid a chuirfear le cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhleanúnach dlí an Aontais, an méid a chuirfí le feasacht leathan phoiblí maidir leis na cearta faoin dlí sin, an méid a d'fhéadfaí cur leis an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann, méid a dtionchair thrasnáisiúnta, an méid a chuirfí le forbairt agus scaipeadh na ndea-chleachtas agus an méid a d'fhéadfaí uirlisí praiticiúla agus réitigh phraiticiúla a chruthú lena dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin ar leibhéal an Aontais ina iomláine.

Airteagal 3

Cuspóir ginearálta

Beidh sé d'aidhm ghinearálta ag an gClár cur le forbairt bhreise limistéir Eorpaigh cheartais atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín fhrithpháirteach go háirithe trí chomhar breithiúnach a chur chun cinn in ábhair shibhialta agus choiriúla.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

an comhar breithiúnach a éascú agus tacú leis in ábhair shibhialta agus choiriúla;

(b)

tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus í a chur chun cinn, lena n-áirítear oiliúint teanga maidir le téarmaíocht an dlí, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach a chothú;

(c)

rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do chách, lena n-áirítear cearta íospartaigh na coireachta a chur chun cinn agus tacú leo, agus ag an am céanna cearta na cosanta a urramú;

(d)

tacú le tionscnaimh i réimse beartais drugaí maidir le comhar breithiúnach agus gnéithe chosc na coireachta a bhfuil dlúthbhaint acu le cuspóir ginearálta an Chláir, sa mhéid is nach bhfuil siad folaithe ag an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime nó ag an gClár Sláinte i leith Fáis;

2.   Chun príomhchuspóirí an Chláir a shaothrú, déanfar an méid seo a leanas ach go háirithe:

(a)

feasacht an phobail agus eolas ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a fheabhsú;

(b)

d'fhonn comhar breithiúnach éifeachtúil in ábhair shibhialta agus choiriúla a áirithiú trí eolas maidir le dlí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus an dlí comparáideach;

(c)

tacú le cur chun feidhme agus le cur i bhfeidhm éifeachtach, cuimsitheach agus comhsheasmhach ionstraimí an agus beartas Aontais sna Ballstáit, agus an faireachán agus an mheastóireacht a ndéanfar orthu;

(d)

comhar trasteorann a chur chun cinn agus tuiscint agus eolas frithpháirteach na mBallstát ar an dlí sibhialta agus ar an dlí coiriúil agus ar chórais dlí agus bhreithiúnacha a chéile a fheabhsú agus muinín as a chéile a threisiú;

(e)

feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú an limistéir Eorpaigh cheartais;

(f)

feabhas a chur ar éifeachtúlacht córas breithiúnach agus ar an gcomhar eatarthu de bhíthin theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht thrasteorann córas agus feidhmeanna.

Airteagal 5

Príomhshruthú

Féachfar le comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus féachfar le cearta an linbh a chur chun cinn, trí, inter alia, ceartas atá fabhrach do leanaí, agus gníomhaíochtaí uile an Chláir á gcur chun feidhme. Comhlíonfaidh an Clár freisin an toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 51 den Chairt agus laistigh de na teorainneacha sin.

Airteagal 6

Cineálacha gníomhaíochtaí

1.   Tabharfar maoiniú leis an gClár, inter alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí anailíse, amhail sonraí agus staidreamh a bhailiú; modhanna coiteanna a fhorbairt agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí; meastóireachtaí; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe de chuid na saineolaithe agus comhdhálacha.

(b)

gníomhaíochtaí oiliúna do chomhaltaí den bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach, amhail malartuithe foirne, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna d'oiliúnóirí, lena n-áirítear oiliúint teanga ar théarmaíocht an dlí, agus forbairt uirlisí oiliúna ar líne nó modúl oiliúna eile;

(c)

gníomhaíochtaí frithpháirteacha foghlama, comhair, gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus scaipthe, amhail aithint agus malartuithe dea-chleachtas, cineálacha cur chuige agus taithí nuálacha, eagrú athbhreithnithe piaraí agus foghlama frithpháirtí; comhdhálacha, seimineáir, feachtais faisnéise a eagrú, lena n-áirítear faisnéis institiúideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais de réir mar a bhaineann siad le cuspóirí an Chláir; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis a scaipeadh faoin gClár agus a chuid torthaí, forbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, lena n-áirítear forbairt bhreise an Tairsigh Eorpaigh don r-Cheartas mar uirlis chun feabhas a chur ar rochtain na saoránach ar an gceartas;

(d)

tacaíocht do na príomhghníomhaithe a rannchuidíonn a gcuid gníomhachtaí le cur chun feidhme chuspóirí an Chláir, amhail tacaíocht do Bhallstáit agus dlí agus beartais an Aontais á gcur chun feidhme acu, tacaíocht do phríomhghníomhaithe Eorpacha agus líonraí ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear i réimse na hoiliúna breithiúnaí; agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí líonraithe ar an leibhéal Eorpach i measc sainchomhlachtaí agus saineintitis, agus i measc údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

2.   Gheobhaidh an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach deontas oibriúcháin chun caiteachas a bhaineann lena clár oibre buan a chomhmhaoiniú.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht

1.   Na comhlachtaí agus na heintitis uile atá bunaithe go dleathach sna tíortha seo a leanas, beidh rochtain acu ar an gClár:

(a)

na Ballstáit;

(b)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá páirteach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis an Chomhaontú sin;

(c)

tíortha is iarrthóirí, iarrthóirí féideartha agus tíortha atá ag aontú leis an Aontas,, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos le haghaidh rannpháirtíocht na dtíortha sin sna cláir arna mbunú sna comhaontuithe Réime faoi seach agus sna chinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla..

2.   Ní bheidh rochtain ag comhlachtaí agus eintitis atá dírithe ar bhrabús ar an gClár, ach amháin i gcomhar le heagraíochtaí neamhbhrabúis agus poiblí.

3.   Féadfaidh comhlachtaí agus eintitis atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha eile, seachas na tíortha atá rannpháirteach sa Chlár i gcomhréir le pointe (b) agus le pointe (c) de mhír 1, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir ar a gcostas féin, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chlár bliantúil oibre is ábhartha. Féadfaidh na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár páirt a ghlacadh sa Chlár i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus leis na cláir bhliantúla oibre ábhartha.

Airteagal 8

Buiséad

1.   EUR 377 604 000 a shocraítear-mar an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014 go 2020.

2.   Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir costais eile a chlúdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú agus chun gnóthú na gcuspóirí a mheas. Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais eile a chlúdach a bhaineann le staidéir riachtanacha, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid institiúdach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh sa mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, chomh maith le speansais a bhfuil baint acu le líonraí faisnéis teicneolaíochta lena ndírítear ar phróiseáil agus malartú faisnéise agus cúnamh eile teicniúil agus riaracháin a bhfuil gá leo i ndáil leis an gClár a bheith á bhainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Déanfaidh an Parlaimint agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a bheidh ar fáil a údarú laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil arna bhunú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (17).

4.   Ó imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn maidir le gach cuspóir sonrach.

5.   Ní imeoidh an Coimisiún ó na céatadáin leithdháilte den imchlúdach airgeadais, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é, thar breis agus 5 phointe i gcás gach cuspóir shonraigh. Más gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun gach figiúir san Iarscríbhinn a mhodhnú de bhreis agus 5 phointe céatadáin agus suas go 10 bpointe céatadáin

Airteagal 9

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5) a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(5) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10

Bearta cur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Chun an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla oibre a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

3.   Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear cuspóirí an Chláir chun feidhme tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(1), lena n-áirítear leithdháileadh táscach na n-acmhainní airgeadais;

(b)

na critéir bhunriachtanacha incháilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana a bheidh le húsáid chun na tograí a fhaigheann ranníocaíochtaí airgeadais a roghnú;, i gcomhréir le hAirteagal 84 den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 94 dá Rialacha maidir le Cur i bhFeidhm;

(c)

íoschéatadán an chaiteachais bhliantúil atá le leithdháileadh ar dheontais.

4.   Áiritheofar go ndéanfar tacaíocht airgeadais a leithdháileadh go cuí agus go cothrom idir na réimsí difriúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh cistí ar na réimsí sin sa chlár oibre bliantúil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le leibhéal leordhóthanach cistithe a choinneáil do cheartas breithiúnach agus do cheartas coiriúil araon agus i gcomhair oiliúna breithiúnaí agus tionscnamh breithiúnach i réimse an bheartais drugaí de réir raon feidhme an Chláir.

5.   Foilseofar glaonna ar thograí ar bhonn bliantúil.

6.   D'fhonn gníomhaíochtaí oiliúna breithiúnacha a éascú, cuirfear san áireamh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tráth a mbeidh cistiú comhfhreagrach á chur ar fáil, na costais a bhaineann le rannpháirtíocht na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí sna gníomhaíochtaí sin agus an costas a thabhaíonn údaráis na mBallstát.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear inter alia leis an gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime, Clár Sláinte i leith Fáis, Clár Erasmus+, an Clár réime Fís 2020 agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais atá ag obair i réimsí a chumhdaítear le cuspóirí an Chláir, amhail Eurojust arna bhunú ag Cinneadh 2002/187/CGB (18) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

3.   Féadfaidh an Clár acmhainní a roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht, d'fhonn gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht a bhronnadh ar ghníomhaíocht a bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár seo freisin, ar an gcoinníoll nach gclúdófar na míreanna costais céanna leis an dá chistiú.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile ar bith, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair araon, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin gClár.

3.   Beidh údarás ag an Oifig EorpachFrith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 888/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agusRialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (21) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, trí bhíthin comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh forálacha áirithe, sna comhaontuithe deontais, sna cinntí deontais agus sna conarthaí a thig ón gClár a chur chun feidhme, lena tabharfar de chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na cigireachtaí dá dtagraítear sna míreanna sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 14

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gClár uair in aghaidh na bliana chun súil a choinneáil ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a dhéantar faoi agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4. Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ar a dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus neamh-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

tuarascáil bhliantúil faireacháin bunaithe ar na táscairí a leagtar amach in Airteagal 15(2) agus maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil;

(b)

tuarascáil mheastóireachta eatramhaí faoi 30 Meitheamh 2018 ar a dhéanaí;

(c)

tuarascáil mheastóireachta ex-post faoi 31 Nollaig 2021.

3.   Tabharfar measúnú sa tuarascáil mheastóireachta eatramhaí ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar cé chomh héifeachtúil is atá úsáid na n-acmhainní agus breisluach Eorpach an Chláir d'fhonn a chinneadh ar cheart go ndéanfaí an cistiú a thugtar do réimsí a chumhdaítear faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar aghaidh freisin ar na deiseanna atá ann maidir le haon simpliú a dhéanamh ar an gClár, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear san áireamh leis torthaí na meastóireachtaí ex post maidir leis na cláir 2007-2013 roimhe sin arna mbunú ag na Cinntí dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.   Tabharfar measúnú sa tuarascáil mheastóireachta ex post ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an gClár agus ar inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d'fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh faoi chlár eile ina dhiaidh sin.

5.   Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ar a dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus frith-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.

Airteagal 15

Táscairí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 14, is bonn a bheidh sna táscairí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an méid a mbainfear cuspóirí sonracha an Chláir amach a leagtar amach in Airteagal 4 leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 6. Déanfar iad a thomhas i gcomhréir le bunlínte réamhshainithe lena léirítear an staid roimh an gcur chun feidhme. Nuair is ábhartha, déanfar táscairí a dhí-chomhbhailiú de réir inscne, aoise agus míchumais.

2.   Áiritheofar sna táscairí dá dtagraítear i imír 1, inter alia, na nithe seo a leanas:

(a)

líon agus céatadán na ndaoine i spriocghrúpa a ndeachthas i bhfeidhm orthu le gníomhaíochtaí múscailte feasachta a maoiníodh leis an gClár;

(b)

Líon agus céatadán na gcomhaltaí den bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach i spriocghrúpa a ndeachthas i bhfeidhm orthu trí ghníomhaíochtaí oiliúna a maoiníodh leis an gClár;

(c)

Feabhas ar fheasacht ar dhlí agus ar bheartais an Aontais sna grúpaí atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a bhí cistithe ag an gClár i gcomparáid leis an spriocghrúpa iomlán;

(d)

Líon na gcásanna, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur sa chomhar trasteorann, lena n-áirítear trí mheán uirlisí TF agus nósanna imeachta atá bunaithe ar leibhéal an Aontais;

(e)

Measúnú na rannpháirtithe maidir leis na gníomhaíochtaí ar ghlac siad páirt iontu agus maidir lena n-inbhuanaitheacht (an inbhuanaitheacht a bhfuiltear ag súil léi);

(f)

Clúdach geografach na ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár.

3.   Sa bhreis ar na táscairí a leagtar amach i mír 2 measúnófar le tuarascáil eatramhach agus ex-post an Chláir, na nithe seo a leanas, i measc eile:

(a)

an dearcadh i leith thionchar an Chláir maidir le rochtain ar cheartas bunaithe ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailítear ar leibhéal na hEorpa;

(b)

Líon agus cáilíocht na n-ionstraimí agus na n-uirlisí a forbraíodh trí ghníomhaíochtaí a fuair cistiú ón gClár;

(c)

breisluach Eorpach an Chláir, lena n-áirítear meastóireacht ar ghníomhaíochtaí an Chláir i gcomparáid le tionscnaimh chomhchosúla eile a rinneadh a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó Eorpach agus gan chistiú ón Aontas, agus torthaí, buntáistí agus/nó na míbhuntáistí (measta) a bhaineann le cistiúiú ón Aontas i gcomparáid le cistiú náisiúnta don chineál gníomhaíochta atá i dtrácht;

(d)

leibhéal an chistithe i ndáil leis na torthaí a baineadh amach (éifeachtúlacht);

(e)

aon chonstaic a d'fhéadfadh a bheith ann, idir chonstaicí riaracháin, eagrúcháin agus/nó struchtúracha, don Chlár a chur chun feidhme ar bhealach níos rianúla, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla (deiseanna do shimpliú).

Airteagal 16

Bearta idirthréimhseacha

Leanfar de ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh ar bhonn Chinneadh 2007/126/CGB, Chinneadh 1149/2007/CE nó Chinneadh 1150/2007/CE, nó ar bhonn a rialú le forálacha na gCinntí sin, go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Chinneadh 2007/126/CGB, in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 de Chinneadh 1149/2007/CE, agus in Airteagal 10 de Chinneadh 1150/2007/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste a bhfuil foráil déanta ina leith in Airteagal 11(1) den Rialachán seo.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlan agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 103.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013.(nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(4)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(5)  IO C 299, 22.11.2008, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  IO C 402, 29.12.2012, lch. 1.

(8)  Decision No 1150/2007/EC of the European Parliament and of the Council of 25 September 2007 establishing for the period 2007-2013 the Specific Programme 'Drug prevention and information' as part of the General Programme 'Fundamental Rights and Justice' (OJ L 257, 3.10.2007, p. 23).

(9)  Cinneadh 2007/126/CBG ón gComhairle an 12 Feabhra 2007 lena mbunaítear an Clár Sonrach 'Ceartas Coiriúil' don tréimhse 2007-2013 mar chuid den Chlár Ginearálta um Chearta Bunúsacha agus um Cheartas, agus le Cinneadh Uimh. 1150/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa (IO L 58, 24.2.2007, lch. 13).

(10)  Cinneadh Uimh 1149/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear an Clár sonrach 'Ceartas Sibhialta' don tréimhse 2007-2013 mar chuid den chlár ginearálta 'Cearta Bunúsacha' agus Ceartas (IO L 257, 3.10.2007, lch. 16).

(11)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)..

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimimbt na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014 go 2020 (féach leathanach 62 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimimbt na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(18)  Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d'fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1)

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 888/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a dhéanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF agus lena n-aisgharitear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 136, 18.9.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Laistigh d'imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna mar a leanas ar gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1):

 

Cuspóirí sonracha

sciar den imchlúdach airgeadais (i %)

(a)

an comhar breithiúnach a éascú agus tacú leis in ábhair shibhialta agus choiriúla

30 %

(b)

tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus í a chur chun cinn, lena n-áirítear oiliúint teanga maidir le téarmaíocht an dlí, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach a chothú

35 %

(c)

rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do chách, lena n-áirítear cearta íospartaigh na coireachta a chur chun cinn agus tacú leo, agus ag an am céanna cearta na cosanta a urramú

30 %

(d)

tacú le tionscnaimh i réimse an bheartais drugaí maidir le comhar breithiúnach agus gnéithe de chosc na coireachta a bhfuil dlúthbhaint acu le cuspóir ginearálta an Chláir, sa mhéid is nach gcumhdaítear iad leis an ionstraim le haghaidhtacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,agus le haghaidh bainistíochta géarchéime nó leis an gClár Sláinte i leith Fáis.

5 %.


28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

84


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1383/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach 2013-17

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cuirtear creat ar fáil agus leagtar síos na cuspóirí agus na haschuir d'fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh staidrimh Eorpaigh don téimhse 2013 go 2017.

(2)

Ní shocraítear an t-imchlúdach airgeadais ach don bhliain 2013 i Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, atá cumhdaithe ag an gclárthréimhse 2007 go 2013, agus iarrtar ar an gCoimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dtabharfar isteach an leithdháileadh airgeadais don tréimhse 2014 go 2017 tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an creat airgeadais ilbhliantúil a ghlacadh don tréimhse 2014 go 2020.

(3)

Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 (3) ón gComhairle an 2 Nollaig 2013.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 a leasú dá réir.

(5)

Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2011, ba cheart go dtiocfadh sé i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Maoiniú

1.   Is é EUR 57.3 milliún a bheidh in imchlúdach airgeadais an Aontais chun an clár seo a chur chun feidhme do 201, arna chumhdach ag leis an gclárthréimhse 2007 go 2013. Is é EUR 234.8 milliún a bheidh in imchlúdach airgeadais an Aontais chun an clár seo a chur chun feidhme do 2014 go 2017, arna chumhdach leis an gclárthréimhse 2014 go 2020.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

3.   Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir leis na leithreasuithe bliantúla i gcomhlíonadh shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nach bhfuil foilsithe go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-2017 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.


28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

85


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1384/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) dá chuid, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh scéim shonrach fabhar uathrialach trádála do Phoblacht na Moldóive ("an Mholdóiv" anseo feasta) le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle (2). Leis an scéim sin, tugtar saor-rochtain ar mhargadh an Aontais do na táirgí uile ar de thionscnamh na Moldóive iad, seachas táirgí áirithe talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil lamháltais teoranta tugtha ina leith, i bhfoirm díolúine ó dhleachtanna custaim laistigh de theorainn na dtaraifchuótaí, nó i bhfoirm laghdú ar dhleachtanna custaim.

(2)

Faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), Phlean Gníomhaíochta BCE AE-naMoldóive, agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá clár oibre ardaidhmeannach glactha ag an Moldóiv chun comhlachas polaitiúil agus breis páirtíochta eacnamaíche leis an Aontas a bhaint amach. Tá dul chun cinn mór déanta cheana ag an Moldóiv maidir le comhfhogasú rialála i dtreo cóineasú le dlíthe agus caighdeáin an Aontais.

(3)

Tosaíodh ar chaibidlíocht leis an Moldóiv ar an gComhaontú Comhlachais, lena n-áirítear bunú limistéir shaothrádala doimhne cuimsithí, in Eanáir 2010 agus tugadh chun críche í in Iúil 2013. Foráiltear sa Chomhaontas sin do léirscaoileadh iomlán trádála déthaobhaí san fhíon.

(4)

Chun tacú le hiarrachtaí na Moldóive i gcomhréir le BCE agus le Comhpháirtíocht an Oirthir, agus chun margadh a bheidh tarraingteach agus iontaofa a chur ar fáil dá honnmhairí fíona, ba cheart allmhairiú an fhíona ón Moldóiv isteach san Aontas a léirscaoileadh gan mhoill.

(5)

D'fhonn leanúnanachas na sreafaí trádála ó Moldóiv agus cinnteacht dhlíthiúil d'oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, ní mór feidhm a bheith ag na fabhair trádála uathrialaitheacha gan bhriseadh go dtí an dáta atá socraithe dá ndul in éag i Rialachán (CE) Uimh. 55/2008.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 16, scriostar an triú mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír;

(2)

sa tábla i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, scriostar an sraith dheireanach a bhaineann le hordú Uimh. 09.0514 "Fíon ó fhíonchaora úra, seachas fíon súilíneach".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún (OJ L 20, 24.1.2008 lch. 1).