ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.361.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
31 Nollaig 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 361 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

31.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1257/2012 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2012

lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 118 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/167/AE ón gComhairle an 10 Márta 2011 lena n-údaraítear comhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú (1),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Cuidítear le cuspóirí an Aontais a bhaint amach ar cuspóirí iad atá leagtha amach in Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nuair a dhéantar na coinníollacha dlíthiúla a chruthú lena gcumasaítear do ghnóthais a ngníomhaíochtaí a oiriúnú maidir le táirgí a mhonarú agus a dháileadh thar theorainneacha náisiúnta agus ar coinníollacha iad lena ndéantar tuilleadh roghanna agus deiseanna a sholáthar do na gnóthais sin. Ba cheart go mbeadh cosaint aonfhoirmeach phaitinne atá laistigh den mhargadh inmheánach, nó laistigh de chuid shuntasach de ar a laghad, ann mar chuid de na hionstraimí dlíthiúla atá ar fáil do ghnóthais.

(2)

De bhun na chéad mhíre d’Airteagal 118 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), áirítear cosaint aonfhoirmeach phaitinne a chruthú ar fud an Aontais mar aon le córais lárnaithe um údarú, um chomhordú agus um maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais ar na bearta atá le déanamh faoi chuimsiú bhunú an mhargaidh inmheánaigh agus faoi chuimsiú fheidhmiú an mhargaidh sin.

(3)

An 10 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/167/AE lena n-údaraítear comhar feabhsaithe idir an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe (dá ngairtear “Ballstáit rannpháirteacha” anseo feasta) sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú.

(4)

Déanfar leis an gcosaint aonadach phaitinne dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta mar aon le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chothú trí rochtain ar an gcóras paitinne a dhéanamh níos éasca, níos saoire agus slán ó thaobh dlí de. Déanfar leis an gcosaint sin leibhéal na cosanta paitinne a fheabhsú toisc go bhféadfar cosaint aonfhoirmeach phaitinne a fháil sna Ballstáit rannpháirteacha agus costais agus castacht a dhíbirt do ghnóthais ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh an chosaint sin ar fáil do dhílseánaigh paitinne Eorpaí ó na Ballstáit rannpháirteacha agus ó Stáit eile araon, beag beann ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaíochta na ndílseánach sin.

(5)

Leis an gCoinbhinsiún um Paitinní Eorpacha a Dheonú an 5 Deireadh Fómhair 1973, mar a athbhreithníodh an 17 Nollaig 1991 agus an 29 Samhain 2000 (“CPE” anseo feasta), bunaíodh Eagraíocht Eorpach na bPaitinní agus cuireadh an cúram uirthi paitinní Eorpacha a dheonú. Is í Oifig Eorpach na bPaitinní (“OEP” anseo feasta) a chomhlíonann an cúram sin. Arna iarraidh sin do dhílseánach na paitinne, ba cheart go mbainfeadh paitinn Eorpach arna deonú ag OEP tairbhe as éifeacht aonadach de bhua an Rialacháin seo sna Ballstáit rannpháirteacha. Gairtear “paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi” anseo feasta de phaitinn den sórt sin.

(6)

I gcomhréir le Cuid IX de CPE féadfaidh grúpa Stát Conarthach sa CPE a fhoráil go bhfuil nádúr aonadach ag paitinní Eorpacha arna ndeonú i gcomhair na Stát sin. Is éard atá sa Rialachán seo comhaontú speisialta de réir bhrí Airteagal 142 CPE, conradh um paitinní réigiúnacha de réir bhrí Airteagal 45(1) den Chonradh Comhoibriúcháin i dtaobh Paitinní an 19 Meitheamh 1970 mar a modhnaíodh go deireanach an 3 Feabhra 2001 agus comhaontú speisialta de réir bhrí Airteagal 19 den Choinbhinsiún chun Maoin Tionscail a Chosaint, a síníodh i bPáras an 20 Márta 1883 agus a leasaíodh go deireanach an 28 Meán Fómhair 1979.

(7)

Ba cheart cosaint aonadach phaitinne a bhaint amach trí éifeacht aonadach a chur síos do phaitinní Eorpacha sa chéim iardheonaithe de bhua an Rialacháin seo agus i leith na mBallstát rannpháirteach uile. Ba cheart gurbh é a nádúr aonadach príomhthréith de phaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi i.e. go ndéantar leis cosaint aonfhoirmeach a sholáthar agus go bhfuil éifeacht chomhionann aici sna Ballstáit rannpháirteacha uile. Mar thoradh air sin, ba cheart nach ndéanfaí paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi a theorannú, a aistriú nó a chúlghairm, nó nach rachadh sí i léig, ach amháin i leith na mBallstát rannpháirteach uile. Ba cheart go bhféadfaí paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi a cheadúnú i leith chríocha iomlána na mBallstát rannpháirteach nó i leith cuid de na críocha sin. Chun raon feidhme substainteach agus aonfhoirmeach a áirithiú maidir leis an gcosaint arna dtabhairt le cosaint aonadach phaitinne, ba cheart gurbh iad na paitinní Eorpacha arna ndeonú i gcomhair na mBallstát rannpháirteach uile ar paitinní iad a bhfuil an tacar éileamh céanna acu, agus na paitinní Eorpacha sin amháin, a bhainfeadh tairbhe as éifeacht aonadach. Faoi dheireadh, ba cheart gur de chineál coimhdeach a bheadh an éifeacht aonadach is éifeacht a chuirtear síos do phaitinn Eorpach agus ba cheart go measfaí nach bhfuil sí tagtha chun cinn a mhéid go ndearnadh an phaitinn bhunúsach Eorpach a chúlghairm nó a theorannú.

(8)

I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dlí paitinne agus Airteagal 64(1) de CPE, ba cheart go mbeadh éifeacht aisghníomhach ag an gcosaint aonadach phaitinne sna Ballstáit rannpháirteacha amhail ó dháta fhoilsiú an lua maidir le deonú na paitinne Eorpaí i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní. I gcás ina ngabhann éifeacht leis an gcosaint aonadach phaitinne, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha a áirithiú go measfar nár ghabh éifeacht leis an bpaitinn Eorpach ar a gcríoch mar phaitinn náisiúnta chun aon dúbailt ar chosaint phaitinne a sheachaint.

(9)

Ba cheart go ndéanfaí leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi an ceart a thabhairt dá dílseánach aon tríú páirtí a chosc ar ghníomhartha a dhéanamh is gníomhartha a dtugtar cosaint ina gcoinne leis an bpaitinn sin. Ba cheart an méid sin a áirithiú trí Chúirt Aontaithe na bPaitinní a bhunú. Maidir le hábhair nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne i ndáil leis na socruithe aistriúcháin is infheidhme (3), ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha CPE, ag an gComhaontú maidir le Cúirt Aontaithe um Paitinní, lena n-áirítear a chuid forálacha lena sainítear raon feidhme an chirt sin agus na teorainneacha a bhaineann leis, agus ag an dlí náisiúnta lena n-áirítear rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

(10)

Ba cheart go rialófaí le dlíthe na mBallstát rannpháirteach ceadúnais éigeantacha le haghaidh paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo agus é sin maidir lena gcríocha faoi seach.

(11)

Ina thuarascáil maidir le feidhmiú an Rialacháin seo ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na dteorainneacha is infheidhme agus, i gcás inar gá, ba cheart dó tograí iomchuí a dhéanamh, lena ndéantar rannchuidiú an chórais phaitinne le nuálaíocht agus le dul chun cinn teicneolaíochta, leasanna dlisteanacha tríú páirtithe agus leasanna sáraitheacha na sochaí a chur san áireamh. Leis an gComhaontú maidir le Cúirt Aontaithe um Paitinní ní chuirtear bac ar an Aontas Eorpach a chuid cumhachtaí sa réimse seo a fheidhmiú.

(12)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart prionsabal ídiú na gceart a chur i bhfeidhm maidir le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, nach mbeadh feidhm ag cearta arna dtabhairt le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi maidir le gníomhartha a bhaineann leis an táirge a chumhdaítear leis an bpaitinn sin, ar gníomhartha iad a dhéantar laistigh de na Ballstáit rannpháirteacha tar éis do dhílseánach na paitinne an táirge sin a chur ar an margadh san Aontas.

(13)

Ba cheart go ndéanfaí an córas is infheidhme maidir le damáistí a rialú le dlíthe na mBallstát rannpháirteach, go háirithe leis na forálacha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 13 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (4).

(14)

Mar réad maoine, ba cheart déileáil le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi ina hiomláine, agus sna Ballstáit rannpháirteacha uile, mar phaitinn náisiúnta de chuid an Bhallstáit rannpháirtigh arna gcinneadh i gcomhréir le critéir shonracha amhail, áit chónaithe, príomhionad gnó nó ionad gnó an iarratasóra.

(15)

Chun saothrú eacnamaíoch aireagáin áirithe arna chosaint le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi a chur chun cinn agus a éascú, ba cheart go mbeadh dílseánach na paitinne sin in ann í a thairiscint lena ceadúnú ar chomaoin iomchuí. Chuige sin, ba cheart go mbeadh dílseánach na paitinne in ann ráiteas a chomhdú le OEP á rá go bhfuil sé sásta ceadúnas a dheonú ar chomaoin iomchuí. Sa chás sin, ba cheart go mbainfeadh dílseánach na paitinne, tairbhe as laghdú ar na táillí athnuachana amhail ón tráth a fhaigheann OEP an ráiteas sin.

(16)

Féadfaidh grúpa na mBallstát, a bhaineann úsáid as forálacha Chuid IX de CPE, cúraimí a thabhairt do OEP, agus roghchoiste de chuid Chomhairle Riaracháin Eagraíocht Eorpach na bPaitinní a bhunú (“Roghchoiste” anseo feasta).

(17)

Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha cúraimí áirithe riaracháin a bhaineann le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo a thabhairt do OEP, go háirithe maidir le hiarrataí ar éifeacht aonadach a riar, maidir le clárú a dhéanamh i leith éifeachta aonadaí agus i leith aon teorannú, ceadúnú, aistriú, cúlghairm a dhéantar maidir le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo nó le dul i léig paitinní den sórt sin, maidir le táillí athnuachana a bhailiú agus a dháileadh, maidir le haistriúcháin chun críocha faisnéise a fhoilsiú le linn idirthréimhse agus maidir le scéim chúitimh a riar i leith costais aistriúcháin a aisíoc is costais arna dtabhú ag iarratasóirí a chomhdaíonn iarratais ar phaitinní Eorpacha i dteanga seachas ceann de theangacha oifigiúla OEP.

(18)

Faoi chuimsiú an Roghchoiste, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha rialachas agus maoirseacht na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na cúraimí arna gcur ag na Ballstáit rannpháirteacha ar OEP a áirithiú, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar iarrataí ar éifeacht aonadach a chomhdú le OEP laistigh d’aon mhí amháin ó dháta fhoilsiú an lua maidir leis an deonú i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní agus a áirithiú go ndéantar na hiarrataí sin a thíolacadh i dteanga na n-imeachtaí atá os comhair OEP, in éineacht leis an aistriúchán dá bhforordaítear, le linn idirthréimhse, le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012. Ba cheart freisin do na Ballstáit rannpháirteacha a áirithiú go socrófar i gcomhréir leis na rialacha vótála atá leagtha síos in Airteagal 35(2) de CPE leibhéal na dtáillí athnuachana agus sciar dáileacháin na dtáillí athnuachana i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo.

(19)

Ba cheart do dhílseánaigh paitinní táille athnuachana bhliantúil aonair a íoc as paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi. Ba cheart go mbeadh táillí athnuachana forchéimnitheach i gcaitheamh théarma na cosanta paitinne agus, in éineacht leis na táillí atá le híoc le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní le linn na céime réamhdheonaithe, ba cheart go gcumhdófaí leo na costais uile a bhaineann le paitinn Eorpach a dheonú agus le cosaint aonadach phaitinne a riar. Ba cheart go ndéanfaí leibhéal na dtáillí athnuachana a shocrú ar shlí a mbeadh sé de chuspóir aici nuálaíocht a éascú agus iomaíochas gnóthaí Eorpacha a chothú, agus staid eintiteas sonrach amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide á cur san áireamh, mar shampla, i bhfoirm táillí níos ísle. Ba cheart go gcomhfhreagródh an leibhéal sin le méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an bpaitinn agus comhchosúil le leibhéal na dtáillí athnuachana náisiúnta do ghnáthphaitinn Eorpach a ngabhann éifeacht léi sna Ballstáit rannpháirteacha tráth a shocraítear leibhéal na dtáillí athnuachana den chéad uair.

(20)

Ba cheart leibhéal iomchuí agus dáileadh iomchuí táillí athnuachana a chinneadh ionas go bhféadfar a áirithiú, i ndáil le cosaint aonadach phaitinne, go gcumhdaítear costais uile na gcúraimí arna gcur ar OEP go hiomlán leis na hacmhainní arna nginiúint ag na paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo agus, in éineacht leis na táillí a bheidh le híoc le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní le linn na céime réamhdheonaithe, go n-áirithítear leis an ioncam ó na táillí athnuachana go bhfuil buiséad comhardaithe ag Eagraíocht Eorpach na bPaitinní.

(21)

Ba cheart go ndéanfaí táillí athnuachana a íoc le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní. Ba cheart go ndéanfadh OEP, i gcomhréir le hAirteagal 146 de CPE, méid áirithe a choinneáil siar chun na speansais arna nginiúint ag OEP le linn dó na cúraimí i ndáil le cosaint aonadach phaitinne a chumhdach a chur i gcrích. Ba cheart go ndéanfaí an méid a fhágtar a dháileadh ar na Ballstáit rannpháirteacha agus ba cheart é a úsáid chun críocha a bhaineann le paitinní. Ba cheart an sciar dáileacháin a shocrú ar bhonn critéar cóir, cothromasach agus ábhartha, eadhon leibhéal na gníomhaíochta paitinne agus méid an mhargaidh, agus ba cheart go ráthófaí leis íosmhéid a bheidh le dáileadh ar gach Ballstát rannpháirteach chun feidhmiú cothrom agus inbhuanaithe an chórais a choimeád ar bun. Ba cheart go soláthrófaí leis an dáileadh cúiteamh as teanga oifigiúil eile a bheith acu nach ceann de theangacha oifigiúla OEP í, as leibhéal gníomhaíochta paitinnithe a bheith acu atá íseal ar shlí dhíréireach ar leibhéal é arna bhunú ar bhonn an Scórchláir Eorpaigh Nuálaíochta, agus/nó as ballraíocht Eagraíocht Eorpach na bPaitinní a bheith faighte acu ach le sách-ghairid.

(22)

Ba cheart go ndéanfaí le comhpháirtíocht fheabhsaithe idir OEP agus oifigí lárnacha maoine tionscail de chuid na mBallstát a chumasú do OEP úsáid rialta, i gcás inarb iomchuí, a bhaint as aon chuardach arna dhéanamh ag oifigí lárnacha maoine tionscail ar iarratas ar phaitinn náisiúnta, ar paitinn í a n-éilítear ina leith a tosaíocht in iarratas a dhéantar ar phaitinn Eorpach tráth ina dhiaidh sin. Is féidir leis na hoifigí lárnacha maoine tionscail uile, lena n-áirítear na cinn sin nach ndéanann cuardaigh le linn nós imeachta náisiúnta i ndáil le paitinn a dheonú, ról sár-riachtanach a bheith acu faoin gcomhpháirtíocht fheabhsaithe, inter alia, trí chomhairle agus tacaíocht a thabhairt d’iarratasóirí ionchasacha paitinne, go háirithe do na fiontair bheaga agus mheanmhéide, trí iarratais a fháil, trí iarratais a chur ar aghaidh chuig OEP agus trí fhaisnéis faoi phaitinní a scaipeadh.

(23)

Déantar le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012, arna ghlacadh ag an gComhairle i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 118 de CFAE, an Rialachán seo a chomhlánú.

(24)

Ba cheart dlínse i ndáil le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo a bhunú agus a rialú le hionstraim lena mbunaítear córas aontaithe um dhlíthíocht maidir le paitinní do phaitinní Eorpacha agus do phaitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo.

(25)

Is den sár-riachtanas é go mbunófaí Cúirt Aontaithe um Paitinní chun cásanna a bhaineann leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi a éisteacht ionas go ndéanfaí feidhmiú cuí na paitinne sin, comhsheasmhacht cásdlí agus dá bhrí sin an deimhneacht dhlíthiúil, mar aon le costéifeachtacht i gcomhair dílseánach paitinne, a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit rannpháirteacha an Comhaontú um Chúirt Aontaithe um Paitinní a dhaingniú i gcomhréir lena nósanna imeachta bunreachtúla agus parlaiminteacha náisiúnta agus go ndéanfadh siad a bhfuil riachtanach chun go mbeadh an Chúirt sin i mbun oibre a luaithe agus is féidir.

(26)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do cheart na mBallstát rannpháirteach maidir le paitinní náisiúnta a dheonú agus níor cheart go ngabhfadh sé ionad dhlíthe na mBallstát rannpháirteach maidir le paitinní. Ba cheart go leanfadh an rogha de bheith ag iarratasóirí paitinne paitinn a fháil, arb éard í paitinn náisiúnta, nó paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi, paitinn Eorpach lena ngabhann éifeacht i gceann amháin nó níos mó de Stáit Chonarthacha sa CPE nó paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi arna bailíochtú ina theannta sin i gceann amháin nó níos mó de na Stáit Chonarthacha eile sa CPE ar Stáit iad nach bhfuil i measc na mBallstát rannpháirteach.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, cosaint aonadach phaitinne a chruthú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin comhair fheabhsaithe, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Cuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo comhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú, ar comhar feabhsaithe é a údaraíodh le Cinneadh 2011/167/AE.

2.   Is éard atá sa Rialachán seo comhaontú speisialta de réir bhrí Airteagal 142 den Choinbhinsiún um Paitinní Eorpacha a Dheonú an 5 Deireadh Fómhair 1973 mar a athbhreithníodh an 17 Nollaig 1991 agus an 29 Samhain 2000 (“CPE” anseo feasta).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát a ghlacann páirt i gcomhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú de bhua Chinneadh 2011/167/AE, nó de bhua cinnidh arna ghlacadh i gcomhréir leis an dara nó leis an tríú fomhír d’Airteagal 331(1) CFAE, tráth a dhéantar an iarraidh ar éifeacht aonadach mar a thagraítear dó in Airteagal 9;

(b)

ciallaíonn “paitinn Eorpach” paitinn arna deonú ag Oifig Eorpach na bPaitinní (“OEP” anseo feasta) faoi na rialacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos sa CPE;

(c)

ciallaíonn “paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi” paitinn Eorpach a bhaineann tairbhe as éifeacht aonadach sna Ballstáit rannpháirteacha de bhua an Rialacháin seo;

(d)

ciallaíonn “Clár Eorpach na bPaitinní” an clár a choimeádann OEP faoi Airteagal 127 de CPE;

(e)

ciallaíonn “Clár um chosaint aonadach phaitinne” an clár ar cuid é de Chlár Eorpach na bPaitinní ina ndéantar an éifeacht aonadach mar aon le haon teorannú, ceadúnú, aistriú, cúlghairm nó dul i léig paitinne Eorpaí a bhfuil éifeacht aonadach léi a chlárú;

(f)

ciallaíonn “Feasachán Eorpach na bPaitinní” an foilseachán tréimhsiúil dá bhforáiltear in Airteagal 129 CPE.

Airteagal 3

Paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi

1.   Bainfidh paitinn Eorpach arna deonú leis an tacar céanna éileamh i leith na mBallstát rannpháirteach uile tairbhe as éifeacht aonadach sna Ballstáit rannpháirteacha ar choinníoll go bhfuil a héifeacht aonadach cláraithe sa Chlár um chosaint aonadach phaitinne.

Ní bhainfidh paitinn Eorpach arna deonú le tacair éagsúla éileamh i leith Ballstát rannpháirteach difriúil tairbhe as éifeacht aonadach.

2.   Beidh nádúr aonadach ag paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi. Déanfar cosaint aonfhoirmeach a sholáthar léi agus beidh éifeacht chomhionann aici sna Ballstáit rannpháirteacha uile.

Ní fhéadfaidh sí a bheith teoranta, aistrithe, cúlghairthe nó ní fhéadfaidh sí dul i léig ach amháin i leith na mBallstát rannpháirteach uile.

Féadfar í a cheadúnú i leith chríocha iomlána na mBallstát rannpháirteach nó i leith cuid de na críocha sin.

3.   Measfar nach bhfuil éifeacht aonadach tagtha chun bheith ann i leith paitinne Eorpaí a mhéid atá an phaitinn Eorpach cúlghairthe nó teoranta.

Airteagal 4

Dáta do ghabháil éifeachta

1.   Gabhfaidh éifeacht le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi sna Ballstáit rannpháirteacha an dáta a bhfoilsíonn OEP an lua maidir le deonú na paitinne Eorpaí i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní.

2.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás inar cláraíodh éifeacht aonadach paitinne Eorpaí agus go síneann an éifeacht sin chuig a gcríche, go measfar nár ghabh éifeacht leis an bpaitinn Eorpach sin mar phaitinn náisiúnta ina gcríoch an dáta ar foilsíodh an lua maidir leis an deonú i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní.

CAIBIDIL II

ÉIFEACHTAÍ PAITINNE EORPAÍ A bhFUIL ÉIFEACHT AONADACH LÉI

Airteagal 5

Cosaint aonfhoirmeach

1.   Déanfar leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi an ceart a thabhairt dá dílseánach aon tríú páirtí a chosc ar gníomhartha a dhéanamh ar gníomhartha iad a dtugtar leis an bpaitinn sin cosaint ina gcoinne ar fud chríocha na mBallstát rannpháirteach ina bhfuil éifeacht aonadach aici, faoi réir teorainneacha is infheidhme.

2.   Maidir le raon feidhme an chirt sin agus na teorainneacha a bhaineann leis, beidh siad aonfhoirmeach sna Ballstáit rannpháirteacha uile ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn.

3.   Is é a bheidh i gceist leis na gníomhartha a dtugtar cosaint ina gcoinne leis an bpaitinn dá dtagraítear i mír 1 agus leis na teorainneacha is infheidhme na nithe a shainítear leis an dlí a chuirtear i bhfeidhm maidir le paitinní Eorpacha le héifeacht aonadach sa Bhallstát rannpháirteach a bhfuil feidhm ag a dhlí náisiúnta maidir leis an bpaitinn Eorpach le héifeacht aonadach mar réad maoine i gcomhréir le hAirteagal 7.

4.   Ina thuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 16(1), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na dteorainneacha is infheidhme agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé tograí iomchuí.

Airteagal 6

Ídiú na gceart arna dtabhairt le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi

Ní bheidh feidhm ag na cearta arna dtabhairt le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi i leith gníomhartha a bhaineann le táirge atá cumhdaithe leis an bpaitinn sin, ar gníomhartha iad a dhéantar laistigh de na Ballstáit rannpháirteacha ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn sin tar éis do dhílseánach na paitinne an táirge sin a chur ar an margadh san Aontas, nó tar éis dó toiliú go ndéanfaí amhlaidh, mura bhfuil forais dhlisteanacha ann do dhílseánach na paitinne cur i gcoinne tuilleadh tráchtálaíocht a dhéanamh i leith an táirge.

CAIBIDIL III

PAITINN EORPACH A bhFUIL ÉIFEACHT AONADACH LÉI MAR RÉAD MAOINE

Airteagal 7

Déileáil le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi mar phaitinn náisiúnta

1.   Déileálfar ina iomláine le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi atá ina réad maoine agus sna Ballstáit rannpháirteacha uile mar phaitinn náisiúnta de chuid an Bhallstáit rannpháirtigh ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn sin agus ar Ballstát é ina raibh, de réir Chlár Eorpach na bPaitinní:

(a)

áit chónaithe nó príomhionad gnó ag an iarratasóir an dáta a rinneadh an t-iarratas ar an bpaitinn Eorpach a chomhdú; nó

(b)

ionad gnó ag an iarratasóir an dáta a rinneadh an t-iarratas ar an bpaitinn Eorpach a chomhdú, ach é sin i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (a).

2.   I gcás ina gcuirtear beirt nó níos mó mar chomhiarratasóirí ar Chlár Eorpach na bPaitinní, beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir leis an gcomhiarratasóir a luaitear ar dtús. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir leis an gcéad chomhiarratasóir eile a luaitear san ord iontrála. I gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le haon duine de na comhiarratasóirí, beidh feidhm ag pointe (b) de mhír 1 dá réir sin.

3.   I gcás nach raibh áit chónaithe, príomhionad gnó nó ionad gnó ag aon iarratasóir i mBallstát rannpháirteach ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn sin chun críocha mhír 1 nó mhír 2, déileálfar leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi mar réad maoine ina iomláine agus sna Ballstáit rannpháirteacha uile mar phaitinn náisiúnta an Stáit ina bhfuil ceanncheathrú Eagraíocht Eorpach na bPaitinní i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de CPE.

4.   Ní fhéadfaidh fáil cirt a bheith ag brath ar aon iontráil i gclár náisiúnta paitinní.

Airteagal 8

Ceadúnais de cheart

1.   Féadfaidh dílseánach paitinne Eorpaí a bhfuil éifeacht aonadach léi ráiteas a chomhdú le OEP á rá go bhfuil an dílseánach sásta cead a thabhairt do dhuine ar bith an t-aireagán a úsáid mar cheadúnaí ar chomaoin iomchuí.

2.   Déileálfar le ceadúnas a fhaightear faoin Rialachán seo mar cheadúnas conarthach.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Airteagal 9

Cúraimí riaracháin faoi chuimsiú Eagraíocht Eorpach na bPaitinní

1.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha, de réir bhrí Airteagal 143 CPE, na cúraimí seo a leanas a thabhairt do OEP, ar cúraimí iad a bheidh le comhlíonadh i gcomhréir le rialacha inmheánacha OEP:

(a)

iarrataí ar éifeacht aonadach ó dhílseánaigh paitinní Eorpacha a riar;

(b)

an Clár um chosaint aonadach phaitinne a áireamh ar Chlár Eorpach na bPaitinní agus an Clár um chosaint aonadach phaitinne a riar;

(c)

ráitis ar cheadúnú is ráitis dá dtagraítear in Airteagal 8 a ghlacadh agus a chlárú, tarraingt siar na ráiteas sin agus gealltanais i leith ceadúnúcháin ar gealltanais iad a ghlac dílseánach na paitinne Eorpaí a bhfuil éifeacht aonadach léi ar láimh i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú;

(d)

na haistriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 a fhoilsiú le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin;

(e)

táillí athnuachana do phaitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach léi a bhailiú agus a riar, i leith na mblianta tar éis na bliana ina ndéantar an lua maidir leis an deonú a fhoilsiú i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní; táillí breise a bhailiú agus a riar d’íocaíocht dhéanach ar tháillí athnuachana i gcás ina ndéantar íocaíocht dhéanach den sórt sin laistigh de shé mhí ón dáta dlite, chomh maith le cuid de na táillí athnuachana a bailíodh a dháileadh ar na Ballstáit rannpháirteacha;

(f)

an scéim chúitimh a riar i leith costas aistriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 a aisíoc;

(g)

a áirithiú go ndéantar iarraidh ar éifeacht aonadach, ar iarraidh é a dhéanann dílseánach paitinne Eorpaí, a thíolacadh i dteanga na n-imeachtaí mar atá shainithe in Airteagal 14(3) de CPE tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis fhoilsiú an lua maidir leis an deonú i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní; agus

(h)

a áirithiú go léirítear an éifeacht aonadach sa Chlár um chosaint aonadach phaitinne, i gcás inar comhdaíodh iarraidh ar éifeacht aonadach agus, le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 go ndearnadh é a thíolacadh in éineacht leis na haistriúcháin dá dtagraítear san Airteagal sin agus go gcuirtear OEP ar an eolas faoi aon teorainneacha, cheadúnais, aistrithe nó chúlghairmeacha ar phaitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo le linn dóibh a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhall ar oibleagáidí iad a ghlac siad ar láimh sa CPE agus comhoibreoidh siad chuige sin. Ina gcáil mar Stáit Chonarthacha sa CPE, déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha rialachas agus maoirsiú na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú agus déanfaidh siad a áirithiú go socraítear leibhéal na dtáillí athnuachana i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo agus go socrófar sciar dáileacháin na dtáillí athnuachana i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

Chuige sin, déanfaidh siad roghchoiste de chuid Chomhairle Riaracháin Eagraíocht Eorpach na bPaitinní (“Roghchoiste” anseo feasta) a chur ar bun de réir bhrí Airteagal 145 de CPE.

Beidh an Roghchoiste comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát rannpháirteach agus ionadaí de chuid an Choimisiúin i gcáil breathnóra, mar aon le malartaigh a dhéanfaidh ionadaíocht orthu nuair atá na hionadaithe sin as láthair. Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Roghchoiste.

Déanfar cinntí de chuid an Roghchoiste a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar sheasamh an Choimisiúin agus déanfar iad i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 35(2) de CPE.

3.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha cosaint dlí éifeachtach a áirithiú os comhair cúirte inniúla de chuid ceann amháin nó roinnt Ballstát rannpháirteach i gcoinne chinntí OEP agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh aige.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 10

Prionsabal i leith speansas

Maidir leis na speansais arna dtabhú ag OEP le linn dó na cúraimí breise, de réir bhrí Airteagal 143 CPE, arna dtabhairt dó ag na Ballstáit rannpháirteacha a chomhlíonadh, déanfar iad a chumhdach leis na táillí a ghintear ó na paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo.

Airteagal 11

Táillí athnuachana

1.   Déanfaidh dílseánach na paitinne táillí athnuachana do phaitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo, agus táillí breise i dtaca le híocaíocht dhéanach na dtáillí athnuachana sin, a íoc le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní. Beidh na táillí sin dlite i leith na mblianta tar éis na bliana ina ndéantar an lua maidir le deonú na paitinne Eorpaí is paitinn a bhaineann tairbhe as éifeacht aonadach a fhoilsiú i bhFeasachán Eorpach na bPaitinní.

2.   Rachaidh paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi i léig más rud é nach ndéantar táille athnuachana agus, i gcás inarb infheidhme, aon táille bhreise, a íoc i dtráth cuí.

3.   Maidir le táillí athnuachana a bheidh dlite tar éis an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a fháil, déanfar iad a laghdú.

Airteagal 12

Leibhéal na dtáillí athnuachana

1.   Beidh táillí athnuachana i leith paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo:

(a)

forchéimnitheach i gcaitheamh théarma na cosanta aonadaí paitinne;

(b)

leordhóthanach chun na costais uile a bhaineann leis an bpaitinn Eorpach a dheonú agus na costais a bhaineann le riaradh na cosanta aonadaí paitinne a chumhdach; agus

(c)

leordhóthanach, in éineacht leis na táillí atá le híoc le hEagraíocht Eorpach na bPaitinní le linn na céime réamhdheonaithe, chun buiséad comhardaithe Eagraíocht Eorpach na bPaitinní a áirithiú.

2.   Déanfar leibhéal na dtáillí athnuachana a shocrú, agus staid eintiteas sonrach amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide á cur san áireamh, i measc nithe eile, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

nuálaíocht a éascú agus iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a chothú;

(b)

comhfhreagairt do mhéid an mhargaidh a chumhdaítear leis an bpaitinn; agus

(c)

comhchosúlacht a bheith ann le leibhéal na dtáillí athnuachana náisiúnta do ghnáthphaitinn Eorpach a ngabhann éifeacht leis sna Ballstáit rannpháirteacha tráth a shocraítear leibhéal na dtáillí athnuachana den chéad uair.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaint amach, socrófar leibhéal na dtáillí athnuachana ag leibhéal:

(a)

atá coibhéiseach le leibhéal na táille athnuachana atá le híoc le haghaidh ghnáthchumhdach geografach paitinní Eorpacha reatha;

(b)

a chomhfhreagraíonn do ráta athnuachana paitinní Eorpacha reatha; agus

(c)

a chomhfhreagraíonn do líon na n-iarrataí ar éifeacht aonadach.

Airteagal 13

Dáileadh

1.   Coimeádfaidh OEP 50 faoin gcéad de na táillí athnuachana dá dtagraítear in Airteagal 11 arna n-íoc le haghaidh paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo. Déanfar an tsuim atá fágtha a dháileadh ar na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le sciar dáileacháin na dtáillí athnuachana arna socrú de bhun Airteagal 9(2).

2.   Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaint amach, déanfar sciar dáileacháin na dtáillí athnuachana, ar sciar dáileacháin é a dhéantar i measc na mBallstát rannpháirteach, a bhunú ar na critéir chóra, chothromasacha agus ábhartha seo a leanas:

(a)

líon na n-iarratas ar phaitinní;

(b)

méid an mhargaidh, agus á áirithiú go ndáiltear suim íosta ar gach Ballstát rannpháirteach;

(c)

cúiteamh a thabhairt do na Ballstáit rannpháirteacha a bhfuil an méid seo a leanas acu:

(i)

teanga oifigiúil eile seachas ceann de theangacha oifigiúla OEP;

(ii)

leibhéal gníomhaíochta paitinnithe atá íseal ar shlí dhíréireach; agus/nó

(iii)

ballraíocht in Eagraíocht Eorpach na bPaitinní ar ballraíocht í nach bhfuil faighte acu ach le sách-ghairid.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Comhar idir an Coimisiún agus OEP

Déanfaidh an Coimisiún dlúthchomhar a bhunú trí chomhaontú oibre le OEP sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áireofar leis an gcomhar sin malartuithe rialta barúlacha maidir le feidhmiú an chomhaontaithe oibre agus go háirithe maidir le saincheist na dtáillí athnuachana agus an tionchar atá acu ar bhuiséad Eagraíocht Eorpach na bPaitinní.

Airteagal 15

Dlí na hiomaíochta agus an dlí a bhaineann le hiomaíocht éagórach a chur i bhfeidhm

Beidh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta agus an dlí a bhaineann le hiomaíocht éagórach.

Airteagal 16

Tuarascáil maidir le hoibriú an Rialacháin seo

1.   Tráth nach déanaí ná trí bliana ón dáta a ngabhann éifeacht leis an gcéad phaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hoibriú an Rialacháin seo agus, i gcás inar gá sin, déanfaidh sé tograí iomchuí maidir lena leasú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha maidir le feidhmiú na dtáillí athnuachana dá dtagraítear in Airteagal 11 a thíolacadh go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus cuirfear béim ar leith sna tuarascálacha sin ar chomhlíonadh Airteagal 12.

Airteagal 17

Na Ballstáit rannpháirteacha do thabhairt fógra

1.   Tabharfaidh na Ballstáit rannpháirteacha fógra don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Déanfaidh gach Ballstát rannpháirteach fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó, i gcás Ballstáit rannpháirtigh nach bhfuil dlínse eisiach ag an gCúirt Aontaithe um Paitinní i ndáil le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo ann, ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoin dáta óna mbeidh dlínse eisiach den sórt sin ag an gCúirt Aontaithe um Paitinní sa Bhallstát rannpháirteach sin.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 nó ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Chúirt Aontaithe um Paitinní (an “Comhaontú”), cibé acu is déanaí.

De mhaolú ar Airteagal 3(1), ar Airteagal 3(2) agus ar Airteagal 4(1), ní bheidh éifeacht aonadach ag paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach cláraithe ina leith ar an gClár um chosaint aonadach phaitinne ach sna Ballstáit rannpháirteacha ina bhfuil dlínse eisiach ag an gCúirt Aontaithe um Paitinní i ndáil le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo ag dáta an chláraithe agus sna Ballstáit sin amháin.

3.   Déanfaidh gach Ballstát rannpháirteach fógra a thabhairt don Choimisiún á rá go bhfuil an Comhaontú daingnithe aige tráth a dhéanfaidh sé a ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh. Déanfaidh an Coimisiún dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, agus liosta de na Ballstáit a bhfuil an Comhaontú daingnithe acu an dáta a dtagann an Comhaontú i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an liosta de na Ballstáit rannpháirteacha a mbeidh an Comhaontú daingnithe acu a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ina dhiaidh sin agus déanfaidh sé liosta cothrom le dáta den sórt sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a áirithiú go bhfuil na bearta dá dtagraítear in Airteagal 9 ar bun faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

5.   Déanfaidh gach Ballstát rannpháirteach a áirithiú go bhfuil na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) ar bun faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó ar an dáta sin, nó, i gcás Ballstáit rannpháirtigh nach bhfuil dlínse eisiach i ndáil le paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo ag an gCúirt Aontaithe um Paitinní ann ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoin dáta óna mbeidh an dlínse eisiach sin ag an gCúirt Aontaithe um Paitinní sa Bhallstát rannpháirteach sin.

6.   Féadfar cosaint aonadach phaitinne a iarraidh i leith aon phaitinne Eorpaí arna deonú ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó tar éis an dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2012

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO L 76, 22.3.2011, lch. 53.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2012.

(3)  Féach leathanach 89 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.