ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.201.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
27 Iúil 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ( 2 )

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú ( 2 )

60

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

107

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le monaí euro a eisiúint

135

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1235/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear, maidir le cógas-aireachas ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, agus Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 348 an 31.12.2010) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

138

 


 

(1)   Faoin tagairt L 201 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 648/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 25 Feabhra 2009, rinne Grúpa Ardleibhéil faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière tuarascáil a fhoilsiú ar iarratas ón gCoimisiún, agus ba é an tátal a bhí ar an tuarascáil sin go gcaithfí an creat maoirseachta don earnáil sin a neartú chun an riosca a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí, agus déine géarchéime den sórt sin, a laghdú. Moladh sa tuarascáil athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar struchtúr na maoirseachta san earnáil, lena n-áirítear Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a bhunú, ina mbeadh trí údarás maoirseachta Eorpacha, údarás amháin faoi seach thar ceann earnáil na baincéireachta, thar ceann earnáil an árachais agus na bpinsean gairme agus thar ceann earnálacha na n-urrús agus na margaí, agus Comhairle Eorpach um Riosca Sistéamach a bhunú.

(2)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2009, dar teideal “Driving European Recovery,” (Téarnamh na hEorpa a Chur Chun Cinn), moladh creat rialála an Aontais a neartú do sheirbhísí airgeadais. Ina Theachtaireacht an 3 Iúil 2009 dar teideal “Ensuring efficient, safe and sound derivatives markets”, (Margaí na ndíorthach éifeachtacha, sábháilte agus fónta a áirithiú), rinne an Coimisiún measúnú ar ról na ndíorthach sa ghéarchéim airgeadais, agus ina Theachtaireacht an 20 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal “Ensuring efficient, safe and sound derivative markets: Future policy actions”, (Margaí na díorthach éifeachtacha, sábháilte agus fónta a áirithiú: Gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), thug an Coimisiún cuntas ar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh leis na rioscaí a bhaineann le díorthaigh a laghdú.

(3)

An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún tograí le haghaidh trí rialachán lena mbunaítear an Córas Eorpach Maoirseachta Airgeadais, lena n-áirítear trí Údarás Maoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) a bhunú a rannchuideoidh le cur i bhfeidhm comhsheasmhach reachtaíocht an Aontais agus le comhchaighdeáin agus comhchleachtais rialála agus maoirseachta ar ardchaighdeán a bhunú. Cuimsíonn na hÚMEanna an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEAPC) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Tá ról fíorthábhachtach ag na hÚMEanna sin i gcobhsaíocht na hearnála airgeadais a choimirciú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go leanúnach gur ábhar lena ngabhann ardtosaíocht pholaitiúil é forbairt a gcuid oibre agus go gcuirtear acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh.

(4)

Bíonn easpa trédhearcachta i gceist le díorthaigh thar an gcuntar (“conarthaí díorthacha thar an gcuntar”) toisc gur conarthaí iad a dhéanann páirtithe a chaibidliú go príobháideach eatarthu féin agus de ghnáth gur ag páirtithe an chonartha amháin a bhíonn faisnéis ar bith fúthu ar fáil. Cruthaíonn siad gréasán casta idirthuilleamaíochta, rud a d'fhéadfadh é a dhéanamh deacair nádúr agus leibhéal na rioscaí atá i gceist a shainaithint. Léirigh an ghéarchéim airgeadais go méadaíonn saintréithe den sórt sin neamhchinnteacht nuair a bhíonn strus sa mhargadh agus, dá bhrí sin, go mbíonn rioscaí ag baint leis na saintréithe sin don chobhsaíocht airgeadais. Leagtar síos sa Rialachán seo coinníollacha chun na rioscaí sin a mhaolú agus trédhearcacht conarthaí díorthacha a fheabhsú.

(5)

Ag an gcruinniú mullaigh in Pittsburgh an 26 Meán Fómhair 2009, chomhaontaigh ceannairí an G20 gur cheart gach conradh caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnacha faoi dheireadh na bliana 2012, agus gur cheart conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thuairisciú do stórtha trádála. I mí an Mheithimh 2010, dheimhnigh Ceannairí an G20 in Toronto a dtiomantas agus gheall siad freisin dlús a chur le bearta láidre a chur chun feidhme chun trédhearcacht agus formhaoirseacht rialála ar na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a fheabhsú ar bhealach atá comhsheasmhach agus neamh-idirdhealaitheach go hidirnáisiúnta.

(6)

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na tiomantais sin agus féachfaidh sé lena áirithiú go gcuirfidh gcomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais na tiomantais sin chun feidhme ar an mbealach céanna. Ba cheart don Choimisiún comhoibriú le húdaráis tríú tíortha chun féachaint an bhféadfaí teacht ar réitigh lena soláthrófaí tacaíocht fhrithpháirteach agus iad ag iarraidh comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a bhunaíonn tríú tíortha agus, ar an gcaoi sin, aon fhorluí a d'fhéadfadh a bheith ann ina leith sin a sheachaint. Le cúnamh ÚEUM, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos sa Rialachán seo agus tuarascálacha ina leith a ullmhú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. D'fhonn ceanglais a d'fhéadfadh a bheith dúblach nó codarsnach a sheachaint, d'fhéadfadh an Coimisiún cinntí maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil a ghlacadh, maoirseachta agus forghníomhnaithe i dtríú tíortha, má chomhlíontar líon áirithe coinníollacha. Níor cheart go ndéanfadh an measúnú atá mar bhonn le cinntí den sórt sin dochar do cheart contrapháirtí lárnaigh atá bunaithe i dtríú tír agus atá aitheanta ag ÚEUM seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó do stórtha trádála atá bunaithe san Aontas, mar gur cheart go mbeadh an cinneadh aitheantais neamhspleách ar an measúnú sin. Ar an gcuma chéanna, níor cheart go ndéanfadh cinneadh coibhéise ná an measúnú dochar don cheart atá ag stór trádála atá bunaithe i dtríú tír agus atá aitheanta ag ÚEUM seirbhísí a sholáthar d'eintitis atá bunaithe san Aontas.

(7)

Maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gcomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena n-áirítear an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil i Seirbhísí, níor cheart cinntí lena gcinntear go bhfuil córais dlí tríú tír coibhéiseach le córais dlí an Aontais, a ghlacadh ach amháin má fhorálann córas dlí an tríú tír do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do na contrapháirtithe lárnacha sin atá údaraithe faoi chórais dlí eachtracha i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta rialála agus na caighdeáin a leagadh amach ag an G20 i mí Mheán Fómhair 2009 maidir leis an trédhearcacht i margaí na ndíorthach a fheabhsú, an riosca sistéamach a mhaolú, agus cosaint a chur ar fáil ar dhrochúsáid margaidh. Ba cheart córas den sórt sin a mheas mar chóras coibhéiseach má áirithítear leis gur comhchosúil le ceanglais an Aontais atá toradh substaintiúil an chórais rialála is infheidhme agus ba cheart a mheas gur córas éifeachtach é má tá na rialacha sin á gcur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

(8)

Is iomchuí sa chomhthéacs seo, agus saintréithe margaí na ndíorthach mar aon le feidhmiú na gcontrapháirtithe lárnacha á gcur san áireamh, coibhéis éifeachtach na gcóras eachtrach rialála a fhíorú i gcomhlíonadh spriocanna agus caighdeán an G20 chun an trédhearcacht i margaí na ndíorthach a fheabhsú, an riosca sistéamach a mhaolú agus cosaint a chur ar fáil ar dhrochúsáid margaidh. Éilíonn cás an-speisialta seo na gcontrapháirtithe lárnacha go mbeadh na forálacha i ndáil le tríú tíortha eagraithe ó thaobh feidhme de i gcomhréir le socruithe atá sainiúil do mhaoirseacht na n-eintiteas sin agus go bhfeidhmeodh na forálacha i gcomhréir leis na socruithe sin. Ní gá, dá bhrí sin, go mbeadh an cur chuige seo ina fhasach do reachtaíocht eile.

(9)

D'aontaigh an Chomhairle Eorpach, ina Conclúidí an 2 Nollaig 2009, go raibh gá le maolú riosca creidmheasa contrapháirtí a fheabhsú go substaintiúil, agus go raibh sé tábhachtach trédhearcacht, éifeachtúlacht agus sláine a fheabhsú le haghaidh idirbheart díorthach. Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010 dar teideal “Derivatives markets: future policy actions” (Margaí na ndíorthach: gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), iarradh imréiteach agus tuairisciú éigeantach le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar.

(10)

Ba cheart do ÚEUM gníomhiú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo trí chobhsaíocht na margaí airgeadais i gcásanna éigeandála a choimirciú, trína áirithiú go gcuireann údaráis mhaoirseachta náisiúnta rialacha an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach agus trí easaontuithe eatarthu a réiteach. Cuirtear de chúram air freisin dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt, agus bíonn ról lárnach aige ó thaobh contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála a údarú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(11)

Ceann de na cúraimí bunúsacha atá le cur i gcrích tríd an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) is ea feidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn. Maidir leis sin, déanann comhaltaí CEBC formhaoirseacht trína áirithiú go bhfuil córais éifeachtúla fónta imréitigh agus íocaíochta ann, lena n-áirítear comhpháirtithe lárnacha. Mar sin, bíonn dlúthbhaint ag comhaltaí CEBC le húdarú agus le faireachán na gcomhpháirtithe lárnacha, leis an aitheantas a thugtar do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír agus le faomhadh socruithe maidir le hidiroibritheacht. Chomh maith leis sin, bíonn dlúthbhaint acu le caighdeáin theicniúla rialála a shocrú, mar aon le treoirlínte agus moltaí. Tá an Rialachán seo gan dochar do na freagrachtaí atá ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ar na bainc cheannais náisiúnta as córais éifeachtúla, fónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tíortha eile. Dá bhrí sin, agus ionas nach bhféadfadh sé go gcruthófaí sraitheanna comhthreomhara rialacha, ba cheart do ÚEUM agus do CEBC comhoibriú go dlúth lena chéile nuair a bhíonn na dréachtchaighdeáin theicniúla ábhartha á n-ullmhú acu. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag an mBCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta ar fhaisnéis agus iad ag comhlíonadh a gcuraimí a bhaineann le formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais imréitigh agus íocaíochta chomh maith le feidhmeanna bainc cheannais eisiúna.

(12)

Tá gá le rialacha aonfhoirmeacha le haghaidh na gconarthaí díorthacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I Roinn C, pointe (4) go pointe (10) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (7).

(13)

Níor leor na dreasachtaí chun úsáid na gcontrapháirtithe lárnacha a chur chun cinn lena áirithiú go ndéantar conarthaí díorthacha thar an gcuntar chaighdeánaithe a imréiteach go lárnach go hiarbhír. Tá gá, dá bhrí sin, le ceanglais éigeantacha imréitigh trí chontrapháirtí lárnach le haghaidh na conarthaí díorthacha sin thar an gcuntar ar féidir iad a imréiteach go lárnach.

(14)

Tá gach dealraitheacht ann go nglacfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta atá éagsúil óna chéile a d'fhéadfadh bacainní a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus a d'fhéadfadh dul chun dochair do na rannpháirtithe sa mhargadh agus don chobhsaíocht airgeadais. Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide imréitigh san Aontas riachtanach freisin chun leibhéal ard cosanta infheisteoirí a áirithiú agus chun deis chothrom a chruthú idir na rannpháirtithe sa mhargadh.

(15)

Chun a áirithiú go ndéantar leis an oibleagáid imréitigh an riosca sistéamach a laghdú, tá gá le próiseas sainaitheantais le haghaidh aicmí díorthach ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide sin. Ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas sin nach féidir gach díorthach thar an gcuntar a imréitítear trí chontrapháirtí lárnach a mheas mar chonarthaí díorthacha atá oiriúnach d'imréiteach éigeantach trí chontrapháirtí lárnach.

(16)

Leagtar amach sa Rialachán seo na critéir chun a chinneadh ar cheart nó nár cheart go mbeadh aicmí éagsúla de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir oibleagáide imréitigh. Bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbróidh ÚEUM, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh faoinar mbeidh aicme conarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir oibleagáide imréitigh, agus faoin uair a ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme de réir a chéile agus íosaibíocht iarmhair conarthaí a dhéantar nó a nuaitear roimh an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh i gcomhréir leis an Rialachán seo. D'fhéadfadh sé gurb iad cineálacha rannpháirtithe an mhargaidh a chaithfidh an oibleagáid imréitigh a chomhlíonadh a bheadh i gceist le cur chun feidhme de réir a chéile na hoibleagáide imréitigh. Agus cinneadh á dhéanamh ag ÚEUM maidir le cad iad na haicmí de chonarthaí díorthach thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart go gcuirfeadh sé san áireamh cineál sonrach na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a ndéantar iad a thabhairt chun críche le heisiúnóirí bannaí faoi chumhdach nó le comhthiomsúcháin cumhdaigh do bhannaí faoi chumhdach.

(17)

Agus na haicmí de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh á gcinneadh, ba cheart do ÚEUM aird chuí a thabhairt ar bhreithnithe ábhartha eile, go háirithe an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar agus an tionchar ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí agus ba cheart dó dálaí comhionanna iomaíochta a chur chun cinn laistigh den mhargadh inmheánach amhail dá dtagraítear in Airteagal 1(5)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(18)

I gcás ina mbeidh sé aitheanta ag ÚEUM go bhfuil táirge díorthach thar an gcuntar caighdeánaithe agus oiriúnach don imréiteach, ach nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach toilteanach an táirge sin a imréiteach, ba cheart go bhfiosródh ÚEUM an chúis atá leis sin.

(19)

Agus na haicmí de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh á gcinneadh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál sonrach na n-aicmí ábhartha de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh na príomhrioscaí d'idirbhearta in aicmí áirithe de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar le riosca maidir le socrú, a dtugtar aghaidh air trí shocruithe ar leith bonneagair, agus d'fhéadfadh sé, leis an bpríomhriosca sin, go ndéanfaí aicmí áirithe de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar (mar shampla malairtí eachtracha) a idirdhealú ó aicmí eile. Tugann imréiteach an chontrapháirtí lárnaigh aghaidh go sonrach ar riosca creidmheasa contrapháirtí agus d'fhéadfadh sé nach é sin an modh is fearr chun déileáil le riosca maidir le socrú. Ba cheart go mbeadh an réim i gcomhair conarthaí den sórt sin ag brath, go háirithe, ar chóineasú idirnáisiúnta agus aitheantas frithpháirteach roimh ré an bhonneagair ábhartha.

(20)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach comhleanúnach agus go dtabharfar deis chothrom do rannpháirtithe sa mhargadh nuair a dhearbhófar go mbeidh aicme de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le gach conradh a bhaineann leis an aicme sin de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar ar an dáta a dtabharfar fógra d'údarú contrapháirtí lárnach chun críche na hoibleagáide imréitigh a gheobhaidh ÚEUM, nó i ndiaidh an dáta sin, ach a dhéanfar roimh an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh ar choinníoll go mbeidh aibíocht iarmhair níos airde ná an íosaibíocht a chinnfidh an Coimisiún ag na conarthaí seo.

(21)

Agus cinneadh á dhéanamh an mbeidh aicme chonarthaí díorthacha thar an gcuntar faoi réir ceanglas imréitigh, ba cheart é a bheith d'aidhm ag ÚEUM go ndéanfaí laghdú ar an riosca sistéamach. Áirítear leis sin go ndéanfar imthosca amhail leibhéal caighdeánaithe conarthaigh agus oibríochtúla na gconarthaí, toirt agus leachtacht na haicme conarthaí díorthacha thar an gcuntar iomchuí chomh maith leis an bhfáil atá ar fhaisnéis phraghsála atá cothrom, iontaofa agus a nglactar go forleathan léi i dtaca leis an aicme ábhartha conartha díorthach thar an gcuntar a chur san áireamh sa mheasúnú.

(22)

Chun conradh díorthach thar an gcuntar a imréiteach, ní mór don dá pháirtí sa chonradh sin a bheith faoi réir oibleagáid imréitigh nó ní mór dóibh toiliú leis. Ba cheart díolúintí ón oibleagáid imréitigh a chur in oiriúint go sonrach, toisc go laghdóidís éifeachtacht na hoibleagáide agus tairbhí an imréitigh ó thaobh an chontrapháirtí lárnaigh de, agus d'fhéadfadh arbatráiste rialaitheach idir ghrúpaí de rannpháirtithe sa mhargadh a bheith mar thoradh orthu.

(23)

Chun an chobhsaíocht airgeadais a chothú laistigh den Aontas, d'fhéadfadh sé freisin gur ghá na hoibleagáidí maidir leis na teicnící um imréiteach agus um maolú riosca a chur i bhfeidhm ar na hidirbhearta a dhéanann eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, ar choinníoll go mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag na hidirbhearta lena mbaineann laistigh den Aontas nó i gcás inar riachtanach nó inarb iomchuí na hoibleagáidí sin chun cosc a chur le haon fhorálacha de chuid an Rialacháin seo a bheith á seachaint.

(24)

Bíonn riosca conarthaí creidmheasa contrapháirtí agus oibríochtúil i gceist le conarthaí díorthacha thar an gcuntar nach meastar a bheith oiriúnach le haghaidh imréitigh trí chontrapháirtí lárnach agus, dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú leis an riosca sin a bhainistiú. Chun an riosca creidmheasa contrapháirtí a mhaolú, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta bainistithe riosca ann do rannpháirtithe sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ar nósanna imeachta iad lena gceanglaítear malartú tráthúil, beacht agus deighilte go hiomchuí ar an gcomhthaobhacht. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla lena sonraítear cad iad na nósanna imeachta bainistithe riosca a bheidh san áireamh, ba cheart do ÚEUM tograí ó na comhlachtaí idirnáisiúnta um shocrú caighdeán maidir le ceanglais éarlaisithe le haghaidh díorthach nach ndéantar a imréiteach go lárnach a chur san áireamh. Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt chun go sonrófar na socruithe atá riachtanach le haghaidh malartú beacht agus iomchuí ar chomhthaobhachtaí d'fhonn bainistiú a dhéanamh ar rioscaí a ghabhann le trádálacha neamh-imréitithe, ba cheart go ndéanfaidh ÚEUM bacainní a bheidh ar eisiúnóirí bannaí faoi chumhdach nó ar chomhthiomsuithe faoi chumhdach maidir le comhthaobhacht a sholáthar i roinnt dlínsí éagsúla den Aontas a chur san áireamh go cuí. Ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM san áireamh freisin an fíoras go dtugann éilimh tosaíochta a thugtar do chontrapháirtithe eisiúnóirí bannaí faoi chumhdach ar shócmhainní an eisiúnóra bannaí faoi chumhdach cosaint choibhéiseach ar riosca creidmheasa contrapháirtí.

(25)

Na rialacha maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, le hidirbhearta díorthach a thuairisciú agus le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le contrapháirtithe airgeadais, eadhon gnólachtaí infheistíochta mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE, institiúidí creidmheasa mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (8), gnóthais árachais mar a údaraítear i gcomhréir leis an gCéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gabháil le gnó árachais dhírigh seachas árachas saoil agus lena shaothrú (9), gnóthais árachais mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (10), gnóthais athárachais mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2005 maidir le hárachas saoil (11), gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus, i gcás inarb ábhartha, a gcuideachtaí bainistíochta mar a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) a chomhordú (12), institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme mar a shainmhínítear i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme a sholáthar (13) agus cistí infheistíochta malartacha arna mbainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFM) mar a údaraítear nó mar a chláraítear i gcomhréir le Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (14).

(26)

Na heintitis a fheidhmíonn socruithe do scéimeanna pinsean, arb é príomhchuspóir na socruithe sin sochair a chur ar fáil tráth an scoir, de ghnáth i bhfoirm íocaíochtaí ar feadh an tsaoil, ach freisin i bhfoirm íocaíochtaí a thugtar ar feadh tréimhse sealadaí nó mar chnapshuim, is iondúil go ndéanann siad íoslaghdú ar an leithdháileadh in airgead tirim chun éifeachtúlacht agus toradh a uasmhéadú dá gcuid sealbhóirí polasaí. Dá bhíthin sin, dá gceanglófaí ar na heintitis sin conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach go lárnach, is éard a bheadh mar thoradh air go ndéanfaí sciar suntasach dá sócmhainní a chur i leataobh le haghaidh airgid tirim ionas go gcomhlíonfaidís ceanglais éarlaise leanúnacha na gcomhpháirtithe lárnacha. Chun tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ag ceanglas den sórt sin ar ioncam scoir daoine a bheidh ina bpinsinéirí a sheachaint, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid imréitigh maidir le scéimeanna pinsean go dtí go bhforbróidh na comhpháirtithe lárnacha réiteach teicniúil oiriúnach chun comhthaobhacht neamhairgid a aistriú mar chorrlaigh athrúcháin chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Ba cheart go mbeadh ról speisialta na socruithe do scéimeanna pinsean san áireamh sa réiteach teicniúil sin agus ba cheart go seachnófaí éifeachtaí ábharthacha díobhálacha ar phinsinéirí. I rith na hidirthréimhse sin, maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéantar d'fhonn rioscaí infheistíochta a laghdú, ar conarthaí iad a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéime pinsin, ba cheart go mbeidís faoi réir oibleagáide tuairiscithe, ach ní hé sin amháin ba cheart go mbeidís faoi réir ceanglas déthaobhach maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh chomh maith. Is é an aidhm ar deireadh thiar, áfach, imréiteach lárnach a bheith ann a luaithe is féidir é sin a dhéanamh.

(27)

Tá sé tábhachtach a áirithiú gurb iad na heintitis agus na socruithe iomchuí amháin a gheobhaidh an chóir speisialta chomh maith le héagsúlacht na scéimeanna pinsean ar fud an Aontais a chur san áireamh, agus a fhoráil freisin go dtabharfaí deis chothrom do na socruithe scéimeanna pinsean uile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an maolú sealadach maidir le hinstitiúidí um chóir ar scor ceirde atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2003/41/CE, lena n-áirítear aon eintiteas údaraithe atá freagrach as institiúid den sórt sin a bhainistiú agus a ghníomhaíonn thar a cheann mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) den Treoir sin mar aon le haon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh chun críocha infheistíochta ag na hinstitiúidí sin, a ghníomhaíonn go heisiach ar mhaithe leis na hinstitiúidí sin amháin, agus maidir le gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/41/CE.

(28)

Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag an maolú sealadach maidir le gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid na ngnóthas árachais saoil ar choinníoll go ndéanfar na sócmhainní comhfhreagracha uile agus na dliteanais chomhfhreagracha uile a imfhalú, a bhainistiú agus a eagrú ar leithligh óna chéile, gan aon deis ar aistriú. Ba cheart go mbeadh feidhm aige freisin maidir le haon eintiteas údaraithe agus maoirsithe eile a oibríonn ar bhonn náisiúnta amháin nó maidir le socruithe a chuirtear ar fáil i gcríoch Ballstáit amháin go príomha ach amháin má aithnítear iad araon leis an dlí náisiúnta agus gurb é is príomhchuspóir dóibh sochair a chur ar fáil tráth an scoir. Ba cheart na heintitis agus na socruithe dá dtagraítear san aithris seo a bheith faoi réir chinneadh an údaráis inniúil ábhartha agus, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, fáil réidh le haon mhí-ailínithe a d'fhéadfadh a bheith ann agus aon droch-úsáid a sheachaint, ba cheart go mbeadh siad faoi réir thuairim ÚEUM, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚEÁPC. D'fhéadfaí a áireamh le heintitis agus socruithe a chlúdach nár ghá go mbeidís ceangailte le clár fostóirí maidir le pinsean ach arb é an príomhchuspóir atá fós acu ioncam a chur ar fáil tráth an scoir, ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach. D'fhéadfaí a áireamh i measc na samplaí eintitis dhlíthiúla a fheidhmíonn scéimeanna pinsean ar bhonn maoinithe faoi dhlí náisiúnta, ar choinníoll go n-infheisteoidís i gcomhréir le prionsabal “an duine stuama” agus socruithe pinsean a dhéanann daoine aonair go díreach, a bhféadfadh árachóirí saoil iad a chur ar fáil freisin. Níor cheart go gclúdófaí leis an díolúine sa chás sin idirbhearta na gconarthaí thar an gcuntar a bhaineann le táirgí eile an árachóra maidir le hárachas saoil nach bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu ioncam a chur ar fáil tráth an scoir.

Samplaí eile a d'fhéadfaí a lua is ea gnóthaí um chóir ar scor de chuid gnóthais árachais a chumhdaítear le Treoir 2002/83/CE, ar choinníoll go n-áireofaí na sócmhainní uile a fhreagraíonn do na gnóthaí i gclár speisialta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le gnóthais árachais a atheagrú agus a fhoirceannadh (15) mar aon le socruithe um chóir ar scor ceirde de chuid gnóthais árachais atá bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála. Institiúidí a bhunaítear chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí de chuid socruithe scéim pinsin i gcás mainneachtana, ba cheart breathnú orthu siúd mar scéim pinsean chomh maith chun críocha an Rialacháin seo.

(29)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeadh na rialacha atá infheidhme maidir le contrapháirtithe airgeadais infheidhme freisin maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais. Aithnítear go mbaineann contrapháirtithe neamhairgeadais úsáid as conarthaí díorthacha thar an gcuntar chun iad féin a chumhdach in aghaidh rioscaí tráchtála atá nasctha go díreach lena gcuid gníomhaíochtaí tráchtála nó lena gcuid gníomhaíochtaí airgeadais cisteáin. Dá réir sin, agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart do chontrapháirtí neamhairgeadais a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart go mbreithneofaí an chúis atá ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais sin le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a úsáid chomh maith le méid na neamhchosaintí atá aige sna hionstraimí sin. Chun a áirithiú go mbíonn an deis ag institiúidí neamhairgeadais a dtuairimí i leith na dtairseach imréitigh a thabhairt, ba cheart do ÚEUM, agus na caighdeáin theicniúla ábhartha rialála á n-ullmhú aige, comhairliúchán poiblí oscailte a sheoladh chun rannpháirtíocht na n-institiúidí neamhairgeadais a áirithiú. Ba cheart do ÚEUM freisin dul i gcomhairle le gach údarás ábhartha, mar shampla an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh, chun a áirithiú go ndéantar nósúlacht na n-earnálacha sin a chur san áireamh go hiomlán. Ina theannta sin, faoin 17 Lúnasa 2015, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar thábhacht shistéamach idirbhearta na ngnólachtaí neamhairgeadais i gconarthaí díorthacha thar an gcuntar in earnálacha difriúla, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh.

(30)

Agus cinneadh á dhéanamh an laghdaíonn nó nach laghdaíonn conradh díorthach thar an gcuntar rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála agus gníomhaíochtaí cistíochta contrapháirtí neamhairgeadais, ba cheart aird chuí a thabhairt ar straitéisí fálaithe agus maolaithe riosca foriomlána an chontrapháirtí neamhairgeadais sin. Ba cheart, go háirithe, a bhreithniú cibé acu atá nó nach bhfuil conradh díorthach thar an gcuntar iomchuí go heacnamaíoch chun rioscaí a laghdú i stiúradh agus i mbainistiú contrapháirtí neamhairgeadais, i gcás ina mbaineann na rioscaí le luaineachtaí i rátaí úis, i rátaí malairte eachtraí, i rátaí boilscithe nó i bpraghsanna tráchtearraí.

(31)

Is figiúr an-tábhachtach é an tairseach imréitigh do na contrapháirtithe neamhairgeadais go léir. Nuair a bheidh an tairseach imréitigh á socrú, ba cheart ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme conarthaí díorthacha thar an gcuntar a chur san áireamh. I ndáil leis sin, ba cheart dícheall cuí a dhéanamh aitheantas a thabhairt do na modhanna maolaithe riosca a bhíonn in úsáid ag contrapháirtithe neamhairgeadais i gcomhthéacs a gcuid gnáthghníomhaíochta gnó.

(32)

Ba cheart go ndéanfaí comhaltaí CEBC agus comhlachtaí Ballstát eile eile a dhéanann feidhmeanna cosúla, comhlachtaí poiblí Aontais eile a bhfuil sé mar chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann, agus an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ionas go seachnófaí teorainn a chur lena gcumhacht a gcuid cúraimí comhleasmhara a dhéanamh.

(33)

Toisc nach bhfuil gach rannpháirtí sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh ábalta a bheith ina gcomhaltaí imréitigh de chontrapháirtí lárnach, ba cheart an deis a bheith acu contrapháirtithe lárnacha a rochtain mar chliaint nó mar chliaint indíreacha faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

(34)

D'fhéadfadh saobhadh iomaíoch gan choinne tarlú i margadh na ndíorthach thar an gcuntar má thugtar isteach oibleagáid imréitigh mar aon le próiseas lena shuíomh cé na contrapháirtithe lárnacha is féidir a úsáid ar mhaithe leis an oibleagáid sin. Mar shampla, d'fhéadfadh contrapháirtí lárnach diúltú idirbhearta a dhéantar a fhorghníomhú ar ionaid trádála áirithe a imréiteach toisc gur le hionad thrádála atá in iomaíocht leo é an contrapháirtí lárnach sin. Chun cleachtais idirdhealaitheacha den sórt sin a sheachaint, ba cheart do na contrapháirtithe lárnacha comhaontú le hidirbhearta arna bhforghníomhú in ionaid trádála dhifriúla a imréiteach, a mhéid go gcomhlíonann na hionaid sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag na contrapháirtithe sin, gan a bheith faoi threoir na ndoiciméad conarthach ar ar a mbonn a ndearna na páirtithe an t-idirbheart díorthach thar an gcuntar a thabhairt i gcrích, ar choinníoll go bhfuil na doiciméid comhsheasmhach sin le caighdeáin an mhargaidh. Ba cheart d'ionaid trádála fothaí trádála a sholáthar do chontrapháirtithe lárnacha ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart go bhféadfadh ceart rochtana contrapháirtí lárnaigh ar ionad um fhorghníomhú deis a thabhairt socruithe a dhéanamh ina mbeidh níos mó ná contrapháirtí lárnach amháin ag úsáid fothaí trádála an ionaid trádála chéanna. Mar sin féin níor cheart go dtarlódh idir-inoibritheacht le haghaidh díorthaigh a imréiteach dá bharr nó níor cheart go gcruthódh sé ilroinnt leachtachta.

(35)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo bac ar rochtain chothrom agus oscailte idir ionaid trádála agus contrapháirtithe lárnacha sa mhargadh inmheánach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM agus arna nglacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún leanúint le faireachán géar a dhéanamh ar an athrú a thagann ar mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar agus ba cheart dó, nuair is gá sin, idiragairt chun saobhadh iomaíoch a chosc sa mhargadh inmheánach arb é an aidhm atá leis deis chothrom a áirithiú sna margaí airgeadais.

(36)

I réimsí áirithe faoi chuimsiú seirbhísí airgeadais agus trádáil conarthaí díorthacha, d'fhéadfadh cearta tráchtála agus maoine intleachtúla a bheith ann chomh maith. I gcásanna ina mbaineann cearta maoine den sórt sin le táirgí nó seirbhísí a bhfuil caighdeáin tionscail déanta díobh, nó a bhfuil tionchar acu ar na caighdeáin sin, ba cheart ceadúnais a bheith ar fáil ar théarmaí comhréireacha atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach.

(37)

Tá gá le sonraí iontaofa chun na haicmí ábhartha de conarthaí díorthacha thar an gcuntar ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, na tairseacha a chuirfear i bhfeidhm agus na contrapháirtithe neamhairgeadais eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a shainaithint. Dá bhrí sin, chun críocha rialála, tá sé tábhachtach go ndéantar ceanglas aonfhoirmeach tuairiscithe sonraí maidir le díorthaigh a bhunú ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, tá gá le hoibleagáid tuairiscthe chúlghabhálach, a mhéid is féidir, do chontrapháirtithe airgeadais agus do chontrapháirtithe neamhairgeadais araon, chun sonraí inchomparáide a sholáthar, [lena n-áirítear] do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla ábhartha.

(38)

Is idirbheart idir dhá ghnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus atá faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú é idirbheart laistigh de ghrúpa. Is cuid den scéim institiúideach cosanta chéanna dá dtagraítear in Airteagal 80(8) de Threoir 2006/48/CE iad nó, i gcás institiúidí creidmheasa iad atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, gur institiúidí creidmheasa iad araon nó gur institiúid creidmheasa ceann amháin acu agus gur chomhlacht lárnach é an ceann eile. Féadfar conarthaí díorthacha thar an gcuntar a aithint laistigh de ghrúpaí neamhairgeadais nó de ghrúpaí airgeadais, chomh maith le laistigh de ghrúpaí ina bhfuil gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais araon, agus má mheastar gur idirbheart laistigh de ghrúpa é an conradh sin maidir le contrapháirtí amháin, ba cheart breathnú air freisin mar idirbheart laistigh de ghrúpa maidir le contrapháirtí eile an chonartha. Aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hidirbhearta laistigh de ghrúpa chun rioscaí laistigh de struchtúr grúpa a chomhbhailiú agus gur rioscaí sonracha mar sin iad rioscaí laistigh de ghrúpa. Toisc go bhféadfaí teorainn a chur le héifeachtúlacht na bpróiseas bainistithe riosca laistigh de ghrúpa le tíolacadh na n-idirbheart sin chuig an oibleagáid imréitigh, d'fhéadfadh sé a bheith tairbhiúil idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh, ar choinníoll nach n-ardófaí an riosca sistéamach leis an díolúine sin. Mar thoradh air sin, ba cheart malartú comhthaobhachta leordhóthanach a chur chuig an gcontrapháirtí lárnach d'imréiteach na n-idirbheart sin, i gcás inarb iomchuí é sin a dhéanamh chun rioscaí contrapháirtí laistigh de ghrúpa a mhaolú.

(39)

I roinnt cásanna ar bhonn cinnidh ó na húdaráis inniúla, áfach, d'fhéadfaí roinnt idirbheart laistigh de ghrúpa a dhíolmhú ón gceanglas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh ar choinníoll go bhfuil nósanna imeachta bainistithe riosca acu atá sách fónta, daingean agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt agus nach bhfuil bac ar aistriú pras a gcistí dílse nó ar dhliteanas a aisíoc go pras idir na contrapháirtithe. Na critéir sin, chomh maith leis na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear díolúintí i bhfeidhm, ba cheart iad a shonrú i gcaighdeáin theicniúla rialála a ghlacfar i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha lena mbunaítear na ÚMEanna. Sula ndéanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart do na hÚMEanna measúnú iarmharta a ullmhú maidir leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar an margadh inmheánach agus ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chomh maith agus go háirithe ar oibríochtaí agus struchtúr na ngrúpaí lena mbaineann. Maidir leis na caighdeáin theicniúla uile is infheidhme i leith na comhthaobhachta arna malartú sna hidirbhearta laistigh de ghrúpa, lena n-áirítear na critéir don díolúine, ba cheart go gcuirfí san áireamh leo príomhshainiúlachtaí na n-idirbheart sin agus na difríochtaí atá ann idir contrapháirtithe neamhairgeadais agus contrapháirtithe airgeadais chomh maith leis an cuspóir agus na modhanna a bhaineann le díorthaigh a úsáid.

(40)

Ba cheart go measfaí contrapháirtithe a bheith san áireamh sa chomhdhlúthú céanna, ar a laghad, nuair a bhíonn siad araon áirithe i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 83/349/CEE (16) ón gComhairle nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) nó, i ndáil le grúpa a bhfuil ceannoifig a mháthairghnóthais i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún (18) (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007), nó i gcás go bhfuil an dá cheann díobh cuimsithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE nó le Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag an máthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna ag údarás inniúil tríú tír atá fíordheimhnithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 143 de Threoir 2006/48/CE nó in Airteagal 2 de Threoir 2006/49/CE.

(41)

Tá sé tábhachtach go ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh na sonraí ar fad faoi na conarthaí díorthacha atá déanta acu a thuairisciú do stórtha trádála. Dá bhrí sin, déanfar faisnéis faoi na rioscaí a bhaineann go dlúth le margaí na ndíorthach a stóráil go lárnach agus beidh rochtain éasca orthu, inter alia, ag ÚEUM, ag na húdaráis inniúla iomchuí, ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus ag na bainc cheannais ábhartha de CEBC.

(42)

Tá barainneachtaí scála ina bpríomhthréith a ghabhann le soláthar seirbhísí stórtha trádála, agus is rud é sin a d'fhéadfadh cur isteach ar iomaíochas sa réimse áirithe sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh ceanglas cuimsitheach tuairiscithe a fhorchur ar rannpháirtithe an mhargaidh luach na faisnéise atá á coimeád ag stórtha trádála a mhéadú chomh maith do thríú páirtithe a chuireann seirbhísí coimhdeacha ar fáil, amhail deimhniú trádála, comhoiriúnú trádála, seirbhísiú teagmhas creidmheasa, seirbhísí um réiteach punainne nó seirbhísí um chomhbhrú punainne. Is iomchuí a áirithiú nach ndéanfaidh monaplacht nádúrtha a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le seirbhísí stórtha trádála a sholáthar an bonn a bhaint de na coinníollacha cothroma san earnáil iarthrádála i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar stórtha trádála rochtain ar an bhfaisnéis a choimeádtar sa stór a sholáthar ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, faoi réir na réamhchúraimí is gá maidir le cosaint sonraí.

(43)

Chun foráil a dhéanamh d'fhorbhreathnú cuimsitheach ar an margadh agus chun rioscaí sistéamacha a mheasúnú, ba cheart conarthaí díorthacha atá imréitithe trí chontrapháirtí lárnach mar aon le conarthaí díorthacha nach bhfuil imréitithe trí contrapháirtí lárnach a thuairisciú do stórtha trádála.

(44)

Ba cheart go ndéanfaí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do na hÚMEanna chun na cúraimí a thugtar dóibh sa Rialachán seo a fheidhmiú go héifeachtach.

(45)

Contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha a thugann conradh díorthach i gcrích, nó a dhéanann é a leasú nó a fhoirceannadh, ba cheart dóibh a áirithiú go dtuairisceofaí mionsonraí an chonartha sin chuig stór trádála. Ba cheart go mbeadh siad in ann tuairisciú an chonartha a tharmligean chuig eintiteas eile. Maidir le heintiteas nó a chuid fostaithe a thuairiscíonn mionsonraí conartha díorthach do stór trádála thar ceann contrapháirtí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart dó srian ar bith a shárú maidir le nochtadh. Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le tuairisciú á n-ullmhú, ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM san áireamh an dul chun cinn atá déanta i bhforbairt aitheantóra uathúil conartha mar aon leis an liosta de shonraí tuairiscithe a cheanglaítear a dhéanamh, mar atá in Iarscríbhinn I, Tábla 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (20) lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE, agus rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile amhail an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh.

(46)

Agus na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na réimeanna pionósaithe in earnáil na seirbhísí airgeadais a threisiú mar aon leis na gníomhartha reachtacha Aontais a glacadh ag teacht as an Teachtaireacht sin á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit na pionóis sin a fhorfheidhmiú ar bhealach nach laghdaíonn éifeachtacht na rialacha sin. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go mbeadh siad bunaithe ar threoirlínte a bheidh glactha ag ÚEUM chun cóineasú agus comhsheasmhacht thrasearnálach na réimeanna pionós san earnáil airgeadais a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar na pionóis agus na bearta riaracháin a fhorchuirtear a fhoilsiú go poiblí, i gcás inarb iomchuí, agus go ndéantar tuarascálacha um measúnú ar éifeachtacht na rialacha atá ann cheana féin a fhoilsiú ar bhonn tráthrialta.

(47)

D'fhéadfaí contrapháirtí lárnach a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo in aon Bhallstát. Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar Bhallstát nó ar ghrúpa Ballstát, go díreach nó go hindíreach, mar ionad do sheirbhísí imréitigh. Níor cheart go bhféachfadh aon ní sa Rialachán seo le contrapháirtí lárnach i ndlínse amháin a shrianadh nó a chosc ó imréiteach a dhéanamh ar tháirge atá ainmnithe in airgeadra Ballstáit eile nó in airgeadra tríú tír.

(48)

Ba cheart go mbeadh údarú contrapháirtí lárnaigh coinníollach ar mhéid íosta de chaipiteal tosaigh. Ba cheart don chaipiteal, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí contrapháirtí lárnaigh, a bheith comhréireach leis an riosca a eascraíonn as gníomhaíochtaí an chontrapháirtí lárnaigh i gcónaí chun a áirithiú go bhfuil sé caipitlithe go leormhaith in aghaidh rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlí agus gnó nach bhfuil cuimsithe cheana féin le hacmhainní sonracha airgeadais agus go bhfuil sé ábalta a oibríochtaí a fhoirceannadh nó a athstruchtúrú go hordúil más gá.

(49)

Toisc go dtugtar isteach leis an Rialachán seo oibleagáid dhlíthiúil contrapháirtithe lárnacha sonracha a úsáid ar mhaithe le himréiteach chun críocha rialála, is ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin sábháilte agus fónta agus go gcloíonn siad i gcónaí leis na ceanglais dhiana eagraíochtúla, iompair ghnó agus stuamachta, arna mbunú ag an Rialachán seo. Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin maidir le himréiteach na n-ionstraimí airgeadais go léir a ndéileálann na contrapháirtithe lárnacha leo.

(50)

Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a áirithiú, chun críocha rialála agus comhchuibhithe, gur contrapháirtithe lárnacha a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, agus iadsan amháin, a bhíonn in úsáid ag contrapháirtithe. Níor cheart leis na ceanglais sin go gcuirfí cosc ar na Ballstáit riachtanais bhreise a ghlacadh, nó leanúint de na riachtanais sin a chur i bhfeidhm, maidir le contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríoch lena n-áirítear ceanglais áirithe um údarú faoi Threoir 2006/48/CE. Mar sin féin, má chuirtear na riachtanais bhreise sin i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh tionchar aige sin ar cheart na gcontrapháirtithe lárnacha atá údaraithe i mBallstáit eile nó a aithnítear, i gcomhréir leis an Rialachán seo, seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint atá bunaithe sa Bhallstát lena dtugtar isteach ceanglais bhreise, ós rud é nach bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin faoi réir na gceanglas breise sin agus nach gá dóibh iad a chomhlíonadh. Faoin 30 Meán Fómhair 2014, ba cheart go ndéanfadh ÚEUM tuarascáil a dhréachtú ar an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm ceanglas breise a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit.

(51)

Tá rialacha díreacha maidir le húdarú agus maoirseacht contrapháirtithe lárnacha ina n-atoradh bunriachtanach den oibleagáid conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach. Is iomchuí go bhfanfadh an fhreagracht ar údaráis inniúla as gach gné d'údarú agus de mhaoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha sin, lena n-áirítear an fhreagracht chun fíorú a dhéanamh go bhfuil an Rialachán seo agus Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (21) á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí lárnach is iarratasóir, toisc gurb iad na húdaráis inniúla náisiúnta sin is fearr atá ábalta féachaint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na contrapháirtithe sin ar bhonn laethúil, athbhreithnithe rialta a dhéanamh agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh nuair is gá.

(52)

Nuair a bhíonn contrapháirtí lárnach i mbaol dócmhainneachta, d'fhéadfadh freagracht fhioscach a bheith, den chuid is mó, ar an mBallstát ina bhfuil an contrapháirtí lárnach sin bunaithe. Dá bhrí sin, is é an t-údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát sin ar cheart dó an contrapháirtí lárnach sin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh air. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh comhaltaí imréitigh contrapháirtí lárnaigh a bheith bunaithe i mBallstáit éagsúla agus gurb iad sin na chéad chomhaltaí a mbeidh tionchar ag mainneachtain an chontapháirtí lárnaigh orthu, is ríthábhachtach go mbeadh na húdaráis ábhartha inniúla uile agus ÚEUM rannpháirteach sa phróiseas údaraithe agus maoirseachta. Ar an dóigh sin, seachnófar bearta nó cleachtais náisiúnta a bheadh éagsúil le chéile agus bacainní do dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart go ndéanfadh ÚEUM údaráis inniúla eile sna Ballstáit lena mbaineann a áireamh san obair maidir le moltaí agus cinntí a ullmhú.

(53)

I bhfianaise an róil a thugtar do choláistí, tá sé tábhachtach go mbeidh na húdaráis inniúla ábhartha uile agus comhaltaí CEBC rannpháirteach i gcomhlíonadh a gcúraimí. Ba cheart go mbeadh an coláiste comhdhéanta de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ní hamháin ar an gcontrapháirtí lárnach ach freisin ar mhaoirseoirí na n-eintiteas a bhféadfadh oibríochtaí an chontrapháirtí lárnaigh sin tionchar a bheith acu orthu, eadhon comhaltaí imréitigh roghnaithe, ionaid trádála, contrapháirtithe lárnacha idir-inoibritheacha agus taisclanna lárnacha urrús. Maidir le comhaltaí CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnaigh agus ar na contrapháirtithe lárnacha idir-inoibritheacha agus maidir leis na comhaltaí sin atá freagrach as eisiúint airgeadraí na n-ionstraimí airgeadais arna n-imréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach, ba cheart go mbeadh siad in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste. Ós rud é gur i réimse teoranta Ballstát ina bhfeidhmíonn an contrapháirtí lárnach a bhunófaí na heintitis a ndéanfaí maoirseacht nó formhaoirseacht orthu, d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh údarás inniúil amháin nó comhalta aonair de CEBC freagrach as maoirseacht nó formhaoirseacht a dhéanamh ar roinnt de na heintitis. Chun a áirithiú go mbeidh comhar réidh ann idir comhaltaí uile an choláiste, ba cheart nósanna imeachta agus sásraí iomchuí a bhunú.

(54)

Toisc go nglactar leis go bhfuil bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir comhaltaí uile an choláiste, is iomchuí, i bhfianaise íogaireacht an ábhair, an chumhacht a thabhairt do na comhaltaí sin chun na nósanna imeachta cinnteoireachta a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta vótála a leagan síos i gcomhaontú i scríbhinn arna dhéanamh idir comhaltaí uile an choláiste. Mar sin féin, chun cothrom na Féinne a thabhairt do leasanna na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh agus leasanna na mBallstát araon, ba cheart don choláiste vótáil i gcomhréir leis an bprionsabal ginearálta gur vóta amháin a bhíonn ag gach comhalta, beag beann ar líon na bhfeidhmeanna a chomhlíonann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 chomhalta nó 12 chomhalta, ba cheart go mbeadh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus ba cheart gur vóta amháin a bheadh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, ba cheart go mbeadh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus ba cheart gur vóta amháin a bheadh ag gach comhalta vótála.

(55)

Éilíonn cás an-sonrach seo na gcontrapháirtithe lárnacha go mbeadh na coláistí eagraithe agus go mbeadh siad ag feidhmiú i gcomhréir le socruithe atá sainiúil do mhaoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha sin.

(56)

Ní hionann na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus fasach do reachtaíocht eile maidir le maoirseacht agus formhaoirseacht bonneagar margaí airgeadais, go háirithe maidir le modheolaíochtaí vótála le haghaidh tarchur chuig ÚEUM.

(57)

Níor cheart contrapháirtí lárnach a údarú i gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis inniúla an Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile nár cheart an contrapháirtí lárnach a údarú. Más rud é, áfach, go dtugann tromlach dóthanach den choláiste tuairim dhiúltach agus má dhéanann aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach sin de dhá thrian den choláiste, an cheist a tharchur chuig ÚEUM, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe a chinneadh maidir leis an údarú a chur siar agus fanacht go ndéanfar aon chinneadh ón ÚEUM maidir le comhréireacht le dlí an Aontais. Ba cheart don údarás inniúil na Ballstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe a chinneadh a dhéanamh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM. I gcás ina dtagann comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim maidir leis an gcúis go measann siad nach bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh, agus nár cheart go dtabharfaí údarú don chontrapháirtí lárnach, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe bheith in ann an cheist a tharchur chuig ÚEUM chun cinneadh a dhéanamh maidir le comhréireacht le dlí an Aontais.

(58)

Is gá forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla, ÚEUM agus údaráis ábhartha eile a threisiú agus na dualgais maidir le cúnamh agus comhar eatarthu a neartú. Ós rud é go bhfuil an ghníomhaíocht trasteorann ag dul i méid, ba cheart do na húdaráis sin an fhaisnéis ábhartha chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích a sholáthar dá chéile d'fhonn forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféadfadh sáruithe nó sáruithe amhrasta a bheith ina n-ábhar imní d'údaráis in dhá Bhallstát nó níos mó. Tá dianrúndacht ghairmiúil de dhíth le haghaidh an mhalartaithe faisnéise. Toisc tionchar leathan a bheith ag na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, is bunriachtanach go mbíonn rochtain ag údaráis ábhartha eile, amhail údaráis chánach agus rialtóirí fuinnimh, ar an bhfaisnéis a bhíonn de dhíth orthu lena bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

(59)

I bhfianaise nádúr domhanda na margaí airgeadais, ba cheart go mbeadh freagracht dhíreach ar ÚEUM as contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe i dtríú tíortha a shainaithint agus, dá réir sin, as cead a thabhairt dóibh seirbhísí imréitigh a sholáthar laistigh den Aontas, ar choinníoll go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin coibhéiseach le creat an Aontais agus ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe eile. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚEUM aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír, a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Fós féin, ionas nach gcuirfear bacainn ar ghnó bainistithe infheistíochta trasteorann san Aontas a fhorbairt tuilleadh, níor cheart go mbeadh ar chontrapháirtí lárnach i dtríú tír a sholáthraíonn seirbhísí do chliaint atá bunaithe san Aontas trí chomhalta imréitigh atá bunaithe i dtríú tír a bheith aitheanta ag ÚEUM. Sa chomhthéacs sin, beidh tábhacht faoi leith le comhaontuithe le mór-chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais chun a áirithiú go mbeidh deis chothrom ann ar fud an domhain agus d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

(60)

An 16 Meán Fómhair 2010, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach gur ghá don Aontas a leas agus a cuid luachanna a chur chun cinn ar bhealach ní ba threallúsaí agus de mheon na cómhalartachta agus an chomhleasa i gcomhthéacs chaidreamh seachtrach an Aontais, agus céimeanna a ghlacadh, inter alia, chun rochtain ní b'fhearr ar an margadh a fháil don ghnó Eorpach agus chun an comhoibriú rialála a dhoimhniú le mórpháirtithe trádála.

(61)

Ba cheart socruithe daingne rialachais, lucht bainistíochta sinsearaí a bhfuil dea-cháil orthu agus comhaltaí neamhspleácha a bheith ar an mbord ag an gcontrapháirtí lárnaigh, beag beann ar a struchtúr úinéireachta. Ba cheart aon trian ar a laghad, agus gan níos lú ná beirt, de chomhaltaí a bhord a bheith neamhspleách. Mar sin féin, d'fhéadfadh socruithe éagsúla rialachais agus struchtúir úinéireachta a bheadh i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach tionchar a imirt ar a thoilteanas nó ar a chumas táirgí áirithe a imréiteach. Dá bhrí sin, is iomchuí go rachadh comhaltaí neamhspleácha an bhoird agus an coiste rioscaí arna bhunú ag an gcontrapháirtí lárnach i ngleic le coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de chontrapháirtí lárnach. Ní mór go mbeadh ionadaíocht leormhaith ag comhaltaí imréitigh agus ag a gcliaint toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag cinntí an chontrapháirtí lárnaigh orthu.

(62)

Féadfaidh contrapháirtí lárnach feidhmeanna a eisfhoinsiú. Ba cheart do choiste riosca an chontrapháirtí lárnaigh comhairle a thabhairt maidir le heisfhoinsiú. Níor cheart mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a eisfhoinsiú mura rud é go mbeidh an méid sin formheasta ag údarás inniúil.

(63)

Ba cheart go mbeadh na ceanglais rannpháirtíochta le haghaidh contrapháirtí lárnaigh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh do chianrochtain a mhéid nach bhfuil an contrapháirtí lárnach sin neamhchosanta ar rioscaí breise.

(64)

Ba cheart leibhéal ard cosanta a thabhairt do chliaint na gcomhaltaí imréitigh a imréitíonn a gconarthaí díorthacha thar an gcuntar trí chontrapháirtithe lárnacha. Braitheann leibhéal iarbhír na cosanta ar an leibhéal leithscartha a roghnaíonn na cliaint sin. Ba cheart d'idirghabhálaithe a sócmhainní a leithscaradh ó shócmhainní a gcliant. Ar an gcúis sin, ba cheart do na contrapháirtithe lárnacha taifid cothrom le dáta agus atá so-aitheanta a choimeád, d'fhonn aistriú suíomhanna agus sócmhainní chliaint an chomhalta imréitigh mhainneachtana chuig comhalta imréiteach sócmhainneach a éascú nó, de réir mar a bheidh, leachtacht ordúil shuíomhanna na gcliant agus aischur na comhthaobhachta barrachais chuig na cliaint a éascú. Ba cheart go mbeadh forlámhas ag na ceanglais maidir le leithscaradh agus iniomparthacht shuímh agus shócmhainní cliant atá leagtha síos sa Rialachán seo ar aon dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin codarsnacha de chuid na mBallstát a chuireann cosc ar na páirtithe iad a chomhlíonadh.

(65)

Ba cheart creat bainistithe riosca fónta a bheith ag na contrapháirtithe lárnacha chun rioscaí creidmheasa, rioscaí leachtachta, rioscaí oibríochtúla agus rioscaí eile a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí a iompraíonn sé nó a chruthaíonn sé d'eintitis eile mar thoradh ar idirthuilleamaíochtaí. Ba cheart nósanna imeachta agus sásraí leormhaithe a bheith i bhfeidhm ag an gcontrapháirtí lárnach chun déileáil le mainneachtain comhalta imréitigh. Chun riosca tadhlachta mainneachtana den sórt sin a íoslaghdú, ba cheart don chontrapháirtí lárnach diancheanglais rannpháirtíochta a bheith i bhfeidhm aige, corrlaigh bhunaidh iomchuí a bhailiú, ciste mainneachtana agus acmhainní airgeadais eile a chothabháil chun caillteanais ionchais a chumhdach. Chun a áirithiú go dtairbhíonn 's ar bhonn leanúnach, ba cheart don chontrapháirtí lárnach méid íosta a shuíomh nach rachaidh méid an chiste mainneachtana faoina bhun i gcoitinne. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh sé sin teorainn le cumas contrapháirtithe lárnacha úsáid a bhaint as an gciste sin ina iomláine chun na caillteanais a eascraíonn as ciste mainneachtain comhalta imréitigh a chlúdach.

(66)

Agus creat bainistithe rioscaí fónta á shainmhíniú aige, ba cheart do chontrapháirtí lárnach an riosca a d'fhéadfadh a bheith ag roinnt leis sin agus an tionchar eacnamaíoch ar na comhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint a chur san áireamh. Cé gur cheart go mbeadh forbairt bainistiú riosca a bheadh stóinsitheach fós ina príomhchuspóir ag contrapháirtí lárnach, féadfaidh sé a chomharthaí sóirt a chur in oiriúint do ghníomhaíochtaí sonracha agus próifílí riosca chliaint na gcomhaltaí imréitigh, agus má mheastar gurb iomchuí sin bunaithe ar na critéir a bheidh sonraithe sna caighdeáin theicniúla rialála atá le forbairt ag ÚEUM, féadfaidh sé ar a laghad airgead tirim, bannaí rialtais, bannaí faoi chumhdach i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE faoi réir ag caolchorrlaigh dhóthanacha, ráthaíochtaí a bheidh inghlaoite don chéad éileamh a dheonóidh comhalta de CEBC, ráthaíochtaí bainc thráchtála a bheidh faoi réir coinníollacha dochta a bhaineann go háirithe le hacmhainneacht creidmheasa an ráthóra agus naisc chaipitil an ráthóra le comhaltaí imréitigh chontrapháirtí lárnaigh a áireamh le raon na sócmhainní ardleachtachta a nglactar leo mar chomhthaobhacht. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ÚEUM a mheas gur sócmhainn a bheidh inghlactha mar chomhthaobhacht é an t-ór freisin. Ba cheart go mbeadh contrapháirtithe lárnacha in ann glacadh freisin, faoi choinníollacha diana bainistithe riosca, le ráthaíochtaí bainc thráchtála ó chontrapháirtithe neamhairgeadais a ghníomhóidh mar chomhaltaí imréitigh.

(67)

Ba cheart do straitéisí bainistithe riosca na gcontrapháirtithe lárnacha a bheith fónta a ndóthain ionas go seachnófaí rioscaí don cháiníocóir.

(68)

D'fhéadfadh iarmhairtí comhthimthriallacha a bheith ag glaonna ar éarlais agus ag caolchorrlaigh. Ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha, d'údaráis inniúla agus do ÚEUM, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh chun iarmhairtí comhthimthriallacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn i gcleachtais bhainistithe riosca arna nglacadh ag contrapháirtithe lárnacha a chosc agus a rialú, a mhéid nach ndéantar dochar d'fhóntacht ná do shlándáil airgeadais na gcontrapháirtithe lárnacha sin.

(69)

Is cuid bhunriachtanach den phróiseas imréitigh é an bainistiú ar neamhchosaint. Ba cheart rochtain ar na foinsí praghsála ábhartha, mar aon lena n-úsáid, a cheadú chun seirbhísí imréitigh i gcoitinne a sholáthar. Ba cheart go n-áireofaí sna foinsí praghsála sin na foinsí sin a bhaineann le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagairtí do dhíorthaigh nó d'ionstraimí airgeadais eile.

(70)

Is corrlaigh an phríomhchosaint atá ag contrapháirtí lárnach. Bíodh is gur cheart do chontrapháirtithe lárnacha na corrlaigh a fhaigheann siad a infheistiú ar bhealach sábháilte agus stuama, ba cheart dóibh iarracht ar leith a dhéanamh cosaint leormhaith do chorrlaigh a áirithiú lena ráthú go ndéantar iad a thabhairt ar ais go tráthúil do na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó do chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí lárnach atá ag bailiú na gcorrlach sin.

(71)

Is bunriachtanach do chontrapháirtí lárnach rochtain a bheith aige ar acmhainní leachtacha leordhóthanacha. D'fhéadfadh leachtacht den sórt sin teacht as rochtain ar leachtacht bainc cheannais, as rochtain ar leachtacht bainc thráchtála atá inchairde agus iontaofa, nó as an dá rud in éineacht. D'fhéadfadh rochtain ar leachtacht a bheith mar thoradh ar údarú a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2006/48/CE nó mar thoradh ar shocruithe iomchuí eile. Agus leordhóthanacht na n-acmhainní leachtachta á measúnú, go háirithe i gcásanna struis, ba cheart go gcuirfeadh contrapháirtí lárnach san áireamh na rioscaí maidir le leachtacht a fháil trína bheith ag brath ar línte creidmheasa ó bhainc thráchtála, agus orthu sin amháin.

(72)

In European Code of Conduct for Clearing and Settlement (An Cód Iompair Eorpach maidir le hImréiteach agus Socrú) an 7 Samhain 2006, bunaíodh creat deonach chun naisc a chur ar bun idir contrapháirtithe lárnacha. Mar sin féin, tá an earnáil iarthrádála ilroinnte i gcónaí ar bhonn náisiúnta, rud a dhéanann trádálacha trasteorann níos costasaí agus a chuireann bac ar chomhchuibhiú. Is gá, dá bhrí sin, na coinníollacha chun socruithe idir-inoibritheachta a bhunú idir contrapháirtithe lárnacha a leagan síos a mhéid is nach ndéanann siad sin na contrapháirtithe lárnacha ábhartha a neamhchosaint ar rioscaí nach bhfuil á mbainistiú go cuí.

(73)

Tá socruithe idir-inoibritheachta tábhachtach chun an margadh iarthrádála laistigh den Aontas a chomhtháthú tuilleadh, agus ba cheart go ndéanfaí foráil do rialáil. De bhrí go bhféadfadh contrapháirtithe lárnacha a bheith neamhchosanta ar rioscaí breise de dheasca socruithe idir-inoibritheacha, áfach, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha a bheith údaraithe ar feadh trí bliana sula ndéafaidh údaráis inniúla formheas a thabhairt do shocruithe idir-inoibritheacha den sórt sin. Chomh maith leis sin, i bhfianaise na gcastachtaí breise a bhaineann le socrú idir-inoibritheachta idir contrapháirtithe lárnacha a imréitíonn conarthaí díorthacha thar an gcuntar, is iomchuí ag an tráth seo raon feidhme na socruithe idir-inoibritheachta a shrianadh d'urrúis inaistrithe agus le hionstraimí margadh airgid. Faoin 30 Meán Fómhair 2014, áfach, ba cheart do ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh an mbeadh sé iomchuí ionstraimí airgeadais eile a chuimsiú faoin raon feidhme sin.

(74)

Chun críocha rialála, déanann stórtha trádála sonraí a bhailiú atá ábhartha do na húdaráis sna Ballstáit go léir. Ba cheart do ÚEUM freagracht a ghlacadh as stórtha trádála a chlárú, an clárú a tharraingt siar agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

(75)

Toisc go mbíonn rialtóirí, contrapháirtithe lárnacha agus rannpháirtithe eile sa mhargadh ag brath ar na sonraí atá á gcoimeád ag stórtha trádála, is gá a áirithiú go mbíonn na stórtha trádála sin faoi réir diancheanglas oibríochta, coimeáda taifead agus bainistíochta sonraí.

(76)

Is riachtanach é trédhearcacht praghsanna, táillí agus samhlacha bainistithe riosca a bhaineann leis na seirbhísí a chuireann contrapháirtithe lárnacha, a gcomhaltaí agus stórtha trádála ar fáil le cur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh rogha eolasach a dhéanamh.

(77)

Chun a chuid dualgas a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach, ba cheart go mbeadh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, in ann an fhaisnéis riachtanach uile a éileamh ar stórtha trádála, ar thríú páirtithe gaolmhara agus ar thríú páirtithe a ndearna na stórtha trádála feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu. Má éilíonn ÚEUM an fhaisnéis sin trí iarraidh shimplí, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an seolaí an fhaisnéis a sholáthar, ach, i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh dá dheoin féin, níor cheart go mbeadh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart ná míthreorach. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil gan mhoill.

(78)

Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánach, níor cheart do na húdaráis inniúla, do ÚEUM, do chomhlachtaí nó do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Maidir le comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as cásanna drochriaracháin a chosc, a imscrúdú nó a cheartú, níor cheart go ndéanfadh an méid seo, áfach, cosc a chur ar a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(79)

Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh.

(80)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig an údarás inniúil i mBallstát, mar shampla, i gcás ina mbeadh eolas agus taithí i leith na gcúinsí áitiúla ag teastáil do chúram maoirseachta, mar atá ar fáil níos éasca ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair a tharmligean. Sula ndéantar na cúraimí a tharmligean, ba cheart do ÚEUM dul i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le cúraimí a tharmligean amhlaidh, lena n-áirítear raon feidhme an chúraim atá le tarmligean, an clár ama a bheidh i gceist chun an cúram a chur i gcrích agus tarchur faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuig ÚEUM. Ba cheart go ndéanfadh ÚEUM na húdaráis atá inniúil maidir le cur i gcrích cúraim tharmligthe a chúiteamh i gcomhréir le rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh tharmligthe. Níor cheart go mbeadh ÚEUM in ann tarmligean a dhéanamh i gcás na cumhachta chun cinntí a ghlacadh maidir le clárúchán.

(81)

Is den riachtanas é a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a iarraidh ar ÚEUM a scrúdú an bhfuil na coinníollacha chun clárú stóir trádála a tharraingt siar á gcomhlíonadh. Ba cheart do ÚEUM iarrataí den sórt sin a mheasúnú agus aon bhearta iomchuí a dhéanamh dá réir.

(82)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun go gcuirfí iallach ar stórtha trádála deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán agus ceart arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair.

(83)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann fíneálacha a ghearradh ar stórtha trádála, i gcás ina gcinneann sé go bhfuil siad tar éis an Rialachán seo a shárú d'aon ghnó nó le faillí. Ba cheart fíneálacha a ghearradh i gcomhréir le tromchúis na sáruithe. Ba cheart sáruithe a roinnt ina ngrúpaí éagsúla ar cheart fíneálacha sonracha a chionroinnt ina leith. Chun an fhíneáil a bhaineann le sárú sonrach a ríomh, ba cheart do ÚEUM úsáid a bhaint as modheolaíocht dhá chéim arbh é a bheadh ann méid bunúsach a shocrú agus an méid bunúsach sin a choigeartú, más gá, faoi chomhéifeachtaí áirithe. Ba cheart an méid bunúsach a chinneadh trí láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann a chur san áireamh agus ba cheart go ndéanfaí na coigeartuithe tríd an méid bunúsach a mhéadú nó a laghdú trí na comhéifeachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(84)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbunófaí comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun go dtabharfaí na huirlisí is gá do ÚEUM chun cinneadh a dhéanamh ar fhíneáil a bheadh comhréireach le tromchúis an tsáraithe arna dhéanamh ag stór trádála, agus na himthosca ar fúthu a rinneadh an sárú sin á gcur san áireamh.

(85)

Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ba cheart do ÚEUM an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir leis na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint.

(86)

Ba cheart go staonfadh ÚEUM ó fhíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

(87)

Ba cheart go mbeadh cinntí ÚEUM lena ndéantar fíneálacha a ghearradh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur infhorfheidhmithe agus ba cheart go ndéanfaí forfheidhmiú na gcinntí sin a chur faoi réir le rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Níor cheart go mbeadh rialacha nós imeachta choiriúil san áireamh i rialacha nós imeachta shibhialta, ach ba cheart rialacha nós imeachta riaracháin a áireamh iontu.

(88)

I gcás sáraithe arna dhéanamh ag stór trádála, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag ÚEUM raon bearta maoirseachta a dhéanamh, lena n-áirítear a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú, agus, mar rogha dheireanach, an clárúchán a tharraingt siar i gcás ina mbeidh sárú tromchúiseach nó sárú arís agus arís eile déanta ag an stór trádála ar an Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM na bearta maoirseachta i bhfeidhm agus cineál agus tromchúis an tsáraithe á gcur san áireamh, agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na comhréireachta a urramú leo. Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh maidir le bearta maoirseachta, ba cheart dó deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun na cearta maidir le cosaint á gcomhlíonadh.

(89)

Is bunriachtanach é go dtugann Ballstáit agus ÚEUM cosaint don cheart chun príobháideachta atá ag daoine nádúrtha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (22) agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (23).

(90)

Is tábhachtach cóineasú ceanglas idirnáisiúnta a áirithiú le haghaidh contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Leanann an Rialachán seo na moltaí reatha a d'fhorbair an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPSS) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO), á thabhairt ar aire go bhfuil prionsabail CPSS-IOSCO do bhonneagar an mhargaidh airgeadais, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha, arna mbunú an 16 Aibreán 2012. Cruthaítear leis creat Aontais ina bhféadann contrapháirtithe lárnacha feidhmiú go sábháilte. Ba cheart do ÚEUM na caighdeáin reatha sin mar aon le forbairtí orthu amach anseo a bhreithniú le linn dó na caighdeáin theicniúla rialála a tharraingt suas, nó le linn dó a mholadh athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála, mar aon leis na treoirlínte agus na moltaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(91)

Ba cheart go ndéanfaí an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas atá díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe faoin Rialachán seo, i ndáil le rialacha nós imeachta eile a bhaineann le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta na cosanta, teorainneacha ama, bailiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na tréimhsí teorann i dtaca le híocaíochtaí pionóis nó fíneálacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú; i ndáil le bearta chun Iarscríbhinn II a leasú chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh; i ndáil leis an cineál táillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfaí doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(92)

Chun comhchuibhiú comhleanúnach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEM a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun críocha an Rialachán seo, maidir le pointe (4) go pointe (10) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE agus a chur i bhfeidhm, agus chun an méid seo a leanas a shonrú: conarthaí díorthacha thar an gcuntar a meastar go bhfuil éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha laistigh den Aontas acu a shonrú nó na cásanna ina bhfuil sé riachtanach nó iomchuí aon seachaint aon fhorála den Rialachán seo a chosc; na cineálacha socruithe conarthacha indíreacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo; aicmí na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar ba cheart a chur faoi réir na hoibleagáid imréitigh, an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach, na catagóirí contrapháirtithe a bhfuil feidhm ag an oibleagáid imréitigh maidir leo, agus íosaibíocht iarmhair na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a rinneadh nó a ndearnadh iad a nuachan roimh an dáta a ngabhann éifeacht leis an oibleagáid imréitigh; na mionsonraí atá le cur san áireamh i bhfógra an údaráis inniúil chuig ÚEUM maidir le húdarú a thugann sé do chontrapháirtí lárnach aicme conarthaí díorthacha a imréiteach; aicmí ar leith conarthaí díorthacha thar an gcuntar, méid caighdeánaithe na dtéarmaí conarthacha agus na bpróiseas oibríochtúla, an toirt agus an leachtacht, agus an fháil atá ar fhaisnéis phraghsála atá cothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go ginearálta léi; na mionsonraí atá le cur san áireamh i gclár ÚEUM d'aicmí conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá faoi réir oibleagáide imréitigh; na mionsonraí agus an cineál tuarascálacha do na haicmí éagsúla díorthach; critéir lena chinneadh cé acu conarthaí díorthacha thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí a laghdaíonn go díreach rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála nó gníomhaíocht um maoiniú cisteáin agus luachanna tairseacha imréitigh, na nósanna imeachta agus na socruithe i ndáil le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach; nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta atá riachtanach mar aon leis na socruithe um leithscaradh agus an leibhéal riachtanach caipitil; an nóisean ilroinnt leachtachta; ceanglais maidir le caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí contrapháirtithe lárnacha; an t-íosmhéid inneachair a bheidh sna rialacha agus socruithe rialachais do chontrapháirtithe lárnacha; mionsonraí na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coimeád ag contrapháirtithe lárnacha; íosmhéid inneachair agus ceanglais an bheartais um leanúnachas gnó agus na bpleananna athshlánaithe ó thubaiste atá ag contrapháirtithe lárnacha; an céatadán iomchuí agus na tréimhsí ionchais iomchuí i gcomhair tréimhse leachtachta agus i gcomhair ríomh na luaineachta stairiúla a bheidh le breithniú le haghaidh na n-aicmí éagsúla ionstraimí airgeadais, agus an cuspóir chun comh-thimthriallacht a theorannú mar aon leis na coinníollacha faoina bhféadfar na coinníollacha um éarlaisiú punainne a chur chun feidhme á gcur san áireamh; an creat lena sonrófar dálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, ar cheart iad a úsáid agus méid an chiste mainneachtana agus na n-acmhainní atá ag contrapháirtithe lárnacha á sainmhíniú. an mhodheolaíocht chun an méid d'acmhainní dílse an chontrapháirtí lárnaigh a ríomh agus chun iad a chothabháil; an cineál comhthaobhachta a d'fhéafdaí a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide, bannaí faoi chumhdach agus na caolchorrlaigh agus na coinníollacha faoina bhféadfar na ráthaíochtaí bainc thráchtála a ghlacadh mar chomhthaobhacht; na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh, socruithe an-urraithe agus teorainneacha maidir le comhchruinnithe; na cineálacha tástálacha struis a bheidh le déanamh ag contrapháirtithe lárnacha le haghaidh aicmí éagsúla ionstraimí airgeadais agus punann, rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha, minicíocht agus tráthú na dtástálacha agus na faisnéise ríthábhachtaí a bheidh le nochtadh ag an gcontrapháirtí lárnach i dtaobh a shamhail bhainistithe riosca agus toimhdí a ghlactar chun na tástálacha struis a dhéanamh; na mionsonraí i dtaobh iarratas stórtha trádála ar chlárú le hÚEUM; a mhinice a dhéanfaidh stórtha trádála faisnéis a bhaineann le suíomhanna comhiomlána de réir aicme na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar a nochtadh, agus mionsonraí ina thaobh sin; agus na caighdeáin oibríochtúla atá riachtanach chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar shonraí idir na stórtha.

(93)

Aon oibleagáid a fhorchuirtear leis an Rialachán seo atá le forbairt tuilleadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 290 nó Airteagal 291 CFAE, ba cheart go dtuigfí leo go bhfuil feidhm acu ón dáta a ngabhfaidh éifeacht leis na gníomhartha sin agus ón dáta sin amháin.

(94)

Mar chuid den fhorbairt ar threoirlínte theicniúla agus ar chaighdeáin teicniúla rialála, agus go háirithe nuair a bheidh an tairseach imréitigh do chontrapháirtithe neamhairgeadais á socrú faoin Rialachán seo, ba cheart do ÚEUM éisteachtaí poiblí de rannpháirtithe sa mhargadh a eagrú.

(95)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (24).

(96)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar an ngá atá le haon bhearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar rialacháin, caighdeáin agus cleachtais a thagann faoi raon feidhme Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtach, agus toradh na hoibre a dhéanfaidh na fóraim idirnáisiúnta ábhartha á chur san áireamh.

(97)

I bhfianaise na rialacha maidir le córais idir-inoibritheacha, measadh gurbh iomchuí Treoir 98/26/CE a leasú le cearta oibreora córais a chuireann urrús comhthaobhach ar fáil d'oibreoir córais ghlactha a chosaint i gcás imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh oibreoir an chórais ghlactha sin,

(98)

Chun imréiteach, taifead, socrú agus íocaíocht éifeachtach a éascú, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha agus do stórtha trádála na nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide idirnáisiúnta ábhartha i leith sonraí teachtaireachtaí agus tagartha a chuimsiú ina nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus leis an mbonneagar margaidh a mbeidh idirphlé acu leo.

(99)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar agus freisin ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, a ghnóthú go leordhóthanach, agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais imréitigh agus bainistithe riosca déthaobhaigh le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar, ceanglais thuairiscithe le haghaidh conarthaí díorthacha, chomh maith le ceanglais aonfhoirmeacha le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha (“CPLanna”) agus stórtha trádála.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le CPLanna agus a gcomhaltaí imréitigh, le contrapháirtithe airgeadais agus le stórtha trádála. Beidh feidhm aige maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais agus le hionaid trádála i gcás ina bhforáiltear dó sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag Teideal V den Rialachán seo ach amháin maidir le hurrúis inaistrithe agus le hionstraimí margadh airgid, mar a shainmhínítear i bpointe (18)(a) agus (b) agus i bpointe 19 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a)

comhaltaí CEBC agus comhlachtaí Ballstát eile a bhfuil feidhmeanna cosúla á bhfeidhmiú acu agus comhlachtaí poiblí Aontais eile a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann;

(b)

an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;

5.   Cé is moite den oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 9, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)

bainc forbartha iltaobhacha, mar atá liostaithe faoi Roinn 4.2 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE;

(b)

eintitis earnála poiblí de réir bhrí phointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2006/48/CE nuair atá siad ar úinéireacht ag rialtais láir agus a bhfuil socruithe rathaíochta follasacha arna soláthar ag rialtais láir;

(c)

an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

6.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach mír 4 den Airteagal seo.

Chuige sin, faoin 17 Samhain 2012 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann agus ar an gcóir a chuirtear ar na bainc cheannais.

Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin anailís chomparáideach ar an gcóir a chuirtear ar na comhlachtaí sin agus ar na bainc cheannais i gcreat dlíthiúil líon suntasach tríú tíortha, lena n-áirítear ar a laghad na trí dhlínse is tábhachtaí ó thaobh méid na gconarthaí arna dtrádáil, agus na caighdeáin bainistithe riosca is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthach a chuireann na comhlachtaí sin agus na bainc cheannais i gcrích sna dlínsí sin. Má thagtar ar an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgid na mbanc ceannais tríú tír sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh agus tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún iad a chur leis an liosta a leagtar amach i mír 4.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “CCP” duine dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear ar mhargadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir;

(2)

ciallaíonn “stór trádála” duine dlítheanach a dhéanann taifid ó dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(3)

ciallaíonn “imréiteach” an próiseas chun suíomhanna a bhunú, lena n-áirítear glanoibleagáidí a ríomh, agus a áirithiú go bhfuil ionstraimí airgeadais, airgead tirim, nó an dá rud, ar fáil leis na neamhchosaintí a urrú a eascraíonn as na suíomhanna sin;

(4)

ciallaíonn “ionad trádála” córas arna fheidhmiú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh de réir bhrí Airteagal 4(1)(1) agus Airteagal 4(1)(13) de Threoir 2004/39/CE seachas inmheánaitheoir córasach de réir bhrí Airteagal 4(1)(7), lena dtugtar leasanna ceannaithe nó leasanna díola in ionstraimí airgeadais le chéile sa chóras, ar dhóigh as a n-eascraíonn conradh i gcomhréir le Teideal II nó le Teideal III den Treoir sin;

(5)

ciallaíonn “díorthach” nó “conradh díorthach” ionstraim airgeadais mar a leagtar amach i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE mar a chuirtear chun feidhme iad in Airteagal 38 agus Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;

(6)

ciallaíonn “aicme díorthach” fothacar de dhíorthaigh a bhfuil comharthaí sóirt coitianta agus bunriachtanacha á roinnt acu agus a chuimsíonn ar a laghad an gaol leis an mbunsócmhainn, an cineál bunsócmhainne agus airgeadra an mhéid bharúlaigh. Féadfaidh díorthaigh a bhaineann leis an aicme chéanna aibíochtaí éagsúla a bheith acu;

(7)

ciallaíonn “díorthaigh thar an gcuntar” nó “conradh díorthach thar an gcuntar” conradh díorthach nach ndéantar a bhforghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14), de Threoir 2004/39/CE nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 19(6) de Threoir 2004/39/CE;

(8)

ciallaíonn “contrapháirtí airgeadais” gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE, institiúid chreidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE, gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 73/239/CEE, gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2002/83/CE, gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2005/68/CE, GCUI agus, i gcás inarb iomchuí, a chuideachta bhainistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, institiúid le haghaidh sochair scoir ghairme de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE agus ciste infheistíochta malartacha arna bhainistiú ag AIFManna atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;

(9)

ciallaíonn “contrapháirtí neamhairgeadais” gnóthas atá bunaithe san Aontas seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe (1) agus i bpointe (8);

(10)

ciallaíonn “socrú scéimeanna pinsin”:

(a)

institiúidí um chóir ar scor ceirde de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE, lena n-áirítear aon eintiteas údaraithe atá freagrach as institiúid den sórt sin a bhainistiú agus a ghníomhaíonn thar a ceann amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun críche infheistíocht na n-institiúidí sin, a ghníomhaíonn go heisiach ar mhaithe leis na hinstitiúidí sin amháin;

(b)

gnóthaí um chóir ar scor ceirde na n-institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/41/CE;

(c)

gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid gnóthas árachais saoil a chumhdaítear le Treoir 2002/83/CE, ar choinníoll go ndéanfar na sócmhainní agus dliteanais uile a fhreagraíonn don ghnó a imfhalú, a bhainistiú agus a eagrú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí eile an ghnóthais árachais, agus gan aon deis ar aistriú a bheith ann;

(d)

aon eintitis eile atá údaraithe, nó socruithe, atá ach amháin faoi mhaoirseacht a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll gur fíor an méid a leanas:

(i)

tugtar aitheantas dóibh faoin dlí náisiúnta; agus

(ii)

is é is príomhchuspóir dóibh sochair scoir a sholáthar.

(11)

ciallaíonn “riosca creidmheasa contrapháirtí” an riosca a mhainníonn contrapháirtí in idirbheart roimh shocraíocht chríochnaitheach shreafaí airgid an idirbhirt;

(12)

ciallaíonn “socrú idir-inoibritheachta” socrú idir dhá chontrapháirtí lárnacha nó níos mó lena mbaineann idirbhearta a fhorghníomhú thar chórais éagsúla;

(13)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás inniúil mar a dtagraítear é sa reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (8) den Airteagal seo, an t-údaras inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), nó an t-údarás a ainmneoidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22;

(14)

ciallaíonn “comhalta imréitigh” gnóthas a bhíonn rannpháirteach i gcontrapháirtí lárnach agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais ag éirí as an rannpháirtíocht sin a chomhlíonadh;

(15)

ciallaíonn “cliant” gnóthas a bhfuil gaol conarthach aige le comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach a chuireann ar chumas an ghnóthais sin a idirbhearta leis an gcontrapháirtí lárnach sin a imréiteach;

(16)

ciallaíonn “grúpa” an grúpa gnóthas comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a fhoghnóthais de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE nó an grúpa gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 80(7) agus (8) de Threoir 2006/48/CE;

(17)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” gnóthas seachas institiúid chreidmheasa, arb é a phríomhghníomaíocht sealúchais a fháil nó gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (12) d'Iarscríbhinn I de Threoir 2006/48/CE;

(18)

ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” institiúid airgeadais ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, go heisiach nó go príomha, a foghnóthais, ar institiúid chreidmheasa ceann amháin ar a laghad de na foghnóthais sin, agus nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha é de réir bhrí Airteagal 2(15) de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais (25);

(19)

ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” aon ghnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht a bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó ghníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúide creidmheasa amháin nó níos mó;

(20)

ciallaíonn “sealúchas cáilitheach” sealúchas díreach nó indíreach ar bith i gcontrapháirtí lárnach nó i stór trádála ina bhfuil ar a laghad 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe (26), agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de atá leagtha amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir thrádála ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;

(21)

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;

(22)

ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, lena n-áirítear fochuideachta ar bith de ghnóthas fochuideachta máthairghnóthais deiridh;

(23)

ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus foghnóthas, mar a thuairiscítear in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE;

(24)

ciallaíonn “dlúthnaisc” staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha mar seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht, trí úinéireacht dhíreach, nó trí rialú ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais, nó;

(b)

rialú nó gaolmhaireacht chomhchosúil idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas nó fochuideachta de fhochuideachta a mheastar a bheith freisin ina fhochuideachta den mháthairghnóthas atá i gceannas ar na gnóthais sin.

Maidir le cás ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha go buan leis an duine céanna trí ghaolmhaireacht rialaithe, measfar freisin go bhfuil dlúthnasc idir daoine den sórt sin.

(25)

ciallaíonn “caipiteal” caipiteal suibscríofa de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (27) sa mhéid is go bhfuil sé íoctha, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, comhghabhann sé na caillteanais i gcásanna gnóthais leantaigh, agus, i gcás féimheachta nó leachtaithe, rangaítear é i ndiaidh gach éilimh eile;

(26)

ciallaíonn “cúlchistí” cúlchistí mar a leagtar amach in Airteagal 9 den Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí (28) agus brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an bhrabúis nó an chaillteanais deiridh;

(27)

ciallaíonn “bord” bord riaracháin nó bord maoirseachta, nó an dá cheann, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí;

(28)

ciallaíonn “comhalta neamhspleách den bhord” comhalta den bhord nach bhfuil gaol gnó, fola nó gaol eile aige/aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasanna leis an gcontrapháirtí lárnach lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena chomhaltaí imréitigh, agus nach raibh gaol den sórt sin aige sna cúig bliana roimh a chomhaltas den bhord;

(29)

ciallaíonn “lucht bainistíochta sinsearaí” an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir trádála go hiarbhír agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird.

Airteagal 3

Idirbhearta laistigh de ghrúpa

1.   I ndáil le contrapháirtí neamhairgeadais, is conradh díorthach thar an gcuntar idirbheart laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n-áirítear na contrapháirtithe araon sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus go mbeidh siad faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú agus go mbeidh an contrapháirtí sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír sin.

2.   I ndáil le contrapháirtí airgeadais, is ionann idirbheart laistigh de ghrúpa agus aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas;

(i)

go bhfuil an contrapháirtí airgeadais sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír;

(ii)

is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é an contrapháirtí eile atá faoi réir na gceanglas stuamachta iomchuí;

(iii)

áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus

(iv)

tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;

(b)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim chosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 80(8) de Threoir 2006/48/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;

(c)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid chreidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2006/48/CE; nó

(d)

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go n-áirítear na contrapháirtithe araon sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú agus go bhfuil an contrapháirtí sin bunaithe san Aontas nó i ndlínse tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún ina leith amhail dá dtagraítear in Airteagal 13(2) i dtaca leis an tríú tír sin.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar go mbeidh contrapháirtithe san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor ceann de na nithe seo a leanas fúthu araon:

(a)

go bhfuil siad áirithe i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 83/349/CEE nó le Caighdeáin Idirnáisiúnta Tuairiscithe Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin); nó

(b)

go bhfuil siad cuimsithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2006/48/CE nó le Treoir 2006/49/CE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna arna dhéanamh ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 143 de Threoir 2006/48/CE nó in Airteagal 2 de Threoir 2006/49/CE.

TEIDEAL II

IMRÉITEACH, TUAIRISCIÚ AGUS MAOLÚ RIOSCA DÍORTHACH THAR AN GCUNTAR

Airteagal 4

Oibleagáid imréitigh

1.   Déanfaidh contrapháirtithe na conarthaí díorthacha uile a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), más rud é i dtaca leis na conarthaí sin go gcomhlíonann siad araon na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur tugadh i gcrích iad ar cheann de na slite seo a leanas:

(i)

idir dhá chontrapháirtí airgeadais;

(ii)

idir contrapháirtí airgeadais agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b);

(iii)

idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b);

(iv)

idir contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) agus eintiteas atá bunaithe i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeadh an t-eintiteas sin bunaithe san Aontas; nó

(v)

idir dhá eintiteas atá bunaithe i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeadh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh sin laistigh den Aontas, nó inar riachtanach nó inarb iomchuí oibleagáid den sórt sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint; agus

(b)

go ndéantar iad a dhéanamh nó a nuachan:

(i)

an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, nó tar éis an dáta sin; nó

(ii)

ar fhógra a fháil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(1), nó ina dhiaidh sin ach é fós roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh i gcás inar mó an aibíocht iarmhair ná an íosaibíocht iarmhair a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(c).

2.   Gan dochar do theicnící maolaithe riosca faoi Airteagal 11, conarthaí díorthacha thar an gcuntar ar idirbhearta laistigh de ghrúpa iad mar a thuairiscítear in Airteagal 3, ní bheidh siad faoi réir oibleagáide imréitigh.

Maidir leis an díolúine atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach amháin:

(a)

sa chás go ndéanann dhá chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna fógra i scríbhinn a thabhairt ar dtús dá gcuid údarás inniúil faoi seach go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an díolúine do na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá tugtha i gcrích acu eatarthu féin. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire sula ndéanfar an díolúine a úsáid. Laistigh de 30 lá féilire tar éis do na húdaráis inniúla an fógra sin a fháil, féadfaidh siad agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid na díolúine sin más rud é ngach ndéanann na hidirbhearta idir na contrapháirtithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhall, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil agóid a dhéanamh tar éis don tréimhse 30 lá féilire seo a dhul in éag i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhall a thuilleadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(b)

maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar idir dhá chontrapháirtí a bhaineann leis an ngrúpa céanna atá bunaithe i mBallstát agus i dtríú tír más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas fógra a thabhairt dó, go ndéanann údarás inniúil an chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas an contrapháirtí a údarú an díolúine sin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhall. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM faoin gcinneadh sin.

3.   Déanfar na conarthaí díorthacha atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun mhír 1 a imréiteach i gcontrapháirtí lárnach a údarófar faoi Airteagal 14 nó a shainaithneofar faoi Airteagal 25 chun an aicme díorthach sin a imréiteach agus atá liostaithe sa chlár i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(b).

Chun na críche sin, déanfar comhalta imréitigh den chontrapháirtí, déanfar cliant de, nó bunóidh sé socruithe imréitigh indíreach le comhalta imréitigh, ar choinníoll nach ndéanann na socruithe sin an riosca contrapháirtí a mhéadú agus go ndéanann siad a áirithiú go dtairbhíonn sócmhainní agus suíomhanna an chontrapháirtí den chosaint a bhfuil éifeacht choibhéiseach aici léi seo dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Airteagal 48.

4.   Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó ina sonrófar na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo amhail dá dtagraítear i mír 1(a)(v) a bheith á seachaint, agus ina sonrófar na cineálacha socruithe conarthacha indíreacha a dhéanann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a chomhall.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh

1.   I gcás ina n-údaraíonn údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach aicme díorthach thar an gcuntar a imréiteach faoi Airteagal 14 nó faoi Airteagal 15, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM láithreach faoin údarú sin.

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na mionsonraí a bheidh le háireamh sna fógraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Laistigh de shé mhí ón ÚEUM fógra a fháil i gcomhréir le mír 1 nó tar éis dó nós imeachta aitheantais a leagtar amach in Airteagal 25 a chur i gcrích, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis dul dó i gcomhairle leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith, ar dréachtchaighdeáin iad lena sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

an aicme díorthach thar an gcuntar ar cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo; agus

(c)

íosaibíocht iarmhair na gconarthaí díorthacha thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii).

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Sainaithneoidh ÚEUM, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4, ar a thionscnamh féin, agus tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus dul i gcomhairle leis an BERS, agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, aicmí na ndíorthach ar cheart iad a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá bhforáiltear in Airteagal 4, ach nach bhfuil údarú faighte go fóill ag contrapháirtí lárnach ar bith ina leith.

Tar éis an fógra a thabhairt, foilseoidh ÚEUM glao ar fhorbairt tograí le haghaidh imréiteach na n-aicmí díorthach sin.

4.   Agus é d'aidhm uileghabhálach leo an riosca sistéamach a laghdú, déanfar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(a) na critéir seo a leanas a bhreithniú:

(a)

méid an chaighdeánaithe ar théarmaí conarthacha agus ar phróisis oibríochtúla na haicme ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar;

(b)

toirt agus leachtacht na haicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(c)

an fháil atá ar fhaisnéis chothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go forleathan léi maidir le praghsáil san aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú, féadfaidh ÚEUM an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar, an tionchar ionchasach ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí idir na contrapháirtithe agus an tionchar ar iomaíocht ar fud an Aontais a bhreithniú.

D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (8a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonraítear tuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.

5.   Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(b), déanfar na critéir seo a leanas a bhreithniú:

(a)

an toirt a mbeidh coinne léi den aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(b)

an imréitíonn níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe lárnacha an aicme chéanna díorthach thar an gcuntar cheana féin;

(c)

cumas na gcontrapháirtithe lárnacha ábharthacha an toirt a mbeidh coinne léi a láimhseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca a eascróidh as aicme ábhartha díorthacha thar an gcuntar imréiteach;

(d)

cineál agus líon na gcontrapháirtithe atá gníomhach agus a mbeidh coinne leis go mbeidh siad gníomhach laistigh den mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;

(e)

an tréimhse ama a theastóidh ó chontrapháirtí a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh chun socruithe a dhéanamh lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach;

(f)

acmhainn bainistithe riosca agus dhlíthiúil agus oibríochtúil an réimse de chontrapháirtithe a bheidh gníomhach sa mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar agus ar acmhainn í a bhféadfaí teacht i dtír uirthi leis an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4(1).

6.   Más ann d'aicme díorthach thar an gcuntar nach ann a thuilleadh, i leith na haicme sin, do chontrapháirtí lárnach atá údaraithe nó aitheanta chun na conarthaí seo a imréiteach faoin Rialachán seo, stadfaidh sí de bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4, agus beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 6

Clár poiblí

1.   Déanfaidh ÚEUM clár poiblí a bhunú, a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta chun na haicmí díorthach thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh a shainaithint. Cuirfear an clár poiblí ar fáil ar láithreán gréasáin ÚEUM.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar an gclár:

(a)

na haicmí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4;

(b)

na contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe nó atá aitheanta, ar mhaithe leis an oibleagáid imréitigh;

(c)

na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chur chun feidhme céimnithe isteach;

(d)

na haicmí díorthach thar an gcuntar arna sainaithint ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 5(3).

(e)

íosaibíocht iarmhair na gconarthaí díorthacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii);

(f)

na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil fógra tugtha ag an údarás lárnach do ÚEUM ina leith chun críche na hoibleagáide imréitigh, agus dáta an fógra do gach ceann a thabhairt.

3.   I gcás nach mbíonn contrapháirtí lárnach údaraithe nó aitheanta a thuilleadh i gcomhréir leis an Rialachán seo chun aicme áirithe díorthach a imréiteach, déanfaidh ÚEUM é a bhaint den chlár poiblí láithreach i ndáil leis an aicme díorthach thar an gcuntar sin.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na sonraí a áireofar sa chlár poiblí dá dtagraítear i mír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7

Rochtain ar chontrapháirtí lárnach

1.   Aon chontrapháirtí lárnach atá údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, beag beann ar an ionad trádála.

Féadfaidh contrapháirtí lárnach a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnach, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.

2.   Géillfidh contrapháirtí lárnach d'iarraidh fhoirmiúil ar rochtain ó ionad trádála laistigh de thrí mhí ón iarraidh sin, nó diúltóidh sé di.

3.   I gcás ina ndiúltaíonn contrapháirtí lárnach rochtain faoi mhír 2, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána atá leis an diúltú sin don ionad trádála.

4.   Ach amháin sa chás ina ndéanann údarás inniúil an ionaid trádála agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú, déanfaidh an t-ionad trádála, faoi réir an dara fomhír, rochtain a dheonú don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí ó chinneadh a dhéanamh lena ngéilltear d'iarraidh fhoirmiúil ó ionad trádála i gcomhréir le mír 2.

Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ionaid um fhorghníomhú agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain ar chontrapháirtí lárnach a dhiúltú tar éis iarraidh fhoirmiúil a fháil ón ionad um fhorghníomhú ach amháin sa chás ina mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéimeach.

5.   Déanfaidh ÚEUM aon díospóid, a eascraíonn as easaontú idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Rochtain ar ionad trádála

1.   Déanfaidh ionad trádála fothaí trádála a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach d'aon chontrapháirtí lárnach a údaraítear chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar a thrádáil ar an ionad trádála sin a imréiteach, arna iarraidh sin don chontrapháirtí lárnach.

2.   I gcás ina mbeidh iarraidh ar rochtain ar ionad trádála curtha go foirmiúil chuig ionad trádála ag contrapháirtí lárnach, tabharfaidh an t-ionad trádála freagairt don chontrapháirtí lárnach laistigh de thrí mhí.

3.   I gcás ina ndiúltóidh ionad trádála rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé fógra don chontrapháirtí lárnach dá réir sin, agus tabharfaidh sé na cúiseanna ar fad atá leis sin.

4.   Gan dochar don chinneadh ó údaráis inniúla an ionaid trádála agus ón gcontrapháirtí lárnach, ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de thrí mhí ó thráth na freagartha dearfaí ar iarraidh ar rochtain.

Ní dheonófar rochtain an chontrapháirtí lárnaigh ar an ionad trádála ach amháin sa chás ina mbeadh gá le hidir-inoibritheacht de bharr rochtana den sórt sin nó nach ndéanfaí bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí go háirithe mar thoradh ar ilroinnt leachtachta agus go mbeadh sásra leordhóthanach curtha ar bun ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an nóisean ilroinnt leachtachta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Oibleagáid tuairiscithe

1.   Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach atá curtha i gcrích acu agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú do stór trádála a chlárófar i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre eile tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthacha:

(a)

a rinneadh roimh 16 Lúnasa 2012 agus atá fós ann an dáta sin,

(b)

a dhéanfar ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó tar éis an 16 Lúnasa 2012.

Féadfaidh contrapháirtí nó contrapháirtí lárnach a bheidh faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe tuairisciú mhionsonraí an chonartha díorthach a tharmligean.

Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí a gconarthaí díorthacha a thuairisciú d'uireasa aon dúbailte.

2.   Coimeádfaidh na contrapháirtithe taifead d'aon chonradh díorthach a bheidh curtha i gcrích acu agus d'aon mhodhnú ar feadh cúig bliana ar a laghad tar éis an conradh a fhoirceannadh.

3.   I gcás nach mbeidh stór trádála ar fáil chun taifeadadh a dhéanamh ar mhionsonraí conartha díothach, áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí den sórt sin a thuairisciú do ÚEUM.

Sa chás sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí uile na gconarthaí díorthachaa theastaíonn uathu chun a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

4.   Maidir le contrapháirtí nó contrapháirtí lárnaigh a thuairiscíonn mionsonraí conartha díorthach do stór trádála nó do ÚEUM, nó maidir le heintiteas a thuairiscíonn mionsonraí den sórt sin thar ceann contrapháirtí nó contrapháirtí lárnaigh, ní bhreithneofar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag an gconradh sin nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.

Níor cheart go mbeadh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe ag éirí as an nochtadh sin.

5.   D'fhonn feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí agus cineál na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 le haghaidh na n-aicmí éagsúla díorthach.

Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3:

(a)

na páirtithe sa chonradh díorthach agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a thagann as;

(b)

príomhthréithe na gconarthaí díorthacha, lena n-áirítear a gcineáil, an aibíocht fholuiteach, an luach barúlach, an praghas agus an dáta socraíochta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar:

(a)

formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 le haghaidh na n-aicmí díorthach éagsúla;

(b)

an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthacha a thuairisciú, lena n-áirítear aon chéimniú isteach le haghaidh conarthaí a dhéanfar sula mbeidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10

Contrapháirtithe neamhairgeadais

1.   I gcás ina bhfaigheann contrapháirtí neamhairgeadais suíomhanna i gconarthaí díorthacha thar an gcuntar agus go sáraíonn na suíomhanna sin an tairseach imréitigh mar a shonraítear faoi mhír 3, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 5 de;

(b)

tiocfaidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh i ndáil le conarthaí todhchaí i gcomhréir le hAirteagal 4 má sháraíonn an meánsuíomh rollach do thréimhse os cionn 30 lá oibre an tairseach; agus

(c)

laistigh de cheithre mhí tar éis teacht faoi réir na hoibleagáide imréitigh, imréiteoidh sé gach conradh todhchaí ábhartha.

2.   Maidir le contrapháirtí neamhairgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le mír 1(b) agus a léiríonn ina dhiaidh sin don údarás inniúil arna shainiú i gcomhréir le mír 5 nach sáraíonn a mheánsuíomh rollach do thréimhse os cionn 30 lá oibre an tairseach imréitigh, ní bheidh sé a thuilleadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4.

3.   Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí neamhairgeadais san áireamh na conarthaí díorthacha thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí neamhairgeadais nó aon eintiteas neamhairgeadais eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí neamhairgeadais leis, ar conarthaí iad nach féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála ná gníomhaíocht mhaoinithe cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.

4.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, tar éis dul dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, lena sonraítear na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a bhunú ar conarthaí iad is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht mhaoinithe cistíochta dá dtagraítear i mír 3; agus

(b)

luachanna na dtairseach imréitigh, a chinntear agus ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme díorthach thar an gcuntar á gcur san áireamh.

Tar éis dó comhairliúchán poiblí oscailte a sheoladh, cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú tréimhsiúil ar na tairseacha agus, más ga, molfaidh sé na caighdeáin rialála chun iad a leasú.

5.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás atá freagrach as a áirithiú go ndéanfar an oibleagáid faoi mhír 1 a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach

1.   Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad, agus dícheall cuí á fheidhmiú acu, go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca oibríochtúil agus riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus a mhaolú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

deimhniú tráthúil ar théarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar iomchuí, agus é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach nuair atá an meán sin ar fáil;

(b)

próisis fhoirmiúlaithe

2.   Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 marcáil don mhargadh ar bhonn laethúil ar luach na gconarthaí amuigh. Más rud é go gcuirtear cosc ar mharcáil don mhargadh mar gheall ar choinníollacha an mhargaidh, bainfear úsáid as marcáil do shamhail atá iontaofa agus stuama.

3.   Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag contrapháirtithe airgeadais lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar ar nó ina dhiaidh an 16 Lúnasa 2012. Beidh nósanna imeachta bainistithe riosca ag na contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 lena gceanglófar malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh beacht agus iomchuí i ndáil le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfar tráth a sárófar an táirseach imréitigh nó ina dhiaidh sin.

4.   Sealbhóidh na contrapháirtithe airgeadais méid iomchuí agus comhréireach caipitil chun bainistiú a dhéanamh ar an riosca nach mbeidh cumhdaithe leis an malartú comhthaobhachta iomchuí.

5.   Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 3 maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3 a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe sa Bhallstát céanna ar choinníoll nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

6.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), (b) nó (c) a a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón dá údarás inniúla ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh dearfach laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar comhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag comhpháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh ceann amháin nó ceann eile de na húdaráis inniúla ar cuireadh fógra chucu go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.

8.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) go (d) a bheidh déanta ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí atá bunaithe san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

9.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil a gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.

10.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais agus contrapháirtí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;

(b)

nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Tá an díolúine bailí mura rud é nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil ar gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.   Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe ón gceanglas a leagtar síos i mír 3, nochtfaidh contrapháirtí an idirbhirt sin an fhaisnéis maidir leis an díolúine go poiblí.

Cuirfidh údarás inniúil fógra chuig ÚEUM i ndáil le haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 6, mhír 8 nó mhír 10 nó le haon fhógra a gheofar de bhun mhír 7, mhír 9 nó mhír 10 agus déanfaidh siad sonraí an idirbhirt laistigh de ghrúpa lena mbainfidh a sholáthar do ÚEUM.

12.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 go mír 11 maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéantar idir eintitis ó thríú tír a bheadh faoi réir na n-oibleagáidí sin dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag na conarthaí sin san Aontas, nó i gcás inar riachtanach nó iomchuí an oibleagáid sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint.

13.   Déanfaidh ÚEUM faireachán go tréimhsiúil ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach bhfuil incháilithe lena n-imréiteach chun cásanna a shainaithint ina bhféadfadh aicme díorthach ar leith a bheith ina riosca sistéimeach agus chun arbatráiste rialála idir idirbhearta díorthach imréitithe agus neamh-imréitithe a chosc. Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, go háirithe, gníomh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) nó déanfaidh sé athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais éarlaisithe a leagtar síos i mír 14 den Airteagal seo agus in Airteagal 41.

14.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)

coinníollacha an mhargaidh lena gcuirtear cosc ar an marcáil don mhargadh dá dtagraítear i mír 2 agus na critéir le haghaidh úsáid na marcála do shamhail dá dtagraítear i mír 2;

(c)

mionsonraí na n-idirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus a bheidh le háireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 7, i mír 9 agus i mír 10;

(d)

mionsonraí na faisnéise maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus dá dtagraítear i mír 11.

(e)

na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo, amhail dá dtagraítear i mír 12, a bheith á seachaint

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

15.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh, atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 3;

(b)

an leibhéal caipitil atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 4;

(c)

na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6e go mír 10 i bhfeidhm,

(d)

na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.

Cuirfidh na ÚMEanna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagaraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 12

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na rialacha faoin Teideal seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Áireofar fíneálacha riaracháin, ar a laghad, ar na pionóis sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe airgeadais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chontrapháirtithe neamhairgeadais, gach pionós a forchuireadh i leith sáruithe ar Airteagal 4 go hAirteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11 a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh nochtadh den sórt sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha um measúnú a fhoilsiú go tráthrialta maidir le héifeachtacht na rialacha pionóis a bheidh á gcur i bhfeidhm. Sa nochtadh agus foilsiú sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 95/46/CE.

Faoin 17 Feabhra 2013, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

3.   Ní dhéanfaidh sárú ar na rialacha faoin Teideal seo difear do bhailíocht conartha díorthach thar an gcuntar ná don fhéidearthacht go bhféadfadh na páirtithe forálacha an chonartha díorthach thar an gcuntar a fhorfheidhmiú. Ní bheidh aon cheart cúitimh ann ó pháirtí i gconradh díorthach thar an gcuntar mar thoradh ar shárú ar na rialacha faoin Teideal seo.

Airteagal 13

Sásra chun rialacha dúblacha nó codarsnacha a sheachaint

1.   Cuideoidh ÚEUM leis an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh agus tuarascálacha a ullmhú le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos in Airteagail 4, 9, 10 agus 11,go háirithe i dtaca le ceanglais a d'fhéadfadh a bheith dúblach nó codarsnach a chuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh, agus moltaí a thabhairt maidir le gníomhartha a d'fhéadfaí a dhéanamh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhaítear an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír:

(a)

go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos i Rialachán seo faoi Airteagail 4, 9, 10 agus 11;

(b)

go n-áirithíonn siad rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach sa Rialachán seo; agus

(c)

go ndéantar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus a fhorfheidhmiú ar mhodh chothromasach agus neamhshaofa ionas go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

3.   Aon ghníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis amhail dá dtagraítear i mír 2, tuigfear leis, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanann idirbheart faoi réir an Rialacháin seo, go measfar go mbeidh na hoibleagáidí atá in Airteagail 4, 9, 10 agus 11comhlíonta sa chás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hÚEUM faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos in Airteagail 4, 9, 10 agus 11 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus tuairisceoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás ina nochtar sa tuarascáil nach bhfuil na ceanglais choibhéiseacha á gcur i bhfeidhm go leordhóthanach nó go comhleanúnach ag údaráis tríú tír, tarraingeoidh an Coimisiún, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a ndéanfaidh an Coimisiún an tuarascáil a thíolacadh, siar an t-aitheantas a bheidh ag creat dlíthiúil an tríú tír i dtrácht mar chreat coibhéiseach. I gcás ina ndéanfar gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis a tharraingt siar, beidh na contrapháirtithe faoi réir arís, go huathoibríoch, ag ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo.

TEIDEAL III

CONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA A ÚDARÚ AGUS A MHAOIRSIÚ

CAIBIDIL 1

Coinníollacha agus Nósanna Imeachta chun Contrapháirtí Lárnach a Údarú

Airteagal 14

Contrapháirtí Lárnach a Údarú

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas seirbhísí imréitigh a sholáthar mar chontrapháirtí lárnach, cuirfidh sé iarratas ar údarú chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe (údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17.

2.   A luaithe a bheidh údarú a deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh éifeacht leis i gcríoch iomlán an Aontais.

3.   Ní dheonófar an údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcomhair gníomhaíochtaí atá nasctha le himréiteach agus sonrófar san údarú na seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh lena n-áirítear na haicmí ionstraimí airgeadais a chuimsítear le húdarú den sórt sin.

4.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach na coinníollacha atá riachtanach d'údarú a chomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh contrapháirtí lárnach, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha d'údarú.

5.   I dtaca le contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríoch, níor cheart go gcuirfeadh údarú dá dtagraítear i mír 1 cosc ar na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh nó leanúint dá gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear ceanglais áirithe um údarú faoi Threoir 2006/48/CE.

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú

1.   Contrapháirtí lárnach atá ag iarraidh a ghnó a leathnú chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí breise a áireamh nach gcumhdaítear faoin údarú bunaidh, cuirfidh sé iarraidh ar leathnú isteach chuig údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh. Measfar gur leathnú ar an údarú sin é seirbhísí imréitigh a thairiscint nach ndearnadh an contrapháirtí lárnach a údarú fós ina leith.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi Airteagal 17 a dhéanfar leathnú ar údarú.

2.   I gcás inar mian le contrapháirtí lárnach a ghnó a leathnú isteach i mBallstát seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, tabharfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh fógra láithreach d'údarás inniúil an Bhallstáit eile sin.

Airteagal 16

Ceanglais chaipitil

1.   Beidh EUR 7,5 milliún ar a laghad de chaipiteal tosaigh atá buan agus infhaighte ag contrapháirtí lárnach chun go ndéanfar é a údarú de bhun Airteagal 14.

2.   Beidh caipiteal contrapháirtí lárnaigh, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí, comhréireach leis an riosca a thig as gníomhaíochtaí an chontrapháirtí lárnaigh. Beidh an oiread ann i gcónaí agus a áiritheoidh go ndéanfar foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil ar na gníomhaíochtaí thar réimse ama iomchuí agus go mbeidh cosaint leormhaith ag an gcontrapháirtí lárnach ar rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlíthiúla agus gnó nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis na hacmhainní sonracha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 41 go hAirteagal 44.

3.   Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC agus tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ceanglais maidir le caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí contrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear i mír 2.

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 17

Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú

1.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir iarratas ar údarú a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Soláthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach leis an údarás inniúil a shásamh gur bhunaigh an contrapháirtí lárnach, tráth an údaraithe, na socruithe ar fad atá riachtanach chun na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis uile a bheidh faighte aige ón gcontrapháirtí lárnach is iarratasóir a tharchur láithreach chuig ÚEUM agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1).

3.   Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh an t-údarás inniúil síos spriocdháta faoina gcaithfidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Tar éis don údarás inniúil measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil iarratas comhlánaithe ina iomláine, tabharfaidh sé fógra don chontrapháirtí lárnach is iarratasóir agus do chomhaltaí an choláiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus do ÚEUM dá réir sin.

4.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú ach amháin i gcás ina mbeidh sé lánsásta go gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach is iarratasóir na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo, agus go bhfuil fógra tugtha don chontrapháirtí lárnach mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE.

Déanfaidh an t-údarás inniúil tuairim an choláiste a bhreithniú go cuí, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le hAirteagal 19. Sa chás nach n-aontaíonn údarás inniúil an contrapháirtí lárnach le tuairim dhearfach an choláiste, beidh sa chinneadh na cúiseanna iomlána atá leis agus beidh míniú ann ar aon diall suntasach ón tuairim dhearfach sin.

I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile, de bhun Airteagal 19(1), nár cheart don chontrapháirtí lárnach údarú a fháil, ní údarófar an contrapháirtí lárnach agus is sa chás sin amháin nach ndéanfar é a údarú. Sa tuairim sin, luaifear i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag an gcoláiste lena mheas nach bhfuil ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó dlí Aontais eile á gcomhlíonadh.

I gcás nár thángthas ar chomhthuairim de thoil a chéile amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír agus i gcás ina léiríonn tromlach dhá thrian den choláiste tuairim diúltach, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach dhá thrian sin den choláiste, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a nglacfar an tuairim dhiúltach sin, an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Sa chinneadh um tharchur, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe atá ag comhaltaí ábhartha an choláiste lena mheas nach bhfuil ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo nó codanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh. Sa chás sin, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh maidir leis an údarú a tharchur siar agus fanfaidh sé go ndéanfar aon chinnidh um údarú a d'fhéadfadh ÚEUM a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM. Ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM tar éis tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a bheith caite.

I gcás ina dtiocfaidh comhaltaí uile an choláiste, seachas údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, ar chomhthuairim de thoil a chéile de bhun Airteagal 19(1), nár cheart údarú a thabhairt don chontrapháirtí lárnach, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an chontrapháirtí lárnaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

5.   Gníomhóidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sa chás ina dtarlaíonn sé nach ndearna údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, nó go ndearna sé iad a chur i bhfeidhm ar chaoi a dhealródh a bheith ag sárú dhlí an Aontais.

Féadfaidh ÚEUM imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste nó ar a thionscnamh féin, tar éis dó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chur ar an eolas.

6.   Agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige, ní dhéanfaidh gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh aon chomhalta den choláiste idirdhealú, go díreach nó go neamhdhíreach, in aghaidh aon Bhallstáit nó ar aon ghrúpa Ballstát mar ionad le haghaidh seirbhísí imréitigh in aon airgeadra.

7.   Laistigh de shé mhí tar éis iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a bheith tíolactha, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl i scríbhinn don contrapháirtí lárnach is iarratasóir i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t-údarú agus tabharfaidh sé míniú lánréasúnaithe ina thaobh sin.

Airteagal 18

Coláiste

1.   Laistigh de 30 lá féilire ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 17 a bheith tíolactha, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh coláiste a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 15, Airteagal 17, Airteagal 49, Airteagal 51 agus in Airteagal 54 a éascú.

2.   Is éard a bheidh sa choláiste:

(a)

ÚEUM;

(b)

údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh;

(c)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42 ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana

(d)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;

(e)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(f)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna urrús lárnacha a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha nasctha leo;

(g)

na comhaltaí ábhartha de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na comhaltaí iomchuí de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe maidir le hidir-inoibritheacht bunaithe leo;

(h)

bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha do na hionstraimí airgeadais a imréitítear.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é aon fhaisnéis a iarraidh ón gcoláiste a bheidh ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

ullmhú na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 19;

(b)

malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 84;

(c)

comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach;

(d)

comhordú ar chláir scrúdaithe maoirseachta bunaithe ar mheasúnú riosca an chontrapháirtí lárnaigh; agus

(e)

cinneadh nósanna imeachta agus pleananna teagmhasacha chun tabhairt faoi chásanna géarchéime, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24.

5.   Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Sa chomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta vótála amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3), agus féadfar a chinneadh ann cad iad na cúraimí a bheidh le cur ar iontaoibh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó ar chomhalta eile den choláiste.

6.   Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar na hairgeadraí Aontais dá dtagraítear i mír 2(h) a mheas mar na hairgeadraí is ábhartha agus ina sonraítear mionsonraí na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 5.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19

Tuairim ón gColáiste

1.   Laistigh de cheithre mhí ón dáta a ndéanfaidh an contrapháirtí lárnach iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh measúnú riosca ar an gcontrapháirtí lárnach a sheoladh agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choláiste.

Laistigh de 30 lá féilire tar éis dó í a fháil, agus bunaithe ar na torthaí sa tuarascáil sin, tiocfaidh an coláiste ar chomhthuairim ina gcinnfear an gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach is iarratasóir na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo.

Gan dochar don ceathrú fomhír d'Airteagal 17(4) agus, mura dtiocfar ar chomhthuairim i gcomhréir leis an dara fomhír, glacfaidh an coláiste tuairim le tromlach laistigh den tréimhse ama céanna.

2.   Déanfaidh ÚEUM glacadh na comhthuairime a éascú i gcomhréir lena fheidhm chomhordaithe ghinearálta faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Déanfar tuairim thromlaigh ón gcoláiste a ghlacadh trí thromlach simplí a chomhaltaí. Maidir le coláistí ina bhfuil suas le 12 comhalta nó 12 comhalta, beidh vóta ag beirt ar a mhéad de chomhaltaí an choláiste a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr ar a mhéad de chomhaltaí a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Ní bheidh aon chearta vótála ag ÚEUM maidir le comhthuairimí an choláiste.

Airteagal 20

Údarú a tharraingt siar

1.   Gan dochar d'Airteagal 22(3), déanfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh údarú a tharraingt siar sa chás, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach:

(a)

nár úsáid sé an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige nó aon ghníomhaíocht déanta aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuair sé údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(c)

nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus nach bhfuil na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh déanta aige laistigh de thréimhse ama socraithe;

(d)

i gcás ina bhfuil sé tar éis aon de na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach.

2.   I gcás ina measfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh go bhfuil feidhm ag ceann de na himthosca dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé, laistigh de chúig lá oibre fógra faoi sin do ÚEUM agus do chomhaltaí an choláiste dá réir.

3.   Rachfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh i gcomhairle le comhaltaí an choláiste maidir leis an ngá a bheidh le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh a tharraingt siar, ach amháin i gcás ina bhfuil gá go práinneach le cinneadh.

4.   Féadfaidh aon chomhalta den choláiste a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdódh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an leanann an contrapháirtí lárnach ar aghaidh ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.

5.   Féadfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme na n-ionstraimí airgeadais ar leith.

6.   Seolfaidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chinneadh lánréasúnaithe chuig ÚEUM agus chuig comhaltaí an choláiste, a dhéanfaidh forchoimeádais aon duine de chomhaltaí an choláiste a chur san áireamh.

7.   An cinneadh maidir le húdarú a tharraingt siar, gabhfaidh éifeacht leis ar fud an Aontais.

Airteagal 21

Athbhreithniú agus meastóireacht

1.   Gan dochar do ról an choláiste, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 athbhreithniú ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuirfidh contrapháirtithe lárnacha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh contrapháirtithe lárnacha a bheith neamhchosanta orthu.

2.   Déanfaidh an t-athbhreithniú agus an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha atá leagtha síos sa Rialachán seo a chumhdach.

3.   Leagfaidh na húdaráis inniúla síos a mhinice a dhéanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, agus a dhoimhne a bheidh siad, ag féachaint do mhéid, do thábhacht chórasach, do nádúr, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbaineann. Déanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, ar a laghad.

Beidh na contrapháirtithe lárnacha faoi réir cigireachtaí ar an láthair.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an coláiste a chur ar an eolas go tráthrialta, agus ar a laghad uair sa bhliain, faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó aon phionóis.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar aon chontrapháirtí lárnach nach mbeidh ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige tabhairt faoi na gníomhaíochtaí nó na céimeanna is gá go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin.

6.   Déanfaidh ÚEUM ról comhordúcháin idir na húdaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí a chomhall d'fhonn cultúr maoirseachta comhchoiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt, d'fhonn nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus modhanna cur chuige comhleanúnacha a áirithiú, agus d'fhonn comhleanúnachas a neartú sna torthaí maoirseachta.

Chun críche na chéad fhomhíre, déanfaidh ÚEUM, uair sa bhliain ar a laghad:

(a)

anailís athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás inniúil uile a sheoladh i ndáil le húdarú agus maoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010; agus

(b)

measúnachtaí ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú maidir le stóinseacht na gcontrapháirtithe lárnacha agus iad ag déileáil le forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Más rud é, le measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír, go dtugtar chun solais go bhfuil easnaimh i stóinseacht ceann amháin nó níos mó de na contrapháirtithe lárnacha, eiseoidh ÚEUM na moltaí riachtanacha de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

Contrapháirtithe lárnacha a mhaoirsiú agus a fhormhaoirsiú

Airteagal 22

Údarás inniúil

1.   Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais a thagann as an Rialachán seo a chomhlíonadh chun na contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoin méid sin.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás amháin le bheith freagrach as comhar agus as malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, le ÚBE agus le comhaltaí ábhartha CEBC, i gcomhréir le hAirteagail 23, 24, 83 agus 84.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag an údarás inniúil chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir bearta riaracháin iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dhéanamh in aghaidh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach, nó a fhorchur orthu, i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

Beidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a áireamh leo iarrataí ar ghníomhaíocht leasúcháin laistigh de thréimhse ama socraithe.

4.   Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL 3

Comhar

Airteagal 23

Comhar idir na húdaráis

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth lena chéile, le ÚEUM agus, más gá le CEBC.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla, i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a gcinntí a imirt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit eile ar fad lena mbaineann, go háirithe ar na cásanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 24, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag an am.

Airteagal 24

Cásanna éigeandála

Cuirfidh údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh nó aon údarás inniúil eile in iúl do ÚEUM, don choláiste, do chomhaltaí ábhartha CEBC agus d'údaráis ábhartha eile gan aon mhoill mhíchuí, faoi aon chás éigeandála a bhaineann le contrapháirtí lárnach, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.

CAIBIDIL 4

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 25

Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír

1.   Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d'ionaid trádála atá bunaithe san Aontas ach amháin má thugann ÚEUM aitheantas don chontrapháirtí lárnach sin.

2.   Ní fhéadfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3. aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar ach amháin i sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6;

(b)

go bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe sa tríú tír ábhartha, agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh lena n-áirithítear go ndéantar na ceanglais stuamachta atá infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;

(c)

go bhfuil socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 7;

(d)

go bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe nó údaraithe i dtríú tír a meastar córais maidir leis an sciúradh airgid agus cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a bheith acu a bhfuil coibhéiseach leis na cinn sin san Aontas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chomhthuiscint idir na Ballstáit maidir le coibhéis tríú tír faoi Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (29).

3   Agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in mír 2 á gcomhlíonadh, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leo seo a leanas:

(a)

údarás inniúil an Bhallstáit ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus a bheidh roghnaithe ag an gcontrapháirtí lárnach;

(b)

na húdaráis áitiúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42, nó a mheasann an contrapháirtí lárnach go ndéanfaidh siad na ranníocaíochtaí is mó leis an gciste sin, ar bhonn comhiomlán ar feadh tréimhse bliana;

(c)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá lonnaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;

(d)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(e)

comhaltaí ábhartha CEBC de chuid na mBallstát ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus comhaltaí ábhartha CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(f)

bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais a imréitítear nó atá le himréiteach.

4.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach dá dtagraítear i mír 1 a iarratas a chur faoi bhráid ÚEUM.

Soláthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir an fhaisnéis uile do ÚEUM atá riachtanach maidir lena aitheantas. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an gcontrapháirtí lárnach is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Is ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a bheidh an cinneadh aitheantais bunaithe agus beidh sé neamhspleách ar aon mheasúnú mar bhonn don chinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heintitis dá dtagraítear i mír 3 sula ndéanfaidh sé a chinneadh.

Laistigh de 180 lá oibre ón tráth a gcuirfear isteach iarratas atá comhlánaithe ina iomláine, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don chontrapháirtí lárnach is iarratasóir le míniú lán-réasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

Foilseoidh ÚEUM liosta na gcontrapháirtithe lárnacha atá aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.

5.   Déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a bheidh faighte ag an gcontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír i gcás ina mbeidh leathnú déanta ag an gcontrapháirtí lárnach ar a raon gníomhaíochtaí agus seirbhísí san Aontas. Déanfar an t-athbhreithniú sin i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4. Féadfaidh ÚEUM an t-aitheantas a tugadh don chontrapháirtí lárnach sin a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh agus sna himthosca atá ar aon dul leo sin a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 20.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena gcinntear go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann na contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos faoi Theideal IV den Rialachán seo, go bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin agus go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha a údaraítear faoi chórais dlí tríú tír.

7.   Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile arna iarradh ag ÚEUM maidir le contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe i dtríú tíortha;

(b)

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile á sárú ag contrapháirtí lárnach a bhfuil maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil air, ar coinníollacha iad a bhfuil sé faoina réir;

(c)

an sásra lena dtabharfaidh údarás inniúil tríú tír fógra pras do ÚEUM i gcás ina ndéanfar an ceart chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil do chomhaltaí imréitigh nó do chliaint atá bunaithe san Aontas a dheonú do chontrapháirtí lárnach a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil sin air;

(d)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair;

8   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis a sholáthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir do ÚEUM ina iarratas ar aitheantas.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL IV

CEANGLAIS AR CHONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA

CAIBIDIL 1

Ceanglais Eagrúcháin

Airteagal 26

Forálacha Ginearálta

1.   Beidh ag contrapháirtí lárnach socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta.

2.   Glacfaidh contrapháirtithe lárnacha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha uile an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bhainisteoirí agus a fhostaithe.

3.   Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtithe lárnacha struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.

4.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach deighilt shoiléir a choimeád idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an chontrapháirtí lárnaigh.

5.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach beartas luach saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas lena gcuirfear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthóidh dreasachtaí chun caighdeáin riosca a mhaolú.

6.   Cothabhálfaidh contrapháirtí lárnach córais teicneolaíochta faisnéise atá leordhóthanach chun déileáil le castacht, éagsúlacht agus cineálacha na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a chomhlíontar d'fhonn ardchaighdeáin slándála a áirithiú mar aon le sláine agus rúndacht na faisnéise a choinnítear a áirithiú.

7.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach a shocruithe rialachais, na rialacha lena rialaítear an contrapháirtí lárnach, agus a chritéir iontrála do chomhaltas imréitigh, a chur ar fáil don phobal saor in aisce.

8.   Déanfar iniúchtaí minice agus neamhspleácha ar na contrapháirtithe lárnacha. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí sin in iúl don bhord agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad.

9.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina leagtar síos an íosmhéid inneachair a bheidh sna rialacha agus socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 go mír 8.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27

Lucht bainistíochta sinsearaí agus an bord

1.   Beidh dea-cháil ar lucht bainistíochta sinsearaí chontrapháirtí lárnaigh agus beidh a ndóthain taithí acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an gcontrapháirtí lárnach.

2.   Beidh bord ag an gcontrapháirtí lárnach. Beidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí neamhspleách agus beidh beirt chomhaltaí neamhspleácha ar a laghad ar an mbord i gcónaí. Tabharfar cuireadh d'ionadaithe chliaint na gcomhaltaí imréitigh chuig chruinnithe boird le haghaidh ábhar atá ábhartha d'Airteagal 38 agus d'Airteagal 39. Ní bheidh cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord nasctha le feidhmíocht ghnó an chontrapháirtí lárnaigh.

Beidh saineolas leordhóthanach ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí bainistithe riosca agus seirbhísí imréitigh ag comhaltaí bord an chontrapháirtí lárnaigh, lena n-áirítear a chomhaltaí neamhspleácha, agus beidh dea-cháil a ndóthain orthu.

3.   Cinnfidh contrapháirtí lárnach róil agus freagrachtaí an bhoird go soiléir agus cuirfidh sé miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil agus do na hiniúchóirí.

Airteagal 28

Coiste riosca

1.   Bunóidh an contrapháirtí lárnach coiste riosca, ar a mbeidh ionadaithe a chomhaltaí imréitigh, comhaltaí neamhspleácha an bhoird, agus ionadaithe a chliant. Féadfaidh an coiste riosca cuireadh a thabhairt d'fhostaithe an chontrapháirtí lárnaigh agus do shaineolaithe seachtracha, freastal ar choistí bainistithe riosca ach gan vóta a bheith acu. Féadfaidh údaráis inniúla a iarraidh freastal ar chruinnithe coiste ach gan vóta a bheith acu agus a bheith curtha ar an eolas mar is cuí faoi ghníomhaíochtaí agus faoi chinntí an choiste riosca. Beidh comhairle an choiste riosca neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an chontrapháirtí lárnaigh. Ní bheidh tromlach ar an gcoiste riosca ag grúpa ar bith de ghrúpaí na n-ionadaithe.

2.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus cinnfidh siad, ar a laghad, go mbeidh an coiste riosca faoi chathaoirleacht comhalta neamhspleách den bhord, go dtuairisceoidh sé go díreach don bhord agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.

3.   Cuirfidh an coiste riosca aon socruithe a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh in iúl don bhord, lena n-áirítear, athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir chun comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d'eisfhoinsiú feidhmeanna. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d'oibríochtaí laethúla an chontrapháirtí lárnaigh ná i gcásanna éigeandála. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca i staideanna éigeandála.

4.   Gan dochar do cheart na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí an choiste riosca faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste riosca go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta ar cheist ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin.

5.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint.

Airteagal 29

Taifead a choimeád

1.   Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthrófar, ar feadh deich mbliana ar a laghad, ionas gur féidir leis an údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialachán seo.

2.   Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí a bheidh próiseáilte aige ar feadh deich mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh. Beifear in ann, ar a laghad, téarmaí bunaidh idirbhirt a shainaithint sula ndéanfaidh an contrapháirtí lárnach sin é a imréiteach, de dhroim na faisnéise sin.

3.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, beag beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil don údarás inniúil, do ÚEUM arna iarraidh sin dó, agus do chomhaltaí ábhartha CEBC.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar mionsonraí na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coimeád amhail dá dtagraítear i mír 1 go mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   D'fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm de réir coinníollacha aonfhoirmeacha, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coinneáil a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin rialála cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu

1.   Ní údaróidh an t-údarás inniúil contrapháirtí lárnach ach amháin má tá sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí díreacha nó neamhdhíreacha iad, daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.

2.   Diúltóidh an t-údarás inniúil contrapháirtí lárnach a údarú mura deimhin leis oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa chontrapháirtí lárnach, ag féachaint don ghá le bainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh a áirithiú.

3.   I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an contrapháirtí lárnach agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuirfidh na naisc sin bac ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

4.   I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 1 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil gach beart is iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin, agus d'fhéadfadh údarú an chontrapháirtí lárnaigh a tharraingt siar a bheith san áireamh sna bearta sin.

5.   Diúltóidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina ndéantar le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an gcontrapháirtí lárnach leo, nó le deacrachtaí ó thaobh iad a chur i bhfeidhm, cosc a chur ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 31

Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla

1.   Déanfaidh an contrapháirtí lárnach fógra a thabhairt dá údarás inniúil maidir le haon athruithe ar a bhainistíocht, agus soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá don údarás inniúil d'fhonn comhlionadh le hAirteagal 27(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 27(2) a mheasúnú.

Más dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den bhord dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is iomchuí, agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh an comhalta sin a bhriseadh ón mbord.

2.   Duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith nó daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (“an faighteoir beartaithe”), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin i gcontrapháirtí lárnach a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go mbainfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin nó chun go dtiocfadh an contrapháirtí lárnach chun bheith ina fhochuideachta (“an éadáil bheartaithe”), tabharfaidh siad ar dtús fógra i scríbhinn don údarás inniúl ar faoin gcontrapháirtí lárnach ina bhfuil siad ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú, ag léiriú méid an tsealúchais atá beartaithe agus na faisnéise cuí dá dtagraítear in Airteagal 32(4).

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach (“an díoltóir beartaithe”) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta an duine sin.

Ar shlí phras agus laistigh de dhá lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil, agus ón bhfhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir, go bhfuil sé faighte aige.

Beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag an údarás inniúil ón dáta a n-admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra agus na doiciméid ar fad atá ag gabháil leis an bhfógra faighte aige ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) (“an tréimhse um measúnú”), chun an measúnú a dhéanamh a ndéantar foráil dó in Airteagal 32(1) (“an measúnú”).

Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse um measúnú nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil, más gá, le linn na tréimhse um measúnú, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse um measúnú, aon fhaisnéis bhreise a iarraidh a bhfuil gá léi chun an measúnú a chur i gcrích. Déanfar an t-iarratas sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá ann.

Brisfear an tréimhse um measúnú ar feadh tréimhse idir dáta an iarratais ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a bhfaighidh an faighteoir beartaithe an freagra. Ní sháróidh an briseadh 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarratais bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní gá go mbrisfear an tréimhse um measúnú dá bharr.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a fhadú suas le 30 lá oibre ar a laghad i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe:

(a)

lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas;

(b)

ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi réir maoirseachta faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 73/239/CEE, Treoir 92/49/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil (30), nó Treoracha 2002/83/CE, 2003/41/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE, 2006/48/CE, 2009/65/CE nó 2011/61/AE.

5.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an measúnú críochnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de dhá lá oibre agus gan an tréimhse um measúnú a shárú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 dá réir sin. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal ar iarratas ón bhfaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh Ballstáit údarás inniúil a cheadú nochtadh den sórt sin a dhéanamh in éagmais iarratais ón bhfaighteoir beartaithe.

6.   I gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe laistigh den tréimhse um measúnú, measfar an éadáil bheartaithe a bheith ceadaithe.

7.   Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a dhéanamh agus í a fhadú nuair is iomchuí.

8.   Ní fhorchuirfidh Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo, maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus formheas a fháil ina leith uaidh.

Airteagal 32

Measúnú

1.   I gcás ina bhfuil an fógra a ndéantar foráil dó in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) á measúnú, déanfaidh an t-údarás inniúil, oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheas maidir le seo a leanas d'fhonn bainistiú fónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh ina bhfuil an éadáil bheartaithe a áirithiú, agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an gcontrapháirtí lárnach:

(a)

dea-cháil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;

(b)

clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;

(c)

an mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(d)

an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE nó iarracht air á déanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

I gcás ina bhfuil fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa chontrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

I gcás ina bhfuil inniúlacht an chontrapháirtí lárnaigh an Rialachán seo a chomhlíonadh á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith air i dtaobh an bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé mar chuid de lenar féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúil a chinneadh.

2.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe, ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 1 nó i gcás inar chuir an faighteoir beartaithe faisnéis neamhiomlán ar fáil.

3.   Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais a gheofar ná ní cheadóidh siad a n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit liosta ar fáil don phobal ina sonrófar an fhaisnéis atá de dhíth chun an measúnú a dhéanamh, agus ar liosta é a dhéanfar a sholáthar do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 31(2) a thabhairt. Beidh an fhaisnéis atá de dhíth comhréireach agus beidh sí oiriúnaithe do nádúr an fhaighteora bheartaithe agus na héadála beartaithe. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh.

5.   D'ainneoin Airteagal 31(2), (3) agus (4), i gcás inar tugadh fógra don údarás inniúil faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó a mhéadú sa chontrapháirtí lárnach céanna, caithfidh an t-údarás inniúil leis na faighteoirí beartaithe ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.

6.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla iomchuí go dlúth le chéile nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh i gcás inar ceann díobh seo a leanas an faighteoir beartaithe:

(a)

contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;

(b)

máthairghnóthas contrapháirtí lárnaigh eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;

(c)

duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córais socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile.

7.   Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis dá chéile atá de dhíth nó atá ábhartha chun an measúnú a dhéanamh. Cuirfidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl dá chéile agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl ar a dtionscnamh féin. Léireofar aon tuairimí nó cuntair a chuireann an t-údarás inniúil atá freagrach as an bhfaighteoir beartaithe in iúl i gcinneadh ón údarás inniúil lenar údaraíodh an contrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

Airteagal 33

Coinbhleachtaí leasa

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena n-áirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil rialú nó dlúthnaisc dhíreacha nó indíreacha aige leo, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint a bhfuil eolas ag an gcontrapháirtí lárnach fúthu a shainaithint agus a bhainistiú. Déanfaidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha a chothabháil agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach.

2.   I gcás nach leor na socruithe eagrúcháin nó riaracháin atá ag contrapháirtí lárnach ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú le go n-áiritheofar, le muinín réasúnach, go ndéantar an baol damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc, nochtfaidh sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglacfar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin. Más eol do chontrapháirtí cé hé an cliant, cuirfidh sé an cliant agus an comhalta imréitigh arb é a chliant sin atá i gceist ar an eolas.

3.   Aon chúinsí a bhfuil an contrapháirtí lárnach ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil gaol máthairghnóthas nó fochuideachta aige leo, déanfar na cúinsí sin a chur san áireamh sna socruithe i scríbhinn freisin, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta é an contrapháirtí lárnach.

4.   Cuimseoidh na socruithe i scríbhinn arna mbunú i gcomhréir le mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

na cúinsí ar coinbhleacht leasa iad nó a d'fheadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara, lena mbaineann baol ábhartha damáiste do leasanna ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh nó de na cliaint;

(b)

nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus bearta le glacadh leo d'fhonn coinbhleacht den chineál sin a bhainistiú.

5.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid faisnéise atá á coimeád ina chórais agus cuirfidh sé cosc ar úsáid na faisnéise sin i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó. Maidir le faisnéis rúnda a thaifeadtar i gcontrapháirtí lárnach amháin, ní dhéanfaidh aon duine nádúrtha eile ná dlítheanach eile a bhfuil caidreamh máthairchuideachta nó fochuideachta aige leis an gcontrapháirtí lárnach sin, í a úsáid chun críocha tráchtála. ach amháin le toiliú roimh ré i scríbhinn an chliaint ar leis an fhaisnéis rúnda sin.

Airteagal 34

Leanúnachas gnó

1.   Ceapfaidh contrapháirtí lárnach beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d'aidhm acu a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus cuirfidh an contrapháirtí lárnach iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. Beifear in ann na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin, ionas gur féidir leis an gcontrapháirtí lárnach leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach nós imeachta leordhóthanach a chur ar bun lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní agus suíomhanna na gcliant agus na gcomhaltaí imréitigh a shocrú go tráthúil agus go hordúil nó a aistriú go tráthúil agus go hordúil i gcás údarú a tharraingt siar de bhun cinnidh faoi Airteagal 20, agus déanfaidh sé an próiseas a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun.

3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina lea íosmhéid inneachair agus ceangaltas an bheartais um leanúnachas gnó agus an phlean athshlánaithe ó thubaiste.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 35

Eisfhoinsiú

1.   I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna oibríochtúla, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé na nithe seo a leanas i gcónaí:

(a)

ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;

(b)

ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i gcás inarb ábhartha, i leith a gcliant;

(c)

ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;

(d)

ní chuirtear cosc le heisfhoinsiú ar fheidhmeanna maoirseachta ná formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na sainorduithe sin a chomhlíonadh;

(e)

ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;

(f)

déanfaidh an soláthraí seirbhísí ceanglais um leanúnachas gnó a chur chun feidhme a bheadh coibhéiseach leis na ceanglais nach foláir do chontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;

(g)

coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht caipitil an tsoláthraí seirbhísí agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus déanann sé maoirseacht ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(h)

bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;

(i)

bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;

(j)

tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d'aon fhaisnéis rúnda a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint nó, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhísí bunaithe i dtríú tír, áirithíonn sé go mbeidh na caighdeáin um chosaint sonraí an tríú tír sin, nó na caighdeáin a leagtar síos sa chomhaontú idir na tíortha lena mbaineann, inchomparáide leis na caighdeáin um chosaint sonraí atá i bhfeidhm san Aontas.

Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a eisfhoinsiú mura mbeidh eisfhoinsiú den sórt sin formheasta ag údarás inniúil.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an gcontrapháirtí lárnach a chearta agus a oibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí a sholáthraí seirbhísí a leithdháileadh agus a leagan amach go soiléir, i gcomhaontú scríofa.

3.   An fhaisnéis ar fad atá de dhíth ionas gur féidir leis an údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar an dóigh ina gcomhlíontar an Rialachán seo i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí eisfhoinsithe, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis sin ar fáil nuair a iarrtar í.

CAIBIDIL 2

Rialacha maidir le Gnó a Dhéanamh

Airteagal 36

Forálacha Ginearálta

1.   Nuair a bheidh seirbhísí á soláthar dá gcomhaltaí imréitigh, agus i gcás inarb ábhartha, dá gcliaint, gníomhóidh contrapháirtí lárnach go cothrom agus go gairmiúil ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant sin agus le bainistiú riosca fónta.

2.   Is rialacha inrochtana trédhearcacha agus cothroma a bheidh ag an gcontrapháirtí lárnach maidir le láimhseáil phras a dhéanamh ar ghearáin.

Airteagal 37

Ceanglais rannpháirtíochta

1.   Bunóidh contrapháirtí lárnach, i gcás inarb iomchuí de réir an chineáil táirge a imréitítear, catagóirí na gcomhaltaí imréitigh atá inghlactha agus na critéir iontrála, le comhairle ón gcoiste riosca de bhun Airteagal 28 (3). Beidh na critéir sin neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus oibiachtúil ionas gur féidir rochtain chothrom agus oscailte ar an gcontrapháirtí lárnach a áirithiú agus áiritheofar leo go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cumas oibríochtúil leordhóthanach ag comhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a bhaineann le bheith páirteach i gcontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann don chontrapháirtí lárnach an cuspóir atá leo.

2.   Áiritheoidh contrapháirtí lárnach go gcomhlíonfar cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn leanúnach agus go mbeidh fáil go tráthúil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an measúnú sin. Déanfaidh contrapháirtí lárnach, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú cuimsitheach ar chomhlíonadh an Airteagail seo a bheith á dhéanamh ag a chomhaltaí imréitigh.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais breise agus an cumas oibríochtúil atá de dhíth chun an ghníomhaíocht seo a dhéanamh ag comhaltaí imréitigh a dhéanann idirbhearta a imréiteach thar ceann a gcliant. Le rialacha an chontrapháirtí lárnaigh maidir le comhaltaí a imréiteach, ceadófar dó buneolas a bhailiú chun na comhchruinnithe riosca ábhartha a bhaineann le seirbhísí a sholáthar do chliaint a shainaithint, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a bhainistiú. Cuirfidh comhaltaí imréitigh, arna iarraidh sin dóibh, an contrapháirtí lárnach ar an eolas faoi na critéir agus na socruithe a ghlacann siad ionas go mbeidh fáil ag a gcliaint ar sheirbhísí an chontrapháirtí lárnaigh. Leanfaidh an fhreagracht chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na cliaint a n-oibleagáidí de bheith ag na comhaltaí imréitigh.

4.   Beidh nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha ag an gcontrapháirtí lárnach maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil.

5.   Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú do chomhaltaí imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar údar cuí leis i scríbhinn agus má tá sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach.

6.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach dualgais bhreise shonracha a fhorchur ar chomhaltaí imréitigh, amhail a bheith rannpháirteach i gceantanna maidir le suíomh comhalta imréitigh mhainneachtana. Beidh oibleagáidí breise den chineál sin cionmhar leis an riosca atá tugtha ag an gcomhalta imréitigh agus ní chuirfidh siad srian leis na catagóirí comhaltaí imréitigh ar féidir leo a bheith rannpháirteach.

Airteagal 38

Trédhearcacht

1.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach agus a chomhaltaí imréitigh go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Nochtfaidh siad na praghsanna ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ligfidh contrapháirtí lárnach dá chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, dá gcliaint rochtain leithleach a bheith acu ar na seirbhísí ar leith a chuirtear ar fáil.

Tabharfaidh contrapháirtí lárnach cuntas go leithleach i dtaobh chostas agus ioncaim na seirbhísí a sholáthraítear agus nochtfaidh sé an fhaisnéis sin don údarás inniúil.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint.

3.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach dá chomhaltaí imréitigh agus dá údarás inniúil an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh.

Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí líon na n-idirbheart a imréitítear i leith gach aicme díorthaigh arna himréiteach ag an gcontrapháirtí lárnach ar bhonn comhiomlán.

4.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla a bhaineann leis na prótacail chumarsáide lena gcumhdaítear formáidí inneachair agus formáidí teachtaireachtaí a úsáideann sé le hidirghníomhú le tríú páirtithe, lena n-áirítear na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7.

5.   Foilseoidh contrapháirtí lárnach go poiblí aon sáruithe a dhéanfaidh comhaltaí imréitigh ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, ach amháin sa chás ina measann an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, gur bagairt a bheadh sa nochtadh sin don chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín an mhargaidh agus mura gcuirfeadh nochtadh den chineál sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol mór nó mura ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 39

Leithscaradh agus iniomparthacht

1.   Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas comhalta imréitigh amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a choimeádtar do chuntas aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin.

2.   Tairgfidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád lena gcuirfear ar chumas gach comhalta imréitigh sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais a chliant (“leithscaradh cliant comhthiomsaithe”).

3.   Tairgfidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád lena gcuirfear ar chumas gach comhalta imréitigh, i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas cliaint a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais cliant eile (“leithscaradh cliant aonair”). Arna iarraidh sin air, tairgfidh an contrapháirtí lárnach do na comhaltaí imréitigh go bhféadfaí tuilleadh cuntas a oscailt ina n-ainm féin nó do chuntais a gcliant.

4.   Coimeádfaidh comhalta imréitigh lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis sna cuntais a choimeádtar leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chuntais féin araon a shócmhainní agus a shuíomhanna a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntas a chliant ag an gcontrapháirtí lárnach.

5.   Tairgfidh comhalta imréitigh dá chliaint, ar a laghad, an rogha idir “leithscaradh cliant comhthiomsaithe” agus "leithscaradh cliaint aonair" agus cuirfidh sé ar an eolas iad maidir leis na costais agus an leibhéal cosaint dá dtagraítear i mír 7 a bhaineann le gach rogha. Déanfaidh an cliant a rogha a dhearbhú i scríbhinn.

6.   I gcás ina nglacann cliant leithscaradh cliant aonair, déanfar aon éarlais iomarcach a bheidh sa bhreis ar riachtanas an chliaint a chur suas chuig an gcontrapháirtí lárnach agus go ndéanfaí é a idirdhealú ó éarlaisí cliant eile nó ó chomhaltaí imréitigh eile agus ní dhéanfar iad a nochtadh do chaillteanais a nasctar le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.

7.   Nochtfaidh contrapháirtithe lárnacha agus na comhaltaí imréitigh go poiblí na leibhéil cosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuireann siad ar fáil agus tairgfidh siad na seirbhísí sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha. Sna mionsonraí maidir leis na leibhéil éagsúla leithscartha, áireofar cur síos ar na príomhimpleachtaí dlíthiúla maidir leis na leibhéil leithscartha faoi seach a bheidh á dtairiscint, lena n-áirítear an dlí dócmhainneachta atá infheidhme sna dlínsí lena mbaineann.

8.   Beidh ceart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach a bhainfidh leis na héarlaisí nó leis na ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana a bailíodh trí shocrú comhthaobhach airgeadais urrúis, laistigh de bhrí Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (31) ar choinníoll go bhforáiltear dó sin lena rialacha oibriúcháin. Déanfaidh an comhalta imréitigh a dhearbhú i scríbhinn go mbeidh glactha aige leis na rialacha oibriúcháin. Nochtfaidh an contrapháirtí lárnach go poiblí an ceart úsáide sin a dhéanfar a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 47.

9.   Comhlíontar an ceanglas sócmhainní agus suíomhanna a idirdhealú i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach má chloítear leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

taifeadtar na sócmhainní agus suíomhanna i gcuntais leithleacha;

(b)

cuirtear cosc ar shuíomhanna a thaifeadtar ar chuntais éagsúla a ghlanadh;

(c)

ní nochtar na sócmhainní lena gcumhdaítear na suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas do chaillteanais atá nasctha le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.

10.   Tagraítear le sócmhainní do chomhthaobhacht a choimeádtar chun suíomhanna a chumhdach agus áirítear leo an ceart chun sócmhainní atá coibhéiseach leis an gcomhthaobhacht sin nó an ceart i leith na bhfáltas a thig as réadú aon chomhthaobhachta a aistriú, ach ní áirítear leo ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana.

CAIBIDIL 3

Ceanglais Stuamachta

Airteagal 40

Neamhchosaint a bhainistiú

Déanfaidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí ar chontrapháirtí lárnach eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn ama atá gar dó. Beidh fáil ag contrapháirtí lárnach ar na foinsí praghsála ábhartha go tráthúil agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach chun a neamhchosaintí a thomhas go héifeachtach. Is ar bhonn costais réasúnaigh a dhéanfar é sin.

Airteagal 41

Ceanglais éarlaise

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí ar mhaithe le teorannú neamhchosaintí creidmheasa a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh, agus, nuair is iomchuí, ó chontrapháirtithe lárnacha lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo. Beidh na héarlaisí sin leordhóthanach chun neamhchosaintí féideartha a mheasann an contrapháirtí lárnach a thiocfaidh chun cinn roimh leachtú na suíomhanna ábhartha a chlúdach. Beidh siad leordhóthanach freisin chun caillteanais a chumhdach a eascraíonn as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais cuí agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh contrapháirtí lárnach urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí ar a chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, nuair is iomchuí, ar chontrapháirtithe lárnacha lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo, ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfaidh contrapháirtí lárnach faireachán go tráthrialta ar leibhéil a éarlaisí, agus, más gá sin, athbhreithniú orthu chun coinníollacha reatha an mhargaidh a léiriú agus aon iarmhairtí comhthimthriallacha a d'fhéadfadh a bheith ag na hiarmhairtí sin á gcur san áireamh.

2.   Glacfaidh contrapháirtí lárnach samhlacha agus paraiméadair maidir lena cheanglais éarlaise a leagan síos a léireoidh saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus a dhéanfaidh an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt a chur san áireamh. Deimhneoidh an t-údarás inniúil na samhlacha agus na paraiméadair agus beidh siad faoi réir tuairime i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú laistigh de lá amháin, ar a laghad nuair a shárófar tairseacha réamhshainithe.

4.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú a bheidh leormhaith chun an riosca a eascróidh ó na suíomhanna atá cláraithe i ngach cuntas atá á choimeád i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le hionstraimí airgeadais sonracha a chlúdach. Féadfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ríomh maidir le punann ionstraimí airgeadais ar choinníoll gur stuama agus daingean í an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid.

5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar síos an céatadán iomchuí agus an tréimhse ionchais iomchuí i gcomhair tréimhse leachtachta agus i gcomhair ríomh na luaineachta stairiúla, dá dtagraítear i mír 1, a bheidh le breithniú le haghaidh aicmí éagsúla na n-ionstraimí airgeadais, agus an cuspóir chun comhthimthriallacht a theorannú á chur san áireamh, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na cleachtais um éarlaisiú punainne dá dtagraítear i mír 4 a chur chun feidhme.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 42

Ciste mainneachtana

1.   D'fhonn a neamhchosaintí creidmheasa a theorannú níos mó dá chomhaltaí imréitigh, coinneoidh contrapháirtí lárnach ciste mainneachtana réamh-mhaoinithe chun caillteanais ag eascairt as mainneachtain a chlúdach, ar caillteanais iad lena sáraítear na caillteanais atá le clúdach ag ceanglais éarlaise atá leagtha síos in Airteagal 41, lena n-áirítear nós imeachta dócmhainneachta comhalta imréitigh amháin nó níos mó a oscailt.

Suífidh an contrapháirtí lárnach méid íosta nach rachaidh méid an chiste mainneachtana, ar aon chúinse, faoina bhun.

2.   Socróidh contrapháirtí lárnach íosmhéid na ranníocaíochtaí i leith an chiste mainneachtana agus na critéir chun ranníocaíochtaí comhaltaí imréitigh aonair a ríomh. Beidh na ranníocaíochtaí i gcomhréir le neamhchosaintí gach aon chomhalta imréitigh.

3.   Cuirfear ar chumas an chontrapháirtí lárnaigh ar a laghad leis an gciste mainneachtana, faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí. Déanfaidh contrapháirtí lárnach forbairt ar chásanna de dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte. Cuimseofar leis na cásanna sin na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach a sheirbhísí dóibh agus réimse cásanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo. Cuirfear san áireamh leo acmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann agus laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh.

4.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach níos mó ná ciste mainneachtana amháin a bhunú le haghaidh na n-aicmí éagsúla ionstraimí a dhéanann sé a imréiteach.

5.   D'fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an creat chun dálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte dá dtagraítear i mír 3 a shainiú, ar cheart iad a úsáid agus méid an chiste mainneachtana agus na n-acmhainní eile airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 43 á sainmhíniú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 43

Acmhainní eile airgeadais

1.   Coinneoidh contrapháirtí lárnach acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe ar fáil chun caillteanais a d'fhéadfadh a bheith ann a chumhdach, ar caillteanais iad lena sárófaí na caillteanais atá le cumhdach ag na ceanglais éarlaise amhail dá dtagraítear in Airteagal 41 agus an ciste mainneachtana amhail dá dtagraítear in Airteagal 42. Áireofar leis na hacmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe sin acmhainní tiomnaithe an chontrapháirtí lárnaigh. Beidh siad sin ar fáil gan srian don chontrapháirtí lárnach agus ní úsáidfear iad chun an caipiteal a cheanglaítear faoi hAirteagal 16 a sholáthar.

2.   Cuirfidh an ciste mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 agus na hacmhainní airgeadais eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar chumas an chontrapháirtí lárnaigh i gcónaí mainneachtain an dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith, ar a laghad, a sheasamh faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte.

3.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach a chur de cheangal ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana cistí breise a sholáthar má mhainníonn comhalta imréitigh eile. Beidh neamhchosaintí teoranta i leith an contrapháirtí lárnaigh ag comhaltaí imréitigh an chontrapháirtí sin.

Airteagal 44

Rialuithe riosca leachtachta

1.   Beidh rochtain ag contrapháirtí lárnach an t-am ar fad ar leachtacht leordhóthanach chun a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh. Chuige sin, gheobhaidh sé na línte creidmheasa nó socruithe dá samhail atá de dhíth chun a riachtanais leachtachta a chlúdach ar eagla nach féidir teacht láithreach bonn ar na sócmhainní airgeadais atá ar fáil dó. Ní dhéanfaidh comhalta imréitigh, máthairghnóthas nó fochuideachta an chomhalta imréitigh níos lú ná 25 % de na línte creidmheasa atá de dhíth ón gcontrapháirtí lárnach a sholáthar.

Tomhaisfidh contrapháirtí lárnach, ar bhonn laethúil, na riachtanais leachtachta a d'fhéadfadh a bheith aige. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta a bheadh ann tar éis mhainneachtain an dá chomhalta imréitigh ar a laghad, a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith.

2.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an creat le haghaidh bhainistiú an riosca leactachtachta a sheasfaidh an contrapháirtí lárnach i gcomhréir le mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 45

Mainneachtain i bhfoirm chascáide

1.   Bainfidh contrapháirtí lárnach leas as na héarlaisí arna gcur suas ag comhalta imréitigh mainneachtana sula mbainfidh sé leas as sócmhainní airgeadais eile chun caillteanais a chlúdach.

2.   I gcás nach leor na héarlaisí a chuireann an comhalta imréitigh mainneachtana suas chun na caillteanais arna dtabhú ag contrapháirtí lárnach a chlúdach, bainfidh an contrapháirtí lárnach leas as ranníocaíocht an chomhalta mhainneachtana i leith an chiste mainneachtana chun na caillteanais sin a chlúdach.

3.   Ní bhainfidh contrapháirtí lárnach leas as ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus aon acmhainní eile airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 43(1) go dtí go mbeidh ranníocaíochtaí an chomhalta imréitigh mhainneachtana ídithe aige.

4.   Bainfidh contrapháirtí lárnach úsáid as acmhainní dílse tiomnaithe sula n-úsáidfidh sé na ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana. Ní bheidh cead ag contrapháirtí lárnach na héarlaisí a chuireann comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana suas a úsáid chun caillteanais a eascraíonn as mainneachtain comhalta imréitigh eile a chlúdach.

5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh agus chothabháil an méid d'acmhainní dílse an chontrapháirtí lárnaigh atá le húsáid i gcomhréir le mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 46

Ceanglais maidir le comhthaobhacht

1.   Glacfaidh contrapháirtí lárnach le comthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus reatha ar a chomhaltaí imréitigh a chlúdach. Maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais, féadfaidh contrapháirtí lárnach ráthaíochtaí bainc a ghlacadh, agus ráthaíochtaí den sórt sin á gcur san áireamh agus a neamhchosaint ar bhanc ar comhalta imréitigh é á ríomh aige. Cuirfidh sé caolchorrlaigh leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le luachanna sócmhainne a léireoidh go bhféadfaidh laghdú teacht ar luach thar an tréimhse idir a luacháil deiridh agus an tráth faoinar féidir glacadh leis go réasúnach go ndéanfar iad a leachtú. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta tar éis mhainneachtain rannpháirtí sa mhargadh agus comhchruinniú riosca ar shócmhainní áirithe, rud a d'fhéadfadh bunú na comhthaobhachta inghlactha agus na gcaolchorrlach ábhartha a chur faoi deara.

2.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach, nuair is iomchuí agus nuair is ciallmhar a dhóthain, glacadh leis an ábhar is bunús leis an gconradh díorthach nó leis an ionstraim airgeadais a thionscnaíonn neamhchosaint an chontrapháirtí lárnaigh mar chomhthaobhacht chun a cheanglais éarlaise a chlúdach.

3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, le BERS agus le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar:

(a)

an cineál comhthaobhachta ar féidir é a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide agus, bannaí faoi chumhdach,

(b)

na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1; agus,

(c)

na coinníollacha faoina bhféadfar na ráthaíochtaí bainc thráchtála a ghlacadh mar chomhthaobhacht faoi mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 47

Beartas infheistíochta

1.   Ní infheisteoidh contrapháirtí lárnach a acmhainní airgeadais ach amháin in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.

2.   Maidir le méid an chaipitil, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí an chontrapháirtí lárnaigh, nach mbeidh infheistithe i gcomhréir le mír 1, ní chuirfear san áireamh é chun críocha Airteagal 16(2) nó Airteagal 45(4).

3.   Déanfar ionstraimí airgeadais a chuirfear suas mar éarlaisí nó mar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a thaisceadh, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, le hoibreoirí córais socraíochta urrús lena n-áirithítear lánchosaint na n-ionstraimí airgeadais sin. Mar mhalairt rogha, féadfar socruithe eile ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe a úsáid.

4.   Déanfar taiscí in airgead tirim de chuid contrapháirtí lárnaigh trí shocruithe ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe nó, mar rogha air sin, trí shaoráidí seasmhacha taisce de chuid banc ceannais nó trí mheán inchomparáide eile a chuirfidh na bainc cheannais ar fáil.

5.   I gcás ina dtaiscfidh contrapháirtí lárnach sócmhainní le tríú páirtí, déanfaidh sé a áirithiú go bhfuil sócmhainní na gcomhaltaí imréitigh inaitheanta go leithleach ó acmhainní an chontrapháirtí lárnaigh nó sócmhainní an tríú páirtí trí bhíthin cuntais lena ngabhann teidil éagsúla a bheith ar leabhair an tríú páirtí nó trí bhíthin aon bhearta coibhéiseacha lena mbainfear an leibhéal céanna cosanta amach. Beidh rochtain phras ag contrapháirtí lárnach ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá.

6.   Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach a chaipiteal ná na suimeanna ag eascairt as na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 41, 42, 43 nó 44 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta ná a fhochuideachta.

7.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaintí foriomlána ar riosca creidmheasa i leith féichiúnaithe aonair san áireamh nuair a bheidh a chinntí infheistíochta á ndéanamh aige agus áiritheoidh sé go bhfanfaidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca i leith aon fhéichiúnaí ar leith laistigh de theorainneacha comhchruinnithe inghlactha.

8.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM agus CEBC, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh amhail dá dtagraítear i mír 1, na socruithe an-urraithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 7.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 48

Nósanna imeachta mainneachtana

1.   Beidh nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach a bheidh le leanúint i gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta imréitigh ceanglais rannpháirtíochta an chontrapháirtí lárnaigh atá leagtha síos in Airteagal 37 laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnach. Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach cuntas mionsonraithe ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás nach bhfógraíonn contrapháirtí lárnach mainneachtain comhalta imréitigh. Déanfar na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go bliantúil

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach beart pras chun brúnna leachtachta agus caillteanais ag eascairt as mainneachtanna a shrianadh agus áiritheoidh sé nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhaltaí imréitigh isteach ar a n-oibríochtaí ná nach ndéanfaidh sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú.

3.   I gcás ina measfaidh contrapháirtí lárnach nach mbeidh an comhalta imréitigh in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh amach anseo, cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras sula bhfógraítear nó sula dtionscnaítear an nós imeachtaí mainneachtana. Cuirfidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis sin in iúl go pras do ÚEUM, do chomhaltaí ábhartha CEBC agus don údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhalta imréitigh mhainneachtana.

4.   Fíoróidh contrapháirtí lárnach gur féidir a nósanna imeachta mainneachtana a fhorfheidhmiú. Glacfaidh sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú nó a aistriú.

5.   I gcás ina ndéanfar a thaifeadadh i dtaifid agus i gcuntais contrapháirtí lárnaigh go bhfuil sócmhainní agus suíomhanna á gcoimeád do chuntas le haghaidh cliant atá ag comhalta imréitigh mhainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 39 (2), tabharfaidh an contrapháirtí lárnach, ar a laghad, tiomantas conarthach go dtionscnóidh dé leis na nósanna imeachta chun na sócmhainní agus suíomhanna atá i seilbh an chomhalta imréitigh mhainneachtana do na cuntais le haghaidh a chliant a aistriú chuig comhalta imréitigh eile a ainmneoidh na cliaint sin go léir, arna iarraidh sin do na cliaint, agus gan toiliú ón gcomhalta imréitigh mhainneachtana. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile na sócmhainní agus na suíomhanna sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina ndearna sé caidreamh conarthach roimhe sin leis na cliaint a bhfuil sé tar éis tiomantas a thabhairt dóibh sin go ndéanfaidh sé amhlaidh. Más rud é nach ndearnadh an t-aistriú sin chuig an gcomhalta imréitigh eile ar chúis ar bith laistigh de thréimhse aistrithe réamhshainithe a shonraítear i rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh, féadfaidh sé na céimeanna go léir a cheadaítear lena rialacha a ghlacadh chun na rioscaí i ndáil leis na suíomhanna sin a bhainistiú go gníomhach, lena n-áirítear na sócmhainní agus na suíomhanna atá i seilbh an chomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh a chliant a leachtú.

6.   I gcás ina ndéanfar a thaifeadadh i dtaifid agus i gcuntais contrapháirtí lárnaigh go bhfuil sócmhainní agus suíomhanna á sealbhú do chuntas le haghaidh cliant atá ag comhalta imréitigh mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 39(3), tabharfaidh an contrapháirtí lárnach, ar a laghad, tiomantas conarthach go dtionscnóidh sé na nósanna imeachta chun na sócmhainní agus na suíomhanna a bheidh á sealbhú ag an gcomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh an chliaint a aistriú chuig comhalta imréitigh eile a ainmneoidh an cliant, arna iarraidh sin don chliant, agus gan toiliú ón gcomhalta imréitigh mhainneachtana. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile na sócmhainní agus na suíomhanna sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina ndearna sé caidreamh conarthach roimhe sin leis na cliaint a bhfuil sé tar éis tiomantas a thabhairt dóibh sin go ndéanfaidh sé amhlaidh. Más rud é nach ndearnadh an t-aistriú sin chuig an gcomhalta imréitigh eile ar chúis ar bith laistigh de thréimhse aistrithe réamhshainithe a shonraítear i rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh, féadfaidh sé na céimeanna go léir a cheadaítear lena rialacha a ghlacadh chun na rioscaí i ndáil leis na suíomhanna sin a bhainistiú go gníomhach, lena n-áirítear na sócmhainní agus na suíomhanna atá ag an gcomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh an chliaint a leachtú.

7.   Úsáidfear comhthaobhacht cliant a idirdhealaítear i gcomhréir le hAirteagal 39(2) agus (3) go heisiach chun na suíomhanna a shealbhaítear dá gcuntais a chumhdach. Aon iarmhéid a bheidh dlite ag an gcontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach an próiseas bainistithe mainneachtana i leith comhalta imréitigh a chríochnú, tabharfar ar ais do na cliaint sin é gan stró i gcás inarb eol don chontrapháirtí lárnach cé hiad féin, agus murarb eol tabharfar ar ais é don chomhalta imréitigh do na cuntais le haghaidh a chliant.

Airteagal 49

Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach athbhreithniú rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus rialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun a solúbthacht faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas agus déanfaidh sé aistástálacha chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas. Gheobhaidh an contrapháirtí bailíochtú neamhspleách, cuirfidh sé a údarás inniúil agus ÚEUM ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé a mbailíochtú uathu sula nglacfar aon athrú suntusach ar na samhlacha agus ar na paraiméadair.

Beidh na samhlacha glactha agus na paraiméadair ghlactha, lena n-áirítear aon athrú suntasach orthu, faoi réir tuairime ón gcoláiste de bhun Airteagal 19.

Áiritheoidh ÚEUM go dtabharfar an fhaisnéis maidir le torthaí na dtastálacha struis do na ÚMEanna chun iad a chumasú neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na gcontrapháirtithe lárnacha a mheasúnú.

2.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach tástáil rialta ar phríomhghnéithe a nósanna imeachta mainneachtana agus glacfaidh sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go dtuigfidh na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbeidh socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagairt do theagmhas mainneachtana.

3.   Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bhainistithe riosca agus na toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis a dtagraítear dóibh i mír 1 a dhéanamh.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, na húdaráis inniúla ábhartha eile agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na cineálacha tástálacha a bheidh le déanamh le haghaidh aicmí éagsúla d'ionstraimí airgeadais agus punanna;

(b)

rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha;

(c)

minicíocht na dtástálacha;

(d)

tréimhse ionchais na dtástálacha;

(e)

an fhaisnéis ríthábhachtach dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 50

Socraíocht

1.   Bainfidh contrapháirtí lárnach leas as airgead bainc cheannnais, sa chás ina mbeidh sé praiticiúil agus nuair a bheidh a leithéid ar fáil, chun a chuid idirbhearta a shocrú. I gcás nach n-úsáidfear airgead bainc cheannais, déanfar bearta chun srian dian a chur le rioscaí um shocraíocht airgid thirim

2.   Tabharfaidh contrapháirtí lárnach le fios go soiléir na hoibleagáidí atá air maidir le hionstraimí airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear an bhfuil sé d'oibleagáid air ionstraim airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh agus an slánaíonn sé na rannpháirtithe le haghaidh caillteanas a tharlaíonn le linn an phróisis seachadta.

3.   I gcás ina bhfuil oibleagáid ar chontrapháirtí lárnach ionstraimí airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh, déanfaidh sé an príomhriosca a dhíchur trí shásraí maidir le seachadadh in áit íocaíochta a úsáid a mhéid is féidir.

TEIDEAL V

SOCRUITHE IDIR-INOIBRITHEACHTA

Airteagal 51

Socruithe idir-inoibritheacha

1.   Féadfaidh contrapháirtí lárnach socrú idir-inoibritheachta a dhéanamh le contrapháirtí lárnach eile má chomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52, in Airteagal 53 agus in Airteagal 54.

2.   Nuair atá socrú idir-inoibritheachta á dhéanamh le contrapháirtí lárnach eile d'fhonn seirbhísí a chur ar fáil go hionaid trádála ar leith, beidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag an gcontrapháirtí lárnach ar na sonraí atá riachtanach dó chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ón ionad trádála áirithe sin a mhéid a chomhlíonann an contrapháirtí lárnach sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an ionad trádála agus ar an gcóras socraíochta ábhartha.

3.   Nuair a bhítear ag déanamh socrú idir-inoibritheachta nó ag rochtain fotha sonraí nó córas socraíochta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ní dhíúltófar dó nó ní chuirfear aon srian i bhfeidhm go díreach nó go hindíreach, ach amháin chun aon riosca a eascraíonn ón socrú nó ón rochtain sin a rialú.

Airteagal 52

Bainistiú riosca

1.   Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta:

(a)

beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí a eascraíonn ón socrú a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;

(b)

comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;

(c)

rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach;

(d)

an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d'fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú idir-inoibritheachta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo.

Chun críocha phointe (b), den chéad fhomhír úsáidfidh contrapháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE, i gcás ina bhfuil siad ábhartha.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha i gcrích leis.

Chun críocha phointe (d), den chéad fhomhír, beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar athúsáid comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas a tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh.

2.   Nuair nach ionann na córais bhainistithe riosca a úsáideann na contrapháirtithe lárnacha chun a neamhchosaint ar a gcomhaltaí imréitigh nó a neamhchosaintí frithpháirteacha a chumhdach, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha na difríochtaí sin a aithint, déanfaidh siad measúnú ar an mbaol a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, agus déanfaidh siad bearta, lena n-áirítear acmhainní breise airgeadais a fháil, a dhéanfaidh maolú ar an tionchar a bheidh acu ar na socruithe idir-inoibritheachta mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith acu ó thaobh riosca tadhlachta agus áiritheoidh siad nach mbeidh tionchar ag na difríochtaí sin ar chumas gach contrapháirtí lárnaigh iarmhairtí mainneachtana comhalta imréitigh a bhainistiú.

3.   Is ar an gcontrapháirtí lárnacha a iarann idir-inoibritheacht nó rochtain a bheidh aon chostais ghaolmhara a eascraíonn as mír 1 agus mír 2, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.

Airteagal 53

Corrlaigh a sholáthar idir chontrapháirtithe lárnacha

1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach idirdhealú sna cuntais ar na sócmhainní agus na suíomhanna a shealbhaítear do chuntas na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbeidh sé ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta.

2.   Mura gcuirfidh contrapháirtí lárnach a dhéanfaidh socrú idir-inoibritheachta le contrapháirtí lárnach eile ach éarlaisí tosaigh ar fáil faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais urrúis, ní bheidh aon cheart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach is faighteoir maidir leis na héarlaisí a chuirfidh an contrapháirtí lárnach eile ar fáil.

3.   Déanfar comhthaobhacht i bhfoirm ionstraimí airgeadais a thaisceadh le hoibreoirí na gcóras socraíochta urrús a dtugtar fógra dóibh faoi Threoir 98/26/CE.

4.   Ní bheidh na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar fáil don chontrapháirtí lárnach is faighteoir ach i gcás mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh a chuirfidh an chomhthaobhacht ar fáil i gcomhthéacs socraithe idir-inoibritheachta.

5.   I gcás mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh a fhaigheann an chomhthaobhacht i gcomhthéacs socraithe idir-inoibritheachta, tabharfar an chomhthaobhacht dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar ais don chontrapháirtí lárnach is soláthróir.

Airteagal 54

Socruithe idir-inoibritheachta a fhormheas

1.   Ní mór formheas roimh ré a fháil ó údaráis inniúla na gcomhpháirtithe lárnacha lena mbaineann chun socrú idir-inoibritheachta a dhéanamh. Beidh feidhm ag an nós imeachta de bhun Airteagal 17.

2.   Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla formheas don socrú idir-inoibritheach ach amháin sa chás gur údaraíodh na contrapháirtithe lárnacha lena mbaineann chun imréiteach a dhéanamh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17 nó gur tugadh aitheantas dóibh faoi Airteagal 25 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad, na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52 agus go gceadaíonn na coinníollacha teicniúla maidir le hidirbhearta a imréiteach faoi théarmaí an chomhaontaithe do na margaí airgeadais feidhmiú go réidh ordúil agus nach mbaineann an socrú an bonn d'éifeacht na maoirseachta.

3.   I gcás ina measann údarás inniúil nach gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos i mír 2, tabharfaidh sé mínithe i scríbhinn maidir lena chomaoineacha riosca do na húdaráis inniúla agus do na comhpháirtithe lárnacha eile lena mbaineann. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas freisin, agus eiseoidh sé sin tuairim ar bhailíocht éifeachtach na gcomaoineacha riosca mar fhorais chun an comhaontú idir-inoibritheachta a dhiúltú. Cuirfear tuairim ÚEUM ar fáil do na contrapháirtithe lárnacha ar fad lena mbaineann. I gcás ina bhfuil difear idir tuairim ÚEUM agus an measúnú a rinne an t-údarás inniúil ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil sin machnamh ar a chás arís, agus tuairim ÚEUM á chur san áireamh aige.

4.   Eiseoidh ÚEUM treoirlínte nó moltaí faoin 31 Nollaig 2012 d'fhonn measúnuithe comhsheasmacha, éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú maidir le socruithe idir-inoibritheachta, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Ullmhóidh ÚEUM dréachtaí do na treoirlínte nó na moltaí sin tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC.

TEIDEAL VI

STÓRTHA TRÁDÁLA A CHLÁRÚ AGUS MAOIRSEACHT A DHÉANAMH ORTHU

CAIBIDIL 1

Coinníollacha agus Nósanna Imeachta maidir le stór trádála a chlárú

Airteagal 55

Stór trádála a chlárú

1.   Cláróidh stór trádála é féin le ÚEUM chun críocha Airteagal 9.

2.   Chun a bheith incháilithe a bheith cláraithe faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór trádála duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i dTeideal VII.

3.   Beidh éifeacht le clárú stóir thrádála i gcríoch iomlán an Aontais.

4.   Comhlíonfaidh stór trádála cláraithe coinníollacha an chlárúcháin i gcónaí. Tabharfaidh stór trádála fógra, gan aon mhoill mhíchuí, do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.

Airteagal 56

Iarratas ar chlárúchán

1.   Cuirfidh stór trádála iarratas ar chlárú faoi bhráid ÚEUM.

2.   Laistigh de 20 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas, déanfaidh ÚEUM measúnú faoina bhfuil an t–iarratas comhlánaithe ina iomláine.

Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.

3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar mionsonraí an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm mhír 1 a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar formáid an iarratais ar chlárú chuig ÚEUM.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tugtar cumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 57

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú

1.   Más eintiteas atá cláraithe nó údaraithe ag údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe é an stór trádála a bhfuil iarratas ar chlárú á dhéanamh aige, tabharfaidh ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil agus rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil sin sula ndéanfar an stór trádála a chlárú.

2.   Malartóidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis go léir a bheidh riachtanach chun an stór trádála a chlárú mar aon le maoirseacht a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas na coinníollacha a ghabhann lena chlárú nó lena údarú sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 58

An t-iarratas a scrúdú

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 40 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 56(2) a fháil, an t–iarratas ar chlárú a scrúdú bunaithe ar an gcaoi a gcomhlíonann an stór trádála Airteagal 78 go hAirteagal 81 agus déanfaidh sé cinneadh a bheidh lán-réasúnaithe é a chlárú nó diúltú don iarratas.

2.   Tiocfaidh an Cinneadh arna eisiúint ag ÚEUM de bhun mhír 1 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 59

Fógra a thabhairt faoin chinntí ÚEUM i ndáil le clárú

1.   Sa chás ina nglacann ÚEUM cinneadh clárú a dhéanamh, nó cinneadh clárú a dhiúltú nó a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra don stór trádála laistigh de chúig lá oibre mar aon le míniú lán-réasúnaithe faoina chinneadh.

Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan aon mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(1) faoina chinneadh.

2.   Cuirfidh ÚEUM aon chinneadh a ghlacfar i gcomhréir le mír 1 in iúl don Choimisiún.

3.   Foilseoidh ÚEUM liosta na stór trádála atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi mhír 1.

Airteagal 60

Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61 go hAirteagal 63 a fheidhmiú

Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM nó d'aon oifigeach nó d'aon duine eile a údaróidh ÚEUM faoi Airteagal 61 go hAirteagal 63, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 61

Iarraidh ar fhaisnéis

1.   Féadfaidh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar stórtha trádála agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na stórtha trádála feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chucu an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)

cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrtar an fhaisnéis air nach mbeidh sé de cheanglas air an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach; agus

(f)

léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.

3.   Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e)

sonróidh sé na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éileofar tugtha ar aird go neamhiomlán;

(f)

léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus

(g)

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar a gceann. Dlíodóirí a údaraítear go cuí chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   I gcás daoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann an fhaisnéis, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe nó bunaithe.

Airteagal 62

Imscrúduithe ginearálta

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;

(b)

cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)

aon duine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)

taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

2.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t-údarú sin freisin na tráthíocaíochtaí pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile a éilítear ná freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (b) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) mícheart nó míthreorach.

3.   Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ón ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.

4.   In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ón ÚEUM, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.

5.   Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás ina n-iarrfar taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, cuirfear iarratas isteach ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar údarú den sórt sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 63

Cigireachtaí ar an láthair

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó nó ar thalamh na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith nó ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 62(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.   Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

4.   Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú. Déanfaidh ÚEUM na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

5.   Arna iarraidh sin ag ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha agúdarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Chuige sin, téachtfaidh siad na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin dóibh.

6.   Féadfaidh ÚEUM freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 62(1) a chur i gcrích thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 62(1).

7.   I gcás ina n-aimsíonn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, a bheidh á dtionlacan go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

8.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir dlí náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

9.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a fhíorú go bhfuil an cinneadh ón ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh an iarraidh sin ar mhínithe mionsonraithe go sonrach leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh an Rialachán seo a shárú, agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 64

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1.   Más rud é go bhfaigheann ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i maoirseacht, ná sa phróiseas clárúcháin an stóir thrádala lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi réir na n-imscrúduithe á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí, faoi bhráid ÚEUM.

Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 60.

Nuair a bheidh a chúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.

3.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine a bheidh faoi réir na n-imscrúduithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chinntí ach ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí.

4.   Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí á chur faoi bhráid ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoi sin do na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe. Beidh siad i dteideal fáil a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní fholófar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda lena ndéantar difear do thríú páirtithe.

5.   Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 67, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I déanta ag na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 73 agus déanfaidh sé fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 65.

6.   Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.

7.   Glacfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus glacfaidh sé rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82.

8.   Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é go bhfaigheann, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 65

Fíneálacha

1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Measfar go ndearna stór trádála sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an stór trádála nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.   Déanfar méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de Roinn I d'Iarscríbhinn I agus i bpointe (c) go pointe (g), de Roinn II d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) de Roinn III d'Iarscríbhinn I, EUR 10 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 20 000;

(b)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) go pointe (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000.

Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a bheith ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás stórtha trádála ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 mhilliún, beidh sé i lár na teorann i gcás an stóir thrádála a bhfuil a láimhdeachas idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás an stóir thrádála ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 mhilliún.

3.   Déanfar na méideanna bunúsacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fhachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % de láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin ach, i gcás ina bhfuair an stór trádála tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh méid na fíneála comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe sin.

Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh stóir thrádála, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 66

Tráthíocaíochtaí pionósacha

1.   Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur d'fhonn iallach a chur:

(a)

ar stór trádála chun deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 73(1)(a); nó

(b)

ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 61(1):

(i)

chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a iarrfar le cinneadh de bhun Airteagal 61; nó

(ii)

chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 62;

(iii)

chun dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 63.

2.   Beidh tráthíocaíocht phionósach éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear na tráthíocaíochtaí pionósacha de réir gach lá moille.

3.   D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na dtráthíocaíochtaí pionósacha 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an tráthíocaíocht phionósach.

4.   Déanfar tráthíocaíocht phionósach a ghearradh ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fógra faoin gcinneadh ón ÚEUM a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse, déanfaidh ÚEUM an beart a athbhreithniú.

Airteagal 67

Daoine lena mbaineann a éisteacht

1.   Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le fíneáil nó tráthíocaíocht faoi Airteagal 65 agus Airteagal 66, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚEUM.

Airteagal 68

Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha

1.   Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht thréimhsiúil phionóis a fhorchuirtear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66 a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Sa nochtadh sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.   Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66.

3.   I gcás ina gcinnnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.

4.   Beidh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí a fhorchuirfear de bhun Airteagal 65 agus Airteagal 66 in-fhorfheidhmithe.

Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát arb ina chríoch a dhéanfar é. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios do ÚEUM agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

Ní fhéadfar an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

5.   Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na dtráthíocaíochtaí pionósacha a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh

Airteagal 69

Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚEUM fíneáil nó tráthíocaíocht phionósach. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.

Airteagal 70

Leasuithe ar Iarscríbhinn II

Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú.

Airteagal 71

Clárúchán a tharraingt siar

1.   Gan dochar d'Airteagal 73, déanfaidh ÚEUM clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar i gcás maidir leis an stór trádála:

(a)

go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuair sé an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)

nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh;

2.   Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(1) faoi chinneadh chun clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar.

3.   Más rud é go measann an t-údarás inniúil i mBallstát ina gcuireann an stór trádála a sheirbhísí ar fáil agus ina mbíonn sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, féadfaidh sé a iarraidh ar ÚEUM scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú an stóir thrádála lena mbaineann a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir thrádála lena mbaineann a tharraingt siar, cuirfidh sé cúiseanna iomlána ar fáil.

4.   Is é an t-údarás arna ainmniú faoi Airteagal 22 é an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 72

Táillí maoirseachta

1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárú agus maoirseacht stórtha trádála agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 74.

2.   Cumhdóidh méid na táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin go léir a thabhóidh ÚEUM dá ghníomhaíochtaí clárúcháin agus maoirseachta agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir thrádála lena mbaineann.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú tuilleadh.

Airteagal 73

Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a)

a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú;

(b)

fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 65;

(c)

fógraí poiblí a eisiúint;

(d)

mar rogha dheiridh, clárúchán an stóir thrádála a tharraingt siar.

2.   Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)

ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;

(c)

cibé acu atá baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, atá sí éascaithe nó atá sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;

(d)

an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

3.   Déanfaidh ÚEUM fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, faoi haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don stór trádála lena mbaineann agus cuirfidh sé aon chinneadh den sórt sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a láithreán gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a nglacfar é.

Nuair atá a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an stór trádála lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ÚEUM ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 74

Cúraimí ÚEUM a tharmligean chuig údaráis inniúla

1.   I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63(6) a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

2.   Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c)

an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tharchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM

3.   I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.

4.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.

5.   Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn ar chumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a sheoladh agus a mhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.

CAIBIDIL 2

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 75

Coibhéis agus comhaontuithe idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:

(a)

go gcomhlíontar leis na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;

(b)

go bhfuil na stórtha trádála faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin; agus

(c)

go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go mbeidh siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

2.   I gcás inarb iomchuí, agus tar éis gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú leis na tríú tíortha ábhartha faoi rochtain fhrithpháirteach ar chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála atá bunaithe sa tríú tír sin, nó faisnéis a mhalartú fúthu, ar bhealach ina n-áirithítear go mbeidh rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú.

3.   Tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt chun críche, agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sin, bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na tríú tíortha ábhartha. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra i gcomhair malartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo de pháirt amháin agus le húdaráis inniúla na tríú tíortha lena mbaineann den pháirt eile; agus

(b)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

4.   Cuirfidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír i bhfeidhm.

Airteagal 76

Socruithe comhair

Féadfaidh údaráis ábhartha tríú tíortha nach bhfuil aon stórtha trádála bunaithe ina ndlínse dul i dteagmháil le ÚEUM d'fhonn socruithe comhair le haghaidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála.

Féadfaidh ÚEUM socruithe comhair a bhunú leis na húdaráis ábhartha sin maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála an Aontais go bhfuil gá ag na húdaráis sin a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe.

Airteagal 77

Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála

1.   Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a sholáthar d'eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 9 ach amháin má thugann ÚEUM aitheantas don stór trádála sin i gcomhréir le mír 2.

2.   Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 1 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go mbeidh an stór trádála údaraithe agus go mbeidh sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí i dtríú tír:

(a)

atá aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidhmithe aici;

(b)

go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2); agus

(c)

go bhfuil socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) lena áirithiú go mbíonn rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá.

Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir le míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

Foilseoidh ÚEUM liosta na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.

TEIDEAL VII

CEANGLAIS A BHAINEANN LE STÓRTHA TRÁDÁLA

Airteagal 78

Ceanglais ghinearálta

1.   Beidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, ag stór trádála, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar aon nochtadh ar fhaisnéis atá faoi rún.

2.   Déanfaidh stór trádála socruithe eagraíochtúla agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a choimeád agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a bhaineann lena bhainisteoirí, a fhostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leis trí dhlúthnaisc a aithint agus a bhainistiú.

3.   Cuirfidh stór trádála beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun go gcomhlíonfaidh sé féin agus a chuid bainisteoirí agus fostaithe forálacha uile an Rialacháin seo.

4.   Coinneoidh stór trádála struchtúr eagrúcháin leordhóthanach ar bun agus feidhmeoidh sé é chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.

5.   I gcás ina dtairgfidh stór trádála seirbhísí coimhdeacha ar bith, amhail deimhniú trádála, comhoiriúnú trádála, seirbhísiú teagmhas creidmheasa, seirbhísí um réiteach punainne nó seirbhísí um chomhbhrú punainne, coimeádfaidh an stór trádála na seirbhísí coimhdeacha sin, ón taobh oibríochtúil de, ar leithligh ón bhfeidhm atá ag an stór trádála taifid de dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach.

6.   Beidh a ndóthain scileanna agus taithí ag lucht bainistíochta sinsearaí stóir thrádála agus ag comhaltaí an bhoird, agus an oiread sin dea-cháil orthu agus an oiread sin taithí acu lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála.

7.   Beidh ceanglais chuspóireacha, neamh-idirdhealaitheacha ag an stór trádála, ar ceanglais iad a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9. Tabharfaidh stór trádála rochtain neamh-idirdhealaitheach do sholáthróirí seirbhísí ar fhaisnéis atá á coimeád ag an stór trádála ar choinníoll go dtabharfaidh na contrapháirtithe ábhartha cead dó é sin a dhéanamh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann do na sonraí atá á gcothabháil ag stór trádála an aidhm atá leo.

8.   Nochtfaidh stór trádála go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo. Nochtfaidh sé na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ceadóidh sé d'eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrann stór trádála ag brath ar an gcostas a bhaineann leo.

Airteagal 79

Iontaofacht oibríochtúil

1.   Aithneoidh stór trádála na foinsí riosca oibriúcháin go léir agus déanfaidh sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialtáin agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt. Beidh córais den sórt sin iontaofa agus slán agus beidh cumas leordhóthanach iontu chun an fhaisnéis go léir a fhaightear a láimhseáil.

2.   Ceapfaidh stór trádála beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d'aidhm leo a fheidhmeanna a choinneáil slán, athshlánú tráthúil a oibríochtaí, agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus cuirfidh an stór trádála iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. Beidh foráil sa phlean sin do shaoráidí cúltaca a bhunú, ar a laghad.

3.   Áiritheoidh stór trádála óna bhfuil clárú tarraingte siar gur ann d'ionadú ordúil, lena n-áirítear aistriú na sonraí chuig stórtha eile trádála agus atreorú sreafaí um thuairisciú chuig stórtha eile trádála.

Airteagal 80

Coimirciú agus taifeadadh

1.   Áiritheoidh stór trádála rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 9.

2.   Ní fhéadfaidh stór trádála na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo a úsáid le haghaidh cuspóirí tráchtála ach amháin má tá cead tugtha ag na contrapháirtithe ábhartha chuige sin.

3.   Déanfaidh stór trádála an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go tapa agus cothabhálfaidh sé é ar feadh deich mbliana ó fhoirceannadh na gconarthaí bainteacha. Bainfidh sé leas as nósanna imeachta atá tráthúil agus éifeachtúil chun athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú.

4.   Déanfaidh stór trádála suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar shonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9.

5.   Ceadóidh stór trádála do na páirtithe i gconradh faisnéis faoin gconradh sin a rochtain agus a cheartú go tráthúil.

6.   Déanfaidh stór trádála gach beart réasúnach le cosc a chur ar mhí-úsáid na faisnéise atá á coimeád ina chórais.

Ní dhéanfaidh duine nádúrtha a bhfuil dlúth nasc aige le stór trádála nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthas nó fochuideachta aige nó aici leis an stór trádála, faisnéis rúnda arna taifeadadh i stór trádála a úsáid chun críocha tráchtála.

Airteagal 81

Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí

1.   Déanfaidh stór trádála a fhoilsiú, go rialta agus ar shlí atá inrochtana go héasca, suíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach ar na conarthaí a thuairiscítear dó.

2.   Déanfaidh stór trádála sonraí a bhailiú agus a chothabháil agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain dhíreach, láithreach ag na heintitis dá dtagraítear i mír 3 ar shonraí na gconarthaí díorthacha a bhfuil gá acu leo chun a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

3.   Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

(a)

ÚEUM;

(b)

an BERS;

(c)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar an stór trádála;

(d)

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;

(e)

comhaltaí ábhartha CEBC;

(f)

údaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas amhail dá dtagraítear in Airteagal 75;

(g)

na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (32);

(h)

údaráis ábhartha Aontais um urrúis agus margaí;

(i)

údaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú comhair leis an ÚEUM dá dtagraítear in Airteagal 76;

(j)

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh

4.   Roinnfidh ÚEUM le húdaráis iomchuí eile an Aontais an fhaisnéis sin atá riachtanach maidir le feidhmiú a gcuid dualgas.

5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonraítear minicíocht agus mionsonraí na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 chomh maith leis na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha, agus ina sonraítear nuair is gá do na heintitis dá dtagraítear i mír 3 rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis de réir mar is gá. Beidh sé d'aidhm ag na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a áirithiú nach mbeifear in ann leis an bhfaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1 páirtí in aon chonradh a shainaithint.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 82

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

3.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, féachfaidh an Coimisiún le dul i gcomhairle le ÚEUM.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(6), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) i bhfeidhm ach amháin mura rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 83

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 81(3), do ÚEUM, nó d'iniúchóirí agus saineolaithe atá faoi ordú na n-údarás inniúil nó ÚEUM. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a d'fhéadfadh na daoine sin a fháil i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine nó le húdarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach bhféadfaí contrapháirtí lárnach ar leith, stór trádála ar leith nó aon duine eile a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánachais nó don Rialacháin seo.

2.   I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil contrapháirtí lárnach ina fhéimheach nó i gcás ina bhfuil sé á fhoirceannadh go héigeantach, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a sceitheadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála más gá sin chun an t-imeacht a sheoladh.

3.   Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil nó faoin dlí cánachais, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, na comhlachtaí nó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, i gcás na n-údarás inniúil, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó, i gcás údarás eile, comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó chun an dá chríoch sin. I gcás ina dtoilíonn ÚEUM, an t-údarás inniúil nó údarás, comhlacht nó duine eile a bhfuil faisnéis á soláthar acu leis, féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críocha neamhthráchtála eile.

4.   Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Mar sin féin, ní chuirfidh na coinníollacha sin bac ar ÚEUM, ar na húdaráis inniúla, nó ar na bainc cheannais iomchuí faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le haon reachtaíocht eile is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa, cistí pinsean, gnóthais chomhinfheistíochta d'urrúis inaistrithe, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, idirghabhálaithe árachais agus athárachais, gnóthais árachais, margaí rialáilte nó oibreoirí margaidh nó ar shlí eile le toiliú ón údarás inniúil nó ó údarás nó comhlacht nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuir an fhaisnéis sin in iúl.

5.   Ní chuirfidh mír 1, mír 2 agus mír 3 bac ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda nach bhfuarthas ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile a mhalartú nó a tharchur, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 84

Malartú faisnéise

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, agus údaráis ábhartha eile, gan mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis atá de dhíth chun a ndualgais a chomhlíonadh a thabhairt dá chéile.

2.   Údaráis inniúla, ÚEUM údaráis ábhartha eile agus comhlachtaí eile nó daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a fhaigheann faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin nuair a bheidh siad i mbun a ndualgas.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis in iúl do chomhaltaí ábhartha CEBC i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ábhartha maidir le feidhmiú a gcuid dualgas.

TEIDEAL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 85

Tuarascálacha agus Athbhreithniú

1.   Faoin 17 Lúnasa 2015, athbhreithneoidh agus ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta maidir leis an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

measúnú, i gcomhar le comhaltaí an CECB, ar an ngá atá le beart ar bith lena n-éascófaí rochtain na gcontrapháirtithe lárnacha ar áiseanna leachtachta bainc cheannais;

(b)

measúnú, i gcomhar le ÚEUM agus na húdaráis earnála ábhartha, ar thábhacht shistéamach idirbhearta na ngnólachtaí neamhairgeadais i ndíorthaigh thar an gcuntar, agus, go háirithe, tionchar an Rialacháin seo maidir le díorthach thar an gcuntar a bheith á n-úsáid ag gnólachtaí neamhairgeadais;

(c)

i bhfianaise thaithí agus fheidhmiú an chreata maoirseachta do na contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear éifeachtacht na gcoláistí maoirseachta, measúnú ar na modheolaíochtaí vótála faoi seach atá leagtha síos in Airteagal 19(3), agus ról ÚEUM, go háirithe le linn an phróisis udarúcháin do na conrtapháirtithe lárnacha;

(d)

i gcomhar le ÚEUM agus le BERS, éifeachtúlacht na gceanglas éarlaisithe chun comhthimthrialacht a theorannú agus an gá le haghaidh sainmhíniú a dhéanamh ar an gcumas idirghabhála sa limistéar sin a mheasúnú;

(e)

i gcomhar le ÚEUM, measúnú ar éabhlóid bheartais na gcontrapháirithe lárnacha maidir le héarlaisiú comhthaobhacha agus ceanglais um urrú agus ar oiriúnú na mbeartas sin do ghníomhaíochtaí sonracha agus do phróifílí riosca a n-úsáideoirí.

Leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír cuirfear san áireamh aon toradh a bheadh ar an obair leantach idir na bainc cheannais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú freisin prionsabal neamhspleáchais na mbanc ceannais agus an ceart atá acu rochtain a chur ar fáil ar shaoráidí leachtachta dá rogha féin chomh maith leis an éifeacht gan choinne a d'fhéadfadh a bheith ann ar iompar na gcontrapháirtithe lárnacha nó ar an margadh inmheánach. Maidir le haon tograí a ghabhann leis an measúnú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú go díreach ná go hindíreach in aghaidh aon Bhallstáit nó grúpa de Bhallstáit mar ionad do sheirbhísí imréitigh.

2.   Faoin 17 Lúnasa 2014, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus leis an ÚEÁPC, lena ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn agus an iarracht a bheidh déanta ag na contrapháirtithe lárnacha i réitigh theicniúla a fhorbairt maidir le socruithe scéimeanna pinsean de chothaobhacht neamh-airgeadais mar chorrlaigh athrúcháin a aistriú, chomh maith leis an ngá le haon bhearta chun réireach den sórt sin a éascú. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an iarracht is gá chun réitigh theicniúla iomchuí déanta agus go bhfanann éifeacht dhíobhálach na gconarthaí díorthacha a imréitítear go lárnach ar shochair scoir na bpinsinéirí a bheidh ann amach anseo gan athrú, cumhachtófar dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 an tréimhse trí bliana dá dtagraítear in Airteagal 89(1) a fhadú dhá bhliain uair amháin agus bliain uair amháin.

3.   Cuirfidh ÚEUM na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

tuarascáil ar chur i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II agus go háirithe eassnamh na hoibleagáide imréitigh le haghaidh conarthaí díorthacha thar an gcuntar arna ndéanamh roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm;

(b)

tuarascáil ar chur i bhfeidhm an nós imeachta um shainaithint faoi Airteagal 5(3);

(c)

tuarascáil ar chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le leithscaradh a leagtar síos in Airteagal 39;

(d)

tuarascáil ar raon feidhme na socruithe idir-inoibritheachta faoi Theideal V a leathnú chuig idirbhearta in aicmí na n-ionstraimí airgeadais seachas chuig urrúis inaistrithe agus ionstraimí margadh airgid;

(e)

tuarascáil ar rochtain contrapháirtithe lárnacha ar ionaid trádála, na héifeachtaí maidir le hiomaíochas cleachtas éagsúil, agus an tionchar ar bhlúiriú leachtachta;

(f)

tuarascáil ar riachtanais foirne agus ar riachtanais acmhainní ÚEUM a eascraíonn as a chumhachtaí agus as a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(g)

maidir leis an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm ceanglas breise ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(5).

Chun críocha mhír 1, cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2014. Déanfar iad a thíolacadh freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus le ÚEUM, agus tar éis measúnú an BERS a iarraidh, tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas ina mbeidh measúnú ar aon riosca sistéamach agus aon impleachtaí ó thaobh costais de a d'fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe idir-inoibritheachta.

Díreofar sa tuarascáil ar a laghad ar líon agus ar chastacht socruithe den sórt sin agus ar leordhóthanacht na gcóras agus na samhlacha bainistithe riosca. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Cuirfidh an BERS measúnú ar fáil don Choimisiún faoi aon riosca sistéamach a d'fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe comh-inoibritheachta.

5.   Déanfaidh ÚEUM tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir leis na pionóis a fhorchuirfidh na húdaráis inniúla, lena n-áirítear bearta maoirseachta, fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha.

Airteagal 86

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (33) de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 87

Leasú ar Threoir 98/26/CE

(1)   In Airteagal 9(1) de Threoir 98/26/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“I gcás inar chuir oibreoir córais urrús comhthaobhach ar fáil d'oibreoir córais eile maidir le córas idir-inoibritheach, ní bheidh tionchar ag imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh an oibreora córais is faighteoir ar chearta an oibreora córais a sholáthraíonn an t-urrús comhthaobhach.”.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riarachaín is gá chun pointe (1) a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 17 Lúnasa 2014. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi sin.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh iontu tagairt do Threoir 98/26/CE nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.

Airteagal 88

Láithreáin ghréasáin

1.   Beidh láithreán gréasáin á choimeád ag ÚEUM ina gcuirfear na mionsonraí seo a leanas ar fáil:

(a)

conarthaí atá incháilithe don oibleagáid imréitigh faoi Airteagal 5;

(b)

pionóis arna bhforchur trí sháruithe ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11;

(c)

contrapháirtithe láracha, atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe san Aontas, agus an cineál seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a chur ar fáil nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;

(d)

pionóis a fhorchuirtear maidir le sáruithe ar Theideal IV agus ar Theideal V;

(e)

contrapháirtithe láracha, atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;

(f)

stórtha trádála atá údaraithe seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas;

(g)

pionóis agus fíneálacha a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 66;

(h)

an clár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   Chun críocha phointe (b), phointe(c) agus phointe (d) de mhír 1, coimeádfaidh na húdaráis inniúla láithreáin ghréasáin, ar láithreáin iad a bheidh nasctha le láithreán gréasáin ÚEUM.

3.   Maidir leis na láithreáin ghréasáin go léir dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh siad inrochtana go poiblí, agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil i bhformáid shoiléir.

Airteagal 89

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4, ar feadh trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá intomhaiste go hoibiachtúil maidir le rioscaí infheistíochta a laghdú, ar conarthaí iad a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsean mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(10). Beidh feidhm ag an idirthréimhse freisin maidir le heintitis a bunaíodh chun críche cúiteamh a sholáthar do dhaoine atá páirteach i socruithe scéimeanna pinsean i gcás mainneachtana.

Maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 ar shlí eile, agus a rinne na heintitis sin i rith na tréimhse sin, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.

2.   Maidir leis na socruithe do scéimeanna pinsean dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) deonóidh an t-údarás inniúil ábhartha an díolúine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás cineálacha eintiteas nó i gcás cineálacha socruithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin iarraidh do ÚEUM agus do ÚEÁPC, tar éis dó an iarraidh a fháil. Laistigh de 30 lá féilire ón tráth a bhfaighfear an fógra, eiseoidh ÚEUM tuairim, tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚEÁPC, lena measúnófar comhlíonadh an chineáil eintiteas nó an chineáil socruithe le hAirteagal 2(10)(c) nó (d) chomh maith leis na cúiseanna a bhfuil bonn cirt leis an díolúine de bharr deacrachtaí na ceanglais um chorrlaigh athrúcháin a chomhlíonadh. Ní dheonóidh an t-údarás inniúil díolúine ach i gcás ina mbeidh sé lánsásta go gcomhlíonann an cineál eintiteas nó an cineál socruithe Airteagal 2(10)(c) nó (d) agus go bhfuil deacrachtaí acu na ceanglais um chorrlaigh athrúcháin a chomhlíonadh. Glacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh laistigh de dheich lá oibre tar éis tuairim ÚEUM a fháil, agus lánaird aige ar an tuairim sin. Mura n-aontaíonn an t-údarás inniúil le tuairim ÚEUM, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána ina chinneadh agus míneoidh sé aon diallas suntasach ón tuairim sin.

Foilseoidh ÚEUM, ar an láithreán gréasáin atá aige, liosta de chineálacha eintiteas agus de chineálacha socruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) a bhfuil díolúine faighte acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú tuilleadh, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar na heintitis a chuirfear san áireamh ar an liosta gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 4, 5, 8 go 11, 16, 18, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 46, 47, 49, 56 agus 81, déanfaidh sé iarratas ar údarú faoi Airteagal 14 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49.

I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49 a bheith glactha ag an gCoimisiún.

4.   Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le contrapháirtí lárnach a údarú nó aitheantas a thabhairt dó, beidh feidhm i gcónaí ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le húdarú agus aitheantas na gcontrapháirtithe lárnacha agus leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bunaíodh an contrapháirtí lárnach nó inar tugadh aitheantas dó den chontrapháirtí lárnach a mhaoirsiú.

5.   I gcás contrapháirtí lárnach a bheith údaraithe ag údarás inniúil chun aicme áirithe díorthach a imréiteach i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin údarú sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).

I gcás aitheantas a bheith tugtha ag údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin aitheantas sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).

6.   I gcás stór trádála atá údaraithe nó cláraithe sna Ballstáit ina bhfuil sé bunaithe chun taifid na ndíorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar chlárú faoi Airteagal 55 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.

I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach i mBallstát a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 77 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.

7.   Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le stór trádála a údarú nó aitheantas a thabhairt dó, beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le húdarú a dhéanamh ar stórtha trádála, iad a chlárú agus aitheantas a thabhairt dóibh agus leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bunaíodh an stór trádála nó inar tugadh aitheantas dó den stór trádála a mhaoirsiú.

8.   I gcás stór trádála atá údaraithe nó cláraithe sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe chun taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula ndéanfaidh an Coimisiún na caighdeaín theicniúla rialála agus cur chun feidhme faoi Airteagal 56 agus Airteagal 81 a ghlacadh féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go ndéanfar cinneadh faoi chlárú an stóir thrádála faoin Rialachán seo.

I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 56 agus 81, féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go nglacfar cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don stór trádála faoin Rialachán seo.

9.   D'ainneoin Airteagal 81(3)(f), i gcás nach bhfuil aon chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm idir tríú tír agus an tAontas amhail dá dtagraítear in Airteagal 75, féadfaidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil d'údaráis ábhartha an tríú tír sin go dtí 17 Lúnasa 2013, ar choinníoll go dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM.

Airteagal 90

Foireann agus acmhainní ÚEUM

Faoin 31 Nollaig 2012, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Airteagal 91

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 57, 23.2.2011, lch. 1.

(2)  IO C 54, 19.2.2011, lch. 44.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an an 29 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Iúil 2012.

(4)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(5)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(6)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(7)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

(8)  IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

(9)  IO L 228, 16.8.1973, lch. 3.

(10)  IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

(11)  IO L 323, 9.12.2005, lch. 1.

(12)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(13)  IO L 235, 23.9.2003, lch. 10.

(14)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

(15)  IO L 110, 20.4.2001, lch. 28.

(16)  Seachtú Treoir ón gComhairle 83/349/CE an 13 Meitheamh 1983 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúthaithe (IO L 193, 18.7.1983, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena mbunaítear meicníocht chun comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a chuireann eisiúnaithe urrús i dtríú tíortha i bhfeidhm a chinneadh de bhun Theoracha 2003/71/CE agus 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 340, 22.12.2007, lch. 66).

(19)  Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht chaipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (IO L 177, 30.6.2006, lch. 201).

(20)  IO L 241, 2.9.2006, lch. 1.

(21)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(22)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(23)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(24)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(25)  IO L 35, 11.2.2003, lch. 1.

(26)  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

(27)  IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.

(28)  IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

(29)  IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

(30)  IO L 228, 11.8.1992, lch. 1.

(31)  IO L 168, 27.6.2002, lch. 43.

(32)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.

(33)  IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.


IARSCRÍBHINN I

Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1)

I.

Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(1) más rud é nach mbeidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar fhaisnéis atá faoi rún a nochtadh;

(b)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(2) más rud é nach ndéantar socruithe eagraíochtúla agus riaracháin i scríbhinn a chothabháil nó a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir lena bhainisteoirí, lena fhostaithe, nó maidir le haon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo trí naisc dhlútha;

(c)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(3) más rud é nach gcuirtear beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear a bhainisteoirí agus a fhostaithe a bheith á gcomhlíonadh;

(d)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(4) le stór más rud é nach ndéantar struchtúr eagrúcháin leordhóthanacha a chothabháil nó a oibriú chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí;

(e)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(5) más rud é nach ndeighltear go hoibríochtúil a sheirbhísí coimhdeacha óna fheidhm i ndáil le taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(f)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(6) más rud é nach n-áirithítear gur leor dea-cháil agus taithí an lucht bainistíochta sinsearaí agus na chomhalta an bhoird lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála;

(g)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(7) más rud é nach mbíonn ceanglais chuspóireacha neamh-idirdhealaitheacha aige agus ceanglais a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag soláthróirí seirbhísí agus ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9;

(h)

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(8) más rud é nach nochtar go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus más rud é nach gceadaítear rochtain ar leith d'eintitis tuairiscithe ar sheirbhísí sonracha nó más rud é go ngearrtar praghsanna agus táillí nach bhfuil bainteach leis an gcostas.

II.

Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach ndéantar foinsí riosca oibríochtúil a shainaithint ná nach ndéantar na rioscaí sin a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt;

(b)

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) más rud é nach ndéantar beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil, a mbeidh sé d'aidhm leo a áirithiú go ndéanfar a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an stóir thrádála a chomhlíonadh;

(c)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(1) le stór mura n-áirithítear rúndacht, sláine nó cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 9;

(d)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(2) más rud é go n-úsáidtear na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo le haghaidh cuspóirí tráchtála sa chás nach dtugann na contrapháirtithe ábhartha a dtoiliú é sin a dhéanamh;

(e)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(3) más rud é nach ndéantar an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go pras nó trína cothabháil ar feadh deich mbliana ar a laghad ón dáta a ndéanfar na conarthaí ábhartha a fhoirceannadh nó más rud é nach mbainfear leas as nósanna imeachta tráthúla agus éifeachtúla chun taifid a choimeád d'fhonn athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú;

(f)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(4) más rud é nach ndéantar suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9;

(g)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(5) más rud é nach gceadaítear do na páirtithe i gconradh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gconradh sin agus an fhaisnéis sin a cheartú ar bhealach tráthúil;

(h)

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(6) más rud é nach ndéantar gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid maidir leis an bhfaisnéis atá á coimeád ina córais.

III.

Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 81(1) más rud é nach bhfoilsítear faisnéis go rialta, agus ar shlí a bhfuil rocháin éasca air faoi shuíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach i ndáil leis na conarthaí a thuairiscítear dó;

(b)

sáraítear Airteagal 81(2) le stór trádála más rud é gceadaítear rochtain dhíreach, láithreach a bheith ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a mbíonn gá acu leo lena ndualgais agus lena sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

IV.

Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:

(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 61(1) trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a chur ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ón ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ón ÚEUM lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 61(3);

(b)

go gcuireann stór trádála freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil do cheisteanna a chuirtear de bhun Airteagal 62(1)(c);

(c)

nach ndéanann stór trádála in am trátha beart maoirseachta a ghlacann ÚEUM de bhun Airteagal 73 a chomhlíonadh.


IARSCRÍBHINN II

Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 65(3) a chur i bhfeidhm

Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2):

I.

Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí géaraitheacha:

(a)

i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;

(b)

i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;

(c)

i gcás ina nochtar leis an sárú laigí sistéamacha in eagraíocht an stóir thrádála, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;

(d)

i gcás ina bhfuil tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht na sonraí a choinníonn sé, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;

(e)

i gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.

(f)

i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;

(g)

i gcás nár chomhoibrigh lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála le ÚEUM le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

II.

Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:

(a)

i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is lú ná deich lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;

(b)

i gcás ina bhfuil lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;

(c)

i gcás inar chuir an stór trádála an sárú in iúl do ÚEUM ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;

(d)

i gcás ina ndearna an stór trádála bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach bhféadfar sárú den chineál céanna a dhéanamh sa todhchaí, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.


27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/60


RIALACHÁN (AE) Uimh. 649/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le ceimiceáin chontúirteacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 a athmhúnlú ar mhaithe leis an tsoiléireacht.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 cuirtear i bhfeidhm Coinbhinsiún Rotterdam ar an nós imeachta i dtaobh toiliú feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceán guaiseach agus lotnaidicídí áirithe sa trádáil idirnáisiúnta (4), (an “Coinbhinsiún”), a tháinig i bhfeidhm an 24 Feabhra 2004, agus glacann sé ionad Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le ceimiceáin chontúirteacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (5).

(3)

Ar chúiseanna soiléire agus comhréireachta le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, ba cheart sainmhínithe áirithe a thabhairt isteach nó a shoiléiriú agus ba cheart an téarmaíocht a ailíniú leis an téarmaíocht a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (6), ar thaobh amháin, agus Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (7), ar an taobh eile. Is iomchuí a áirithiú go léirítear le forálacha an Rialacháin seo forálacha idirthréimhseacha Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, d’fhonn aon neamhréireachtaí idir amchlár chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus amchlár chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheachaint.

(4)

Leis an gCoinbhinsiún tugtar cead do Pháirtithe gníomhú ar bhealach atá níos déine ó thaobh cosaint a thabhairt do shláinte an duine agus don chomhshaol ná mar a éilítear sa Choinbhinsiún, ar choinníoll go mbeadh gníomh den sórt sin ag luí le forálacha an Choinbhinsiúin agus go mbeadh sé i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Chun leibhéal cosanta is airde a áirithiú don chomhshaol sna tíortha allmhairíochta agus don phobal i gcoitinne sna tíortha sin, is gá agus is iomchuí breis a dhéanamh ná mar a fhoráiltear le forálacha an Choinbhinsiúin i dtaobh nithe áirithe.

(5)

Maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Choinbhinsiún, tá sé riachtanach go mbeadh pointe teagmhála amháin ann d’idirghníomhaíocht an Aontais le Rúnaíocht an Choinbhinsiúin (an “Rúnaíocht”) agus le Páirtithe eile sa Choinbhinsiún mar aon le tíortha eile. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Coimisiún mar an pointe teagmhála sin.

(6)

Is gá a áirithiú go mbainisteofar agus go gcomhordófar go héifeachtúil gnéithe teicniúla agus riaracháin an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais. Tá an inniúlacht agus an taithí ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (an “Ghníomhaireacht”) reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin agus comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, cúraimí a chur i gcrích i dtaca le gnéithe riaracháin, teicniúla agus eolaíocha chur chun feidhme an Choinbhinsiúin tríd an Rialachán seo, chomh maith le cúraimí i dtaca le faisnéis a mhalartú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht comhoibriú d’fhonn oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gCoinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach.

(7)

Ós rud é gur cheart cúraimí áirithe de chuid an Choimisiúin a aistriú chuig an nGníomhaireacht, ba cheart don Ghníomhaireacht an Bunachar Sonraí Eorpach maidir le hOnnmhairiú agus Allmhairiú Ceimiceán Contúirteacha a bhunaigh an Coimisiún i dtosach a fhorbairt agus a chothabháil tuilleadh.

(8)

Ní mór go leanfadh onnmhairiú ceimiceán guaiseach a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu laistigh den Aontas de bheith faoi réir nós imeachta chomhchoitinn um fhógra onnmhairíochta. Dá réir sin, cibé an bhfuil na ceimiceáin ghuaiseacha i bhfoirm substaintí ina n-aonar nó i meascáin nó in earraí, ar chuir an tAontas toirmeasc nó srian mór orthu mar tháirgí cosanta plandaí, mar fhoirmeacha eile lotnaidicídí nó mar cheimiceáin thionsclaíocha lena n-úsáid ag úsáideoirí gairmiúla nó ag an bpobal, ba cheart iad a chur faoi réir rialacha um fhógra onnmhairíochta a bheadh comhchosúil leis na rialacha is infheidhme maidir le ceimiceáin den sórt sin nuair a chuirtear toirmeasc nó srian mór orthu laistigh de cheann amháin nó den dá cheann de na catagóirí úsáide a leagtar síos sa Choinbhinsiún, eadhon mar lotnaidicídí nó mar cheimiceáin d’úsáid thionsclaíoch. Fairis sin, ba cheart go mbeadh ceimiceáin atá faoi réir nós imeachta idirnáisiúnta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré (PIC) (an “nós imeachta PIC”) faoi réir na rialacha céanna maidir le fógra onnmhairíochta freisin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta comhchoiteann sin um fhógra onnmhairíochta maidir le haon onnmhairithe ón Aontas chuig tríú tíortha, cibé an Páirtithe iad sa Choinbhinsiún nó an bhfuil siad rannpháirteach ina nósanna imeachta. Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit táillí riaracháin a ghearradh, d’fhonn a gcostais a ghlanadh agus an nós imeachta sin á chur i gcrích acu.

(9)

Ba cheart go mbeadh dualgas ar onnmhaireoirí agus ar allmhaireoirí faisnéis a thabhairt maidir le cainníochtaí na gceimiceán sa trádáil idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ionas go bhféadfaí faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thionchar agus ar éifeachtacht na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo.

(10)

Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún fógraí faoi bhráid na Rúnaíochta i dtaobh gníomhaíochtaí rialála críochnaitheacha de chuid an Aontais nó de chuid na mBallstát lena gcuirtear toirmeasc nó srian mór ar cheimiceáin d’fhonn iad a chuimsiú sa nós imeachta idirnáisiúnta PIC i gcásanna nuair a chomhlíonann na critéir a leagtar síos sa Choinbhinsiún i ndáil leis sin. Ba cheart go lorgófaí faisnéis bhreise chun tacú le fógraí den sórt sin nuair is gá.

(11)

I gcásanna nach mbeidh gníomhaíochtaí rialála críochnaitheacha de chuid an Aontais nó de chuid na mBallstát incháilithe d’fhógra toisc nach gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Choinbhinsiún, ba cheart faisnéis faoi na gníomhaíochtaí a thabhairt don Rúnaíocht agus do Pháirtithe eile sa Choinbhinsiún ar mhaithe le malartú faisnéise.

(12)

Is gá a áirithiú chomh maith go ndéanfaidh an tAontas cinntí i ndáil le hallmhairiú ceimiceán isteach san Aontas a bheidh faoi réir an nós imeachta idirnáisiúnta PIC. Ba cheart go mbeadh na cinntí sin bunaithe ar reachtaíocht is infheidhme an Aontais agus ba cheart go ndéanfaí aon toirmeasc nó aon srian mór a fhorchuirfidh na Ballstáit a chur san áireamh leo. I gcás ina mbeidh údar maith leis an méid sin, ba cheart go mbeartófaí leasuithe ar reachtaíocht an Aontais.

(13)

Tá gá le socruithe chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus na honnmhaireoirí ar an eolas maidir le cinntí na dtíortha allmhairíochta a bhaineann le ceimiceáin atá faoi réir an nós imeachta idirnáisiúnta PIC, agus go gcomhlíonfaidh na honnmhaireoirí na cinntí sin. Fairis sin, d’fhonn aon onnmhairithe gan iarraidh a chosc, níor cheart go n-onnmhaireofaí aon cheimiceán a bheidh faoi thoirmeasc nó faoi shrian mór san Aontas, agus a chomhlíonann critéir an Choinbhinsiúin nó atá faoi réir an nós imeachta idirnáisiúnta PIC, mura lorgaíodh toiliú sainráite ón tír allmhairíochta lena mbaineann agus mura bhfuarthas an toiliú sin, cibé an Páirtí sa Choinbhinsiún í an tír sin nó nach ea. Ag an am céanna, is iomchuí díolúine ón oibleagáid sin i ndáil le honnmhairithe ceimiceán áirithe chuig tíortha ar comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Fairis sin, tá nós imeachta de dhíth chun déileáil leis na cásanna sin nach bhfaighfear freagairt maidir leo ón tír allmhairíochta in ainneoin gach iarracht réasúnta, ionas go bhféadfar dul ar aghaidh le honnmhairiú ceimiceán áirithe ar bhonn sealadach faoi choinníollacha a bheidh sonraithe. Tá sé riachtanach chomh maith go ndéanfaí foráil d’athbhreithniú tréimhsiúil ar gach cás den sórt sin agus ar na cásanna sin ina bhfaighfear toiliú sainráite.

(14)

Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh seilfré leordhóthanach ag na ceimiceáin uile a onnmhairítear ionas go bhféadfar iad a úsáid go héifeachtach agus go sábháilte. Maidir le lotnaidicídí, go háirithe na lotnaidicídí a onnmhairítear chuig tíortha atá i mbéal forbartha, tá sé riachtanach go gcuirfí faisnéis ar fáil maidir le coinníollacha stórála iomchuí, agus go n-úsáidfí pacáistiú oiriúnach agus coimeádáin de thoirt oiriúnach ionas go seachnófaí stoic chríonna a chruthú.

(15)

Ní thagann earraí ina bhfuil ceimiceáin faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin. Mar sin féin, maidir le hearraí, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, ina bhfuil ceimiceáin a d’fhéadfaí a scaoileadh faoi choinníollacha áirithe úsáide nó faoi choinníollacha áirithe diúscartha agus atá faoi thoirmeasc nó faoi shrian mór san Aontas faoi chatagóir úsáide amháin a leagtar síos sa Choinbhinsiún nó faoi bhreis agus catagóir amháin, nó atá faoi réir an nós imeachta idirnáisiúnta PIC, is iomchuí go mbeidís freisin faoi réir na rialacha maidir le fógra onnmhairíochta a thabhairt. Fairis sin, níor cheart ceimiceáin áirithe ná earraí áirithe a bhfuil ceimiceáin shonracha iontu nach dtagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin ach atá ina n-údar imní faoi leith a onnmhairiú ar chor ar bith.

(16)

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún, ba cheart faisnéis maidir le gluaiseachtaí idirthurais ceimiceán atá faoi réir an nós imeachta idirnáisiúnta PIC a sholáthar do na Páirtithe sa Choinbhinsiún a iarrfaidh an fhaisnéis sin.

(17)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an Aontais maidir le pacáistiú agus lipéadú agus maidir le faisnéis eile sábháilteachta a bhaineann leis na ceimiceáin uile nuair a bheartaítear iad a onnmhairiú chuig Páirtithe agus chuig tíortha eile ach amháin i gcás ina mbeadh na forálacha sin ar neamhréir le ceanglais shonracha na dtíortha sin, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Ós rud é gur bunaíodh forálacha nua maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, ba cheart tagairt don Rialachán sin a chuimsiú sa Rialachán seo.

(18)

D’fhonn rialú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú, ba cheart go n-ainmneodh na Ballstáit údaráis ar nós údarás custaim ar cheart an fhreagracht a bheith orthu rialú a dhéanamh ar onnmhairithe agus ar allmhairithe ceimiceán a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Tá ról lárnach ag an gCoimisiún, le tacú na Gníomhaireachta, agus ag na Ballstáit agus ba cheart go ngníomhóidís ar bhealach dírithe agus comhordaithe. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis iomchuí i gcás sáruithe.

(19)

Chun rialú custaim a éascú agus an t-ualach riaracháin d’onnmhaireoirí agus d’údaráis araon a laghdú, ba cheart córas cód a bhunú a bheidh le húsáid i ndearbhuithe onnmhairíochta. Ba cheart cóid speisialta a úsáid freisin, de réir mar is iomchuí, i gcás ceimiceán arna n-onnmhairiú chun críche taighde nó anailíse i gcainníochtaí nach dealraitheach go ndéanfaidís difear do shláinte an duine ná don chomhshaol agus ar aon chuma nach bhfuil níos mó ná 10 kg nó níos lú ná sin ó gach onnmhaireoir chuig gach tír allmhairithe in aghaidh na bliana féilire.

(20)

Ba cheart malartú faisnéise, comhroinnt freagrachta agus iarrachtaí comhoibritheacha idir an tAontas agus na Ballstáit agus tríú tíortha a chur chun cinn d’fhonn bainistíocht shlán ceimiceán a áirithiú, cibé an bhfuil na tríú tíortha sin ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún nó nach bhfuil. Ba cheart, go háirithe, don Choimisiún agus do na Ballstáit cúnamh teicniúil a sholáthar go díreach do thíortha atá i mbéal forbartha agus do thíortha ag a bhfuil geilleagair idirlinne, nó ba cheart dóibh cúnamh a sholáthar go hindíreach trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh de chuid eagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe cúnamh arb é is aidhm dó a chur ar chumas na dtíortha sin an Coinbhinsiún a chur chun feidhme agus, sa tslí sin, cabhrú le héifeachtaí díobhálacha ceimiceán ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chosc.

(21)

Ba cheart go ndéanfaí faireachán tráthrialta ar oibríocht na nósanna imeachta má tá siad chun bheith éifeachtach. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht tuarascálacha i bhfoirm chaighdeánaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin go tráthrialta, agus ba cheart don Choimisiún tuarascálacha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go tráthrialta.

(22)

Ba cheart don Ghníomhaireacht nótaí teicniúla treorach a tharraingt suas chun cuidiú leis na húdaráis ainmnithe, lena n-áirítear údaráis ar nós údarás custaim a rialaíonn onnmhairí, onnmhaireoirí agus allmhaireoirí, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(23)

D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith ceimiceáin a chuimsiú i gCuid 1 nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I agus leasuithe eile ar an Iarscríbhinn sin, ceimiceáin a liostú i gCuid 1 nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus leasuithe eile ar an Iarscríbhinn sin, agus leasuithe eile ar Iarscríbhinní II, III, IV agus VI. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(24)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (8).

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon cur chun feidhme comhleanúnach agus éifeachtach oibleagáidí an Aontais faoin gCoinbhinsiún a áirithiú, agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr é a bheith riachtanach rialacha maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe ceimiceán guaiseach a chomhchuibhiú, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(26)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 a aisghairm.

(27)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a iarchur ionas go mbeidh dóthain ama ag an nGníomhaireacht ullmhú dá ról nua agus ag lucht an tionscail teacht i dtaithí ar na nósanna imeachta nua,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Is iad seo a leanas cuspóirí an Rialacháin seo:

(a)

Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl Roimh Ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (an “Coinbhinsiún”) a chur chun feidhme;

(b)

comhfhreagracht agus iarrachtaí comhoibritheacha a chur chun cinn maidir le gluaiseacht ceimiceán guaiseach d’fhonn sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aon díobháil a d’fhéadfadh tarlú;

(c)

rannchuidiú le slánúsáid ceimiceán guaiseach ó thaobh an chomhshaoil de.

Bainfear amach na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír trí mhalartú faisnéise maidir le saintréithe ceimiceán guaiseach a éascú, trí fhoráil do phróiseas cinnteoireachta laistigh den Aontas maidir lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú agus trí chinntí a scaipeadh ar Pháirtithe agus ar thíortha eile de réir mar is iomchuí.

2.   I dteannta na gcuspóirí atá leagtha amach i mír 1, áiritheofar leis an Rialachán seo go mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú i gcás na gceimiceán sin go léir nuair a onnmhaireofar ó na Ballstáit chuig Páirtithe eile nó chuig tíortha eile iad, mura mbeadh na forálacha sin ar neamhréir le haon cheanglas sonrach de chuid na bPáirtithe sin nó de chuid na dtíortha eile.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ceimiceáin ghuaiseacha áirithe atá faoi réir an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré faoin gCoinbhinsiún, (“nós imeachta PIC”);

(b)

ceimiceáin ghuaiseacha áirithe a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu laistigh den Aontas nó laistigh de Bhallstát;

(c)

ceimiceáin atá á n-onnmhairiú, a mhéid a bhaineann lena a n-aicmiú, lena bpacáistiú agus lena lipéadú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha (9);

(b)

ábhair radaighníomhacha agus substaintí radaighníomhacha a chumhdaítear le Treoir 96/29/Euratom ón gComhairle an 13 Bealtaine 1996 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a éiríonn as radaíocht ianúcháin (10);

(c)

fuíll a chumhdaítear le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl (11);

(d)

airm cheimiceacha a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide, agus ar iad a bheith ar idirthuras (12);

(e)

bia agus breiseáin bia a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú (13);

(f)

bianna ainmhithe a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (14), lena n-áirítear breiseáin, cibé an bhfuil siad próiseáilte, páirtphróiseáilte nó neamhphróiseáilte, arna gceapadh mar chothú de bhéal le haghaidh ainmhithe;

(g)

orgánaigh ghéinmhodhnaithe a chumhdaítear le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh amach d’aonghnó sa chomhshaol (15);

(h)

ach amháin a mhéid a chumhdaítear le hAirteagal 3(5)(b) den Rialachán seo, táirgí íocshláinte dílseánaigh agus tairgí míochaine tréidliachta a chumhdaítear le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (16) agus le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (17) faoi seach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceimiceáin arna n-onnmhairiú chun críche taighde nó anailíse i gcainníochtaí nach dóigh dóibh difear a dhéanamh do shláinte an duine ná don chomhshaol, agus ar aon chuma iad siúd nach bhfuil níos mó ná 10 kg ó gach onnmhaireoir chuig gach tír allmhairíochta in aghaidh na bliana féilire.

D’aineoinn na chéad fhomhíre, gheobhaidh onnmhaireoirí ceimiceán dá dtagraítear ann, áfach, uimhir thagartha shainaitheantais speisialta ón mBunachar Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) agus soláthróidh siad an uimhir thagartha shainaitheantais sin ina ndearbhú onnmhairíochta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ceimiceán” substaint, cibé acu is ina haonar atá sí nó i meascán, nó is meascán í, cibé acu a monaraíodh í nó is ón nádúr a fuarthas í, ach ní chuimsítear leis sin orgánaigh bheo, a bhaineann le ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

lotnaidicídí, lena n-áirítear foirmlí lotnaidicídí atá thar a bheith guaiseach;

(b)

ceimiceáin thionsclaíocha;

(2)

ciallaíonn “substaint” aon dúil cheimiceach agus a comhdhúile mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(3)

ciallaíonn “meascán” meascán nó tuaslagán mar a shainmhínítear iad i bpointe 8 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(4)

ciallaíonn “earra” táirge críochnaithe ina bhfuil ceimiceán nó a bhfuil ceimiceán ann ar cuireadh toirmeasc nó srian mór ar a úsáid le reachtaíocht an Aontais i gcás an táirge áirithe sin mura dtagann an táirge faoi phointe 2 nó faoi phointe 3;

(5)

ciallaíonn “lotnaicídí” ceimiceáin i gceann de na fochatagóirí seo a leanas:

(a)

lotnaidicídí a úsáidtear mar tháirgí cosanta plandaí, a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (18);

(b)

lotnaidicídí eile, amhail:

(i)

táirgí bithicídeacha faoi Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithchídeacha a chur ar an margadh (19); agus

(ii)

dífhabhtáin, feithidicídí agus seadáinicídí a chumhdaítear le Treoir 2001/82/CE agus le Treoir 2001/83/CE;

(6)

ciallaíonn “ceimiceáin thionsclaíocha” ceimiceáin i gceann de na fochatagóirí seo a leanas:

(a)

ceimiceáin lena n-úsáid ag gairmithe;

(b)

ceimiceáin lena n-úsáid ag an bpobal;

(7)

ciallaíonn “ceimiceán atá faoi réir fógra onnmhairíochta” aon cheimiceán a gcuirtear toirmeasc nó srian mór air laistigh den Aontas laistigh de chatagóir amháin nó níos mó ná sin, nó laistigh d’fhochatagóir amháin nó níos mó ná sin, agus aon cheimiceán a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I agus atá faoi réir nós imeachta PIC;

(8)

ciallaíonn “ceimiceán atá incháilithe le haghaidh fógra PIC a thabhairt” aon cheimiceán a gcuirtear toirmeasc nó srian mór air laistigh den Aontas nó laistigh de Bhallstát i gcatagóir amháin nó níos mó ná catagóir amháin. Liostaítear na ceimiceáin a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu san Aontas i gcatagóir amháin nó níos mó ná catagóir amháin i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I;

(9)

ciallaíonn “ceimiceán atá faoi réir nós imeachta PIC” aon cheimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(10)

ciallaíonn “ceimiceán a gcuirtear toirmeasc air” ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

ceimiceán a ndearnadh gach úsáid de i gcatagóir amháin nó níos mó ná catagóir amháin, nó i bhfochatagóir amháin nó níos mó ná sin, a thoirmeasc le gníomh rialála críochnaitheach ón Aontas d’fhonn sláinte an duine a chosaint nó an comhshaol a chaomhnú;

(b)

ceimiceán a diúltaíodh a fhormheas le haghaidh úsáide den chéad uair nó ceimiceán a tharraing an tionscal siar ó mhargadh an Aontais nó óna bhreithniú tuilleadh i bpróiseas fógartha, clárúcháin nó formheasa agus i gcás ina bhfuil fianaise ann gur ábhar imní é an ceimiceán maidir le sláinte an duine nó maidir leis an gcomhshaol;

(11)

ciallaíonn “ceimiceán a gcuirtear srian mór air” ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

ceimiceán a ndearnadh toirmeasc a chur ar beagnach gach úsáid de i gcatagóir amháin nó níos mó ná catagóir amháin, nó i bhfochatagóir amháin nó níos mó ná sin, le gníomh rialála críochnaitheach ón Aontas d’fhonn sláinte an duine a chosaint nó an comhshaol a chaomhnú, ach a gceadaítear úsáidí sonracha áirithe de i gcónaí;

(b)

ceimiceán a diúltaíodh a fhormheas le haghaidh beagnach gach úsáid, nó ceimiceán a tharraing an tionscal siar ó mhargadh an Aontais nó óna bhreithniú tuilleadh i bpróiseas fógartha, clárúcháin nó formheasa agus i gcás ina bhfuil fianaise ann gur ábhar imní é an ceimiceán maidir le sláinte an duine nó maidir leis an gcomhshaol;

(12)

ciallaíonn “ceimiceán a gcuireann Ballstát toirmeasc nó srian mór air” aon cheimiceán a gcuirtear toirmeasc nó srian mór air le gníomh rialála críochnaitheach náisiúnta de chuid Ballstáit;

(13)

ciallaíonn “gníomh rialála críochnaitheach” gníomh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus arb é a chuspóir toirmeasc nó srian mór a chur ar cheimiceán;

(14)

ciallaíonn “foirmle lotnaidicíde atá thar a bheith guaiseach” ceimiceán a ceapadh le húsáid mar lotnaidicíd a mbíonn dianéifeachtaí aige ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol a bhíonn inbhraite faoi cheann tréimhse giorra ama tar éis teagmhála amháin nó níos mó ná teagmháil amháin, faoi na coinníollacha úsáide;

(15)

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” an chríoch arna cinneadh in Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobal (20);

(16)

ciallaíonn “onnmhairiú” na nithe seo a leanas:

(a)

onnmhairiú buan nó sealadach aon cheimiceáin a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE;

(b)

athonnmhairiú ceimiceáin nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE agus a chuirtear faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais eachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch custaim an Aontais;

(17)

ciallaíonn “allmhairiú” ceimiceáin a thabhairt isteach go fisiciúil chuig críoch custaim an Aontais a chuirtear faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais eachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;

(18)

ciallaíonn “onnmhaireoir” duine de na daoine seo a leanas, is cuma an duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá i gceist:

(a)

an duine a ndéantar dearbhú onnmhairíochta ar a shon, is é sin le rá an duine a bhfuil an conradh aige, an tráth a nglactar leis an dearbhú, leis an gcoinsíní i bPáirtí nó i dtír eile agus a bhfuil de chumhacht aige a chinneadh go seolfar an ceimiceán amach as críoch chustaim an Aontais;

(b)

i gcás nach dtabharfar aon chonradh onnmhairíochta i gcrích nó i gcás nach ngníomhóidh sealbhóir an chonartha ar a shon féin, an duine a bhfuil de chumhacht aige a chinneadh go seolfar an ceimiceán amach as críoch chustaim an Aontais;

(c)

i gcás gur ag duine atá bunaithe lasmuigh den Aontas atá tairbhe an chirt maidir leis an gceimiceán a dhiúscairt de bhun an chonartha a mbunaítear an t-onnmhairiú air, an páirtí conarthach atá bunaithe san Aontas;

(19)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach is coinsíní don cheimiceán tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(20)

ciallaíonn “Páirtí sa Choinbhinsiún” nó “Páirtí” Stát nó eagraíocht réigiúnach chomhtháite eacnamaíochta a thoiligh a bheith faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún agus a bhfuil an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis;

(21)

ciallaíonn “tír eile” aon tír nach Páirtí í;

(22)

ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(23)

ciallaíonn “Rúnaíocht” Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 4

Údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát

Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás nó na húdaráis, (an “t-údarás náisiúnta ainmnithe” nó na “húdaráis náisiúnta ainmnithe”), chun gníomhú d’fhonn na feidhmeanna riaracháin a éilíonn an Rialachán seo a chur i gcrích, mura mbeidh sé déanta cheana aige roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

Cuirfidh sé an t-ainmniúchán sin in iúl don Choimisiún faoin 17 Samhain 2012, mura rud é go mbeidh an fhaisnéis sin curtha ar fáil cheana féin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé aon athrú den údarás náisiúnta ainmnithe in iúl don Choimisiún chomh maith.

Airteagal 5

Rannpháirtíocht an Aontais sa Choinbhinsiún

1.   Beidh rannpháirtíocht sa Choinbhinsiún ina freagracht chomhpháirteach ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go háirithe maidir le cúnamh teicniúil, maidir le malartú faisnéise, agus maidir le hábhair a bhaineann le díospóidí a réiteach, maidir le rannpháirtíocht i bhfochomhlachtaí agus maidir le vótáil.

2.   Gníomhóidh an Coimisiún mar údarás ainmnithe comhchoiteann le haghaidh feidhmeanna riaracháin an Choinbhinsiúin agus tagairt á déanamh do nós imeachta PIC ar son údarás náisiúnta ainmnithe uile na mBallstát agus i ndlúthchomhar agus i gcomhairle leo.

Beidh an Coimisiún freagrach go háirithe as an méid seo a leanas:

(a)

fógraí onnmhairíochta an Aontais a tharchur de bhun Airteagal 8 chuig Páirtithe agus chuig tíortha eile;

(b)

fógraí faoi ghníomhartha rialála críochnaitheacha ábhartha a bhaineann le ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC a thíolacadh de bhun Airteagal 11 chuig an Rúnaíocht;

(c)

faisnéis faoi ghníomhartha rialála críochnaitheacha eile a bhaineann le ceimiceáin nach bhfuil incháilithe d’fhógra PIC a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d)

ar dhóigh níos ginearálta, faisnéis a fháil ón Rúnaíocht.

Cuirfidh an Coimisiún ar fáil don Rúnaíocht chomh maith freagairtí allmhairíochta de chuid an Aontais do cheimiceáin faoi réir nós imeachta PIC de bhun Airteagal 13.

Ina theannta sin, comhordóidh an Coimisiún ionchur an Aontais maidir le gach ábhar teicniúil a bhaineann le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an Coinbhinsiún;

(b)

ullmhú Chomhdháil na bPáirtithe a bhunaítear le hAirteagal 18(1) den Choinbhinsiún;

(c)

an Coiste Athbhreithnithe Ceimiceán a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 18(6) den Choinbhinsiún (an “Coiste Athbhreithnithe Ceimiceán”);

(d)

fochomhlachtaí eile de chuid Chomhdhála na bPáirtithe.

3.   Glacfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na tionscnaimh is gá d’fhonn ionadaíocht iomchuí an Aontais a áirithiú sna comhlachtaí éagsúla atá i mbun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme.

Airteagal 6

Cúraimí na Gníomhaireachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, de bhreis ar na cúraimí atá sannta di faoi Airteagail 7, 8, 9, 10, 11, 13, 14, 15, 18, 19, 20, 21, 22 agus 25, na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a)

bunachar sonraí maidir le honnmhairiú agus allmhairiú ceimiceán guaiseach (an “Bunachar Sonraí”) a chothabháil, a thabhairt chun dáta go tráthrialta agus tuilleadh forbartha a dhéanamh air;

(b)

an Bunachar Sonraí a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin;

(c)

i gcás inarb iomchuí, cúnamh, treoir theicniúil agus eolaíoch agus uirlisí a sholáthar don tionscal, le comhaontú ón gCoimisiún agus tar éis comhairliúchán leis na Ballstáit, chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú;

(d)

cúnamh agus treoir theicniúil agus eolaíoch a sholáthar, le comhaontú ón gCoimisiún, d’údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát, le comhaontú ón gCoimisiún, chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú;

(e)

arna iarraidh sin ag saineolaithe an Bhallstáit nó an Choiste Athbhreithnithe Ceimiceán, agus de réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil, ionchur a sholáthar i ndréachtú treoirdhoiciméad do chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 7 den Choinbhinsiún agus doiciméid theicniúla eile a ullmhú a bhaineann le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin;

(f)

arna iarraidh sin, ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún agus cúnamh a thabhairt dó chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú;

(g)

arna iarraidh sin, ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún agus cúnamh a thabhairt dó a ról mar údarás ainmnithe comhchoiteann an Aontais a fheidhmiú.

2.   Is í Rúnaíocht na Gníomhaireachta a chuirfidh na cúraimí atá sannta don Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo i gcrích.

Airteagal 7

Ceimiceáin atá faoi réir fógra onnmhairíochta, ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC agus ceimiceáin atá faoi réir nós imeachta PIC

1.   Liostófar in Iarscríbhinn I na ceimiceáin atá faoi réir fógra onnmhairíochta, na ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC agus na ceimiceáin atá faoi réir nós imeachta PIC.

2.   Féadfar ceimiceáin arna liostú in Iarscríbhinn I a shannadh do cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de thrí ghrúpa ceimiceán, a leagtar amach mar Chuid 1, mar Chuid 2, agus mar Chuid 3 den Iarscríbhinn sin.

Beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8, ina dtabharfar mionsonraí faoi chéannacht na substainte, faoin gcatagóir úsáide agus/nó faoin bhfochatagóir úsáide atá faoi réir srianta, an cineál srianta agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise, go háirithe faoi eisceachtaí ó cheanglais le haghaidh fógra onnmhairíochta.

Chomh maith le bheith faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8, beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I incháilithe don nós imeachta um fhógra PIC a leagtar amach in Airteagal 11, ina dtabharfar mionsonraí faoi chéannacht na substainte agus faoin gcatagóir úsáide.

Beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I faoi réir nós imeachta PIC ina dtabharfar an chatagóir úsáide agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise, go háirithe maidir le haon cheanglais le haghaidh fógra onnmhairíochta.

3.   Cuirfear na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Airteagal 8

Fógraí onnmhairíochta a chuirtear ar aghaidh chuig Páirtithe agus chuig tíortha eile

1.   I gcás substaintí a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I nó i gcás meascán ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, is cuma má tá substaintí eile ann, beidh feidhm ag mír 2 go mír 8 den Airteagal seo, gan aird ar an úsáid atá beartaithe don cheimiceán sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta.

2.   I gcás ina mbeidh onnmhaireoir ar tí ceimiceán dá dtagraítear i mír 1 a onnmhairiú ón Aontas chuig Páirtí nó chuig tír eile den chéad uair ar an dáta a mbeidh sé faoi réir an Rialacháin seo nó ina dhiaidh sin, tabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra d’údarás náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe (“Ballstát an onnmhaireora”) tráth nach déanaí ná 35 lá roimh an dáta onnmhairaithe ionchasach. Ina dhiaidh sin cuirfidh an t-onnmhaireoir an chéad onnmhairiú den cheimiceán i ngach bliain féilire in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe sin tráth nach déanaí ná 35 lá sula dtarlóidh an t-onnmhairiú. Comhlíonfaidh na fógraí na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus cuirfear iad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Déanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora a sheiceáil an gcomhlíonann an fhaisnéis Iarscríbhinn II agus má tá an fógra iomlán, déanfaidh sé é a chur ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht tráth nach déanaí ná 25 lá roimh an dáta onnmhairithe ionchasach.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, an fógra a chur chuig údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta agus déanfaidh sí na bearta riachtanacha a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh siad an fógra sin tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad onnmhairiú a bheartaítear don cheimiceán agus ina dhaidh sin tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad onnmhairiú in aon bhliain féilire dá éis sin.

Cláróidh an Ghníomhaireacht gach fógra onnmhairíochta agus sannfaidh sí uimhir thagartha shainaitheantais dó sa Bhunachar Sonraí, déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta a bheidh cothrom le dáta de na ceimiceáin lena mbaineann agus de na Páirtithe allmhairíochta agus de na tíortha eile do gach bliain féilire a chur ar fáil freisin don phobal agus d’údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát, de réir mar is iomchuí, trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

3.   Mura bhfaighidh an Ghníomhaireacht ón bPáirtí allmhairíochta nó ón tír eile admháil go bhfuarthas fógra an chéad onnmhairithe a rinneadh tar éis an ceimiceán a chuimsiú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I faoi cheann 30 lá ó seoladh an fógra sin, tíolacfaidh sé an dara fógra thar ceann an Choimisiúin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, iarrachtaí réasúnta chun a áirithiú go bhfaighidh údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó go bhfaighidh údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta an dara fógra.

4.   Tabharfar fógra onnmhairíochta nua i gcomhréir le mír 2 d’onnmhairithe a chuirfear i gcrích tar éis theacht i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais a bhaineann le margaíocht, le húsáid nó le lipéadú na substaintí a bheidh i dtrácht nó aon uair a athróidh comhdhéanamh an mheascáin a bheidh i dtrácht ionas go n-athrófar lipéadú meascáin den sórt sin. Comhlíonfaidh an fógra nua na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus sonrófar ann gur leagan coigeartaithe é den fhógra roimhe sin.

5.   I gcás ina mbainfidh onnmhairiú ceimiceáin le staid éigeandála ina bhféadfadh aon mhoill sláinte an phobail nó an comhshaol a chur i mbaol sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile, féadfar díolúine ó na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 a dheonú go hiomlán nó go páirteach ar iarraidh réasúnaithe ón onnmhaireor nó ón bPáirtí allmhairíochta nó ó thír eile agus de rogha údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige. Mura bhfaightear aon fhreagairt easaontach ón gCoimisiún faoi cheann 10 lá ón lá a ndéanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit an iarraidh, measfar go ndearnadh cinneadh maidir leis an iarraidh i gcomhar leis an gCoimisiún.

6.   Gan dochar do na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 19(2), scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo nuair a chomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nuair a thiocfaidh an ceimiceán faoi réir nós imeachta PIC;

(b)

nuair a chuirfidh an tír allmhairíochta is Páirtí sa Choinbhinsiún freagairt ar fáil don Rúnaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear in iúl cibé an dtoileoidh sé le hallmhairiú an cheimiceáin nó nach dtoileoidh sé leis; agus

(c)

nuair a chuirfidh an Rúnaíocht an Coimisiún ar an eolas faoin bhfreagairt agus nuair a chuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht.

D’ainneoin an chéad fhomhír den mhír seo, ní scoirfidh na hoibleagáidí atá leagtha amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo, i gcás inar Páirtí sa Choinbhinsiún tír allmhairíochta agus i gcás ina ndéanfaidh sí éileamh sainráite go dtabharfaidh na Páirtithe onnmhairíochta fógra onnmhairíochta go leanúnach, mar shampla, trína chinneadh allmhairíochta nó ar dhóigh eile.

Gan dochar do na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 19(2), scoirfidh na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo freisin nuair a chomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tarscaoilfidh údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta an ceanglas go dtabharfar fógra dó sula n-onnmhaireofar an ceimiceán; agus

(b)

beidh faisnéis ón Rúnaíocht nó ó údarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó ó údarás iomchuí na tíre eile allmhairíochta faighte ag an gCoimisiún agus déanfaidh sé í a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht, a chuir ar fáil í trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil, údaráis náisiúnta ainmnithe ábhartha na mBallstát, an Ghníomhaireacht agus na honnmhaireoirí faisnéis bhreise a bheidh ar fáil faoi na ceimiceáin a onnmhaireofar a chur ar fáil do na Páirtithe allmhairíochta agus do thíortha eile.

8.   Féadfaidh Ballstáit córais a bhunú, ar mhodh trédhearcach, ina gcuirfear d’oibleagáid ar onnmhaireoirí táille riaracháin a íoc as gach fógra onnmhairíochta a dhéanfar agus as gach iarraidh a dhéanfar ar thoiliú sainráite ina bhfreagróidh an táille sin do na costais a thabhóidh siad agus na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 14(6) agus (7) á gcur i gcrích acu.

Airteagal 9

Fógraí onnmhairíochta a fhaightear ó Pháirtithe agus ó thíortha eile

1.   Maidir le fógraí onnmhairíochta a fhaigheann an Ghníomhaireacht ó údaráis náisiúnta ainmnithe aon Pháirtí nó ó údarás iomchuí tíortha eile a bhaineann le ceimiceán a onnmhairiú isteach san Aontas a bhfuil a mhonarú, a úsáid, a láimhseáil, a thomhailt, a iompar nó a dhíol faoi réir toirmisc nó sriain mhóir faoi reachtaíocht an Pháirtí sin nó faoi reachtaíocht na tíre eile sin, cuirfear na fógraí sin ar fáil trí bhíthin an Bhunachair Shonraí faoi cheann 15 lá tar éis don Ghníomhaireacht fógra den sórt sin a fháil.

Admhóidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, go bhfuarthas fógra an chéad onnmhairithe maidir le gach ceimiceán ó gach Páirtí nó ó gach tír eile.

Gheobhaidh údarás náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit a fhaigheann an allmhairiú sin cóip d’aon fhógra a gheobhaidh an Ghníomhaireacht, faoi cheann 10 lá, tar éis di an fógra a fháil mar aon leis an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil. Beidh Ballstáit eile i dteideal cóipeanna a fháil arna n-iarraidh sin dóibh.

2.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nó údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát aon fhógraí onnmhairíochta go díreach nó go hindíreach ó údaráis náisiúnta ainmnithe na bPáirtithe nó ó údaráis iomchuí tíortha eile, cuirfidh siad na fógraí sin ar aghaidh láithreach chuig an nGníomhaireacht mar aon leis an bhfáisnéis uile a bheidh ar fáil.

Airteagal 10

Faisnéis faoi onnmhairiú agus allmhairiú ceimiceán

1.   Gach onnmhaireoir de cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann; nó

(c)

earraí ina bhfuil substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I i bhfoirm neamh-imoibrithe nó meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann,

déanfaidh siad, i rith na chéad ráithe de gach bliain, údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora a chur ar an eolas maidir le cainníocht an cheimiceáin, mar shubstaint agus mar atá sé i meascáin nó in earraí, a seoladh chuig gach Páirtí nó chuig gach tír eile i rith na bliana roimhe sin. Tabharfar an fhaisnéis sin mar aon le liosta d’ainmneacha agus de sheoltaí gach duine nádúrtha nó dlítheanach a allmhairíonn an ceimiceán isteach i bPáirtí nó i dtír eile a ndearnadh seoladh chucu i rith na tréimhse céanna. Déanfar onnmhairí de bhun Airteagal 14(7) a liostú san fhaisnéis sin ar dhóigh leithleach.

Cuirfidh gach allmhaireoir laistigh den Aontas an fhaisnéis choibhéiseach ar fáil maidir leis na cainníochtaí a allmhairíodh isteach san Aontas.

2.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht, nó d’údarás náisiúnta ainmnithe a Bhallstáit, cuirfidh an t-onnmhaireoir nó an t-allmhaireoir aon fhaisnéis bhreise ar fáil a bhaineann le ceimiceáin a bheidh riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

3.   Cuirfidh gach Ballstát faisnéis chomhiomlán ar fáil don Ghníomhaireacht gach bliain i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Déanfaidh an Ghníomhaireacht achoimre den fhaisnéis sin ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé an fhaisnéis nach mbeidh faoi rún ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

Airteagal 11

Fógra a thabhairt faoi cheimiceáin a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu faoin gCoinbhinsiún

1.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don Rúnaíocht faoi aon cheimiceán a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I, a bheidh incháilithe d’fhógra PIC.

2.   Tráth ar bith a gcuirtear ceimiceáin bhreise le Cuid 2 d’Iarscríbhinn I de bhun an dara fhomhír d’Airteagal 23(2), tabharfaidh an Coimisiún fógra don Rúnaíocht maidir leis na ceimiceáin sin. Tíolacfar an fógra PIC sin a luaithe is féidir tar éis an gníomh rialála críochnaitheach ábhartha de chuid an Aontais a ghlacadh lena gcuirfear toirmeasc nó srian mór ar an gceimiceán, tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an dáta a mbeidh an gníomh rialála críochnaitheach le cur i bhfeidhm.

3.   Cuirfidh an fógra PIC an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil de réir mar a éilítear in Iarscríbhinn IV.

4.   Agus tosaíochtaí á gcinneadh aige le haghaidh fógraí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil an ceimiceán liostaithe cheana féin i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, an méid is féidir na ceanglais faisnéise a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh, agus déine na rioscaí a bhaineann leis an gceimiceán, go háirithe do thíortha i mbéal forbartha.

I gcás ina mbeidh ceimiceán incháilithe d’fhógra PIC, ach nach mbeidh an fhaisnéis leordhóthanach chun ceanglais Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh, déanfaidh onnmhaireoirí aitheanta nó allmhaireoirí aitheanta, arna iarraidh sin don Choimisiún, an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis ó chláir náisiúnta nó idirnáisiúnta rialaithe ceimiceán eile, a chur ar fáil faoi cheann 60 lá den iarraidh a dhéanamh.

5.   Cuirfidh an Coimisiún fógra i scríbhinn chuig an Rúnaíocht nuair a leasófar gníomh rialála críochnaitheach faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 a luaithe is féidir tar éis an gníomh rialála críochnaitheach nua a ghlacadh, tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an dáta a mbeidh an gníomh rialála críochnaitheach nua le cur i bhfeidhm.

Cuirfidh an Coimisiún ar fáil an fhaisnéis ábhartha uile nach raibh ar fáil an tráth a ndearnadh an chéad fhógra faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 faoi seach.

6.   Arna iarraidh sin d’aon Pháirtí nó don Rúnaíocht, cuirfidh an Coimisiún faisnéis bhreise ar fáil faoin gceimiceán nó faoin ngníomh rialála críochnaitheach, a mhéid is féidir.

Ar iarraidh a fháil, cuideoidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún de réir mar is gá i dtiomsú na faisnéise sin.

7.   Cuirfidh an Coimisiún láithreach chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht aon fhaisnéis a gheobhaidh sé ón Rúnaíocht a bhaineann le ceimiceáin ar fógraíodh gur chuir Páirtithe eile toirmeasc nó srian mór orthu.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht ar an ngá le bearta a mholadh ar leibhéal an Aontais d’fhonn aon rioscaí a bheadh neamh-inghlactha maidir le sláinte an duine nó maidir leis an gcomhshaol laistigh den Aontas a chosc.

8.   I gcás ina nglacfaidh Ballstát gníomh rialála críochnaitheach náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais chun toirmeasc nó srian mór a chur ar cheimiceán, cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit. Faoi cheann ceithre seachtaine ón bhfaisnéis sin a bheith curtha ar fáil, féadfaidh na Ballstáit barúlacha faoi fhógra PIC a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena n-áirítear, go háirithe, faisnéis ábhartha faoina staid rialála náisiúnta i dtaca leis an gceimiceán, a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát a thíolaic an gníomh rialála críochnaitheach náisiúnta. Tar éis na barúlacha a bhreithniú, cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an tíolacadh in iúl don Choimisiún cibé an mbeidh ar an gCoimisiún:

(a)

fógra PIC a thabhairt don Rúnaíocht de bhun an Airteagail seo; nó

(b)

an fhaisnéis a sholáthar don Rúnaíocht, de bhun Airteagal 12.

Airteagal 12

Faisnéis atá le tarchur chuig an Rúnaíocht i ndáil le ceimiceáin a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu agus nach bhfuil incháilithe d’fhógra PIC

I gcás na gceimiceán nach liostaítear ach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I nó tar éis faisnéis a fháil ó Bhallstát de bhun phointe (b) d’Airteagal 11(8), cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil don Rúnaíocht faoi na gníomhartha rialála críochnaitheacha ábhartha, ionas gur féidir an fhaisnéis a scaipeadh ar Pháirtithe eile sa Choinbhinsiún de réir mar is iomchuí.

Airteagal 13

Oibleagáidí i dtaca le ceimiceáin a allmhairiú

1.   Déanfaidh an Coimisiún aon treoirdhoiciméid do chinneadh a gheobhaidh sé ón Rúnaíocht a chur ar aghaidh láithreach chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh allmhairíochta a ghlacadh i bhfoirm freagartha allmhairíochta críochnaithí nó i bhfoirm freagartha allmhairíochta idirthréimhsí thar ceann an Aontais maidir le hallmhairiú an cheimiceáin lena mbaineann sa todhchaí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh in iúl don Rúnaíocht a luaithe is féidir, tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis an dáta ar sheol an Rúnaíocht an treoirdhoiciméad do chinneadh.

I gcás ina dtagann ceimiceán chun bheith faoi réir srianta breise nó srianta leasaithe faoi reachtaíocht an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh allmhairíochta athbreithnithe a ghlacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh allmhairíochta athbhreithnithe in iúl don Rúnaíocht.

2.   I gcás ceimiceáin a gcuirfidh Ballstát amháin nó níos mó ná sin toirmeasc nó srian mór air, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin i scríbhinn don Bhallstát a bheidh i dtrácht, an fhaisnéis a chur san áireamh ina chinneadh allmhairíochta.

3.   Bainfidh cinneadh allmhairíochta faoi mhír 1 leis an gcatagóir nó leis na catagóirí a shonrófar don cheimiceán sa treoirdhoiciméad do chinneadh.

4.   Nuair a chuirfidh an Coimisiún an cinneadh allmhairíochta in iúl don Rúnaíocht, déanfaidh sé cur síos ar an mbeart reachtach nó ar an mbeart riaracháin ar ar bunaíodh é a chur ar fáil.

5.   Cuirfidh gach údarás náisiúnta ainmnithe de chuid na mBallstát na cinntí allmhairíochta faoi mhír 1 ar fáil dóibh siúd lena mbaineann a bheidh laistigh dá inniúlacht, i gcomhréir lena bhearta reachtaíochta nó lena bhearta riaracháin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an cinneadh allmhairíochta faoi mhír 1 ar fáil go poilbí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

6.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, ar an ngá le bearta a bheartú ar leibhéal an Aontais d’fhonn aon rioscaí a bheadh neamh-inghlactha maidir le sláinte an duine nó maidir leis an gcomhshaol laistigh den Aontas a chosc, agus an fhaisnéis a thabharfar sa treoirdhoiciméad do chinneadh á cur san áireamh.

Airteagal 14

Oibleagáidí maidir le ceimiceáin a onnmhairiú seachas fógra onnmhairíochta a thabhairt

1.   An fhaisnéis a gheobhaidh an Coimisiún ón Rúnaíocht maidir le ceimiceáin a bheidh faoi réir nós imeachta PIC agus cinntí na bPáirtithe allmhairíochta maidir le coinníollacha allmhairíochta is infheidhme maidir leis na ceimiceáin sin, cibé an i bhfoirm ciorclán nó i bhfoirm eile a bheidh an fhaisnéis, cuirfidh sé ar aghaidh láithreach chuig na Ballstáit, chuig an nGníomhaireacht agus chuig comhlachais Eorpacha tionscal í. Cuirfidh sé ar aghaidh láithreach freisin chuig na Ballstáit agus chuig an nGníomhaireacht aon fhaisnéis faoi chásanna ina ndearnadh mainneachtain freagairt a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Choinbhinsiún. Sannfaidh an Ghníomhaireacht uimhir thagartha shainaitheantais do gach cinneadh agus coinneoidh sí an fhaisnéis uile maidir leis na cinntí sin ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí, agus cuirfidh sí an fhaisnéis sin ar fáil d’aon duine arna iarraidh sin dó.

2.   Sannfaidh an Coimisiún aicmiú in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh do gach ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn I. Coigeartófar na haicmí sin de réir mar is gá i bhfianaise aon athruithe a dhéanfar ar Chóras Comhchuibhithe Ainmníochta na hEagraíochta Domhanda Chustaim nó in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh do na ceimiceáin lena mbaineann.

3.   Déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis agus na cinntí a chuirfidh an Coimisiún ar aghaidh faoi mhír 1 a chur in iúl dóibh siúd lena mbaineann a bheidh laistigh dá dhlínse.

4.   Comhlíonfaidh onnmhaireoirí cinntí i ngach freagairt allmhairíochta tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Rúnaíocht na cinntí sin a chur in iúl ar dtús don Choimisiún faoi mhír 1.

5.   Cuirfidh an Coimisiún, agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, agus na Ballstáit comhairle agus cúnamh ar fáil do na Páirtithe allmhairíochta, arna iarraidh sin dóibh agus de réir mar is iomchuí, chun tuilleadh faisnéise a fháil a bhfuil gá léi chun freagairt a ullmhú don Rúnaíocht maidir le ceimiceán áirithe a allmhairiú.

6.   Substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I nó meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil substaintí eile ann nó nach bhfuil, gan féachaint don úsáid atá beartaithe dóibh sa Pháirtí allmhairíochta nó i dtír eile, ní onnmhaireofar iad mura gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an t-onnmhaireoir toiliú sainráite don allmhairiú agus go bhfuair sé é sin trí údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, agus le húdarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó le húdarás iomchuí i dtír eile allmhairíochta;

(b)

i gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, go sonrófar sa chiorclán is déanaí a d’eisigh an Rúnaíocht de bhun mhír 1 go bhfuil toiliú tugtha ag an bPáirtí allmhairíochta don allmhairiú.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a bheidh le honnmhairiú chuig tíortha ECFE, féadfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, ar iarraidh ón onnmhaireoir, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus ar bhonn cás ar chás, a chinneadh nach mbeidh gá le toiliú sainráite más rud é, tráth an allmhairithe isteach sa tír ECFE lena mbaineann, go ndéanfar an ceimiceán a cheadúnú, a chlárú nó a údarú sa tír ECFE sin.

I gcás inar iarradh toiliú sainráite de bhun phointe (a) den chéad fhomhír, seolfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, meabhrán mura bhfuair an Ghníomhaireacht freagairt ar an iarraidh faoi cheann 30 lá, ach amháin má fuair an Coimisiún nó údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora freagairt agus má chuir siad ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht í. I gcás inarb iomchuí, mura bhfaighfear freagairt faoi cheann 30 lá eile, féadfaidh an Ghníomhaireacht meabhráin eile a sheoladh de réir mar is gá.

7.   I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, ar bhonn cás ar chás agus faoi réir an dara fhomhír, a chinneadh go bhféadfaidh an t-onnmhairiú dul ar aghaidh, más rud é nach bhfuil aon fhianaise ann ó fhoinsí oifigiúla gurb ann do ghníomh rialála críochnaitheach chun úsáid an cheimiceáin a thoirmeasc nó srian mór a chur air, arna dhéanamh ag an bPáirtí allmhairíochta nó ag an tír eile allmhairíochta agus más rud é, tar éis gach iarracht réasúnta a dhéanamh, nach bhfuarthas freagairt ar iarraidh ar thoiliú sainráite de bhun phointe (a) de mhír 6 faoi cheann 60 lá agus i gcás go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil fianaise ann ó fhoinsí oifigiúla sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta go bhfuil an ceimiceán ceadúnaithe, cláraithe nó údaraithe; nó

(b)

nach bhfuil an úsáid bheartaithe atá dearbhaithe san fhógra onnmhairíochta agus atá deimhnithe i scríbhinn ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag allmhairiú an cheimiceáin isteach i bPáirtí nó i dtír eile, i gcatagóir ina liostaítear an ceimiceán i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I; agus go bhfuil fianaise ann ó fhoinsí oifigiúla gur úsáideadh an ceimiceán sna cúig bliana dheireanacha sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta lena mbaineann nó gur allmhairíodh an ceimiceán chuig an bPáirtí allmhairíochta nó chuig an tír eile allmhairíochta lena mbaineann.

I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, ní fhéadfaidh onnmhairiú atá bunaithe ar chomhlíonadh an choinníll faoi phointe (b) dul ar aghaidh má aicmíodh an ceimiceán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar charcanaigineach de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B, nó mar shó-ghineach de chatagóir 1A nó 1B, nó mar thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B nó má chomhlíonann an ceimiceán critéir Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le bheith marthanach, bithcharnach agus tocsaineach nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach.

Agus cinneadh á dhéanamh ar onnmhairiú ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh údarás náisiúnta Bhallstát an onnmhaireora ainmnithe, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gceimiceán sin ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol sa Pháirtí allmhairíochta nó sa tír eile allmhairíochta a bhreithniú, agus déanfaidh sé doiciméid ábhartha a chur isteach chuig an nGníomhaireacht, is doiciméid a bheidh le cur ar fáil trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

8.   Beidh bailíocht gach toilithe shainráite a gheofar de bhun phointe (a) de mhír 6 nó gach cinneadh chun dul ar aghaidh leis an onnmhairiú in éagmais toiliú shainráite de bhun mhír 7 faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil ag an gCoimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann mar a leanas:

(a)

i gcás gach toilithe shainráite a gheofar de bhun phointe (a) de mhír 6, éileofar toiliú sainráite nua faoi dheireadh an tríú bliain féilire tar éis an toiliú a thabhairt, mura n-éileoidh téarmaí an toilithe a mhalairt;

(b)

mura bhfaighfear freagairt ar iarraidh idir an dá linn, beidh gach cinneadh chun dul ar aghaidh gan toiliú sainráite de bhun mhír 7 bailí ar feadh uastréimhse 12 mhí, agus nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag éileofar toiliú sainráite.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír seo, féadfar leanúint ar aghaidh le honnmhairiú tar éis dheireadh na tréimhse ábhartha, ar feitheamh ar fhreagairt ar iarraidh nua ar thoiliú sainráite, ar feadh tréimhse breise 12 mhí.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach iarraidh ar thoiliú sainráite, gach freagairt a fuair sí agus gach cinneadh dul ar aghaidh gan toiliú sainráite, lena n-áirítear doiciméid dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 7, a chlárú sa Bhunachar Sonraí. Tabharfar uimhir thagartha shainaitheantais do gach toiliú sainráite a gheofar nó a tharscaoilfear agus liostófar é in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha go léir maidir le haon choinníollacha a ghabhann leis, amhail dátaí bailíochta. Déanfar an fhaisnéis nach mbeidh faoi rún a chur ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

10.   Ní onnmhaireofar aon cheimiceán tráth nach déanaí ná sé mhí roimh a dháta éaga, i gcás gur ann don dáta sin nó nuair is féidir é a thuiscint ón dáta táirgthe, mura mbeidh sin dodhéanta de bharr airíonna intreacha an cheimiceáin. I gcás lotnaidicídí go háirithe, áiritheoidh onnmhaireoirí go mbarrfheabhsófaí toirt agus pacáistiú coimeádán chun go n-íoslaghdófaí an riosca go gcruthófaí stoic chríonna.

11.   Nuair a bheidh lotnaidicídí á n-onnmhairiú, áiritheoidh onnmhaireoirí go mbeidh faisnéis shonrach ar an lipéad maidir le coinníollacha stórála agus maidir le seasmhacht stórála faoi dhálaí aeráide an Pháirtí allmhairíochta nó na tíre eile allmhairíochta. Fairis sin, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na lotnaidicídí a onnmhaireofar an tsonraíocht íonachta a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Airteagal 15

Ceimiceán agus earraí áirithe a onnmhairiú

1.   Beidh earraí faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8 má tá aon cheann de na nithe seo a leanas iontu:

(a)

substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I i bhfoirm neamh-imoibrithe;

(b)

meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil aon substaintí eile ann.

2.   Ní onnmhaireofar ceimiceáin ná earraí a liostaítear in Iarscríbhinn V agus a bhfuil a n-úsáid toirmiscthe san Aontas chun sláinte an duine nó an comhshaol a chosaint.

Airteagal 16

Faisnéis maidir le gluaiseachtaí idirthurais

1.   Liostófar in Iarscríbhinn VI na Páirtithe sa Choinbhinsiún a éileoidh faisnéis maidir le gluaiseachtaí idirthurais ceimiceán a bheidh faoi réir nós imeachta PIC, mar aon leis an bhfaisnéis a éileoidh gach Páirtí sa Choinbhinsiún tríd an Rúnaíocht.

2.   I gcás ina n-iomprófar ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I trí chríoch Páirtí sa Choinbhinsiún a liostaítear in Iarscríbhinn VI, déanfaidh an t-onnmhaireoir, a mhéid is féidir, an fhaisnéis a éileoidh an Páirtí sa Choinbhinsiún i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a chur ar fáil d’údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora ina mbeidh sé bunaithe, tráth nach déanaí ná 30 lá sula ndéanfar an chéad ghluaiseacht idirthurais agus tráth nach déanaí ná ocht lá roimh gach gluaiseacht idirthurais dá éis sin.

3.   Déanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora an fhaisnéis a fuair sé ón onnmhaireoir faoi mhír 2 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún maille le cóip chuig an nGníomhaireacht, mar aon le haon fhaisnéis bhreise a bheidh ar fáil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas faoi mhír 3 a chur ar aghaidh chuig údaráis náisiúnta ainmnithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a éilíonn an fhaisnéis sin, mar aon le haon fhaisnéis bhreise a bheidh ar fáil, tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad ghluaiseacht idirthurais agus roimh aon ghluaiseacht idirthurais dá éis sin.

Airteagal 17

Faisnéis a ghabhfaidh le ceimiceáin a onnmhairítear

1.   Beidh ceimiceáin a bheartaítear a onnmhairiú faoi réir na bhforálacha maidir le pacáistiú agus le lipéadú a bhunaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i dTreoir 98/8/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, nó dá mbun, nó in aon reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais nó dá bun sin.

Beidh an chéad fhomhír infheidhme mura rud é go mbeadh na forálacha sin ar neamhréir le ceanglais shonracha na bPáirtithe allmhairíochta agus na dtíortha eile allmhairíochta.

2.   I gcás inarb iomchuí, cuirfear in iúl ar an lipéad dáta éaga agus dáta táirgthe ceimiceán dá dtagraítear i mír 1 nó a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, más gá, tabharfar dátaí éaga den sórt sin do chriosanna éagsúla aeráide.

3.   Gabhfaidh bileog sonraí sábháilteachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 leis na ceimiceáin dá dtagraítear i mír 1 nuair a onnmhaireofar iad. Seolfaidh an t-onnmhaireoir bileog sonraí sábháilteachta den sórt sin chuig gach duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag allmhairiú an cheimiceáin isteach i bPáirtí nó i dtír eile.

4.   Cuirfear an fhaisnéis ar an lipéad agus ar an mbileog sonraí sábháilteachta ar fáil a mhéid is féidir i dteangacha oifigiúla na tíre cinn scríbe nó an limistéir ina mbeartaítear iad a úsáid nó i gceann amháin nó níos mó ná sin de phríomhtheangacha na tíre sin nó an limistéir sin.

Airteagal 18

Oibleagáidí údarás na mBallstát allmhairiú agus onnmhairiú a rialú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údaráis amhail údaráis chustaim a bheidh freagrach as allmhairiú agus as onnmhairiú na gceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn I a rialú, mura mbeidh sin déanta aige cheana roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

Feidhmeoidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, agus na Ballstáit ar bhealach dírithe comhordaithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag na honnmhaireoirí.

2.   Bainfear úsáid as an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiúchán, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, chun gréasán d’údaráis na mBallstát atá freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a chomhordú.

3.   Déanfaidh gach Ballstát sonraí faoi ghníomhaíochtaí a údarás i dtaca leis sin a chuimsiú ina thuarascálacha tráthrialta maidir le feidhmiú nósanna imeachta de bhun Airteagal 22(1).

Airteagal 19

Oibleagáidí breise onnmhaireoirí

1.   Soláthróidh onnmhaireoirí ceimiceán atá faoi réir na n-oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 8(2) agus (4) na huimhreacha tagartha sainaitheantais infheidhme ina ndearbhú onnmhairíochta (bosca 44 de na Doiciméid Riaracháin Aonair nó mír sonraí chomhfhreagrach i ndearbhú leictreonach onnmhairíochta) dá dtagraítear in Airteagal 161(5) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92.

2.   Gheobhaidh onnmhaireoirí ceimiceáin atá díolmhaithe le hAirteagal 8(5) ó na hoibleagáidí atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 4 den Airteagal sin nó ceimiceán lena bhfuil deireadh tagtha leis na hoibleagáidí sin i gcomhréir le hAirteagal 8(6) uimhir thagartha shainaitheantais speisialta trí bhíthin an Bhunachair Shonraí agus déanfaidh siad an uimhir thagartha shainaitheantais sin a sholáthar ina ndearbhú onnmhairíochta.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh an Ghníomhaireacht é, bainfidh onnmhaireoirí úsáid as an mBunachar Sonraí chun faisnéis a chur isteach, ar faisnéis í a bhfuil gá léi chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 20

Malartú Faisnéise

1.   Éascóidh an Coimisiún, agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, agus na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, soláthar faisnéise eolaíche, teicniúla, eacnamaíche agus dlíthiúla maidir le ceimiceáin a bheidh faoi réir an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis thocsaineolaíoch, éiceathocsaineolaíoch agus sábháilteachta.

Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht de réir mar is gá, mar is iomchuí, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go ndéanfar faisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le gníomhartha rialála a bheidh ábhartha maidir le cuspóirí an Choinbhinsiúin a chur ar fáil;

(b)

go gcuirfear faisnéis ar fáil do Pháirtithe agus do thíortha eile go díreach nó tríd an Rúnaíocht faoi na gníomhartha sin a chuirfidh srian suntasach ar úsáid amháin de cheimiceán nó níos mó ná úsáid amháin de.

2.   Cosnóidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis faoi rún a gheobhaidh siad ó Pháirtí nó ó thír eile mar a chomhaontófar go frithpháirteach.

3.   Maidir le tarchur faisnéise faoin Rialachán seo, agus gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (21), ní mheasfar gur faisnéis atá faoi rún an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn IV;

(b)

an fhaisnéis a bheidh sna bileoga sonraí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3);

(c)

dáta éaga ceimiceáin;

(d)

dáta táirgthe ceimiceáin;

(e)

faisnéis maidir le bearta réamhchúraim, lena n-áirítear aicmiú guaise, cineál an riosca agus an chomhairle ábhartha sábháilteachta;

(f)

torthaí achoimre tástálacha tocsaineolaíocha agus éiceathocsaineolaíocha;

(g)

faisnéis faoi láimhseáil pacáistithe tar éis do na ceimiceáin a bheith bainte as.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cnuasach den fhaisnéis arna tarchur a ullmhú gach dhá bhliain.

Airteagal 21

Cúnamh teicniúil

Agus riachtanais ar leith tíortha atá i mbéal forbartha agus tíortha a bhfuil a ngeilleagair ag athrú á gcur san áireamh acu, rachaidh an Coimisiún, údaráis náisiúnta ainmnithe na mBallstát agus an Ghníomhaireacht i gcomhar le chéile i dtaca le cúnamh teicniúil, lena n-áirítear oiliúint, a chur chun cinn chun an bonneagar, an acmhainn agus an saineolas is gá a fhorbairt chun ceimiceáin a bhainistiú i gceart ar feadh a saolréanna ar fad.

Go háirithe, d’fhonn a chur ar chumas na dtíortha sin an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, cuirfear cúnamh teicniúil chun cinn trí fhaisnéis theicniúil a sholáthar faoi cheimiceáin, trí mhalartú saineolaithe a chur chun cinn, trí thacaíocht a thabhairt chun údaráis náisiúnta ainmnithe a bhunú nó a chothabháil agus trí shaineolas teicniúil a sholáthar chun foirmlí lotnaidicídí guaiseacha a shainaithint agus chun fógraí a ullmhú le tabhairt don Rúnaíocht.

Beidh an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirteach ar bhonn gníomhach i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta maidir le neartú acmhainní i mbainistiú ceimiceán, trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis na tionscadail a bheidh á dtacú nó á maoiniú acu chun bainistiú ceimiceán a fheabhsú i dtíortha atá i mbéal forbartha agus i dtíortha a bhfuil a ngeilleagair ag athrú. Ina theannta sin, breithneoidh an Coimisiún agus na Ballstáit an dtabharfaidh siad tacaíocht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Airteagal 22

Faireachán agus tuairisciú

1.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faisnéis chuig an gCoimisiún gach trí bliana maidir le hoibriú na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear rialuithe custaim, sáruithe, pionóis agus gníomhaíocht feabhais de réir mar is iomchuí. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos roimh ré formáid choiteann don tuairisciú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

2.   Tiomsóidh an Coimisiún tuarascáil gach trí bliana maidir le feidhmiú na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus a bhfuil sé freagrach astu agus ionchorpróidh sé an tuarascáil sin i dtuarascáil sintéise ina gcomhtháthófar an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht ar fáil faoi mhír 1. Cuirfear achoimre den tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus foilseofar an achoimre ar an idirlíon.

3.   Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthrófar de bhun mhír 1 agus mhír 2, comhlíonfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht na hoibleagáidí ábhartha chun rúndacht agus úinéireacht na sonraí a chosaint.

Airteagal 23

Na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún an liosta ceimiceán in Iarscríbhinn I gach bliain ar a laghad, ar bhonn forbairtí i ndlí an Aontais agus faoin gCoinbhinsiún.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh an ionann gníomh rialála críochnaitheach ar leibhéal an Aontais agus toirmeasc nó srian mór, déanfar éifeacht an ghnímh sin a mheas ar leibhéal na bhfochatagóirí laistigh de na catagóirí “lotnaidicídí” agus “ceimiceáin thionsclaíocha”. Má chuireann an gníomh rialála críochnaitheach sin toirmeasc nó srian mór ar cheimiceán laistigh d’aon cheann de na fochatagóirí, cuimseofar i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I é.

Agus cinneadh á dhéanamh an ionann gníomh rialála críochnaitheach ar leibhéal an Aontais agus toirmeasc nó srian mór ar dhóigh go mbeadh an ceimiceán sin incháilithe d’fhógra PIC faoi Airteagal 11, déanfar éifeacht an ghnímh sin a mheasúnú ar leibhéal na gcatagóirí “lotnaidicídí” agus “ceimiceáin thionsclaíocha”. Má chuireann an gníomh rialála críochnaitheach toirmeasc nó srian mór ar cheimiceán in aon cheann de na fochatagóirí, cuimseofar i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I freisin é.

3.   Glacfar an cinneadh ceimiceáin a chuimsiú in Iarscríbhinn I, nó a n-iontráil a mhodhnú i gcás inarb iomchuí, gan mhoill mhíchuí.

4.   D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 maidir leis na bearta seo a leanas:

(a)

ceimiceán a chuimsiú i gCuid 1 nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I de bhun mhír 2 den Airteagal seo tar éis gnímh rialaithigh chríochnaithigh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe eile ar Iarscríbhinn I, lena n-áirítear modhnuithe ar iontrálacha atá ann cheana;

(b)

ceimiceán a bheidh faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha marthanacha (22) a chuimsiú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V;

(c)

ceimiceán atá faoi réir cheana ag toirmeasc onnmhairíochta ar leibhéal an Aontais a chuimsiú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V;

(d)

iontrálacha atá cheana in Iarscríbhinn V a mhodhnú;

(e)

Iarscríbhinní II, III, IV agus VI a leasú.

Airteagal 24

Buiséad na Gníomhaireachta

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na nithe seo a leanas a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)

fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais (Roinn an Choimisiúin);

(b)

aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit.

2.   Déileálfar ar bhonn leithligh le hioncam agus caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus le hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí faoi Rialacháin eile, trí ranna éagsúla i mbuiséad na Gníomhaireachta.

Úsáidfear ioncam na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír 1 chun a cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún an iomchuí go ngearrfadh an Ghníomhaireacht táille as na seirbhísí a sholáthraítear d’onnmhaireoirí faoi cheann cúig bliana ón 1 Márta 2014 agus, más gá, cuirfidh sé togra ábhartha isteach.

Airteagal 25

Formáidí agus bogearraí chun faisnéis a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta

Sonróidh an Ghníomhaireacht formáidí agus pacáistí bogearraí agus cuirfidh sí iad ar fáil saor in aisce ar a suíomh gréasáin le haghaidh aon fhaisnéise a chuirtear faoi bhráid na Gníomhaireachta. Úsáidfidh na Ballstáit agus páirtithe eile atá faoi réir an Rialacháin seo na formáidí agus na pacáistí sin agus faisnéis á cur faoi bhráid na Gníomhaireachta de bhun an Rialacháin seo acu.

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 23(4), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Márta 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(4) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi cheann tréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 27

An nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste a bhunaítear le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme i gceart. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Mura mbeidh sé déanta acu roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin 1 Márta 2014 agus cuirfidh siad aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh in iúl dó gan mhoill.

Airteagal 29

Idirthréimhse maidir le ceimiceán a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú

Forléireofar tagairtí sa Rialachán seo do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, i gcás inarb iomchuí, mar thagairtí do reachtaíocht an Aontais atá infheidhme de bhua Airteagal 61 den Rialachán sin agus i gcomhréir leis an amchlár atá leagtha amach ann.

Airteagal 30

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 a aisghairm le héifeacht ón 1 Márta 2014.

Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 689/2008 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 318, 29.10.2011, lch. 163.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinnneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2012.

(3)  IO L 204, 31.7.2008, lch. 1.

(4)  IO L 63, 6.3.2003, lch. 29.

(5)  IO L 63, 6.3.2003, lch. 1.

(6)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(7)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(8)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(9)  IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.

(10)  IO L 159, 29.6.1996, lch. 1.

(11)  IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

(12)  IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.

(13)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(14)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(15)  IO L 106, 17.4.2001, lch. 1.

(16)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(17)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

(18)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(19)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(20)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(21)  IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

(22)  IO L 158, 30.4.2004, lch. 7.


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA CEIMICEÁN

(dá dtagraítear in Airteagal 7)

CUID 1

Liosta ceimiceán atá faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a thabhairt

(dá dtagraítear in Airteagal 8)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás ina mbeidh ceimiceáin a liostaítear sa chuid seo den Iarscríbhinn faoi réir nós imeachta PIC, nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí maidir le fógra onnmhairíochta a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 8(2), (3) agus (4) ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(6). Déantar ceimiceáin den sórt sin, a aithnítear leis an tsiombail “#” sa liosta thíos, a liostú arís i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú.

Ba cheart a thabhairt faoi deara chomh maith, i gcás ina mbeidh na ceimiceáin a liostaítear sa chuid seo den Iarscríbhinn incháilithe d’fhógra PIC toisc cineál ghníomh rialála críochnaitheach an Aontais, go liostaítear na ceimiceáin sin chomh maith i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo. Aithnítear ceimiceáin den sórt sin leis an tsiombail “+” sa liosta thíos.

An ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. Einecs

Cód AC

Fochatagóir (1)

Teorainn ar úsáid (2)

Tíortha nach n-éilítear aon fhógra ina leith

1,1,1-Tríchlóireatán

71-55-6

200-756-3

2903 19 10

i(2)

b

 

1,2-Débhróimeatán (Débhróimíd eitiléine) (6)

106-93-4

203-444-5

2903 31 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

1,2-Déchlóireatán (déchlóiríd eitiléine) (6)

107-06-2

203-458-1

2903 15 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

i(2)

b

Cis-1,3-déchlórapróipéin ((1Z)-1,3-déchlórapróip-1-éin)

10061-01-5

233-195-8

2903 29 00

p(1)-p(2)

b-b

 

1,3-déchlórapróipéin (3)  (7)

542-75-6

208-826-5

2903 29 00

p(1)

b

 

2-aimíneabútán

13952-84-6

237-732-7

2921 19 80

p(1)-p(2)

b-b

 

2-Naiftiolaimín (naftailéin-2-aimín) agus a shalainn (7)

91-59-8, 553-00-4, 612-52-2 agus cinn eile

202-080-4, 209-030-0, 210-313-6 agus cinn eile

2921 45 00

i(1)

b

 

i(2)

b

2-Aigéad naiftiolocsaicéiteach

120-23-0

204-380-0

2918 99 90

p(1)

b

 

2,4,5-T agus a shalainn agus a eistir (6)

93-76-5 agus cinn eile

202-273-3 agus cinn eile

2918 91 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

4-Aimínidhéfheinil (défheinil-4-aimín) agus a salainn (7)

92-67-1, 2113-61-3 agus cinn eile

202-177-1 agus cinn eile

2921 49 80

i(1)

b

 

i(2)

b

4-Nítridhéfheinil (7)

92-93-3

202-204-7

2904 20 00

i(1)

b

 

i(2)

b

Aicéafáit (7)

30560-19-1

250-241-2

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Aigéafluairfein

50594-66-6

256-634-5

2916 39 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Alaclór (7)

15972-60-8

240-110-8

2924 29 95

p(1)

b

 

Aildíocarb (7)

116-06-3

204-123-2

2930 90 85

p(1)-p(2)

sr-b

 

Aimetrin

834-12-8

212-634-7

2933 69 80

p(1)-p(2)

b-b

 

Aimíotras (7)

33089-61-1

251-375-4

2925 29 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Antracuineon (7)

84-65-1

201-549-0

2914 61 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Comhdhúile arsanaice

 

 

 

p(2)

sr

 

Snáithíní Aispeiste (7):

1332-21-4 agus cinn eile

 

 

 

 

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Croicidilít (6)

12001-28-4

 

2524 10 00

i

b

 

Amaisít (6)

12172-73-5

 

2524 90 00

i

b

 

Antaifillít (6)

77536-67-5

 

2524 90 00

i

b

 

Achtainilít (6)

77536-66-4

 

2524 90 00

i

b

 

Treimilít (6)

77536-68-6

 

2524 90 00

i

b

 

Crisitíl (7)

12001-29-5 nó 132207-32-0

 

2524 90 00

i

b

 

Atraisín (7)

1912-24-9

217-617-8

2933 69 10

p(1)

b

 

Aisíonfos-eitil

2642-71-9

220-147-6

2933 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Aisíonfos-meitil (7)

86-50-0

201-676-1

2933 99 90

p(1)

b

 

Beanfúracarb (7)

82560-54-1

 

2932 99 00

p(1)

b

 

Bensultap

17606-31-4

 

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Beinséin (5)

71-43-2

200-753-7

2902 20 00

i(2)

sr

 

Beinsidín agus a shalainn (7)

Díorthaigh bheinsidín (7)

92-87-5, 36341-27-2 agus cinn eile

202-199-1, 252-984-8 agus cinn eile

2921 59 90

i(1)-i(2)

sr-b

 

i(2)

b

 

 

 

 

 

 

 

Défheintrin

82657-04-3

 

2916 20 00

p(1)

b

 

Dénapaicril (6)

485-31-4

207-612-9

2916 19 50

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

i(2)

b

Bútrailin (7)

33629-47-9

251-607-4

2921 49 00

p(1)

b

 

Caidmiam agus a chomhdhúile

7440-43-9 agus cinn eile

231-152-8 agus cinn eile

81073206 49 30 agus cinn eile

i(1)

sr

 

Cadúsafos (7)

95465-99-9

neamhbhainteach

2930 90 85

p(1)

b

 

Cailciféaról

50-14-6

200-014-9

2936 29 90

p(1)

b

 

Captafól (6)

2425-06-1

219-363-3

2930 50 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Carbairil (7)

63-25-2

200-555-0

2924 29 95

p(1)-p(2)

b–b

 

Carbófúrán (7)

1563-66-2

216-353-0

2932 99 85

p(1)

b

 

Teitreaclóiríd charbóin

56-23-5

200-262-8

2903 14 00

i(2)

b

 

Carbasulfán (7)

55285-14-8

259-565-9

2932 99 85

p(1)

b

 

Cartap

15263-53-3

 

2930 20 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Cinimeitianat

2439-01-2

219-455-3

2934 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Clóráit (7)

7775-09-9

231-887-4

2829 11 00

p(1)

b

 

10137-74-3

233-378-2

2829 19 00

Clóirdémeaform (6)

6164-98-3

228-200-5

2925 21 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Clóirfeinipir (7)

122453-73-0

 

2933 99 90

p(1)

b

 

Clóirfeinveanfos

470-90-6

207-432-0

2919 90 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Clóirmeafos

24934-91-6

246-538-1

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Clóraibeinsíoláit (6)

510-15-6

208-110-2

2918 18 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Clóraform

67-66-3

200-663-8

2903 13 00

i(2)

b

 

Clórtal-dé-mheitil (7)

1861-32-1

217-464-7

2917 39 95

p(1)

b

 

Clósailionáit (7)

84332-86-5

282-714-4

2934 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Colacailciféaról

67-97-0

200-673-2

2936 29 90

p(1)

b

 

Cúmafúiril

117-52-2

204-195-5

2932 29 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Créasóid agus substaintí gaolmhara

8001-58-9

232-287-5

2707 91 00

 

 

 

61789-28-4

263-047-8

 

 

 

 

84650-04-4

283-484-8

3807 00 90

 

 

 

90640-84-9

292-605-3

 

 

 

 

65996-91-0

266-026-1

 

i(2)

b

 

90640-80-5

292-602-7

 

 

 

 

65996-85-2

266-019-3

 

 

 

 

8021-39-4

232-419-1

 

 

 

 

122384-78-5

310-191-5

 

 

 

 

Crimidín

535-89-7

208-622-6

2933 59 95

p(1)

b

 

Cianaimíd (7)

420-04-2

206-992-3

2853 00 90

p(1)

b

 

Ciainsín

21725-46-2

244-544-9

2933 69 80

p(1)-p(2)

b-b

 

Ciahalaitrín

68085-85-8

268-450-2

2926 90 95

p(1)

b

 

DBB (Dé-μ-ocsa-dé-n-búitealstánai-hiodrocsabórán/dé-ocsastánabóratan-4-ól)

75113-37-0

401-040-5

2931 00 95

i(1)

b

 

Dé-aisionón (7)

333-41-5

206-373-8

2933 59 10

p(1)

b

 

Déchlóibeinil (7)

1194-65-6

214-787-5

2926 90 95

p(1)

b

 

Déchlórán (7)

99-30-9

202-746-4

2921 42 00

p(1)

b

 

Déchlórvos (7)

62-73-7

200-547-7

2919 90 90

p(1)

b

 

Déchófól (7)

115-32-2

204-082-0

2906 29 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Déchófól ina bhfuil < 78 % p, p′-Déchófól nó 1 g/kg de DDT agus comhdhúile a bhaineann le DDT (7)

115-32-2

204-082-0

2906 29 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Démheitéanaimíd (7)

87674-68-8

neamhbhainteach

2934 99 90

p(1)

b

 

Dénioconasól-M (7)

83657-18-5

neamhbhainteach

2933 99 80

p(1)

b

 

Déníotrortaicréasól (DNOC) agus a shalainn (amhail salann amóiniam, salann potaisiam agus salann sóidiam) (6)

534-52-1

208-601-1

2908 99 90

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

2980-64-5

221-037-0

5787-96-2

2312-76-7

219-007-7

Dineabútón

973-21-7

213-546-1

2920 90 10

p(1)-p(2)

b-b

 

Diniseib agus a salainn agus a heistir (6)

88-85-7 agus cinn eile

201-861-7 agus cinn eile

2908 91 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

2915 36 00

i(2)

b

Diniteirb (7)

1420-07-1

215-813-8

2908 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Défheiniolaimín

122-39-4

204-539-4

2921 44 00

p(1)

b

 

Foirmlí indeannóide ina bhfuil meascán:

 

 

3808 99 90

 

 

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Beinimil ag 7 % nó os a chionn

17804-35-2

241-775-7

2933 99 90

p(1)

b

 

Carbófúrán ag 10 % nó os a chionn

1563-66-2

216-353-0

2932 99 85

p(2)

b

 

agus Tiaram ag 15 % nó os a chionn (6)

137-26-8

205-286-2

2930 30 00

 

 

 

Ionsulfán (7)

115-29-7

204-079-4

2920 90 85

p(1)

b

 

Eatalflurailin (7)

55283-68-6

259-564-3

2921 43 00

p(1)

b

 

Eitión

563-12-2

209-242-3

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Eatocsacuin (7)

91-53-2

202-075-7

2933 49 90

p(1)

b

 

Ocsaíd Eitiléine (Ocsaíorán) (6)

75-21-8

200-849-9

2910 10 00

p(1)

b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Fenarimol (7)

60168-88-9

262-095-7

2933 59 95

p(1)

b

 

Feinítriton (7)

122-14-5

204-524-2

2920 19 00

p(1)

b

 

Feanprópáitrin

39515-41-8

254-485-0

2926 90 95

p(1)-p(2)

b-b

 

Feintión (7)

55-38-9

200-231-9

2930 90 85

p(1)

sr

 

Aicéatáit feintine (7)

900-95-8

212-984-0

2931 00 95

p(1)-p(2)

b-b

 

Hiodrocsaíd feintine (7)

76-87-9

200-990-6

2931 00 95

p(1)-p(2)

b-b

 

Feanvailéaráit

51630-58-1

257-326-3

2926 90 95

p(1)

b

 

Fearbam

14484-64-1

238-484-2

2930 20 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Fluaraicéataimíd (6)

640-19-7

211-363-1

2924 12 00

p(1)

b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Flúranól

467-69-6

207-397-1

2918 19 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Flúrpríomadól (7)

56425-91-3

neamhbhainteach

2933 59 95

p(1)

b

 

Fuaraitiacarb

65907-30-4

265-974-3

2932 99 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Guasaitín (7)

108173-90-6

115044-19-4

236-855-3

3808 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Heicseaclóireatán

67-72-1

200-666-4

2903 19 80

i(1)

sr

 

Heicsisíonón

51235-04-2

257-074-4

2933 69 80

p(1)-p(2)

b-b

 

Imionochtaidín

13516-27-3

236-855-3

2925 29 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Iondóilaigéad aicéiteach (7)

87-51-4

201-748-2

2933 99 80

p(1)

b

 

Iseacsaitión

18854-01-8

242-624-8

2934 99 90

p(1)

b

 

Malaitian

121-75-5

204-497-7

2930 90 99

p(2)

b

 

(a)

Hiodraisíd mhailéach agus a salainn seachas salainn choilín, photaisiam agus sóidiam

123-33-1

204-619-9

2933 99 90

p(1)

b

 

(b)

Salainn choilín, photaisiam agus sóidiam, de hiodraisíd mhailéach ina bhfuil níos mó ná 1 mg/kg de shaor hiodraisín a chuirtear in iúl ar bhonn coibhéise aigéid

61167-10-0, 51542-52-0, 28330-26-9

257-261-0, 248-972-7

2933 99 90

 

 

 

Comhdhúile mearcair, lena n-áirítear comhdhúile neamh-orgánacha mearcair, comhdhúile mearcair ailcile agus comhdhúile mearcair ailciolocsailcile agus comhdhúile mearcair airile ach amháin comhdhúile mearcair atá liostaithe in Iarscríbhinn V (6)

62-38-4, 26545-49-3 agus cinn eile

200-532-5, 247-783-7 agus cinn eile

2852 00 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Meataim

144-54-7

205-632-2

2930 20 00

p(1)

b

 

137-42-8

205-239-0

Meataimídeafos (4)  (7)

10265-92-6

233-606-0

2930 50 00

p(1)

b

 

Meataimídeafos (foirmlithe leachtacha intuaslagtha den tsubstaint a sháraíonn 600 g de chomhábhar gníomhach/l) (6)

10265-92-6

233-606-0

2930 50 00

3808 50 00

p(2)

b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Meitideaitión

950-37-8

213-449-4

2934 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Meitimil

16752-77-5

240-815-0

2930 90 99

p(2)

b

 

Bróimíd mheitile (7)

74-83-9

200-813-2

2903 39 11

p(1)-p(2)

b-b

 

Paraitión-meitile (7)  (6)

298-00-0

206-050-1

2920 11 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Meatocsúrón

19937-59-8

243-433-2

2924 21 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Monacrótafos (6)

6923-22-4

230-042-7

2924 12 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Monailionúrón

1746-81-2

217-129-5

2928 00 90

p(1)

b

 

Meatán monaimeitil-débhróma-dhéfheinile

Trádainm: DBBT (7)

99688-47-8

402-210-1

2903 69 90

i(1)

b

 

Meatán monaimeitil-déchlóra-dhéfheinile;

Trádainm: Ugilec 121 nó Ugilec 21 (7)

400-140-6

2903 69 90

i(1)-i(2)

b-b

 

Meatán monameitil-teitreaclóraidhéfheinile;

Trádainm: Ugilec 141 (7)

76253-60-6

278-404-3

2903 69 90

i(1)-i(2)

b-b

 

Aonúrón

150-68-5

205-766-1

2924 21 90

p(1)

b

 

Nicitín (7)

54-11-5

200-193-3

2939 99 00

p(1)

b

 

Nítrifein (7)

1836-75-5

217-406-0

2909 30 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Naoinilfeanóil C6H4(OH)C9H19  (7)

25154-52-3 (feanól, naoinil-),

246-672-0

2907 13 00

i(1)

sr

 

84852-15-3 (feanól, 4-naoinil-, brainseach)

284-325-5

 

 

 

 

11066-49-2 (iseanaoinilfeanól),

234-284-4

 

 

 

 

90481-04-2 (feanól, naoinil-, brainseach),

291-844-0

 

 

 

 

104-40-5(p-naoinilfeanól) agus cinn eile

203-199-4 agus cinn eile

 

 

 

 

Eatocsaláití naoinilfeanóil (C2H4O)nC15H24O (7)

9016-45-9, 26027-38-3, 68412-54-4, 37205-87-1, 127087-87-0 agus cinn eile

 

3402 13 00

i(1)

sr

 

p(1)-p(2)

b-b

Éitear ochtabrómaidhéfheinile (7)

32536-52-0

251-087-9

2909 30 38

i(1)

sr

 

Óimeatóáit

1113-02-6

214-197-8

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Ocsaideimeatón-meitil (7)

301-12-2

206-110-7

2930 90 85

p(1)

b

 

Paraquat (7)

4685-14-7

225-141-7

2933 39 99

p(1)

b

 

1910-42-5

217-615-7

2074-50-2

218-196-3

Paraitión (6)

56-38-2

200-271-7

2920 11 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Peabúláit

1114-71-2

214-215-4

2930 20 00

p(1)-p(2)

b-b

 

Peinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir (6)

87-86-5 agus cinn eile

201-778-6 agus cinn eile

2908 11 00

2908 19 00 agus cinn eile

p(1)-p(2)

b-sr

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Sulfónáití pearfluarochtáin

1763-23-1

neamhbhainteach

2904 90 20

i(1)

sr

 

(PFOS)

2795-39-3

 

2904 90 20

 

 

 

C8F17SO2X

agus cinn eile

 

agus cinn eile

 

 

 

(X = OH, Salann miotail (O-M+), hailíd, aimíd, agus díorthaigh eile lena n-áirítear polaiméirí) (7)

 

 

 

 

 

 

Peirmitrin

52645-53-1

258-067-9

2916 20 00

p(1)

b

 

Fosalón (7)

2310-17-0

218-996-2

2934 99 90

p(1)

b

 

Fosfaimíodón (foirmlí leachtacha intuaslagtha den tsubstaint a sháraíonn 1 000 g de chomhábhar gníomhach/l) (6)

13171-21-6 (meascán, (E) & (Z) isiméirí)

23783-98-4 ((Z)-isiméir)

297-99-4 ((E)-isiméir)

236-116-5

2924 12 00

3808 50 00

p(1)-p(2)

b-b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Défheinilí polabróimínithe (PBB) ach amháin héacs-bhrómai-défheinil (6)

13654-09-6, 27858-07-7 agus cinn eile

237-137-2, 248-696-7 agus cinn eile

2903 69 90

i(1)

sr

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Trífheinilí polaclóirínithe (PCT) (6)

61788-33-8

262-968-2

2903 69 90

i(1)

b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Prócimiodón (7)

32809-16-8

251-233-1

2925 19 95

p(1)

b

 

Própaclór (7)

1918-16-7

217-638-2

2924 29 98

p(1)

b

 

Própainil

709-98-8

211-914-6

2924 29 98

p(1)

b

 

Prófam

122-42-9

204-542-0

2924 29 95

p(1)

b

 

Próipiseaclór (7)

86763-47-5

neamhbhainteach

2924 29 98

p(1)

b

 

Piorasafos (7)

13457-18-6

236-656-1

2933 59 95

p(1)-p(2)

b-b

 

Cuintiséin (7)

82-68-8

201-435-0

2904 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Scillearóisíd

507-60-8

208-077-4

2938 90 90

p(1)

b

 

Siomaisín (7)

122-34-9

204-535-2

2933 69 10

p(1)-p(2)

b-b

 

Stricnín

57-24-9

200-319-7

2939 99 00

p(1)

b

 

Teacnaisín (7)

117-18-0

204-178-2

2904 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Tearbúfos

13071-79-9

235-963-8

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Luaidhe theitreitile (6)

78-00-2

201-075-4

2931 00 95

i(1)

sr

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Luaidhe theitrimeitile (6)

75-74-1

200-897-0

2931 00 95

i(1)

sr

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Sulfáit tailliam

7446-18-6

231-201-3

2833 29 90

p(1)

b

 

Tiaibeincharb (7)

28249-77-6

248-924-5

2930 20 00

p(1)

b

 

Tiaicioclam

31895-22-4

250-859-2

2934 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Tiaidhécharb (7)

59669-26-0

261-848-7

2930 90 85

p(1)

b

 

Toiliolfluainíd (7)

731-27-1

211-986-9

2930 90 85

p(1)

b

 

Trí-asafos

24017-47-8

245-986-5

2933 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Gach comhdhúil tríbhúitiltine, lena n-áirítear:

 

 

2931 00 95

p(2)

b

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Ocsaíd tríbhúitiltine

56-35-9

200-268-0

2931 00 95

Fluairíd tríbhúitiltine

1983-10-4

217-847-9

2931 00 95

Meiteicrioláit tríbhúitiltine

2155-70-6

218-452-4

2931 00 95

Beansóáit tríbhúitiltine

4342-36-3

224-399-8

2931 00 95

Clóiríd tríbhúitiltine

1461-22-9

215-958-7

2931 00 95

Líonóláit tríbhúitiltine

24124-25-2

246-024-7

2931 00 95

Naiftionáit tríbhúitiltine (6)

85409-17-2

287-083-9

2931 00 95

Tríchlórfón (7)

52-68-6

200-149-3

2931 00 95

p(1)-p(2)

b-b

 

Tríchioglasól (7)

41814-78-2

255-559-5

2934 99 90

p(1)

b

 

Trídeamorf

24602-86-6

246-347-3

2934 99 90

p(1)-p(2)

b-b

 

Trífhlurailin (7)

1582-09-8

216-428-8

2921 43 00

p(1)

b

 

Comhdhúile trí-orgánastánacha seachas comhdhúile tríbhúitiltine (7)

2931 00 95 agus cinn eile

p(2)

sr

 

i(2)

sr

Tris (2,3-débhróimeapróipil) fosfáit (6)

126-72-7

204-799-9

2919 10 00

i(1)

sr

Féach ar chiorclán PIC ag www.pic.int/

Tris-aisiridinil-fosfíonocsaíd (1,1′,1′-fosfairiltrí-aisiridín) (7)

208-892-5

2933 99 90

i(1)

sr

 

Vaimidé-óitión

2275-23-2

218-894-8

2930 90 85

p(1)-p(2)

b-b

 

Fíoncleasóilin (7)

50471-44-8

256-599-6

2934 99 90

p(1)

b

 

Síneib

12122-67-7

235-180-1

2930 20 00 nó 3824 90 97

p(1)

b

 

CUID 2

Liosta ceimiceán atá faoi réir an nós imeachta d’fhógra PIC

(dá dtagraítear in Airteagal 11)

Sa liosta seo tá ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC. Ní chuimsítear ceimiceáin ann atá faoi réir nós imeachta PIC cheana féin agus liostaítear iad i gCuid 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

An ceimiceán

Uimh. CAS

Uimh. Einecs

Cód AC

Catagóir (8)

Teorainn ar úsáid (9)

1,3-déchlórapróipéin

542-75-6

208-826-5

2903 29 00

p

b

2-Naiftiolaimín (naftailéin-2-aimín) agus a shalainn

91-59-8, 553-00-4, 612-52-2 agus cinn eile

202-080-4, 209-030-0, 210-313-6 agus cinn eile

2921 45 00

i

b

4-Aimínidhéfheinil (défheinil-4-aimín) agus a salainn

92-67-1, 2113-61-3 agus cinn eile

202-177-1 agus cinn eile

2921 49 80

i

b

4-Nítridhéfheinil

92-92-3

202-204-7

2904 20 00

i

b

Aicéafáit

30560-19-1

250-241-2

2930 90 85

p

b

Alaclór

15972-60-8

240-110-8

2924 29 95

p

b

Aildíocarb

116-06-3

204-123-2

2930 90 85

p

sr

Aimíotras

33089-61-1

251-375-4

2925 29 00

p

b

Antracuineon

84-65-1

201-549-0

2914 61 00

p

b

Snáithíní Aispeiste: Crisitíl

12001-29-5 nó 132207-32-0

 

2524 90 00

i

b

Atraisín

1912-24-9

217-617-8

2933 69 10

p

b

Aisíonfos-meitil

86-50-0

201-676-1

2933 99 80

p

b

Beanfúracharb

82560-54-1

neamhbhainteach

2932 99 00

p

b

Beinsidín agus a shalainn

92-87-5, 36341-27-2 agus cinn eile

202-199-1, 252-984-8 agus cinn eile

2921 59 90

i

sr

Díorthaigh bheinsidín

 

 

 

Bútrailin

33629-47-9

251-607-4

2921 49 00

p

b

Cadúsafos

95465-99-9

neamhbhainteach

2930 90 99

p

b

Carbairil

63-25-2

200-555-0

2924 29 95

p

b

Carbófúrán

1563-66-2

216-353-0

2932 99 00

p

b

Carbasulfán

55285-14-8

259-565-9

2932 99 00

p

b

Clóráit

7775-09-9

231-887-4

2829 11 00

p

b

10137-74-3

233-378-2

2829 19 00

Clóirfeinipir

122453-73-0

 

2933 99 90

p

sr

Clórtal-dé-mheitil

1861-32-1

217-464-7

2917 39 95

p

b

Clósailionáit

84332-86-5

282-714-4

2934 99 90

p

b

Cianaimíd

420-04-2

206-992-3

2853 00 90

p

sr

Dé-aisionón

333-41-5

206-373-8

2933 59 10

p

sr

Déchlóibeinil

1194-65-6

214-787-5

2926 90 95

p

b

Déchlórán

99-30-9

202-746-4

2921 42 00

p

b

Déchlórvos

62-73-7

200-547-7

2919 90 00

p

sr

Déchófól

115-32-2

204-082-0

2906 29 00

p

b

Déchófól ina bhfuil < 78 % p, p′-Déchófól nó 1 g/kg de DDT agus comhdhúile atá gaolmar le DDT

115-32-3

204-082-0

2906 29 00

p

b

Démheitéanaimíd

87674-68-8

neamhbhainteach

2934 99 90

p

b

Déníoconasóil-M

83657-18-5

neamhbhainteach

2933 99 80

p

b

Diniteirb

1420-07-1

215-813-8

2908 99 90

p

b

Ionsulfán

115-29-7

204-079-4

2920 90 85

p

b

Eatalflurailin

55283-68-6

259-564-3

2921 43 00

p

b

Eatocsacuin

91-53-2

202-075-7

2933 49 90

p

b

Feanaramól

60168-88-9

262-095-7

2933 59 95

p

b

Feinítriton

122-14-5

204-524-2

2920 19 00

p

sr

Feintión

55-38-9

200-231-9

2930 90 85

p

sr

Aicéatáit feintine

900-95-8

212-984-0

2931 00 95

p

b

Hiodrocsaíd feintine

76-87-9

200-990-6

2931 00 95

p

b

Flúrpríomadól

56425-91-3

neamhbhainteach

2933 59 95

p

b

Guasaitín

108173-90-6

115044-19-4

236-855-3

3808 99 90

p

b

Iondóilaigéad aicéiteach

87-51-4

201-748-2

2933 99 80

p

b

Meataimídeafos (10)

10265-92-6

233-606-0

2930 50 00

p

b

Bróimíd mheitile

74-83-9

200-813-2

2903 39 11

p

b

Paraitión-meitile (11)

298-00-0

206-050-1

2920 11 00

p

b

Meatán monaimeitil-débhróma-dhéfheinile

Trádainm: DBBT

99688-47-8

401-210-1

2903 69 90

i

b

Meatán monaimeitil-déchlóra-dhéfheinile;

Trádainm: Ugilec 121 nó Ugilec 21

400-140-6

2903 69 90

i

b

Meatán monameitil-teitreaclóraidhéfheinile;

Trádainm: Ugilec 141

76253-60-6

278-404-3

2903 69 90

i

b

Nicitín

54-11-5

200-193-3

2939 99 00

p

b

Nítrifein

1836-75-5

217-406-0

2909 30 90

p

b

Naoinilfeanóil C6H4(OH)C9H19

25154-52-3 (feanól, naoinil-),

246-672-0

2907 13 00

i

sr

84852-15-3 (feanól, 4-naoinil-, brainseach),

284-325-5

 

 

 

11066-49-2 (iseanaoinilfeanól),

234-284-4

 

 

 

90481-04-2 (feanól, naoinil-, brainseach),

291-844-0

 

 

 

104-40-5 (P-naoinilfeanól) agus cinn eile

203-199-4 agus cinn eile

 

 

 

Eatocsaláití naoinilfeanóil (C2H4O)nC15H24O

9016-45-9, 26027-38-3, 68412-54-4, 37205-87-1, 127087-87-0 agus cinn eile

 

3402 13 00

i

sr

p

b

Éitear ochtabrómaidhéfheinile

32536-52-0

251-087-9

2909 30 38

i

sr

Ocsaideimeatón-meitil

301-12-2

206-110-7

2930 90 85

p

b

Paraquat

4685-14-7

225-141-7

2933 39 99

p

b

1910-42-5

217-615-7

2074-50-2

218-196-3

Sulfónáití pearfluarochtáin

1763-23-1

neamhbhainteach

2904 90 20

i

sr

(PFOS) C8F17SO2X (X = OH, Salann miotail (O-M+), hailíd, aimíd, agus díorthaigh eile lena n-áirítear polaiméirí)

2795-39-3 agus cinn eile

 

2904 90 20 agus cinn eile

 

 

Fosalón

2310-17-0

218-996-2

2934 99 90

p

b

Prócimiodón

32809-16-8

251-233-1

2925 19 95

p

b

Própaclór

1918-16-7

217-638-2

2924 29 98

p

b

Próipiseaclór

86763-47-5

neamhbhainteach

2924 29 98

p

b

Piorasafos

13457-18-6

236-656-1

2933 59 95

p

b

Cuintiséin

82-68-8

201-435-0

2904 90 85

p

b

Siomaisín

122-34-9

204-535-2

2933 69 10

p

b

Teacnaisín

117-18-0

204-178-2

2904 90 85

p

b

Tiaibeincharb

28249-77-6

248-924-5

2930 20 00

p

b

Tiaidhécharb

59669-26-0

261-848-7

2930 90 85

p

b

Toiliolfluainíd

731-27-1

211-986-9

2930 90 85

p

sr

Tríchlórfón

52-68-6

200-149-3

2931 00 95

p

b

Tríchioglasól

41814-78-2

255-559-5

2934 99 90

p

b

Trífhlurailin

1582-09-8

216-428-8

2921 43 00

p

b

Comhdhúile trí-orgánastánacha ach amháin comhdhúile tríbhúitiltine

2931 00 95 agus cinn eile

p

sr

Fíoncleasóilin

50471-44-8

256-599-6

2934 99 90

p

b

CUID 3

Liosta ceimiceán atá faoi réir nós imeachta PIC

(dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14)

(Is iad na catagóirí a léirítear na catagóirí dá dtagraítear sa Choinbhinsiún)

An ceimiceán

Uimhir nó Uimhreacha ábhartha CAS

Cód HS

Substaint íon

Cód HS

Meascáin ina bhfuil substaint

Catagóir

2,4,5-T agus a shalainn agus a eistir

93-76-5 (13)

2918.91

3808.50

Lotnaidicíd

Aildrin (12)

309-00-2

2903.52

3808.50

Lotnaidicíd

Dénapaicril

485-31-4

2916.19

3808.50

Lotnaidicíd

Captafól

2425-06-1

2930.50

3808.50

Lotnaidicíd

Clórdán (12)

57-74-9

2903.52

3808.50

Lotnaidicíd

Clóirdémeaform

6164-98-3

2925.21

3808.50

Lotnaidicíd

Clóraibeinsíoláit

510-15-6

2918.18

3808.50

Lotnaidicíd

DDT (12)

50-29-3

2903.62

3808.50

Lotnaidicíd

Díldrin (12)

60-57-1

2910.40

3808.50

Lotnaidicíd

Déníotrortaicréasól (DNOC) agus a shalainn (amhail salann amóiniam, salann potaisiam agus salann sóidiam)

534-52-1, 2980-64-5, 5787-96-2, 2312-76-7

2908.99

3808.91

3808.92

3808.93

Lotnaidicíd

Diniseib agus a salainn agus a heistir

88-85-7 (13)

2908.91

3808.50

Lotnaidicíd

1,2-Débhróimeatán (EDB)

106-93-4

2903.31

3808.50

Lotnaidicíd

Déchlóiríd eitiléine (1,2-díchlóireatán)

107-06-2

2903.15

3808.50

Lotnaidicíd

Ocsaíd eitiléine

75-21-8

2910.10

3808.50

3824.81

Lotnaidicíd

Fluaraicéataimíd

640-19-7

2924.12

3808.50

Lotnaidicíd

HCH (isiméirí measctha) (12)

608-73-1

2903.51

3808.50

Lotnaidicíd

Heipteaclór (12)

76-44-8

2903.52

3808.50

Lotnaidicíd

Heicseaclóraibeinséin (12)

118-74-1

2903.62

3808.50

Lotnaidicíd

Liondán (12)

58-89-9

2903.51

3808.50

Lotnaidicíd

Comhdhúile mearcair, lena n-áirítear comhdhúile mearcair neamh-orgánacha, comhdhúile mearcair ailcile agus comhdhúile mearcair ailciolocsailcile agus comhdhúile mearcair airile

10112-91-1, 21908-53-2 agus cinn eile

Féach freisin: www.pic.int/

2852.00

3808.50

Lotnaidicíd

Monacrótafos

6923-22-4

2924.12

3808.50

Lotnaidicíd

Paraitión

56-38-2

2920.11

3808.50

Lotnaidicíd

Peinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir

87-86-5 (13)

2908.11

2908.19

3808.50

3808.91

3808.92

3808.93

3808.94

3808.99

Lotnaidicíd

Tocsaiféin (12)

8001-35-2

3808.50

Lotnaidicíd

Foirmlí indeannóide ina bhfuil meascán: de Bheinimil ag 7 % nó os a chionn de Charbófúrán ag 10 % nó os a chionn agus de Thiaram ag 15 % nó os a chionn

17804-35-2

1563-66-2

137-26-8

3808.92

Foirmle lotnaidicíde atá thar a bheith guaiseach

Meataimídeafos (foirmlí leachtacha intuaslagtha den tsubstaint a sháraíonn 600 g de chomhábhar gníomhach/l)

10265-92-6

2930.50

3808.50

Foirmle lotnaidicíde atá thar a bheith guaiseach

Paraitión meitile (tiúchán ineiblithe (TI) ag 19,5 % nó níos mó ná sin de chomhábhar gníomhach agus deannach ag 1,5 % nó níos mó ná sin de chomhábhar gníomhach)

298-00-0

2920.11

3808.50

Foirmle lotnaidicíde atá thar a bheith guaiseach

Fosfaimíodón (foirmlí leachtacha intuaslagtha den tsubstaint a sháraíonn 1 000 g de chomhábhar gníomhach/l)

 

2924.12

3808.50

Foirmle lotnaidicíde atá thar a bheith guaiseach

Meascán, (E) & (Z) isiméirí

13171-21-6

(Z)-isiméir

23783-98-4

(E)-isiméir

297-99-4

Snáithíní Aispeiste:

 

2524.10

2524.90

6811.40

6812.80

6812.91

6812.92

6812.93

6812.99

6813.20

Tionsclaíoch

Croicidilít

12001-28-4

2524.10

 

 

Achtainilít

77536-66-4

2524.90

 

 

Antaifillít

77536-67-5

2524.90

 

 

Amaisít

12172-73-5

2524.90

 

 

Treimilít

77536-68-6

2524.90

 

 

Défheinilí polabróimínithe (PCB)

 

 

 

 

(heicsea-) (12)

36355-01-8

3824.82

Tionsclaíoch

(ochta-)

27858-07-7

 

 

 

(deaca-)

13654-09-6

 

 

 

Défheinilí polaclóirínithe (PCBanna) (12)

1336-36-3

3824.82

Tionsclaíoch

Trífheinilí polaclóirínithe (PCT)

61788-33-8

3824.82

Tionsclaíoch

Luaidhe theitreitile

78-00-2

2931.00

3811.11

Tionsclaíoch

Luaidhe theitrimeitile

75-74-1

2931.00

3811.11

Tionsclaíoch

Gach comhdhúil tríbhúitiltine, lena n-áirítear:

 

2931.00

3808.99

Lotnaidicíd

Ocsaíd tríbhúitiltine

56-35-9

2931.00

3808.99

Fluairíd tríbhúitiltine

1983-10-4

2931.00

3808.99

Meiteicrioláit tríbhúitiltine

2155-70-6

2931.00

3808.99

Beansóáit tríbhúitiltine

4342-36-3

2931.00

3808.99

Clóiríd tríbhúitiltine

1461-22-9

2931.00

3808.99

Líonóláit tríbhúitiltine

24124-25-2

2931.00

3808.99

Naiftionáit tríbhúitiltine

85409-17-2

2931.00

3808.99

Tris(2,3-débhróimeapróipil) fosfáit

126-72-7

2919.10

3824.83

Tionsclaíoch


(1)  Fochatagóir: p(1) — lotnaidicíd sa ghrúpa táirgí cosanta plandaí, p(2) — lotnaidicíd eile lena n-áirítear bithicídí. i(1) — ceimiceán tionsclaíoch d’úsáid ghairmiúil agus i(2) — ceimiceán tionsclaíoch d’úsáid phoiblí.

(2)  Teorainn ar úsáid: sr — srian mór, b — toirmeasc (don fhochatagóir nó do na fochatagóirí lena mbaineann) de réir reachtaíocht an Aontais.

(3)  Ní dhéanann an iontráil seo difear don iontráil atá ann cheana maidir le cis-1,3-déchlórapróipéin (Uimh. CAS 10061-01-5).

(4)  Ní dhéanann an iontráil seo difear don iontráil atá ann cheana maidir le foirmlí leachtacha intuaslagtha de mheataimídeafos a sháraíonn 600 g de chomhábhar gníomhach/l.

(5)  Seachas breoslaí mótair faoi réir Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

Uimh. CAS= Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (Chemical Abstracts Service Registry Number).

(6)  

(#)

Ceimiceán atá faoi réir nós imeachta PIC go hiomlán nó go páirteach.

(7)  

(+)

Ceimiceán atá incháilithe d’fhógra PIC.

(8)  Catagóir: p — lotnaidicídí; i — ceimiceán tionsclaíoch.

(9)  Teorainn ar úsáid: sr — srian mór, b — toirmeasc (don fhochatagóir nó do na fochatagóirí lena mbaineann). Uimh. CAS = Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (Chemical Abstracts Service Registry Number).

(10)  Ní dhéanann an iontráil seo difear don iontráil in Iarscríbhinn I Cuid 3 maidir le foirmlí leachtacha intuaslagtha de mheataimídeafos a sháraíonn 600 g de chomhábhar gníomhach/l.

(11)  

(#)

Ceimiceán atá faoi réir nós imeachta idirnáisiúnta PIC go hiomlán nó go páirteach.

(12)  Tá na substaintí seo faoi réir toirmisc onnmhairíochta i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis.

(13)  

(#)

Uimhreacha CAS na mbun-chomhdhúl amháin a liostaítear.


IARSCRÍBHINN II

FÓGRA ONNMHAIRÍOCHTA

Faisnéis a éilítear de bhun Airteagal 8 is ea an méid seo a leanas:

1.

Céannacht na substainte atá le honnmhairiú:

(a)

ainm in ainmníocht an Chomhair Idirnáisúnta Ceimice agus na Ceimice Feidhmí;

(b)

ainmneacha eile (e.g. ainm ISO, gnáthainmneacha, trádainmneacha, agus giorrúcháin);

(c)

Uimhir Einecs (Fardal Eorpach na Substaintí Ceimiceacha Reatha) agus Uimhir CAS (Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha);

(d)

Uimhir CUS (Fardal Eorpach Custaim Substaintí Ceimiceacha) agus Cód Comhcheangailte Ainmníochta;

(e)

príomh-eisíontais na substainte, nuair a bhíonn sin ábhartha go háirithe.

2.

Céannacht an mheascáin atá le honnmhairiú:

(a)

trádainmn agus/nó ainm an mheascáin;

(b)

do gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I, céatadán agus sonraí mar a shonraítear faoi phointe 1;

(c)

Uimhir CUS (Fardal Eorpach Custaim Substaintí Ceimiceacha) agus Cód Comhcheangailte Ainmníochta.

3.

Céannacht an earra atá le honnmhairiú:

(a)

trádainm agus/nó ainm an earra;

(b)

do gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I, céatadán agus sonraí mar a shonraítear faoi phointe 1.

4.

Faisnéis faoin onnmhairiú:

(a)

tír chinn scríbe;

(b)

tír thionscnaimh;

(c)

dáta a mheastar a dhéanfar an chéad onnmhairiú i mbliana;

(d)

méid measta den cheimiceán a bheidh le honnmhairiú chuig an tír lena mbaineann i mbliana;

(e)

an úsáid a bheartaítear sa tír chinn scríbe, más eol, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an gcatagóir nó maidir leis na catagóirí faoin gCoinbhinsiún faoina dtagann an úsáid;

(f)

ainm, seoladh agus sonraí ábhartha eile an allmhaireora nádúrtha nó dlítheanacha;

(g)

ainm, seoladh agus sonraí ábhartha eile an duine is onnmhaireoir.

5.

Údaráis náisiúnta ainmnithe:

(a)

ainm, seoladh, uimhir teileafóin agus uimhir teiléacs, uimhir facs nó seoladh r-phoist an údaráis ainmnithe san Aontas ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil;

(b)

ainm, seoladh, uimhir teileafóin agus uimhir teiléacs, uimhir facs nó seoladh r-phoist an údaráis ainmnithe sa tír allmhairíochta.

6.

Faisnéis agus réamhchúraimí atá le glacadh, lena n-áirítear catagóir contúirte agus riosca agus comhairle sábháilteachta.

7.

Achoimre ar airíonna fisiciceimiceacha, tocsaineolaíocha agus éiceathocsaineolaíocha.

8.

Úsáid an cheimiceáin san Aontas:

(a)

úsáidí, catagóir nó catagóirí faoin gCoinbhinsiún agus fochatagóir nó fochatagóirí an Aontais atá faoi réir birt rialaithigh (toirmeasc nó srian mór);

(b)

úsáidí nach gcuirtear srian mór ná toirmeasc ar an gceimiceán ina leith (catagóirí úsáide agus fochatagóirí mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán);

(c)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, meastachán de chainníochtaí an cheimiceáin a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh agus a úsáideadh.

9.

Faisnéis maidir le bearta réamhchúraim chun aon teagmháil leis an gceimiceán a laghdú agus chun aon astúchán den cheimiceán a laghdú.

10.

Achoimre ar shrianta rialála agus na cúiseanna atá leo.

11.

Achoimre ar an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe 2(a), (c) agus (d) d’Iarscríbhinn IV.

12.

Faisnéis bhreise a chuir an Páirtí onnmhairíochta ar fáil toisc go meastar gur ábhar imní atá ann nó faisnéis eile a shonraítear in Iarscríbhinn IV arna iarraidh sin don Pháirtí allmhairíochta.


IARSCRÍBHINN III

Faisnéis atá le cur ar fáil don Choimisiún ag údaráis naisiúnta ainmnithe na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10

1.

Achoimre ar chainníochtaí na gceimiceán (i bhfoirm substaintí, meascán agus earraí) atá faoi réir Iarscríbhinn I agus a onnmhairíodh i rith na bliana roimhe sin.

(a)

An bhliain ina ndearnadh na honnmhairithe.

(b)

Tábla a dhéanann achoimre ar chainníochtaí na gceimiceán a onnmhairíodh (i bhfoirm substaintí, meascán agus earraí) de réir mar a shracriantar thíos.

An ceimiceán

An tír allmhairíochta

Cainníocht na substainte

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag allmhairiú ceimiceán isteach i bPáirtí nó tír eile

An ceimiceán

An tír allmhairíochta

An duine is allmhaireoir

Seoladh agus sonraí ábhartha eile an duine is allmhaireoir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN IV

Fógra chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin maidir le ceimiceán a gcuirtear toirmeasc nó srian mór air

CEANGLAIS FAISÉISE MAIDIR LE FÓGRAÍ DE BHUN AIRTEAGAL 11

Cuimseofar sna fógraí:

1.

airíonna, sainaithint agus úsáidí

(a)

gnáthainm;

(b)

ainm ceimiceach de réir ainmníochta a aithnítear go hidirnáisiúnta (mar shampla Comhar Idirnáisiúnta na Ceimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC)), i gcás ina bhfuil ainmníocht den sórt sin ann;

(c)

trádainmneacha agus ainmneacha meascán;

(d)

uimhreacha cóid: uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (Chemical Abstracts Service), Córas Comhchuibhithe Cóid Chustaim agus uimhreacha eile;

(e)

fáisnéis maidir le guais a aicmiú, i gcás ina bhfuil an ceimiceán faoi réir ceanglas aicmithe;

(f)

úsáid nó úsáidí an cheimiceáin:

san Aontas,

in áit eile (más eol);

(g)

na hairíonna fisiciceimiceacha, tocsaineolaíocha agus éiceathocsaineolaíocha;

2.

gníomh críochnaitheach rialála

(a)

faisnéis shonrach a bhaineann leis an ngníomh rialála críochnaitheach:

(i)

achoimre ar an ngníomh rialála críochnaitheach;

(ii)

tagairt don doiciméad rialála;

(iii)

dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh chríochnaithigh rialaithigh;

(iv)

sonrú ar glacadh an gníomh críochnaitheach rialála ar bhonn meastóireachta riosca nó ar bhonn meastóireachta guaise, agus más amhlaidh gur glacadh, faisnéis faoi mheastóireacht den sórt sin a chumhdóidh tagairt don doiciméadú ábhartha;

(v)

na cúiseanna atá leis an ngníomh críochnaitheach rialála atá ábhartha maidir le sláinte an duine, lena n-áirítear sláinte tomhaltóirí agus oibrithe, nó maidir leis an gcomhshaol;

(vi)

achoimre ar ghuaiseacha nó ar rioscaí an cheimiceáin i dtaca le sláinte an duine, lena n-áirítear sláinte tomhaltóirí agus oibrithe, nó i dtaca leis an gcomhshaol agus an iarmhairt a bhfuiltear ag súil le bheith ag an ngníomh rialála críochnaitheach;

(b)

catagóir nó catagóirí ina ndearnadh gníomh rialála críochnaitheach agus do gach catagóir:

(i)

úsáid nó úsáidí a thoirmisctear leis an ngníomh rialála críochnaitheach;

(ii)

úsáid nó úsáidí a cheadaítear i gcónaí;

(iii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, meastachán ar chainníochtaí an cheimiceáin a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh agus a úsáideadh;

(c)

a mhéid is féidir, faisnéis maidir le hábharthacht dhóchúil an ghnímh rialaithigh chríochnaithigh maidir le Stáit agus le réigiúin eile;

(d)

faisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a chumhdach:

(i)

measúnú ar iarmhairtí socheacnamaíocha an ghnímh rialaithigh chríochnaithigh;

(ii)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis faoi roghanna malartacha eile agus faoi na rioscaí gaolmhara, amhail:

straitéisí comhtháite bainistíochta lotnaidí,

cleachtais thionsclaíocha agus nósanna imeachta tionsclaíocha, lena n-áirítear teicneolaíocht níos glaine.


IARSCRÍBHINN V

Ceimiceáin agus earraí atá faoi réir toirmisc onnmhairíochta

(dá dtagraítear in Airteagal 15)

CUID 1

Truailleáin orgánacha bhuanmharthanacha mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn A agus in Iarscríbhinn B a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Bhuanmharthanacha (1) de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin sin.

Cur síos ar cheimiceáin/earra(í) atá faoi réir toirmisc onnmhairíochta

Sonraí breise, i gcás ina bhfuil siad ábhartha (e.g. ainm an cheimiceáin, Uimh. CE, Uimh. CAS, etc.)

 

Aildrin

Uimh. CE 206-215-8,

Uimh. CAS 309-00-2,

Cód AC 2903 52 00

 

Clórdán

Uimh. CE 200-349-0,

Uimh. CAS 57-74-9,

Cód AC 2903 52 00

 

Clóirdeacón

Uimh. CE 205-601-3

Uimh. CAS 143-50-0

Cód AC 2914 70 00

 

Díldrin

Uimh. CE 200-484-5,

Uimh. CAS 60-57-1,

Cód AC 2910 40 00

 

DDT (1,1,1-tríchlóra 2,2-bios (p-clóraifeinil) eatán

Uimh. CE 200-024-3,

Uimh. CAS 50-29-3,

Cód AC 2903 62 00

 

Eindrin

Uimh. CE 200-775-7,

Uimh. CAS 72-20-8,

Cód AC 2910 90 00

 

Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O

Uimh. CE 273-031-2

Uimh. Cas 68928-80-3 agus cinn eile

Cód AC 2909 30 38

 

Heipteaclór

Uimh. CE 200-962-3,

Uimh. CAS 76-44-8,

Cód AC 2903 52 00

 

Heicseabrómaidhéfheinil

Uimh. CE 252-994-2

Uimh. CAS 36355-01-8

Cód AC 2903 69 90

 

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O

Uimh. CE 253-058-6

Uimh. Cas 36483-60-0 agus cinn eile

Cód AC 2909 30 38

 

Heicseaclóraibeinséin

Uimh. CE 200-273-9,

Uimh. CAS 118-74-1,

Cód AC 2903 62 00

 

Heicseaclóraicioglaiheacsán lena n-áirítear liondán

Uimh. CE 200-401-2, 206-270-8, 206-271-3, 210-168-9

Uimh. CAS 58-89-9, 319-84-6, 319-85-7, 608-73-1

Cód AC 2903 51 00

 

Miréis

Uimh. CE 219-196-6,

Uimh. CAS 2385-85-5,

Cód AC 2903 59 80

 

Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O

Uimh. CE 251-084-2 agus cinn eile

Uimh. CAS 32534-81-9 agus cinn eile

Cód AC 2909 30 31

 

Peinteaclóraibeinséin

Uimh. CE 210-172-5

Uimh. CAS 608-93-5

Cód AC 2903 69 90

 

Défheinilí polaclóirínithe (PCBanna)

Uimh. CE 215-648-1 agus cinn eile,

Uimh. CAS 1336-36-3 agus cinn eile,

Cód AC 2903 69 90

 

Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O

Uimh. CE 254-787-2 agus cinn eile,

Uimh. CAS 40088-47-9 agus cinn eile

Cód AC 2909 30 38

 

Tocsaiféin (camfaclór)

Uimh. CE 232-283-3,

Uimh. CAS 8001-35-2,

Cód AC 3808 50 00

CUID 2

Ceimiceáin seachas na truailleáin orgánacha bhuanmharthanacha mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn A agus in Iarscríbhinn B a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Bhuanmharthanacha de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin sin.

Cur síos ar cheimiceáin/earra(í) atá faoi réir toirmisc onnmhairíochta

Sonraí breise, i gcás ina bhfuil siad ábhartha (e.g. ainm an cheimiceáin, Uimh. CE, Uimh. CAS, etc.)

Gallúnacha cosmaideacha ina bhfuil mearcair

Cóid AC 3401 11 00, 3401 19 00, 3401 20 10, 3401 20 90, 3401 30 00

Comhdhúile mearcair ach amháin comhdhúile a onnmhairítear chun críocha taighde, forbartha, míochaine nó anailíse

Mian cionnabair clóiríd mearcair (I), (Hg2Cl2, Uimh. CAS 10112-91-1), ocsaíd mhearcair (II) (HgO, Uimh. CAS 21908-53-2); Cód AC 2852 00 00

Mearcair miotalach agus meascáin de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotal mearcair le tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar meáchan

Uimh. CAS 7439-97-6

Cód AC 2805 40


(1)  IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.


IARSCRÍBHINN VI

Liosta páirtithe sa Choinbhinsiún a éilíonn faisnéis maidir le hidirthurais ceimiceán atá faoi réir nós imeachta PIC

(dá dtagraítear in Airteagal 16)

Tír

An fhaisnéis a éilítear

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN VII

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 689/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1(1)

1(1)

Airteagal 1(2)

1(2)

Airteagal 2

Airteagal 2(1)

2(1)

Airteagal 2(2)

2(2)

2(3)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5(1)

5(1)

Airteagal 5(2)

5(2)

Airteagal 5(3)

5(3)

Airteagal 6

6(1)

6(2)

Airteagal 7

Airteagal 6(1)

7(1)

Airteagal 6(2)

7(2)

Airteagal 6(3)

7(3)

Airteagal 8

Airteagal 7(1)

8(1)

Airteagal 7(2)

8(2)

Airteagal 7(3)

8(3)

Airteagal 7(4)

8(4)

Airteagal 7(5)

8(5)

Airteagal 7(6)

8(6)

Airteagal 7(7)

8(7)

Airteagal 7(8)

8(8)

Airteagal 9

Airteagal 8(1)

9(1)

Airteagal 8(2)

9(2)

Airteagal 10

Airteagal 9(1)

10(1)

Airteagal 9(2)

10(2)

Airteagal 9(3)

10(3)

Airteagal 11

Airteagal 10(1)

11(1)

Airteagal 10(2)

11(2)

Airteagal 10(3)

11(3)

Airteagal 10(4)

11(4)

Airteagal 10(5)

11(5)

Airteagal 10(6)

11(6)

Airteagal 10(7)

11(7)

Airteagal 10(8)

11(8)

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 12(1)

13(1)

Airteagal 12(2)

13(2)

Airteagal 12(3)

13(3)

Airteagal 12(4)

13(4)

Airteagal 12(5)

13(5)

Airteagal 12(6)

13(6)

Airteagal 14

Airteagal 13(1)

14(1)

Airteagal 13(2)

14(2)

Airteagal 13(3)

14(3)

Airteagal 13(4)

14(4)

Airteagal 13(5)

14(5)

Airteagal 13(6)

14(6)

Airteagal 13(7)

14(7)

Airteagal 13(8)

14(8)

Airteagal 13(9)

14(9)

Airteagal 13(10)

14(10)

Airteagal 13(11)

14(11)

Airteagal 15

Airteagal 14(1)

15(1)

Airteagal 14(2)

15(2)

Airteagal 16

Airteagal 15(1)

16(1)

Airteagal 15(2)

16(2)

Airteagal 15(3)

16(3)

Airteagal 15(4)

16(4)

Airteagal 17

Airteagal 16(1)

17(1)

Airteagal 16(2)

17(2)

Airteagal 16(3)

17(3)

Airteagal 16(4)

17(4)

Airteagal 18

Airteagal 17(1)

18(1)

18(2)

Airteagal 17(1)

18(3)

Airteagal 19

Airteagal 17(2)

19(1)

19(2)

19(3)

Airteagal 20

Airteagal 19(1)

20(1)

Airteagal 19(2)

20(2)

Airteagal 19(3)

20(3)

Airteagal 19(3)

20(4)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 21(1)

22(1)

Airteagal 21(2)

22(2)

Airteagal 21(3)

22(3)

Airteagal 23

Airteagal 22(1)

23(1)

Airteagal 22(2)

23(2)

Airteagal 22(3)

23(3)

Airteagal 22(4)

23(4)

Airteagal 24

24(1)

24(2)

24(3)

Airteagal 25

Airteagal 26

26(1)

26(2)

26(3)

26(4)

26(5)

Airteagal 27

Airteagal 24(1)

27(1)

Airteagal 24(2)

27(2)

Airteagal 18

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 25

Airteagal 30

Airteagal 26

Airteagal 31

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VI


27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/107


RIALACHÁN (AE) Uimh. 650/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt ina ndéantar saorghluaiseacht daoine a áirithiú. D'fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfar a áireamh leis na bearta sin bearta arb é is aidhm dóibh comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe agus le heasaontacht dlínse a áirithiú.

(3)

Ag a cruinniú in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999, thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an bprionsabal maidir le haitheantas frithpháirteach breithiúnas agus cinntí eile de chuid údarás breithiúnach a fhormhuiniú mar bhunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus d'iarr sí ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún clár beart a ghlacadh chun an prionsabal sin a chur chun feidhme.

(4)

An 30 Samhain 2000, glacadh clár beart maidir le cur chun feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i ndáil le hábhair shibhialta agus thráchtála (3), atá coiteann don Choimisiún agus don Chomhairle. Sainaithnítear leis an gclár sin bearta a bhaineann le comhchuibhiú na rialacha maidir le heasaontacht dlíthe mar bhearta chun aitheantas frithpháirteach cinntí a éascú agus foráiltear leis d'ionstraim a tharraingt suas i ndáil le huachtanna agus le comharbas.

(5)

Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil an 4 agus an 5 Samhain 2004, glacadh clár nua dar teideal “Clár na Háige: an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas san Aontas Eorpach a neartú” (4). Leagtar béim sa chlár sin ar an ngá a bhaineann le hionstraim in ábhair chomharbais a ghlacadh, lena dtabharfar aghaidh, go háirithe, ar cheist na heasaontachta dlíthe, ar an dlínse, ar an aitheantas frithpháirteach agus ar fhorfheidhmiú na gcinntí i réimse an chomharbais agus ar an Deimhniú Eorpach Comharbais.

(6)

Ag a cruinniú sa Bhruiséil an 10 agus an 11 Nollaig 2009, ghlac an Chomhairle Eorpach clár ilbhliantúil nua dar teideal “Clár Stócólm - Eoraip atá oscailte agus slán agus a thugann seirbhís agus cosaint dá saoránaigh” (5). Sa chlár sin, mheas an Chomhairle Eorpach gur cheart aitheantas frithpháirteach a shíneadh chuig réimsí nach gcumhdaítear go fóill ach atá bunriachtanach sa ghnáthshaol, mar shampla comharbas agus uachtanna, ach chuir sí san áireamh córais dlí na mBallstát, lena n-áirítear an beartas poiblí (ordre public), agus traidisiúin náisiúnta sa réimse seo.

(7)

Ba chóir oibriú ceart an mhargaidh inmheánaigh a éascú trí na baic ar shaorghluaiseacht daoine a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair a gcearta a fheidhmiú i gcomhthéacs comharbais a bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leis a dhíothú. Sa limistéar Eorpach ceartais, ní foláir do na saoránaigh a bheith in ann a gcomharbas a eagrú roimh ré. Ní foláir cearta na n-oidhrí agus na leagáidithe, cearta na ndaoine eile a bhfuil dlúthbhaint acu leis an duine éagtha chomh maith le cearta chreidiúnaithe an chomharbais a ráthú ar bhealach éifeachtach.

(8)

D'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart go dtabharfaí le chéile leis an Rialachán seo forálacha maidir leis an dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haitheantas nó, de réir mar a bheidh, le glacadh, le hinfhorfheidhmitheacht agus le forfheidhmiú cinntí, ionstraimí barántúla, agus socraíochtaí cúirte agus forálacha maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú.

(9)

Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin seo gach gné den dlí sibhialta a bhaineann le comharbas ar eastát duine éagtha, eadhon gach cineál aistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí mar gheall ar bhás, bíodh sé ina aistriú toilteanach faoi dhiúscairt maoine tráth báis, nó ina aistriú trí chomharbas díthiomnach.

(10)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cúrsaí ioncaim ná maidir le hábhair riaracháin a bhaineann leis an dlí poiblí. Ba cheart, dá bhrí sin, gur faoin dlí náisiúnta a bheadh sé a chinneadh, mar shampla, conas a dhéantar cánacha agus dliteanais eile a bhaineann leis an dlí poiblí a ríomh agus a íoc, cibé acu an cánacha iad sin is iníoctha ag an duine éagtha tráth an bháis nó aon chineál cánach a bhaineann le comharbas a bheidh le híoc ag an eastát nó ag na tairbhithe. Ba cheart, freisin, gur faoin dlí náisiúnta a bheadh sé a chinneadh i dtaobh an bhféadfar scaoileadh maoine comharbais do thairbhithe faoin Rialachán seo nó taifeadadh maoine comharbais i gclár a bheith faoi réir cánacha a bheith íoctha.

(11)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí an dlí shibhialta seachas comharbas. Ba cheart, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, roinnt ceisteanna a bhféadfaí a shamhlú go mbeadh baint acu le hábhair chomharbais, a eisiamh go sainráite ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(12)

Níor cheart, dá réir sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceisteanna a bhaineann le socruithe maidir le maoin phósta, lena n-áirítear socraíochtaí um pósadh arb ann dóibh iad i roinnt córais dlí a mhéid nach mbaineann na socraíochtaí sin le hábhair chomharbais, ná le socruithe maidir le maoin caidrimh a meastar go bhfuil éifeachtaí is inchomparáide le pósadh acu. Na húdaráis atá ag déileáil le comharbas faoi leith faoin Rialachán seo, ba cheart go gcuirfidís san áireamh, mar sin féin, agus ag brath ar an gcás, foirceannadh shocrú an duine éagtha i ndáil le maoin phósta nó foirceannadh shocrú comhchosúil maoine an éagaigh agus eastát an éagaigh agus scaireanna na dtairbhithe faoi seach á gcinneadh.

(13)

Ba cheart freisin ceisteanna maidir le cruthú, riarachán agus díscaoileadh iontaobhas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart go dtuigfí leis sin gur eisiamh ginearálta iontaobhas é. I gcás ina gcruthaítear iontaobhas faoi uacht nó faoi reacht i ndáil le comharbas díthiomnach, ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas faoin Rialachán seo maidir le cineachadh na sócmhainní agus cinneadh i dtaobh cé hiad na tairbhithe.

(14)

Ba cheart cearta maoine, leasanna maoine agus sócmhainní maoine a cruthaíodh nó a aistríodh ar dhóigh eile seachas trí chomharbas, mar shampla trí thabhartais, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Ba cheart, mar sin féin, gur leis an dlí a shonraítear leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas a chinnfear, i dtaca le bronntanais nó cineálacha eile diúscairtí inter vivos as a dtig ceart in rem roimh an mbás, ar cheart bronntanais a chur ar ais nó a chur i gcuntas chun críocha scaireanna na dtairbhithe a chinneadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(15)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go gceadófaí ceart a chruthú, nó ceart a aistriú trí chomharbas, is ceart i maoin dhochorraithe nó i maoin shochorraithe, dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh sé difear don líon teoranta (“numerus clausus”) ceart in rem a bhfuiltear ar an eolas fúthu i ndlí náisiúnta roinnt Ballstát. Níor cheart go mbeadh sé de cheanglas ar Bhallstát aitheantas a thabhairt do cheart in rem a bhaineann le maoin atá sa Bhallstát sin más rud é nach ann don cheart in rem sin ina dhlí.

(16)

D'fhonn a cheadú do na tairbhithe leas a bhaint i mBallstát eile as na cearta a cruthaíodh nó a aistríodh chucu trí chomharbas, áfach, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo do cheart in rem nach ann dó a oiriúnú chuig an gceart coibhéiseach in rem is neasa faoi dhlí an Bhallstáit eile sin. I gcomhthéacs oiriúnú den sórt sin, ba cheart aird a thabhairt ar na haidhmeanna agus ar na leasanna sin a shaothrófar leis an gceart in rem sonrach agus ar na héifeachtaí a bhainfidh leis. Chun críocha an ceart coibhéiseach in rem is neasa a chinneadh, féadfar dul i dteagmháil le húdaráis nó le daoine inniúla an Stáit a raibh feidhm ag a dhlí maidir leis an gcomharbas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chineál agus faoi éifeachtaí an chirt. Chuige sin, d'fhéadfaí leas a bhaint as na líonraí atá ann cheana i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála, agus as aon mhodh eile atá ar fáil chun tuiscint ar dhlí eachtrach a éascú.

(17)

Le hoiriúnú na gceart in rem nach bhfuiltear in eolas fúthu amhail dá bhforáiltear go sainráite sa Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí cosc ar fhoirmeacha eile oiriúnaithe i gcomhthéacs an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(18)

Ba cheart na ceanglais do cheart ar mhaoin dhochorraithe nó ar mhaoin shochorraithe a thaifeadadh i gclár a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí sin, gur le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádfar an clár (do mhaoin dhochorraithe, an lex rei sitae) a chinnfear na coinníollacha dlí faoina ndéanfar taifeadadh agus an bealach ina gcuirfear é sin i gcrích agus cad iad na húdaráis, amhail cláir talún nó nótairí, a bheidh i gceannas ar sheiceáil a dhéanamh go gcomhlíontar na ceanglais go léir agus gur leordhóthanach é an doiciméadú a thabharfar ar aird agus go bhfuil an fhaisnéis riachtanach uile ann. Maidir le ceart an duine éagtha ar an maoin chomharbais a luaitear sa doiciméad a thugtar chun a chláraithe, féadfaidh na húdaráis a sheiceáil, go háirithe, gur ceart é atá taifeadta amhlaidh sa chlár nó a léirítear ar shlí eile gur ceart é i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár. Chun dúbláil na ndoiciméad a sheachaint, ba cheart go nglacfadh na húdaráis chlárúcháin na doiciméid sin a tharraingíonn na húdaráis inniúla suas i mBallstát eile agus dá bhforáiltear a gcúrsaíocht leis an Rialachán seo. Ba cheart, go háirithe, gur doiciméad bailí é an Deimhniú Eorpach Comharbais a eiseofar faoin Rialachán seo chun maoin chomharbais a thaifeadadh i gclár Ballstáit. Níor cheart go gcuirfí aon chosc leis an méid sin ar na húdaráis a mbeidh baint acu leis an gclárúchán iarraidh ar an duine a bhfuil iarratas ar chlárúchán á dhéanamh aige cibé faisnéis bhreise a sholáthar nó cibé doiciméid bhreise a a thabhairt ar aird, a bhfuil gá leo faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár, mar shampla faisnéis nó doiciméid a bhaineann le hioncam a íoc. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur in iúl don duine a bhfuil iarratas ar chlárúchán á dhéanamh aige conas is féidir an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a sholáthar.

(19)

Na héifeachtaí a bhaineann le ceart a thaifeadadh i gclár, ba cheart iad a eisiamh freisin ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, mar sin, gur le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádfar an clár a chinnfí an bhfuil, mar shampla, éifeacht dhearbhaitheach nó éifeacht bhunaitheach ag an taifeadadh. Mar sin, i gcás, mar shampla, ina gceanglófar sealbhú cirt i maoin dhochorraithe a thaifeadadh i gclár faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár chun éifeacht erga omnes na gclár a áirithiú nó chun idirbhearta dlíthiúla a chosaint, ba cheart nóiméad an tsealbhaithe sin a bheith faoi réir dhlí an Bhallstáit sin.

(20)

Ba cheart go n-urramofaí leis an Rialachán seo na córais éagsúla chun déileáil le hábhair chomharbais atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh ciall leathan ag an téarma “cúirt”, ionas go gcumhdófar leis an téarma sin ní amháin na cúirteanna sa chiall cheart, a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, ach freisin na nótairí nó na clárlanna i mBallstáit áirithe a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha in ábhair áirithe chomharbais, amhail cúirteanna, agus na nótairí agus na gairmithe dlíthiúla a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, i mBallstáit áirithe, i gcomharbas faoi leith trí tharmligean cumhachta ó chúirt. Ba cheart go mbeadh na cúirteanna ar fad, faoi mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, faoi cheangal ag na rialacha dlínse atá leagtha amach sa Rialachán seo. Ós a choinne sin, níor cheart go gcumhdófaí leis an téarma “cúirt” údaráis neamhbhreithiúnacha Ballstáit a bhfuil an chumhacht tugtha dóibh faoin dlí náisiúnta déileáil le hábhair chomharbais, amhail na nótairí i bhformhór na mBallstát, áit nach gnách dóibh feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú.

(21)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh na nótairí uile a bhfuil inniúlacht acu in ábhair chomharbais sna Ballstáit in ann an inniúlacht sin a fheidhmiú. Cibé acu atá na nótairí in aon Bhallstát ar leith faoi cheangal ag na rialacha dlínse a leagtar amach sa Rialachán seo nó nach bhfuil, ba cheart go mbeadh sé sin ag brath ar cibé acu a thagann siad faoin téarma “cúirt” nó nach dtagann chun críocha an Rialacháin seo.

(22)

Ba cheart go mbeadh cúrsaíocht faoin Rialachán seo ag na gníomhartha a eisíonn nótairí in ábhair chomharbais sna Ballstáit. Nuair a fheidhmíonn nótairí feidhmeanna breithiúnacha bíonn siad faoi cheangal ag rialacha dlínse, agus ba cheart go mbeadh cúrsaíocht ag na cinntí a thugann siad i gcomhréir leis na forálacha maidir le haithint, le hin-fhorfheidhmitheacht, agus le forfheidhmiú cinntí. Nuair nach bhfeidhmíonn nótairí feidhmeanna breithiúnacha ní bhíonn siad faoi cheangal ag na rialacha dlínse, agus ba cheart go mbeadh cúrsaíocht i gcomhréir leis na forálacha maidir le hionstraimí barantúla ag na hionstraimí barántúla a eisíonn siad.

(23)

I bhfianaise shoghluaiseacht na saoránach a bheith ag méadú agus d'fhonn riaradh cuí an cheartais a áirithiú laistigh den Aontas agus a áirithiú go bhfuil toisc chónaisc dílis idir an comharbas agus an Ballstát ina bhfeidhmítear dlínse, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo gurb é an toisc chónaisc ginearálta chun an dlínse agus an dlí is infheidhme araon a chinneadh gnáthchónaí an duine éagtha tráth a bháis. D'fhonn an gnáthchónaí a chinneadh, ba cheart don údarás a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas measúnú iomlán a dhéanamh ar imthosca shaol an duine éagtha le linn na mblianta roimh a bhás agus tráth a bháis, agus na gnéithe fíorasacha ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe fad agus rialtacht láithreacht an duine éagtha sa Stát lena mbaineann agus na dálaí agus na cúiseanna a bhí leis an láithreacht sin. Ba cheart go léireofaí leis an ngnáthchónaí a chinntear sa chaoi sin nasc dlúth, cobhsaí leis an Stát lena mbaineann, agus spriocanna sainiúla an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

(24)

I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé a bheith deacair gnáthchónaí an duine éagtha a chinneadh. D'fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh cás aníos mar sin, go háirithe, i gcás ina ndeachaigh an duine éagtha chun cónaithe thar lear nó chun oibre thar lear ar chúiseanna gairmiúla nó eacnamaíocha, ar feadh tréimhse fada uaireanta, ach go raibh nasc dlúth cobhsaí fós aige lena Stát tionscnaimh. Sa chás sin, d’fhéadfaí a mheas, ag brath ar imthosca an cháis, go raibh gnáthchónaí ag an duine éagtha ina Stát tionscnaimh, ar stát é ina raibh croílár leasanna a theaghlaigh agus a shaoil shóisialta. D'fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh cásanna casta eile aníos i gcás inar chónaigh an duine éagtha i roinnt Stát gach re seach nó i gcás inar thaistil sé ó Stát amháin go Stát eile gan socrú go buan in aon cheann díobh. Más rud é gur náisiúnach ceann de na Stáit sin an duine éagtha nó más rud é go raibh a shócmhainní príomha go léir i gceann de na Stáit sin, d'fhéadfadh a náisiúntacht nó suíomh na sócmhainní sin a bheith mar thoisc speisialta sa mheasúnú foriomlán a dhéanfar ar na himthosca fíorasacha uile.

(25)

Maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas a chinneadh, féadfaidh an t-údarás a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas, i gcásanna eisceachtúla – cuir i gcás, inar aistrigh an duine éagtha go dtí an Stát a raibh gnáthchónaí air tamall gearr roimh a bhás agus go léirítear go follasach le himthosca uile an cháis go raibh baint níos dlúithe aige le Stát eile – teacht ar an tátal nach é dlí an Stáit a raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha ach dlí an Stáit a raibh baint níos dlúithe aige leis an dlí ba cheart a bheith infheidhme maidir leis an gcomharbas. Níor cheart an bhaint is dlúithe follasach sin, áfach, a úsáid mar fhachtóir cónaisc coimhdeach i gcás ina bhfuil sé deacair gnáthchónaí an duine éagtha tráth a bháis a chinneadh.

(26)

Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar chúirt sásraí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le seachaint an dlí, amhail fraude à la loi i gcomhthéacs dlí phríobháidigh idirnáisiúnta.

(27)

Tá rialacha an Rialacháin seo ceaptha chun a áirithiú go gcuirfidh an t-údarás a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas a dhlí féin i bhfeidhm, i bhformhór na gcásanna. Dá bhrí sin, foráiltear leis an Rialachán seo do shraith sásraí a mbeadh tionchar acu sa chás ina mbeadh dlí an Bhallstáit ina raibh sé ina náisiúnach roghnaithe ag an duine éagtha mar an dlí chun a chomharbas a rialú.

(28)

Ba cheart go n-áireofaí i measc na sásraí sin sásra ina ligfí do na páirtithe lena mbaineann comhaontú maidir le rogha cúirte a thabhairt i gcrích i bhfabhar na gcúirteanna i mBallstát an dlí a roghnaíodh. Bheadh gá an sásra a chinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith, ag brath go háirithe ar an tsaincheist a chumhdaítear tríd an gcomhaontú maidir le rogha cúirte, i dtaobh an mbeadh gá an comhaontú a thabhairt i gcrích idir na páirtithe ar fad a bhfuil baint acu leis an gcomharbas nó i dtaobh an bhféadfadh cuid acu comhaontú saincheist ar leith a thabhairt os comhair na cúirte a roghnaíodh i gcás nach ndéanfadh cinneadh ón gcúirt sin difear do na páirtithe eile sa chomharbas.

(29)

Más rud é go ndéanann cúirt imeachtaí comharbais a oscailt uaithi féin, amhail an cás i mBallstáit ar leith, ba cheart don chúirt sin clabhsúr a chur ar na himeachtaí má aontaíonn na páirtithe an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt i mBallstát an dlí a roghnaíodh. I gcás nach ndéanann cúirt imeachtaí comharbais a oscailt, níor cheart go gcuirfí bac ar na páirtithe, leis an Rialachán seo, an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt, mar shampla os comhair nótaire, i mBallstát dá rogha féin agus i gcás inar féidir sin a dhéanamh faoi dhlí an Bhallstáit sin. Ba cheart go mbeadh sin amhlaidh fiú amháin sa chás nach bhfuil an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas ina dhlí de chuid an Bhallstáit sin.

(30)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfaidh cúirteanna na mBallstát ar fad, ar bhonn na bhforas céanna, dlínse a fheidhmiú maidir le comharbas daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát tráth a mbáis, ba cheart go liostófaí go hiomlán leis an Rialachán seo, in ord ordlathach, na forais lena bhféadfar dlínse choimhdeach mar sin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(31)

Chun staideanna ina séantar an ceartas a leigheas, go háirithe, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo do forum necessitatis lena gceadaítear do chúirt Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, rialú ar chomharbas a bhfuil dlúthbhaint aige le tríú Stát. Féadfar a mheas go bhfuil bonn eisceachtúil mar sin ann sa chás go mbeadh sé dodhéanta imeachtaí a thionscnamh sa tríú Stát atá i gceist, mar gheall ar chogadh sibhialta mar shampla, nó i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go ndéanfadh an tairbhí tús a chur leis na himeachtaí, nó na himeachtaí sin a sheoladh, sa Stát sin. Níor cheart dlínse bunaithe ar forum necessitatis a fheidhmiú, áfach, ach amháin má tá nasc sách dlúth ag an gcás le Ballstát na cúirte ar tugadh imeachtaí os a comhair.

(32)

D'fhonn saol na n-oidhrí agus na leagáidithe a bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát eile seachas sa Bhallstát ina bhfuiltear ag déileáil leis an gcomharbas, nó ina mbeifear ag déileáil leis, a éascú, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo d'aon duine atá i dteideal, faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, dearbhuithe a dhéanamh maidir leis an gcomharbas, le leagáid nó le scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh nó maidir le dliteanas an duine sin a theorannú i leith fhiacha faoin gcomharbas, dearbhuithe den sórt sin a dhéanamh san fhoirm dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit go bhfuil gnáthchónaí air os comhair chúirteanna an Bhallstáit sin. Níor cheart go gcuirfí bac leis sin ar dhearbhuithe den sórt sin arna ndéanamh os comhair údarás eile sa Bhallstát sin atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, chun dearbhuithe a fháil. Ba cheart do dhaoine a bhineann leas as an deis dearbhuithe a dhéanamh sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, an chúirt nó an t-údarás atá ag deileáil leis an gcomharbas, nó a bheidh ag déileáil leis, a chur ar an eolas iad féin faoi na dearbhuithe sin a bheith ann laistigh d'aon teorainn ama a bheadh leagtha síos ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(33)

Níor cheart go bhféadfadh duine ar mian leis a dhliteanas a theorannú maidir leis na fiacha faoin gcomharbas, é sin a dhéanamh de bhíthin dearbhaithe amháin chuige sin os comhair na gcúirteanna nó na n-údarás inniúil i mBallstát a bhfuil gnáthchónaí air i gcás ina gceanglaítear air, leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, imeachtaí sonracha dlí a thionscnamh, mar shampla imeachtaí fardail, os comhair na cúirte inniúla. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh dearbhú arna dhéanamh in imthosca amhail sin, ag duine sa Bhallstát a bhfuil gnáthchónaí air ann, san fhoirm dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit sin bailí go foirmiúil chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart ach oiread go measfar na doiciméid lena dtionscnaítear na himeachtaí dlí a mheas mar dhearbhuithe chun críocha an Rialacháin seo.

(34)

Ar mhaithe le feidhmiú comhchuí ceartais, ba cheart a sheachaint go dtabharfaí cinntí atá ar neamhréir i mBallstáit éagsúla. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán seo do rialacha nós imeachta ginearálta atá comhchosúil le hionstraimí eile Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.

(35)

Is riail nós imeachta amháin den sórt sin é riail lis pendens a mbeadh feidhm aige dá dtabharfaí an cás comharbais chéanna os comhair cúirteanna éagsúla i mBallstáit éagsúla. Leis an riail sin, cinnfear ansin an chúirt ar cheart di leanúint ar aghaidh le déileáil leis an gcás comharbais.

(36)

Ós rud é i roinnt Ballstát gur féidir le húdaráis neamhbhreithiúnacha, amhail nótairí, nach bhfuil faoi cheangal ag na rialacha dlínse faoin Rialachán seo, déileáil le hábhair chomharbais, ní féidir a eisiamh go bhféadfaí tús a chur le comhshocrú cairdiúil lasmuigh den chúirt agus imeachtaí cairdiúla cúirte a bhaineann leis an gcomharbas céanna nó le dhá chomhshocrú chairdiúla lasmuigh den chúirt a bhaineann leis an gcomharbas céanna, agus é sin a dhéanamh go comhthreomhar i mBallstáit éagsúla. I gcás den sórt sin, is faoi na páirtithe lena mbaineann a bheidh sé, a luaithe a bheidh siad ar an eolas faoi na himeachtaí comhthreomhara, comhaontú a dhéanamh eatarthu féin ar conas a rachfar ar aghaidh. Mura bhféadfaidís teacht ar chomhaontú, chaithfeadh na cúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo déileáil leis an gcomharbas agus cinneadh a dhéanamh ina leith.

(37)

Ionas go mbeadh na saoránaigh in ann leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, le deimhneacht iomlán dhlíthiúil, ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo ar an eolas iad roimh ré faoin dlí a bheadh infheidhme maidir lena gcomharbas. Ba cheart rialacha comhchuibhithe um easaontacht dlíthe a thabhairt isteach chun torthaí a thiocfadh salach ar a chéile a sheachaint. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bpríomhriail go rialófar an comharbas le dlí intuartha, a bhfuil dlúthbhaint aige leis. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun ilroinnt an chomharbais a sheachaint, ba cheart go rialódh an dlí sin an comharbas ina iomláine, is é sin le rá, an mhaoin uile is cuid den eastát, gan aird ar chineál na sócmhainní agus gan aird ar cibé an bhfuil na sócmhainní suite i mBallstát eile nó i dtríú Stát.

(38)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, go gcuirfí ar chumas na saoránach a gcomharbas a eagrú roimh ré, tríd an dlí is infheidhme maidir lena gcomharbas a roghnú. Ba cheart go mbeadh an rogha sin teoranta do dhlí an Stáit ina mbeidh náisiúntacht ag an duine sin ionas go n-áiritheofaí nasc idir an duine éagtha agus an dlí a roghnaíodh agus ionas nach roghnófaí dlí chun bac a chur ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine a bheadh i dteideal scair fhorchoimeádta.

(39)

Ba cheart go ndéanfaí rogha dlí go sainráite i ndearbhú i bhfoirm diúscartha maoine tráth báis nó go léireofaí an rogha go soiléir le téarmaí diúscartha den sórt sin. D'fhéadfaí a mheas gur léiríodh go soiléir le diúscairt maoine tráth báis an dlí a roghnaíodh i gcás, mar shampla, ina ndearna an duine éagtha tagairt go sainráite ina dhiúscairt d'fhorálacha faoi leith dhlí Stát a náisiúntachta nó dá mba rud é gur luaigh sé ar bhealach eile an dlí sin.

(40)

Faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh rogha dlí bailí fiú mura ndéantar foráil leis an dlí a roghnófar do rogha dlí in ábhair chomharbais. Ba cheart go gcinnfí leis an dlí a roghnófar, áfach, bailíocht shubstainteach an ghnímh agus an rogha á dhéanamh, is é sin le rá, an bhféadfaí a mheas gur thuig an duine a rinne an rogha céard a bhí ar siúl aige agus gur thoiligh sé leis. Ba cheart go mbeadh an méid céanna infheidhme maidir le rogha an dlí a mhodhnú nó a chúlghairm.

(41)

Chun críocha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an cinneadh maidir le náisiúntacht nó ilnáisiúntachtaí duine a réiteach ar dtús mar réamhcheist. Is taobh amuigh de raon feidhme an Rialacháin seo í an tsaincheist maidir le duine a mheas mar náisiúnach de chuid Stáit agus is faoi réir an dlí náisiúnta atá sí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Coinbhinsiúin idirnáisiúnta, agus prionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán.

(42)

An dlí a chinnfear mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, ba cheart gurb é a rialódh an comharbas ón tráth a osclaítear an comharbas go dtí go n-aistreofar úinéireacht na sócmhainní atá mar chuid den eastát chuig na tairbhithe mar a chinntear leis an dlí sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an dlí sin ceisteanna maidir le riar an eastáit agus maidir leis an dliteanas i leith fhiacha faoin gcomharbas. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí céim tosaíochta shonrach na gcreidiúnaithe sa dliteanas in íocaíocht na bhfiach faoin gcomharbas, ag brath go háirithe ar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(43)

D'fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, go mbeadh sé de thoradh na rialacha dlínse a leagtar síos leis an Rialachán seo go mbeadh cásanna ann nach mbeadh a dlí féin á chur i bhfeidhm ag an gcúirt a bhfuil dlínse aici rialú a dhéanamh ar an gcomharbas. I gcás ina dtarlóidh sin i mBallstát a ndéanann a dhlí foráil do riarthóir an eastáit a cheapadh go héigeantach, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo do chúirteanna an Bhallstáit sin, faoina dhlí féin, riarthóir amháin nó níos mó den sórt sin a cheapadh nuair a thugtar na himeachtaí os a gcomhair. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’aon rogha a bheadh déanta ag na páirtithe an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt i mBallstát eile i gcás inar féidir sin faoi dhlí an Bhallstáit sin. D'fhonn comhordú rianúil a áirithiú idir an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus dlí Bhallstát na cúirte ceapacháin, ba cheart go gceapfadh an chúirt an duine nó na daoine a bheadh i dteideal an t-eastát a riar faoin dlí is infheidhme don chomharbas, amhail, mar shampla, seiceadóir uacht an duine éagtha nó na hoidhrí iad féin nó, má cheanglaítear leis an dlí is infheidhme don chomharbas é sin, riarthóir tríú páirtí. I gcasanna sonracha, áfach, nuair a cheanglaítear é sin lena ndlí, féadfaidh na cúirteanna riarthóir tríú páirtí a cheapadh fiú mura bhforáiltear dó sin sa dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. I gcás inar cheap an t-éagach seiceadóir na huachta, ní fhéadfar na cumhachtaí a bhaint den duine sin mura rud é go gceadaítear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, a shainordú a fhoirceannadh.

(44)

Maidir leis na cumhachtaí a bheidh á bhfeidhmiú ag na riarthóirí a bheidh ceaptha i mBallstát na cúirte a mbeidh na himeachtaí tugtha os a comhair, ba cheart gurb iad na cumhachtaí iad a fhéadfaidh siad a fheidhmiú faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Mar sin, dá gceapfaí an t-oidhre mar riarthóir, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí aige faoin dlí, amhail a bheadh ag oidhre, chun an t-eastát a riar. Más rud é nach leordhóthanach iad na cumhachtaí riaracháin a fhéadfar a fheidhmiú chun sócmhainní an eastáit a chaomhnú nó chun cearta na gcreidiúnaithe nó daoine eile a thug ráthaíocht maidir le fiacha an duine éagtha a chosaint, féadfaidh an riarthóir nó na riarthóirí a ceapadh i mBallstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, ar bhonn iarmharaigh, na cumhachtaí riaracháin dá bhforáiltear i ndlí an Bhallstáit sin a fheidhmiú chun na críche sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na cumhachtaí sin, mar shampla, liosta sócmhainní an eastáit agus na bhfiachas faoin gcomharbas a bhunú, cur in iúl do chreidiúnaithe go ndearnadh an comharbas a oscailt agus a iarraidh orthu a n-éilimh a chur in iúl, agus aon bhearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, a ghlacadh a bhfuil sé d’aidhm acu sócmhainní an eastáit a chaomhnú. Ba cheart go n-urramófaí leis na gníomhartha a bheidh á ndéanamh ag riarthóir, agus na cumhachtaí iarmharacha á bhfeidhmiú, an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas a mhéid a bhaineann le haistriú úinéireachta mhaoin an chomharbais, lena n-áirítear aon idirbheart a rinne na tairbhithe sular ceapadh an riarthóir, dliteanas na bhfiach faoin gcomharbas agus cearta na dtairbhithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ceart an comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh. Ní bheadh i gceist, mar shampla, leis na gníomhartha sin ach amháin coimhthiú sócmhainní nó íocaíocht fiachas sa chás ina mbeadh sé sin ceadaithe sa dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Más rud é faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas go n-athraítear dliteanas na n-oidhrí le ceapadh riarthóir tríú páirtí, ba cheart an t-athrú sin a urramú.

(45)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go bhfágfaí nach bhféadfadh creidiúnaithe, trí ionadaí, mar shampla, cibé céimeanna breise a ghlacadh a d'fhéadfadh a bheith ar fáil faoin dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na hionstraimí Aontais, chun a gcearta a choimirciú.

(46)

Ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo creidiúnaithe a d'fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile ina bhfuil sócmhainní suite a chur ar an eolas go ndearnadhan comharbas a oscailt. I gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ba cheart an fhéidearthacht a chur san áireamh go bhféadfaí sásra a chur ar bun, faoin tairseach don r-cheartas, chun a a chur ar chumas creidiúnaithe a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis ábhartha ionas go mbeidh siad in ann a n-éilimh a chur in iúl.

(47)

Ba cheart go gcinnfí leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas cé hiad na tairbhithe in aon chomharbas ar leith. Faoin gcuid is mó de na dlíthe, chumhdófaí leis an téarma “tairbhithe” na hoidhrí agus na leagáidithe agus na daoine atá i dteideal scair fhorchoimeádta, cé nach bhfuil seasamh dlíthiúil na leagáidithe, cuir i gcás, mar an gcéanna faoi na dlíthe ar fad. Faoi roinnt dlíthe, féadfaidh an leagáidí scair dhíreach san eastát a fháil, cé nach bhféadfaidh an leagáidí ach éileamh a fháil i gcoinne na n-oidhrí faoi dhlíthe eile.

(48)

D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do dhaoine atá ag iarraidh a gcomharbas a phleanáil roimh ré, ba cheart leis an Rialachán seo go leagfaí síos riail ar leith um easaontacht dlíthe a bhaineann le hinghlacthacht agus le bailíocht shubstainteach na ndiúscairtí maoine tráth báis. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialach sin a áirithiú, ba cheart go liostófaí leis an Rialachán seo na heilimintí sin ba cheart a mheas mar eilimintí a bhaineann le bailíocht shubstainteach. D'fhéadfadh sé go n-aimseofaí leis an scrúdú ar bhailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis nach ann don diúscairt sin de réir an dlí.

(49)

Is cineál diúscartha maoine tráth báis é comhaontú maidir le comharbas a mbíonn inghlacthacht éagsúil agus glacadh éagsúil ag baint leis i measc na mBallstát. Chun go mbeidh sé níos éasca glacadh sna Ballstáit leis na cearta comharbais a fuarthas mar thoradh ar chomhaontú maidir le comharbas, ba cheart go gcinnfí leis an Rialachán seo an dlí lena rialófar inghlacthacht chomhaontuithe den chineál sin, a mbailíocht shubstainteach agus a gcuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena ndíscaoileadh.

(50)

Ba cheart go mbeadh an dlí lena ndéanfar, faoin Rialachán seo, inghlacthacht agus bailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis a rialú agus, i gcás comhaontuithe maidir le comharbas, na héifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, gan dochar do chearta aon duine a bhfuil an ceart chun scair fhorchoimeádta aige faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, nó a bhfuil ceart eile aige nach féidir leis an duine, ar leis an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, a bhaint de.

(51)

I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo don dlí a mbeadh feidhm aige maidir le comharbas an duine a bhfuil an diúscairt maoine tráth báis á déanamh aige dá bhfaigheadh sé bás an lá a ndearnadh an diúscairt, nó an lá ndearnadh an diúscairt sin a mhodhnú nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh, ba cheart go dtuigfí an tagairt sin mar thagairt do dhlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ar an duine lena mbaineann an lá sin nó, i gcás ina ndearna sé rogha dlí faoin Rialachán seo, dlí Stát a náisiúntachta an lá sin.

(52)

Ba cheart go rialófaí leis an Rialachán seo an bhailíocht maidir le foirm i gcás gach diúscartha maoine tráth báis a rinneadh i scríbhinn trí bhíthin rialacha atá comhsheasmhach le rialacha Choinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an bhfuil diúscairt maoine tráth báis bailí go foirmiúil faoin Rialachán seo, ba cheart don údarás inniúil neamhaird a dhéanamh d'aon eilimint idirnáisiúnta a cruthaíodh go calaoiseach chun teacht timpeall ar na rialacha maidir le bailíocht fhoirmiúil.

(53)

Chun críocha an Rialacháin seo, aon fhoráil dlí lena gcuirfear teorainn leis na foirmeacha ceadaithe diúscartha maoine tráth báis trí thagairt a dhéanamh do cháilíochtaí pearsanta áirithe an duine a dhéanann an diúscairt, amhail, cuir i gcás, a aois, ba cheart a mheas go bhfuil baint aici le hábhair foirme. Níor cheart go léireofaí leis sin gur cheart go gcinnfí leis an dlí is infheidhme maidir le bailíocht fhoirmiúil diúscairt maoine tráth báis faoin Rialachán seo an bhfuil an cumas ag mionaoiseach diúscairt maoine a dhéanamh tráth báis nó nach bhfuil. Níor cheart go gcinnfí leis an dlí sin ach amháin ar cheart le cáilíocht phearsanta go gcuirfí bac ar dhuine, cuir i gcás, más mionaoiseach a bheidh i gceist, diúscairt maoine tráth báis a dhéanamh i bhfoirm áirithe.

(54)

Mar gheall ar dhálaí eacnamaíocha, teaghlaigh nó sóisialta, tá maoin dhochorraitheáirithe, gnóthais áirithe agus catagóirí speisialta eile sócmhainní faoi réir rialacha speisialta sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe lena leagtar síos srianta a bhaineann leis an gcomharbas nó a dhéanann difear dó i leith na sócmhainní sin. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go gcuirfear na rialacha speisialta sin i bhfeidhm. Mar sin féin, ní foláir léiriú dian a dhéanamh ar an eisceacht seo ar chur i bhfeidhm an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas chun go leanfadh sé de bheith comhoiriúnach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. Mar sin, maidir leis na rialacha um easaontacht dlíthe dlíthe lena gcuirtear maoin dhochorraithe faoi réir dlí atá éagsúil leis an dlí is infheidhme maidir le maoin shochorraithe agus maidir leis na forálacha lena bhforáiltear do scair fhorchoimeádta an eastáit, ar scair í is mó ná an scair dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas faoin Rialachán seo, ní fhéadfar na rialacha ná na forálacha sin a mheas mar rialacha speisialta a dhéanfaidh difear don chomharbas i ndáil le sócmhainní áirithe nó a dhéanfaidh difear don chomharbas i ndáil le sócmhainní áirithe.

(55)

Chun a áirithiú go ndéanfar cás ina mbeadh éiginnteacht maidir leis an ord inar tharla bás beirte nó níos mó ná beirt a mbeadh a gcomharbas faoi rialú ag dlíthe éagsúlá á láimhseáil go haonfhoirmeach, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do riail lena leagfar síos nár cheart go mbeadh aon chearta comharbais ag aon duine de na daoine éagtha maidir le comharbas an duine éagtha eile nó na ndaoine éagtha eile.

(56)

Féadfaidh sé go bhfágfar maoin gan éilitheoir i gcásanna áirithe. Déantar forálacha éagsúla do chásanna mar sin le dlíthe éagsúla. Cuir i gcás, faoi dhlíthe áirithe, beidh an Stát in ann an t-eastát folamh a éileamh mar oidhre beag beann ar an áit ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe. Faoi chuid de na dlíthe eile, ní bheidh an Stát in ann ach amháin na sócmhainní a bheidh lonnaithe ar a chríoch a leithreasú. Ba cheart go bhforálfaí mar sin leis an Rialachán seo do riail lena leagfar síos nár cheart do chur i bhfeidhm an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas cosc a chur ar Stát na sócmhainní sin a bheidh lonnaithe ar a chríoch féin a leithreasú faoina dhlí féin. Chun a áirithiú, áfach, nach mbeidh an riail sin díobhálach do chreidiúnaithe an eastáit, ba cheart coinníoll a chur isteach faoinar cheart go mbeadh creidiúnaithe an eastáit in ann a lorg go gcomhlíonfar a n-éilimh as sócmhainní uile an chomharbais, beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe.

(57)

D'fhéadfadh sé go n-eascródh cur i bhfeidhm dlí tríú Stát as na rialacha um easaontacht dlíthe a leagtar amach sa Rialachán seo. Sna cásanna sin, ba cheart aird a thabhairt ar rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh an Stáit sin. Má fhoráiltear leis na rialacha sin do renvoi chuig dlí Ballstáit nó chuig dlí tríú Stát a chuirfeadh a dhlí féin i bhfeidhm maidir leis an gcomharbas, ba cheart renvoi mar sin a ghlacadh chun comhsheasmhacht idirnáisiúnta a áirithiú. Ba cheart renvoi a eisiamh, áfach, i gcásanna ina ndearna an duine éagtha rogha dlí i bhfabhar dlí tríú Stát.

(58)

In imthosca eisceachtúla, ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do na cúirteanna agus do na húdaráis inniúla eile a bhíonn ag déileáil le hábhair chomharbais sna Ballstáit neamhaird a dhéanamh d'fhorálacha faoi leith de dhlí coigríche, i gcás go mbeadh sé soiléir, maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. D'ainneoin sin, níor cheart go mbeadh na cúirteanna nó údaráis inniúla eile in ann an eisceacht maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm chun neamhaird a dhéanamh de dhlí Ballstáit eile nó chun diúltú aitheantas a thabairt nó, de réir mar a bheidh, diúltú glacadh le cinneadh, le hionstraim bharántúil, nó le socraíocht cúirte ó Bhallstát eile, nó iad a fhorfheidhmiú, nuair a shárófaí Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á dhéanamh amhlaidh, go háirithe Airteagal 21, lena dtoirmisctear gach saghas idirdhealaithe.

(59)

I bhfianaise chuspóir ginearálta an Rialacháin seo, eadhon aitheantas frithpháirteach a thabhairt do na cinntí sin a thugtar sna Ballstáit maidir le hábhair chomharbais, beag beann ar na cinntí sin a bheith tugtha in imeachtaí conspóideacha nó neamhchonspóideacha, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le haitheantas, le hin-fhorfheidhmitheacht agus le forfheidhmiú cinntí a bheadh comhchosúil le rialacha ionstraimí eile Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.

(60)

D'fhonn na córais éagsúla chun déileáil le hábhair chomharbais sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go ráthófaí leis an Rialachán seo, glacadh agus in-fhorfheidhmitheacht ionstraimí barántúla in ábhair chomharbais sna Ballstáit go léir.

(61)

Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí fianaiseacha céanna ag ionstraimí barántúla i mBallstát eile agus a bheidh acu sa Bhallstát tionscnaimh nó go mbeadh na héifeachtaí is mó is inchomparáide acu. Agus na héifeachtaí fianaiseacha atá ag ionstraim bharántúil i mBallstát eile nó na héifeachtaí is mó is inchomparáidé atá aici á gcinneadh, ba cheart tagairt a dhéanamh do chineál agus do raon feidhme éifeachtaí fianaiseacha na hionstraime barántúla sa Bhallstát tionscnaimh. Braithfidh na héifeachtaí fianaiseacha ar cheart a bheith ag ionstraim faoi leith i mBallstát eile, dá bhrí sin, ar dhlí an Bhallstáit tionscnaimh.

(62)

Ba cheart gur coincheap féinrialaithe é “barántúlacht” ionstraime barántúla lenar cheart go gcumhdófaí gnéithe amhail fíre na hionstraime, réamhriachtanais fhoirmiúla na hionstraime, cumhachtaí an údaráis a tharraingeoidh an ionstraim suas agus an nós imeachta faoina dtarraingeofar an ionstraim suas. Ba cheart go gcumhdófaí léi freisin na gnéithe fíorasacha a thaifead an t-údarás lena mbaineann san ionstraim bharántúil, amhail an fíoras gur láithrigh na páirtithe a shonraítear os comhair an údaráis ar an dáta a shonraítear agus go ndearna siad na dearbhuithe a shonraítear. Aon pháirtí ar mian leis agóid a dhéanamh maidir le barántúlacht ionstraime barántúla, ba cheart dó an agóid sin a dhéanamh os comhair na cúirte inniúla i mBallstát tionscnaimh na hionstraime barántúla faoi dhlí an Bhallstáit sin.

(63)

Ba cheart an téarma “na gníomhartha dlíthiúla nó na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúi” l a léiriú mar thagairt don mhéid atá san ionstraim bharántúil ó thaobh substainte. D'fhéadfadh, mar shampla, an comhaontú a rinneadh idir na páirtithe maidir leis an eastát a roinnt nó a dháileadh, nó d'fhéadfadh tiomna nó comhaontú maidir le comharbas, nó dearbhú eile intinne, a bheith i measc na ngníomhartha dlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil. Cuir i gcás, d'fhéadfaí cinneadh i dtaobh cé hiad na h-oidhrí agus na tairbhithe eile a áireamh ar na caidrimh dhlíthiúla a bhunaítear faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, na scaireanna faoi seach a bheadh acu, scair fhorchoimeádta a bheith ann, nó aon ghné eile a suíodh faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Aon pháirtí ar mian leis agóid a dhéanamh maidir leis na gníomhartha dlíthiúla nó na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil, ba cheart dó an agóid sin a dhéanamh os comhair na gcúirteanna a mbeidh dlínse acu faoin Rialachán seo agus ba cheart gurbh iad na cúirteanna sin a chinnfeadh an agóid sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

(64)

Má ardaítear ceist a bhainfidh leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil mar cheist theagmhasach in imeachtaí os comhair cúirte de chuid Ballstáit, ba cheart go mbeadh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

(65)

Níor cheart, maidir le Ballstát eile seachas sa Bhallstát tionscnaimh, go mbeadh aon éifeacht fhianaiseach mar thoradh ar an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith, fad a bheidh an agóid ar feitheamh. Mura mbeidh i gceist leis an agóid ach ábhar sonrach a bhainfidh leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil, níor cheart go mbeadh aon éifeacht fhianaiseach leis an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile seachas sa Bhallstát tionscnaimh i ndáil leis an ábhar a mbeidh agóid á déanamh ina leith fad a bheidh an agóid ar feitheamh. Ba cheart go scoirfidh ionstraim bharántúil d'aon éifeacht fhianaiseach a bheith aici nuair a dhearbhófar, mar thoradh ar agóid, go bhfuil an ionstraim sin neamhbhailí.

(66)

Má thugtar, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, dhá ionstraim bharántúla neamh-chomhoiriúnacha os comhair údaráis, ba cheart don údarás sin measúnú a dhéanamh maidir leis an gceist cé acu ionstraim bharántúil, más ann di, ar cheart tosaíocht a fháil agus imthosca an chás faoi leith á gcur san áireamh. I gcás nach léir ó na himthosca sin cé acu ionstraim bharántúil, más ann di, ar cheart tosaíocht a thabhairt di, ba cheart go gcinnfeadh na cúirteanna a bhfuil dlínse acu faoin Rialachán seo an cheist, nó, i gcás go n-ardaítear an cheist mar cheist theagmhasach le linn imeachtaí, go ndéanfadh an chúirt ar tugadh na himeachtaí sin os a comhair an cheist a chinneadh. Sa chás go mbeidh neamh-chomhoiriúnacht idir ionstraim bharántúil agus cinneadh, ba cheart aird a thabhairt do na forais le gan aitheantas a thabhairt do chinntí faoin Rialachán seo.

(67)

Trí shocrú gasta, rianúil agus éifeachtach comharbais lena mbaineann impleachtaí trasteorann laistigh den Aontas, tugtar le tuiscint gur cheart go mbeadh oidhrí, leagáidithe nó seiceadóirí an uachta nó riarthóirí an eastáit in ann a stádas agus/nó a gcearta agus a gcumhachtaí a léiriú gan stró i mBallstát eile, mar shampla i mBallstát ina bhfuil maoin chomharbais suite. Chun go gcuirfí ar a gcumas an méid sin a dhéanamh, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do dheimhniú aonfhoirmeach a chruthú, an Deimhniú Eorpach Comharbais (dá ngairtear “an Deimhniú” anseo feasta) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile. Chun go ndéanfar prionsabal na coimhdeachta a urramú, níor cheart go nglacfadh an Deimhniú ionad na ndoiciméad inmheánach a d'fhéadfadh a bheith ann chun críoch comhchosúil sna Ballstáit.

(68)

Ba cheart go mbeadh aird ag an údarás a eisíonn an Deimhniú ar na foirmiúlachtaí a éilítear maidir le clárú maoine sochorraithe sa Bhallstát ina gcoimeádtar an clár. Chuige sin, ba cheart don Rialachán seo foráil do mhalartú faisnéise maidir leis na foirmiúlachtaí idir na Ballstáit.

(69)

Níor cheart go mbeadh úsáid an Deimhnithe éigeantach. Ciallaíonn sin nár cheart go mbeadh aon oibleagáid ar dhaoine atá i dteideal cur isteach ar Dheimhniú é sin a dhéanamh, ach gur cheart go mbeadh saorthoil acu na hionstraimí eile atá ar fáil faoin Rialachán seo a úsáid (cinntí, ionstraimí barántúla agus socraíochtaí cúirte). Níor cheart, áfach, go mbeadh aon údarás ná aon duine a dtabharfaí Deimhniú dóibh a eisíodh i mBallstát eile i dteideal a iarraidh go ndéanfaí cinneadh, ionstraim bharántúil nó socraíocht chúirte a thíolacadh in ionad an Deimhnithe.

(70)

Ba cheart go n-eiseofaí an Deimhniú sa Bhallstát a mbeidh dlínse ag a chúirteanna faoin Rialacháin seo. Ba cheart gur faoi gach Ballstát a bheidh sé na húdaráis ar cheart dóibh a bheith inniúil chun an Deimhniú a eisiúint a chinneadh ina reachtaíocht inmheánach cibé acu cúirteanna mar a shainítear chun críocha an Rialacháin seo iad nó údaráis eile a bheidh inniúil in ábhair chomharbais, amhail, cuir i gcás, nótairí. Ina theannta sin, ba cheart gur faoi gach Ballstát a bheadh sé a chinneadh ina reachtaíocht inmheánach i dtaobh an bhféadfaidh an t-údarás eisiúna a cheadú do chomhlachtaí inniúla eile a bheith rannpháirteach sa phróiseas eisiúna, mar shampla comhlachtaí atá inniúil chun dearbhuithe reachtúla a fháil in ionad mionna. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha faoina n-údaráis eisiúna a chur in iúl don Choimisiún ionas go bhféadfaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

(71)

Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí céanna ag an Deimhniú sna Ballstáit uile. Níor cheart go mbeadh sé ina theideal infhorfheidmithe ina cheart féin ach go mbeadh éifeacht fhianaiseach aige agus ba cheart go nglacfaí leis go léireofar go cruinn na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha, amhail bailíocht shubstainteach diúscairtí maoine tráth báis. Níor cheart go gcuimseofaí le héifeacht fhianaiseach an Deimhnithe eilimintí nach bhfuil á rialú faoin Rialachán seo, amhail, ceist na cleamhnachta nó an cheist ar leis an duine éagtha sóchmhainn ar leith nó nár leis. Aon duine a dhéanann íocaíocht le duine nó a thugann maoin chomharbais ar aird do dhuine, is duine a léirítear sa Deimhniú mar dhuine atá i dteideal íocaíocht nó maoin den sórt sin a ghlacadh mar oidhre nó mar leagáidí, ba cheart an chosaint iomchuí a thabhairt dó má ghníomhaigh sé de mheon macánta, ag brath ar chruinneas na faisnéise a deimhníodh sa Deimhniú. Ba cheart an chosaint chéanna a thabhairt d'aon duine a bhíonn ag brath ar chruinneas na faisnéise a deimhníodh sa Deimhniú agus a cheannaíonn nó a fhaigheann maoin comharbais ó dhuine ar cuireadh in iúl sa Deimhniú ina leith go bhfuil an duine sin i dteideal an mhaoin sin a dhiúscairt. Ba cheart go n-áiritheofaí an chosaint má thíolactar cóipeanna deimhnithe atá bailí i gcónaí. Níor cheart a chinneadh leis an Rialachán seo, maidir le fáil na maoine, cibé acu atá éifeacht ag an bhfáil sin nó nach bhfuil.

(72)

Ba cheart go n-eiseodh an t-údarás inniúil an Deimhniú arna iarraidh sin air. Ba cheart go gcoimeádfadh an t-údarás eisiúna doiciméad an Deimhniú bunaidh, agus ba cheart dó cóip dheimhnithe amháin nó níos mó den Deimhniú a eisiúint chuig an iarratasóir agus chuig aon duine eile a léireoidh leas dlisteanach. Níor cheart go bhfágfadh sé sin nach bhféadfadh Ballstát cead a thabhairt, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla, cóipeanna den Deimhniú a eisiúint don phobal. Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do shásamh in aghaidh cinntí ón údarás eisiúna lena n-áirítear cinntí chun eisiúint Deimhnithe a dhiúltú. Nuair a dhéantar an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar, ba cheart don údarás eisiúna é sin a chur in iúl do na daoine ar chucu a eisíodh na cóipeanna deimhnithe chun úsáid éagórach na gcóipeanna sin a sheachaint.

(73)

Ciallaíonn an urraim do thiomantais idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Ballstáit nár cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí nó ina bpáirtithe iontu tráth a nglacfar an Rialachán seo. Go háirithe, na Ballstáit is Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha, ba cheart go mbeidís in ann leanúint d'fhorálacha an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm in ionad fhorálacha an Rialachán seo i ndáil le bailíocht fhoirmiúil uachtanna agus comhuachtanna. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, áfach, éilítear go mbeidh tosaíocht ag an Rialachán seo, i measc na mBallstát, ar choinbhinsiúin a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

(74)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí bac ar Bhallstáit ar páirtithe iad i gCoinbhinsiún an 19 Samhain 1934 idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ina gcuimsítear forálacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir le comharbas, le huachtanna agus le heastáit a riar, leanúint d'fhorálacha áirithe den Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm, arna athbhreithniú leis an gcomhaontú idir-rialtasach idir na Stáit sin is páirtithe sa Choinbhinsiún.

(75)

D'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart go bhforálfaí d'oibleagáid lena cheanglaítear ar na Ballstáit faisnéis áirithe maidir lena reachtaíocht agus a nósanna imeachta i ndáil le comharbas a chur in iúl faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (6). Chun go bhféadfaí an fhaisnéis ábhartha go léir chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil a fhoilsiú go tráthúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit faisnéis den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún freisin sula dtosóidh an Rialachán seo de bheith i bhfeidhm.

(76)

Ar an tslí chéanna, d'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú agus d'fhonn úsáid teicneolaíochtaí cumarsáide nua-aimseartha a cheadú, ba cheart go bhforálfaí d'fhoirmeacha caighdeánacha do na fianuithe a dhéanfar a sholáthar i ndáil leis an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta a bhaineann le cinneadh, le hionstraim bharántúil nó le socraíocht chúirte agus i ndáil leis an iarratas ar Dheimhniú Eorpach Comharbais mar aon leis an Deimhniú féin.

(77)

Agus na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ríomh, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (7).

(78)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na fianuithe agus na foirmeacha a bhaineann le dearbhú um in-fhorfheidhmitheacht cinntí, le socraíochtaí cúirte agus le hionstraimí barántúla a bhunú agus a leasú dá éis sin, agus maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (8).

(79)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun cinntí cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na fianuithe agus na foirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus lena leasaítear iad ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(80)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, saorghluaiseacht daoine, go ndéanfadh saoránaigh a gcomharbas a eagrú roimh ré i gcomhthéacs an Aontais agus cosaint na gceart atá ag oidhrí agus ag leagáidithe agus ag daoine a bhfuil baint dhlúth acu leis an duine éagtha chomh maith le creidiúnaithe an chomharbais, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(81)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní foláir go gcuirfidh cúirteanna agus údaráis inniúla eile na mBallstát an Rialachán seo i bhfeidhm, agus na cearta agus na prionsabail sin á n-urramú acu.

(82)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal orthu agus ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm. Beidh an méid sin, áfach, gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire fógra a thabhairt faoina n-intinn glacadh leis an Rialachán seo i ndiaidh a ghlactha i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin.

(83)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comharbas ar eastáit daoine éagtha. Ní bheidh feidhm aige maidir le cúrsaí ioncaim, custaim ná riaracháin.

2.   Déanfar an méid seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

stádas daoine nádúrtha mar aon le caidrimh teaghlaigh agus caidrimh a measann an dlí is infheidhme maidir le caidrimh den sórt sin go bhfuil éifeachtaí inchomparáide acu;

(b)

inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, gan dochar do phointe (c)d'Airteagal 23(2) ná d'Airteagal 26;

(c)

ceisteanna a bhaineann le duine nádúrtha a bheith ar iarraidh nó a bheith as láthair, nó lena bhás toimhdithe;

(d)

ceisteanna a bhaineann le socruithe maidir le maoin phósta agus le socruithe maidir le maoin caidrimh a meastar go bhfuil éifeachtaí is inchomparáide le pósadh acu faoin dlí is infheidhme maidir leis na caidrimh sin;

(e)

oibleagáidí cothabhála seachas na cinn sin a thagann chun cinn mar gheall ar bhás;

(f)

bailíocht fhoirmiúil diúscairtí maoine tráth báis a dhéanfar ó bhéal;

(g)

cearta maoine, leasanna maoine agus sócmhainní maoine a cruthaíodh nó a aistríodh ar dhóigh eile seachas trí chomharbas, amhail, mar shampla, bronntanais, comhúinéireacht a mbeadh ceart marthanais ag gabháil léi, pleananna pinsin, conarthaí árachais agus socruithe dá samhail, gan dochar do phointe (i) d'Airteagal 23(2);

(h)

ceisteanna a rialaítear le dlí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, bídís corpraithe nó neamhchorpraithe, amhail clásail i meabhráin chomhlachais agus in airteagail chomhlachais cuideachtaí agus comhlachtaí eile, bídís corpraithe nó neamhchorpraithe, lena gcinntear cad a tharlóidh do na scaireanna ar bhás na gcomhaltaí;

(i)

díscaoileadh, múchadh nó cumasc cuideachtaí agus comhlachtaí eile, bídís corpraithe nó neamhchorpraithe;

(j)

cruthú, riarachán agus díscaoileadh iontaobhas;

(k)

cineál na gceart in rem; agus

(l)

aon taifeadadh i gclár de chearta ar mhaoin dhochorraithe nó ar mhaoin shochorraithe, lena n-áirítear na ceanglais dhlíthiúla de thaifeadadh den sórt sin, agus na héifeachtaí a bheadh ann de bharr na cearta sin a thaifeadadh nó gan a thaifeadadh i gclár.

Airteagal 2

Inniúlacht in ábhair chomharbais laistigh de na Ballstáit

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d' inniúlacht údarás na mBallstát déileáil le hábhair chomharbais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “comharbas” comharbas ar eastát duine éagtha agus clúdaíonn sé gach bealach trína n-aistrítear sócmhainní, cearta agus oibleagáidí mar gheall ar bhás, bíodh sé ina aistriú toilteanach faoi dhiúscairt maoine tráth báis, nó ina aistriú trí chomharbas díthiomnach;

(b)

ciallaíonn “comhaontú maidir le comharbas” comhaontú, lena n-áirítear comhaontú a eascraíonn as comhuachtanna c, lena gcruthaítear, lena modhnaítear nó lena bhfoirceanntar, ar chomaoin nó gan chomaoin, na cearta atá ag duine amháin nó níos mó ná duine amháin atá mar pháirtí sa chomhaontú ar an eastát nó na heastáit a bheidh ann amach anseo;

(c)

ciallaíonn “comhuacht” uacht a bheith tarraingthe suas ag beirt duine nó níos mó in aon ionstraim amháin;

(d)

ciallaíonn “diúscairt maoine tráth báis” uacht, comhuacht nó comhaontú maidir le comharbas;

(e)

ciallaíonn “Ballstát tionscnaimh” an Ballstát inar tugadh cinneadh, inar formheasadh nó inar tugadh i gcrích an tsocraíocht chúirte nó inar bunaíodh an ionstraim bharántúil nó inar eisíodh an Deimhniú Eorpach Comharbais, de réir mar a bheidh;

(f)

ciallaíonn “Ballstát an fhorfheidhmithe” an Ballstát ina n-iarrtar an dearbhú in-fhorfheidhmitheachta nó forfheidhmiú an chinnidh, na socraíochta cúirte nó na hionstraime barántúla;

(g)

ciallaíonn “cinneadh” aon cinneadh a thugann cúirt de chuid Ballstáit ar ábhar comharbais, cibé ainm a thugtar ar an gcinneadh, lena n-áirítear cinneadh maidir le cinneadh costas nó caiteachas arna dhéanamh ag oifigeach den chúirt;

(h)

ciallaíonn “socraíocht chúirte” socraíocht in ábhar comharbais, atá formheasta ag cúirt nó atá tugtha i gcrích os comhair cúirte le linn imeachtaí;

(i)

ciallaíonn “ionstraim bharántúil” doiciméad in ábhar comharbais a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh go foirmiúil mar ionstraim bharántúil i mBallstát agus:

(i)

a mbaineann a barántúlacht le síniú na hionstraime barántúla agus lena bhfuil inti; agus

(ii)

a bhfuil a barántúlacht suite ag údarás poiblí nó ag údarás eile a bhfuil an chumhacht tugtha dó ag an mBallstát tionscnaimh chun na críche sin.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “cúirt” aon údarás breithiúnach agus gach gairmí dlíthiúil eile a bhfuil inniúlacht acu maidir le hábhair chomharbais agus a fheidhmíonn feidhmeanna dlínse nó a ghníomhaíonn trí tharmligean cumhachta ó údarás breithiúnach nó a ghníomhaíonn faoi rialú údaráis bhreithiúnaigh, ar choinníoll go dtugann údaráis agus gairmithe dlíthiúla eile den sórt sin ráthaíocht maidir le neamhchlaontacht agus ceart gach páirtí éisteacht a fháil agus ar na coinníollacha seo a leanas maidir lena gcinntí faoin dlí sa Bhallstát ina bhfeidhmíonn siad:

(a)

go bhféadfar iad a chur faoi réir achomhairc nó faoi réir athbreithnithe ag údarás breithiúnach; agus

(b)

go bhféadfaidh siad éifeacht agus fórsa a bheith acu atá cosúil le cinneadh ó údarás breithiúnach i ndáil leis an ábhar céanna.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis agus na gairmithe dlíthiúla eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagal 79.

CAIBIDIL II

DLÍNSE

Airteagal 4

Dlínse ghinearálta

Is ag cúirteanna an Bhallstáit, ina raibh gnáthchónaí ag an duine éagtha tráth a bháis, a bheidh dlínse chun rialú ar an gcomharbas sin ina iomláine.

Airteagal 5

Comhaontú maidir le rogha cúirte

1.   I gcás inar dlí Ballstáit é an dlí a roghnaigh an duine éagtha chun a chomharbas a rialú de bhun Airteagal 22, féadfaidh na páirtithe lena mbaineann a chomhaontú go mbeidh dlínse eisiach ag cúirt nó ag cúirteanna an Bhallstáit sin chun rialú ar aon ábhar comharbais.

2.   Cuirfear an comhaontú sin maidir le rogha cúirte in iúl i scríbhinn, beidh an dáta air agus beidh sé sínithe ag na tairbhithe lena mbaineann. Measfar go bhfuil aon chumarsáid ar mhodh leictreonach lena dtabharfar taifead buan ar an gcomhaontú comhionann le scríbhinn.

Airteagal 6

Dlínse a dhiúltú i gcás dlí a bheith roghnaithe

I gcás gur dlí Ballstáit é an dlí a roghnaigh an duine éagtha chun a chomharbas a rialú de bhun Airteagal 22, féadfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair de bhun Airteagal 4 nó Airteagal 10, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dlínse a dhiúltú, ar iarraidh ó dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, má mheasann sí gur fearr cumas chúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí an dlí a roghnaíodh rialú ar an gcomharbas, agus cúinsí praiticiúla an chomharbais á gcur san áireamh, amhail gnáthchónaí na bpáirtithe agus suíomh na sócmhainní; nó

(b)

dlínse a dhiúltú má d’aontaigh na páirtithe sna himeachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 5, dlínse a thabhairt do chúirt nó do chúirteanna Bhallstát an dlí a roghnaíodh.

Airteagal 7

Dlínse i gcás dlí a bheith roghnaithe

Is ag cúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí an dlí a roghnaigh an duine éagtha de bhun Airteagal 22 a bheidh dlínse maidir le rialú ar an gcomharbas sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá dlínse diúltaithe sa chás céanna de bhun Airteagal 6 ag cúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair cheana;

(b)

tá aontaithe ag na páirtithe sna himeachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 5, dlínse a thabhairt do chúirt nó do chúirteanna an Bhallstáit sin; nó

(c)

glacann na páirtithe sna himeachtaí go sainráite le dlínse na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 8

Clabhsúr do chur ag cúirt ar imeachtaí uaithi féin i gcás dlí a bheith roghnaithe

Maidir le cúirt a rinne imeachtaí comharbais a oscailt uaithi féin faoi Airteagal 4 nó Airteagal 10, cuirfidh sí clabhsúr ar na himeachtaí má d’aontaigh na páirtithe an comharbas a shocrú go cairdiúil lasmuigh den chúirt sa Bhallstát arb é a dhlí a roghnaigh an duine éagtha de bhun Airteagal 22.

Airteagal 9

Dlínse bunaithe ar láithriú

1.   I gcás ina ndealraítear, agus na himeachtaí os comhair chúirt an Bhallstáit atá ag feidhmiú dlínse de bhun Airteagal 7, nach raibh na páirtithe uile sna himeachtaí sin páirteach sa chomhaontú maidir le rogha cúirte, leanfaidh an chúirt de dhlínse a fheidhmiú má thagann na páirtithe sna himeachtaí nach raibh páirteach sa chomhaontú i láthair na cúirte gan dlínse na cúirte a chonspóid.

2.   Má dhéanann páirtithe sna himeachtaí nach raibh páirteach sa chomhaontú dlínse na cúirte dá dtagraítear i mír 1 a chonspóid, diúltóidh an chúirt dlínse.

Sa chás sin, is ag na cúirteanna a mbeidh dlínse acu de bhun Airteagal 4 nó Airteagal 10 a bheidh dlínse i ndáil le rialú ar an gcomharbas.

Airteagal 10

Dlínse choimhdeach

1.   I gcás nach raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha i mBallstát tráth a bháis, is ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sócmhainní de chuid an eastáit suite mar sin féin a bheidh dlínse chun rialú ar an gcomharbas ina iomláine:

(a)

sa mhéid go raibh náisiúntacht an Bhallstáit sin ag an duine éagtha tráth a bháis; nó, dá uireasa sin;

(b)

sa mhéid go raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha roimhe sin sa Bhallstát sin, ar choinníoll nach mbeadh tréimhse níos mó ná cúig bliana imithe in éag ón uair a athraíodh an gnáthchónaí sin, tráth a mbeidh na himeachtaí os comhair na cúirte.

2.   I gcás nach mbeidh dlínse ag aon chúirt i mBallstát de bhun mhír 1, beidh dlínse mar sin féin ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sócmhainní de chuid an eastáit suite chun rialú ar na sócmhainní sin.

Airteagal 11

Forum necessitatis

I gcás nach mbeidh dlínse ag aon chúirt de chuid Ballstáit de bhun fhorálacha eile den Rialachán seo, féadfaidh cúirteanna Ballstáit rialú, ar bhonn eisceachtúil, ar an gcomharbas mura mbeidh sé réasúnach ná indéanta imeachtaí a thionscnamh nó a sheoladh i dtríú Stát a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gcás.

Caithfidh nasc sách dlúth a bheith ag an gcás le Ballstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 12

Na himeachtaí a theorannú

1.   I gcás ina mbeidh sócmhainní atá suite i dtríú Stát in eastát an duine éagtha, féadfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair chun rialú a fháil ar an gcomharbas, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, a chinneadh nach rialóidh sí ar shócmhainn amháin nó níos mó de na sócmhainní sin más é a mbeifear ag súil leis nach n-aithneofar a cinneadh i ndáil leis na sócmhainní sin agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfógrófar é a bheith infhorfheidhmithe sa tríú Stát sin.

2.   Ní dhéanfaidh mír 1 difear do cheart na bpáirtithe raon feidhme na n-imeachtaí a theorannú faoi dhlí Bhallstát na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair.

Airteagal 13

An comharbas, nó leagáid nó scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh

De bhreis ar an gcúirt a mbeidh dlínse aici rialú ar an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo, beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine ar bith a fhéadann, faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, dearbhú a dhéanamh os comhair cúirte, ar dearbhú é a bhaineann leis an gcomharbas, nó le leagáid nó scair fhorchoimeádta an eastáit a ghlacadh nó a tharscaoileadh nó dearbhú a dhéanamh a mbeidh sé i gceist leis dliteanas an duine lena mbaineann a theorannú i leith na ndliteanas faoin gcomharbas, na dearbhuithe sin a fháil i gcás ina bhféadfaí, faoi dhlí an Bhallstáit sin, na dearbhuithe sin a dhéanamh os comhair cúirte.

Airteagal 14

Imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte

Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur tugadh imeachtaí os comhair cúirte:

(a)

tráth a ndéanfar doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an t-iarratasóir dá éis sin na bearta ba ghá dó a ghlacadh chun an tseirbheáil a dhéanamh ar an gcosantóir;

(b)

más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a mbeidh sé faighte ag an údarás a bheidh freagrach as an tseirbheáil, ar choinníoll nár mhainnigh an t-iarratasóir dá éis sin na céimeanna ba ghá dó a ghlacadh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt; nó

(c)

más uaithi féin a dhéanann an chúirt na himeachtaí a oscailt, tráth a nglacfaidh an chúirt an cinneadh na himeachtaí a oscailt, nó, i gcás nach mbeidh gá leis an gcinneadh sin, tráth a gcláróidh an chúirt an cás.

Airteagal 15

Scrúdú i dtaca le dlínse

I gcás ina dtabharfar ábhar comharbais os comhair cúirte Ballstáit agus nach mbeidh aon dlínse aici air faoin Rialachán seo, dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 16

Scrúdú i dtaca le hinghlacthacht

1.   Maidir le cosantóir a bhfuil gnáthchónaí air i Stát eile nach é an Ballstát é inar tionscnaíodh an chaingean, mura dtaifeadfaidh sé láithreas, cuirfidh an chúirt a mbeidh dlínse aici bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad coibhéiseach a fháil in am trátha chun socruithe a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

2.   Maidir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (seirbheáil doiciméad) (9), beidh feidhm aige in ionad fhorálacha mhír 1 den Airteagal seo i gcás inarbh éigean doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile de bhun an Rialacháin seo.

3.   I gcás nach mbeidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Dlíthiúl agus Seachdhlithiúil in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch, i gcás inarbh éigeandoiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheoladh amach ar an gcoigríoch de bhun an Choinbhinsiúin sin.

Airteagal 17

Lis pendens

1.   I gcás ina ndéanfar imeachtaí leis an gcúis chéanna chaingne agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna Ballstát éagsúil, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2.   I gcás ina suitear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 18

Caingne gaolmhara

1.   I gcás ina mbeidh caingne gaolmhara ar feitheamh i gcúirteanna Ballstát éagsúil, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí.

2.   I gcás ina mbeidh na caingne sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú, má tá dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, meastar caingne a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu lena chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus cinneadh a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí cinntí a bheadh lena chéile do theacht as imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 19

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

Féadfar cibé bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, a bheidh ar fáil faoi dhlí Ballstáit a iarraidh ar chúirteanna an Stáit sin, fiú más rud é, faoin Rialachán seo, go bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile maidir le substaint an ábhair.

CAIBIDIL III

AN DLÍ IS INFHEIDHME

Airteagal 20

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí nó nach dlí de chuid Ballstáit é.

Airteagal 21

Riail ghinearálta

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir leis an gcomharbas ina iomláine ná dlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha tráth a bháis.

2.   I gcás ina mbeidh sé soiléir, mar eisceacht, ó imthosca uile an cháis, go raibh baint níos dlúithe ag an duine éagtha, go follasach, tráth a bháis, le Stát seachas an Stát a mbeadh a dhlí infheidhme faoi mhír 1, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir leis an gcomharbas ná dlí an Stáit eile sin.

Airteagal 22

Rogha dlí

1.   Féadfaidh duine a roghnú mar an dlí lena rialófar a chomharbas ina iomláine dlí an Stáit a mbeidh a náisiúntacht aige tráth a ndéanfaidh sé an rogha nó tráth a éaga.

Maidir le duine a bhfuil níos mó ná náisiúntacht amháin aige, féadfaidh sé dlí aon cheann de na Stáit a roghnú a mbeidh a náisiúntacht aige tráth a ndéanfaidh sé an rogha nó tráth a bháis.

2.   Déanfar an rogha go sainráite i ndearbhú i bhfoirm diúscartha maoine tráth báis nó léireofar an rogha le téarmaí diúscartha den sórt sin.

3.   Is leis an dlí roghnaithe a rialófar bailíocht shubstainteach an ghnímh lena ndearnadh an rogha dlí.

4.   Comhlíonfaidh modhnú nó cúlghairm an rogha dlí na ceanglais ó thaobh foirme de maidir le modhnú nó le cúlghairm ar dhiúscairt maoine tráth báis.

Airteagal 23

Raon feidhme an dlí is infheidhme

1.   Rialófar an comharbas ina iomláine leis an dlí a chinnfear de bhun Airteagal 21 nó Airteagal 22.

2.   Beidh an méid seo a leanas go háirithe faoi rialú ag an dlí sin:

(a)

cúiseanna, am agus áit oscailte an chomharbais;

(b)

cinneadh i dtaobh cé hiad na tairbhithe, cad iad a gcuid scaireanna faoi seach agus cad iad na hoibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith leagtha orthu ag an duine éagtha, mar aon le cinneadh ar chearta eile comharbais, lena n-áirítear cearta comharbais an chéile nó an pháirtí mharthanaigh;

(c)

cumas an duine chun teacht i gcomharbas;

(d)

dí-oidhriú agus dícháiliú trí bhíthin iompair;

(e)

na sócmhainní, na cearta agus na hoibleagáidí ar cuid den eastát iad, lena n-áirítear na coinníollacha agus na héifeachtaí a bhainfeadh leis an gcomharbas nó le leagáid a ghlacadh nó a tharscaoileadh, a aistriú chuig na hoidhrí agus, de réir mar a bheidh, chuig na leagáidithe;

(f)

cumhachtaí na n-oidhrí, na seiceadóirí uachta agus riarthóirí eile an eastáit, go háirithe maidir le maoin a dhíol agus creidiúnaithe a íoc, gan dochar do na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 29(2) agus (3);

(g)

an dliteanas i leith na bhfiach faoin gcomharbas;

(h)

an chuid indiúscartha den eastát, na scaireanna forchoimeádta agus srianta eile ar dhiúscairt maoine tráth báis, chomh maith le héilimh a d'fhéadfadh a bheith ag daoine a raibh dlúthbhaint acu leis an duine éagtha i gcoinne an eastáit nó i gcoinne na n-oidhrí;

(i)

aon oibleagáid a bhaineann le bronntanais, réamhshocruithe nó leagáidí a chur ar ais nó a chur i gcuntas agus scaireanna na dtairbhithe éagsúla á gcinneadh; agus

(j)

comhroinnt an eastáit.

Airteagal 24

Diúscairt maoine tráth báis seachas comhaontuithe maidir le comharbas

1.   Déanfar diúscairt maoine tráth báis seachas comhaontú maidir le comharbas a rialú, i ndáil le hinghlacthacht agus le bailíocht shubstainteach na diúscartha, leis an dlí a bhféadfadh, faoin Rialachán seo, feidhm a bheith aige maidir le comharbas an duine, agus an diúscairt déanta aige, dá bhfaigheadh sé bás ar an lá a ndearnadh an diúscairt.

2.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh duine a roghnú mar an dlí lena rialófaí a dhiúscairt maoine tráth báis, i ndáil lena inghlacthacht agus lena bhailíocht shubstainteach, an dlí a d'fhéadfadh an duine sin a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 22 faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

3.   Beidh feidhm ag mír 1, de réir mar is iomchuí, maidir le modhnú nó le cúlghairm ar dhiúscairt maoine tráth báis seachas comhaontú maidir le comharbas. I gcás ina mbeidh rogha dlí ann i gcomhréir le mír 2, is faoi rialú an dlí roghnaithe a bheidh an modhnú nó an chúlghairm.

Airteagal 25

Comhaontuithe maidir le comharbas

1.   Rialófar comhaontú maidir le comharbas i ndáil le comharbas duine amháin, maidir lena inghlacthacht, lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, leis an dlí a bheadh infheidhme maidir le comharbas an duine sin, faoin Rialachán seo, dá bhfaigheadh sé bás an lá a tugadh an comhaontú i gcrích.

2.   Ní bheidh comhaontú maidir le comharbas i ndáil le comharbas níos mó ná duine amháin inghlactha ach amháin má tá sé inghlactha faoi na dlíthe go léir lena rialófaí, faoin Rialachán seo, comharbas na ndaoine go léir lena mbainfeadh dá bhfaighidís bás an lá ar tugadh an comhaontú i gcrích.

Déanfar comhaontú maidir le comharbas is inghlactha de bhun na chéad fhomhíre, i ndáil lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, a rialú leis an dlí a thiocfaidh as measc na ndlíthe sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a mbeidh an bhaint is dlúithe aige leis.

3.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh na páirtithe a roghnú mar an dlí lena rialófaí a gcomhaontú maidir le comharbas, i ndáil lena inghlacthacht, lena bhailíocht shubstainteach agus lena chuid éifeachtaí ceangailteacha idir na páirtithe, lena n-áirítear na coinníollacha lena dhíscaoileadh, an dlí a bhféadfadh an duine ar leis an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, nó duine de na daoine ar leo an t-eastát lena mbaineann an comhaontú, a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 22 faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

Airteagal 26

Bailíocht shubstainteach diúscartha maoine tráth báis

1.   Chun críocha Airteagal 24 agus Airteagal 25, beidh baint ag na heilimintí seo a leanas le bailíocht shubstainteach:

(a)

cumas an duine atá ag déanamh na diúscartha maoine tráth báis diúscairt den sórt sin a dhéanamh;

(b)

na cúiseanna áirithe lena gcuirfear bac ar an duine a dhéanfaidh an diúscairt diúscairt a dhéanamh i bhfabhar daoine áirithe nó lena gcuirfear bac ar dhuine maoin chomharbais a fháil ón duine a dhéanfaidh an diúscairt;

(c)

inghlacthacht ionadaíochta chun diúscairt maoine a dhéanamh tráth báis;

(d)

léiriú na diúscartha;

(e)

calaois, éigeantas, botún agus aon cheist eile a bhaineann le toiliú nó rún an duine a dhéanfaidh an diúscairt.

2.   I gcás ina mbeidh sé de chumas ag an duine diúscairt maoine a dhéanamh tráth báis faoin dlí is infheidhme de bhun Airteagal 24 nó Airteagal 25, ní dhéanfaidh athrú ina dhiaidh sin ar an dlí is infheidhme difear do chumas an duine sin diúscairt den sórt sin a mhodhnú nó a chúlghairm.

Airteagal 27

Bailíocht fhoirmiúil diúscartha maoine tráth báis a dhéanfar i scríbhinn

1.   Beidh diúscairt maoine tráth báis a dhéanfar i scríbhinn bailí ó thaobh foirme de má chomhlíontar léi:

(a)

dlí an Stáit ina ndearnadh an diúscairt nó inar tugadh an comhaontú maidir le comharbas i gcrích;

(b)

dlí Stáit a raibh a náisiúntacht ag an tiomnóir nó ag duine amháin ar a laghad de na daoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, tráth a ndearnadh an diúscairt nó tráth ar tugadh an comhaontú i gcrích, nó tráth báis;

(c)

dlí Stáit ina raibh sainchónaí ag an tiomnóir nó ag duine amháin ar a laghad de na daoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, tráth a ndearnadh an diúscairt nó tráth ar tugadh an comhaontú i gcrích, nó tráth báis;

(d)

dlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ag an tiomnóir nó ag duine amháin ar a laghad de na daoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, tráth a ndearnadh an diúscairt nó tráth ar tugadh an comhaontú i gcrích, nó tráth báis; nó

(e)

a mhéid a bhaineann le maoin dhochorraithe, dlí an Stáit ina mbeidh an mhaoin dhochorraithe sin suite.

Maidir leis an gcinneadh i dtaobh an raibh sainchónaí ag an tiomnóir nó ag aon duine a mbaineann a chomharbas leis an gcomhaontú maidir le comharbas i Stát áirithe nó nach raibh, déanfar é a rialú le dlí an Stáit sin.

2.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le diúscairtí maoine tráth báis lena ndéantar diúscairt roimhe sin a mhodhnú nó a chúlghairm. Beidh an modhnú nó an chúlghairm bailí freisin ó thaobh foirme de má chomhlíontar léi aon cheann de na dlíthe, ar dá réir a dtéarmaí, faoi mhír 1, a bhí diúscairt maoine a rinneadh a mhodhnú nó a chúlghairm tráth báis bailí.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, aon fhoráil dlí lena gcuirfear teorainn leis na foirmeacha ceadaithe diúscartha maoine tráth báis faoi threoir aoise, náisiúntachta nó coinníollacha pearsanta an tiomnóra nó na ndaoine a mbaineann a gcomharbas le comhaontú maidir le comharbas, measfar go mbaineann siad le ceisteanna foirme. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir leis na cáilíochtaí nach foláir a bheith ag aon fhinnéithe a bheidh riachtanach do bhailíocht diúscartha maoine tráth báis.

Airteagal 28

Bailíocht maidir le foirm dearbhaithe i dtaca le glacadh nó le tarscaoileadh

Maidir le dearbhú a bhaineann leis an gcomharbas nó le leagáid nó le scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh nó maidir le dearbhú atá ceaptha chun dliteanas an duine a dhéanann an dearbhú a theorannú, beidh sé bailí ó thaobh foirme de sa chás go gcomhlíonfaidh sé:

(a)

ceanglais an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas de bhun Airteagal 21 nó Airteagal 22; nó

(b)

ceanglais dhlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ag an duine a dhéanfaidh an dearbhú.

Airteagal 29

Rialacha speisialta maidir le ceapachán agus cumhachtaí riarthóra eastáit i gcásanna áirithe

1.   I gcás ina bhfuil sé éigeantach, nó éigeantach nuair a iarrtar é, riarthóir a cheapadh faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil dlínse ag a chúirteanna rialú a dhéanamh ar an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo agus gur dlí coigríche é an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, féadfaidh cúirteanna an Bhallstáit sin, nuair a thugtar na himeachtaí os a gcomhair, riarthóir amháin nó níos mó a cheapadh ar an eastát faoi dhlí a mBallstát féin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

Is é a bheidh sa riarthóir nó sna riarthóirí a cheapfar de bhun na míre seo ná an duine nó na daoine a bheidh i dteideal uacht an duine éagtha a fhorghníomhú agus/nó an t-eastát a riar faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Más rud é, leis an dlí sin, nach bhforáiltear do dhuine nach tairbhí é an eastát a riar, féadfaidh cúirteanna an Bhallstáit ina mbeidh an riarthóir le ceapadh riarthóir tríú páirtí a cheapadh faoi dhlí a mBallstáit féin má cheanglaítear é sin a dhéanamh leis an dlí sin agus gur ann do choinbhleacht thromchúiseach leasanna idir na tairbhithe nó idir na tairbhithe agus na creidiúnaithe nó daoine eile a bhfuil ráthaíocht tugtha acu i leith fhiacha an duine éagtha, gur ann d'easaontas i measc na dtairbhithe maidir le riaradh an eastáit nó gur ann d’eastát atá deacair le riar mar gheall ar chineál na sócmhainní.

Is é an riarthóir nó na riarthóirí a cheapfar de bhun na míre seo, agus an duine sin nó na daoine sin amháin, a bheidh i dteideal na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3 a fheidhmiú.

2.   Déanfaidh an duine nó na daoine a cheapfar mar riarthóir nó mar riarthóirí de bhun mhír 1 na cumhachtaí maidir le riaradh an eastáit a fheidhmiú, agus féadfaidh sé nó siad na cumhachtaí sin a fheidhmiú faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas. Féadfaidh an chúirt cheapacháin coinníollacha sonracha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin a shainiú ina cinneadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Más rud é nach bhforáiltear leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas do chumhachtaí leordhóthanacha chun sócmhainní an eastáit a chaomhnú nó chun cearta na gcreidiúnaithe nó daoine eile a thug ráthaíocht maidir le fiacha an duine éagtha a chosaint, féadfaidh an chúirt cheapacháin cead a thabhairt don riarthóir nó do na riarthóirí, ar bhonn iarmharaigh, na cumhachtaí dá bhforáiltear chun na críche sin a fheidhmiú le dlí a Ballstáit féin agus féadfaidh sí coinníollacha sonracha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí sin a shainiú ina cinneadh.

Agus na cumhachtaí iarmharacha sin á bhfeidhmiú, beidh urraim ag an riarthóir nó na riarthóirí don dlí is infheidhme maidir le comharbas i ndáil le haistriú úinéireachta mhaoin an chomharbais, le dliteanas na bhfiach faoin gcomharbas, le cearta na dtairbhithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ceart an comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh agus, i gcás inarb infheidhme, le cumhachtaí sheiceadóir uacht an duine éagtha.

3.   D'ainneoin mhír 2, an chúirt a cheapfaidh ceann amháin nó níos mó de na riarthóirí de bhun mhír 1, féadfaidh sí, mar eisceacht agus i gcás inarb é dlí tríú Stáit an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas, a chinneadh na cumhachtaí riaracháin go léir dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit ina bhfuil na riarthóirí ceaptha a dhílsiú dóibh.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin, áfach, beidh urraim ag na riarthóirí, go háirithe, do chinneadh cé hiad na dtairbhithe agus cad iad a gcearta comharbais, lena n-áirítear a gcearta ar scair fhorchoimeádta nó éileamh ar an eastát nó ar na hoidhrí faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 30

Rialacha speisialta lena leagtar amach srianta a bhaineann leis an gcomharbas, nó a dhéanann difear dó, i leith sócmhainní áirithe

I gcás ina mbeidh rialacha speisialta i ndlí an Bhallstáit ina bhfuil maoin dhochorraithe ar leith, gnóthais ar leith nó catagóirí speisialta eile sócmhainní suite, ar rialacha iad lena leagtar amach, mar gheall ar dhálaí eacnamaíocha, teaghlaigh nó sóisialta, srianta a bhaineann leis an gcomharbas, nó a dhéanann difear dó, i leith na sócmhainní sin, beidh feidhm ag na rialacha speisialta sin maidir leis an gcomharbas a mhéid atá na rialacha sin infheidhme, faoi dhlí an Stáit sin, beag beann ar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 31

Cearta in rem a oiriúnú

I gcás ina ndéanfaidh duine ceart in rem a agairt, ar ceart é a bheidh sé i dteideal a fháil faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus nach eol do dhlí an Bhallstáit ina ndéanfar an ceart a agairt an ceart in rem atá i gceist, déanfar an ceart sin a oiriúnú, más gá agus a mhéid is féidir, chuig an gceart coibhéiseach in rem is neasa faoi dhlí an Stáit sin, agus aird á tabhairt ar na haidhmeanna agus ar na leasanna sin a shaothrófar leis an gceart in rem sonrach agus ar na héifeachtaí a ghabhfaidh leis.

Airteagal 32

Bás i gcomhthráth

Más rud é go bhfaighidh beirt duine nó níos mó ná a bhfuil a gcomharbais faoi rialú ag dlíthe éagsúla bás in imthosca ina mbeidh éiginnteacht maidir leis an ord inar tharla a mbásanna, agus i gcás ina ndéanfar foráil éagsúil leis na dlíthe sin don chás sin nó i gcás nach ndéanfar foráil ar bith leo, ní bheidh aon chearta comharbais ag roinnt le haon duine de na daoine éagtha maidir leis an duine éagtha nó na daoine éagtha eile.

Airteagal 33

Eastát gan éilitheoir

Faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach mbeidh aon oidhre ná leagáidí ann le haghaidh aon sócmhainní faoi dhiúscairt maoine tráth báis, agus nach bhfuil aon duine nádúrtha lena bheith ina oidhre trí oibriú an dlí, ní dhéanfar, le cur i bhfeidhm an dlí a chinnfear amhlaidh, bac a chur ar é a bheith de cheart ag Ballstát nó eintiteas arna cheapadh chun na críche sin ag an mBallstát sin sócmhainní an eastáit a bheidh lonnaithe ar a chríoch a leithreasú faoina dhlí féin ar choinníoll go bhfuil na creidiúnaithe i dteideal a lorg go gcomhlíonfar a n-éilimh as sócmhainní an eastáit ina iomláine.

Airteagal 34

Renvoi

1.   Ciallóidh feidhmiú dlí aon tríú Stát arna shonrú leis an Rialachán seo feidhmiú rialacha an dlí ag a bhfuil feidhm sa Stát sin lena n-áirítear a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a mhéid a dhéanfar renvoi leis na rialacha sin:

(a)

chuig dlí Ballstáit; nó

(b)

chuig dlí tríú Stát eile a chuirfeadh a dhlí féin i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag aon renvoi i ndáil leis na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 21(2), in Airteagal 22, in Airteagal 27, i bpointe (b) d'Airteagal 28 agus in Airteagal 30.

Airteagal 35

Beartas poiblí (ordre public)

Ní fhéadfar cur i bhfeidhm foráil dlí aon Stáit a shonraítear leis an Rialachán seo a dhiúltú ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.

Airteagal 36

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu - easaontachtaí dlíthe críochacha

1.   I gcás inarb é an dlí a shonraítear leis an Rialachán seo dlí de chuid Stáit ina gcuimsítear roinnt aonad críochach a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh maidir le comharbas, is le rialacha inmheánacha an Stáit sin um easaontacht dlíthe a chinnfear an t-aonad críochach ábhartha a mbeidh feidhm ag a rialacha dlí.

2.   In éagmais rialacha inmheánacha um easaontacht dlíthe den sórt sin:

(a)

chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt do ghnáthchónaí an éagaigh a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh ina raibh gnáthchónaí ag an éagach tráth a bháis;

(b)

chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt do náisiúntacht an éagaigh a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh lena raibh an bhaint is dlúithe ag an duine éagtha tráth a bháis;

(c)

chun an dlí is infheidhme de bhun na bhforálacha lena ndéantar tagairt d'eilimintí eile mar nascfhachtóirí a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh ina mbeidh an eilimint ábhartha suite.

3.   D'ainneoin mhír 2, chun an dlí ábhartha de bhun Airteagal 27 a chinneadh, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú, in éagmais rialacha inmheánacha an Stáit sin um easaontacht dlíthe, mar thagairt do dhlí an aonaid chríochaigh lena raibh an bhaint is dlúithe ag an tiomnóir nó ag na daoine a mbainfidh an comhaontú maidir leis an gcomharbas lena gcomharbas.

Airteagal 37

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu - easaontachtaí dlíthe idirphearsanta

Maidir le Stát a bhfuil dhá chóras dlí nó dhá thacar rialacha, nó níos mó ná sin aige, ar córais dlí nó tacair rialacha iad is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla daoine i dtaca leis an gcomharbas, déanfar aon tagairt do dhlí an Stáit sin a fhorléiriú mar thagairt don chóras dlí nó don tacar rialacha a chinnfear i gcomhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm sa Stát sin. Cheal rialacha den sórt sin, beidh feidhm ag an gcóras dlí nó ag an tacar rialacha a raibh an bhaint ba dhlúithe ag an éagach leis.

Airteagal 38

Gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí dlíthe inmheánacha

Ballstát ina bhfuil roinnt aonad críochach a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach ceann acu maidir le comharbas, ní cheanglófar air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí nach mbeidh iontu ach easaontachtaí idir dlíthe na n-aonad sin.

CAIBIDIL IV

AITHINT, INFHORFHEIDHMITHEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ CINNTÍ

Airteagal 39

Aithint

1.   Tabharfar aitheantas do chinneadh a thabharfar i mBallstát sna Ballstáit eile gan gá a bheith ann le haon nós imeachta speisialta chuige sin.

2.   Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint cinnidh faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i gconspóid, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, chun an cinneadh sin a aithint.

3.   Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach aitheantais a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 40

Forais le gan aitheantas a thabhairt

Ní thabharfar aitheantas do chinneadh:

(a)

má tá an t-aitheantas sin contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát ina n-iarrtar an t-aitheantas;

(b)

i gcás gur d’éagmais láithrithe a tugadh an cinneadh, mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar dhóigh a chuirfeadh ar a chumas socrú a dhéanamh dá chosaint, mura rud é gur mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh tráth arbh fhéidir leis déanamh amhlaidh;

(c)

má tá sé ar neamhréir le cinneadh a tugadh in imeachtaí idir na páirtithe céanna sa Bhallstát ina n-iarrtar an t-aitheantas;

(d)

má tá sé ar neamhréir le cinneadh a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát in imeachtaí a bhaineann leis an gcúis chaingne chéanna agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an cinneadh a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun aitheantas a thabhairt dó sa Bhallstát ina n-iarrtar an t-aitheantas.

Airteagal 41

Gan athbhreithniú a dhéanamh maidir leis an tsubstaint

Ní fhéadfar i gcás ar bith cinneadh a thabharfar i mBallstát ar leith a athbhreithniú maidir lena shubstaint.

Airteagal 42

Bac a chur ar imeachtaí aitheantais

Féadfaidh cúirt i mBallstát ar cuireadh iarratas os a comhair maidir le haitheantas a thabhairt do chinneadh a tugadh i mBallstát eile bac a chur ar na himeachtaí más rud é gur taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an chinnidh sin sa Bhallstát tionscnaimh.

Airteagal 43

In-fhorfheidhmitheacht

Maidir le cinntí a thabharfar i mBallstát agus a bheidh infhorfheidhmithe sa Bhallstát sin, beidh siad infhorfheidhmithe i mBallstát eile nuair, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, go bhfuil siad dearbhaithe a bheith infhorfheidhmithe ansin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58.

Airteagal 44

Sainchónaí a chinneadh

Chun a chinneadh an bhfuil sainchónaí ar pháirtí i mBallstát an fhorfheidhmithe chun críocha an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, déanfaidh an chúirt a dtabharfar na himeachtaí os a comhair dlí inmheánach an Bhallstáit sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 45

Dlínse cúirteanna áitiúla

1.   Déanfar iarratas ar dhearbhú in-fhorfheidhmitheacht a chur faoi bhráid chúirt nó údarás inniúil Bhallstát an fhorfheidhmithe, a gcuirfidh an Ballstát sin í nó é in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 78.

2.   Cinnfear dlínse áitiúil de réir na háite a mbeidh sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne nó de réir áit an fhorfheidhmithe.

Airteagal 46

An nós imeachta

1.   Is le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe a rialófar an nós imeachta um iarratas.

2.   Ní bheidh gá ag an iarratasóir le seoladh poist ná ionadaí údaraithe a bheith aige i mBallstát an fhorfheidhmithe.

3.   Gabhfaidh na doiciméid seo a leanas leis an iarratas:

(a)

cóip den chinneadh a chomhallfaidh na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a shuíomh;

(b)

an fianú arna eisiúint ag cúirt nó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus úsáid á baint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2), gan dochar d'Airteagal 47.

Airteagal 47

Gan an fianú a thabhairt ar aird

1.   Mura dtabharfar ar aird an fianú dá dtagraítear in Airteagal 46 (3)(b), féadfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil tréimhse a shonrú chun é a thabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméad coibhéiseach, nó, má mheasann sé nó sí go bhfuil faisnéis leordhóthanach a chomhair nó os a comhair, déanamh dá éagmais.

2.   Déanfar aistriúchán ar na doiciméid a thabhairt ar aird má éilíonn an chúirt nó an t-údarás inniúil é. Is duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh an t-aistriúchán.

Airteagal 48

Dearbhú infhorfheidhmitheachta

Dearbhófar an cinneadh a bheith infhorfheidhmithe díreach tar éis na foirmiúlachtaí in Airteagal 46 a thabhairt i gcrích gan aon athbhreithniú faoi Airteagal 40. Ní bheidh an páirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne i dteideal aon aighneachtaí maidir leis an iarratas a dhéanamh ag an gcéim sin de na himeachtaí.

Airteagal 49

Fógra faoin gcinneadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta

1.   Déanfar an cinneadh ar an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta a chur in iúl láithreach don iarratasóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe.

2.   Déanfar an dearbhú infhorfheidhmitheachta, maille leis an gcinneadh, a sheirbheáil ar an bpáirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne, mura mbeidh sé seirbheáilte ar an bpáirtí sin cheana féin.

Airteagal 50

Achomharc i gcoinne an chinnidh ar an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta

1.   Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta.

2.   Déanfar an t-achomharc a thaisceadh leis an gcúirt a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann í in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 78.

3.   Déileálfar leis an achomharc de réir na rialacha lena rialaítear nós imeachta na sáraíochta.

4.   Má mhainníonn an páirtí a n-iarrtar an forfheidhmiú ina choinne láithriú os comhair na cúirte achomhairc in imeachtaí maidir le hachomharc a rinne an t-iarratasóir, beidh feidhm ag Airteagal 16 fiú mura bhfuil sainchónaí in aon cheann de na Ballstáit ar an bpáirtí a n-iarrtar an forfheidhmiú ina choinne.

5.   Déanfar achomharc i gcoinne an dearbhaithe infhorfheidhmitheachta a thaisceadh laistigh de 30 lá ó dháta a sheirbheála. Má tá sainchónaí ar an bpáirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne i mBallstát seachas an Ballstát inar tugadh an dearbhú infhorfheidhmitheachta, beidh tréimhse 60 lá ann le haghaidh achomhairc agus rithfidh sí ó lá na seirbheála air féin go pearsanta nó ag a áit chónaithe. Ní fhéadfar fadú ar an tréimhse sin a dheonú mar gheall ar fhad slí ó bhaile.

Airteagal 51

Nós imeachta maidir leis an gcinneadh a thabharfar ar an achomharc a chonspóid

Ní fhéadfar an cinneadh a thabharfar ar an achomharc a chonspóid ach amháin tríd an nós imeachta a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann é in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 78.

Airteagal 52

Dearbhú infhorfheidhmitheachta a dhiúltú nó a chúlghairm

An chúirt lena dtaisctear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorfheidhmitheachta, ná ní chúlghairfidh sí é, ach amháin ar cheann de na forais a shonraítear in Airteagal 40. Tabharfaidh sí a cinneadh gan mhoill.

Airteagal 53

Bac a chur ar imeachtaí

An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, cuirfidh sí bac ar na himeachtaí, ar iarratas ón bpáirtí a n-iarrtar an forfheidhmiú ina choinne, má tá in-fhorfheidhmitheacht an chinnidh curtha ar fionraí sa Bhallstát tionscnaimh mar gheall ar achomharc.

Airteagal 54

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha

1.   I gcás nach mór aitheantas a thabhairt do chinneadhi gcomhréir leis an gCaibidil seo, ní choiscfidh aon ní ar an iarratasóir leas a bhaint as bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, i gcomhréir le dlí Bhallstát an fhorfheidhmithe gan aon ghá a bheith le dearbhú infhorfheidhmitheachta faoi Airteagal 48.

2.   Beidh an chumhacht chun aon bhearta cosantacha a ghlacadh ag gabháil leis an dearbhú infhorfheidhmitheachta trí oibriú dlí.

3.   Le linn na tréimhse a shonraítear le haghaidh achomhairc de bhun Airteagal 50(5) i gcoinne an dearbhaithe infhorfheidhmitheachta agus go dtí go mbeidh cinneadh tugtha ar aon achomharc den sórt sin, ní fhéadfar aon bhearta a ghlacadh maidir leis an bhforfheidhmiú ach amháin bearta cosantacha in aghaidh mhaoin an pháirtí a n-iarrtar forfheidhmiú ina choinne.

Airteagal 55

in-fhorfheidhmitheacht pháirteach

1.   I gcás ina mbeidh breith tugtha i leith roinnt ábhar agus nach féidir an dearbhú in-fhorfheidhmitheachta a thabhairt ina dtaobh go léir, tabharfaidh an chúirt nó an t-údarás inniúil an cinneadh i gcás ábhair amháin nó níos mó díobh.

2.   Féadfaidh iarratasóir dearbhú in-fhorfheidhmitheachta a bheidh teoranta do chodanna de chinneadh a iarraidh.

Airteagal 56

Cúnamh dlíthiúil

Iarratasóir ar tugadh dó go hiomlán nó go páirteach, sa Bhallstát tionscnaimh, cúnamh dlíthiúil nó díolúine ó chostais nó ó chaiteachas, beidh teideal aige, in aon imeachtaí maidir le dearbhú in-fhorfheidhmitheachta, chun tairbhiú den chúnamh dlíthiúil is fabhraí nó den díolúine is fairsinge ó chostais nó ó chaiteachais dá bhforáiltear i ndlí Bhallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 57

Gan urrús, banna ná taisce a éileamh

Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrfaidh forfheidhmiú i mBallstát amháin ar aithint, ar infhorfheidhmitheacht nó ar fhorfheidhmiú cinnidh a tugadh i mBallstát eile ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 58

Gan muirear, dleacht ná táille a thobhach

In imeachtaí chun dearbhú infhorfheidhmitheachta a eisiúint, ní fhéadfar muirear, dleacht ná táille ar bith, arna ríomh de réir luach an ábhair i saincheist, a thobhach i mBallstát an fhorfheidhmithe.

CAIBIDIL V

IONSTRAIMÍ BARÁNTÚLA AGUS SOCRAÍOCHTAÍ CÚIRTE

Airteagal 59

Ionstraimí barántúla a ghlacadh

1.   Beidh na héifeachtaí fianaiseacha céanna i mBallstát eile ag ionstraim bharántúil a bhunófar i mBallstát agus a bheidh aici sa Bhallstát tionscnaimh nó beidh na héifeachtaí is inchomparáidí aici, ar choinníoll nach mbeidh sé sin contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh an duine ar mian leis ionstraim bharántúil a úsáid i mBallstát eile a iarraidh ar an údarás a mbeidh an ionstraim bharántúil á bunu aige sa Bhallstát tionscnaimh an fhoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2)a chomhlánú, ar foirm í ina dtabharfar tuairisc ar na héifeachtaí fianaiseacha a bheidh ag an ionstraim bharántúil sa Bhallstát tionscnaimh.

2.   Déanfar aon agóid maidir le barántúlacht ionstraime barántúla os comhair chúirteanna an Bhallstáit tionscnaimh agus tabharfar an cinneadh faoi dhlí an Stáit sin. Ní ghabhfaidh aon éifeacht fhianaiseach leis an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile fad a bheidh an agóid ar feitheamh os comhair na cúirte inniúla.

3.   Déanfar aon agóid maidir leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a thaifeadfar in ionstraim bharántúil os comhair na gcúirteanna a mbeidh dlínse acu faoin Rialachán seo agus cinnfear iad faoin dlí is infheidhme de bhun Chaibidil III. Ní bheidh aon éifeacht fhianaiseach ag an ionstraim bharántúil a mbeidh agóid á déanamh ina leith i mBallstát eile seachas sa Bhallstát tionscnaimh i ndáil le hábhar a mbeidh agóid á déanamh ina leith fad a bheidh an agóid ar feitheamh os comhair cúirte inniúla.

4.   Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach a chinneadh, ar ceist í a bhaineann leis na gníomhartha dlíthiúla nó leis na caidrimh dhlíthiúla a taifeadadh in ionstraim bharántúil in ábhair chomharbais, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 60

Infhorfheidhmitheacht na n-ionstraimí barántúla

1.   Ionstraim bharántúil atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát tionscnaimh, dearbhófar, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, go bhfuil sé infhorfheidhmithe i mBallstát eile.

2.   Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 46(3), féadfaidh an t-údarás a rinne an ionstraim bharántúil a bhunú, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, fianú a eisiúint agus úsáid á baint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

3.   An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, ní dhéanfaidh sí dearbhú infhorfheidhmitheachta a dhiúltú ná a chúlghairm ach amháin má tá forfheidhmiú na hionstraime barántúla contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí (ordre public) i mBallstát an fhorfheidhmithe.

Airteagal 61

Infhorfheidhmitheacht socraíochtaí cúirte

1.   Socraíochtaí cúirte atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát tionscnaimh, dearbhófar, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 go hAirteagal 58, go bhfuil sé infhorfheidhmithe i mBallstát eile.

2.   Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 46(3), féadfaidh an chúirt a d'fhormheas an tsocraíocht nó ar os a comhair a tugadh an tsocraíocht i gcrích fianú a eisiúint, ar iarratas ó aon pháirtí leasmhar, agus úsáid á baint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

3.   An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 50 nó Airteagal 51, ní dhéanfaidh sí dearbhú infhorfheidhmitheachta a dhiúltú ná a chúlghairm ach amháin má tá forfheidhmiú na socraíochta cúirte contrártha go follasach don bheartas poiblí (ordre public) i mBallstát an fhorfheidhmithe.

CAIBIDIL VI

DEIMHNIÚ EORPACH COMHARBAIS

Airteagal 62

Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

1.   Leis an Rialachán seo, cruthaítear Deimhniú Eorpach Comharbais (dá ngairtear “an Deimhniú” anseo feasta) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile agus a mbeidh na héifeachtaí a liostaítear in Airteagal 69 aige.

2.   Ní bheidh úsáid an Deimhnithe éigeantach.

3.   Ní ghlacfaidh an Deimhniú ionad na ndoiciméad inmheánach a úsáidtear chun críocha comhchosúla sna Ballstáit. A luaithe a eiseofar an Deimhniú lena úsáid i mBallstát eile, áfach, beidh na héifeachtaí a liostaítear in Airteagal 69 freisin aige sa Bhallstát arb iad a údaráis a d'eisigh é i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Airteagal 63

Cuspóir an Deimhnithe

1.   Maidir leis an Deimhniú, is lena úsáid ag oidhrí, ag leagáidithe a mbeidh cearta díreacha acu sa chomharbas agus ag seiceadóirí uachta nó ag riarthóirí an eastáit é ar gá dóibh, i mBallstát eile, a stádas a agairt nó a gcearta mar oidhrí nó mar leagáidithe agus/nó a gcumhachtaí mar sheiceadóirí uachta nó mar riarthóirí an eastáit a fheidhmiú faoi seach.

2.   Féadfar an Deimhniú a úsáid, go háirithe, chun léiriú a thabhairt ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

stádas agus/nó cearta gach oidhre nó, de réir mar a bheidh, gach leagáidí a luaitear sa Deimhniú agus a scaireanna den eastát faoi seach;

(b)

sócmhainn shonrach nó sócmhainní sonracha a bheidh mar chuid den eastát a shannadh don oidhre nó do na hoidhrí nó, de réir mar a bheidh, don leagáidí nó do na leagáidithe a luaitear sa Deimhniú;

(c)

cumhachtaí an duine a luaitear sa Deimhniú chun an uacht a fhorghníomhú nó chun an t-eastát a riar.

Airteagal 64

Inniúlacht chun an Deimhniú a eisiúint

Eiseofar an Deimhniú sa Bhallstát ina mbeidh dlínse ag a chúirteanna faoi Airteagal 4, Airteagal 7, Airteagal 10 nó Airteagal 11. Is é seo a leanas an t-údarás inniúil a bheidh ann:

(a)

cúirt mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) í; nó

(b)

údarás eile é atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, chun déileáil le hábhair chomharbais.

Airteagal 65

Iarratas ar Dheimhniú

1.   Eiseofar an Deimhniú ar iarratas ó aon duine dá dtagraítear in Airteagal 63(1) (dá ngairtear “an t-iarratasóir” anseo feasta).

2.   Chun críocha an t-iarratas a dhéanamh, féadfaidh an t-iarratasóir úsáid a bhaint as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

3.   Beidh an fhaisnéis atá liostaithe thíos san iarratas, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin ar eolas ag an iarratasóir agus a mhéid a bheidh sí riachtanach don údarás eisiúna chun deimhniú a dhéanamh ar na heilimintí ar mian leis an iarratasóir iad a dheimhniú, agus beidh na doiciméid ábhartha go léir in éineacht léi, bíodh sin mar dhoiciméid bhunaidh nó trí bhíthin cóipeanna, lena gcomhlíonfar na coinníollacha a bheidh riachtanach chun barántúlacht na ndoiciméad a bhunú, gan dochar d'Airteagal 66(2):

(a)

mionsonraí maidir leis an éagach: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh tráth báis, dáta agus ionad an bháis;

(b)

mionsonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh agus an gaol nó an caidreamh leis an éagach, más ann do ghaol nó do chaidreamh;

(c)

mionsonraí maidir le hionadaí an iarratasóra, más ann dó: sloinne (más infheidhme, an sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, seoladh agus inniúlacht ionadaíoch;

(d)

mionsonraí maidir le céile nó páirtnéir an éagaigh agus, más infheidhme, maidir leis an iarchéile nó na hiarchéilí nó maidir leis an iarpháirtnéir nó na hiarpháirtnéirí: sloinne, (más infheidhme, sloinne tráth breithe) céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme) agus seoladh;

(e)

mionsonraí maidir le tairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann faoi dhiúscairt maoine tráth báis agus/nó trí oibriú an dlí: sloinne agus céad ainm nó céad ainmneacha nó ainm eagraíochta, uimhir aitheantais (más infheidhme) agus seoladh;

(f)

an cuspóir beartaithe don Deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 63;

(g)

mionsonraí teagmhála na cúirte nó an údaráis inniúil eile atá ag déileáil leis an gcomharbas ann féin nó a dhéileáil leis an gcomharbas ann féin, más infheidhme;

(h)

na heilimintí ar a mbunóidh an t-iarratasóir, de réir mar is iomchuí, an ceart a bheidh á éileamh aige ar mhaoin chomharbais mar thairbhí agus/nó a cheart chun uacht an éagaigh a fhorghníomhú agus/nó a cheart chun eastát an éagaigha riar;

(i)

léiriú cibé an raibh diúscairt maoine tráth báis déanta ag an éagach; mura mbeidh an doiciméad bunaidh ná cóip i gceangal, treoir maidir leis an áit ina bhfaighfear an doiciméad bunaidh;

(j)

léiriú cibé a ndearna an t-éagach conradh pósta nó conradh maidir le caidreamh a bhféadfaidh éifeachtaí is inchomparáide le pósadh a bheith aige; mura mbeidh an conradh bunaidh ná cóip den chonradh sin i gceangal, treoir maidir leis an áit ina bhfaighfear an conradh bunaidh;

(k)

léiriú cibé an ndearna aon cheann de na tairbhithe dearbhú maidir leis an gcomharbas a ghlacadh nó, de réir mar is iomchuí, a tharscaoileadh;

(l)

dearbhú lena luaitear, chomh fada agus is eol don iarratasóir, nach bhfuil aon díospóid ar feitheamh a bhaineann leis na heilimintí a bheidh le deimhniú;

(m)

aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an t-iarratasóir a bheidh úsáideach chun críocha an Deimhniú a eisiúint.

Airteagal 66

An t-iarratas a scrúdú

1.   Ar an iarratas a fháil, fíoróidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus na cineálacha eile fianaise a sholáthair an t-iarratasóir. Déanfaidh sé na fiosruithe is gá don fhíorú sin uaidh féin i gcás ina bhforálfar dó sin lena dhlí féin nó i gcás ina n-údarófar é sin lena dhlí féin nó iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhianaise bhreise a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a sholáthar.

2.   I gcás nach mbeidh ar chumas an iarratasóra cóipeanna a sholáthar de na doiciméid ábhartha lena gcomhlíonfar na coinníollacha is gá chun barántúlacht na ndoiciméad a shuíomh, féadfaidh an t-údarás eisiúna a chinneadh glacadh le cineálacha eile fianaise.

3.   I gcás ina bhforáiltear dó sin lena dhlí féin, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos ann, féadfaidh an t-údarás eisiúna an ceanglas a leagan síos go ndéanfar dearbhuithe faoi mhionn nó go ndéanfar dearbhú reachtúil in ionad mionna.

4.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna na bearta go léir is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go ndearnadh iarratas ar Dheimhniú. Déanfaidh an t-údarás, i gcás inar gá sin chun go ndéanfar na heilimintí a bheidh le deimhniú a shuíomh, aon duine lena mbaineann agus aon seiceadóir nó aon riarthóir a éisteacht agus déanfaidh sé fógraí poiblí a bheadh dírithe ar an deis a thabhairt do thairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann a gcearta a agairt.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, arna iarraidh sin air, an fhaisnéis atá, go háirithe, sna cláir thalún, sna cláir stádais shibhialta agus sna cláir ina ndéantar taifead ar dhoiciméid agus ar fhíorais atá ábhartha maidir leis an gcomharbas nó maidir leis an socrú i ndáil le maoin phósta nó maidir le socrú coibhéiseach maoine an éagaigh a sholáthar d'údarás eisiúna Ballstáit eile, i gcás ina mbeadh an t-údarás inniúil sin údaraithe, faoin dlí náisiúnta, an fhaisnéis sin a chur ar fáil d'údarás náisiúnta eile.

Airteagal 67

An Deimhniú a eisiúint

1.   Eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair a bheidh na heilimintí a bheidh le deimhniú suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Bainfidh sé úsáid as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

Ní eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá agóid á déanamh maidir leis na heilimintí a bheidh le deimhniú; nó

(b)

ní bheadh an Deimhniú i gcomhréir le cinneadh lena gcumhdaítear na heilimintí céanna.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna na céimeanna go léir is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go bhfuil an Deimhniú á eisiúint.

Airteagal 68

Inneachar an Deimhnithe

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa Deimhniú a mhéid is gá le go gcomhlíonfar an cuspóir a n-eisítear an Deimhniú ina leith:

(a)

ainm agus seoladh an údaráis eisiúna;

(b)

uimhir thagartha an chomhaid;

(c)

na heilimintí ar ar a mbonn a mheasfaidh an t-údarás eisiúna go bhfuil sé féin inniúil chun an Deimhniú a eisiúint;

(d)

an dáta eisiúna;

(e)

mionsonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh agus cineál an ghaoil nó an chaidrimh leis an éagach, más ann do ghaol nó do chaidreamh;

(f)

mionsonraí maidir leis an éagach: sloinne (más infheidhme, sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha, gnéas, dáta agus ionad breithe, stádas sibhialta, náisiúntacht, uimhir aitheantais (más infheidhme), seoladh tráth báis, dáta agus ionad an bháis;

(g)

mionsonraí maidir leis na tairbhithe: sloinne (más infheidhme, an sloinne tráth breithe), céad ainm nó céad ainmneacha agus uimhir aitheantais (más infheidhme);

(h)

faisnéis a bhaineann le conradh pósta a rinne an t-éagach, nó, más infheidhme, conradh a rinne an t-t-éagach i gcomhthéacs caidrimh a measann an dlí is infheidhme maidir le caidreamh den sórt sin go bhfuil éifeachtaí is inchomparáide le pósadh aige agus faisnéis faoin socrú i ndáil le maoin phósta nó faoin socrú coibhéiseach maoine;

(i)

an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus na heilimintí ar ar a mbonn a cinneadh an dlí sin;

(j)

faisnéis faoi cibé acu comharbas tiomnach nó díthiomnach atá i gceist faoi dhiúscairt maoine tráth báis, lena n-áirítear faisnéis faoi na heilimintí as a dtig le cearta agus/nó le cumhachtaí na n-oidhrí, na leagáidithe, na seiceadóirí uachta nó riarthóirí an eastáit;

(k)

más infheidhme, faisnéis i leith gach tairbhí maidir leis an gcaoi ina ndéanfar an comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh;

(l)

scair gach oidhre agus, más infheidhme, liosta de chearta agus/nó de shócmhainní aon oidhre ar leith;

(m)

liosta de chearta agus/nó de shócmhainní aon leagáidí ar leith;

(n)

na srianta ar chearta an oidhre nó na n-oidhrí agus, de réir mar is iomchuí, ar chearta an leagáidí nó na leagáidithe faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus/nó faoin diúscairt maoine tráth báis;

(o)

cumhachtaí sheiceadóir na huachta agus/nó riarthóir an eastáit agus na srianta ar na cumhachtaí sin faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas agus/nó faoin uacht nó faoin diúscairt maoine tráth báis.

Airteagal 69

Éifeachtaí an Deimhnithe

1.   Beidh éifeachtaí ag an Deimhniú sna Ballstáit uile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

2.   Toimhdeofar go léireofar go cruinn leis an Deimhniú na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Toimhdeofar go mbeidh an stádas a luafar sa Deimhniú ag an duine a luafar sa Deimhniú mar oidhre, leagáidí, seiceadóir uachta nó riarthóir an eastáit agus /nó go mbeidh na cearta nó na cumhachtaí a bheidh luaite sa Deimhniú aige gan aon choinníollacha eile agus/nó aon srianta eile a bheith ag gabháil leis na cearta nó na cumhachtaí sin seachas na cinn a bheidh luaite sa Deimhniú.

3.   Aon duine, ag gníomhú dó ar bhonn na faisnéise a bheidh deimhnithe i nDeimhniú, a dhéanfaidh íocaíochtaí le duine, nó a thabharfaidh maoin ar aird do dhuine, is duine a bheidh luaite sa Deimhniú mar dhuine atá údaraithe chun íocaíocht nó maoin a ghlacadh, measfar go mbeidh idirbheart déanta aige le duine ag a bhfuil an t-údarás chun íocaíocht nó maoin a ghlacadh, mura rud é go bhfuil a fhios aige nach bhfuil inneachar an Deimhnithe cruinn nó mura bhfuil sé ar an eolas faoi neamhchruinneas den sórt sin mar thoradh ar mhór-fhaillí.

4.   Maidir le duine a luafar ina leith sa Deimhniú go bhfuil sé údaraithe maoin chomharbais a dhiúscairt, i gcás ina ndéanfaidh sé an mhaoin sin a dhiúscairt i bhfabhar duine eile, measfar go mbeidh an duine eile sin, má ghníomhaíonn sé ar bhonn na faisnéise a dheimhnítear sa Deimhniú, tar éis idirbheart a dhéanamh le duine atá údaraithe an mhaoin lena mbaineann a dhiúscairt, mura rud é go bhfuil a fhios aige nach cruinn é inneachar an Deimhnithe nó nach bhfuil sé ar an eolas faoi mhíchruinneas den sórt sin mar thoradh ar mhór-fhaillí.

5.   Is doiciméad bailí a bheidh sa Deimhniú chun maoin chomharbais a thaifeadadh i gclár ábhartha Ballstáit, gan dochar do phointí (k) agus pointe d'Airteagal 1(2).

Airteagal 70

Cóipeanna deimhnithe den Deimhniú

1.   Coimeádfaidh an t-údarás eisiúna Deimhniú bunaidh agus déanfaidh sé cóip dheimhnithe amháin nó níos mó a chur chuig an iarratasóir agus chuig aon duine a léireoidh leas dlisteanach.

2.   Chun críocha Airteagal 71(3) agus Airteagal 73(2), coimeádfaidh an t-údarás eisiúna liosta de na daoine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe chucu de bhun mhír 1.

3.   Beidh na cóipeanna deimhnithe a eiseofar bailí ar feadh tréimhse teoranta sé mhí agus léireofar an méid sin trí dháta éaga a chur ar an gcóip dheimhnithe. I gcásanna eisceachtúla a bheidh cuí-réasúnaithe, féadfaidh an t-údarás eisiúna, de mhaolú, a chinneadh go mbeidh an tréimhse bailíochta níos faide ná sin. A luaithe a bheidh an tréimhse sin caite, beidh ar aon duine a mbeidh cóip dheimhnithe ina sheilbh aige, chun go mbeidh sé in ann an Deimhniú a úsáid chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 63, cur isteach ar fhadú ar thréimhse bailíochta na cóipe deimhnithe nó cóip dheimhnithe nua a iarraidh ón údarás eisiúna.

Airteagal 71

An Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar

1.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a léireoidh leas dlisteanach nó uaidh féin, an Deimhniú a cheartú i gcás earráide cléireachais.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a léireoidh leas dlisteanach, nó, i gcás inarb indéanta sin faoin dlí náisiúnta, uaidh féin, an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar i gcás ina suífear nach bhfuil an Deimhniú nó eilimintí aonair de cruinn.

3.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú chuige de bhun Airteagal 70(1) a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon cheartú, aon mhodhnú nó aon tarraingt siar ar an Deimhniú.

Airteagal 72

Nósanna imeachta sásaimh

1.   Aon duine a bheidh i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh aon chinntí a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 67.

Aon duine a léireoidh leas dlisteanach, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 71 agus pointe (a) d'Airteagal 73(1).

Déanfar an agóid a thaisceadh os comhair údaráis bhreithiúnaigh i mBallstát an údaráis eisiúna i gcomhréir le dlí an Stáit sin.

2.   Más rud é, mar thoradh ar an agóid dá dtagraítear i mír 1, go suífear nach bhfuil an Deimhniú a eisíodh cruinn, déanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar.

Más rud é, mar thoradh ar an agóid dá dtagraítear i mír 1, go suífear nach raibh údar maith leis an diúltú Deimhniú a eisiúint, déanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an Deimhniú a eisiúint nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an cás a athmheasúnú agus go ndéanfaidh sé cinneadh nua.

Airteagal 73

Fionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe

1.   Féadfaidh na húdaráis seo a leanas éifeachtaí an Deimhnithe a fhionraí:

(a)

an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a léireoidh leas dlisteanach, go dtí go ndéanfar an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 71; nó

(b)

an t-údarás breithiúnach, arna iarraidh sin do dhuine ar bith a bheidh i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh cinnidh a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 72, go dtí go ndéanfar agóid den sórt sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás breithiúnach gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú chuige de bhun Airteagal 70(1) a chur ar an eolas gan mhoill má dhéantar aon fhionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe.

Le linn an fhionraí ar éifeachtaí an Deimhnithe, ní fhéadfar cóipeanna deimhnithe breise den Deimhniú a eisiúint.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 74

Fiorú agus foirmiúlachtaí comhchosúla eile

Ní bheidh gá le fiorú ná le foirmiúlacht chomhchosúil eile le haghaidh doiciméad a eisítear i mBallstát i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Airteagal 75

Gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann cheana féin

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí nó ina bpáirtithe iontu an tráth a nglacfar an Rialachán seo agus a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Go háirithe, na Ballstáit is Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le Foirm na nDiúscairtí Tiomnacha, leanfaidh siad d’fhorálacha an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm in ionad Airteagal 27 den Rialachán seo i ndáil le bailíocht fhoirmiúil uachtanna agus comhuachtanna.

2.   D’ainneoin mhír 1, beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, amhail idir Ballstáit, ar choinbhinsiúin a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

3.   Leis an Rialachán seo, ní chuirfear bac ar Choinbhinsiún an 19 Samhain 1934 idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua agus an tSualainn ina gcuimsítear forálacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh maidir le comharbas, le huachtanna agus le heastáit a riar, arna athbhreithniú leis an gcomhaontú idir-rialtasach idir na Stáit sin an 1 Meitheamh 2012, a bheith á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit is páirtithe ann, a mhéid a fhoráiltear ann don mhéid seo a leanas:

(a)

rialacha maidir leis na gnéithe nós imeachta a bhaineann le heastát a riar mar a shainítear sa Choinbhinsiún iad agus cúnamh maidir leis sin ó údaráis na Stát is Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún; agus

(b)

nósanna imeachta atá simplithe agus níos gasta le haghaidh aitheantas a thabhairt do chinntí in ábhair chomharbais agus le haghaidh a bhforfheidhmiú.

Airteagal 76

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (10).

Airteagal 77

Faisnéis a chuirtear ar fáil don phobal

Déanfaidh na Ballstáit, d'fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála, achoimre ghairid a sholáthar don Choimisiún dá reachtaíocht nó nósanna imeachta náisiúnta maidir le comharbas, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an gcineál údaráis a bheidh inniúil in ábhair chomharbais agus faisnéis faoin gcineál údaráis a bheidh inniúil glacadh le dearbhuithe maidir leis an gcomharbas, le leagáid nó le scair fhorchoimeádta a ghlacadh nó a tharscaoileadh.

Cuirfidh na Ballstáit bileoga eolais ar fáil freisin ina liostófar na doiciméid nó an fhaisnéis go léir a éilítear de ghnáth chun clárú a dhéanamh ar mhaoin dhochorraithe atá suite ar a chríoch.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí.

Airteagal 78

Faisnéis maidir le mionsonraí teagmhála agus maidir le nósanna imeachta

1.   Faoin 16 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas i bhfios don Choimisiún:

(a)

ainmneacha agus mionsonraí teagmhála na gcúirteanna nó na n-údarás ag a mbeidh an inniúlacht chun déileáil le hiarratais ar dhearbhú infhorfheidhmitheachta i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus le hachomhairc i gcoinne cinntí ar iarratais den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 50(2);

(b)

na nósanna imeachta maidir leis an gcinneadh a thabharfar ar an achomharc a chonspóid, dá dtagraítear in Airteagal 51;

(c)

an fhaisnéis ábhartha maidir leis na húdaráis a bheidh inniúil chun an Deimhniú a eisiúint de bhun Airteagal 64; agus

(d)

na nósanna imeachta sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 72.

Cuirfidh na Ballstáit aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin in iúl don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear in iúl dó i gcomhréir le mír 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, seachas seoltaí agus mionsonraí teagmhála eile na gcúirteanna agus na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

3.   An fhaisnéis uile a chuirfear i bhfios i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í trí aon slí iomchuí eile, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Airteagal 79

An liosta a bhfuil an fhaisneis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) air a bhunú, agus an liosta a leasú dá éis sin

1.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí a thabharfaidh na Ballstáit, an liosta de na húdaráis eile agus de na gairmithe dlíthiúla eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhunú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon athruithe a dhéanfar dá éis sin ar an eolas atá ar an liosta sin. Leasóidh an Coimisiún an liosta dá réir sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an liosta agus aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   An fhaisnéis uile a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í trí aon slí iomchuí eile, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Airteagal 80

Na fianuithe agus na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagail 46, 59, 60, 61, 65 agus 67 a bhunú, agus iad a leasú dá eis sin

Maidir leis na fianuithe agus na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagail 46, 59, 60, 61, 65 agus 67, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar iad a bhunú, agus a leasú dá éis sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

Airteagal 81

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 82

Athbhreithniú

Faoin 18 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ina mbeidh meastóireacht ar aon fhadhbanna praiticiúla a thiocfaidh chun cinn i ndáil le socraíochtaí comhthreomhara lasmuigh den chúirt maidir le cásanna comharbais i mBallstáit éagsúla nó i ndáil le socraíocht lasmuigh den chúirt i mBallstát amháin a chuirfear i gcrích go comhthreomhar le socraíocht a dhéanfar os comhair cúirte i mBallstát eile. Beidh tograí le haghaidh leasuithe in éineacht leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 83

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comharbas daoine a gheobhaidh bás an 17 Lúnasa 2015 nó dá éis sin.

2.   I gcás ina raibh an dlí is infheidhme maidir lena chomharbas roghnaithe ag an éagach roimh 17 Lúnasa 2015, beidh an rogha sin bailí má chomhlíontar leis an rogha sin na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III nó má tá sé bailí i gcur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a bhí i bhfeidhm, tráth a ndearnadh an rogha, sa Stát ina raibh gnáthchónaí ar an éagach nó in aon cheann de na Stáit a raibh a náisiúntacht aige.

3.   Aon diúscairt maoine tráth báis a bheidh déanta roimh 17 Lúnasa 2015, beidh sé inghlactha agus bailí i dtéarmaí substainteacha agus maidir le foirm má chomhlíontar leis an diúscairt maoine sin na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III nó má tá sé inghlachta agus bailí i dtéarmaí substainteacha agus maidir le foirm i gcur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a bhí i bhfeidhm, tráth a ndearnadh an diúscairt, sa Stát ag a raibh a ghnáthchónaí ag an éagach nó in aon cheann de na Stáit a raibh a náisiúntacht aige nó i mBallstát an údaráis a bheidh ag déileáil leis an gcomharbas.

4.   Más rud é go ndearnadh an diúscairt maoine roimh 17 Lúnasa 2015 i gcomhréir leis an dlí a d’fhéadfadh a bheith roghnaithe ag an éagach i gcomhréir leis an Rialachán seo, measfar gurb é an dlí sin an dlí a roghnaíodh mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 84

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Lúnasa 2015, seachas i gcás Airteagal 77 agus Airteagal 78, a mbeidh feidhm acu ón 16 Eanáir 2014 agus i gcás Airteagal 79, Airteagal 80 agus Airteagal 81, a mbeidh feidhm acu ón 5 Iúil 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 148.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Iúil 2012.

(3)  IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.

(4)  IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.

(5)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(6)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.

(7)  IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

(8)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(9)  IO L 324, 10.12.2007, lch. 79.

(10)  IO L 160, 30.6.2000, lch. 1.


27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/135


RIALACHÁN (AE) Uimh. 651/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le monaí euro a eisiúint

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le conclúidí na Comhairle an 23 Samhain 1998 agus an 5 Samhain 2002 maidir le monaí euro atá ceaptha lena mbailiú, le Moladh 2009/23/CE ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil leis an taobh náisiúnta de mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (3), a formhuiníodh le conclúidí na Comhairle an 10 Feabhra 2009, agus le Moladh 2010/191/AE ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí nótaí bainc agus monaí euro atá ina ndlíthairiscint (4), moltar cleachtais i ndáil le monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a eisiúint, lena n-áirítear monaí euro comórtha, i ndáil le comhairliúchán sula scriosfar monaí euro fónta atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus i ndáil le monaí euro inbhailithe a úsáid.

(2)

Ó tharla nach bhfuil forálacha sainordaitheacha ann maidir le monaí euro a eisiúint, níl creat sách comhtháite ag an airgeadra aonair agus d’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh mar thoradh air sin go mbeadh cleachtais éagsúla sna Ballstáit. Ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is gá, dá bhrí sin, rialacha ceangailteacha a thabhairt isteach maidir le monaí euro a eisiúint.

(3)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir leis an euro a thabhairt isteach (5), tá stádas dlíthairisceana i ngach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu ag monaí atá ainmnithe in euro agus in cent agus lena gcomhlíontar na hainmníochtaí agus na sonraíochtaí teicniúla atá leagtha síos ag an gComhairle. Tá ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla monaí euro leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 975/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le hainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (6).

(4)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu in ann monaí comórtha 2 euro a eisiúint chun ábhair shonracha a cheiliúradh faoi réir teorainneacha a leagtar síos de réir bliana agus de réir an Bhallstáit eisiúna maidir le líon eisiúintí monaí den sórt sin. Is gá teorainneacha áirithe a chur le líon na monaí euro comórtha chun a áirithiú gur céatadán íseal d’iomlán na monaí 2 euro atá i gcúrsaíocht a bheidh iontu. Ba cheart go bhfágfadh teorainneacha den sórt sin ar an líon, áfach, go bhféadfaí líon leordhóthanach monaí a eisiúint chun a áirithiú gur féidir scaipeadh éifeachtach a dhéanamh ar mhonaí euro comórtha.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a bheith in ann monaí euro inbhailithe a eisiúint freisin, ar monaí iad nach bhfuil ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus atá indealaithe gan dua ó mhonaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Is sa Bhallstát eisiúna amháin ba cheart stádas dlíthairisceana a bheith ag monaí euro inbhailithe, agus níor cheart iad a eisiúint lena gcur i gcúrsaíocht.

(6)

Is iomchuí go gcuirfear eisiúintí monaí euro inbhailithe san áireamh sa líon monaí atá le formheas ag an mBanc Ceannais Eorpach, ach é sin ar bhonn comhiomláin seachas ar bhonn gach eisiúna ar leith.

(7)

Ba cheart do na hinstitiúidí inniúla an úsáid a bhaintear as ainmníochtaí éagsúla monaí euro agus nótaí bainc euro, mar a cheaptar faoi láthair iad, a scrúdú go cúramach ar bhonn tréimhsiúil in aghaidh na gcritéar a bhaineann le costas agus lena n-inghlacthacht go poiblí. Ba cheart, go háirithe, don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar eisiúint leanúnach monaí 1 cent agus monaí 2 cent.

(8)

Chun go seachnófar monaí euro atá oiriúnach lena gcur i gcúrsaíocht a bheith á scriosadh ag Ballstát amháin nuair atá Ballstát eile ina ngátar, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle lena chéile sula scriostar monaí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht” monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus a bhfuil a n-ainmníochtaí agus a sonraíochtaí teicniúla leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 975/98;

(2)

ciallaíonn “monaí comórtha” monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus atá ceaptha chun ábhar sonrach a chomóradh, mar a shonraítear in Airteagal 1h de Rialachán (CE) Uimh. 975/98;

(3)

ciallaíonn “monaí inbhailithe” monaí euro atá ceaptha lena mbailiú agus nach n-eisítear lena gcur i gcúrsaíocht.

Airteagal 2

Cineálacha monaí euro

1.   Féadfaidh na Ballstáit dhá chineál mona euro a eisiúint: monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus monaí inbhailithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair ar eisiúint leanúnach monaí 1 cent agus monaí 2 cent. Áireofar anailís chostais/sochair ar an measúnú tionchair sin ina gcuirfear san áireamh na costais táirgeachta iarbhír a bhaineann leis na monaí sin in aghaidh an luacha agus na sochar a ghabhann leo.

Airteagal 3

Monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a eisiúint

1.   Is ar a n-aghaidhluach a eiseofar monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus is ar an luach sin a chuirfear i gcúrsaíocht iad.

2.   Féadfar cion beag, nach mó ná 5 % de ghlanluach agus de ghlanlíon iomlán carntha na monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a d’eisigh Ballstát, gan ach na blianta sin a bhfuil glaneisiúint dhearfach acu a chur san áireamh, a chur ar an margadh ar luach atá níos airde ná an aghaidhluach má dhéanann cáilíocht speisialta an mhona, pacáistíocht speisialta nó aon seirbhísí breise a chuirtear ar fáil údar maith a thabhairt leis sin.

Airteagal 4

Monaí comórtha a eisiúint

1.   Ní fhéadfaidh gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu ach dhá mhona comórtha a eisiúint in aghaidh na bliana, amach ó na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a eiseoidh gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, i dteannta a chéile, monaí comórtha; nó

(b)

nuair a eiseofar mona comórtha nuair a bheidh post an Chinn Stáit folamh go sealadach nó gafa go sealadach.

2.   Líon iomlán na monaí comórtha a chuirtear i gcúrsaíocht i gcomhair gach eisiúna ar leith, ní sháróidh sé cibé acu is airde den dá uasteorainn seo a leanas:

(a)

0,1 % de ghlanlíon iomlán carntha na monaí 2 euro a chuireann gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu i gcúrsaíocht go dtí tús na bliana roimh bhliain eisiúna an mhona comórtha; féadfar an uasteorainn sin a ardú go 2,0 % de ghlanlíon iomlán carntha na monaí 2 euro de gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu más ábhar a bhfuil aithne amuigh air agus an-siombalachas ag baint leis a bheidh á chomóradh, agus sa chás sin, staonfaidh an Ballstát eisiúna de mhona comórtha eile a eisiúint faoi réir na huasteorann ardaithe sin sna ceithre bliana ina dhiaidh sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá aige leis an uasteorainn ardaithe a roghnú; nó

(b)

5,0 % de ghlanlíon iomlán carntha na monaí 2 euro a chuireann an Ballstát eisiúna lena mbaineann i gcúrsaíocht go dtí tús na bliana roimh bhliain eisiúna an mhona comórtha.

3.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh an cinneadh an eiseoidh gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu i dteannta a chéile monaí comórtha ag a mbeadh dearadh coiteann. Déanfar cearta vótála na mBallstát sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu a fhionraí nuair a bheidh an cinneadh sin á ghlacadh.

Airteagal 5

Monaí euro inbhailithe a eisiúint

1.   Is sa Bhallstát eisiúna amháin a bheidh stádas dlíthairisceana ag monaí inbhailithe.

Beidh céannacht an Bhallstáit eisiúna soiléir so-aitheanta ar an mona.

2.   Ionas go bhféadfar iad a idirdhealú gan dua ó mhonaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, comhlíonfaidh monaí inbhailithe na critéir seo a leanas:

(a)

beidh an n-aghaidhluach éagsúil le haghaidhluach monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht;

(b)

ní bheidh a n-íomhánna cosúil le taobhanna coiteanna monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, agus má bhíonn a n-íomhánna cosúil le taobh náisiúnta monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, beifear fós in ann idirdhealú a dhéanamh gan dua mar gheall ar an gcuma fhoriomlán atá orthu;

(c)

beidh difear suntasach idir iad agus monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht ó thaobh ar a laghad péire de na trí shaintréith seo: dath, trastomhas agus meáchan; measfar go bhfuil an difear suntasach má tá na luachanna, lena n-áirítear lamháltais, lasmuigh de na raonta lamháltais atá leagtha síos maidir le monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht; agus

(d)

ní bheidh orthu corr dheilbhithe le scolbáil mhín ná cruth ar nós “blátha Spáinnigh”.

3.   Féadfar monaí inbhailithe a chur ar an margadh ar a n-aghaidhluach nó ar luach os cionn a naghaidhluach.

4.   Déanfar eisiúintí monaí inbhailithe a chur san áireamh ar bhonn comhiomláin sa líon eisiúintí monaí atá le formheas ag an mBanc Ceannais Eorpach.

5.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun daoine a chur ó mhonaí inbhailithe a úsáid mar mhodh íocaíochta.

Airteagal 6

Comhairliúchán sula scriosfar monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

Sula scriosfaidh siad monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht nach monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta iad de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (7), rachaidh na Ballstáit i gcomhairle a chéile tríd an bhfochoiste ábhartha den Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus déanfaidh siad stiúrthóirí mionta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu a chur ar an eolas.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 273, 16.9.2011, lch. 2.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2012.

(3)  IO L 9, 14.1.2009, lch. 52.

(4)  IO L 83, 30.3.2010, lch. 70.

(5)  IO L 139, 11.5.1998, lch. 1.

(6)  IO L 139, 11.5.1998, lch. 6.

(7)  IO L 339, 22.12.2010, lch. 1.


Ceartúchán

27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/138


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1235/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear, maidir le cógas-aireachas ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, agus Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 348 an 31 Nollaig 2010 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Ar leathanach 6, Airteagal 1(7):

in ionad:

“(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

 

   (…)

3.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta go gcoimeádfar an fhaisnéis faoin táirge cothrom le dáta leis an eolas reatha eolaíoch lena n-áirítear conclúidí an mheasúnaithe agus na moltaí arna bpoibliú tríd an tairseach gréasáin Eorpach um leigheasra arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 26.

4.   Chun gur féidir measúnú leanúnach a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta aon tráth sonraí a chur ar aghaidh lena dtaispeánfar go bhfuil an chothromaíocht idir na rioscaí agus na tairbhí fabhrach fós. Freagróidh sealbhóir an údaraithe margaíochta aon iarraidh den sórt sin go hiomlán agus go pras.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, aon tráth, a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta cóip de mháistirchomhad chóras an chógas-aireachais a chur faoina bráid. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an chóip faoi bhráid na Gníomhaireachta seacht lá, ar a dhéanaí, tar éis dó an iarraidh a fháil.’.”,

léitear:

“(7)

In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

‘Airteagal 16

 

   (…)

3.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta go gcoimeádfar an fhaisnéis faoin táirge cothrom le dáta leis an eolas reatha eolaíoch lena n-áirítear conclúidí an mheasúnaithe agus na moltaí arna bpoibliú tríd an tairseach gréasáin Eorpach um leigheasra arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 26.

3a.   Chun gur féidir measúnú leanúnach a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta aon tráth sonraí a chur ar aghaidh lena dtaispeánfar go bhfuil an chothromaíocht idir na rioscaí agus na tairbhí fabhrach fós. Freagróidh sealbhóir an údaraithe margaíochta aon iarraidh den sórt sin go hiomlán agus go pras.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, aon tráth, a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta cóip de mháistirchomhad chóras an chógas-aireachais a chur faoina bráid. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an chóip faoi bhráid na Gníomhaireachta seacht lá, ar a dhéanaí, tar éis dó an iarraidh a fháil.’.”.