ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2011.088.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

54
4 Aibreán 2011


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 304/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle ( 2 )

5

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 306/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 ón gComhairle maidir le rátaí taraife le haghaidh bananaí

44

 


 

(1)   Faoin tagairt L 88 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

4.4.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 304/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle (3), bunaítear creat lena rialaítear cleachtais sa dobharshaothrú i ndáil le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil chun measúnú agus íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na speicis sin agus ag speicis ghaolmhara nach spriocspeicis iad ar ghnáthóga uisceacha. Foráiltear leis go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfar tabhairt isteach agus aistriú speiceas ar mhaithe lena n-úsáid i saoráidí dúnta dobharshaothraithe a dhíolmhú, amach anseo, ón gceanglas maidir le ceadúnas atá i gCaibidil III den Rialachán sin, ach an díolúine sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis nua eolaíoch agus ar chomhairle nua eolaíoch.

(2)

Tá sainmhíniú oibríochtúil nua ar “saoráidí dúnta dobharshaothraithe” curtha ar fáil tríd an ngníomhaíocht chomhbheartaithe, dar teideal “Na tionchair chomhshaoil a ghabhann le speicis choimhthíocha sa dobharshaothrú” (IMPASSE), ar gníomhaíocht í atá á maoiniú ag an gComhphobal. I gcás saoráidí a thagann faoi réim an tsainmhínithe sin, is féidir an riosca a bhaineann le speicis choimhthíocha agus le speicis nach bhfaightear go háitiúil a laghdú go leibhéal inghlactha má dhírítear aird ar an acmhainn éalaithe atá ag na horgánaigh atá le feirmshaothrú agus ag na horgánaigh nach spriocorgánaigh iad, agus iad á n-iompar, agus má dhéantar prótacail dhea-shainithe i bhfeidhm sa tsaoráid ghlactha. Níor cheart tabhairt isteach agus aistriú na nithe sin, ar mhaithe lena n-úsáid i saoráidí dúnta dobharshaothraithe, a dhíolmhú ón gceanglas maidir le ceadúnas ach amháin i gcás ina ndéantar na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

(3)

Dá bhrí sin, is gá an sainmhíniú ar “saoráid dhúnta dobharshaothraithe” atá i Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a leasú trí thréithe sonracha a chur leis atá beartaithe chun bithshlándáil na saoráidí sin a áirithiú.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit liosta a tharraingt suas de na saoráidí dúnta dobharshaothraithe atá ann ina gcríocha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an liosta sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar láithreán gréasáin a chuirfí ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú (4).

(5)

Mar gheall ar na leasuithe sin, is gá oiriúnuithe áirithe eile a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 708/2007, go háirithe na tagairtí do “saoráidí dúnta dobharshaothraithe” a bhaint as an sainmhíniú ar “gnáthghluaiseacht” agus as Iarscríbhinn I.

(6)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a leasú chun speicis a chur leis an Iarscríbhinn sin agus sonraíochtaí a ghlacadh i gcomhair na gcoinníollacha is gá i gcomhair speicis a chur le hIarscríbhinn IV. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(7)

Maidir leis na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh le gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE.

(8)

Ba cheart an téarma “Comhphobal” a úsáidtear i dtéarmaí achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a athrú, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 leis seo mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2(1), i dteideal Airteagal 13, in Airteagal 15(2), agus i dteideal Airteagal 19 cuirtear an t-ainmfhocal “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá mar thoradh ar an ionadú sin.

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

I mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“5.   Seachas i gcás Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(2)(a), ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn IV.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Ní bheidh feidhm ag Caibidil III go Caibidil VI maidir le gluaiseachtaí speiceas coimhthíoch ná maidir le gluaiseachtaí speiceas nach bhfaightear go háitiúil, ar speicis iad a bheidh le coinneáil i saoráidí dúnta dobharshaothraithe, ar choinníoll go ndéantar an t-iompar faoi choinníollacha a choisceann éalú na speiceas sin agus éalú na speiceas nach spriocspeicis iad.

Déanfaidh na Ballstáit liosta a tharraingt suas de na saoráidí dúnta dobharshaothraithe atá ina gcríoch agus a chomhlíonann an sainmhíniú atá in Airteagal 3(3) agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go rialta. Faoin 25 Deireadh Fómhair 2011, foilseofar an liosta ar an láithreán gréasáin arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún (5) lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

(3)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Ciallaíonn ‘saoráid dhúnta dobharshaothraithe’ saoráid ar talamh:

(a)

ar saoráid í:

(i)

ina ndéantar dobharshaothrú i meán uisceach a bhfuil athchúrsaíocht uisce i gceist leis; agus

(ii)

nach dteagmhaíonn sceitheanna inti ar aon slí le huiscí oscailte sula ndéantar iad a scagthástáil agus a mhionscagadh nó a shíothlú agus a chóireáil chun cosc a chur le scaoileadh dramhaíola soladaí isteach sa chomhshaol uisce agus le héalú speiceas feirmshaothraithe agus speiceas nach spriocspeicis iad ón tsaoráid, ar speicis iad a d’fhéadfadh teacht slán agus atáirgeadh ina dhiaidh sin;

(b)

agus ar saoráid í:

(i)

lena gcoisctear cailliúint eiseamal tógtha nó speiceas nach spriocspeicis iad agus cailliúint ábhair bhitheolaíoch eile, lena n-áirítear pataiginí, mar gheall ar thosca, amhail creachadóirí (e.g. éin) agus tuilte (e.g. ní mór an tsaoráid a bheith suite achar sábháilte ó uiscí oscailte de réir measúnaithe chuí arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla);

(ii)

lena gcoisctear, ar bhealach réasúnach, cailliúint eiseamal tógtha nó speiceas nach spriocspeiceas iad agus cailliúint ábhair bhitheolaíoch eile, lena n-áirítear pataiginí, mar gheall ar ghadaíocht agus loitiméireacht; agus

(iii)

lena n-áirithítear diúscairt iomchuí orgánach marbh;”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 16:

“16.

ciallaíonn ‘gnáthghluaiseacht’ gluaiseacht orgánach uisceach ó fhoinse, ar gluaiseacht í a bhfuil riosca íseal ag gabháil léi go ndéanfar speicis nach spriocspeicis iad a aistriú lena linn agus nach mbeidh ina cúis le drochiarmhairtí éiceolaíocha mar gheall ar shaintréithe na n-orgánach uisceach agus/nó mar gheall ar an modh dobharshaothraithe a bheidh le húsáid;”.

(4)

In Airteagal 4, cuirtear an uimhir “1” leis an mír atá ann cheana agus cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit faireachán agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe ionas go n-áiritheofar:

(a)

go gcomhlíonann saoráidí dúnta dobharshaothraithe na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 3(3); agus

(b)

go ndéantar an t-iompar ó shaoráidí dúnta dobharshaothraithe agus an t-iompar chucu faoi dhálaí de chineál a choisceann éalú speiceas coimhthíoch nó speiceas nach spriocspeicis iad.”.

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

Scaoileadh isteach i saoráidí dobharshaothraithe i gcás gnáth-thabhairt isteach

Maidir le gnáth-thabhairt isteach, déanfar scaoileadh orgánach uisceach isteach i saoráidí dobharshaothraithe a cheadú gan choraintín ná scaoileadh píolótach, mura rud é, i gcásanna eisceachtúla, go gcinnfidh an t-údarás inniúil a mhalairt ar bhonn comhairle sonraí arna tabhairt ag an gcoiste comhairleach. Is i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 a mheasfar gur gnáthghluaiseachtaí nó nach gnáthghluaiseachtaí iad gluaiseachtaí ó shaoráid dhúnta dobharshaothraithe go dtí saoráid oscailte dobharshaothraithe.”.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

Leasuithe ar na hiarscríbhinní agus ar na rialacha mionsonraithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, le gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24a agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24b agus in Airteagal 24c:

(a)

Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch,

(b)

sonraíochtaí a ghlacadh i gcomhair na gcoinníollacha is gá maidir le speicis a chur le hIarscríbhinn IV, de réir mar a fhoráiltear i mír 3, agus

(c)

speicis a chur le hIarscríbhinn IV i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 agus na sonraíochtaí breise a ghabhann leo.

2.   Nuair atá gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Chun go bhféadfar speiceas orgánaigh uiscigh a chur le hIarscríbhinn IV, ní mór a bheith tar éis an t-orgánach uisceach sin a úsáid i ndobharshaothrú i gcodanna áirithe den Aontas le linn tréimhse ama fada (faoi threoir a shaolré) gan aon éifeacht dhíobhálach agus ní mór tabhairt isteach agus aistriú an orgánaigh uiscigh sin a bheith indéanta gan aon ghluaiseacht chomhthráthach a bheith ann i gcás speiceas nach spriocspeicis iad agus a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ag gabháil leo.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún speicis a chur le hIarscríbhinn IV. Féadfaidh na Ballstáit sonraí eolaíocha a sholáthar chun comhleanúnachas a chruthú i leith na gcritéar ábhartha maidir le speicis a chur le hIarscríbhinn IV. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hoiriúnacht iarrata laistigh de chúig mhí tar éis an iarraidh a fháil, gan an t-am a thógfaidh an Ballstát chun faisnéis bhreise a sholáthar a chur san áireamh más rud é go n-iarrann an Coimisiún amhlaidh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a mholadh, i dtaca leis na réigiúin is forimeallaí dá gcuid dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanfar speicis bhreise a áireamh i gcuid ar leithligh d’Iarscríbhinn IV.

6.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le mír 4 agus le mír 5 a chur chun feidhme, agus go háirithe formáidí, inneachar agus sonraí iarrataí na mBallstát chun speicis bhreise a chur san áireamh agus an fhaisnéis atá le soláthar chun tacú leis na hiarrataí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002.”.

(7)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 24 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana ón 24 Aibreán 2011. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a thabhairt maidir leis an gcumhacht tharmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 24b.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24b agus in Airteagal 24c a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 24b

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach lena gcinnfear an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra a thabhairt ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3.   Cuirfidh an cinneadh chun an tarmligean a chúlghairm deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 24c

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thugtar an fógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann an agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.”.

(8)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Aon uair is féidir, déanfar tagairtí ón litríocht eolaíochta, agus nótaí maidir le cumarsáid phearsanta le húdaráis eolaíochta agus le saineolaithe iascaigh, a thabhairt mar thacaíocht leis an bhfaisnéis.”;

(b)

Leasaítear Roinn D (“Idirghníomhaíocht le speicis dhúchasacha”) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“(1)

Cén acmhainn atá ag an orgánach a thugtar isteach chun teacht slán agus é féin a bhunú má éalaíonn sé?”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“(6)

An dtiocfaidh na horgánaigh a tugadh isteach slán agus an atáirgfidh siad go rathúil sa limistéar ina bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach nó an mbeidh stocáil bhliantúil ag teastáil?”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Márta 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 354, 28.12.2010, lch. 88, agus IO C 51, 17.2.2011, lch. 80.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2011.

(3)  IO L 168, 28.6.2007, lch. 1.,

(4)  IO L 156, 14.6.2008, lch. 6.

(5)  IO L 156, 14.6.2008, lch. 6.”.


4.4.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/5


RIALACHÁN (AE) Uimh. 305/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2011

lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le rialacha na mBallstát go ndearfaí oibreacha foirgníochta, agus go gcuirfí i gcrích iad, ionas nach ndéantar dochar do shábháilteacht daoine, d’ainmhithe clóis nó do réadmhaoin nó nach ndéantar damáiste don chomhshaol.

(2)

Tá tionchar díreach ag na rialacha sin ar na ceanglais maidir le táirgí foirgníochta. Dá dhroim sin, léirítear na ceanglais sin sna caighdeáin náisiúnta i leith táirgí, sna formheasanna teicniúla náisiúnta agus sna sonraíochtaí agus sna forálacha teicniúla náisiúnta eile a bhaineann le táirgí foirgníochta. De bharr a n-éagothroime, cuireann na ceanglais sin bac ar thrádáil laistigh den Aontas.

(3)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do cheart na mBallstát na ceanglais a shonrú a mheasfaidh siad a bheith riachtanach chun cosaint sláinte, comhshaoil agus oibrithe a áirithiú nuair atá táirgí foirgníochta á n-úsáid acu.

(4)

Tá forálacha tugtha isteach ag Ballstáit, lena n-áirítear ceanglais, a bhaineann ní hamháin le sábháilteacht foirgneamh agus sábháilteacht oibreacha foirgníochta eile ach, freisin, le sláinte, le marthanacht, le barainneacht fuinnimh, le cosaint an chomhshaoil, le gnéithe eacnamaíocha agus le gnéithe tábhachtacha eile ar mhaithe le leas an phobail. Maidir leis na dlíthe, leis na rialacháin, leis na bearta riaracháin nó leis an gcásdlí a bhaineann le hoibreacha foirgníochta agus a bhunaítear ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát, d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na ceanglais a ghabhann le táirgí foirgníochta. Ós rud é gur dóigh gur comhchosúil a dtionchar ar fheidhmiú oibriú an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí a mheas, chun críocha an Rialacháin seo, gur “forálacha” iad na dlíthe sin, na rialacháin sin, na bearta riaracháin sin nó an cásdlí sin.

(5)

I gcás inarb infheidhme, cinntear na saintréithe sár-riachtanacha, ar cheart a bhfeidhmíocht a dhearbhú, le forálacha i leith úsáide beartaithe nó úsáidí beartaithe táirge foirgníochta i mBallstát ar forálacha iad a bhfuil sé d’aidhm acu buncheanglais i dtaca le hoibreacha foirgníochta a chomhlíonadh. Chun dearbhú feidhmíochta folamh a sheachaint, ba cheart ceann amháin ar a laghad de bhuntréithe táirge foirgníochta atá ábhartha maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó maidir leis na húsáidí dearbhaithe a dhearbhú.

(6)

Ba é ab aidhm do Threoir 89/106/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin de chuid na mBallstát i ndáil le táirgí foirgníochta (3) ná deireadh a chur le constaicí teicniúla ar thrádáil i réimse na dtáirgí foirgníochta chun feabhas a chur ar a saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach.

(7)

Chun an cuspóir sin a bhaint amach, foráladh le Treoir 89/106/CEE go mbunófaí caighdeáin chomhchuibhithe i leith táirgí foirgníochta agus go ndeonófaí formheasanna teicniúla Eorpacha.

(8)

Ba cheart ionstraim nua a chur in ionad Threoir 89/106/CEE chun an creat atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú, agus chun trédhearcacht agus éifeachtúlacht na mbeart atá ann cheana a fheabhsú.

(9)

Ba cheart go ndéanfadh an Rialachán seo an creat cothrománach dlíthiúil le haghaidh margú táirgí sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh, ar creat é arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008, lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (4), agus, chomh maith leis sin, le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí (5).

(10)

Ní fhéadfar deireadh a chur le constaicí teicniúla i réimse na foirgníochta ach amháin trí shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhunú chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú.

(11)

Ba cheart go bhfolódh na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin tástáil, ríomh agus modhanna eile, arna sainiú de réir caighdeán comhchuibhithe agus Doiciméad um Measúnú Eorpach (DMEanna), chun feidhmíocht a mheasúnú i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta.

(12)

Ba cheart go mbeadh na modhanna a úsáideann na Ballstáit ina gceanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta, chomh maith le rialacha náisiúnta eile i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta, i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

(13)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart go dtabharfaí spreagadh i leith aicmí feidhmíochta i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta a úsáid i gcaighdeáin chomhchuibhithe chun leibhéil éagsúla buncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta a chur san áireamh i gcás oibreacha foirgníochta áirithe, chomh maith leis na difríochtaí maidir le haeráid, geolaíocht agus tíreolaíocht agus dálaí éagsúla eile sna Ballstáit. Ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe, ba cheart go mbeadh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i dteideal aicmí den sórt sin a bhunú i gcás nach mbeidh siad bunaithe ag an gCoimisiún cheana féin.

(14)

Más rud é, maidir le húsáid atá beartaithe, go gceanglaítear ina leith go gcomhlíonfaidh na táirgí foirgníochta i mBallstáit leibhéil tairsí i ndáil le haon saintréith riachtanach, ba cheart go mbunófaí na leibhéil sin sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

(15)

Nuair atá feidhmíocht táirge foirgníochta á meas, ba cheart gnéithe sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le húsáid an táirge sin le linn a shaolré uile a chur san áireamh freisin.

(16)

Ba cheart gurb é a bheadh sna leibhéil tairsí a chinnfidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo ná luachanna a aithnítear i gcoitinne le haghaidh shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta i dtrácht i ndáil leis na forálacha sna Ballstáit, agus ba cheart go n-áiritheoidís leibhéal ard cosanta de réir bhrí Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(17)

Maidir le leibhéil tairsí, d’fhéadfadh sé gur leibhéil de chineál teicniúil nó de chineál rialála iad, agus féadfaidh feidhm a bheith acu maidir le tréith amháin nó maidir le sraith saintréithe.

(18)

Aithnítear gurb iad an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (CENELEC) na heagraíochtaí inniúla maidir le glacadh caighdeán comhchuibhithe i gcomhréir leis na treoirlínte ginearálta do chomhar idir an Coimisiún agus an dá eagraíocht sin a síníodh an 28 Márta 2003. Ba cheart do mhonaróirí na caighdeáin chomhchuibhithe sin a úsáid i gcás ina mbeifear tar éis na tagairtí dóibh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a úsáid i gcomhréir leis na critéir arna mbunú faoi Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil, agus i réimse na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (6). Nuair a bhaintear leibhéal leordhóthanach saineolais eolaíochta agus theicniúil amach maidir leis na gnéithe uile, ba cheart méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as caighdeáin chomhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta, lena n-áirítear, más iomchuí, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, trína cheangal, ar mhodh sainorduithe, go ndéanfaí na caighdeáin sin a fhorbairt ar bhonn Doiciméad um Measúnú Eorpach atá ann cheana.

(19)

Ba cheart go simpleofaí na nósanna imeachta faoi Threoir 89/106/CEE lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta nach gcumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe ionas go mbeidh siad níos trédhearcaí agus chun costais táirgí foirgníochta ar mhonaróirí a laghdú.

(20)

Chun go gceadófaí do mhonaróir táirge foirgníochta dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas le haghaidh táirge foirgníochta nach gcumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe nó nach gcumhdaítear go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe, is gá foráil a dhéanamh maidir le Measúnú Teicniúil Eorpach.

(21)

Ba cheart go gceadófaí do mhonaróirí táirgí foirgníochta a iarraidh go n-eiseofaí Measúnuithe Teicniúla Eorpacha ar a dtáirgí ar bhonn na dtreoirlínte um fhormheas teicniúil Eorpach a bunaíodh faoi Threoir 89/106/CEE. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart chun na treoirlínte sin a úsáid mar Doiciméid um Measúnú Eorpach a áirithiú.

(22)

Ba cheart bunú dréacht-Doiciméid um Measúnú Eorpach agus eisiúint Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a chur de chúram ar na Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil (dá ngairfear “CMTanna” anseo feasta) arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Chun a áirithiú go bhfuil an inniúlacht riachtanach ag CMTanna chun na cúraimí sin a dhéanamh, ba cheart na ceanglais maidir lena n-ainmniú a leagan amach ag leibhéal an Aontais.

(23)

Ba cheart go mbunódh na CMTanna eagraíocht (dá ngairfear “eagraíocht CMTanna” anseo feasta) ar eagraíocht í a gheobhaidh tacaíocht trí mhaoiniú ón Aontas, más féidir) chun na nósanna imeachta a chomhordú maidir le dréacht-Doiciméid um Measúnú Eorpach a bhunú agus maidir leis na Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint, agus trédhearcacht agus rúndacht riachtanach na nósanna imeachta sin á áirithiú.

(24)

Seachas sna cásanna a leagtar síos sa Rialachán seo, agus táirge foirgníochta, atá cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe nó ar eisíodh Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith, á chur ar an margadh, ba cheart go ngabhfadh dearbhú feidhmíochta leis i ndáil le saintréithe sár-riachanacha an táirge foirgníochta i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha.

(25)

I gcás inarb infheidhme, ba cheart go mbeadh faisnéis maidir le hinneachar na substaintí guaiseacha sa táirge foirgníochta ag gabháil leis an dearbhú feidhmíochta d’fhonn na féidearthachtaí a bhaineann le foirgníocht inbhuanaithe a fheabhsú agus d’fhonn forbairt táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a éascú. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan dochar do na hoibleagáidí, go háirithe maidir le lipéadú, atá leagtha síos in ionstraimí eile de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le substaintí guaiseacha agus ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil ag an am céanna agus sa bhfoirm chéanna leis an dearbhú feidhmíochta sa chaoi go mbeidh an fhaisnéis seo ag úsáideoirí féideartha táirgí foirgníochta. Ba cheart, ar dtús, faisnéis maidir le hinneachar substaintí guaiseacha a theorannú chuig substaintí dá dtagraítear in Airteagal 31 agus in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (7). Ba cheart, áfach, an riachtanas sonrach i ndáil le faisnéis maidir le hinneachar substaintí guaiseacha i dtáirgí foirgníochta a imscrúdú tuilleadh d’fhonn an raon substaintí atá clúdaithe a thabhairt chun críche chun leibhéal ard cosanta sláinte agus sábháilteachta a áirithiú d’oibrithe a úsáideann táirgí foirgníochta agus d’úsáideoirí oibreacha foirgníochta, lena n-áirítear ceanglais athchúrsála agus/nó athúsáide páirteanna agus ábhar.Tá an Rialachán seo gan dochar do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát de bhun ionstraimí eile de chuid dhlí an Aontais a bhféadfaidh feidhm a bheith acu maidir le substaintí guaiseacha, go háirithe Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithchídeacha a chur ar an margadh (8), Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (9), Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (11).

(26)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta an dearbhú feidhmíochta a uimhriú i gcomhréir le huimhir thagartha an chineáil táirge.

(27)

Is gá foráil a dhéanamh do nósanna imeachta simplithe le haghaidh tarraingt suas dearbhuithe feidhmíochta chun an t-ualach airgeadais ar fhiontair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a laghdú.

(28)

Lena áirithiú go bhfuil an dearbhú feidhmíochta cruinn agus iontaofa, ba cheart feidhmíocht an táirge foirgníochta a mheasúnú agus an próiseas táirgthe sa mhonarcha a rialú i gcomhréir le córas cuí measúnaithe agus fíoraithe sheasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta. D’fhéadfaí roinnt córas a roghnú lena gcur i bhfeidhm maidir le táirge foirgníochta ar leith, chun go gcuirfí san áireamh an sainchaidreamh idir roinnt dá saintréithe sár-riachtanacha agus na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta.

(29)

I bhfianaise shainiúlacht na dtáirgí foirgníochta agus aidhm shonrach an chórais lena ndéantar measúnú orthu, níl na nósanna imeachta don mheasúnú comhréireachta dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, ná na modúil a leagtar amach sa Chinneadh sin, iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunófaí modhanna sonracha lena measúnófaí agus lena bhfíorófaí seasmhacht feidhmíochta i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta.

(30)

De bharr na difríochta maidir leis an mbrí atá ag marcáil CE do tháirgí foirgníochta, i gcomparáid leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ba cheart forálacha sonracha a réiteach chun a áirithiú gur léir go bhfuil an oibleagáid ann an mharcáil CE a ghreamú ar tháirgí foirgníochta agus gur léir na hiarmhairtí a bhaineann leis an ngreamú sin.

(31)

Trí bhíthin an mharcáil CE a ghreamú de tháirge foirgníochta nó trí bhíthin an mharcáil sin a chur á ghreamú de tháirge, ba cheart do mhonaróirí a léiriú go nglacann siad freagracht as an táirge sin a bheith i gcomhréir lena fheidhmíocht dhearbhaithe.

(32)

Ba cheart an mharcáil CE a ghreamú de gach táirge foirgníochta dá bhfuil dearbhú feidhmíochta dréachtaithe ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mura bhfuil dearbhú feidhmíochta dréachtaithe, níor cheart an mharcáil CE a ghreamú.

(33)

Ba cheart gurbh é an mharcáil CE an t-aon mharcáil amháin lena léireofaí comhréireacht an táirge foirgníochta leis an fheidhmíocht dhearbhaithe agus lena léireofaí comhlíonadh na gceanglas infheidhme i ndáil le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Ar a shon sin, féadfar marcanna eile a úsáid, ar choinníoll go gcuirfidh siad le cosaint níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí na dtáirgí foirgníochta agus nach gcumhdaítear iad le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá ann cheana.

(34)

Le go seachnófar tástáil nach gá ar tháirgí foirgníochta, dar léiríodh an fheidhmíocht go leormhaith cheana le torthaí cobhsaí ó thástáil roimh ré nó le sonraí eile a bhí ann, ba cheart go mbeadh cead ag an monaróir, de réir coinníollacha arna socrú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó i gCinneadh ón gCoimisiún, leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta a dhearbhú gan tástáil nó gan tuilleadh tástála.

(35)

Le go seachnófar dúbláil ar thástálacha a rinneadh cheana, ba cheart go mbeadh cead ag monaróir táirge foirgníochta úsáid a bhaint as na torthaí a fuair tríú páirtí.

(36)

Ba cheart coinníollacha a shainmhíniú i ndáil le húsáid nósanna imeachta simplithe chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú, d’fhonn an costas a bhaineann lena gcur ar an margadh a laghdú sa mhéid is féidir, gan an leibhéal sábháilteachta a laghdú. Ba cheart do mhonaróirí a úsáidfidh nósanna imeachta simplithe den sórt sin comhlíonadh na gcoinníollacha sin a thaispeáint go cuí.

(37)

D’fhonn iarmhairt na mbeart faireachais margaidh a fheabhsú, níor cheart go mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta simplithe uile dá bhforáiltear sa Rialachán seo d’fhonn feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú ach amháin maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mhonaraíonn na táirgí a chuireann siad ar an margadh.

(38)

Chun an costas a laghdú tuilleadh maidir le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh, i gcomhair micrifhiontar a dhéanann iad a mhonarú, is gá go bhforálfar do nósanna imeachta simplithe chun feidhmíocht a mheasúnú, nuair nach mbaineann imní shuntasach i leith sábháilteachta leis na táirgí atá i gceist agus na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag an am céanna, is cuma cad é tionscnamh na gceanglas sin. Ba cheart d’fhiontair a mbeidh na nósanna imeachta sin á gcur i bhfeidhm acu a léiriú chomh maith go bhfuil siad cáilithe mar mhicrifhiontair. Ina theannta sin, ba cheart dóibh déanamh de réir na nósanna imeachta is infheidhme maidir le fíorú seasmhachta feidhmíochta dá bhforáiltear sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe dá dtáirgí.

(39)

I gcás táirge foirgníochta a dhearfar agus a mhonarófar go leithleach, ba cheart go gceadófaí don mhonaróir úsáid a bhaint as nósanna imeachta simplithe chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht, i gcás ina bhféadfar a léiriú maidir leis an táirge atá á chur ar an margadh go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh aige.

(40)

Ba cheart don Choimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht creat léirmhínitheach do shainmhíniú ar “próiseas neamhshraithe” a bhunú, a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le táirgí foirgníochta difriúla atá clúdaithe faoin Rialachán seo.

(41)

Ba cheart go ndéanfadh na hoibreoirí eacnamaíochta uile a ghlacann páirt sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar an margadh nó nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach amháin táirgí foirgníochta lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo, ar ceanglais iad arb í is aidhm dóibh feidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a áirithiú agus na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh. Ba cheart, go háirithe, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí na dtáirgí foirgníochta bheith ar an eolas faoi na saintréithe sár-riachtanacha a bhfuil forálacha ina leith ar mhargadh an Aontais, agus faoi na ceanglais shonracha sna Ballstáit i ndáil leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta, agus ba cheart dóibh an t-eolas sin a úsáid ina n-idirbhearta tráchtála.

(42)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil fáil ar rialacha teicniúla náisiúnta ionas go bhféadfaidh fiontair, agus go háirithe FBManna, faisnéis iontaofa, chruinn a bhailiú faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe acu a dtáirgí a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit, mar sin, Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a ainmniú chun na críche sin. De bhreis ar na cúraimí a shainmhínítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile (12), ba cheart do Phointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht, freisin, faisnéis a sholáthar i leith na rialacha is infheidhme maidir le corprú, le cóimeáil nó le suiteáil cineáil táirge foirgníochta ar leith.

(43)

D’fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart go ndéanfadh na Pointí Teagmhála Táirgí don Foirgníocht faisnéis a chur ar fáil, saor in aisce, maidir le forálacha arb é is aidhm dóibh buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh a bhfuil feidhm acu maidir leis an úsáid a bheartaítear do gach táirge foirgníochta i gcríoch gach Ballstáit. Féadfaidh na Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht faisnéis bhreise nó barúlacha a sholáthar d’oibritheoirí eacnamaíocha freisin. Ba cheart go gceadófaí do na Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht táillí a ghearradh a bheidh i gcomhréir leis na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó leis na barúlacha sin a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithroinnt ar Phointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht.

(44)

Ós rud é nár cheart go gcuirfeadh bunú na bPointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht isteach ar an tslí a leithdháiltear feidhmeanna ar údaráis inniúla laistigh de chórais rialála na mBallstát, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a bhunú de réir inniúlachtaí réigiúnacha nó áitiúla. Chomh maith leis sin, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit ról Pointí Teagmhála Táirgí don Foirgníocht a chur de chúram ar phointí teagmhála a bunaíodh cheana féin i gcomhréir le hionstraimí eile Comhphobail, d’fhonn nach ndéanfaí an iomarca pointí teagmhála neamhriachtanacha a bhunú agus d’fhonn nósanna imeachta riaracháin a shimpliú. Ionas nach leagfaí costais bhreise riaracháin ar fhiontair agus ar údaráis áitiúla, ba cheart freisin go mbeadh na Ballstáit in ann ról na bPointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a chur de chúram, ní hamháin ar sheirbhísí atá ann cheana sa chóras riaracháin phoiblí, ach ar lárionaid náisiúnta SOLVIT, ar chumainn tráchtála, ar eagraíochtaí gairmiúla agus ar chomhlachtaí príobháideacha.

(45)

Ba cheart go mbeadh cead ag na Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a bhfeidhmeanna a chomhall i modh a sheachnaíonn coinbhleachtaí leasa, go háirithe i ndáil leis na nósanna imeachta chun an mharcáil CE a bhaint amach.

(46)

Chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i bhfeidhm go coibhéiseach agus go comhsheasmhach, ba cheart do na Ballstáit faireachas margaidh éifeachtach a oibriú. Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, soláthraítear na bundálaí maidir le feidhmiú an fhaireachais margaidh sin, go háirithe do chláir, do mhaoiniú agus do phionóis.

(47)

Ba cheart go mbeadh an fhreagracht atá ar Bhallstáit as sábháilteacht, sláinte agus ábhair eile a fholaítear faoi na buncheanglais ar oibreacha foirgníochta ina gcríocha, aitheanta i gclásal cosanta lena bhforáiltear do bhearta cuí cosanta.

(48)

Ós rud é gur gá a áirithiú go bhfuil leibhéal comhionann feidhmíochta ar fud an Aontais ag comhlachtaí a dhéanann seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta a mheasunú agus a fhíorú agus, ós rud é gur cheart go bhfeidhmeodh gach comhlacht den sórt sin ag an leibhéal céanna agus faoi choinníollacha cothroma iomaíochta, ba cheart ceanglais a leagan síos le haghaidh comhlachtaí um measúnú feidhmíochta atá ag iarraidh fógra a fháil chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart go bhforálfaí, freisin, go mbeidh faisnéis oiriúnach le fáil faoi chomhlachtaí den sórt sin agus go ndéanfar faireachán orthu.

(49)

Chun leibhéal comhleanúnach cáilíochta a áirithiú le linn seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta a mheasúnú agus a fhíorú, is gá freisin ceanglais a bhunú a bheidh infheidhme maidir leis na húdaráis atá freagrach as fógairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile na comhlachtaí a dhéanann na cúraimí seo.

(50)

I gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE, déanfar na rialacha ginearálta agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún a leagan síos roimh ré le Rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar an rialachán nua sin, leanfaidh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos an nós imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (13) d’fheidhm a bheith aige, cé is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar nós imeachta é nach infheidhme a thuilleadh.

(51)

D’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe áirithe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe.

(52)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a dhéanann cur síos ar na coinníollacha a bhainfidh le húsáid láithreán gréasáin a chuirfidh an dearbhú feidhmíochta ar fáil.

(53)

Ós rud é gur gá tréimhse lena áirithiú go bhfuil an creat le haghaidh feidhmiú ceart an Rialacháin seo réidh, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar cé is moite de na forálacha maidir le hainmniú CMTanna, údarás a thugann fógra agus comhlachtaí dá dtugtar fógra, bunú eagraíochta CMTanna agus bunú an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht.

(54)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí, feachtais eolais a sheoladh chun lucht earnáil na foirgníochta, oibreoirí eacnamaíocha agus úsáideoirí táirgí foirgníochta, go háirithe, a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas: bunú teanga teicniúil coiteann; freagrachtaí a dháileadh ar oibreoirí aonair eacnamaíocha agus ar úsáideoirí; an mharcáil CE a ghreamú de tháirgí foirgníochta; na buncheanglais ar oibreacha foirgníochta agus na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a athbhreithniú.

(55)

Leis an mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta maidir le húsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, ba cheart go gcuirfí i gcuntas go háirithe in-athchúrsáilteacht oibreacha foirgníochta, a n-ábhar agus a gcomhpháirteanna tar éis a scartála, marthanacht na n-oibreacha, agus úsáid amhábhar agus ábhar tánaisteach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de.

(56)

Chun measúnú a dhéanamh ar úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus ar thionchar oibreacha foirgníochta ar an gcomhshaol, ba cheart Dearbhuithe Comhshaoil do Tháirgí (EPD) a úsáid, nuair atá siad ar fáil.

(57)

I gcás inar féidir, ba cheart modhanna Eorpacha comhionanna a leagan síos chun comhlíonadh na mbuncheanglas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a bhunú.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí foirgníochta trí bhíthin sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe chun go sloinnfí feidhmíocht táirgí foirgníochta a bhaint amach, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, mar gheall ar a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos coinníollacha maidir le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh trí rialacha comhchuibhithe a bhunú i dtaobh conas feidhmíocht táirgí foirgníochta a shloinneadh i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha agus maidir leis an úsáid a bhaintear as an marcáil CE ar na táirgí sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “táirge foirgníochta” aon táirge nó aon fhearas a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh lena chorprú ar dhóigh bhuan in oibreacha foirgníochta nó i gcodanna díobh agus a bhfuil éifeacht ag a fheidhmíocht ar fheidhmíocht na n-oibreacha foirgníochta maidir leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta;

(2)

ciallaíonn “fearas” táirge foirgníochta arna chur ar an margadh ag monaróir aonair mar thacar de dhá chomhpháirt leithleacha ar a laghad, ar gá iad a chur le chéile chun go n-ionchorprófaí sna hoibreacha iad;

(3)

ciallaíonn “oibreacha foirgníochta” foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta;

(4)

ciallaíonn “saintréithe sár-riachtanacha” na saintréithe sin den táirge foirgníochta a bhaineann leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta;

(5)

ciallaíonn “feidhmíocht táirge foirgníochta” an fheidhmíocht maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha ábhartha, arna sloinneadh de réir leibhéil nó aicme, nó arna sloinneadh i dtuairisc;

(6)

ciallaíonn “leibhéal” toradh an mheasúnaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta i ndáil lena bhuntréithe, arna shloinneadh i luach uimhriúil;

(7)

ciallaíonn “aicme” raon leibhéal de chuid feidhmíochta táirge foirgníochta, ar raon leibhéal é a bhfuil a theorainneacha socraithe ag íosluach agus uasluach;

(8)

ciallaíonn “leibhéal tairsí” íosleibhéal nó uasleibhéal feidhmíochta maidir le saintréithe sár-riachtanacha de chuid táirge foirgníochta;

(9)

ciallaíonn “cineál táirge” an tacar de leibhéil nó d’aicmí ionadaíocha feidhmíochta maidir le táirge foirgníochta, i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha, ar táirge é a tháirgtear le teaglaim áirithe amhábhar nó eilimintí eile i bpróiseas táirgeachta sonrach;

(10)

ciallaíonn “sonraíochtaí teicniúla comchuibhithe” caighdeáin chomhchuibhithe agus Doiciméid um Measúnú Eorpach;

(11)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán arna ghlacadh ag ceann de na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE, ar bhonn iarrata arna heisiúint ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;

(12)

ciallaíonn “Doiciméad um Measúnú Eorpach” doiciméad atá glactha ag eagraíocht CMTanna; chun críocha Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint;

(13)

ciallaíonn “Measúnú Teicniúil Eorpach” an measúnú doiciméadaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta, i ndáil lena bhuntréithe, i gcomhréir leis an Doiciméad Eorpach um Measúnú faoi seach;

(14)

ciallaíonn “an úsáid arna beartú” an úsáid atá beartaithe don táirge foirgníochta mar a shainmhínítear í sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme;

(15)

ciallaíonn “Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach” doiciméadúchán lena dtaispeántar gur cuireadh modhanna eile in ionad na modhanna sa chóras measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta is infheidhme, ar choinníoll gurb ionann na torthaí a fhaightear trí bhíthin na modhanna eile sin agus na torthaí a fhaightear trí bhíthin mhodhanna tástála an chaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagraigh;

(16)

ciallaíonn “cuir ar fáil ar an margadh” aon soláthar táirge foirgníochta lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(17)

ciallaíonn “a chur ar an margadh” táirge foirgníochta a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(18)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an t-ionadaí údaraithe;

(19)

ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge foirgníochta nó a chuireann faoi deara táirge den sórt sin a dhearú nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(20)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann táirge foirgníochta áirithe ar fáil ar an margadh;

(21)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge foirgníochta ar mhargadh an Aontais ó thríú tír;

(22)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(23)

ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(24)

ciallaíonn “aisghlaoch” aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don úsáideoir críochnaitheach a fháil ar ais;

(25)

tá le “creidiúnú” an bhrí a shanntar dó le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(26)

ciallaíonn “rialú ar tháirgeadh monarchan” an rialú doiciméadaithe, buan agus inmheánach ar tháirgeadh i monarcha, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha;

(27)

ciallaíonn “micri-fhiontar” micri-fhiontar arna shainiú sa mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair, fhiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (14);

(28)

ciallaíonn “saolré” na céimeanna comhleanúnacha agus idircheangailte i saol táirge foirgníochta, ó amhábhar a fháil nó ó ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt dheiridh.

Airteagal 3

Buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta agus saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta

1.   Beidh na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I ina mbonn le haghaidh ullmhúchán sainorduithe um chaighdeánú agus ullmhúchán sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

2.   Leagfar síos i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta i ndáil leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta.

3.   Maidir le haicmí sonracha táirgí foirgníochta atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, na saintréithe sár-riachtanacha sin ar ina leith a dhearbhóidh an monaróir feidhmíocht an táirge nuair a chuirtear é ar an margadh, i gcás inar iomchuí sin agus i ndáil leis na húsáidí a bheartaítear dóibh mar a shainmhínítear i gcaighdeáin chomhchuibhithe iad.

I gcás inarb iomchuí, cinnfidh an Coimisiún freisin, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, na leibhéil tairsí don fheidhmíocht i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha atá le dearbhú.

CAIBIDIL II

DEARBHÚ FEIDHMÍOCHTA AGUS MARCÁIL CE

Airteagal 4

Dearbhú feidhmíochta

1.   Nuair a chumhdaítear táirge foirgníochta le caighdeán comhchuibhithe nó nuair a chomhlíonann sé Measúnú Teicniúil Eorpach arna eisiúint i leith an táirge sin, déanfaidh an monaróir dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas dó nuair a chuirtear táirge den sórt sin ar an margadh.

2.   Nuair a chumhdaítear táirge foirgníochta le caighdeán comhchuibhithe nó nuair a chomhlíonann sé Measúnú Teicniúil Eorpach arna eisiúint i leith an táirge sin, ní fheadfar aon fhaisnéis in aon fhoirm maidir lena fheidhmíocht i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha, mar a shainmhínítear iad sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme, a chur ar fáil ach amháin más rud é go n-áirítear í agus go sonraítear í sa dearbhú feidhmíochta seachas i gcás, i gcomhréir le hAirteagal 5, nach bhfuil dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas.

3.   Tríd an dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as an táirge foirgníochta a bheith i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe. In éagmais comharthaí oibiachtúla dá mhalairt, toimhdeoidh Ballstáit go bhfuil an dearbhú feidhmíochta arna tharraingt suas ag an monaróir beacht agus iontaofa.

Airteagal 5

Maoluithe ó dhearbhú feidhmíochta a tharraingt suas

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus cheal forálacha do chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta lena gceanglaítear saintréithe sár-riachtanacha a dhearbhú san áit ina bhfuil sé beartaithe na táirgí a úsáid, féadfaidh monaróir gan dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas agus táirge foirgníochta atá clúdaithe ag caighdeán comhchuibhithe á chur ar an margadh aige:

(a)

i gcás ina ndéanann monaróir, ar monaróir é atá freagrach as an táirge a chorprú go sábháilte sna hoibreacha foirgníochta, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme agus faoi fhreagracht na ndaoine sin atá freagrach as na hoibreacha arna n-ainmniú ag na rialacha náisiúnta is infheidhme a chur i gcrích go sabháilte, an táirge foirgníochta a mhonarú go leithleach nó ina saincheapann sé an táirge foirgníochta, i bpróiseas neamhshrathach mar fhreagairt ar ordú sonrach, agus ina suiteálann sé i saothar foirgníochta sainaitheanta amháin é;

(b)

i gcás ina ndéantar an táirge foirgníochta a mhonarú ar an láithreán foirgníochta lena chorprú sna hoibreacha foirgníochta faoi seach i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme agus faoi fhreagracht na ndaoine sin atá freagrach as cur i gcrích sábháilte na n-oibreacha foirgníochta arna n-ainmniú faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme; nó

(c)

i gcás ina ndéantar an táirge foirgníochta a mhonarú ar shlí thraidisiúnta nó ar shlí is cuí do chaomhnú oidhreachta agus i bpróiseas neamhthionsclaíoch lena ndéantar athchóiriú leordhóthanach ar oibreacha foirgníochta atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó staire ar leith, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 6

Inneachar an dearbhaithe feidhmíochta

1.   Déanfar leis an dearbhú feidhmíochta feidhmíocht táirgí foirgníochta a shloinneadh i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha na dtáirgí sin, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas, go háirithe, sa dearbhú feidhmíochta:

(a)

tagairt an chineáil táirge ar ina leith a tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta;

(b)

córas nó córais measúnaithe agus fíoraithe sheasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V;

(c)

uimhir thagartha agus dáta eisithe an chaighdeáin chomhchuibhithe nó an Mheasúnaithe Eorpaigh Theicniúil a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar gach aon tréith shár-riachtanach;

(d)

i gcás inarb infheidhme, uimhir thagartha an Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh a úsáideadh agus na ceanglais a mhaíonn an monaróir ina leith go gcomhlíonann an táirge iad.

3.   De bhreis air sin, beidh an méid seo a leanas sa dearbhú feidhmíochta:

(a)

an úsáid nó na húsáidí atá beartaithe don táirge foirgníochta, i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme;

(b)

liosta na saintréithe sár-riachtanacha mar a chinntear iad sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó leis na húsáidí dearbhaithe atá beartaithe;

(c)

feidhmíocht aon cheann amháin ar a laghad de shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta atá ábhartha maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó leis na húsáidí dearbhaithe atá beartaithe;

(d)

i gcás inarb infheidhme, feidhmíocht an táirge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, agus ar feidhmíocht í atá, más gá, bunaithe ar ríomh maidir lena saintréithe sár-riachtanacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(3);

(e)

feidhmíocht shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta a bhaineann leis an úsáid bheartaithe nó leis na húsáidí beartaithe, agus na forálacha i ndáil leis an úsáid bheartaithe nó leis na húsáidí beartaithe á gcur san áireamh san áit ina bhfuil sé beartaithe ag an monaróir an táirge a chur ar fáil ar an margadh;

(f)

do na saintréithe sár-riachtanacha a liostaítear, ar ina leith nach bhfuil aon fheidhmíocht á dearbhú, na litreacha “NPD” (No Performance Determined/Níor Cinneadh aon Fheidhmíocht);

(g)

nuair a dhéantar Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint don táirge sin, feidhmíocht an táirge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha go léir a áirítear sa Mheasúnú Teicniúil Eorpach comhfhreagrach.

4.   Tarraingeofar suas an dearbhú feidhmíochta agus úsáid á baint as an samhail a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31 nó, de réir mar a bheidh, in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a sholáthar in éineacht leis an dearbhú feidhmíochta.

Airteagal 7

An dearbhú feidhmíochta a sholáthar

1.   Maidir le dearbhú feidhmíochta gach táirge, a chuirtear ar fáil ar an margadh, déanfar cóip de a sholáthar, bíodh sé sin i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha.

Ar a shon sin, i gcás ina soláthraítear baisc den táirge céanna d’úsáideoir aonair, féadtar cóip shingil amháin den dearbhú feidhmíochta a chur in éineacht leis an mbaisc sin i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha.

2.   Déanfar leagan páipéir den dearbhú feidhmíochta a sholáthar má iarrann an faighteoir é.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfar cóip den dearbhú feidhmíochta a chur ar fáil ar láithreán gréasáin i gcomhréir le coinníollacha atá le bunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60. Áirithíonn coinníollacha den sórt sin, inter alia, go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ar fáil ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2) ar a laghad.

4.   Déanfar an dearbhú feidhmíochta a sholáthar sa teanga nó sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ar ina chríoch a chuirtear an táirge ar fáil.

Airteagal 8

Prionsabail ghinearálta agus an mharcáil CE a úsáid

1.   Beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis an marcáil CE.

2.   Greamófar an mharcáil CE de na táirgí foirgníochta sin ar ina leith a bhfuil dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 6.

Ní fhéadfar an mharcáil CE a ghreamú de tháirgí foirgníochta mura bhfuil dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 6.

Tríd an marcáil CE a ghreamú nó tríd an marcáil CE a chur á ghreamú, léiríonn monaróirí go nglacann siad freagracht as an táirge foirgníochta a bheith i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus glacfaidh sé an fhreagracht maidir leis an táirge do chomhlíonadh gach ceanglas is infheidhme a leagtar síos sa rialachán seo agus a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile comhchuibhithe de chuid an Aontais lena ndéantar foráil dá ghreamú.

Beidh feidhm ag na rialacha um an marcáil CE a ghreamú, dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha eile comhchuibhithe de chuid an Aontais, gan dochar d’fhorálacha na míre seo.

3.   Maidir le haon táirge foirgníochta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe, nó a bhfuil Measúnú Teicniúil Eorpach eisithe ina leith, is í an mharcáil CE an t-aon mharcáil lena ndearbhófar go bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha, a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin nó leis an Measúnú Teicniúil Eorpach.

Chuige sin, ní chuirfidh na Ballstáit aon tagairtí isteach i mbeartais náisiúnta do mharcáil lena bhfianófar comhréireacht leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe eile seachas an mharcáil CE, agus tarraingeoidh siad siar aon tagairtí den sórt sin.

4.   Ní chuirfidh Ballstát toirmeasc ná cosc, laistigh dá chríoch nó faoina fhreagracht, ar chur ar fáil ar an margadh ná ar úsáid táirgí foirgníochta ar a bhfuil an mharcáil CE, nuair a fhreagraíonn na feidhmíochtaí dearbhaithe do na ceanglais maidir le húsáid den sórt sin sa Bhallstát sin.

5.   Áiritheoidh Ballstát nach gcuirfear cosc ar úsáid táirgí foirgníochta ar a bhfuil an mharcáil CE le rialacha ná le coinníollacha arna bhforchur ag comhlachtaí poiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh mar ghnóthas poiblí, nó ag gníomhú dóibh mar chomhlacht poiblí ar bhonn staide monaplachta nó faoi shainordú poiblí, nuair a fhreagraíonn na feidhmíochtaí dearbhaithe do na ceanglais maidir le húsáid den sórt sin sa Bhallstát sin.

6.   Maidir leis na modhanna arna n-úsáid ag na Ballstáit sna ceanglais atá acu i leith oibreacha foirgníochta, chomh maith le rialacha náisiúnta eile i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta, beidh na modhanna sin i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe.

Airteagal 9

Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú

1.   Déanfar an mharcáil CE a ghreamú den táirge foirgníochta go feiceálach, go soléite agus go doscriosta nó déanfar é a ghreamú de lipéad a bheidh ag gabháil leis an táirge. Más rud é nach bhfuil sé seo indéanta nó mura bhfuil gá ceart leis de bharr nádúr an táirge, déanfar é a ghreamú den phacáistíocht nó de na doiciméid a ghabhann leis an táirge.

2.   Cuirfear isteach dhá dhigit dheireanacha na bliana inar greamaíodh é den chéad uair i ndiaidh na marcála CE, ainm agus seoladh cláraithe an mhonaróra, nó an mharc aitheantais lena bhféadtar ainm agus seoladh an mhonaróra a aithint go héasca agus gan athbhrí, cód uathúil aitheantais an chineáil-táirge, uimhir thagartha an dearbhaithe feidhmíochta, leibhéal nó aicme na feidhmíochta dearbhaithe, an tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe arna cur i bhfeidhm, uimhir aitheantais an chomhlachta dár tugadh fógra, más infheidhme, agus an úsáid arna beartú de réir mar a leagtar síos sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe arna cur i bhfeidhm.

3.   Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an táirge foirgníochta ar an margadh. Féadfar picteagram nó marc ar bith eile lena dtaispeántar riosca nó úsáid ar leith a chur ina diaidh.

Airteagal 10

Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht

1.   Ainmneoidh Ballstáit Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 10 agus ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 maidir le Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht.

3.   I dtaca leis na cúraimí a shainmhínítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht faisnéis a sholáthar, i dtéarmaí atá trédhearcach agus atá intuigthe go héasca, faoi fhorálacha laistigh dá gcríoch a bhfuil sé d’aidhm acu buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh, ar buncheanglais iad atá infheidhme maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as gach táirge foirgníochta, faoi mar a fhoráiltear i bpointe (e) d’Airteagal 6(3) den Rialachán seo.

4.   Beidh na Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht in ann a bhfeidhmeanna a chomhall i slí ina seachnaítear coinbhleachtaí leasa, go háirithe i ndáil leis na nósanna imeachta chun an mharcáil CE a bhaint amach.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 11

Oibleagáidí monaróirí

1.   Tarraingeoidh monaróirí suas dearbhú foirgníochta i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 6, agus greamóidh siad an mharcáil CE i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9.

Mar bhunús le haghaidh an dearbhaithe feidhmíochta, tarraingeoidh monaróirí suas doiciméadúchán teicniúil lena ndéanfar cur síos ar na gnéithe ábhartha uile a bhaineann leis an gcóras measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta is gá.

2.   Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge foirgníochta a chur ar an margadh.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, an tréimhse sin a leasú maidir le haicmí táirgí foirgníochta ar bhonn na marthanachta ionchasaí nó an róil a d’fhéadfadh a bheith ag an táirge foirgníochta sna hoibreacha foirgníochta.

3.   Áiritheoidh monaróirí go bhfuil nósanna imeachta ann chun a áirithiú go leanfaidh táirgeadh sraithe den fheidhmíocht dhearbhaithe a choimeád ar bun. Déanfar athruithe ar an gcineál táirge agus athruithe ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme a chur san áireamh go leordhóthanach.

I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir le beachtas, iontaofacht agus seasmhacht feidhmíocht dhearbhaithe táirge foirgníochta a áirithiú, déanfaidh monaróirí táirgí foirgníochta arna gcur ar an margadh nó arna gcur ar fáil ar an margadh a thástáil go samplach, déanfaidh siad gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le táirgí neamhchomhréireacha agus maidir le haisghlaochanna táirgí a choinneáil agus déanfaidh siad dáileoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, nó uimhir sraithe, nó aon eilimint eile lena gceadaítear iad a aithint ar a dtáirgí foirgníochta, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó nádúr an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge foirgníochta.

5.   Déanfaidh monaróirí a léiriú ar an táirge foirgníochta, nó, i gcás nach bhféadtar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge foirgníochta, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála. Ní mór aon phointe teagmhála amháin don mhonaróir a bheith luaite sa seoladh.

6.   Le linn do mhonaróirí an táirge foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh, áiritheoidh siad go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta i dteanga is féidir le húsáideoirí a úsáid go héasca ag gabháil leis an táirge.

7.   Maidir le monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge foirgníochta atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge foirgníochta sin comhlíontach nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar nó é a aisghlaoch. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh monaróirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

8.   De thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíontacht an táirge sin le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a léiriú agus beidh an fhaisnéis agus an doiciméadúchán i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 12

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní fhéadfaidh tarraingt suas doiciméadúcháin theicniúil a bheith ina chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

2.   Déanfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a chomhlíonadh. Leis an sainordú, ligfear don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

an dearbhú feidhmíochta agus an doiciméadúchán teicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis fhaireachais náisiúnta ar feadh na tréimhse dá tagraítear in Airteagal 11(2);

(b)

de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis uile agus an doiciméadúchán uile a bhfuil gá leo a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíonadh ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge a léiriú;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta agus ar táirgí iad atá cumhdaithe ag sainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 13

Oibleagáidí allmhaireoirí

1.   Is táirgí foirgníochta atá i gcomhréir le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus na táirgí sin amháin, a chuirfidh allmhaireoirí ar mhargadh an Aontais.

2.   Sula ndéantar táirge foirgníochta a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go mbeidh an monaróir tar éis an doiciméadúchán teicniúil dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 11(1) chomh maith leis an dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 6. Áiritheoidh siad freisin, i gcás inar gá, go bhfuil an mharcáil CE ar an táirge, go bhfuil na doiciméid is gá i dteannta an táirge agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(4) agus in Airteagal 11(5) comhlíonta ag an monaróir.

I gcás ina measfaidh allmhaireoir, nó i gcás ina mbeidh cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge foirgníochta ar an margadh go dtí go mbeidh an tairge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis an táirge agus go dtí go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais infheidhme eile sa Rialachán seo, nó go dtí go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ceartaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis fhaireachais margaidh ar an eolas faoi sin.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála a léiriú ar an táirge foirgníochta, nó, i gcás nach féidir déanamh amhlaidh, cuirfidh siad na sonraí sin ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an táirge.

4.   Tráth a mbeidh táirge foirgníochta á chur ar fáil ar an margadh ag allmhaireoirí, áiritheoidh siad go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta, i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint gan stró, i dteannta an táirge.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh siad freagrach as táirge foirgníochta, nach gcuirfidh cúinsí stórála ná cúinsí iompair as do chomhréireacht an táirge sin leis an dearbhú feidhmíochta, ná as comhlíonadh cheanglais eile an Rialacháin seo ag an táirge sin.

6.   I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir le beachtas, iontaofacht agus seasmhacht feidhmíocht dhearbhaithe táirge foirgníochta a áirithiú, déanfaidh monaróirí táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh a thástáil go samplach, gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le táirgí foirgníochta agus maidir le haisghlaoch táirgí a choinneáil, agus dáileoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

7.   Déanfaidh allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil cúis acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge foirgníochta atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge sin comhréireach nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghlaoch. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, maidir le húdaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge foirgníochta ar fáil, cuirfidh na hallmhaireoirí ar an eolas gan mhoill iad ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

8.   Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2), cóip den dearbhú feidhmíochta a choinneáil ar fáil d’údaráis fhaireachais margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an doiciméadúchán teicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

9.   De thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíontacht an táirge le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a léiriú, agus beidh an fhaisnéis agus an doiciméadúchán uile sin i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 14

Oibleagáidí dáileoirí

1.   Agus táirge foirgníochta á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirtear táirge foirgníochta ar fáil ar an margadh, áiritheoidh dáileoirí, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh, go bhfuil an mharcáil CE ar an táirge agus go bhfuil na doiciméid a éilítear faoin Rialachán seo ag gabháil leis an táirge agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga ar a gcinnfidh an Ballstát sin, is teanga atá sothuigthe ag úsáideoirí. Áiritheoidh na dáileoirí gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(4) agus (5) agus in Airteagal 13(3), faoi seach.

I gcás ina measfaidh dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta, nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh an dáileoir an táirge foirgníochta ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis an táirge agus go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais infheidhme eile atá sa Rialachán seo nó go dtí go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ceartaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir mar aon leis na húdaráis fhaireachais margaidh ar an eolas faoin méid sin.

3.   Áiritheoidh dáileoir, fad a bheidh sé freagrach as táirge foirgníochta, nach gcuirfidh cúinsí stórála ná cúinsí iompair as do chomhréireacht na feidhmíochta dearbhaithe nó do chomhlíonadh ceanglas eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge sin.

4.   I gcás ina measfaidh dáileoirí nó ina mbeidh cúis acu chun a chreidiúint, maidir le táirge foirgníochta a bheidh curtha ar fáil ar an margadh acu, nach bhfuil sé i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge sin comhlíontach nó chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh dáileoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

5.   De thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíonadh ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge foirgníochta a léiriú agus beidh an fhaisnéis agus an doiciméadúchán sin uile i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a rinneadh chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 15

Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 11 i gcás ina gcuireann sé táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé táirge foirgníochta arna chur ar an margadh cheana sa tslí go bhféadfar difear a dhéanamh don chomhréireacht leis an dearbhú feidhmíochta.

Airteagal 16

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

Ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a chur in iúl d'údaráis fhaireachais margaidh:

(a)

oibreoir eacnamaíoch ar bith a sholáthair táirge dóibh;

(b)

oibreoir eacnamaíoch ar bith ar sholáthair siad táirge dó.

CAIBIDIL IV

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA COMHCHUIBHITHE

Airteagal 17

Caighdeáin chomhchuibhithe

1.   Is iad na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE a bhunóidh caighdeáin chomhchuibhithe ar bhonn iarrataí (dá ngairfear “sainorduithe” anseo feasta), ar sainorduithe iad arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht dá dtagraítear in Airteagal 64 den Rialachán seo (dá ngairfear “an Buanchoiste um Fhoirgníocht” anseo feasta).

2.   I gcás geallsealbhóirí atá bainteach leis an bpróiseas chun caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt de bhun an Airteagail seo, áiritheoidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú go ndéantar ionadaíocht ar na catagóirí éagsúla geallsealbhóirí ar shlí chóir agus chothrom i ngach cás.

3.   Le caighdeáin chomhchuibhithe, soláthrófar na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha.

Nuair a fhoráiltear don mhéid sin sa sainordú ábhartha, déanfar, le caighdeán comhchuibhithe, tagairt d’úsáid arna beartú maidir le táirgí atá cumhdaithe leis.

Le caighdeáin chomhchuibhithe, i gcás inarb iomchuí, agus gan beachtas, iontaofacht ná seasmhacht na dtorthaí a chur i mbaol, soláthrófar modhanna nach mbaineann ualach chomh trom leo agus a bhaineann le tástáil chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha.

4.   Cinnfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú, leis na caighdeáin chomhchuibhithe, an rialú um tháirgeadh monarchan infheidhme, ar rialú é lena gcuirfear san áireamh dálaí sonracha phróiseas monaraíochta an táirge foirgníochta i gceist.

Áireofar sa chaighdeán comhchuibhithe na mionsonraí teicniúla atá riachtanach chun an córas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhréireacht na gcaighdeán comhchuibhithe arna mbunú ag na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú leis na sainorduithe ábhartha.

Déanfaidh an Coimisiún liosta thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe atá i gcomhréir leis na sainorduithe ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Maidir le gach caighdeán comhchuibhithe léireofar sa liosta na nithe seo a leanas:

(a)

tagairtí sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhfuil ionadú déanta orthu, más ann dóibh;

(b)

dáta thús na tréimhse cómhaireachtála;

(c)

dáta dheireadh na tréimhse cómhaireachtála.

Déanfaidh an Coimisiún aon nua-shonrú a dhéantar ar an liosta sin a fhoilsiú.

Ón dáta a gcuirfear tús leis an tréimhse cómhaireachtála, féadfar caighdeán comhchuibhithe a úsáid chun dearbhú feidhmíochta a dhéanamh le haghaidh táirge foirgníochta atá cumhdaithe leis an gcaighdeán sin. Tá sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na caighdeáin chomhchuibhithe a thrasuí i gcomhréir le Treoir 98/34/CE.

Gan dochar d’Airteagal 36, d’Airteagal 37 nó d’Airteagal 38, is é an caighdeán comhchuibhithe an t-aon mhodh amháin a úsáidfear le haghaidh dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas maidir le táirge foirgníochta atá cumhdaithe leis an gcaighdeán sin, amhail ó dáta dheireadh na tréimhse cómhaireachtála.

Ag deireadh na tréimhse cómhaireachtála, déanfar caighdeáin easaontacha náisiúnta a tharraingt siar agus cuirfidh na Ballstáit deireadh le bailíocht na bhforálacha easaontacha náisiúnta uile.

Airteagal 18

Agóid fhoirmiúil i gcoinne caighdeán comhchuibhithe

1.   Nuair a mheasann Ballstát nó an Coimisiún nach ndéanann caighdeán comhchuibhithe na ceanglais arna leagan amach sa sainordú ábhartha a shásamh go hiomlán, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann nó an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste arna chur ar bun faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE, agus déanfaidh sé a gcuid argóintí. Déanfaidh an Coiste sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhlachtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú, a thuairim a thabhairt gan mhoill.

2.   I bhfianaise thuairim an Choiste arna chur ar bun faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú, gan iad a fhoilsiú, iad a fhoilsiú faoi réir srianta, iad a choimeád ar bun, nó iad a choimeád ar bun faoi réir srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó iad a tharraingt siar as an Iris sin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an comhlacht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas maidir lena chinneadh agus, más gá, iarrfaidh sé go n-athbhreithneofar an caighdeán comhchuibhithe lena mbaineann.

Airteagal 19

Doiciméad um Measúnú Eorpach

1.   Ar iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach ó mhonaróir, déanfaidh eagraíocht na CMTanna Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas agus a ghlacadh maidir le haon táirge foirgníochta nach bhfuil cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe nó nach bhfuil cumhdaithe go hiomlán leis, ar táirge é nach bhféadfaí an fheidhmíocht i ndáil lena shainthréithe sár-riachtanacha a mheasúnú go hiomlán de réir caighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana féin, toisc, inter alia:

(a)

nach dtagann an táirge faoi raon feidhme aon chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana;

(b)

nach bhfuil an modh measúnaithe dá bhforáiltear sa chaighdeán comhchuibhithe iomchuí i ndáil le saintréith sár-riachtanach amháin ar a laghad den táirge sin; nó

(c)

nach ndéantar foráil d’aon mhodh measúnaithe sa chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le saintréith riachtanach amháin ar a laghad den táirge sin.

2.   Leis an nós imeachta chun Doiciméad um Measúnú Eorpach a ghlacadh, urramófar na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 20 agus comhlíonfar na rialacha a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun Iarscríbhinn II a leasú agus d’fhonn rialacha nós imeachta forlíontacha a bhunú maidir le Doiciméad um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh.

4.   I gcás inarb iomchuí, glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, Doiciméid um Measúnú Eorpach atá ann cheana a úsáid mar bhonn leis na sainorduithe a bheidh le heisiúint faoi Airteagal 17(1) d’fhonn caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt maidir le táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 20

Prionsabail a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh

1.   Maidir leis an nós imeachta chun Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh:

(a)

beidh sé trédhearcach ó thaobh an mhonaróra lena mbaineann;

(b)

saineofar leis na teorainneacha ama éigeantacha iomchuí chun moill gan údar maith a sheachaint;

(c)

déanfar cosaint rúndacht agus sicréideacht tráchtála a chur san áireamh go hiomchuí leo;

(d)

ceadófar leis go bhfuil rannpháirtíocht leordhóthanach ag an gCoimisiún;

(e)

beidh sé costéifeachtach ó thaobh an mhonaróra de; agus

(f)

áireofar leis go bhfuil coláisteacht agus comhordú leordhóthanach i measc CMTanna arna n-ainmniú don táirge atá i gceist.

2.   Is iad na CMTanna, in éineacht le heagraíocht na CMTanna, a iompróidh na costais iomlána a bhaineann leis na Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh.

Airteagal 21

Oibleagáidí an CMT a fhaigheann iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach

1.   Déanfaidh an CMT a fhaigheann iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach an monaróir a chur ar an eolas i dtaobh an bhfuil an táirge foirgníochta cumhdaithe, go hiomlán nó go páirteach, le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe mar a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil an táirge cumhdaithe go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe, cuirfidh an CMT in iúl don mhonaróir nach féidir, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint;

(b)

i gcás ina bhfuil an táirge cumhdaithe go hiomlán le Doiciméad um Measúnú Eorpach, cuirfidh an CMT in iúl don mhonaróir go n-úsáidfear an doiciméad sin mar bhonn don Mheasúnú Teicniúil Eorpach atá le heisiúint;

(c)

i gcás nach bhfuil an táirge cumhdaithe, nó nach bhfuil sé cumhdaithe go hiomlán, le haon sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, déanfaidh an CMT na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó na nósanna sin arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) a chur i bhfeidhm.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, déanfaidh an CMT eagraíocht na CMTanna agus an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le hinneachar na hiarrata agus leis an tagairt do chinneadh ábhartha ón gCoimisiún i ndáil le measúnú agus le fíorú seasmhachta feidhmíochta, ar cinneadh é a bheartaíonn an CMT a chur i bhfeidhm i gcás an táirge sin, nó déanfaidh an CMT iad a chur ar an eolas nach ann do chinneadh den sórt sin ón gCoimisiún.

3.   Má mheasann an Coimisiún nach ann do chinneadh iomchuí i ndáil le measúnú agus le fíorú seasmhachta feidhmíochta don táirge foirgníochta, beidh feidhm ag Airteagal 28.

Airteagal 22

Foilsiú

Déanfar na Doiciméid um Measúnú Eorpach arna nglacadh ag eagraíocht na CMTanna a chur chuig an gCoimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún liosta tagairtí na nDoiciméad críochnaitheach um Measúnú Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilseoidh an Coimisiún aon fhaisnéis lena ndéantar an liosta sin a chur cothrom le dáta.

Airteagal 23

Aighneas a réiteach i gcás easaontais idir CMTanna

Mura n-aontóidh na CMTanna maidir leis an Doiciméad um Measúnú Eorpach laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, déanfaidh eagraíocht na CMTanna an t-ábhar seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin ionas go réiteofar mar is iomchuí é.

Airteagal 24

Inneachar an Doiciméid um Measúnú Eorpach

1.   Maidir le Doiciméad um Measúnú Eorpach, beidh tuairisc ghinearálta ann, ar a laghad, ar an táirge foirgníochta, liosta de na saintréithe sár-riachtanacha, atá ábhartha maidir le húsáid bheartaithe an táirge dá bhforáiltear ag an monaróir, agus arna gcomhaontú idir an monaróir agus eagar CMTanna chomh maith le modhanna agus na critéir chun feidhmíocht an táirge a mheasúnú i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha sin.

2.   Déanfar na prionsabail don rialú ar tháirgeacht mhonarchan is infheidhme agus a bheidh le cur i bhfeidhm a leagan amach sa Doiciméad um Measúnú Eorpach, agus coinníollacha phróiseas monaraíochta an táirge foirgníochta lena mbaineann á gcur san áireamh.

3.   I gcás ina bhféadfar measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht roinnt de thréithe sár-riachtanacha an táirge le modhanna agus le critéir atá bunaithe cheana féin i sonraíochtaí eile teicniúla atá comhchuibhithe nó sna Treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 66(3), nó a úsáidfear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 89/106/CEE roimh an 1 Iúil 2013 i gcomhthéacs doiciméid um fhormheas teicniúil Eorpach a eisiúint, déanfar na modhanna agus na critéir sin atá ann faoi láthair a ionchorprú mar chodanna den Doiciméad um Measúnú Eorpach.

Airteagal 25

Agóidí foirmiúla i gcoinne Doiciméad um Measúnú Eorpach

1.   I gcás ina measann Ballstát nó an Coimisiún nach gcomhlíonann Doiciméad um Measúnú Eorpach na héilimh atá le freastal orthu ina n-iomláine maidir leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann nó an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht, agus tabharfaidh sé a argóintí le fios. Tar éis dó dul i gcomhairle le heagraíocht na CMTanna, tabharfaidh an Buanchoiste um Fhoirgníocht a thuairim uaidh gan mhoill.

2.   I bhfianaise thuairim an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí do na Doiciméid um Measúnú Eorpach lena mbaineann a fhoilsiú, gan iad a fhoilsiú, iad a fhoilsiú faoi réir srianta, iad a choimeád ar bun, nó iad a choimeád ar bun faoi réir srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó iad a tharraingt siar as an Iris sin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún eagraíocht na CMTanna ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sé go n-athbhreithneofaí an Measúnú Teicniúil Eorpach lena mbaineann, más gá sin.

Airteagal 26

Measúnú Teicniúil Eorpach

1.   Eiseoidh CMT an Measúnú Teicniúil Eorpach, arna iarraidh sin do mhonaróir ar bhonn Dhoiciméid um Measúnú Eorpach a bhunaítear i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II.

Ar an gcoinníoll go bhfuil Doiciméad um Measúnú Eorpach ann, féadfar Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint fiú sa chás inar eisíodh sainordú le haghaidh caighdeáin chomhchuibhithe. Féadfar eisiúint den sórt sin a dhéanamh go dtí tús na tréimhse cómhaireachtála arna cinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(5).

2.   Áireofar leis an Measúnú Teicniúil Eorpach an fheidhmíocht a bheidh le dearbhú, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, is feidhmíocht na saintréithe sár-riachtanacha sin arna gcomhaontú idir an monaróir agus an CMT a gheobhaidh an iarraidh ar an Measúnú Teicniúil Eorpach, agus na mionsonraí teicniúla a bheidh riachtanach chun an córas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a chur chun feidhme.

3.   Chun cur chun feidhme comhionann an Airteagail seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáid an Mheasúnaithe Theicniúil Eorpaigh a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 64(2).

Airteagal 27

Leibhéil nó aicmí feidhmíochta

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta.

2.   I gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta, bainfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú úsáid as na haicmí sin i gcaighdeáin chomhchuibhithe. Úsáidfidh eagraíocht na CMTanna na haicmí sin i nDoiciméid um Measúnú Eorpach, i gcás ina mbeidh sé sin ábhartha.

Sa chás nach bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ag an gCoimisiún i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha táirgí foirgníochta, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe.

3.   I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna sainorduithe ábhartha, bunóidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú leibhéil tairsí i gcaighdeáin chomhchuibhithe i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha agus, nuair is iomchuí, le haghaidh úsáidí arna mbeartú, ar leibhéil iad a bheidh le comhall ag táirgí foirgníochta i mBallstáit.

4.   I gcás ina bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ag comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcaighdeán comhchuibhithe, úsáidfidh eagraíocht na CMTanna na haicmí sin sna Doiciméid um Measúnú Eorpach más ábhartha iad don táirge foirgníochta.

Nuair a mheasfar gurb iomchuí, féadfaidh eagraíocht na CMTanna, le comhaontú ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, aicmí feidhmíochta agus leibhéil tairsí a bhunú i nDoiciméad um Measúnú Eorpach i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha atá ag táirge foirgníochta laistigh den úsáid atá beartaithe de réir mar a shamhlaíonn an monaróir.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun coinníollacha a bhunú faoina measfar go gcomhlíonann táirge foirgníochta leibhéal áirithe feidhmíochta nó aicme áirithe feidhmíochta gan tástáil nó gan tástáil bhreise.

Más rud é nach bhfuil coinníollacha den sórt sin bunaithe ag an gCoimisiún, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe.

6.   Nuair a bheidh córais aicmithe bunaithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, ní fhéadfaidh na Ballstáit na leibhéil feidhmíochta nó na haicmí feidhmíochta a bheidh le hurramú ag táirgí foirgníochta a chinneadh ach amháin maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha i gcomhréir leis na córais aicmithe sin.

7.   Déanfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú agus eagraíocht na CMTanna, riachtanais rialála na mBallstát a urramú, nuair a bheidh leibhéil tairsí nó aicmí feidhmíochta á gcinneadh.

Airteagal 28

Measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta

1.   Déanfar measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta táirgí foirgníochta, i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha, a chur i gcrích i gcomhréir le ceann de na córais arna leagan amach in Iarscríbhinn V.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, agus an tionchar ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine agus ar an gcomhshaol á chur san áireamh go háirithe, a shuíomh cén córas nó cé na córais is infheidhme maidir le táirge foirgníochta áirithe nó aicme táirgí foirgníochta áirithe nó saintréith sár-riachtanach áirithe, agus féadfaidh sé an méid sin a athbhreithniú. Agus é seo á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún an taithí arna dhoiciméadú a bheidh curtha ar aghaidh ag údaráis náisiúnta i ndáil le faireachas margaidh a chur san áireamh freisin.

Roghnóidh an Coimisiún an córas nó na córais lena mbaineann an t-ualach is éadroime a bheidh i gcomhréir le comhall na mbuncheanglas uile i leith oibreacha foirgníochta.

3.   Léireofar an córas arna shocrú amhlaidh sna sainorduithe le haghaidh caighdeán comhchuibhithe agus sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

CAIBIDIL V

COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ TEICNIÚIL

Airteagal 29

CMTanna a ainmniú, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu

1.   Féadfaidh na Ballstáit CMTanna a ainmniú laistigh dá gcríocha, go háirithe i gcás ceann amháin nó níos mó de na réimsí táirgí atá liostaithe i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV.

Na Ballstáit sin a bhfuil CMT ainmnithe acu, déanfaidh siad a ainm, a sheoladh agus na réimsí táirgí ar ainmníodh an CMT sin dóibh a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na CMTanna a chur ar fáil don phobal go leictreonach, agus léireoidh sé na réimsí táirgí ar ainmníodh na CMTanna dóibh, agus é ag iarraidh an leibhéal is airde trédhearcachta a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún an t-eolas is deireanaí, más ann dó, a bhaineann leis an liosta sin a chur ar fáil don phobal.

3.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar ghníomhaíochtaí agus ar inniúlacht na CMTanna a bheidh ainmnithe acu, agus déanfaidh siad meastóireacht orthu i ndáil leis na ceanglais lena mbaineann agus a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV.

Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta chun CMTanna a ainmniú, maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar ar a ngníomhaíocht agus ar a n-inniúlacht, agus maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis sin.

4.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le meastóireacht a dhéanamh ar CMTanna, tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht.

Airteagal 30

Ceanglais ar na CMTanna

1.   Déanfaidh CMT an measúnú agus eiseoidh sé an Measúnú Teicniúil Eorpach i réimse táirgí ar ainmníodh chuige é.

Déanfaidh an CMT na ceanglais a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh de réir raon feidhme a ainmniúcháin.

2.   Déanfaidh CMT a eagraghram agus ainmneacha chomhaltaí a chomhlachtaí inmheánacha cinnteoireachta a chur ar fáil go poiblí.

3.   I gcás nach gcomhlíonann CMT na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh, tarraingeoidh an Ballstát ainmniú an CMT sin siar don réimse táirgí a bheidh i gceist agus cuirfidh sé an tarraingt siar sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Airteagal 31

Comhordú na CMTanna

1.   Bunóidh na CMTanna eagraíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh.

2.   Maidir le heagraíocht na CMTanna, measfar gur comhlacht é a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige de réir bhrí Airteagal 162 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach a chur chun feidhme (15).

3.   Féadfar na comhchuspóirí comhoibrithe agus na coinníollacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le deontais a thugtar d’eagraíocht na CMTanna a shainmhíniú i gcreatchomhaontú comhpháirtíochta arna shíniú ag an gCoimisiún agus an eagraíocht sin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (16) (an Rialachán Airgeadais) agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon chomhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích.

4.   Déanfaidh eagraíocht na CMTanna na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a chomhlíonadh:

(a)

comhordú na CMTanna a eagrú agus, más gá, comhar agus comhairliúchán le geallsealbhóirí eile a áirithiú;

(b)

a chinntiú go roinnfear samplaí dea-chleachtais idir CMTanna ar mhaithe le níos mó éifeachtúlachta a chur chun cinn agus seirbhís níos fearr a thabhairt do lucht tionscail;

(c)

cur i bhfeidhm na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II a chomhordú agus an tacaíocht is gá chuige sin a chur ar fáil;

(d)

Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh;

(e)

an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon cheist a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus maidir le haon ghnéithe a bhaineann le léiriú na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II agus feabhsuithe a mholadh don Choimisiún atá bunaithe ar an taithí atá faighte;

(f)

aon bharúlacha maidir le CMT nach bhfuil a gcúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát a d’ainmnigh an CMT;

(g)

a áirithiú go ndéanfar Doiciméid um Measúnú Eorpach atá glactha agus tagairtí do Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha a choimeád ar fáil go poiblí.

Beidh Rúnaíocht ag eagraíocht na CMTanna chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go rannchuideoidh na CMTanna le hacmhainní daonna agus airgeadais d’eagraíocht na CMTanna.

Airteagal 32

Maoiniú ón Aontas

1.   Féadfar maoiniú ón Aontas a dheonú d’eagraíocht na CMTanna le haghaidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 31(4) a chur chun feidhme.

2.   Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí arna gcionroinnt ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 31(4) a chinneadh gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais a bheidh i bhfeidhm.

Airteagal 33

Socruithe um maoiniú

1.   Déanfar maoiniú ón Aontas a chur ar fáil, gan ghlao ar thograí a dhéanamh, d’eagraíocht na CMTanna chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 31(4) a chur chun feidhme agus ar féidir deontais a dhámhachtain ina leith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh Rúnaíocht eagraíocht na CMTanna, dá dtagraítear in Airteagal 31(4), a mhaoiniú ar bhonn deontas oibriúcháin. I gcás athnuachana, ní laghdófar na deontais oibriúcháin go huathoibríoch.

3.   Féadfar le comhaontuithe deontais cumhdach bhunráta d’fhorchostais an tairbhí a údarú go dtí uasmhéid 10 % de chostais dhíreacha incháilithe iomlána le haghaidh gníomhaíochtaí, ach amháin i gcás ina mbeidh costais indíreacha an tairbhí cumhdaithe trí dheontas oibriúcháin arna mhaoiniú as buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 34

Bainistíocht agus faireachán

1.   Féadfar leis na leithreasaí a chinnfidh an t-údarás buiséadach chun cúraimí a mhaoiniú a leagtar amach in Airteagal 31(4) caiteachais riaracháin a chumhdach freisin, ar caiteachais iad a bhaineann le hullmhúchán, le faireachán, le cigireacht, le hiniúchadh agus le meastóireacht agus a bhfuil gá go díreach leo chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilsithe, caiteachais a bhaineann le líonraí faisnéisíochta chun faisnéis a mhalartú agus aon chaiteachas eile maidir le cúnamh riaracháin agus teicniúil a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh agus le Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint.

2.   I bhfianaise cheanglais na mbeartas agus na reachtaíochta Aontais, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ábharthacht na gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 31(4) agus a fhaigheann maoiniú ón Aontas agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Eanáir 2017 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 35

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Nuair atá na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, i gcoinne an éillithe agus i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (17), le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (18) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a sheolfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (19).

2.   I gcás gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, ciallóidh coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de chuid dhlí an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach a tharlóidh de dheasca gnímh nó neamhghnímh de chuid oibreora eacnamaíoch a bhfuil d’éifeacht aige, nó a mbeadh d’éifeacht aige, go ndéanfadh mír chaiteachais nach mbeadh údar maith léi dochar do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid a bhainistíonn an tAontas Eorpach.

3.   Forálfar le haon chomhaontuithe agus le haon chonarthaí a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, faireachán agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, ar iniúchtaí iad a fhéadfar a dhéanamh ar an láthair, más gá.

CAIBIDIL VI

NÓSANNA IMEACHTA SIMPLITHE

Airteagal 36

Doiciméadúchán Teicniúil Iomchuí a Úsáid

1.   Le linn cineál táirge a chinneadh, féadfaidh monaróir Doiciméadúchán Teicniúil Iomchuí a chur in ionad na cineál-tástála nó in ionad an chineál-áirimh, ar doiciméadúchán é ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás saintréithe sár-riachtanaí amháin nó níos mó de chuid an táirge foirgníochta, arna chur ar an margadh ag an monaróir, go meastar go bhfuil leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag an táirge gan tástáil ná áireamh, nó gan a thuilleadh tástála ná áirimh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó i gcinneadh ón gCoimisiún;

(b)

maidir leis an táirge foirgníochta, atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe, agus a chuireann an monaróir ar an margadh, go bhfreagraíonn sé do chineál táirge foirgníochta eile, arna dhéanamh ag monaróir eile, ar táirge é a ndearnadh tástáil air cheana i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo, beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an táirge eile seo nó do chuid de na torthaí tástála sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála a úsáid a gheobhaidh monaróir eile ach amháin tar éis dó údarú an mhonaróra sin a fháil roimh ré, agus leanfaidh an monaróir eile sin de bheith freagrach as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht thorthaí na dtástálacha sin; nó

(c)

maidir leis an táirge foirgníochta atá cumhdaithe le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, agus a chuireann an monaróir ar an margadh, gurb é atá ann ná córas atá déanta de chomhpháirteanna a chóimeálann an monaróir go cuí de réir treoracha beachta arna gcur ar fáil ag soláthróir córais den sórt sin, nó ag soláthróir comhpháirte a ghabhann le córas den sórt sin, ar soláthróir é a thástáil an córas nó an chomhpháirt sin cheana féin le haghaidh saintréithe sár-riachtanaí amháin nó le haghaidh roinnt saintréithe sár-riachtanacha dá thréithe i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí uile na dtástálacha uile ar an gcóras nó ar an gcomhpháirt a soláthraíodh dó, nó do chuid de thorthaí na dtástálacha sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála a fhaigheann monaróir eile nó soláthraí córais eile a úsáid ach amháin tar éis dó údarú an mhonaróra sin nó an tsoláthróra córais eile sin a fháil roimh ré agus leanfaidh an monaróir eile sin nó an soláthróir córais sin de bheith freagrach as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht na dtástálacha sin.

2.   Más rud é go mbaineann an táirge foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1 + nó 1, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V an córas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, is infheidhme maidir leis, déanfaidh comhlacht deimhnithe táirge dá dtugtar fógra agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn V an Doiciméadúchán Teicniúil Iomchuí dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú.

Airteagal 37

Micrifhiontair d’úsáid nósanna imeachta simplithe

Féadfaidh micrifhiontar a mhonaraíonn táirgí foirgníochta atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe cinneadh an chineáil táirge ar bhonn cineál-tástála a chur in ionad chórais infheidhme 3 agus 4 arna leagan amach in Iarscríbhinn V trí mhodhanna a úsáid atá éagsúil leo sin atá sa chaighdeán comhchuibhithe is infheidhme. Féadfaidh na monaróirí sin déileáil le táirgí foirgníochta lena mbaineann córas 3 i gcomhréir leis na forálacha le haghaidh chóras 4. Nuair a úsáidfidh monaróir na nósanna imeachta simplithe sin, léireoidh an monaróir go mbeidh na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag an táirge foirgníochta trí bhíthin Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh agus léireoidh sé coibhéis na nósanna imeachta a úsáidtear leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe.

Airteagal 38

Nósanna imeachta simplithe eile

1.   Maidir le táirgí foirgníochta atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe agus a mhonaraítear nó a shaincheaptar go leithleach i bpróiseas neamhshrathach mar fhreagairt ar ordú sonrach, agus a chuirtear isteach i saothar sainaitheanta foirgníochta amháin, féadfaidh an monaróir Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a chur in ionad an chuid den chóras infheidhme ina ndéantar measúnú feidhmíochta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar doiciméadúchán é lena léirítear go gcomhlíonann an táirge sin na ceanglais is infheidhme agus coibhéis na nósanna imeachta a úsáidtear leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe.

2.   Más rud é go mbaineann an táirge foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1 + nó 1, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, an córas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta is infheidhme maidir leis, déanfaidh comhlacht deimhnithe táirge dá dtugtar fógra agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn V an Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a fhíorú.

CAIBIDIL VII

NA hÚDARÁIS A THUGANN FÓGRA AGUS NA COMHLACHTAÍ DÁ dTUGTAR FÓGRA

Airteagal 39

Fógra

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaca leis na comhlachtaí atá údaraithe chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta faoin Rialachán seo (dá ngairtear “comhlachtaí dá dtugtar fógra” anseo feasta).

Airteagal 40

Na húdaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as bunú agus cur i gcrích na nósanna imeachta is gá d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh le húdarú le cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta chun críocha an Rialacháin seo, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n-áirítear comhlíonadh fhorálacha Airteagal 43 acu.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh a gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe féin, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a thugann fógra an measúnú, tabhairt an fhógra, nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chun comhlachta nach eintiteas rialtais é, is eintiteas dlíthiúil a bheidh sa chomhlacht sin agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 41. Lena chois sin, déanfar socruithe ionas go gclúdóidh an comhlacht sin dliteanais a bheidh ann de thoradh a ghníomhaíochtaí.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí arna gcur i gcrích ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 41

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar an t-údarás a thugann fógra sa chaoi nach dtarlóidh aon choinbhleachtaí leasa leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra.

2.   Déanfar an t-údarás a thugann fógra a eagrú agus a oibriú sa chaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.

3.   Déanfar an t-údarás a thugann fógra a eagrú ar shlí a fhágann, maidir le gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht atá le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, go ndéanfaidh daoine inniúla na cinntí sin, ar daoine iad nach ionann agus na daoine a rinne an measúnú.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí dá dtugtar fógra, ná aon seirbhísí sainchomhairle ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.

5.   Coimirceoidh an t-údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheofar.

6.   Beidh fáil ag an údarás a thugann fógra ar dhóthain pearsanra inniúil chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh go cuí.

Airteagal 42

An oibleagáid atá ar na Ballstáit maidir le faisnéis

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir lena nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann air sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 43

Ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Chun críche fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 11.

2.   Déanfar comhlacht dá dtugtar fógra a bhunú faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3.   Is comhlacht tríú páirtí a bheidh i gcomhlacht dá dtugtar fógra agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge foirgníochta a ndéanann sé measúnú air.

Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht thar ceann gnóthais a ghabhann do dhearadh, do mhonarú, do sholáthar, do chóimeáil, d’úsáid nó do chothabháil táirgí foirgníochta a ndéanann sé measúnú orthu, féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4.   Ní ceadmhach, maidir le comhlacht dá dtugtar fógra, maidir lena lucht bainistíochta ardleibhéil ná maidir leis an bpearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, gurb é atá iontu ná dearthóir, monaróir, soláthróir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná lucht cothabhála na dtáirgí foirgníochta a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí údaraithe aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sé sin úsáid a bhaint as táirgí measúnaithe atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta dá dtugtar fógra ná úsáid táirgí chun críoch pearsanta.

Maidir le comhlacht dá dtugtar fógra, lena lucht bainistíochta ardleibhéil agus leis an bpearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, le monarú ná le déantús na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní bheidh baint dhíreach acu le margú, le suiteáil, le húsáid ná le cothabháil na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir lena neamhspleáchas, lena mbreithiúnas, ná lena n-ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dóibh fúthu. Beidh feidhm ag an gceanglas seo go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh comhlacht dá dtugtar fógra nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht, ná do neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus/nó fíorú.

5.   Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, agus a phearsanra, na cúraimí tríú páirtí sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus is féidir agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse i dtrácht, agus ní mór go mbeidh siad saor ó gach brú agus aslú, go háirithe de chineál airgeadais, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas agus/nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus fíorú, go háirithe ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé ar chumas comhlachta dá dtugtar fógra na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a chur i gcrích, ar cúraimí iad a shanntar dó i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus ar tugadh fógra dó ina leith, cibé acu a chuirfidh an comhlacht féin dá dtugtar fógra na cúraimí sin i gcrích nó a chuirfear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

Gach tráth agus maidir le gach aon chóras measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, agus maidir le gach cineál nó gach catagóir táirge foirgníochta, maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha agus maidir leis na cúraimí ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra ar an méid seo a leanas:

(a)

an pearsanra is gá agus a bhfuil eolas teicniúil acu agus a bhfuil taithí dhóthanach iomchuí acu chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta;

(b)

an tuairisc is gá ar na nósanna imeachta a ndéanfar an measúnú feidhmíochta dá réir, lena n-áirithítear trédhearcacht agus cumas atáirgthe na nósanna imeachta seo; beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a chuireann sé i gcrích mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;

(c)

na nósanna imeachta is gá chun a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh, agus lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge a bheidh i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, cibé acu is olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá i gceist leis an bpróiseas táirgthe.

Beidh ag comhlacht dá dtugtar fógra na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dó ina dtaobh a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh teacht aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

7.   Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí a chur i gcrích, ar gníomhaíochtaí iad ar tugadh fógra don chomhlacht ina leith:

(a)

oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chlúdóidh na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta fheidhmíochta laistigh den raon feidhme ábhartha ar tugadh fógra don chomhlacht ina thaobh;

(b)

eolas sásúil ar na ceanglais maidir leis na measúnuithe agus na fíoruithe a dhéanann siad agus údarás dóthanach chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin;

(d)

an cumas is gá chun na deimhnithe, na taifid agus na tuarascálacha a tharraingt suas ionas go léireofar go ndearnadh na measúnuithe agus na fíoruithe.

8.   Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta dá dtugtar fógra, a luchta bhainistíochta ardleibhéil agus a phearsanra measúnaithe.

Ní bheidh luach saothair lucht bainistíochta ardleibhéil an chomhlachta dá dtugtar fógra ná pearsanra measúnaithe an chomhlachta sin ag brath ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Gheobhaidh an comhlacht dá dtugtar fógra árachas dliteanais mura rud é go nglacfaidh an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó go bhfuil an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú agus/nó as an bhfíorú a dhéantar.

10.   Beidh sé de cheangal ar phearsanra an chomhlachta dá dtugtar fógra rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a chuid cúraimí faoi Iarscríbhinn V a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla riaracháin an Bhallstáit ina gcuirtear a chuid gníomhaíochtaí i gcrích. Cosnófar cearta dílseánaigh.

11.   Beidh an comhlacht dá dtugtar fógra páirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha caighdeánaithe agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a bhunaítear leis an Rialachán seo, nó áiritheoidh sé go mbeidh a phearsanra measúnaithe ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin uile, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí riaracháin agus na doiciméid a bheidh mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

Airteagal 44

Toimhde na comhréireachta

Maidir le comhlacht dá dtugtar fógra, ar comhlacht é a bhfuil údarú le tabhairt dó chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta agus a thaispeánann go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, ar nithe iad a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar ina leith go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 43 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 45

Fochuideachtaí agus fochonraitheoirí de chuid na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann leis na cúraimí tríú páirtí sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a thabhairt d’fhochonraitheoirí, nó i gcás ina mbainfidh sé leas as fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an fochonraitheoir nó an fochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 43, agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir.

2.   Glacfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra lánfhreagracht as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit ina mbeidh siad bunaithe.

3.   Ní fhéadfaidh fochuideachta gníomhaíochtaí a dhéanamh, ná iad a ligean ar fochonradh, gan toiliú an chliaint.

4.   Maidir leis na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí aon fhochonraitheora nó an fhochuideachta agus na doiciméid a bhaineann leis na cúraimí a dhéanfaidh aon fhochonraitheoir nó an fochuideachta faoi Iarscríbhinn V, áiritheoidh an comhlacht dá dtugtar fógra go mbeidh siad ar fáil i gcónaí don údarás a thugann fógra.

Airteagal 46

Saoráidí a úsáid lasmuigh de shaotharlann tástála an chomhlachta dá dtugtar fógra

1.   Ar iarraidh ón monaróir agus i gcás in mbeidh údar maith ann ar chúiseanna teicniúla, eacnmaíocha nó lóistíochúla, féadfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a chinneadh go ndéanfaidh siad na tástálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, maidir leis na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta 1+, 1 agus 3, nó go gcuirfidh siad iad á ndéanamh faoina maoirseacht, sna gléasraí monaraíochta ag úsáid trealamh tástála shaotharlann inmheánach an mhonaróra nó, le toiliú roimh ré an mhonaróra, i saotharlann sheachtrach ag úsáid trealamh tástála na saotharlainne sin.

Maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra agus a mbeidh na tástálacha sin á ndéanamh acu ainmnithe, ba cheart go-ainmeofaí go sonrach iad mar chomhlachtaí atá inniúil le dul i mbun oibre in ionad eile lasmuigh dá saoráidí tástála creidiúnaithe féin.

2.   Sula ndéanfaidh sé na tástálacha sin, fíoróidh an comhlacht dá dtugtar fógra cé acu a bheidh na ceanglais maidir leis an modh tástála á gcomhlíonadh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na nithe seo a leanas:

(a)

an bhfuil córas iomchuí calabrúcháin ag an trealamh tástála agus an bhféadfar inrianaitheacht na dtoisí a ráthú;

(b)

an bhfuil cáilíocht thorthaí na tástála á háirithiú.

Airteagal 47

Iarratas ar fhógra

1.   Maidir le comhlacht a bheidh le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta, cuirfidh sé isteach iarratas ar fhógra chuig údarás an Bhallstáit a thugann fógra ina bhfuil an comhlacht sin bunaithe.

2.   In éineacht leis an iarratas beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, na nósanna imeachta um measúnú agus/nó um fhíorú a maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil ina leith, mar aon le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena bhfianaítear go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 43 á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht.

3.   Más rud é nach féidir leis an gcomhlacht i dtrácht deimhniú creidiúnaithe a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá d’fhonn comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 43 a fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air.

Airteagal 48

Nós imeachta chun fógra a thabhairt

1.   Ní thabharfaidh údaráis a thugann fógra aon fhógra do chomhlachtaí nach mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 43 á gcomhlíonadh acu.

2.   Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go háirithe trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

Go heisceachtúil, sna cásanna sin a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V agus nach mbeidh an uirlis iomchuí leictreonach ar fáil dóibh, glacfar le cóip chrua den fhógra.

3.   Beidh san fhógra na sonraí uile faoi na feidhmeanna a bheidh le déanamh, tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha agus, chun críocha an chórais a leagtar amach in Iarscríbhinn V, na saintréithe sár-riachtanacha a bhfuil an comhlacht inniúil ina leith.

Ní gá tagairt a dhéanamh, áfach, don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha sna cásanna a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V.

4.   I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 47(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile: an fhianaise dhoiciméadach uile lena bhfianófar inniúlacht an chomhlachta agus lena bhfianófar na socruithe a bheidh déanta ar bhealach ina n-áiritheofar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé air ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 43.

5.   I gcás ina n-úsáidfear deimhniú creidiúnaithe, ní fhéadfaidh an comhlacht i dtrácht na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht dá dtugtar fógra a chur i gcrích ach amháin mura ndéanfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain ón uair a thabharfar fógra, nó, i gcás nach n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra.

Chun críche an Rialacháin seo ní mheasfar gur comhlacht a thugann fógra aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é.

6.   Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir le haon athruithe ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 49

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht dá dtugtar fógra.

Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear sa liosta na huimhreacha aitheantais a leithdháileadh orthu agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina leith, agus, go háirithe is trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra a chuirfear ar fáil an liosta sin, ar uirlis í arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta seo cothrom le dáta.

Airteagal 50

Athruithe ar an bhfógra

1.   I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 43 a thuilleadh, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhall, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, agus é sin ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach, go háirithe tríd an uirlis leictreonach lena dtugtar fógra, arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar an fógra a tharraingt siar, a shrianadh nó a chur ar fionraí nó i gcás ina scoirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát áirithe a thugann fógra na bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an chomhlachta chéadluaite a phróiseáil nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis fhaireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 51

Cur i gcoinne inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás ina mbeidh sé in amhras, nó ina dtabharfar le fios dó go bhfuiltear in amhras, faoi inniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhall.

2.   Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, déanfaidh sé an fhaisnéis uile a bhainfidh leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta i dtrácht a choimeád ar bun, arna iarraidh sin, a sholáthar don Choimisiún.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún, maidir leis an bhfaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe, go ndéileálfar léi mar ábhar rúnda.

4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.

Airteagal 52

Na hoibleagáidí oibríochtúla atá ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra cúraimí tríú páirtí a chomhall i gcomhréir leis na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V.

2.   Déanfar measúnuithe agus fíoruithe ar sheasmhacht feidhmíochta go trédhearcach i dtaca leis an monaróir de, agus ar bhealach comhréireach, agus i slí ina seachnaítear ualach gan ghá d’oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil an gnóthas ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i dtrácht agus ar chineál an phróisis táirgthe, cibé acu an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.

Le linn dóibh déanamh amhlaidh, déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra, dá ainneoin sin, an déine a cheanglaítear leis an Rialachán seo i leith an táirge agus an ról atá ag an táirge i ndáil le comhall na mbuncheanglas uile i leith oibreacha foirgníochta a urramú.

3.   Más rud é, le linn an t-iniúchadh tosaigh a dhéanamh ar an ngléasra monaraíochta agus ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan, go bhfaighidh comhlacht dá dtugtar fógra amach nach ndearna an monaróir seasmhacht feidhmíochta an táirge mhonaraithe a áirithiú, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú.

4.   Más rud é, le linn na gníomhaíochta faireacháin arb é is aidhm dó seasmhacht feidhmíochta an táirge mhonaraithe a fhíorú, go bhfaighidh comhlacht dá dtugtar fógra amach nach bhfuil an leibhéal céanna feidhmíochta ag táirge foirgníochta a thuilleadh i gcomparáid le leibhéal feidhmíochta an chineáil táirge, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé a dheimhniú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar é, más gá sin.

5.   I gcás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó i gcás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon deimhnithe a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 53

Oibleagáidí faisnéise do na comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a dhéantar i ndáil le deimhnithe;

(b)

aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra agus/nó do na coinníollacha a bhaineann le fógraí;

(c)

aon iarraidh a gheobhaidh siad ó údaráis fhaireachais margaidh ar fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí a dhéanfar maidir le measúnú agus/nó fíorú seasmhachta feidhmíochta;

(d)

arna iarraidh sin orthu, cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra, déanfaidh siad faisnéis ábhartha faoi shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin orthu, torthaí dearfacha na measúnuithe sin agus/nó na bhfíoruithe sin a sholáthar do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo agus a chomhallann cúraimí tríú páirtí comhchosúla i gcomhréir leis na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta agus le haghaidh táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe chéanna.

Airteagal 54

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát arb iad na húdaráis iad atá freagrach as an mbeartas maidir le fógraí a thabhairt.

Airteagal 55

Na comhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhordú

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú iomchuí agus comhar iomchuí ar bun idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Airteagal 39 agus go n-oibreofar an comhordú agus an comhar sin go cuí, eadhon, i bhfoirm grúpa comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra páirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe nó áiritheoidh siad go gcoimeádfar ionadaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar an eolas maidir leis an méid sin.

CAIBIDIL VIII

FAIREACHAS MARGAIDH AGUS NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE

Airteagal 56

Nós imeachta chun déileáil, ar leibhéal náisiúnta, le táirgí foirgníochta a bhfuil riosca ag baint leo

1.   I gcás ina bhfuil údaráis fhaireachais margaidh de chuid Bhallstáit amháin tar éis gníomhaíocht a dhéanamh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó i gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach acu lena chreidiúint, maidir le táirge foirgníochta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe nó maidir le táirge foirgníochta ar eisíodh Doiciméad um Measúnú Eorpach ina leith, nach mbaineann an táirge sin an fheidhmíocht dhearbhaithe amach agus go mbaineann riosca leis do chomhall na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann ag féachaint do na ceanglais faoi seach a leagtar síos leis an Rialachán seo. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis fhaireachais margaidh.

I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis fhaireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge foirgníochta na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile is gá a dhéanamh chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin, go háirithe an fheidhmíocht dhearbhaithe, nó ceanglóidh siad air an táirge a tharraingt siar ón margadh, nó é a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach, ar tréimhse í a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann agus ar tréimhse í a fhorordóidh siad.

Cuirfidh na húdaráis fhaireachais margaidh an comhlacht dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin, má tá baint ag comhlacht dá dtugtar fógra leis an ábhar.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

2.   I gcás ina measann na húdaráis fhaireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí ar chuir siad de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch iad a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí go léir maidir leis na táirgí foirgníochta uile lena mbaineann agus atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch sin.

4.   I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis fhaireachais margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile is gá chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh náisiúnta nó chun an táirge foirgníochta a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghlaoch.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.

5.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint, a ionad tionscnaimh, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh, mar aon leis na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha ar aghaidh. Go háirithe, tabharfaidh na húdaráis fhaireachais margaidh léiriú i dtaobh an ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a)

i dtaca leis an táirge de, gan an fheidhmíocht dhearbhaithe a bheith bainte amach agus/nó gan na ceanglais a bhaineann le comhall na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith comhlíonta;

(b)

easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó sa Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuireann tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann, agus, i gcás easaontais leis an mbeart náisiúnta faoinar tugadh fógra, maidir lena gcuid agóidí.

7.   Más rud é, laistigh de chúig lá oibre dhéag tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach mbeidh aon Bhallstát ná an Coimisiún tar éis aon agóid a dhéanamh faoi bheart sealadach arna dhéanamh ag Ballstát i dtaca leis an táirge foirgníochta lena mbaineann, measfar údar maith a bheith leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí gan mhoill i dtaca leis an táirge foirgníochta lena mbaineann, amhail an táirge a tharraingt siar ón margadh.

Airteagal 57

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 56(3) agus (4) a thabhairt chun críche, go ndéanfar agóidí i gcoinne birt náisiúnta atá déanta ag Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar maith leis an mbeart nó nach bhfuil.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch/do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

2.   I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge foirgníochta neamhchomhlíontach siar óna gcuid margaí agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3.   I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnamh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 56(5), déanfaidh an Coimisiún an comhlacht ábhartha Eorpach um chaighdeánú nó na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú a chur ar an eolas agus leagfaidh sé an t-ábhar os comhair an Choiste arna chur ar bun faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE. Rachaidh an Coiste sin i gcomhairle leis an gcomhlacht ábhartha Eorpach um chaighdeánú nó leis na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú agus tabharfaidh sé a thuairim gan mhoill.

I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnamh sa Doiciméad um Measúnú Eorpach nó sa Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 56(5), leagfaidh an Coimisiún an t-ábhar os comhair an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht agus glacfaidh sé na bearta iomchuí dá éis sin.

Airteagal 58

Táirgí foirgníochta atá comhlíontach ach a bhfuil riosca ag baint leo fós do shláinte agus do shábháilteacht

1.   Más rud é, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 56(1), go bhfaighidh Ballstát amach, cé go gcomhlíonann táirge foirgníochta an Rialachán seo, go mbaineann riosca leis do chomhall na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta nó do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile a bhaineann le cosaint leas an phobail, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an táirge foirgníochta lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é, chun an táirge foirgníochta a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach, ar tréimhse í a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann agus ar tréimhse í a fhorordóidh sé.

2.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar aon ghníomhaíocht cheartaitheach maidir leis na táirgí foirgníochta uile lena mbaineann agus atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch sin.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge foirgníochta lena mbaineann a shainaithint, ionad tionscnaimh agus slabhra soláthair an táirge, an cineál riosca a bhaineann leis, agus cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar maith leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

5.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch (do na hoibreoirí eacnamaíocha) ábhartha láithreach.

Airteagal 59

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 56, i gcás ina bhfaighidh Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

gur greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 8 nó ar Airteagal 9;

(b)

nár greamaíodh an mharcáil CE, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh;

(c)

gan dochar d’Airteagal 5, nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta, i gcomhréir le hAirteagal 4, nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh;

(d)

nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7;

(e)

nach bhfuil an doiciméadúchán teicniúil ar fáil nó nach bhfuil sé iomlán.

2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát na bearta iomchuí uile is gá chun srian nó toirmeasc a chur ar an táirge foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh nó áiritheoidh sé go ndéanfar é a aisghlaoch nó a tharraingt siar ón margadh.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 60

Gníomhartha tarmligthe

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go háirithe deireadh a chur le srianta maidir le táirgí foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh agus srianta den sórt sin a sheachaint, déanfar na nithe seo a leanas a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 61 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 62 agus in Airteagal 63:

(a)

i gcás inarb iomchuí, cinneadh na saintréithe sár-riachtanacha nó na leibhéal tairsí laistigh d’aicmí sonracha táirgí foirgníochta, ar ina leith a dhéanfaidh an monaróir, i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 6 agus maidir leis an úsáid a bheartaítear dóibh, feidhmíocht tháirge an mhonaróra, nuair a chuirfear ar an margadh é, a dhearbhú de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc;

(b)

na coinníollacha faoina bhféadfar an dearbhú feidhmíochta a phróiseáil go leictreonach, chun go gcuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin é i gcomhréir le hAirteagal 7;

(c)

leasú ar an tréimhse ar lena linn a choinneoidh an monaróir an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta tar éis an táirge foirgníochta a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 11, ar leasú é a bheidh bunaithe ar mharthanacht ionchasach nó ar an ról atá ag an táirge foirgníochta sna hoibreacha foirgníochta;

(d)

Iarscríbhinn II a leasú agus, más gá, rialacha forlíontacha nós imeachta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) chun a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail atá in Airteagal 20, nó na rialacha nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a chur i bhfeidhm go praiticiúil;

(e)

Iarscríbhinn III, tábla 1 d’Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil;

(f)

aicmí feidhmíochta a bhunú agus a oiriúnú mar fhreagairt ar dhul chun cinn teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 27(1);

(g)

na coinníollacha faoina measfar go sásaíonn táirge foirgníochta leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta, gan tástáil nó gan tuilleadh tástála, i gcomhréir le hAirteagal 27(5), ar choinníoll nach ndéantar, dá bharr sin, comhall na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a chur i mbaol;

(h)

i gcomhréir le hAirteagal 28, na córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a oiriúnú, a bhunú agus a athbhreithniú i ndáil le táirge ar leith, le haicme táirge ar leith nó le saintréith sár-riachtanach ar leith agus i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i)

tábhacht an róil atá ag an táirge nó ag na saintréithe sár-riachtanacha sin maidir leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta;

(ii)

nádúr an táirge;

(iii)

an éifeacht atá ag inathraitheacht shaintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta i rith shaolré ionchasach an táirge; agus

(iv)

an dóchúlacht go mbeidh fabhtanna ann i monarú an táirge.

Airteagal 61

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 60 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana ón 24 Aibreán 2011. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a thabhairt maidir leis an gcumhacht tharmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 62.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 62 agus in Airteagal 63 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 62

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 60 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach lena gcinnfear an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra a thabhairt ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.   Cuirfidh an cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 63

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann an agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 64

Coiste

1.   Tabharfaidh Buanchoiste um Fhoirgníocht cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht in ann a bhfeidhmeanna a chomhall i slí ina seachnaítear coinbhleachtaí leasa, go háirithe i ndáil leis na nósanna imeachta chun an mharcáil CE a bhaint amach.

Airteagal 65

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoir 89/106/CEE.

2.   Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 66

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Measfar an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag táirgí foirgníochta a chuirfear ar an margadh i gcomhréir le Treoir 89/106/CEE roimh an 1 Iúil 2013.

2.   Féadfaidh monaróirí dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas ar bhonn deimhnithe comhréireachta nó dearbhaithe comhréireachta a eiseofar roimh an 1 Iúil 2013 i gcomhréir le Treoir 89/106/CEE.

3.   Féadfar treoirlínte um fhormheas teicniúil Eorpach a fhoilseofar roimh an 1 Iúil 2013 i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 89/106/CEE a úsáid mar Dhoiciméid um Measúnú Eorpach.

4.   Féadfaidh monaróirí agus allmhaireoirí formheasanna teicniúla Eorpacha a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 89/106/CEE roimh an 1 Iúil 2013 a úsáid mar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha le linn thréimhse bailíochta na bhformheasanna sin.

Airteagal 67

Tuairisciú ag an gCoimisiún

1.   Faoin 25 Aibreán 2014, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá sonrach le faisnéis maidir le hinneachar substaintí guaiseacha i dtáirgí foirgníochta a mheasúnú agus déanfaidh sé breithniú maidir le leathnú féideartha na hoibleagáide faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) chuig substaintí eile, agus tabharfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith sin. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, inter alia, an gá atá le hardleibhéal cosanta a áirithiú i leith shláinte agus shábháilteacht na n-oibrithe a úsáideann táirgí foirgníochta agus úsáideoirí oibreacha foirgníochta, lena n-áirítear cosaint sláinte agus sábháilteachta i ndáil le ceanglais a bhaineann le páirteanna ó ábhair a athchúrsáil agus/nó a athúsáid.

Más iomchuí, déanfar tograí iomchuí reachtaíochta laistigh de dhá bhliain tar éis an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

2.   Faoin 25 Aibreán 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le hAirteagail 19, 20, 21, 23, 24 agus 37 ar bhonn tuarascálacha arna soláthar ag na Ballstáit agus, chomh maith leis sin, ag geallsealbhóirí ábhartha eile, agus beidh tograí oiriúnacha ina dteannta i gcás ina mbeidh siad ábhartha.

Airteagal 68

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá i ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm amhail ón 1 Iúil 2013, áfach, ag Airteagal 3 go hAirteagal 28, ag Airteagal 36, ag Airteagal 37 agus ag Airteagal 38, ag Airteagal 56 go hAirteagal 63, ag Airteagal 65 agus ag Airteagal 66 agus, chomh maith leis sin, ag Iarscríbhinní I, II, III agus V.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Márta 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 218, 11.9.2009, lch. 15.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 441.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2010 (IO C 282 E, 19.10.2010, lch. 1.), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2011.

(3)  IO L 40, 11.2.1989, lch. 12.

(4)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

(5)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 82.

(6)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(7)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(8)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(9)  IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

(10)  IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

(11)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(12)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 21.

(13)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(14)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

(15)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

(16)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(17)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(18)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(19)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

BUNCHEANGLAIS I LEITH OIBREACHA FOIRGNÍOCHTA

Ní mór d’oibreacha foirgníochta ina n-iomláine agus ina gcodanna éagsúla a bheith feiliúnach don úsáid a bheidh beartaithe dóibh, agus ní mór a chur san áireamh, go háirithe, sláinte agus sábháilteacht daoine a phléann leis na hoibreacha, le linn shaolré iomlán na n-oibreacha sin. Faoi réir gnáthchothabhála, ní mór do na hoibreacha foirgníochta sin na buncheanglais sin i leith oibreacha foirgníochta sin a chomhlíonadh le linn saolré réasúnta eacnamaíche.

1.   Frithsheasmhacht mheicniúil agus cobhsaíocht mheicniúil

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh nach n-eascróidh aon cheann de na nithe seo a leanas as na hualaí ar dóigh go ngníomhóidh siad orthu agus iad á bhfoirgniú:

(a)

titim na hoibre ina hiomláine nó titim cuid de;

(b)

dífhoirmiú suntasach neamh-inghlactha;

(c)

damáiste do chodanna eile de na hoibreacha foirgníochta nó d’fheistis nó do threalamh suiteáilte i ngeall ar dhífhoirmiú suntasach ar an bhfoirgneamh ualachiompartha;

(d)

damáiste, i ngeall ar tharlú, atá as cuimse i dtaca leis an gcúis bhunaidh.

2.   Sábháilteacht i gcás tine

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ionas, i gcás tine:

(a)

gur féidir glacadh leis go mbeidh cumas ualachiompartha an fhoirgnimh slán le linn tréimhse áirithe;

(b)

go gcuirfear srian ar ghiniúint agus ar leathadh na tine agus an deataigh laistigh de na hoibreacha;

(c)

go gcuirfear srian ar leathadh na tine chuig oibreacha foirgníochta in aice leis;

(d)

go bhféadfaidh na háititheoirí na hoibreacha a fhágáil nó go bhféadfar teacht i dtarrtháil orthu ar bhealach eile;

(e)

go gcuirfear sábháilteacht na bhfoirne tarrthála san áireamh.

3.   An sláinteachas, an tsláinte agus an comhshaol

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach mbeidh, le linn a saolré iomláin, baol ag baint leo do shláinteachas, sláinte ná sábháilteacht oibrithe, áititheoirí ná do shláinteachas, sláinte ná do shábháilteacht na gcomharsan, agus nach mbeidh tionchar as cuimse ar fad acu, le linn a saolré ar fad, ar chaighdeán an chomhshaoil ná ar an aeráid agus iad á dtógáil, á n-úsáid agus á scartáil, i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

sceitheadh gás tocsaineach;

(b)

astú substaintí contúirteacha, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO), gáis cheaptha teasa nó cáithníní contúirteacha san aer laistigh nó lasmuigh;

(c)

astú radaíochta contúirtí;

(d)

sceitheadh substaintí contúirteacha isteach i screamhuisce, in uiscí mara, in uiscí dromchla nó in ithir;

(e)

sceitheadh substaintí contúirteacha isteach in uisce óil nó sceitheadh substaintí a bhfuil tionchar diúltach acu ar uisce óil;

(f)

sceitheadh lochtach uisce fuíll, astú gás múcháin, nó diúscairt lochtach fuíoll soladach nó fuíoll leachtach;

(g)

taise a bheith i gcodanna de na hoibreacha foirgníochta nó ar dhromchlaí laistigh de na hoibreacha foirgníochta.

4.   Sábháilteacht agus inrochtaineacht le linn úsáide

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach mbeidh riosca do-ghlactha timpiste nó damáiste ag baint leo agus iad in úsáid nó i ngníomh, timpistí amhail sciorradh, titim, iombhualadh, dó, leictreamharú, gortú i ngeall ar phléascadh agus ar bhuirgléireachtaí. Ní mór go háirithe, oibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a thabharfaidh aird ar inrochtaineacht agus ar úsáid ag daoine atá faoi mhíchumas.

5.   Cosaint i gcoinne torainn

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach sáróidh an torann a bhraithfidh na háititheoirí nó na daoine in aice láimhe leibhéal a dhéanfaidh dochar dá sláinte agus ar leibhéal é a ligfidh dóibh codladh, a scíth a ligean, agus obair a dhéanamh i ndálaí a bheidh sásúil.

6.   Barainneacht fuinnimh agus coinneáil teasa

Ní mór na hoibreacha foirgníochta agus na fearais téite, fuarúcháin, soilsithe agus aerúcháin iontu a dhearadh agus a thógáil ar bhealach nach mbeidh ach beagán fuinnimh ag teastáil agus na fearais in úsáid ag féachaint do riachtanas na n-áititheoirí agus do dhálaí aeráide an tsuímh. Ní foláir d’oibrithe foirgníochta a bheith éifeachtach ar fhuinneamh, agus an méid is lú fuinnimh is féidir a bheith in úsáid le linn a bhfoirgníochta agus a ndíchóimeála.

7.   Úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh, a thógáil agus a scartáil ar bhealach ina mbainfear úsáid inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus, go háirithe, go n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar na hoibreacha foirgníochta, an t-ábhar agus na comhpháirteanna iontu a athúsáid nó a athchúrsáil, tar éis a scartála;

(b)

go mbeidh na hoibreacha foirgníochta marthanach;

(c)

go n-úsáidfear amhábhar agus ábhar tánaisteach sna hoibreacha foirgníochta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol.


IARSCRÍBHINN II

AN NÓS IMEACHTA CHUN DOICIMÉAD UM MEASÚNÚ EORPACH A GHLACADH

1.   Iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach

Nuair a dhéanfaidh monaróir iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach do tháirge foirgníochta chuig aon CMT, agus nuair a bheidh monaróir agus an CMT (dá ngairfear an “CMT freagrach” anseo feasta) tar éis comhaontú sínithe a shíniú maidir le discréid tráchtála agus rúndacht, cuirfidh an monaróir faoi bhráid an CMT fhreagraigh sin, mura gcinnfidh an monaróir a mhalairt, comhad teicniúil ina gcuirfear síos ar an táirge, ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as agus ar na mionsonraí maidir leis an rialú táirgeachta a bheartaíonn an monaróir a chur i bhfeidhm sa mhonarcha.

2.   Conradh

Maidir leis na táirgí foirgníochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(c), laistigh de mhí amháin tar éis dó an comhad teicniúil a fháil, tabharfar conradh i gcrích idir an monaróir agus an CMT a bheidh freagrach as an Measúnú Teicniúil Eorpach a dhéanamh, ina sainmhíneofar an clár oibre chun an Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas, lena n-áireofar:

riar na hoibre laistigh d’eagraíocht na CMTanna,

comhdhéanamh na meithle a bhunófar laistigh d’eagraíocht na CMTanna, ar meitheal í a bheidh ceaptha don réimse táirgí a bheidh i gceist,

comhordú na CMTanna.

3.   Clár oibre

Tar éis an conradh leis an monaróir a thabhairt i gcrích, cuirfidh eagraíocht na CMTanna an Coimisiún ar an eolas faoin bplean oibre chun an Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas, faoin sceideal maidir leis an bplean oibre sin a chur i bhfeidhm agus maidir le léiriú a thabhairt ar an gclár measúnaithe. Cuirfear an méid sin in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear an iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach.

4.   An dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach

Tabharfaidh eagraíocht na CMTanna dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chun críche trí mheitheal a bheidh comhordaithe ag an CMT atá freagrach agus cuirfidh sí an dréacht sin in iúl do na páirtithe lena mbaineann laistigh de shé mhí ón dáta a gcuirfear an Coimisiún ar an eolas faoin gclár oibre.

5.   Rannpháirtíocht an Choimisiúin

Féadfaidh ionadaí ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnadóir, i ngach cuid de chur i bhfeidhm an chláir oibre.

6.   Fadú agus moill

Tuairisceoidh an mheitheal aon mhoill maidir leis na teorainneacha a leagtar amach i Roinn 1 go Roinn 4 den Iarscríbhinn seo chuig eagraíocht na CMTanna agus chuig an gCoimisiún.

Más rud é go mbeidh údar maith le fad a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann leis an nDoiciméad um Measúnú Eorpach a fhorbairt, go háirithe mar nach mbeidh cinneadh ón gCoimisiún ann maidir le córas infheidhme measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta don táirge foirgníochta, nó gur gá modh tástála nua a fhorbairt, leagfaidh an Coimisiún amach teorainn ama níos faide.

7.   Doiciméad um Measúnú Eorpach a leasú agus a ghlacadh

Cuirfidh an CMT atá freagrach an dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chuig an monaróir, ag a mbeidh cúig lá oibre dhéag chun a fhreagairt a thabhairt air. Déanfaidh eagraíocht na CMTanna na nithe seo a leanas dá éis sin:

(a)

más infheidhme, cuirfidh sí an monaróir ar an eolas faoin mbealach ar cuireadh a thuairimí san áireamh;

(b)

glacfaidh sí an dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach; agus

(c)

seolfaidh sí cóip chuig an gCoimisiún.

Más rud é, laistigh de chúig lá oibre dhéag tar éis dó é sin a fháil, go gcuireann an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chuig eagraíocht na CMTanna, agus tar éis di an deis a bheith aici ráiteas a thabhairt, leasóidh eagraíocht na CMTanna an dréacht dá réir sin, agus cuirfidh sí cóip den Doiciméad um Measúnú Eorpach a bheidh glactha aici chuig an monaróir agus chuig an gCoimisiún.

8.   An Doiciméad críochnaitheach um Measúnú Eorpach atá le foilsiú

Chomh luath agus a bheidh an CMT freagrach tar éis an chéad Doiciméad um Measúnú Eorpach a eisiúint ar bhonn an Doiciméid um Measúnú Eorpach a bheidh glactha, déanfar an Doiciméad um Measúnú Eorpach sin a choigeartú, más iomchuí, bunaithe ar an taithí a bheidh faighte. Glacfaidh eagraíocht na CMTanna an Doiciméad críochnaitheach um Measúnú Eorpach agus seolfar cóip chuig an gCoimisiún, mar aon le haistriúchán ar theideal an Doiciméid um Measúnú Eorpach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chun go bhfoilseofar tagairt an doiciméid sin. Áiritheoidh eagraíocht na CMTanna go ndéanfar an Doiciméad um Measúnú Eorpach a choimeád ar fáil go leictreonach chomh luath agus a chuirfear an mharcáil CE ar an táirge.


IARSCRÍBHINN III

DEARBHÚ FEIDHMÍOCHTA

Uimh. …

1.

Cód uathúil aitheantais an chineáil táirge: …

2.

Uimhir chineáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon eilimint eile lena bhféadfar táirge foirgníochta a shainaithint, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 11(4):

3.

An úsáid nó na húsáidí atá beartaithe don táirge foirgníochta, i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme, de réir mar a shamhlaíonn an monaróir:

4.

Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh an mhonaróra, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 11(5):

5.

I gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh teagmhála an ionadaí údaraithe a gcumhdaíonn a shainordú na cúraimí a shonraítear in Airteagal 12(2):

6.

Córas nó córais measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta an táirge foirgníochta mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V:

7.

I gcás ina mbaineann an dearbhú feidhmíochta le táirge foirgníochta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe:

Rinne …

(ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra, más ábhartha)

… faoin gcóras …

(tuairisc ar chúraimí an tríú páirtí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V iad) agus d’eisigh sé …

(deimhniú maidir le seasmhacht feidhmíochta, deimhniú comhréireachta um rialú ar tháirgeacht mhonarchan, tuarascálacha na dtástálacha/na n-áireamh – de réir mar a bheidh siad ábhartha)

8.

I gcás ina mbaineann an dearbhú feidhmíochta le táirge foirgníochta ar eisíodh Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith:

Rinne … (ainm agus uimhir aitheantais an Comhlacht um Measúnú Teicniúil, más ábhartha)

agus d’eisigh sé …

(uimhir thagartha an Mheasúnaithe Eorpaigh Theicniúil)

ar bhonn …

(uimhir thagartha an Doiciméid um Measúnú Eorpach)

rinne … faoin gcóras …

(tuairisc ar chúraimí an tríú páirtí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V iad)

agus d’eisigh …

(deimhniú maidir le seasmhacht feidhmíochta, deimhniú comhréireachta um rialú ar tháirgeacht mhonarchan, tuarascálacha na dtástálacha/na n-áireamh – de réir mar a bheidh siad ábhartha)

9.

An fheidhmíocht dhearbhaithe

Nótaí a ghabhann leis an tábla:

1.

Beidh i gColún 1, liosta de na saintréithe sár-riachtanacha mar a chinntear sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe iad maidir leis an úsáid nó leis na húsáidí atá beartaithe agus a chuirtear in iúl i bpointe 3 thuas;

2.

Maidir le gach saintréith shár-riachtanach a liostaítear i gcolún 1 agus i gcomhlíonadh cheanglais Airteagal 6, is i gcolún 2 a bheidh an fheidhmíocht dhearbhaithe, arna sloinneadh de réir leibhéil nó aicme nó de réir tuairisce, nó maidir leis na saintréithe sár-riachtanacha comhfhreagracha. Déanfar na litreacha “NPD” (No Performance Determined/Níor Cinneadh aon Fheidhmíocht) a chur ar taispeáint i gcás nach ndearbhófar aon fheidhmíocht;

3.

Maidir le gach saintréith shár-riachtanach a liostaítear i gcolún 1, beidh na nithe seo a leanas i gcolún 3:

(a)

tagairt dhátaithe an chaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagraigh agus, más ábhartha, uimhir thagartha an Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh nó Iomchuí a úsáidtear;

(b)

tagairt dhátaithe an Doiciméid chomhfhreagraigh um Measúnú Eorpach, má tá fáil air agus uimhir thagartha an Mheasúnaithe Eorpaigh Theicniúil a úsáidtear.

Saintréithe sár-riachtanacha

(féach Nóta 1)

Feidhmíocht

(féach Nóta 2)

Sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe

(féach Nóta 3)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

I gcás inar úsáideadh an Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach, de bhun Airteagal 37 nó Airteagal 38, na ceanglais arna gcomhlíonadh leis an táirge:

10.

Tá feidhmíocht an táirge a shainaithnítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe i bpointe 9.

Is faoi fhreagracht an mhonaróra a shainaithnítear i bpointe 4 amháin a eisítear an dearbhú feidhmíochta seo.

Arna shíniú le haghaidh an mhonaróra agus thar a cheann ag:

(ainm agus feidhm)

… …

(áit agus dáta eisiúna) (síniú)


IARSCRÍBHINN IV

RÉIMSÍ TÁIRGÍ AGUS CEANGLAIS AR CMTanna

Tábla 1 —   Réimsí táirgí

CÓD AN RÉIMSE

RÉIMSE TÁIRGÍ

1

GNÁTH-THÁIRGÍ COINCRÉITE RÉAMHTHEILGTHE/TÁIRGÍ COINCRÉITE ÉADROMA/TÁIRGÍ COINCRÉITE UATHCHLÁBTHA AERAITHE.

2

DOIRSE, FUINNEOGA, COMHLAÍ, GEATAÍ AGUS CRUA-EARRAÍ GAOLMHARA.

3

SCANNÁIN, LENA n-ÁIRÍTEAR LEACHT ARNA CHUR AGUS TREALAMH FEISTIÚCHÁIN (d’UISCE AGUS/NÓ RIALÚ GALUISCE).

4

TÁIRGÍ INSLITHE THEIRMIGH.

TREALAMH FEISTIÚCHÁIN/CÓRAIS UM INSLIÚ COMHCHODACH.

5

IMTHACAÍ STRUCHTÚRACHA.

PIONNAÍ DO SHIÚNTAÍ STRUCHTÚRACHA.

6

SIMLÉIR, MÚCHÁIN AGUS TÁIRGÍ SONRACHA.

7

TÁIRGÍ GIPSIM.

8

GEOITEICSTÍLÍ, GEOSCANNÁIN, AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA.

9

IMBHALLA/CUMHDACH/GLOINIÚ SÉALAITHE STRUCHTÚRACH.

10

TREALAMH COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE (TÁIRGÍ ALÁRAIM DHÓITEÁIN/BRAITE DÓITEÁIN, COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE, RIALAITHE DÓITEÁIN AGUS DEATAIGH, AGUS TÁIRGÍ PLÚCHTA PLÉISCE.)

11

FEARAIS SLÁINTÍOCHTA.

12

DAINGNEÁIN CHÚRSAÍOCHTA: TREALAMH BÓITHRE.

13

TÁIRGÍ ADHMAID STRUCHTÚRACHA/EILIMINTÍ AGUS GABHÁLAIS STRUCHTÚRACHA.

14

PAINÉIL AGUS EILIMINTÍ ADHMADBHUNAITHE.

15

STROIGHIN, AOLTA TÓGÁLA AGUS GREAMAITHEOIRÍ HIODRÁLACHA EILE.

16

CRUACH THREISIÚCHÁIN AGUS RÉAMHSTRUSÁLA DO CHOINCRÉIT (AGUS GABHÁLAIS),

TREALAMH TEANNTA CUAILLÍ.

17

SAOIRSEACHT AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA.

AONAID SAOIRSEACHTA, MOIRTÉIL, GABHÁLAIS.

18

TÁIRGÍ INNEALTÓIREACHTA FUÍOLLUISCE.

19

URLÁRLAIGH.

20

TÁIRGÍ MIOTALACHA STRUCHTÚRACHA AGUS A nGABHÁLAIS.

21

BAILCHRÍOCHA DO BHALLAÍ INMHEÁNACHA AGUS SEACHTRACHA AGUS DO SHÍLEÁLACHA. TREALAMH FEISTEÁIN SPIARA INMHEÁNAIGH.

22

CLÚDAIGH DÍN, SOILSE DÍN, FUINNEOGA DÍN, AGUS TÁIRGÍ COIMHDEACHA,

FEISTEÁIN DO DHÍONTA.

23

TÁIRGÍ TÓGÁLA BÓITHRE.

24

COMHIOMLÁIN.

25

GREAMACHÁIN FOIRGNÍOCHTA.

26

TÁIRGÍ A BHAINEANN LE COINCRÉIT, LE MOIRTÉAL AGUS LE LEACHTMHOIRTÉAL.

27

FEARAIS UM SPÁS A THÉAMH.

28

PÍOPAÍ-UMAIR AGUS A nGABHÁLAIS NACH bhFUIL I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ CEAPTHA MAR UISCE LENA CHAITHEAMH AG AN DUINE.

29

TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA ATÁ I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ CEAPTHA MAR UISCE LENA CHAITHEAMH AG AN DUINE.

30

GLOINE CHOTHROM, GLOINE PHRÓIFILITHE, TÁIRGÍ BLOIC GHLOINE.

31

CÁBLAÍ CUMHACHTA, RIALAITHE AGUS CUMARSÁIDE.

32

SÉALTÁIN DO SHIÚNTAÍ.

33

SUITIGH.

34

FEISTEÁIN FOIRGNÍOCHTA, AONAID FOIRGNÍOCHTA, GNÉITHE FOIRGNÍOCHTA RÉAMHDHÉANTA.

35

TÁIRGÍ COISCTHE, DÚNTA AGUS COSANTA DÓITEÁIN,

TÁIRGÍ TINEMHOILLITHEACHA.


Tábla 2 —   Ceanglais a bhaineann le CMTanna

Inniúlacht

Tuairisc ar an inniúlacht

Ceanglas

1.

Na rioscaí a anailísiú

Sainaithint na rioscaí agus na mbuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí foirgníochta nuálacha a úsáid cheal faisnéise teicniúla bunaithe/comhdhlúthaithe faoi fheidhmíocht na dtáirgí agus iad suiteáilte in oibreacha foirgníochta.

Bunófar CMT faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. Beidh sé neamhspleách ar na geallsealbhóirí agus ar aon leas príobháideach.

Sa bhreis air sin, beidh an méid seo a leanas ag foireann CMT:

(a)

oibiachtúlacht agus breithiúnas teicniúil iontaofa;

(b)

eolas mionsonraithe ar na forálacha rialála agus ar na ceanglais eile atá i bhfeidhm sna Ballstáit ina n-ainmnítear an CMT, i dtaca leis na réimsí táirgí a bhfuil an CMT le hainmniú dó;

(c)

tuiscint ghinearálta ar nósanna foirgníochta agus sáreolas mionsonraithe teicniúil ar réimsí táirgí a n-ainmneofar an CMT dóibh;

(d)

eolas mionsonraithe ar na rioscaí sonracha i gceist agus ar ghnéithe teicniúla an phróisis foirgníochta;

(e)

eolas mionsonraithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar na modhanna tástála atá ann cheana, laistigh de na réimsí táirgí a bhfuil an CMT le hainmniú dó;

(f)

na scileanna iomchuí teanga.

Ní bhraithfidh luach saothair pearsanra TAB ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnaithe sin.

2.

Critéir theicniúla a leagan síos

Critéir theicniúla a dhéanamh den toradh ar an anailís riosca d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar iompraíocht agus ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta i dtaobh chomhlíonadh na gceanglas náisiúnta is infheidhme;

an fhaisnéis theicniúil a sholáthar atá de dhíth orthu siúd a bhíonn páirteach sa phróiseas tógála mar úsáideoirí féideartha na dtáirgí foirgníochta (monaróirí, dearthóirí, conraitheoirí agus suiteálaithe).

3.

Na modhanna measúnaithe a leagan síos

Modhanna cuí (tástálacha nó áirimh) a dhearadh agus a bhailíochtú d’fhonn feidhmíocht a mheasúnú i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha na dtáirgí foirgníochta, ag cur san áireamh an staid reatha ina bhfuil an teicníc.

4.

Rialú sonrach ar tháirgeacht mhonarchan a chinntiú

Próiseas monaraíochta an táirge shonraigh a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air d’fhonn na bearta cuí a shainaithint ionas go n-áiritheofar seasmhacht an táirge le linn an phróisis mhonaraíochta áirithe.

Beidh an t-eolas iomchuí ag foireann CMT ar an gcaidreamh atá idir na próisis monaraíochta agus saintréithe an táirge a bhaineann le rialú ar tháirgeacht mhonarchan.

5.

An táirge a mheasúnú

An fheidhmíocht i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge foirgníochta a mheasúnú ar bhonn modhanna comhchuibhithe agus i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe.

Sa bhreis ar na ceanglais a liostaítear i bpointí 1, 2, agus 3, beidh teacht ag CMT ar na hacmhainní agus ar an trealamh is gá d’fhonn an fheidhmíocht i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha na dtáirgí foirgníochta a mheasúnú, laistigh de na réimsí táirgí a bhfuil sé le hainmniú dóibh.

6.

Bainistíocht ghinearálta

Comhsheasmhacht, iontaofacht, oibiachtúlacht agus inrianaitheacht a áirithiú trí bhíthin modhanna oiriúnacha bainistíochta a chur i bhfeidhm de shíor.

Beidh an méid seo a leanas ag CMT:

(a)

dea-theist i dtaca le dea-chleachtas riaracháin;

(b)

beartas agus nósanna imeachta cúnta lena n-áiritheofar rúndacht fhaisnéise íogaire na CMTanna agus a gcomhpháirtithe;

(c)

córas rialála doiciméad lena n-áiritheofar clárú, inrianaitheacht, cothabháil, agus cartlannú na ndoiciméad ábhartha uile;

(d)

sásra i gcomhair iniúchóireachta inmheánaí agus athbhreithniúcháin bhainistíochta ar bhealach ina n-áiritheofar go ndéanfar faireachán rialta ar chomhlíonadh na modhanna cuí bainistíochta;

(e)

nós imeachta chun déileáil go hoibiachtúil le hachomhairc agus le gearáin.


IARSCRÍBHINN V

MEASÚNÚ AGUS FÍORÚ SEASMHACHTA FEIDHMÍOCHTA

1.   CÓRAIS MEASÚNAITHE AGUS FÍORAITHE SEASMHACHTA FEIDHMÍOCHTA

1.1.

Córas 1+ - Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(ii)

tuilleadh tástála ar shamplaí a tógadh sa mhonarcha, i gcomhréir leis an bplean tástála forordaithe;

(b)

eiseoidh an comhlacht deimhnithe táirge dá dtugtar fógra deimhniú maidir le seasmhacht feidhmíochta an táirge ar bhonn an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh, luach táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge a chinneadh;

(ii)

iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(iii)

faireachas leanúnach, measúnú leanúnach agus meastóireacht leanúnach ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(iv)

tástáil iniúchóireachta ar shamplaí a thógfar sula gcuirfear an táirge ar an margadh.

1.2.

Córas 1 - An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(ii)

tuilleadh tástála ar shamplaí a thóg an monaróir sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe;

(b)

eiseoidh an comhlacht deimhnithe táirge dá dtugtar fógra deimhniú maidir le seasmhacht feidhmíochta an táirge ar bhonn an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh, luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge;

(ii)

iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(iii)

faireachas leanúnach, measúnú leanúnach agus meastóireacht leanúnach ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan.

1.3.

Córas 2+ - An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh, luach táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge a chinneadh;

(ii)

rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(iii)

tástálacha ar shamplaí a tógadh sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe;

(b)

déanfaidh an comhlacht deimhnithe um rialú ar tháirgeacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta um rialú ar tháirgeacht mhonarchan a eisiúint ar bhonn an méid seo a leanas:

(i)

iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(ii)

faireachas leanúnach, measúnú leanúnach agus meastóireacht leanúnach ar rialú ar tháirgeacht mhonarchan.

1.4.

Córas 3 - An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(b)

déanfaidh an comhlacht saotharlainne tástála dá dtugtar fógra an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (bunaithe ar an tsampláil a dhéanfaidh an monaróir), cineál-áirimh, luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge.

1.5.

Córas 4 - An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le saintréithe sár-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála, cineál-áirimh, luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge;

(ii)

rialú ar tháirgeacht mhonarchan;

(b)

níl aon chúraimí ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra.

2.   COMHLACHTAÍ A bhFUIL BAINT ACU LE MEASÚNÚ AGUS FÍORÚ SEASMHACHTA FEIDHMÍOCHTA

I ndáil le feidhm chomhlachtaí dá dtugtar fógra a mbeidh baint acu le measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta táirgí foirgníochta, déanfar idirdhealú idir na nithe seo a leanas:

(1)   comhlacht deimhnithe táirge: comhlacht rialtasach nó neamhrialtasach dá dtugtar fógra, a mbeidh an inniúlacht agus an fhreagracht is gá aige chun deimhniú táirge a dhéanamh i gcomhréir le rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha áirithe bainistíochta;

(2)   comhlacht deimhnithe um rialú ar tháirgeacht mhonarchan: comhlacht dá dtugtar fógra, bíodh sé rialtasach nó neamhrialtasach, a mbeidh an inniúlacht agus an fhreagracht is gá aige chun deimhnithe um rialú ar tháirgeacht mhonarchan a dhéanamh i gcomhréir le rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha áirithe bainistíochta;

(3)   saotharlann tástála: saotharlann dá dtugtar fógra agus a dhéanann na saintréithe nó an fheidhmíocht atá ag ábhair nó ag táirgí foirgníochta a thomhas, a scrúdú, a thástáil, a chalabrú nó a chinneadh ar aon slí eile.

3.   CÁSANNA MAIDIR LE SAINTRÉITHE SÁR-RIACHTANACHA NACH gCEANGLAÍTEAR TAGAIRT DO SHONRAÍOCHT THEICNIÚIL CHOMHCHUIBHITHE ÁBHARTHA INA LEITH

(1)

Imoibriú le tine.

(2)

Frithsheasmhacht in aghaidh tine.

(3)

Feidhmíocht i gcás teagmhála le tine sheachtrach.

(4)

Ionsú torainn.

(5)

Astaíochtaí substaintí contúirteacha.


4.4.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/44


RIALACHÁN (AE) Uimh. 306/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2011

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 ón gComhairle maidir le rátaí taraife le haghaidh bananaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 (2) ón gComhairle gurb é a bheidh sa ráta taraife le haghaidh bhananaí chód CN 0803 00 19, ón 1 Eanáir 2006, ná EUR 176/tonna méadrach.

(2)

An 31 Bealtaine 2010, síníodh Comhaontú na Ginéive ar Thrádáil i mBananaí (3) idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Peiriú agus Veiniséala (“an Comhaontú”) maidir le struchtúr agus le hoibriú chóras trádála an Aontais le haghaidh bananaí chód CN 0803 00 19.

(3)

I gcomhréir leis an gComhaontú, laghdóidh an tAontas a tharaif banana de réir a chéile ó EUR 176/tonna méadrach go EUR 114/tonna méadrach. Mar thoradh ar an gcéad laghdú, a cuireadh i bhfeidhm go haisghníomhach ón 15 Nollaig 2009, an dáta ar cuireadh inisealacha leis an gComhaontú, laghdaíodh an taraif go EUR 148/tonna méadrach. Tá na laghduithe eile le cur i bhfeidhm i seacht dtráthchuid bhliantúla agus féadfar moill dhá bhliain ar a mhéid a chur orthu má chuirtear moill ar chomhaontú i dtaca le modhanna talmhaíochta le linn Bhabhta Doha na hEagraíochta Trádala Domhanda (WTO). Ní mór an taraif dheiridh, EUR 114/tonna méadrach, a bhaint amach an 1 Eanáir 2019 ar a dhéanaí. Beidh na laghduithe taraife ina laghduithe taraife faoi cheangal san WTO tráth a dhéantar sceideal banana an AE a dheimhniú.

(4)

Tar éis é a bheith curtha i bhfeidhm go sealadach ó dháta a shínithe, rinneadh an Comhaontú a fhormheas le Cinneadh 2011/194/AE ón gComhairle (4).

(5)

I bhfianaise na dtaraifí nua banana atá le cur i bhfeidhm de bhun an Chomhaontaithe, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an dáta a dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Márta 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2011.

(2)  IO L 316, 2.12.2005, lch. 1.

(3)  IO L 141, 9.6.2010, lch. 3.

(4)  Féach leathanach 66 den Iris Oifigiúil seo.