ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.337.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

52
18 Nollaig 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 337 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

18.12.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1211/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2009

lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir) (4), do Threoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnascadh na ngréasán agus na saoráidí sin (an Treoir Rochtana) (5), do Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú gréasán agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um Údarúchán) (6), do Threoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le gréasáin chumarsáide leictreonaí agus le seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (7) agus do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint phríobháideachais san earnáil chumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus um chumarsáid leictreonach) (8) (dá ngairtear le chéile ‘an Chreat-Treoir agus na Treoracha Sonracha’), margadh inmheánach a chruthú do chumarsáid leictreonach laistigh den Chomhphobal agus, ag an am céanna, ardleibhéal infheistíochta, nuálaíochta agus cosanta tomhaltóirí a áirithiú trí iomaíocht fheabhsaithe.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Chomhphobal (9), comhlánaítear, a mhéid a bhaineann le fánaíocht uile-Chomhphobail, na rialacha dá bhforáiltear i gcreat rialála an AE do chumarsáid leictreonach agus tugtar tacaíocht i leith na rialacha sin.

(3)

Tá cur i bhfeidhm comhsheasmhach chreat rialála an AE sna Ballstáit go léir riachtanach chun go mbeidh rath ar fhorbairt mhargaidh inmheánaigh do ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí. Le creat rialála an AE, leagtar síos na cuspóirí a bheidh le baint amach agus soláthraítear creat don ghníomhaíocht ar thaobh na n-údarás náisiúnta rialála (ÚNRanna) agus, ag an am céanna, tugtar solúbthacht dóibh, i réimsí áirithe, chun na rialacha a chur i bhfeidhm i bhfianaise na ndálaí náisiúnta.

(4)

Ag féachaint don ghá lena áirithiú go ndéanfar cleachtas comhsheasmhach rialála a fhorbairt agus go ndéanfar creat rialála an AE a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, rinne an Coimisiún, de bhun Chinneadh 2002/627/CE ón gComhairle an 29 Iúil 2002 lena mbunaítear an Grúpa Rialálaithe Eorpacha do Ghréasáin Chumarsáide Leictreonaí agus do Sheirbhísí Cumarsáide Leictreonaí (10), Grúpa na Rialálaithe Eorpacha (GRE) a bhunú chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an margadh inmheánach a fhorbairt agus, ar bhealach níos ginearálta, chun comhéadan a sholáthar idir na ÚNRanna agus an Coimisiún.

(5)

Tá rannchuidiú dearfach déanta ag GRE i gcomhair cleachtais chomhsheasmhaigh rialála trí chomhar idir na ÚNRanna, agus idir na ÚNRanna agus an Coimisiún, a éascú. Sa tréimhse ghairid ó cuireadh tús leis an gcur chuige sin maidir le comhsheasmhacht mhéadaithe a fhorbairt i measc na ÚNRanna trí fhaisnéis agus eolas a mhalartú maidir le taithí phraiticiúil. Beidh gá le comhar agus comhordú leanúnach, treisithe idir na ÚNRanna chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an margadh inmheánach i ngréasáin chumarsáide leictreonaí agus i seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

(6)

Chuige sin, tá gá leis an GRE a neartú chomh maith leis an aitheantas a thugtar dó i gcreat rialála an AE mar Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Níor cheart go mbeadh BEREC ina ghníomhaireacht Chomhphobail ná níor cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach aige. Ba cheart go gcuirfí BEREC in ionad an GRE agus go ngníomhódh sé mar fhóram eisiach le haghaidh comhair idir ÚNRanna, agus idir ÚNRanna agus an Coimisiún, i bhfeidhmiú réimse iomlán a bhfreagrachtaí faoi chreat rialála an AE. Ba cheart go soláthródh BEREC saineolas agus go gcothódh sé muinín, de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht a chuid comhairle agus faisnéise, de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a mhodhanna oibríochta agus de bhua a dhíograise le linn a chúraimí a chur i gcrích.

(7)

Ba cheart do BEREC, trí shaineolas a bhailiú le chéile, cúnamh a thabhairt do na ÚNRanna gan ionad na bhfeidhmeanna atá ann cheana féin a ghlacadh ná gan dúbláil a dhéanamh maidir leis an obair atá á déanamh faoi láthair, agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir lena fhreagrachtaí a fhorghníomhú.

(8)

Ba cheart do BEREC leanúint le hobair an GRE, agus an comhar idir na ÚNRanna, agus idir na ÚNRanna agus an Coimisiún, a fhorbairt ionas go n-áiritheofar go ndéanfar creat rialála an AE do ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach sna Ballstáit go léir, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú a dhéanamh maidir le forbairt an mhargaidh inmheánaigh.

(9)

Ba cheart do BEREC fónamh freisin mar chomhlacht machnaimh, díospóireachta agus comhairle do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún i réimse na cumarsáide leictreonaí. Ba cheart do BEREC, dá réir sin, comhairle a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dóibh, nó ar a thionscnamh féin.

(10)

Ba cheart do BEREC a chúraimí a shaothrú i gcomhar leis na grúpaí agus leis na coistí atá ann cheana féin amhail an Coiste Cumarsáide, a bunaíodh faoi Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir), an Coiste um Radaispeictream a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála i gcomhair an bheartais maidir le Radaispeictream sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Radaispeictream) (11), an Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim a bunaíodh faoi Chinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 2002 lena mbunaítear an Grúpa um an mBeartas Radaispeictrim (12), agus an Coiste Teagmhála, a bunaíodh faoi Threoir 97/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1997 lena leasaítear Treoir 89/552/CEE ón gComhairle maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin i mBallstáit maidir le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí craoltóireachta teilifíse (13), agus ba cheart dó a chúraimí a shaothrú gan dochar do ról na ngrúpaí agus na gcoistí sin.

(11)

Chun tacaíocht ghairmiúil agus riaracháin a sholáthar do BEREC, ba cheart go mbunófaí an Oifig mar chomhlacht Comhphobail ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus ba cheart go bhfeidhmeodh an Oifig na cúraimí a thugtar di leis an Rialachán seo. Chun tacaíocht a thabhairt do BEREC ar bhealach éifeachtúil, ba cheart go mbeadh neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais ag an Oifig. Ba cheart gurb é a bheidh san Oifig Coiste Bainistíochta agus Bainisteoir Riaracháin.

(12)

Ba cheart go mbeadh struchtúir eagrúcháin BEREC agus na hOifige barainneach agus oiriúnach do na cúraimí a bheidh le comhlíonadh acu.

(13)

Ba cheart go mbeadh an Oifig ina comhlacht Comhphobail de réir bhrí Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (14) (an Rialachán Airgeadais). Ba cheart go mbeadh Comhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (15) (CII an 17 Bealtaine 2006), agus go háirithe Pointe 47 de, infheidhme maidir leis an Oifig.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, eadhon cleachtas comhsheasmhach rialála a fhorbairt tuilleadh trí chomhar agus trí chomhordú treisithe idir ÚNRanna, agus idir ÚNRanna agus an Coimisiún, a bhaint amach go leordhóthanach i bhfianaise raon feidhme uile-AE an Rialacháin seo, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

BUNÚ

Airteagal 1

Bunú

1.   Bunaítear leis seo Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus tá na freagrachtaí aige atá leagtha síos sa Rialachán seo.

2.   Gníomhóidh BEREC laistigh de raon feidhme Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir) agus Threoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/22/CE agus 2002/58/CE (Treoracha Sonracha), agus laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 717/2007.

3.   Déanfaidh BEREC a chúraimí a chur i gcrích go neamhspleách, go neamhchlaon agus go trédhearcach. Ina ghníomhaíochtaí go léir, saothróidh BEREC na cuspóirí céanna le cuspóirí na n-údarás náisiúnta rialála (ÚNRanna), faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 8 de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir). Go háirithe, rannchuideoidh BEREC le forbairt agus le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh do ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, trí fhéachaint le cur i bhfeidhm comhsheasmhach chreat rialála an AE don chumarsáid leictreonach a áirithiú.

4.   Bainfidh BEREC úsáid as saineolas atá ar fáil sna ÚNRanna agus cuirfidh sé a chúraimí i gcrích i gcomhar leis na ÚNRanna agus leis an gCoimisiún. Cuirfidh BEREC comhar chun cinn idir na ÚNRanna agus idir na ÚNRanna agus an Coimisiún. Ina theannta sin, tabharfaidh BEREC comhairle don Choimisiún agus, ar iarraidh a fháil chuige sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

CAIBIDIL II

EAGRÚCHÁN BEREC

Airteagal 2

Ról BEREC

Déanfaidh BEREC:

(a)

dea-chleachtas rialála a fhorbairt agus a scaipeadh ar ÚNRanna, amhail cur chuige comhchoiteann, modheolaíochtaí nó treoirlínte maidir le creat rialála an AE a chur chun feidhme;

(b)

arna iarraidh sin air, cúnamh a sholáthar d’ÚNRanna maidir le saincheisteanna rialála;

(c)

tuairimí a thabhairt faoi dhréachtchinntí, faoi dhréachtmholtaí agus faoi dhréacht-treoirlínte an Choimisiúin, dá dtagraítear sa Rialachán seo, sa Chreat-Treoir agus sna Treoracha Sonracha;

(d)

tuarascálacha a eisiúint agus comhairle a sholáthar, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, agus tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar iarraidh réasúnaithe a fháil nó ar a thionscnamh féin, faoi aon ábhar a bhaineann le cumarsáid leictreonach agus a thagann faoi réim a inniúlachta;

(e)

arna iarraidh sin air, cúnamh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na ÚNRanna i gcaidreamh, i bpléití agus i malartuithe le tríú páirtithe; agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le scaipeadh dea-chleachtais rialála ar thríú páirtithe.

Airteagal 3

Cúraimí BEREC

1.   Is iad seo a leanas cúraimí BEREC:

(a)

tuairimí a thabhairt faoi dhréachtbhearta de chuid ÚNRanna, a bhaineann le sainmhíniú margaidh, le hainmniú na ngnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach mhargaidh acu agus le leigheasanna a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 7a de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir); agus comhar agus comhoibriú a dhéanamh leis na ÚNRanna i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 7a de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir);

(b)

tuairimí a thabhairt faoi dhréachtmholtaí agus/nó faoi dhréacht-treoirlínte a bhaineann le foirm, le hinneachar agus le leibhéal na sonraí a bheidh le tabhairt i bhfógraí, i gcomhréir le hAirteagal 7b de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir);

(c)

glacadh le hiarrataí ar chomhairle maidir le dréachtmholtaí faoi mhargaí ábhartha táirgí agus seirbhísí, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2002 (an Chreat-Treoir);

(d)

tuairimí a chur in iúl maidir le dréachtchinntí faoi mhargaí trasnáisiúnta a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir);

(e)

ar iarraidh a fháil, cúnamh a thabhairt d’ÚNRanna, i gcomhthéacs na hainilíse ar an margadh ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir);

(f)

tuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí agus dréachtmholtaí faoi chomhchuibhiú, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir);

(g)

glacadh le hiarrataí ar chomhairle, agus tuairimí a thabhairt, maidir le díospóidí trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir);

(h)

tuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí lena n-údaraítear d’ÚNR, nó lena gcoisctear ar ÚNR, bearta eisceachtúla a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2002/19/CE (an Treoir Rochtana);

(i)

glacadh le hiarrataí ar chomhairle faoi dhréachtbhearta a bhaineann le rochtain éifeachtach ar an uimhir glao éigeandála 112, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir 2002/22/CE (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch);

(j)

glacadh le hiarrataí ar chomhairle faoi dhréachtbhearta a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach na sraithe uimhrithe 116, go háirithe an uimhir bheolíne 116000 do leanaí ar iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 27a de Threoir 2002/22/CE (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch);

(k)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le huasdátú Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/19/CE (an Treoir Rochtana), i gcomhréir le hAirteagal 9 den Treoir sin;

(l)

ar iarraidh a fháil, cúnamh a thabhairt d’ÚNRanna maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois nó mí-úsáid acmhainní uimhriúcháin laistigh den Chomhphobal, go háirithe i gcomhair seirbhísí trasteorann;

(m)

tuairimí a thabhairt arb é is aidhm leo a áirithiú go ndéanfar rialacha comhchoiteanna agus ceanglais chomhchoiteanna a fhorbairt do sholáthraithe seirbhísí gnó trasteorann;

(n)

faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an earnáil cumarsáide leictreonaí, agus tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú faoi fhorbairtí san earnáil sin.

2.   Féadfaidh BEREC, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún, cinneadh a dhéanamh d’aon toil cúraimí sonracha eile a ghlacadh atá riachtanach chun a ról a chomhlíonadh laistigh den raon feidhme a shainítear in Airteagal 1(2).

3.   Déanfaidh na ÚNRanna agus an Coimisiún aon tuairim, aon mholadh, aon treoirlínte, aon chomhairle nó aon dea-chleachtas rialála a ghlacfaidh BEREC a chur san áireamh go huile agus go hiomlán. Féadfaidh BEREC, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta iomaíochta ábhartha sula n-eiseoidh sé a thuairim chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4

Comhdhéanamh agus eagrúchán BEREC

1.   Beidh BEREC comhdhéanta de Bhord Rialálaithe.

2.   Beidh aon chomhalta amháin in aghaidh an Bhallstáit ar an mBord Rialálaithe agus beidh an comhalta sin ina cheannaire ar an ÚNR, nó ina ionadaí ardleibhéil ainmnithe de chuid an ÚNR, arna bhunú i ngach Ballstát agus a bhfuil an fhreagracht phríomha air maoirsiú a dhéanamh ar oibriú na margaí do ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ó lá go lá.

Gníomhóidh BEREC go neamhspleách agus na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo á gcur i gcrích.

Ní lorgóidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe, ná ní ghlacfaidh siad, aon teagasc ó aon rialtas, ón gCoimisiún, ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

Ainmneoidh ÚNRanna comhalta malartach amháin in aghaidh an Bhallstáit.

Freastalóidh an Coimisiún mar bhreathnadóir ar chruinnithe BEREC agus déanfar ionadaíocht air ar leibhéal iomchuí.

3.   Maidir le ÚNRanna ó Stáit an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus ó na stáit sin is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas Eorpach, beidh stádas breathnadóra acu agus déanfar ionadaíocht ar leibhéal iomchuí orthu. Féadfaidh BEREC cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnadóirí eile freastal ar a chruinnithe.

4.   Ceapfaidh an Bord Rialálaithe a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirligh as measc a gcomhaltaí féin faoi réir rialacha nós imeachta BEREC. Rachaidh an Leas-Cathaoirleach nó na Leas-Chathaoirligh i mbun dhualgais an Chathaoirligh go huathoibríoch mura bhfuil an Cathaoirleach in ann na dualgaisí sin a chomhlíonadh. Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh nó na Leas-Chathaoirleach.

5.   Gan dochar do ról an Bhoird Rialálaithe i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh an Cathaoirleach, ná ní ghlacfaidh sé nó sí, aon teagasc ó aon rialtas ná ó aon ÚNR, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

6.   Tionólfaidh Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe a chruinnithe iomlánacha agus beidh siad ann, i ngnáthsheisiún, ceithre huaire ar a laghad sa bhliain. Tionólfar cruinnithe urghnácha freisin ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin don tríú cuid ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird. Leagfaidh an Cathaoirleach síos clár an chruinnithe agus poibleofar é.

7.   Féadfar obair BEREC a eagrú ar mhodh Meithleacha Saineolaithe.

8.   Tabharfar cuireadh don Choimisiún chuig cruinnithe iomlánacha uile an Bhoird Rialálaithe.

9.   Gníomhóidh an Bord Rialálaithe le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, sa Chreat-Treoir nó sna Treoracha Sonracha. Beidh vóta amháin ag gach comhalta nó ag gach comhalta malartach. Poibleofar cinntí an Bhoird Rialálaithe agus léireofar iontu forchoimeádais ÚNR arna iarraidh sin dó.

10.   Glacfaidh an Bord Rialálaithe rialacha nós imeachta BEREC agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad. Déanfar na socruithe lena rialaítear vótáil, lena n-áirítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin gníomhú thar ceann comhalta eile, na rialacha lena rialaítear córaim, agus na spriocdhátaí le haghaidh fógraí faoi chruinnithe, a leagan amach go mionsonraithe sna rialacha nós imeachta. Ina theannta sin, ráthófar leis na rialacha nós imeachta go ndéanfar cláir oibre iomlána agus dréacht-tograí a sholáthar i gcónaí do chomhaltaí an Bhoird Rialálaithe roimh gach cruinniú chun deis a thabhairt dóibh leasuithe a mholadh roimh an vótáil. Féadfar, inter alia, nósanna imeachta maidir le vótáil phráinneach a leagan amach sna rialacha nós imeachta freisin.

11.   Déanfaidh an Oifig dá dtagraítear in Airteagal 6 seirbhísí tacaíochta riaracháin agus gairmiúla a sholáthar do BEREC.

Airteagal 5

Cúraimí an Bhoird Rialálaithe

1.   Comhallfaidh an Bord Rialálaithe cúraimí BEREC atá leagtha amach in Airteagal 3 agus déanfaidh sé na cinntí go léir a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna.

2.   Formheasfaidh an Bord Rialálaithe an ranníocaíocht dheonach airgeadais ó na Ballstáit nó ó ÚNRanna sula ndéanfar iad i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(b) faoi réir na socruithe a leanas:

(a)

le haontoilíocht i gcás ina mbeidh na Ballstáit nó na ÚNRanna go léir tar éis a chinneadh ranníocaíocht a dhéanamh;

(b)

le tromlach simplí i gcás ina mbeidh roinnt Ballstát nó roinnt ÚNRanna, ag gníomhú d’aon toil dóibh, tar éis a chinneadh ranníocaíocht a thabhairt.

3.   Déanfaidh an Bord Rialálaithe na forálacha speisialta maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid arna sealbhú ag BEREC, a ghlacadh thar ceann BEREC, i gcomhréir le hAirteagal 22.

4.   Déanfaidh an Bord Rialálaithe, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17, clár oibre bliantúil BEREC a ghlacadh roimh dheireadh gach bliana roimh an mbliain lena mbaineann an clár oibre. Tarchuirfidh an Bord Rialálaithe an clár oibre bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a luaithe a ghlactar é.

5.   Glacfaidh an Bord Rialálaithe an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí BEREC agus tarchuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig an gCúirt Iniúchóirí gach bliain faoin 15 Meitheamh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an Bhoird Rialálaithe aitheasc a thabhairt di maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann le gníomhaíochtaí BEREC.

Airteagal 6

An Oifig

1.   Bunaítear an Oifig leis seo mar chomhlacht Comhphobail ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach de réir bhrí Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Pointe 47 den CII an 17 Bealtaine 2006 maidir leis an Oifig.

2.   Faoi stiúradh an Bhoird Rialálaithe, déanfaidh an Oifig an méid seo a leanas go háirithe:

seirbhísí tacaíochtaí riaracháin agus gairmiúla a sholáthar do BEREC,

faisnéis a bhailiú ó na ÚNRanna agus faisnéis a mhalartú agus a tharchur maidir leis an ról agus na cúraimí atá leagtha amach in Airteagal 2(a) agus in Airteagal 3,

dea-chleachtas rialála a scaipeadh ar ÚNRanna i gcomhréir le hAirteagal 2(a),

cúnamh a thabhairt don Chathaoirleach agus obair an Bhoird Rialálaithe á hullmhú,

Meithleacha Saineolaithe a chur ar bun, arna iarraidh sin don Bhord Rialálaithe, agus tacaíocht a sholáthar chun dea-fheidhmiú na Meithleacha sin a áirithiú.

3.   Is éard a bheidh san Oifig:

(a)

Coiste Bainistíochta; agus

(b)

Bainisteoir Riaracháin.

4.   I ngach Ballstát, beidh ag an Oifig an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh an Oifig, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

5.   Déanfaidh an Bainisteoir Riaracháin an Oifig a bhainistiú agus ní bheidh aici ach an líon foirne is gá chun a dualgais a chur i gcrích. Molfaidh comhaltaí an Choiste Bainistíochta agus an Bainisteoir Riaracháin an líon foirne i gcomhréir le hAirteagal 11. Ní fhéadfar aon mholadh maidir le méadú a dhéanamh ar an líon foirne a ghlacadh ach amháin le cinneadh d’aon toil ón gCoiste Bainistíochta.

Airteagal 7

An Coiste Bainistíochta

1.   Beidh aon chomhalta amháin in aghaidh an Bhallstáit ar an gCoiste Bainistíochta, agus beidh an comhalta sin ina cheannaire ar an ÚNR neamhspleách, nó ina ionadaí ainmnithe ardleibhéil de chuid an ÚNR neamhspleách, arna bhunú i ngach Ballstát agus a bhfuil an fhreagracht phríomha air maoirsiú a dhéanamh ar oibriú na margaí do ghréasáin chumarsáide leictreonaí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ó lá go lá, agus comhalta amháin a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gCoimisiún.

Beidh vóta amháin ag gach Comhalta.

Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag forálacha Airteagal 4 maidir leis an gCoiste Bainistíochta.

2.   Ceapfaidh an Coiste Bainistíochta an Bainisteoir Riaracháin. Ní ghlacfaidh an Bainisteoir Riaracháin a ainmnítear páirt in ullmhú an chinnidh sin ná ní vótálfaidh sé ar an gcinneadh sin.

3.   Soláthróidh an Coiste Bainistíochta stiúradh don Bhainisteoir Riaracháin maidir le forghníomhú chúraimí an Bhainisteora Riaracháin.

4.   Beidh an Coiste Bainistíochta freagrach as an bhfoireann a cheapadh.

5.   Cuideoidh an Coiste Bainistíochta le hobair na Meithleacha Saineolaithe.

Airteagal 8

An Bainisteoir Riaracháin

1.   Beidh an Bainisteoir Riaracháin cuntasach don Choiste Bainistíochta. Le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí aon teagasc ó aon Bhallstát, ó aon ÚNR, ón gCoimisiún ná ó aon tríú páirtí.

2.   Ceapfaidh an Coiste Bainistíochta an Bainisteoir Riaracháin trí chomórtas oscailte ar bhonn tuillteanais agus ar bhonn na scileanna agus na taithí a bhaineann le gréasáin chumarsáide leictreonaí agus le seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Sula gceaptar an Bainisteoir Riaracháin, d’fhéadfadh oiriúnacht an iarrthóra arna roghnú ag an gCoiste Bainistíochta teacht faoi réir thuairim neamhcheangailteach Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, iarrfar ar an iarrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste Pharlaimint na hEorpa atá freagrach agus ceisteanna a chuireann a chomhaltaí a fhreagairt.

3.   Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige an Bhainisteora Riaracháin.

4.   Féadfaidh an Coiste Bainistíochta téarma oifige an Bhainisteora Riaracháin a fhadú uair amháin ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana, agus tuarascáil mheastóireachta arna déanamh ag an gCathaoirleach á cur san áireamh agus sna cásanna sin amháin inar féidir é a chosaint ar bhonn dhualgais agus riachtanais BEREC.

Aon uair a bheartaítear téarma oifige an Bhainisteora Riaracháin a fhadú, cuirfidh an Coiste Bainistíochta an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

I gcás nach bhfadaítear an téarma oifige, fanfaidh an Bainisteoir Riaracháin in oifig go dtí go gceaptar a chomharba nó a comharba.

Airteagal 9

Cúraimí an Bhainisteora Riaracháin

1.   Beidh an Bainisteoir Riaracháin freagrach as ceannaireacht na hOifige.

2.   Cuideoidh an Bainisteoir Riaracháin le hullmhú chlár oibre an Bhoird Rialálaithe, an Choiste Bainistíochta agus na Meithleacha Saineolaithe. Glacfaidh an Bainisteoir Riaracháin páirt in obair an Bhoird Rialálaithe agus in obair an Choiste Bainistíochta ach ní bheidh cead vótála aige nó aici.

3.   Cuideoidh an Bainisteoir Riaracháin leis an gCoiste Riaracháin gach bliain i ndáil le hullmhú dhréachtchlár oibre na hOifige don bhliain dár gcionn. Cuirfear an dréachtchlár oibre don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Choiste Bainistíochta faoin 30 Meitheamh agus glacfaidh an Coiste Bainistíochta é roimh an 30 Meán Fómhair gan réamhcheannacha dhéanamh maidir leis an gcinneadh críochnaitheach a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (dá ngairtear le chéile ‘an t-údarás buiséadach’) faoin bhfóirdheontas.

4.   Déanfaidh an Bainisteoir Riaracháin maoirsiú, faoi stiúradh an Bhoird Rialálaithe, ar chur chun feidhme chlár oibre bliantúil na hOifige.

5.   Déanfaidh an Bainisteoir Riaracháin, faoi mhaoirsiú an Choiste Bainistíochta, na bearta is gá chun feidhmiú na hOifige a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú.

6.   Déanfaidh an Bainisteoir Riaracháin, faoi mhaoirsiú an Choiste Bainistíochta, buiséad na hOifige a chur chun feidhme de bhun Airteagal 13.

7.   Gach bliain, cuideoidh an Bainisteoir Riaracháin le hullmhú na dréacht-tuarascála bliantúla maidir le gníomhaíochtaí BEREC dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

Airteagal 10

An fhoireann

1.   Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus ag Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach, a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, CECG) Uimh. 259/68 (16) agus ag na rialacha arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta sin a chur i bhfeidhm maidir le foireann na hOifige, lena n-áirítear an Bainisteoir Riaracháin.

2.   Déanfaidh an Coiste Bainistíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá a ghlacadh i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach.

3.   Feidhmeoidh Leas-Chathaoirleach an Choiste Bainistíochta na cumhachtaí arna dtabhairt don údarás ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus na cumhachtaí arna dtabhairt le Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích.

4.   Féadfaidh an Coiste Bainistíochta forálacha a ghlacadh trína gceadófar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a cheapadh ar iasacht don Oifig ar bhonn sealadach agus ar feadh tréimhse uasta trí bliana.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 11

Buiséad na hOifige

1.   Is é an méid seo a leanas, go háirithe, a bheidh in ioncam agus in acmhainní na hOifige:

(a)

fóirdheontas ón gComhphobal, arna iontráil faoi na ceannteidil iomchuí de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin), de réir mar a chinneann an t-údarás buiséadach agus i gcomhréir le pointe 47 de CII an 17 Bealtaine 2006;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais ó Bhallstáit nó óna ÚNRanna, ar ranníocaíochtaí arna ndéanamh ar bhonn deonach i gcomhréir le hAirteagal 5(2). Bainfear úsáid as na ranníocaíochtaí sin chun ítimí sonracha den chaiteachas oibríochtúil a mhaoiniú faoi mar atá sainmhínithe sa chomhaontú atá le tabhairt i gcrích idir an Oifig agus na Ballstáit nó na ÚNRanna atá acu, de bhun Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (17). Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na hacmhainní airgeadais leordhóthanacha is gá ag na ÚNRanna chun páirt a ghlacadh in obair na hOifige. Roimh bhunú réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Oifig doiciméid iomchuí, thráthúla agus mhionsonraithe i ndáil le hioncam a shanntar faoin Airteagal seo a chur ar aghaidh chuig an údarás buiséadach.

2.   Cuimseoidh caiteachas na hOifige costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibríochta.

3.   Beidh comhardú ann i dtaca le hioncam agus le caiteachas.

4.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas uile ina n-ábhar do réamhaisnéis do gach bliain airgeadais, i gcomhthráth leis an mbliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad na hOifige.

5.   Déanfar struchtúr eagrúcháin agus airgeadais na hOifige a athbhreithniú cúig bliana tar éis dháta bunaithe na hOifige.

Airteagal 12

Bunú an bhuiséid

1.   Faoin 15 Feabhra gach bliain, cuideoidh an Bainisteoir Riaracháin leis an gCoiste Bainistíochta maidir le hullmhú réamh-dhréachtbhuiséid a chuimseoidh an caiteachas réamh-mheasta don bhliain airgeadais dár gceann, mar aon le liosta post sealadach. Gach bliain, ar bhonn an dréachta, déanfaidh an Coiste Bainistíochta meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige don bhliain airgeadais dár gceann. Déanfaidh an Coiste Bainistíochta an meastachán sin, lena n-áirítear dréachtphlean bunaíochta, a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta.

2.   Tarchuirfidh an Coimisiún an meastachán chuig an údarás buiséadach, maille le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

3.   Ar bhonn na meastachán, déanfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí a mheasfaidh sé is gá i ndáil leis an bplean bunaíochta a iontráil i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus molfaidh sé méid an fhóirdheontais.

4.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Oifig.

5.   Déanfaidh an Coiste Bainistíochta buiséad na hOifige a tharraingt suas. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir sin.

6.   Tabharfaidh an Coiste Bainistíochta fógra gan mhoill don údarás buiséadach go bhfuil sé beartaithe aige aon tionscadal a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Má bheartaíonn ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, déanfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis an fhaisnéis a fháil faoin tionscadal foirgníochta, fógra a thabhairt don Choiste Bainistíochta go bhfuil sé beartaithe aige tuairim den sórt sin a eisiúint. In éagmais freagra, féadfaidh an Coiste Bainistíochta dul ar aghaidh leis an oibríocht atá beartaithe.

Airteagal 13

Cur chun feidhme agus rialú an bhuiséid

1.   Gníomhóidh an Bainisteoir Riaracháin mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad na hOifige chun feidhme faoi mhaoirsiú an Choiste Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Coiste Bainistíochta tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta a tharraingt suas don Oifig, mar aon le ráiteas dearbhaithe. Poibleofar na doiciméid sin.

3.   Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na hOifige na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus beidh tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais i leith na bliana airgeadais sin ag gabháil leis na cuntais shealadacha. Ina theannta sin, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta na hOifige an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú, tar éis sin, i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

4.   Faoin 31 Márta, tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na hOifige ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí agus beidh tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais i leith na bliana airgeadais sin ag gabháil leis na cuntais shealadacha. Ina theannta sin, cuirfear an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais i leith na bliana airgeadais sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

5.   Tar éis barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na hOifige, i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom), Uimh. 1605/2002, déanfaidh an Bainisteoir Riaracháin, ag gníomhú dó nó di ar a fhreagracht nó ar a freagracht féin, cuntais chríochnaitheacha na hOifige a tharraingt suas agus tarchuirfidh sé nó sí chuig an gCoiste Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

6.   Tabharfaidh an Coiste Bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na hOifige.

7.   Déanfaidh an Bainisteoir Riaracháin na cuntais chríochnaitheacha sin, agus tuairim an Choiste Bainistíochta ag gabháil leo, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Iúil tar éis dheireadh na bliana airgeadais.

8.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

9.   Tabharfaidh an Coiste Bainistíochta freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair. Cuirfidh an Coiste Bainistíochta an freagra sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún freisin.

10.   Ar iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, agus de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, déanfaidh an Coiste Bainistíochta aon fhaisnéis is gá i gcomhair dhea-fheidhmiú an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

11.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh a fháil ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, roimh an 15 Bealtaine den bhliain N + 2, urscaoileadh a thabhairt don Choiste Bainistíochta i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais N.

Airteagal 14

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh Iniúchóir Inmheánach an Choimisiúin freagrach as an Oifig a iniúchadh.

Airteagal 15

Rialacha Airgeadais

Beidh feidhm ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 maidir leis an Oifig. Déanfaidh an Coiste Bainistíochta tuilleadh rialacha airgeadais a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus beidh na rialacha sin infheidhme maidir leis an Oifig. Féadfaidh na rialacha airgeadais sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 má éilítear amhlaidh mar gheall ar riachtanais shonracha oibríochta a bhaineann le feidhmiú na hOifige agus i gcás ina bhfaightear comhaontú roimh ré ón gCoimisiún agus sa chás sin amháin.

Airteagal 16

Bearta frithchalaoise

1.   Chun calaois, éillitheacht agus gníomhartha neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (18) ar an Oifig.

2.   Aontóidh an Oifig do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (19) agus glacfaidh sí forálacha iomchuí láithreach maidir le foireann uile na hOifige.

3.   Sonrófar go sainráite sna cinntí maoinithe agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a leanann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid a eisíocann an Oifig agus ar an bhfoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 17

Comhairliúchán

I gcás inarb iomchuí, sula nglacfaidh BEREC tuairimí, dea-chleachtas rialála nó tuarascálacha, rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta. Gan dochar d’Airteagal 20, cuirfidh BEREC torthaí an nós imeachta comhairliúcháin ar fáil go poiblí.

Airteagal 18

Trédhearcacht agus cuntasacht

Cuirfidh BEREC agus an Oifig a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích ar bhealach lena ngabhann ardleibhéal trédhearcachta. Áiritheoidh BEREC agus an Oifig go ndéanfar faisnéis, go háirithe faisnéis faoi thorthaí a gcuid oibre, a thabhairt don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara, ar faisnéis í atá oibiachtúil agus iontaofa agus ar furasta teacht uirthi.

Airteagal 19

Faisnéis a sholáthar do BEREC agus don Oifig

Soláthróidh an Coimisiún agus na ÚNRanna an fhaisnéis a iarrfaidh BEREC agus an Oifig chun a chumasú don BEREC agus don Oifig a gcúraimí a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis sin a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir 2002/21/CE (an Chreat-Treoir).

Airteagal 20

Rúndacht

Faoi réir Airteagal 22, ní dhéanfaidh BEREC ná an Oifig faisnéis a phróiseálann siad nó a fhaigheann siad, ar faisnéis í a iarrtar go ndéileálfaí go rúnda léi, a fhoilsiú ná a nochtadh do thríú páirtithe

Beidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus comhaltaí an Choiste Bainistíochta, an Bainisteoir Riaracháin, saineolaithe seachtracha, lena n-áirítear saineolaithe na meithleacha, agus foireann na hOifige faoi réir na gceanglas rúndachta de bhun Airteagal 287 den Chonradh, fiú tar éis deireadh a bheith tagtha lena gcuid cúraimí.

Déanfaidh BEREC agus an Oifig na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha inmheánacha nós imeachta faoi seach.

Airteagal 21

Dearbhú leasanna

Déanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus comhaltaí an Choiste Bainistíochta, an Bainisteoir Riaracháin agus foireann na hOifige dearbhú bliantúil um cheangaltais agus dearbhú um leasanna ina léireofar aon leasanna díreacha nó neamhdhíreacha, a bhféadfaí a mheas ina leith go ndéanann siad dochar dá neamhspleáchas. Déanfar na dearbhuithe sin i scríbhinn. Poibleofar an dearbhú um leasanna a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus an Choiste Bainistíochta agus a dhéanfaidh an Bainisteoir Riaracháin.

Airteagal 22

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (20) infheidhme maidir le doiciméid a shealbhaíonn BEREC agus an Oifig.

2.   Laistigh de shé mhí ó thús éifeachtach oibríochtaí BEREC agus na hOifige, faoi seach, glacfaidh an Bord Rialálaithe agus an Coiste Bainistíochta bearta praiticiúla maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh cinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230, faoi seach, den Chonradh.

Airteagal 23

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an Oifig agus maidir lena foireann.

Airteagal 24

Dliteanas na hOifige

1.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Oifig, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh í, nó arbh iad a sheirbhísigh, ba shiocair leis le linn a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.

2.   Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann na hOifige i leith na hOifige faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann na hOifige.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Meastóireacht agus athbhreithniú

Laistigh de thrí bliana tar éis thús éifeachtach oibríochtaí BEREC agus na hOifige, faoi seach, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta maidir leis an taithí arna fáil mar thoradh ar oibriú BEREC agus na hOifige. Cuimseoidh an tuarascáil mheastóireachta na torthaí a bheidh bainte amach ag BEREC agus ag an Oifig agus a modhanna oibre faoi seach, i ndáil lena gcuspóirí, lena sainorduithe agus lena gcúraimí faoi seach atá sainithe sa Rialachán seo agus ina gcláir oibre bliantúla faoi seach. Cuirfidh an tuarascáil mheastóireachta tuairimí na ngeallsealbhóirí san áireamh, ar leibhéal Comhphobail agus ar leibhéal náisiúnta araon agus cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Eiseoidh Parlaimint na hEorpa tuairim faoin tuarascáil mheastóireachta.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Å. TORSTENSSON


(1)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 50.

(2)  IO C 257, 9.10.2008, lch. 51.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 (IO C 75 E, 31.3.2009, lch. 67), Seasamh ó Pharliamint na hEorpa an 6 Bealtaine 2009 agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2009

(4)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(5)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.

(6)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 21.

(7)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

(8)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

(9)  IO L 171, 29.6.2007, lch. 32.

(10)  IO L 200, 30.7.2002, lch. 38.

(11)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 1.

(12)  IO L 198, 27.7.2002, lch. 49.

(13)  IO L 202, 30.7.1997, lch. 60.

(14)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(15)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(16)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(17)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(18)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(19)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(20)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.