ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.140.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

52
5 Meitheamh 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 140 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

5.6.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 443/2009 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2009

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is cuspóir don Rialachán seo caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí a shocrú do ghluaisteáin nua phaisinéirí a chláraítear sa Chomhphobal, ar cuspóir é is cuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna.

(2)

Le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, a formheasadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle (3), ceanglaítear go ndéanfaidh na páirtithe go léir cláir náisiúnta agus, nuair is iomchuí, cláir réigiúnacha a fhoirmliú agus a chur chun feidhme, ar cláir iad ina mbeidh bearta lena maolófar an t-athrú aeráide. I dtaca leis sin, mhol an Coimisiún in Eanáir 2007 gur cheart, i gcomhthéacs idirbheartaíochtaí idirnáisiúnta, go saothródh an tAontas Eorpach an cuspóir maidir le laghdú 30 % ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa ag tíortha forbartha a bhaint amach faoin mbliain 2020 (i gcomparáid le leibhéil 1990) agus gur cheart don Aontas féin gealltanas daingean neamhspleách a thabhairt maidir le laghdú 20 % ar a laghad ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2020 (i gcomparáid le leibhéil 1990) gan spleáchas do laghduithe arna mbaint amach ag tíortha forbartha eile. Thacaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an gcuspóir seo.

(3)

Ar cheann de na himpleachtaí a bheidh ag na gealltanais sin, beidh ar na Ballstáit go léir laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ó ghluaisteáin phaisinéirí. Ba cheart beartais agus bearta a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát agus an Chomhphobail i ngach earnáil de gheilleagar an Chomhphobail, agus ní hamháin san earnáil tionscail agus san earnáil fuinnimh, chun na laghduithe substaintiúla is gá a chruthú. Tá iompar de bhóthar ar an dara hearnáil is mó san Aontas i dtaca le hastú gáis ceaptha teasa agus tá méadú ag teacht fós ar líon na n-astaíochtaí sin. Más rud é go leantar den mhéadú ar an tionchar atá ag an iompar de bhóthar ar athrú aeráide, déanfaidh sé dochar suntasach do na laghduithe a dhéantar in earnálacha eile chun athrú aeráide a chomhrac.

(4)

Le spriocanna Comhphobail do ghluaisteáin nua phaisinéirí, cruthaítear níos mó cinnteachta do mhonaróirí maidir le pleanáil, mar aon le níos mó solúbthachta a chruthú chun na ceanglais a chomhlíonadh maidir le laghdú CO2, ná mar a chruthófaí le spriocanna náisiúnta ar leith maidir le laghdú. Le linn caighdeáin feidhmíochta astaíochta a shocrú, tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar na himpleachtaí a bheidh ann do na margaí agus d'iomaíochas monaróirí, ar na costais dhíreacha agus ar na costais neamhdhíreacha a fhorchuirfear ar ghnóthaí agus ar na sochair a bheidh ann ó thaobh spreagadh na nuálaíochta de agus ó thaobh laghdú a dhéanamh ar an méid fuinnimh a úsáidtear.

(5)

Leis an Rialachán seo, cuirtear le próiseas seanbhunaithe trína ndéantar tomhas agus faireachán ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí arna gclárú sa Chomhphobal i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1753/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 2000 lena mbunaítear scéim chun faireachán a dhéanamh ar na meánastaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí (4). Tá sé tábhachtach gurb é a tharlóidh, de thoradh ar cheanglais a leagan amach maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2, ná go leanfar de chinnteacht na hintuarthachta agus na pleanála a sholáthar ar fud an Chomhphobail do mhonaróirí feithiclí maidir lena bhflít gluaisteán nua sa Chomhphobal.

(6)

Sa bhliain 1995, ghlac an Coimisiún Straitéis Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin a laghdú. Bhí an straitéis bunaithe ar thrí cholún: gealltanais dheonacha ó thionscal na ngluaisteán go ngearrfaí siar ar astaíochtaí, feabhas a chur ar an bhfaisnéis a thugtar do thomhaltóirí agus gluaisteáin bhreosla-thíosacha a chur chun cinn trí bhearta fioscacha a chur i bhfeidhm.

(7)

Sa bhliain 1998, ghlac Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (ACEA) gealltanas orthu féin go ndéanfaidís na meánastaíochtaí ó ghluaisteáin nua a dhíoltar a laghdú go 140 g CO2/km faoin mbliain 2008 agus, sa bhliain 1999, ghlac Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na Seapáine (JAMA) agus Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na Cóiré (KAMA) gealltanas orthu féin go ndéanfaidís na meánastaíochtaí ó ghluaisteáin nua a dhíoltar a laghdú go 140 g CO2/km faoin mbliain 2009. Tugadh aitheantas do na gealltanais sin le Moladh 1999/125/CE ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1999 maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (5) (ACEA), le Moladh 2000/303/CE ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2000 maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (KAMA) (6) agus le Moladh 2000/304/CE ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2000 maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (JAMA) (7).

(8)

An 7 Feabhra 2007, ghlac an Coimisiún dhá Theachtaireacht chomhthreomhara: Teachtaireacht lena leagtar amach torthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú agus Teachtaireacht maidir le Creat Rialála do Thionscal Gluaisteán Iomaíoch don 21ú hAois (CARS 21). Sna Teachtaireachtaí sin, leagadh béim ar an dul chun cinn atá déanta chun an sprioc 140 g CO2/km a bhaint amach faoi 2008/2009, ach meabhraíodh nach bhféadfaí sprioc 120 g CO2/km an Chomhphobail a bhaint amach faoin mbliain 2012 in éagmais beart breise.

(9)

Moladh sna Teachtaireachtaí go gcuirfí cur chuige comhtháite i bhfeidhm d'fhonn sprioc 120 g CO2/km an Chomhphobail a bhaint amach faoin mbliain 2012 agus fógraíodh iontu go molfadh an Coimisiún creat reachtach chun cuspóir an Chomhphobail a bhaint amach trí dhíriú ar laghduithe sainordaitheacha ar astaíochtaí CO2 chun cuspóir 130 g CO2/km a bhaint amach ar an meán i bhflít na ngluaisteán nua trí fheabhsuithe a dhéanamh ar theicneolaíocht mhótarfheithicle. I gcomhréir leis an gcur chuige faoi na gealltanais dheonacha arna nglacadh ag monaróirí, cuimsítear na heilimintí sin a dtugtar aird orthu agus astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí á dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (8). Déanfar laghdú breise 10 g CO2/km, nó a choibhéis má tá gá teicniúil leis, trí fheabhsuithe eile teicneolaíochta agus trí mhéadú a dhéanamh ar úsáid bithbhreoslaí inbhuanaithe.

(10)

Leis an gcreat reachtach chun an meánsprioc do fhlít na ngluaisteán nua a chur chun feidhme, ba cheart go n-áiritheofaí spriocanna laghdúcháin atá neodrach ó thaobh iomaíochta de, cothrom ar bhonn sóisialta agus inbhuanaithe, agus ar spriocanna iad lena gcuirfear i gcuntas an éagsúlacht atá ann i measc mhonaróirí gluaisteán na hEorpa agus lena seachnófar aon saobhadh iomaíochta nach bhfuil call leis eatarthu. Ba cheart go mbeadh an creat reachtach comhoiriúnach don chuspóir foriomlán maidir le spriocanna Kiótó an Chomhphobail a bhaint amach agus ba cheart go gcomhlánófaí é le hionstraimí eile a bheadh níos baintí le húsáid, amhail cánacha difreáilte do ghluaisteáin agus d'fhuinneamh.

(11)

Ba cheart maoiniú iomchuí a áirithiú i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh chun forbairt teicneolaíochtaí atá ceaptha chun laghdú mór a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí bóthair a chur chun cinn.

(12)

Chun go ndéanfar éagsúlacht mhargadh na ngluaisteán agus an cumas atá ann freastal ar riachtanais éagsúla na dtomhaltóirí a choimeád ar bun, ba cheart na spriocanna CO2 do ghluaisteáin phaisinéirí a shainiú de réir fhóntas na ngluaisteán ar bhonn líneach. Chun tuairisciú a dhéanamh ar an bhfóntas seo, is iomchuí an paraiméadar í an mhais trína soláthraítear comhghaol leis na hastaíochtaí reatha agus arb é a leanann aisti, dá bhrí sin, ná spriocanna níos réadúla agus níos neodraí ó thaobh iomaíochta de. Thairis sin, tá sonraí maidir le mais ar fáil go héasca. Ba cheart sonraí maidir le paraiméadair ailtéarnacha fóntais, amhail an lorg (leithead an riain arna iolrú faoin rothfhad), a bhailiú d'fhonn meastóireachtaí níos fadtéarmaí ar an gcur chuige fóntas-bhunaithe a éascú. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoin mbliain 2014 ar infhaighteacht na sonraí agus, más iomchuí, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le paraiméadar an fhóntais a oiriúnú.

(13)

Is é is aidhm don Rialachán seo dreasachtaí a chruthú do thionscal na ngluaisteán chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua. Leis an Rialachán seo, cuirtear éicea-nuálaíocht chun cinn go gníomhach agus cuirtear forbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo san áireamh. Ba cheart, go háirithe, go ndéanfaí forbairt teicneolaíochtaí nuálacha um ghluaiseacht a chur chun cinn mar gur lú go mór na hastaíochtaí a thagann astu ná as gluaisteáin thraidisiúnta phaisinéirí. Ar an dóigh seo, déantar iomaíochas fadtéarma an tionscail Eorpaigh a chur chun cinn agus cruthaítear níos mó post ardchaighdeáin. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí bearta éicea-nuálaíochta a áireamh san athbhreithniú ar nósanna imeachta tástála de bhun Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, agus aird á tabhairt ar an tionchar teicniúil agus ar an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag gabháil le háireamh na mbeart sin.

(14)

Mar aitheantas do na costais an-ard ar thaighde agus ar fhorbairt, agus ar tháirgeadh an aonaid, i ndáil le leaganacha tosaigh de theicneolaíochtaí feithiclí carbóin an-íseal atá le tabhairt isteach sa mhargadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féachtar leis an Rialachán seo leis an bpróiseas trína dtabharfar feithiclí carbóin shár-ísil isteach sa mhargadh Comhphobail, ag na céimeanna tosaigh dá ré thráchtála, a luathú agus a éascú ar bhonn eatramhach.

(15)

I dtéarmaí ‘ón tobar go dtí an roth’, féadfar laghduithe suntasacha CO2 a fháil ach breoslaí ailtéarnacha áirithe a úsáid. Ionchorpraítear leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, forálacha sonracha arb é is aidhm dóibh úsáid mhéadaithe feithiclí áirithe a thiomáintear le breosla ailtéarnach a chur chun cinn sa mhargadh Comhphobail.

(16)

Chun go mbeidh comhsheasmhacht ann leis an gcur chuige a glacadh faoi stráitéis an Choimisiúin i leith CO2 agus gluaisteán, go háirithe maidir leis na gealltanais dheonacha arna nglacadh ag comhlachais na monaróirí, ba cheart an sprioc a chur i bhfeidhm maidir le gluaisteáin nua phaisinéirí a chláraítear sa Chomhphobal den chéad uair ar feithiclí iad nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Chomhphobal ach amháin ar feadh tréimhse teoranta, ar mhaithe le mí-úsáid a sheachaint.

(17)

Le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin (9), bunaítear creat comhchuibhithe ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla chun na gluaisteáin nua uile a thagann faoina raon feidhme a fhormheas. Maidir leis an eintiteas atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart gurb é an t-eintiteas céanna é atá freagrach as gach gné den phróiseas cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an Treoir sin agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú.

(18)

Chun críocha cineál-cheadaithe, tá feidhm ag ceanglais shonracha maidir le feithiclí sainchuspóra, mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn II de Threoir 2007/46/CE agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir le feithiclí a aicmítear mar fheithiclí chagatóir M1 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feithiclí iad atá tógtha go sonrach chun críocha tráchtála le go mbeifear in ann cathaoir rothaí a úsáid laistigh den fheithicil agus ar feithiclí iad a chomhlíonann an sainmhíniú ar fheithicil sainchuspóra in Iarscríbhinn II de Threoir 2007/46/CE, ba cheart iad a eisiamh freisin ó raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le beartas an Chomhphobail maidir le cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas.

(19)

Ba cheart solúbthacht a bheith ag na monaróirí cinneadh a dhéanamh faoi conas a bhainfidh siad a spriocanna amach faoin Rialachán seo agus ba cheart ligean dóibh astaíochtaí a mheánú thar fhlít a ngluaisteán nua seachas dualgas a bheith orthu na spriocanna CO2 a urramú i gcás gach gluaisteáin ar leith. Ba cheart, dá bhrí sin, go gceanglófaí ar mhonaróirí a áirithiú nach dtéann meán na n-astaíochtaí sonracha a bhaineann leis na gluaisteáin nua uile a chláraítear sa Chomhphobal agus a bhfuil freagracht orthu ina leith thar mheán na spriocanna astaíochta do na gluaisteáin sin. Ba cheart an ceanglas seo a chéimniú isteach idir na blianta 2012 agus 2015 d'fhonn an idirthréimhse a éascú.

(20)

Ní hiomchuí an modh céanna a úsáid chun na spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí a chinneadh do mhonaróirí ardtáirgeachta agus a úsáidtear leis na spriocanna sin a chinneadh do mhonaróirí ísealtáirgeachta a mheastar a bheith neamhspleách ar bhonn na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Maidir leis na monaróirí ísealtáirgeachta sin, ba cheart go mbeadh spriocanna ailtéarnacha acu maidir le laghdú astaíochtaí, ar spriocanna iad a bhaineann le cumas teicneolaíoch feithiclí monaróra áirithe chun a n-astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus atá i gcomhréir le saintréithe na dteascán sin den mhargadh lena mbaineann. Maidir leis an maolú seo, ba cheart go mbeadh sé san áireamh san athbhreithniú, atá le críochnú roimh thosach na bliana 2013 ar a dhéanaí, ar na spriocanna maidir le hastaíochtaí sonracha atá in Iarscríbhinn I.

(21)

Maidir le monaróirí nideoige, ba cheart ligean dóibh tairbhe a bhaint as sprioc ailtéarnach atá 25 % níos ísle ná meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 a bhí acu sa bhliain 2007. Ba cheart sprioc choibhéiseach a chinneadh i gcás nach bhfuil faisnéis ann don bhliain 2007 faoi mheán na n-astaíochtaí sonracha a bhí ag monaróir. Maidir leis an maolú seo, ba cheart go mbeadh sé san áireamh san athbhreithniú, atá le críochnú roimh thosach na bliana 2013 ar a dhéanaí, ar na spriocanna maidir le hastaíochtaí sonracha atá in Iarscríbhinn I.

(22)

Le linn meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh maidir leis na gluaisteáin nua uile a chláraítear sa Chomhphobal agus a bhfuil freagracht ar mhonaróirí ina leith, ba cheart go gcuirfí na gluaisteáin uile san áireamh, gan spleáchas dá mais nó dá saintréithe eile. Cé nach bhfuil gluaisteáin phaisinéirí a dtéann a mais tagartha thar 2 610 kg agus nach dtagann faoin gcineál-cheadú i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 cumhdaithe le Rialachán (CE) 715/2007, ba cheart go dtomhaisfí na hastaíochtaí do na gluaisteáin sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna tomhais a shonraítear do ghluaisteáin phaisinéirí i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 (10). Maidir le luachanna na n-astaíochtaí CO2 a fhaightear de thoradh ar an nós imeachta seo, ba cheart iad a iontráil ar dheimhniú comhréireachta na feithicle chun go bhféadfar iad a áireamh sa scéim fhaireacháin.

(23)

Chun foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht ar mhaithe lena spriocanna faoin Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh na monaróirí teacht ar chomhaontú maidir le linn a chur ar bun ar bhonn oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart go mairfeadh comhaontú maidir le linn a chur ar bun níos faide ná cúig bliana ach féadfar é a athnuachan. I gcás ina ndéanann na monaróirí linn a chur ar bun, ba cheart a mheas ina leith go bhfuil a gcuid spriocanna faoin Rialachán seo comhlíonta acu ar choinníoll nach dtéann meán astaíochtaí na linne ina n-iomláine thar na sprioc-astaíochtaí don linn.

(24)

Is gá sásra láidir um chomhlíonadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna faoin Rialachán seo.

(25)

Tomhaistear astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí ar bhonn comhchuibhithe sa Chomhphobal de réir na modheolaíochta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Chun ualach riaracháin an Rialacháin seo a íoslaghdú, ba cheart go dtomhaisfí comhlíonadh faoi threoir sonraí maidir le clárú gluaisteán nua sa Chomhphobal, ar sonraí iad a bhailíonn na Ballstáit agus a thuairiscítear don Choimisiún. Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh, ba cheart na rialacha a bhaineann le bailiú agus tuairisciú na sonraí sin a chomhchuibhiú a mhéid is féidir.

(26)

Foráiltear le Treoir 2007/46/CE go n-eiseoidh na monaróirí deimhniú comhréireachta, ar deimhniú é nach mór a chur ag gabháil le gach gluaisteán nua paisinéirí, agus nach gceadóidh na Ballstáit gluaisteán nua paisinéirí a chlárú ná é a chur i seirbhís mura ngabhann deimhniú comhréireachta bailí leis an ngluaisteán sin. Maidir leis na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis an deimhniú comhréireachta arna eisiúint ag an monaróir don ghluaisteán paisinéirí, agus ba cheart go mbeidís bunaithe ar an tagairt seo amháin. Más rud é, ar chúiseanna a bhfuil údar maith leo, nach n-úsáideann na Ballstáit an deimhniú comhréireachta chun an próiseas clárúcháin agus cur i seirbhís do ghluaisteán nua paisinéirí a chur i gcrích, ba cheart dóibh na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun cruinneas leordhóthanach a áirithiú sa nós imeachta faireacháin. Ba cheart bunachar sonraí caighdeánach Comhphobail a bheith ann do na sonraí a bhaineann le deimhnithe comhréireachta. Ba cheart go n-úsáidfí é mar thagairt aonair le gur fusa do na Ballstáit a sonraí clárúcháin a chothabháil nuair a chláraítear feithiclí as an nua.

(27)

Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheasúnú ar leibhéal an Chomhphobail. Maidir le monaróirí a dtéann meán a n-astaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire ó 2012 ar aghaidh. Ba cheart an phréimh a choigeartú de réir an méid a mhainníonn monaróirí a sprioc a chomhlíonadh. Ba cheart go méadófaí an phréimh le himeacht aimsire. Chun dreasacht leordhóthanach a thabhairt chun bearta a ghlacadh lena laghdófar astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí, ba ceart go léireofaí na costais teicneolaíochta sa phréimh. Ba cheart go measfaí, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(28)

Ag féachaint do chuspóir an Rialacháin seo agus do na nósanna imeachta arna mbunú leis an Rialachán seo, níor cheart, mar gheall ar aon bheart náisiúnta arna choimeád ar bun nó arna thabhairt isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 176 den Chonradh, go bhforchuirfí pionóis bhreise nó pionóis níos déine ar mhonaróirí a mhainníonn a spriocanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(29)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm iomlán rialacha iomaíochta an Chomhphobail.

(30)

Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhealaí nua leis an sprioc fhadtéarma a bhaint amach, go háirithe claonadh an chuair, paraiméadar an fhóntais agus scéim na préimhe astaíochtaí iomarcacha.

(31)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11).

(32)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a leasú i bhfianaise na taithí atá faighte agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, modhanna a bhunú chun na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a bhailiú, forálacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an maolú do mhonaróirí áirithe, agus Iarscríbhinn I a oiriúnú chun éabhlóid mhais na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear sa Chomhphobal a chur san áireamh agus chun léiriú a dhéanamh ar aon athrú sa nós imeachta tástála rialála i gcomhair astaíochtaí sonracha CO2 a thomhas. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(33)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 1753/2000/CE a aisghairm ar mhaithe le simpliú agus le soiléireacht dhlíthiúil.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua phaisinéirí a bhunú chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus cuspóir foriomlán an Aontais a bhaint amach maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta arna beartú, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais fheidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua phaisinéirí chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun cuspóir foriomlán an Chomhphobail Eorpaigh a bhaint amach, is é sin 120 g CO2/km mar mheánastaíochtaí CO2 don fhlít gluaisteán nua. Leis an Rialachán seo, socraítear gurb é 130 g CO2/km na meánastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua phaisinéirí, ar ráta é a bhainfear amach trí fheabhsuithe ar theicneolaíocht mhótarfheithicle arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus lena bhearta cur chun feidhme agus i gcomhréir le teicneolaíochtaí nuálacha.

Ón mbliain 2020 ar aghaidh, déantar sprioc 95 g CO2/km mar mheánastaíochtaí don fhlít gluaisteán nua a shocrú leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 13(5).

Mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail, déanfar an Rialachán seo a chomhlánú le bearta breise a chomhfhreagróidh do laghdú 10 g CO2/km.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí chatagóir M1 mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE (‘gluaisteáin phaisinéirí’) ar mótarfheithiclí iad a chláraítear sa Chomhphobal den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Chomhphobal (‘gluaisteáin nua phaisinéirí’).

2.   Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Chomhphobal tráth nach faide ná trí mhí roimh chlárú sa Chomhphobal, a chur san áireamh.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí sainchuspóra mar a shainmhínítear iad i bpointe 5 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘meán na n-astaíochtaí sonracha CO2’, i ndáil le monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 ó na gluaisteáin nua phaisinéirí uile arb é an monaróir sin a monaróir;

(b)

ciallaíonn ‘deimhniú comhréireachta’ an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2007/46/CE;

(c)

ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasta as gach gné de nós imeachta cineál-cheadaithe an CE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(d)

ciallaíonn ‘mais’ mais an ghluaisteáin lena n-áirítear an chabhail agus é i riocht feidhmithe mar atá sonraithe ar an deimhniú comhréireachta agus mar atá sainmhínithe i roinn 2.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(e)

ciallaíonn ‘lorg’ leithead an riain arna iolrú faoin rothfhad mar a shonraítear sa deimhniú comhréireachta é agus mar a shainmhínítear i roinn 2.1 agus i roinn 2.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE é;

(f)

ciallaíonn ‘astaíochtaí sonracha CO2’ na hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteán paisinéirí, arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus arna sonrú mar oll-astaíochtaí CO2 (comhcheangailte) ar an deimhniú comhréireachta. I gcás gluaisteán paisinéirí nach ndéantar cineál-cheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, ciallaíonn ‘astaíochtaí sonracha CO2’ na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas i gcomhréir leis an nós imeachta céanna tomhais a shonraítear do ghluaisteáin phaisinéirí i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008, nó i gcomhréir le nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na hastaíochtaí CO2 a bhunú do na gluaisteáin phaisinéirí sin;

(g)

ciallaíonn ‘sprioc i leith astaíochtaí sonracha’, i ndáil le monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 atá ceadaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I maidir le gach gluaisteán nua paisinéirí arb é an monaróir sin a mhonaróir nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 11, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir leis an maolú sin.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘grúpa monaróirí bainteacha’ monaróir agus a ghnóthais bhainteacha. Ciallaíonn ‘gnóthais bhainteacha’, i ndáil le monaróir:

(a)

gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, go díreach nó go neamhdhíreach:

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú,

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh, nó

an ceart chun gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(b)

gnóthais a shealbhaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cearta nó cumhachtaí ar an monaróir arb iad na cearta nó na cumhachtaí iad atá liostaithe i bpointe (a);

(c)

gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go neamhdhíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a);

(d)

gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, i dteannta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), nó ina sealbhaíonn dhá ghnóthas nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), go comhpháirteach na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a);

(e)

gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) ar seilbh go comhpháirteach ag an monaróir nó ag ceann amháin nó níos mó dá ghnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 4

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha

I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2012 agus gach bliana féilire ina dhiaidh sin, áiritheoidh gach monaróir gluaisteán paisinéirí nach rachaidh meán a astaíochtaí sonracha CO2 thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú do mhonaróir faoi Airteagal 11, i gcomhréir leis an maolú sin.

Chun críocha meánastaíochtaí sonracha CO2 gach monaróra a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas de ghluaisteáin nua phaisinéirí gach monaróra arna gclárú sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

65 % sa bhliain 2012,

75 % sa bhliain 2013,

80 % sa bhliain 2014,

100 % ón mbliain 2015 ar aghaidh.

Airteagal 5

Sár-chreidmheasanna

Le linn meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 a ríomh, is mar a leanas a chomhairfear gach gluaisteán nua paisinéirí ar lú ná 50 g CO2/km a astaíochtaí sonracha CO2:

3,5 gluaisteán sa bhliain 2012,

3,5 gluaisteán sa bhliain 2013,

2,5 gluaisteán sa bhliain 2014,

1,5 gluaisteán sa bhliain 2015,

1 gluaisteán ón mbliain 2016 ar aghaidh;

Airteagal 6

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha d'fheithiclí a thiomáintear le breosla ailtéarnach

Chun a chinneadh an bhfuil a sprioc i leith astaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4 á comhlíonadh ag monaróir, déanfar astaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle atá ceaptha chun bheith in ann feidhmiú ar mheascán de pheitreal agus d'eatánól 85 % (‘E85’) a chomhlíonann an reachtaíocht ábhartha Chomhphobail nó caighdeáin theicniúla Eorpacha a laghdú de 5 %, go dtí an 31 Nollaig 2015, mar aitheantas don chumas níos mó ó thaobh na teicneolaíochta agus ó thaobh laghdaithe astaíochtaí de le linn feithicil a bheith ag feidhmiú ar bhithbhreoslaí. Ní bheidh feidhm ag an laghdú sin ach amháin i gcás ina ndéanann 30 % ar a laghad de na stáisiúin líonta sa Bhallstát inar cláraíodh an fheithicil an cineál breosla ailtéarnaigh sin a sholáthar, agus na critéir inbhuanaitheachta do bhithbhreoslaí a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail á gcomhlíonadh.

Airteagal 7

Linn a dhéanamh

1.   Féadfaidh monaróirí, seachas monaróirí a mbeidh maolú deonaithe dóibh faoi Airteagal 11, linn a dhéanamh chun críocha chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4.

2.   Féadfaidh comhaontú chun linn a dhéanamh baint a bheith aige le bliain féilire amháin nó níos mó ar choinníoll nach faide ná cúig bliana féilire ré fhoriomlán gach comhaontaithe ar leith agus ní mór é a dhéanamh an 31 Nollaig nó roimhe sa chéad bhliain féilire a bhfuil linn astaíochtaí le déanamh ina leith. Maidir le monaróirí a dhéanann linn, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

(a)

na monaróirí a áireofar sa linn;

(b)

an monaróir a bheidh ainmnithe mar bhainisteoir na linne agus a bheidh mar phointe teagmhála don linn agus a bheidh freagrach as aon phréimh astaíochtaí iomarcacha, a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9, a íoc; agus

(c)

fianaise go mbeidh bainisteoir na linne in ann na hoibleagáidí faoi phointe (b) a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina mainneoidh bainisteoir ainmnithe na linne an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do na monaróirí.

4.   Déanfaidh na monaróirí a áirítear i linn fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún maidir le haon athrú bainisteora linne nó maidir le haon athrú ar a stádas airgeadais, a mhéid a dhéanfaidh sé sin difear dá cumas an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha, a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9, a íoc, agus maidir le haon athruithe ar chomhaltas na linne nó maidir le díscaoileadh na linne.

5.   Féadfaidh monaróirí socruithe linne a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil a gcomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh agus go gceadófar leis na comhaontuithe sin rannpháirtíocht oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí atá réasúnach ar bhonn tráchtála d'aon mhonaróir a iarrann a bheith ina chomhalta den linn. Gan dochar d'infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Chomhphobail maidir le linnte den sórt sin, áiritheoidh comhaltaí uile de chuid linne, go háirithe, nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise a bheith ann i gcomhthéacs a socraithe linne, ach amháin i leith na faisnéise seo a leanas:

(a)

na meánastaíochtaí sonracha CO2;

(b)

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha;

(c)

líon iomlán na bhfeithiclí atá cláraithe.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás inar cuid den ghrúpa céanna monaróirí bainteacha iad na monaróirí go léir a áirítear sa linn.

7.   Ach amháin i gcás ina dtugtar fógra faoi mhír 3, measfar, maidir leis na monaróirí atá i linn a ndéantar faisnéis ina leith a sholáthar don Choimisiún, gur monaróir amháin iad chun críocha chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4. Déanfar an fhaisnéis fhaireacháin agus tuairiscithe i leith monaróirí aonair, agus i leith aon linnte chomh maith, a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus beidh an fhaisnéis sin ar fáil, sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

Airteagal 8

Faireachán agus tuairisciú ar mheán na n-astaíochtaí

1.   I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2010 agus i gcás gach bliana féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon ghluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn II a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar mhodh trédhearcach. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí nach ndearnadh cineál-cheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a thomhas agus go ndéanfar na hastaíochtaí sin a thaifeadadh sa deimhniú comhréireachta.

2.   Faoin 28 Feabhra gach bliain, ag tosú sa bhliain 2011, cinnfidh gach Ballstát an fhaisnéis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn II maidir leis an mbliain féilire roimhe sin agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún í. Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid atá sonraithe i gCuid C d'Iarscríbhinn II.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát an tsraith iomlán sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1 a tharchur freisin.

4.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár lárnach de na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé, faoin 30 Meitheamh gach bliain, ag tosú sa bhliain 2011, an méid seo a leanas a ríomh go sealadach i gcomhair gach monaróra:

(a)

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(b)

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire roimhe sin; agus

(c)

an difríocht idir meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain sin.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach aon mhonaróir faoina ríomh sealadach don mhonaróir sin. Áireofar san fhógra sonraí in aghaidh gach Ballstáit maidir le líon na ngluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh agus maidir lena n-astaíochtaí sonracha CO2.

Beidh an clár ar fáil go poiblí.

5.   Laistigh de thrí mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, féadfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad ina leith gur tharla an earráid ann.

Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí a gheofar ó mhonaróirí a bhreithniú agus déanfaidh sé, faoin 31 Deireadh Fómhair, na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a dhaingniú nó a leasú.

6.   Más rud é, ar bhonn na ríomhanna faoi mhír 5 go ndealraíonn sé don Choimisiún, i dtaca leis an mbliain féilire 2010 nó 2011, go ndeachaigh meán astaíochtaí sonracha CO2 monaróra sa bhliain sin thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin don mhonaróir.

7.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil chun na sonraí faireacháin a bhailiú agus a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh siad, tráth nach déanaí ná 8 Nollaig 2009 an Coimisiún a chur ar an eolas faoin údarás inniúil a ainmnítear. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ina dhiaidh sin maidir leis an méid sin.

8.   I gcás gach bliana féilire a mbeidh feidhm ag Airteagal 6 lena linn, soláthróidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún maidir le sciar na stáisiún líonta agus maidir leis na critéir inbhuaineachta i ndáil le E85 dá dtagraítear san Airteagal sin.

9.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le faireachán agus tuairisciú ar na sonraí faoin Airteagal seo agus maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a leasú i bhfianaise na taithí a fhaightear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 9

Préimh astaíochtaí iomarcacha

1.   Maidir le gach bliain féilire ón mbliain 2012 ar aghaidh, ina dtéann meán astaíochtaí sonracha CO2 monaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain sin, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir nó, i gcás linne, ar bhainisteoir na linne.

2.   Maidir leis an bpréimh astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1, ríomhfar í de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

(a)

Ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2018:

(i)

I gcás ina dtéann meán astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha de mhéid is mó ná 3 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 3 g CO2/km) × EUR 95/g CO2/km + 1 g CO2/km × EUR 25/g CO2/km + 1 g CO2/km × EUR 15/g CO2/km + 1 g CO2/km × EUR 5/g CO2/km) × líon na ngluaisteán nua paisinéirí.

(ii)

I gcás ina dtéann meán astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha de mhéid is mó ná 2 g CO2/km ach nach mó ná 3 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 2 g CO2/km) × EUR 25/g CO2/km + 1 g CO2/km × EUR 15/g CO2/km + 1 g CO2/km × EUR 5/g CO2/km) × líon na ngluaisteán nua paisinéirí.

(iii)

I gcás ina dtéann meán astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha de mhéid is mó ná 1 g CO2/km ach nach mó ná 2 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 1 g CO2/km) × EUR 15/g CO2/km + 1 g CO2/km × EUR 5/g CO2/km) × líon na ngluaisteán nua paisinéirí.

(iv)

I gcás ina dtéann meán astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha de mhéid nach mó ná 1 g CO2/km:

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 5/g CO2/km) × líon na ngluaisteán nua paisinéirí.

(b)

Ón mbliain 2019 ar aghaidh:

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 95 €/g CO2/km) × líon na ngluaisteán nua paisinéirí.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘astaíochtaí iomarcacha’, arna gcinneadh mar a leagtar amach in Airteagal 4, an líon deimhneach gram in aghaidh an chiliméadair ar dá réir a chuaigh meán astaíochtaí sonracha an mhonaróra — agus laghduithe astaíochtaí CO2 de thoradh ar theicneolaíochtaí nuálacha formheasta á gcur san áireamh — thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire agus an líon sin á chothromú go dtí na trí hionad dheachúla is gaire; agus ciallaíonn ‘líon na ngluaisteán nua paisinéirí’ líon na ngluaisteán nua paisinéirí arb é an monaróir sin a monaróir agus a cláraíodh sa bhliain sin de réir na gcritéar maidir le céimniú isteach a leagtar amach in Airteagal 4.

3.   Bunóidh an Coimisiún modhanna chun préimheanna astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1 a bhailiú.

Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Feidhmíocht na monaróirí a fhoilsiú

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, ag tosú sa bhliain 2011, foilseoidh an Coimisiún liosta ina dtabharfar na mionsonraí seo a leanas i leith gach monaróra ar leith:

(a)

a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

(b)

meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(c)

an difríocht idir meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain sin;

(d)

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na ngluaisteán nua paisinéirí uile a bhí sa Chomhphobal sa bhliain féilire roimhe sin; agus

(e)

meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí uile a bhí sa Chomhphobal sa bhliain féilire roimhe sin.

2.   Ón 31 Deireadh Fómhair 2013 ar aghaidh, tabharfar le fios freisin sa liosta a fhoilseofar faoi mhír 1 cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an monaróir ceanglais Airteagal 4 i leith na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 11

Maoluithe do mhonaróirí áirithe

1.   Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar monaróir é atá freagrach as líon is lú ná 10 000 gluaisteán nua paisinéirí arna gclárú sa Chomhphobal in aghaidh na bliana féilire agus ar monaróir é:

(a)

nach cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é; nó

(b)

ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é atá freagrach as líon is lú ná 10 000 gluaisteán nua paisinéirí san iomlán arna gclárú sa Chomhphobal in aghaidh na bliana féilire; nó

(c)

ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é ach a oibríonn a shaoráidí táirgeachta féin agus a ionad dearthóireachta féin.

2.   Féadfar maolú a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 a dheonú ar feadh tréimhse uasta cúig bliana féilire. Déanfar iarratas chuig an gCoimisiún agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

ainm an mhonaróra agus ainm an duine teagmhála don mhonaróir;

(b)

fianaise go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a bheith aige faoi mhír 1;

(c)

mionsonraí na ngluaisteán paisinéirí a mhonaraíonn sé, lena n-áirítear mais agus astaíochtaí sonracha CO2 na ngluaisteán paisinéirí sin; agus

(d)

sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun a astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin a mhonaraítear á gcur san áireamh.

3.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir. Beidh feidhm ag an maolú ón 1 Eanáir sa bhliain i ndiaidh an dáta a ndeonófar an maolú.

4.   Maidir le monaróir atá freagrach, i gcomhar lena ghnóthais bhainteacha uile, as líon idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear sa Chomhphobal in aghaidh na bliana féilire, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

Féadfaidh monaróir iarratas den sórt sin a dhéanamh ar a shon féin nó ar a shon féin i gcomhar le haon cheann dá ghnóthais bhainteacha. Is chuig an gCoimisiún a dhéanfar an t-iarratas agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 2(a) agus i mír 2(c) lena n-áirítear, más ábhartha, faisnéis maidir le haon ghnóthais bhainteacha.

(b)

sprioc arb é atá inti laghdú 25 % ar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 25 % ar mheán astaíochtaí sonracha CO2 na ngnóthas sin sa bhliain 2007.

I gcás nach ann d'fhaisnéis maidir le meán astaíochtaí sonracha CO2 monaróra don bhliain 2007, cinnfidh an Coimisiún sprioc choibhéiseach laghdúcháin a bheidh bunaithe ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus a úsáidtear i ngluaisteáin phaisinéirí a bhfuil mais inchomparáide acu, agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin a mhonaraítear á gcur san áireamh. Úsáidfidh an t-iarratasóir an sprioc sin chun críocha phointe (b).

Deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir i gcás ina dtaispeántar gur comhlíonadh na critéir le haghaidh an mhaolaithe dá dtagraítear sa mhír seo.

5.   Maidir le monaróir atá faoi réir maolaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon athrú a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, dá cháilitheacht chun maolú a bheith aige.

6.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, cibé acu ar bhonn fógra faoi mhír 5 nó ar shlí eile, nach bhfuil monaróir cáilithe a thuilleadh chun an maolú a bheith aige, déanfaidh sé an maolú a chúlghairm le héifeacht ón 1 Eanáir sa chéad bhliain féilire eile agus tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoin méid sin.

7.   I gcás nach bhfuil a sprioc i leith astaíochtaí sonracha bainte amach ag monaróir, forchuirfidh an Coimisiún an phréimh astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 9.

8.   Féadfaidh an Coimisiún forálacha mionsonraithe a ghlacadh chun míreanna (1) go (7) a chur chun feidhme, inter alia maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta chun maolú a fháil, maidir le hinneachar na n-iarratas agus maidir le hinneachar agus le measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

9.   Déanfar iarratais ar mhaolú, lena n-áirítear an fhaisnéis a thacaíonn leis, fógraí faoi mhír 5, cúlghairm faoi mhír 6 agus aon fhorchur préimhe astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 7 agus bearta arna nglacadh de bhun mhír 8, a chur ar fáil go poiblí, ach sin faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (12).

Airteagal 12

Éicea-nuálaíocht

1.   Ar iarratas ó sholáthróir nó ó mhonaróir, breithneofar coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid. Féadfaidh suas go 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin i leith laghdú a dhéanamh ar sprioc astaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

2.   Faoin mbliain 2010, déanfaidh an Coimisiún forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta formheasta i leith na dteicneolaíochtaí nuálacha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2). Beidh na forálacha mionsonraithe sin bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:

(a)

ní mór don soláthróir nó don mhonaróir a bheith cuntasach as coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid;

(b)

ní mór rannchuidiú fíoraithe maidir le laghdú CO2 a bheith ann de thoradh ar na teicneolaíochtaí nuálacha;

(c)

ní mór nach gcumhdaítear na teicneolaíochtaí nuálacha leis an timthriall caighdeánach tástála chun CO2 a thomhas nó le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Chomhphobail.

3.   Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanann iarratas go bhformheasfar beart mar theicneolaíocht nuálach, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin arna dréachtú ag comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás idirghníomhaíocht ionchasach a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile atá formheasta cheana féin, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an laghdú a bhaintear amach a fhianú ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 2.

Airteagal 13

Athbhreithniú agus tuarascáil

1.   Sa bhliain 2010, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chur chuige comhtháite an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú.

2.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2014, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, glacfar bearta chun Iarscríbhinn I a leasú le go gcoigeartófar an figiúr M0 dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin do mheánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí sna trí bliana féilire roimhe sin.

Beidh éifeacht leis na bearta sin den chéad uair an 1 Eanáir 2016 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

3.   Ón mbliain 2012 ar aghaidh, déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair d'fhonn athbhreithniú a dhéanamh, faoin mbliain 2014, mar a fhoráiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas mar a leagtar amach iad faoin Rialachán sin. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, tograí iomchuí chun na nósanna imeachta sin a oiriúnú le go dtabharfar léiriú leordhóthanach ar fhíor-iompraíocht na ngluaisteán maidir le hastaíochtaí CO2 agus le go gcuimseofar na teicneolaíochtaí nuálacha formheasta, mar a shainmhínítear in Airteagal 12 iad ar teicneolaíochtaí iad a bhféadfaí léiriú a thabhairt orthu sa timthriall tástála. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar athbhreithniú go tráthrialta ina dhiaidh sin ar na nósanna imeachta sin.

Ó dháta chur i bhfeidhm an nós imeachta athbhreithnithe chun astaíochtaí CO2 a thomhas, ní dhéanfar teicneolaíochtaí nuálacha a fhormheas a thuilleadh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 12.

4.   Faoin mbliain 2010, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 2007/46/CE chun go bhfreagróidh gach cineál/athraitheach/leagan do shraith uathúil teicneolaíochtaí nuálacha.

5.   Faoin 1 Eanáir 2013, críochnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha in Iarscríbhinn I agus ar na maoluithe in Airteagal 11 d'fhonn sainiú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

na socruithe lena ndéanfar, faoin mbliain 2020, sprioc fhadtéarma 95 g CO2/km a bhaint amach ar mhodh costéifeachtach, agus

na gnéithe de chur chun feidhme na sprice sin, lena n-áirítear an phréimh astaíochtaí iomarcacha.

Ar bhonn athbhreithnithe den sórt sin agus an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis, ina n-áirítear measúnú foriomlán ar an tionchar ar thionscal na ngluaisteán agus ar na tionscail eile atá spleách air, déanfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú ar shlí a bheidh chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, agus a bheidh cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus a bheidh inbhuanaithe.

6.   Tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin mbliain 2014, tuarascáil a fhoilsiú maidir le hinfhaighteacht na sonraí i leith an loirg, agus maidir lena úsáid mar pharaiméadar fóntais chun spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a chinneadh agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun Iarscríbhinn I a leasú.

7.   Glacfar bearta chun foráil a dhéanamh maidir leis an oiriúnú is gá ar fhoirmlí Iarscríbhinn I chun go léireofar aon athrú ar an nós imeachta tástála rialála i gcomhair astaíochtaí sonracha CO2 a thomhas.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE (13) cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairfear Cinneadh Uimh. 1753/2000/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Leanfaidh Airteagal 4, Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Chinneadh sin d'fheidhm a bheith acu, áfach, go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na sonraí faireacháin don bhliain féilire 2009 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreán 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NEČAS


(1)  IO C 77, 31.3.2009, lch. 1.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Aibreán 2009.

(3)  IO L 33, 7.2.1994, lch. 11.

(4)  IO L 202, 10.8.2000, lch. 1.

(5)  IO L 40, 13.2.1999, lch. 49.

(6)  IO L 100, 20.4.2000, lch. 55.

(7)  IO L 100, 20.4.2000, lch. 57.

(8)  IO L 171, 29.6.2007, lch. 1.

(9)  IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(12)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(13)  Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (IO L 49, 19.2.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

SPRIOCANNA I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA

1.   Maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 gach gluaisteáin nua paisinéirí ar leith, arna dtomhas i ngraim in aghaidh an chiliméadair, déanfar, chun críocha na ríomhanna san Iarscríbhinn seo, iad a chinneadh i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:

(a)

Ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2015:

Na hastaíochtaí sonracha CO2 = 130 + a × (M – M0)

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

1 372,0

a

=

0,0457

(b)

Ón mbliain 2016:

Na hastaíochtaí sonracha CO2 = 130 + a × (M – M0)

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

an luach a ghlacfar de bhun Airteagal 13(2)

a

=

0,0457

2.   Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir i mbliain féilire ar leith a ríomh mar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 do gach gluaisteán nua paisinéirí arna chlárú sa bhliain féilire sin arb é an monaróir sin a mhonaróir.


IARSCRÍBHINN II

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ AR ASTAÍOCHTAÍ

CUID A — Sonraí a bhailiú maidir le gluaisteáin nua phaisinéirí agus faisnéis fhaireacháin CO2 a chinneadh

1.   I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2010 agus i gcás gach bliana féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit na mionsonraí seo a leanas a thaifeadadh i leith gach gluaisteáin nua paisinéirí a chlárófar ar a chríoch:

(a)

an monaróir;

(b)

a chineál, a athraitheach agus a leagan;

(c)

a astaíochtaí sonracha CO2 (g/km);

(d)

a mhais (kg);

(e)

a rothfhad (mm); agus

(f)

leithead a riain (mm).

2.   Maidir leis na mionsonraí dá dtagraítear i bpointe 1, gheofar iad ó dheimhniú comhréireachta an ghluaisteáin ábhartha paisinéirí. I gcás ina ndéantar mais íosta agus mais uasta araon do ghluaisteán paisinéirí a shonrú ar an deimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr uasta chun críocha an Rialacháin seo. I gcás feithiclí débhreoslaithe (peitreal/gás), a bhfuil figiúirí i leith astaíochtaí sonracha CO2 le haghaidh an dá chineál breosla ar a ndeimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr arna thomhas don ghás.

3.   I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2010 agus i gcás gach bliana féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas a chinneadh, i gcomhréir leis na modhanna a thuairiscítear i gCuid B, maidir le gach aon mhonaróir:

(a)

líon iomlán na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch;

(b)

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2, mar atá sonraithe i bpointe 2 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(c)

an mheánmhais, mar atá sonraithe i bpointe 3 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(d)

maidir le gach aon leagan de gach aon athraitheach de gach aon chineál gluaisteáin nua paisinéirí:

(i)

líon iomlán na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch, mar atá sonraithe i bpointe 1 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(ii)

na hastaíochtaí sonracha CO2 agus an cion den laghdú ar astaíochtaí a bhaintear amach de thoradh ar theicneolaíochtaí nuálacha, i gcomhréir le hAirteagal 12, nó ar fheithiclí a thiomáintear le breosla ailtéarnach, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(iii)

an mhais;

(iv)

lorg an ghluaisteáin, mar atá sonraithe i bpointe 5 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.

CUID B — Modheolaíocht chun faisnéis fhaireacháin CO2 a chinneadh do ghluaisteáin nua phaisinéirí

Maidir leis an bhfaisnéis fhaireacháin a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit í a chinneadh i gcomhréir le pointe 3 de Chuid A, cinnfear í i gcomhréir leis an modheolaíocht a shonraítear sa Chuid seo.

1.   Líon na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear (N)

Cinnfidh na Ballstáit líon na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a gcríoch sa bhliain fhaireacháin lena mbaineann (N).

2.   Meán astaíochtaí sonracha CO2 na ngluaisteán nua paisinéirí (Save)

Déantar meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 do na gluaisteáin nua phaisinéirí uile a chláraítear ar chríoch Ballstáit sa bhliain fhaireacháin (Save) a ríomh trí shuim na n-astaíochtaí sonracha CO2 do gach aon ghluaisteán nua paisinéirí ar leith (S) a roinnt ar líon na ngluaisteán nua paisinéirí (N).

Save = (1 / N) × Σ S

3.   Meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí

Déantar meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí uile a chláraítear ar chríoch Ballstáit sa bhliain fhaireacháin (Mave) a ríomh trí shuim mhais gach aon ghluaisteáin nua paisinéirí ar leith (M) a roinnt ar líon na ngluaisteán nua paisinéirí (N).

Mave = (1 / N) × Σ M

4.   Gluaisteáin nua paisinéirí a dháileadh de réir leagain

Maidir le gach aon leagan de gach aon athraitheach de gach aon chineál gluaisteáin nua paisinéirí, tá líon na ngluaisteán paisinéirí nuachláraithe, mais na bhfeithiclí, na hastaíochtaí sonracha CO2 agus lorg an ghluaisteáin le taifeadadh.

5.   Lorg

Déanfar lorg an ghluaisteáin a ríomh trí rothfhad an ghluaisteáin a iolrú faoi leithead riain an ghluaisteáin.

CUID C — An fhormáid chun na sonraí a tharchur

I gcás gach bliana, déanfaidh na Ballstáit tuairisc a thabhairt sna formáidí seo a leanas faoi na sonraí a thuairiscítear i bpointe 3 de Chuid A do gach aon mhonaróir:

Sonraí comhiomlánaithe:

Bliain:

 

 

 

 

Monaróir

Líon iomlán na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear

Meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 (g/km)

Meánmhais (kg)

Meánlorg (m2)

(Monaróir 1)

(Monaróir 2)

Iomlán na monaróirí go léir

Sonraí mionsonraithe ar leibhéal an mhonaróra:

Bliain

Monaróir

Cineál gluaisteáin

Athraitheach

Leagan

Teicneolaíocht nuálach (1)nó grúpa teicneolaíochtaí nuálacha nó feithicil a thiomáintear le breosla ailtéarnach (2)

Déanamh

Ainm tráchtála

Iomlán na gcláruithe nua

Astaíochtaí sonracha CO2

(g/km)

Mais

(kg)

Lorg

(m2)

Laghdú ar astaíochtaí trí theicneolaíochtaí nuálacha nó trí acmhainn bhreosla ailtéarnaigh (1)  (2)

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 1)

(ainm athraitheach 1)

(ainm leagan 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 1)

(ainm athraitheach 1)

(ainm leagan 2)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 1)

(ainm athraitheach 2)

(ainm leagan 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 1)

(ainm athraitheach 2)

(ainm leagan 2)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 2)

(ainm athraitheach 1)

(ainm leagan 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 2)

(ainm athraitheach 1)

(ainm leagan 2)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 2)

(ainm athraitheach 2)

(ainm leagan 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

(ainm chineál 2)

(ainm athraitheach 2)

(ainm leagan 2)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

 

Bliain 1

(Ainm mhonaróir 1)

 


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 12.

(2)  I gcomhréir le hAirteagal 6.