ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

50
29 Meitheamh 2007


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ( 2 )

1

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche ( 2 )

17

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE ( 2 )

32

 


 

(1)   Faoin tagairt L 171 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

29.6.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 715/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2007

maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Cuimsíonn an margadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina gcaitear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Chuige sin tá córas cuimsitheach comhchineálaithe Comhphobail do mhótarfheithiclí i bhfeidhm, a bunaíodh le Treoir 70/156/CEE ón gComhairle an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cineálcheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí (3). Dá bhrí sin, ba chóir na riachtanais theicniúla a bhaineann le comhchineálú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí a chomhchuibhiú sa dóigh nach mbeadh riachtanais dhifriúla i mBallstáit áirithe seachas a chéile agus chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.

(2)

Tá an Rialachán seo ar cheann de líon achtanna rialúcháin ar leith i gcomhthéacs nós imeachta comhchineálaithe an Chomhphobail faoi Threoir 70/156/CEE. Dá bhrí sin, ba chóir an Treoir sin a leasú dá réir.

(3)

Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa tá cur chuige nua rialúcháin tugtha isteach i reachtaíocht an AE maidir le feithiclí. Dá réir sin, leagann an Rialachán seo forálacha bunúsacha síos maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí, ach is trí bhearta cur i bhfeidhm a glacadh trí nósanna imeachta coiste a leagfar amach na sonraíochtaí teicniúla.

(4)

I mí Márta 2001 sheol an Coimisiún an clár dar teideal Aer Glan Don Eoraip (CAFE), ar leagadh amach a mhóreilimintí i dteachtaireacht an 4 Bealtaine 2005. Dá thoradh sin glacadh le straitéis théamúil maidir le truailliú aeir le teachtaireacht a eisíodh an 21 Meán Fómhair 2005. Ceann de chonclúidí na straitéise téamúla is ea gur gá tuilleadh laghduithe a dhéanamh ar astaíochtaí ó earnáil an iompair (aeriompar, muiriompar agus iompar ar tír), ó theaghlaigh agus ó earnálacha an fhuinnimh, na talmhaíochta agus an tionscail chun cuspóirí cáilíochta aeir an AE a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba chóir tabhairt faoi astaíochtaí ó fheithiclí a laghdú mar chuid de straitéis fhoriomlán. Tá caighdeáin Euro 5 agus 6 ar cheann de na bearta a ceapadh chun astaíochtaí ábhair cháithnínigh agus réamhtheachtaithe ózóin ar nós ocsaídí nitrigine agus hidreacarbón a laghdú ag céim luath.

(5)

Chun cuspóirí cáilíochta aeir AE a bhaint amach, beidh gá le hiarracht leanúnach astaíochtaí ó fheithiclí a laghdú. Chuige sin, ba chóir faisnéis shoiléir faoi luachanna teorantacha astaíochta a chur ar fáil don tionscal amach anseo. Sin í an chúis a gcuimsíonn an Rialachán seo, de bhreis ar Euro 5, céim Euro 6 de na luachanna teorantacha astaíochta.

(6)

Is gá, go háirithe, laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ocsaíde nitrigine ó fheithiclí díosail chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun luachanna teorantacha truaillithe a chomhlíonadh. Éilíonn sin go mbainfí luachanna teorantacha uaillmhianacha amach ag céim Euro 6 gan an ceangal a bheith ar dhaoine buntáistí na n-inneall díosail a ligean uathu maidir le hídiú breosla agus le hastaíochtaí aonocsaíde carbóin. Má leagtar amach céim den sórt sin chun astaíochtaí ocsaíde nitrigine a laghdú, áiritheoidh an méid sin slándáil fhadtéarmach pleanála ar fud na hEorpa do dhéantóirí feithiclí.

(7)

Agus caighdeáin astaíochta á leagan amach, tá sé tábhachtach go gcuirfí san áireamh na himpleachtaí do mhargaí agus d'iomaíochas déantóirí, na costais dhíreacha agus indíreacha a chuirtear ar ghnó agus na buntáistí a charntar ó thaobh nuálaíocht a spreagadh, cáilíocht an aeir a fheabhsú, costais sláinte a laghdú agus ionchas saoil a mhéadú, mar aon leis na himpleachtaí a bhaineann leis an tionchar foriomlán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin.

(8)

Tá gá le rochtain neamhshrianta ar fhaisnéis faoi dheisiú feithiclí, trí fhormáid chaighdeánaithe is féidir a úsáid chun an fhaisnéis theicniúil a aisghabháil, agus le hiomaíocht éifeachtach ar an margadh do sheirbhísí faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, go háirithe maidir le saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Baineann sciar mór den fhaisnéis sin le córais dhiagnóiseacha ar bord (DAB) agus lena n-idirghníomhaíocht le córais eile feithiclí. Is cuí sonraíochtaí teicniúla a leagan amach ar chóir do láithreáin ghréasáin na ndéantóirí cloí leo, mar aon le spriocbhearta lena chinntiú go mbeadh rochtain réasúnach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) orthu. Is féidir le comhchaighdeáin a aontaíodh i bpáirt le páirtithe leasmhara, leithéidí fhormáid OASIS (4), malartú faisnéise a éascú idir déantóirí agus soláthraithe seirbhíse. Dá bhrí sin is cuí a éileamh ag an tús go n-úsáidfí sonraíochtaí teicniúla fhormáid OASIS agus go n-iarrfaí ar an gCoimisiún a iarraidh ar CEN/ISO tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhformáid sin d'fhonn caighdeán a chinneadh a bheadh sé i gceist a chur in ionad fhormáid OASIS i dtráth cuí.

(9)

Tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, ba chóir don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú an chórais rochtana ar gach faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí chun a chinneadh ar chuí na forálacha go léir a rialaíonn rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a chomhdhlúthú i dTreoir réime choigeartaithe maidir le cineálcheadú. Má ionchorpraítear na forálacha a rialaíonn rochtain ar gach faisnéis faoi fheithiclí sa Treoir sin, ba chóir na forálacha comhfhreagracha atá sa Rialachán seo a aisghairm, fad a chaomhnófar na cearta rochtana atá ann ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil.

(10)

Astaíochtaí atá fós gan rialú agus a eascraíonn de thoradh úsáid níos leithne a bheith á baint as foirmlithe nua breosla, teicneolaíochtaí innill agus córais rialaithe astaíochtaí, ba chóir don Choimisiún a choimeád faoi bhreithniú, agus, más gá, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d'fhonn astaíochtaí den sórt sin a rialú.

(11)

Chun gurbh éasca feithiclí breosla ionadúil a thabhairt isteach a bhféadfaidh astaíochtaí ísle ocsaíde nitrigine agus cáithníneacha a bheith acu, agus chun go gcoimeádfar a leithéid ann, agus ag an am céanna, chun astaíochtaí laghdaithe ó fheithiclí peitrealchumhachta a chothú, tugtar isteach leis an Rialachán seo luachanna teorantacha ar leith do lánhidreacarbóin agus do lánhidreacarbóin neamh-mheatáin.

(12)

Ba chóir leanúint d'iarrachtaí chun srianta astaíochta níos déine a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú, agus chun a chinntiú go mbainfidh na srianta sin le feidhmiú iarbhír feithiclí agus iad in úsáid.

(13)

Chun a chinntiú go bhfuil astaíochtaí d'ábhar cáithníneach sármhín (ÁC 0,1 µm agus faoina bhun) rialaithe, ba chóir don Choimisiún cur chuige líonbhunaithe a ghlacadh a luaithe is féidir i leith astaíochtaí ÁC mar aon leis an gcur chuige maisbhunaithe a úsáidtear faoi láthair, agus é a thabhairt isteach ar a dhéanaí nuair a thiocfaidh céim Euro 6 i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh an cur chuige líonbhunaithe i leith astaíochtaí ÁC bunaithe ar thorthaí Chlár Tomhais Cáithnínigh (CTC) na NA/an ECE agus ba chóir go mbeadh sé ag luí leis na cuspóirí uaillmhianacha atá ann don chomhshaol.

(14)

Chun tuilleadh in-atrialltachta a sholáthar agus mais agus líon na n-astaíochtaí cáithníneacha á dtomhas sa tsaotharlann, ba chóir don Choimisiún nós imeachta nua tomhais a ghlacadh in ionad an nós imeachta reatha. Ba chóir é sin a thionscnamh a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí nuair a bheidh céim Euro 6 á feidhmiú. Ba chóir dó a bheith bunaithe ar thorthaí an CTC. Nuair a chuirfear an nós imeachta nua tomhais i bhfeidhm, ba cheart athchalabrú a dhéanamh ar na maisteorainneacha astaíochta ÁC atá leagtha amach sa Rialachán seo, ó tharla go dtaifeadann an nós imeachta nua maisleibhéal níos ísle ná mar a dhéanann an modh atá ann faoi láthair.

(15)

Ba chóir don Choimisiún an gá atá ann coigeartú a dhéanamh ar an tSraith Nua Eorpach Tiomána a choimeád faoi bhreithniú, agus é ina nós imeachta tástála do rialacháin chineálcheadaithe CE maidir le hastaíochtaí. D'fhéadfadh sé gur ghá na sraitheanna tástálacha a thabhairt cothrom le dáta nó sraitheanna nua a chur ina n-ionad d'fhonn athruithe ar shonrú feithiclí agus ar iompar tiománaithe a léiriú. D'fhéadfadh sé go mbeadh gá le coigeartuithe d'fhonn a áirithiú go bhfreagraíonn fíorastaíochtaí do na hastaíochtaí a thomhaistear agus an cineálcheadú á dhéanamh. Ba chóir úsáid córas soghluaiste tomhais agus tabhairt isteach an choincheapa rialúcháin ‘gan dul thar a bhfuil riachtanach’ a bhreithniú freisin.

(16)

Tá córais DAB tábhachtach ó thaobh astaíochtaí a mheas agus an fheithicil á húsáid. De bharr a thábhachtaí is atá sé fíorastaíochtaí a shrianadh, ba chóir don Choimisiún na ceanglais do na córais sin agus na tairseacha lamháltais maidir le monatóireacht ar lochtanna a choimeád faoi bhreithniú.

(17)

Is gá modh caighdeánaithe tomhais d'ídiú breosla ag feithiclí agus d'astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin uathu riachtanach chun a áirithiú nach n-éireoidh bacainní teicniúla ar thrádáil idir na Ballstáit. Ina theannta sin, ní mór a áirithiú go gcuirfear eolas cruinn oibiachtúil ar fáil do chustaiméirí agus d'úsáideoirí.

(18)

Sula ndréachtóidh sé togra le haghaidh na gcaighdeán a bheidh ann d'astaíochtaí amach anseo, ba chóir don Choimisiún staidéir a chur ar bun a cheapfar chun a chinneadh an gá catagóirí feithiclí a fhoroinnt i gcónaí ina ngrúpaí agus an féidir mais teorainneacha neodracha i leith astaíochtaí a chur i bhfeidhm.

(19)

Ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann luas a chur, trí bhíthin dreasachtaí airgeadais, faoin bpróiseas trína ndéanfar feithiclí a chomhlíonfaidh na ceanglais a ghlacfar ar leibhéal an Chomhphobail a chur ar an margadh. Ba chóir go gcomhlíonfadh na dreasachtaí seo forálacha an Chonartha, áfach, go háirithe na rialacha i leith státchabhrach. Is amhlaidh atá chun nach ndéanfaí saobhadh ar an margadh inmheánach. Níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo difear do cheart na mBallstát astaíochtaí a áireamh mar chuid den chóras faoina ríomhfar na cánacha a thoibheofar ar fheithiclí.

(20)

Ó tharla gur forbraíodh reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí agus maidir le hídiú breosla thar thréimhse is faide ná 35 bliana agus go bhfuil sí leagtha amach anois i mbreis agus 24 Threoir, b'inmholta rialachán nua agus roinnt beart a chur i bhfeidhm chun na Treoracha sin a chur in ionad. Áiritheoidh rialachán go mbeidh na forálacha teicniúla mionsonraithe infheidhme go díreach maidir le déantóirí, le húdaráis cheadaithe agus le seirbhísí teicniúla agus go bhféadfar iad a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí. Ba chóir, dá bhrí sin Treoir 70/220/CEE (5), Treoir 72/306/CEE (6), Treoir 74/290/CEE (7) agus Treoir 80/1268/CEE (8), Treoir 83/351/CEE (9), Treoir 88/76/CEE (10), Treoir 88/436/CEE (11), Treoir 89/458/CEE (12), 91/441/CEE (13), 93/59/CEE (14), 94/12/CE (15), 96/69/CE (16), 98/69/CE (17), 2001/1/CE (18), 2001/100/CE (19) agus 2004/3/CE (20) a aisghairm. Ina theannta sin, ba chóir do na Ballstáit an reachtaíocht a aisghairm lena dtrasuitear na Treoracha aisghairthe.

(21)

D'fhonn raon na reachtaíochta maidir le hastaíochtaí feithiclí a shoiléiriú, ba chóir Treoir 2005/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2005 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta atá le glacadh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill adhainte comhbhrú le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe le húsáid i bhfeithiclí (21) a leasú ionas go bhfolófar na feithiclí tromshaothair uile d'fhonn a shoiléiriú go mbainfidh an Rialachán seo le feithiclí saothair éadroim.

(22)

Chun trasdul rianúil ó na Treoracha reatha go dtí an Rialachán seo a áirithiú, ba chóir infheidhmeacht an Rialacháin seo a chur siar ar feadh tréimhse áirithe tar éis dó teacht i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh déantóirí in ann rogha a dhéanamh i rith na tréimhse sin, áfach, feithiclí a bheith ceadaithe faoi na Treoracha atá ann nó faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, ba chóir go gcuirfí na forálacha maidir le dreasachtaí airgeadais i bhfeidhm láithreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní dhéanfaidh teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo difear do bhailíocht na gcineálcheaduithe a dheonaítear faoi na Treoracha atá ann.

(23)

Chun trasdul rianúil ó na Treoracha atá ann go dtí an Rialachán seo a áirithiú, ba chóir foráil d'eisceachtaí áirithe i gcéim Euro 5 maidir le feithiclí a cheaptar chun riachtanais shóisialta shonracha a shásamh. Ba chóir go scoirfidh na heisceachtaí sin ar theacht i bhfeidhm do chéim Euro 6.

(24)

Ba chóir na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (22).

(25)

Go háirithe, ba chóir cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun luachanna teorantacha bunaithe ar líon na gcáithníní a chur isteach in Iarscríbhinn I agus chun na luachanna teorantacha bunaithe ar mhais cháithníneach a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a athchalabrú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(26)

Ba chóir cumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin chun nósanna imeachta sonracha, tástálacha sonracha agus ceanglais shonracha a leagan amach don chineálcheadú, mar aon le nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní agus luach teorantach bunaithe ar líon na gcáithníní, agus chun bearta a ghlacadh a bhaineann le húsáid feistí sáraithe, le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus leis na sraitheanna tástálacha a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas. Ós rud é go bhfuil raon feidhm ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(27)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh trí mheán comhcheanglas teicniúil i leith astaíochtaí ó mhótarfheithiclí agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a ráthú d'oibritheoirí neamhspleácha faoi mar a dhéantar do dhéileáilithe agus do dheisitheoirí údaraithe, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhchoiteanna teicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí (‘feithiclí’) agus páirteanna athsholáthair, ar nós feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, i dtaca lena n-astaíochtaí.

2.   Fairis sin, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le comhréireacht inseirbhíse, marthanacht feistí rialaithe truaillithe, córais dhiagnóiseacha ar bord (DAB), tomhas ídithe breosla agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóir M1, de chatagóir M2, de chatagóir N1 agus de chatagóir N2 mar a shainítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 70/156/CEE nach mó a mais thagartha ná 2 610 kg.

2.   Ar iarratas ón déantóir, féadfar cineálcheadú a dheonaítear faoin Rialachán seo a leathnú ó fheithiclí a fholaíonn mír 1 chuig feithiclí M1, M2, N1 agus N2 mar a shainítear iad in Iarscríbhinn II de Threoir 70/156/CEE nach mó a mais thagartha ná 2 840 kg agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus ina bhearta cur chun feidhme.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha a bheart cur chun feidhme, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn ‘feithicil hibrideach’ feithicil a bhfuil dhá thiontaire fuinnimh éagsúla inti agus dhá chóras stórála fuinnimh éagsúla (san fheithicil) chun an fheithicil a thiomáint;

2)

ciallaíonn ‘feithiclí a ceapadh chun riachtanais shóisialta shonracha a shásamh’ feithiclí díosail de chatagóir M1 mar seo a leanas:

(a)

feithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear i dTreoir 70/156/CEE nach mó a mais thagartha ná 2 000 kg;

(b)

feithiclí ar mó a mais thagartha ná 2 000 kg agus a ceapadh chun 7 n-áititheoirí nó níos mó a iompar, an tiománaí san áireamh, seachas, ón 1 Meán Fómhair 2012, feithiclí de chatagóir M1G mar a shainmhínítear i dTreoir 70/156/CEE;

(c)

feithiclí ar mó a mais thagartha ná 1 760 kg agus ar chun críocha tráchtála a thógtar go sonrach iad chun fónamh san fheithicil do chathaoireacha rothaí;

3)

ciallaíonn ‘mais thagartha’ mais na feithicle in ord reatha lúide mais chomhionann 75 kg an tiománaí arna mhéadú faoi mhais chomhionann 100 kg;

4)

ciallaíonn ‘truailleáin ghásacha’ astaíochtaí gáis sceite aonocsaíde carbóin, ocsaídí nitrigine, a chuirtear i bhfios i gcoibhéis dé-ocsaíde nitrigine (NO2), agus i hidreacarbóin;

5)

ciallaíonn ‘truailleáin cháithníneacha’ comhpháirteanna den ghás sceite a bhaintear as an ngás sceite caolaithe ag uasteocht 325 K (52 °C) trí mheán na scagairí a luaitear sa nós imeachta tástála maidir le meánastaíochtaí sceithphíopa a fhíorú;

6)

ciallaíonn ‘astaíochtaí sceithphíopa’ astaíocht truailleán gásach agus cáithníneach;

7)

ciallaíonn ‘astaíochtaí galaithe’ an ghal hidreacarbóin a astaítear as córas breosla feithicle seachas an ghal a thagann ó astaíochtaí sceithphíopa;

8)

ciallaíonn ‘cás an chromáin’ na spásanna istigh san inneall, nó taobh amuigh de, a bhíonn ceangailte le humar na hola trí dhuchtanna istigh san umar nó taobh amuigh di a thugann deis astaithe do gháis agus do ghal;

9)

ciallaíonn ‘córas diagnóiseach ar bord’ nó ‘córas DAB’ córas rialaithe astaíochtaí a bhfuil sé de chumas ann réimse dóchúil na mífheidhme a aithint trí bhíthin lochtchód a stóráiltear i gcuimhne ríomhaire;

10)

ciallaíonn ‘feiste sáraithe’ aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle;

11)

ciallaíonn ‘feiste rialaithe truaillithe’ na comhpháirteanna sin d'fheithicil a rialaíonn astaíochtaí galaithe agus/nó a chuireann teorainn leo;

12)

ciallaíonn ‘bunfheiste rialaithe truaillithe’ feiste rialaithe truaillithe nó cnuasach feistí den sórt sin a fholaítear leis an gcineálcheadú a deonaíodh i leith na feithicile lena mbaineann;

13)

ciallaíonn ‘feiste athsholáthair rialaithe truaillithe’ feiste rialaithe truaillithe nó cnuasach feistí den sórt sin a ceapadh chun dul in ionad bunfheiste rialaithe truaillithe agus is féidir a cheadú mar aonad teicniúil ar leith mar a shainmhínítear i dTreoir 70/156/CEE;

14)

ciallaíonn ‘faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil’ gach faisnéis is gá chun diagnóis, seirbhísiú, iniúchadh, monatóireacht thréimhseach, deisiú, athchlárú nó atúsú a dhéanamh ar an bhfeithicil, faisnéis a sholáthraíonn na déantóirí dá ndeisitheoirí údaraithe nó dá ndéileálaithe údaraithe lena n-áirítear gach leasú nó forlíonadh ina dhiadh sin ar an bhfaisnéis sin. Áirítear san fhaisnéis sin gach faisnéis atá riachtanach chun páirteanna nó trealamh a fheistiú ar fheithiclí;

15)

ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ fiontair seachas déileálaithe údaraithe agus deisitheoirí údaraithe a bhíonn páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú agus i gcothabháil mótarfheithiclí, go háirithe deisitheoirí, déantóirí nó dáileoirí trealaimh dheisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, foilsitheoirí faisnéise teicniúla, clubanna gluaisteán, oibreoirí cabhrach ar thaobh an bhóthair, oibreoirí a chuireann seirbhísí iniúchta agus tástála ar fáil, oibreoirí a chuireann oiliúint ar fáil do shuiteálaithe, déantóirí agus deisitheoirí trealaimh feithiclí breosla ionadúil;

16)

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ breoslaí leachtacha nó gásacha le haghaidh iompair, a tháirgtear as bithmhais;

17)

ciallaíonn ‘feithicil breosla ionadúil’ feithicil a ceapadh chun a thiomána le cineál amháin breosla ar a laghad atá gásach ag teocht atmaisféarach agus ag brú atmaisféarach, nó nach bhfuil díorthaithe de mhórán ó ola mhianrach.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ NA NDÉANTÓIRÍ MAIDIR LE CINEÁLCHEADÚ

Airteagal 4

Oibleagáidí na ndéantóirí

1.   Léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme. Léireoidh déantóirí chomh maith go mbeidh gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe nua a mbeidh cineálcheadú riachtanach dóibh a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

2.   Cinnteoidh déantóirí go gcomhlíonfar nósanna imeachta cineálcheadaithe chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú.

Chomh maith leis sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian i gceart le hastaíochtaí sceithphíopa agus galaithe, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. Dá bhrí sin, seiceálfar bearta comhréireachta inseirbhíse go ceann tréimhse 5 bliana nó 100 000 km, cibé acu is túisce a shroichfear. Folóidh an tástáil mharthanachta a dhéanfar ar feistí rialaithe truaillithe chun críocha cineálcheadaithe 160 000 km. Chun an tástáil mharthanachta sin a chomhlíonadh, ba chóir go mbeadh deis ag na déantóirí leas a bhaint as aosú binse tástála, faoi réir na mbeart cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.

Déanfar comhréireacht inseirbhíse a sheiceáil, go háirithe, maidir le hastaíochtaí sceithphíopa arna dtástáil de réir na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I. D'fhonn rialú astaíochtaí galaithe agus astaíochtaí teochta comhthimpeallaí ísle a fheabhsú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na nósanna imeachta tástála.

3.   Déanfaidh déantóirí figiúirí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus ídithe breosla a leagan amach i ndoiciméad a thabharfar do cheannatheoir na feithicle tráth an cheannaigh.

4.   Leagfar amach na nósanna imeachta sonracha agus na riachtanais shonracha maidir le mír 2 agus mír 3 a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 5

Riachtanais agus tástálacha

1.   Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna deartha, déanta agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme a chomhlíonadh.

2.   Toirmiscfear úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtúlacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte;

(b)

i gcás nach n-oibreoidh an fheiste ach chun críocha an t-inneall a dhúiseacht,

(c)

i gcás ina bhfolófar go suntasach sna nósanna imeachta tástála coinníollacha chun astaíochtaí galaithe agus meánastaíochtaí ó sceithphíopaí a fhíorú.

3.   Na nósanna imeachta sonracha, na tástálacha sonracha agus na ceanglais shonracha a leagtar amach sa mhír seo, maille leis na ceanglais i ndáil le mír 2 a chur chun feidhme, a ceapadh chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 15(3). Folóidh sé sin leagan amach na gceanglas a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

astaíochtaí ó sceithphíopaí, lena n-áirítear sraitheanna tástálacha, astaíochtaí faoi theocht chomhthimpeallach íseal, astaíochtaí ag luas réchasta, teimhneacht deataigh agus dea-fheidhmiú agus athghiniúint na gcóras iarchóireála;

(b)

astaíochtaí galaithe agus astaíochtaí ó chás an chromáin;

(c)

córais DAB agus feidhmiú na bhfeistí rialaithe truaillithe le linn úsáide;

(d)

marthanacht feistí rialaithe truaillithe, feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, comhréireacht inseirbhíse, comhréireacht táirgeachta agus ródacmhainneacht;

(e)

tomhas astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ídiú breosla;

(f)

feithiclí hibrideacha agus feithiclí breosla ionadúil;

(g)

cineálcheaduithe a leathnú agus na ceanglais a bhaineann le déantóirí ísealtáirgeachta;

(h)

an trealamh tástála;

agus

(i)

breoslaí tagartha, amhail peitreal, díosal, breoslaí gáis agus bithbhreoslaí amhail bitheatánól, bithdhíosal agus bithghás.

Beidh feidhm ag na ceanglais anseo thuas maidir le feithiclí, mar is ábhartha, gan féachaint don saghas breosla lena gcumhachtaítear iad.

CAIBIDIL III

ROCHTAIN AR FHAISNÉIS FAOI DHEISIÚ AGUS FAOI CHOTHABHÁIL FEITHICLÍ

Airteagal 6

Oibleagáidí na ndéantóirí

1.   Tabharfaidh na déantóirí rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe d'oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar láithreáin ghréasáin i bhformáid chaighdeánaithe ar dhóigh phras inrochtana, agus ar dhóigh atá neamhidirdhealaitheach i gcomparáid leis an soláthar a dhéantar ar dhéileálaithe údaraithe agus ar dheisitheoirí údaraithe nó leis an rochtain a thugtar dóibh. Chun gur fusa an cuspóir sin a bhaint amach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar dhóigh chomhsheasmhach, i gcomhréir le ceanglais theicniúla fhormáid OASIS (23) i dtosach. Cuirfidh na déantóirí ábhar oiliúna ar fáil freisin d'oibreoirí neamhspleácha agus do dhéileálaithe údaraithe agus do dheisitheoirí údaraithe.

2.   Folóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaithint aonchiallach na feithicle;

(b)

lámhleabhair sheirbhíse;

(c)

lámhleabhair theicniúla;

(d)

faisnéis faoi chomhpháirteanna agus faoi dhiagnóis (amhail íosluachanna agus uasluachanna teoiriciúla na dtomhas);

(e)

léaráid den sreangú;

(f)

cóid dhiagnóiseacha ainghléis (lena n-áirítear cóid shonracha an déantóra);

(g)

uimhir aitheantais chalabrúcháin na mbogearraí is infheidhme ar chineál feithicle;

(h)

faisnéis arna soláthar a bhaineann le huirlisí dílsithe agus le trealamh dílsithe agus a chuirtear ar fáil tríothu;

agus

(i)

faisnéis faoi thaifead sonraí agus sonraí na monatóireachta déthreo agus na tástála.

3.   Déileálaithe nó deisitheoirí údaraithe a bhaineann le córas dáileacháin déantóra áirithe feithiclí, measfar gur oibreoirí neamhspleácha iad chun críocha an Rialacháin seo a mhéid a sholáthraíonn siad seirbhísí deisithe nó cothabhála le haghaidh feithiclí nach comhaltaí iad de chóras dáileacháin a ndéantóra ina leith.

4.   Beidh faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil i gcónaí, ach amháin nuair atá gá léi chun cothabháil a dhéanamh ar an gcóras faisnéise.

5.   Chun críocha páirteanna athsholáthair nó páirteanna seirbhíse atá DAB-oiriúnach agus uirlisí diagnóiseacha agus trealamh tástála a dhéanamh agus a sheirbhísiú, cuirfidh déantóirí an fhaisnéis ábhartha DAB agus an fhaisnéis ábhartha faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn neamhidirdhealaitheach do gach déantóir nó deisitheoir leasmhar comhpháirteanna, uirlisí diagnóiseacha nó trealaimh tástála.

6.   Chun críocha trealamh mótarfheithiclí le haghaidh feithiclí breosla ionadúil a dhearadh agus a dhéanamh, cuirfidh déantóirí an fhaisnéis ábhartha DAB agus an fhaisnéis ábhartha faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn neamhidirdhealaitheach do gach déantóir, suiteálaí nó deisitheoir leasmhar trealaimh le haghaidh feithiclí breosla ionadúil.

7.   Agus iarratas ar chineálcheadú CE nó ar chineálcheadú náisiúnta á dhéanamh aige, cuirfidh an déantóir cruthúnas ar fáil don údarás cineálcheadaithe go gcomhlíonann sé an Rialachán seo maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5. Mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil fós nó mura mbeidh an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme á gcomhlíonadh fós aici an tráth sin, cuirfidh an déantóir ar fáil í laistigh de shé mhí ó dháta an chineálcheadaithe. Mura ndéanfar an cruthúnas sin ar chomhlíonadh a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, glacfaidh an t-údarás ceadaithe bearta iomchuí chun an comhlíonadh a áirithiú.

Cuirfidh an déantóir leasuithe agus forlíontaí ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar a láithreáin ghréasáin ag an am céanna a chuirfear ar fáil do dheisitheoirí údaraithe iad.

Airteagal 7

Táillí ar rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

1.   Féadfaidh déantóirí táillí réasúnta comhréireacha a ghearradh ar rochtain ar an bhfaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a fholaítear leis an Rialachán seo; ní mheasfar go mbeidh táille réasúnta ná comhréireach má dhéanann sé rochtain a dhíspreagadh toisc nach gcuireann sé san áireamh an méid a úsáideann an t-oibreoir neamhspleách an fhaisnéis.

2.   Cuirfidh déantóirí faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil, agus athróidh na táillí ar rochtain ar an bhfaisnéis sin de réir na dtréimhsí a ndeonófar rochtain ina leith.

Airteagal 8

Bearta cur chun feidhme

Glacfar na bearta atá riachtanach chun Airteagal 6 agus Airteagal 7 a chur chun feidhme, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(3). Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a shainmhíniú a bhaineann leis an dóigh ina soláthrófar faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus na sonraíochtaí sin a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna.

Airteagal 9

Tuarascáil

Tráth nach déanaí ná an 2 Iúil 2011, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus aird faoi leith á tabhairt don éifeacht ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do na buntáistí comhshaoil. Scrúdófar sa tuarascáil sin arbh iomchuí na forálacha uile a rialaíonn an rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a chomhdhlúthú i dtreoir réime choigeartaithe maidir le cineálcheadú.

CAIBIDIL IV

OIBLEAGÁIDÍ NA mBALLSTÁT

Airteagal 10

Cineálcheadú

1.   Le héifeacht ón 2 Iúil 2007, arna iarraidh sin ag déantóir, ní fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí nó le hídiú breosla feithiclí, a dhiúltú cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú le haghaidh cineáil nua feithicle, ná clárú feithicle nua, a díol nó a cur i seirbhís a thoirmeasc i gcás ina gcomhlíonfaidh an fheithicil sin an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme, agus go háirithe luachanna teorantacha Euro 5 a leagtar amach i dTábla 1 d'Iarscríbhinn I nó luachanna teorantacha Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn I.

2.   Le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2009, agus ón 1 Meán Fómhair 2010 i gcás feithiclí de chatagóir N1 aicme II agus aicme III agus i gcás feithiclí de chatagóir N2, diúltóidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí nó le hídiú breosla, cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i leith cineálacha nua feithicle nach gcomhlíonfaidh an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme, agus go háirithe na hIarscríbhinní seachas luachanna teorantacha Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn I. I gcás na tástála maidir le hastaíochtaí ó sceithphíopaí, is ionann na luachanna teorantacha a chuirfear i bhfeidhm maidir le feithiclí a ceapadh chun riachtanais shóisialta shonracha a shásamh agus na luachanna teorantacha a chuirfear i bhfeidhm ar fheithiclí de chatagóir N1, aicme III.

3.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2011, agus ón 1 Eanáir 2012 i gcás feithiclí de chatagóir N1 aicme II agus aicme III agus i gcás feithiclí de chatagóir N2 agus i gcás feithiclí a ceapadh chun riachtanais shóisialta shonracha a shásamh, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás feithiclí nua nach gcomhlíonfaidh an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme, go háirithe na hIarscríbhinní seachas na luachanna teorantacha Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn I, nach mbeidh deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 7(1) de Threoir 70/156/CEE agus, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí nó le hídiú breosla, toirmiscfidh siad clárú na bhfeithiclí sin agus toirmiscfidh siad a ndíol nó a gcur i seirbhís. I gcás na tástála maidir le hastaíochtaí ó sceithphíopaí, is ionann na luachanna teorantacha a chuirfear i bhfeidhm ar fheithiclí a ceapadh chun riachtanais shóisialta sonracha a shásamh agus na cinn a chuirfear i bhfeidhm ar fheithiclí de chatagóir N1, aicme III.

4.   Le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2014, agus ón 1 Meán Fómhair 2015 i gcás feithiclí de chatagóir N1 aicme II agus aicme III agus i gcás feithiclí de chatagóir N2, diúltóidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí nó le hídiú breosla, cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i leith cineálacha nua feithicle nach gcomhlíonfaidh an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme, agus go háirithe luachanna teorantacha Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn I.

5.   Le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2015, agus ón 1 Meán Fómhair 2016 i gcás feithiclí de chatagóir N1 aicme II agus aicme III agus de chatagóir N2, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás feithiclí nua nach gcomhlíonfaidh an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme, agus go háirithe luachanna teorantacha Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn I, nach mbeidh deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 7(1) de Threoir 70/156/CEE agus, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí nó le hídiú breosla, toirmiscfidh siad clárú na bhfeithiclí sin agus toirmiscfidh siad a ndíol nó a gcur i seirbhís.

Airteagal 11

Cineálcheadú do pháirteanna athsholáthair

1.   Feistí nua athsholáthair rialaithe truaillithe a ceapadh le go bhfeisteofaí i bhfeithiclí iad a ceadaíodh faoin Rialachán seo, toirmiscfidh na húdaráis náisiúnta a ndíol nó a suiteáil i bhfeithicil mura de chineál iad ar deonaíodh cineálcheadú ina leith i gcomhlíonadh an Rialacháin seo agus a bheart cur chun feidhme.

2.   Féadfaidh údaráis náisiúnta leanúint de shínte a dheonú do chineálcheaduithe AE le haghaidh feistí athsholáthair rialaithe truaillithe a ceapadh do chaighdeáin a bhí ann roimh an Rialachán seo faoi na téarmaí a cuireadh i bhfeidhm i dtosach. Toirmiscfidh údaráis náisiúnta díol feistí athsholáthair rialaithe truaillithe den sórt sin agus toirmiscfidh siad a suiteáil i bhfeithicil mura de chineál iad ar deonaíodh cineálcheadú ábhartha ina leith.

3.   Díolmhaítear ó na ceanglais i mír 1 agus i mír 2 feistí athsholáthair rialaithe truaillithe a ceapadh le go bhfeisteofaí i bhfeithiclí iad a cineálcheadaíodh sular glacadh ceanglais chineálcheadaithe do chomhpháirteanna.

Airteagal 12

Dreasachtaí Airgeadais

1.   Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le feithiclí a tháirgtear go srathach agus a chomhlíonann an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme.

Beidh na dreasachtaí sin bailí do na feithiclí nua uile a thairgfear le díol ar mhargadh Ballstáit agus a chomhlíonfaidh ar a laghad na luachanna teorantacha d'astaíochtaí atá i dTábla 1 d'Iarscríbhinn I roimh na dátaí a leagtar amach in Airteagal 10(3); scoirfidh siad ar na dátaí sin.

Féadfar dreasachtaí airgeadais a mbeidh feidhm eisiach acu maidir le feithiclí a chomhlíonfaidh na luachanna teorantacha d'astaíochtaí atá i dTábla 2 d'Iarscríbhinn I a dheonú i leith feithiclí nua den sórt sin a thairgfear le díol ar mhargadh Ballstáit ó na dátaí a leagtar amach in Airteagal 10(3) roimh na dátaí a leagtar amach in Airteagal 10(5); scoirfidh siad ar na dátaí a leagtar amach in Airteagal 10(5).

2.   Féadfaidh Ballstáit dreasachtaí airgeadais a dheonú d'athfheistiú feithiclí atá á n-úsáid agus do dhiúscairt feithiclí nach gcomhlíonfaidh na ceanglais.

3.   Maidir le gach cineál feithicle, ní rachaidh na dreasachtaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 thar chostas breise na bhfeistí teicniúla a tugadh isteach chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na teorainneacha d'astaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn I, agus costas a suiteála san fheithicil san áireamh.

4.   Cuirfear an Coimisiún ar an eolas in am trátha maidir le pleananna chun na dreasachtaí airgeadais a dtagraítear dóibh i mír 1 agus i mír 2 a thionscnamh nó a athrú.

Airteagal 13

Pionóis

1.   Leagfaidh Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo ag déantóirí agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin tráth nach déanaí ná an 2 Eanáir 2009 agus tabharfaidh siad fógra dó freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Áireofar ar na cineálacha sáruithe a bheidh faoi réir pionóis:

(a)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh i rith na nósanna imeachta ceadaithe nó nósanna imeachta as a dtiocfaidh athghlaoch;

(b)

torthaí tástála a fhalsú do chineálcheadú nó do chomhréireacht inseirbhíse;

(c)

sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh athghlaoch nó tarraingt siar cineálcheadaithe teacht astu;

(d)

feistí sáraithe a úsáid;

agus

(e)

diúltú rochtain ar fhaisnéis a chur ar fáil.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Athshainmhíniú ar na Sonraíochtaí

1.   Breithneoidh an Coimisiún an gcuimseofar astaíochtaí meatáin i ríomh na n-astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin. Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún togra chuig Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh bearta chun astaíochtaí meatáin a chur san áireamh nó a theorannú.

2.   Tar éis chríochnú Chlár Tomhais Cháithnínigh na NA/an ECE, atá á reáchtáil faoi choimirce an Fhóraim Dhomhanda um Chomhfhogasú Rialachán d'Fheithiclí, agus ar theacht i bhfeidhm Euro 6, ar a dhéanaí, glacfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, gan bhaint den leibhéal uaillmhéine atá ann ó thaobh an chomhshaoil de:

(a)

an Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) d'fhonn na luachanna teorantacha bunaithe ar mhais cháithníneach a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo a athchalabrú, agus luachanna teorantacha bunaithe ar líon na gcáithníní a chur isteach san Iarscríbhinn sin ionas go mbeidh siad i gcomhchoibhneas ginearálta leis na luachanna teorantacha bunaithe ar mhais do pheitreal agus do dhíosal;

(b)

nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní agus luach teorantach bunaithe ar líon na gcáithníní a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 15(3).

3.   Coimeádfaidh an Coimisiún faoi bhreithniú na nósanna imeachta, tástálacha agus riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 5(3) mar aon leis na sraitheanna tástálacha a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas. Má shuíonn an t-athbhreithniú nach leor iad sin a thuilleadh nó nach bhfreagraíonn siad d'fhíorastaíochtaí, cuirfear in oiriúint iad ionas go léireoidh siad go leormhaith na hastaíochtaí a ghineann an fhíorthiomáint ar an mbóthar. Glacfar na bearta riachtanacha, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 15(3).

4.   Coimeádfaidh an Coimisiún faoi bhreithniú na truailleáin atá faoi réir na gceanglas agus na dtástálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(3). Má chinneann an Coimisiún gur iomchuí astaíochtaí truailleán breise a rialú, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú dá réir.

5.   Athbhreithneoidh an Coimisiún na teorainneacha astaíochta a leagtar amach i dTábla 4 d'Iarscríbhinn I le haghaidh astaíochtaí sceithphíopa aonocsaíde carbóin agus hidreacarbóin tar éis tástála fuarthosaithe agus cuirfidh sé, de réir mar is iomchuí, togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d'fhonn géarú ar na teorainneacha astaíochta.

6.   Leasófar na hIarscríbhinní ábhartha i dTreoir 2005/55/CE i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) ionas go mbeidh iontu ceanglais do chineálcheadú na bhfeithiclí uile a fholaítear faoi raon feidhme na Treorach sin.

Airteagal 15

Nós Imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   Nuair a thagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 16

Leasuithe ar Threoir 70/156/CEE agus ar Threoir 2005/55/CE

1.   Leasaítear Treoir 70/156/CEE i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Leasaítear mar a leanas leis seo Treoir 2005/55/CE:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Treoir 2005/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú feithiclí agus inneall tromshaothair i leith a n-astaíochtaí (Euro IV agus V)’;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Chun críocha na Treorach seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “feithicil” aon mhótarfheithicil mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 70/156/CEE ar mó a mais thagartha ná 2 610 kg;

(b)

ciallaíonn “inneall” foinse chumhachta gluaiste feithicle a bhféadfar cineálcheadú a dheonú di mar aonad teicniúil faoi leith, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 70/156/CEE;

(c)

ciallaíonn “feithicil feabhsaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (FFNC)” feithicil a thiomáineann inneall a chomhlíonann na luachanna teorantacha ceadaitheacha astaíochta a leagtar amach i sraith C de na táblaí i Roinn 6.2.1 d'Iarscríbhinn I.’;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 1 d'Iarscríbhinn I:

‘1.

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le rialú truailleán gásach agus cáithníneach, le saol úsáideach feistí rialaithe astaíochtaí, le comhréireacht inseirbhíse feithiclí/inneall agus le córais dhiagnóiseacha ar bord (DAB) na mótarfheithiclí uile, agus le hinnill mar a shonraítear in Airteagal 1 seachas feithiclí de chatagóir M1, de chatagóir N1, de chatagóir N2 agus de chatagóir M2 ar deonaíodh cineálcheadú ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (24).

Airteagal 17

Aisghairm

1.   Aisghairfear na Treoracha seo a leanas le héifeacht ón 2 Eanáir 2013

Treoir 70/220/CEE,

Treoir 72/306/CEE,

Treoir 74/290/CEE,

Treoir 77/102/CEE,

Treoir 78/665/CEE,

Treoir 80/1268/CEE,

Treoir 83/351/CEE,

Treoir 88/76/CEE,

Treoir 88/436/CEE,

Treoir 89/458/CEE,

Treoir 91/441/CEE,

Treoir 93/59/CEE,

Treoir 93/116/CE,

Treoir 94/12/CE,

Treoir 96/44/CE,

Treoir 96/69/CE,

Treoir 98/69/CE,

Treoir 98/77/CE,

Treoir 1999/100/CE,

Treoir 1999/102/CE,

Treoir 2001/1/CE,

Treoir 2001/100/CE,

Treoir 2002/80/CE,

Treoir 2003/76/CE,

Treoir 2004/3/CE.

2.   Scriosfar Iarscríbhinní II agus V de Threoir 89/491/CEE ón gCoimisiún an 17 Iúil 1989 lena n-oiriúnaítear don dul chun cinn teicniúil Treoracha Uimh. 70/157/CEE, 70/220/CEE, 72/245/CEE, 72/306/CEE, 80/1268/CEE, agus 80/1269/CEE ón gComhairle a bhaineann le mótarfheithiclí (25) le héifeacht ón 2 Eanáir 2013.

3.   Forléireofar mar thagairtí don Rialachán seo tagairtí do na Treoracha arna n-aisghairm.

4.   Aisghairfidh na Ballstáit a reachtaíocht cur chun feidhme a glacadh faoi na Treoracha dá dtagraítear i mír 1 le héifeacht ón 2 Eanáir 2013.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 3 Eanáir 2009, seachas i gcás Airteagal 10(1) agus Airteagal 12 a mbeidh feidhm acu ón 2 Iúil 2007.

3.   Glacfar na leasuithe nó na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus in Airteagal 14(6) faoin 2 Iúil 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh Strasbourg, an 20 Meitheamh 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GLOSER


(1)  IO C 318, 23.12.2006, lch. 62.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2007.

(3)  IO L 42, 23.2.1970, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/96/CE. (IO L 363, 20.12.2006, lch. 81).

(4)  An Eagraíocht do chur ar Aghaidh Caighdeán Faisnéise Struchtúrtha.

(5)  Treoir 70/220/CEE ón gComhairle an 20 Márta 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 76, 6.4.1970, lch. 1). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2003/76/CE ón gCoimisiún (IO L 206, 15.8.2003, lch. 29).

(6)  Treoir 72/306/CEE ón gComhairle an 2 Lúnasa 1972 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne astaíochtaí truailleán ó innill díosail atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 190, 20.8.1972, lch. 1). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2005/21/CE ón gCoimisiún (IO L 61, 8.3.2005, lch. 25).

(7)  Treoir 74/290/CEE ón gComhairle an 28 Bealtaine 1974 ag oiriúnú don dul chun cinn teicniúil Treoir 70/220/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag gáis ó innill adhainte deimhní mótarfheithiclí (IO L 159, 15.6.1974, lch. 61). Treoir arna leasú le Treoir 2006/101/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 238).

(8)  Treoir 80/1268/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1980 maidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus ídiú breosla ó mhótarfheithiclí (IO L 375, 31.12.1980, lch. 36). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/3/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 49, 19.2.2004, lch. 36).

(9)  Treoir 83/351/CEE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1983 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag gáis ó innill adhainte deimhní mótarfheithiclí (IO L 197, 20.7.1983, lch. 1).

(10)  Treoir 88/76/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1987 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag gáis ó innill mhótarfheithiclí (IO L 36, 9.2.1988, lch. 1).

(11)  Treoir 88/436/CEE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1988 lena leasaítear Treoir 70/220 CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag gáis ó innill mhótarfheithiclí (Srian ar astaíochtaí truailleán cáithníneach ó innill díosail) (IO L 214, 6.8.1988, lch. 1).

(12)  Treoir 89/458/CEE ón gComhairle an 18 Iúil 1989 maidir le caighdeáin astaíochta Eorpacha do charranna faoin bhun 1.4 líotar lena leasaítear Treoir 70/220 CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 226, 3.8.1989, lch. 1).

(13)  Treoir 91/441/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1991 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 242, 30.8.1991, lch. 1).

(14)  Treoir 93/59/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1993 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 186, 28.7.1993, lch. 21).

(15)  Treoir 94/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 100, 19.4.1994, lch. 42).

(16)  Treoir 96/69/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 1996 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 282, 1.11.1996, lch. 64).

(17)  Treoir 98/69/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 350, 28.12.1998, lch. 1).

(18)  Treoir 2001/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Eanáir 2001 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE maidir le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 35, 6.2.2001, lch. 34).

(19)  Treoir 2001/100/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Nollaig 2001 lena leasaítear Treoir 70/220/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bearta atá le glacadh i gcoinne thruailliú an aeir ag astaíochtaí mótarfheithiclí (IO L 16, 18.1.2002, lch. 32).

(20)  Treoir 2004/3/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/1268/CEE maidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus ídiú breosla ó mhótarfheithiclí N1 a thomhas (IO L 49, 19.2.2004, lch. 36).

(21)  IO L 275, 20.10.2005, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/51/CE ón gCoimisiún (IO L 152, 7.6.2006, lch. 11).

(22)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(23)  Tagraíonn ‘formáid OASIS’ do shonraíochtaí teicniúla Dhoiciméad OASIS SC2-D5, Format of Automotive Repair Information, leagan 1.0, 28 Bealtaine 2003 (ar fáil ag: http://www.oasis-open.org/committees/download.php/2412/Draft%20Committee%20Specification.pdf agus Ranna 3.2, 3.5, 3.6, 3.7 agus 3.8 de Dhoiciméad OASIS SC1-D2, Autorepair Requirements Specification, leagan 6.1, dar dáta 10.1.2003 (ar fáil ag: http://lists.oasis-open.org/archives/autorepair/200302/pdf00005.pdf), nach n-úsáideann ach formáidí oscailte téacs agus grafacha.

(24)  IO L 171, 29.6.2007, lch. 1’.

(25)  IO L 238, 15.8.1989, lch. 43.


IARSCRÍBHINN I

TEORAINNEACHA ASTAÍOCHTA

Tábla 1

Teorainneacha Astaíochta Euro 5

 

Mais thagartha

(MT)

(kg)

Luachanna teorantacha

Mais aonocsaíde carbóin

(CO)

Mais lánhidreacarbón

(MHC)

Mais hidreacarbón neamh-mheatán

(HCNM)

Mais ocsaídí nitrigine

(NOx)

Mais chumaisc lánhidreacarbón agus ocsaídí nitrigine

(MHC + NOx)

Mais ábhair cháithnínigh

(ÁC)

Líon cáithníní (1)

(C)

T1

(mg/km)

T2

(mg/km)

T3

(mg/km)

T4

(mg/km)

T2 +T4

(mg/km)

T5

(mg/km)

T6

(#/km)

Catagóir

Aicme

 

AD

AC

AD

AC

AD

AC

AD

AC

AD

AC

AD (2)

AC

AD

AC

M

Iomlán

1 000

500

100

68

60

180

230

5,0

5,0

 

 

N1

I

Mt≤ 1 305

1 000

500

100

68

60

180

230

5,0

5,0

 

 

II

1 305 < MT ≤ 1 760

1 810

630

130

90

75

235

295

5,0

5,0

 

 

III

1 760 < MT

2 270

740

160

108

82

280

350

5,0

5,0

 

 

N2

 

 

2 270

740

160

108

82

280

350

5,0

5,0

 

 

Eochair: AD = Adhaint Dheimhneach, AC = Adhaint Chomhbhrú


Tábla 2

Teorainneacha Astaíochta Euro 6

 

Mais thagartha

(MT)

(kg)

Luachanna teorantacha

Mais aonocsaíde carbóin

(CO)

Mais lánhidreacarbón

(MHC)

Mais hidreacarbón neamh-mheatán

(HCNM)

Mais ocsaídí nitrigine

(NOx)

Mais chumaisc lánhidreacarbón agus ocsaídí nitrigine

(MHC + NOx)

Mais ábhair cháithnínigh

(ÁC)

Líon cáithníní (3)

(C)

T1

(mg/km)

T2

(mg/km)

T3

(mg/km)

T4

(mg/km)

T2 +T4

(mg/km)

T5

(mg/km)

T6

(#/km)

Catagóir

Aicme

 

AD

AC

AD

AC

AD

AC

AD

AC

AD

AC

AD (4)

AC

AD

AC

M

Iomlán

1 000

500

100

68

60

80

170

5,0

5,0

 

 

N1

I

MT≤ 1 305

1 000

500

100

68

60

80

170

5,0

5,0

 

 

II

1 305 < MT ≤ 1 760

1 810

630

130

90

75

105

195

5,0

5,0

 

 

III

1 760 < MT

2 270

740

160

108

82

125

215

5,0

5,0

 

 

N2

 

 

2 270

740

160

108

82

125

215

5,0

5,0

 

 

Eochair: AD = Adhaint Dheimhneach, AC = Adhaint Chomhbhrú


Tábla 3

Teorainn Astaíochta na Tástála Astaíochtaí Galaithe

Mais Astaíochta Galaithe (g/tástáil)

2,0


Tábla 4

Teorainn Astaíochta na nAstaíochtaí Aonocsaíde Carbóin agus na nAstaíochtaí Sceithphíopa Hidreacarbóin tar éis Tástála Fuarthosaithe

Teocht tástála 266 K (–7 °C)

Catagóir Feithicle

Aicme

Mais aonocsaíde carbóin (CO)

T1 (g/km)

Mais hidreacarbón (HC)

L2 (g/km)

M

15

1,8

N1

I

15

1,8

II

24

2,7

III

30

3,2

N2

 

30

3,2


(1)  Táthar le caighdeán uimhreach a shainiú a luaithe is féidir, ar a dhéanaí an tráth a dtiocfaidh Euro 6 i bhfeidhm.

(2)  Is maidir le feithiclí a bhfuil inneall insteallta dírigh iontu amháin atá feidhm ag caighdeáin mhaise cáithníní adhainte deimhní.

(3)  Saineofar caighdeán uimhreach don chéim seo.

(4)  Is maidir le feithiclí a bhfuil inneall insteallta dírigh iontu amháin atá feidhm ag caighdeáin mhaise cáithníní adhainte deimhní.


IARSCRÍBHINN II

Leasuithe ar Threoir 70/156/CEE

Leasaítear mar a leanas leis seo Treoir 70/156/CEE:

1.

In Airteagal 2, cuirfear isteach an abairt seo a leanas tar éis na fleisce deiridh:

‘Má dhéantar tagairt sa Treoir seo do Threoir nó Rialachán ar leith áireofar inti freisin gníomhartha cur chun feidhme na Treorach nó an Rialacháin sin.’;

2.

Cuirfear na focail ‘nó Rialachán ar leith’ isteach tar éis na bhfocal ‘Treoir ar leith’ sna forálacha seo a leanas:

Airteagal 2, an chéad fhleasc; Airteagal 2, an naoú fleasc; Airteagal 2, an deichiú fleasc; Airteagal 2, an ceathrú fleasc déag; Airteagal 3(1); Airteagal 3(4); Airteagal 4(1)(c); Airteagal 4(1)(d); Airteagal 5(5); Airteagal 6(3); Airteagal 7(2); Airteagal 13(4); Airteagal 13(5); Iarscríbhinn I, an chéad fhomhír; Iarscríbhinn III, Cuid III; Iarscríbhinn IV, Cuid II, an chéad mhír; Iarscríbhinn V Roinn 1(a); Iarscríbhinn V Roinn 1(b); Iarscríbhinn V Roinn 1(c); Iarscríbhinn VI, Taobh 2 den deimhniú CE ar chineálcheadú feithicle; Iarscríbhinn VII(1), Roinn 4; Iarscríbhinn VII, fonóta (1); Iarscríbhinn X, Roinn 2.1.; Iarscríbhinn X, Roinn 3.3; Iarscríbhinn XI, Aguisín 4, Míniú litreacha: X; Iarscríbhinn XII, Roinn B(2); Iarscríbhinn XIV, Roinn 2(a); Iarscríbhinn XIV, Roinn 2(c); Iarscríbhinn XIV, Roinn 2(d);

3.

Cuirfear isteach na focail ‘nó Rialacháin ar leith’ tar éis na bhfocal ‘Treoracha ar leith’ sna forálacha seo a leanas:

Airteagal 2, an t-ochtú fleasc; Airteagal 3(1); Airteagal 3(2); Airteagal 4(1)(a) an chéad fhleasc agus an dara fleasc; Airteagal 4(1)(b); Airteagal 4(3); Airteagal 5(4) an tríú fomhír; Airteagal 5(6); Airteagal 8(2); Airteagal 8(2)(c); Airteagal 9(2); Airteagal 10(2); Airteagal 11(1); Airteagal 13(2); Airteagal 14(1)(i); Liosta Iarscríbhinní: ceannteideal Iarscríbhinn XIII; Iarscríbhinn I, an chéad fhomhír; Iarscríbhinn IV, Cuid I, an chéad líne agus an dara líne; Iarscríbhinn IV, Cuid II, fonóta (1) a ghabhann leis an tábla; Iarscríbhinn V Roinn 1(b); Iarscríbhinn V Roinn 3; Iarscríbhinn V Roinn 3(a); Iarscríbhinn V Roinn 3(b); Iarscríbhinn VI, pointe 1 agus pointe 2; Iarscríbhinn VI, Taobh 2 den deimhniú CE ar chineálcheadú feithicle; Iarscríbhinn X, Roinn 2.2; Iarscríbhinn X, Roinn 2.3.5; Iarscríbhinn X, Roinn 3.5; Iarscríbhinn XII, an ceannteideal; Iarscríbhinn XIV, Roinn 1.1; Iarscríbhinn XIV, Roinn 2(c).

4.

Cuirfear isteach na focail ‘nó Rialachán’ tar éis an fhocail ‘Treoir’ sna forálacha seo a leanas:

Airteagal 5(3) an tríú fomhír; Iarscríbhinn IV, Cuid I, fonóta X a ghabhann leis an tábla; Iarscríbhinn VI, Taobh 2 den deimhniú CE ar chineálcheadú feithicle, ceannteideal na dtáblaí; Iarscríbhinn VII(1) Roinn 2; Iarscríbhinn VII(1) Roinn 3; Iarscríbhinn VII (1) Roinn 4; Iarscríbhinn VIII, Roinn 1, Roinn 2, Roinn 2.1, Roinn 2.2 agus Roinn 3; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí iomlána nó d'fheithiclí lánchríochnaithe de chatagóir M1, pointe 45, pointe 46.1 agus pointe 46.2, Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí iomlána nó d'fheithiclí lánchríochnaithe de chatagóir M2 agus de chatagóir M3, pointe 45 agus pointe 46.1; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí iomlána nó d'fheithiclí lánchríochnaithe de chatagóir N1, de chatagóir N2 agus de chatagóir N3, pointe 45 agus pointe 46.1; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí neamhiomlána de chatagóir M1, pointe 45 agus pointe 46.1; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí neamhiomlána de chatagóir M2 agus de chatagóir M3, pointe 45 agus pointe 46.1; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí neamhiomlána de chatagóir N1, de chatagóir N2 agus de chatagóir N3, pointe 45 agus pointe 46.1; Iarscríbhinn X fonóta 2; Iarscríbhinn X Roinn 1.2.2; Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 4, Míniú litreacha: N/A; Iarscríbhinn 15, ceannteideal an tábla;

Cuirfear isteach na focail ‘nó Rialacháin’ tar éis an fhocail ‘Treoracha’ sna forálacha seo a leanas:

Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí iomlána nó d'fheithiclí lánchríochnaithe de chatagóir M1; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí iomlána nó d'fheithiclí lánchríochnaithe de chatagóir M2 agus de chatagóir M3; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí iomlána nó d'fheithiclí lánchríochnaithe de chatagóir N1, de chatagóir N2 agus de chatagóir N3; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí neamhiomlána de chatagóir M1; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí neamhiomlána de chatagóir M2 agus de chatagóir M3; Iarscríbhinn IX, Taobh 2 d'fheithiclí neamhiomlána de chatagóir N1, de chatagóir N2 nó de chatagóir N3; Iarscríbhinn XV;

5.

In Aithris 8(2)(c), cuirfear na focail ‘nó Rialachá(i)n’ isteach tar éis na bhfocal ‘Treoir/Treoracha’;

6.

In Iarscríbhinn IV, cuid I, cuirfear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an tábla agus phointe 2 de:

‘Ábhar

Uimhir na Treorach/an Rialacháin

Tagairt san Iris Oifigiúil

Infheidhmeacht

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

2. Astaíochtaí/Rochtain ar fhaisnéis

…/…/CE

(CE) Uimh. …/…

L …, …, lch. …

X (1)

X (1)

 

X (1)

X (1)

 

 

 

 

 

7.

In Iarscríbhinn IV, cuid I, scriosfar pointí 11 agus 39.

8.

In Iarscríbhinn VII(4) cuirfear na focail ‘nó Rialacháin’ isteach tar éis na bhfocal ‘i gcás Treorach’;

9.

In Iarscríbhinn VII(5), cuirfear na focail ‘nó an Rialachán is déanaí’ isteach tar éis na bhfocal ‘an Treoir is déanaí’;

10.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an tábla agus phointe 2 de:

‘Ítim

Ábhar

Uimhir na Treorach/an Rialacháin

M1 ≤ 2 500 (1) kg

M1 > 2 500 (1) kg

M2

M3

2

Astaíochtaí/Rochtain ar fhaisnéis

…/…/CE

(CE) Uimh. …/…

Q

G+Q

G+Q’

 

11.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 1, scriosfar pointí 11 agus 39;

12.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 2, cuirfear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an tábla agus phointe 2 de:

‘Ítim

Ábhar

Uimhir na Treorach/an Rialacháin

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

2

Astaíochtaí/Rochtain ar fhaisnéis

…/…/CE

(CE) Uimh. …/…

A

A

 

A

A’

 

 

 

 

 

13.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 2, scriosfar pointí 11 agus 39.

14.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 3, cuirfear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an tábla agus phointe 2 de:

‘Ítim

Ábhar

Uimhir na Treorach/an Rialacháin

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

2

Astaíochtaí/Rochtain ar fhaisnéis

…/…/CE

(CE) Uimh. …/…

Q

 

Q

Q’

 

 

 

 

 

15.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 3, scriosfar pointe 11;

16.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 4, cuirfear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an tábla agus phointe 2 de:

‘Ítim

Ábhar

Uimhir na Treorach/an Rialacháin

Craein shoghluaiste de chatagóir N

2

Astaíochtaí/Rochtain ar fhaisnéis

…/…/CE

(CE) Uimh. …/…

N/A’

17.

In Iarscríbhinn XI, Foscríbhinn 4 scriosfar pointe 11.


(1)  I gcás feithiclí nach mó a mais thagartha ná 2 610 kg. Arna iarraidh sin don déantóir féadfar é a chur i bhfeidhm i gcás feithiclí nach mó a mais thagartha ná 2 840 kg.’;


29.6.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/17


RIALACHÁN (CE) Uimh. 716/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2007

maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Bhanc Ceannais na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Má táthar le measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag fiontair atá faoi rialú coigríche ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh, caithfidh staidreamh rialta ardchaighdeáin Comhphobail a bheith ann i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche sa gheilleagar iomlán. D’éascódh sé seo freisin an mhonatóireacht ar éifeachtúlacht an mhargaidh inmheánaigh agus lánpháirtiú na ngeilleagar de réir a chéile, i gcomhthéacs an domhandaithe. Sa chomhthéacs seo, is iad na fiontair ilnáisiúnta atá ar thús cadhnaíochta ach d'fhéadfadh sé gur chúram d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide freisin a bheith faoi rialú coigríche.

(2)

Éilíonn cur chun feidhme agus athbhreithniú an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) agus an Chomhaontaithe um Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPs) agus éilíonn an chaibidlíocht atá á déanamh faoi láthair agus a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe breise go ndéanfaí an fhaisnéis ábhartha staidrimh a chur ar fáil chun cabhrú leis an gcaibidlíocht.

(3)

Chun beartais eacnamaíochta, iomaíochta, fiontair, taighde, forbartha teicniúla agus fostaíochta a ullmhú i gcomhthéacs phróiseas an léirscaoilte, tá gá le staidreamh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche chun iarmhairtí díreacha agus iarmhairtí indíreacha an rialaithe choigríche ar an bhfostaíocht, ar thuarastail agus ar an táirgiúlacht i dtíortha áirithe agus in earnálacha áirithe a thomhas.

(4)

An fhaisnéis a sholáthraítear faoin reachtaíocht Chomhphobail atá ann nó a bhfuil teacht uirthi sna Ballstáit, ní leor í ná níl sí leordhóthanach ná níl sí chomh hinchomórtais agus go bhféadfaí í a úsáid mar bhonn iontaofa d'obair an Choimisiúin.

(5)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 (3) creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i ndáil le comhardú na n-íocaíochtaí, i ndáil le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus i ndáil le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch. Ós rud é nach gclúdaíonn an staidreamh maidir le comhardú na n-iocaíochtaí ach cuid de na sonraí atá sa Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), tá sé riachtanach go gcuirfí mionstaidreamh ar fáil go rialta i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche.

(6)

Le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (4) agus le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air (5), bunaítear creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus i ndáil le gníomhaíocht fiontar sa Chomhphobal a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheasúnú.

(7)

Chun cuntais náisiúnta a thiomsú de réir Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach sa Chomhphobal (6) ní mór staidreamh gnó inchomórtais, iomlán, iontaofa a bheith ann i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche.

(8)

Is iad Lámhleabhar na Náisiún Aontaithe um Staidreamh i ndáil le Trádáil Idirnáisiúnta Seirbhísí, Lámhleabhar an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta um Chomhardú na n-Íocaíochtaí (5ú heagrán), Sainmhíniú Tagarmharcála na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar an infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch mar aon lena Lámhleabhar um Tháscairí an Domhandaithe Eacnamaíochta, i dteannta a chéile, a bhunaíonn na rialacha ginearálta chun staidreamh idirnáisiúnta inchomórtais i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche a thiomsú.

(9)

Tá táirgeadh sainstaidrimh Chomhphobail á rialú ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (7).

(10)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin chomhchoiteanna staidrimh a chruthú a cheadóidh staidreamh inchomórtais a tháirgeadh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(11)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(12)

Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II agus ar leibhéal an mhionsonraithe atá in Iarscríbhinn III, chomh maith le haon athruithe a dhéanamh a theastódh de bharr an oiriúnaithe sin a chur ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II, agus torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme, agus na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta iomchuí agus ábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a leagan amach. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhíreanna nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (9) agus leis an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Comhardaithe Íocaíochtaí, a bunaíodh le Cinneadh 2006/856/CE (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, is iad na sainmhínithe seo a leanas is infheidhme:

(a)

ciallóidh ‘fiontar cleamhnaithe coigríche’ fiontar a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe atá á rialú ag aonad institiúideach nach bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe, nó fiontar nach bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe atá á rialú ag aonad institiúideach a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe;

(b)

ciallóidh ‘rialú’ an cumas beartas ginearálta fiontair a chinneadh trí stiúrthóirí cuí a roghnú, más gá. Sa chomhthéacs seo, meastar go bhfuil fiontar A á rialú ag aonad institiúideach B nuair a bhíonn breis agus leath de chumhacht vótála na ngeallsealbhóirí nó breis agus leath na scaireanna á rialú ag B, go díreach nó go hindíreach;

(c)

ciallóidh ‘rialú coigríche’ go bhfuil cónaí ar an aonad institiúideach rialaitheach i dtír eile seachas an tír a bhfuil cónaí ar an aonad institiúideach atá á rialú aige ann;

(d)

ciallóidh ‘brainsí’ aonaid áitiúla nach eintitis dhlíthiúla ar leith iad, atá ag brath ar fhiontair atá faoi rialú coigríche. Pléitear leo amhail fiontair shamhailchorporáideacha de réir bhrí phointe 3(f) de na Nótaí Mínitheacha atá le Rannóg III (B) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93;

(e)

ciallóidh ‘staidreamh faoi fhiontair chleamhnaithe choigríche’ staidreamh ina ndéanfar cur síos ar ghníomhaíocht fhoriomlán fiontar cleamhnaithe coigríche;

(f)

ciallóidh ‘staidreamh isteach i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche’ staidreamh ina ndéantar cur síos ar ghníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche a bhfuil cónaí orthu sa tír tiomsaithe;

(g)

ciallóidh ‘staidreamh amach i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche’ staidreamh ina ndéantar cur síos ar ghníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche thar lear atá á rialú ag aonad institiúideach a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe;

(h)

ciallóidh ‘aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche’ an t-aonad institiúideach, ag dul ó bhun go barr slabhra rialaithe fiontair chleamhnaithe choigrícheaníos, nach bhfuil aonad institiúideach eile á rialú;

(i)

beidh an bhrí chéanna le ‘fiontar’, ‘aonad áitiúil’ agus ‘aonad institiúideach’ agus atá le gach ceann acu i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93.

Airteagal 3

Sonraí a chur isteach

Cuirfidh na Ballstáit sonraí faoi fhiontair chleamhnaithe choigríche i ndáil leis na saintréithe, leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus leis an miondealú geografach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat).

Airteagal 4

Foinsí sonraí

1.   Agus na coinníollacha maidir le cáilíocht dá dtagraítear in Airteagal 6 á gcomhlíonadh acu, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá faoin Rialachán seo a bhailiú, ag úsáid na bhfoinsí uile a mheasann siad atá ábhartha agus is iomchuí.

2.   Maidir leis na pearsana nádúrtha agus leis na pearsana dlítheanacha ar gá dóibh faisnéis a chur ar fáil, cloífidh siad, ag freagairt dóibh, leis na teorainneacha ama agus leis na sainmhínithe a shocróidh na hinstitiúidí náisiúnta atá freagrach as sonraí a bhailiú sna Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   I gcás nach bhféadfar na sonraí a bhfuil gá leo a bhailiú ar chostas réasúnta, féadfar na meastacháin is fearr, lena n-áirítear luachanna nialais, a tharchur.

Airteagal 5

Treoirstaidéir

1.   Déanfaidh an Coimisiún clár treoirstaidéar a dhréachtú a chuirfidh údaráis náisiúnta i gcrích laistigh de bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ar bhonn deonach maidir le hathróga breise agus maidir le miondealuithe breise do staidreamh isteach agus amach faoi fhiontair chleamhnaithe choigríche.

2.   Déanfar na treoirstaidéir chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus a indéanta atá sé sonraí a bhailiú, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann lena mbeith ar fáil, le hais an chostais a bhaineann leis an gcóras staidrimh agus le hais an ualaigh a chuirtear ar na fiontair.

3.   Beidh clár treoirstaidéar an Choimisiúin comhchuí le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II.

4.   Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá maidir le staidreamh isteach agus amach i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

5.   Críochnófar na treoirstaidéir faoin 19 Iúil 2010.

Airteagal 6

Caighdeáin cáilíochta agus tuairiscí cáilíochta

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a chinntiú i gcomhréir le caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirfear (tuarascálacha cáilíochta).

3.   Sonróidh an Coimisiún na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta chomh maith le hábhar agus le tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

4.   Déanfaidh an Coimisiún cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a mheas.

Airteagal 7

Lámhleabhar moltaí

Foilseoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lámhleabhar moltaí ina mbeidh na sainmhínithe ábhartha agus treoir bhreise faoin staidreamh Comhphobail a táirgeadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 8

Amchlár agus maoluithe

1.   Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí de réir an amchláir cur chun feidhme a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

2.   I rith idirthréimhse nach rachaidh thar cheithre bliana ón gcéad bhliain tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, is féidir leis an gCoimisiún maoluithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a dheonú do na Ballstáit ar feadh tréimhse teoranta de réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) nuair a bheidh oiriúnuithe móra le déanamh ar a gcórais náisiúnta.

Airteagal 9

Bearta cur chun feidhme

1.   Glacfar na bearta seo a leanas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme de réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2):

(a)

an fhormáid agus an nós imeachta iomchuí a leagan amach maidir le tarchur torthaí ó na Ballstáit,

agus

(b)

maoluithe a dheonú do na Ballstáit nuair a bheidh oiriúnuithe móra le déanamh ar a gcórais náisiúnta, lena n-áirítear maoluithe a dheonú ó aon cheanglais nua de thoradh treoirstaidéar, de bhun Airteagal 8(2).

2.   Glacfar na bearta seo a leanas a ceapadh chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear forlíonadh a dhéanamh air, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3):

(a)

oiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn I, oiriúnú a dhéanamh ar leibhéal an mhionsonraithe in Iarscríbhinn III, agus aon athruithe a theastódh dá bharr sin a dhéanamh ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II;

(b)

torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 5(4);

agus

(c)

sainmhíniú a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta iomchuí agus ar ábhar agus ar thréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, de bhun Airteagal 6(3).

3.   Tabharfar aird ar leith ar an bprionsabal go gcaithfidh buntáistí beart dá leithéid an costas a bhaineann leo a shárú, agus ar an bprionsabal gur cheart nach rachadh an t-ualach breise airgeadais a bheadh ar na Ballstáit ná ar fhiontair thar theorainn réasúnta.

Airteagal 10

An Coiste

1.   Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh (an Coiste) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta freastal ar chruinnithe an Choiste mar bhreathnóirí.

Airteagal 11

Comhar leis an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lorgfaidh an Coimisiún tuairim an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí faoi gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an choiste sin, go háirithe faoi na bearta oiriúnaithe uile d'fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus le próiseáil staidreamh sonraí, agus le próiseáil agus le tarchur torthaí.

Airteagal 12

Tuairisc ar chur chun feidhme

Faoin 19 Iúil 2012, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo. Is é seo a leanas, go háirithe, a dhéanfaidh an tuarascáil sin:

(a)

cáilíocht an staidrimh a táirgeadh a mheas;

(b)

na sochair a mheas a d'fhabhraigh don Chomhphobal, do na Ballstáit, do sholáthraithe agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh de bharr an staidrimh a táirgeadh, le hais na gcostas a bhain leis;

(c)

dul chun cinn na dtreoirstaidéar agus a gcur chun feidhme a mheas;

agus

(d)

réimsí a shainaithint a d'fhéadfaí a fheabhsú agus leasuithe a mheastar atá riachtanach i bhfianaise na dtorthaí a fuarthas agus na gcostas a bhí i gceist.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Meitheamh 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GLOSER


(1)  IO C 144, 14.6.2005, lch. 14.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2007.

(3)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 23. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún (IO L 106, 19.4.2006, lch. 10).

(4)  IO L 14, 17.1.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(5)  IO L 76, 30.3.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(6)  IO L 310, 30.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1267/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 180, 18.7.2003, lch. 1).

(7)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(9)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(10)  IO L 332, 30.11.2006, lch. 21.


IARSCRÍBHINN I

MODÚL COMHCHOITEANN MAIDIR LE STAIDREAMH ISTEACH I nDÁIL LE FIONTAIR CHLEAMHNAITHE CHOIGRÍCHE

ROINN 1

An tAonad Staidrimh

Is iad na haonaid staidrimh na fiontair agus na brainsí uile atá faoi rialú coigríche de réir na sainmhínithe atá in Airteagal 2.

ROINN 2

Saintréithe

Tiomsófar na saintréithe seo a leanas mar a sainmhíníodh iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2700/98 ón gCoimisiúin an 17 Nollaig 1998 maidir le sainmhínithe ar shaintréithe do staidreamh struchtúrach gnó (1):

Cód

Teideal

11 11 0

Líon na bhfiontar

12 11 0

Láimhdeachas

12 12 0

Luach táirgthe

12 15 0

Breisluach ar chostas fachtóra

13 11 0

Ceannacháin iomlána earraí agus seirbhísí

13 12 0

Ceannacháin earraí agus seirbhísí a cheannaítear lena n-athdhíol sa staid chéanna ina bhfuarthas iad

13 31 0

Costais pearsanra

15 11 0

Infheistiú comhlán in earraí inláimhsithe

16 11 0

Líon na ndaoine atá fostaithe

22 11 0

Caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (2)

22 12 0

Líon iomlán an phearsanra T&F (2)

Mura mbeidh líon na ndaoine atá fostaithe ar fáil, tiomsófar líon na bhfostaithe (cód 16 13 0) ina ionad.

Ní gá na hathróga a bhaineann le caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (cód 22 11 0) ná le líon iomlán an phearsanra T&F (cód 22 12 0) a thiomsú ach le haghaidh gníomhaíochtaí i ranna C, D, E agus F de NACE.

Maidir le roinn J de NACE, ní thiomsófar ach líon na bhfiontar, láimhdeachas (3) agus líon na ndaoine atá fostaithe (nó líon na bhfostaithe ina ionad).

ROINN 3

Leibhéal an mhionsonraithe

Cuirfear sonraí ar fáil de réir choincheap an ‘aonaid institiúidigh rialaithe dheiridh’ le miondealú geografach ar leibhéal 2-ISTEACH á chomhcheangal le miondealú gníomhaíochta ar leibhéal 3 mar a shonraítear in Iarscríbhinn III agus miondealú geografach ar leibhéal 3 á chomhcheangal le Geilleagar Gnó.

ROINN 4

An chéad bhliain tagartha agus tréimhsiúlacht

1.

Is í an bhliain féilire a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad bhliain tagartha a ndéanfar staidreamh bliantúil a thiomsú ina leith.

2.

Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil do gach bliain féilire ina dhiaidh sin.

3.

Is é 2007 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar na hathróga a bhaineann le caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (cód 22 11 0) agus le líon iomlán an phearsanra T&F (cód 22 12 0) ina leith.

ROINN 5

Torthaí a tharchur

Tarchuirfear na torthaí laistigh de 20 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

ROINN 6

Tuarascálacha agus treoirstaidéir

1.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún maidir le sainmhíniú, struchtúr agus infhaighteacht na sonraí staidrimh a bheidh le tiomsú chun críocha an mhodúil chomhchoitinn seo.

2.

Do leibhéal an mhionsonraithe a chlúdaíonn an Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún treoirstaidéir a chuirfidh údaráis náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 i gcrích de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo.

3.

Déanfar na treoirstaidéir chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé sonraí a fháil, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann lena mbeith ar fáil, le hais an chostais a bhaineann lena mbailiú agus le hais an ualaigh a chuirtear ar lucht gnó.

4.

Déanfar treoirstaidéir i ndáil leis na saintréithe seo a leanas:

Cód

Teideal

 

Onnmhairithe earraí agus seirbhísí

 

Allmhairithe earraí agus seirbhísí

 

Onnmhairithe inghrúpa earraí agus seirbhísí

 

Allmhairithe inghrúpa earraí agus seirbhísí

Miondealófar onnmhairithe, allmhairithe, onnmhairithe inghrúpa agus allmhairithe inghrúpa ina n-earraí agus ina seirbhísí.

5.

Déanfar treoirstaidéir freisin chun staidéar a dhéanamh ar a indéanta agus atá sé sonraí a thiomsú do ghníomhaíochtaí i ranna M, N agus O de NACE agus na hathróga caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (cód 22 11 0) agus líon iomlán an phearsanra T&F (cód 22 12 0) a thiomsú do gníomhaíochtaí i ranna G, H, I, K, M, N agus O de NACE. Déanfar treoirstaidéir freisin chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus ar a indéanta atá sé na sonraí a mhiondealú mar a shonraítear i roinn 2 i ranganna méide á dtomhas i dtéarmaí líon na ndaoine atá fostaithe, agus ar na costais a bhaineann leis seo.


(1)  IO L 344, 18.12.1998, lch. 49. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1670/2003 (IO L 244, 29.9.2003, lch. 74).

(2)  Tuairisceofar athróg 22 11 0 agus athróg 22 12 0 gach re bliain. Más lú ná 1 % d'iomlán an Chomhphobail iomlán an láimhdeachais i mBallstát nó líon iomlán na ndaoine i mBallstát atá fostaithe i Roinn C go Roinn F de NACE Rev. 1.1, ní gá an fhaisnéis atá riachtanach do thiomsú staidrimh a bhaineann le saintréith 22 11 0 agus le saintréith 22 12 0 a bhailiú chun críocha an Rialacháin seo.

(3)  Do NACE REV. 1.1 cuirfear luach táirgeachta in ionad rannán 65.


IARSCRÍBHINN II

MODÚL COMHCHOITEANN MAIDIR LE STAIDREAMH AMACH I nDÁIL LE FIONTAIR CHLEAMHNAITHE CHOIGRÍCHE

ROINN 1

An tAonad Staidrimh

Is iad na haonaid staidrimh na fiontair agus na brainsí uile thar lear atá á rialú ag aonad institiúideach a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe, de réir na sainmhínithe in Airteagal 2.

ROINN 2

Saintréithe

Tiomsófar na saintréithe seo a leanas, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2700/98 iad:

Cód

Teideal

12 11 0

Láimhdeachas

16 11 0

Líon na ndaoine atá fostaithe

11 11 0

Líon na bhfiontar

Mura mbeidh líon na ndaoine atá fostaithe ar fáil, tiomsófar líon na bhfostaithe (cód 16 13 0) ina ionad.

ROINN 3

Leibhéal an mhionsonraithe

Cuirfear sonraí ar fáil agus mionsonrú á dhéanamh de réir na tíre a bhfuil an fiontar cleamhnaithe coigríche a shonraítear in Iarscríbhinn III suite ann agus de réir ghníomhaíocht an fhiontair sin. Comhcheanglófar an mionsonrú de réir na tíre a bhfuil an fiontar suite ann agus an mionsonrú de réir gníomhaíochta mar seo a leanas:

Leibhéal 1 den mhiondealú geografach á chomhcheangal le Leibhéal 2 den mhiondealú de réir gníomhaíochta;

Leibhéal 2-AMACH den mhiondealú geografach á chomhcheangal le Leibhéal 1 den mhiondealú de réir gníomhaíochta;

Leibhéal 3 den mhiondealú geografach á chomhcheangal le sonraí faoi ghníomhaíocht chomhiomlán amháin.

ROINN 4

An chéad bhliain tagartha agus tréimhsiúlacht

1.

Is í an bhliain féilire a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad bhliain tagartha a ndéanfar staidreamh bliantúil a thiomsú ina leith.

2.

Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil do gach bliain féilire ina dhiaidh sin.

ROINN 5

Torthaí a tharchur

Tarchuirfear na torthaí laistigh de 20 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

ROINN 6

Tuarascálacha agus treoirstaidéir

1.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún maidir le sainmhíniú, struchtúr agus infhaighteacht na sonraí staidrimh a bheidh le tiomsú chun críocha an mhodúil chomhchoitinn seo.

2.

Do leibhéal an mhionsonraithe a chlúdaíonn an Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún treoirstaidéir a chuirfidh údaráis náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 i gcrích, de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo.

3.

Déanfar na treoirstaidéir chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus ar a indéanta atá sé sonraí a fháil, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann lena mbeith ar fáil, le hais an chostais a bhaineann lena mbailiú agus le hais an ualaigh a chuirtear ar lucht gnó.

4.

Déanfar treoirstaidéir i ndáil leis na saintréithe seo a leanas:

Cód

Teideal

13 31 0

Costais pearsanra

 

Onnmhairithe earraí agus seirbhísí

 

Allmhairithe earraí agus seirbhísí

 

Onnmhairithe inghrúpa earraí agus seirbhísí

 

Allmhairithe inghrúpa earraí agus seirbhísí

12 15 0

Breisluach ar chostas fachtóra

15 11 0

Infheistiú comhlán in earraí inláimhsithe


IARSCRÍBHINN III

LEIBHÉIL DON FHAISNÉIS MHIONSONRACH DE RÉIR GEOGRAIFE AGUS DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA

Leibhéil miondealaithe gheografaigh

Leibhéal 1

 

Leibhéal 2-AMACH

(Leibhéal 1 + 24 tír)

V2

Lasmuigh den AE-27

D5

Lasmuigh den AE-27

 

 

IS

An Íoslainn

 

 

LI

Lichtinstéin

 

 

NO

An Iorua

CH

An Eilvéis

CH

An Eilvéis

 

 

HR

An Chróit

RU

Cónaidhm na Rúise

RU

Cónaidhm na Rúise

 

 

TR

An Tuirc

 

 

EG

An Éigipt

 

 

MA

Maracó

 

 

NG

An Nigéir

 

 

ZA

An Afraic Theas

CA

Ceanada

CA

Ceanada

US

Stáit Aontaithe Mheiriceá

US

Na Stáit Aontaithe

 

 

MX

Meicsiceo

 

 

AR

An Airgintín

BR

An Bhrasaíl

BR

An Bhrasaíl

 

 

CL

An tSile

 

 

UY

Uragua

 

 

VE

Veiniséala

 

 

IL

Iosrael

CN

An tSín

CN

An tSín

HK

Hong Cong

HK

Hong Cong

IN

An India

IN

An India

 

 

ID

An Indinéis

JP

An tSeapáin

JP

An tSeapáin

 

 

KR

An Chóiré Theas

 

 

MY

An Mhalaeisia

 

 

PH

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

 

SG

Singeapór

 

 

TW

An Téaváin

 

 

TH

An Téalainn

 

 

AU

An Astráil

 

 

NZ

An Nua-Shéalainn

Z8

neamh-chionnroinnte lasmuigh den AE-27

Z8

neamh-chionnroinnte lasmuigh den AE-27

C4

Ionaid Airgeadais Eischósta

C4

Ionaid Airgeadais Eischósta

Z7

Comhrialú cothrom ag ARDanna (1) breis agus aon Bhallstáit amháin

Z7

Comhrialú cothrom ag ARDanna (1) breis agus aon Bhallstáit amháin


Leibhéal 2-ISTEACH

A1

An Domhan mór (na haonáin uile, an tír tiomsaithe san áireamh)

Z9

An chuid eile den Domhan (gan an tír tiomsaithe a chur san áireamh)

A2

Á rialú ag an tír tiomsaithe

V1

AE-27 (laistigh den AE-27) gan an tír tiomsaithe a chur san áireamh

BE

An Bheilg

BG

An Bhulgáir

CZ

Poblacht na Seice

DK

An Danmhairg

DE

An Ghearmáin

EE

An Eastóin

GR

An Ghréig

ES

An Spáinn

FR

An Fhrainc

IE

Éire

IT

An Iodáil

CY

An Chipir

LV

An Laitvia

LT

An Liotuáin

LU

Lucsamburg

HU

An Ungáir

MT

Málta

NL

An Ísiltír

AT

An Ostair

PL

An Pholainn

PT

An Phortaingéil

RO

An Rómáin

SI

An tSlóivéin

SK

An tSlóvaic

FI

An Fhionlainn

SE

An tSualainn

UK

An Ríocht Aontaithe

Z7

Comhrialú cothrom ag ARDanna (2) breis agus aon Bhallstáit amháin

V2

Lasmuigh den AE-27

AU

An Astráil

CA

Ceanada

CH

An Eilvéis

CN

An tSín

HK

Hong Cong

IL

Iosrael

IS

An Íoslainn

JP

An tSeapáin

LI

Lichtinstéin

NO

An Iorua

NZ

An Nua-Shéalainn

RU

Cónaidhm na Rúise

TR

An Tuirc

US

Na Stáit Aontaithe

C4

Ionaid Airgeadais Eischósta

Z8

Lasmuigh den AE-27neamh-chionnroinnte


Leibhéal 3

AD

Andóra

EE

An Eastóin (3)

KZ

An Chasacstáin

QA

Catar

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

EG

An Éigipt

LA

An Daonphoblacht Dhaonlathach Laoch

RO

An Rómáin (3)

AF

An Afganastáin

ER

An Eiritré

LB

An Liobáin

RS

An tSeirbia

AG

Antigua agus Barbúda

ES

An Spáinn (3)

LC

St. Lucia

RU

Cónaidhm na Rúise

AI

Angaíle

ET

An Aetóip

LI

Lichtinstéin

RW

Ruanda

AL

An Albáin

FI

An Fhionlainn (3)

LK

Srí Lanca

SA

An Araib Shádach

AM

An Airméin

FJ

Fidsí

LR

An Libéir

SB

Oileáin Sholamón

AN

Aintillí na hÍsiltíre

FK

Oileáin Fháclainne (Malvinas)

LS

Leosóta

SC

Na Séiséil

AO

Angóla

FM

An Mhicrinéis, Stáit Chónaidhme na Micrinéise

LT

An Liotuáin (3)

SD

An tSúdáin

AQ

An Antartaice

FO

Oileáin Fharó

LU

Lucsamburg (3)

SE

An tSualainn (3)

AR

An Airgintín

FR

An Fhrainc (3)

LV

An Laitvia (3)

SG

Singeapór

AS

Samó Mheiriceá

GA

An Ghabúin

LY

Poblacht Arabach na Libia

SH

San Héilin

AT

An Ostair (3)

GD

Grenada

MA

Maracó

SI

An tSlóivéin (3)

AU

An Astráil

GE

An tSeoirsia

MD

Poblacht na Moldóive

SK

An tSlóvaic (3)

AW

Aruba

GG

Geansaí

ME

Montainéagró

SL

Siarra Leon

AZ

An Asarbaiseáin

GH

Gána

MG

Madagascar

SM

San Mairíne

BA

An Bhoisnia agus Heirseagaivéin

GI

Giobráltar

MH

Oileáin Marshall

SN

An tSeineagáil

BB

Barbadós

GL

An Ghraonlainn

MK (5)

Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine

SO

An tSomáil

BD

An Bhanglaidéis

GM

An Ghaimbia

ML

Mailí

SR

Suranam

BE

An Bheilg (3)

GN

An Ghuine

MM

Maenmar

ST

Sao Tome agus Principe

BF

Buircíne Fasó

GQ

An Ghuine Mheánchiorclach

MN

An Mhongóil

SV

An tSalvadóir

BG

An Bhulgáir (3)

GR

An Ghréig (3)

MO

Macau

SY

Poblacht Arabach na Siria

BH

Bairéin

GS

Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas

MP

Na hOileáin Mháirianacha Thuaidh

SZ

An tSuasalainn

BI

An Bhurúin

GT

Guatamala

MR

An Mháratáin

TC

Oileáin na dTurcach agus Caicos

BJ

Beinin

GU

Guam

MS

Montsarat

TD

Sead

BM

Beirmiúda

GW

Guine Bhissau

MT

Málta (3)

TF

Na Críocha Francacha Theas

BN

Brúiné Darasalám

GY

An Ghuáin

MU

Oileán Mhuirís

TG

Tóga

BO

An Bholaiv

HK

Hong Cong

MV

Oileáin Mhaildíve

TH

An Téalainn

BR

An Bhrasaíl

HM

Oileán Heard agus Oileáin McDonald

MW

An Mhaláiv

TJ

An Táidsíceastáin

BS

Na Bahámaí

HN

Hondúras

MX

Meicsiceo

TK

Tócalá

BT

An Bhútáin

HR

An Chróit

MY

An Mhalaeisia

TM

An Tuircméanastáin

BV

Oileán Bouvet

HT

Háití

MZ

Mósaimbíc

TN

An Túinéis

BW

An Bhotsuáin

HU

An Ungáir (3)

NA

An Namaib

TO

Tonga

BY

An Bhealarúis

ID

An Indinéis

NC

An Nua-Chaladóin

TP

Tíomór Thoir

BZ

An Bheilís

IE

Éire (3)

NE

An Nígir

TR

An Tuirc

CA

Ceanada

IL

Iosrael

NF

Oileán Norfolk

TT

Oileáin na Tríonóide agus Tobága

CC

Oileáin Cocos (Keeling)

IM

Oileán Mhanainn

NG

An Nigéir

TV

Tuvalu

CD

An Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó

IN

An India

NI

Nicearagua

TW

Téaváin na Síne

CF

Poblacht na hAfraice Láir

IO

Críoch Aigéan Indiach na Breataine

NL

An Ísiltír (3)

TZ

An Tansáin, Poblacht Aontaithe na Tansáine

CG

An Congó

IQ

An Iaráic

NO

An Iorua

UA

An Úcráin

CH

An Eilvéis

IR

An Iaráin, Poblacht Ioslamach na hIaráine

NP

Neipeal

UG

Uganda

CI

Côte d’Ivoire

IS

An Íoslainn

NR

Nárú

UK

An Ríocht Aontaithe (3)

CK

Oileáin Cook

IT

An Iodáil (3)

NU

Niue

UM

Oileáin Bheaga Fhorimeallacha na Stát Aontaithe

CL

An tSile

JE

Geirsí

NZ

An Nua-Shéalainn

US

Na Stáit Aontaithe

CM

Camarún

JM

Iamáice

OM

Oman

UY

Uragua

CN

An tSín

JO

An Iordáin

PA

Panama

UZ

An Úisbéiceastáin

CO

An Cholóim

JP

An tSeapáin

PE

Peiriú

VA

An Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine)

CR

Cósta Ríce

KE

An Chéinia

PF

Polainéis na Fraince

VC

San Uinseann agus na Greanáidíní

CU

Cúba

KG

An Chirgeastáin

PG

Nua-Ghuine Phapua

VE

Veiniséala

CV

Rinn Verde

KH

An Chambóid (Kampuchea)

PH

Na hOileáin Fhilipíneacha

VG

Oileáin Bhriotanacha na Maighdean

CX

Oileán na Nollag

KI

Cireabaití

PK

An Phacastáin

VI

Oileáin na Maighdean, Na Stáit Aontaithe

CY

An Chipir (3)

KM

Oileáin Chomóra

PL

An Pholainn (3)

VN

Vítneam

CZ

Poblacht na Seice (3)

KN

San Críostóir-Nimheas

PN

Pitcairn

VU

Vanuatú

DE

An Ghearmáin (3)

KP

Daonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré (An Chóiré Thuaidh)

PS

An Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil

WF

Vailís agus Futúna

DJ

Djibouti

KR

Poblacht na Cóiré (An Chóiré Theas)

PT

An Phortaingéil (3)

WS

Samó

DK

An Danmhairg (3)

KW

Cuáit

PW

Palau

YE

Éimin

DM

Doiminice

KY

Oileáin Cayman

PY

Paragua

 

 

DO

An Phoblacht Dhoiminiceach

 

 

 

 

ZA

An Afraic Theas

DZ

An Ailgéir

 

 

 

 

ZM

An tSaimbia

EC

Eacuadór

Z8

Lasmuigh den AE-25 neamh-chionnroinnte

 

 

ZW

An tSiombáib

A2

Rialaithe ag an tír tiomsaithe

Z7

Comhrialú cothrom ag ARDanna (4) breis agus aon Bhallstáit amháin

 

 

 

 


Leibhéil an mhiondealaithe ar ghníomhaíocht

Leibhéal 1

Leibhéal 2

 

 

NACE Rev. 1.1 (6)

IOMLÁN NA GNÍOMHAÍOCHTA

IOMLÁN NA GNÍOMHAÍOCHTA

Roinn C go O (gan L a áireamh)

MIANADÓIREACHT & CAIRÉALACHT

MIANADÓIREACHT AGUS CAIRÉALACHT

Roinn C

Lena n-áirítear:

 

Baint pheitriliam agus gháis

Rannán 11

DÉANTÚSAÍOCHT

DÉANTÚSAÍOCHT

Roinn D

Táirgí bia

Foroinn DA

Fíodóireacht agus corpbheart

Foroinn DB

Adhmad, foilsitheoireacht agus clódóireacht

Foroinn DD agus Foroinn DE

IOMLÁN na ngníomhaíochtaí teicstílí + adhmaid

 

Táirgeadh peitriliam scagtha agus córacha eile

Rannán 23

Monarú ceimiceán & táirgí ceimiceacha

Rannán 24

Táirgí rubair agus plaistigh

Rannán 25

Táirgí peitriliam, ceimiceacha, rubair agus plaistigh

IOMLÁN na dtáirgí peitriliam, ceimiceacha, rubair agus plaistigh

 

Táirgí miotail

Foroinn DJ

Táirgí meicniúla

Rannán 29

IOMLÁN NA dtáirgí miotail agus meicniúla

 

Innealra agus ríomhairí oifige

Rannán 30

Trealamh raidió, teilifíse, cumarsáide

Rannán 32

Innealra oifige, ríomhairí, trealamh raidió, teilifíse agus cumarsáide

IOMLÁN an innealra oifige, an trealaimh ríomhairí, raidió, teilifíse agus cumarsáide

 

Mótarfheithiclí

Rannán 34

Trealamh iompair eile

Rannán 35

Feithiclí, trealamh iompair eile

IOMLÁN na bhfeithiclí + an trealaimh iompair eile

 

Déantúsaíocht g.á.e.

 

LEICTREACHAS, GÁS & UISCE

LEICTREACHAS, GÁS AGUS UISCE

Roinn E

TÓGÁIL

TÓGÁIL

Roinn F

SEIRBHÍSÍ IOMLÁNA

SEIRBHÍSÍ IOMLÁNA

 

TRÁDÁIL AGUS DEISIÚCHÁIN

TRÁDÁIL AGUS DEISIÚCHÁIN

Roinn G

Díol, cothabháil agus deisiúchán mótarfheithiclí agus gluaisrothar; miondíol breosla le haghaidh gluaisteán

Rannán 50

Trádáil mórdhíola agus trádáil ar coimisiún, seachas i gcás mótarfheithiclí agus gluaisrothar

Rannán 51

Trádáil miondíola, seachas i gcás mótarfheithiclí agus gluaisrothar; deisiúchán earraí pearsanta agus earraí teaghlaigh

Rannán 52

ÓSTÁIN & BIALANNA

ÓSTÁIN AGUS BIALANNA

Roinn H

IOMPAR, STÓRÁIL AGUS CUMARSÁID

IOMPAR, STÓRÁIL AGUS CUMARSÁID

Roinn I

Iompar agus stóráil

Rannáin 60, 61, 62, 63

Iompar de thalamh; iompar trí phíblínte

Rannán 60

Iompar d'uisce

Rannán 61

Aeriompar

Rannán 62

Gníomhaíochtaí tacaíochta agus tánaisteacha iompair; gníomhaíochtaí gníomhairí taistil

Rannán 63

Post agus teileachumarsáid

Rannán 64

Gníomhaíochtaí poist agus cúiréireachta

Grúpa 64.1

Teileachumarsáid

Grúpa 64.2

IDIRGHABHÁIL AIRGEADAIS

IDIRGHABHÁIL AIRGEADAIS

Roinn J

Idirghabháil airgeadais, seachas árachas agus maoiniú pinsin

Rannán 65

Árachas agus maoiniú pinsin, seachas slándáil shóisialta éigeantach

Rannán 66

Gníomhaíochtaí atá tánaisteach don idirghabháil airgeadais

Rannán 67

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EASTÁIT RÉADAIGH

Roinn K, Rannán 70

INNEALRA AGUS TREALAMH GAN OIBREOIR AGUS EARRAÍ PEARSANTA AGUS TEAGHLAIGH A LIGEAN AR CÍOS

Roinn K, Rannán 71

RÍOMHAIREACHT & GNÍOMHAÍOCHT GHAOLMHAR

RÍOMHAIREACHT AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAOLMHARA

Roinn K, Rannán 72

TAIGHDE & FORBAIRT

TAIGHDE AGUS FORBAIRT

Roinn K, Rannán 73

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE GNÓ

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE GNÓ

Roinn K, Rannán 74

Dlí, cuntasaíocht, taighde margaidh, comhairleoireacht

Grúpa 74.1

Gníomhaíochtaí dlí

Rang 74.11

Cuntasaíocht, leabharchoimeád agus iniúchadh; comhairleoireacht cánach

Rang 74.12

Taighde margaidh agus pobalbhreitheanna

Rang 74.13

Gníomhaíochtaí comhairleoireachta gnó agus bainistíochta

Rang 74.14

Gníomhaíochtaí bainistíochta cuideachtaí sealúchais

Rang 74.15

Gníomhaíochtaí ailtireachta, innealtóireachta agus gníomhaíochtaí teicniúla eile

Grúpa 74.2

Fógraíocht

Grúpa 74.4

Gníomhaíochtaí gnó g.r.e.

Grúpa 74.3, 74.5, 74.6, 74.7, 74.8

OIDEACHAS

Roinn M

SLÁINTE AGUS OBAIR SHÓISIALTA

Roinn N

SÉARACHAS AGUS DIÚSCAIRT BRUSCAIR

Roinn O, Rannán 90

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EAGRAÍOCHTAÍ BALLRAÍOCHTA G.R. E

Roinn O, Rannán 91

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ÁINEASA, CULTÚRTHA, SPÓIRT

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ÁINEASA, CULTÚRTHA, SPÓIRT

Roinn O, Rannán 92

Gníomhaíochtaí scannánaíochta, raidió, teilifíse agus gníomhaíochtaí siamsaíochta eile

Grúpa 92.1, 92.2, 92.3

Gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí nuachta

Grúpa 92.4

Gníomhaíochtaí leabharlannaíochta, cartlannaíochta, músaem agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile

Grúpa 92.5

Gníomhaíochtaí spóirt agus áineasa eile

Grúpa 92.6, 92.7

GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEIRBHÍSÍ EILE

Roinn O, Rannán 93

Neamh-chionnroinnte

 


Leibhéal 3 (NACE Rev. 1.1)

Ceannteideal

Leibhéal mionsonraithe a iarradh

Geilleagar Gnó

Roinn C go Roinn K

Mianadóireacht agus cairéalacht

Roinn C

Déantúsaíocht

Roinn D

Gach foroinn DA go DN

Gach rannán 15 go 37

Comhiomláin:

Ardteicneolaíocht (AT)

24.4, 30, 32, 33, 35.3

Meánteicneolaíocht- ardteicneolaíocht (MTAT)

24 seachas 24.4, 29, 31, 34, 35.2, 35.4, 35.5

Meánteicneolaíocht-teicneolaíocht íseal (MTTÍ)

23, 25-28, 35.1

Teicneolaíocht Íseal (TÍ)

15-22, 36, 37

Soláthar leictreachais, gáis agus uisce

Roinn E

Gach rannán (40 agus 41)

Tógáil

Roinn F (Rannán 45)

Gach grúpa (45.1 go 45.5)

Trádáil mórdhíola agus miondíola; deisiúchán mótarfheithiclí, gluaisrothar agus earraí pearsanta agus earraí teaghlaigh

Roinn G

Gach rannán (50 go 52)

Grúpaí 50.1+50.2+50.3, 50.4, 50.5, 51.1 go 51.9

Grúpaí 52.1 go 52.7

Óstáin agus bialanna

Roinn H (Rannán 55)

Grúpaí 55.1 go 55.5

Iompar, stóráil agus cumarsáid

Roinn I

Gach rannán

Grúpaí 60.1, 60.2, 60.3, 63.1+63.2, 63.3, 63.4, 64.1, 64.2

Idirghabháil airgeadais

Roinn J

Gach rannán

Gníomhaíochtaí eastáit réadaigh, cíosa agus gnó

Roinn K

Rannán 70

Rannán 71, grúpaí 71.1+71.2, 71.3 agus 71.4

Rannán 72, grúpaí 72.1 go 72.6

Rannán 73

Rannán 74, comhiomláin 74.1 go 74.4 agus 74.5 go 74.8


(1)  Aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche

(2)  Aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche.

(3)  Isteach amháin

(4)  Aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche

(5)  Cód sealadach nach ndéanann difear d'ainmníocht chríochnaitheach na tíre atá le sannadh i ndiaidh don chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair sna Náisiúin Aontaithe a bheith tugtha i gcrích.

(6)  Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.


29.6.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/32


RIALACHÁN (CE) Uimh. 717/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2007

maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is ábhar imní do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta, agus do thomhaltóirí agus do na hinstitiúidí Comhphobail freisin, leibhéal ard na bpraghsanna a bhíonn iníoctha ag úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste, amhail mic léinn, taistealaithe gnó agus turasóirí, nuair a úsáideann siad a dteileafóin shoghluaiste agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch laistigh den Chomhphobal. Is ann do na muirir mhiondíola iomarcacha mar thoradh ar mhuirir mhórdhíola arda arna dtoibhiú ag oibreoir an líonra óstaigh choigríche agus freisin, i mórán cásanna, mar thoradh ar arduithe móra miondíola arna muirearú ag oibreoir líonra an chustaiméara féin. Is minic nach gcuirtear laghduithe ar mhuirir mhórdhíola ar aghaidh chuig an gcustaiméir miondíola. Cé go bhfuil roinnt oibreoirí tar éis scéimeanna taraifí a thabhairt isteach le gairid a thairgeann coinníollacha níos fabhraí agus praghsanna níos ísle do chustaiméirí, tá fianaise fós ann nach bhfuil an gaol idir na costais agus na praghsanna amhail agus a bheadh i réim i margaí a bheadh go hiomlán iomaíoch.

(2)

Trí limistéar sóisialta, oideachais agus cultúrtha Eorpach bunaithe ar shoghluaisteacht daoine aonair a chruthú, ba chóir go n-éascófaí an chumarsáid idir dhaoine ionas go ndéanfaí forbairt iarbhír ar ‘Eoraip do Shaoránaigh’.

(3)

Maidir le Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu, (Treoir na Rochtana) (3), Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (4), Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Chreata) (5), Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (6) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (An Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (7) (dá ngairtear, agus iad a áireamh le chéile, ‘creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach’ anseo feasta), tá sé d'aidhm acu margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chruthú sa Chomhphobal agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a chinntiú trí iomaíocht fheabhsaithe.

(4)

Ní beart aonarach an Rialachán seo, ach, chomh fada agus a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail, comhlánaíonn sé na rialacha dá bhforáiltear le creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, agus tá sé mar thaca leo. Níor tugadh, leis an gcreat sin, dóthain uirlisí do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta chun gníomhú go héifeachtúil agus go cinntitheach maidir le praghsáil na seirbhísí fánaíochta sa Chomhphobal, agus ar an dóigh sin ní éiríonn leis feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí fánaíochta a áirithiú. Is meán cuí é an Rialachán seo chun an staid sin a chur ina cheart.

(5)

Déanann creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach leas a bhaint as an bprionsabal nár chóir oibleagáidí rialaitheacha ex ante a fhorchur ach amháin i gcás nach mbeidh iomaíocht éifeachtúil ann, agus foráiltear leis do phróiseas ina ndéanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta anailís mhargaidh agus athbhreithniú oibleagáidí go tréimhsiúil, as a leanfaidh forchur oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmneofar mar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. Áirítear ar na heilimintí den phróiseas sin sainmhíniú ar na margaí ábhartha i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún (8) maidir leis na margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a oirfeadh do rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE (dá ngairtear ‘an Moladh’ anseo feasta), anailís ar na margaí sainmhínithe i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le hanailís mhargaidh agus measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh faoi chreat rialaitheach an Chomhphobail maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (9), ainmniú oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus forchur na n-oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmnítear amhlaidh.

(6)

Aithnítear sa Mholadh an margadh náisiúnta mórdhíola i gcomhair fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste mar mhargadh ábhartha a d'oirfeadh do rialáil ex ante. Mar sin féin, tá léirithe ag an obair atá déanta ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta (ina n-aonar agus laistigh de Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha) ina n-anailís ar na margaí náisiúnta mórdhíola d'fhánaíocht idirnáisiúnta nár fhéad údarás rialaitheach náisiúnta go dtí seo dul i ngleic go héifeachtúil leis an leibhéal ard atá ag muirir mhórdhíola fánaíochta ar fud an Chomhphobail mar gheall ar an deacracht a bhaineann le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a aithint i bhfianaise imthosca sainiúla na fánaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear a gcineál trasteorann.

(7)

Maidir le soláthar miondíola na seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta, ní aithnítear sa Mholadh aon mhargadh miondíola d'fhánaíocht idirnáisiúnta mar mhargadh ábhartha, de bhrí, i measc rudaí eile, nach ndéantar seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta a cheannach go neamhspleách ar leibhéal miondíola agus nach bhfuil iontu ach eilimint amháin de phacáiste miondíola níos leithne a cheannaíonn custaiméirí óna soláthraí baile.

(8)

Chomh maith leis sin, maidir leis na húdaráis rialaitheacha náisiúnta atá freagrach as cosaint agus cur chun cinn leasanna custaiméirí teileafón soghluaiste a bhfuil gnáthchónaí orthu laistigh dá gcríoch, níl ar a gcumas rialú a dhéanamh ar iompar oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, atá lonnaithe i mBallstáit eile, agus a bhfuil na custaiméirí sin ag brath air agus iad ag úsáid seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta. D'fhéadfadh an bac sin freisin laghdú ar éifeachtúlacht na mbeart a bheadh glactha ag Ballstáit bunaithe ar an inniúlacht a bheadh fágtha acu rialacha cosanta tomhaltóirí a ghlacadh.

(9)

Dá réir sin, tá brú á chur ar Bhallstáit bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le leibhéal na muirear fánaíochta idirnáisiúnta, ach ní leor an mheicníocht d'idirghabháil rialaitheach ex ante ag údaráis rialaitheacha náisiúnta dá bhforáiltear le creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach lena chur ar chumas na n-údarás sin gníomhú go cinntitheach chun leasa na dtomhaltóirí sa réimse sonrach sin.

(10)

Sa bhreis air sin, iarradh ar an gCoimisiún i rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le rialáil agus margaí chumarsáid leictreonach na hEorpa 2004 (10) tionscnaimh nua a fhorbairt chun costais arda an tráchta trasteorann teileafón soghluaiste a laghdú, agus tháinig Comhairle Eorpach an 23 agus an 24 Márta 2006 ar an gconclúid go bhfuil beartais fhócasaithe, éifeachtúla agus lánpháirtithe i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (ICT) ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta araon riachtanach chun spriocanna athnuaite Straitéis Liospóin i dtaca le fás eacnamaíoch agus táirgiúlacht a bhaint amach agus thug sí ar aird sa chomhthéacs sin an tábhacht don iomaíochas atá le muirir fánaíochta a laghdú.

(11)

Bhí sé d'aidhm ag creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, bunaithe ar na cúinsí ba léir ag an am, deireadh a chur leis na bacainní go léir ar thrádáil idir Bhallstáit sa limistéar a ndearna sé comhchuibhiú air, inter alia, bearta a dhéanann difear do mhuirir fánaíochta. Mar sin féin, níor chóir go gcuirfeadh sé sin cosc ar rialacha comhchuibhithe a oiriúnú ar aon dul le cúinsí eile chun na bealaí is éifeachtaí a fháil d'fhonn leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach fad agus na coinníollacha d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á bhfeabhsú.

(12)

Ba chóir, dá bhrí sin, creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, go háirithe Treoir an Chreata, a leasú ionas go bhféadfar imeacht ó na rialacha a bheadh infheidhme murach sin, eadhon gur chóir praghsanna i gcomhair tairiscintí seirbhíse a chinneadh le comhaontú tráchtála nuair nach ann do chumhacht shuntasach sa mhargadh, agus leis sin go bhfreastalófar ar thabhairt isteach oibleagáidí rialaitheacha comhlántacha a léiríonn tréithe sonracha na seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail.

(13)

Léiríonn na margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola tréithe uathúla atá ina n-údar maith le bearta eisceachtúla a théann níos faide ná na meicníochtaí a bhíonn ar fáil ar shlí eile faoi chreat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach.

(14)

Ba chóir oibleagáidí rialaitheacha a fhorchur ar leibhéal miondíola agus ar leibhéal mórdhíola araon chun leasanna custaiméirí fánaíochta a chosaint, óir gur léir ón taithí nach gá gur praghsanna miondíola níos ísle i gcomhair fánaíochta a bheadh ann de thoradh laghduithe i bpraghsanna mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail, mar gheall ar easpa dreasachtaí chun go dtarlódh sin. Ar an láimh eile, d'fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfeadh gníomh chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú as d'fheidhmiú ordúil an mhargaidh fánaíochta ar fud an Chomhphobail mura rachfaí i ngleic le leibhéal na gcostas mórdhíola a ghabhann le soláthar na seirbhísí sin.

(15)

Ba chóir go dtiocfadh na hoibleagáidí rialaitheacha sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, agus fós tréimhse réasúnta a thabhairt do na hoibreoirí lena mbaineann chun a gcuid tairiscintí praghsanna agus seirbhíse a oiriúnú chun comhlíonadh a chinntiú, agus ba chóir go mbeadh feidhm acu go díreach i ngach Ballstát.

(16)

Ba chóir cur chuige comhchoiteann a úsáid chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí trastíre teileafón soghluaiste praghsanna iomarcacha, agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail nuair a dhéanann siad guthghlaonna nó nuair a fhaigheann siad guthghlaonna agus, ar an dóigh sin, leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach agus fós iomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste a chosaint agus dreasachtaí don nuálaíocht agus do rogha do thomhaltóirí a chaomhnú. I bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, tá gá leis an gcur chuige comhchoiteann sin ionas gur féidir le hoibreoirí teileafón soghluaiste oibriú laistigh de chreat comhleanúnach aonair rialúcháin bunaithe ar chritéir a shuífear go hoibiachtúil.

(17)

Is é an cur chuige is éifeachtúla agus is comhréirí i leith rialáil leibhéal na bpraghsanna chun glaonna fánaíochta a dhéanamh agus a fháil laistigh den Chomhphobal meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal an mhórdhíola a shocrú ar leibhéal an Chomhphobail agus muirir a theorannú ar leibhéal miondíola, trí Eoratharaif a thabhairt isteach. Ba chóir go mbeadh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola idir aon dá oibreoir laistigh den Chomhphobal i rith tréimhse sonraithe.

(18)

Ba chóir an Eoratharaif a shocrú ar leibhéal a ráthódh corrlach dóthanach d'oibreoirí agus a spreagfadh tairiscintí iomaíocha fánaíochta ag rátaí níos ísle. Ba chóir d'oibreoirí Eoratharaif a thairiscint go gníomhach dá gcuid custaiméirí fánaíochta go léir, saor in aisce, agus ar dhóigh shoiléir thrédhearcach.

(19)

Ba chóir go gcinnteodh an cur chuige rialaitheach sin go dtabharfadh muirir mhiondíola ar fhánaíocht ar fud an Chomhphobail léargas níos réasúnaí ar na costais bhunúsacha a bhíonn i gceist le soláthar na seirbhíse le hais mar a bhí. Ba chóir, dá bhrí sin, go léireodh an Eoratharaif uasta a fhéadfar a thairiscint do chustaiméirí fánaíochta corrlach réasúnta ar an gcostas mórdhíola a bhaineann le seirbhís fánaíochta a sholáthar, agus fós an tsaoirse a thabhairt d'oibreoirí dul in iomaíocht trí idirdhealú a dhéanamh ar a gcuid tairiscintí agus a gcuid struchtúr praghsála a chur in oiriúint do choinníollacha an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Níor chóir go mbeadh feidhm ag an gcur chuige rialaitheach sin maidir le seirbhísí breisluacha.

(20)

Ba chóir go mbeadh an cur chuige rialaitheach sin éasca le cur chun feidhme agus le monatóireacht a dhéanamh air chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú ar na hoibreoirí a ndéanann a chuid ceanglais difear dóibh agus ar na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a mbeidh maoirseacht agus forghníomhú de chúram orthu. Ba chóir freisin go mbeadh sé trédhearcach agus intuigthe láithreach do na custaiméirí teileafón soghluaiste go léir laistigh den Chomhphobal. Chomh maith leis sin, ba chóir go dtabharfadh sé cinnteacht agus intuarthacht d'oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta mórdhíola agus miondíola. Ba chóir, dá bhrí sin, leibhéal na muirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola agus ar leibhéal miondíola a shonrú go díreach i dtéarmaí airgid sa Rialachán seo.

(21)

Ba chóir go ndéanfadh an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola, arna shonrú amhlaidh, na gnéithe difriúla a bhaineann le glao fánaíochta ar fud an Chomhphobail a dhéanamh a chur san áireamh, go háirithe costas thosú agus chríochnú na nglaonna thar líonraí teileafón soghluaiste mar aon le forchostais, comharthaíocht agus trasdul. Is é an pointe cóimheasa is oiriúnaí do thosú glao agus do chríochnú glao ná an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste i gcomhair oibreoirí líonra teileafón soghluaiste sa Chomhphobal, bunaithe ar fhaisnéis arna cur ar fáil ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta agus arna foilsiú ag an gCoimisiún. Ba chóir an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid a chruthaítear leis an Rialachán seo a shocrú, dá bhrí sin, agus an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste á chur san áireamh, rud a thabharfaidh pointe cóimheasa i gcomhair na gcostas a bheidh i gceist. Ba chóir go laghdódh an meánráta uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola go bliantúil chun laghduithe ar rátaí críochnaithe le haghaidh teileafón soghluaiste a fhorchurifidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta ó am go ham a chur san áireamh.

(22)

Ba chóir go ndeimhneodh an Eoratharaif is infheidhme ar leibhéal miondíola do chustaiméirí fánaíochta nach ngearrfar praghas iomarcach orthu nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad glao fánaíochta rialáilte, agus fós go bhfágfar corrlach dóthanach ag na hoibreoirí baile chun idirdhealú a dhéanamh ar na táirgí a thairgfidh siad dá gcuid custaiméirí.

(23)

Ba chóir go mbeadh an rogha, gan aon mhuirir bhreise nó réamhchoinníollacha a bheith ag gabháil leis, ag na custaiméirí go léir taraif shimplí fánaíochta a roghnú nach rachaidh thar na rátaí rialáilte. Ba chóir go gcinnteodh corrlach réasúnta idir na costais mhórdhíola agus na praghsanna miondíola go ndéanfaidh na hoibreoirí a gcuid costas sonrach fánaíochta go léir ar leibhéal miondíola a chlúdach, lena n-áirítear sciaranna cuí de chostais mhargaíochta agus fóirdheontais i gcomhair sásanna láimhe, agus go bhfágfar iad le hiarmhar dóthanach chun toradh réasúnta a bhaint amach. Is bealach cuí an Eoratharaif chun cosaint a thabhairt don tomhaltóir agus solúbthacht a thabhairt don oibreoir. Ar nós an leibhéil mhórdhíola, ba chóir go laghdódh leibhéil uasta na hEoratharaife go bliantúil.

(24)

Ba chóir raon iomlán na dtaraifí atá ann i gcomhair fánaíochta sa Chomhphobal, lena n-áirítear na taraifí a chomhlíonann an Eoratharaif, a chur in iúl go hiomlán do chustaiméirí nua fánaíochta. Ba chóir an deis a thabhairt do na custaiméirí fánaíochta atá ann cheana a rogha a dhéanamh maidir le taraif nua a chomhlíonann an Eoratharaif nó aon taraif fánaíochta eile laistigh de thréimhse ama áirithe. Maidir le custaiméirí fánaíochta atá ann cheana agus nach mbeidh a rogha déanta acu laistigh den tréimhse ama sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a roghnaigh taraif shonrach fánaíochta nó pacáiste sonrach fánaíochta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na daoine nach ndearna amhlaidh. Ba chóir taraif a chomhlíonfaidh ceanglais an Rialacháin seo a thabhairt go huathoibríoch do na custaiméirí is deireanaí atá luaite. Maidir le custaiméirí fánaíochta atá ag baint leasa cheana as taraifí nó pacáistí sonracha fánaíochta a oireann dá gcuid riachtanas aonair agus a bhíonn roghnaithe ar an mbunús sin acu, ba chóir go leanfaidís leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe roimhe sin acu más rud é, tar éis a gcuid coinníollacha taraife reatha a bheith meabhraithe dóibh, nach gcuirfidh siad rogha in iúl laistigh den tréimhse ama ábhartha. D'fhéadfadh sé go mbeadh san áireamh sna taraifí nó pacáistí fánaíochta sainiúla sin, mar shampla, cothromrátaí fánaíochta, taraifí neamhphoiblí, taraifí lena ngabhann muirir sheasta bhreise fánaíochta, taraifí lena ngabhann muirir in aghaidh an nóiméid atá níos ísle ná an Eoratharaif uasta nó taraifí lena ngabhann muirir bhunaithe.

(25)

Maidir le soláthraithe seirbhísí miondíola fánaíochta ar fud an Chomhphobail ba chóir go mbeadh tréimhse ar fáil dóibh ina bhféadfaidh siad a bpraghsanna a choigeartú chun na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(26)

Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go mbeadh tréimhse oiriúnaithe ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta mórdhíola ar fud an Chomhphobail chun na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(27)

Ó tharla go bhforáiltear leis an Rialachán seo go bhfuil na Treoracha a chomhdhéanann creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach gan dochar d'aon bheart sonrach a ghlacfar chun rialáil a dhéanamh ar mhuirir fánaíochta ar fud an Chomhphobail i gcomhair glaonna guth-theileafónaíochta soghluaiste, agus ó tharla go bhféadfadh sé go ndéanfaí leis an Rialachán seo é a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail athruithe a dhéanamh ar a dtaraifí miondíola fánaíochta chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor chóir go ndúiseodh athruithe den sórt sin aon cheart, faoi na dlíthe náisiúnta a thrasuíonn creat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach, le haghaidh custaiméirí teileafón soghluaiste tarraingt siar as a gconarthaí.

(28)

Níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do thairiscintí nuálacha do chustaiméirí atá níos tairbhí ná an Eoratharaif uasta mar a shainmhínítear sa Rialachán seo í, ach is amhlaidh gur chóir go spreagfadh sé tairiscintí nuálacha do chustaiméirí fánaíochta ag rátaí níos ísle. Ní éilíonn an Rialachán seo go dtabharfaí muirir fánaíochta ar ais arís i gcásanna ina bhfuil deireadh curtha leo amach is amach, ná ní éilíonn sé go n-ardófaí muirir fánaíochta go dtí leibhéal na dteorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(29)

Féadfaidh soláthraithe baile cothromráta míosúil, uilechuimsitheach, cóir a thairiscint nach mbeidh feidhm ag teorainneacha muirir ar bith maidir leo. D'fhéadfadh an cothromráta sin guthsheirbhísí fánaíochta agus/nó seirbhísí cumarsáide sonraí fánaíochta ar fud an Chomhphobail (lena n-áirítear Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí (SMS) agus Seirbhís Teachtaireachtaí Ilmheán (MMS)) a chlúdach laistigh den Chomhphobal.

(30)

Lena áirithiú go bhféadfaidh gach úsáideoir guth-theileafónaíochta soghluaiste tairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo ba chóir go mbeadh feidhm ag na ceanglais phraghsála mhiondóla is cuma an conradh réamhíoctha nó iar-íoctha a bheidh ag na custaiméirí fánaíochta lena soláthraí baile, agus beag beann ar cibé an mbíonn a líonra féin ag an soláthraí baile, an oibreoir líonra fíorúil teileafón soghluaiste é nó an athdhíoltóir seirbhísí guth-theileafónaíochta soghluaiste é.

(31)

Más rud é gur léir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste go bhfuil sochair na hidir-inoibritheachta agus na lúdrachta ceann go ceann dá gcustaiméirí i gcontúirt de bharr deireadh a chur lena socruithe fánaíochta le hoibreoirí líonra teileafón soghluaiste i mBallstáit eile, nó mar gheall ar an mbaol go gcuirfí deireadh leis na socruithe sin, nó nach bhfuil ar a gcumas seirbhísí a sholáthar dá gcustaiméirí i mBallstát eile mar thoradh ar easpa comhaontaithe le soláthraí líonra mórdhíola amháin ar a laghad, ba chóir do na húdaráis rialaitheacha náisiúnta leas a bhaint, nuair is gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain leordhóthanach agus idirnascadh leordhóthanach a áirithiú d'fhonn lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí sin a áirithiú, ag cur cuspóirí Airteagal 8 de Threoir an Chreata san áireamh, go háirithe margadh aonair lánfheidhmithe a chruthú i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

(32)

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna miondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh agus a fháil laistigh den Chomhphobal agus chun cabhrú le custaiméirí fánaíochta cinntí a dhéanamh maidir le húsáid a gcuid teileafón soghluaiste agus iad ar an gcoigríoch, ba chóir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste a chur ar chumas a gcuid custaiméirí faisnéis saor in aisce ar na muirir fánaíochta is infheidhme maidir leo a fháil go héasca nuair a bhíonn guthghlaonna á ndéanamh nó á bhfáil acu i mBallstát a dtugann siad cuairt air. Thairis sin, ba chóir do sholáthraithe faisnéis bhreise a thabhairt dá gcustaiméirí, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, faoi na muirir in aghaidh an nóiméid nó in aghaidh an aonaid (CBL san áireamh) ar ghuthghlaonna a dhéanamh nó a fháil agus freisin ar SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile a sheoladh agus a fháil sa Bhallstát a dtugtar cuairt air.

(33)

Éilíonn an trédhearcacht freisin go dtabharfadh soláthraithe faisnéis ar mhuirir fánaíochta go háirithe ar an Eoratharaif agus ar an gcothromráta uilechuimsitheach, má bhíonn ceann á thairiscint acu, nuair a bhíonn síntiús á shocrú agus gach uair a mbíonn athrú ar na muirir fánaíochta. Ba chóir do sholáthraithe baile faisnéis a sholáthar ar mhuirir fánaíochta trí mheáin iomchuí amhail sonraisc, an t-idirlíon, fógráin teilifíse nó post díreach. Ba chóir do sholáthraithe baile a chinntiú go mbeidh na custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoi fháil a bheith ar tharaifí rialáilte agus ba chóir dóibh cumarsáid shoiléir agus neamhchlaon a sheoladh chuig na custaiméirí sin ina mbeidh tuairisc ar choinníollacha na hEoratharaife agus an ceart athrú chuig an Eoratharaif nó imeacht uaithi.

(34)

Ba chóir go mbeadh na cumhachtaí is gá chun na hoibleagáidí faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú laistigh dá gcríoch ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta atá freagrach as tascanna a dhéanamh faoi chreat rialúcháin 2002 don chumarsáid leictreonach. Ba chóir dóibh monatóireacht a dhéanamh freisin ar fhorbairtí i bpraghsáil guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí do chustaiméirí teileafón soghluaiste agus fánaíocht á déanamh acu sa Chomhphobal, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal agus ar an ngá atá lena áirithiú gur féidir na costais sin a aisghabháil go leordhóthanach ar an margadh mórdhíola, agus nach mbíonn teicnící stiúrtha tráchta in úsáid chun rogha a shrianadh chun aimhleasa na gcustaiméirí. Ba chóir dóibh a áirithiú go gcuirfear faisnéis chothrom le dáta faoi fheidhmiú an Rialacháin seo ar fáil do na páirtithe leasmhara agus go bhfoilseofar torthaí na monatóireachta sin gach sé mhí. Ba chóir faisnéis ar leith a sholáthar ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha.

(35)

Maidir le fánaíocht intíre sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal, áit a mbíonn na ceadúnais teileafónaíochta soghluaiste éagsúil leis na ceadúnais a eisítear i ndáil leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta, d'fhéadfadh sí leas a bhaint as laghduithe ar an ráta a bheadh comhionann leis na laghduithe sin a dhéantar i margadh fánaíochta an Chomhphobail. Níor chóir go gcruthódh feidhmiú an Rialacháin seo cóir phraghsála lena mbainfeadh níos lú fabhair do chustaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta intíre le hais custaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis náisiúnta bearta breise a ghlacadh a bheidh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail.

(36)

Ós rud é, chomh maith le guth-theileafónaíocht, go bhfuil forás ag teacht ar sheirbhísí cumarsáide sonraí teileafón soghluaiste, ba chóir go bhféadfaí, leis an Rialachán seo, monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh sna seirbhísí sin freisin. Ba chóir don Choimisiún, dá bhrí sin, monatóireacht a dhéanamh ar an margadh i gcomhair seirbhísí cumarsáide sonraí fánaíochta, lena n-áirítear SMS agus MMS.

(37)

Ba chóir do Bhallstáit foráil a dhéanamh do chóras pionós a chuirfear i bhfeidhm i gcás go sárófar an Rialachán seo.

(38)

Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchoiteann a bhunú lena áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad guthghlaonna, ar an dóigh sin ag baint ardleibhéil chosanta tomhaltóirí amach agus iomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste á cosaint, ó tharla nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go dóthanach ar dhóigh chinnte, chomhchuibhithe agus thráthúil agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh de réir phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(39)

Ba chóir an cur chuige comhchoiteann sin a bhunú ar feadh tréimhse teoranta. Féadfar an Rialachán seo, i bhfianaise athbhreithnithe a dhéanfaidh an Coimisiún, a fhadú nó a leasú. Ba chóir don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo agus ar an méid a chuireann sé le feidhmiú an chreata rialúcháin agus feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus chomh maith leis sin, scrúdú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo ar sholáthraithe beaga teileafónaíochta soghluaiste sa Chomhphobal agus ar a seasamh siúd sa mhargadh fánaíochta ar fud an Chomhphobail,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Cuireann an Rialachán seo cur chuige comhchoiteann ar bun chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí teileafón soghluaiste praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail do na glaonna a dhéanfaidh agus a gheobhaidh siad agus iad ag taisteal sa Chomhphobal agus cuirfear, ar an tslí sin, le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí á bhaint amach, mar aon le hiomaíocht idir oibreoirí teileafón soghluaiste a chosaint agus dreasachtaí nuálaíochta agus rogha tomhaltóirí araon a chaomhnú. Leagtar síos leis rialacha ar na muirir a fhéadfaidh oibreoirí teileafón soghluaiste a ghearradh chun seirbhísí idirnáisiúnta fánaíochta a chur ar fáil do ghuthghlaonna a thosóidh agus a chríochnóidh laistigh den Chomhphobal, agus tá feidhm aige maidir leis na muirir a ghearrfar idir oibreoirí líonraí ar leibhéal mórdhíola mar aon leis na muirir a ghearrfaidh soláthraithe baile ar leibhéal miondíola.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha atá dírithe ar chur leis an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus ar an bhfaisnéis ar mhuirir a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail a fheabhsú.

3.   Is é atá sa Rialachán seo beart sainiúil de réir bhrí Airteagal 1(5) de Threoir an Chreata.

4.   Is in Euro a thugtar teorainneacha na muirear a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina n-ainmneofar na muirir atá faoi réir Airteagal 3 agus Airteagal 4 in airgeadraí eile, déanfar na chéad teorainneacha de bhun na nAirteagal sin a áireamh sna hairgeadraí sin trí chur i bhfeidhm na rátaí malairte tagartha a bheidh i réim an 30 Meitheamh 2007, mar a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Chun críocha na laghduithe a thiocfaidh ina dhiaidh sin ar na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4(2), déanfar na luachanna athbhreithnithe a chinneadh trí chur i bhfeidhm na rátaí malairte tagartha a fhoilseofar amhlaidh aon mhí amháin roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag na luachanna athbhreithnithe.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir na Rochtana, in Airteagal 2 de Threoir an Chreata agus in Airteagal 2 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.

2.   I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘Eoratharaif’ aon taraif nach dtéann thar an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus a fhéadfaidh soláthraí baile a ghearradh chun glaonna fánaíochta rialáilte a chur ar fáil agus an tAirteagal sin á chomhlíonadh;

(b)

ciallaíonn ‘soláthraí baile’ gnóthas a chuireann seirbhísí poiblí trastíre teileafónaíochta soghluaiste ar fáil do chustaiméir fánaíochta trína líonra féin, nó trí oibreoir nó trí athdhíoltóir líonra fíorúil soghluaiste;

(c)

ciallaíonn ‘líonra baile’ líonra teileafón soghluaiste poiblí trastíre atá lonnaithe laistigh de Bhallstát agus a úsáideann soláthraí baile chun seirbhísí poiblí trastíre teileafónaíochta soghluaiste a chur ar fáil do chustaiméir fánaíochta;

(d)

ciallaíonn ‘fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail’ an úsáid a bhaineann custaiméir fánaíochta as teileafón soghluaiste nó gléas eile chun glaonna laistigh den Chomhphobal a dhéanamh nó a fháil fad is atá an duine sin i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil a líonra baile lonnaithe, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(e)

ciallaíonn ‘glao fánaíochta rialáilte’ guthghlao teileafónaíochta soghluaiste a dhéanann custaiméir fánaíochta, a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí teileafóin sa Chomhphobal nó guthghlao a fhaigheann custaiméir fánaíochta a thosaíonn ar líonra poiblí teileafóin sa Chomhphobal agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(f)

ciallaíonn ‘custaiméir fánaíochta’ custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste poiblí trastíre trí líonra poiblí trastíre teileafón soghluaiste atá lonnaithe sa Chomhphobal a gceadaíonn a chonradh nó a shocrú lena sholáthraí baile dó teileafón soghluaiste nó aon ghléas eile a úsáid chun glaonna a dhéanamh nó a fháil ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(g)

ciallaíonn ‘líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air’ líonra poiblí trastíre theileafón soghluaiste atá lonnaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an líonra bhaile agus a cheadaíonn do chustaiméir fánaíochta glaonna a dhéanamh nó a fháil trí shocruithe le hoibreoir an líonra bhaile.

Airteagal 3

Muirir mhórdhíola chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh

1.   Ní rachaidh an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a ghearradh ar oibreoir líonra baile an chustaiméara fánaíochta thar EUR 0,30 in aghaidh an nóiméid, costais tosaithe, idirthurais agus críche inter alia san áireamh, chun glao fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air a chur ar fáil.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola sin maidir le haon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse níos giorra a d'fhéadfadh bheith ann, sula rachaidh an Rialachán seo in éag. Laghdófar an meánmhuirear mórdhíola go dtí EUR 0,28 agus EUR 0,26 an 30 Lúnasa 2008 agus an 30 Lúnasa 2009 faoi seach.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an teacht isteach iomlán a gheofar ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a dhíolfaidh an t-oibreoir ábhartha thar an tréimhse atá i gceist chun glaonna fánaíochta mórdhíola a chur ar fáil sa Chomhphobal. Beidh cead ag oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air idirdhealú a dhéanamh idir muirir bhuaice agus muirir sheachbhuaice.

Airteagal 4

Muirir mhiondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte

1.   Déanfaidh soláthraithe baile Eoratharaif, dá bhforáiltear i mír 2, a chur ar fáil agus a thairiscint go gníomhach dá gcustaiméirí fánaíochta go léir ar dhóigh shoiléir, thrédhearcach. Ní bheidh aon síntiús comhlachaithe ná muirir sheasta ná muirir athfhillteacha eile ag gabháil leis an Eoratharaif agus féadfar í a chomhcheangal le haon taraif mhiondíola.

Agus an tairiscint seo á déanamh ag soláthraithe baile, meabhróidh siad dá gcustaiméirí a raibh taraif fánaíochta shainiúil nó pacáiste fánaíochta sainiúil roghnaithe acu roimh 30 Meitheamh 2007 na coinníollacha a bhaineann leis an taraif nó pacáiste sin.

2.   Maidir leis an muirear miondíola (gan CBL san áireamh) d'Eoratharaif a fhéadfaidh soláthraí baile a ghearradh ar a chustaiméir fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a chur ar fáil, féadfaidh sé athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,49 in aghaidh an nóiméid d'aon ghlao a dhéanfar ná thar EUR 0,24 in aghaidh an nóiméid d'aon ghlao a gheofar. Laghdóidh an buaicphraghas do ghlaonna a dhéanfar go dtí EUR 0,46 agus EUR 0,43 agus go dtí EUR 0,22 agus EUR 0,19 do ghlaonna a gheofar an 30 Lúnasa 2008 agus an 30 Lúnasa 2009 faoi seach.

3.   Déanfar taraif, mar a leagtar amach i mír 2, a thairiscint do gach custaiméir fánaíochta.

Faoin 30 Iúil 2007 tabharfar an deis do gach custaiméir fánaíochta atá ann cheana an Eoratharaif nó aon taraif fánaíochta eile a roghnú d'aonghnó, agus tabharfar tréimhse dhá mhí dóibh chun a rogha a chur in iúl dá soláthraí baile. Déanfar an taraif a iarrfar a chur i ngníomh tráth nach déanaí ná aon mhí amháin, ar a dhéanaí, tar éis don soláthraí baile iarratas an chustaiméara a fháil.

Déanfar go huathoibríoch an Eoratharaif mar a leagtar amach i mír 2 a chur ar fáil do chustaiméirí fánaíochta nach mbeidh a rogha curtha in iúl acu laistigh den tréimhse dhá mhí sin.

Maidir le custaiméirí fánaíochta a raibh rogha déanta d'aonghnó acu roimh 30 Meitheamh 2007 do tharaif shonrach fánaíochta nó do phacáiste sonrach fánaíochta, seachas an taraif fánaíochta a dtabharfaí dóibh gan rogha den sórt a bheith déanta acu, agus a mhainnigh rogha a chur in iúl mar a leagtar amach sa mhír seo, leanfaidh siad, áfach, leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe acu cheana.

4.   Tráth ar bith tar éis don phróiseas a leagtar amach i mír 3 a bheith tagtha chun críche, féadfaidh aon chustaiméir fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí Eoratharaif nó ó Eoratharaif é. Caithfear aon athrú a dhéanamh laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis don iarratas a bheith faighte agus saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile an tsíntiúis i gceist leis an athrú sin. Féadfaidh soláthraí baile moill a chur ar athrú den sórt sin go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe i bhfeidhm ar feadh íostréimhse sonraithe nach rachaidh thar thrí mhí.

Airteagal 5

Feidhmiú Airteagal 3 agus Airteagal 6

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 30 Lúnasa 2007.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 6(1) agus (2) ón 30 Meán Fómhair 2007.

Airteagal 6

Trédhearcacht na muirear miondíola

1.   Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméir fánaíochta go mbeidh muirir fánaíochta á ngearradh air nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil aige, ach amháin i gcás go mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí baile nach mbeidh an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, déanfaidh gach soláthraí baile faisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe maidir leis na muirir fánaíochta (CBL san áireamh) a mbeidh feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna ag an gcustaiméir sin sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a thabhairt don chustaiméir go huathoibríoch, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí Sheirbhís Teachtaireachta nuair a rachaidh sé isteach i mBallstát seachas Ballstát a líonra baile.

Cuimseoidh an fhaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin na muirir uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an gcustaiméir faoina scéim taraife chun glaonna a dhéanamh laistigh den tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi agus chun glaonna a dhéanamh ar ais chuig Ballstát a líonra baile, chomh maith leis na praghsanna uasta do ghlaonna a gheofar. Beidh an uimhir shaor in aisce dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe a fháil ann freisin.

Beidh de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige nach mbeidh an tSeirbhís Teachtaireachta uathoibríoch ag teastáil uaidh a iarraidh, tráth ar bith agus saor in aisce, ar an soláthraí baile an tseirbhís sin a sholáthar arís.

Déanfaidh soláthraithe baile an fhaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin a chur ar fáil go huathoibríoch trí ghuthghlao, saor in aisce, do chustaiméirí atá dall nó ar mhí-chumas radhairc, má iarrann siad sin.

2.   De bhreis ar mhír 1, maidir le faisnéis ar phraghsáil phearsanaithe níos mionsonraithe ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu maidir le guthghlaonna, SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile, beidh de cheart ag custaiméirí í a iarraidh agus a fháil, saor in aisce, trí ghuthghlao teileafón soghluaiste nó trí SMS. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig uimhir shaor in aisce a cheapfaidh an soláthraí baile chun na críche sin.

3.   Tabharfaidh na soláthraithe baile lánfhaisnéis do na húsáideoirí go léir faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, go háirithe faoin Eoratharaif, an tráth a mbeidh síntiúis á socrú. Déanfaidh siad eolas cothrom le dáta ar na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm a thabhairt dá gcustaiméirí fánaíochta gan aon mhoill mhíchuí gach uair a mbeidh athrú sna muirir sin.

Déanfaidh na soláthraithe baile na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh a gcuid custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoin Eoratharaif a bheith ar fáil. Cuirfidh siad, go háirithe, na coinníollacha a bhaineann leis an Eoratharaif in iúl ar shlí shoiléir, neamhchlaon do na custaiméirí fánaíochta go léir faoin 30 Iúil 2007. Seolfaidh siad meabhrúchán ag eatraimh réasúnta ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a mbeidh taraif eile roghnaithe acu.

Airteagal 7

Maoirseacht agus forghníomhú

1.   Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta monatóireacht agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.

2.   Cuirfidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta faisnéis chothrom le dáta ar fheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 3 agus Airteagal 4, ar fáil go poiblí ar shlí a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta, agus iad ag ullmhú don athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 11, monatóireacht ar fhorbairtí i muirir mhórdhíola agus i muirir mhiondíola ar sholáthar seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí fánaíochta, agus na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh san áireamh. Beidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta san airdeall freisin ar chás ar leith na fánaíochta éadoilteanaí sna réigiúin teorann de chuid Ballstát comharsanach agus déanfaidh siad monatóireacht cibé an mbeidh teicnící stiúrtha tráchta in úsáid a bheidh míbhuntáisteach do chustaiméirí. Cuirfidh siad torthaí na monatóireachta sin in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis ar leithligh ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha, gach sé mhí.

4.   Beidh de chumhacht ag na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a éileamh ar ghnóthais a bheidh faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo an fhaisnéis go léir is ábhartha d'fheidhmiú agus d'fhorghníomhú an Rialacháin seo a sholáthar. Cuirfidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin ar fáil go pras arna iarraidh sin orthu agus laistigh de na scálaí ama agus de réir an leibhéil mhionsonraí a éileoidh an t-údarás rialaitheach náisiúnta.

5.   Féadfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta idirghabháil a dhéanamh dá dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Go háirithe, bainfidh siad úsáid, i gcás inar gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain agus idirnascadh leordhóthanach a chinntiú chun lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí fánaíochta a ráthú.

6.   I gcás inar léir d'údarás rialaitheach náisiúnta gur tharla sárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh de chumhacht aige a éileamh go gcuirfí stop láithreach leis an sárú sin.

Airteagal 8

Réiteach díospóide

1.   I gcás díospóide a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo idir ghnóthais a bheidh ag soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Threoir an Chreata.

2.   I gcás díospóide neamhréitithe ina mbíonn tomhaltóir nó críoch-úsáideoir i gceist agus a bhaineann le ceist a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na nósanna imeachta um réiteach díospóide lasmuigh de chúirt a leagtar síos in Airteagal 34 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.

Airteagal 9

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 Márta 2008, agus tabharfaidh siad fógra dó gan aon mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear do na forálacha sin.

Airteagal 10

Leasú ar Threoir 2002/21/CE (Treoir an Chreata)

Cuirfear an mír seo a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 2002/21/CE (Treoir an Chreata):

‘5.   Beidh an Treoir seo agus na Treoracha Sainiúla gan dochar d'aon bheart sainiúil arna ghlacadh i dtaca le rialáil fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste sa Chomhphobal.’.

Airteagal 11

Athbhreithniú

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná 30 Nollaig 2008. Déanfaidh an Coimisiún a mheas, go háirithe, cibé an mbeidh cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach. Ina thuarascáil, athbhreithneoidh an Coimisiún forbairtí i dtáillí mórdhíola agus i dtáillí miondíola i gcomhair soláthair seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí fánaíochta, agus más cuí, cuirfidh sé isteach moltaí maidir leis an ngá a bheidh leis na seirbhísí sin a rialáil. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a soláthrófar de bhun Airteagal 7(3).

2.   Ina thuarascáil, measúnóidh an Coimisiún, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus ag féachaint don iomaíochas agus do chosaint tomhaltóirí, cibé an mbeidh gá le ré an Rialacháin seo a shíneadh thar an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 13, nó é a leasú, ag cur na bhforbairtí i dtáillí seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí teileafón soghluaiste ar leibhéal náisiúnta san áireamh, mar aon le héifeachtaí an Rialacháin seo ar staid iomaíoch mionoibreoirí, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí nuathosaithe. Má shuíonn an Coimisiún go bhfuil riachtanas den sórt sin ann, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 12

Ceanglais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 Lúnasa 2007 ag tabhairt le fios cad iad na húdaráis rialaitheacha náisiúnta a bheidh freagrach as tascanna a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. MERKEL


(1)  IO C 324, 30.12.2006, lch. 42.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007.

(3)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.

(4)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 21.

(5)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(6)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

(7)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54).

(8)  IO L 114, 8.5.2003, lch. 45.

(9)  IO C 165, 11.7.2002, lch. 6.

(10)  IO C 285 E, 22.11.2006, lch. 143.