ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

61
9 Márta 2018


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Parlaimint na hEorpa

 

Fógra Folúntais PE/203/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa feidhme AD, grád 14) — Ardstiúrthóireacht na hUachtaránachta — An Stiúrthóireacht do na Suíonna Iomlánacha

1

 

Fógra Folúntais PE/205/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa Feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmhéanacha an Aontais — An Stiúrthóireacht um Chomhordú Reachtacht agus um Idir-réitigh Beartais Inmhéanacha

10

 

Fógra folúntais PE/211/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht — An Stiúrthóireacht um Acmhainní

16

 

Fógra Folúntais PE/213/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha — An Stiúrthóireacht um Eagrú Comhdhálacha

23

 

Fógra Folúntais PE/214/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa feidhme AD, grád 14) — Ard -Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil — An Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Threalamh

29

 

Fógra Folúntais PE/215/S — Stiúrthóir (Bean/Fear) (Grúpa feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht — An Stiúrthóireacht um Straitéis agus um Acmhainní

37


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 90 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Parlaimint na hEorpa

9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/203/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

ARDSTIÚRTHÓIREACHT NA HUACHTARÁNACHTA — AN STIÚRTHÓIREACHT DO NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta — An Stiúrthóireacht do na Suíonna Iomlánacha, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ard-Rúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6 bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus sáreolas ar na Conarthaí;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ard-Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

Bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/203/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/203/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

ARDSTIÚRTHÓIREACHT NA hUACHTARÁNACHTA — AN STIÚRTHÓIREACHT DO NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 122 ghníomhaire: 95 oifigeach, 4 ghníomhaire shealadacha agus 23 ghníomhaire chonarthacha)

Aonaid Stiúrthóireacht A in Ardstiúrthóireacht na hUachtaránachta a stiúradh, a chomhordú agus a mhaoirsiú;

Cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin a fheidhmiú;

Tionscadail a bhainistiú;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Institiúid i gcoistí éagsúla inmheánacha agus i bhfóraim idirinstitiúideacha;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú;

Ullmhú, eagrú agus obair iardain na suíonna iomlánacha a mhaoirsiú agus a bhainistiú;

Glacadh agus seoladh doiciméad oifigiúil a mhaoirsiú agus a bhainistiú;

Glacadh agus seachadadh an phoist oifigiúil i bParlaimint na hEorpa a áirithiú;

Ceisteanna i scríbhinn, ceisteanna ó bhéal, óráidí agus gníomhartha an Aontais a mhaoirsiú agus a bhainistiú;

Cúrsaí riaracháin do na Feisirí a áirithiú.

AN tAONAD UM THAIFID NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

Saincheapadh, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar thuarascáil focal ar fhocal na ndíospóireachtaí sna suíonna iomlánacha (CRE) a dhéantar, tar éis athbhreithniú teanga, a fhoilsiú an lá dár gcionn i leagan ilteangach (eagrán “bogha ceatha”); mínithe ar vóta agus dearbhuithe i scríbhinn a rialú agus a chur isteach; foilseachán páipéir agus formáid leictreonach an CRE (Epades, Europarl, Clár na nDoiciméad) a riar;

Miontuairiscí (PV) na suíonna iomlánacha a ullmhú sa teanga bhunaidh a mbeidh, tar éis a n-aistrithe, leagan sealadach díobh sna teangacha uile ar fáil an mhaidin dár gcionn i bhfoirm pháipéir agus leictreonach (Epades, Europal, Clár na nDoiciméad); na PVanna a chomhthiomsú agus an leagan críochnaitheach a ullmhú chun go bhfoilseofar é i bhfoirm leictreonach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

Nuair a bheidh an comhthiomsú, an t-athbhreithniú agus an rialú á ndéanamh, a áirithiú go bhfuil an PV, an CRE agus an VOD (Video on demand) ar aon dul lena chéile agus ag comhlánú a chéile. A bheith rannpháirteach i gcothabháil fhorásach agus athsholáthar na bhfeidhmchlár;

Comhordú le seirbhísí AS TRAD i ndáil le haistriúchán a dhéanamh ar an PV agus i ndáil le tras-scríobh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an CRE; bainistiú na hoibre sin a riar;

Innéacs VOD-CRE a fhothú agus a rialú le linn na seisiún; iar-eagarthóireacht a dhéanamh ar an VOD i ndiaidh an tseisiúin:

Freagra a thabhairt ar cheisteanna ó na Feisirí, ó chúntóirí parlaiminteacha, ó oifigigh agus ó shaoránaigh a mhéid a bhaineann leis an PV, leis an CRE agus leis an VOD; a áirithiú go gcuirtear oiliúint i bhfeidhmchláir PV agus CRE ar fáil do na daoine atá ag obair in AS TRAD; a bheith rannpháirteach i seimineáir agus cúrsaí oiliúna inmheánacha agus seachtracha;

Saincheapadh, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar an CRE do na díospóireachtaí ag cruinnithe eile (Comhdháil na nUachtarán atá ar oscailt do na Feisirí, dearbhú ón mBanc Ceannais Eorpach os comhair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON), éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe, coistí fiosrúcháin); Miontuairiscí in FR; EN agus DE a ullmhú do Chomhdháil na nUachtarán atá ar oscailt do na Feisirí;

Tarchur na dTéacsanna Glactha chuig na seolaithe a mhaoirsiú agus a rialú.

AN tAONAD UM GHNÍOMHAÍOCHTAÍ NA bhFEISIRÍ

Ceisteanna i scríbhinn:

Bainistiú a dhéanamh ar théacsanna na gceisteanna i scríbhinn (ceisteanna tosaíochta agusceisteanna neamh-thosaíochta) a chuirtear ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, agus freisin ar na freagraí ar na ceisteanna sin agus ar fhothú bhunachar sonraí na gCeisteanna Parlaiminteacha (QP);

Fíorú a dhéanamh ar inghlacthacht QPanna, comhairle a chur ar na húdair agus faireachán a dhéanamh ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo;

Fíorú a dhéanamh ar na fasaigh do QPanna agus do cheisteanna a bhfuil freagraí orthu ar fáil cheana i seirbhísí taighde na Parlaiminte, agus faireachán a dhéanamh ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo;

Trasnálacha móra maille le díospóireacht:

Bainistiú na dtéacsanna, fíorú inghlacthachta, dul i gcomhairle leis na húdair agus maoirsiú a dhéanamh ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo; bunachar sonraí QP a fhothú, faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na freagraí agus ar a gcur sa chlár oibre;

Ceisteanna ó bhéal:

Bainistiú ar théacsanna na gceisteanna ó bhéal maille le díospóireacht a chuirtear ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí; bunachar sonraí QP a fhothú;

Tograí le haghaidh gníomhartha de chuid an Aontais:

Bainistiú ar inghlacthacht na dtéacsanna, fíorú inghlacthachta, comhairle ar na húdair, maoirsiú ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo a riar;

Miontrasnálacha:

Bainistiú ar na téacsanna, fíorú inghlacthachta, comhairle ar na húdair, maoirsiú ar thimthriallta na gcinntí a ghabhann leo mar aon le faireachán agus bainistiú ar na freagraí a riar;

Cúraimí eile:

Faireachán ar fhorbairt na bhfeidhmchlár ríomhaireachta a úsáidtear chun bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna i scríbhinn agus ó bhéal agus ar mhiontrasnálacha agus trasnálacha móra a riar; moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar nósanna imeachta, lena n-áirítear nósanna imeachta rialála; a bheith rannpháirteach i ngrúpaí oibre.

AN tAONAD UM EAGAR AGUS OBAIR IARDAIN NA SUÍONNA IOMLÁNACHA

Pleanáil agus cláir oibre na suíonna iomlánacha:

Teagmháil leis na grúpaí polaitiúla, leis na Feisirí, le seirbhísí eile na Rúnaíochta agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha eile a riar; plean an tseomra tionóil a leagan amach; féilire na bpáirt-seisiún a ullmhú; bainistiú agus nuashonrú a dhéanamh ar an treoir foghraíochta; uainchlár a leagan amach d’uachtaráin an tsuí iomlánaigh agus do na cúntóirí d’uachtaráin an tsuí; freagra a thabhairt ar iarrataí a bhaineann le heagar an tsuí iomlánaigh;

Bainistiú an tsuí iomlánaigh:

An t-am cainte, liosta na gcainteoirí, na hóráidí aon nóiméid, na mínithe ar vóta agus na fógraí ón Uachtarán a ullmhú i gcomhar le seirbhísí eile; cabhrú le huachtaráin an tsuí;

Sainchomhaid don suí iomlánach a ullmhú; bainistiú ar na suaitheantais le haghaidh rochtain ar an seomra tionóil a riar;

Na toghcháin don Uachtarán, do na Leas-Uachtaráin, do na Caestóirí agus don Ombudsman a eagrú; searmanais le haghaidh bronnadh duaiseanna ag suí iomlánach, chomh maith le searmanais shollúnta, a eagrú;

Obair iardain ag leanúint as na páirt-seisiún:

Déileáil le ceisteanna i dtaobh ord reatha na suíonna; anailís a dhéanamh ar fhadhbanna; na céimeanna iardain ag leanúint as óráidí a shainiú i gcomhar le hOifig Phearsanta an Uachtaráin; anailís a dhéanamh ar na fasaigh;

Faireachán staidrimh ar na seisiúin (tuarascálacha, leasuithe, rúin, dearbhuithe ón gComhairle agus ón gCoimisiún, óráidí eile) a cheapadh agus a chur i bhfeidhm;

Fógra a thabhairt i dtaobh téacsanna neamhbhuiséadacha arna nglacadh ag an bParlaimint;

Obair leantach ar na téacsanna a ghlactar ag an suí iomlánach a ghlacadh, a phróiseáil agus a scaipeadh;

Beartas faisnéise i dtaobh an tsuí iomlánaigh:

Fothú agus beart iardain a dhéanamh i dtaca le suíomh gréasáin an tSuí Iomlánaigh: arna bhainistiú i gcomhar le AS ITEC; comhordú leis na seirbhísí éagsúla a sholáthraíonn faisnéis; freagairt do gach iarraidh ar fhaisnéis agus ar chomhairle, bíodh sin go hinmheánach nó go seachtrach;

Faisnéis a chraobhscaoileadh i dtaobh ghníomhaíochtaí agus eagar an tsuí iomlánaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoiliúint inmheánach agus sheachtrach;

Bainistiú inmheánach:

Cúrsaí oiliúna ar leith a bhaineann le riachtanais an aonaid, cruinnithe inmheánacha, nuashonrú na mbunachar sonraí a eagrú; tacú leis na hoiliúnaithe;

Gníomhaíochtaí eile:

Cruinnithe Chomhdháil na nUachtarán atá oscailte do na Feisirí ar fad a ullmhú agus a eagrú;

A bheith rannpháirteach i meithleacha éagsúla (múnlaí na ndoiciméad, bainistiú doiciméad, cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta nua, feidhmchláir ríomhaireachta, etc.), chomh maith le forbairt ar dhéanamh ar fheidhmchláir ríomhaireachta (liosta na gcainteoirí, maoirsiú na ngníomhartha, ELVIIS, PPMS — bainistiú ar fhasaigh an tsuí iomlánaigh, bainistiú ar mhínithe ar vóta, etc,)

AN tAONAD UM AIGHNIÚ NA nDOICIMÉAD

Ullmhú na liostaí vótála, glacadh le hiarrataí ar vótáil ar leithligh, vótáil dheighilte agus vótáil le glaoch rolla, faisnéisiú agus cúnamh d’uachtaráin an tsuí iomlánaigh (vótaí sa suí iomlánach) a riar;

Fíorú, clárú, seoladh chun aistriúcháin agus obair iardain ar leasuithe agus ar thairiscintí i gcomhair rúin (taisceadh oifigiúil) a riar;

Comhréir leis na múnlaí parlaiminteacha a áirithiú: comhairle agus fíordheimhniú;

Tacaíocht agus comhairle d’Fheisirí, coistí, grúpaí polaitiúla agus foireann na Parlaiminte ar gach ceist a bhaineann leis an nós imeachta a riar;

Comhairle a thabhairt do rúnaíochtaí na gcoistí parlaiminteacha agus d’Uachtarán na Parlaiminte i dtaobh gach ceist a bhaineann le hinghlacthacht;

Fíorú, clárú, seoladh chun aistriúcháin agus obair iardain ar na tuarascálacha a ghlacann na coistí parlaiminteacha (taisceadh oifigiúil) a riar;

Staidreamh a chruthú i dtaobh cuid áirithe de na gníomhaíochtaí thuasluaite;

A bheith rannpháirteach i meithleacha idirsheirbhísí (tionscadail ríomhaireachta, na Rialacha Nós Imeachta, Parliamentary Project Portfolio) agus i ngníomhaíochtaí oiliúna atá dírithe ar na Feisirí agus a gcúntóirí, ar na grúpaí polaitiúla agus ar an bhfoireann lena mbaineann san Ardrúnaíocht.

AN tAONAD UM POST OIFIGIÚIL

Próiseáil phost oifigiúil na Parlaiminte agus litreacha nó teachtaireachtaí an Uachtaráin (clárú, achoimre agus sannadh, tacú le húsáideoirí GEDA i dtaca le clárú litreacha agus teachtaireachtaí) a riar;

An post a thagann chuig an institiúid a ghlacadh isteach agus a sheoladh ar aghaidh (fíorú, sórtáil, clárú beartán agus litreacha cláraithe, seirbhís do na cliaint);

Próiseáil an phoist amach (clárú agus postas) a riar;

Bainistiú an bhuiséid a bhaineann leis an bpost a riar.

AN tAONAD UM DHOICIMÉID OIFIGIÚLA A GHLACADH AGUS A THARCHUR

Tarchur:

Anailís nós imeachta agus substainte, fógraí, sannadh riaracháin agus digiteach a bhaineann le doiciméid oifigiúla na gcoistí parlaiminteacha a riar; craobhscaoileadh na bhfógraí atá le déanamh i miontuairiscí an tsuí iomlánaigh a riar agus nósanna imeachta chuige sin a chruthú; dul i gcomhairle le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile AE;

Achainíocha:

Glacadh, anailísiú na gcritéar rialála agus inneachair, clárú na n-achainíocha a chuireann saoránaigh nó cónaitheoirí chuig an bParlaimint a riar; teagmhálacha agus idirghníomhaíocht le rúnaíocht an Choiste um Achainíocha a riar; liosta a chur le chéile de na hachainíocha a bhféadfadh sé nach gcomhlíonann siad forálacha Airteagal 227 CFAE; bainistiú ar tharchur chuig an gcomhlacht inniúil ar liostaí 1, 3 agus 4; foilsiú mhiontuairiscí na gcruinnithe ar na hachainíocha atá cláraithe sa chlár poiblí;

An Chlárlann:

Fáil, rialú comhréireachta, inghlacthacht, clárú agus cur ar fáil na ndoiciméad oifigiúil arna gcur isteach ag na Feisirí agus ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile AE, chomh maith leis na doiciméid a thagann ó na parlaimintí náisiúnta, a riar; fógairt fhoirmiúil na nósanna imeachta (miontuairiscí) agus na ndoiciméad (suíomh gréasáin Europarl) a riar;

Coisteolaíocht:

Fáil, rialú comhréireachta agus inghlacthachta, tarchur chuig na coistí parlaiminteacha atá freagrach a riar i ndáil le bearta cur chun feidhme a bhaineann le cearta faisnéise, an ceart grinnscrúdaithe, nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, mar aon le gníomhartha tarmligthe agus doiciméid a bhaineann le cruinnithe saineolaithe náisiúnta agus misin FVO; fógraí atá le déanamh i miontuairiscí an tsuí iomlánaigh a chur in iúl; idirghníomhú le “Líonra DIAS” a riar;

Gníomhaíochtaí eile:

Fothú, maoirsiú agus cothabháil na Faireachlainne Reachtaí (OEIL) a riar; a bheith rannpháirteach i mbainistiú airgeadais OEIL; idirchaidreamh leis an gconraitheoir seachtrach;

A bheith rannpháirteach i meithleacha éagsúla agus forbairt a dhéanamh ar fheidhmchláir ríomhaireachta (OEIL, ITER, EPgreffe, petiport, petigreffe).

AN tAONAD UM RIARACHÁN DO NA FEISIRÍ

Maoirsiú na nósanna imeachta a bhaineann le tús agus deireadh théarma oifige na bhFeisirí Eorpacha agus na mBreathnadóirí a riar (tuarascáil oifigiúil don éirí as oifig a tharraingt suas agus a sheoladh chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI), an fógra sa suí iomlánach a ullmhú, na seirbhísí a chur ar an eolas, teagmháil leis na húdaráis inniúla náisiúnta, sainchomhad maidir le fíorú na ndintiúr do na Feisirí atá ag teacht isteach a ullmhú);

Rúnaíocht an Choiste Chomhairligh maidir le hIompar na bhFeisirí a riar (cruinnithe a eagrú, sainchomhaid na gcruinnithe a ullmhú, na cinntí a ghlacann an Coiste a leanúint suas);

Fáil agus clárú na n-iarrataí ar tharscaoileadh nó cosaint díolúine parlaimintí a riar (an Feisire lena mbaineann a chur ar an eolas, an fógra sa suí iomlánach a ullmhú, an sainchomhad a tharchur chuig Coiste JURI);

Bainistiú chomhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí parlaiminteacha a riar agus clár na n-idirghrúpaí a bhainistiú;

Bainistiú chlár dhearbhuithe leasanna airgeadais na bhFeisirí agus chlár na mbronntanas agus na gcuirí chuig imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe a riar;

Bainistiú ar shonraí pearsanta na bhFeisirí (gach athrú ar bhileog phearsanta na bhFeisirí a chlárú i mbunachar sonraí MEP, eadhon iad a bheith ina gcomhalta de chomhlacht de chuid na Parlaiminte nó i ngrúpa polaitiúil, athrú seoladh etc.) agus ar a gcuraclam vitae a riar;

Laissez-passer agus deimhnithe a tharraingt suas; cúnamh a thabhairt do na Feisirí sna céimeanna atá le cur i gcrích le húdarás na Beilge chun cárta aitheantais speisialta (CIS) a fháil.


9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

10


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/205/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa Feidhme AD, grád 14)

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS INMHÉANACHA AN AONTAIS — AN STIÚRTHÓIREACHT UM CHOMHORDÚ REACHTACHT AGUS UM IDIR-RÉITIGH BEARTAIS INMHÉANACHA

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais — an Stiúrthóireacht um Chomhordú Reachtach agus um Idir-réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne2 anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, — bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 e bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6 bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar na Conarthaí;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/205/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/205/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8 12.1.2001, Ich.1.


IARSCRÍBHINN

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS INMHEÁNACHA AN AONTAIS — AN STIÚRTHÓIREACHT UM CHOMHORDÚ REACHTACH AGUS UM IDIR-RÉITEACH

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 47 ngníomhaire: 43 oifigeach, 1 ghníomhaire sealadach agus 3 ghníomhaire chonarthacha)

Stiúradh, comhordú agus maoirsiú aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta a riar;

Eagrú agus/nó comhordú gníomhaíochtaí cothrománacha na gcoistí (cruinnithe bunaithe, éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe, rialú ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme chláir CAI, caibidlíochtaí reachtacha leis an gComhairle, cur chun feidhme an Chomhaontaithe Réime idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún (caibidlíochtaí idirnáisiúnta; grúpaí saineolaithe, etc.) agus an Chomhaontaithe maidir le reachtóireacht níos fearr, maoirsiú ar an bhfeidhmeannacht, trédhearcacht agus bainistiú doiciméad, etc.);

Maoirseacht a dhéanamh ar chomhordú obair áirithe na gcoistí parlaiminteacha (easaontachtaí i dtaobh inniúlachta agus socruithe comhair idir na coistí, cláir (nó iarrataí aonair) le haghaidh éisteachtaí agus misean nó toscaireachtaí ad hoc lasmuigh de na trí láthair oibre, pleanáil reachtach, comhar leis an gCúirt Iniúchóirí, le comhlachtaí eile de chuid an Aontais (Coiste na Réigiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa) agus leis na parlaimintí náisiúnta);

Comhordú agus ullmhú cruinnithe de chuid Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí (CPC) a riar, mar aon le cruinnithe chinn aonaid IPOL agus IPOL-EXPO;

Iarrataí ar údarú cruinnithe urghnácha de na coistí agus na toscaireachtaí a dhíriú ar na hOifigí agus na hiarrataí sin a chur faoina mbráid;

Cabhrú le hUachtarán Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí (CPC) le linn chruinnithe na gcomhlachtaí parlaiminteacha;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Ard-Stiúrthóireacht sa Grúpa Comhordaithe Idirinstitiúideach agus i gcruinnithe ullmhúcháin Chomhdháil Uachtaráin na nGrúpaí Polaitiúla;

Cuidiú le Rialacha Nós Imeachta nua Pharlaimint na hEorpa a chur chun feidhme (oiliúint, cuir i láthair, treoirlínte);

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

AN TAONAD UM IDIR-RÉITEACH AGUS UM CHOMHCHINNTEOIREACHT

Maoirsiú cothrománach agus straitéiseach a riar ó thús deireadh nós imeachta na comhchinnteoireachta trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe coiste agus i gcruinnithe tríthaobhacha, trí chuidiú le dea-chleachtais a fhorbairt maidir le cur chun feidhme na Rialacha Nós Imeachta agus trí fhreagairt do shaincheisteanna éagsúla (trédhearcacht). Táblaí achoimre éagsúla (nósanna imeachta comhchinnteoireachta atá ar bun, comhaid atá faoi chaibidlíocht) agus liosta na sainorduithe arna nglacadh ag na coistí (i gcás Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus Chomhdháil na nUachtarán) a chur i dtoll a chéile gach mí;

Rannchuidiú:

leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (Interinstitutional Agreement on Better Law-Making) a chur chun feidhme trí pháirt a ghlacadh i meithleacha (gníomhartha tarmligthe, comhaontuithe idirnáisiúnta);

le freagairt an Uachtaráin d’fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an trédhearcacht i gcruinnithe tríthaobhacha;

le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a athbhreithniú agus a chur chun feidhme (meitheal AFCO, foireann tionscadail atá freagrach as riarachán);

le tionscadal TF/OEIL a fhorbairt, chomh maith le feidhmeanna eile Airteagal 69(b) go (f);

le huirlisí nua TF a thabhairt chun cinn (Trilogue Editor).

Gníomhartha tarmligthe/Gníomhartha cur chun feidhme:

riar a dhéanamh do mhaoirsiú ar chur chun feidhme Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh le linn caibidlíochtaí agus freagairt d’éilimh na gcoistí (deasc chabhrach); cruinnithe leis na grúpaí polaitiúla agus le Líonra DIAs (malartú dea-chleachtas) a eagrú i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Dlí agus le Coiste JURI;

litreacha a leagan amach do Chomhdháil na nUachtarán agus do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, lena n-áirítear le haghaidh phróiseas scagtha na dtéacsanna reachtacha, le haghaidh tréimhse saoire na Parlaiminte agus le haghaidh luathfhógra neamhagóide;

Teagmháil le seirbhísí comhfhreagracha an Choimisiúin agus na Comhairle, mar aon le seirbhísí comhfhreagracha na hUachtaránachta, a chothabháil agus a neartú, agus comhordú leis na seirbhísí sin a riar. Cruinnithe idir uachtaránachtaí na Comhairle agus cathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha a eagrú (speed dating);

Gníomhaíochtaí oiliúna Learn.MEP) a thabhairt i gcrích agus faisnéis a sholáthar laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di maidir leis na comhaid idir-réitigh atá ann agus nós imeachta na comhchinnteoireachta i gcoitinne (mar shampla, dea-chleachtais do chruinnithe tríthaobhacha, ceardlann comhchinnteoireachta maidir le CAI, oiliúint d’uachtaránachtaí na Comhairle a bheidh ann amach anseo);

An nós imeachta um shíniú théacsanna LEX arna nglacadh faoin gcomhchinnteoireacht a eagrú d’fhonn iad a fhoilsiú.

AN TAONAD UM CHOMHORDÚ REACHTACH AGUS UM CHLÁRÚ

Lena n-áirítear An tSeirbhís um Sceideal na gCruinnithe

Rúnaíocht Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí a riar agus cinntí/moltaí na comhlachta sin a ullmhú;

Bainistiú a dhéanamh ar phleanáil na gcoistí parlaiminteacha agus obair na gcoistí sin a leanúint, go háirithe chun obair an tseisiúin iomlánaigh a chlársceidealú, i gcomhar leis na hArd-Stiúrthóireachtaí agus na hinstitiúidí eile; ionadaíocht a dhéanamh ar na coistí i gcruinnithe idirsheirbhíse éagsúla a bhaineann le clársceidealú;

Iarrataí ar thuarascálacha féintionscnaimh agus ar chur i bhfeidhm Airteagail 54-55 a bhainistiú, mar aon le heasaontachtaí i dtaobh inniúlachta idir na coistí; moltaí CPC a ullmhú;

Bainistiú a dhéanamh ar shaincheisteanna cothrománacha nó ar shaincheisteanna a bhaineann le coistí éagsúla (cruinnithe bunaithe na gcoistí – gníomhaíochtaí grinnscrúdaithe coiste, éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe, leithdháileadh cumhachtaí agus socruithe comhair idir na coistí), comhar idir na coistí agus an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, mar aon le comhar leis na parlaimintí náisiúnta, cur chun feidhme na Rialacha Nós Imeachta athbhreithnithe, tionscadail foirne;

Cruinnithe chinn aonaid IPOL agus IPOL/EXPO a eagrú;

Sceidil bhliantúla na n-éisteachtaí agus na dtoscaireachtaí a ullmhú, a chomhordú agus a leanúint. Leithdháileadh na mbuiséad saineolais a ullmhú (gnéithe cothrománacha agus rialála, leithdháileadh acmhainní, tuairisciú bliantúil);

Rannchuidiú na Parlaiminte le clár reachtach agus oibre an Choimisiúin Eorpaigh a ullmhú; cur chun feidhme an chláir sin a leanúint;

An Tuarascáil Achomair a ullmhú i bhfianaise Chlár Bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh;

Cúraimí eile: staidreamh a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí na gcoistí agus leis an gclár oibre polaitiúil, etc.

AN TAONAD UM CHOMHORDÚ GNÍOMHAÍOCHTAÍ EAGARTHÓIREACHTA AGUS CUMARSÁIDE

Comhoibriú le AS COMM maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide: pleanáil, comhordú, comhroinnt faisnéise agus malartú saineolais; páirt a ghlacadh i gcruinniú Mheitheal an Bhiúró um Chumarsáid; tacú le himeachtaí a bhaineann le hidirphlé leis na geallsealbhóirí sna hoifigí idirchaidrimh trí rannchuidiú AS IPOL agus AS EXPO a riar; a bheith mar phointe teagmhála, agus cruinnithe coiste agus cruinnithe toscaireachtaí a chomhordú (sruthú gréasáin); rannchuidiú leis an tionscadal webstreaming 3.’;

Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na gcoistí a chomhordú, a athbhreithniú, a dhréachtú agus a fhoilsiú gach lá ar Europarl (“Top Page”); úsáid táirgí ilmheán a spreagadh ar leathanaigh ghréasáin na gcoistí, treisiú na nasc atá ann idir AS IPOL, AS EXPO agus AS COMM a chur chun cinn; comhleanúnachas agus cáilíocht na leathanach gréasáin a chur chun cinn, mar aon lena bhforbairt; cúnamh a thabhairt do rúnaíochtaí na gcoistí a mhéid a bhaineann le cumarsáid ghréasáin;

Comhordú a dhéanamh ar fhorbairt leathanaigh gréasáin na gcoistí (lena n-áirítear an “web responsive design project”) agus ar fhorbairt na huirlise um fhoilsiú ar líne (TELA), agus freisin ar athchóiriú leathanaigh gréasáin na dtoscaireachtaí. Comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an tionscadail maidir le hinnill chuardaigh a bharrfheabhsú do AS IPOL (agus do AS EXPO i gcás na roinne “coistí”). Comhordú tionscadal eile (mar shampla, suíomh gréasáin CODE, suíomhanna satailíte de chuid AS EXPO), athchóiriú inlíon na Parlaiminte agus ascnamh suíomhanna eile a riar;

Bainistiú fhoilseacháin na ranna polaitiúla agus sheirbhísí AS EPRS sa chlár a riar; tacaíocht a thabhairt do na seirbhísí sin i réimse na heagarthóireachta, infheictheacht agus inrochtaineacht a gcuid saothar a chur chun cinn (lena n-áirítear trí bhíthin na leathanach Supporting Analyses ar Europarl, IPOLnet, PoldepNet agus inlíon na Parlaiminte). An nuachtlitir choiteann agus bróisiúir théamacha a chur le chéile, a bhíonn le scaipeadh le linn imeachtaí amhail cruinnithe idirpharlaiminteacha agus seimineáir d’iriseoirí; tacaíocht a thabhairt maidir le nua-theicneolaíochtaí a úsáid (mar shampla, Cóid QR)

Comhordú a dhéanamh ar tháirgeadh bileoga eolais an Aontais agus ar a bhfoilsiú ar líne; nuashonrú tráthrialta na mbileog eolais a chur chun cinn agus a spreagadh; riar do bhileoga eolais a fhoilsiú le haghaidh imeachtaí ar leith ar thrí láthair oibre na hinstitiúide agus sna Ballstáit (laethanta oscailte, cruinnithe coiste idirpharlaiminteacha, seimineáir d’iriseoirí, imeachtaí atá dírithe ar gheallsealbhóirí, etc.); uirlis nua um bainistiú agus um fhoilsiú bileog eolais a fhorbairt; na leathanaigh gréasáin a athchóiriú;

Treoirlínte eagarthóireachta a cheapadh le haghaidh táirgí agus uirlisí cumarsáide; comhairle a thabhairt a mhéid a bhaineann le riachtanais agus uirlisí i réimse na cumarsáide agus maidir le saincheisteanna eagarthóireachta. Tacaíocht a thabhairt chun oiliúint shaincheaptha a eagrú maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide na gcoistí (Writing for digital media agus Newsletters). Tacaíocht a thabhairt chun treoirlínte a leagan amach maidir le cosaint sonraí d’ábhar a fhoilsítear ar líne. Tacú le cur chuige comhordaithe i ndáil le sainaitheantas físeach tháirgí cumarsáide na hArd-Stiúrthóireachta agus an chur chuige sin a riar;

Comhordú ginearálta rannpháirtíocht AS IPOL i laethanta oscailte na hinstitiúide a riar, lena n-áirítear comhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile maidir le seastáin choiteanna (mar shampla, na seastáin a bhíonn ag na coistí); lóistíocht agus táirgeadh táirgí éagsúla nó ábhar eile a riar; tacú le tionscadal EYE de chuid AS COMM, trí rannchuidiú AS IPOL agus AS EXPO a chomhordú;

Cur le chéile nuachtlitir na hArd-Stiúrthóireachta a chomhordú; gníomhaíochtaí AS IPOL a chur chun cinn ar IPOLnet (suíomh inlín).


9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/211/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BONNEAGAR AGUS UM LÓISTÍOCHT — AN STIÚRTHÓIREACHT UM ACMHAINNÍ

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht — An Stiúrthóireacht um Acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

Lucsamburg. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6 bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar na Conarthaí;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

sáreolas ar chúrsaí riaracháin (gnéithe acmhainní daonna, bainistíochta, buiséid, airgeadais, na teicneolaíochta faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/211/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/211/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001. Ich.1.


IARSCRÍBHINN

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM BONNEAGAR AGUS UM LÓISTÍOCHT AN STIÚTHÓIRTHEACHT UM ACMHAINNÍ

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 62 ghníomhaire: 50 oifigeach, 3 ghníomhaire shealadacha agus 9 ngníomhaire chonarthacha)

Aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta a stiúradh, a chomhordú agus a mhaoirsiú;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Stiúrthóireacht nó ar an Ard-Stiúrthóireacht i gcoistí éagsúla inmheánacha agus i bhfóraim idirinstitiúideacha;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú;

Comhairle agus tacaíocht éifeachtach agus rialta a riar do na haonaid oibríochtúla i réimse an tsoláthair phoiblí, na gconarthaí agus an bhainistithe bhuiséadaigh; deimhniú agus feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht chúnaimh na n-aonad cothrománach i leith aonaid oibríochtúla Stiúrthóireacht A, Stiúrthóireacht B agus Stiúrthóireacht D, “Bainistiú Riosca” na hArd-Stiúrthóireachta a chomhordú agus pleananna gníomhaíochta a bhunú;

Beartas acmhainní daonna na hArd-Stiúrthóireachta a chur chun cinn sa ghearrtéarma agus sa mheántéarma, lena n-áirítear pleanáil gairme agus gairmoiliúint;

Tacaíocht ardchaighdeáin a riar do na haonaid oibríochtúla i réimse TF de réir chaighdeáin PE, agus tionscadail TF a fhorbairt atá sonrach don Ard-Stiúrthóireacht;

Bainistiú a dhéanamh ar fhreagrachtaí cothrománacha na hArd-Stiúrthóireachta (árachas, comhordú a dhéanamh ar inrochtaineacht [PMR], soghluaisteacht agus iniúchtaí EMAS);

Beartas cumarsáide a fhorbairt i gcomhréir le sainchumais na hArd-Stiúrthóireachta.

AN tAONAD PEARSANRA

Fógairt post nua agus agallaimh a eagrú, tacú leis an Ard-Stiúrthóireacht le linn na tréimhse measúnachta (maoirsiú eRapnot), fíorú liostaí na measúnóirí/na ndaoine a ndéantar measúnú orthu, nuashonrú ar thaifead na dtáblaí agus na bpointí fiúntais; comhairle ghairme a sholáthar do phearsanra na hArd-Stiúrthóireachta, a bheith mar phointe teagmhála do bhainisteoirí AD na nArd-Stiúrthóireachtaí eile;

Bainistiú a dhéanamh, i gcomhréir leis na cuspóirí airgeadais, ar chairteanna eagraíochtúla na misean, ar orduithe misean gaolmhara agus ar an gclúdach buiséadach a bhaineann leo sin;

Na riachtanais oiliúna a shainiú i gcomhar leis na Cinn Aonaid, an plean oiliúna trí bliana d’fhoireann na hArd-Stiúrthóireachta a chur ar bun, an plean bliantúil a chur i bhfeidhm, na himchlúdaigh bhuiséadacha a bhainistiú don oiliúint agus do na misin lena mbaineann;

Bainistiú a dhéanamh ar shonraí na ragoibre, “soláthar”, “aisghabháil”, bainistiú chlúdach oibre na ragoibre a riar agus faireachán a dhéanamh air;

Comhordú ar an ngréasán laistigh den Ard-Stiúrthóireacht chun doiciméid (tábla bainistíochta agus plean comhdúcháin) agus GIDOC (plean códúcháin, córas ríomhaireachta, oiliúint, tábla bainistíochta) a bhainistiú;

Comhordú cosaint sonraí pearsanta ar leibhéal na nArd-Stiúrthóireachta agus comhlíonadh na rialachán atá i bhfeidhm a riar.

AN -tAONAD AIRGEADAIS

Lena n-áirítear an tSeirbhís um Pleanáil agus Fheidhmiú Buiséadach

Na teagmhálacha agus an comhéadan leis na heintitis airgeadais (AS FINS, Iniúchóireacht Inmheánach, An Chúirt Iniúchóirí, Coiste BUDG agus Coiste CONT) a riar;

Comhordú a dhéanamh ar ullmhú agus obair iardain bhunú an bhuiséid, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid (íocaíochtaí, aistrithe) agus staidreamh sa réimse a sholáthar;

Comhordú a dhéanamh ar ullmhú na ndoiciméad airgeadais (CFSE, Tuarascáil ar Fhoirgnimh, Rúin);

Comhairle a chur ar na hoifigigh údarúcháin agus ar na gníomhairí airgeadais i gcúrsaí airgeadais;

Rialú ex post na hArd-Stiúrthóireachta a riar.

An tSeirbhís um Pleanáil agus Fheidhmiú Buiséadach

Na teagmhálacha struchtúrtha leis na príomh-gheallsealbhóirí sa réimse buiséadach (go háirithe AS FINS, AS BUDG agus AS CONT chomh maith lena gComhaltaí, na hiniúchóirí inmheánacha nó seachtracha (An Chúirt Iniúchóirí), Oifig Phearsanta an Ard-Rúnaí agus Oifig Phearsanta an Uachtaráin a riar, treoracha agus faisnéis a dháileadh (e.g. athbhreithnithe ar an Rialachán Airgeadais (RA), treoracha seachtracha nó inmheánacha) i seirbhísí na hArd-Stiúrthóireachta;

Comhordú a dhéanamh ar ullmhú na ndoiciméad airgeadais go léir a éilíonn an t-oifigeach údarúcháin (e.g. Tuarascálacha ar ghníomhaíocht eatramhach agus bhliantúil, tuarascálacha buiséadacha, tuarascáil ar fhoirgnimh — Airteagal 203);

An phleanáil bhuiséadach ilbhliantúil a ráthú, comhordú a dhéanamh ar ullmhú na mbileog ullmhucháin, faireachán a dhéanamh ar bhunú bhuiséad na hArdstiúrthóireachta (réamh-dhréacht agus dréachtmheastachán);

Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Bhuiséid lena n-áirítear iarratais ar aistriú a ullmhú, staidreamh bainistíochta a thiomsú sa réimse airgeadais;

Riarachán FINORD agus tacú leis na gníomhairí airgeadais a riar;

Faireachán a dhéanamh ar chórais nua airgeadais a fhorbairt (FMS, etc.).

AN tAONAD UM RIALÚ EX ANTE AGUS UM CHOMHORDÚ SOLÁTHAIR PHOIBLÍ

lena n-áirítear an tSeirbhís um Rialú Ex Ante agus an tSeirbhís um Chomhordú Soláthair Phoiblí

Rialú ex ante idirbhearta buiséadacha na hArd-Stiúrthóireachta a riar;

Rialú ex ante dhoiciméid tairisceana na hArd-Stiúrthóireachta a riar;

Comhordú a dhéanamh ar na nósanna imeachta tairisceana laistigh den Ard-Stiúrthóireacht; comhionannas ó thaobh foirmiúil na ndoiciméad tairisceana agus ón taobh nós imeachta de a riar; faireachán ar na nósanna imeachta reatha agus tuairisciú a dhéanamh orthu;

Bainistiú uirlisí WebContracts agus PMP agus códú lárnaithe a riar; faireachán a dhéanamh ar sceideal an tsoláthair;

Cartlannú dhoiciméid (bhunaidh) na nósanna imeachta tairisceana agus na gconarthaí agus na ráthaíochtaí bainc a riar;

Cartlannú dhoiciméid bhuiséadacha uile na hArd-Stiúrthóireachta a riar;

AN tAONAD UM THEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE AGUS UM THACAÍOCHT TF

Tacaíocht agus cúnamh a riar do na húsáideoirí in úsáid na n-uirlisí ríomhaireachta;

Riarachán a dhéanamh ar na córais ríomhaireachta, iad a shaothrú agus a fhorbairt, mar aon leis na cuntais úsáideoirí agus an tslándáil a bhaineann le hacmhainní gréasáin a bhainistiú;

An clár ríomhaireachta bliantúil a chur ar bun agus faireachán a dhéanamh ar thionscadail;

Anailís a dhéanamh ar na haonaid oibríochtúla agus iad a chomhairliú i dteicneolaíocht na faisnéise agus cúnamh athabhairt i ndréachtú réimsí TF a sonraíochtaí;

Anailís a dhéanamh ar na feidhmeanna roinne, iad a shaincheapadh, a fhorbairt agus a chothabháil;

Trealamh agus bogearraí oiriúnaithe a chur ar fáil don fhoireann agus a nuashonrú a riar (lena n-áirítear bainistiú a bhfardail);

An córas teileafóin a bhainistiú (IMT).

AN tAONAD CUMARSÁIDE

Dréachtú agus foilsiú na dteachtaireachtaí chuig na Feisirí agus chuig an bhfoireann a riar;

Nuashonrú a dhéanamh ar inneachar leathanaigh ghréasáin AS INLO agus iad a chomhchuibhiú le struchtúr nuachóirithe leathnaigh EP Intranet agus AS ITEC;

Ionadaíocht a dhéanamh ar DG INLO le linn imeachtaí inmheánacha amhail Laethanta na nDoirse Oscailte, an tSeachtain Ghlas, an tSeachtain Soghluaisteachta, Seachtain na Dramhaíola, etc.

AN tAONAD UM THACAÍOCHT LÁRNACH

Na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú bheartas inrochtaineachta na bhfoirgneamh do dhaoine faoi mhíchumas a shainiú agus tacú leo.

Na hárachais le haghaidh “dóiteáin”, “dliteanas sibhialta”, “iompar” agus “feithiclí” a bhainistiú;

Comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a shainítear faoi chuimsiú bheartas bainistithe comhshaoil na hArd-Stiúrthóireachta, anailís a dhéanamh orthu agus tacú leo.

Beartas na soghluaisteacht a chur chun feidhme agus a fhorbairt;

Comhordú agus anailís a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann le seachaint riosca agus le dea-bhail ag an obair, agus go háirithe faireachán air sin a riar leis an tSeirbhís um Sheachaint Riosca agus um Chosaint ag an Obair (SPPT) agus leis an gCoiste Chomhairleach um Sheachaint Riosca agus um Chosaint ag an Obair (CPPT);

A ráthú go ndéanfar anailísí aeir-uisce agus faireachán comhlíontachta ó thaobh “Foirgneamh”, “an Chomhshaoil” agus na “hInrochtaineachta” de.


9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

23


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/213/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM LÓISTÍOCHT AGUS UM ATEANGAIREACHT DO CHOMHDHÁLACHA — AN STIÚRTHÓIREACHT UM EAGRÚ COMHDHÁLACHA

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha — an Stiúrthóireacht um Eagrú Comhdhálacha, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6 bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar na Conarthaí;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/213/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/213/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Ghearmáinis, an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Spáinnis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghréigis, an Ungáiris, an Ghaeilge, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an tSualainnis agus an tSeicis.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, Ich.1.


IARSCRÍBHINNAN

ARDSTIÚRTHÓIREACHT UM LÓISTÍOCHT AGUS UM ATEANGAIREACHT

DO CHOMHDHÁLACHA

AN STIÚRTHÓIREACHT UM EAGRÚ COMHDHÁLACHA

PRÍOMHCHÚRAIMÍ

(Líon foirne iomlán de 139 ngníomhaire: 97 n-oifigeach, 2 ghníomhaire shealadacha agus 40 gníomhaire conarthach)

Stiúradh, comhordú agus maoirsiú aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta um Eagrú Comhdhálacha a riar;

Bainistiú seomraí cruinnithe Pharlaimint na hEorpa, eagrú cruinnithe lasmuigh de thrí láthair oibre na hinstitiúide agus soláthar cúnaimh theicniúil do chomhlachtaí na hArdrúnaíochta agus do chomhlachtaí grúpaí polaitiúla a riar;

Páirt a ghlacadh i gcoistí nó meithleacha na hArd-Stiúrthóireachta seo agus Ard-Stiúrthóireachtaí eile, i gcomhlachtaí idirinstitiúideacha eile, etc., agus ionadaíocht a dhéanamh orthu don Stiúrthóireacht nó, i gcás inarb iomchuí, don Ard-Stiúrthóireacht;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú;

AN TAONAD UM THEICNEOIRÍ COMHDHÁLA

Soláthar cúnaimh theicniúil do chruinnithe uile Pharlaimint na hEorpa agus taifeadadh cruinnithe a riar;

Cothabháil saoráidí teicniúla i dtrí láthair oibre na hinstitiúide a riar;

Faireachán a dhéanamh ar nuachóiriú na saoráidí i dtrí láthair oibre na hinstitiúide;

Bainistiú fardal de threalamh sonrach a riar;

Soláthar córas fuaime lasmuigh de na seomraí cruinnithe agus le linn misean “lasmuigh de na trí láthair” a riar;

Cúraimí na dteicneoirí comhdhála a bhainistiú;

Sonraíochtaí a fhorbairt agus gach nós imeachta riaracháin a chur chun feidhme a bhaineann le ceannach trealaimh agus seirbhísí ó ghnólachtaí seachtracha.

AONAD NA NUISÉIRÍ COMHDHÁLA

Soláthar seirbhíse seomraí do chruinnithe uile chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa a riar, lena n-áirítear na suíonna iomlánacha;

Cúnamh le linn imeachtaí prótacail agus le linn imeachtaí eile, chomh maith le cúnamh sonrach nó ócáideach a riar;

Bainistiú an aonaid agus comhordú na seirbhísí uiséirí comhdhála a riar;

Cur suas fógraí oifigiúla, cordún agus comharthaí a riar;

Imeachtaí arna n-eagrú ag daoine ón taobh amuigh in áitreabh na Parlaiminte a eagrú.

AONAD NA GCRUINNITHE AGUS NA GCOMHDHÁLACHA

Eagrú na seomraí cruinnithe a riar agus fothú a dhéanamh ar fheidhmchlár Pericles d’aon chruinniú de chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa, grúpaí polaitiúla, Ard-Stiúrthóireachtaí agus institiúidí eile; faireachán a dhéanamh ar imscaradh céimnitheach MRS le haghaidh a ghníomhaíochtaí go léir;

Eagrú réamhtheachtach agus bainistiú a dhéanamh ar chruinnithe lasmuigh de thrí láthair oibre chomhlachtaí na hArdrúnaíochta agus na ngrúpaí polaitiúla;

Riar a dhéanamh ar bhainistiú na hiarrata ar ateangaireacht faoi chinneadh ón mBiúró an 12 Nollaig 2011 maidir le húsáid éifeachtúil acmhainní don ateangaireacht, ag obair i gcomhar leis an tSeirbhís um Sceideal na gCruinnithe de chuid Ard-Stiúrthóireacht IPOL; faireachán a dhéanamh ar imscaradh céimnitheach MRS le haghaidh a ghníomhaíochtaí go léir;

Faireachán na n-iarrataí ó chomhlachtaí seachtracha ar áitribh laistigh de Pharlaimint na hEorpa a riar, lena n-áirítear freagraí a ullmhú a mbeidh síniú an Ard-Rúnaí nó an Ard-Stiúrthóra leo;

Teagmhálacha le grúpaí polaitiúla, leis an Aonad um Chlárú agus leis an Aonad um Earcú Ateangairí Comhdhála Cúnta a riar, maidir lena hindéanta is atá iarrataí ar ateangaireacht nó ar cibé an bhfuil siad ag comhlíonadh an Chóid Iompair um Ilteangachas; maoirsiú a dhéanamh ar athruithe ag an nóiméad deireanach ar na socruithe teanga bunaithe ar infhaighteacht acmhainní ateangaireachta;

Bainistiú creidmheasanna a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a riar, i gcomhar leis an Aonad Buiséid;

Tuairimí teicniúla a ullmhú le haghaidh iarrataí ar ateangaireacht lasmuigh den ghnáthsceideal agus le haghaidh iarrataí ar ateangaireacht ó chomhlachtaí riaracháin na hinstitiúide.


9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

29


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/214/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

ARD -STIÚRTHÓIREACHT UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM THACAÍOCHT THEICNIÚIL — AN STIÚRTHÓIREACHT UM BONNEAGAR AGUS UM THREALAMH

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil — An Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Threalamh, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

Lucsamburg. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú;

cuspóirí a leagan síos agus faireachán a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm — bainistiú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir stiúrthóireacht theicniúil, ar lámh amháin, agus an córas riaracháin agus comhlachtaí polaitiúla chomh maith le soláthraithe (ar ardleibhéal), ar an lámh eile;

comhbhabhtáil a dhéanamh i leith straitéisí teicneolaíochta agus bainistíochta maidir le TFC (rogha réiteach teicniúil, seirbhísí a chuirtear ar fáil, cuir chuige maidir le cur i bhfeidhm agus soláthar);

bainistiú oibríochtaí agus bonneagair, dearadh, cur i bhfeidhm, forbairt agus cothabháil na gcóras, an chaighdeánaithe agus na hinnealtóireachta a bhaineann le TFC a riar,

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

ionadaíocht a dhéanamh ar an stiúrthóireacht nó ar an institiúid sna coistí agus eintiteas éagsúil (CODIT, CDI, CII, etc.)

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear sé bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta;

sáreolas ar theicneolaíochtaí, ar bhainistiú a gcur chun feidhme, ar fhorbairtí, ar roghanna agus ar dhúshláin;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/214/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/214/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, Ich.1.


IARSCRÍBHINN

ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM THACAÍOCHT THEICNIÚIL

AN STIÚRTHÓIREACHT UM BONNEAGAR AGUS UM TREALAMH

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 92 ghníomhaire: 81 oifigeach, 8 ngníomhaire shealadacha agus 3 ghníomhaire chonarthacha)

Stiúradh, comhordú agus maoirsiú aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta um Bonneagar agus um Trealamh a riar;

Cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin a fheidhmiú;

Bainistiú tionscadal a sholáthar;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Institiúid i gcoistí éagsúla inmheánacha agus i bhfóraim idirinstitiúideacha;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú;

Maoirsiú a dhéanamh ar bhainistiú bonneagair TF amhail lárionaid sonraí agus gréasáin, ach freisin trealamh aonair na n-úsáideoirí, teileafóin, físchomhdháil, caighdeáin TF agus slándáil TF.

AN TAONAD UM BAINISTIÚ BONNEAGAIR

Lena n-áirítear na Seirbhísí seo: “Innealtóireacht agus Struchtúr an Ghréasáin Córa”, “Imscaradh an Bhonneagair Gréasáin”, “Imscaradh an Bhonneagair Óstála” agus “Cumraíochtaí Caighdeánacha”

Comhordú an aonaid, bainistiú riaracháin agus airgeadais i ngach réimse (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) agus bainistiú acmhainní daonna a riar.

Innealtóireacht agus Struchtúr an Ghréasáin Córas:

Réitigh a fhorbairt agus fadhbanna a réiteach maidir le feidhmiú agus feidhmíocht bhonneagair na líonraí TF, lena n-áirítear cianrochtain (Idirlíon, Testa, EPNet, etc.) agus ailtirí PKI;

Innealtóireacht na bhforbairtí ar na córais lena mbaineann (Firewall, DNS, Proxy, ailtireacht LAN, cianrochtain) a riar;

Na forbairtí ar struchtúir slándála líonra chun tacú le riachtanais nua a bhaineann le tionscadail (VOD, Sruthú, lárionaid ríomhaireachta, struchtúr fiontair do chlár UC agus ríomhphoist) a bhainistiú;

Faire teicneolaíochta a áirithiú agus comhairliúchán a sholáthar do na hArd-Stiúrthóireachtaí agus do na grúpaí polaitiúla maidir leis na réimsí inniúlachta.

Imscaradh an Bhonneagair Gréasáin:

Stiúradh agus riarachán na dtionscadal imscartha gréasáin agus teileachumarsáide ag na trí phríomhionad agus sna hoifigí idirchaidrimh a riar;

Bainistiú, riarachán agus cur chun feidhme an bhuiséid “tionscadail” sna réimsí gréasáin agus teileachumarsáide a riar; nósanna imeachta tairisceana poiblí sna réimsí gréasáin agus teileachumarsáide a sheoladh agus faireachán a dhéanamh orthu;

Stiúradh agus riarachán na dtionscadal i réimse an bhonneagair cáblaíochta agus réimse threalamh na seomraí teicniúla ag na trí láthair oibre agus sna hoifigí idirchaidrimh a riar;

A bheith mar phríomhtheagmhálaí thar ceann AS ITEC le AS INLO maidir le réimsí an fhuinnimh agus aerchóirithe, agus maidir le tionscadail tógála de chuid AS INLO;

Cúraimí riaracháin agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a chomhordú agus a chur i gcrích.

Imscaradh an Bhonneagair Óstála:

Tabhairt faoi thionscadail mhóra a bhaineann le bonneagair TF fiontair (sa Lárionad Sonraí) agus na tionscadail chothrománacha lena mbaineann;

Comhairliúchán agus tacaíocht “leibhéal 3” a sholáthar do sheirbhísí eile na hinstitiúide sna réimsí saineolais faoi chúram na seirbhíse;

Cúraimí riaracháin agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a chomhordú agus a chur i gcrích.

Cumraíochtaí caighdeánacha:

Tacaíocht do chumraíochtaí caighdeánacha Pharlaimint na hEorpa (ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, MAC, hibridí, táibléid) a dhearadh, a chothabháil agus a áirithiú;

Tacaíocht do chórais idirnasctha le cumraíochtaí caighdeánacha (SCCM, EPINCO, SURVEYOR, RDS/VDI, etc.) a dhearadh, a chothabháil agus a áirithiú;

Timpeallachtaí tástála d’fheidhmchláir a chur ar fáil do na hArdstiúrthóireachtaí agus do na grúpaí polaitiúla, agus na timpeallachtaí sin a chothabháil;

Maoirsiú agus tacaíocht d’eintitis TF Pharlaimint na hEorpa maidir leis an táirge ORACLE a riar;

Cúraimí riaracháin agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a chomhordú agus a chur i gcrích.

AN TAONAD UM THREALAMH AONAIR AGUS UM LÓISTÍOCHT

Lena n-áirítear na seirbhísí seo: “Tacaíocht d’Athruithe ar Threalamh Aonair”, “Bainistiú an Bhonneagair Aonair” agus “Seirbhísí Corparáidshonracha”

Cúraimí trí sheirbhís an aonaid a riar;

Rúnaíocht an aonaid agus na seirbhísí a riar.

Tacaíocht d’athruithe ar threalamh aonair:

An clár Unified Communications a reáchtáil agus comhsheasmhacht an chláir a áirithiú, lena n-áirítear ríomhphost, Prótacal Idirlín don Ghuthú agus facs i gcomhthéacs ilsuíomhanna lena mbaineann cumarsáid fhosaithe agus mhóibíleach, bainistiú comhtháite na n-acmhainní cumarsáide;

Na seirbhísí Unified Communicationsa shainiú, a bhainistiú agus a fheidhmiú;

Bainistiú agus inoibritheacht an chórais teileafóin fosaithe agus móibíleach, inmheánach agus seachtrach, a riar;

Oibríochtaí agus tacaíocht do chomhdhálacha Visio, d’idirnascthacht VoIP, gréasáin agus fuaime laistigh den institiúid agus le dreamanna seachtracha a riar;

Oibríochtaí, tacaíocht agus inoibritheacht an dáileacháin TV ar shuíomhanna na Bruiséile agus Strasbourg a áirithiú;

Tacaíocht dara leibhéal a threorú agus a áirithiú maidir leis an tseirbhís ríomhphoist, comhtháthú agus forbairt teicneolaíoch agus forbairt ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil a riar;

Tacaíocht a áirithiú le linn imeachtaí (JPO, EYE, etc.) agus le haghaidh teilea-oibrithe agus suiteálacha; faireachán ar línte speisialta.

Bainistiú an bhonneagair aonair:

Treorú a dhéanamh ar bheartas maidir le trealamh aonair, trealamh grúpa (crua-earra agus bogearra) nó trealamh corparáideach (bogearra), lena n-áirítear: tacaíocht theicniúil (nuashonrú ar an stoc, fabhtcheartú, deisiú), tacaíocht riaracháin (sainiú orduithe HW/SW, faireachán ar ábhar seachadta, íosghrádú), tacaíocht lóistíochta (ceannach, seachadadh, suiteáil, stóráil, aistriú, bainistiú fardail, íosghrádú), bainistiú na mbogearraí corparáideacha (ceadúnais corporate):

Na gluaiseachtaí, an tsuiteáil agus deisiú uile ar threalamh aonair (ríomhaire pearsanta/scáileáin/printéirí/teileafóin/teilifís) a chur i gcrích d’úsáideoirí uile na Parlaiminte;

Bainistiú riaracháin, airgeadais agus conarthach an réimse uile (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) a riar;

Fardal bhainistiú na gceadúnas a chur i gcrích.

Seirbhísí corparáidshonracha:

Teileachumarsáid:

An beartas teileachumarsáide is infheidhme a shainiú agus na seirbhísí teileachumarsáide a bhainistiú (córas teileafóin fosaithe agus móibíleach, rochtain ar an Idirlíon, líonra na n-oifigí idirchaidrimh, líonra idirshuímh EPINET, teilea-oibrithe), maidir le hoibreoirí seachtracha agus le húsáideoirí inmheánacha;

An úsáid a fhíorú agus a rialú; staidéar a dhéanamh ar na forbairtí meántéarmacha agus fadtéarmacha agus iad a réamh-mheas;

Bainistiú riaracháin agus conarthach an réimse uile (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) a riar.

Vótáil leictreonach:

An fhorbairt ar bhonneagair (HW agus SW) don vótáil leictreonach sna seomraí tionóil agus i seomraí na gcoistí a shainiú, a phleanáil agus a chur i gcrích;

An vótáil a chur i gcrích, a bhainistiú agus a riar le linn seisiúin, cruinnithe coistí, cruinnithe na ngrúpaí polaitiúla nó imeachtaí eile (Euroscola, etc.);

Bainistiú riaracháin, airgeadais agus conarthach an réimse uile (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) a riar;

AN TAONAD UM OIBRÍOCHTAÍ AGUS ÓSTÁIL TFC

Lena n-áirítear na seirbhísí seo: “Maoirseacht agus Oibríochtaí”, “Toilleadh agus Leanúnachas” agus “Bainistiú ar Iarrataí Óstála agus Seirbhísí”

Oibriú agus oibríochtaí an Lárionaid TF agus an líonra TF a riar;

Na bunseirbhísí a eagrú agus a bhainistiú chun tacú le hoibríochtaí (bainistiú toillte, bainistiú na slándála oibríochtúla, leanúnachas seirbhísí, etc.);

Óstáil chórais TF Pharlaimint na hEorpa a áirithiú;

Tacú leis na forbairtí bonneagair;

Bainistiú acmhainní daonna a riar;

Bainistiú conarthach, buiséadach agus riaracháin a riar.

Maoirseacht agus Oibríochtaí:

Seirbhísí bonneagair ríomhaireachta a bhainistiú agus a riar (Active Directory, DNS, NTP, freastalaithe Windows, freastalaithe Unix & Linux, seirbhísí fíorúlaithe, seirbhís do bhunachair sonraí, seirbhís cúltaca, stóráil SAN agus NAS);

An Deasc Seirbhíse 2ra leibhéal “24u x 365lá” (freastalaithe, stóráil agus líonra) a riar;

Táirgeadh TF (seirbhís ríomhphoist, ardán SharePoint, láithreacht Idirlíon na Parlaiminte, Inlíon na Parlaiminte, feidhmchláir arna n-úsáid ag seirbhísí éagsúla na Parlaiminte) a mhaoirsiú, a bhainistiú agus a fheidhmiú lá agus oíche;

An líonra IP (bunlíonra idirshuímh, líonra logánta sna trí láthair oibre, líonra WIFI, nasc chuig oifigí idirchaidrimh, bonneagar TOIP, bonneagar físchomhdhála, bonneagar ionchódóirí VOD, nascacht sheachtrach (Soláthraí Seirbhíse Idirlín, institiúidí eile, córais riaracháin eile)) a mhaoirsiú, a bhainistiú agus a fheidhmiú lá agus oíche;

Toilleadh agus Leanúnachas:

Imscaradh agus cothabháil a dhéanamh ar ardáin óstála na lárionad TF: Solaris, Windows, Linux, VMware;

Cumas na lárionad TF a bhainistiú agus a riar: toilleadh na n-ardán óstála, toilleadh na seirbhíse stórála (SAN/NAS)

Leanúnachas oibríochtúil seirbhísí a riar: stóinseacht, cumas DR a chur i gcrích, slándáil agus sláine na mbonneagar;

Na huirlisí oibriúcháin a leanas a chur ar fáil agus a chothabháil: maoirsiú, CMDB, tuairisciú, etc;

Lárionaid sonraí agus seomraí teicniúla an Aonaid Oibríochtaí a bhainistiú: seachadadh, suiteáil trealaimh, bainistiú stoic, etc.

Bainistiú ar Iarrataí Óstála agus Seirbhísí:

Bogearraí nó eilimintí nua i mbonneagar TF na Parlaiminte (pleanáil, an fháil atá ar acmhainní daonna agus ábhair, oiriúnú do theorainneacha oibríochtúla an aonaid) a thabhairt isteach;

Bainistiú ar an athrú agus faireachán a dhéanamh ar phróisis ghnó: release and change management;

Tástálacha lódála agus neamh-chúlchéimnithe a dhéanamh (pleanáil, bainistiú acmhainní agus cur i gcrích);

Iarrataí urghnácha (ardriosca, le tionchar suntasach, neamhchaighdeánacha) a chomhordú agus a láimhseáil;

An fháil atá ar chatalóg sheirbhísí an aonaid a riar, chomh maith leis an gcatalóg a oiriúnú agus a fhorbairt.


9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

37


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/215/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHLÁNDÁIL AGUS SÁBHÁILTEACHT — AN STIÚRTHÓIREACHT UM STRAITÉIS AGUS UM ACMHAINNÍ

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht — an Stiúrthóireacht um Straitéis agus um Acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta;

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a cheapadh); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú;

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear 6bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar na Conarthaí;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (gnéithe acmhainní daonna, bainistíochta, buiséid, airgeadais, na teicneolaíochta faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/215/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/215/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, Ich.1.


IARSCRÍBHINN

AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHLÁNDÁIL AGUS SÁBHÁILTEACHT

AN STIÚRTHÓIREACHT UM STRAITÉIS AGUS UM ACMHAINNÍ

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 195 ghníomhaire: 60 oifigeach, 0 gníomhaire sealadach agus 135 ghníomhaire chonarthacha)

Aonaid na Stiúrthóireachta a mhaoirsiú, a chomhordú agus a threorú agus malartú faisnéise eatarthu a riar;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a riar;

Cuidiú le cuspóirí agus straitéisí a shainaithint i réimse na slándála mar aon lena gcur chun feidhme ag na seirbhísí lena mbaineann;

Beartas sonrach i dtaca le bainistíocht pearsanra a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus é a chur in oiriúint do riachtanais an AS ag cur san áireamh barrfheabhsú na n-acmhainní daonna de réir gníomhaíochta, oiliúint tosaigh agus leanúnach an phearsanra, bainistiú sceideal do ghníomhairí slándála agus do chreidiúnú;

Réitigh iomchuí a chur ar fáil go leanúnach maidir le héilimh a bhaineann le slándáil trí sheirbhísí coisc agus cianfhaireacháin d’fhoirgnimh agus do shaoráidí teicniúla;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais i gcás conarthaí, sceidil agus tairiscintí an AS a riar;

Suiteáil, feidhmiú agus cothabháil chórais slándála fisiciúla na hinstitiúide sna trí láthair oibre a riar — rud a thabharfaidh coincheap agus teicneolaíocht nua-aoiseach don institiúid i réimse na slándála, agus feidhmiú leanúnach na mbeart slándála sin (iPACS — Integrated Parliament Access Control) a áirithiú;

Cinntí an Bhiúró a chur chun feidhme maidir le leibhéal cosanta a neartú d’fhoirgnimh uile na Parlaiminte sna trí láthair oibre chomh maith le teorainneacha slándála seachtracha a chruthú thart timpeall orthu sin;

Measúnú, oiriúnú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar bhearta slándála atá i bhfeidhm in oifigí idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit;

Rúnaíocht an Choiste Stiúrtha um Bainistiú Slándála (“Security Management Steering Committee”) agus bainistiú Ghréasán na gComhfhreagraithe Slándála (Network of Security Correspondants) a riar.

AN tAONAD UM SHEOLADH

Seirbhís leanúnach 24 uair an chloig/7 lá in aghaidh na seachtaine a sholáthar; obair leantach agus aiseolas a áirithiú maidir le gnéithe ábhartha na slándála ginearálta agus na slándála dóiteáin agus an ghníomhaíocht sin a bheith de réir a chéile i ngach ceann de thrí láthair oibre Pharlaimint na hEorpa;

Cuidiú leis na Feisirí, leis an bpearsanra, leis na toscaireachtaí agus leis na cuairteoirí, i gcomhar leis na haonaid slándála agus coisc, le linn uaireanta oibre;

Cur i bhfeidhm fheidhmeanna na slándála ginearálta agus na slándála dóiteáin a riar lasmuigh d’uaireanta oibre (istoíche, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire) sa Bhruiséil agus in Strasbourg; Infhoinsiú i Lucsamburg a bhainistiú agus leanúint leis an obair leantach atá ar bun ag an gcuideachta slándála;

Cumarsáid ardleibhéil agus idirghníomhaíocht réamhghníomhach a ráthú le Stiúrthóireacht A agus Stiúrthóireacht B de AS SAFE agus le seirbhísí éagsúla na hinstitiúide lena mbaineann (Prótacal, an tSeirbhís Liachta, Bonneagar, etc.);

I ngach cás éigeandála a imríonn tionchar ar dhea-fheidhmiú sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, na bearta slándála a chur in oiriúint i bhfíor-am do riachtanais na hinstitiúide, idirchaidreamh éifeachtach a áirithiú idir na seirbhísí lena mbaineann mar aon le cumarsáid leis na seirbhísí náisiúnta éigeandála agus slándála;

Faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a rangú. Réitigh iomchuí a aimsiú, gníomhaíochtaí a chomhordú agus obair leantach orthu a áirithiú. Aiseolas a thabhairt do na seirbhísí lena mbaineann;

Cuidiú le heachtraí agus/nó cásanna coinbhleachta a tharlaíonn i bhfoirgnimh Pharlaimint na hEorpa a réiteach tríd an seomra ceannais agus rialaithe.

AN tAONAD UM PEARSANRA AGUS UM PLEANÁIL

Pleanáil bhliantúil a riar do níos mó ná 700 comhghleacaí de chuid AS SAFE agus sineirgí a fhorbairt leis na seirbhísí oibríochtúla agus go háirithe leis an rannóg Need to Know d’fhonn riachtanais slándála uile na hinstitiúide a chumhdach i ndáil le gníomhaíocht na Parlaiminte agus freisin d’fhonn idir-réiteach a aimsiú idir saol príobháideach agus saol pearsanta na ngníomhairí. Uirlisí TF i dtaca le pleanáil a fhorbairt chun freagairt ar éilimh na hinstitiúide i réimse na hacmhainneachta, na solúbthachta agus na trédhearcachta;

Beartas bainistithe foirne nua AS SAFE a shainiú agus a chur chun feidhme. Bainistiú acmhainní daonna na hArdstiúrthóireachta a riar: gairmeacha na n-oifigeach agus gníomhairí eile (comórtais, earcú, tuarascálacha foirne, soghluaisteacht, gníomhaíochtaí seachtracha, éirí as obair, pinsin, liúntais, etc.), coinníollacha oibre, poist sa phlean bunaíochta (poist atá le huasghrádú, aistrithe Ringbook, etc.), agus imchlúdaigh bhuiséadacha na hArdstiúrthóireachta (misin, gníomhairí conarthacha, gníomhairí eatramhacha, oiliúint);

Clár um ghairmiúlú an phearsanra slándála agus bainistiú tallainne a fhorbairt atá dírithe ar riachtanais AS SAFE a fhorbairt. Uirlis bainistithe chomhtháite a chur i bhfeidhm chun inniúlachtaí a fhorbairt. Riachtanais oiliúna na hArdstiúrthóireachta a shainiú chun sealbhú inniúlachtaí agus teicnící nua slándála a ráthú agus chun freagairt ar éilimh shlándála Pharlaimint na hEorpa. Plean oiliúna a leagan amach don Ard-Stiúrthóireacht agus a chur i ngníomh iomchuí a áirithiú chun na cuspóirí oiliúna a bhaint amach;

Beartas folláine a chur chun feidhme laistigh de AS SAFE chun na coinníollacha oibre is fearr is féidir a ráthú dá ghníomhairí i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm. Forléargas a chur i gcrích d’áitíocht oifigí AS SAFE; bainistiú réadmhaoine (GBI) mar aon le feistiú agus seachadadh bliantúil na n-éidí seirbhíse agus cosanta do 700 gníomhaire agus comhordaitheoir a riar.

AN tAONAD BUISÉID

Bainistiú buiséadach a riar, eadhon comhordú, tacaíocht, comhairle agus cúnamh do sheirbhísí d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme bhuiséad AS SAFE a riar; obair leantach bhuiséadach a riar maidir le forghníomhú conarthaí agus/nó foirmeacha ordaithe (ullmhú agus obair leantach ar chomhaid tiomantais agus íocaíochta agus bainistiú na n-ioncam sannta). Caiteachas slándála Thithe na hEorpa a thabhairt chun rialtachta; teagmhálacha agus comhfhreagras le conraitheoirí a riar; orduithe aisghabhála agus díolúine ó CBL a bhunú;

Bainistiú an tsoláthair phoiblí agus conarthaí a riar, eadhon comhordú, tacaíocht, comhairle agus cúnamh a thabhairt do sheirbhísí oibríochtúla uile AS SAFE chun dea-phleanáil bhliantúil agus obair leantach a áirithiú maidir le glaonna ar thairiscintí a eisíonn an Ard-Stiúrthóireacht; doiciméid le haghaidh glaonna ar thairiscintí a tharraingt suas; nósanna imeachta a sheoladh (lena n-áirítear trí eTendering); bainistiú agus obair leantach a riar don soláthar poiblí go dtí go ndámhtar na conarthaí; obair leantach ar fhorfheidhmiú na gconarthaí agus ullmhú na leasuithe a riar;

Rialú ex ante a riar i gcás nósanna imeachta an tsoláthair agus na gníomhartha buiséadacha uile, i gcás dhea-fheidhmiú an fhardail airgeadais (ELS) agus i gcás bhainistiú na ngníomhartha buiséadacha, na ndoiciméad tacaíochta a bhaineann leo, agus na ndoiciméad a bhaineann le nósanna imeachta an tsoláthair;

Tuarascálacha gníomhaíochta tráthrialta agus bliantúla a tharraingt suas, mar aon le freagairtí ar rúin bhuiséadacha agus ar cheistneoirí na Parlaiminte (Coistí BUDG agus CONT) agus freisin ar chomhlachtaí rialaithe (Iniúchóir inmheánach, an Chúirt Iniúchóirí, etc.); obair leantach ar “íoschaighdeáin an rialaithe inmheánaigh” a riar, lena n-áirítear na feidhmeanna íogair agus Risk Register;

Obair leantach bhuiséadach a riar mar aon le forfheidhmiú na gcostas a d’fhéadfaí a chruthú leis an Meabhrán Tuisceana (MoU) i gconarthaí uile Pharlaimint na hEorpa, ionadú a dhéanamh do AS SAFE i meithleacha FMP, sna grúpaí stiúrtha IdirAS don airgeadas agus do EMAS (lena n-áirítear Meitheal GPP agus an Coiste Dramhaíola), GIDOC, Coiste Stiúrtha GEDA, FMS.

AN tAONAD UM THEICNEOLAÍOCHTAÍ AGUS UM SHLÁNDÁIL FAISNÉISE

Suiteáil, feidhmiú agus cothabháil na gcóras slándála fisiciúil sna trí láthair oibre (an Bhruiséil, Strasbourg, Lucsamburg) a riar;

Oibríochtaí TFC, tacaíocht ríomhaireachta agus forbairt na gcóras faisnéise (CF) a ráthú;

Forfheidhmiú agus sceidealú an tsoláthair a riar, mar aon le cur chun feidhme an bhuiséid do chórais teicneolaíochta agus slándála fisiciúla;

Obair leantach ar shuiteáil agus ar chórais slándála fisiciúla in oifigí idirchaidrimh PE a riar, i gcomhar leis na seirbhísí eile lena mbaineann;

Dréachtú, bainistiú agus rialú maidir le cur chun feidhme bheartas na slándála faisnéise a riar.