ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
23 Feabhra 2016


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle Eorpach

2016/C 69 I/01

Socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 69 I a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle Eorpach

23.2.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


SOCRÚ NUA DON RÍOCHT AONTAITHE LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH

Sliocht as na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 18-19 Feabhra 2016  (1)

(2016/C 69 I/01)

AN RÍOCHT AONTAITHE AGUS AN tAONTAS EORPACH

1.

Ag an gcruinniú a bhí acu i mí na Nollag, d'aontaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí go n-oibreoidís i ndlúthchomhar le chéile chun teacht ar réiteach a shásódh gach taobh, i ngach ceann de na ceithre réimse shonracha dá dtagraítear sa litir ó Phríomh-Aire na Breataine an 10 Samhain 2015.

2.

Inniu, shocraigh an Chomhairle Eorpach gur freagairt iomchuí ar na hábhair imní atá ag an Ríocht Aontaithe na socruithe seo a leanas, atá ag luí go hiomlán leis na Conarthaí agus a thiocfaidh i bhfeidhm an dáta a gcuirfidh Rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl d'Ardrúnaí na Comhairle gur chinn an Ríocht Aontaithe leanúint mar chomhalta den Aontas Eorpach:

a)

Cinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, i ndáil le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach (Iarscríbhinn 1);

b)

Ráiteas ina mbeidh dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le forálacha sonracha a bhaineann le bainistiú éifeachtach ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh, a ghlacfar an lá a ngabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) (Iarscríbhinn 2);

c)

Dearbhú ón gComhairle Eorpach maidir leis an iomaíochas (Iarscríbhinn 3);

d)

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le sásra chun prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme agus maidir le sásra chun laghdú an ualaigh a chur chun feidhme (Iarscríbhinn 4);

e)

Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hinnéacsú sochar linbh a onnmhairítear chuig Ballstát seachas an Ballstát sin ina bhfuil cónaí ar an oibrí (Iarscríbhinn 5);

f)

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an sásra coimirce dá dtagraítear i mír 2(b) de Roinn D den Chinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais (Iarscríbhinn 6);

g)

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le saincheisteanna a bhaineann le mí-úsáid an chirt chun saorghluaiseachta atá ag daoine (Iarscríbhinn 7).

3.

Maidir leis an gCinneadh atá in Iarscríbhinn 1, dhearbhaigh na Cinn Stáit nó Rialtais an méid seo a leanas:

(i)

go dtugtar ráthú dlíthiúil, leis an gCinneadh seo, gur tugadh aghaidh ar na hábhair imní atá ag an Ríocht Aontaithe a cuireadh in iúl i litir dar dáta an 10 Samhain 2015;

(ii)

go bhfuil gach a bhfuil sa Chinneadh ag luí go hiomlán leis na Conarthaí;

(iii)

go bhfuil an Cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de, agus nach bhféadfar é a leasú ná a aisghairm ach amháin de thoil Chinn Stáit nó Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

(iv)

go ngabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a gcuirfidh Rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl d'Ardrúnaí na Comhairle gur chinn an Ríocht Aontaithe leanúint mar chomhalta den Aontas Eorpach.

4.

Tuigtear nach ann a thuilleadh don tacar socruithe dá dtagraítear i mír 2 thuas dá mba rud é gurbh é an toradh a bheadh ar an reifreann go roghnódh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil.


(1)  Doiciméad ST 1/16, leathanach 1, 2 agus leathanach 8 go 36, ar fáil ag: http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-1-2016-INIT/ga/pdf


IARSCRÍBHINN I

CINNEADH Ó NA CINN STÁIT NÓ RIALTAIS, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE EORPAÍ, I nDÁIL LE SOCRÚ NUA DON RÍOCHT AONTAITHE LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH

Tá Cinn Stáit nó Rialtais 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, ar shínigh a Rialtais na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe,

Ós mian leo socrú a dhéanamh, i gcomhréir leis na Conarthaí, maidir le roinnt saincheisteanna a tharraing an Ríocht Aontaithe anuas ina litir dar dáta an 10 Samhain 2015,

Ó tá sé ar intinn acu ceisteanna áirithe a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do na Ballstáit a shoiléiriú sa Chinneadh seo chun go gcaithfear an soiléiriú sin a chur san áireamh mar ionstraim leis na conarthaí a léiriú; agus é ar intinn acu comhaontú freisin faoi shocruithe maidir le hábhair amhail ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas mar aon le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh,

Ag meabhrú dóibh cuspóir an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na Conarthaí, aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú a bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a thábhachtaí is atá sé don Aontas Eorpach ina iomláine go bhfuil limistéar euro ann a oibríonn mar is cuí. Cé gur ghlac naoi gcinn déag de Bhallstáit an t-airgeadra aonair cheana féin, tá Ballstáit eile faoi mhaolú a mbeidh feidhm aige go dtí go gcinnfidh an Chomhairle gur comhlíonadh na coinníollacha lena aisghairm, agus tá dhá Bhallstát ann agus i gcomhréir le Prótacal Uimh. 15 agus Uimh. 16 atá i gceangal leis na Conarthaí, faoi seach, níl oibleagáid orthu an euro a ghlacadh nó tá díolúine faighte acu ón euro a ghlacadh. Dá réir sin, fad nach mbeidh na maoluithe réamhráite sin aisghairthe nó nach mbeidh deireadh le feidhm a bheith ag na prótacail réamhráite sin a thuilleadh, tar éis fógra nó iarraidh ón mBallstát ábhartha, ní hé an euro atá mar airgeadra ag na Ballstáit go léir. Ag meabhrú dóibh go bhfuil an próiseas ionsar aontas baincéireachta a bhunú agus rialachas níos lánpháirtithe a dhéanamh ar an limistéar euro, ar oscailt do na Ballstáit sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu,

Ag meabhrú dóibh go bhfuil forálacha sna Conarthaí, mar aon le tagairtí do phróiseas an lánpháirtithe Eorpaigh agus don síorphróiseas ionsar aontas buandlúite idir pobail na hEorpa a chur ar bun, forálacha sonracha faoina bhfuil roinnt Ballstát i dteideal gan páirt a ghlacadh i bhforálacha nó i gcaibidlí áirithe de na Conarthaí agus de dhlí an Aontais maidir le nithe amhail an euro a ghlacadh, cinntí a bhfuil impleachtaí cosanta acu, feidhmiú rialuithe teorann ar dhaoine, chomh maith le bearta i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais nó faoina bhfuil siad díolmhaithe óna gcur i bhfeidhm. Ceadaítear le forálacha na gConarthaí freisin neamh-rannpháirtíocht Ballstáit amháin nó níos mó i ngníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu cuspóirí an Aontais a chur chun cinn, go háirithe trí chomhair fheabhsaithe a bhunú. Dá bhrí sin, leis na próisis sin féadfaidh bealaí éagsúla lánpháirtithe a bheith ann i mBallstáit éagsúla, lena gceadaítear do na Ballstáit sin a dteastaíonn lánpháirtiú níos doimhne uathu bogadh ar aghaidh, agus urraim á tabhairt do chearta na mBallstát sin nach mian leo cúrsa den sórt sin a leanúint,

Ag meabhrú dóibh, go háirithe, go bhfuil an Ríocht Aontaithe i dteideal an méid seo faoi na Conarthaí:

gan an euro a ghlacadh agus, dá bhrí sin, punt steirling na Breataine a choimeád mar airgeadra (Prótacal Uimh. 15),

gan a bheith rannpháirteach in acquis Schengen (Prótacal Uimh. 19),

rialuithe teorann a fheidhmiú ar dhaoine, agus dá bhrí sin gan a bheith rannpháirteach i limistéar Schengen maidir le teorainneacha inmheánacha agus seachtracha (Prótacal Uimh. 20),

rogha a dhéanamh an bhfuil sí nó nach bhfuil sí chun páirt a ghlacadh i mbearta sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (Prótacal Uimh. 21),

scor, amhail ón 1 Nollaig 2014, de chur i bhfeidhm thromlach mór gníomhartha agus forálacha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a glacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus rogha a dhéanamh, ag an am céanna, leanúint de bheith rannpháirteach in 35 acu (Airteagal 10(4) agus (5) de Phrótacal Uimh. 36),

Ag meabhrú dóibh freisin nár leathnaíodh cumas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná aon chúirte ná aon bhinse sa Ríocht Aontaithe, faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chun rialú a thabhairt maidir le comhsheasmhacht dhlíthe agus chleachtais na Ríochta Aontaithe leis na cearta bunúsacha sin a athdhaingníonn sí (Prótacal Uimh. 30),

Agus rún láidir acu leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh faoina ghnéithe uile, tarraingteacht dhomhanda an Aontais a atreisiú mar ionad táirgeachta agus infheistíochta, an trádáil idirnáisiúnta agus rochtain ar an margadh a chur chun cinn, trí bhíthin, inter alia, comhaontuithe trádála a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, de mheon an leasa chómhalartaigh, fhrithpháirtigh agus de mheon na trédhearcachta,

Agus rún láidir aici freisin feidhmiú ceart an limistéir euro agus a thodhchaí fhadtéarmach, chun leas na mBallstát uile, a éascú agus tacú leis,

Agus cumhachtaí institiúidí an Aontais, lena n-áirítear le linn na nósanna imeachta reachtacha agus bhuiséadacha, á n-urramú aici, agus gan difear a dhéanamh do chaidreamh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais leis na húdaráis náisiúnta inniúla,

Agus cumhachtaí na mbanc ceannais i bhfeidhmiú a gcúraimí, lean n-áirítear leachtacht banc ceannais a sholáthar laistigh dá ndlínsí faoi seach á urramú,

Ag féachaint don Ráiteas ina bhfuil an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le forálacha sonracha a bhaineann le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh,

Ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle Eorpach dar dáta 26 agus 27 Meitheamh 2014 agus 18 agus 19 Feabhra 2016,

Ag tabhairt dá n-aire an Dearbhú ón gComhairle Eorpach maidir leis an iomaíochas,

Ag tabhairt dá n-aire an Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le sásra chun prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme agus maidir le sásra chun an t-ualach a bhaineann leis an gcur chun feidhme a laghdú,

Ag tabhairt dá n-aire an Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an sásra coimirce dá dtagraítear i mír 2(b) de Roinn D den Chinneadh,

Ag tabhairt dá n-aire an Dearbhú ón gCoimisiún maidir le saincheisteanna a bhaineann le mí-úsáid an chirt chun saorghluaiseachta atá ag daoine,

Tar éis dóibh na tuairimí a chuir Uachtarán agus comhaltaí Pharlaimint na hEorpa in iúl a chur san áireamh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR AN gCINNEADH SEO A LEANAS:

ROINN A

AN RIALACHAS EACNAMAÍOCH

Ionas go gcomhlíonfar cuspóir na gConarthaí i ndáil le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú a bhfuil an euro mar airgeadra aige, tá gá le tuilleadh doimhnithe a dhéanamh. Beidh na bearta, arb éard is cuspóir leo an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú tuilleadh, deonach i gcás na mBallstát sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus beidh sé ar oscailt dóibh a bheith rannpháirteach iontu i ngach cás inar féidir é. Tá an méid seo gan dochar don fhíoras go bhfuil na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, seachas na cinn sin nach bhfuil oibleagáid orthu an euro a ghlacadh nó atá díolmhaithe uaithi, tiomanta faoi na Conarthaí dul chinn a dhéanamh i dtreo na gcoinníollacha atá riachtanach chun an t-airgeadra aonair a ghlacadh.

Admhaítear nach gcuirfidh na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú tuilleadh constaicí roimh an doimhniú sin a dhéanamh tuilleadh ach go n-éascóidh siad an bealach dó agus, os a choinne sin, go ndéanfar, leis an bpróiseas sin, cearta agus inniúlachtaí na mBallstát nach mbeidh rannpháirteach a urramú. Institiúidí an Aontais, in éineacht leis na Ballstáit, éascóidh siad an chómhaireachtáil idir na dearcaí éagsúla laistigh den chreat institiúideach aonair lena n-áiritheofar an chomhsheasmhacht, inoibritheacht éifeachtach shásraí an Aontais agus comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon leis an machaire réidh agus sláine an mhargaidh inmheánaigh.

Déanfar an meas frithpháirteach agus an comhar dílis idir na Ballstáit atá, agus na Ballstáit nach bhfuil, rannpháirteach in oibriú an limistéir euro a áirithiú leis na prionsabail a luaitear sa Roinn seo, ar prionsabail iad a dhéantar a choimirciú go háirithe tríd an gCinneadh ón gComhairle (1) lena dtagraítear di.

1.

Toirmisctear aon idirdhealú a dhéanamh idir daoine nádúrtha nó dlítheanacha bunaithe ar airgeadra oifigiúil an Bhallstáit, nó, de réir mar a bheidh, ar an airgeadra is airgeadra dlíthairisceana sa Bhallstát, ina bhfuil siad bunaithe. Ní mór aon éagsúlacht sa chóir a chuirtear orthu a bheith bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla.

Gníomhartha dlíthiúla, lena n-áirítear comhaontuithe idir-rialtasacha idir na Ballstáit, atá nasctha go díreach le feidhmiú an limistéir euro, urramóidh siad an margadh inmheánach mar aon leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus ní bheidh siad ina mbacainn ar thrádáil idir na Ballstáit ná ní dhéanfaidh siad idirdhealú sa trádáil idir na Ballstáit. Leis na gníomhartha sin urramófar inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Ní chuirfidh na Ballstáit sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu bac ar chur chun feidhme gníomhartha dlíthiúla atá nasctha go díreach le feidhmiú an limistéir euro agus staonfaidh siad ó aon bhearta lena bhféadfaí baint amach chuspóirí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i mbaol.

2.

Dlí an Aontais maidir leis an aontas baincéireachta lena dtugtar údarás ar institiúidí creidmheasa don Bhanc Ceannais Eorpach, don Bhord Réitigh Aonair nó do chomhlachtaí de chuid an Aontais a chomhlíonann feidhmeanna comhchosúla, ní bheidh an dlí sin infheidhme ach ar institiúidí creidmheasa atá lonnaithe sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu nó ar Bhallstáit a bhfuil comhaontú dlúthchomhair tugtha i gcrích acu leis an mBanc Ceannais Eorpach maidir le maoirseacht stuamachta, i gcomhréir le rialacha ábhartha AE agus faoi réir cheanglais maoirseacht ghrúpa agus chomhdhlúite agus réiteach grúpa agus comhdhlúite.

Tá an leabhar rialacha aonair le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí creidmheasa uile agus ag institiúidí airgeadais eile chun an machaire réidh á áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach ar an gcaoi sin. Maidir le dlí substainteach an Aontais a bheidh le cur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach i bhfeidhmiú a fheidhmeanna mar mhaoirseoir aonair, nó ag an mBord Réitigh Aonair nó ag comhlachtaí de chuid an Aontais a fheidhmíonn feidhmeanna comhchosúla, lena n-áirítear an leabhar rialacha aonair a mhéid a bhaineann le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa nó bearta reachtacha eile atá le glacadh d'fhonn an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú, féadfaidh sé gur gá é a ghiniúint ar bhealach níos aonfhoirmí ná nuair is iad údaráis náisiúnta Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san aontas baincéireachta atá le rialacha comhchosúla chur i bhfeidhm. Chun na críche sin, féadfaidh sé go mbeidh forálacha sonracha laistigh den leabhar rialacha aonair agus ionstraimí ábhartha eile riachtanach, agus an machaire réidh á chaomhnú, agus rannchuidiú á dhéanamh leis an gcobhsaíocht airgeadais, ag an am céanna.

3.

Ní bheidh freagracht bhuiséadach ar na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu ná, de réir mar a bheidh, ar na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san aontas baincéireachta, maidir le bearta éigeandála agus géarchéime atá deartha chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a choimirciú.

Bunófar sásraí iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar aisíoc iomlán i gcás ina n-iompraíonn buiséad ginearálta an Aontais costais, seachas costais riaracháin, a dhíorthaíonn ó na bearta éigeandála agus géarchéime dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.

Maidir le bearta a chur chun feidhme, lena n-áirítear mhaoirseacht a dhéanamh ar institiúidí agus ar mhargaí airgeadais nó iad a réiteach, agus freagrachtaí stuamachta ar an macraileibhéal, a bheidh le glacadh ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, is ábhar é sin dá n-údaráis féin agus dá bhfreagracht bhuiséadach féin, mura rud é gur mian leis na Ballstáit a bheith ceangailte le sásraí coiteanna atá ar oscailte dóibh a bheith rannpháirteach iontu.

Ní dochar é an méid sin d'fhorbairt an leabhair rialacha aonair ná do shásraí an Aontais maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal le haghaidh rioscaí sistéamacha airgeadais san Aontas a chosc agus a mhaolú ná ní dochar é do chumhachtaí an Aontais, ar cumhachtaí iad atá ann cheana, chun gníomhaíocht a dhéanamh chun freagairt a thabhairt ar bhagairtí don chobhsaíocht airgeadais.

5.

Déanfaidh cruinnithe neamhfhoirmiúla Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, dá dtagraítear i bPrótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro, cumhachtaí na Comhairle a urramú mar institiúid a dtugann na Conarthaí feidhmeanna reachtacha di agus ar laistigh di a dhéanann Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú.

I gcomhréir leis na Conarthaí, bíonn comhaltaí uile na Comhairle rannpháirteach ina pléití, fiú i gcás nach mbíonn ceart vótála ag na comhaltaí uile. Urramófar cumhachtaí na Comhairle chomh maith le sainchumais institiúidí eile an Aontais ag aon phlé neamhfhoirmiúil a dhéanfaidh grúpa Ballstát.

6.

I gcás ina mbeidh plé le déanamh sa Chomhairle Eorpach faoi shaincheist a bhaineann leis an Roinn seo a chur i bhfeidhm mar a fhoráiltear dó i mír 1 de Roinn E, tabharfar aird chuí ar an bpráinn a d'fhéadfadh a bheith ag roinnt leis an ábhar.

7.

Déanfar substaint na Roinne seo a ionchorprú sna Conarthaí tráth a ndéanfar an chéad athbhreithniú eile orthu i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí agus rialacha bunreachtúla na mBallstát faoi seach.

ROINN B

IOMAÍOCHAS

Cuspóir ríthábhachtach de chuid an Aontais é margadh inmheánach a bhunú ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. Chun an cuspóir sin a áirithiú agus chun fás agus poist a chruthú, ní mór don Aontas feabhas a chur ar an iomaíochas, ar na dóigheanna a leagtar amach sa Dearbhú ón gComhairle Eorpach maidir leis an iomaíochas.

Chun na críche sin, déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit a seacht ndícheall chun an margadh inmheánach a chur chun feidhme agus a neartú mar aon lena oiriúnú chun go bhféadfar coimeád bord ar bord leis an gcomhshaol síorathraitheach. Ag an am céanna, glacfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit céimeanna nithiúla chun rialáil níos fearr a dhéanamh, rud atá ina gné thábhachtach chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach. Ciallaíonn sé sin laghdú ar na hualaí riaracháin agus ar chostais comhlíonta ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus reachtaíocht nach bhfuil gá léi a aisghairm, mar a fhoráiltear sa Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le sásra chun prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme agus maidir le sásra chun an t-ualach a bhaineann leis an gcur chun feidhme sin a laghdú, agus ag an am céanna leanúint ar aghaidh le hardchaighdeáin i dtaca le cosaint tomhaltóirí, fostaithe, sláinte agus comhshaoil. Saothróidh an tAontas Eorpach beartas gníomhach uaillmhianach trádála.

Déanfar grinnfhaireachán ar an dul chun cinn maidir leis na gnéithe sin uile de bheartas comhleanúnach don iomaíochas agus athbhreithneofar iad de réir mar is iomchuí.

ROINN C

CEANNASACHT

1.

I bhfianaise an staid shonrach atá ag an Ríocht Aontaithe faoi na Conarthaí, aithnítear nach bhfuil sí tiomanta tuilleadh lánpháirtithe a ghabháil uirthi féin san Aontas Eorpach. Déanfar substaint an méid seo a ionchorprú sna Conarthaí tráth a ndéanfar an chéad athbhreithniú eile orthu i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí agus rialacha bunreachtúla na mBallstát faoi seach, chun a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag na tagairtí don aontas buandlúite maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Leis na tagairtí sna Conarthaí agus ina mbrollaigh don síorphróiseas aontas buandlúite idir pobail na hEorpa a chur ar bun, ní thugtar bunús dlí le haghaidh an raon feidhme atá ag aon fhoráil de na Conarthaí nó de reachtaíocht thánaisteach an Aontais a leathnú. Níor cheart iad a úsáid ach oiread d'fhonn go bhféadfaí tacú le léiriú fairsing a dhéanamh ar inniúlachtaí an Aontais ná ar chumhachtaí a chuid institiúidí mar a leagtar amach sna Conarthaí iad.

Leis na tagairtí sin, ní athraítear teorainneacha inniúlacht an Aontais atá faoi rialú ag prionsabal na tabhartha, ná an úsáid a bhaintear as inniúlacht an Aontais atá faoi rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ní cheanglaíonn siad go dtabharfaí inniúlachtaí breise don Aontas Eorpach ná nach mór don Aontas Eorpach na hinniúlachtaí atá aige cheana a fheidhmiú, ná nach bhféadfaí inniúlachtaí a tugadh don Aontas a laghdú, agus ar an gcaoi sin iad a thabhairt ar ais do na Ballstáit.

Ní fhéadfar na cumhachtaí a thug na Ballstáit don Aontas a mhodhnú, cibé acu iad a mhéadú nó a laghdú, ach trí leasú a dhéanamh ar na Conarthaí, le comhaontú na mBallstát go léir. Cuimsítear forálacha sonracha sna Conarthaí cheana a bhfuil cuid de na Ballstáit i dteideal dá réir gan páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm forálacha áirithe de dhlí an Aontais nó atá díolmhaithe óna gcur i bhfeidhm. Na tagairtí d'aontas buandlúite idir na pobail, dá bhrí sin, tá siad ag luí le conairí éagsúla lánpháirtithe a bheith ar fáil do Bhallstáit éagsúla agus ní chuirtear iallach leo ar na Ballstáit uile é bheith d'aidhm acu ceann sprice coiteann a bheith acu.

Ceadaíonn na Conarthaí éabhlóidiú i dtreo leibhéal lánpháirtithe níos doimhne i measc na mBallstát a chomhpháirtíonn an fhís sin dá dtodhchaí choiteann, ach gan feidhm a bheith ag an éabhlóid sin maidir le Ballstáit eile.

2.

Is é is cuspóir le prionsabal na coimhdeachta a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach. Braitheann an rogha maidir leis an leibhéal ceart gníomhaíochta dá bhrí sin, inter alia, ar cibé an bhfuil gnéithe trasnáisiúnta ag an tsaincheist atá faoi bhreithniú nach féidir a rialú go sásúil le gníomhaíocht ó na Ballstáit agus maidir le cibé an mbeadh tairbhí soiléire ag gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, de bharr a fairsinge nó a héifeachtaí, i gcomparáid le gníomhaíochtaí ar leibhéal na mBallstát.

Na tuairimí réasúnaithe arna n-eisiúint ag na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, beidh siad le cur san áireamh go cuí ag na hinstitiúidí go léir atá páirteach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Déanfar socruithe iomchuí chun an méid sin a áirithiú.

3.

Maidir le tuairimí réasúnaithe faoi neamhchomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta ag dréachtghníomh reachtach de chuid an Aontais, ar tuairimí iad a thíolacfar laistigh de 12 sheachtain ó tharchur an dréachta sin, i gcás gur mó ná 55 % de na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta na tuairimí sin, áireoidh Uachtaránacht na Comhairle an t-ábhar sin ar chlár oibre na Comhairle chun plé cuimsitheach a dhéanamh ar na tuairimí sin agus ar na hiarmhairtí a eascróidh astu.

Tar éis an phlé sin, agus ceanglais nós imeachta na gConarthaí á n-urramú, scoirfidh ionadaithe na mBallstát, ag gníomhú dóibh ina gcáil mar chomhaltaí den Chomhairle, den bhreithniú ar an dréachtghníomh reachtach faoi thrácht ach amháin i gcás ina leasaítear an dréacht d'fhonn freastal ar na hábhair imní a cuireadh in iúl sna tuairimí réasúnaithe.

Chun críocha na míre seo, déantar na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Phrótacal Uimh. 2. Ní áirítear na vótaí ó Pharlaimintí náisiúnta na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an ghnímh reachtaigh faoi thrácht.

4.

Ní mór cearta agus oibleagáidí na mBallstát dá bhforáiltear faoi na Prótacail atá i gceangal leis na Conarthaí a aithint ina n-iomláine agus gan aon stádas a thabhairt dóibh ar lú é ná an stádas a thugtar d'fhorálacha eile na gConarthaí ar cuid dhílis díobh na Prótacail sin.

Go háirithe, beart ar bith arna ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ní bheidh sé ina cheangal ar na Ballstáit a chumhdaítear faoi Phrótacal Uimh. 21 agus faoi Phrótacal Uimh. 22, mura rud é go bhfuil an Ballstát lena mbaineann, i gcás ina gceadaítear amhlaidh leis an bPrótacal ábhartha, tar éis fógra a thabhairt gur mian leis a bheith faoi cheangal ag an mbeart sin.

I gcás ina dtagann beart de chuid an Aontais, ag féachaint dá aidhm agus dá ábhar, faoi raon feidhme Theideal V de Chuid a Trí CFAE áiritheoidh ionadaithe na mBallstát, ag gníomhú dóibh ina gcáil mar chomhaltaí den Chomhairle, go mbeidh feidhm ag Prótacal Uimh. 21 agus Prótacal Uimh. 22 maidir leis, lena n-áirítear nuair a chiallaíonn sé seo gur gá an beart a dhealú ina dhá ghníomh ar leith.

5.

Le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, dearbhaítear go bhfanfaidh an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin. Ní hionann é sin agus maolú ar dhlí an Aontais agus níor cheart, dá bhrí sin, é a léiriú go sriantach. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí, léireoidh institiúidí an Aontais urraim d'fhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta.

Aithnítear na tairbhí a bhaineann le comhghníomhaíocht maidir le saincheisteanna a dhéanann difear do shlándáil na mBallstát.

ROINN D

SOCHAIR SHÓISIALTA AGUS SAORGHLUAISEACHT

Is cuid dhílis den mhargadh inmheánach saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas agus leis sin tá de cheart ag oibrithe na mBallstát glacadh le tairiscint fostaíochta áit ar bith laistigh den Aontas. De bharr go mbíonn leibhéil éagsúla luach saothair sna Ballstáit bíonn roinnt tairiscintí fostaíochta níos tarraingtí ná a chéile, rud a ghineann gluaiseachtaí iarmhartacha atá mar thoradh díreach ar shaoirse an mhargaidh. Mar sin féin, tá struchtúrú éagsúil ag córais shlándála sóisialta na mBallstát, ar córais iad a chomhordaítear le dlí an Aontais ach nach ndéantar a chomhchuibhiú leis agus féadfaidh sé sin uaidh féin oibrithe a tharraingt chuig Ballstáit áirithe. Is dlisteanach an staid sin a chur san áireamh agus foráil a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus gan aon idirdhealú díreach ná indíreach nach bhfuil bonn cirt faoi a chruthú, do bhearta lena dteorannófar sreabha oibrithe ar sreabha iad a bheidh ar scála chomh mór sin go mbeidh éifeachtaí diúltacha ann do na Ballstáit thionscnaimh agus do na Ballstáit chinn scríbe araon.

Tugtar aird chuí ar na hábhair imní atá curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe i ndáil leis sin, i bhfianaise tuilleadh forbairtí ar reachtaíocht an Aontais agus ar an dlí náisiúnta ábhartha.

Léiriú ar na rialacha atá ag an Aontas faoi láthair

1.

Sna bearta dá dtagraítear sa mhír thosaigh ba cheart a chur san áireamh go bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus go bhfuil corrlach lánroghnach leathan acu maidir lena mbeartas sóisialta agus fostaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na coinníollacha a leagan amach maidir le rochtain ar shochair leasa.

(a)

Cé go bhfuil sé i gceist le saorghluaiseacht oibrithe faoi Airteagal 45 CFAE go ndíothófar aon idirdhealú de bhíthin náisiúntachta maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre agus fostaíochta, féadfaidh an ceart sin a bheith faoi réir teorainneacha ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí. Ina theannta sin, má tá cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí ann, féadfar saorghluaiseacht d'oibrithe a shrianadh le bearta a bheidh comhréireach leis an aidhm dhleathach atá á saothrú. Is iad na cúiseanna a bhaineann leis an leas poiblí a aithnítear chuige sin i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an t-earcú a spreagadh, an dífhostaíocht a laghdú, oibrithe leochaileacha a chosaint, an riosca go ndéanfar lagú tromchúiseach ar inbhuanaitheacht na gcóras slándála sóisialta a sheachaint, bunaithe ar anailís cás ar chás.

Bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla atá beag beann ar náisiúntacht na ndaoine lena mbaineann agus i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú, féadfar coinníollacha a fhorchur i ndáil le sochair áirithe chun a áirithiú go mbeidh nasc réadach, éifeachtach idir an duine lena mbaineann agus margadh saothair an Bhallstáit ósta.

(b)

Tá saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais faoi Airteagal 21 CFAE le feidhmiú faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh lena gcur chun feidhme.

An ceart atá ag daoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de chun cónaí sa Bhallstát ósta, braitheann sé ar a oiread acmhainní a bheith ag na daoine sin chun nach dtiocfaidh siad féin agus a mbaill teaghlaigh chun bheith ina n-ualach ar chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit ósta, agus ar árachas sláinte cuimsitheach a bheith ag na daoine sin.

Tá an fhéidearthacht ag Ballstáit sochair shóisialta a dhiúltú do dhaoine nach bhfeidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta ach chun cúnamh sóisialta ó na Ballstáit a fháil, cé nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun ceart cónaithe a éileamh.

Féadfaidh na Ballstáit diúltú d'éilimh maidir le cúnamh sóisialta a dhéanann saoránaigh de chuid an Aontais ó Bhallstáit eile ar saoránaigh iad nach bhfuil ceart cónaithe acu, nó nach bhfuil i dteideal cónaí, ar a gcríoch ach ar an aon chúis go bhfuil siad ar thóir fostaíochta. Áirítear leis sin éilimh a dhéanann saoránaigh de chuid an Aontais ó Bhallstáit eile ar shochair arb é a bpríomhfheidhm an t-íosmhéid cothaithe a chumhdach, fiú má bhíonn sé i gceist leis na sochair sin freisin rochtain ar mhargadh saothair na mBallstát ósta a éascú.

(c)

Daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu, déanfaidh siad de réir dhlíthe an Bhallstáit ósta.

I gcomhréir le dlí an Aontais, tá na Ballstáit in ann gníomhaíocht a dhéanamh chun cosc a chur ar mhí-úsáid ceart nó ar chalaois, amhail doiciméid bhrionnaithe a thíolacadh, agus aghaidh a thabhairt ar chásanna ina ndéantar póstaí áise a chonarthú nó a choimeád ar bun le náisiúnaigh tríú tír chun an tsaorghluaiseacht a úsáid mar bhealach chun fanacht neamhdhleathach i mBallstát a thabhairt chun rialtachta nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina n-úsáidtear an tsaorghluaiseacht chun dul thart ar rialacha náisiúnta inimirce a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír.

Féadfaidh na Ballstáit ósta na bearta sriantacha is gá a ghlacadh freisin chun iad féin a chosaint i gcoinne daoine aonair ar dóigh go gcruthódh a n-iompar pearsanta fíorbhagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil. Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi iomar duine a bheith nó gan a bheith ina bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil, féadfaidh na Ballstáit iompar an duine sin san am a caitheadh a chur san áireamh agus ní gá i gcónaí go mbeadh an bhagairt ar tí tarlú. Fiú murar ciontaíodh duine i gcoir roimhe sin, féadfaidh na Ballstáit gníomhú ar fhorais choisctheacha, fad is atá siad sonrach don duine aonair lena mbaineann.

Forbrófar tuilleadh malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin idir na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún d'fhonn mí-úsáid ceart agus calaois den sórt sin a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

Athruithe ar reachtaíocht thánaisteach an Aontais

2.

Tugtar ar aird, tar éis an Cinneadh seo do ghabháil éifeachta, go dtíolacfaidh an Coimisiún tograí maidir le reachtaíocht thánaisteach an Aontais atá ann cheana a leasú mar a leanas:

(a)

togra chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le comhordú córas slándála sóisialta chun go mbeidh na Ballstáit, maidir le sochair linbh a onnmhairiú chuig Ballstát seachas an Ballstát sin ina bhfuil cónaí ar an oibrí, in ann rogha a dhéanamh na sochair sin a inneacsú le coinníollacha an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an leanbh. Níor cheart feidhm a bheith ag an méid seo ach amháin maidir le héilimh as an nua a dhéanann oibrithe AE sa Bhallstát ósta. Amhail ón 1 Eanáir 2020, áfach, áfach, féadfaidh na Ballstáit uile an t-innéacsú a leathnú chuig éilimh atá ann cheana maidir le sochair linbh, ar sochair iad atá onnmhairithe cheana ag oibrithe AE. Níl sé ar intinn ag an gCoimisiún a mholadh go leathnófaí an córas innéacsaithe roghnach do shochair linbh a bheidh ann amach anseo chuig cineálacha eile sochar in-onnmhairithe, amhail pinsin seanaoise;

(b)

chun fachtóir arb é tarraingteacht a chur san áireamh a eascraíonn as an gcóras sochair laistigh den fhostaíocht atá ag Ballstát, togra chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas lena bhforálfar do shásra rabhaidh agus coimirce agus a thabharfaidh freagairt ar staideanna a bhaineann le rabharta éaguimseach oibrithe ó Bhallstáit eile isteach le linn tréimhse ama sínte, lena n-áirítear mar thoradh ar bheartais a bhí ann san am atá caite tar éis méaduithe AE roimhe seo. Thabharfadh Ballstát ar mian leis leas a bhaint as an sásra fógra don Choimisiún agus don Chomhairle gurb ann do staid eisceachtúil den sórt sin ar scála chomh mór sin go mbaineann sé de ghnéithe bunúsacha dá chóras slándála sóisialta, lena n-áirítear an príomhchuspóir atá lena chóras sochar laistigh den fhostaíocht, nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ann dá bharr agus ar dócha go leanfaidh siad de bheith ann ina mhargadh fostaíochta nó a chuireann brú iomarcach ar dhea-fheidhmiú a seirbhísí poiblí dá bharr. Ar thogra ón gCoimisiún tar éis an fógra agus na cúiseanna a luaitear ann a scrúdú, d'fhéadfadh an Chomhairle a údarú don Bhallstát sin teorainn a chur le rochtain ar shochair neamhranníocacha laistigh den fhostaíocht a mhéid is gá. Thabharfadh an chomhairle údarú ag an mBallstát teorainn a chur le rochtain oibrithe AE, ar oibrithe atá ag teacht isteach as an nua, ar shochair neamhranníocacha laistigh den fhostaíocht, ar feadh tréimhse a mhairfeadh suas le ceithre bliana san iomlán ó thosach na fostaíochta. Ba cheart don teorannú a bheith céimnithe, agus eisiamh iomlán a bheith ann i dtosach, agus ba cheart don rochtain ar na sochair sin méadú de réir a chéile chun aird a thabhairt ar an bhfás atá ag teacht ar nasc an oibrí le margadh saothair an Bhallstáit ósta. Bheadh tréimhse theoranta ag an údarú agus bheadh feidhm aige maidir le hoibrithe AE atá ag teacht isteach as an nua le linn tréimhse 7 mbliana.

Rachaidh ionadaithe na mBallstát, ag gníomhú dóibh ina gcáil mar chomhaltaí den Chomhairle, ar aghaidh leis an obair ar na tograí reachtacha sin mar ábhar tosaíochta agus déanfaidh siad a míle ndícheall a áirithiú go nglacfar go gasta iad.

Na bearta dá dtagraítear sa mhír seo, níor cheart cóir is lú fabhar a bheith á chur ar oibrithe AE ná mar a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír i staid inchomparáide a bheith mar thoradh orthu.

Athruithe ar dhlí príomha an Aontais

3.

Maidir le méaduithe an Aontais Eorpaigh sa todhchaí, tugtar ar aird go bhforálfar do bhearta iomchuí idirthréimhseacha maidir le saorghluaiseacht daoine sna hIonstraimí Aontachais ábhartha a bheidh le comhaontú ag na Ballstáit go léir, i gcomhréir leis na Conarthaí. Sa chomhthéacs sin, tugtar an seasamh a chuir an Ríocht Aontaithe in iúl i bhfabhar bearta idirthréimhseacha den sórt sin ar aird.

ROINN E

CUR I bhFEIDHM AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

1.

Féadfaidh aon Bhallstát a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí go bpléifí aon saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo sa Chomhairle Eorpach.

2.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a gcuirfidh rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl d'Ardrúnaí na Comhairle go bhfuil cinnte ag an Ríocht Aontaithe fanacht ina comhalta den Aontas Eorpach.


(1)  Cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha sonracha a bhaineann le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

RÁITEAS MAIDIR LE ROINN A DEN CHINNEADH Ó NA CINN STÁIT NÓ RIALTAIS, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE EORPAÍ, I nDÁIL LE SOCRÚ NUA DON RÍOCHT AONTAITHE LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH

I ndáil leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le forálacha sonracha a bhaineann le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh, dearbhaíonn na Cinn Stáit nó Rialtais go nglacfaidh an Chomhairle an Cinneadh sin ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, i ndáil le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá céanna sin.

Tá an dréacht-Chinneadh leagtha amach anseo thíos:

DRÉACHT-CHINNEADH Ón gCOMHAIRLE

maidir le forálacha sonracha a bhaineann le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I bhforlíonadh Chinneadh 2009/857/CE an 13 Nollaig 2007 (1), ba cheart forálacha a ghlacadh chun go bhféadfaí bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh.

(2)

Leis an sásra atá sa Chinneadh seo, rannchuidítear leis na prionsabail a urramú a leagtar síos i Roinn A den Chinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais maidir le gníomhartha reachtacha a bhaineann le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an aontas baincéireachta agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an limistéar euro a lánpháirtiú tuilleadh, a bhfuil a ghlacadh faoi réir vótáil chomhaltaí uile na Comhairle.

(3)

I gcomhréir le mír 1 de Roinn E den Chinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, i ndáil le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach (2), féadfaidh aon Bhallstát a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí go bpléifí saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chinnidh sin sa Chomhairle Eorpach.

(4)

Ní dochar an Cinneadh seo do na socruithe sonracha vótála a chomhaontaigh ionadaithe na 28 mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 18 Nollaig 2013 (3), maidir leis an gComhairle do ghlacadh Cinntí ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

Le linn an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm, agus go háirithe i ndáil leis an tráth réasúnta don Chomhairle an tsaincheist lena mbaineann a phlé, ba cheart a chur san áireamh go cuí gur staid phráinne a d'fhéadfadh a bheith i gceist,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A LEANAS A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Más rud é, i ndáil leis na gníomhartha reachtacha a bhfuil feidhm maidir leo ag Roinn A den Chinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, a bhfuil a ghlacadh faoi réir vótáil chomhaltaí uile na Comhairle, go ndéanann ar a laghad comhalta amháin den Chomhairle nach bhfuil rannpháirteach san aontas baincéireachta a fhreasúra réasúnaithe in aghaidh an Chomhairle gníomh den sórt sin a ghlacadh trí thromlach cáilithe a chur i bhfios, déanfaidh an Chomhairle an tsaincheist a phlé. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an bonn cirt lena fhreasúra tríd an gcaoi nach n-urramaíonn an dréachtghníomh na prionsabail a leagtar síos i Roinn A den Chinneadh sin a chur i bhfios.

2.   Le linn na bpléití seo, déanfaidh an Chomhairle a seandícheall, laistigh de thréimhse réasúnta agus gan dochar do na teorainneacha oibleagáideacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, teacht ar réiteach sásúil chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag an comhalta nó na comhaltaí den Chomhairle dá dtagraítear i mír 1.

3.   Chuige sin, glacfaidh Uachtarán na Comhairle, le cúnamh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (5), gach tionscnamh is gá chun gur fusa teacht ar bhonn níos leithne don chomhaontú sa Chomhairle. Tabharfaidh comhaltaí na Comhairle gach cúnamh dó nó di.

Agus aird chuí á tabhairt ar an bpráinn a fhéadfaidh a bheith ag baint leis an ábhar agus bunaithe ar na cúiseanna leis an bhfreasúra mar a chuirtear i bhfios iad faoi mhír 1, féadfaidh iarraidh ar an saincheist a phlé sa Chomhairle Eorpach, sula dtiocfaidh sí ar ais chuig an gComhairle lena cinneadh, a bheith ina thionscnamh den sórt sin. Aon tarchur chuig an gComhairle Eorpach, ní dochar é do ghnáthfheidhmiú nós imeachta reachtach an Aontais agus ní féidir staid a bheith mar thoradh air arbh ionann é agus ligean do Bhallstát cros a chur.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo, lena ndéantar Cinneadh 2009/857/CE a fhorlíonadh, i bhfeidhm ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, i ndáil le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach. Scoirfidh an Cinneadh seo d'fheidhm a bheith aige má scoireann an Cinneadh sin d'fheidhm a bheith aige.

Arna dhéanamh sa …, [dáta]

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

[ainm]


(1)  Cinneadh 2009/857/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2007 maidir le cur chun feidhme Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 238(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017 de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 den pháirt eile (IO L 314, 1.12.2009, lch. 73).

(2)  Cinneadh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, i ndail le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach (IO C 69 I., 23.2.2016, lch. 1).

(3)  Dearbhú an 18 Nollaig 2013 ó Bhuanionadaithe na 28 mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, doic. Uimh.18137/13.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 2009/937/AE an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


IARSCRÍBHINN III

DEARBHÚ ÓN gCOMHAIRLE EORPACH MAIDIR LEIS AN IOMAÍOCHAS

Ní mór don Eoraip a bheith níos iomaíche má táimid chun fás agus poist a chruthú. Cé go bhfuil an sprioc sin i gcroílár ghníomhaíochtaí an Aontais le blianta beaga anuas, tá an Chomhairle Eorpach lánchinnte go bhféadfar níos mó a dhéanamh chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht gach gné den mhargadh inmheánach, chun dálaí a chur chun cinn lena gcothófar an fhiontraíocht agus an cruthú post, chun infheistiú a dhéanamh inár ngeilleagair agus d'fhonn iad a ullmhú don todhchaí, chun an trádáil idirnáisiúnta a éascú, agus chun féachaint le go mbeidh an tAontas níos tarraingtí mar chomhpháirtí.

Leagann an Chomhairle Eorpach béim ar an luach ollmhór atá ag an margadh inmheánach mar limistéar gan teorainneacha ina mbogtar earraí, seirbhísí agus caipiteal gan bhac. Tá sé sin ar cheann de phríomhéachtaí an Aontais. In aimsir seo na ndúshlán eacnamaíoch agus sóisialta, is gá dúinn beocht nua a chur sa mhargadh inmheánach agus é a chur in oiriúint chun freastal ar dhálaí a bhíonn ag síorathrú. Ní mór don Eoraip borradh a chur faoina hiomaíochas idirnáisiúnta thar na réimsí uile i seirbhísí agus i dtáirgí agus i réimsí tábhachtacha amhail fuinneamh agus an margadh aonair digiteach.

Tathantaíonn an Chomhairle Eorpach ar institiúidí uile an Aontais agus ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh rialáil níos fearr a dhéanamh agus reachtaíocht nach bhfuil gá léi a aisghairm d'fhonn feabhas a chur ar chumas iomaíochta an Aontais agus ag féachaint go cuí, ag an am céanna, don ghá atá ann ardchaighdeáin a choimeád maidir le cosaint an tomhaltóra, an fhostaí, na sláinte agus an chomhshaoil. Tá sé fíorthábhachtach é sin a dhéanamh chun go spreagfar an fás eacnamaíoch, chun go gcothófar an t-iomaíochas agus chun go gcruthófar poist.

D'fhonn cuidiú leis an gcuspóir sin, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Tá comhar éifeachtach sa chreat seo riachtanach chun reachtaíocht an Aontais a shimpliú agus chun an ró-rialáil agus ualaí riaracháin ar na saoránaigh, ar riaracháin agus ar ghnólachtaí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, a sheachaint agus á áirithiú go gcomhlíonfar cuspóirí na reachtaíochta ag an am céanna.

Ní mór díriú ar na nithe seo a leanas:

tiomantas láidir don ualach a laghdú agus don rialáil a shimpliú, lena n-áirítear trí reachtaíocht a tharraingt siar nó a aisghairm i gcás inarb iomchuí, agus trí úsáid níos fearr a bhaint as an measúnú tionchair agus as an meastóireacht ex-post sa timthriall reachtach tríd síos, ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta. Leis an obair sin ba cheart tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana tríd an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT);

níos mó a dhéanamh chun go laghdófar ualach foriomlán rialáil an Aontais, go háirithe ar FBManna agus ar mhicrifhiontair;

spriocanna a bhunú i bpríomhearnálacha, i gcás inarb indéanta, chun an t-ualach a laghdú, agus gealltanais ó institiúidí an Aontais agus ó na Ballstáit ag gabháil leis sin.

Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach tiomantas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh gach bliain ar a rathúla atá iarrachtaí an Aontais chun an reachtaíocht a shimpliú, an ró-rialáil a sheachaint agus na hualaigh ar an lucht gnó a laghdú. San fhorbhreathnú bliantúil sin a dhéanfar chun tacú le clár REFIT an Choimisiúin, áireofar Suirbhé Bliantúil Ualaigh agus féachfar freisin ar stoc dlí an Aontais mar atá.

Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún freisin scrúdú a dhéanamh ar na hathbhreithnithe bliantúla a dhéanfaidh an Coimisiún faoina Dhearbhú maidir le Coimhdeacht d'fhonn a áirithiú go ndéanfar beart iomchuí ina ndiaidh i réimsí éagsúla ghníomhaíochtaí an Aontais. Iarrann sí ar an gCoimisiún a mholadh go n-aisghairfear bearta nach bhfuil ag teacht le prionsabal na coimhdeachta nó lena bhforchuirtear ualach díréireach rialála.

Leagann an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh córas trádála iltaobhach, láidir ann agus é bunaithe ar rialacha agus leagann sí béim ar an ngá go ndéanfar comhaontuithe uaillmhianacha, déthaobhacha trádála agus infheistíochta le tríú tíortha, de mheon na cómhalartachta agus na tairbhe frithpháirtí. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh di an comhaontú ar tháinig an Eagraíocht Dhomhanda Trádála air le déanaí in Nairobi. Caithfear dlús a chur leis an obair sa chaibidlíocht leis na Stáit Aontaithe, leis an tSeapáin agus le comhpháirtithe lárnacha i Meiriceá Laidineach, go háirithe Mercosur agus i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Ní mór don trádáil tairbhe a dhéanamh do gach duine, idir thomhaltóirí, oibrithe agus oibreoirí eacnamaíocha. Is cuid thar a bheith tábhachtach de seo an straitéis nua trádála (“Trádáil do Chách: Faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú”).

Coimeádfaidh an Chomhairle Eorpach súil ar a dtitfidh amach agus iarrann sí ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta agus ar an gComhairle Iomaíochais meastóireacht a dhéanamh go rialta ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na gnéithe éagsúla a leagtar amach sa Dearbhú seo.


IARSCRÍBHINN IV

DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

maidir le sásra chun prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme agus maidir le sásra chun laghdú an ualaigh a chur chun feidhme

Bunóidh an Coimisiún sásra chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana féachaint an bhfuil prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta á chomhlíonadh aici, ag tógáil ar na próisis atá ann cheana agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an prionsabal sin chun feidhme ina iomláine.

Cuirfidh an Coimisiún tosaíochtaí i dtoll a chéile don athbhreithniú sin agus aird á tabhairt ar na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ó na parlaimintí náisiúnta.

Molfaidh an Coimisiún clár oibre faoi dheireadh na bliana 2016 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain ina dhiaidh sin.

Tá an Coimisiún tiomanta go hiomlán agus leanfaidh sé dá chuid iarrachtaí chun dlíthe an Aontais a shimpliú agus chun an t-ualach rialála a laghdú d'oibreoirí gnólachtaí an Aontais, gan baint de chuspóirí beartais, tríd an gClár Oibre 2015 maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear go háirithe Clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Is sprioc uileghabhálach dúinn ar fad chun fás agus poist a chothú deireadh a chur leis an ró-mhaorlathas don fhiontraíocht, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Rachaidh an Coimisiún, faoi chuimsiú chlár REFIT, i mbun oibre leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, chun spriocanna sonracha a bhunú ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta chun an t-ualach ar ghnólachtaí a laghdú, go háirithe sna réimsí is deacra do chuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ach iad a bheith bunaithe, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn a dhéanfar i ndáil leis na spriocanna sin, agus tabharfaidh sé tuarascáil don Chomhairle Eorpach go bliantúil.


IARSCRÍBHINN V

DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

maidir le hinnéacsú sochar linbh a onnmhairítear chuig Ballstát seachas an Ballstát sin ina bhfuil cónaí ar an oibrí

Déanfaidh an Coimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta chun go mbeidh na Ballstáit, maidir le sochair linbh a onnmhairiú chuig Ballstát seachas an Ballstát sin ina bhfuil cónaí ar an oibrí, in ann rogha a dhéanamh an sochar sin a nascadh leis na coinníollacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an leanbh.

Measann an Coimisiún go n-áirítear ar na coinníollacha sin an caighdeán maireachtála agus leibhéal na sochar linbh is infheidhme sa Bhallstát sin.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

maidir leis an Sásra Coimirce dá dtagraítear i mír 2(b) de Roinn D den Chinneadh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, i ndáil le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach

Maidir le mír 2(b) de Roinn D den Chinneadh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, i ndáil le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach, tíolacfaidh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán 492/2011 a leasú maidir le saorghluaiseacht d'oibrithe san Aontas d'fhonn foráil do shásra coimirce agus é le tuiscint go bhféadfar an sásra sin a úsáid agus go n-úsáidfear é agus go mbeidh sé, dá réir sin, ina réiteach ar ábhair imní na Ríochta Aontaithe i ndáil le mórshreabhadh isteach eisceachtúil na n-oibrithe ó áiteanna eile san Aontas Eorpach a bhí ann le blianta beaga anuas.

Measann an Coimisiún Eorpach go léirítear leis an gcineál faisnéise a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil dó, go háirithe ó tharla nár bhain sí leas iomlán as na hidirthréimhsí maidir le saorghluaiseacht oibrithe, ar foráladh dóibh sna hIonstraimí Aontachais a rinneadh le déanaí, gur ann don chineál staid eisceachtúil ar lena cumhdach a beartaíodh an sásra coimirce, sa Ríocht Aontaithe sa lá atá inniu ann. Dá réir sin, bheadh sé de cheart ag an Ríocht Aontaithe an sásra a ghníomhachtú agus í lánchinnte go gceadófaí an gníomhachtú sin.


IARSCRÍBHINN VII

DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

maidir le saincheisteanna a bhaineann le mí-úsáid an chirt chun saorghluaiseachta atá ag daoine

Tugann an Coimisiún dá aire an Cinneadh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, maidir le socrú nua don Ríocht Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach agus, go sonrach, roinn D den Chinneadh sin.

Tá rún ag an gCoimisiún togra a ghlacadh chun comhlánú a dhéanamh ar Threoir 2004/38 maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais chun náisiúnaigh tríú tír a eisiamh, ó raon feidhme chearta na saorghluaiseachta, nach raibh cónaí dleathach orthu roimh ré i mBallstát sular phós siad saoránach de chuid an Aontais nó nach bpósann saoránach de chuid an Aontais ach amháin tar éis don saoránach sin cónaí a bhunú sa Bhallstát is ósta. Dá réir sin, i gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit is ósta maidir leis an náisiúnach tríú tír. Tíolacfar an togra sin tar éis éifeacht a bheith leis an gCinneadh thuasluaite.

Maidir le cásanna mí-úsáide i gcomhthéacs teacht isteach agus cónaí a bheith ag ball teaghlaigh neamh-AE de chuid saoránach taistil de chuid an Aontais, soiléireoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

Féadfaidh na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chásanna sonracha ina mbaineann saoránaigh an Aontais mí-úsáid as cearta saorghluaiseachta agus iad ag filleadh ar a mBallstát náisiúntachta in éineacht le ball teaghlaigh neamh-AE sa chás nach raibh fíorchónaí ceart i gceist sa Bhallstát is ósta chun saol an teaghlaigh a chruthú nó a neartú agus arb é an chríoch a bhí leis an gcónaí sin go seachnófaí cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta maidir leis an inimirce.

Le coincheap an phósta áise — nach bhfuil faoi chosaint faoi dhlí an Aontais — cumhdaítear freisin pósadh a choinnítear chun go bhféadfadh ball teaghlaigh nach náisiúnach de chuid Ballstáit é ceart cónaithe a bheith aige.

Soiléireoidh an Coimisiún freisin go bhféadfaidh na Ballstáit aird a thabhairt ar iompar duine aonair san am a chuaigh thart maidir le cinneadh a dhéanamh an mbeidh an t-iompar a bheidh ag saoránach de chuid an Aontais ina bhagairt “láithreach” don bheartas poiblí nó don tslándáil. Féadfaidh siad gníomhú ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí fiú amháin in éagmais ciontú coiriúil roimhe sin, ar fhorais choisctheacha ach a bhainfidh go sonrach leis an duine aonair lena mbaineann. Soiléireoidh an Coimisiún freisin na coincheapa “forais thromchúiseacha an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí” agus “mórchúiseanna na slándála poiblí”. Ina theannta sin, tráth a ndéanfar athbhreithniú ar Threoir 2004/38 maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais, scrúdóidh an Coimisiún na tairseacha a bhfuil baint ag na coincheapa sin leo.

Forbrófar na soiléirithe sin i dTeachtaireacht lena gcuirfear treoirlínte ar fáil i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais.