ISSN 1725-2571 doi:10.3000/17252571.CA2010.064.gla |
||
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
53 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Réamhfhógraí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
2010/C /01 |
||
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
5 |
(FR) |
9 |
|
19 |
(FR) |
23 |
(DE/ES/PT) |
28 |
|
48 |
|
53 |
|
56 |
|
57 |
|
60 |
|
61 |
(DE/EN/FR) |
62 |
|
64 |
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 64 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Réamhfhógraí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
16.3.2010 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE EPSO/AD/177/10 – RIARTHÓIRÍ (AD 5)
(2010/C 64 A/01)
An bhfuil suim agat i ngairm inár n-institiúidí?
An bhfuil na cáilíochtaí a éilímid agat?
Cuir d'ainm isteach
Tabhair gach seans duit féin do sprioc a bhaint amach
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú trialacha iontrála chomh maith le comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a chruthú óna n-earcófar riarthóirí.
EPSO/AD/177/10 — RIARTHÓIRÍ (AD 5)
sna réimsí seo a leanas:
1. |
RIARACHÁN POIBLÍ EORPACH |
2. |
DLÍ |
3. |
EACNAMAÍOCHT |
4. |
INIÚCHÓIREACHT |
5. |
TEICNEOLAÍOCHTAÍ FAISNÉISE AGUS CUMARSÁIDE (TFC) |
Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a chruthú chun folúntais i bpoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit an treoir atá foilsithe san Iris Oifigiúil C 57 A an 9 Márta 2010 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.
Cuideoidh an treoir seo leat, treoir ar cuid den fhógra comórtais í, na rialacha a bhaineann leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha clárúcháin a thuiscint.
CLÁR NA nÁBHAR
I. |
CÚLRA |
II. |
DUALGAIS |
III. |
INCHÁILITHEACHT |
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
V. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
VI. |
PAINÉIL |
VII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
|
|||||||||||||||||
|
Ní féidir leat clárú ach d'aon réimse amháin as measc na gcúig réimse. Caithfear an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a bhailíochtú agus a chur isteach ar líne. |
II. DUALGAIS
Is é AD 5 an grád ag a dtosaíonn céimithe i ngairm riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha. Is féidir le riarthóirí arna n-earcú ag an ngrád sin trí phríomhchineál oibre a dhéanamh, faoi mhaoirsiú: foirmiú beartais, feidhmeanna oibríocha agus bainistiú acmhainní. Táimid ag lorg iarrthóirí a mbeidh in ann a ngairm a fhorbairt go háirithe.
Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar na réimsí éagsúla san iarscríbhinn.
Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá na hinstitiúidí a lorg ar fáil in Alt 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.
III. INCHÁILITHEACHT
, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
1. Coinníollacha ginearálta
|
|||||||||||
|
|||||||||||
2.1 |
Cáilíocht: féach an iarscríbhinn |
||||||||||
2.2 |
Taithí ghairmiúil Ní éilítear aon taithí ghairmiúil. |
||||||||||
2.3. |
Eolas ar theangacha |
||||||||||
Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: |
|||||||||||
BG (Bulgáiris) CS (Seicis) DA (Danmhargais) DE (Gearmáinis) EL (Gréigis) EN (Béarla) ES (Spáinnis) ET (Eastóinis) |
FI (Fionlainnis) FR (Fraincis) GA (Gaeilge) HU (Ungáiris) IT (Iodáilis) LT (Liotuáinis) LV (Laitvis) MT (Máltais) |
NL (Ollainnis) PL (Polainnis) PT (Portaingéilis) RO (Rómáinis) SK (Slóvaicis) SL (Slóivéinis) SV (Sualainnis) |
|||||||||
|
Príomhtheanga: sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh |
||||||||||
agus |
|
||||||||||
|
Dara teanga (ní foláir di a bheith éagsúil le teanga 1): eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis |
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
|
, gur dheimhnigh tú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III. |
|||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas: |
|||
Triail (a) |
réasúnaíocht bhriathartha |
marcáil: 0 go 20 pointe pasmharc: 10 bpointe |
||
Triail (b) |
réasúnaíocht uimhríochta |
marcáil: 0 go 10 bpointe |
||
Triail (c) |
réasúnaíocht theibí |
marcáil: 0 go 10 bpointe |
||
|
pasmharc: 10 bpointe as triail (b) agus triail (c) le chéile |
|||
|
Teanga 2 (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis) |
|||
|
Sraith ceisteanna ilroghnacha féachaint d'inniúlacht a mheas maidir le breithiúnas suíomhúil. |
Ní chuirfear measúnú na trialach seo ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin ach mar chuidiú saineolach agus teicniúil don phróiseas cinnteoireachta i leith na n-iarrthóirí dá dtugtar cead isteach san ionad measúnaithe. |
||
|
Teanga 2 (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis) |
V. COMÓRTAS OSCAILTE
|
má fhaigheann tú (1) ceann de na marcanna is fearr (2) mar aon le pasmharc sna trialacha iontrála agus má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú agus tú ag clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III. (*) Deimhneofar an cead isteach ina dhiaidh sin faoi réir fhíorú na ndoiciméad tacaíochta atá ceangailte le do chomhad. Déanfar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta agus a bhfuil na marcanna is fearr faighte acu in imeachtaí an ionaid mheasúnaithe a mheas, in ord íslitheach, go dtí go sroichfear líon na n-iarrthóirí atáthar a lorg mar a fhógraítear san fhógra seo. Ní mheasfar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin. |
||||||||||||||||||||||||||
|
Iarrfar ort páirt a ghlacadh in imeachtaí ionaid mheasúnaithe a reáchtálfar sa Bhruiséil de ghnáth, ar feadh lá amháin. Déanfar thú a mheasúnú maidir le d'inniúlachtaí sainiúla sa réimse atá roghnaithe agat agus maidir leis na hinniúlachtaí ginearálta a leanas:
Tá sonraí maidir leis na hinniúlachtaí sin atá na hinstitiúidí a lorg ar fáil in Alt 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte. Scrúdófar na hinniúlachtaí sin sna bealaí seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||
|
Teanga 2: (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis) Scrúdófar an t-eolas atá agat ar do phríomhtheanga freisin (teanga 1) le linn an cás-staidéir. |
||||||||||||||||||||||||||
|
0 go 20 pointe le haghaidh d'inniúlachtaí sainiúla sa réimse Pasmharc: 10 bpointe 0 go 20 pointe le haghaidh gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta Pasmharc:
|
VI. PAINÉAL
|
Más duine de na hiarrthóirí thú (3) a bhfuil na pasmharcanna marcanna is fearr faighte acu sna codanna ar fad d'imeachtaí an ionaid mheasúnaithe (féach líon na n-iarrthóirí a roghnófar; Roinn I.1) agus má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, na coinníollacha incháilitheachta ar fad, cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal. |
||
|
Déanfar an liosta a tharraingt suas de réir réimse, de réir grúpaí fiúntais (ceithre ghrúpa ar a mhéid) agus in ord aibítre laistigh de gach grúpa fiúntais. |
VII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO. Spriocdháta: 15 Aibreán 2010 ag 12 (meán lae), am na Bruiséile |
||
|
Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na n-iarrthóirí thú dá dtugtar cead isteach san ionad measúnaithe, iarrfar ort iarratas iomlán a chur isteach (iarratas leictreonach sínithe agus doiciméid tacaíochta). Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO. Coinníollacha: féach Alt 2.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte. |
(1) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina bhfaighfidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.
(2) Tabharfar cead isteach san ionad measúnaithe do thart ar an trí oiread iarrthóirí i gcoibhneas le líon na n iarrthóirí atáthar a lorg mar a fhógraítear san fhógra seo agus poibleofar sin ar shuíomh EPSO (www.eu-careers.eu).
(3) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina bhfaighidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin go léir ar an bpainéall
IARSCRÍBHINN
1. RIARACHÁN POIBLÍ EORPACH
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse an Riaracháin Phoiblí Eorpaigh tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist; féadfaidh siad athrú ó institiúid go hinstitiúid:
— |
Cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur chun feidhme, a rialú agus obair iardain a dhéanamh orthu |
— |
Acmhainní a bhainistiú, lena n-áirítear foireann, airgeadas agus trealamh |
— |
Cúnamh a thabhairt do chinnteoirí trí bhíthin cuidiú scríofa nó ó bhéal |
— |
Nótaí faisnéise a dhréachtadh i gcomhair anailíse beartais |
— |
Cumarsáid sheachtrach mar aon le tuairisciú inmheánach agus cumarsáid inmheánach |
— |
Comhordú agus comhairliúchán idirshéirbhíse agus idirinstitiúideach, mar aon le caidreamh le geallsealbhóirí seachtracha |
2. Cáilíochtaí
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma mar fhianaise de.
2. DLÍ
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse an dlí tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme, comhairle dlíodóra agus comhairliúchán a thabhairt don lucht bainistíochta agus/nó d'aonaid oibriúcháin laistigh de na ranna atá acu chun a áirithiú go gcomhlíontar dlí an AE agus an dlí náisiúnta.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist; féadfaidh siad athrú ó institiúid go hinstitiúid:
— |
Cúnamh a thabhairt do chinnteoirí trí bhíthin cuidiú scríofa nó ó bhéal |
— |
Anailís, taighde, comhairle agus cúnamh dlíthiúil chomh maith le maoirseacht ar chúrsaí dlíthiúla |
— |
Doiciméid dhlíthiúla a dhréachtadh |
— |
Tuairisciú inmheánach agus cumarsáid inmheánach maidir le cúrsaí dlíthiúla |
— |
Comhordú agus comhairliúchán le seirbhísí eile maidir le saincheisteanna dlí |
— |
Acmhainní a bhainistiú, lena n-áirítear foireann, airgeadas agus trealamh |
— |
Cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur chun feidhme, a rialú agus obair iardain a dhéanamh orthu |
2. Cáilíochtaí
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma sa dlí mar fhianaise de.
nó
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma mar fhianaise de, agus cáilíocht lena gceadaítear duit feidhmiú mar dhlíodóir.
3. EACNAMAÍOCHT
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse na heacnamaíochta tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme, an anailís eacnamaíoch agus staitistiúil a thabhairt atá riachtanach chun beartais an AE a thionscnamh, a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a mheasúnú.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist; féadfaidh siad athrú ó institiúid go hinstitiúid:
— |
Cúnamh a thabhairt do chinnteoirí trí bhíthin cuidiú scríofa nó ó bhéal |
— |
Anailísiú straitéiseach beartais chomh maith le modhanna anailísithe beartais a shainiú agus a reáchtáil, lena n-áirítear go háirithe modhanna eimpíreacha i réimse na heacnamaíochta |
— |
Cumarsáid sheachtrach a bhaineann le beartas mar aon le tuairisciú agus cumarsáid inmheánach |
— |
Caidreamh le hinstitiúidí eile an AE agus le ranna inmheánacha eile chomh maith le caidreamh le geallsealbhóirí seachtracha, |
— |
Comhordú agus comhairliúchán le ranna maidir le beartas, |
— |
Measúnú riosca agus iarmharta, |
— |
Cláir agus pleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur chun feidhme, a rialú agus obair iardain a dhéanamh orthu, |
— |
Acmhainní a bhainistiú, lena n-áirítear foireann, airgeadas agus trealamh. |
2. Cáilíochtaí
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma san eacnamaíocht mar fhianaise de.
nó
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma mar fhianaise de agus cáilíocht iarchéime san eacnamaíocht.
4. INIÚCHÓIREACHT
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme.
Ag an ngrád seo, oibríonn siad i réimsí amhail iniúchóireacht airgeadais, feidhmíochta agus inmheánach. Soláthraíonn iniúchóirí seirbhísí comhairliúcháin agus ráthaíochta i réimsí oibriúcháin ar fad an Aontais Eorpaigh d'fhonn rialachas agus bainistiú a fheabhsú. D'fhéadfadh oibriúcháin sna 27 Ballstát a bheidh i gceist leis sin agus i dtríú tíortha freisin.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist; féadfaidh siad athrú ó institiúid go hinstitiúid:
— |
Iniúchóireacht sheachtrach, iniúchtaí airgeadais agus scrúduithe ar bhainistiú airgeadais fónta lena n-áirítear cur chun feidhme agus tuairisciú, |
— |
Cigireacht agus rialú seachtrach, córais rialaithe a fheabhsú, |
— |
Iniúchóireacht inmheánach, tacaíocht, comhairle agus oiliúint mhodheolaíoch, |
— |
Comhordú agus comhairliúchán idirsheirbhíse maidir le saincheisteanna iniúchóireachta, |
— |
Faisnéise agus comhairle maidir le saincheisteanna iniúchóireachta. |
2. Cáilíochtaí
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma atá ábhartha do na dualgais mar fhianaise de, nó oiliúint ghairmiúil/cáilíocht ghairmiúil de leibhéal coibhéiseach atá ábhartha do na dualgais sin.
Tabhair faoi deara go bhféadfaí a iarraidh ort cruthúnas oifigiúil a sholáthar i dtaobh na n-ábhar ar a ndearna tú staidéar d'fhonn go mbeidh sé níos éasca don bhord roghnúcháin a mheas an bhfuil do chuid cáilíochtaí ábhartha.
5. TEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE AGUS CUMARSÁIDE (TFC)
1. Dualgais
Is é ról ginearálta na riarthóirí i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide tacaíocht a thabhairt do na cinnteoirí agus misean a n-institiúide nó a gcomhlachta á chur chun feidhme. Go háirithe, déanann siad straitéis, beartais, nósanna imeachta, córais/bonneagair agus tionscadail TFC a shainiú, a chur chun feidhme, a bhainistiú agus obair iardain a dhéanamh orthu. Soláthraíonn siad saineolas do thacaíocht TF agus do bhainistiú conartha.
Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a bhíonn i gceist; féadfaidh siad athrú ó institiúid go hinstitiúid:
— |
Bainistiú tionscadal agus próiseas, |
— |
Monatóireacht, anailísiú agus bainistiú a dhéanamh ar tháirgí agus próisis TFC, i ndlúthchomhar le páirtithe inmheánacha agus seachtracha, |
— |
anailís agus comhairle theicniúil, lena n-áirítear cúnamh d'fhoireann tionscadail, |
— |
Comhordú agus comhairliúchán idirsheirbhíse, |
— |
Bainistiú conartha agus cur chun feidhme buiséid, |
— |
Acmhainní a bhainistiú, lena n-áirítear foireann, airgeadas agus trealamh. |
2. Cáilíochtaí
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma sa Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide mar fhianaise de.
nó
Ní mór leibhéal oideachais a bheith bainte amach agat arb ionann é agus cúrsa críochnaithe san ollscoil a mhair trí bliana ar a laghad agus a bhfuil dioplóma mar fhianaise de agus cáilíocht iarchéime sa Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide.