ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.CA2010.057.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

53
9 Márta 2010


Clár

Leathanach

 

V   Réamhfhógraí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2010/C /01

Treoir is infheidhme maidir leis na comórtais ghinearálta

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

(FR)

9

 

19

(FR)

23

(DE/ES/PT)

28

 

48

 

53

 

56

 

57

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 57 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo I dteangacha oifigiúla an Aontais.

GA

 


V Réamhfhógraí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

9.3.2010   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TREOIR IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA COMÓRTAIS GHINEARÁLTA

(2010/C 57 A/01)

Is cuid dhílis an treoir seo den fhógra comórtais agus ní foláir do na hiarrthóirí é a léamh agus eolas fúithi a bheith acu

CLÁR ÁBHAR

1.

RÉAMHRÁ

1.1.

CAD TÁ I gCEIST LE COMÓRTAS GINEARÁLTA?

1.2.

CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA?

2.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH?

2.1.

CLÁRÚCHÁN AR LÍNE

2.1.1.

CUNTAS EPSO A CHRUTHÚ

2.1.2.

SEICEÁIL GO GCOMHALLANN TÚ NA COINNÍOLLACHA CLÁRÚCHÁIN AGUS IONTRÁLA

2.1.3.

TÚ FÉIN A CHLÁRÚ AR LÍNE

2.1.3.1.

NÓS IMEACHTA CLÁRÚCHÁIN

2.1.3.2.

BEARTA SPEISIALTA LE HAGHAIDH NA DTRIALACHA AGUS NA DTÁSTÁLACHA

2.1.4.

IARRTHÓIRÍ A CHUR AS AN ÁIREAMH DE BHARR AN PHRÓISIS CHLÁRÚCHÁIN

2.2.

AN COMHAD IARRATAIS COMHLÁNAITHE A CHUR ISTEACH

2.2.1.

CAD TÁ I gCEIST LE COMHAD COMHLÁNAITHE?

2.2.2.

CÉ A CHAITHFIDH AN COMHAD A CHUR ISTEACH?

2.2.3.

CONAS COMHAD A CHUR ISTEACH?

2.2.4.

CÉ NA DOICIMÉID TACAÍOCHTA IS GÁ A CHUR FAOI IAMH LEIS AN GCOMHAD COMHLÁNAITHE?

2.2.4.1.

CÚRSAÍ GINEARÁLTA

2.2.4.2.

DOICIMÉID TACAÍOCHTA DO NA COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA

2.2.4.3.

DOICIMÉID TACAÍOCHTA DO NA COINNÍOLLACHA SONRACHA

2.2.4.4.

DOICIMÉID TACAÍOCHTA CHUN EOLAS AR THEANGACHA A CHRUTHÚ (MÁ IARRTAR IAD SAN FHÓGRA COMÓRTAIS)

3.

CUMARSÁID

3.1.

CUMARSÁID Ó EPSO CHUIG NA hIARRTHÓIRÍ

3.2.

CUMARSÁID Ó NA hIARRTHÓIRÍ CHUIG EPSO

4.

TRIALACHA IONTRÁLA

4.1.

CAD TÁ I gCEIST LE TRIAIL IONTRÁLA?

4.2.

CAD IAD NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA?

5.

CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

5.1.

SCRÚDÚ NA nIARRATAS

5.2.

AN tIONAD MEASÚNAITHE

5.3.

AN PAINÉAL

6.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

6.1.

IARRATAÍ AR FHAISNÉIS

6.2.

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ

6.3.

MODHANNA ACHOMHAIRC

6.4.

GEARÁN A DHÉANAMH LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

7.

EARCAÍOCHT

8.

ILGHNÉITHEACH

1.   RÉAMHRÁ

1.1.   CAD TÁ I gCEIST LE COMÓRTAS GINEARÁLTA?

Roghnaíonn na hinstitiúidí eorpacha a n-oifigigh don am atá le teacht trí chomórtais ghinearálta a eagrú. Is é atá i gceist leis na comórtais ghinearálta sraith scrúduithe trína dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht lena chéile. Is féidir le gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh a chomhallann na critéir riachtanacha páirt a ghlacadh sna comórtais sin. Leis an nós imeachta sin tugtar deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a n-inniúlacht a thaispeáint agus áirithítear leis roghnúchán atá bunaithe ar bhuanna na n-iarrthóirí, agus prionsabal na córa comhionainne á urramú.

Cuirtear ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo sa chomórtas ar phainéal óna n-earcaíonn na hinstitiúidí na daoine sin, bunaithe ar a riachtanais. Níl sé i gceist ar an ábhar sin post sonrach a sholáthar; níl i gceist ach painéal a chur le chéile óna n-earcófar daoine.

D'fhonn na hiarrthóirí is fearr a roghnú, ar bhonn na gcoinníollacha arna sainmhíniú san fhógra comórtais, ainmnítear bord roghnúcháin (1). Déanann an bord roghnúcháin measúnú comparáideach ar fheidhmíocht na n-iarrthóirí d'fhonn inniúlacht gach iarrthóra a mheas i dtaca leis na dualgais a shonraítear san fhógra a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní amháin go gcaithfidh siad leibhéal eolas na n-iarrthóirí a mheas ach caithfidh siad freisin a bheith in ann na daoine is fearr inniúlachta a aithint ar bhonn a mbuanna.

Féadtar na comórtais a eagrú:

mar chuid de chláir bhliantúla,

nó de réir shainriachtanas na n-institiúidí.

1.2.   CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA?

Tá iarrthóirí tallannacha, dúthrachtacha agus sár-cháilithe ina réimse féin, a bhfuil na hinniúlachtaí seo a leanas acu go háirithe, á lorg ag na hinstitiúidí:

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

An cumas príomhphointí ceisteanna casta a aimsiú agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus cinnte a cheapadh.

Cumarsáid

An cumas cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn.

Cáilíocht agus torthaí

An cumas freagrachtaí a ghlacadh agus a bheith tionscantach ar mhaithe le hobair d'ardchaighdeán a dhéanamh, laistigh de nósanna imeachta atá leagtha síos.

Foghlaim agus forbairt

An cumas scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a fhorbairt agus a fheabhsú.

Cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán

An cumas cúraimí a chur in ord tábhachtachta, obair go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil.

Buanseasmhacht

An cumas a bheith éifeachtach, fiú amháin nuair atá ualach mór oibre ann, deacrachtaí eagríochtúla a shárú ar bhealach dearfach agus a bheith i gcónaí in oiriúint don láthair oibre.

Oibriú i bhfoireann

An cumas a bheith ag comhoibriú le gar-chomhghleacaithe agus le comhghleacaithe i seirbhísí eile, ag cur san áireamh na difríochtaí eatarthu.

Tá inniúlacht eile ag teastáil i gcás poist de chineál AD (riarthóir):

Cumas stiúrtha

An cumas daoine a bhainistiú, a fhorbairt agus a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach.

2.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH?

Tá dhá chéim i gceist le hiarratas a chur isteach:

1.

Ar dtús, clárúchán ar líne;

2.

Ina dhiaidh sin, comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach. Mura shonraítear a mhalairt san fhógra comórtais, ní chaithfear an comhad sin a chur faoi bhráid EPSO ach ag céim níos faide amach sa phróiseas agus sin amháin má thugtar cuireadh duit, trí do chuntas EPSO, an comhad a sheoladh.

2.1.   CLÁRÚCHÁN AR LÍNE

1.

Cruthaigh cuntas EPSO, mura bhfuil sé déanta cheana.

2.

Seiceáil go cúramach go gcomhlíonann tú coinníollacha clárúcháin agus iontrála an chomórtais.

3.

Déan na trialacha idirghníomhacha atá ar fáil.

4.

Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne.

5.

Dearbhaigh agus cuir isteach do chlárúchán ar líne faoi cheann an spriocdháta.

2.1.1.   CUNTAS EPSO A CHRUTHÚ (2)

Le linn duit tú féin a chlárú, iarrfar ort logáil isteach i do chuntas EPSO atá ann nó, mura bhfuil cuntas agat go fóill, iarrfar ort cuntas a chruthú trí na treoracha ar líne a leanúint. Chun é sin a dhéanamh, ní foláir go bhfuil seoladh bailí ríomhphoist agat atá ag feidhmiú i gceart.

Is éard atá i gcuntas EPSO comhéadan leictreonach idir EPSO agus na hiarrthóirí. Trí bhíthin an chuntais is féidir teagmháil a dhéanamh leis na hiarrthóirí agus a sonraí pearsanta a choimeád agus a thabhairt cothrom le dáta agus taifead a choinneáil ar a n-iarratais, agus sonraí á gcosaint.

Níl cead agat níos mó ná cuntas EPSO amháin a chruthú (féach freisin pointe 2.1.4 den treoir seo). Leanfaidh an t-aon chuntas amháin seo de bheith bailí do gach iarratas amach anseo.

2.1.2.   SEICEÁIL GO GCOMHALLANN TÚ NA COINNÍOLLACHA CLÁRÚCHÁIN AGUS IONTRÁLA

Roimh gach clárúchán, ní folár duit na nithe seo a leanas a sheiceáil:

1.

Ní thagann an comórtas/an réimse/an brainse/an rogha dar mhaith leat tú féin a chlárú salach ar chomórtais/réimsí/brainsí/roghanna eile. Ní féidir leat, i gcásanna áirithe, tú féin a chlárú do níos mó ná comórtas/réimse/brainse/rogha amháin (féach freisin pointe 2.1.4 den treoir seo). Luaitear na cineálacha neamh-chomhoiriúnachta sin san fhógra comórtais.

2.

Comhallann tú na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha sonracha agus choinníollacha ginearálta, rud a thugann le tuiscint nach foláir duit bheith eolach, roimh ré, ar an bhfógra comórtais agus ar an dtreoir seo, agus go nglacann tú le téarmaí an fhógra comórtais agus le téarmaí na treorach.

Cé nach bhfuil aon teorainn aoise sna fógraí comórtais, tabhair faoi deara an aois scoir atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear anseo feasta ‘Rialacháin na nOifigeach’. Tá na Rialacháin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO.

2.1.3.   TÚ FÉIN A CHLÁRÚ AR LÍNE

2.1.3.1.   NÓS IMEACHTA CLÁRÚCHÁIN

Chun na críche sin, lean na treoracha a bhaineann leis na céimeanna difriúla ar shuíomh gréasáin EPSO.

B'fhéidir go n-iarrfar ort, chun críche cleachtaidh, roinnt trialacha idirghníomhacha a dhéanamh. Moltar go láidir duit na trialacha sin a dhéanamh toisc go dtugann siad léargas duit ar an leibhéal is gá do na trialacha iontrála don chomórtas sin.

Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an clárúchán ar líne i gcrích faoin spriocdháta. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an spriocdháta chun clárúchán a dhéanamh mar go bhféadfaí, toisc trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín, go mbeadh ort an próiseas clárúcháin ar líne a thosú athuair. Ní bheidh tú in ann clárú tar éis an spriocdháta le haghaidh clárúchán a dhéanamh.

Thairis sin, i ngeall ar líon na sonraí atá le cur isteach, tabhair faoi deara go dtógann an nós imeachta féin roinnt ama. Baineann an fhaisnéis a iarrtar go háirithe le:

do cháilíochtaí/oiliúint: an réimse staidéir, na treimhsí staidéir, an leibhéal agus an dáta ar a bhfuarthas an cháilíocht nó na cáilíochtaí,

do thaithí ghairmiúil (más gá a leithéid): ainm agus seoladh an fhostóra, na cineálacha cúraimí a bhí agat, dáta thús agus dheireadh na gcúraimí sin,

d'eolas ar theangacha,

d'inspreagthacht (sonraí le tabhairt).

Moltar go láidir duit an fhaisnéis sin go léir a bhailiú roimh dhuit dul i mbun an nós imeachta clárúcháin.

Tabhair faoi deara freisin a thábhachtaí atá sé an fhaisnéis a thabhairt go cruinn agus a cruinneas a fhíorú, mar go seiceáiltear í i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá san fhógra comórtais. Má thugtar faoi deara ag céim ar bith den nós imeachta nach bhfuil na sonraí a tugadh san fhoirm iarratais cruinn nó nach gcruthaítear iad leis na doiciméid tacaíochta ábhartha (féach pointe 2.2.4 den treoir seo), déanfar tú a dhícháiliú ón gcomórtas.

Chomh luath is a bheidh do chlárúchán seiceáilte go mion agus curtha i gcrích agat, ní fhéadfar é a athrú a thuilleadh, ós rud é go bpróiseálfaidh EPSO láithreach na sonraí atá ann chun na comórtais sin a eagrú. Maidir le nuashonrú do shonraí phearsanta, féach pointe 2.1.1.

Ní foláir aon fhadhb theicniúil a chur in iúl chomh luath agus is féidir trí bhíthin na foirme teagmhála atá foilsithe ar shuíomh gréasáin EPSO.

2.1.3.2.   BEARTA SPEISIALTA LE HAGHAIDH NA DTRIALACHA AGUS NA DTÁSTÁLACHA

(a)   Nuair atá tú i mbun clárúcháin

Má tá tú faoi mhíchumas éigin nó má tá imthosca speisialta i gceist a d'fhéadfadh deacrachtaí a chruthú le linn na dtástálacha, ní foláir duit tic a chur sa bhosca cuí ar an bhfoirm iarratais leictreonach agus na bearta is gá chun do rannpháirtíocht a éascú sna trialacha éagsúla agus sna tástálacha éagsúla a chur in iúl.

Chomh luath agus is féidir tar éis duit tú féin a chlárú, seol chuig EPSO an teastas dochtúra nó deimhniú ó chomhlacht inniúil a fhianaíonn do mhíchumas, ag brath ar an gcás:

tríd an ríomhphost: EPSO-accessibility@ec.europa.eu,

tríd an bhfacs: +32 22998081 ag lua ‘EPSO accessibility’,

tríd an bpost chuig an seoladh thíos:

Office européen de sélection du personnel (EPSO)

‘EPSO accessibility’

C-25

1049 Brussels

Belgium

Ní foláir uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarrthóra a lua.

Tar éis na doiciméid tacaíochta a scrúdú, féadfar bearta sonracha atá oiriúnaithe do gach cás a ghlacadh chun na riachtanais a mheastar a bheith réasúnach a shásamh, chomh fada agus is féidir.

(b)   Tar éis clárúcháin

Más ann do na himthosca atá tuairiscithe in 2.1.3.2 (a) tar éis an spriocdháta a socraíodh le haghaidh an chlárúcháin leictreonaigh, ní foláir duit é sin a chur in iúl do EPSO chomh luath agus is féidir. Léirigh i scríbhinn na bearta a mheasann tú a bheith riachtanach agus seol chugainn na doiciméid tacaíochta ábhartha tríd an ríomhphost, tríd an bhfacs nó tríd an bpost (féach na sonraí atá in 2.1.3.2 (a)).

2.1.4.   IARRTHÓIRÍ A CHUR AS AN ÁIREAMH DE BHARR AN PHRÓISIS CHLÁRÚCHÁIN

Áirithíonn EPSO go gcomhlíontar prionsabal na córa comhionainne. Sin an fáth, má thugann EPSO faoi deara ag céim ar bith den nós imeachta:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin,

gur chláraigh tú do chomórtais/do réimsí/do bhrainsí/do roghanna atá neamh-chomhoiriúnach,

gur thug tú dearbhuithe bréagacha,

go ndícháileofar tú.

Gearrfar pionós ort as gach calaois nó as gach iarracht ar chalaois. Tabhair faoi deara, dá bhrí sin, nach n-earcaíonn na hinstitiúidí ach na daoine is fearr ionracais.

2.2.   AN COMHAD IARRATAIS COMHLÁNAITHE A CHUR ISTEACH

2.2.1.   CAD TÁ I gCEIST LE COMHAD COMHLÁNAITHE?

Is comhad é ina bhfuil cóip de d'fhoirm iarratais, agus í sínithe, mar aon le cóip de na doiciméid tacaíochta ar fad is gá.

2.2.2.   CÉ A CHAITHFIDH AN COMHAD A CHUR ISTEACH?

Mura shonraítear a mhalairt san fhógra comórtais, ní chaithfidh ach na hiarrthóirí atá incháilithe don chéim sin agus a fuair cuireadh, trína gcuntas EPSO, an comhad a chur isteach.

2.2.3.   CONAS COMHAD A CHUR ISTEACH?

(1)

Priontáil, ó do chuntas EPSO, an fhoirm iarratais a sheol tú ar líne;

(2)

Cuir do shíneadh sa bhosca atá ann chuige sin;

(3)

Cuir faoi iamh na doiciméid tacaíochta go léir a iarrtar ort (féach 2.2.4) agus iad uimhrithe agat roimh ré;

(4)

Cuir faoi iamh innéacs uimhrithe de na doiciméid tacaíochta go léir a ghabhann le do chomhad;

(5)

Cuir isteach do chomhad de réir na rialacha mionsonraithe agus faoin spriocdháta a thugtar i do chuireadh.

Más rud é nach sonraítear san fhógra comórtais nach foláir an comhad a sheoladh ag an am céanna leis an gclárúchán ar líne, ní chuirfidh EPSO san áireamh ná ní sheolfaidh siad ar ais chuig na hiarrthóirí, na comhaid a cuireadh isteach gan chuireadh. I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí, scriosfar na comhaid sin.

2.2.4.   CÉ NA DOICIMÉID TACAÍOCHTA IS GÁ A CHUR FAOI IAMH LEIS AN GCOMHAD COMHLÁNAITHE?

2.2.4.1.   CÚRSAÍ GINEARÁLTA

Ná cuirtear bundhoiciméid faoi bhráid EPSO. Ní gá a chur faoi iamh ach cóipeanna neamhdheimhnithe de na doiciméid is gá. Ní ghlacfar le tagairtí do shuíomhanna gréasáin mar dhoiciméid chun na críocha seo. Ní ghlacfar le leathnaigh ghréasáin priontáilte mar dheimhnithe, ach féadfar iad a chur faoi iamh mar fhaisnéis bhreise ag gabháil leis na doiciméid tacaíochta agus mar fhaisnéis bhreise amháin.

Agus d'iarratas á chomhlánú agat, ní féidir leat tagairt a dhéanamh d'fhoirmeacha iarratais nó do dhoiciméid a bhí faoi iamh le hiarratas a cuireadh isteach roimhe seo. Ní sheolfar aon cheann de na doiciméid a bhaineann le hiarratais eile ar ais chugat.

Maidir leis na daoine a ainmnítear ar an bpainéal agus a dtairgtear post dóibh, tabhair faoi deara sular féidir iad a earcú nach foláir dóibh, chun críocha deimhnithe, cóipeanna bunaidh de na doiciméid go léir a iarrtar, go háirithe a gcáilíochtaí, a sholáthar.

2.2.4.2.   DOICIMÉID TACAÍOCHTA DO NA COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA

Chun a chruthú:

go bhfuil an tsaoránacht is gá agat:

cuir faoi iamh cóip de dhoiciméad a chruthaíonn do shaoránacht (pas, cárta aitheantais nó aon doiciméad oifigiúil eile ina luaitear go sonrach do shaoránacht, nach mór a bheith i bhfeidhm ag an spriocdháta don chlárú ar líne).

Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:

go bhfuil tú i dteideal do láncheart mar shaoránach,

go bhfuil aon oibleagáid a cheanglaíonn an dlí ort i dtaca le seirbhís mhíleata comhalta agat,

go bhfuil na riachtanais charachtair agat a theastaíonn chun na dualgais i gceist a chomhall.

Is trí bhíthin do shínithe ar an bhfoirm iarratais a dhearbhaíonn tú ar d'onóir go gcomhallann tú na coinníollacha sin.

2.2.4.3.   DOICIMÉID TACAÍOCHTA DO NA COINNÍOLLACHA SONRACHA

Ba cheart duit an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a sholáthar don bhord roghnúcháin chun go bhféadfaidh an bord a sheiceáil go gcomhallann tú na coinníollacha arna leagan amach san fhógra comórtais agus faoin dáta atá socraithe san fhógra sin.

1.

Cáilíocht agus/nó deimhnithe a fhianaíonn gur éirigh leat i do chuid staidéir. Maidir leis na cáilíochtaí tríú leibhéal, moltar duit faisnéis atá chomh mionsonraithe agus is féidir a chur faoi iamh, go háirithe maidir leis na hábhair a rinne tú agus fad na tréimhse staidéir sin, ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann ábharthacht do cháilíochta i ndáil leis na dualgais a mheas. Má fuair tú oiliúint theicniúil nó ghairmiúil, nó má rinne tú cúrsa oiliúna breise nó cúrsa speisialtóireachta, ní foláir duit a léiriú cibé an cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó cúrsa oíche a bhí ann, chomh maith leis na hábhair a rinne tú agus fad oifigiúil na gcúrsaí sin.

I ndáil leis seo, déanfaidh an bord roghnúcháin na struchtúir oideachais dhifriúla a chur san áireamh. Ar shuíomh gréasáin EPSO tá samplaí de na cáilíochtaí íosta a iarrtar de réir catagóire. D'fhéadfaí ceanglais níos déine a fhorchur sna fógraí comórtais.

2.

Taithí ghairmiúil (má iarrtar í san fhógra comórtais)

Tá sé tábhachtach go sonraíonn tú na cineálacha cúraimí a bhí ort a mhéad agus is féidir ionas go bhféadfaidh an bord roghnúcháin ábharthacht do thaithí i ndáil leis na dualgais a mheas. Ní mór na doiciméid tacaíochta seo a leanas a sholáthar le haghaidh gach tréimhse gníomhaíochta gairmiúla:

deimhnithe ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha lena bhfianaítear an taithí ghairmiúil atá éigeantach chun páirt a ghlacadh sa chomórtas; ní foláir go luaitear sna deimhnithe sin na cineálacha cúraimí a bhí agat, dáta tosaithe agus dáta deiridh na gcúraimí sin, chomh maith lena leibhéal,

mura féidir leat deimhnithe fostóirí a chur faoi iamh, féadfar fótachóipeanna den chonradh oibre nó de na conarthaí oibre chomh maith leis an gcéad duillín pá agus an duillín pá deiridh a chur in ionad na ndeimhnithe sin agus tuairisc mhionsonraithe ar na cúraimí a bhí ort a bheith ina dteannta,

maidir le fostaíocht ghairmiúil gan tuarastal (féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha), féadfar glacadh le sonraisc nó le foirmeacha ordaithe ina sonraítear na cúraimí a bhí ort, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha,

i gcás na gcomórtas le haghaidh ateangairí comhdhála, ina bhfuil taithí ghairmiúil riachtanach, ní chuirfear san áireamh ach na doiciméid lena gcruthaítear go mbaineann an taithí go sonrach le hateangaireacht chomhdhála agus lena sonraítear go soiléir an méid laethanta oibre a bhí i gceist agus na teangacha a ndéantar ateangaireacht uathu agus iontu.

2.2.4.4.   DOICIMÉID TACAÍOCHTA CHUN EOLAS AR THEANGACHA A CHRUTHÚ (MÁ IARRTAR IAD SAN FHÓGRA COMÓRTAIS)

Go ginearálta, ní iarrtar aon doiciméad tacaíochta don choinníoll seo, ach amháin i gcás comórtas áirithe le haghaidh teangeolaithe (féach ar an bhfógra comórtais). I gcás na gcomórtas sin agus i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, ní foláir an t-eolas ar na teangacha a iarrtar a chruthú le cáilíocht, nó nóta ar bhileog ar leith, lena mínítear conas a fuair tú d'eolas ar na teangacha sin.

3.   CUMARSÁID

D'fhonn a ráthú go mbeidh na téacsanna ginearálta agus na teachtaireachtaí chuig na hiarrthóirí nó a bhfaighfear uathu soiléir agus intuigthe, déanfar na cuirí chuig na trialacha éagsúla agus gach comhfhreagras idir EPSO agus na hiarrthóirí a chur in iúl i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis.

3.1.   CUMARSÁID Ó EPSO CHUIG NA hIARRTHÓIRÍ

Déanfar do thorthaí agus gach cuireadh a chur chugat trí do chuntas EPSO amháin.

Ba cheart duit dul chun cinn an chomórtais a leanúint agus an fhaisnéis a bhaineann leat a sheiceáil trí dhul isteach i do chuntas EPSO ar bhonn rialta, dhá uair sa tseachtain ar a laghad.

Mura féidir leat an fhaisnéis seo a sheiceáil, mar gheall ar fhadhb theicniúil a bhaineann le EPSO, is ortsa atá an fhreagracht an méid sin a chur in iúl do EPSO láithreach (féach 3.2).

Is féidir faisnéis ghinearálta faoi chéimeanna na gcomórtas a fháil ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

3.2.   CUMARSÁID Ó NA hIARRTHÓIRÍ CHUIG EPSO

Le haghaidh gach comhfhreagrais, ní mór duit dul i dteagmháil le EPSO trí bhíthin na foirme teagmhála atá foilsithe ar an suíomh, tar éis a dheimhniú nach bhfuil an fhaisnéis atá uait san fhógra comórtais féin ná sa doiciméad seo, ná ar shuíomh gréasáin EPSO ná i measc na ‘ceisteanna coitianta’ (3).

D'fhonn neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a ráthú, ní cheadaítear do na hiarrthóirí aon teagmháil dhíreach nó indíreach a dhéanamh le comhaltaí an bhoird roghnúcháin agus féadfar iarrthóirí a sháróidh an riail seo a dhícháiliú. Caithfear gach comhfheagras chuig an mbord roghnúcháin a sheoladh chuig EPSO amháin agus cuirfidh EPSO an comhfhreagras sin ar aghaidh chuig an mbord.

Áirithíonn EPSO go gcuirtear i bhfeidhm prionsabail an chóid dea-chleachtais riaracháin (4), go háirithe fad is a bhaineann le comhfhreagras chuig na hiarrthóirí. Tá sé de cheart ag EPSO, áfach, de réir phrionsabal an chóid sin, deireadh a chur le gach comhfhreagras má fhaigheann sé comhfhreagras ó na hiarrthóirí atá achainíoch, toisc é a bheith liodánach, tarcaisneach agus/nó gan baint a bheith aige le hábhar.

Maidir le gach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas a cuireadh isteach faoi ainm áirithe, ní foláir an t-ainm sin, uimhir an chomórtais agus an uimhir a tugadh don duine sin nuair a rinneadh an clárúchán ar líne a lua.

4.   TRIALACHA IONTRÁLA

4.1.   CAD TÁ I gCEIST LE TRIAIL IONTRÁLA?

I gcás na gcomórtas a dhéanann foráil dá leithéid, eagraíonn EPSO trialacha iontrála roimh chéim na gcomórtas ginearálta de réir na gcoinníollacha a leagtar amach san fhógra comórtais. Déantar na trialacha iontrála sin ar ríomhaire, i lárionaid atá speisialaithe don chineál seo trialach.

4.2.   CAD IAD NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA?

Má chomhallann tú na critéir a iarrtar san fhógra comórtais chun na trialacha iontrála a dhéanamh, tabharfar cuireadh duit, trí do chuntas EPSO, dáta a chur in áirithe laistigh de thréimhse a chuirfear in iúl duit sa chuireadh. Go hiondúil, déantar roinnt dátaí agus roinnt ionad a thairiscint duit.

Cuirfear in iúl duit liosta na n-ionad sin, atá lonnaithe ar chríoch an Aontais Eorpaigh (agus más gá i dtríú tíortha áirithe), trí do chuntas EPSO. D'fhéadfaí go mbeadh teorainn le dátaí áirithe i lárionaid áirithe más rud é nach bhfuiltear ag súil le mórán iarrthóirí do na lárionaid sin.

Ag brath ar an gcomórtas ar ar chuir tú isteach, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith mar chuid de na trialacha iontrála:

triail réasúnaíochta briathartha,

triail réasúnaíochta uimhríochta,

triail réasúnaíochta teibí,

triail nó trialacha sa réimse a roghnaigh tú.

Le linn chéim na dtrialacha iontrála, féadfar an triail seo a leanas a eagrú chomh maith:

triail chun do bhreithiúnas suíomhúil a mheas.

D'fhonn taithí a thabhairt duit ar thriail a dhéanamh ar ríomhaire, cuirfear hipearnasc chuig clár teagaisc agus samhail de thriail faoi iamh sa chuireadh duit.

Ceartóidh an ríomhaire na trialacha iontrála.

5.   CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

5.1.   SCRÚDÚ NA nIARRATAS

Scrúdú:

1.

ar inghlacthacht an iarratais;

2.

ar na coinníollacha ginearálta;

3.

ar na coinníollacha sonracha.

Seiceálann EPSO d'iarratas féachaint an bhfuil sé inghlactha, is é sin le rá ar cuireadh isteach faoin spriocdháta é agus de réir na rialacha mionsonraithe a sonraíodh san fhógra comórtais. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarratais a chomhallann na coinníollacha sin.

Má tá d'iarratas inghlactha, déanfar scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha, de réir rialacha mionsonraithe an fhógra comórtais, ar bhonn na faisnéise atá san fhoirm iarratais a cuireadh isteach ar líne, faisnéis a sheiceálfar níos déanaí sa phróiseas ar bhonn doiciméad tacaíochta. I gcomórtais áirithe, déantar an scrúdú sin díreach ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta.

Ní foláir na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha ginearálta agus choinníollacha sonracha, a chomhall faoin dáta nó faoi na dátaí atá leagtha síos san fhógra comórtais.

Ní chuirfear san áireamh ach na hiarratais a chomhallann na coinníollacha go léir atá leagtha síos san fhógra comórtais.

5.2.   AN tIONAD MEASÚNAITHE

Faoi na nósanna imeachta nua comórtais, baineann EPSO úsáid as múnla a nglaotar ‘Ionad Measúnaithe’ air. Tá an múnla seo bunaithe ar inniúlachtaí. Roghnaigh na hinstitiúidí an múnla seo d'fhonn na hiarrthóirí is oiriúnaí agus is inniúla a aithint don phróifíl a iarrtar. Tar éis chéim na dtrialacha iontrála (más ann dóibh), tugtar cuireadh do na hiarrthóirí roinnt trialacha a dhéanamh. Go hiondúil, déantar na trialacha sin sa Bhruiséil.

Ag an Ionad Measúnaithe, déanfar na hiarrthóirí a mheas trí úsáid a bhaint as modhanna cuí a bhféadfar, ag brath ar an gcomórtas, na nithe seo a leanas a bheith iontu:

cás-staidéar sa réimse roghnaithe,

tascanna a bhaineann le hinniúlachtaí gairmiúla,

cur i láthair ó bhéal,

agallamh struchtúrtha,

gníomhaíocht i ngrúpa,

tástálacha teanga praiticiúla,

triail réasúnaíochta briathartha (5),

triail réasúnaíochta uimhríochta (5),

triail réasúnaíochta teibí a mheas (5);

triail chun do bhreithiúnas suíomhúil a mheas (5).

Beidh míniú mionsonraithe ar na nithe sin sa bhróisiúr ‘Ionad Measúnaithe’ a thabharfar do na hiarrthóirí a gheobhaidh cuireadh páirt a ghlacadh sa chéim seo. Féach ar an bhfógra comórtais chun eolas a fháil faoi na nithe a mbainfear úsáid astu i do chomórtas.

Déanfar gach faisnéis is gá a chur in iúl duit trí do chuntas EPSO.

5.3.   AN PAINÉAL

Ag deireadh an nós imeachta comórtais, cuirfidh an bord roghnúcháin painéal le chéile ar a mbeidh ainmneacha na ndaoine ar éirigh leo sa chomórtas. Cuirfear an liosta ar aghaidh ansin chuig na hinstitiúidí agus is iad siúd amháin a bheidh freagrach as an earcaíocht. Tabhair faoi deara go gcuirfear ar aghaidh chuig na hinstitiúidí doiciméad a nglaotar ‘taifead inniúlachtaí’ air, doiciméad ar a mbeidh na torthaí a fuair tú ón Ionad Measúnaithe, agus féadfaidh na hinstitiúidí an doiciméad seo a úsáid agus daoine á n-earcú acu chomh maith len é a úsáid chun críocha forbartha gairme.

Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí ar an bpainéal, maille le dáta éaga an phainéil, a fhoilsiú (6) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO. Féadfar ré an phainéil sin a fhadú i gcásanna áirithe. Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a fhoilseofar an cinneadh maidir le fadú.

6.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

6.1.   IARRATAÍ AR FHAISNÉIS

Faoi na nósanna imeachta comórtais aithnítear go bhfuil ceart sonrach ag iarrthóirí rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos.

Sa chomhthéacs sin is féidir leat an fhaisnéis seo a leanas a fháil:

(1)   Céim na dtrialacha iontrála ar ríomhaire

Cumarsáid éigeantach

Do thorthaí sna trialacha. Ní fheicfear sna torthaí sin foclaíocht na gceisteanna ná na bhfhreagraí orthu, ina ionad sin feicfear tagairtí do na freagraí a roghnaigh tú chomh maith le tagairtí do na freagraí cearta.

Tabhair faoi deara, gurb é EPSO amháin a bhainistíonn an bunachar ceisteanna a úsáidtear sna trialacha seo, agus atá freagrach as soiléireacht agus iomláine an méid atá ann. Tá coiste comhairliúcháin idirinstitiúideach de chúnamh ag EPSO, a bhfuil sé de chúram air, go háirithe, tráchtaí nó gearáin a d'fhéadfadh teacht ó na hiarrthóirí maidir le ceisteanna sonracha a scrúdú.

(2)   Céim an Lárionaid Mheasúnaithe

A.   Cumarsáid éigeantach

Ach amháin más rud é nár chríochnaigh tú na tástálacha, na marcanna go léir a fuair tú de réir inniúlachta a ndearnadh measúnú uirthi (inniúlachtaí sonracha sa réimse a roghnaigh tú agus inniúlachtaí ginearálta) chomh maith le do thaifead inniúlachtaí.

B.   Cumarsáid ar iarratas amháin

Cóip de do fhreagraí sna tástálacha scríofa nó praiticiúla.

Ní mór d'iarrthóirí aon iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh go leictreonach chuig EPSO, trí leathanach teagmhála shuíomh gréasáin EPSO, laistigh de 10 lá féilire tar éis a dtorthaí sa chomórtas a bheith curtha in iúl dóibh.

Déileálfar le hiarrataí ag féachaint do rúndacht imeachtaí na mbord roghnúcháin dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne (Iarscríbhinn III, Airteagal 6) agus i gcomhréir leis an Rialachán maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

6.2.   IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ

Féadfaidh tú iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach sna cásanna seo a leanas:

más rud é nár chloígh EPSO leis na forálacha lena rialaítear an nós imeachta comórtais,

más rud é nár chloígh an bord roghnúcháin leis na forálacha lena rialaítear a chuid oibre.

Tabhair faoi deara go bhfuil lánrogha ag an mbord roghnúcháin agus cinneadh á dhéanamh aige cé an bhfuil nó nach bhfuil do fhreagraí ceart nó mícheart.Dá bharr sin, ach amháin más rud é gur léir go ndearnadh earráid dlí nó earráid fíorais, ní fiú do mharcanna a chonspóid.

Cuirfidh EPSO do litir ar aghaidh chuig Cathaoirleach an bhoird roghnúcháin más de chúram an bhoird é agus cuirfear freagra chugat a luaithe is féidir.

Nósanna imeachta:

Laistigh de 10 lá féilire ón dáta a chuir EPSO an litir ar líne chugat, ní foláir duit d'iarraidh a chur isteach, agus cúis chuí a bheith leis:

ar líne, trí bhíthin na foirme teagmhála atá foilsithe ar shuíomh gréasáin EPSO,

nó tríd an bhfacs ag an uimhir seo a leanas: (+32) 22979611.

Léirigh mar ábhar na litreach:

uimhir an chomórtais,

d'uimhir iarrthóra,

luaigh an nath ‘demande de réexamen’, ‘request for review’, ‘Antrag auf Überprüfung’ (roghnaigh ceann acu)

luaigh cibé céim (7) den chomórtas lena mbaineann (mar shampla: trialacha iontrála, níor glacadh le d'iarratas, ionad measúnaithe).

6.3.   MODHANNA ACHOMHAIRC

Ag céim ar bith den chomórtas, má mheasann tú nár ghníomhaigh EPSO ná an bord roghnúcháin ar bhealach cothrom ná nár chloígh siad:

leis na forálacha ginearálta lena rialaítear an nós imeachta comórtais, nó

le forálacha an fhógra comórtais,

agus sa chaoi sin go ndéantar dochar duit, féadfaidh tú dul ar iontaoibh na modhanna seo a leanas:

is féidir leat gearán riaracháin a dhéanamh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh,

tríd an bpost chuig an seoladh thíos:

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

Comórtas Ginearálta EPSO/… (uimhir an chomórtais)

C-25

1049 An Bhruiséil

AN BHEILG

nó trí leathanach teagmhála shuíomh gréasáin EPSO.

Léirigh mar ábhar na litreach:

uimhir an chomórtais,

d'uimhir iarrthóra,

luaigh an nath ‘réclamation article 90, §2’, ‘complaint article 90 §2’, ‘Beschwerde Artikel 90, Absatz 2’ (roghnaigh ceann acu),

luaigh cibé céim (7) den chomórtas lena mbaineann.

Tabhair faoi deara go bhfuil cumhachtaí lánroghnacha ag na boird roghnúcháin.

Ní fiú gearán a thaisceadh i gcoinne chinneadh an bhoird roghnúcháin. Tá an bord roghnúcháin neamhspleách agus ní dhéanfaidh stiúrthóir EPSO a chinntí a leasú. Níl na cumhachtaí lánroghnacha atá ag na boird roghnúcháin faoi réir athbhreithniú mura ndéantar sárú soiléir ar na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta na mbord roghnúcháin. Sa chás sin , féadfar cinneadh an bhoird roghnúcháin a ionsaí go díreach i gCúirteanna de chuid an Aontas Eorpaigh agus ní gá sa chás sin go mbeadh gearán déanta roimh ré faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

is féidir achomhairc bhreithiúnacha a thionscnamh faoi Airteagal 270 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

An Binse um Sheirbhís Shibhialta

Boulevard Konrad Adenauer

2925 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Tabhair do d'aire nach nglacfar le hachomhairc chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh ar achomhairc iad a bhaineann le hearráid le linn na dtrialacha iontrála nó le hiomrall breithiúnais i ndáil leis na coinníollacha iontrála ginearálta, rudaí nach de chúram an bhoird iad, ach amháin más rud é go ndearnadh gearán riaracháin roimh ré faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne de réir na rialacha mionsonraithe a thuairiscítear faoin bpointe seo.

Le haghaidh na rialacha mionsonraithe chun achomhairc bhreithiúnacha a thionscnamh, téigh go dtí suíomh gréasáin Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh: http://curia.europa.eu/jcms/jcms/T5_5230.

Tiocfaidh na teorainneacha ama chun an dá chineál nós imeachta seo a thionscnamh (féach na Rialacháin Foirne mar atá arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 ón gComhairle an 22 Márta 2004, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 124 an 27 Aibreán 2004 — http://eur-lex.europa.eu) i bhfeidhm tráth a gcuirfear in iúl an gníomh a líomhnaítear go ndéanann sé dochar do do leasanna.

6.4.   GEARÁN A DHÉANAMH LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Fearacht saoránach uile an Aontais, féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid:

An tOmbudsman Eorpach,

1 avenue du Président Robert Schuman —

CS 30403

67001 Strasbourg Cedex

An Fhrainc

http://www.ombudsman.europa.eu/media/ga/default.htm

Tabhair faoi deara nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag gearán chuig an Ombudsman ar an tréimhse atá leagtha síos in Airteagail 90(2) agus 91 faoi seach de na Rialacháin Foirne chun gearán a thaisceadh nó chun achomharc a dhéanamh os comhair Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tabhair faoi deara freisin nach foláir duit, faoi Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta a rialaíonn feidhmiú dhualgais an Ombudsman, na nósanna imeachta cuí riaracháin atá ar bun ag na comhlachtaí lena mbaineann a chomhlíonadh sula gcuirfidh tú aon ghearán faoi bhráid an Ombudsman.

7.   EARCAÍOCHT

Má tá d'ainm ar an bpainéal, féadfaidh institiúid cuireadh chun agallaimh a thabhairt duit, ach ní ionann sin agus tú bheith i dteideal post a fháil in institiúid ná ní ionann é agus ráthú ar phost in institiúid.

Déanfar an earcaíocht, i gcomhréir leis na forálacha reachtacha, de réir riachtanais na seirbhísí agus na n-acmhainní buiséadacha. Déanfar an earcaíocht seo ag an ngrád atá luaithe san fhógra comórtais.

Ag brath ar an gcineál fostaíochta, féadfar conradh sealadach a thairiscint duit ar dtús má tá tú ar an bpainéal; sa chás sin, coimeádfar d'ainm ar an bpainéal.

De réir na Rialachán Foirne, beidh an deis ag oifigeach tráth ar bith le linn a ghairmréime, aistriú a iarraidh chuig institiúid nó chuig gníomhaireacht eile. Tabhair faoi deara áfach, chun leas na seirbhíse, nach féidir le hoifigigh nua-earcaithe aistriú i rith na chéad trí bliana seirbhíse ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo. Tá gach aistriú faoi réir aontú ón institiúid nó ón ngníomhaireacht a d'earcaigh an t-oifigeach i dtosach agus ón institiúid nó ón ngníomhaireacht a fuair an t-iarraidh ar aistriú.

8.   ILGHNÉITHEACH

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na nithe seo a leanas a fháil ar shuíomh gréasáin EPSO:

aisíocaíocht ar chostais taistil na n-iarrthóirí,

comhdheiseanna,

cosaint sonraí,

díolaíochtaí agus sochair slándála sóisialta.


(1)  Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh chéim an Ionaid Mheasúnaithe.

(2)  Tugtar an téarma seo i dtrí theanga ar shuíomh gréasáin EPSO:

 

DE (Gearmáinis): EPSO-Konto,

 

EN (Béarla): EPSO account,

 

FR (Fraincis): Compte EPSO.

(3)  Le fáil faoin teideal ‘CC-anna (FAQ)’ ar shuíomh gréasáin EPSO.

(4)  IO L 267, 20.10.2000, lch. 63.

(5)  Mura ndearnadh iad le linn chéim na dtrialacha iontrála, más gá.

(6)  Má iarrann duine ar éirigh leis sa chomórtas é, ní fhoilseofar a ainm. Ní foláir go bhfaighidh EPSO an iarraidh sin dhá sheachtain ar a dhéanaí tar éis éisiúint na dtorthaí.

(7)  Caithfear na tagairtí seo a bheith in DE/EN/FR amháin.