ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.C_2009.290.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

52
30 Samhain 2009


Clár

Leathanach

 

Ceartúchán

2009/C /01

Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007 (IO C 306, 17.12.2007)

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 290 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA

 


Ceartúchán

30.11.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH

maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh, an 27 Samhain 2009 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

a)

Leathanach 14, Airteagal 1, pointe 12, san abairt dheireanach den téacs nua d'Airteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

In ionad:

‘Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.’

Léitear:

‘Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.’

b)

Leathanach 17, Airteagal 1, pointe 16, san abairt dheireanach de mhír 3 sa téacs nua d'Airteagal 9b den Chonradh ar an Aontas Eorpach

In ionad:

‘3.

Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile faoi dhó gach sé mhí arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éileoidh an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Nuair a éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh an tUachtarán cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach a chomóradh.’

Léitear:

‘3.

Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile faoi dhó gach sé mhí arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éileoidh an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Nuair a éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh.’

c)

Leathanach 21, Airteagal 1, pointe 19, an dara mír

In ionad:

‘2.

Seolfaidh an tArdionadaí comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé trína thograí nó leis an mbeartas sin a fhorbairt agus feidhmeoidh sé é faoi mar a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.’

Léitear:

‘2.

Seolfaidh an tArdionadaí comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé trína thograí leis an mbeartas sin a fhorbairt agus feidhmeoidh sé é faoi mar a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.’

d)

Leathanach 27, Airteagal 1, pointe 30, téacs Airteagal 13a nua, mír 1

In ionad:

‘1.

Rannchuideoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a rachaidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a ullmhú trína thograí agus áiritheoidh sé cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle.’

Léitear:

‘1.

Rannchuideoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a rachaidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a fhorbairt trína thograí agus áiritheoidh sé cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle.’

e)

Leathanach 28, Airteagal 1, pointe 34, san abairt réamhráiteach

In ionad:

‘34)

Cuirtear Airteagal 115b isteach a bhfuil foclaíocht Airteagal 23 aige fairis na leasuithe seo a leanas:’

Léitear:

‘34)

Cuirtear Airteagal 15b isteach a bhfuil foclaíocht Airteagal 23 aige fairis na leasuithe seo a leanas:’

f)

Leathanach 29, Airteagal 1, pointe 34, mír (b), an dara fleasc:

In ionad:

‘—

nuair a ghlacfaidh sí cinneadh lena saineofar gníomh nó seasamh Aontais, …’

Léitear

‘—

nuair a ghlacfaidh sí cinneadh lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais, …’

g)

Leathanach 31, Airteagal 1, pointe 39, mír (a)

In ionad:

‘(a)

sa chéad mhír, cuirtear ‘toscaireachtaí an Aontais’ in ionad ‘Toscaireachtaí an Choimisiúin’ agus cuirtear ‘… na cinntí lena saineofar seasaimh agus gníomhartha Aontais arna nglacadh de bhua na Caibidle seo a chomhlionadh agus a chur chun feidhme.’ in ionad ‘… na comhsheasaimh agus na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna nglacadh ag an gComhairle a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme’;’

Léitear:

‘(a)

sa chéad mhír, cuirtear ‘toscaireachtaí an Aontais’ in ionad ‘Toscaireachtaí an Choimisiúin’ agus cuirtear ‘… na cinntí lena saineofar seasaimh agus gníomhaíochtaí Aontais arna nglacadh de bhua na Caibidle seo a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme.’ in ionad ‘… na comhsheasaimh agus na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna nglacadh ag an gComhairle a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme.’;’

h)

Leathanach 31, Airteagal 1, pointe 39, mír (b)

In ionad:

‘(b)

sa dara mír, cuirtear ‘… trí fhaisnéis a mhalartú agus trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.’ in ionad ‘… trí fhaisnéis a mhalartú, trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh …’ agus scriostar ‘agus trí rannchuidiú leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh’;’

Léitear:

‘(b)

sa dara mír, cuirtear ‘… trí fhaisnéis a mhalartú agus trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.’ in ionad ‘… trí fhaisnéis a mhalartú, trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh …’ agus scriostar ‘agus trí rannchuidiú leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur chun feidhme.’;’

i)

Leathanach 38, Airteagal 1, pointe 51

Cuirtear an abairt seo a leanas roimh an abairt dheireanach:

‘Aisghairtear Airteagail 34, 35, 37, 38 agus 39.’.

j)

Leathanach 42, Airteagal 2, pointe 2(f)

In ionad:

‘(f)

seachas sa chéad mhír d'Airteagal 193, …’,

Léitear:

‘(f)

seachas sa tríú mír d'Airteagal 21 agus sa chéad mhír d'Airteagal 193, …’.

k)

Leathanach 52, Airteagal 2, pointe 34(a), san abairt dheireanach den téacs nua d'Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

In ionad:

‘(a)

i mír 1, cuirtear ‘Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta’ in ionad ‘Comhlánóidh saoránacht an Aontais an tsaoránacht náisiúnta’;’

Léitear:

‘(a)

i mír 1, cuirtear ‘Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta’ in ionad ‘Comhlánóidh saoránacht an Aontais an tsaoránacht náisiúnta’;’

l)

Leathanach 55, Airteagal 2, pointe 49(d)

In ionad:

‘(d)

sa fhrása tosaigh de mhír 3 a athuimhrítear mar mhír 4, cuirtear ‘I gcomhréir le mír 2, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta’ in ionad ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de réir mhír 1, an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta’;’

Léitear:

‘(d)

i mír 3 a athuimhrítear mar mhír 4, is tagairt do mhír 2 nua an tagairt do mhír 2, agus cuirtear: ‘I gcomhréir le mír 2, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é:…’ in ionad ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de réir mhír 1, an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é:…’;’

m)

Leathanach 94, Airteagal 2, pointe 166(a)

In ionad:

‘1.

Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, agus go háirithe d'Airteagail 188d go 188g, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a bheartais eachtraigh. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.’

Léitear:

‘1.

Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, agus go háirithe d'Airteagail 188d go 188g, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta seachtraí. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.’

n)

Leathanach 99, Airteagal 2, pointe 175, Airteagal 188p, an dara mír

In ionad:

‘2.

Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an tAirteagal seo a chur chun feidhme.’

Léitear:

‘2.

Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún an tAirteagal seo a chur chun feidhme.’

o)

Leathanach 114, Airteagal 2, pointe 236, Airteagal 249b

In ionad:

‘b)

ní fhéadfaidh an gníomh arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an bParlaimint nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse arna socrú le gníomh reachtach.’

Léitear:

‘b)

ní fhéadfaidh an gníomh arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an bParlaimint nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse arna socrú leis an ngníomh reachtach.’

p)

Leathanach 130, Airteagal 2, pointe 282

In ionad:

‘282)

Ag tús Airteagal 283, cuirtear ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle …’ in ionad ‘Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle …’ agus ag an deireadh cuirtear ‘Sheirbhísigh eile an Aontais’ in ionad ‘Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin’.’

Léitear:

‘282)

Ag tús Airteagal 283, cuirtear ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle …’ in ionad ‘Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle …’ agus ag an deireadh cuirtear ‘Sheirbhísigh eile an Aontais’ in ionad ‘Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin’.’

Leathanach 148, sa dara mír d'Airteagal 2

In ionad:

‘… agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.’

Léitear:

‘… agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.’

 

a)

Leathanach 167, Airteagal 1, pointe 5(a), an cúigiú fleasc

In ionad:

‘—

in Airteagal 9.1;’

Léitear:

‘—

in Airteagal 9;’

b)

Leathanach 170, Airteagal 1(10)(b), an chéad cholún, an ceathrú fleasc is fiche

In ionad:

‘—

in Airteagal 52 (ní bhaineann an méid sin leis an leagan Gaeilge);’

Léitear:

‘—

in Airteagal 52, an cheád lua, (ní bhaineann an méid sin leis an leagan Gaeilge);’

c)

Leathanach 174, Airteagal 1, pointe 12(c)

In ionad:

‘(c)

scriostar an dara mír d'Airteagal 1;’

Léitear:

‘(c)

sa chead mhír d'Airteagal 1,cuirtear “na gConarthaí” in ionad “an Chonartha seo” agus scriostar an dara mír;’

d)

Leathanach 183, Airteagal 1, pointe 18, pointe (f)

In ionad:

‘(f)

sa chéad mhír d'Airteagal 4, scriostar ‘nach bhfuil faoi cheangal ag acquis Schengen’;’

Léitear:

‘(f)

sa chéad mhír d'Airteagal 4, scriostar ‘nach bhfuil faoi cheangal ag acquis Schengen’ agus cuirtear ‘acquis Schengen’ in ionad ‘an acquis sin’;’

e)

Leathanach 200, Airteagal 7(1)

In ionad:

‘1.

Sa tríú mír d'Airteagal 38 agus sa tríú mír d'Airteagal 82 de Chonradh CEFA, cuirtear tagairtí d'Airteagail 226 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na dtagairtí d'Airteagail 141 agus 142 faoi seach.’.

Léitear:

‘1.

Sa tríú mír d'Airteagal 38 agus sa cheathrú mír d'Airteagal 82 de Chonradh CEFA, cuirtear tagairtí d'Airteagail 226 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na dtagairtí d'Airteagail 141 agus 142 faoi seach.’.

f)

Leathanach 200, Airteagal 7

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 2:

‘4.

In Airteagal 198, sa cheathrú mír, i bpointe (c), de Chonradh CEFA, cuirtear an tagairt d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na tagartha d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.’,

agus athuimhrítear mír 4 mar mhír 5.

Leathanach 207, Seanuimhriú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach do Theideal VI, fonóta 16

In ionad:

‘Cuirtear forálacha Chaibidlí 1, 4 agus 5 de Theideal IV de Chuid a Trí den CFAE in ionad fhorálacha Theideal VI den Chonradh AE mar atá a bhaineann le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.’.

Léitear:

‘Cuirtear forálacha Chaibidlí 1, 4 agus 5 de Theideal IV (a athuimhrítear mar V) de Chuid a Trí den CFAE in ionad fhorálacha Theideal VI den Chonradh AE mar atá a bhaineann le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.’.