European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1130

26.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1130 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 maidir leis na doiciméid aitheantais atá de réir teimpléad caighdeánach le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí críoch agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile agus ó thríú tíortha agus na seiceálacha is infheidhme maidir leis na gluaiseachtaí sin.

(2)

Le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 soláthraítear na coinníollacha faoinar féidir peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, is iad sin peataí madraí, cait agus firéid, a aistriú isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír. I gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (c), ní mór tástáil toirtmheasctha um antasubstaintí in aghaidh an chonfaidh a dhéanamh ar na peataí sin, tástáil a chomhlíonann na ceanglais bhailíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

De mhaolú ar Airteagal 10(1), pointe (c), le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 foráiltear nach gá an tástáil toirtmheasctha um antasubstaintí a dhéanamh ar pheataí madraí, cat agus firéad atá á n-aistriú isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír a liostaítear, i measc críocha agus tíortha eile, de bhun Airteagal 13(2) den Rialachán sin.

(4)

Chun bheith liostaithe faoi Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ba cheart do chríoch nó do thríú tír iarratas a chur isteach ina léirítear, maidir le peataí madraí, cat agus firéad, go gcomhlíontar ann ar a laghad na critéir shonracha faoi phointí (a) go (e) d’Airteagal 13(2), chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a áirithiú a mhéid a bhaineann le rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a bhaineann leis na gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí sin.

(5)

I gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún (2), leagtar síos liosta na gcríoch agus na dtríú tíortha a thairbhíonn den mhaolú dá bhforáiltear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013.

(6)

Le seiceálacha a rinne údaráis náisiúnta le blianta beaga anuas ag pointí iontrála san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, léiríodh go raibh neamhchomhlíontachtaí ann arís is arís eile a bhain le bearta coisctheacha sláinte in aghaidh an chonfaidh maidir le peataí madraí, cat agus firéad a bhí á n-aistriú ón mBealarúis agus ón Rúis. Áirítear ar na neamhchomhlíontachtaí sin gan vacsaíniú in aghaidh an chonfaidh a dhéanamh agus an vacsaíniú sin a riar go míchuí, mar aon le vacsaíniú in aghaidh an chonfaidh a rinneadh a dhoiciméadú go bréagach, ach ar deimhníodh an bhailíocht ina leith go míchruinn sna deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis.

(7)

Mar chuid de na critéir atá le comhlíonadh ag aon tríú tír ina hiarratas maidir le hiontráil ar an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ceanglaítear le pointe (d) den Airteagal sin go bhfuil rialacha maidir leis an gconfadh a chosc agus a rialú i bhfeidhm agus curtha chun feidhme go héifeachtach chun an riosca ionfhabhtaithe peataí a íoslaghdú, lena n-áirítear na rialacha maidir le vacsaíniú ainmhithe clóis in aghaidh an chonfaidh.

(8)

Thairis sin, le seirbhísí rialaithe oifigiúla ní mór a áirithiú go n-aistreofar peataí madraí, cat agus firéad in éineacht le deimhnithe sláinte ainmhithe a líontar isteach go cuí agus a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil vacsaíniú in aghaidh an chonfaidh faighte ag na peataí sin, vacsaíniú lena gcomhlíontar forálacha Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 go hiomlán.

(9)

Sholáthair an Bhealarúis agus an Rúis ráthaíochtaí chuige sin in éineacht lena n-iarratas maidir le hiontáil ar an liosta. Mar sin féin, léirítear go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann i bhforfheidhmiú an dlí ar a leibhéal náisiúnta leis na neamhchomhlíontachtaí a bhí ann arís is arís eile a shainaithin na húdaráis náisiúnta ag na pointí iontrála san Aontas maidir le peataí madraí, cat agus firéad atá á n-aistriú ón mBealarúis agus ón Rúis. Is ábhar mór amhrais iad na heasnaimh sin i ndáil le cur i bhfeidhm leanúnach agus cur chun feidhme éifeachtach na rialacha maidir leis an gconfadh a chosc agus a rialú, rialacha arna ráthú ag údaráis inniúla na dtríú tíortha sin, agus i ndáil le cruinneas an deimhnithe oifigiúil a eisítear ar a leibhéal.

(10)

I bhfianaise leitheadúlacht mhór an neamhchomhlíonta a bhaineann le stádas vacsaínithe na bpeataí in aghaidh an chonfaidh agus cruinneas a dheimhnithe, is ábhar mór imní maidir leis an riosca an confadh a thabhairt isteach san Aontas é an díolúine i ndáil le tástáil toirtmheasctha um antasubstaintí in aghaidh an chonfaidh a dhéanamh ar pheataí madraí, cat agus firéad de thionscnamh na Bealarúise agus na Rúise roimh a dteacht isteach san Aontas, trí ghluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí sin.

(11)

Ina theannta sin, an staid eipidéimeolaíoch neamhfhabhrach sa Bhealarúis agus sa Rúis ina bhfuil an confadh fós ann agus ina mbraitear an confadh go rialta i madraí agus cait mar a chruthaítear leis an bhfaisnéis a bhailíonn an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe ar an leibhéal idirnáisiúnta, cuireann sí leis an riosca a thuilleadh go dtabharfaí an confadh isteach san Aontas.

(12)

Chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin agus chun an riosca a mhaolú maidir leis an gconfadh a thabhairt isteach trí ghluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad atá á n-aistriú ón mBealarúis agus ón Rúis, is iomchuí an ceanglas maidir le tástáil toirtmheasctha um antasubstaintí in aghaidh an chonfaidh a dhéanamh ar na peataí sin roimh a dteacht isteach i gcríoch an Aontais.

(13)

Dá bhrí sin, is gá liosta na gcríoch agus na dtríú tíortha a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 a thabhairt cothrom le dáta agus na hiontrálacha a bhaineann leis an mBealarúis agus leis an Rúis a bhaint den liosta sin.

(14)

Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ón mBealarúis agus ón Rúis a chosc agus chun an amlíne dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 a chomhlíonadh maidir le tástáil toirtmheasctha um antasubstaintí in aghaidh an chonfaidh a aithint mar thástáil bhailí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 16 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Meán Fómhair 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir leis na doiciméid aitheantais atá de réir teimpléad caighdeánach le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí críoch agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/577/oj).


IARSCRÍBHINN

‘CUID 2

Liosta na gcríoch agus na dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013

Cód ISO

Críoch nó tríú tír

Críocha a áirítear ann

AC

Oileán na Deascabhála

 

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

 

AG

Antigua agus Barbúda

 

AR

an Airgintín

 

AU

an Astráil

 

AW

Arúba

 

BA

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

BB

Barbadós

 

BH

Bairéin

 

BM

Beirmiúda

 

BQ

Bonaire, Sint Eustatius agus Saba (Oileáin BES)

 

CA

Ceanada

 

CL

an tSile

 

CW

Cúrasó

 

FJ

Fidsí

 

FK

Oileáin Fháclainne

 

GB

an Ríocht Aontaithe (*1)

 

GG

Geansaí

 

HK

Hong Cong

 

IM

Oileán Mhanann

 

JM

Iamáice

 

JP

an tSeapáin

 

JE

Geirsí

 

KN

San Críostóir-Nimheas

 

KY

Oileáin Cayman

 

LC

Saint Lucia

 

MS

Montsarat

 

MK

an Mhacadóin Thuaidh

 

MU

Oileán Mhuirís

 

MX

Meicsiceo

 

MY

an Mhalaeisia

 

NC

an Nua-Chaladóin

 

NZ

an Nua-Shéalainn

 

PF

Polainéis na Fraince

 

PM

Saint Pierre et Miquelon

 

SG

Singeapór

 

SH

San Héilin

 

SX

Sint Maarten

 

TT

Oileán na Tríonóide agus Tobága

 

TW

an Téaváin

 

US

Stáit Aontaithe Mheiriceá

AS – Samó Mheiriceá

GU – Guam

MP – na hOileáin Mháirianacha Thuaidh

PR – Pórtó Ríce

VI – Oileáin SAM na Maighdean

VC

San Uinseann agus na Greanáidíní

 

VG

Oileáin Bhriotanacha na Maighdean

 

VU

Vanuatú

 

WF

Wallis agus Futuna

 


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87)) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1130/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)