European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1084

12.4.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1084 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Feabhra 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an soláthar comhchuibhithe le haghaidh seirbhís glao éigeandála (eCall) idir-inoibritheach uile-Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (1), agus go háirithe Airteagal 6(8) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún (2), bunaítear na sonraíochtaí maidir leis an uasghrádú is gá ar bhonneagar an Phointe Freagartha Glaonna Éigeandála (PFGE) chun glaonna eCall a fháil agus a láimhseáil mar is cuí, ar mhaithe le comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, agus leanúnachas na seirbhíse eCall comhchuibhithe uile-Aontais a áirithiú.

(2)

Sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún (3), sainaithnítear an gá atá le creat dlíthiúil eCall a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí cumarsáide leictreonaí nua.

(3)

Ó tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 i bhfeidhm, ghlac an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) leaganacha nua de chaighdeán EN 15722 ‘Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall’ agus de chaighdeán EN 16072 ‘Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais Oibriúcháin maidir le eCall uile-Eorpach’. Le caighdeán EN 15722:2020 ‘Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall’ go háirithe, is gá an dá shuíomh is déanaí den fheithicil roimh shuíomh an teagmhais a sholáthar. Tá gá leis an bhfaisnéis sin chun gur féidir na PFGEnna faisnéis chruinn agus iontaofa maidir le suíomhanna agus treo na feithicle roimh an teagmhas lena mbaineann an glaoch eCall a sholáthar don tseirbhís éigeandála/do na seirbhísí éigeandála nó don pháirtí seirbhíse/do na páirtithe seirbhíse cuí. Tá an fhaisnéis sin tábhachtach chun aga freagartha na seirbhísí éigeandála a laghdú, go háirithe ar mhótarbhealaigh agus ar dhroichid. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do na caighdeáin sin a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Na caighdeáin Eorpacha EN 16062 ‘Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais ardleibhéil cur i bhfeidhm (HLAP) le haghaidh eCall’ agus EN 16454 ‘Córais chliste iompair — eSafety — Tástáil chomhlíontachta eCall ó cheann go ceann’, tá siad bunaithe ar eCall a bheith á oibriú ar líonraí ceallacha ciorcadlasctha (2G/3G). Ós rud é go bhfuil sé i gceist ag na hoibreoirí líonra mhóibíligh na líonraí 2G/3G a chéimniú amach de réir a chéile idir 2025 agus 2030 sna Ballstáit uile, is gá PFGEnna a oiriúnú do na líonraí cumarsáide paicéadlasctha is nuaí, agus tacaíocht a thabhairt do líonraí ceallacha ciorcadlasctha go fóill, fad atá líonraí cumarsáide móibíleacha poiblí ciorcadlasctha gan sreang á n-oibriú ar a gcríoch.

(5)

Ghlac CEN dhá shonraíocht theicniúla nua le déanaí a bhaineann le eCall agus atá bunaithe ar líonraí paicéadlasctha, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart na sonraíochtaí teicniúla sin a chur leis na ceanglais atá ar PFGEnna tacú le glaonna eCall a fháil agus a láimhseáil.

(6)

Ceanglaítear le hAirteagal 109 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) go n-áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ligeann na seirbhísí sin d’úsáideoirí deiridh glaonna a dhéanamh ar uimhir i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, rochtain a thabhairt ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála leis an PFGE is iomchuí. Chun comhsheasmhacht leis an Treoir sin a áirithiú, is gá, dá bhrí sin, roinnt de na sainmhínithe sa Rialachán seo a ailíniú léi.

(7)

Ceanglaítear le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/444 ón gCoimisiún (6) go n-áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú gan mhoill chuig an PFGE is iomchuí a bheidh ábalta, go teicniúil, an fhaisnéis chomhthéacsúil a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála agus na seirbhísí sin a chur ar an eolas.

(8)

I gcomhthéacs na nglaonna éigeandála a bheith á láimhseáil ag na PFGEnna, na seirbhísí éigeandála agus na páirtithe seirbhíse, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I gcomhréir leis an bprionsabal maidir le teorannú stórála a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/679, níor cheart sonraí pearsanta a choinneáil níos faide ná mar is gá chun críoch próiseála agus ba cheart teorainneacha ama a shocrú chun comhlíonadh an phrionsabail sin a áirithiú. Ós rud é go bhfuil na PFGEnna freagrach faoi dhliteanas i leith cheanglais chomhréireachta na gcaighdeán eCall, is gá an tacar íosta sonraí (TÍS) amh a fuarthas ón nglaoch eCall agus an t-inneachar TÍS a cuireadh in iúl a choinneáil tar éis an glaoch a láimhseáil. Ba cheart do na Ballstáit tréimhsí leordhóthanacha coinneála sonraí a shocrú le haghaidh na sonraí sin i gcomhréir le rialacha náisiúnta dliteanais. I gcás nach luaitear tréimhse coinneála sonraí i ndlí Ballstáit, níor cheart na sonraí sin a choinneáil níos faide ná an tréimhse inar féidir leis na húdaráis inniúla iarraidh ar na PFGEnna comhréireacht a léiriú ná, in aon chás, ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 a leasú dá réir sin.

(10)

Chun an t-am is gá a thabhairt do na bonneagair PFGE atá ann cheana chun oiriúnú a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo ón 1 Eanáir 2026 a mhéid a bhaineann le bonneagair atá i bhfeidhm cheana ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 13 Samhain 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ciallaíonn ‘pointe freagartha glaonna éigeandála’ (PFGE) pointe freagartha glaonna éigeandála nó PFGE mar a shainmhínítear i bpointe 36 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972 (*1);

(*1)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).’ "

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

ciallaíonn PFGE is iomchuí’ PFGE is iomchuí mar a shainmhínítear i bpointe 37 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j)

ciallaíonn ‘tacar íosta sonraí’ (TÍS) an fhaisnéis chomhthéacsúil a shainítear leis an gcaighdeán ‘Córais chliste iompair — eSafety — tacar íosta sonraí (TÍS) eCall’ (EN 15722:2020) a sheoltar chuig PFGE eCall;’

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

‘(m)

ciallaíonn ‘líonra cumarsáide móibíleach poiblí gan sreang’ líonra cumarsáide leictreonaí móibíleach atá ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):

‘(n)

ciallaíonn ‘lárionad rialaithe éigeandála’ saoráid a úsáideann seirbhís éigeandála amháin nó níos mó chun faisnéis chomhthéacsúil a fhaightear ó ghlaonna éigeandála nó TÍS a láimhseáil’;

(2)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cumas ag aon PFGE eCall glaonna eCall a láimhseáil agus an TÍS ón trealamh infheithicle a fháil i gcomhréir leis an gcaighdeán ‘Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais oibriúcháin maidir le eCall uile-Eorpach’ (EN 16072:2022). Má bhíonn feidhm ag leaganacha ina dhiaidh sin den chaighdeán EN 16072 sin faoi Airteagal 5(8) de Rialachán (AE) 2015/758 (*2), beidh feidhm ag na leaganacha ina dhiaidh sin seachas ag EN 16072:2022.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cumas ag aon PFGE eCall glaonna eCall a láimhseáil agus an TÍS ón trealamh infheithicle a fháil i gcomhréir leis an gcaighdeán ‘Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais Ardleibhéil cur i bhfeidhm (HLAP) le haghaidh eCall’ (EN 16062:2023), fad atá líonraí cumarsáide móibíleacha poiblí ciorcadlasctha gan sreang á n-oibriú ar a gcríoch.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cumas ag aon PFGE eCall glaonna eCall a láimhseáil agus an TÍS ón trealamh infheithicle a fháil i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil ‘Córais chliste iompair — eSafety — Prótacail ardleibhéil cur i bhfeidhm (HLAP) le haghaidh eCall a úsáideann líonraí paicéadlasctha IMS’ (CEN/TS 17184:2022). I gcás ina mbeidh feidhm ag leaganacha ina dhiaidh sin den tsonraíocht theicniúil CEN/TS 17184 sin nó i gcás ina mbeidh feidhm ag caighdeán EN 17184 coibhéiseach nua faoi Airteagal 5(8) de Rialachán (AE) 2015/758, beidh feidhm ag na leaganacha ina dhiaidh sin nó ag an gcaighdeán EN 17184 nua sin, cibé acu is infheidhme, seachas ag CEN/TS 17184:2022.

(*2)  Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 77).’ "

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh an cumas ag an PFGE eCall inneachar sonraí an TÍS a fháil agus é a chur in iúl don oibreoir PFGE eCall ar bhealach soiléir intuigthe.

Nuair atá sonraí breise roghnacha sa TÍS mar a shainmhínítear in EN 15722:2020, ba cheart an cumas a bheith ag an PFGE eCall an t-inneachar sonraí breise roghnacha sin a fháil agus é a chur in iúl don oibreoir PFGE eCall ar choinníoll go sonraítear na sonraí breise roghnacha sin i gcomhréir le caighdeáin fhoilsithe eCall CEN nó le sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/758.

Nuair a shonraítear sonraí breise roghnacha dá dtagraítear sa dara fomhír i gcomhréir le caighdeáin fhoilsithe eCall CEN nó le sonraíochtaí teicniúla nach dtagraítear dóibh i Rialachán (AE) 2015/758, spreagtar an PFGE eCall chun bheith ábalta an t-inneachar sonraí breise roghnacha sin a fháil agus a chur in iúl don oibreoir PFGE eCall i gcomhréir leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí teicniúla sin.’

;

(c)

cuirtear ‘EN 15722:2020’ in ionad ‘EN 15722’ i mír 4;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Measúnú comhréireachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht oibríochtaí na PFGEnna eCall leis na ceanglais a liostaítear in Airteagal 3 agus tabharfaidh siad fógra don Coimisiún fúthu.

2.   Bunófar measúnú comhréireachta ar an gcuid den chaighdeán ‘Córais chliste iompair - eSafety - Tástáil chomhlíontachta eCall ó cheann go ceann’ (EN 16454:2023) a bhaineann le comhréireacht PFGE le eCall uile-Eorpach, ar choinníoll go bhfuil líonraí cumarsáide móibíleacha poiblí ciorcadlasctha gan sreang á n-oibriú ar a gcríoch, agus ar an gcuid den tsonraíocht theicniúil ‘Córais chliste iompair - eSafety - Tástáil chomhlíontachta eCall ó cheann go ceann le haghaidh córais IMS atá bunaithe ar lascadh paicéad’ (CEN/TS 17240:2018) a bhaineann le comhréireacht PFGEnna le eCall uile-Eorpach. I gcás ina mbeidh feidhm ag leaganacha ina dhiaidh sin den tsonraíocht theicniúil CEN/TS 17240 sin nó i gcás ina mbeidh feidhm ag caighdeán EN 17240 coibhéiseach nua faoi Airteagal 5(8) de Rialachán (AE) 2015/758, beidh feidhm ag na leaganacha ina dhiaidh sin nó ag an gcaighdeán EN 17240 nua sin, cibé acu is infheidhme, seachas ag CEN/TS 17240:2018.’

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Oibleagáidí atá nasctha le cur chun feidhme an bhonneagair PFGEnna eCall

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm nuair a chuirfear a bhonneagar PFGE eCall chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus i gcomhréir leis na prionsabail le haghaidh sonraíochtaí agus cur chun feidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2010/40/AE.

(*3)  Cinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an tseirbhís eCall idir-inoibritheach uile-Aontais a chur in úsáid (IO L 164, 3.6.2014, lch. 6).’ "

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí

1.   Measfar na PFGEnna, PFGEnna eCall san áireamh, mar rialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). I gcás ina mbeidh na sonraí eCall le seoladh chuig lárionaid rialaithe éigeandála eile nó chuig páirtithe seirbhíse de bhun Airteagal 3(5) den Rialachán seo, measfar mar rialaitheoirí sonraí freisin na páirtithe seirbhíse sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar ar leibhéal iomchuí prótacail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, tréimhsí coinneála mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2) san áireamh, agus go gcomhlíonfar iad mar is ceart.

(*4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.’;"

(6)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   ‘Chuige sin, agus i dteannta bearta eile atá ann cheana i ndáil le cumarsáid éigeandála le 112 a láimhseáil, coinneofar idir an tacar íosta sonraí amh a fuarthas leis an nglaoch éigeandála agus an t-inneachar TÍS a cuireadh in iúl don oibreoir eCall ar feadh tréimhse ama arna cinneadh, i gcomhréir le rialacháin náisiúnta nó, in éagmais rialachán náisiúnta, ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Tuairisciú

Tabharfaidh Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoin 1 Aibreán 2026 maidir le staid cur chun feidhme an Rialacháin seo. Áireofar sa tuarascáil sin ar a laghad liosta na n-údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht oibríochtaí na PFGEnna eCall, liosta agus clúdach geografach na PFGEnna eCall; an tuairisc ar na tástálacha comhréireachta agus an tuairisc ar na prótacail phríobháideachais agus cosanta sonraí.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le bonneagair nua a chuirfear chun feidhme ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026 a mhéid a bhaineann le bonneagair atá i bhfeidhm cheana ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 207, 6.8.2010, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an soláthar comhchuibhithe le haghaidh seirbhís glao éigeandála (eCall) idir-inoibritheach uile-Aontais (IO L 91, 3.4.2013, lch. 1).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], COM/2020/789 final an 9.12.2020.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(5)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/444 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ (IO L 65, 2.3.2023, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1084/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)