European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/340

24.1.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/340 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Eanáir 2024

maidir le coinníollacha comhchuibhithe úsáide speictrim raidió do sheirbhísí cumarsáide móibílí ar bord soithí san Aontas, lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/166/AE

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 236)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (1), go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí nascacht 5G a chur leis an nascacht ar hárthaí, cuirtear feabhas ar sheirbhísí cumarsáide do dhaoine le linn dóibh a bheith ag taisteal, agus úsáid á baint as an teicneolaíocht is déanaí atá ar fáil agus úsáid éifeachtúil an speictrim á háirithiú. Cuidíonn sé sin leis na cuspóirí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta 5G a bhaint amach chomh maith le straitéis an Choimisiúin maidir le nascacht mar a leagtar amach sa Teachtaireacht uaidh Connectivity for a Competitive Digital Single Market — towards a European Gigabit Society [Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch — I dTreo Sochaí Ghigighiotáin Eorpach] (2) agus a nuashonraíodh lena Theachtaireacht ‘Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach’ (3) agus le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(2)

Le Cinneadh 2010/166/AE (5) ón gCoimisiún comhchuibhítear na coinníollacha teicniúla maidir leis an speictream raidió a úsáid sa bhanda minicíochta 900 MHz (na bandaí minicíochta 880-915 MHz agus 925-960 MHz), an banda minicíochta 1 800 MHz (na bandaí minicíochta 1 710-1 785 MHz agus 1 805-1 880 MHz), an banda minicíochta péireáilte trastíre 2 GHz (na bandaí 1 920-1 980 MHz agus 2 110-2 170 MHz), agus an banda minicíochta péireáilte 2.6 GHz (na bandaí minicíochta 2 500-2 570 MHz and 2 620-2 690 MHz). D’fhág sé go bhféadfaí seirbhísí cumarsáide móibílí a oibriú ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas le teicneolaíochtaí éagsúla agus leagadh amach na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe is infheidhme.

(3)

Le Cinneadh 2010/166/AE, iarradh ar na Ballstáit leanúint d’úsáid bandaí minicíochta ag córais a sholáthraíonn seirbhísí MCV ina bhfarraigí teorann a choimeád faoi bhreithniú, go háirithe maidir le hábharthacht leanúnach na gcoinníollacha uile a leagtar amach sa Chinneadh sin agus maidir le cásanna de thrasnaíocht dhíobhálach. Ina theannta sin, ceanglaíodh ar na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir lena dtorthaí, agus ceanglaíodh ar an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, Cinneadh 2010/166/AE a athbhreithniú.

(4)

An 16 Lúnasa 2022 thug an Coimisiún sainordú do Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), de bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh 676/2002/CE, staidéar a dhéanamh ar choinníollacha teicniúla comhchuibhithe agus iad a fhorbairt agus é mar aidhm leis sin teicneolaíocht 5G a chur san áireamh chun cur chun feidhme ardseirbhísí MCV san Aontas a éascú.

(5)

Mar fhreagairt ar an sainordú sin, ghlac CEPT Tuarascáil 83 an 10 Márta 2023. Soláthraítear leis sin coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le Córais Aeróige Neamhghníomhach (CANG) Raidió Nua 5G (RN 5G) ar bord soithí sa bhanda minicíochta 1 800 MHz agus sa bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz.

(6)

De réir na tuarascála, d’fhéadfaí coinníollacha teicniúla agus rialála comhchosúla a bhfuil feidhm acu maidir le córais Éabhlóid Fhadtéarmach MCV (LTE) a chur i bhfeidhm freisin maidir le córais CANG Raidió Nua 5G le haghaidh CMBS chun líonraí móibíleacha talamhbhunaithe LTE agus RN 5G CANG araon a chosaint.

(7)

Tá na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe a mholtar sa tuarascáil ina mbunús teicniúil leis an gCinneadh seo le haghaidh RN 5G CANG ar bord soithí sa bhanda minicíochta 1 800 MHz agus sa bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz. Ba cheart na coinníollacha teicniúla comhchuibhithe i gCinneadh 2010/166/AE a leasú dá réir, agus cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de á shaothrú mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(8)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht dhlíthiúil agus i gcomhréir leis na prionsabail maidir le Rialáil Níos Fearr, ba cheart Cinneadh 2010/166/AE, lena n-áirítear tagairtí do Chinneadh (AE) 2011/251 (7) ón gCoimisiún arna aisghairm le Cinneadh 2022/173/AE (8) ón gCoimisiún, a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad.

(9)

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil, ba cheart na dátaí cur chun feidhme a leagtar síos le Cinneadh 2010/166/AE a choimeád. Ar an gcaoi chéanna sin, ba cheart feidhm leanúnach a bheith ag Moladh 2010/167/AE (9) ón gCoimisiún maidir leis an gCinneadh seo, toisc go n-aisghairtear Cinneadh 2010/166/AE leis an gCinneadh seo agus go gcuirtear an Cinneadh seo in ionad Chinneadh 2010/166/AE.

(10)

Ní fhéadfaí a mheas go bhforchuireann an Cinneadh seo oibleagáidí ar Bhallstáit nach bhfuil farraigí teorann acu. Tá an méid sin gan dochar d’údarú sheirbhísí MCV, atá lasmuigh de raon feidhme an Chinnidh seo, ach a d’fhéadfadh a cheangal ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soithí dá náisiúntacht.

(11)

Ba cheart sonraíochtaí teicniúla MCV leanúint de bheith faoi bhreithniú chun a áirithiú go gcoimeádann siad suas leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus le forbairtí sa mhargadh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an Speictream Raidió,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an gCinneadh seo coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le hinfhaighteacht agus úsáid éifeachtúil na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz, an bhanda minicíochta phéireáilte trastíre 2 GHz agus an bhanda minicíochta phéireáilte 2,6 GHz do chórais a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide móibílí ar bord soithí laistigh d’fharraigí teorann na mBallstát san Aontas.

Airteagal 2

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘seirbhísí cumarsáide móibílí ar bord soithí’ (seirbhísí MCV) seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, arna soláthar ag gnóthas chun é a chur ar a gcumas do dhaoine ar bord soithigh cumarsáid a dhéanamh trí líonraí cumarsáide poiblí trí chóras atá faoi réir Airteagal 3 gan naisc dhíreacha a bhunú le líonraí móibíleacha talamhbhunaithe;

(2)

ciallaíonn ‘an banda minicíochta 900 MHz’ an banda minicíochta 880-915 MHz le haghaidh uasnaisc (tarchur ag an teirminéal, glacadh ag an stáisiún bunáite) agus an banda minicíochta 925-960 MHz le haghaidh íosnaisc (tarchur ag an stáisiún bunáite, glacadh ag an teirminéal);

(3)

ciallaíonn ‘an banda minicíochta 1 800 MHz’ an banda minicíochta 1 710-1 785 MHz le haghaidh uasnaisc (tarchur ag an teirminéal, glacadh ag an stáisiún bunáite) agus banda minicíochta 1 805-1 880 MHz le haghaidh íosnaisc (tarchur ag an stáisiún bunáite, glacadh ag an teirminéal);

(4)

ciallaíonn ‘an banda minicíochta péireáilte trastíre 2 GHz’ an banda minicíochta 1 920-1 980 MHz le haghaidh uasnaisc (tarchur ag an teirminéal, glacadh ag an stáisiún bunáite) agus an banda minicíochta 2 110-2 170 MHz le haghaidh íosnaisc (tarchur ag an stáisiún bunáite, glacadh ag an teirminéal);

(5)

ciallaíonn ‘an banda minicíochta péireáilte 2,6 GHz’ an banda minicíochta 2 500-2 570 MHz le haghaidh uasnaisc (tarchur ag an teirminéal, glacadh ag an stáisiún bunáite) agus an banda minicíochta 2 620-2 690 MHz le haghaidh íosnaisc (tarchur ag an stáisiún bunáite, glacadh ag an teirminéal);

(6)

ciallaíonn ‘bunús neamhthrasnaíochta agus neamhchosanta’ nach bhféadfaidh seirbhísí MCV cur isteach díobhálach a dhéanamh ar aon seirbhís radachumarsáide eile ná nach féidir le seirbhísí MCV cosaint a éileamh ar thrasnaíocht dhíobhálach de thionscnamh seirbhís radachumarsáide eile;

(7)

tuigfear ‘farraige theorann’ mar a shainmhínítear é i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(8)

ciallaíonn ‘stáisiún bunáite trasghlacadóra soithigh’ (soitheach-BS) mionchill shoghluaiste atá ar shoitheach agus a thacaíonn le córais móibílí i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

1.   Cuirfidh na Ballstáit ar a laghad 2 MHz den speictream ar fáil sa treo uasnaisc agus sa speictream péireáilte comhfhreagrach sa treo íosnaisc laistigh de na bandaí minicíochta 900 MHz agus/nó 1 800 MHz do na córais mhóibíleacha a liostaítear san Iarscríbhinn a sholáthraíonn seirbhísí MCV ar bhonn neamhtrasnaíochta agus neamhchosanta ina bhfarraigí teorann.

2.   Cuirfidh na Ballstáit 5 MHz den speictream ar fáil sa treo uasnaisc agus sa speictream péireáilte comhfhreagrach sa treo íosnaisc laistigh den bhanda minicíochta péireáilte trastíre 2 GHz agus laistigh den bhanda minicíochta 1 800 MHz agus den bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz do na córais mhóibíleacha a liostaítear san Iarscríbhinn a sholáthraíonn seirbhísí MCV ar bhonn neamhtrasnaíochta agus neamhchosanta ina bhfarraigí teorann.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na córais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 na coinníollacha agus na spriocdhátaí cur chun feidhme a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú leanúnach ar úsáid bandaí minicíochta ag córais a sholáthraíonn seirbhísí MCV ina bhfarraigí teorann, dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus 3(2), go háirithe maidir le hábharthacht leanúnach na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 agus san Iarscríbhinn, agus maidir le cásanna de thrasnaíocht dhíobhálach.

Airteagal 5

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir lena dtorthaí a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 4. Rachaidh an Coimisiún Eorpach ar aghaidh, i gcás inarb iomchuí, chuig athbhreithniú ar an gCinneadh seo.

Airteagal 6

Aisghairtear Cinneadh 2010/166/AE.

Airteagal 7

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 108, 24.4.2002, lch. 1.

(2)  COM(2016)587.

(3)  COM(2021) 118.

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(5)  Cinneadh 2010/166/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2010 maidir le coinníollacha comhchuibhithe úsáide speictrim raidió do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas Eorpach (IO L 72, 20.3.2010, lch. 38).

(6)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/251/AE ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2011 lena leasaítear Cinneadh 2009/766/CE maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí uile-Eorpacha a sholáthar sa Chomhphobal (IO L 106, 27.4.2011, lch. 9).

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz le haghaidh córais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (IO L 28, 9.2.2022, lch. 29).

(9)  Moladh 2010/167/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2010 maidir le húdarú córas le haghaidh seirbhísí cumarsáide móibílí ar bord soithí (seirbhísí MCV) (IO L 72, 20.3.2010, lch. 42).


IARSCRÍBHINN

Córais a sholáthraíonn seirbhísí MCV i bhfarraigí teorann na mBallstát den Aontas, agus na coinníollacha le comhlíonadh ag na córais sin, chun trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí móibíleacha talamhbhunaithe a sheachain

1.   Liosta na gcóras dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

Tábla 1

Córas

Sprioc-am cur chun feidhme

GSM a chomhlíonann na caighdeáin GSM arna bhfoilsiú ag ETSI, go háirithe EN 301 502 agus EN 301 511 , nó sonraíochtaí coibhéiseacha.

An 20 Márta 2011

2.   Liosta na gcóras dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

Tábla 2

Córas

Bandaí minicíochta ceadaithe

Sprioc-am cur chun feidhme

UMTS a chomhlíonann na caighdeán UMTS arna bhfoilsiú ag ETSI, go háirithe EN 301 908 -1, EN 301 908 -2, EN 301 908 -3 agus EN 301 908 -11, nó sonraíochtaí coibhéiseacha.

An banda péireáilte trastíre 2 GHz

An 2 Lúnasa 2017

LTE a chomhlíonann na caighdeáin LTE arna bhfoilsiú ag ETSI, go háirithe EN 301 908 -1, EN 301 908 -13, EN 301 908 -14 agus EN 301 908 -15, nó sonraíochtaí coibhéiseacha.

Banda 1 800 MHz

agus

Banda 2,6 GHz péireáilte

An 2 Lúnasa 2017

RN 5G a chomhlíonann na caighdeáin RN 5G CANG arna bhfoilsiú ag ETSI, go háirithe EN 301 908 -24 agus EN 301 908 -25, nó sonraíochtaí coibhéiseacha.

Banda 1 800 MHz

agus

Banda 2,6 GHz péireáilte

A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis fhógra an Chinnidh seo.

3.   Paraiméadair Theicniúla

(1)

Is iad seo a leanas na coinníollacha atá le comhlíonadh ag córais GSM a oibríonn sna bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz a sholáthraíonn seirbhísí MCV i bhfarraigí teorann na mBallstát, chun trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí móibíleacha talamhbhunaithe a sheachaint:

(a)

Ní úsáidfear an córas a sholáthraíonn seirbhísí MCV níos gaire ná 2 mhuirmhíle (1) ón mbonnlíne, mar a shainítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(b)

Ní úsáidfear ach aeróga soithigh-BS laistigh idir 2 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne;

(c)

Teorainneacha atá le socrú do mhoil mhóibíleacha nuair a úsáidtear iad ar bord soithigh agus do shoitheach-BS:

Paraiméadar

Cur síos

Cumhacht tarchurtha/dlús cumhachta

Maidir le moil mhóibíleacha a úsáidtear ar bord soithí agus a rialaítear leis an soitheach-BS sa bhanda minicíochta 900 MHz, socraítear an uaschumhacht radaithe aschurtha ag:

5 dBm

Maidir le moil mhóibíleacha a úsáidtear ar bord soithí agus a rialaítear leis an soitheach-BS sa bhanda minicíochta 1 800 MHz, socraítear an uaschumhacht radaithe aschurtha ag:

0 dBm

Maidir le bunstáisiúin ar bord soithí, an dlús uasta cumhachta arna thomhas i limistéir sheachtracha an tsoithigh, ag tagairt do ghnóthachan aeróige tomhais 0 dBi:

-80 dBm/200 kHz

Rialacha maidir le rochtain ar chainéil agus seilbh

Úsáidfear teicnící chun maolú ar thrasnaíocht lena soláthraítear feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis na fachtóirí maolaithe seo a leanas bunaithe ar chaighdeáin GSM:

idir 2 mhuirmhíle agus 3 mhuirmhíle ón mbonnlíne, beidh íogaireacht an ghlacadóra agus an tairseach dícheangail (leibhéal ACCMIN (2) agus íosleibhéal RXLEV (3)) an teirminéil mhóibíligh a úsáidtear ar bord soithigh cothrom le nó níos mó ná -70 dBm/200 kHz agus idir 3 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne a bheidh cothrom le nó níos mó ná -75 dBm/200 kHz;

déanfar tarchur neamhleanúnach (4) a chur ag oibriú i dtreo uasnasc an chórais MCV;

socrófar luathú comhuainithe (5) an tsoithigh-BS ag an íosmhéid.

(2)

Is iad seo a leanas na coinníollacha atá le comhlíonadh ag córais UMTS sa bhanda minicíochta péireáilte trastíre 2 GHz a sholáthraíonn seirbhísí MCV i bhfarraigí teorann na mBallstát, chun trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí móibíleacha talamhbhunaithe a sheachaint:

(a)

Ní úsáidfear an córas a sholáthraíonn seirbhísí MCV níos gaire ná 2 mhuirmhíle ón mbonnlíne, mar a shainítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(b)

Ní úsáidfear ach aeróga soithigh-BS laistigh idir 2 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne;

(c)

Ní fhéadfar ach bandaleithead suas le 5 MHz (déphléascach) a úsáid;

(d)

Teorainneacha atá le socrú do mhoil mhóibíleacha nuair a úsáidtear iad ar bord soithigh agus do shoitheach-BS:

Paraiméadar

Cur síos

Cumhacht tarchurtha/dlús cumhachta

Maidir le moil mhóibíleacha a tharchuireann sa bhanda minicíochta 1 920 -1 980 MHz agus a úsáidtear ar bord soithí agus a rialaítear leis an soitheach-BS a tharchuireann sa bhanda minicíochta 2 110 -2 170 MHz, socraítear an uaschumhacht radaithe aschurtha ag:

0 dBm/5 MHz

Astaíochtaí ar deic

Beidh astaíocht soitheach-BS ar deic cothrom le -102 dBm/5 MHz nó faoina bhun (an Comhchainéal Píolótach)

Rialacha maidir le rochtain ar chainéil agus seilbh

Idir 2 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne, beidh na critéir cháilíochta (an leibhéal comhartha is lú is gá sa chill) cothrom le nó níos airde ná:

-87 dBm/5 MHz

Socrófar uaineadóir roghnúcháin an Líonra Mhóibíligh don Talamh Phoiblí ag 10 nóiméad

Socrófar luathú comhuainithe de réir raon ceall don chóras aeróige dáilte MCV atá cothrom le 600 m

Socrófar an t-uaineadóir scaoilte neamhghníomhaíochta don úsáideoir um Rialú Acmhainní Raidió ag 2 shoicind

Neamhailíniú le líonraí talún

Ní dhéanfar lármhinicíocht iompróra MCV a ailíniú le hiompróirí líonra talún

(3)

Is iad seo a leanas na coinníollacha atá le comhlíonadh ag córais LTE CANG sa bhanda minicíochta 1 800 MHz agus sa bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz a sholáthraíonn seirbhísí MCV i bhfarraigí teorann na mBallstát, chun trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí móibíleacha talamhbhunaithe a sheachaint:

(a)

Ní úsáidfear an córas a sholáthraíonn seirbhísí MCV níos gaire ná 4 mhuirmhíle ón mbonnlíne, mar a shainítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(b)

Ní úsáidfear ach aeróga soithigh-BS laistigh idir 4 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne;

(c)

Ní fhéadfar ach bandaleithead suas le 5 MHz (déphléacsach) a úsáid in aghaidh an bhanda minicíochta (1 800 MHz agus 2,6 GHz péireáilte);

(d)

Teorainneacha atá le socrú do mhoil mhóibíleacha nuair a úsáidtear iad ar bord soithigh agus do shoitheach-BS:

Paraiméadar

Cur síos

Cumhacht tarchurtha/dlús cumhachta

Maidir le moil mhóibíleacha a úsáidtear ar bord soithí agus a rialaítear leis an soitheach-BS sa bhanda minicíochta 1 800 MHz agus sa bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz, socraítear an uaschumhacht radaithe aschurtha ag:

0 dBm

Astaíochtaí ar deic

Beidh astaíocht soitheach-BS ar deic cothrom le -98 dBm/5 MHz nó faoina bhun (coibhéiseach le -120 dBm/15 kHz)

Rialacha maidir le rochtain ar chainéil agus seilbh

Idir 4 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne, beidh na critéir cháilíochta (an leibhéal comhartha is lú is gá sa chill) cothrom le -83 dBm/5 MHz nó níos airde ná sin (comhionann le -105 dBm/15 kHz)

Socrófar uaineadóir roghnúcháin an Líonra Mhóibíligh don Talamh Phoiblí ag 10 nóiméad

Socrófar an paraiméadar luathaithe comhuainithe de réir raon ceall don chóras aeróige dáilte MCV atá cothrom le 400 m

Socrófar an t-uaineadóir scaoilte neamhghníomhaíochta don úsáideoir um Rialú Acmhainní Raidió ag 2 shoicind

Neamhailíniú le líonraí talún

Ní dhéanfar lármhinicíocht iompróra MCV a ailíniú le hiompróirí líonra talún

(4)

Is iad seo a leanas na coinníollacha atá le comhlíonadh ag córais 5G CANG sa bhanda minicíochta 1 800 MHz agus sa bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz a sholáthraíonn seirbhísí MCV i bhfarraigí teorann na mBallstát, chun trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí móibíleacha talamhbhunaithe a sheachaint:

(a)

Ní úsáidfear an córas a sholáthraíonn seirbhísí MCV níos gaire ná 4 mhuirmhíle ón mbonnlíne, mar a shainítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(b)

Ní úsáidfear ach aeróga soithigh-BS laistigh idir 4 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne;

(c)

Ní fhéadfar ach bandaleithead suas le 5 MHz (déphléacsach) a úsáid in aghaidh an bhanda minicíochta (1 800 MHz agus 2,6 GHz péireáilte);

(d)

Teorainneacha atá le socrú do mhoil mhóibíleacha nuair a úsáidtear iad ar bord soithigh agus do shoitheach-BS:

Paraiméadar

Cur síos

Cumhacht tarchurtha/dlús cumhachta

Maidir le moil mhóibíleacha a úsáidtear ar bord soithí agus a rialaítear leis an soitheach-BS sa bhanda minicíochta 1 800 MHz agus sa bhanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz, socraítear an uaschumhacht radaithe aschurtha ag:

0 dBm

Astaíochtaí ar deic

Beidh an astaíocht soitheach-BS ar deic cothrom le -98 dBm/5 MHz nó faoina bhun (coibhéiseacha le -120 dBm/15 kHz) (Nóta 1)

Rialacha maidir le rochtain ar chainéil agus seilbh

Idir 4 mhuirmhíle agus 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne, beidh na critéir cháilíochta (an leibhéal comhartha is lú is gá sa chill) cothrom le -83 dBm/5 MHz nó níos airde ná sin (comhionann le -105 dBm/15 kHz) (Nóta 1)

Socrófar uaineadóir roghnúcháin an Líonra Mhóibíligh don Talamh Phoiblí ag 10 nóiméad

Socrófar an paraiméadar luathaithe comhuainithe de réir raon ceall don chóras aeróige dáilte MCV atá cothrom le 400 m (Nóta 2)

Socrófar an t-uaineadóir scaoilte neamhghníomhaíochta don úsáideoir um Rialú Acmhainní Raidió ag 2 shoicind

Neamhailíniú le líonraí talún

Ní dhéanfar lármhinicíocht iompróra MCV a ailíniú le hiompróirí líonra talún

Nóta 1:

I gcás bandaleithead cainéil SSB seachas 15 kHz, cuirfear fachtóir tiontaithe, arna ríomh de réir na foirmle 10*log10 (SSB BW/15 kHz) leis.

Nóta 2:

Ní mór an paraiméadar luathaithe comhuainithe a shocrú i gcomhréir leis an raon ceall comhfhreagrach.

(e)

Moladh maidir le hoibriú lasmuigh den fharraige theorann

Chun trasnaíocht dhíobhálach ó chóras lasmuigh den fharraige teorann i dtreo bunstáisiúin líonraí soghluaiste trastíre a sheachaint, moltar do na Ballstáit teorainn a chur le cumhacht tarchuir (Tx) trealaimh úsáideora (UE) atá nasctha le córas i mbanda minicíochta 1 800 MHz agus i mbanda minicíochta péireáilte 2,6 GHz i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

UE Tx Power (dBm) = 2+(D-12)*0,75

i gcás inarb amhlaidh:

Is éard atá in D an fad ón mbonnlíne agus 12 < D <= 41 mhuirmhíle.

D’fhéadfaí an teorainn sin a chur san áireamh sa cheadúnas arna dheonú ag an mbratstát agus tá feidhm ag an nós imeachta bunaithe le haghaidh gearáin i gcás trasnaíochta, mar atá i Rialacháin Raidió ITU.


(1)  Muirmhíle amháin = 1 852 mhéadar.

(2)  ACCMIN (RX_LEV_ACCESS_MIN); mar a thuairiscítear i gcaighdeán GSM ETSI TS 144 018

(3)  RXLEV (RXLEV-FULL-SERVING-CELL); mar a thuairiscítear i gcaighdeán GSM ETSI TS 148 008

(4)  Tarchur neamhleanúnach, nó DTX; mar a thuairiscítear i gcaighdeán GSM ETSI TS 148 008

(5)  Luathú comhuainithe; mar a thuairiscítear i gcaighdeán GSM ETSI TS 144 018


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/340/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)