ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 316

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
8 Nollaig 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2387 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 a mhéid a bhaineann le glacadh na bhforálacha ar fhaireachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán gásach ó innill dócháin inmheánaigh inseirbhíse atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é chun innill ag a bhfuil cumhacht níos lú ná 56 kW agus níos mó ná 560 kW a chur san áireamh

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/2388 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil substaintí sárfhluarailcile in earraí bia áirithe ( 1 )

38

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas ( 1 )

42

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2390 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena leasaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach arna forchur ar allmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

52

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2391 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige

86

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gCoiste um Thrádáil an 16 Samhain 2022 lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2392]

88

 

*

Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gCoiste um Thrádáil an 16 Samhain 2022 lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2393]

91

 

*

Cinneadh Uimh. 3/2022 ón gCoiste um Thrádáil an 16 Samhain 2022 lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2394]

93

 

 

III   Gníomhartha eile

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Údarás Faireachais CSTE Cinneadh Tarmligthe Uimh. 196/22/COL an 26 Deireadh Fómhair 2022 maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2022/2395] Arna cheartú an 7 Samhain 2022 le Cinneadh Tarmligthe Uimh. 201/22/COL.

95

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas ( IO L 304, 24.11.2022 )

100

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2387 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 a mhéid a bhaineann le glacadh na bhforálacha ar fhaireachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán gásach ó innill dócháin inmheánaigh inseirbhíse atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é chun innill ag a bhfuil cumhacht níos lú ná 56 kW agus níos mó ná 560 kW a chur san áireamh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (1)

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá cláir faireachán breise inseirbhíse déanta ag an gCoimisiún i gcomhar le monaróirí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht tástálacha faireacháin agus anailísí sonraí chun tomhas a dhéanamh ar na hastaíochtaí ó innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, maidir le hinnill seachas na fochatagóirí NRE-v-5 agus NRE-v-6, a oibrítear thar a ngnáth-thimthriallta dualgais oibriúcháin. Mar thoradh air sin, ba cheart go leagfaí síos forálacha faireacháin inseirbhíse iomchuí le haghaidh na bhfochatagóirí sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 (2).

(2)

Agus an cur isteach de bharr phaindéim COVID-19 agus a thionchar ar chumas na monaróirí chun tástáil faireacháin inseirbhíse a dhéanamh á gcur san áireamh, is gá an sprioc-am le haghaidh chur isteach na dtuarascálacha ar thástálacha faireacháin inseirbhíse a mhodhnú chun am leordhóthanach a thabhairt do mhonaróirí tástálacha a dhéanamh agus don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar a éilítear faoi Rialachán (AE) 2016/1628.

(3)

Léiríonn paindéim COVID-19 go bhféadfadh imeachtaí gan choinne, nach bhfuil smacht ag an monaróir orthu, a fhágáil go mbeadh sé dodhéanta faireachán a dhéanamh ar innill inseirbhíse mar a bhí beartaithe. Mar gheall ar chur isteach leanúnach ó phaindéim COVID-19, ba cheart don údarás formheasa glacadh le coigeartú iomchuí an bhunphlean le haghaidh faireachán a dhéanamh ar gach Grúpa Innill Faireacháin Inseirbhíse (Grúpa IFI).

(4)

Níor cheart go n-imreodh na leasuithe a leagtar amach sa Rialachán seo tionchar ar an bhfaireachán ar astaíochtaí truailleán gásach ó innill dócháin inmheánaigh inseirbhíse ag a bhfuil cumhacht idir 56 kW agus 560 kW (fochatagóirí NRE-v-5 agus NRE-v-6). Tá na hathruithe, a thugtar isteach do na fochatagóirí sin, teoranta do choigeartuithe riaracháin a áiríonn a gcuimsiú i nGrúpa IFI, agus atá neamhábhartha dá bharr sin le haghaidh an fhaireacháin sin. Is iomchuí dá bhrí sin go mbeadh cineálcheaduithe AE do chineál innill nó d’aicme inneall a cheadaítear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 fós bailí roimh lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Baineann an Rialachán seo le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán gásach ó na catagóirí seo a leanas d’innill inseirbhíse i gCéim V, innill atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é beag beann ar cathain a deonaíodh cineálcheadú AE le haghaidh na n-inneall sin:

(a)

NRE agus NRG (gach fochatagóir);

(b)

NRS-vi-1b, NRS-vr-1b, NRS-v-2a, NRS-v-2b agus NRS-v-3;

(c)

IWP agus IWA (gach fochatagóir);

(d)

RLL agus RLR (gach fochatagóir);

(e)

ATS;

(f)

SMB;

(g)

NRSh (gach fochatagóir);

(h)

NRS-vi-1a agus NRS-vr-1a.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Nósanna imeachta agus ceanglais le haghaidh faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí inneall inseirbhíse

Déanfar faireachán ar astaíochtaí truailleán gásacha ó innill inseirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/1628 mar a leanas:

(a)

Maidir leis na hinnill sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (f), déanfar faireachán i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(b)

Maidir leis na hinnill sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (g) agus (h):

(i)

ní bheidh feidhm ag an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir leis.

(ii)

sannfar an nós imeachta aosaithe a úsáidtear chun an fachtóir meathlaithe (FM) le haghaidh an chineáil innill, nó, i gcás inarb infheidhme an aicme inneall, a shuí, mar a cheanglaítear le roinn 4.3 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 ón gCoimisiún (*1), lena n-áirítear aon ghné uathoibrithe, chun a cheadú don mhonaróir an meathlú astaíochtaí inúsáide a bhfuil coinne leis a thuar le linn thréimhse mharthanachta astaíochtaí (TMA) na n-inneall sin atá á n-úsáid de ghnáth.

(iii)

déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na monaróirí, clár píolótach, gach 5 bliana, a bhainfidh leis na cineálacha is déanaí inneall chun a chinntiú go mbíonn an nós imeachta chun na FManna a leagtar amach i roinn 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 oiriúnach agus éifeachtach i gcónaí chun astaíochtaí truailleán a rialú thar shaol úsáideach na n-inneall.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus ghinearálta i ndáil le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (IO L 102, 13.4.2017, lch. 1.)”;"

(3)

in Airteagal 3a, cuirtear mír 3 seo a leanas isteach:

“3.   Cineálcheaduithe AE le haghaidh cineál innill nó aicme inneall arna bhformheas i gcomhréir leis an Rialachán seo roimh an 26 Nollaig 2022, ní éileofar iad a athbhreithniú ná a shíneadh de thoradh na tástála a rinneadh i gcomhréir le ceanglais na hIarscríbhinne.”;

(4)

leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 252, 16.9.2016, lch. 53.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán gásach ó innill dócháin inmheánaigh inseirbhíse in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (IO L 102, 13.4.2017, lch. 334.)


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/655 mar a leanas:

(1)

Cuirtear isteach na pointí seo a leanas, 1.2.a agus 1.2.b tar éis phointe 1.2:

“1.2.a.   Grúpa Innill Faireacháin Inseirbhíse (Grúpa IFI)

D’fhonn tástáil inseirbhíse a dhéanamh, grúpálfar gach cineál innill agus aicme inneall arna dtáirgeadh ag an monaróir i gcomhréir lena fhochatagóir, mar a leagtar amach i dTábla 1 agus a léirítear i bhFíor 1. D’fhéadfadh Grúpa IFI amháin a bheith ag monaróir amháin le haghaidh gach cineál féideartha de Ghrúpa IFI.

Tábla 1

Grúpaí IFI

Grúpa IFI

(Fo)c(h)atagóir(í) inneall

A

NRE-v-5, NRE-v-6

B

NRE-c-5, NRE-c-6

C

NRE-v-3, NRE-v-4

D

NRE-c-3, NRE-c-4

E

NRE-v-1, NRE-c-1, NRE-v-2, NRE-c-2

F

NRE-v-7, NRE-c-7

G

NRG-v-1, NRG-c-1

H

NRS-v-2b, NRS-v-3

I

NRS-vr-1b, NRS-vi-1b, NRS-v-2a

J

IWP-v-1, IWP-c-1, IWA-v-1, IWA-c-1, IWP-v-2, IWP-c-2, IWA-v-2, IWA-c-2

K

IWP-v-3, IWP-c-3, IWA-v-3, IWA-c-3

L

IWP-v-4, IWP-c-4, IWA-v-4, IWA-c-4

M

RLL-v-1, RLL-c-1

N

RLR-v-1, RLR-c-1

O

SMB-v-1

P

ATS-v-1

Fíor 1

Léaráid de na Grúpaí IFI

Image 1

1.2.b.

Is ionann an t-údarás formheasa a áirithíonn comhlíontacht leis an Rialachán seo agus ceann díobh seo a leanas:

a)

an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú an chineáil innill nó na haicme inneall, i gcás ina bhfuil cineálcheadú aonair i nGrúpa ISM;

b)

an t-údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú do roinnt cineálcheadaithe innill agus/nó aicmí inneall laistigh den Ghrúpa ISM céanna;

c)

arna bhformheas ag údaráis formheasa éagsúla, sa Ghrúpa IFI, an t-údarás formheasa arna ainmniú ag gach údarás formheasa a bhaineann le i gcás ina bhfuil cineálacha innill, agus/nó aicmí inneall,”

(2)

pointe 1.3, scriostar fophointe (b):

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4:

“1.4.

Innill ina bhfuil Aonad Rialaithe Leictreonach (ARL) agus comhéadan cumarsáide atá beartaithe chun na sonraí is gá a sholáthar, mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 7, ach a bhfuil an comhéadan in easnamh nó sonraí in easnamh, nó i gcás nach féidir na comharthaí riachtanacha a aithint agus a dhearbhú go soiléir, ní bheidh siad incháilithe do thástáil faireacháin inseirbhíse, agus roghnófar inneall eile.

Ní ghlacfaidh an t-údarás formheasa le héagmais ARL nó comhéadain, nó éagmais comharthaí nó comharthaí neamhbhailí, nó easpa comhlíontachta chomhartha toirc ARL, mar chúis chun an líon inneall atá le tástáil faoin Rialachán seo a laghdú.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

“2.1.

Déanfaidh an monaróir an bunphlean ar fhaireachán gach Grúpa IFI a chur faoi bhráid an údaráis formheasa laistigh de:

(a)

le haghaidh Ghrúpa IFI A, 1 mhí amháin roimh thús tháirgeadh aon chineál innill nó aicme inneall laistigh den Ghrúpa IFI;

(b)

le haghaidh aon Ghrúpa IFI eile, an dáta is deireanaí de na dátaí a leanas:

(i)

an 26 Meitheamh 2023;

(ii)

1 mhí amháin tar éis thús tháirgeadh aon chineál innill nó aicme inneall laistigh den Ghrúpa IFI.”;

(5)

i bpointe 2.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“2.2.

Ghrúpa IFI, chomh maith leis na critéir a úsáidtear don roghnú agus do chosaint an roghnúcháin:”; Áireofar sa bunphlean liosta de chineálacha innill agus aicmí inneall sa

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.3:

“2.3.

Cuirfidh monaróirí plean atá cothrom le dáta le haghaidh faireachán a dhéanamh ar innill inseirbhíse faoi bhráid an údaráis formheasa uair ar bith a athróidh liosta na n-aicmí inneall sa Ghrúpa IFI nó uair ar bith a chomhlánófar nó a athbhreithneofar an liosta inneall faoi leith agus an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a roghnófar. Áireofar sa phlean nuashonraithe cosaint ar na critéir a úsáideadh le haghaidh an roghnúcháin agus na cúiseanna atá ann an liosta roimhe sin a athbhreithniú, más infheidhme. I gcás ina n-athraíonn líon na n-aicmí inneall sa Ghrúpa IFI nó an méid bliantúil táirgeachta do mhargadh an Aontais, coigeartófar an plean leis an líon tástálacha atá le forghníomhú i gcomhréir le pointe 2.6 dá réir sin freisin.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2.6 go 2.6.4:

“2.6.   Critéir le haghaidh roghnú na n-inneall, a bhfuil tástáil le déanamh orthu

Tagraíonn an líon inneall, a bhfuil tástáil le déanamh orthu, don ghrúpa IFI, agus ní do na fochatagóirí innill, aicmí inneall nó cineálacha innill a bhaineann le grúpa IFI.

Roghnóidh an monaróir innill a léiríonn na fochatagóirí, na haicmí inneall agus na cineálacha innill a bhaineann le grúpa IFI, ar bhealach cothrom. Níor cheart go dtabharfadh sé seo le fios go ndéanfaí tástáil ar innill i ngach fochatagóir innill, aicme inneall nó cineál innill.

Áireofar i roghnú na n-inneall do ghrúpaí IFI ina bhfuil IWP agus IWA, innill ón dá chatagóir a mhéid is féidir.

2.6.1.   Scéim tástála le haghaidh grúpa IFI A

Roghnóidh an monaróir ceann de na scéimeanna tástála a leanas a dtugtar tuairisc orthu i bpointí 2.6.1.1 agus 2.6.1.2 le haghaidh faireachán inseirbhíse.

2.6.1.1.   Scéim tástála bunaithe ar an Tréimhse Mharthanachta Astaíochtaí (TMA)

2.6.1.1.1.

Tástáil ar 9 n-inneall ón ngrúpa IFI ag a bhfuil seirbhís charntha níos lú ná a % den TMA, i gcomhréir le Tábla 2. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2024.

2.6.1.1.2.

Tástáil ar 9 n-inneall ón ngrúpa IFI ag a bhfuil seirbhís charntha de bhreis agus b % de TMA, i gcomhréir le Tábla 2. Cuirfear na tuarascálacha tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2026.

2.6.1.1.3.

Nuair nach féidir leis an monaróir an ceanglas faoi phointe 2.6.1.1 a chomhlíonadh de bharr nach bhfuil innill ag a bhfuil an carnadh seirbhíse a cheanglaítear i bpointe 2.6.1.1.2 ar fáil, d’fhéadfadh an t-údarás formheasa tástáil na n-inneall ag a bhfuil seirbhís carntha idir 2 oiread a % agus b % de TMA a cheadú faoin bpointe seo, chomh fada is a sholáthraíonn an monaróir fianaise láidir gur roghnaíodh innill ag a bhfuil an carnadh seirbhíse is airde atá ar fáil. De rogha air sin, glacfaidh an t-údarás formheasa le hathrú ar an scéim tástála bunaithe ar thréimhse 4 bliana a leagtar amach i bpointe 2.6.1.2. Sa chás sin, an líon foriomlán inneall a bhfuil tástáil le déanamh orthu faoi phointe 2.6.1.2, laghdófar é den líon inneall a ndearnadh tástáil agus tuairisc orthu cheana i gcomhréir le pointe 2.6.1.1..

Tábla 2

% de luachanna TMA le haghaidh ghrúpa IFI a shonraítear in 2.6.1

Cumhacht tagartha an innill roghnaithe (kW)

a

b

56 ≤ P < 130

20

55

130 ≤ P ≤ 560

30

70

2.6.1.2.   Scéim tástála bunaithe ar thréimhse 4 bliana

Tástálfaidh gach monaróir naoi n-inneall ar an meán gach bliain ón ngrúpa IFI le linn 4 bliana as a chéile. Cuirfear tuarascálacha tástála faoi bhráid an údaráis formheasa gach bliain do na tástálacha a rinneadh. Cuirfear an sceideal i gcomhair tástála agus an sceideal chun na torthaí a chur isteach san áireamh sa bhunphlean, agus in aon phlean a thabharfar cothrom le dáta ina dhiaidh sin, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar innill inseirbhíse arna gcur isteach ag an monaróir agus arna gceadú ag an údarás formheasa.

2.6.1.2.1.

Cuirfear torthaí tástála na gcéad naoi n-inneall isteach tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis shuiteáil an chéad innill in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, agus tráth nach déanaí ná 30 mí tar éis táirgeadh cineál ceadaithe innill nó aicme inneall laistigh den ghrúpa IFI.

2.6.1.2.2.

I gcás ina léiríonn an monaróir don údarás formheasa nár cuireadh aon inneall in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é 30 mí tar éis thús an táirgthe, cuirfear torthaí na dtástálacha isteach tar éis shuiteáil an chéad innill, ar dháta a shocraítear leis an údarás formheasa.

2.6.1.2.3.

Monaróirí ísealtáirgeachta

Coigeartófar an líon inneall a thástálfar i gcás monaróirí ísealtáirgeachta mar a leanas:

(a)

cuirfidh monaróirí nach dtáirgeann ach dhá aicme inneall laistigh de ghrúpa IFI sé thoradh tástála innill ar an meán isteach in aghaidh na bliana;

(b)

cuirfidh monaróirí a tháirgeann breis agus 250 inneall, atá i ngrúpa IFI nach bhfuil ach aicme inneall amháin ann, in aghaidh na bliana do mhargadh an Aontais, cuirfidh siad trí thoradh tástála innill ar an meán isteach in aghaidh na bliana;

(c)

cuirfidh monaróirí a tháirgeann idir 125 agus 250 inneall, atá i ngrúpa IFI nach bhfuil ach aicme inneall amháin ann, in aghaidh na bliana do mhargadh an Aontais, cuirfidh siad dhá thoradh tástála innill ar an meán isteach in aghaidh na bliana;

(d)

monaróirí a tháirgeann níos lú ná 125 inneall in aghaidh na bliana le haghaidh mhargadh an Aontais, arb innill iad atá i ngrúpa IFI nach bhfuil ach aicme inneall amháin ann, cuirfidh siad toradh tástála innill amháin ar an meán isteach in aghaidh na bliana.

Fíoróidh an t-údarás formheasa nach sáraítear na cainníochtaí táirgthe dearbhaithe le linn na tréimhse 4 bliana ina ndéanann an monaróir an tástáil. Má sháraítear na cainníochtaí, tástálfaidh an monaróir naoi n-inneall ar an meán in aghaidh na bliana le haghaidh na mblianta atá fágtha sa tréimhse 4 bliana agus nár tuairiscíodh torthaí ina leith.

2.6.2.   Scéim tástála le haghaidh ghrúpaí IFI B, F, G, J, K, L, M agus N

Roghnóidh an monaróir ceann de na scéimeanna tástála seo a leanas a dtugtar tuairisc orthu i bpointí 2.6.2.1 agus 2.6.2.2 le haghaidh gach grúpa i gcomhair faireachán inseirbhíse.

2.6.2.1.   Scéim tástála bunaithe ar an Tréimhse Mharthanachta Astaíochtaí (TMA)

2.6.2.1.1.

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ón ngrúpa IFI, ag a bhfuil seirbhís charntha de níos lú ná c % de TMA, i gcomhréir le Tábla 3. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2024.

2.6.2.1.2.

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ón ngrúpa IFI ag a bhfuil seirbhís charntha de bhreis agus d % den TMA, i gcomhréir le Tábla 3. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2026.

2.6.2.1.3.

Nuair nach féidir leis an monaróir na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2.6.2.1.1 agus 2.6.2.1.2 a chomhlíonadh toisc nach bhfuil na hinneall ag a bhfuil an carnadh seirbhíse a éilítear ar fáil, d’fhéadfadh an t-údarás formheasa tástáil na n-inneall ag a bhfuil seirbhís charntha idir 2 oiread c % agus d % de TMA a cheadú faoin bpointe seo, chomh fada is a sholáthraíonn an monaróir fianaise láidir gur roghnaíodh innill ag a bhfuil an carnadh seirbhíse is airde atá ar fáil. De rogha air sin, glacfaidh an t-údarás formheasa le hathrú ar an scéim tástála bunaithe ar thréimhse 4 bliana mar a leagtar amach i bpointe 2.6.2.2. Sa chás sin, an líon foriomlán inneall a bhfuil tástáil le déanamh orthu faoi phointe 2.6.2.2, laghdófar é den líon inneall a ndearnadh tástáil agus tuairisc orthu cheana i gcomhréir le pointí 2.6.2.1.1 agus 2.6.2.1.2.

2.6.2.1.4.

Nuair a úsáidtear an tuarascáil tástála le haghaidh aicme inneall Chéim IIIB atá comhionann le catagóir RLL chun cineálcheadú comhfhreagrach Chéim V a fháil le haghaidh na haicme inneall sin i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/656 agus nuair nach féidir le monaróir an innill na ceanglais faoi phointí 2.6.2.1.1 agus 2.6.2.1.2 a chomhlíonadh toisc nach bhfuil innill Chéim V ag a bhfuil an carnadh seirbhíse a éilítear ar fáil, glacfaidh an t-údarás formheasa le roghnú inneall Chéim IIIB chun ceanglais phointí 2.6.2.1.1 agus 2.6.2.1.2 a chomhlíonadh.

Tábla 3

% de luachanna TMA le haghaidh ghrúpaí IFI a shainmhínítear in 2.6.2.1

Cumhacht tagartha an innill roghnaithe (kW)

c

d

P < 56

10

40

56 ≤ P < 130

20

55

P ≥ 130

30

70

Tábla 4

An líon inneall, a bhfuil tástáil le déanamh orthu, le haghaidh na ngrúpaí IFI a dtugtar tuairisc orthu in 2.6.2, 2.6.3.1 agus 2.6.4.1

N

CA

x

1

-

1

2 ≤ N ≤ 4

-

2

> 4

≥ 50

2

5 ≤ N ≤ 6

> 50

3

≥ 7

> 50

4

Mar a bhfuil:

N

=

Líon foriomlán aicmí inneall an Aontais arna dtáirgeadh ag an monaróir laistigh den ghrúpa IFI

CA

=

Comhtháirgeadh bliantúil do mhargadh an Aontais do na haicmí inneall eile arna dtáirgeadh ag an monaróir laistigh de ghrúpa IFI agus na ceithre aicme ag a bhfuil an táirgeadh bliantúil is airde do mhargadh an Aontais as an áireamh.

x

=

Am líon inneall a bhfuil tástáil le déanamh orthu

2.6.2.2.   Scéim tástála bunaithe ar thréimhse 4 bliana

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ar an meán ón ngrúpa IFI in aghaidh na bliana le linn 4 bliana as a chéile, i gcomhréir le Tábla 4. Cuirfear tuarascálacha tástála faoi bhráid an údaráis formheasa gach bliain do na tástálacha a rinneadh. Cuirfear an sceideal i gcomhair tástála agus an sceideal chun na torthaí a chur isteach san áireamh sa bhunphlean, agus in aon phlean a thabharfar cothrom le dáta ina dhiaidh sin, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar innill inseirbhíse arna gcur isteach ag an monaróir agus arna gceadú ag an údarás formheasa.

2.6.2.2.1.

Cuirfear torthaí na dtástálacha do na chéad x inneall isteach roimh dháta deiridh na ndátaí a leanas:

(a)

26 Nollaig 2024;

(b)

12 mhí tar éis shuiteáil an chéad innill in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é;

(c)

18 mí tar éis tús a chur le táirgeadh cineál ceadaithe innill nó aicme inneall laistigh den ghrúpa IFI.

2.6.2.2.2.

Nuair a léiríonn an monaróir don údarás formheasa nár cuireadh aon inneall in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é 18 mí tar éis thús an táirgthe, cuirfear torthaí na dtástálacha isteach tar éis shuiteáil an chéad innill, ar dháta a shocraítear leis an údarás formheasa.

2.6.2.2.3.

Monaróirí ísealtáirgeachta

Cuirfear an líon inneall a thástálfar in oiriúint sa chás nach mó ná 50 inneall (monaróirí ísealtáirgeachta) an comhtháirgeadh bliantúil ar fud na n-aicmí inneall i ngrúpa IFI, mar a leanas:

(a)

monaróirí a tháirgeann foriomlán idir 25 agus 50 inneall in aghaidh na bliana le haghaidh mhargadh an Aontais ar fud na n-aicmí uile i ngrúpa IFI faoi leith, cuirfidh siad isteach:

(i)

torthaí tástála le haghaidh inneall amháin ag a bhfuil seirbhís charntha idir c % agus d % de TMA mar a shonraítear i dTábla 3 faoin 26 Nollaig 2025, nó;

(ii)

torthaí tástála le haghaidh inneall amháin ar an meán in aghaidh na bliana thar 2 bhliain, ag tosú 12 mhí tar éis shuiteáil an chéad innill in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é,

(b)

ní chaithfidh monaróirí a tháirgeann níos lú ná 25 inneall in aghaidh na bliana do mhargadh an Aontais thar gach aicme i ngrúpa IFI faoi leith aon tástáil innill a chur isteach mura dtáirgtear níos mó ná 35 inneall i dtréimhse rollach dhá bhliain, agus má tháirgtear leanfaidh an monaróir an scéim chéanna a leagtar amach i bhfophointe (a).

Fíoróidh an t-údarás formheasa nach sáraítear na cainníochtaí táirgthe dearbhaithe le linn na dtréimhsí a leagtar amach sa chéad mhír, fophointe (a). Má sháraítear na cainníochtaí sin ag aon phointe, athróidh an monaróir chuig ceann de na scéimeanna tástála a leagtar amach i bpointí 2.6.2.1. agus 2.6.2.2. Sa chás sin, an líon foriomlán inneall a bhfuil tástáil le déanamh orthu faoi na pointí sin, laghdófar é den líon inneall a ndearnadh tástáil agus tuairisc orthu cheana i gcomhréir leis an bpointe seo.

2.6.3.   Grúpaí IFI C, D, E, H agus I

Roghnóidh an monaróir ceann de na scéimeanna tástála a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.6.2 nó an scéim tástála bunaithe ar aois an trealaimh a dtugtar tuairisc air i roinn 2.6.3.1 le haghaidh faireachán inseirbhíse.

2.6.3.1.   Scéim tástála bunaithe ar aois an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é (féach Fíor 2)

2.6.3.1.1.

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ón ngrúpa IFI ag a bhfuil bliain táirgthe innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, nach mó ná 2 bhliain roimh dháta na tástála sin, (féach Fíor 2), i gcomhréir le Tábla 4. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2024.

2.6.3.1.2.

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ón ngrúpa IFI ag a bhfuil bliain táirgthe innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, nach lú ná 4 bliana roimh dháta na tástála sin, (féach Fíor 2), i gcomhréir le Tábla 4. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2026.

2.6.3.1.2.1.

Tabharfar fianaise láidir don údarás formheasa gur úsáideadh gach inneall, a roghnaíodh i gcomhair tástála faoi phointe 2.6.3.1.2, gach bliain ar bhealach agus ar mhéid atá cosúil leis sin atá i líon na n-inneall comhchosúil a cuireadh ar mhargadh an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh le fianaise oiriúnach saintréithe a léiríonn gnáthchaitheamh, taifid úsáide, taifid chothabhála agus taifid ar an mbreosla a ídíodh.

2.6.3.1.3.

Nuair nach féidir leis an monaróir na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2.6.3.1.1 agus 2.6.3.1.2 a chomhlíonadh de bharr nach bhfuil na hinnill ag a bhfuil an bhliain táirgthe a éilítear d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ar fáil, nó fianaise úsáide nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an t-údarás formheasa le hathrú ar an scéim tástála bunaithe ar thréimhse 4 bliana a leagtar amach i bpointe 2.6.2.2. Sa chás sin, an líon foriomlán inneall, a bhfuil tástáil le déanamh orthu, faoi phointe 2.6.2.2 laghdófar é den líon inneall a ndearnadh tástáil agus tuairisc orthu cheana i gcomhréir le pointí 2.6.3.1.1 agus 2.6.3.1.2.

Fíor 2

Léaráid de na hinnill incháilithe le haghaidh thástáil IFI bunaithe ar aois an innealra shoghluaiste, nach innealra bóthair é

Image 2

2.6.4.   Grúpaí IFI O agus P

Roghnóidh an monaróir, do gach grúpa ISM, ceann de na scéimeanna tástála a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.6.2. I gcás ina roghnófar an scéim tástála a leagtar amach i bpointe 2.6.2.1, féadfaidh monaróirí an scéim tástála atá bunaithe ar léamh an odaiméadair a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 2.6.4.1 a chur i bhfeidhm laistigh den ghrúpa céanna ISM.

I gcás ina roghnaíonn an monaróir an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 2.6.2.1, úsáidfear an tseirbhís charntha a thugtar i dTábla 5 in ionad an chinn a thugtar i dTábla 3.

Tábla 5

% na luachanna TMA le haghaidh ghrúpaí IFI O agus P

Grúpa

c

d

O

20

55

P

10

40

2.6.4.1.   Scéim tástála bunaithe ar léamh an odaiméadair in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é

2.6.4.1.1.

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ón ngrúpa IFI, ag a bhfuil seirbhís charntha de níos lú ná c (km) ar léamh odaiméadair an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, i gcomhréir le Tábla 4 agus Tábla 6. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2024.

2.6.4.1.2.

Tástáil a dhéanamh ar x inneall ón ngrúpa IFI, ag a bhfuil seirbhís charntha de níos mó ná d (km) ar léamh odaiméadair an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, i gcomhréir le Tábla 4 agus Tábla 6. Cuirfear na torthaí tástála faoi bhráid an údaráis formheasa faoin 26 Nollaig 2026.

Tábla 6

Seirbhís charntha le haghaidh ghrúpaí IFI O agus P

Grúpa

Toirt scuabtha an innill (cm3)

c (km)

d (km)

O

Ceann ar bith

1 600

4 400

P

< 100

1 350

5 400

≥ 100

2 700

10 800 ”

(8)

Cuirtear isteach pointí 2.6.5 agus 2.6.6 a leanas i ndiaidh phointe 2.6.4.1.2:

“2.6.5.

Féadfaidh an monaróir níos mó tástálacha agus tuairiscí ná mar a shuitear sna scéimeanna a leagtar amach i bpointí 2.6.1, 2.6.2, 2.6.3 agus 2.6.4 a dhéanamh.

2.6.6.

Moltar iltástáil a dhéanamh ar an inneall céanna chun sonraí a sholáthar do na céimeanna carntha seirbhíse as a chéile i gcomhréir le pointí 2.6.1, 2.6.2, 2.6.3 agus 2.6.4, ach níl sé sainordaitheach.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.3.2:

“3.3.2.

Beidh an teocht cothrom le 266 K (– 7 °C) nó níos mó ná sin, ach amháin i gcás ISM grúpa O a bheidh cothrom le nó níos mó ná 253K (-20 °C), agus arb ionann í agus an teocht a chinntear leis an gcothromóid seo a leanas ag an mbrú atmaisféarach sonraithe nó atá níos lú ná an teocht sin:

T = – 0,4514 * (101,3 – pb) + 311

i gcás:

T teocht chomhthimpeallach, K;

is é pb an brú fo-atmaisféarach, kPa.”

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.4.2:

“3.4.2.

D’fhonn comhlíontacht phointe 3.4 a léiriú, glacfar samplaí agus coinneofar iad ar feadh na tréimhse is giorra de na cinn seo a leanas ar a laghad:

(a)

12 mhí tar éis chríochnú na tástála, nó

(b)

1 mhí amháin i ndiaidh don mhonaróir an tuarascáil tástála faoi seach a chur faoi bhráid an údaráis formheasa.”

(11)

cuirtear isteach pointe 3.6 a leanas tar éis phointe 3.5:

“3.6.

I gcás ina ndéantar tástáil lasmuigh den Aontas, ní mór don mhonaróir fianaise a thabhairt don údarás formheasa go léiríonn na coinníollacha a leanas na coinníollacha tástála a bheadh ar an innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, dá dtástálfaí é san Aontas:

(a)

oibriú innealra soghluaiste nach innealra bóthair é;

(b)

dálaí comhthimpeallacha;

(c)

ola bhealaithe, breosla agus imoibrí; agus

(d)

dálaí oibriúcháin”;

(12)

scriostar pointe 4.1.1.

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.2:

“4.2.2.

Comhlíonfar na ceanglais bhreise a leanas agus sampláil chomhshonraí á cur i bhfeidhm:

(a)

gheofar na hoird oibríochta difriúla ag úsáid an innealra shoghluaiste chéanna, nach innealra bóthair é, agus an t-inneall céanna;

(b)

beidh trí ord oibríochta ar a mhéad i sampláil chomhshonraí na dtástálacha a dhéantar ag teocht chomhthimpeallach os cionn 273 15 K;

(c)

beidh sé ord oibríochta ar a mhéad i sampláil chomhshonraí na dtástálacha a dhéantar ag teocht chomhthimpeallach cothrom le 273 15 K nó níos lú ná sin;

(d)

is ionann an uastréimhse chaite idir an chéad ord oibríochta agus an t-ord deireanach oibríochta agus 72 uair an chloig;

(e)

ní úsáidfear sampláil chomhshonraí má mhífheidhmíonn an t-inneall, mar a leagtar amach i bpointe 8 d’Fhoscríbhinn 2;

(f)

d’fhonn a bheith incháilithe do shampláil chomhshonraí, beidh an t-íosmhéid saothair (kWh) nó mais CO2 (g/timthriall) a leanas i ngach ord oibríochta i dtástáil faireacháin inseirbhíse:

(i)

saothar tagartha teodhúiseachta NRTC amháin ar a laghad nó mais tagartha CO2, le haghaidh inneall i ngrúpaí IFI A agus C;

(ii)

saothar tagartha LSI-NRTC amháin ar a laghad nó mais tagartha CO2, le haghaidh inneall i ngrúpa IFI H;

(iii)

saothar tagartha timthrialla foistine amháin ar a laghad nó mais tagartha CO2, arna cinneadh ag úsáid an mhodha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 9 le haghaidh inneall i ngach Grúpa IFI eile.

(iv)

Maidir le hinnill ina ndéantar tástáil faireacháin inseirbhíse ag céimeanna 0 °C nó faoina bhun, agus trí cheathrú ar a laghad d’obair thagartha nó de mhais tagartha CO2 sa chéad ord oibríochta agus leath d’obair thagartha timthrialla foistine nó de mhais tagartha CO2 ar a laghad sna hoird oibríochta seo a leanas, a chinntear ag baint úsáide as an modh atá leagtha amach in Iarscríbhinn 9”

I gcás tástála inseirbhíse cineál innill laistigh d’aicme inneall, beidh an luach tagartha mar an gcéanna le cineál an mháthair-innill;

(g)

sula gcuirfear na hoird oibríochta le chéile, déanfar an réamhphróiseáil ar fad is gá ar gach ord i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 6.3;

(h)

cuirfear na hoird oibríochta sa tsampláil chomhshonraí le chéile in ord croineolaíoch lena n-áirítear gach sonra nach bhfágtar ar lár le fophointe (f);

(i)

measfar gur tástáil IFI amháin é an tsampláil chomhshonraí;

(j)

cuirfear cinneadh na dteagmhas oibre a leagtar amach i bpointe 6.4 agus na ríomhanna a leagtar amach i bpointe 8 i bhfeidhm ar an tsampláil chomhshonraí chríochnaithe.”;

(14)

cuirtear isteach pointe 4.3 a leanas tar éis phointe 4.2.2:

“4.3.   Cailliúint shealadach comhartha

Sroichfidh taifeadadh paraiméadair iomláine sonraí nach lú ná 98 %, a chiallaíonn nach féidir uasmhéid de 2 % de shonraí, nach bhfuil tréimhse níos mó ná 30 soicind aige, a fhágáil ar lár ó gach ord oibríochta de bharr cásanna neamhbheartaithe de chailliúint shealadach comhartha agus sa chéad taifeadadh sonraí. Ní chruthófar aon chailliúint comhartha le linn réamhphróiseáil nó iarphróiseáil aon ord oibríochta nó nuair a chuirfear oird oibríochta le chéile.”;

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 go 5.2.2:

“5.   Sruth sonraí ARL

5.1.

Soláthróidh innill atá feistithe le ARL agus comhéadan cumarsáide faisnéis srutha sonraí do na huirlisí tomhais nó logálaí sonraí PEMS i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bhFoscríbhinn 7.

5.2.

Bailíochtófar infhaighteacht na sonraí tomhais arna n-iarraidh le Foscríbhinn 7 roimh an tástáil inseirbhíse.”

(16)

Cuirtear isteach pointí 5.3 go 5.4 i ndiaidh phointe 5.2:

“5.3.

Bailíochtófar comhréireacht chomhartha toirc ARL le linn an fhaireacháin inseirbhíse i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6.

5.4.

I gcás nach féidir na ceanglais a leagtar amach i bpointí 5.1., 5.2 agus 5.3. a chomhlíonadh le hinneall atá feistithe le ARL agus comhéadan cumarsáide, beidh feidhm ag pointe 1.4.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.4:

“6.4.

Leanfaidh monaróirí na nósanna imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 le haghaidh chinneadh na dteagmhas oibre agus neamhoibre i gcomhair ríomh na n-astaíochtaí truailleán gásach i ndiaidh tástáil faireacháin inseirbhíse ar innill in innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, ag úsáid PEMS.”;

(18)

cuirtear isteach pointí 6.5 agus 6.6 i ndiaidh phointe 6.4:

“6.5.

I gcomhréir le pointe 4.2.2, i gcás ina n-úsáidtear sampláil chomhshonraí, beidh feidhm ag ceanglais phointí 6.1 go 6.3 go haonarach ar gach ord oibríochta sula gcuirfear na hoird oibríochta le chéile. Cuirfear cinneadh na dteagmhas oibre agus neamhoibre, a leagtar amach i bpointe 6.4, agus na ríomhanna a leagtar amach i bpointe 8 i bhfeidhm ar an tsampláil chomhshonraí chríochnaithe.

6.6.

Tugtar breac-chuntas i bhFíor 3 ar an ord foriomlán le haghaidh faireachán inseirbhíse, lena n-áirítear pleanáil, ullmhú agus suiteáil PEMS, nósanna imeachta tástála, réamhphróiseáil sonraí, ríomhanna sonraí agus bailíochtú.

Fíor 3

Léaráid ar an ord foriomlán chun faireachán inseirbhíse a dhéanamh

Image 3

”;

(19)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí 7 agus 8:

“7.   Infhaighteacht sonraí tástála

Ní athrófar ná ní bhainfear sonraí ón gcomhad/ó na comhaid sonraí loma tástála a úsáidtear chun pointe 6 a chur i gcrích. Coinneoidh an monaróir an comhad/na comhaid sonraí loma tástála ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus cuirfear faoi bhráid an údaráis formheasa agus an Choimisiúin é nó iad arna iarraidh sin.

8.   Ríomhanna

Leanfaidh monaróirí na nósanna imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5 le haghaidh ríomhanna na n-astaíochtaí truailleán gásach le haghaidh faireachán inseirbhíse na n-inneall in innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, ag úsáid PEMS.

8.1.

I gcás inneall ag a bhfuil ARL a táirgeadh le comhéadan cumarsáide, a bhí beartaithe chun bailiú sonraí toirc innill agus luais an innill a cheadú, mar a shonraítear i dTábla 1 i bhFoscríbhinn 7, déanfar na ríomhanna agus tuairisceofar na torthaí don mhodh saotharbhunaithe agus don mhodh bunaithe ar an mais CO2 araon. I ngach cás eile, déanfar na ríomhanna agus tuairisceofar na torthaí don mhodh bunaithe ar an mais CO2 amháin.

8.2.

I ngach cás, déanfar na ríomhanna faoi dhó i ndiaidh réamhphróiseáil na sonraí i gcomhréir le pointe 6.3 san Fhoscríbhinn seo:

(a)

agus úsáid á baint as teagmhais oibre amháin, a cinneadh i gcomhréir le pointe 6.4 san Fhoscríbhinn seo agus tréimhsí ama bailí, ar an gcéad dul síos, agus;

(b)

ar an dara dul síos, agus úsáid á baint as sonraí, nach gcuireann pointe 6.3 san Fhoscríbhinn seo as an áireamh iad, gan pointe 6.4 den Fhoscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus gan tréimhsí ama bailí mar a leagtar amach i bpointí 2.2.2 agus 2.3.1 d’Fhoscríbhinn 5 a chur as an áireamh.”;

(20)

leasaítear Aguisín 1 mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Sreabhmhéadar Sceite (SS) bunaithe ar phrionsabal meánaithe Pitot, nó an prionsabal coibhéiseach, seachas i gcás ina bhféadfar tomhas sreibhe sceite indírigh a chur i bhfeidhm, faoi mar a cheadaítear le nóta (3) a ghabhann leis an tábla i bpointe 1 i bhFoscríbhinn 2;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 go 2.2.2:

“2.   Ceanglais ionstraimí táscacha

2.1.

Comhlíonfaidh Ionstraimí Táscacha na ceanglais ar sheiceálacha calabrúcháin agus feidhmíochta a leagtar amach i Roinn 8.1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 (*1) ón gCoimisiún, ach amháin mar a leagtar amach i bpointí 2.1.1 agus 2.1.2. Tabharfar aird ar leith ar dhéanamh na gníomhaíochta a leanas:

(a)

fíorú sceitheadh thaobh an fholúis sa PEMS mar a leagtar amach i Roinn 8.1.8.7 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654;

(b)

fíorú na freagartha agus nuashonrú thaifeadadh an anailíseora gháis mar a leagtar amach i Roinn 8.1.5 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

2.1.1.

Féadfaidh ann íosmhinicíocht le haghaidh fíorú líneacht an anailíseora gháis agus fíorú aistrithe an tiontaire NO2-go-NO a leagtar amach i dTáblaí 6.4 agus 6.5 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 a ardú go 3 mhí.

2.1.2.

Beidh íosmhinicíocht sheiceálacha feidhmíochta agus calabrúcháin an tsreabhmhéadair sceite, agus sonraí na seiceálacha sin, mar an gcéanna leo siúd a shonraíonn monaróir na hionstraime.

2.2.

Comhlíonfaidh na hionstraimí táscacha an tsonraíocht a leagtar amach i Roinn 9.4 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus ghinearálta i ndáil le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (IO L 102, 13.4.2017, lch. 1.)”"

(c)

cuirtear isteach pointí 2.3 agus 3 a leanas i ndiaidh phointe 2.2:

“2.3.

Comhlíonfaidh na gáis anailíseacha a úsáidtear chun na hionstraimí táscacha a chalabrú na ceanglais a leagtar amach i Roinn 9.5.1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.”;

“3.   An líne aistrithe agus ceanglais an tóireadóra samplála

3.1.

Comhlíonfaidh an líne aistrithe na ceanglais a leagtar amach i Roinn 9.3.1.2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

3.2.

Comhlíonfaidh an tóireadóir samplála na ceanglais a leagtar amach i Roinn 9.3.1.1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.”;

(21)

leasaítear Aguisín 2 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) go (4.1):

“1.   Paraiméadair na Tástála

1.1.

Na hastaíochtaí truailleán gásach atá le tomhas agus le taifeadadh le linn na tástála faireacháin inseirbhíse ná aonocsaíd charbóin (CO), hidreacharbóin iomlána (HC) agus ocsaídí nítrigine (NOx). Ina theannta sin, tomhaisfear dé-ocsaíd charbóin (CO2) chun na nósanna imeachta ríomha, a dtugtar tuairisc orthu i bhFoscríbhinn 5, a chumasú.

1.2.

I gcás ina gcuireann an monaróir ina luí ar an údarás formheasa nach bhfuil sé praiticiúil an sreabhadh ó sceithscuainí iomadúla a chur le chéile, agus go bhfuil cosúlacht idir cumraíocht theicniúil agus oibríocht na coda den inneall a sceitheann isteach i ngach scuaine, beidh sé leordhóthanach na hastaíochtaí agus sreabhadh maise an sceite ó sceithscuaine amháin a thomhas. Sa chás sin, agus na ríomhanna a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5 á ndéanamh, méadófar ráta láithreach shreabhadh maise na n-astaíochtaí ón scuaine tomhaiste faoi líon foriomlán na scuainí chun ráta foriomlán meandrach shreabhadh maise na n-astaíochtaí a fháil don inneall.

1.3.

Tomhaisfear agus taifeadfar na paraiméadair a leagtar amach sa Tábla ag tréimhse samplála sonraí d’aon soicind amháin nó níos lú le linn na tástála faireacháin inseirbhíse:

Tábla

Paraiméadair na tástála

Paraiméadar

Aonad  (1)

Foinse

Tiúchan HC (2)

csm

Anailíseoir gáis

Tiúchan CO (2)

csm

Anailíseoir gáis

Tiúchan NOx (2)

csm

Anailíseoir gáis

Tiúchan CO2  (2)

csm

Anailíseoir gáis

Sreabhadh maise an sceite (3)

kg/h

SS

Teocht sceite (4)

K

SS nó ARL nó Braiteoir

Teocht chomhthimpeallach (5)

K

Braiteoir

Brú comhthimpeallach

kPa

Braiteoir

Bogthaise choibhneasta

%

Braiteoir

Torc an innill (6)  (7)

Nm

ARL nó Braiteoir

Luas an innill (7)

rpm

ARL nó Braiteoir

Sreabhadh breosla an innill (7)

g/s

ARL nó Braiteoir

Teocht an fhuartháin innill (8)

K

ARL nó Braiteoir

Teocht aer iontógála an innill

K

ARL nó Braiteoir

Domhanleithead an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é

céim

GPS (roghnach)

Domhanfhad an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é

céim

GPS (roghnach)

2.   Fad na tástála

2.1.

Beidh fad na tástála, lena gcuimsítear gach ord oibríochta, fada go leor chun na teagmhais oibre seo a leanas a fháil:

(a)

le haghaidh inneall i ngrúpaí IFI A agus C, idir cúig oiread agus seacht n-oiread an tsaothair thagartha in kWH arna déanamh ar an rith teodhúiseachta NRTC le linn na tástála cineálcheadaithe nó chun idir cúig oiread agus seacht n-oiread na maise tagartha CO2 in g/timthriall ó rith teodhúiseachta NTRC na tástála cineálcheadaithe a tháirgeadh, mar a shonraítear i bpointí 11.3.1. agus 11.3.2. den aguisín a ghabhann le deimhniú cineálcheadaithe AE an chineáil innill nó na haicme inneall a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/656;

(b)

le haghaidh inneall i ngrúpa IFI H, idir cúig oiread agus seacht n-oiread na hoibre tagartha in kWH arna déanamh ar an LSI-NRTC le linn na tástála cineálcheadaithe nó chun idir cúig oiread agus seacht n-oiread na maise tagartha CO2 in g/timthriall den LSI-NRTC le linn na tástála cineálcheadaithe a tháirgeadh, mar a shonraítear i bpointí 11.3.1 agus 11.3.2 den aguisín a ghabhann le deimhniú cineálcheadaithe AE an chineáil innill nó na haicme inneall a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/656;

(c)

le haghaidh inneall i ngrúpaí IFI E, I, O agus P idir trí oiread agus cúig oiread an tsaothair thagartha is infheidhme in kWH nó mais tagartha CO2 in g/timthriall arna cinneadh ag toradh na tástála cineálcheadaithe, ag úsáid an mhodha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 9;

(d)

le haghaidh inneall i ngrúpaí IFI nach liostaítear i bhfophointí (a), (b) nó (c) idir cúig oiread agus seacht n-oiread na hoibre tagartha is infheidhme in kWH nó mais tagartha CO2 in g/timthriall arna cinneadh ag toradh na tástála cineálcheadaithe, ag úsáid an mhodha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 9.

2.2.

Cuirfear na sonraí ar fad a bhaileofar le linn gach oird oibríochta i dtoll a chéile go croineolaíoch fiú má sháraítear an t-uasmhéid saothair nó mais CO2 a shonraítear i bpointe 2.1, fophointí (a) go (d). Sa chás sin, le linn an ríomha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5 den Rialachán seo:

(a)

i gcás ina sáraíonn méid an tsaothair nó na maise tagartha CO2 sna teagmhais oibre an t-uasmhéid sin, giorrófar an ríomh ag deireadh na hincriminte ama ina dtarlaíonn sé; agus,

(b)

beidh na torthaí a thuairisceofar le haghaidh na tástála IFI i gcomhréir le pointe 10 den Iarscríbhinn seo a ghabhann leis an Rialachán seo mar an gcéanna le torthaí an ríomha ghiorraithe.

3.   Ullmhú an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é

Cuimseoidh ullmhú an innealra shoghluaiste seo, nach innealra bóthair é, ar roghnaíodh a inneall le tástáil a dhéanamh air i gcomhréir le pointe 1.3 den Fhoscríbhinn seo ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)

seiceáil an innill: taifeadfar aon fhadhb a aimseofar, agus cuirfear faoi bhráid an údaráis formheasa é a luaithe is a bheidh sé réitithe;

(b)

athsholáthar na hola, an bhreosla agus an imoibrí, más gá, i gcás nach bhfuil aon fhianaise dhoiciméadaithe ar fáil go gcomhlíonann an sreabhán i gceist an tsonraíocht a liostaítear sa phacáiste faisnéise cineálcheadaithe don chineál innill, agus má bhíonn sé indéanta go praiticiúil agus go heacnamaíoch amhlaidh a dhéanamh;

(c)

comhlíonfaidh innill atá feistithe le ARL agus comhéadan cumarsáide pointe 5 den Fhoscríbhinn seo.

4.   Suiteáil PEMS

4.1.   Srianta suiteála

4.1.1.

Ní imreoidh suiteáil PEMS aon tionchar ar astaíochtaí truailleán gásach nó feidhmíocht an innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é.

4.1.2.

Comhlíonfaidh an tsuiteáil na rialacháin sábháilteachta agus ceanglais árachais is infheidhme go háitiúil agus leanfaidh sé na treoracha arna n-eisiúint ag PEMS, ionstraimí táscacha, líne aistrithe agus monaróir an tóireadóra shamplála.

4.1.3.

Ní féidir na córais PEMS a shuiteáil i gcás na n-inneall i ngrúpaí IFI M agus N gan an leithead lódála is infheidhme maidir leis an líonra iarnróid a shárú, cuimseoidh úsáid phointe 3.2.2 den Fhoscríbhinn seo tástáil na feithicle iarnróid agus é ina stad agus timthriall dualgais tástála ionadaíoch á úsáid arna chinneadh ag an monaróir agus arna chomhaontú leis an údarás formheasa.

4.1.4.

Maidir le hinnill i ngrúpaí IFI E, I, O agus P, féadfar an t-inneall a bhaint as an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus sa tástáil faireacháin inseirbhíse arna déanamh ar bhinse tástála dinimiméadair. Sa chás sin, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

(a)

bainfear an t-inneall, chomh maith leis an gcóras iomlán rialaithe astaíochtaí, as an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus cuirfear ar an mbinse tástála dinimiméadair é gan an córas rialaithe astaíochtaí a choigeartú;

(b)

ní gá a thaispeáint don Údarás Formheasa nach bhfuil sé indéanta pointe 3.2.1 san Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh;

(c)

d’ainneoin fhophointí (a) agus (b), déanfar an tástáil faireacháin inseirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(d)

comhaontófar an nós imeachta chun an t-inneall a bhaint as an innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, agus é a shuiteáil sa chill tástála chun feidhmiú an innealra shoghluaiste, nach innealra bóthair é, a athchruthú, leis an údarás formheasa sula ndéanfar an tástáil IFI;

(e)

úsáidfear timthriall dualgais tástála ionadaíoch arna chinneadh ag an monaróir agus arna chomhaontú leis an údarás formheasa i gcomhréir le pointe 3.2.2 san Iarscríbhinn seo;

(f)

cuimseoidh an timthriall dualgais tástála d’fhophointe (e) raon luais agus lóid a léiríonn feidhmiú an mheaisín roghnaithe agus é á úsáid allamuigh. Áireofar leis na modhanna chun an raon sin a shuí, ach níl siad teoranta dóibh, sonraí oibriúcháin a logáil le haghaidh meaisín amháin den chineál céanna, nó níos mó, a oibrítear allamuigh;

(g)

sonraí a shuí ar a mhéid atá na torthaí, a fhaightear ó úsáid an chórais PEMS, difriúil leo siúd a fhaightear ó úsáid chóras an bhinse tástála, féadfaidh tomhais chomhthráthacha, ag úsáid uirlisí binse tástála agus córas tomhais astaíochtaí, a chur le tomhais faireacháin inseirbhíse arna ndéanamh ar bhinse tástála dinimiméadair ag úsáid an chórais PEMS, i gcomhréir leis na ceanglais i Roinn 9 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654, arna bhfeidhmiú i gcomhréir le ceanglais roinn 8 den Iarscríbhinn sin;

(h)

beidh feidhm ag na ceanglais i bpointí 6, 7, 8 agus 10 den Iarscríbhinn seo maidir le tomhais chomhthráthacha chomh maith, i gcomhréir le fophointe (g) agus cuimseoidh na sonraí tástála agus an tuarascáil tástála na tomhais seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.6:

“4.6.   Logálaí sonraí

I gcás ina bhfuil sonraí ARL le húsáid, ceanglófar logálaí sonraí leis an inneall ARL chun na paraiméadair innill a liostaítear i dTábla 1 d’Fhoscríbhinn 7 a thaifeadadh, agus i gcás inarb infheidhme, na paraiméadair a liostaítear i dTábla 2 d’Fhoscríbhinn 7.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.1:

“5.1.

Tomhas na teochta comhthimpeallaí

Tomhaisfear an teocht chomhthimpeallach ag tús an oird oibríochta agus ag deireadh an oird oibríochta ar a laghad. Déanfar an tomhas laistigh d’achar réasúnach ón innealra soghluaiste nach innealra bóthair é. Féadfar braiteoir nó comhartha ARL d’aertheocht iontógála an innill a úsáid.

Má úsáidtear aertheocht iontógála chun an teocht chomhthimpeallach a mheas, beidh an teocht chomhthimpeallach taifeadta mar an gcéanna leis an aertheocht iontógála, arna coigeartú ag an bhfritháireamh ainmniúil is infheidhme idir an teocht chomhthimpeallach agus an aertheocht iontógála mar a shonraíonn an monaróir. ”;

(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 6 go 8.2:

“6.   Logáil shonraí na tástála faireacháin inseirbhíse

6.1.   Roimh an ord oibríochta

Tosóidh sampláil sonraí na n-astaíochtaí truailleán gásach, tomhas na bparaiméadar sceite agus taifead shonraí an innill agus na sonraí comhthimpeallacha sula dtosófar an t-inneall.

6.2.   Le linn an oird oibríochta

Leanfaidh sampláil sonraí na n-astaíochtaí truailleán gásach, tomhas na bparaiméadar sceite agus taifead shonraí an innill agus na sonraí comhthimpeallacha le linn ghnáth-oibríocht inúsáide an innill.

D’fhéadfaí an t-inneall a mhúchadh nó a thosú ach leanfaidh sampláil sonraí na n-astaíochtaí truailleán gásach, tomhas na bparaiméadar sceite agus taifead shonraí an innill agus na sonraí comhthimpeallacha le linn ord oibríochta iomlán an fhaireacháin inseirbhíse.

6.3.   Tar éis an oird oibríochta

Ag deireadh ord oibríochta an fhaireacháin inseirbhíse, tabharfar go leor ama do na hionstraimí táscacha agus don logálaí sonraí chun ligean dá n-amanna freagartha imeacht thart. D’fhéadfaí an t-inneall a mhúchadh sula stoptar logáil na sonraí, nó ina dhiaidh sin.

7.   Seiceáil na n-anailíseoirí gáis

7.1.   Fíorú tréimhsiúil nialais le linn an oird oibríochta

I gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus sábháilte é a dhéanamh, féadfar fíorú nialais a dhéanamh ar na hanailíseoirí gáis gach 2 uair an chloig le linn oird oibríochta.

7.2.   Ceartú tréimhsiúil nialais le linn an oird oibríochta

Féadfar na torthaí a fhaightear ó na seiceálacha a dhéantar i gcomhréir le pointe 7.1 a úsáid chun ceartú féithithe nialais a dhéanamh le linn an oird oibríochta sin.

7.3.   Fíorú féithithe i ndiaidh an oird oibríochta

Ní dhéanfar an fíorú féithithe ach amháin mura ndearnadh aon cheartú féithithe nialais le linn an oird oibríochta i gcomhréir le pointe 7.2.

7.3.1.

Cuirfear na hanailíseoirí gáis ag nialas tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis chríoch an oird oibríochta agus trasnófar iad chun a bhféithiú a fhíorú i gcomparáid leis na torthaí réamhthástála.

7.3.2.

Déanfar seiceálacha nialais, réise agus líneachta na n-anailíseoirí gáis mar a leagtar amach i bpointe 5.4.

8.   Mífheidhm innealra nó meaisín

8.1.

I gcás ina dtarlaíonn mífheidhm le linn oird oibríochta a dhéanann difear d’oibriú an innill agus má tharlaíonn ceann de na nithe a leanas:

(a)

tugann an córas diagnóisice ar bord fógra follasach d’oibreoir an innealra shoghluaiste nach innealra bóthar é go raibh mífheidhm ann trí rabhadh amhairc mífheidhme, teachtaireacht téacs nó táscaire eile; nó,

(b)

níl an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é feistithe le córas diagnóisice mífheidhme nó le córas rabhaidh, ach braitear an mhífheidhm go soiléir leis an gcluas nó leis an tsúil;

measfar go bhfuil an t-ord oibríochta ar neamhní.

8.2.

Ceartófar aon mhífheidhm sula ndéanfar aon ord oibríochta eile ar an inneall.”;

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 go 6 i bhFoscríbhinn 3:

“2.   Eisiamh sonraí

2.1.   Cailliúint shealadach comhartha

2.1.1.

Aithneofar aon chás ina gcailltear comhartha go sealadach.

2.1.2.

Féadfaidh uasmhéid 2 % de shonraí, nach bhfuil tréimhse leanúnach níos mó ná 30 soicind aige, a fhágáil ar lár ó gach ord oibríochta de bharr roinnt cásanna neamhbheartaithe de chailliúint shealadach comhartha agus an chéad taifeadadh sonraí á dhéanamh, i gcomhréir le pointe 4.3 den Fhoscríbhinn.

2.1.3.

I gcás ina bhfuil cásanna de chailliúint comhartha atá níos mó ná 2 % de na sonraí nó a mhaireann ar feadh tréimhse níos faide ná 30 soicind as a chéile san ord tástála, measfar go bhfuil an t-ord iomlán sin ar neamhní agus déanfar tástáil eile.

2.2.   Seiceálacha tréimhsiúla ar uirlisí táscacha

2.2.1.

Aithneofar aon phointe sonraí a thagann le seiceáil na n-anailíseoirí gáis i gcomhréir le pointe 7 d’Fhoscríbhinn 2 agus cuirfear as an áireamh iad ó thuilleadh próiseála ar ord oibríochta ach amháin mar a cheanglaítear chun an ceartú féithithe i bpointe 3 den Fhoscríbhinn seo a dhéanamh.

2.3.   Dálaí comhthimpeallacha

2.3.1.

Aithneofar aon phointe sonraí in ord oibríochta a thagann leis na coinníollacha comhthimpeallacha nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3.3 den Fhoscríbhinn seo.

2.3.2.

Má sháraíonn sciar na bpointí sonraí a aithnítear ag Pointe 2.3.1 den Fhoscríbhinn seo 1 % measfar go bhfuil an t-ord iomlán sin ar neamhní agus déanfar tástáil eile.

2.3.3.

Sa chás nach dtomhaistear na coinníollacha comhthimpeallacha ach ag tús agus deireadh na tástála, measfar go bhfuil an t-ord iomlán oibríochta ar neamhní mura gcomhlíonann aon cheann de na tomhais na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3.3 den Iarscríbhinn.

2.4.   Sonraí fuarthosaithe

Fágfar sonraí fuarthosaithe arna dtomhas ag úsáid astaíochtaí truailleán gásach ar lár sula ndéantar ríomhanna na n-astaíochtaí truailleán gásach.

2.4.1.   Innill leachtfhuaraithe

Tosóidh sonraí tomhaiste bailí le haghaidh ríomhanna na n-astaíochtaí truailleán gásach tar éis do theocht fhuarthán an innill 343 K (70 °C) a bhaint amach den chéad uair nó tar éis chobhsú theocht fhuarthán an innill laistigh de +/– 2 K thar thréimhse 5 nóiméad, nó tar éis teocht chuisnithe an innill a chobhsú laistigh de +/– 5 K thar thréimhse 5 nóiméad i gcás tástálacha a dhéantar ag teocht chomhthimpeallach arb ionann í agus 273 15 K nó ar lú í ná sin, pé ceann a tharlaíonn ar dtús; in aon cás, tosóidh sé tráth nach déanaí ná 20 nóiméad tar éis dhúiseacht an innill.

2.4.2.   Innill aerfhuaraithe

Tosóidh sonraí tomhaiste bailí le haghaidh ríomhanna na n-astaíochtaí truailleán gásach tar éis chobhsú na teochta arna tomhas ag an bpointe tagartha a aithnítear i bpointe 3.7.2.2.1 de CHUID C d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/656 laistigh de +/– 5 % thar thréimhse 5 nóiméad; in aon cás, tosóidh sé tráth nach déanaí ná 20 nóiméad tar éis dhúiseacht an innill.

3.   Ceartú féithithe

3.1.   An t-uasmhéid féithithe a cheadaítear

Beidh féithiú fhreagairt an nialais agus na freagartha réise níos lú ná 2 % den scála foriomlán ar an raon is ísle a úsáidtear:

(a)

má bhíonn an difríocht idir na torthaí réamhthástála agus iarthástála níos lú ná 2 %, féadfaidh an tiúchan tomhaiste a úsáid gan é a cheartú nó féadfar é a cheartú le haghaidh féithiú i gcomhréir le pointe 3.2;

(b)

má bhíonn an difríocht idir na torthaí réamhthástála agus iarthástála cothrom le 2 %, nó níos mó ná sin, ceartófar an tiúchan tomhaiste i gcomhair féithiú i gcomhréir le pointe 3.2. Mura ndéantar ceartú, measfar go mbeidh an tástáil ar neamhní.

3.2.   Ceartú féithithe

3.2.1.

Ríomhfar luach tiúchana ceartaithe an fhéithithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Ranna 2.1 nó 3.5 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

3.2.2.

Beidh an difríocht idir luachanna ceartaithe coscán-sonracha na n-astaíochtaí truailleán gásach laistigh de ± 6 % de luachanna neamhcheartaithe coscán-sonracha na n-astaíochtaí truailleán gásach. Má bhíonn an féithiú níos mó ná 6 %, measfar go mbeidh an tástáil ar neamhní.

3.2.2.1.

Ríomhfar gach luach coscán-sonrach don astaíocht truailleán gásach ag úsáid mais chomhtháite astaíocht truailleán gásach an oird tástála roinnte ar an saothar foriomlán arna dhéanamh le linn an oird tástála. Déanfar an ríomh sin roimh chinneadh na dteagmhas oibre i gcomhréir le Foscríbhinn 4 nó ríomh na n-astaíochtaí truailleán gásach i gcomhréir le Foscríbhinn 5.

3.2.3.

Má chuirtear ceartú féithithe i bhfeidhm, ní úsáidfear ach torthaí féithcheartaithe na n-astaíochtaí truailleán gásach agus na hastaíochtaí truailleán gásach á dtuairisciú.

4.   Ailíniú ama

Chun éifeacht laofa an aga moille idir na comharthaí éagsúla ar na ríomhanna de mhais na n-astaíochtaí truailleán gásach a íoslaghdú, ailíneofar na sonraí ábhartha le haghaidh ríomhanna na n-astaíochtaí truailleán gásach ó thaobh ama de, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4.1 go 4.4.

4.1.   Sonraí na n-anailíseoirí gáis

Ailíneofar na sonraí ó na hanailíseoirí gáis i gceart i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 8.1.5.3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

4.2.   Anailíseoirí gáis agus sonraí ón sreabhmhéadar sceite

Ailíneofar na sonraí ó na hanailíseoirí gáis i gceart le sonraí ón sreabhmhéadar sceite ag úsáid an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 4.4.

4.3.   PEMS agus sonraí an innill

Ailíneofar na sonraí ó PEMS (na hanailíseoirí gáis agus sreabhmhéadar sceite) i gceart le sonraí ó ARL an innill ag úsáid an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 4.4.

4.4.   Nós imeachta le haghaidh ailíniú ama feabhsaithe na sonraí PEMS

Roinntear na paraiméadair tástála a liostaítear sa Tábla i bhFoscríbhinn 2 i dtrí chatagóir dhifriúla:

 

Catagóir 1: Anailíseoirí gáis (tiúchan HC, CO, CO2, NOx)

 

Catagóir 2: SS (Sreabhadh maise an sceite agus an teocht sceite);

 

Catagóir 3 Inneall (Torc, luas, teochtaí, ráta breosla ó ARL).

Gheofar an chomhéifeacht chomhghaolúcháin is airde idir dhá shraith paraiméadair tástála chun ailíniú ama gach catagóire leis an dá chatagóir eile a fhíorú. Bogfar gach paraiméadar tástála i gcatagóir chun an fachtóir comhghaolúcháin a uasmhéadú. Úsáidfear na paraiméadair tástála a leanas chun na comhéifeachtaí comhghaolúcháin a ríomh:

(a)

Catagóirí 1 agus 2 (Anailíseoirí gáis agus sonraí SS) le Catagóir 3 (Sonraí an innill): sreabhadh maise an sceite ón Sreabhmhéadar Sceite le torc ó ARL;

(b)

Catagóir 1 le Catagóir 2: an tiúchan CO2 agus sreabhadh maise an sceite;

(c)

Catagóir 1 le Catagóir 3: an tiúchan CO2 agus sreabhadh breosla an innill;

4.4.1.

I gcás inneall, nach ndeartar le comhéadan cumarsáide a bheith acu chun sonraí ARL a bhailiú, mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 7, fágfar an comhghaolúchán ag pointe 4.4, fophointí (a) agus (c) ar lár.

4.4.2.

I gcás inneall, dar fágadh tomhas díreach an tsreafa maise sceite ar lár i gcomhréir le nóta (3) a ghabhann leis an Tábla i bhFoscríbhinn 2, fágfar an comhghaolúchán ag pointe 4.4, fophointe (a) ar lár.

5.   Seiceáil comhsheasmhachta sonraí

5.1.   Anailíseoirí gáis agus sonraí ón sreabhmhéadar sceite

Maidir le hinnill a dheartar le comhéadan cumarsáide a bheith acu a bheadh in ann sreabhadh breosla a sholáthar i gcomhréir le Tábla 2 i bhFoscríbhinn 7, fíorófar comhsheasmhacht na sonraí (sreabhadh maise an sceite arna thomhas leis an Sreabhmhéadar Sceite agus tiúchain gháis) ag úsáid comhghaolúcháin idir sreabhadh breosla tomhaiste an innill ó ARL agus sreabhadh breosla an innill, arna ríomh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Roinn 2.1.6.4 in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

Déanfar cúlchéimniú líneach le haghaidh luachanna tomhaiste agus ríofa ráta an bhreosla. Úsáidfear modh an mhéid is lú cearnóg, agus beidh an leagan amach a leanas ag an gcothromóid is oiriúnaí:

y = mx + b

Mar a bhfuil:

(a)

is ionann “y” agus an ráta ríofa breosla [g/s];

(b)

is ionann “m” agus grádán na líne cúlchéimnithe;

(c)

is ionann “x” agus an ráta tomhaiste breosla [g/s];

(d)

is ionann “b’ agus trasphointe y na líne cúlchéimnithe.

Ríomhfar an grádán (m) agus an chomhéifeacht chinntiúcháin (r2) le haghaidh gach líne chúlchéimnithe. Moltar go ndéanfaí an anailís seo sa raon idir 15 % den uasluach agus an t-uasluach agus ag minicíocht níos airde nó cothrom le 1 Hz. Ionas go measfar go bhfuil tástáil bailí, déanfar meastóireacht ar an dá chritéir a leanas:

Tábla 1

Lamháltais

Grádán na líne cúlchéimnithe, m

0.9 go 1.1 - Molta

An chomhéifeacht chinntiúcháin, r2

Íos. 0.90 - Sainordaitheach

5.2.   Sonraí toirc ARL

I gcás ina bhfuil sonraí toirc ARL le húsáid sna ríomhanna, fíorófar comhsheasmhacht na sonraí toirc ARL trí chomparáid a dhéanamh idir na huasluachanna toirc ARL ag luasanna innill éagsúla (más iomchuí) agus na luachanna comhfhreagracha ar chuar toirc lánualach an innill oifigigh agus i gcomhréir le Foscríbhinn 6.

5.3.   Ídiú Breosla Coscán-Sonrach (ÍBCS)

I gcás ina bhfuil sonraí ARL ar fáil, seiceálfar ÍBCS tríd an méid seo a leanas a úsáid:

(a)

ídiú an bhreosla arna ríomh ó shonraí na n-astaíochtaí truailleán gásach (tiúchain na n-anailíseoirí gáis agus sonraí shreabhadh maise an sceite), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Roinn 2.1.6.4 in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654;

(b)

an saothar arna ríomh ag úsáid na sonraí ó ARL (Torc an innill agus luas an innill).

5.4.   Brú comhthimpeallach

Seiceálfar luach an bhrú chomhthimpeallaigh in aghaidh na hairde á tabhairt le fios ag na sonraí GPS, má táthar ar fáil.

5.5.   D’fhéadfadh sé go measfadh an t-údarás formheasa go bhfuil an tástáil ar neamhní mura bhfuil sé sásta le torthaí sheiceáil comhsheasmhachta na sonraí.

6.   Ceartú tirim-fliuch

Má thomhaistear an tiúchan ar bhonn tirim, aistreofar go bonn fliuch é i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Roinn 2 nó 3 in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

7.   Ceartú NOx le haghaidh bogthaise agus teochta

Ní cheartófar na tiúchain NOx arna dtomhas ag na hanailíseoirí gáis maidir le teocht agus bogthaise an aeir chomhthimpeallaigh.”;

(23)

i bhFoscríbhinn 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2. agus 3.:

“2.   An nós imeachta chun teagmhais neamhoibre a chinneadh

2.1.

Is ionann teagmhais neamhoibre agus ceann díobh seo a leanas:

(a)

maidir le hinnill nach ndeartar chun comhéadan cumarsáide a bheith acu a bheadh in ann sonraí toirc agus luais a sholáthar i gcomhréir le Tábla 1 d’Fhoscríbhinn 7, ríomhfar an tseach-chumhacht mheandrach arna cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 10, nó;

(b)

i ngach cás eile, má tá cumhacht mheandrach an innill

faoi bhun 10 % de chumhacht tagartha an innill, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (26) de Rialachán (AE) 2016/1628 agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le haghaidh gach (fo)c(h)atagóire innill, don chineál innill faoi réir thástáil IFI.

2.1.1.

Maidir le hinnill a thástáiltear faoin Rialachán seo nach ndeartar chun comhéadan cumarsáide a bheith acu a bheadh in ann sonraí toirc agus luais a sholáthar i gcomhréir le Tábla 1 d’Fhoscríbhinn 7, ríomhfar an tseach-chumhacht mheandrach ag úsáid an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i bhFoscríbhinn 10 sula gcuirfear i bhfeidhm an nós imeachta san Fhoscríbhinn seo.

2.2.

Déanfar na céimeanna breise seo a leanas:

2.2.1.

Déanfar teagmhais neamhoibre níos giorra ná D0 a mheas a bheith ina dteagmhais oibre agus cumascfar iad leis na teagmhais oibre timpeall orthu (féach Tábla 2 le haghaidh luachanna D0).??

2.2.2.

Déanfar teagmhais oibre níos giorra ná D0 a bhfuil teagmhais neamhoibre níos faide ná D1 timpeall orthu a mheas a bheith ina dteagmhais neamhoibre agus cumascfar iad leis na teagmhais neamhoibre timpeall orthu (féach Tábla 2 le haghaidh luachanna D1)

2.2.3.

Maidir leis an gcéim dhúiseachta i ndiaidh teagmhais fhada neamhoibre (> D2) i gcás innill atá feistithe le gaireas iarchóireála a úsáidtear chun NOx a laghdú agus teocht ghás an sceite a thomhas i gcomhréir le nóta (4) a ghabhann le Tábla Fhoscríbhinn 2, measfar é sin freisin a bheith ina teagmhas neamhoibre go dtí go sroichfidh teocht ghás an sceite 523 K. Mura sroichfidh teocht ghás an sceite 523 K laistigh de 3 nóiméad, measfar gach teagmhas i ndiaidh D3 a bheith ina dteagmhais oibre (féach Tábla 2 le haghaidh luachanna D2 agus D3).

2.2.4.

I gcás gach teagmhais neamhoibre, déanfar na chéad nóiméid D1 den teagmhas a mheas mar theagmhas oibre.

3.   Algartam marcála “oibre meaisín” chun ceanglais phointe 2 a chur chun feidhme

Cuirfear pointe 2 chun feidhme sa seicheamh a leagtar amach i bpointí 3.1 go 3.4.

3.1.   Céim 1: Iad a bhrath agus a dheighilt ina dteagmhais oibre agus neamhoibre.

(a)

sainaithin na teagmhais oibre agus neamhoibre i gcomhréir le pointe 2.1;

(b)

ríomh fad na dteagmhas neamhoibre;

(c)

marcáil na teagmhais neamhoibre atá níos giorra ná D0 mar theagmhais oibre;

(d)

ríomh fad na dteagmhas oibre.

3.2.   Céim 2: Déan teagmhais ghearra oibre (≤ D0) a chumasc leis na teagmhais neamhoibre.

Na teagmhais oibre úd atá níos giorra ná D0 agus a bhfuil teagmhais neamhoibre níos faide ná D1 rompu agus ina ndiaidh araon, marcáil mar theagmhais neamhoibre iad.

3.3.   Céim 3: Cuir teagmhais oibre i ndiaidh teagmhais fhada neamhoibre as an áireamh (céim dhúiseachta).

I gcás inarb infheidhme pointe 2.2.3, déan teagmhais oibre i ndiaidh teagmhais fhada neamhoibre (> D2) a mharcáil mar theagmhais neamhoibre go dtí;

(a)

go sroichfidh teocht ghás an sceite 523 K; nó

(b)

go mbeidh D3 nóiméad thart;

cibé acu a tharlaíonn ar dtús.

3.4.   Céim 4: Cuir teagmhais neamhoibre i ndiaidh teagmhais oibre san áireamh.

Cuir nóiméid D1 de theagmhas neamhoibre i ndiaidh aon teagmhas oibre san áireamh mar chuid den teagmhas oibre sin.

Tábla 2

Luachanna le haghaidh pharaiméadair D0, D1, D2 agus D3

Paraiméadair

Luach

D0

2 nóiméad

D1

2 nóiméad

D2

10 nóiméad

D3

4 nóiméad

”;

(24)

I bhFoscríbhinn 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2.1 go 2.3.2:

“2.1.   Modh meánaithe astaíochtaí laistigh d’achar ama ar leith

2.1.1.   Ceanglais Ghinearálta

Is éard atá i meánú laistigh d’achar ama ar leith an fothacar den tacar iomlán sonraí arna ríomh le linn na tástála faireacháin inseirbhíse arb ionann a shaothar nó a mhais CO2 agus saothar nó mais CO2 an innill arna dtomhas in imeacht an timthrialla tástála saotharlainne tagartha. Úsáidfear modh meánaithe astaíochtaí laistigh d’achar ama ar leith chun mais na n-astaíochtaí truailleán gásach agus na tosca comhréireachta a ríomh, bunaithe ar an saothar tagartha (nós imeachta a leagtar amach i bpointe 2.2) agus ar an mais tagartha CO2 (nós imeachta a leagtar amach i bpointe 2.3) arna dtomhas in imeacht an timthrialla tástála saotharlainne tagartha.

Comparáid idir cumhacht an innill agus astaíochtaí truailleán gásach na meánuithe laistigh d’achar ama ar leith, ag tosú leis an gcéad mheánú laistigh d’achar ama ar leith, le himeacht ama.

Déanfar na ríomhanna i gcomhréir leis na fophointí seo a leanas:

(a)

ní dhéanfar sonraí ar bith arna n-eisiamh, faoi théarmaí Fhoscríbhinn 4, a mheas le haghaidh ríomhanna an tsaothair nó mhais CO2 ná le haghaidh ríomhanna astaíochtaí truailleán gásach agus tosca comhréireachta na meánuithe laistigh d’achar ama ar leith, seachas mar a cheanglaítear le pointe 4(f) den Fhoscríbhinn seo;

(b)

úsáidfear incrimint ama Δt arb ionann í agus an tréimhse samplála sonraí chun na meánuithe laistigh d’achar ama ar leith a ríomh. Déanfar tús an achair ama ar leith a ndéantar meánú laistigh de a athrú go hincriminteach de réir an mhéid sin gach uair a dhéantar an próiseas atriallach;

(c)

gheofar mais na n-astaíochtaí truailleán gásach i gcás gach meánaithe laistigh d’achar ama ar leith (mg/meánú laistigh d’achar ama ar leith) trí chomhtháthú a dhéanamh ar mhais na n-astaíochtaí meandracha truailleán gásach sa mheánú laistigh d’achar ama ar leith;

(d)

i gcás innill a bhfuil ARL acu a dheartar chun comhéadan cumarsáide a bheith acu lena raibh sé beartaithe go mbeifí in ann sonraí toirc agus luais an innill a bhailiú, mar a shonraítear i dTábla 1 d’Fhoscríbhinn 7, déanfar na ríomhanna agus tuairisceofar na torthaí don mhodh saotharbhunaithe agus don mhodh bunaithe ar mhais CO2 araon. I ngach cás eile, déanfar na ríomhanna agus tuairisceofar na torthaí don mhodh bunaithe ar mhais CO2 amháin.

Fíor 4

Comparáid idir cumhacht an innill agus astaíochtaí truailleán gásach na meánuithe laistigh d’achar ama ar leith, ag tosú leis an gcéad mheánú laistigh d’achar ama ar leith, le himeacht ama

Image 4

2.1.2.   Luachanna tagartha

Mar a leanas a chinnfear an saothar tagartha agus an mhais thagartha CO2 le haghaidh cineál innill, nó le haghaidh gach cineáil innill laistigh den aicme chéanna inneall:

(a)

maidir le hinnill i ngrúpaí IFI A agus C, na luachanna sin ón rith teodhúiseachta NRTC le linn tástála cineálcheadaithe ar an máthair-inneall mar a shonraítear i bpointí 11.3.1 agus 11.3.2 den aguisín a ghabhann le deimhniú cineálcheadaithe AE an chineáil innill nó na haicme inneall, a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/656;

(b)

maidir le hinnill i ngrúpa IFI H, na luachanna sin ón rith LSI-NRTC le linn tástáil cineálcheadaithe ar an máthair-inneall;

(c)

maidir le hinnill i ngrúpaí IFI nach liostaítear i bhfophointí (a) nó (b), na luachanna sin arna gcinneadh ag toradh na tástála cineálcheadaithe ar an máthair-inneall, ag úsáid an mhodha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 9.

2.2.   Modh saotharbhunaithe

Fíor 5

Modh saotharbhunaithe

Image 5

Déantar fad (t 2, i t 1, i) an iú meánú laistigh d’achar ama ar leith a chinneadh dá réir seo:

W(t 2, i)W(t 1, i)Wref

Mar a bhfuil:

W(t j,i) cothrom leis an saothar innill arna thomhas idir an tús agus an t-am t j,i, kWh,

Wref cothrom leis an saothar tagartha innill arna chinneadh de réir phointe 2.1.2, kWh,

t 2, i le roghnú ar bhealach go mbeidh:

W(t 2, i – Δt) – W(t 1, i) < W ref W(t 2, i)W(t 1, i)

Mar arb é Δt an tréimhse samplála sonraí, cothrom le 1 soicind nó níos lú.

2.2.1.   Ríomhanna na n-astaíochtaí truailleán gásach a bhaineann go sonrach le coscáin

Déanfar na hastaíochtaí truailleán gásach coscán-sonracha egas (g/kWh) a ríomh le haghaidh gach meánaithe laistigh d’achar ama ar leith agus le haghaidh gach truailleáin ghásaigh ar an mbealach seo a leanas:

Formula

Mar a bhfuil:

mi cothrom le hastaíochtaí an truailleáin ghásaigh de réir maise le linn an iú meánú laistigh d’achar ama ar leith, g/meánú laistigh d’achar ama ar leith,

W(t 2, i)W(t 1, i) cothrom leis an saothar innill le linn an iú meánú laistigh d’achar ama ar leith, kWh.

2.2.2.   Roghnú meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith

Is iad na meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith na cinn ina bhfuil an mheánchumhacht níos mó ná an tairseach chumhachta 20 % den chumhacht tagartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (26), de Rialachán (AE) 2016/1628 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le haghaidh gach (fo)c(h)atagóire innill, don chineál innill faoi réir thástáil IFI, seachas le haghaidh innill i gcatagóir ATS mar arb ionann an chumhacht tagartha agus an chumhacht faoi luas idirmheánach mar a shainmhínítear i Roinn 5.2.5.4, pointe (f) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654. Beidh céatadán na meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith cothrom le 50 % nó níos mó.

2.2.2.1.

Má tá céatadán na n-achar bailí ama ar leith níos lú ná 50 %, déanfar an mheastóireacht ar na sonraí arís ag úsáid tairseacha cumhachta níos lú. Déanfar an tairseach cumhachta a laghdú ó 20 % ina céimeanna, 1 % an ceann, go dtí go mbeidh céatadán na n-achar bailí ama ar leith cothrom le 50 % nó níos mó.

2.2.2.2.

In aon chás, ní bheidh an tairseach cumhachta is ísle níos ísle ná 10 %.

2.2.2.3.

Measfar an tástáil a bheith ar neamhní má bhíonn an céatadán meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith níos lú ná 50 % ag tairseach cumhachta 10 %.

2.2.3.   Ríomhanna tosca comhréireachta

Ríomhfar na tosca comhréireachta le haghaidh gach meánaithe bhailí laistigh d’achar ama ar leith agus le haghaidh gach truailleáin ghásaigh ar an mbealach seo a leanas:

Formula

Mar a bhfuil:

egas cothrom le hastaíocht choscán-sonrach an truailleáin ghásaigh, g/kWh;

L cothrom leis an teorainn is infheidhme, g/kWh.

2.3.   An modh bunaithe ar mhais CO2

Fíor 6

An modh bunaithe ar mhais CO2

Image 6

Déantar fad (t 2, i t 1, i) an iú meánú laistigh d’achar ama ar leith a chinneadh dá réir seo:

Formula

Mar a bhfuil:

Formula
cothrom leis an mais CO2 arna tomhas idir tús na tástála agus an t-am t j,i, g;

Formula
cothrom leis an mais tagartha CO2 arna cinneadh i ngraim (g) i gcomhréir le pointe 2.1.2,

t 2, i le roghnú ar bhealach go mbeidh:

Formula

Mar arb é Δt an tréimhse samplála sonraí, cothrom le 1 soicind nó níos lú.

Déantar na maiseanna CO2 a ríomh sna meánuithe laistigh d’achar ama ar leith trí chomhtháthú a dhéanamh ar na hastaíochtaí meandracha truailleán gásach arna ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a tugadh isteach i bpointe 1.

2.3.1.   Roghnú meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith

Is é a bheidh sna meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith na cinn nach faide iad ná an fad uasta a ríomhtar dá réir seo:

Formula

Mar a bhfuil:

Dmax cothrom le fad uasta an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith, s,

Pmax cothrom leis an gcumhacht tagartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (26), de Rialachán (AE) 2016/1628, kW, agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le haghaidh gach (fo)c(h)atagóire innill, don chineál innill faoi réir thástáil IFI, seachas le haghaidh innill i gcatagóir ATS mar arb ionann an chumhacht tagartha agus an chumhacht ar luas idirmheánach mar a shainmhínítear i Roinn 5.2.5.4, pointe (f) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

Beidh céatadán na meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith cothrom le 50 % nó níos mó.

2.3.1.1.

Má tá céatadán na n-achar bailí ama ar leith níos lú ná 50 %, déanfar an mheastóireacht ar na sonraí arís ag úsáid achair ama ar leith níos faide. Déantar sin trí laghdú a dhéanamh ar an luach 0,2 san fhoirmle a thugtar i bpointe 2.3.1 ina chéimeanna, 0,01 % an ceann, go dtí go mbeidh céatadán na n-achar bailí ama ar leith cothrom le 50 % nó níos mó.

2.3.1.2.

In aon chás, ní ísle ná 0.10 % a bheidh an luach is ísle san fhoirmle thuas.

2.3.1.3.

Beidh an tástáil ar neamhní má bhíonn an céatadán achar bailí ama ar leith níos lú ná 50 % ag fad uasta achair ama ar leith arna ríomh i gcomhréir le pointí 2.3.1., 2.3.1.1. agus 2.3.1.2.

2.3.2.   Ríomhanna tosca comhréireachta

Ríomhfar tosca comhréireachta le haghaidh gach meánaithe laistigh d’achar ama ar leith agus le haghaidh gach truailleáin ghásaigh ar an mbealach seo a leanas:

Formula

Agus

Formula
(cóimheas inseirbhíse) agus

Formula
(cóimheas deimhniúcháin)

Mar a bhfuil:

mi cothrom le hastaíocht an truailleáin ghásaigh de réir maise le linn an iú meánú laistigh d’achar ama ar leith, g/meánú laistigh d’achar ama ar leith,

Formula
cothrom leis an mais CO2 le linn an iú meánú laistigh d’achar ama ar leith, g/meánú laistigh d’achar ama ar leith,

Formula
cothrom le mais tagartha CO2 an innill arna cinneadh i gcomhréir le pointe 2.1.2, fophointe (g),

mL cothrom le hastaíocht an truailleáin ghásaigh de réir maise a chomhfhreagraíonn don teorainn leis an timthriall tástála tagartha is infheidhme, g.

mL le cinneadh mar a leanas:

Formula

Mar a bhfuil:

L cothrom leis an teorainn is infheidhme, g/kWh

Wref cothrom le saothar tagartha an innill arna chinneadh i gcomhréir le pointe 2.1.2, kWh.”;

(25)

I bhFoscríbhinn 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.   Neamhfhéidearthacht comhréireacht an chomhartha toirc ARL a sheiceáil

Nuair a léiríonn an monaróir don údarás formheasa nach féidir an comhartha toirc ARL a sheiceáil le linn na tástála faireacháin inseirbhíse, glacfaidh an t-údarás formheasa leis an bhfíorú a dhéantar i gcomhréir le ceanglais Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 le linn na dtástálacha a éilítear le haghaidh chineálcheadú AE agus a luaitear sa deimhniú ar chineálcheadú AE.

Maidir le hinnill i ngrúpaí IFI nach A, C ná H iad, féadfaidh an t-údarás formheasa glacadh le léiriú ar leithligh a dhéantar i gcomhréir le ceanglais Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 agus a úsáideann na nósanna imeachta léarscáilithe innill seo a leanas de chuid na hIarscríbhinne sin:

(a)

maidir le hinnill i ngrúpa IFI I, agus maidir le hinnill faoi luas inathraithe i ngrúpaí IFI E, F, G, J, K, L, M agus N, Roinn 7.6.1;

(b)

maidir le gach inneall eile, Roinn 7.6.3.

I gcás ina ndéanfar an t-inneall a léarscáiliú faoi luas seasmhach i gcomhréir le fophointe (b), beidh sé leordhóthanach na léamha toirc arna dtomhas ag an dinimiméadar agus na léamha toirc arna gcraoladh ag ARL a thomhas agus a chur i gcomparáid le chéile ag an bpointe aonair glanchumhachta rátaithe.”;

(26)

I bhFoscríbhinn 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 go 1.3:

“1.   Sonraí atá le soláthar

1.1.

I gcás ina n-úsáidfear ARL chun torc innill, luas innill nó teocht an fhuartháin innill a sholáthar, soláthrófar na sonraí sin ar a laghad i gcomhréir le Tábla 1.

Tábla 1

Sonraí tomhais

Paraiméadar

Aonad (9)

Torc innill (10)

Nm

Luas innill

rpm

Teocht an fhuartháin innill

K

1.2.

I gcás nach dtomhaiseann braiteoirí seachtracha an brú comhthimpeallach ná an teocht chomhthimpeallach, soláthróidh ARL na sonraí sin i gcomhréir le Tábla 2.

Tábla 2

Sonraí breise tomhais

Paraiméadar

Aonad (11)

Teocht chomhthimpeallach (12)

K

Brú comhthimpeallach

kPa

Sreabhadh breosla an innill

g/s

1.3.

I gcás nach dtomhaistear sreabhadh maise an sceite go díreach, soláthrófar sreabhadh breosla an innill i gcomhréir le Tábla Fhoscríbhinn 2”;

(27)

I bhFoscríbhinn 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1.1:

“2.1.1.

Tabharfar rochtain ar fhaisnéis maidir le sruth sonraí i gcomhréir le ceann amháin ar a laghad de na caighdeáin seo a leanas:

(a)

ISO 27145 le ISO 15765-4 (CAN-bhunaithe);

(b)

ISO 27145 le ISO 13400 (TCP/IP-bhunaithe);

(c)

SAE J1939-73;

(d)

ISO 14229.”

(28)

leasaítear Aguisín 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha sonraí 2 go 2.20:

“2.   Faisnéis faoin inneall

2.1.

Grúpa IFI

2.2.

Catagóir agus fochatagóir an chineáil innill/na haicme inneall

2.3.

Uimhir cineálcheadaithe

2.4.

Ainm(neacha) trádála (más infheidhme)

2.5.

Ainmníocht na haicme inneall (más cuid d’aicme inneall)

2.6.

Saothar tagartha [kWh]

2.7.

Mais tagartha CO2 [g]

2.8.

Ainmníocht an chineáil innill

2.9.

Uimhir aitheantais an innill

2.10.

Bliain agus mí tháirgthe an innill

2.11.

Inneall arna atógáil (tá/níl)

2.12.

Scuab-thoirt iomlán an innill [cm3]

2.13.

Líon sorcóirí

2.14.

Glanchumhacht rátaithe dhearbhaithe an innill/luas rátaithe [kW/rpm]

2.15.

Glanchumhacht uasta an innill/luas cumhachta [kW/rpm]

2.16.

Torc uasta dearbhaithe an innill/luas toirc [Nm/rpm]

2.17.

Luas réchasta [rpm]

2.18.

An cuar toirc lánlóid atá le fáil arna sholáthar ag an monaróir (tá/níl)

2.19.

Uimhir thagartha an chuair toirc lánlóid arna soláthar ag an monaróir

2.20.

Córas DeNOx suiteáilte (e.g., EGR, SCR) (i gcás inarb infheidhme)

2.21.

An cineál tiontaire chatalaíoch atá suiteáilte (i gcás inarb infheidhme)

2.22.

An cineál gairis iarchóireála cáithníní atá suiteáilte (i gcás inarb infheidhme)

2.23.

An gaireas iarchóireála arna mhodhnú maidir le cineálcheadú (tá/níl)

2.24.

Faisnéis faoi ARL suiteáilte (Uimhir chalabrúcháin na mbogearraí)”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha sonraí 9 go 9.11:

“9.   Tosca comhréireachta an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith (13) (arna gcinneadh i gcomhréir le Foscríbhinní 3 go 5)

(An t-íosmhéid, an t-uasmhéid agus an 90ú peircintíl charnach)

9.1.

Toisc chomhréireachta THC an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (14)

9.2.

Toisc chomhréireachta CO an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-]

9.3.

Toisc chomhréireachta NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (15) (i gcás inarb infheidhme)

9.4.

Toisc chomhréireachta THC + NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (16) (i gcás inarb infheidhme)

9.5.

Toisc chomhréireachta THC an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (17)

9.6.

Toisc chomhréireachta CO an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-]

9.7.

Toisc chomhréireachta NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (18)(i gcás inarb infheidhme)

9.8.

Toisc chomhréireachta THC+NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (19)(i gcás inarb infheidhme)

9.9.

Meánú laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar: cumhacht íosta agus uasta an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith [%]

9.10.

Meánú laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2: fad íosta agus uasta an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith [s]

9.11.

Meánú laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar: céatadán na meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith

9.12.

Meánú laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2: céatadán na meánuithe bailí laistigh d’achar ama ar leith”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha sonraí 10 go 10.8:

“10.   Tosca comhréireachta meánuithe laistigh d’achar ama ar leith (arna gcinneadh i gcomhréir le Foscríbhinní 3 agus 5 gan teagmhais oibre agus neamhoibre a chinneadh i gcomhréir le Foscríbhinn 4 agus gan achair neamhbhailí ama a chur as an áireamh mar a leagtar amach i bpointí 2.2.2 agus 2.3.1 d’Fhoscríbhinn 5)

(An t-íosmhéid, an t-uasmhéid agus an 90ú peircintíl charnach)

10.1.

Toisc chomhréireachta THC an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (20)

10.2.

Toisc chomhréireachta CO an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-]

10.3.

Toisc chomhréireachta NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (21) (i gcás inarb infheidhme)

10.4.

Toisc chomhréireachta THC+NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (22) (i gcás inarb infheidhme)

10.5.

Toisc chomhréireachta THC an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (23)

10.6.

Toisc chomhréireachta CO an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-]

10.7.

Toisc chomhréireachta NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (24)(i gcás inarb infheidhme)

10.8.

Toisc chomhréireachta THC+NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (25)(i gcás inarb infheidhme)

10.9.

Meánú laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar: cumhacht íosta agus uasta an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith [%]

10.10.

Meánú laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2: fad íosta agus uasta an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith [s]”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha sonraí I-2 go I-2.20:

“I-2.   Sonraí ríofa meandracha

I-2.1.

Mais THC [g/s]

I-2.2.

Mais CO [g/s]

I-2.3.

Mais NOx [g/s] (i gcás inarb infheidhme)

I-2.4.

Mais CO2 [g/s]

I-2.5.

Mais charntha THC [g/s]

I-2.6.

Mais charntha CO [g/s]

I-2.7.

Mais charntha NOx [g/s] (i gcás inarb infheidhme)

I-2.8.

Mais charntha CO2 [g/s]

I-2.9.

Ráta breosla ríofa [g/s]

I-2.10.

Cumhacht innill (kW)

I-2.11.

Saothar innill [kWh]

I-2.12.

Fad an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [s]

I-2.13.

Meánchumhacht innill an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [%]

I-2.14.

Toisc chomhréireachta THC an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (26)

I-2.15.

Toisc chomhréireachta CO an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-]

I-2.16.

Toisc chomhréireachta NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (27) (i gcás inarb infheidhme)

I-2.17.

Toisc chomhréireachta THC+NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le saothar [-] (28) (i gcás inarb infheidhme)

I-2.18.

Fad an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [s]

I-2.19.

Toisc chomhréireachta THC an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (29)

I-2.20.

Toisc chomhréireachta CO an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-]

I-2.21.

Toisc chomhréireachta NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (30)(i gcás inarb infheidhme)

I-2.22.

Toisc chomhréireachta THC+NOx an mheánaithe laistigh d’achar ama ar leith i dtaca le mais CO2 [-] (31)(i gcás inarb infheidhme)”;

(29)

Cuirtear Foscríbhinní 9 agus 10 seo a leanas leis:

“Foscríbhinn 9

Saothar tagartha agus mais tagartha CO2 a chinneadh maidir le cineálacha innill arb é an timthriall tástála cineálcheadaithe is infheidhme ina leith é an Timthriall Tástála Foistine Neamhbhóthair (NRSC) agus sin amháin

1.   Ginearálta

Faightear an saothar tagartha agus an mhais thagartha CO2 maidir le grúpaí IFI A agus C as rith teodhúiseachta NRTC na tástála cineálcheadaithe ar an máthair-inneall, agus maidir le grúpa IFI H as an tástáil cineálcheadaithe LSI-NRTC ar an máthair-inneall, mar a leagtar amach i bpointe 2.1.2 d’Fhoscríbhinn 5. Sainítear san Fhoscríbhinn seo cén chaoi an saothar tagartha agus an mhais thagartha CO2 a chinneadh maidir le cineálacha innill i ngach grúpa IFI seachas A, C agus H.

Chun críocha na Foscríbhinne seo, is é a bheidh sa timthriall tástála saotharlainne is infheidhme ná NRSC faoi mhóid ar leith nó RMC NRSC maidir leis an gcatagóir (leis an bhfochatagóir) innill a leagtar amach i dtáblaí IV-1 agus IV-2, agus i dtáblaí IV-5 go IV-10 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1628.

2.    Wref agus

Formula

a chinneadh as RMC NRSC

2.1.

Tá an saothar tagartha Wref ,kWh, cothrom leis an saothar iarbhír Wact ,kWh, mar a thugtar le Roinn 2.4.1.1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 maidir le ceanglais theicniúla agus ghinearálta.

2.2.

Tá an mhais thagartha CO2,
Formula
, g, cothrom leis an mais CO2 i dtaca leis an timthriall tástála saotharlainne
Formula
, g, arna ríomh i gcomhréir le ceann de Ranna 2.1.2, 2.2.1, 3.5.1 nó 3.6.1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 maidir le ceanglais theicniúla agus ghinearálta ag brath ar cibé acu an sampláil ghásach amh nó chaol a úsáidtear agus ar cibé acu an ríomh maisbhunaithe nó mólbhunaithe a chuirtear i bhfeidhm.
3.    Wref agus

Formula

a chinneadh as NRSC faoi mhóid ar leith

3.1.

Ríomhfar an saothar tagartha Wref , kWh ag úsáid chothromóid 9-1.

Formula

(9-1)

Mar a bhfuil:

Pi

cothrom leis an gcumhacht innill maidir le i, kW, le Pi = Pm,i + PAUX (féach Ranna 6.3 agus 7.7.1.3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 maidir le ceanglais theicniúla agus ghinearálta);

WFi

cothrom leis an toisc ualúcháin don mhód i [-];

tref

cothrom leis an am tagartha, s, (féach an tábla);

Wref

cothrom leis an saothar timthrialla tagartha a dhéanann an máthair-inneall sa timthriall tástála saotharlainne tagartha, kWh;

i

uimhir an mhóid;

Nmode

an líon foriomlán mód sa timthriall tástála.

3.2.

Déanfar an mhais tagartha CO2
Formula
, kg, a chinneadh ón ráta sreafa maise CO2 q mCO2,i , g/h, maidir le gach mód i arna ríomh i gcomhréir le Ranna 2 nó 3 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 maidir le ceanglais theicniúla agus ghinearálta ag úsáid chothromóid 9-2.

Formula

(9-2)

Mar a bhfuil:

Formula

cothrom leis an ráta sreafa maise CO2 maidir leis an mód i, g/h;

WFi

cothrom leis an toisc ualúcháin don mhód i [-];

tref

cothrom leis an am tagartha, s, (féach an tábla);

Formula

cothrom leis an mais tagartha CO2 a astaítear as an máthair-inneall sa timthriall tástála saotharlainne tagartha, g;

i

uimhir an mhóid;

Nmode

an líon foriomlán mód sa timthriall tástála

3.3.

Is é tref fad foriomlán an Timthrialla Mhodúil Rampáilte (RMC) choibhéisigh a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 maidir le ceanglais theicniúla agus ghinearálta. Leagtar na luachanna sin amach sa tábla.

Tábla

Am tagartha tref maidir le gach NRSC faoi mhóid ar leith

NRSC

tref [s]

C1

1 800

C2

1 800

D2

1 200

E2

1 200

E3

1 200

F

1 200

G1

1 800

G2

1 800

H

1 200

Foscríbhinn 10

An tseach-chumhacht mheandrach a chinneadh ón sreabhadh maise CO2

1.   Ginearálta

Ciallaíonn “seach-chumhacht” luach a fhaightear trí idirshuíomh líneach simplí chun teagmhais bhailí le linn faireachán inseirbhíse a chinneadh mar a thugtar tuairisc i bhFoscríbhinn 4 air agus chun na críche sin amháin. Tá an mhodheolaíocht sin le haghaidh inneall a dheartar gan comhéadan cumarsáide acu a bheadh in ann sonraí toirc agus luais a sholáthar i gcomhréir le Tábla 1 d’Fhoscríbhinn 7. Tá an ríomh bunaithe ar an toimhde go mbeidh na nithe seo a leanas fíor i gcás gach cineáil innill laistigh d’aicme inneall:

(a)

tá an cóimheas idir saothar agus mais CO2 comhchosúil sa timthriall tástála saotharlainne tagartha;

(b)

tá gaol líneach idir cumhacht agus ráta sreafa maise CO2; agus,

(c)

ní astaítear aon CO2 as inneall oibriúcháin nach dtáirgeann aon ghlanchumhacht.

2.   Ríomh na seach-chumhachta meandraí

2.1.

Chun críocha na ríomhanna i bhFoscríbhinn 4 agus chucu sin amháin, déanfar seach-chumhacht mheandrach a ríomh le haghaidh an innill faoi thástáil IFI ón sreabhadh maise CO2 arna thomhas ag incrimint ama a bheidh cothrom leis an tréimhse samplála sonraí. Bainfear úsáid le haghaidh an ríomha sin as tairiseach shimplithe CO2 (“Veline”) a bhaineann go sonrach leis an aicme inneall.

2.2.

Ríomhfar an tairiseach Veline as na luachanna tagartha is infheidhme a leagtar amach i bpointe 2.1.2 d’Fhoscríbhinn 5.

Ríomhtar an tairiseach Veline, Kveline, as an mais tagartha CO2 a astaítear as an máthair-inneall arna cineálcheadú roinnte ar an saothar a dhéanann an mháthair-inneall arna cineálcheadú ag úsáid chothromóid 10-1.

Formula

(10-1)

Mar a bhfuil:

Kveline

cothrom leis an tairiseach “Veline”, g/kWh;

Formula

cothrom leis an mais tagartha CO2 a astaítear as an máthair-inneall sa timthriall tástála saotharlainne tagartha, g;

W ref

cothrom leis an saothar tagartha a dhéanann an máthair-inneall sa timthriall tástála saotharlainne tagartha, kWh;

2.3.

Déantar seach-chumhacht mheandrach an innill faoi thástáil IFI a ríomh ón sreabhadh maise meandrach CO2 ag úsáid chothromóid 10-2

Image 7

(10-2)

Mar a bhfuil:

Pi,proxy

cothrom leis an tseach-chumhacht mheandrach, kW;

Image 8

cothrom leis an sreabhadh maise meandrach CO2 a astaítear as an inneall faoi thástáil, g/s.


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus ghinearálta i ndáil le teorainneacha astaíochtaí agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (IO L 102, 13.4.2017, lch. 1.)””


(1)  I gcás ina n-úsáideann an sruth sonraí atá ar fáil aonaid atá éagsúil leis na cinn a éilítear leis an tábla, aistreofar an sruth sonraí sin isteach sna haonaid a éilítear le linn réamhphróiseáil na sonraí mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3.

(2)  Tomhaiste nó ceartaithe chuig bonn fliuch.

(3)  Úsáidfear tomhas díreach shreabhadh maise an sceite mura bhfuil feidhm le ceann de na nithe a leanas:

(a)

caolaíonn aer, atá in áit níos airde ná an áit a bhféadfaí sreabhmhéadar sceite a shuiteáil, an sceitheadh mar gheall ar an gcóras sceite a shuiteáiltear san innealra soghluaiste nach innealra bóthair é. Sa chás sin, tógfar an sampla sceite in áit níos airde ná pointe an chaolúcháin;

(b)

cuireann an córas sceite atá suiteáilte san innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, sciar den sceitheadh ar mhalairt slí chuig cuid eile den innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, (m.sh. i gcomhair téimh) in áit atá níos airde ná an áit a bhféadfaí sreabhmhéadar sceite a chur;

(c)

tá cumhacht tagartha ag an inneall, a bhfuil tástáil le déanamh air, atá níos mó ná 560 kW nó tá sé suiteáilte i soitheach uiscebhealaí intíre nó i bhfeithicil iarnróid agus taispeánann an monaróir don údarás formheasa nach bhfuil suiteáil sreabhmhéadar sceite praiticiúil mar gheall ar mhéid nó suíomh an sceite ar an NRMM;

(d)

innill ó chatagóir RLR agus taispeánann an monaróir don údarás formheasa nach bhfuil suiteáil sreabhmhéadair sceite praiticiúil mar gheall ar shuíomh an sceite ar an NRMM.

Sna cásanna sin, i gcás ina bhfuil an monaróir in ann fianaise láidir a chur faoi bhráid an údaráis formheasa mar gheall ar an gcomhchoibhneas idir an sreabhadh maise breosla arna mheas ag an ARL agus an sreabhadh maise breosla, arna thomhas ar bhinse tástála dhinimiméadar an innill, d’fhéadfaí an sreabhmhéadar sceite a fhágáil ar lár agus d’fhéadfaí tomhais sreafa sceite indírigh (ón mbreosla nó sreabhadh aeir iontógála nó sreabhadh breosla agus an comhardú carbóin) a chur i bhfeidhm.

(4)  Chun fad na céime dúiseachta i ndiaidh teagmhas fada neamhoibre a chinneadh d’inneall ag a bhfuil gléas iarchóireála a úsáidtear le haghaidh laghdú NOx, mar a leagtar amach i bpointe 2.2.2 d’Fhoscríbhinn 4, tomhaisfear teocht ghás an sceite le linn an oird oibríochta laistigh de 30cm d’asraon an ghléis iarchóireála a úsáidtear le haghaidh laghdú NOx. I gcás ina ndéanfaí damáiste don iarchóireáil agus braiteoir á chur isteach laistigh de 30 cm, suiteálfar an braiteoir chomh gar agus is féidir don suíomh seo.

(5)  Úsáidtear braiteoir na teochta comhthimpeallaí nó braiteoir teochta aeir iontógála. Má úsáidtear braiteoir teochta aeir iontógála, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach sa dara mír de phointe 5.1.

(6)  Beidh an luach taifeadta mar an gcéanna le (a) an torc glan; nó (b) an torc glan a ríomhtar ón torc iarbhír céatadáin innill, torc na frithchuimilte agus an torc tagartha, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i bpointe 2.1.1 d’Fhoscríbhinn 7. Beidh bunús an ghlantoirc mar an gcéanna leis an nglantorc neamhcheartaithe a sholáthraíonn an t-inneall, mar aon leis an trealamh agus na hinnill chúnta atá le cur san áireamh le haghaidh tástáil astaíochtaí i gcomhréir le Foscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

(7)  Ní éilítear é le haghaidh inneall a thástáiltear faoin Rialachán seo nach ndeartar le comhéadan cumarsáide a bheith acu bheadh in ann na sruthanna sonraí seo a sholáthar.

(8)  I gcás inneall aerfhuaraithe, taifeadfar an teocht ag suíomh an phointe tagartha a thugtar le fios i bpointe 3.7.2.2.1 de CHUID C d’Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/656 in áit theocht an fhuartháin.

(9)  I gcás ina n-úsáideann an sruth sonraí atá ar fáil aonaid atá difriúil leis na cinn a éilítear leis an tábla, aistreofar an sruth sonraí sin isteach sna haonaid a éilítear le linn réamhphróiseáil na sonraí mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3.

(10)  Is é a bheidh sa luach a sholáthrófar (a) an glantorc coscánaithe innill nó (b) an glantorc coscánaithe innill arna ríomh ó luachanna toirc iomchuí eile mar a shainítear i gcaighdeán an phrótacail chomhfhreagraigh a leagtar amach i bpointe 2.1.1. Beidh bunús an ghlantoirc mar an gcéanna leis an nglantorc neamhcheartaithe a sholáthraíonn an t-inneall, mar aon leis an trealamh agus na hinnill chúnta atá le cur san áireamh le haghaidh tástáil astaíochtaí i gcomhréir le Foscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/654.

(11)  I gcás ina n-úsáideann an sruth sonraí atá ar fáil aonaid atá difriúil leis na cinn a éilítear leis an tábla, aistreofar an sruth sonraí sin isteach sna haonaid a éilítear le linn réamhphróiseáil na sonraí mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3.

(12)  Má úsáidtear braiteoir aertheochta iontógála, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach sa dara mír i bpointe 5.1 d’Fhoscríbhinn 2.

(13)  Is éard atá i meánú laistigh d’achar ama ar leith an fothacar den tacar iomlán sonraí arna ríomh le linn na tástála faireacháin inseirbhíse arb ionann a mhais CO2 nó a shaothar agus mais tagartha CO2 nó saothar an innill arna dtomhas in imeacht NRTC nó NRSC saotharlainne tagartha is infheidhme a dhéantar ar an máthair-inneall

(14)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(15)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(16)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainn astaíochta chomhcheangailte acu maidir le HC + NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(17)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(18)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(19)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainn astaíochta chomhcheangailte acu maidir le HC + NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(20)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(21)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(22)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainn astaíochta chomhcheangailte acu maidir le HC + NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(23)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(24)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(25)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainn astaíochta chomhcheangailte acu maidir le HC + NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(26)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(27)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(28)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainn astaíochta chomhcheangailte acu maidir le HC + NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(29)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.

(30)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainneacha ar leithligh acu maidir le HC agus NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628

(31)  Níl sé infheidhme ach amháin maidir le (fo)c(h)atagóirí innill a bhfuil teorainn astaíochta chomhcheangailte acu maidir le HC + NOx i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/1628.


8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/38


RIALACHÁN (AE) 2022/2388 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil substaintí sárfhluarailcile in earraí bia áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia.

(2)

Is substaintí sárfhluarailcile (PFASanna) iad aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), aigéad sárfhluaranaonánóch (PFNA) agus aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a úsáidtear, nó a úsáideadh, in go leor feidhmeanna tráchtála agus tionsclaíocha. Mar thoradh ar a n-úsáid fhorleathan, mar aon lena marthanacht sa chomhshaol, tá éilliú comhshaoil forleathan ann. Tá éilliú bia leis na substaintí seo mar thoradh go príomha ar an mbithbhailiú i slabhraí bia uisceacha agus talún agus is é an aiste bia an phríomhfhoinse nochta do PFASanna. Mar sin féin, le húsáid ábhar teagmhála bia ina bhfuil PFASanna, is dócha go gcuirtear le nochtadh an duine dóibh freisin.

(3)

An 9 Iúil 2020, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim maidir leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann le substaintí sárfhluarailcile a bheith i mbia (3). Chinn an tÚdarás gur féidir le PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS a bheith ina gcúis le héifeachtaí forbraíochta agus go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar colaistéaról séirim, ar an ae agus ar an gcóras imdhíonachta agus ar mheáchan breithe. Mheas sé gurbh iad na héifeachtaí ar an gcóras imdhíonachta an éifeacht ba chriticiúla agus bhunaigh sé méid carnach i dtaca le hiontógáil sheachtainiúil infhulaingthe (TWI) 4,4 ng/kg de mheáchan coirp le haghaidh shuim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, ar méid é a thugann cosaint freisin i gcoinne éifeachtaí eile na substaintí sin. Chinn sé maidir le nochtadh codanna de dhaonra na hEorpa do na substaintí sin go sáraíonn sé TWI, agus gur ábhar imní atá ann.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart uasleibhéil maidir leis na substaintí sin i mbia a shocrú chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú.

(5)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnta chun go bhféadfaidh oibreoirí gnó bia iad féin a oiriúnú do na huasleibhéil a leagtar amach sa Rialachán seo.

(6)

Agus seilfré fhada earraí bia áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo á cur san áireamh, ba cheart a cheadú d’earraí bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo fanacht ar an margadh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Eanáir 2023, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Scientific opinion on the risk to human health related to the presence of perfluoroalkyl substances in food.[Tuairim Eolaíoch maidir leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann le láithreacht substaintí sárfhluarailcile i mbia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020; 18(9):6223, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/full/10.2903/j.efsa.2020,6223.


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an roinn seo a leanas leis:

“Roinn 10: Substaintí sárfhluarailcile

Earraí bia (1)

Uasleibhéil fliuchmheáchan μg/kg

PFOS (*)

PFOA (*)

PFNA (*)

PFHxS (*)

Suim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS (*) ,  (**)

10.1.

Uibheacha

1,0

0,30

0,70

0,30

1,7

10.2.

Táirgí iascaigh(26) agus moilisc dhébhlaoscacha (26)

 

 

 

 

 

10.2.1.

Feoil éisc(24), (25)

 

 

 

 

 

10.2.1.1.

Feoil mhatánach éisc, seachas na cinn sin a liostaítear faoi 10.2.1.2. agus 10.2.1.3.

Feoil mhatánach éisc a liostaítear in 10.2.1.2. agus 10.2.1.3., i gcás ina bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga.

2,0

0,20

0,50

0,20

2,0

10.2.1.2.

Feoil mhatánach ó na héisc seo a leanas, i gcás nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga:

Scadán Mhuir Bhailt (Clupea harengus membras)

Tuinnín beag (speicis Sarda agus Orcynopsis)

Lota (Lota lota)

Salán Eorpach (Sprattus sprattus)

Leith (Platichthys flesus agus Glyptocephalus cynoglossus)

Milléad liath (Mugil cephalus)

Bolmán (Trachurus trachurus)

Liús (speiceas Esox)

Leathóg (speicis Pleuronectes agus Lepidopsetta)

Sairdín agus pilséar (speiceas Sardina)

Doingean mara (speiceas Dicentrarchus)

Cat mara (speicis Silurus agus Pangasius)

Loimpre mhara (Petromyzon marinus)

Cúramán (Tinca tinca)

Pollán (Coregonus albula agus Coregonus vandesius)

Iasc lonrach airgid (Phosichthys argenteus)

Bradán fiáin agus breac fiáin (speicis Salmo agus Oncorhynchus fiáin)

Cat mara (speiceas Anarhichas)

7,0

1,0

2,5

0,20

8,0

10.2.1.3.

Feoil mhatánach ó na héisc seo a leanas, i gcás nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun bia a tháirgeadh do naíonáin agus do leanaí óga:

Ainseabhaí (speiceas Engraulis)

Barbal (Barbus barbus)

Bran (speiceas Abramis)

Ruabhreac (speiceas Salvelinus)

Eascann (speiceas Anguilla)

Liúsphéirse (speiceas Sander)

Péirse (Perca fluviatilis)

Róiste (Rutilus rutilus)

Smealt (speiceas Osmerus)

Iasc geal (speiceas Coregonus)

35

8,0

8,0

1,5

45

10.2.2.

Crústaigh(26), (47) agus moilisc dhébhlaoscacha(26).

Bainfidh an t-uasleibhéal crústaigh le feoil mhatánach ó ghéagáin agus bolg44. I gcás portán agus crústach phortáin (Brachyura agus Anomura) feoil mhatánach ó ghéagáin.

3,0

0,70

1,0

1,5

5,0

10.3.

Feoil agus scairteach inite(6)

 

 

 

 

 

10.3.1.

Feoil ó bhó-ainmhithe, ó mhuca agus ó éanlaith chlóis

0,30

0,80

0,20

0,20

1,3

10.3.2.

Feoil ó chaoirigh

1,0

0,20

0,20

0,20

1,6

10.3.3.

Scairteach ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh, ó mhuca agus ó éanlaith clóis

6,0

0,70

0,40

0,50

8,0

10.3.4.

Feoil ó ainmhithe géim, cé is moite d’fheoil ó bhéir

5,0

3,5

1,5

0,60

9,0

10.3.5.

Scairteach ó ainmhithe géim, cé is moite de scairteach ó bhéir

50

25

45

3,0

50


(*)  Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le suim na steiré-isiméir líneacha agus brainseacha, bíodh siad deighilte go crómatagrafach nó ná bíodh.

(**)  I gcás shuim PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, déantar tiúchain cuimse íochtair a ríomh ar an toimhde gur nialas na luachanna uile atá faoi bhun na teorann cainníochtaithe.”


8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/42


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2389 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2022

lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 54(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát ar earraí a thagann isteach san Aontas, chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú.

(2)

Ón 14 Nollaig 2022 ní bheidh feidhm a thuilleadh ag rialacha Threoir 2000/29/CE ón gComhairle (2) maidir le rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thagann isteach san Aontas. Dá bhrí sin, is iomchuí rialacha nua a bhunú, agus an creat arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2017/625 a chur san áireamh iontu, chun leanúnachas na bhforálacha ábhartha ón 14 Nollaig 2022 ar aghaidh a áirithiú.

(3)

Ba cheart na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a bhunú de réir an riosca a bhaineann le gach earra nó gach catagóir earra do shláinte plandaí.

(4)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar ar bhealach aonfhoirmeach na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha fisiceacha a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le húsáid a bhaint as an gcóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla (CBFRO) dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le roghnú na gcoinsíneachtaí le haghaidh seiceálacha fisiceacha.

(5)

Ba cheart na rátaí minicíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith infheidhme maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 a thagann isteach san Aontas, seachas earraí atá ar idirthuras.

(6)

Chun an leibhéal is airde cosanta fíteashláintíochta a áirithiú, ba cheart an bunráta minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 a bhunú ar 100 %.

(7)

Ar chúiseanna a bhaineann le freagairt chomhréireach ar an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leo, áfach, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann ráta minicíochta na seiceálacha céannachta agus na seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réad áirithe eile a bhunú ar leibhéal níos ísle ná 100 %.

(8)

Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an ráta minicíochta 100 % maidir leis na seiceálacha céannachta agus fisiceacha ar gach planda atá le cur, agus maidir le haon phlanda, táirge planda nó réad eile atá faoi réir beart dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1), Airteagal 30(1) agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, mar gheall ar riosca fíteashláintíochta méadaithe na dtráchtearraí sin.

(9)

Ós rud é go bhfuil sé cruthaithe gurb éifeachtach iad na coinníollacha agus na critéir chun an cineál agus na rátaí minicíochta a bhunú le haghaidh seiceálacha céannachta agus fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nithe is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1756/2004 ón gCoimisiún (4), ba cheart iad a leagan amach dá réir sin sa Rialachán seo. Ar na coinníollacha agus na critéir sin tá, go háirithe, roghnú coinsíneachtaí le haghaidh seiceálacha fisiceacha, na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha agus na critéir chun na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nó catagóirí díobh, a bhunú agus a mhodhnú.

(10)

Ar bhonn faisnéis a bhailíonn an Coimisiún de réir Airteagal 125(1) de Rialachán (AE) 2017/625, torthaí rialuithe arna ndéanamh ag saineolaithe an Choimisiúin i dtríú tíortha de réir Airteagal 120(1) den Rialachán sin agus faisnéis a bhailítear trí CBFRO, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha fisiceacha a mhodhnú ar bhonn na gcritéar a bhunaítear leis an Rialachán seo chun na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nó catagóirí díobh, a bhunú agus a mhodhnú.

(11)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an ráta minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí planda, táirge planda nó réada eile, nó catagóir díobh, a mhodhnú, chun a áirithiú go dtabharfar na rátaí minicíochta sin cothrom le dáta i gcomhréir leis na forbairtí is déanaí sa réimse, agus chun go gcinnfidh an Coimisiún an mbeadh an modhnú sin iomchuí.

(12)

Ba cheart athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar rátaí minicíochta ag féachaint do na gnéithe a leagtar amach i bpointí (i), (ii), (iv), (v) agus (vi) d’Airteagal 54(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625, chun comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin sin a áirithiú.

(13)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht rialuithe oifigiúla, ba cheart na rátaí minicíochta a chinnfear i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur in iúl trí CBFRO.

(14)

Ba cheart na rialuithe oifigiúla, seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh nach mbeidh an t-oibreoir a bheidh freagrach as an gcoinsíneacht in ann a thuar an mbeidh aon choinsíneacht ar leith faoi réir seiceálacha fisiceacha.

(15)

Ós rud é go leagtar amach sa Rialachán seo forálacha sna réimsí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1756/2004, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm le héifeacht ón dáta a shonraítear sa Rialachán seo.

(16)

Toisc nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag rialacha Threoir 2000/29/CE ón 14 Nollaig 2022, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ón 14 Nollaig 2022 ar aghaidh. Ar an gcúis sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun an dáta cur i bhfeidhm sin a áirithiú.

(17)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an ráta minicíochta iomchuí, agus na modhnuithe ar an ráta sin, le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 a thagann isteach san Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo:

(1).

ciallaíonn “ráta minicíochta” an t-íoschéatadán coinsíneachtaí earraí dá dtagraítear in Airteagal 1, íoschéatadán a chinntear i gcomhréir leis an Rialachán seo, de líon na gcoinsíneachtaí a thiocfaidh chuig an bpost rialaithe teorann nó chuig an bpost rialaithe le linn na bliana féilire a ndéanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha orthu;

(2).

ciallaíonn “CBFRO” an córas bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 3

Coinsíneachtaí le haghaidh seiceálacha fisiceacha a roghnú

1.   Is i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas a roghnóidh na húdaráis inniúla coinsíneachtaí le haghaidh seiceálacha fisiceacha:

(a)

ginfidh CBFRO roghnú randamach coinsíneachta go huathoibríoch;

(b)

féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh an choinsíneacht a roghnú i gcomhréir le pointe (a) nó coinsíneacht eile sa chatagóir chéanna earraí agus as an áit tionscnaimh chéanna earraí a roghnú.

2.   Le haghaidh gach coinsíneachta a roghnófar le haghaidh seiceálacha fisiceacha i gcomhréir le mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha céannachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2130 ón gCoimisiún (5).

Airteagal 4

Rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, ar rátaí minicíochta a chinnfear i gcomhréir le míreanna 2 go 6.

2.   Is é 100 % an bunráta minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí earraí dá dtagraítear in Airteagal 1.

3.   De mhaolú ar mhír 2, maidir leis na seiceálacha céannachta agus fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réad áirithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I in éineacht lena n-áit tionscnaimh ó gach tríú tír nó ó thríú tíortha áirithe, beidh siad faoi réir na rátaí minicíochta a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag na rátaí minicíochta de réir mhír 3 maidir leis na rudaí seo a leanas:

(a)

plandaí atá le cur;

(b)

aon phlanda, táirge planda nó réad eile atá faoi réir beart dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1), Airteagal 30(1) agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

5.   Is i gcomhréir leis na critéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinnfear na rátaí minicíochta de réir mhír 3.

6.   I gcás nach gcomhlíonfaidh allmhairiúcháin planda, táirge planda nó réada eile, nó catagóir díobh, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II a thuilleadh, bainfear an planda, an táirge planda nó an réad sin d’Iarscríbhinn I, mar a chinnfear san athbhreithniú a shonraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 5

Iarratais ar na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéantar ar phlandaí áirithe, ar tháirgí planda áirithe agus ar réada áirithe eile a mhodhnú

Féadfaidh na Ballstáit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar an ráta minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí planda, táirge planda nó réada eile, nó catagóir díobh, a thagann isteach san Aontas, a mhodhnú, chun go gcinnfidh an Coimisiún an mbeidh an modhnú sin iomchuí. Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III san iarratas.

Airteagal 6

Rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéantar ar phlandaí áirithe, ar tháirgí planda áirithe agus ar réada áirithe eile a mhodhnú

1.   Rátaí minicíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, modhnófar iad ag féachaint do na critéir a leagtar amach i bpointí (i), (ii), (iv), (v) agus (vi) d’Airteagal 54(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625, maidir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nó catagóirí díobh, athbhreithneofar iad gach bliain ar a laghad, chun faisnéis nua a bhaileofar trí CBFRO nó a sholáthróidh na Ballstáit a chur san áireamh, agus déanfar iad a mhodhnú dá réir.

3.   I gcás inarb infheidhme, cláróidh an Coimisiún in CBFRO gach modhnú a dhéanfar ar an liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, nó catagóirí díobh, agus ar na rátaí minicíochta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1756/2004 le héifeacht ón 14 Nollaig 2022.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta in aghaidh gcoinne orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne leathadh na n-orgánach sin laistigh den Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1756/2004 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2004 lena sonraítear na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an bhfianaise a cheanglaítear agus na critéir maidir le cineál agus leibhéal an laghdaithe ar na seiceálacha sláinte plandaí ar phlandaí áirithe, ar tháirgí plandaí áirithe nó ar réada áirithe eile a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/29/CE ón gComhairle (IO L 313, 12.10.2004, lch. 6).

(5)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 128.


IARSCRÍBHINN I

Rátaí minicíochta seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réad áirithe eile, nó catagóirí díobh, dá dtagraítear in Airteagal 4(3)

Planda, táirgí plandaí nó réad eile, nó catagóir díobh

An tír thionscnaimh

Íosráta minicíochta seiceálacha céannachta agus fisiceacha [%]

Bláthanna Gearrtha

Aster

An tSiombáib

75

Dianthus

An Cholóim

3

Dianthus

Eacuadór

15

Dianthus

An Chéinia

5

Dianthus

An Tuirc

50

Gypsophila

Eacuadór

5

Gypsophila

An Chéinia

10

Phoenix

Cósta Ríce

50

Rosa

An Cholóim

5

Rosa

Eacuadór

1

Rosa

An Aetóip

5

Rosa

An Chéinia

10

Rosa

An Tansáin

100

Rosa

An tSaimbia

50

Torthaí

Actinidia

Gach tríú tír

10

Carica papaya

Gach tríú tír

10

Fragaria

Gach tríú tír

5

Persea americana

Gach tríú tír

3

Rubus

Gach tríú tír

5

Vitis

Gach tríú tír

1

Malus

Tríú tíortha Eorpacha (1)

15

Prunus

Tríú tíortha Eorpacha (1), (2)

15

Pyrus

Tríú tíortha Eorpacha (1)

100

Vaccinium

Tríú tíortha Eorpacha (1)

50

Citreas

An Éigipt

50

Citreas

Iosrael

35

Citreas

Meicsiceo

25

Citreas

Maracó

3

Citreas

Peiriú

10

Citreas

An Tuirc

7

Citreas

Stáit Aontaithe Mheiriceá

50

Malus

An Airgintín

35

Malus

An Bhrasaíl

100

Malus

An tSile

5

Malus

An Nua-Shéalainn

10

Malus

An Afraic Theas

15

Mangifera

An Bhrasaíl

75

Passiflora

An Cholóim

5

Passiflora

An Chéinia

75

Passiflora

La Réunion

10

Passiflora

An Afraic Theas

75

Passiflora

Vítneam

15

Passiflora

An tSiombáib

100

Prunus

An Airgintín

100

Prunus

An tSile

10

Prunus

Maracó

100

Prunus persica

An Afraic Theas

50

Prunus — eile

10

Prunus

An Tuirc

35

Prunus

Stáit Aontaithe Mheiriceá

100

Psidium

An Bhrasaíl

100

Pyrus

An Airgintín

25

Pyrus

An tSile

15

Pyrus

An tSín

100

Pyrus

An Afraic Theas

10

Vaccinium

An Airgintín

25

Vaccinium

An tSile

10

Vaccinium

Peiriú

10

Glasraí

Capsicum

Iosrael

100

Capsicum

Maracó

100

Solanum lycopersicum

Na hOileáin Chanáracha

25

Solanum lycopersicum

Maracó

1

Solanum melongena

An Chéinia

100

Solanum melongena

An Tuirc

100

Glasraí fréimhe agus tiúbairín, seachas tiúbair de Solanum tuberosum L (3).

Gach tríú tír (4)

5

Adhmad

Adhmad buaircínigh (seachas Larix)

An Rúis (ach na codanna seo a leanas amháin: an Ceantar Cónaidhmeach Lárnach (Tsentralny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Thiar Thuaidh (Severo-Zapadny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Theas (Yuzhny federalny okrug), Ceantar Cónaidhmeach Chugais Thuaidh (Severo-Kavkazsky federalny okrug) agus Ceantar Cónaidhmeach Volga (Privolzhsky federalny okrug))

1

Innealra Athláimhe

Innealra agus feithiclí a úsáideadh chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta

Gach tríú tír

10


(1)  An Albáin, Andóra, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Fharó, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mholdóiv, Monacó, Montainéagró an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Rúis (ach na codanna seo a leanas amháin: an Ceantar Cónaidhmeach Lárnach (Tsentralny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Thiar Thuaidh (Severo-Zapadny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Theas (Yuzhny federalny okrug), Ceantar Cónaidhmeach Chugais Thuaidh (Severo-Kavkazsky federalny okrug) agus Ceantar Cónaidhmeach Volga (Privolzhsky federalny okrug)), San Mairíne, an tSeirbia, an Tuirc, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe.

(2)  Seachas an Tuirc.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 103).

(4)  Seachas Camarún.


IARSCRÍBHINN II

Critéir chun na rátaí minicíochta a bhunú le haghaidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nó catagóirí díobh, dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus (6)

1.   

Féadfar ráta minicíochta nua a bhunú sna cásanna seo a leanas:

(a)

is é 200 in aghaidh na bliana ar a laghad an meánlíon coinsíneachtaí a tháinig isteach san Aontas sna 3 bliana roimhe sin;

(b)

is é 600 ar a laghad íoslíon na gcoinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, nó catagóirí díobh, a tháinig isteach san Aontais a ndearnadh seiceálacha doiciméadachta, seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha orthu sna 3 bliana roimhe sin;

(c)

gach bliain, bíonn líon na gcoinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, nó catagóirí díobh, a bhfuarthas amach go raibh siad inmhíolaithe le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais níos lú ná 1 % de líon iomlán choinsíneachtaí na bplandaí sin, na dtáirgí plandaí sin agus na réad eile sin, nó na gcatagóirí díobh, a allmhairíodh isteach san Aontas;

2.   

Féadfar rátaí minicíochta a mhodhnú agus na rudaí seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

innéacs soghluaisteachta measta na lotnaidí coraintín de chuid an Aontais ag an gcéim is soghluaiste a fhéadfaidís a bhaint amach ar na plandaí ábhartha, an táirge planda ábhartha nó na réada ábhartha eile, nó catagóirí díobh;

(b)

líon na gcoinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, nó catagóirí díobh, a ndearnadh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha orthu le linn na bliana roimhe sin;

(c)

maidir le coinsíneachtaí a allmhairíodh de bhun an Rialacháin seo, líon iomlán na neamhchomhlíontachtaí mar gheall ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bheith ann, agus sonraí na neamhchomhlíontachtaí sin;

(d)

líon iomlán na gcoinsíneachtaí earraí lena mbaineann ar tugadh fógra fúthu ar chúiseanna seachas lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bheith iontu, agus na sonraí a bhaineann leis sin; agus

(e)

aon ghné ábhartha eile chun an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis an trádáil lena mbaineann a chinneadh.


IARSCRÍBHINN IΙΙ

Faisnéis a cheanglaítear chun iarratais a chur faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 5

Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5:

(a)

tuairisc ar na hearraí lena mbaineann;

(b)

áit tionscnaimh na n-earraí lena mbaineann;

(c)

méid allmhairiúcháin na n-earraí lena mbaineann isteach san Aontas, arna shloinneadh de réir líon na gcoinsíneachtaí agus meáchain nó píosaí nó aonad;

(d)

an liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a fhéadfar a iompar ar an táirge lena mbaineann;

(e)

líon choinsíneachtaí na n-earraí lena mbaineann a bhfuarthas amach go raibh siad neamhchomhlíontach mar gheall go bhfuarthas lotnaidí coraintín de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (d) iontu;

(f)

innéacs soghluaisteachta measta na lotnaidí coraintín de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (d) ag an gcéim is soghluaiste a fhéadfadh an t-orgánach a bhaint amach ar an bplanda ábhartha, an táirge planda ábhartha nó an réad ábhartha eile;

(g)

líon choinsíneachtaí na n-earraí lena mbaineann a stopadh ar chúiseanna seachas go bhfuarthas lotnaidí coraintín de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (d) iontu;

(h)

líon choinsíneachtaí na n-earraí lena mbaineann a ndearnadh seiceálacha céannachta agus fisiceacha sláinte plandaí orthu.

A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a luaitear faoi phointí (c), (e), (g) agus (h), sa sainchomhad tabharfar sonraí a chumhdóidh an tréimhse 3 bliana ar a laghad roimh an mbliain a chuirfear isteach é.


8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2390 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2022

lena leasaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach arna forchur ar allmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 19 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh cheana agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 ón gCoimisiún (2), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (“an t-imscrúdú bunaidh”).

(2)

An 4 Meitheamh 2018, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach (“an chéad athbhreithniú eatramhach”) maidir le fóirdheonú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile i gcomhréir le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/823 ón gCoimisiún (3) (“an Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú eatramhach”), chinn an Coimisiún na bearta a choinneáil mar a leagtar síos san imscrúdú bunaidh.

(3)

An 15 Bealtaine 2020, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach (“an dara hathbhreithniú eatramhach”) i gcomhréir le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán maidir leis an dara hathbhreithniú eatramhach”), leasaigh an Coimisiún leibhéal na dleachta frithchúitimh i gcás táirgeoir onnmhairiúcháin amháin.

(4)

An 25 Bealtaine 2021, tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán (“an t-athbhreithniú éaga”), na bearta arna leagadh síos san imscrúdú bunaidh agus arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2020/658, chuir an Coimisiún síneadh 5 bliana eile leis na bearta sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún (5) (“an Rialachán maidir leis an athbhreithniú éaga”).

(5)

Is idir 1,5 % agus 9,5 % atá na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha atá i bhfeidhm faoi láthair.

1.2.   Athbhreithniú a thionscnamh

(6)

Chinn an Coimisiún ar a thionscnamh féin páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, mar bhí fianaise leordhóthanach aige go raibh athrú tagtha ar na himthosca maidir le fóirdheonú ar ar a mbonn a forchuireadh na bearta reatha, agus gur athruithe buana iad na hathruithe sin.

(7)

Go sonrach, ó bhí 2016 ann tháinig athruithe suntasacha ar struchtúr agus téarmaí chur chun feidhme na bhfóirdheontas a dheonaigh Rialtas na Tuirce do tháirgeoirí breac dea-dhathach. Ba chosúil gur tháinig laghdú ar na fóirdheontais dhíreacha a fuair táirgeoirí breac dea-dhathach na Tuirce mar thoradh ar na hathruithe sin.

(8)

Mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach ann gur tháinig athrú suntasach ar na himthosca a bhaineann le fóirdheonú ar ar a mbonn a forchuireadh na bearta, gur athruithe buana iad na hathruithe sin agus, dá bhrí sin, gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile.

(9)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, d’fhógair an Coimisiún gur tionscnaíodh athbhreithniú faoi Airteagal 19 den bhun-Rialachán le fógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 20 Meán Fómhair 2021 (6) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.3.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

(10)

An t-imscrúdú ar fhóirdheonú, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”).

1.4.   Páirtithe leasmhara

(11)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus Rialtas na Tuirce ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(12)

Iarradh ar na páirtithe uile a dtuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil laistigh den na teorainneacha ama a socraíodh san Fhógra Tionscnaimh. Bhí deis ag na páirtithe leasmhara freisin barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

1.5.   Sampláil na n-onnmhaireoirí

(13)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

(14)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, más amhlaidh atá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa Tuirc an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(15)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Tuirce chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(16)

Sholáthair trí cinn déag de tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus grúpaí de tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Méid iomlán breac dea-dhathach áirithe a dhearbhaigh na cuideachtaí sin gur onnmhairigh siad chuig an Aontas é, b’ionann an méid sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus 100 % d’onnmhairí ón Tuirc chuig an Aontas.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin nó de ghrúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil. B’ionann an sampla agus os cionn 60 % de na díolacháin onnmhairí dearbhaithe chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 27(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na Tuirce, maidir le roghnú an tsampla.

1.6.   Barúlacha maidir le roghnú an tsampla

(19)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó na honnmhaireoirí comhoibríocha Selina Balık İşleme Tesisi İthalat İhracat ve Ticaret A.Ş, (“Selina Balik”) agus Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat İthalat ve Ticaret A.Ş. (“Kilic Deniz”) lenar iarr siad a bheith san áireamh sa sampla.

(20)

Dhéileáil an Coimisiún leis na hiarrataí sin i Nóta a cuireadh leis an gcomhad oscailte an 22 Deireadh Fómhair 2021. Mar a míníodh sa Nóta sin, diúltaíodh don dá iarraidh sin mar gur roghnaíodh an sampla ar bhonn na cainníochta onnmhairí ba mhó ab fhéidir a imscrúdú go réasúnta san am a bhí ar fáil.

(21)

Ní raibh Selina Balik ná Kilic Deniz i measc na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ba mhó agus, mar sin, ní dhéanfaí ionadaíocht an tsampla a mhéadú go suntasach dá gcuirfí na cuideachtaí sin leis an sampla, ach d’fhéadfadh sé cosc a chur ar chur i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

(22)

An 11 Samhain 2021, sheol Eagraíocht Dobharshaothraithe na Danmhairge (“DAO”), agus í ag déanamh ionadaíocht ar tháirgeoirí breac dea-dhathach an Aontais, aighneacht inar iarradh ar an gCoimisiún feirmeoirí breac ón Tuirc a chur sa sampla, mar tháinig athrú ar na scéimeanna fóirdheontais chun go mbainfidh feirmeoirí beaga níos mó tairbhe as na scéimeanna ná feirmeoirí móra. Luaigh DAO i ndáil leis sin gur tháinig méadú, a bheag nó a mhór, ar fhóirdheonú na bhfeirmeoirí beaga mar gheall ar na hathruithe ar na scéimeanna fóirdheontais dhírigh, go háirithe forchur na n-uasteorainneacha táirgeachta.

(23)

Mar sin, d’iarr DAO ar an gCoimisiún athrú a dhéanamh ar mhodheolaíocht roghnú an tsampla sa tslí go roghnófaí sampla atá bailí ó thaobh staidrimh de in ionad sampla ina bhfuil an méid is mó onnmhairí a d’fhéadfaí a imscrúdú, agus léireodh sé sin, dar leo, éagsúlacht tháirgeoirí breac na Tuirce go cruinn. Ach níor mhol DAO aon onnmhaireoir comhoibríoch sonrach ba cheart a chur san áireamh sa sampla.

(24)

Dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh sin ós rud é nach raibh faisnéis san fhaisnéis samplála a iarradh ó na honnmhaireoirí a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiúin an sampla a roghnú ar an mbealach sin.

(25)

Na hathruithe ar na scéimeanna fóirdheontais dhírigh, mar a leagtar amach i roinn 4 thíos, léiríodh iad i ríomh an tsochair.

1.7.   Iarrataí ar mhéid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe le haghaidh cuideachtaí nach gcuimsítear sa sampla (“scrúdú aonair”)

(26)

Fuair an Coimisiún dhá iarraidh ar mhéid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe tar éis thionscnamh an imscrúdaithe faoi Airteagal 27(3) den bhun-Rialachán. Rinneadh na hiarrataí sin i bhfoirm freagra comhlánaithe ar an gceistneoir.

(27)

Tháinig an chéad iarraidh ón gcuideachta Selina Balik.

(28)

Ghlac an Coimisiún lena n-iarraidh ar scrúdú aonair toisc go raibh athbhreithniú á dhéanamh aige cheana féin ar staid na cuideachta in athbhreithniú eatramhach comhthreomhar maidir leis an táirge céanna. Tionscnaíodh an t-athbhreithniú eatramhach sin an 5 Feabhra 2021 (7). Ach tharraing Selina Balik siar a iarratas ar athbhreithniú agus chuir an Coimisiún deireadh leis an 10 Márta 2022 (8).

(29)

Chuir Selina Balik freagra iomlán ar an gceistneoir isteach ag a bhfuil tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe atá mar an gcéanna le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (bliain féilire 2020) atá ag an athbhreithniú eatramhach seo. D’aontaigh an chuideachta go raibh an fhaisnéis a cuireadh le fáil le húsáid san athbhreithniú seo. Rinne an Coimisiún seiceáil den chuid ba mhó ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, agus ba é an chros-seiceáil chianda an t-aon rud nár cuireadh i gcrích.

(30)

Dá bhrí sin, bhí an fhaisnéis iomlán ar fáil cheana féin ag tús an imscrúdaithe seo agus ní fhéadfaí a mheas go raibh ualach rómhór ag baint le himscrúdú a dhéanamh ar staid Selina Balik chun críoch an athbhreithnithe seo.

(31)

Tháinig an dara hiarraidh ón gcuideachta Kilic Deniz.

(32)

Bhí staid Kilic Deniz éagsúil le staid Selina Balik. Ní raibh aon fhreagra ar an gceistneoir ar fáil roimh ré agus, dá bhrí sin, an fhaisnéis is gá a bhailiú agus an anailís ar na sonraí a cuireadh ar fáil, dhéanfaí é sin go hiomlán le linn an imscrúdaithe seo, agus sa bhreis ar bhailiú agus anailís na sonraí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(33)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go mbeadh ualach míchuí ag baint le glacadh na hiarrata agus, go deimhin, go gcuirfeadh sé cosc ar chur i gcrích an imscrúdaithe in am is i dtráth. Mar sin, níor glacadh an iarraidh sin ar scrúdú aonair.

(34)

Tar éis an nochta, chuir Kilic Deniz barúlacha isteach gur cheart glacadh lena iarraidh ar imscrúdú aonair agus d’áitigh sé go raibh an iarraidh bunaithe ar na forais chéanna le forais na cuideachta Selina Balik. Luaigh Kilic Deniz freisin nár cheart a chur san áireamh gur chuir Selina Balik faisnéis isteach cheana féin in imscrúdú comhthreomhar a bhí ar siúl, mar go mbeadh sé seo idirdhealaitheach, agus go bhfuair an Coimisiún na freagraí ceistneora ó Kılıç Deniz agus Selina Balık ag an am céanna i gcás an pháirt-athbhreithnithe eatramhaigh seo.

(35)

Mar a mhínítear in aithris (32), mheas an Coimisiún go raibh cásanna éagsúla i gceist leis an dá chuideachta agus, dá bhrí sin, go raibh údar maith aige caitheamh ar bhealach difriúil leis an dá chuideachta.

(36)

Ós rud é go raibh athbhreithniú comhthreomhar ar siúl maidir le staid Selina Balik féin, athbhreithniú ag a raibh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhí mar an gcéanna leis an athbhreithniú seo, cuireadh ar a chumas don Choimisiún an tacar sonraí céanna a bheadh ag teastáil i gcás an athbhreithnithe seo a fháil ag céim luath.

(37)

Mar a leagtar amach in aithris (29), bhí freagra curtha isteach cheana ag Selina Balik agus a chuideachtaí gaolmhara i bhfreagra ceistneora le linn a athbhreithnithe eatramhaigh féin, agus bhí próiseas easnaimh curtha i gcrích maidir leis na sonraí a soláthraíodh. Bhí acmhainní suntasacha ag teastáil le haghaidh an phróisis easnaimh, mar ba ghá mionscrúdú a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir agus na heasnaimh a shainaithint agus iad a réiteach leis na cuideachtaí.

(38)

Ós rud é gur údaraigh Selina Balik an Coimisiún leis na sonraí a cuireadh isteach san athbhreithniú eatramhach comhthreomhar a úsáid, bhí an Coimisiún in ann na sonraí sin a chur san áireamh go hiomlán san athbhreithniú sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh gur caitheadh le páirtithe áirithe ar bhealach idirdhealaitheach.

(39)

Mhaígh Kilic Deniz freisin gur cheart don Choimisiún a mheas go raibh taithí ag a chuideachta cheana féin ar chomhoibriú le himscrúduithe frith-fhóirdheontais, ós rud é go raibh sé rannpháirteach san imscrúdú bunaidh, sa dara hathbhreithniú eatramhach agus san imscrúdú fóirdheontais maidir le hallmhairí doingean mara agus garbhánach ón Tuirc in 2015, ar cuireadh deireadh leis mar tarraingíodh siar an scéim fóirdheontais lena mbaineann.

(40)

Maidir leis an maíomh sin, thug an Coimisiún dá aire go mbaineann deonú an scrúdaithe aonair leis an ualach atá ar an imscrúdú, agus ní leis an ualach atá ar an gcuideachta a d’iarr an láimhseáil sin ná le taithí na cuideachta sin.

(41)

Luaigh Kilic Deniz freisin go raibh sé ar an gceathrú táirgeoir onnmhairiúcháin is mó sa Tuirc le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus go raibh níos mó díolachán easpórtála aige chuig an Aontas Eorpach ná Selina Balık, rud ar cheart don Choimisiún a chur san áireamh maidir lena rogha le haghaidh scrúdú aonair.

(42)

Dhiúltaigh an Coimisiún don bharúil sin, ós rud é nach coinníoll é sin chun scrúdú aonair a dheonú, ach maidir le cibé acu ba cheart cuideachta a áireamh i sampla na n-onnmhaireoirí nó nár cheart. Mar a mhínítear in aithris (17) thuas, níor mhór an sampla sin a theorannú.

(43)

D’iarr Kilic Deniz freisin go mbeadh a dhleacht leasaithe 1,5 % i bhfeidhm ar feadh 5 bliana ó dháta an leasaithe, agus dá bhrí sin ní fhéadfaí é a athrú leis an athbhreithniú seo.

(44)

Thug an Coimisiún dá aire go leagtar amach in Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán go rachaidh beart frithchúitimh cinntitheach in éag 5 bliana ón dáta a fhorchuirtear é. An dleacht a ghearrtar ar allmhairí ó Kilic Deniz, forchuireadh é an 28 Feabhra 2015 agus mar sin tosaíonn an tréimhse 5 bliana ón dáta sin.

(45)

An dara hathbhreithniú eatramhach, lena ndearnadh ráta dleachta aonair Kilic Deniz a athrú ó 9,5 % go 1,5 %, ní dhearnadh leis ach an tábla in Airteagal 2 den bhun-Rialachán a leasú agus níl aon éifeacht aige ar fhad na mbeart a fhanann i bhfeidhm ar leibhéal áirithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don iarraidh.

(46)

Luaigh Kilic Deniz freisin, an dleacht aonair de 1,5 % a ghearrtar air faoi láthair mar thoradh ar an dara hathbhreithniú eatramhach, gur cheart an dleacht sin a choimeád gan beann ar thorthaí an athbhreithnithe eatramhaigh seo, toisc go raibh na forais le tús a chur leis an dá athbhreithniú mar an gcéanna agus níor léirigh an Coimisiún, an t-athrú a tháinig ar na himthosca maidir le Kilic Deniz i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe seo, go bhfuil an t-athrú sin de chineál marthanach chun údar a thabhairt le hathrú ar a leibhéal dleachta.

(47)

Diúltaíonn an Coimisiún freisin do mhaíomh Kilic Deniz go bhfuil na forais le hathbhreithniú a dhéanamh ar an imscrúdú seo mar an gcéanna le forais an athbhreithnithe a raibh an Rialachán maidir leis an dara hathbhreithniú eatramhach mar thoradh air.

(48)

Mar a leagtar amach i roinn 4 dá Fhógra Tionscnaimh (9), baineann na forais atá leis an dara hathbhreithniú eatramhach go sonrach le Kilic Deniz agus an leibhéal sochair a fhaigheann sé. Cuireadh tús leis an athbhreithniú seo bunaithe ar na hathruithe a rinne difear do tháirgeoirí uile na Tuirce.

(49)

In aithrisí (285) ar aghaidh, rinne an Coimisiún anailís ar mharthanacht na n-imthosca athraithe i ndáil le tréimhse imscrúdúcháin an bhun-Rialacháin.

(50)

Déantar anailís den sórt sin ar bhonn na tíre iomláine, lena n-áirítear freisin staid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin aonair a fhaigheann fóirdheontais ó Rialtas na Tuirce. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint nár chuir an Coimisiún staid aonair Kilic Deniz san áireamh.

(51)

Líomhain Kilic Deniz freisin go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún corrlach aonair fóirdheontais a chinneadh do gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, ós rud é nach bhfuil foráil samplála i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh.

(52)

Diúltaíonn an Coimisiún don líomhain sin toisc go ndéantar foráil go soiléir maidir leis an tsampláil in Airteagal 27 den bhun-Rialachán.

(53)

Le linn an imscrúdaithe, chuir an Coimisiún in iúl go soiléir do na páirtithe leasmhara uile go bhfaigheadh gach onnmhaireoir comhoibríoch neamhshampláilte an meándleacht mura ndeonófaí scrúdú aonair dóibh.

1.8.   Freagraí ar cheistneoirí agus neamh-chomhoibriú

(54)

An fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoirí chuig na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte agus chuig Rialtas na Tuirce. Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte agus ó Rialtas na Tuirce. Fuarthas freagraí ar an gceistneoir freisin ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a d’iarr scrúdú aonair.

1.9.   Fíorú

(55)

An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir le fóirdheonú, d’iarr agus d’fhíoraigh an Coimisiún í.

(56)

De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh ina dhiaidh sin chun dul i ngleic léi (10), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, áfach, cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí uile de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán.

(57)

Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas:

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin agus cuideachtaí gaolmhara:

Grúpa Gumusdoga:

Gümüşdoğa Su Ürünleri Üretim İhracat İthalat A.Ş.

Akyol Su Ürünleri Üretim Taşımacılık Komisyon İthalat İhracat Pazarlama Sanayi Ticaret Ltd. Şti

Yerdeniz Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Ltd. Şti.

Bengi Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi

Hakan Yem Üretim Ticaret ve Sanayi Limited Şirketi

Grúpa Ozpekler:

Özpekler İnşaat Taahhüd Dayanıklı Tüketim Malları Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi

Özpekler İthalat İhracat Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Ltd. Şti.

Grúpa Fishark:

Fishark Su Ürünleri Üretim ve Sanayi Ticaret A.Ş.

Fishark Gıda Sanayi Ticaret A.Ş.

Kemer Su Ürünleri Üretim ve Ticaret A.Ş.

Grúpa Selina Balik:

Selina Balık İşleme Tesisi İthalat İhracat Ticaret Anonim Şirketi

Selina Fish Su Ürünleri Ticaret Limited Şirketi

Ayhan Alp Alabalık Üretim ve Ticaret

 

Rialtas na Tuirce:

Aireacht Trádála Phoblacht na Tuirce

Aireacht Talmhaíochta agus Foraoiseachta Phoblacht na Tuirce

1.10.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(58)

An 25 Lúnasa 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithchúitimh a leasú (“an nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(59)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a thug na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí. Deonaíodh éisteacht do na páirtithe a d’iarr amhlaidh.

(60)

Tar éis na barúlacha a fháil ó na páirtithe leasmhara sin, leasaigh an Coimisiún fíorais agus breithnithe fíor-riachtanacha agus seoladh “nochtadh deiridh breise” chuig na páirtithe leasmhara uile an 23 Meán Fómhair 2022. Tugadh tréimhse ama do pháirtithe chun barúil a thabhairt.

(61)

D’iarr Rialtas na Tuirce comhairliúcháin le seirbhísí an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 11(10) den bhun-Rialachán agus bhí siad ar siúl an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(62)

Tar éis barúlacha a fháil ó na páirtithe leasmhara maidir leis an nochtadh deiridh breise, cheartaigh an Coimisiún dhá earráid mar a thuairiscítear in aithrisí (306) agus (135) agus nochtadh na hathruithe a tháinig ar na ríomhanna dá mbarr do na páirtithe leasmhara ábhartha an 6 Deireadh Fómhair 2022. Tugadh am breise do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na hathruithe sin ar a ríomhanna fóirdheontais.

(63)

D’athdhearbhaigh Gumusdoga, Fishark Ozpekler agus Selina Balik, ina mbarúlacha ar an dara nochtadh deiridh breise, a maímh a ardaíodh cheana féin sa dá nochtadh roimhe sin. Tugtar aghaidh ar na maímh sin sa Rialachán seo.

(64)

Ina theannta sin, d’iarr Gumusdoga go ndéanfaí mionathrú ar a láimhdeachas, agus rinneadh é a cheartú de réir mar a thuairiscítear in aithris (306).

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBRHEITHNIÚ

(65)

Is é an táirge faoi athbhreithniú breac dea-dhathach áirithe (Oncorhynchus mykiss):

de mheáchan 1,2 kg nó faoina bhun an ceann agus iad beo, nó

iad úr, fuaraithe, reoite agus/nó deataithe:

i bhfoirm iasc iomlán (agus a gceann orthu), bídís geolbhaithe nó ná bídís, bídís glanta nó ná bídís, de mheáchan 1,2 kg nó faoina bhun an ceann, nó

agus a gceann bainte, bídís geolbhaithe nó ná bídís, bídís glanta nó ná bídís, de mheáchan 1 kg nó faoina bhun an ceann, nó

i bhfoirm filléad de mheáchan 400 g nó faoina bhun an ceann,

de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (“an tír lena mbaineann”) agus atá faoi láthair faoi chóid AC ex 0301 91 90, ex 0302 11 80, ex 0303 14 90, ex 0304 42 90, ex 0304 82 90 agus ex 0305 43 00 (cóid TARIC 0301919011, 0302118011, 0303149011, 0304429010, 0304829010 agus 0305430011).

(66)

Le linn an imscrúdaithe, fuair an Coimisiún amach faoi allmhairí filléad bric deataithe piobaraithe a tháinig ó Phoblacht na Tuirce isteach san Aontas. Allmhairíodh cuid de na filléid sin mar tháirge faoi athbhreithniú ar ar íocadh dleachtanna, agus allmhairíodh cuid eile acu faoi cheannteideal taraife eile (cód AC 1604 19 10) nár gearradh aon dleacht air.

(67)

Dheimhnigh na hallmhaireoirí sa Tuirc agus tionscal an Aontais araon gur mheas siad go raibh filléid bric dheataithe phiobaraithe san áireamh i raon táirge an imscrúdaithe seo agus an imscrúdaithe roimhe seo.

(68)

Léiríodh leis an imscrúdú freisin nach mbaintear a phríomh-shaintréithe bunúsacha den fhilléad deataithe trí phiobar a chur leis. Bunaithe ar an méid sin agus ar chomhaontú a bheith ann idir na honnmhaireoirí agus tionscal an Aontais maidir le raon feidhme an táirge, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go n-áirítear “filléid dheataithe phiobaraithe” ar raon feidhme an táirge, go deimhin.

(69)

Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gur cuid den táirge faoi athbhreithniú iad filléid bric dheataithe phiobaraithe faoi “deataithe”. Chun amhras a sheachaint, gearrfar dleachtanna ar allmhairí filléad bric deataithe piobaraithe má dhearbhaítear iad faoi chód custaim AC 1604 19 10 (TARIC 1604191011).

3.   ATHRÚ AR AINM

(70)

An t-onnmhaireoir Lezita Balık A.Ş, cód breise TARIC B968, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 9 Meitheamh 2021 gur athraigh sé a ainm go Abalıoglu Balik ve Gıda Ürünleri Anonim Şirketi.

(71)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ar an ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhe a bhaint as an ráta dleachta frith-fhóirdheontais ab infheidhme maidir léi faoin ainm a bhí uirthi roimhe sin.

(72)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é conclúid an scrúdaithe go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha (11), agus nach raibh aon ghaol nua ann le grúpaí eile cuideachtaí mar thoradh air, cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(73)

Thug an Coimisiún dá aire gur chomhoibrigh an chuideachta leis an athbhreithniú seo trí fhoirm samplála a chur isteach faoina hainm nua Abalıoglu Balik ve Gıda Ürünleri Anonim Şirketi.

(74)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ainm seo difear do thorthaí an imscrúdaithe seo agus go háirithe don ráta dleachta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir leis an gcuideachta.

(75)

Ba cheart feidhm a bheith ag an athrú ar an ainm ón 7 Iúil 2020, is é sin an dáta a d’athraigh an chuideachta a hainm.

4.   FÓIRDHEONÚ

(76)

Ar bhonn na bhfóirdheontas a imscrúdaíodh san athbhreithniú éaga roimhe seo, rinneadh imscrúdú ar na bearta seo a leanas, a líomhnaítear go bhfuil deonú clár fóirdheontais i gceist leo:

Tacaíocht do tháirgeadh breac

Laghduithe ar cháin ioncaim

Díolúine ó CBL agus ó dhleacht chustaim i ndáil le hinnealra allmhairithe

Díolúine ó CBL i ndáil le hinnealra a cheannaítear ar bhonn intíre

Clár tacaíochta na Préimhe Slándála Sóisialta

Iasachtú fabhrach

Scéim um leithdháileadh talún

Árachas onnmhairiúcháin fabhrach

Bia mara próiseáilte

(77)

I gcás chlár tacaíochta na Préimhe Slándála Sóisialta; na scéime um leithdháileadh talún agus bia mara próiseáilte, chinn an Coimisiún nár sholáthair na scéimeanna sin aon tairbhe do na grúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus dá bhrí sin ní dhearnadh imscrúdú breise orthu.

(78)

An 11 Samhain 2021, chuir DAO barúlacha isteach maidir leis na scéimeanna fóirdheontais a ndéanfaí imscrúdú orthu san athbhreithniú.

(79)

Tugadh faoi deara in aighneacht DAO go ndearnadh na scéimeanna fóirdheontais seo a leanas a athrú nó a thabhairt cothrom le dáta ó bhí an t-athbhreithniú deiridh ann:

Deontais infheistíochta don dobharshaothrú

Bia mara próiseáilte

creidmheasanna athlascaine

feirmeoireacht éisc i locháin ithreach

íocaíochtaí tacaíochta le haghaidh seirbhísí foilsitheoireachta agus comhairliúcháin talmhaíochta

árachas le tacaíocht ón stát

iasachtaí le tacaíocht ón stát

tacaíocht d’infheistíocht talmhaíochta

díolúintí CBL ar mhin éisc

Margadh Talmhaíochta Digiteach

Scéimeanna tacaíochta don téarnamh ó COVID

(80)

Thug an Coimisiún dá aire gur fíor go n-athraíonn na scéimeanna sa Tuirc ó bhliain go bliain. Más rud é go dtiocfaidh athrú ar leibhéal an tsochair do na cuideachtaí sampláilte mar thoradh ar athrú den sórt sin ar scéim, ba cheart don Choimisiún a dheimhniú an athrú buan ar imthosca atá san athrú. Más ea, athróidh an Coimisiún na bearta dá réir sin chun an t-athrú a chur san áireamh.

(81)

Ach mar a leagtar amach thíos, agus san athbhreithniú éaga roimhe seo freisin, roinnt de na scéimeanna a liostaigh DAO, níl siad i bhfeidhm a thuilleadh, nó ní sholáthraíonn siad sochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

4.1.   Tacaíocht dhíreach do tháirgeoirí breac

4.1.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(82)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, deonaíodh tacaíocht dhíreach do tháirgeoirí breac ar bhonn Fhoraithne 2020/3190 ón Uachtarán (“Foraithne 3190”) (12). Rinneadh foráil maidir leis na nósanna imeachta agus na prionsabail i ndáil le cur chun feidhme na Foraithne le Ráiteas 2020/39 (“Communiqué 39”) a d’eisigh an Aireacht Talmhaíochta agus Foraoiseachta (13).

(83)

Cumhdaíonn an scéim tacaíochta dírí an speiceas breac dea-dhathach (Oncorhynchus mykiss). Is é is cuspóir don scéim na costais a bhaineann le saothrú breac dea-dhathach a fhritháireamh suas leis an uasteorainn táirgeachta.

(84)

Measann an Coimisiún go bhfuil an scéim tacaíochta dírí ceaptha chun tairbhe a dhéanamh do bhaint breac. Déanann na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a mbric feirme féin a bhaint, agus ceannaíonn siad bric ó fheirmeoirí eile sa Tuirc, agus ansin déanann siad bric a phróiseáil agus a onnmhairiú i gcuir i láthair éagsúla chuig an Aontas Eorpach. Na cuir i láthair sin, lena n-áirítear breac dí-innithe agus breac filléadaithe, is iad atá sa táirge faoi athbhreithniú.

(85)

An méid tacaíochta le haghaidh táirgeadh sa chatagóir “bric” (de mhéid ar bith), socraíodh é ag 0,75 TL in aghaidh an kg suas le huasteorainn 350 000 kg in aghaidh na bliana.

(86)

An méid tacaíochta le haghaidh táirgeadh sa chatagóir “bric os cionn an chileagraim”, socraíodh é ag 1,5 TL in aghaidh an kg suas le huasteorainn 350 000 kg in aghaidh na bliana. Sa Communiqué le haghaidh 2020 sainíodh “bric os cionn an chileagraim” mar bhric ar mó ná 1,25 kg an ceann a meáchan (14).

(87)

Is iad na rátaí fóirdheonúcháin sin le haghaidh táirgeadh breac na rátaí céanna a bhí i bhfeidhm le linn 2019, arb í tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe den athbhreithniú éaga.

4.1.2.   Athruithe ar an scéim tacaíochta dírí thar am

(88)

Tugtar tacaíocht do tháirgeadh breac ar bhonn Foraitheanta ón Uachtarán agus Communiqués, a eisítear gach bliain faoi Airteagal 19 de Dhlí Talmhaíochta Uimh. 5488. Leis na Foraitheanta agus Communiqués sin, athraítear nádúr na tacaíochta gach bliain:

Tábla 1

Scéim tacaíochta dírí le haghaidh breac

Bliain

Scéim tacaíochta

Méid tacaíochta in aghaidh an kg

2016

Bric suas le 250MT

0,65 TL

 

Bric suas le 500MT

0,325 TL

2017

Bric suas le 250MT

0,75 TL

 

Bric suas le 500MT

0,375 TL

 

Bric os cionn an chileagraim (íocaíocht bhreise)

0,25 TL

2018

Bric suas le 250MT

0,75 TL

 

Bric suas le 500MT

0,375 TL

 

Bric os cionn an chileagraim suas le 250MT (íocaíocht bhreise)

0,25 TL

 

Bric os cionn an chileagraim suas le 500MT (íocaíocht bhreise)

0,125 TL

2019

Bric suas le 350MT

0,75 TL

 

Bric os cionn an chileagraim suas le 350MT

1,5 TL

2020 (Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe)

Bric suas le 350MT

0,75 TL

 

Bric os cionn an chileagraim suas le 350MT

1,5 TL

(89)

Le linn an imscrúdaithe bunaidh, is éard a bhí sa scéim, íocaíocht tacaíochta le feirmeoirí breac bunaithe ar an méid breac a baineadh, de mhéid ar bith, agus íocadh an sochar in aghaidh an chileagraim a baineadh in dhá ráta ar leith bunaithe ar an méid a baineadh suas le 500 tona in aghaidh na bliana.

(90)

I gcás tháirgeadh na bliana 2017, chuir Rialtas na Tuirce íocaíocht bheag 0,25 TL in aghaidh an chileagraim leis i leith bric a bhaintear atá os cionn 1 chileagram meáchain, ar a dtugtar “bric os cionn an chileagraim”. Bhí feidhm ag an íocaíocht bhreise go fóill maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, táirge a d’fhéadfadh a bheith de mheáchan suas le 1,2 cileagram nuair a bhaintear é.

(91)

Tar éis plé a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar an gcatagóir “bric os cionn an chileagraim” le linn an chéad athbhreithnithe eatramhaigh (féach aithrisí (40) go (45) den Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú eatramhach), d’athshainigh Rialtas na Tuirce “bric os cionn an chileagraim” in 2018 agus anois tagraíonn sé do bhric atá os cionn 1,25 cileagram nuair a bhaintear iad.

(92)

In 2019, chuir Rialtas na Tuirce deireadh leis an íocaíocht bhreise le haghaidh na catagóire “bric os cionn an chileagraim” agus, ina ionad sin, roinn sé an scéim ina dhá íocaíocht, íocaíocht 0,75 TL in aghaidh an chileagraim le haghaidh na catagóire “bric” (d’aon mhéid), agus íocaíocht 1,5 TL in aghaidh an chileagraim le haghaidh na catagóire “bric os cionn an chileagraim”.

(93)

D’ísligh Rialtas na Tuirce an uasteorainn ó 500 tona go 350 tona in aghaidh na bliana freisin, agus chuir sé teorainn leis na híocaíochtaí fóirdheontais go dtí ceadúnas amháin in aghaidh an réigiúin. Tá feidhm ag uasteorainn táirgeachta 350 tona maidir leis an táirgeadh breac uile faoin gceadúnas feirmeoireachta céanna.

(94)

I dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, dhá cheann den trí chuideachta shampláilte, shuigh an Coimisiún go raibh siad ag saothrú breac de gach méid sna saoráidí céanna agus faoin gceadúnas feirmeoireachta céanna, agus dá bharr sin bhí siad ag fáil an dá ráta.

(95)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’fhéadfadh feirmeoirí breac cur isteach ar an ráta le haghaidh na catagóire “bric” (de mhéid ar bith) nó ar an ráta le haghaidh na catagóire “bric os cionn an chileagraim”, de réir mheáchan na mbreac bainte. Mar gheall ar an ráta tacaíochta níos airde le haghaidh na catagóire “bric os cionn an chileagraim”, na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a bhaineann bric ar mó ná 1,25 cileagram iad, rinne na táirgeoirí sin iarratas ar an ráta le haghaidh na catagóire “bric os cionn an chileagraim” i bhformhór na gcásanna.

(96)

Mar thoradh air sin, bhí dúbailt ann maidir le táirgeadh fóirdheonaithe sa chatagóir “bric os cionn an chileagraim” i dtéarmaí kg agus mhéid an fhóirdheontais a íocadh le feirmeoirí breac in TL faoin scéim seo ó 2019 go 2020, agus bhí aistriú soiléir ann i dtreo bric a bhaint ag an méid níos mó.

(97)

Agus an fóirdheontas a íocadh i leith na catagóire “bric” (de mhéid ar bith) agus na catagóire “bric os cionn an chileagraim” á chur san áireamh, chinn an Coimisiún go raibh méadú 59 bpointe céatadáin tagtha ar an bhfóirdheonú ó Rialtas na Tuirce le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 2

Athrú ar chainníocht agus ar mhéideanna fóirdheontais 2017-2020

 

2017

2018

2019

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 2020

táirgeacht fhóirdheonaithe sa chatagóir “na bric uile” (kg)

62 461 873

53 390 032

48 859 007

44 991 877

táirgeacht fhóirdheonaithe sa chatagóir “bric os cionn an chileagraim” (kg)

6 075 006

14 175 924

15 261 470

30 102 632

Táirgeacht fhóirdheonaithe iomlán (kg)

68 536 879

67 565 956

64 120 477

75 094 509

Innéacs

100

99

94

110

fóirdheontas sa chatagóir “na bric uile” (TL)

42 948 500

36 900 761

35 769 405

32 547 179

fóirdheontas sa chatagóir “bric os cionn an chileagraim” (TL)

5 017 996

11 953 949

22 428 846

43 742 770

Fóirdheontas iomlán a íocadh (TL)

47 966 496

48 854 710

58 198 251

76 289 949

Innéacs

100

102

121

159

(98)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár tháinig fíorathrú ar an bhfóirdheonú bunúsach de bharr oiriúnú na scéime agus, má tháinig athrú air, ba mhéadú a bhí ann. Ba chosúil nach raibh réasúnaíocht airgeadais ná eacnamaíoch leis.

4.1.3.   Conclúid maidir le hin-fhrithchúititheacht

(99)

Na híocaíochtaí tacaíochta dírí le táirgeoirí breac, is ionann iad agus fóirdheontais in-fhrithchúitithe de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i.e. aistriú cistí díreach ó Rialtas na Tuirce chuig na táirgeoirí breac.

(100)

Tá na fóirdheontais dhíreacha sonrach agus in-fhrithchúitithe de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán arb é an t-údarás deonúcháin é, agus, leis an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, déantar teorannú sainráite ar rochtain ar na deontais sin d’fhiontair a fheidhmíonn in earnáil an dobharshaothraithe. Luaitear fiontair a bhfuil baint acu leis an dobharshaothrú go sainráite agus ainmnítear breac go soiléir mar cheann de na speicis a thairbhíonn den scéim fóirdheontais sin.

(101)

Shuigh an Coimisiún gur bhain na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte tairbhe as an scéim sin ag an ráta 0,75 TL (“bric” de mhéid ar bith) in aghaidh an kg agus ag an ráta 1,5 TL (“bric os cionn an chileagraim”) in aghaidh an kg le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(102)

San imscrúdú bunaidh, ní raibh aon ráta fóirdheontais ar leith ann chun “bric os cionn an chileagraim” a bhaint agus mar sin níor tháinig an tsaincheist chun cinn. In athbhreithnithe ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an t-athbhreithniú éaga, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún aon sochar a fuarthas mar gheall ar bhric a bhaint a shuí agus iad os cionn 1,25 kg, ós rud é nár bhain na cuideachtaí sampláilte “bric os cionn an chileagraim” a thuilleadh (15).

(103)

San imscrúdú seo, chinn an Coimisiún go ndearna dhá cheann de na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte bric de gach méid a shaothrú faoin gceadúnas feirmeoireachta céanna le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus dá bhrí sin gur bhain siad tairbhe as an dá ráta fóirdheonúcháin.

(104)

Thug an Coimisiún dá aire go saothraítear na bric sna saoráidí táirgthe céanna, eadhon linnte talamhbhunaithe agus cliabháin i lochanna, nó ar muir. Saothraítear bric níos lú agus bric níos mó sna saoráidí céanna, tagann siad in inmhe sna linnte céanna, agus tá an bia céanna á fháil acu. Aon bhreac atá faoi bhun 1,25 kg, tá seans ann go bhfásfaidh sé go dtí os cionn 1,25 kg. Is é an t-aon difríocht go ndéantar bric níos mó a bhaint níos déanaí chun go bhfásfaidh siad go dtí an méid is gá.

(105)

Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (45) den Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú eatramhach, ‘le hAirteagal 4(f) de Communiqué Uimh. 2017/38, deonaítear an fóirdheontas d’fheirmeoir éisc “tráth na bainte”. Fiú má bhí sé beartaithe ag an Tuirc srian a chur leis an bhfóirdheontas i leith bric atá os cionn 1,25 kg in 2018, níl aon chritéar dlíthiúil san fhoraithne lena gcoisctear an fóirdheontas nuair a dhíoltar an breac i bhfoirm eile. De réir na faisnéise a fuarthas, is gnáthchleachtas sa tionscal cuid de na bric mhóra bhainte a phróiseáil agus a dhíol mar an táirge lena mbaineann, i bhfoirm filléad mar shampla’.

(106)

Dá bhrí sin, aon sochar a fhaightear as bric níos mó a shaothrú, tá sí nasctha go huathoibríoch le saothrú breac níos lú chomh maith. Is cuma ar baineadh tairbhe as ráta amháin nó as ráta eile i leith bric, cuirtear an tacaíocht dhíreach ar fáil le haghaidh baint breac, arb é an táirge faoi athbhreithniú é (beo nó marbh agus próiseáilte i roinnt foirmeacha). Aon sochar le haghaidh breac, tá sí ann freisin nuair a dhíoltar iad i bhfoirm filléad, nach ndéantar idirdhealú orthu ar bhonn mhéid na mbreac bainte.

(107)

Is coinníoll an dá ráta fóirdheonúcháin é go saothraítear bric. Acmhainneachtaí táirgeachta an cheadúnais feirmeoireachta, tagraíonn siad do bhric de gach méid, agus an sochar a eascraíonn as an dá ráta tacaíochta, íoctar í leis an bhfeirmeoir in aon íocaíocht amháin agus breactar i gcuntas ioncaim ginearálta na cuideachta é.

(108)

Dá bhrí sin, an tacaíocht dhíreach iomlán a fuarthas le haghaidh saothrú breac in 2020, lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú, mheas an Coimisiún gurb éard atá inti na heisíocaíochtaí a íocadh leis na feirmeoirí breac.

4.1.4.   Méid an fhóirdheontais le haghaidh féintáirgeadh

(109)

Ba é an sochar in aghaidh na cuideachta an méid tacaíochta dírí a fuarthas ar bhonn na rátaí a bhaineann le táirgeadh sa chatagóir “bric” (de mhéid ar bith) agus sa chatagóir “bric os cionn an chileagraim” le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chuir na cuideachtaí faisnéis ar fáil maidir leis an méid tacaíochta a fuarthas, cé uaidh a fuarthas í, agus cén táirgeadh sonrach a fuarthas í ina leith.

(110)

Méid na tacaíochta dírí a fuarthas chun bric de gach méid a tháirgeadh faoin dá ráta tacaíochta, roinneadh é ar chainníocht iomlán na mbreac bainte chun méid an fhóirdheontais in TL in aghaidh an chileagraim bric a chinneadh.

4.1.5.   Méid an fhóirdheontais le haghaidh bric cheannaithe

(111)

San imscrúdú bunaidh (16), cinneadh go raibh sochar na bhfóirdheontas sin fós ann freisin i gcás na mbreac a cheannaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó fheirmeoirí neamhghaolmhara sa Tuirc lena bpróiseáil, mar cumhdaítear leis an táirge faoi athbhreithniú an t-amhábhar a dtugtar fóirdheontais dhíreacha ina leith, mar atá bric bheo, chomh maith leis na táirgí iartheachtacha, amhail bric iomlána úra nó reoite, filléid agus bric dheataithe.

(112)

Ríomhadh an sochar le haghaidh bric cheannaithe san imscrúdú ar bhonn mhéid iomlán an fhóirdheontais a dheonaigh údaráis na Tuirce roinnte ar mhéid iomlán na táirgeachta breac sa Tuirc.

(113)

Thug an Coimisiún dá aire (17) gur deimhníodh san athbhreithniú éaga an toradh go bhfuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sochar as ceannach breac. Ríomhadh an sochar ar bhonn mhéid iomlán an fhóirdheontais a tugadh roinnte ar mhéid iomlán na táirgeachta fóirdheonaithe breac sa Tuirc.

(114)

Ach bhí na torthaí san athbhreithniú éaga roimhe sin bunaithe ar fhaisnéis fhoriomlán maidir leis an tír uile a sholáthair Rialtas na Tuirce agus níor cuireadh san áireamh iontu staid shonrach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. In athbhreithniú éaga, níl gá le toradh mionsonraithe den sórt sin, ós rud é nach gá a shuí le hathbhreithniú éaga ach an dócha go leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís, agus ní gá aon chorrlach frithchúitimh beacht a shuí.

(115)

San athbhreithniú eatramhach sin, níor chuir aon pháirtí leasmhar ina choinne go leanann na táirgeoirí onnmhairiúcháin de thairbhe a bhaint as an bhfóirdheonú nuair a cheannaíonn siad bric ó fheirmeoirí neamhghaolmhara. Chuir Rialtas na Tuirce sonraí ar fáil maidir le leibhéal an fhóirdheonaithe le haghaidh 2020 i gcás gach feirmeora breac faoin ráta 0,75 TL (“bric” de mhéid ar bith) agus faoin ráta 1,5 TL (bric os cionn an chileagraim) araon. Cuireadh na sonraí sin i gcomparáid le liostaí ceannaigh na dtrí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, agus chinn an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

Bhain 5 % de na ceannacháin de réir cainníochta le feirmeoirí nach bhfuair fóirdheontas, nó níorbh fhéidir teacht ar shonraí ina leith;

(b)

Bhain 49 % de na ceannacháin de réir cainníochta le feirmeoirí i gcás ina raibh an chainníocht táirgeachta os cionn na huasteorann táirgeachta, arb í 350 tona in aghaidh na bliana, agus dá bhrí sin ní raibh roinnt dá dtáirgeacht fóirdheonaithe; agus

(c)

Bhain 46 % de na ceannacháin de réir cainníochta le feirmeoirí i gcás ina raibh an chainníocht táirgeachta faoi bhun na huasteorann táirgeachta, arb í 350 tona in aghaidh na bliana, agus, dá bhrí sin, measadh go raibh a dtáirgeacht uile fóirdheonaithe.

(116)

I gcás táirgeadh in 2020, ríomhadh gurb é an fóirdheontas in aghaidh an chileagraim bric de mhéid ar bith 0,53 TL in aghaidh an kg má chuirtear an táirgeacht uile san áireamh, agus 1,02 TL in aghaidh an kg mura gcuirtear san áireamh ach táirgeacht fóirdheonaithe.

4.2.   Tacaíocht dhíreach do tháirgeoirí breac – barúlacha a fuarthas maidir le fóirdheonú an táirgthe

(117)

Tar éis an nochta, thug Rialtas na Tuirce, na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, Selina Balik agus Kilic Deniz barúlacha faoi thorthaí an Choimisiúin maidir leis an tacaíocht dhíreach do tháirgeoirí breac.

(118)

Den chuid is mó, chuir na páirtithe sin i gcoinne áireamh an tsochair a íocadh leis na táirgeoirí sampláilte agus Selina Balik i ríomh an fhóirdheontais chun “bric os cionn an chileagraim” a bhaint, ós rud é nár áiríodh an tairbhe sin i ríomhanna fóirdheontais na n-imscrúduithe a rinneadh roimhe seo. D’áitigh siad freisin nach cuid den táirge faoi athbhreithniú iad “bric os cionn an chileagraim”, agus nár cuireadh san áireamh iad sa cheistneoir a bhí beartaithe do tháirgeoirí onnmhairiúcháin.

(119)

Mar a leagtar amach thuas i Roinn 4.1.3, dheimhnigh an Coimisiún an t-athrú ar na himthosca maidir le híocaíocht an tsochair le haghaidh baint breac, go háirithe ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh ach ó bhí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe den athbhreithniú éaga roimhe sin ann. De bhrí gur deonaíodh, san am a chuaigh thart, tacaíocht dhíreach ar bhonn na gcileagram táirgthe gan aon idirdhealú maidir le méid na mbreac, bhog Rialtas na Tuirce de réir a chéile chuig córas eisíocaíochtaí ar bhonn rátaí éagsúla tacaíochta a bhraitheann ar mhéid na mbreac a bhaintear. Dá bhrí sin, léirigh cúinsí i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go soiléir gur bhain feirmeoirí breac sa Tuirc tairbhe as an dá ráta fóirdheontais a íocadh faoin scéim seo agus iad ag saothrú agus ag baint an táirge faoi athbhreithniú.

(120)

D’áitigh Selina Balik nár údaraíodh an Coimisiún raon táirgí an athbhreithnithe seo a leathnú tríd an gcatagóir “bric os cionn cileagraim” a chur san áireamh.

(121)

Tugann an Coimisiún dá aire gur fhan an raon táirgí mar a bhí in imscrúduithe roimhe seo, is é sin táirgeadh breac, cibé acu is beo nó marbh iad agus iad i roinnt foirmeacha próiseáilte. Cé acu atá nó nach bhfuil an ráta fóirdheontais ag brath ar mhéid sonrach an bhric bhainte, ní athraíonn sé sin a chineál agus a oibriú, sa mhéid is go dtéann sé chun tairbhe do tháirgeadh breac, rud a dhíoltar ansin i bhfoirmeacha éagsúla. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(122)

Chomh maith leis sin, chuir na páirtithe i gcoinne thorthaí an Choimisiúin gur féidir “bric os cionn an chileagraim” a phróiseáil a thuilleadh ina bhfilléid, filléid atá san áireamh i raon feidhme an táirge faoi athbhreithniú. D’áitigh na páirtithe sin, na torthaí mar a leagtar amach iad in aithris (45) den Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú eatramhach dá ndearna an Coimisiún tagairt sa nochtadh deiridh, nár nochtadh na torthaí sin do pháirtithe leasmhara le linn an chéad athbhreithnithe eatramhaigh agus dá bhrí sin nach raibh páirtithe in ann barúil a thabhairt fúthu. Dúirt siad arís nár ríomhadh, in aon chás, aon tairbhe don chatagóir “bric os cionn an chileagraim” in aon cheann de na himscrúduithe a rinneadh roimhe seo.

(123)

Bhí go leor ama ag na páirtithe barúlacha a chur ar fáil maidir le haithris (45) den Rialachán maidir leis an gcéad athbhreithniú eatramhach tar éis an nochta deiridh san athbhreithniú seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin.

(124)

thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh na cóimheasa Coibhéise Éisc Iomláin (“WFE”) a úsáideadh sa chás seo mar an gcéanna leis na cóimheasa a úsáideadh san imscrúdú bunaidh. Cheadaigh siad i gcónaí go ndéanfaí “bric os cionn an chileagraim” a phróiseáil chun go mbeadh an táirge faoi athbhreithniú ann, mar seo a leanas, agus é á thabhairt dá aire go gcuireann iasc amháin dhá fhilléad ar fáil:

Cur i láthair mar tháirge faoi athbhreithniú

Cóimheas Coibhéise Éisc Iomláin

Teorainn meáchain i gcás éisc iomlána

Éisc bheo suas le 1.2 kg

1,00

1,2 kg

Éisc dhí-innithe agus an ceann orthu, suas le 1.2 kg

0,85

1,4 kg

Éisc dhí-innithe gan an ceann orthu, suas le 1 kg

0,75

1,3 kg

Filléid atá úr, fuaraithe nó reoite suas le 400 g

0,47

1,7 kg

Filléid dheataithe, suas le 400 g

0,40

2 kg

(125)

Thug an t-onnmhaireoir Selina Balik an fíoras sin faoi deara go soiléir, agus luaigh sé ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh “i bhfianaise chineál intreach an táirge [faoi athbhreithniú] is féidir bric mhóra a phróiseáil ina bhfilléid a thagann faoi raon feidhme an táirge [faoi athbhreithniú].”

(126)

An maíomh nár ríomhadh aon sochar le haghaidh na catagóire “bric os cionn an chileagraim” sna himscrúduithe roimhe seo, agus nár cheart aon sochar a ríomh san athbhreithniú seo dá bhrí sin, ba cheart diúltú don mhaíomh sin mar tá athrú tagtha ar na himthosca. San athbhreithniú éaga, ní bhfuair an dá onnmhaireoir sampláilte aon tairbhe as an ráta fóirdheontais de 1.5 TL in aghaidh an chileagraim le haghaidh bric bhainte. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe den athbhreithniú seo, fuair siad.

(127)

D’áitigh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte freisin nár tháirg siad ná nár dhíol siad aon fhilléid a tháinig as “bric os cionn an chileagraim” le linn tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus, dá bhrí sin, d’iarr siad ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a ríomh fóirdheontais dhírigh dá réir sin agus “bric os cionn an chileagram” a chur as an áireamh.

(128)

Thug an Coimisiún dá aire nár cuireadh aon fhianaise ar fáil chun tacú leis an maíomh sin. Os a choinne sin, suíodh san imscrúdú go bhfuair an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte eisíocaíochtaí faoin dá ráta laistigh den scéim fóirdheontais dhírigh le haghaidh breac i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, bhain siad bric de gach méid. I bhfianaise na gcóimheas Coibhéise Éisc Iomláin a leagtar amach sa tábla in aithris (119), is féidir “bric os cionn an chileagraim” a bhaintear a phróiseáil i bhfoirmeacha amhail filléid agus éisc dhí-innithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin.

(129)

Mhaígh dhá cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte freisin gur onnmhairíodh an chuid ba mhó de na “bric os cionn an chileagraim” chuig an Rúis agus chuig an tSeapáin agus, dá bhrí sin, níor cheart an fóirdheontas a fuarthas i leith “bric os cionn an chileagraim” a fhrithchúiteamh i leith díolacháin onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas.

(130)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Mar a míníodh roimhe seo, mheas an Coimisiún, na heisíocaíochtaí a fuarthas faoin dá ráta fóirdheontais le haghaidh baint breac, go bhfuil tairbhe ag baint leo i gcás na mbreac uile a dhíoltar ansin. Dá bhrí sin, is ionann an méid fóirdheontais in aghaidh an chileagraim breac d’aon mhéid a onnmhairíodh chuig an Rúis agus chuig an tSeapáin agus an méid fóirdheontais in aghaidh an chileagraim breac d’aon mhéid a onnmhairíodh chuig an Aontas Eorpach.

(131)

Ar deireadh, chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte i gcoinne thorthaí an Choimisiúin a leagtar amach in aithris (96), go bhfuil aon tairbhe a fhaightear le haghaidh “bric os cionn an chileagraim” a shaothrú nasctha go huathoibríoch le saothrú breac níos lú chomh maith, agus an méid seo a leanas á áitiú acu:

go bhfuil na próisis táirgthe le haghaidh “bric os cionn an chileagraim” i bhfad níos faide ná na próisis táirgthe i gcás bric níos lú agus go dtabhaíonn siad costais níos airde ina leith;

go bhfuil “bric os cionn an chileagraim” agus bric níos lú san iomaíocht le chéile;

ní féidir le feirmeoirí “bric os cionn an chileagraim” agus bric níos lú a tháirgeadh an tráth céanna; agus

táirgtear “bric os cionn an chileagraim” sa Mhuir Dhubh seachas i linnte intíre.

(132)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an próiseas táirgthe níos faide le haghaidh “bric os cionn an chileagraim”, agus is é sin an fáth gurb é 1,5 TL in aghaidh an chileagraim an fóirdheontas tráth na bainte seachas an gnáthfhóirdheontas de 0,75 TL in aghaidh an chileagraim. Baineann feirmeoirí breac tairbhe as na heisíocaíochtaí iomlána a dhéantar faoin dá ráta fóirdheontais, áfach.

(133)

An dearbhú go bhfuil “bric os cionn an chileagraim” agus bric níos lú san iomaíocht le chéile, is cosúil nach mbaineann sé le hábhar maidir le leithdháileadh sochair ón scéim fóirdheontais dhírigh ar an táirge faoi athbhreithniú. Ní dhéanfadh an iomaíocht ach treoir a thabhairt don bhfeirmeoir an rogha a dhéanamh a linnte a úsáid chun méid áirithe bric a bhaint.

(134)

Táirgeann feirmeoirí bric de cibé méid faoin gceadúnas feirmeoireachta céanna, agus faigheann siad eisíocaíocht amháin faoin dá ráta fóirdheontais.

(135)

Bunaithe ar bharúlacha a fuarthas ón gcuideachta Selina Balik tar éis an nochta deiridh agus an nochta deiridh bhreise, cheartaigh an Coimisiún earráidí cléireachais i bhfigiúirí táirgeachta iomlána na cuideachta i gcomhréir le torthaí na gcros-seiceálacha cianda.

(136)

Mar sin féin, rinne Selina Balik agóid gur úsáid an Coimisiún, le haghaidh ceann den dá chuideachta feirmeoireachta sa ghrúpa seo, méid sochair fóirdheontais dhírigh atá éagsúil leis an méid a dearbhaíodh ina fhreagra ar an gceistneoir. Ina theannta sin, d’iarr Selina Balik ar an gCoimisiún na muirir bhainc a íocadh as na hidirbhearta a bhaint de mhéid an tsochair fóirdheontais dhírigh.

(137)

Diúltaíodh don dá mhaíomh. Ar an gcéad dul síos, i gcás na dtáirgeoirí uile atá faoi réir an imscrúdaithe seo (lena n-áirítear Selina Balik), d’úsáid an Coimisiún na sonraí fíoraithe maidir leis na méideanna fóirdheontais a eisíocadh a sholáthair Rialtas na Tuirce. Níor sholáthair Selina Balik aon fhaisnéis nó fianaise a thabharfadh údar leis an difríocht idir an méid a dearbhaíodh sa fhreagra ar an gceistneoir agus an méid a sholáthair Rialtas na Tuirce, nó a thabharfadh míniú air sin, agus dá bhrí sin bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí a sholáthair Rialtas na Tuirce. Rinne an Coimisiún na sonraí ó Rialtas na Tuirce a fhíorú agus rinneadh iad a mheaitseáil i ngach cás eile leis na sonraí a thuairiscigh na cuideachtaí sampláilte. Dá bhrí sin, úsáideadh go comhsheasmhach iad mar bhonn chun sochar an fhóirdheontais dhírigh a ríomh. Ar an dara dul síos, níor léirigh Selina Balik gur íocadh na muirir bhainc a tabhaíodh go díreach le Rialtas na Tuirce le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur íocadh na muirir sin le tríú páirtithe (e.g. na bainc) agus nár chumhdaigh siad aon choigeartú ab incheadaithe faoi Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán.

(138)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’athdhearbhaigh Rialtas na Tuirce nach táirge faoi athbhreithniú iad “bric os cionn an chileagraim”; go bhfuil a phróiseas táirgthe éagsúil leis an gceann le haghaidh bric níos lú; agus nach ionann na cóid CC agus AC dóibh agus do na bric níos lú. Diúltaíodh do na maímh sin arís ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (113) ar aghaidh.

(139)

Go sonrach, measann an Coimisiún, eisíocaíochtaí a dhéantar le haghaidh “bric os cionn an chileagraim” a bhaint, go gcumhdaítear na heisíocaíochtaí sin leis an sainmhíniú ar an táirge faoi athbhreithniú. Bric, cibé acu is beo nó marbh iad, agus iad próiseáilte i roinnt foirmeacha, lena n-áirítear filléid, is é sin an táirge faoi athbhreithniú. Mura gcuirfí san áireamh na sochair a dheonaítear trí thacaíocht dhíreach don chatagóir “bric os cionn an chileagraim”, ní chumhdófaí leis na dleachtanna frithchúitimh a eascraíonn as sin an táirge iomlán faoi athbhreithniú (onnmhairiú breac próiseáilte chuig an Aontas).

4.3.   Tacaíocht dhíreach do tháirgeoirí breac – barúlacha maidir le fóirdheonú breac ceannaithe

4.3.1.   Barúlacha tar éis an nochta deiridh

(140)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Rialtas na Tuirce, na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus an chuideachta Selina Balik i gcoinne ríomh an tsochair indírigh a fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus Selina Balik chun bric a cheannach ó fheirmeoirí breac eile sa Tuirc.

(141)

Mhaígh na páirtithe leasmhara sin freisin go raibh an mhodheolaíocht chun an fóirdheontas a fuarthas le haghaidh bric cheannaithe a ríomh éagsúil leis an modheolaíocht a úsáideadh in imscrúduithe roimhe seo, cé nach raibh aon imthosca athraithe ann a thug údar maith leis an athrú sin ar an modheolaíocht. D’áitigh siad gur cheart fóirdheontais a fuarthas le haghaidh “bric os cionn an chileagraim” a eisiamh ó ríomh mhéid an fhóirdheontais a fhaightear i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe seo.

(142)

Thug Selina Balik, go háirithe, dá aire go raibh feirmeoirí breac ann i gcónaí a raibh a dtáirgeacht faoin uasteorainn táirgeachta, ach nár úsáideadh é sin chun an sochar le haghaidh bric cheannaithe a ríomh in imscrúduithe roimhe seo.

(143)

In imscrúduithe roimhe seo, mheas an Coimisiún go bhfuair na feirmeoirí uile sa Tuirc an méid céanna fóirdheontais in aghaidh an chileagraim breac a cheannaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ansin. Mínítear i Roinn 4.1.5 thuas an fáth a bhfuil athrú tagtha ar mhodheolaíocht an Choimisiúin mar thoradh ar imthosca athraithe.

(144)

Thug na páirtithe leasmhara go háirithe dá n-aire go raibh an Coimisiún in ann úsáid a bhaint as sonraí sonracha feirmeoirí a fuarthas ó Rialtas na Tuirce, ach gur ríomh an Coimisiún meán don trí tháirgeoir shampláilte, agus gur úsáid sé an figiúr aonair sin i Lira na Tuirce in aghaidh an chileagraim chun an sochar le haghaidh na mbreac a cheannaigh na trí tháirgeoir shampláilte agus Selina Balik a ríomh.

(145)

Iarradh ar an gCoimisiún figiúr aonair a ríomh do na ceithre ghrúpa cuideachtaí bunaithe ar an tacar sonraí céanna, seachas an meánráta a chur i bhfeidhm i gcás gach grúpa cuideachtaí. Ós rud é go raibh na sonraí riachtanacha ar fáil don Choimisiún, ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin.

(146)

Thug páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Selina Balik, dá n-aire freisin, deighilt trí bhealach na gceannachán idir na ceithre ghrúpa cuideachtaí a rinne an Coimisiún (“nár aimsíodh nó nach bhfuair fóirdheontas”, “faoin uasteorainn” nó “os cionn na huasteorann”) agus na ríomhanna a eascraíonn as an deighilt sin, go ndearnadh leis an deighilt sin roinnt méideanna fóirdheontais a deonaíodh d’fheirmeoirí breac sa Tuirc ar fad a chomhaireamh faoi dhó.

(147)

Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin, agus leasaigh sé a mhodheolaíocht tar éis an nochta deiridh dá réir.

4.3.2.   Bric cheannaithe – an mhodheolaíocht a nochtar sa nochtadh deiridh breise

(148)

Bhunaigh an Coimisiún a anailís ar liosta na bhfeirmeoirí breac a sholáthair Rialtas na Tuirce. Ón liosta sin, d’aithin an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh táirgeacht fóirdheonaithe ag feirmeoir os cionn nó faoi bhun na huasteorann táirgeachta de 350 tona. Léirítear sa liosta seo an táirgeacht iomlán breac fóirdheonaithe agus an fóirdheontas a fuarthas in 2020 in aghaidh an cheadúnais agus in aghaidh an tsealbhóra ceadúnais ar bhonn eintiteas dlíthiúil.

(149)

De réir Rialtas na Tuirce ba iad an táirgeacht iomlán agus an sochar iomlán i gcás iomlán na Tuirce 144 283 000 cileagram agus 76 316 948 Lira na Tuirce.

(150)

Ar an gcéad dul síos, shainaithin an Coimisiún na feirmeoirí “faoi bhun na huasteorann”, mar atá na feirmeoirí sin a fuair fóirdheontas i leith cainníocht a táirgeadh faoi bhun 350 tona gan beann ar líon na gceadúnas feirmeoireachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ríomh sé ansin an ráta 0.966 Lira na Tuirce in aghaidh an chileagraim d’fheirmeoirí atá aitheanta mar fheirmeoirí atá faoi bhun na huasteorann trína dtáirgeacht a mheas mar tháirgeacht atá fóirdheonaithe go hiomlán agus tríd an méid iomlán fóirdheontais a fuarthas (37 441 048 Lira na Tuirce) a roinnt ar chainníocht iomlán na táirgeachta breac fóirdheonaithe (38 753 671 cileagram).

(151)

Ar an dara dul síos, an táirgeacht fóirdheonaithe agus méid an tsochair faoi bhun na huasteorann, baineadh iad ó mhéid iomlán na táirgeachta agus an tsochair ar leibhéal na tíre, a raibh 105 529 329 cileagram agus fóirdheontas de 38 875 901 TL mar thoradh air. Dá thoradh sin, bhí meán-fhóirdheontas 0.368 TL in aghaidh an chileagraim a táirgeadh le haghaidh gach feirmeora eile, mar atá na feirmeoirí sin ar aithníodh roimhe sin go raibh siad ag táirgeadh os cionn na huasteorann nó nach bhfuair siad aon fhóirdheontas.

(152)

Cuireadh an dá ráta fóirdheontais seo, is é sin 0.966 TL in aghaidh an chileagraim agus 0.368 TL in aghaidh an chileagraim, i bhfeidhm ansin ar sholáthróirí aonair na ngrúpaí cuideachtaí onnmhairiúcháin sampláilte agus Selina Balik, trí úsáid a bhaint as an aicmiú thuas, agus ríomhadh meánráta fóirdheontais do gach grúpa cuideachtaí.

(153)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, mhaígh Rialtas na Tuirce go raibh deighilt an fhóirdheontais a íocadh le feirmeoirí “faoi bhun na huasteorann” agus na bhfeirmeoirí eile a bhí fágtha mícheart, agus chuir sé deighilt fóirdheontais eile ar fáil, gan aon fhianaise a chur ar fáil maidir leis an áit arb as an deighilt sin nó cén bonn ar ar ríomhadh í. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(154)

Mhaígh páirtithe leasmhara nach raibh an nochtadh maidir leis an bhfóirdheontas indíreach leordhóthanach agus gur cheart na fóirdheontais a fuarthas in aghaidh an tsoláthróra a nochtadh dóibh. Diúltaíodh don mhaíomh sin mar gheall ar nádúr rúnda na faisnéise a sholáthair Rialtas na Tuirce. Mheas an Coimisiún gur faisnéis leordhóthanach í an tuairisc ar an modheolaíocht athbhreithnithe thuas chun cearta na bpáirtithe a áirithiú, mar aon le faisnéis bhreise a soláthraíodh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha.

(155)

Dhearbhaigh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin go raibh ríomh an fhóirdheontais in aghaidh an chileagraim breac a ceannaíodh mícheart ina gcás, toisc gur cheannaigh siad go príomha nó go hiomlán bric faoi bhun 1,2 kg le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mhol siad gur cheart don Choimisiún a mheas nár tugadh fóirdheontas dá soláthraithe ach amháin faoin ráta 0.75 TL in aghaidh an chileagraim agus an sochar le haghaidh a mbreac ceannaithe a athríomh dá réir sin.

(156)

Diúltaíodh don dearbhú sin, mar gur léirigh an fhianaise go soiléir go bhfuil fóirdheontas á thabhairt i leith táirgeadh breac sa Tuirc bunaithe ar na méideanna iomlána a eisíocadh faoin dá ráta fóirdheontais leis na feirmeoirí. Gan beann ar mhéid an bhric a cheannaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin, tá an ráta fóirdheontais in aghaidh an chileagraim a bhaineann leis an mbreac ceannaithe bunaithe ar staid an fheirmeora is soláthróir agus níl sé bunaithe ar mhéid an bhric a cheannaíonn an táirgeoir onnmhairiúcháin ón bhfeirmeoir sin. Tá roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin ann nach dtáirgeann bric os cionn an chileagraim, ach ní fhágann sé sin nach dtugtar fóirdheontas faoin dá mhéid bric dá soláthróirí (feirmeoirí). Mar a mhínítear a thuilleadh in aithris (160), ní bhfuarthas aon bharúil ná fianaise bhreise ó Rialtas na Tuirce i dtaca leis sin.

(157)

Tar éis an nochta, chuir roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin i gcoinne an mhodha a d’úsáid an Coimisiún, agus luaigh siad samplaí dá soláthróirí agus iarracht á dhéanamh acu a léiriú nár catagóiríodh i gceart an feirmeoir breac lena mbaineann leis an modh a úsáideadh.

(158)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin, ós rud é nár measadh go raibh na samplaí ionadaíoch go leor agus nár léirigh siad, dá bhrí sin, go raibh modheolaíocht an Choimisiúin míchuí.

(159)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurb é a mhodheolaíocht féin, ar modheolaíocht í a bhraitheann ar chomparáid mhatamaiticiúil idir na sonraí a chuir Rialtas na Tuirce ar fáil, an bealach is iomchuí agus is réasúnta chun feirmeoirí breac a roinnt sa dá chatagóir is gá chun an fóirdheontas le haghaidh bric cheannaithe a shainaithint i gceart.

(160)

Nochtadh an mhodheolaíocht do Rialtas na Tuirce, chomh maith leis na ríomhanna uile ar leibhéal an fheirmeora, agus níor chuir Rialtas na Tuirce aon fhianaise ar fáil a thabharfadh údar le hoiriúnú na modheolaíochta a chuir an Coimisiún i bhfeidhm.

(161)

Thug an Coimisiún dá aire freisin, fiú dá nglacfadh sé leis na samplaí sin, nárbh fhéidir leis glacadh le ráitis ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin, agus ráitis amháin maidir le riocht a soláthraithe gan aon fhíorú nó ráitis tacaíochta ón soláthraí lena mbaineann.

(162)

Mhaígh Fishark freisin go raibh an chainníocht cheannaithe iomlán a úsáideadh chun an fóirdheontas indíreach a ríomh mícheart, toisc nár chuir an Coimisiún san áireamh na cainníochtaí ceannaithe iomlána a tugadh ar ais do chustaiméirí neamhghaolmhara.

(163)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc gur shoiléirigh an chuideachta le linn na gcros-seiceálacha cianda gur thagair na hidirbhearta a taifeadadh faoi “Díolacháin a cuireadh ar ais” do cheartúcháin chuntasaíochta ar luachanna ceannaigh arna ríomh go mícheart agus, dá bhrí sin, nár thagair siad don táirge faoi athbhreithniú féin a bheith curtha ar ais. Níor thug Fishark barúil maidir leis an toradh sin tar éis an tuarascáil maidir le cros-seiceáil chianda a fháil, agus níor chuir sé aon fhianaise bhreise isteach roimh an nochtadh deiridh, agus dá bhrí sin diúltaíodh don mhaíomh sin.

(164)

Mhaígh Gumusdoga agus Fishark tar éis an nochta deiridh bhreise gur cheart don Choimisiún an chatagóir feirmeoirí “nár aimsíodh nó nach bhfuair fóirdheontas” a thabhairt isteach arís agus gan aon sochar a leithdháileadh ar cheannacháin ó na feirmeoirí sin.

(165)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ar an bhforas gur cinneadh leis na himscrúduithe uile a rinneadh roimhe seo go dtugtar fóirdheontas éigin i leith na mbreac ceannaithe uile, agus go léirítear leis an modheolaíocht is déanaí an ráiteas ginearálta sin.

(166)

Mhaígh Selina Balik go bhfuil an mhodheolaíocht chun an fóirdheontas indíreach a ríomh mícheart toisc nach gcuireann sí san áireamh an acmhainn ainmchláir a léirítear i ngach ceadúnas feirmeoireachta. Go háirithe, thug an Coimisiún neamhaird ar an bhfíoras go bhfuil na méideanna táirgeachta is féidir a fhóirdheonú teoranta, ní hamháin leis an uasteorainn de WFE 350 000 cileagram, ach freisin leis an acmhainn ainmchláir a léirítear i gceadúnas feirmeoireachta ábhartha gach feirmeora.

(167)

D’úsáid an Coimisiún an modh táirgthe fóirdheonaithe, mar gheall ar an neamhréireacht idir an acmhainn ainmchláir ar fud na tíre a tuairiscíodh, arbh é 244 000 tona, agus an táirgeacht iarbhír, arbh é 144 000 tona. Measadh, dá bhrí sin, gur cuireadh modh níos réasúnta ar fáil leis an táirgeadh fóirdheonaithe chun na rátaí fóirdheontais indíreacha atá le leithdháileadh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin a ríomh. Cuireadh na torthaí mionsonraithe, lena n-áirítear aicmiú na gcuideachtaí, faoi bhráid Rialtas na Tuirce agus ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cruinneas, ná aon mhodh malartach, sna barúlacha ó Rialtas na Tuirce maidir leis na nochtuithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’aon mhodh malartach a mhol na táirgeoirí onnmhairiúcháin.

(168)

Ar an mbonn sin, mar a leanas a bhí na ríomhanna:

Tábla 3

Sochar in aghaidh na cuideachta i leith bric cheannaithe in 2020

Grúpa cuideachtaí

Meánráta fóirdheontais TL in aghaidh an chileagraim

Fishark

0,614

Gumusdoga

0,791

Ozpekler

0,728

Selina Balik

0,899

Tábla 4

Tacaíocht do tháirgeadh breac

Grúpa cuideachtaí

Méid an fhóirdheontais

Fishark

3,47  %

Gumusdoga

2,10  %

Ozpekler

2,75  %

Selina Balik

2,54  %

4.4.   Ioncam tarscaoilte - tacaíocht d’infheistíochtaí a dhéantar in earnáil an dobharshaothraithe

4.4.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(169)

Tá Foraithne Uimh. 2012/3305 (18) agus Communiqué cur chun feidhme Uimh. 2012/1 (19) ina mbonn le tacaíocht Stáit a thabhairt d’infheistíochtaí in earnáil an dobharshaothraithe (20) agus is iad is bunús le Clár Dreasachtaí Infheistíochta na Tuirce. Tá dhá scéim dreasachta ag baint leis:

Dreasachtaí infheistíochta réigiúnacha, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh díolúine ó CBL, díolúine ó dhleacht chustaim, laghdú cánach, tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (scair an fhostóra), tacaíocht úis, leithdháileadh talún, cáin ioncaim iarchoimeádta agus tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (scair an fhostaithe); agus

Dreasachtaí infheistíochta ginearálta, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh díolúine ó CBL, díolúine ó dhleacht chustaim agus cáin ioncaim iarchoimeádta.

(170)

Cuideachtaí nach féidir leo na critéir a chomhlíonadh agus an t-íosmhéid infheistíochta a dhéanamh faoin scéim dreasachtaí infheistíochta réigiúnach, féadfaidh siad tairbhe a bhaint as an scéim dreasachtaí infheistíochta ghinearálta, ar scéim í atá ar fáil do na sé réigiún uile a shainmhínítear i bhForaithne Uimh. 2012/3305. Bunaithe ar leibhéal na forbartha eacnamaíche atá iontu, d’fhéadfadh an chabhair a bheith difriúil ó réigiún go réigiún.

(171)

Tá an Fhoraithne agus an Communiqué bailí go fóill agus níor athraíodh na sé réigiún ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh.

4.4.2.   Conclúid

(172)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhain Gumusdoga tairbhe as laghduithe cánach ioncaim.

(173)

Bhain na trí chuideachta shampláilte uile tairbhe as díolúintí ó CBL agus ó dhleacht chustaim faoi na dreasachtaí infheistíochta réigiúnacha.

(174)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (21) agus san athbhreithniú éaga (22), meastar gur fóirdheontas an tacaíocht d’infheistíochtaí de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i gcás inar dreasacht chánach í an tacaíocht, is é sin i gcás ina bhfuil ioncam rialtais dlite murach í ach ligtear thar ceal é nó ní bhailítear é.

(175)

Is sonrach agus is in-fhrithchúitithe an fóirdheontas ós rud é go bhfuil sochar an fhóirdheontais teoranta go sonrach do chuideachtaí atá lonnaithe i gceann amháin de na réigiúin a liostaítear. Tá an rochtain ar an bhfóirdheontas teoranta a thuilleadh d’fhiontair áirithe a fheidhmíonn in earnálacha áirithe. Ina theannta sin, ní chomhlíonann an fóirdheontas ceanglais neamh-shainiúlachta Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, i bhfianaise líon agus cháilíocht na srianta is infheidhme maidir le hearnálacha áirithe, go háirithe na srianta sin lena ndéantar rochtain ar an bhfóirdheontas a theorannú do chineálacha áirithe fiontar nó lena bhfágtar earnálacha áirithe amach go hiomlán.

(176)

Ainmnítear an dobharshaothrú go sainráite in Iarscríbhinn 2A a ghabhann le Foraithne 2012/3305 mar cheann de na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as na cineálacha sin díolúintí. In Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an bhForaithne, liostaítear na hearnálacha nach bhféadfaidh tairbhe as aon dreasacht faoin scéim sin.

4.4.3.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(177)

Chun méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le haghaidh díolúintí cánach a shuí, rinneadh an sochar a bronnadh ar na faighteoirí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh mar an difríocht idir an cháin iomlán iníoctha de réir an ghnáthráta cánach agus an cháin iomlán iníoctha faoin ráta cánach laghdaithe.

(178)

I gcás na ndíolúintí CBL agus na ndíolúintí ó dhleachtanna custaim, shainaithin an Coimisiún na sócmhainní sin a ceannaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an méid CBL nó dleachta atá díolmhaithe. Ríomhadh sochar sreafa airgid dhá mhí trí úsáid a bhaint as an ráta úis gearrthéarmach le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(179)

Tar éis an nochta, d’iarr Gumusdoga agus Rialtas na Tuirce araon ar an gCoimisiún gan díolúintí CBL a fhrithchúiteamh.

(180)

Mhaígh Rialtas na Tuirce nár chinn údaráis imscrúdúcháin na Stát Aontaithe go raibh díolúintí CBL sa scéim um dheimhniú dreasachta infheistíochta sa Tuirc in-fhrithchúitithe agus rinne siad tagairt do chinneadh ó na Stáit Aontaithe, ‘Countervailing Duty Investigation of Common Alloy Aluminium Sheet from the Republic of Turkey’ (23) [Imscrúdú maidir le Dleacht Frithchúitimh ar Leathán Cóimhiotal Alúmanaim Coiteann ó Phoblacht na Tuirce].

(181)

Tugann an Coimisiún dá aire, ar leathanach 17 den doiciméad sin, go dtugann Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe dá aire gurb é a gcinneadh nach bhfuil aon tairbhe ag baint leis an scéim seo, ach go raibh siad i mbun fíricí breise a bhailiú maidir le feidhmiú chóras CBL Rialtas na Tuirce.

(182)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin go n-aontaíonn Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe leis an gCoimisiún gur sochar faoin scéim seo iad na dleachtanna custaim díolmhaithe.

(183)

D’áitigh Rialtas na Tuirce, cé go n-íocann na táirgeoirí CBL ionchuir ar a gceannacháin ó sholáthróirí, go mbailíonn siad CBL aschuir ar a dhíolacháin lena chustaiméirí; dá bhrí sin, is iad na custaiméirí a íocann an t-ualach cánach deiridh agus, dá bhrí sin, níl na díolúintí CBL in-fhrithchúitithe.

(184)

Ar an gcaoi chéanna, mhaígh an chuideachta Gumusdoga go raibh sé in ann a CBL iníoctha a fhritháireamh in aghaidh a CBL infhála agus, dá bhrí sin, ba é an t-aon tairbhe a bhain sé as páirt a ghlacadh sa scéim ná íocaíochtaí CBL tosaigh a sheachaint agus, ar an mbealach sin, an t-ualach riaracháin maidir le fritháireamh CBL iníoctha in aghaidh CBL infhála a sheachaint. Dá bhrí sin, d’iarr sé gan aon sochar a ríomh i gcomhréir le himscrúduithe a rinneadh roimhe seo.

(185)

Murab ionann agus barúlacha Gumusdoga, mheas an Coimisiún gur cheart na díolúintí CBL agus dleachtanna custaim sin a fhrithchúiteamh.

(186)

Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (148) go (150), shuigh an Coimisiún, i gcomhréir leis na himscrúduithe a rinneadh roimhe seo, gur fóirdheontas in-fhrithchúitithe í an scéim díolúine ó CBL sa Tuirc de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ó thaobh na cuntasaíochta de, déantar na méideanna iníoctha CBL a fhritháireamh in aghaidh na méideanna infhála CBL, ach ní hé go mbíonn an sreabhadh airgid thíos leis sin, áfach, ós rud é nach gá do na táirgeoirí onnmhairiúcháin airgead a eisíoc roimh ré agus ansin fanacht le haisíocíocht a fháil ó na húdaráis chánach bunaithe ar phróiseáil a ndearbhuithe CBL míosúla, de réir mar is gá do chuideachtaí eile nach dtairbhíonn den scéim.

(187)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’athdhearbhaigh Rialtas na Tuirce nach fóirdheontas in-fhrithchúitithe í an scéim díolúine CBL sa Tuirc. Ar na cúiseanna a leagtar amach sna haithrisí thuas, diúltaíodh don argóint sin.

(188)

Maidir leis na díolúintí CBL a chuaigh chun tairbhe don chuideachta Gumusdoga, ríomh an Coimisiún gnóthachan ama dhá mhí. Tar éis an nochta deiridh, d’iarr an chuideachta soiléiriú ar an gcaoi ar chinn an Coimisiún an tréimhse dhá mhí, agus mhaígh sé nach raibh ach tréimhse míosa ann chun an íocaíocht CBL a fhritháireamh. Mar a luadh in aithris (42) den Rialachán sealadach, “na sochair a fuarthas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, is éard a bhí iontu gnóthachan ama dhá mhí, agus é sin amháin, go dtí gur aisíoc na húdaráis chánach a CBL”. Ní dhearnadh aon bharúil maidir leis an ráiteas sin san imscrúdú bunaidh agus níl aon fhianaise ar taifead ag an gCoimisiún go bhfuil athrú tagtha ar an gcóras CBL sa Tuirc ón am sin.

(189)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Gumusdoga in iúl gur cheart don Choimisiún na laghduithe cánach a leithdháileadh ar na táirgí éagsúla dá dtagraítear sna deimhnithe tacaíochta infheistíochta ar a raibh na laghduithe cánach bunaithe.

(190)

Diúltaíodh don argóint sin toisc gur ioncam don chuideachta iad na laghduithe ar cháin ioncaim agus dá bhrí sin leithdháiltear iad thar láimhdeachas iomlán an ghrúpa.

(191)

Maidir leis an bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe le haghaidh díolúintí ó CBL agus ó dhleachtanna custaim, ríomhadh an sochar mar shochar sreafa airgid le haghaidh ceannachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

Tábla 5

Ioncam atá ligthe thar ceal

Cuideachta

Méid an fhóirdheontais

Fishark

0,00  %

Gumusdoga

1,77  %

Ozpekler

0,00  %

Selina Balik

0,00  %

4.5.   Aistriú díreach cistí – árachas tacaithe d’earnáil an dobharshaothraithe

4.5.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(192)

De réir Dhlí Árachais Talmhaíochta Uimh. 5363 (24) agus Fhoraithne Uimh. 2018/380 (25) maidir le rioscaí, barra agus réigiúin atá le cumhdach ag an nGrúpa Árachóirí Talmhaíochta agus na hArdrátaí Tacaíochta le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh táirgeoirí táirgí dobharshaothraithe tairbhe as préimh árachais laghdaithe lena gcumhdófaí caillteanais sa stoc éisc agus san fhómhar breac de dheasca galair iomadúla a d’fhéadfadh cur isteach orthu, tubaistí nádúrtha, timpistí, etc. Faightear 50 % den phréimh árachais ó thacaíocht Rialtas na Tuirce.

4.5.2.   Conclúid

(193)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (26) agus san athbhreithniú éaga (27), maidir leis an sochar a bhronntar leis an scéim seo, is laghdú é ar na costais airgeadais a thabhaítear i gcumhdach árachais saoil de bheostoc dobharshaothraithe.

(194)

Is fóirdheontas í an scéim seo de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán i bhfoirm deontas díreach ó Rialtas na Tuirce do tháirgeoirí breac agus ranníocaíocht airgeadais de bhrí go dtairbhíonn faighteoirí an fhóirdheontais de phréimh árachais fhabhrach, ar préimh árachais í atá i bhfad faoi bhun leibhéal na bpréimheanna árachais atá ar fáil ar an margadh le haghaidh rioscaí inchomparáide a chumhdach.

(195)

Bronntar sochar leis an scéim de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Is ionann an sochar agus an difríocht idir na préimheanna a thairgtear i gcomhthéacs polasaí árachais tráchtála agus an phréimh fhóirdheonaithe.

(196)

Is sonrach í an tacaíocht mar déanann an t-údarás deonúcháin agus an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, déanann siad teorannú sainráite ar rochtain ar an bpréimh laghdaithe sin d’fhiontair a fheidhmíonn san earnáil talmhaíochta agus díríonn siad go sainráite ar na rioscaí a thabhaíonn táirgeoirí dobharshaothraithe go fiú.

4.6.   Aistriú díreach cistí – scéimeanna eile

4.6.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(197)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, fuair an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Gumusdoga aistrithe díreacha cistí ó Rialtas na Tuirce, aistrithe a breacadh ina gcuntais mar ioncam.

(198)

D’iarr an Coimisiún faisnéis maidir leis na hiontrálacha uile le haghaidh 2020 sa chuntas ioncaim sin agus chuir an chuideachta sonraí ar fáil maidir le gach iontráil. Tugadh faoi deara go raibh trí iontráil ina n-aistrithe díreacha cistí atá teoranta d’onnmhaireoirí, mar seo a leanas:

(199)

Ar an gcéad dul síos, fuair an chuideachta cistí isteach sa chuntas “Aegean Exporters” Association Support” [Tacaíocht na hEagraíochta Onnmhaireoirí Aeigéacha], agus luaigh an chuideachta go raibh baint aige leis an tacaíocht maidir le haeriompar. Tá sé sin á rialú ag “Foraithne ón Uachtarán maidir le Tacaíocht do Chostais Iompair Aerlasta dar dáta an 16 Bealtaine 2020, Uimhir 2552” le haghaidh mhí na Bealtaine go dtí mí Iúil 2020 (28).

(200)

Ar an dara dul síos, faigheann an chuideachta airgead isteach i gcuntas dar teideal “Ministry of Economy Export Incentives” [Dreasachtaí Onnmhairiúcháin ón Aireacht Geilleagair] (“tacaíocht um dreasachtaí onnmhairiúcháin”). Luaigh an chuideachta gurb “é is aidhm d’Fhoraithne uimhir 2014/8 (29) é a chur ar a gcumas do chuideachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus/nó tráchtála sa Tuirc deimhniú rochtana ar an margadh a fháil agus a áirithiú go nglacann siad páirt sa slabhra soláthair domhanda”.

(201)

Ar an tríú dul síos, fuair an chuideachta cistí i gcuntas dar teideal “Exhibition Support Income” [Ioncam maidir le Tacaíocht do Thaispeántais]. Luaigh an chuideachta go bhfuil an cúnamh seo á rialú ag “Foraithne maidir le Tacaíocht do Rannpháirtíocht in Aontaí Thar Lear”, foraithne uimhir 2017/4 a foilsíodh san Iris Oifigiúil dar dáta an 7 Aibreán 2017 uimhir 30031. De réir na Foraithne sin, is féidir le honnmhaireoirí aisíocaíocht a éileamh ón Ard-Stiúrthóireacht um Onnmhairí faoin Aireacht Trádála as páirt a ghlacadh in aontaí trádála a reáchtáiltear thar lear agus atá incháilithe do thacaíocht, de réir na hAireachta Trádála.

4.7.   Conclúid

(202)

Maidir leis an gcéad deontas, measann an Coimisiún go bhfuil an méid sin ag brath ar onnmhairiú, mar aisíoctar leis costais iompair onnmhairiúcháin. Thairis sin, ní mór don onnmhaireoir gealltanas onnmhairiúcháin a shíniú agus an deontas a aisíoc má thagann na hearraí onnmhairithe ar ais go dtí an Tuirc. Ina theannta sin, baineann an scéim go sonrach leis na honnmhaireoirí in earnálacha áirithe, a bhfuil dobharshaothrú liostaithe ina measc.

(203)

Maidir leis an dara deontas, measann an Coimisiún go bhfuil sé sin ag brath ar onnmhairiú freisin, ós rud é go bhfuil costais maidir le hidirbhearta onnmhairiúcháin á n-aisíoc leis an deontas chun rochtain a fháil ar mhargaí eachtracha, amhail costais deimhniúcháin agus costais rialúcháin cáilíochta.

(204)

Maidir leis an tríú deontas, measann an Coimisiún go bhfuil sé sin ag brath ar onnmhairiú freisin toisc go bhfuil sé ceaptha chun trádáil onnmhairiúcháin a chur chun cinn trí aontaí trádála ar an gcoigríoch.

(205)

Is fóirdheontas í an scéim seo de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán i bhfoirm deontas díreach ó Rialtas na Tuirce d’onnmhaireoirí na Tuirce. Bronntar sochar leis an scéim de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán.

(206)

Tá na deontais sin ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán. Tá roinnt díobh go sonrach freisin de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(3) den bhun-Rialachán ós léir, de réir na ndoiciméad a chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar fáil, go bhfuil siad teoranta d’earnálacha tionsclaíocha áirithe, amhail dobharshaothrú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil na deontais sin in-fhrithchúitithe agus sonrach.

(207)

Is é an sochar an méid ioncaim a fhaightear agus a bhreactar i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(208)

Tar éis an nochta, chuir Gumusdoga i gcoinne chinneadh an Choimisiúin maidir le hin-fhrithchúititheacht na dtrí dheontas sin.

(209)

I gcás “Tacaíocht na hEagraíochta Onnmhaireoirí Aeigéacha” (an chéad deontas), mhaígh Gumusdoga nach bhfuil baint ag an scéim leis an táirge faoi athbhreithniú, toisc nach n-áirítear onnmhairí táirgí faoi Chóid CC 0302, 0303, 0304 chuig an Aontas Eorpach faoi raon feidhme na tacaíochta.

(210)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc gur féidir leis an tacaíocht táirgí a chumhdach faoi chóid HS eile atá mar chuid de raon táirge an imscrúdaithe seo, mar atá cóid CC 0301 agus 0305. Chomh maith leis sin, níor chuir an chuideachta go leor faisnéise ar fáil don Choimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar na grúpaí táirgí a cumhdaíodh leis an tacaíocht a fuarthas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(211)

Mhaígh Gumusdoga freisin nach mbaineann an chéad deontas sin leis na díolacháin onnmhairiúcháin atá dírithe ar mhargadh an Aontais.

(212)

Ní dhéanann an Coimisiún díospóid nach bhfuil an scéim seo eisiach maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, agus is é sin an fáth go ndearnadh an sochar a fuair an chuideachta a roinnt ar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán an ghrúpa agus go ndearnadh é a chionroinnt ansin ar an táirge faoi athbhreithniú.

(213)

Maidir leis an tacaíocht um dreasachtaí onnmhairiúcháin (an dara deontas), mhaígh Gumusdoga nach mbaineann ach ceann amháin as ocht n-iarratas a áiríodh i ríomh an tsochair leis an táirge faoi athbhreithniú agus le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar thoradh air sin, d’iarr sí ar an gCoimisiún ríomh an tsochair a athbhreithniú dá réir sin agus fáil réidh leis na seacht n-iarratas nach mbaineann leis an táirge faoi athbhreithniú ná le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(214)

Diúltaíonn an Coimisiún don mhaíomh sin ós rud é gur measadh gurb é an sochar an t-ioncam a taifeadadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus gur roinneadh é ar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán an ghrúpa agus go ndearnadh é a chionroinnt ina dhiaidh sin ar an táirge faoi athbhreithniú.

(215)

D’iarr Gumusdoga ar an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh den tairbhe a eascraíonn as an “Ioncam maidir le Tacaíocht do Thaispeántais” (an tríú deontas), ós rud é nach scéim í a bhaineann go sonrach le hearnáil nó le cuideachta ná nach mbaineann sí leis an táirge atá faoi athbhreithniú ná le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(216)

Diúltaíonn an Coimisiún don mhaíomh sin ós rud é go mbraitheann sé ar onnmhairiú agus gur roinneadh an sochar a fuarthas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán an ghrúpa agus go ndearnadh é a chionroinnt ina dhiaidh sin ar an táirge faoi athbhreithniú.

Tábla 6

Aistriú díreach cistí

Cuideachta

Méid an fhóirdheontais

Fishark

0,00  %

Gumusdoga

0,21  %

Ozpekler

0,09  %

Selina Balik

0,08  %

4.8.   Iasachtaí fabhracha

(217)

Le linn an imscrúdaithe bunaidh agus an athbhreithnithe éaga, chinn an Coimisiún go raibh táirgeoirí breac na Tuirce ag baint tairbhe as iasachtaí fabhracha, lena n-áirítear:

Iasachtaí Talmhaíochta ar ús íseal nó Iasachtaí Talmhaíochta saor ó ús

Iasachtaí onnmhairiúcháin ar ús íseal go díreach ó Eximbank nó trí bhainc eile

(218)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar iasachtú fabhrach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte le linn 2020, lena n-áirítear iasachtaí talmhaíochta, iasachtaí onnmhairiúcháin agus scéimeanna iasachta eile, lena n-áirítear iad siúd a d’eagraigh Rialtas na Tuirce in 2020 mar fhreagairt ar phaindéim COVID.

4.9.   Iasachtaí talmhaíochta

4.9.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(219)

Déantar foráil le Foraithne Uimh. 2020/2015 maidir le Comharchumainn Chreidmheasa Talmhaíochta (“CCTanna”) agus T.C. Ziraat Bankasi A.S. (“Ziraat Bankasi”) iasachtaí ar ús íseal agus iasachtaí gnó a dheonú do tháirgeoirí earnáil an dobharshaothraithe. Féadfaidh na táirgeoirí breac lacáiste a fháil ar na rátaí úis is infheidhme; idir 10 % agus 80 %. Is é 10 000 000 TL an uasteorainn chreidmheasa. Cumhdaítear leis an bhForaithne an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022.

(220)

Is eintitis dhlítheanacha phríobháideacha iad CCTanna arna mbunú ag táirgeoirí talmhaíochta (i.e. daoine nádúrtha nó eintitis dhlítheanacha a bhfuil baint acu le táirgeacht talmhaíochta) sa Tuirc chun tacú lena riachtanais airgeadais sa ghnó.

(221)

Is é Ziraat Bankasi Banc Talmhaíochta Phoblacht na Tuirce agus is leis an Stát ina iomláine é. Le linn an imscrúdaithe bunaidh, ba le Forúnaíocht an Státchiste a scaireanna. Ó bhí 2018 ann, áfach, rinneadh a chaipiteal a aistriú chuig Ciste Infheistíochta na Tuirce, agus mar a fuarthas amach san athbhreithniú éaga, tá sé fós faoi úinéireacht 100 % ag Ciste Saibhreas na Tuirce (30).

(222)

I gcomhréir le hAirteagal 2 de Dhlí Uimh. 6741 maidir le Bunú Chuideachta Bainistíochta Chiste Infheistíochta na Tuirce agus Leasuithe ar Dhlíthe Áirithe, is institiúid é Ciste Infheistíochta na Tuirce atá cleamhnaithe leis an Uachtaránacht (31).

(223)

Faoi Airteagal 13(2) den Fhoraithne ó Chomhairle na nAirí 2016/9429, is é Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí an Chiste Uachtarán na Poblachta. Féadfaidh Uachtarán na Poblachta duine de Chomhaltaí an Bhoird a ainmniú ina Leas-Chathaoirleach (32).

(224)

Mar a cinneadh san imscrúdú bunaidh (33), cuireann Ziraat Bankasi iasachtaí fabhracha ar fáil d’earnáil an dobharshaothraithe, chun táirgeadh talmhaíochta agus gnó talmhaíochta a chur chun cinn. Maidir leis sin, gach bliain cinneann Comhairle na nAirí fad, nósanna imeachta agus prionsabail an chláir agus aistríonn an Státchiste an méid atá fágtha den íocaíocht úis, a chomhfhreagraíonn don ráta úis lascainithe, chuig Ziraat Bankasi.

(225)

Dá bhrí sin, cinneadh san imscrúdú bunaidh gur bhfuil údarás rialtais ag Ziraat Bankasi ar bhonn Fhoraithne 2013/4271, ar cuireadh Foraithne 2020/2015 ina ionad ar an mbonn céanna.

(226)

Dá bhrí sin, leanann T.C. Ziraat Bankasi A.S. d’údarás rialtais a bheith aige agus measann an Coimisiún go fóill, mar a mheas sé sna himscrúduithe roimhe seo, gur comhlacht poiblí é.

4.9.2.   Torthaí

(227)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí iasachtaí ar ús íseal ó Ziraat Bankasi ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte.

(228)

Tar éis an nochta, dúirt Gumusdoga nár cheart don Choimisiún iasachtaí talmhaíochta ó Ziraat Bankasi a mheas mar iasachtaí in-fhrithchúitithe, ós rud é go raibh siad nasctha le ceannach polasaí árachais a bhaineann le táirgeadh táirgí eile seachas leis an táirge faoi athbhreithniú.

(229)

Diúltaíodh don argóint sin mar tugadh an iasacht don chuideachta agus ní raibh aon fhianaise ann go raibh iasachtaí den chineál céanna ar fáil go ginearálta do chuideachtaí sa Tuirc. Thairis sin, ní raibh an iasacht ag brath ar tháirgí eile a tháirgeadh, ach amháin chun polasaí árachais a cheannach ar fheirm ar leith.

4.10.   Creidmheasanna onnmhairiúcháin

4.10.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(230)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (34) agus san athbhreithniú éaga (35), d’fhostaigh Rialtas na Tuirce Türkiye İhracat Kredi Bankası A.Ș (“Eximbank”) an 21 Lúnasa 1987 le Foraithne Uimh. 87/11914, tar éis ordú Dhlí Uimh. 3332 (36) maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin, agus is faoi úinéireacht iomlán an Stáit é agus tá sé ag gníomhú don Stát mar uirlis dreasachta onnmhairiúcháin Rialtas na Tuirce i straitéis onnmhairiúcháin na Tuirce.

(231)

Thug an rialtas sainordú do Eximbank tacú le trádáil eachtrach agus le conraitheoirí nó infheisteoirí na Tuirce a fheidhmíonn thar lear chun méid na dtáirgí a onnmhairítear ó ghnólachtaí na Tuirce a mhéadú agus chun a n-iomaíochas idirnáisiúnta a neartú.

(232)

Measann an Coimisiún go fóill go bhfuil smacht ag an rialtas ar Eximbank agus gur comhlacht poiblí é dá bhrí sin.

(233)

Is é Dlí Uimh. 3332, chomh maith le Rún Uimh. 2013/4286 maidir le Eximbank a bhunú (37), an bunús dlí leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthraítear trí Eximbank.

(234)

Soláthraíonn Eximbank tacaíocht airgeadais (go díreach nó trí bhainc chomhfhreagracha a oibríonn ar bhonn coimisiúin), amhail creidmheasanna onnmhairiúcháin réamhloingsithe nó iarloingsithe nach féidir a fháil gan onnmhairiú a dhéanamh, agus creidmheasanna infheistíochta atá dírithe ar onnmhairiú d’onnmhaireoirí, agus is é is aidhm leis sin iomaíochas onnmhairí na Tuirce a mhéadú i margaí eachtracha.

(235)

Úsáideann Eximbank “creidmheasanna athlascaine” freisin chun airleacain airgid a thabhairt d’onnmhaireoirí bunaithe ar lascainiú billí agus ar dhoiciméid a bhaineann le díolacháin onnmhairí (38). Is iad na ‘Prionsabail Cur Chun Feidhme agus Ciorclán maidir le Creidmheasanna Athlascaine do Sheirbhísí Onnmhairiúcháin agus Seirbhísí Tuillte ó Mhalairt Eachtrach (Clár Athlascaine)’ (39) agus Airteagal 45 de Dhlí an Bhainc Ceannais an bunús dlí do na creidmheasanna sin.

(236)

Sonraíodh i dTuarascáil Bhliantúil 2020 ó Bhanc Ceannais na Tuirce (BCT) gurbh é ab aidhm do chreidmheasanna athlascaine “rochtain ar chreidmheasanna ar chostais fhabhracha do chuideachtaí onnmhairiúcháin a éascú agus cúlchistí BCT a threisiú.” (40)

(237)

Tá na creidmheasanna athlascaine maoinithe ag Banc Ceannais na Tuirce (“BCT”), ach is trí institiúidí airgeadais na Tuirce a bhronntar iad (bainc phoiblí chomh maith le bainc phríobháideacha), institiúidí a fheidhmíonn mar ghníomhairí thar ceann BCT. Is é BCT a shocraíonn na rátaí úis agus íoctar na bainc chomhfhreagracha trí choimisiún a ghearrtar ar na faighteoirí.

4.10.2.   Torthaí

(238)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí creidmheasanna onnmhairiúcháin ar ús íseal ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, iasachtaí a bhí curtha ar fáil go díreach ag Eximbank, sin nó ag bainc phoiblí nó phríobháideacha eile ag gníomhú dóibh mar bhainc chomhfhreagracha de chuid Eximbank. Bhain na cuideachtaí tairbhe as creidmheasanna athlascaine chomh maith, creidmheasanna a sholáthair Eximbank, sin nó bainc phoiblí nó phríobháideacha eile.

4.11.   Scéimeanna iasachta eile

4.11.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(239)

Thuairiscigh roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte iasachtaí eile a tógadh amach in 2020. Shainaithin an Coimisiún trí scéim a d’úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus d’iarr siad faisnéis ar Rialtas na Tuirce maidir leis an méid seo a leanas:

Can Suyu - Life Water

Ise Devam - Continue to Business

IVME Credit - Movement Credit

(240)

Is clár iasachta ginearálta é an scéim “Can Suyu – Life Water” atá oscailte do na fiontair uile a gheall go leanfaidís dá n-oibríochtaí agus go gcoinneoidís (agus nach laghdóidís) líon na bhfostaithe atá cláraithe leis an Institiúid Slándála Sóisialta ó dheireadh mhí Feabhra 2020 i leith. Is éard atá sa chlár iasacht leanúnachais gnó ó Rialtas na Tuirce do Kredi Garanti Fonu agus don chúig bhanc phoiblí a bhfuil scaireanna acu ann.

(241)

Is clár iasachta ginearálta eile é an scéim “Ise Devam - Continue to Business” atá nasctha leis na hoibríochtaí leanúnacha ar an mbealach céanna leis an scéim “Can Suyu – Life Water”. Is éard atá sa chlár iasacht leanúnachais gnó ó Rialtas na Tuirce do Kredi Garanti Fonu agus don chúig bhanc phoiblí a bhfuil scaireanna acu ann.

(242)

Is scéim níos sonraí é an scéim “IVME Credit – Movement Credit” a dhíríonn ar earnálacha áirithe den gheilleagar. D’fhógair an Aireacht Státchiste agus Airgeadais an scéim mar chuid de Phacáiste Maoiniúcháin (Géaraithe) IVME an 23 Bealtaine 2019, in éineacht le trí bhanc phoiblí, is iad sin Ziraat Bankasi, Halkbank agus Vakifbank (41). An Pacáiste Maoiniúcháin Géaraithe, is cuid é de bheartas eacnamaíoch fadtéarmach Rialtas na Tuirce don tír, beartas a leagtar amach sa Chlár Geilleagair Nua (“Yeni Ekonomi Programi”).

(243)

Sonraítear san fhógra oifigiúil gurb é is aidhm don chlár “tacú le hearnálacha a bhraitheann go mór ar allmhairí; a bhfuil easnamh sa trádáil eachtrach acu; a chuireann go mór le fostaíocht agus a bhfuil ardleibhéal onnmhairí nó tuillimh airgeadra acu”. De réir na chéad óráide ón Aire Státchiste agus Airgeadais, ‘glacann an pacáiste maoiniúcháin cur chuige maoiniúcháin atá dírithe ar tháirgí. Déantar é sin ní hamháin trí mheastóireacht a dhéanamh ar bhonn earnáil ar earnáil, ach trí tháirgí a mhaoiniú a d’fhéadfadh rannchuidiú dearfach a dhéanamh leis an easnamh sa trádáil eachtrach. Ar an gcaoi sin, is é is aidhm dó méadú a dhéanamh ar iomaíochas na dtáirgí ábhartha ar mhargaí idirnáisiúnta agus, mar sin, feicfimid acmhainneacht na dtáirgí straitéiseacha ó thaobh onnmhairiú de (42).’

(244)

Is iad na príomhghníomhaíochtaí dá dtabharfar tacaíocht “monarú amhábhar agus earraí idirmheánacha; táirgeadh innealra agus talmhaíocht”. Sa réimse amhábhar agus earraí allmhairithe, sainaithníodh 4 phríomhearnáil: táirgí ceimiceacha/leighis (cógaisíochta), táirgí plaisteacha agus rubair; snáth saorga agus sintéiseach; agus na hearnálacha páipéir agus cairtchláir (43).

(245)

I réimse an táirgthe innealra, bunaíodh liosta monaróirí meaisíní laistigh de chóid NACE áirithe. Áirítear sa phacáiste maoiniúcháin iasachtaí a sholáthraítear do mhonaróirí meaisíní intíre ar liosta chóid NACE a infheistíonn i méaduithe nua táirgeachta nó acmhainneachta, chomh maith le hiasachtaí do cheannaitheoirí intíre a infheistíonn i meaisíní nua a tháirgeann na monaróirí céanna. Díríonn an pacáiste ar na hearnálacha seo a leanas:

Innealra agus Comhpháirteanna Leictreacha, Ríomhaireacht, Leictreonaic, Optúil

Páirteanna Mótarfheithiclí agus Páirteanna

Inneall agus Comhpháirteanna

Innealra agus Comhpháirteanna Tionscail Ghinearálta

Trealamh Leictreach (44)

(246)

Áirítear ar thalmhaíocht “táirgeadh beostoic agus barra beatha” agus deonaíodh na hiasachtaí sin do tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le haghaidh dobharshaothrú. Is léir go bhfuil coinníollacha na hiasachta fabhrach i dtéarmaí an ráta úis a chuirtear ar fáil.

4.11.2.   Torthaí

(247)

I gcás an dá scéim iasachta ghinearálta “Can Suyu – Life Water” agus “Ise Devam – Continue to Business”, bunaithe ar leibhéal fostaíocht na gcuideachtaí i mí Feabhra 2020, cinneann an Coimisiún nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil na scéimeanna iasachta sin sonrach ná in-fhrithchúitithe.

(248)

Ach i gcás scéim creidmheasa IVME, tháinig an Coimisiún ar fhianaise go bhfuil sé teoranta d’earnálacha sonracha agus do ghníomhaíochtaí sonracha (mar a leagtar amach thuas), agus go mbaineann an pacáiste iasachta leis na bainc phoiblí Ziraat Bank, Halkbank agus Vakifbank.

(249)

Chinn an Coimisiún nach raibh na cuideachtaí sampláilte ag baint úsáid ach as iasachtaí creidmheasa IVME a chuir Ziraat Bank agus Halkbank ar fáil. Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún imscrúdú ar stádas Vakifbank san imscrúdú seo.

(250)

Dheimhnigh an Coimisiún i Roinn 4.5.1 thuas gur comhlacht poiblí é Ziraat Bank agus go bhfuil údarás rialtais aige.

(251)

Mheas an Coimisiún gur comhlacht poiblí é Türkiye Halk Bankası A.Ş (“Halkbank”) a bhfuil údarás rialtais aige, bunaithe ar fhaisnéis phoiblí agus ar an bhfaisnéis a sholáthair an banc féin mar chuid den fhreagra ar cheistneoir an rialtais, lenar áiríodh cóipeanna de Thuarascálacha Bliantúla 2019 agus 2020.

(252)

Bhunaigh Rialtas na Tuirce Halkbank in 1933. Ba é Mustafa Kemal Atatürk a réitigh an bealach chun Halkbank a bhunú. Dúirt sé: ‘Tá sé thar a bheith riachtanach eagraíocht a chruthú a sholáthróidh iasachtaí d’úinéirí gnó beaga agus d’fhiontair mhóra thionsclaíocha, iasachtaí a theastaíonn uathu go géar, agus iad éasca le fáil agus ar phraghas íseal, agus chun costas creidmheasa a ísliú faoi ghnáthchúinsí’.

(253)

Is leis an rialtas 77,9 % de Halkbank trí Chiste Infheistíochta na Tuirce (45). Thug an Coimisiún dá aire gur oifigigh Rialtais iad na Comhaltaí uile de chomhlacht rialaithe an Bhainc nó gur fhóin siad ar chomhlachtaí poiblí eile (46).

(254)

Mar shampla, thug an Coimisiún dá aire go raibh Maksut Serim ar an mBord, a bhí ina Chomhairleoir Sinsearach d’Uachtarán Phoblacht na Tuirce in 2020, tar éis dó a bheith ina Phríomh-Chomhairleoir do Phríomh-Aire Phoblacht na Tuirce ó 2003 go 2016.

(255)

Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh Sezai Uçarmak ar an mBord, a bhí ina Leas-Aire san Aireacht Trádála in 2020.

(256)

Thug an Coimisiún dá aire freisin go sonraítear go soiléir in Airteagail Chomhlachais Halkbank cuspóir sonrach an Bhainc, is é sin rochtain shaor ar mhaoiniú a sholáthar do FBManna, d’oibrithe oilte agus do cheardaithe (Airteagal 4(4)), le rannpháirtíocht Chomhairle Airí Phoblacht na Tuirce.

(257)

Pléitear in Airteagal 4(5) an fhéidearthacht go mbeadh níos lú ná 50 % de scaireanna an Bhainc á sealbhú go poiblí: ‘I gcás inar lú ná 50 % an céatadán de scaireanna an Bhainc atá i seilbh phoiblí, leanfaidh gníomhaíochtaí an Bhainc maidir le saoráidí creidmheasa a thairiscint do thrádálaithe agus do cheannaithe chomh maith le fiontair thionsclaíocha bheaga agus mheánmhéide de réir na modhanna agus na bprionsabal a chinnfidh Comhairle na nAirí’ (47).

(258)

Chuir Rialtas na Tuirce an banc ar bun agus tá riachtanais na bhfiontar beag agus meánmhéide (“FBManna”), na n-oibrithe oilte agus na gceardaithe mar thosaíocht aige.

(259)

Dar le Halbank féin, ‘Ós rud é gur tosaíocht Halbank i gcónaí iasachtaí a chur ar fáil don spriocghrúpa sin faoi na coinníollacha is fabhraí, an t-ardmheas atá ag oibrithe oilte, ceardaithe agus FBManna ar an mbanc, tá sé tuillte ag an mbanc’ (48). Ina Thuarascálacha Bliantúla 2019 agus 2020, tagraíonn Halkbank roinnt uaireanta freisin dá ról mar bhanc beartais phoiblí a chuireann tosaíochtaí an rialtais chun críche.

(260)

De réir ráiteas misin oifigiúil Halkbank ina thuarascálacha bliantúla, is é ról an bhainc “tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus d’fhás na Tuirce laistigh d’fheasacht ar fhreagracht shóisialta; agus a bheith ina bhanc don phobal a chruthaíonn breisluach mór do na páirtithe leasmhara uile”.

(261)

Cuirtear an misean seo i gcrích go praiticiúil mar seo a leanas: ‘Nuair a bhíomar ag díriú ár n-acmhainní ar thosaíochtaí gheilleagar na Tuirce mar chuid dár misean “Is muidne an pobal ar dtús, agus banc ina dhiaidh sin”, leagamar béim ar ár ngnó a dhéanamh i gcomhréir le cur chuige a dhéanann daoine, an tsochaí agus an timpeallacht a urramú’.

(262)

Mar shampla, ar leathanach 52 de Thuarascáil 2021 ‘thug an Banc TRY 12,1 billiún in iasachtaí fóirdheonaithe úis de chuid na hAireachta Státchiste agus Airgeadais do 500 míle oibrí oilte agus ceardaí. Thairis sin, lean Halkbank de bheith ag cur siar íocaíochtaí iasachta na n-oibrithe oilte agus na gceardaithe a raibh a ngnólachtaí thíos le caillteanais de dheasca na paindéime, de bhun Foraithne ón Uachtarán’ (49).

(263)

Maidir le hiasachtaí IVME go sonrach, mhol an Bainisteoir Ginearálta Osman Arslan ‘an teacht le chéile agus an comhordú láidir idir na hinstitiúidí a bhaineann le bainistiú eacnamaíoch chun torthaí rathúla a bhaint amach’, agus dúirt sé freisin, ‘Leis ár gcinneadh na spriocanna sa Chlár Geilleagair Nua a bhaint amach, beimid ag obair go dian i mbliana agus déanfaimid iarrachtaí iontacha chun na réitigh is oiriúnaí ar éilimh ár gcustaiméirí a thairiscint. Ár n-eisíocaíochtaí iasachtaí mar chuid dár dtáirgí nuálacha, amhail an Pacáiste Maoiniúcháin Géaraithe, an Iasacht Ghnó atá dírithe ar Fhostaíocht, an Iasacht Luacha Geilleagair, Iasacht an Fheachtais Tithíochta, Iasacht an Fheachtais Tomhaltóirí, Iasacht Innéacs TLREF agus an Iasacht d’Fheithiclí a Tháirgtear Laistigh den Tír, shroich siad TL 30 billiún in 2019 (50) .

(264)

Is éard atá i gceist le coinníollacha chreidmheas IVME tréimhse chairde, chomh maith le ráta fabhrach a bhunaítear mar fhormhuirear céatadáin (1-3 %, bunaithe ar fhad na hiasachta) ar na hurrúis fiachais intíre (DIBS) a bhfuil riosca íseal ag baint leo.

(265)

An ráta úis le haghaidh iasachtaí IVME, leagtar amach é sna treoracha ón rialtas do na bainc, agus socraítear é beag beann ar struchtúr costais caipitil an bhainc, dálaí an iasachtaí, nó acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na bainc ag gníomhú thar cheann an rialtais agus ag comhlíonadh threoracha an rialtais.

(266)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go bhfuil scéim creidmheasa IVME in-fhrithchúitithe.

4.12.   Iasachtaí - Conclúid

(267)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (51) agus san athbhreithniú éaga (52), meastar gur fóirdheontas é an maoiniú fabhrach a luaitear thuas (iasachtaí talmhaíochta agus creidmheasanna onnmhairiúcháin) de réir bhrí Airteagail 3(1)(a)(i) agus 3(2) den bhun-Rialachán.

(268)

Ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, maidir leis na scéimeanna maoiniúcháin fhabhraigh, go mbronntar sochar ar na faighteoirí leo, de bharr go ndeonaítear an maoiniú sin faoi bhun rátaí an mhargaidh, eadhon faoi choinníollacha nach léiríonn coinníollacha an mhargaidh i ndáil le maoiniú a bhfuil aibíocht inchomparáide ag baint leis.

(269)

Is sonrach iad na scéimeanna maoiniúcháin fhabhraigh sin de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán chomh fada agus a bhaineann siad leis na hiasachtaí talmhaíochta, mar go ndéanann na húdaráis deonúcháin nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn na húdaráis deonúcháin, déanann siad teorannú sainráite ar rochtain d’fhiontair áirithe.

(270)

Is sonrach iad na creidmheasanna a bhaineann le honnmhairiú de réir bhrí Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán, de bharr go bhfuil siad ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin.

(271)

Tar éis an nochta, chuir Rialtas na Tuirce agus Gumusdoga i gcoinne fhrithchúiteamh an tsochair arna ríomh le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin, ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin, i gcás inar banc príobháideach a sholáthair an iasacht.

(272)

Rinneadh an argóint sin freisin i gcomhthéacs an athbhreithnithe éaga roimhe seo, in aithris (87) agus dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin in aithrisí (88) agus (89) (53).

(273)

Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na doiciméid a chuir an chuideachta ar fáil maidir le haon fhianaise gur chuir an banc príobháideach na hiasachtaí sin ar fáil gan aon chur isteach ó Eximbank nó ó chomhlachtaí poiblí eile, ós rud é go raibh na cistí sin faighte ar iasacht ag an gcuideachta chun an táirge faoi athbhreithniú a onnmhairiú ag rátaí i bhfad faoi bhun na rátaí a d’fhoilsigh BCT maidir le hiasachtaí in Euro.

(274)

An doiciméadacht a chuir an chuideachta ar fáil, níor áiríodh uirthi comhaontú iasachta ón mbanc lena mbaineann ná aon fhianaise chun a léiriú gur thairg an banc lena mbaineann ráta úis áirithe don chuideachta ar chúis áirithe.

(275)

Dá bhrí sin, níor aimsíodh aon fhianaise a léireodh gur ar bhonn margaidh a cuireadh na hiasachtaí sin ar fáil agus diúltaíodh don argóint.

(276)

Thairis sin, d’áitigh an chuideachta Gumusdoga nach raibh an Coimisiún comhsheasmhach sa mhodheolaíocht a úsáideadh chun an sochar ar iasachtaí a bhaineann le honnmhairiú a ríomh toisc nár áiríodh cuid acu i ríomh an tsochair iomláin.

(277)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Is é an t-aon chúis nár áiríodh iasachtaí áirithe a bhraitheann ar onnmhairiú a thug bainc phríobháideacha i ríomh an tsochair iomláin ná gur i Lira na Tuirce a eisíodh na hiasachtaí sin.

(278)

Mhaígh Gumusdoga, mar gheall ar a acmhainneacht creidmheasa ard, go bhfuil sé in ann rátaí úis fabhracha ísle a fháil i gcás a iasachtaí a bhraitheann ar onnmhairiú, ar iasachtaí iad a eisíonn bainc phríobháideacha agus, dá bhrí sin, nár cheart don Choimisiún an sochar a fhaightear ó iasachtaí den sórt sin a chur san áireamh ina chuid ríomhanna.

(279)

Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin, ós rud é go gcomhfhreagraíonn an tagarmharc rátaí úis a úsáideadh chun an sochar a ríomh do mheánráta úis na n-iasachtaí uile ón Tuirc a cuireadh ar fáil i dtréimhse áirithe ama agus in airgeadra áirithe. Áiríodh sa mheán sin na cineálacha acmhainneachta creidmheasa uile.

(280)

An maíomh sin a rinne Gumusdoga, is é sin gur socraíodh roinnt iasachtaí a bhraitheann ar onnmhairiú ag rátaí úis ísle mar gheall ar a gcoinníollacha sonracha féin, rinneadh é san athbhreithniú éaga freisin agus diúltaíodh dó ar na cúiseanna céanna a thugtar thuas. Ní raibh Gumusdoga in ann a léiriú go bhfuair siad aon iasacht a bhraitheann ar onnmhairiú ar ráta úis íseal bunaithe ar a rátáil chreidmheasa, nó bunaithe ar chaibidlíocht le banc.

(281)

Mheas an Coimisiún nach bhfuil aon nasc idir in-fhrithchúititheacht iasachta agus leibhéal acmhainneachta creidmheasa cuideachta. Níor úsáideadh na tagarmharcanna rátaí úis ach amháin chun méid an tsochair a thagann as na hiasachtaí a chinneadh agus ní chun a chinneadh an bhféadfaí a mheas go bhfuil iasacht in-fhrithchúitithe nó nach bhféadfaí.

(282)

Dá bhrí sin, meastar gur fóirdheontais in-fhrithchúitithe iad na scéimeanna maoiniúcháin fhabhraigh uile.

4.12.1.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(283)

I gcomhréir le hAirteagal 6(b) den bhun-Rialachán, rinneadh an sochar ar mhaoiniú fabhrach a ríomh mar an difríocht idir méid an úis a íocadh agus an méid a d’íocfaí ar iasacht tráchtála inchomparáide. Mar thagarmharc, chuir an Coimisiún meánráta úis ualaithe iasachtaí tráchtála i bhfeidhm maidir le margadh intíre na Tuirce, bunaithe ar shonraí a fuair sé ó BCT (54). Is é sin an tagarmharc céanna a úsáideadh san imscrúdú bunaidh, agus na hathbhreithnithe uile roimhe sin. Rinne an Coimisiún an sochar a bhain leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a leithdháileadh ar na díolacháin onnmhairí agus leithdháileadh na hiasachtaí talmhaíochta ar na díolacháin iomlána.

(284)

Tar éis an nochta, cheistigh Gumusdoga an mhodheolaíocht a úsáideadh chun sochar a shannadh maidir le hiasachtaí a bhraitheann ar onnmhairiú. Sa nochtadh sin, shann an Coimisiún an sochar mar a leanas:

(a)

Iasachtaí a bhraitheann ar onnmhairiú a tuairiscíodh fúthu “nach mbaineann siad leis an táirge faoi athbhreithniú”, níor leithdháileadh aon sochar ar an táirge faoi athbhreithniú ina leith.

(b)

Iasachtaí a bhraitheann ar onnmhairiú nach raibh aon tuairisc den sórt sin ann fúthu, leithdháileadh an sochar a bhaineann leo ar láimhdeachas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú.

(285)

Tar éis an nochta, dúirt Gumusdoga gur cheart na hiasachtaí uile a thagann faoi cheannteideal (b) a leithdháileadh ar an láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán, toisc go raibh na hiasachtaí uile sin ag brath freisin ar onnmhairiú táirgí eile. Baineann an maíomh sin leis an maíomh céanna a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin céanna sa Rialachán maidir leis an athbhreithniú éaga (55), aithris (92).

(286)

San athbhreithniú éaga, bhí an Coimisiún in ann an sochar ó roinnt iasachtaí a bhraitheann ar onnmhairiú a leithdháileadh ar an láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán, i gcás ina raibh fianaise ann a thacaigh leis an méid sin a dhéanamh (56). Ós rud é gur iasachtaí reatha a bhí i gcuid de na hiasachtaí sin fós le linn an athbhreithnithe seo, bhí an Coimisiún in ann teacht ar an gconclúid chéanna.

(287)

I gcás na n-iasachtaí sin nár scrúdaíodh san athbhreithniú éaga, rinne an Coimisiún anailís ar an doiciméadacht a chuir Gumusdoga ar fáil lena fhreagra ar an gceistneoir agus sna haighneachtaí ina dhiaidh sin uaidh.

(288)

I gcás inar léirigh an doiciméadacht sin go raibh an iasacht ag brath ar onnmhairiú na dtáirgí uile, leithdháileadh an sochar thar láimhdeachas onnmhairiúcháin iomlán an ghrúpa. Mura ndearnadh sin, bhí an sochar fós leithdháilte thar láimhdeachas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú. Doiciméadacht a sholáthair Gumusdoga tar éis an nochta nárbh fhéidir a fhíorú, níor cuireadh san áireamh í.

(289)

Tar éis an nochta, thug dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte faoi deara earráidí cléireachais i ríomh an tsochair, agus ceartaíodh iad sin. D’áirithigh an Coimisiún freisin, toisc gur foilsíodh an ráta tagarmhairc gach Aoine, go mbeadh feidhm ag an ráta tagarmhairc maidir le hiasachtaí a thosódh an tseachtain ina dhiaidh sin, mar a cuireadh i bhfeidhm freisin sa Rialachán maidir leis an athbhreithniú éaga, aithris (93).

(290)

Seo a leanas na méideanna fóirdheontais a ríomhadh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte maidir le hiasachtú fabhrach:

Tábla 7

Maoiniú

Cuideachta

Méid an fhóirdheontais

Fishark

0,00  %

Gumusdoga

0,49  %

Ozpekler

0,36  %

Selina Balik

0,19  %

4.13.   Méid críochnaitheach na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe

(291)

Chinn an Coimisiún gur mar seo a leanas a bhí méid comhiomlánaithe na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin:

Tábla 8

Iomlán na bhfóirdheontas a suíodh

Cuideachta

Méid an fhóirdheontais

Fishark

3,47  %

Gumusdoga

4,46  %

Ozpekler

3,19  %

Selina Balik

2,81  %

5.   CINEÁL MARTHANACH NA nATHRUITHE AR IMTHOSCA

(292)

Deimhníodh san imscrúdú na hathruithe suntasacha ar struchtúr agus ar théarmaí cur chun feidhme na bhfóirdheontas díreach a dheonaigh Rialtas na Tuirce do tháirgeoirí breac i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh. Go háirithe, mar a suíodh cheana sna hathbhreithnithe a luadh in aithrisí (2) agus (3), thug Rialtas na Tuirce athrú reachtach isteach le Foraithne Uimh. 2016/8791 (57) maidir leis na tacaíochtaí talmhaíochta atá le soláthar in 2016. In Communiqué Uimh. 2016/33 (58) maidir le tacaíocht do dhobharshaothrú, leagadh amach na coinníollacha i dtaca le deonú na bhfóirdheontas.

(293)

Go bunúsach, agus i gcodarsnacht leis an imscrúdú bunaidh, i gcás ina raibh níos mó ná ceadúnas táirgthe amháin (nó “aonad feirmeoireachta éisc”) ag táirgeoir breac sa chrios féideartha céanna san fharraige, mar atá sainithe ag an Aireacht, sa taiscumar céanna (damba), nó sna taiscumair chéanna atá lonnaithe sna réigiúin chéanna, ar leis an duine céanna nó leis an bhfiontar/leis an gcuideachta chéanna é/iad, measadh gur ceadúnas nó aonad aonair amháin iad na ceadúnais nó na haonaid feirmeoireachta éisc sin ar leis an gcuideachta sin é, agus bhí an fóirdheontas díreach le híoc de réir an léirmhínithe sin.

(294)

Coinníodh an t-athrú reachtach sin i bhforaitheanta na mblianta ina dhiaidh sin, agus freisin i bhForaithne 3190 maidir le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a luaitear in aithris (57). Tugann sé sin le fios go bhfuil an t-athrú ar struchtúr agus ar chur chun feidhme na bhfóirdheontas díreach a dheonaigh Rialtas na Tuirce fós i bhfeidhm le roinnt blianta anuas agus nach bhfuil aon chomhartha ann go bhfuil sé beartaithe ag Rialtas na Tuirce tuilleadh athruithe a dhéanamh orthu.

(295)

Ina theannta sin, le leasú a rinneadh 2019 (59) ar an scéim fóirdheontais dhírigh, cuireadh teorainn suas le 350MT leis an gcainníocht atá incháilithe d’fhóirdheontais dhíreacha, i.e. laghdaíodh an uasteorainn i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh. Coinníodh an uasteorainn chéanna in 2020 le Foraithne 3190. Mar a luaitear thuas, ní raibh aon chomhartha san imscrúdú nach leanfaí leis an gcleachtas sin.

(296)

Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú, mar a leagtar amach in aithrisí (57) go (72), go raibh Rialtas na Tuirce ag méadú ar na fóirdheontais d’fheirmeoirí breac tríd na rátaí tacaíochta a scaradh. Fuair cuideachtaí atá ag saothrú breac de gach méid faoin gceadúnas feirmeoireachta céanna sochair faoi na rátaí fóirdheontais “bric” agus “bric os cionn an chileagraim” araon.

(297)

Aistriú Rialtas na Tuirce ó bhric de gach saghas a fhóirdheonú ar ráta fóirdheontais amháin i dtreo bric de gach saghas agus “bric os cionn an chileagraim” a fhóirdheonú, meastar gur de chineál marthanach é an t-aistriú sin. Tá an treocht ag méadú go tapa le blianta beaga anuas, agus níl aon chomhartha ann ó Rialtas na Tuirce nach leanfaí leis sin. An méadú sin ar shochair trí eisíocaíochtaí a dhéantar faoi na rátaí tacaíochtaí “bric os cionn an chileagraim”, cúitíonn sé sin go páirteach an laghdú ar na sochair a fhaightear le haghaidh na catagóire “bric”. Ar an iomlán, lean feirmeoirí breac de thacaíocht dhíreach a fháil ó Rialtas na Tuirce.

(298)

Thug an Coimisiún dá aire nár thit leibhéal foriomlán fhóirdheontas an táirge faoi athbhreithniú i dtéarmaí lira na Tuirce in aghaidh an chileagraim d’onnmhairí chuig an Aontas a mhéid céanna leis na dleachtanna frithchúitimh a ríomhadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is é is cúis leis sin an titim ar luach Lira na Tuirce i gcoinne an euro ó bhí an t-imscrúdú bunaidh ann, agus mar go ríomhtar an dleacht bunaithe ar an bhfóirdheontas i dtéarmaí Lira na Tuirce in aghaidh an chileagraim roinnte ar an luach CAL i Lira na Tuirce.

(299)

Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire freisin, i gcomhthráth leis an laghdú ar luach Lira na Tuirce i gcoinne an euro, go raibh tréimhsí ann ina raibh boilsciú ard sa Tuirc freisin. Dá bhrí sin, thit luach Lira na Tuirce sa tír freisin, agus na méideanna fóirdheontais a íocadh, a bhí mar an gcéanna i dtéarmaí lira na Tuirce, thit na méideanna sin i dtéarmaí réadacha. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur athrú marthanach ar imthosca é an laghdú ar an dleacht frithchúitimh ó bhí an t-imscrúdú bunaidh ann.

(300)

San aighneacht uaidh an 11 Samhain 2021, dúirt Rialtas na Tuirce go bhfuil na scéimeanna fóirdheontais sa Tuirc á n-athrú go leanúnach agus go tráthrialta agus, dá bhrí sin, nach féidir aon athrú ar na corrlaigh fhóirdheontais a mheas mar athrú marthanach. Tá onnmhairí breac ón Tuirc fós ag gearradh faoi phraghsanna thionscal an Aontais agus déanann siad díobháil ábhartha fós do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an t-athbhreithniú seo a fhoirceannadh agus leibhéal na mbeart atá i bhfeidhm a choinneáil.

(301)

Níor cuireadh san áireamh in argóintí Rialtas na Tuirce na hathruithe suntasacha ar struchtúr agus ar chur chun feidhme na scéimeanna fóirdheontais dhírigh a suíodh le linn an imscrúdaithe seo. Na héagsúlachtaí bliantúla féideartha sna rátaí fóirdheontais, ní raibh tionchar acu ar na conclúidí go raibh na himthosca san imscrúdú bunaidh an-éagsúil agus go raibh na hathruithe a rinneadh de chineál marthanach. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’argóintí Rialtas na Tuirce i ndáil leis sin.

(302)

Mar sin, mheas an Coimisiún gur tháinig athrú ar na himthosca agus gur athruithe buana atá ann. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin tar éis an nochta ach oiread.

6.   BEARTA FRITHCHÚITIMH

(303)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu, ba cheart na bearta frith-fhóirdheontais maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce a leasú chun na hathruithe ar na himthosca a chur san áireamh.

(304)

Ríomhadh na bearta frith-fhóirdheontais mar chéatadán de luach CAL onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas Eorpach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(305)

Tar éis an nochta bhreise, d’iarr Gumusdoga ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ríomh láimhdeachais iomláin an ghrúpa cuideachtaí a ndearnadh imscrúdú air chun láimhdeachas le cuideachtaí gaolmhara a áireamh – lasmuigh den ghrúpa seo de chúig chuideachta a bhfuil nasc díreach acu lena ngníomhaíochtaí a mhéid a bhaineann leis an táirge faoi athbhreithniú – ach ar cuid de ghrúpa Gumusdoga iad.

(306)

Glacadh leis an iarratas sin agus, an láimhdeachas atá ag na cuideachtaí lena mbaineann, cuireadh le láimhdeachas iomlán an ghrúpa é.

(307)

Tar éis an nochta, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte gur ríomh an Coimisiún go mícheart luach CAL dhíolacháin onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas. Mhaígh siad gur cheart don Choimisiún luachanna sonraisc DAP a mheas mar luach CAL na ndíolachán sin, agus mhaígh siad go ndearna an Coimisiún amhlaidh in imscrúduithe roimhe seo.

(308)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. Úsáideadh luach CAL na ndíolachán a rinneadh chuig an Aontas (mar a leagtar amach in aithris (297) thuas) chun an céatadán faoinar cheart an praghas allmhairiúcháin a mhéadú chun éifeacht an fhóirdheonaithe a dhíchur. Tá an luach CAL ag teastáil lena aghaidh sin ós rud é gurb é sin an luach a dhearbhaítear d’údaráis Chustaim nuair a allmhairítear isteach san Aontas.

(309)

I gcomhréir le cleachtas caighdeánach an Choimisiúin, i gcás nár tuairiscíodh an luach CAL sin, nó i gcás ina bhfuil an seachadadh ag teorainn CAL an Aontais, is é luach an tsonraisc an bonn a úsáidtear chun luach CAL a chinneadh. I gcás ina n-áirítear costais i luach an tsonraisc tar éis allmhairiú (mar shampla i gcás díolacháin ar bhonn DAP agus DDP) rinne an Coimisiún meastachán ar luach CAL na n-idirbheart sin trí úsáid a bhaint as an bhfianaise atá ar fáil. I gcás na ndíolachán DDP agus roinnt díolachán DAP, bhí luach CIF ar eolas, agus tuairiscíodh ar leithligh é sna freagraí ar an gceistneoir, agus dá bhrí sin baineadh úsáid as an luach sin. Cuireadh na luachanna CAL uile a úsáideadh san áireamh san fhaisnéis a chuir na páirtithe isteach agus fíoraíodh iad le linn na gcros-seiceálacha cianda.

(310)

I bhfianaise ardleibhéal an chomhair san imscrúdú seo, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an dleacht ar leibhéal na tíre uile a shocrú ar leibhéal na dleachta aonair is airde de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(311)

Maidir leis na rátaí dleachta frithchúitimh le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Tuirce arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe.

(312)

Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna mhonarú ag aon chuideachta eile nach luaitear a hainm i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leis na cuideachtaí a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na “cuideachtaí uile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithchúitimh aonair.

(313)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithchúitimh aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar fógra maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(314)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(315)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1037.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   In Airteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i ndiaidh na bhfocal “atá faoi láthair faoi chóid AC”:

ex 0301 91 90, ex 0302 11 80, ex 0303 14 90, ex 0304 42 90, ex 0304 82 90, ex 0305 43 00 agus ex 1604 19 10 (cóid TARIC 0301919011, 0302118011, 0303149011, 0304429010, 0304829010, 0305430011 agus 1604191011) agus ar de thionscnamh na Tuirce iad.

2.   Cuirtear an tábla thíos in ionad an tábla in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh (%)

Cód breise TARIC

Fishark Su Ürünleri Üretim ve Sanayi Ticaret A.Ş.

3,4

B985

Gümüşdoga Su Ürünleri Üretim Ihracat Ithalat AŞ

4,4

B964

Özpekler İnşaat Taahhüd Dayanıklı Tüketim Malları Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi

3,1

B966

Cuideachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn

4,0

 

Selina Balık İşleme Tesisi İthalat İhracat Ticaret Anonim Şirketi

2,8

C889

Gach cuideachta eile

4,4

B999

3.   An Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear í in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

4.   An cód breise TARIC B968 a cuireadh i leith Lezita Balik A.S., beidh feidhm aige sin maidir le Abalıoglu Balik ve Gıda Ürünleri Anonim Şirketi ón 7 Iúil 2020 i leith (an dáta a d’athraigh an chuideachta a hainm). Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Abalıoglu Balik ve Gıda Ürünleri Anonim Şirketi de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 a mhéid a bhaineann le Lezita Balik A.S., is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, Lch. 55

(2)  IO L 56, 27.2.2015, Lch. 12

(3)  IO L 139, 5.6.2018, Lch. 14

(4)  IO L 155, 18.5.2020, Lch. 3

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 183, 25.5.2021, lch. 5).

(6)  IO C 380, 20.9.2021, lch. 15

(7)  IO C 40, 5.2.2021, lch. 12.

(8)  IO L 83, 10.3.2022, lch. 60.

(9)  IO C 176, 22.5.2019, lch. 24.

(10)  IO C 86, 16.3.2020, lch. 6.

(11)  Foilsíodh an t-athrú ar an ainm in Iris na Clárlainne Tráchtála dar dáta an 7 Iúil 2020 darb uimhir 10113.

(12)  Foraithne ó Uachtarán Uimh. 3190, Decree regarding the Agricultural Supports to be Granted in 2020 [Foraithne maidir leis na Tacaíochtaí Talmhaíochta atá le Deonú in 2020], a foilsíodh in Iris Oifigiúil Uimh. 31295 dar dáta 5.11.2020.

(13)  Communiqué 2020/39, a foilsíodh in Iris Oifigiúil Uimh. 31321 dar dáta 1.12.2020

(14)  Communiqué 2020/39, Airteagal 4(f): Bric os cionn an Chileagraim: bric de mheáchan 1,25 cileagram (aon chileagram, dhá chéad caoga gram) nó níos mó in aghaidh an chinn nuair a bhaintear iad

(15)  Aithris (41) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(16)  Aithrisí (61) go (63) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L. 319, 6.11.2014, lch. 1).

(17)  Aithris (39) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(18)  Arna fhoilsiú an 19 Meitheamh 2012, Iris Oifigiúla Uimh. 28328

(19)  Arna fhoilsiú an 20 Meitheamh 2012, Iris Oifigiúla Uimh. 28329

(20)  Liostaítear an táirgeacht dobharshaothraithe go sainráite in Iarscríbhinn 2/A d’Fhoraithne Uimh. 2012/3305 i measc na n-earnálacha a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as dreasachtaí amhail díolúine ó CBL, díolúine ó dhleacht chustaim, laghdú cánach, ranníocaíochtaí le hinfheistíochtaí, tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (ranníocaíochtaí fostóirí), leithdháileadh talún, tacaíocht ráta úis, tacaíocht chánach ioncaim agus tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (ranníocaíochtaí fostaithe).

(21)  Aithrisí (45) go (48) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014.

(22)  Aithrisí (63) go (65) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(23)  Decision Memorandum for the Preliminary Affirmative Determination in the Countervailing Duty Investigation of Common Alloy Aluminium Sheet from the Republic of Turkey [Meabhrán Cinnidh i dtaca leis an Réamhchinneadh Dearfach san Imscrúdú maidir le Dleacht Frithchúitimh ar Leathán Cóimhiotal Alúmanaim Coiteann ó Phoblacht na Tuirce], cás-uimhir C-489-840, arna fhoilsiú an 7 Lúnasa 2020.

(24)  Airteagail 12 agus 13, Iris Oifigiúil Uimh. 25852 an 21 Meitheamh 2005.

(25)  Iris Oifigiúil Uimh. 30608 an 27 Samhain 2018.

(26)  Aithrisí (88) go (89) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014, a deimhníodh le hAithris (42) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309.

(27)  Aithris (70) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(28)  http://yuksekgerilim.com.tr/tr/ihracat-yuklemelerinde-devlet-navlun-destegi-hk/ (fuarthas rochtain air an 22 Lúnasa 2022)

(29)  Foilsithe in Iris Oifigiúil 4.9.2014, uimhir 29109

(30)  https://www.ziraatbank.me/en/ziraat-bank-turkey-today (arna rochtain an 24 Meitheamh 2022)

(31)  https://www.tvf.com.tr/uploads/file/law-no-6741.pdf (arna rochtain an 24 Meitheamh 2022)

(32)  https://www.tvf.com.tr/uploads/file/decree.pdf (arna rochtain an 24 Meitheamh 2022)

(33)  Aithris (67) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014.

(34)  Aithris (69) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014.

(35)  Aithris (79) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(36)  Foilsithe an 31 Márta 1987 in Iris Oifigiúil Uimh. 19417 (bis).

(37)  Foilsithe an 23 Feabhra 2013 in Iris Oifigiúil Uimh. 28568.

(38)  https://www.eximbank.gov.tr/en/product-and-services/credits/short-term-export-credits/rediscount-credit-program (arna rochtain an 24 Meitheamh 2022)

(39)  Arna eisiúint an 4 Deireadh Fómhair 2016 ag Ard-Stiúrthóireacht na Baincéireachta agus na nInstitiúidí Airgeadais agus Stiúrthóireacht um Reachtaíocht Malairte Eachtraí BCT

(40)  https://www3.tcmb.gov.tr/yillikrapor/2020/en/m-2-2.html section 2.2.4 (arna rochtain an 1 Iúil 2022)

(41)  https://ms.hmb.gov.tr/uploads/2019/05/ivme-sunum.pdf (arna rochtain an 11 Iúil 2022)

(42)  https://www.sondakika.com/ekonomi/haber-ivme-finansman-paketi-12078612/

(43)  https://www.sondakika.com/ekonomi/haber-ivme-finansman-paketi-12078612/

(44)  http://www.satso.org.tr/duyuru/5605/ivme-finansman-paketi.aspx

(45)  https://www.halkbank.com.tr/en/investor-relations/corporate-information/ownership-structure.html (fuarthas rochtain air an 8 Lúnasa 2022)

(46)  https://www.halkbank.com.tr/en/investor-relations/financial-information/annual-reports.html (arna rochtain an 8 Lúnasa 2022)

(47)  https://www.halkbank.com.tr/en/investor-relations/corporate-governance/articles-of-association.html (arna rochtain an 17 Lúnasa 2022)

(48)  https://www.halkbank.com.tr/en/about-halkbank/discover/we-are-turkiyes-sme-and-tradesman-bank.html (arna rochtain an 16 Lúnasa 2022)

(49)  https://www.halkbank.com.tr/en/investor-relations/financial-information/annual-reports.html (arna rochtain an 8 Lúnasa 2022)

(50)  https://www.hurriyet.com.tr/ekonomi/halkbanktan-1-7-milyar-lira-kar-41447902

(51)  Aithrisí (75) go (78) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014.

(52)  Aithris (83) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(53)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(54)  https://evds2.tcmb.gov.tr/index.php?/evds/portlet/K24NEG9DQ1s%3D/en (arna rochtain an 1 Iúil 2022) An ráta úis ar iasachtaí tráchtála in TL (gan Cuntas Corparáideach Rótharraingte agus Cártaí Creidmheasa Corparáideacha san áireamh) le haghaidh na n-iasachtaí arna bhfáil in TL agus an ráta úis ar iasachtaí tráchtála in EUR le haghaidh na n-iasachtaí arna bhfáil in EUR.

(55)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(56)  Aithrisí (91) agus (92) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823.

(57)  Foraithne na Tuirce Uimh. 2016/8791 maidir le fóirdheontais talmhaíochta in 2016, dar dáta an 25 Aibreán 2016 (a cuireadh chun feidhme go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2016 i leith).

(58)  An Communiqué darb ainm “Communiqué maidir le Tacaíocht do Dhobharshaothrú”, darb uimhir 2016/33 maidir le cur chun feidhme Fhoraithne Uimh. 2016/8791, foilsíodh é san Iris Oifigiúil ar an 3 Lúnasa 2016.

(59)  Foraithne 2019/1691 ón Uachtarán maidir leis na fóirdheontais talmhaíochta in 2019, dar dáta an 23 Deireadh Fómhair 2019 (a cuireadh chun feidhme go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2019) i leith, arna foilsiú in Iris Oifigiúil Uimh. 30928/24.10.2019

(60)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, Lch. 1)


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha na Tuirce nár sampláladh:

Ainm

Cód breise TARIC

Abalıoğlu Balık ve Gıda Ürünleri A.Ş.

B968

Alima Su Ürünleri ve Gıda Sanayi Ticaret A.Ş.

B974

Bağcı Balık Gıda ve Enerji Üretimi San ve Tic. A.Ş.

B977

Baypa Bayhan Su Urunleri San. Ve Tic. A.S.

C890

Ertug Balik Uretim Tesisi A.S. and More Su Urunleri A.S.

C891

Kemal Balıkçılık Ihracat Ltd. Şti.

B981

Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat İthalat ve Ticaret A.Ş.

B965

Lazsom Su Urunleri Gida Uretim Pazarlama Sanayi Ve Ticaret Limited Sirketi

C892

Liman Entegre Balıkçılık San ve Tic. Ltd. Şti.

B982

Ömer Yavuz Balikcilik Su Ürünleri San. Tic. Ltd. Sti.

B984

Premier Kultur Balikciligi Yatirim Ve Pazarlama A.S

C893

Uluturhan Balikçilik Turizm Ticaret Limited Şirketi

C894

Yavuzlar Otomotiv Balikcilik San.Tic.Ltd.Sti.

C895


CINNTÍ

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/86


CINNEADH (AE) 2022/2391 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“Comhairle na gComhaltaí”) le cinntí a dhéanamh agus moltaí a ghlacadh chun forálacha an Chomhaontaithe a chur i bhfeidhm.

(3)

Le linn an 116ú seisiún a bheidh aici, atá le reáchtáil idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022, tá Comhairle na gComhaltaí le cinneadh a ghlacadh lena leasófar an caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige mar aon le cinneadh chun modh anailíse maidir le céaracha agus eistir eitile aigéid shailligh a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí atá le glacadh ina gceangal ar an Aontas a mhéid a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) agus go bhféadfadh na cinntí atá le glacadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon maidir le caighdeáin mhargaíochta a bhaineann le hola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(5)

Baineann na cinntí atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí le hIarscríbhinn 1 a bhaint ón gcaighdeán trádála agus le simpliú na gcrann cinnteoireachta deilte-7-stiogmaisteanóil, chomh maith le hathbhreithniú 3 a áireamh, arb athbhreithniú é ar an modh maidir le céaracha agus eistir eitile aigéid shailligh a chinneadh. Saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe iad de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát, phléigh siad na cinntí sin go mion. Leis na cinntí sin, rannchuideofar le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán ola olóige agus leagfar síos creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil na hola olóige. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na cinntí sin.

(6)

I gcás ina gcuirfear glacadh na gcinntí sin i gComhairle na gComhaltaí ar atráth, le linn an 116ú seisiún a bheith aici, mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh chun tacú le glacadh na gcinntí sin a ghlacadh thar ceann an Aontais faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí a d’fhéadfadh a bheith ann trí chomhfhreagras a mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú ar choinníoll go dtionscnófar an nós imeachta sin roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí Mheitheamh 2023.

(7)

Maidir leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála a bhfuil feidhm aige maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC Uimh. 3/Rev. 19, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hoiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó ar dhoiciméid eile de chuid IOC. Ba cheart tacú leis na hoiriúnuithe teicniúla sin.

(8)

Chun leas an Aontais a chaomhnú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún, áfach, a iarraidh go gcuirfí glacadh na gcinntí lena leasaítear caighdeán trádála nó modhanna ar atráth go dtí seisiún níos déanaí de Chomhairle na gComhaltaí, dá mba dhócha go ndéanfadh faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a chuirfí i láthair roimh an 116ú seisiún nó lena linn difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i gComhairle na gComhaltaí, le linn an 116ú seisiún a bheidh aici, atá le reáchtáil idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022 nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar nós imeachta é a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a bheidh aici i mí Mheitheamh 2023 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC No. 3/Rev. 19, is é sin chun an cinneadh Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gcaighdeán trádála a bhaint agus na crainn chinnteoireachta deilte-7-stiogmaisteanóil a shimpliú; agus a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an modh COI/T.20/Do. No 28/REV 3 (Cion céaracha agus eistear eitile aigéid shailligh a chinneadh le crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach), is é sin chun modh malartach anailíse a áireamh agus roinnt athruithe beaga a dhéanamh ar an modh atá ann cheana.

Airteagal 2

Is é seasamh a bheidh ag an Aontas tacú le hoiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó ar dhoiciméid eile de chuid IOC má eascraíonn siad as an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC No. 3/Rev. 19.

Airteagal 3

I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh an 116ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí, nó lena linn, iarrfaidh an Coimisiún glacadh an chinnidh a chur ar atráth, cinneadh lena ndéanfar an caighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus an modh anailíse maidir le céaracha agus eistir eitile aigéid shailligh a leasú, go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/88


CINNEADH Uimh. 1/2022 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL

an 16 Samhain 2022

lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2392]

TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 13(1)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Samhain 2017, chuir an Cholóim a hiarraidh faoi bhráid an Aontais chun tásc geografach nua a chur le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú de bhun Airteagal 209 den Chomhaontú. Chuir an tAontas an nós imeachta agóide maidir le tásc geografach nua amháin de chuid na Colóime, agus an scrúdú air, i gcrích.

(2)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, de bhun Airteagal 257(2) den Chomhaontú, i seisiún idir Páirtí an Aontais agus an Cholóim, rinne an Fochoiste um Maoin Intleachtúil measúnú ar an bhfaisnéis i ndáil leis an tásc geografach agus mhol sé don Choiste um Thrádáil Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.

(4)

An cinneadh maidir le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, féadfar é a ghlacadh i seisiún den Choiste um Thrádáil idir Páirtí an Aontais agus an Cholóim, de bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála, ós rud é go mbaineann sé go heisiach leis an gcaidreamh déthaobhach eatarthu agus nach ndéanann sé difear do chearta ná d’oibleagáidí Tíre sínithe eile de chuid na nAindéas,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sa tábla faoi phointe (a) “Tásca Geografacha na Colóime maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe” i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú, cuirtear an iontráil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach.

Airteagal 2

Ionadaithe an Choiste um Thrádáil, ar ionadaithe iad atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a mhodhnú, déanfaidh siad an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in Quito, an 16 Samhain 2022.

Thar cheann an Choiste um Thrádáil

Ceann thoscaireacht an Aontais Eorpaigh

Paolo GARZOTTI

Ceann thoscaireacht na Colóime

Luis Felipe QUINTERO


IARSCRÍBHINN

(a)

“Tásca Geografacha na Colóime maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe”

BOCADILLO VELEÑO

Leafaos torthaí


8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/91


Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gCoiste um Thrádáil

an 16 Samhain 2022

lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2393]

TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 13(1)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Deireadh Fómhair 2017, chuir Peiriú a iarraidh faoi bhráid an Aontais chun tásca geografacha nua a chur le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú de bhun Airteagal 209 den Chomhaontú. Chuir an tAontas an nós imeachta agóide maidir le sé thásc gheografacha nua de chuid Pheiriú, agus an scrúdú orthu, i gcrích.

(2)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, de bhun Airteagal 257(2) den Chomhaontú, i seisiún idir Páirtí an Aontais agus Peiriú, rinne an Fochoiste um Maoin Intleachtúil measúnú ar an bhfaisnéis i ndáil leis na tásca geografacha agus mhol sé don Choiste um Thrádáil Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú dá réir.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.

(4)

An cinneadh maidir le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, féadfar é a ghlacadh i seisiún den Choiste um Thrádáil idir Páirtí an Aontais agus Peiriú, de bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála, ós rud é go mbaineann sé go heisiach leis an gcaidreamh déthaobhach eatarthu agus nach ndéanann sé difear do chearta ná d’oibleagáidí Tíre sínithe eile de chuid na nAindéas,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sa tábla faoi phointe (c) “Tásca Geografacha Pheiriú maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe” i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú, cuirtear na hiontrálacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach.

Airteagal 2

Ionadaithe an Choiste um Thrádáil, ar ionadaithe iad atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a mhodhnú, déanfaidh siad an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in Quito, an 16 Samhain 2022

Thar cheann an Choiste um Thrádáil

Ceann thoscaireacht an Aontais Eorpaigh

Paolo GARZOTTI

Ceann thoscaireacht Pheiriú

Jose Luis CASTILLO


IARSCRÍBHINN

(c)

“Tásca Geografacha Pheiriú maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe”

ACEITUNA DE TACNA

Ológ

CACAO AMAZONAS PERÚ

Cacó

CAFÉ MACHU PICCHU - HUADQUIÑA

Caife

CAFÉ VILLA RICA

Caife

LOCHE DE LAMBAYEQUE

Torthaí

MACA JUNÍN-PASCO

Táirge planda


8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/93


CINNEADH Uimh. 3/2022 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL

an 16 Samhain 2022

lena modhnaítear Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile [2022/2394]

TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 13(1)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Samhain 2018, chuir Eacuadór a iarraidh faoi bhráid an Aontais chun tásca geografacha nua a chur le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú de bhun Airteagal 209 den Chomhaontú. Chuir an tAontas an nós imeachta agóide maidir le trí thásc gheografacha nua de chuid na Colóime, agus an scrúdú orthu, i gcrích.

(2)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, de bhun Airteagal 257(2) den Chomhaontú, i seisiún idir Páirtí an Aontais agus Eacuadór, rinne an Fochoiste um Maoin Intleachtúil measúnú ar an bhfaisnéis i ndáil leis na tásca geografacha agus mhol sé don Choiste um Thrádáil Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú dá réir.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.

(4)

An cinneadh maidir le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, féadfar é a ghlacadh i seisiún den Choiste um Thrádáil idir Páirtí an Aontais agus Eacuadór, de bhun Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála, ós rud é go mbaineann sé go heisiach leis an gcaidreamh déthaobhach eatarthu agus nach ndéanann sé difear do chearta ná d’oibleagáidí Tíre sínithe eile de chuid na nAindéas,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sa tábla faoi phointe (d) “Tásca Geografacha Eacuadór maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe” i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an gComhaontú, cuirtear na hiontrálacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach.

Airteagal 2

Ionadaithe an Choiste um Thrádáil, ar ionadaithe iad atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a mhodhnú, déanfaidh siad an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh in Quito an 16 Samhain 2022.

Thar cheann an Choiste um Thrádáil

Ceann thoscaireacht an Aontais Eorpaigh

Paolo GARZOTTI

Ceann thoscaireacht Eacuadór

Daniel LEGARDA


IARSCRÍBHINN

(d)

‘Tásca Geografacha Eacuadór maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, fíonta, deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe’

CAFÉ DE GALAPAGOS

Caife

MANÍ DE TRANSKUTUKÚ

Pis talún

PITAHAYA AMAZÓNICA DE PALORA

Torthaí


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/95


ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE CINNEADH TARMLIGTHE Uimh. 196/22/COL

an 26 Deireadh Fómhair 2022

maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2022/2395]

Arna cheartú an 7 Samhain 2022 le Cinneadh Tarmligthe Uimh. 201/22/COL.

TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú, go háirithe Airteagail 1(2) agus 3 de Phrótacal 1 de,

Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear i bPointe 13. de Chuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Rialachán (AE) 2016/429”) (1), arna leasú agus arna n-oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe in Airteagail 257(1), 258(1), (2) agus (3) agus 259(1)(c) de,

Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear i bPointe 13e. de Chuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (“Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687”), (2) arna leasú agus arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe in Airteagal 21, 39 agus 55 de,

Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear i bPointe 13a. de Chuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018maidir le rialacha áirithe maidir le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas lena mbaineann riosca suntasach maidir leis na galair liostaithe sin a leathadh (“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882”) (3), arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe in Airteagail 1 agus 2 de agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis,

arna oiriúnú do Chomhaontú LEE le pointe 4(d) de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE.

De bharr an mhéid seo a leanas:

Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil ardphataigineach (“HPAI”) in éin agus d’fhéadfadh sé tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”). Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 go léir ón 21 Aibreán 2021 ar aghaidh.

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagraítear do HPAI in Airteagal 9(1)(a)(i) de Rialachán (AE) 2016/429 mar ghalar liostaithe atá faoi réir na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú, rialacha a leagtar síos ann. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 liostaítear galar HPAI mar ghalar chatagóir A, D agus E mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán sin.

Ceanglaítear le hAirteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ar Údarás Faireacháin CSTE (“an tÚdarás”) athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta éigeandála arna nglacadh ag údaráis inniúla na hIorua de bhun Airteagal 257(1)(a) nó 258 den Rialachán céanna i gcás ráig de ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), lena n-áirítear HPAI (“bearta Ioruacha”). Le hAirteagal 259(1)(c), ceanglaítear ar an Údarás, i gcás ina measfaidh sé gur gá cur isteach gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint, na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 257(1) lena bhformheasfar na bearta Ioruacha a ghlacadh.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú galar chatagóir A, chatagóir B agus chatagóir C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. Déantar foráil in Airteagal 21 den Rialachán sin maidir le criosanna cosanta agus faireachais a bhunú i gcás ráig de ghalar chatagóir A, lena n-áirítear HPAI. Cuirtear an réigiúnú sin i bhfeidhm go háirithe chun stádas sláinte na n-éan a chaomhnú sa chuid eile de chríoch na hIorua trí chosc a chur ar thabhairt isteach an oibreáin phataiginigh agus trí luathbhrath an ghalair a áirithiú.

Thug an Iorua fógra faoi ráig dheimhnithe e HPAI i ngabháltas ina raibh thart ar 7 000 éan a raibh uibheacha á mbreith agus á ngoradh acu (4). Tá na bearta rialaithe galar is gá déanta ag údaráis inniúla na hIorua i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear criosanna cosanta agus faireachais a bhunú mórthimpeall na ráige sin.

D’fhonn aon suaitheadh neamhriachtanach ar thrádáil laistigh de LEE a chosc, is gá tuairisc a dhéanamh go pras ar na criosanna cosanta agus faireachais a bhunaigh an Iorua i ndáil le ráigeanna HPAI.

Dá réir sin, na criosanna cosanta agus faireachais a bhaineann le HPAI san Iorua, i gcás ina gcuirtear na bearta rialaithe galar mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo lena bhformheastar bearta na hIorua de bhun Airteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ré an réigiúnaithe sin a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

Tá scrúdú déanta ag an Údarás ar na bearta rialaithe galar i gcomhar leis an Iorua, agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais, arna mbunú ag údaráis inniúla na hIorua, sách fada amach ó aon ghabháltas ina bhfuil ráig HPAI deimhnithe.

An 25 Deireadh Fómhair 2022, chuir an tÚdarás, lena Chinneadh Tarmligthe Uimh. 195/22/COL (Doiciméad Uimh. 1322967), an dréacht-Chinneadh faoi bhráid Choiste Tréidliachta agus Fíteasláintíochta CSTE i gcomhréir le hAirteagail 259(1) agus 266(2) de Rialachán (AE) 2016/429. An 26 Deireadh Fómhair 2022, thug Coiste CSTE tuairim dhearfach uaidh maidir leis an dréacht-Chinneadh. Dá réir sin, tá an dréacht-Chinneadh i gcomhréir le tuairim an Choiste.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an Iorua de bhun Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad ama na mbeart atá le cur i bhfeidhm i gcriosanna cosanta den sórt sin de bhun Airteagal 39 agus i gcriosanna faireachais den sórt sin de bhun Airteagal 55 den Rialachán Tarmligthe sin, tar éis ráig d’fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis nó in éin faoi chuing, déantar iad a bhunú agus a fhormheas ar leibhéal Stáit LEE CSTE agus liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Áiritheoidh an Iorua:

a)

go gcuimseoidh na criosanna cosanta arna mbunú ag a údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, na limistéir a liostaítear ar a laghad mar chriosanna cosanta i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

b)

go gcoimeádfar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, dá bhforáiltear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna cosanta a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Áiritheoidh an Iorua:

a)

go gcuimseoidh na criosanna faireachais arna mbunú ag a údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna faireachais i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

b)

go gcoimeádtar ar siúl na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna faireachais, dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna faireachais a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a shínithe.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an dáta is déanaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar dáta é ar a scoirfidh bearta rialaithe galar in aon cheann de na criosanna cosanta nó faireachais de bheith infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 39 nó le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, de réir mar is ábhartha.

Airteagal 6

Is ar an Iorua atá an Cinneadh seo dírithe.

Airteagal 7

Beidh an cinneadh seo barántúil sa Bhéarla.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, ag gníomhú dó faoi Chinneadh Tarmligthe Uimh. 130/20/COL,

Árni Páll ÁRNASON

Comhalta Coláiste Freagrach

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir, Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.

(2)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Chomhchoiste LEE an 5 Feabhra 2021.

(3)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.

(4)  Doiciméad Uimh. 1322915.


IARSCRÍBHINN

Cuid A

Na criosanna cosanta san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 Airteagal 2

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Na codanna de na bardais Klepp, Sandnes agus Sola i gcontae Rogaland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.80459 Soir: 5.61203

12.11.2022

Cuid B

Na criosanna faireachais san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3

Limistéar arb é atá ann:

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

Na codanna de na bardais Klepp, Sandnes, Sola agus Time i gContae Rogaland, lasmuigh den limistéar ar a bhfuil cur síos sa chrios cosanta agus laistigh de gha 10 gciliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.80459 Soir: 5.61203

22.11.2022

Na codanna de na bardais Klepp, Sandnes agus Sola i gcontae Rogaland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.80459 Soir: 5.61203

Ó 12.11.2022 go dtí 22.11.2022


Ceartúcháin

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 316/100


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 304 an 24 Samhain 2022 )

Leathanach 20, Airteagal 21, pointe 1 c):

in ionad:

“(c)

eascróga agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh agus dá dtagraítear leis na fo-cheannteidil CC seo a leanas: 0704 90, 0706 90, 0708 10, 0708 20, 0708 90, 0712 34, 0712 35, 0712 50, 0712 60, 0713 10, 0713 33, 0712 34, 0713 39, 0713 40, 0713 90, 0910 99, 1201 10, 1201 90, 1207 50, 1207 99, 1209 10, 1209 21, 1209 91 nó 1214 90 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87; ”

léitear:

“(c)

eascróga agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh agus dá dtagraítear leis na fo-cheannteidil CC seo a leanas: 0704 90, 0706 90, 0708 10, 0708 20, 0708 90, 0712 34, 0712 35, 0712 50, 0712 60, 0713 10, 0713 33, 0713 39, 0713 40, 0713 90, 0910 99, 1201 10, 1201 90, 1207 50, 1207 99, 1209 10, 1209 21, 1209 91 nó 1214 90 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87; ”