ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
7 Meitheamh 2016


Clár

 

Ceartúcháin

Leathanach

 

*

Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin, an 13 Nollaig 2007( IO C 306, 17.12.2007 )

1

 

*

Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997( IO C 340, 10.11.1997 )

6

 

*

Miontuairisc cheartaitheach maidir leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, (Ballstáit na gComhphobal Eorpach) agus Ríocht na Danmhairge, Éire, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtaobh Aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na Comhphobail Eorpacha arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Eanáir 1972( IO L 73, 27.3.1972 , agus IO L 2, 1.1.1973 )

7

 


 

(1)   Faoin tagairt L 150 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


Ceartúcháin

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Miontuairisc cheartaitheach

maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin, an 13 Nollaig 2007

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 Eagrán Speisialta Gaeilge an 17 Nollaig 2007 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 20 Bealtaine 2016 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

1.

Leathanach 13, Airteagal 1, pointe 8, téacs Airteagal 6(1), an tríú mír, na focail tosaigh:

in ionad:

“Forléireofar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt (…)”,

léitear:

“Léireofar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt (…)”.

2.

Leathanach 14, Airteagal 1, pointe 12, téacs Airteagal 8a(2), an dara mír:

in ionad:

“Ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach ag a gCeannairí Stáit nó Rialtais agus sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach.”,

léitear:

“Is iad a gCinn Stáit nó Rialtais a ionadaíonn do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus is iad a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair a bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach, a ionadaíonn do na Ballstáit sa Chomhairle”.

3.

Leathanach 17, Airteagal 1, pointe 16, téacs Airteagal 9b(2):

in ionad:

“2.   Beidh an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre.”,

léitear:

“2.   Beidh an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Chinn Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre.”.

4.

Leathanach 20, Airteagal 1, pointe 18, téacs Airteagal 9d(7), an chéad abairt:

in ionad:

“Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an t-iarrthóir atá beartaithe aici d'Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa.”,

léitear:

“Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir le haghaidh Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa.”.

5.

Leathanach 39, Airteagal 1, pointe 56, téacs Airteagal 48(3), an chéad mhír, an chéad abairt:

in ionad:

“Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.”,

léitear:

“Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Chinn Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.”.

6.

Leathanach 55, Airteagal 2, pointe 49(d):

in ionad:

“(d)

sa fhrása tosaigh de mhír 3 a athuimhrítear mar mhír 4, cuirtear ‘I gcomhréir le mír 2, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta’ in ionad ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de réir mhír 1, an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta’;”,

léitear:

“(d)

sa fhrása tosaigh de mhír 3 a athuimhrítear mar mhír 4, cuirtear ‘I gcomhréir le mír 2, féadfar an comheagrú dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagruithe náisiúnta margaíochta’ in ionad ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de réir mhír 1, an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta’;”.

7.

Leathanach 60, Airteagal 2, pointe 65, téacs Airteagal 62(3):

in ionad:

“3.   Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a), a éascú agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, forálacha a ghlacadh a bhaineann le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.”,

léitear:

“3.   Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a), a éascú agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, forálacha a ghlacadh a bhaineann le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.”.

8.

Leathanach 65, Airteagal 2, pointe 65, téacs Airteagal 63(2):

in ionad:

“(a)

stádas comhionann tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha, a bheidh bailí ar fud an Aontais;

(b)

stádas comhionann um chosaint choimhdeach do náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;

(c)

comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír isteach;

(d)

comhnósanna imeachta um thearmann comhionann nó stádas cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;

(e)

critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a scrúdú;

(f)

caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le glacadh lucht iarrtha tearmainn nó cosanta coimhdí;

(g)

comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír isteach atá ag déanamh iarratais ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach.”,

léitear:

“(a)

stádas aonfhoirmeach tearmainn do náisiúnaigh tríú tíortha, a bheidh bailí ar fud an Aontais;

(b)

stádas aonfhoirmeach cosanta coimhdí do náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfaigheann tearmann Eorpach ach a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu;

(c)

comhchóras cosanta sealadaí do dhaoine easáitithe má bhíonn rabharta mór ann de dhaoine as tír isteach;

(d)

comhnósanna imeachta chun stádas aonfhoirmeach tearmainn nó stádas aonfhoirmeach cosanta coimhdí a dheonú agus a tharraingt siar;

(e)

critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a scrúdú;

(f)

caighdeáin maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hiarratasóirí ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach a ghlacadh;

(g)

comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun bainistiú a dhéanamh ar rabhartaí daoine as tír isteach atá ag déanamh iarratais ar thearmann nó ar chosaint choimhdeach nó shealadach.”.

9.

Leathanach 71, Airteagal 2, pointe 84, téacs Airteagal 97a, an chéad mhír:

in ionad:

“Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla a chruthú chun cosaint chomhionann ar chearta maoine intleachtúla a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe um údarú, um chomhordú agus um maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais.”,

léitear:

“Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla a chruthú chun cosaint aonfhoirmeach ar chearta maoine intleachtúla a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe um údarú, um chomhordú agus um maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais.”.

10.

Leathanach 92, Airteagal 2, pointe 158, téacs Airteagal 188c(1):

in ionad:

“1.   Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail chomhionanna, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife, le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil in earraí agus i seirbhísí a thabhairt i gcrích, agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le comhionannas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.”,

léitear:

“1.   Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail aonfhoirmeacha, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife, le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil in earraí agus i seirbhísí a thabhairt i gcrích, agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le haonfhoirmeachas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.”.

11.

Leathanach 114, Airteagal 2, pointe 236, téacs Airteagal 249c(2), na focail tosaigh:

in ionad:

“Nuair is gá coinníollacha comhionanna ….”,

léitear:

“Nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha ….”.

12. B.

Prótacail a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin, Prótacal Uimh. 1 ag leasú na bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, B. Leasuithe Sonracha,

(a)

Leathanach 171, Reacht na Cúirte Breithiúnais, pointe 10(i)(i):

in ionad:

“… Sa dara habairt cuirtear ‘agus don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid’ in ionad ‘agus freisin don Chomhairle nó don Bhanc Ceannais Eorpach, má thionscain ceachtar acu an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid’;”,

léitear:

“… Sa dara habairt, cuirtear ‘agus don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid’ in ionad ‘agus freisin don Chomhairle nó don Bhanc Ceannais Eorpach, má thionscain ceachtar acu an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, agus do Pharlaimint na hEorpa, agus don Chomhairle más gníomh a ghlac an dá institiúid sin go comhpháirteach a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid’;”.

(b)

Leathanach 175, Reacht an BEI, pointe 12(h), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(iii)

cuirtear ‘Faoi chuimsiú na gConarthaí agus an Reachta seo’ in ionad ‘Faoi chuimsiú an Chonartha seo agus an Reachta seo’.”

13.

Leathanach 232, An Ionstraim Chríochnaitheach, II. Prótacail, Cuid A:

in ionad:

“A.

Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus, más gá, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:”,

léitear:

“A.

Prótacail a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus, más gá, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:”,

14.

Leathanach 233, an Ionstraim Chríochnaitheach, II. Prótacail, Cuid B:

in ionad:

“B.

Prótacail atá i gceangal le Conradh Liospóin”,

léitear:

“B.

Prótacail a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin”.

15.

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí, III Iarscríbhinn a ghabhann le Conradh Liospóin, A. Dearbhuithe maidir le forálacha na gConarthaí

(a)

Leathanach 256, Dearbhú uimhir 17, an chéad mhír:

in ionad:

“Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainmhínítear leis an gcásdlí sin.”,

léitear:

“Meabhraíonn an Chomhdháil gurb amhlaidh, i gcomhréir le cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ag an Aontas ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a shainítear leis an gcásdlí sin.”.

(b)

Leathanach 259, Dearbhú uimhir 28:

in ionad:

“28.   Dearbhú maidir le hAirteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuirfear forálacha Airteagal 78 i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Forléireofar an abairt ‘sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme ar chuir an deighilt sin as dóibh’ i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”,

léitear:

“28.   Dearbhú maidir le hAirteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tugann an Chomhdháil dá haire go gcuirfear forálacha Airteagal 78 i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Léireofar an abairt ‘sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme a mbaineann an deighilt sin leo’ i gcomhréir leis an gcásdlí atá ann de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”.


7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


Miontuairisc cheartaitheach

maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997

( Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Samhain 1997 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 20 Bealtaine 2016 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

1.

Leathanach 43, Airteagal 1, pointe 38 (a), i dtéacs Airteagal 138, mír 3:

in ionad:

“… i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit go léir ...”,

léitear:

“… i gcomhréir le nós imeachta aonfhoirmeach sna Ballstáit go léir ...”.

2.

Leathanach 101, an Prótacal maidir le seasamh na Danmhairge, an chéad lua:

in ionad:

“AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann ar an 12 Nollaig 1992, maidir le fadhbanna áirithe arna dtógáil ag an Danmhairg maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,”,

léitear:

“AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Cinn Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann ar an 12 Nollaig 1992, maidir le fadhbanna áirithe arna dtógáil ag an Danmhairg maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,”.


7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


Miontuairisc cheartaitheach

maidir leis an gConradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, (Ballstáit na gComhphobal Eorpach) agus Ríocht na Danmhairge, Éire, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtaobh Aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann, Ríocht na hIoruaidhe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na Comhphobail Eorpacha arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Eanáir 1972

( Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 73 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Márta 1972 , agus Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach L 2 Eagrán Speisialta Gaeilge an 1 Eanáir 1973 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 20 Bealtaine 2016 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

(a)

Ceartúcháin ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (arna shíniú sa Róimh an 25 Márta 1957), ar cuireadh cóip de i gceangal leis an gConradh réamhluaite

1.

Airteagal 8(1), an tríú mír:

in ionad:

“Áiritheoidh sé freisin go mbunófar téarmaíocht núicléach chomhionann agus córas caighdeánach tomhais.”,

léitear:

“Áiritheoidh sé freisin go mbunófar téarmaíocht núicléach aonfhoirmeach agus córas caighdeánach tomhais.”.

2.

Airteagal 194(2), an tríú mír:

in ionad:

“Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí chun gur fusa córas slándála chomh mór ar chomhrian agus chomh cuimsitheach agus is féidir a bhunú go comhleanúnach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit áirithe, moltaí a dhéanamh chun na críche sin”,

léitear:

“Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí chun gur fusa córas slándála chomh haonfhoirmeach agus chomh cuimsitheach agus is féidir a bhunú go comhleanúnach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit áirithe, moltaí a dhéanamh chun na críche sin”.

(b)

Ceartúcháin ar an gConradh ag bunú Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (arna shíniú sa Róimh an 25 Márta 1957), ar cuireadh cóip de i gceangal leis an gConradh réamhluaite

Airteagal 43(2), an chéad mhír:

in ionad:

“(…) chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.”,

léitear:

“(…) chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraithe dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) a chur in ionad na n-eagruithe náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.”.