ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

51
13 Feabhra 2008


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (leagan athmhúnlaithe)

1

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 107/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

8

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 108/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna

11

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 109/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna

14

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlamint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

16

 


 

(1)   Faoin tagairt L 39 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

13.2.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) UIMH. 106/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2008

maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige

(leagan athmhúnlaithe)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá líon leasuithe substaintiúla le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2422/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (3). Ba chóir an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe leis an tsoiléireacht.

(2)

Trealamh oifige is cúis le sciar suntasach den tomhaltas iomlán leictreachais. Bíonn leibhéil an-difriúil tomhaltais fuinnimh ag na múnlaí éagsúla atá ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail i gcomhair feidhmiúlachtaí comhchosúla agus tá an-phoitéinseal ann chun barr feabhais a chur ar a dtíosacht ar fhuinneamh.

(3)

Ba chóir go gcuirfeadh an feabhsú ar thíosacht trealaimh oifige ar fhuinneamh leis an bhfeabhsú ar iomaíochas an Chomhphobail agus ar chinnteacht a sholáthair fuinnimh, agus go gcuirfeadh sé le caomhnú an chomhshaoil agus le cosaint tomhaltóirí.

(4)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí bearta a chur chun cinn a bheadh dírithe ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(5)

Is inmhianaithe go gcomhordófaí na tionscnaimh náisiúnta um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh ionas go n-íoslaghdófaí an drochthionchar a d'fhéadfadh a bheith ar thionscal agus ar thrádáil ag na bearta a glacadh chun iad a chur chun feidhme.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh atá beartaithe, eadhon, rialacha a bhunú don chlár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige, a bhaint amach go leordhóthanach, agus dá bhrí sin, gur fearr a bhainfear an cuspóir sin amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(7)

Iarrtar leis an bPrótacal a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide a comhaontaíodh i Kiótó an 11 Nollaig 1997 go laghdófaí astuithe gáis cheaptha teasa an Chomhphobail 8 % tráth nach déanaí ná an tréimhse 2008 go 2012. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach, teastaíonn bearta níos treise le hastuithe dé-ocsaíd charbóin a laghdú laistigh den Chomhphobal.

(8)

Ina theannta sin, i gCinneadh Uimh. 2179/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chlár beartas agus gníomh an Chomhphobail Eorpaigh i ndáil leis an gcomhshaol agus leis an bhforbairt inbhuanaithe, ‘I dtreo na hInbhuanaitheachta’ (4), sonraíodh an lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh ar fhearais mar phríomhthosaíocht chun na ceanglais comhshaoil i ndáil le fuinneamh a chomhtháthú.

(9)

I Rún an 7 Nollaig 1998 ón gComhairle maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh sa Chomhphobal Eorpach (5), iarradh go mbainfí níos mó úsáide as an lipéadú ar fhearais agus ar threalamh.

(10)

Is inmhianaithe go gcomhordófaí na ceanglais maidir le tíosacht ar fhuinneamh, lipéid agus modhanna tástála, i gcás ar bith inar iomchuí.

(11)

Is beag an costas breise a bhíonn ar fhormhór an trealaimh oifige atá tíosach ar fhuinneamh, má bhíonn costas breise ar bith i gceist, agus dá bhrí sin d'fhéadfadh an choigilt ar leictreachas an costas breise a chlúdach laistigh de thréimhse réasúnta gairid. Féadfar, dá bhrí sin, cuspóirí coigilte fuinnimh agus laghdaithe dé-ocsaíd charbóin a bhaint amach ar bhealach costéifeachtúil sa réimse seo, gan míbhuntáistí do thomhaltóirí ná do thionscal.

(12)

Déantar trealamh oifige a thrádáil ar fud an domhain. Ba chóir go ndéanfadh Comhaontú an 20 Nollaig 2006 idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (6) (dá ngairfear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) éascú ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar chaomhnú an chomhshaoil i ndáil leis an trealamh sin. Ba chóir an Comhaontú a chur chun feidhme sa Chomhphobal.

(13)

Úsáidtear an lipéad Energy Star faoi thíosacht ar fhuinneamh ar fud an domhain. Ionas go mbeadh tionchar aige ar cheanglais na scéime lipéadaithe Energy Star, ba chóir go mbeadh an Comhphobal rannpháirteach sa chlár agus i ndréachtú na sonraíochtaí teicniúla riachtanacha. Agus é ag socrú na sonraíochtaí teicniúla sin i gcomhar le Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil (‘USEPA’), ba chóir don Choimisiún a chur roimhe leibhéil ardaidhmeannacha tíosachta ar fhuinneamh a bhaint amach, i bhfianaise bheartas an Chomhphobail maidir le tíosacht ar fhuinneamh agus i bhfianaise a spriocanna don tíosacht ar fhuinneamh.

(14)

Is gá córas éifeachtúil forghníomhaithe lena áirithiú go ndéanfar an clár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige a chur chun feidhme go cuí, go ráthófar leis coinníollacha córa iomaíochta do tháirgeoirí, agus go gcosnóidh sé cearta tomhaltóirí.

(15)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le trealamh oifige.

(16)

Ní hí Treoir 92/75/CEE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1992 maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i bhfearais tí a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí (7) an ionstraim is oiriúnaí maidir le trealamh oifige. Is é an clár deonach lipéadaithe an beart is costéifeachtúla chun tíosacht trealaimh oifige ar fhuinneamh a chur chun cinn.

(17)

Ba chóir go sannfaí ar chomhlacht iomchuí, Bord Energy Star an Chomhphobail Eorpaigh, an tasc arb é atá ann cur le leagan amach na sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus le hathbhreithniú orthu, chun cur chun feidhme éifeachtach, neodrach a bhaint amach don chlár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh. Ba chóir go mbeadh an Bord sin comhdhéanta d'ionadaithe náisiúnta agus d'ionadaithe ar pháirtithe leasmhara.

(18)

Is gá a áirithiú go mbeidh an clár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige ag teacht le príomhaidhmeanna bheartas an Chomhphobail agus go mbeidh sé comhordaithe leis an mbeartas sin agus le scéimeanna eile an Comhphobail um lipéadú nó um dheimhniú caighdeáin, amhail na scéimeanna a cuireadh ar bun le Treoir 92/75/CEE agus le Rialachán (CEE) Uimh. 880/92 ón gComhairle an 23 Márta 1992 maidir le scéim dámhachtana éicilipéid Comhphobail (8).

(19)

Ba chóir go gcomhlánfaí leis an gclár um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh na bearta a glacadh i gcomhthéacs Threoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a úsáideann fuinneamh (9). Caithfear a áirithiú mar sin go mbeidh an clár Energy Star agus an scéim éicidhearthóireachta ag teacht le chéile agus go mbeidh siad comhordaithe.

(20)

Is inmhianaithe go gcomhordófaí clár Energy Star an Chomhphobail ar bhonn an Chomhaontaithe agus ar bhonn scéimeanna deonacha eile um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige sa Chomhphobal, ionas nach gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí agus ionas nach ndéanfar an saobhadh ar an margadh a d'fhéadfaí a dhéanamh.

(21)

Is den riachtanas an trédhearcacht a ráthú i gcur chun feidhme an chláir Energy Star agus a áirithiú go mbeidh an clár ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha chun rochtain ar an scéim seo agus rannpháirtíocht inti a éascú do mhonaróirí agus d'onnmhaireoirí ó thíortha lasmuigh den Chomhphobal.

(22)

Cuirtear san áireamh leis an Rialachán seo an taithí a fuarthas le linn chéad tréimhse chur chun feidhme an chláir Energy Star sa Chomhphobal,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha don chlár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (dá ngairfear ‘an clár Energy Star’ anseo feasta) mar a shainmhínítear sa Chomhaontú é.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na grúpaí de tháirgí trealaimh oifige a shainmhínítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú, faoi réir aon leasuithe a dhéanfar ar an Iarscríbhinn sin i gcomhréir le hAirteagal XII den Chomhaontú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallóidh ‘an Lógó Coiteann’ an marc a léirítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú;

(b)

Ciallóidh ‘rannpháirtithe an chláir’ monaróirí, comhghabhálaithe, onnmhaireoirí, allmhaireoirí, miondíoltóirí agus daoine eile nó comhlachtaí eile a tharraingíonn orthu féin táirgí trealaimh oifige sonraithe atá tíosach ar fhuinneamh agus a chomhlíonann na Sonraíochtaí Coiteanna a shonraítear i bpointe (c) a chur chun cinn agus a thogair a bheith rannpháirteach sa chlár Energy Star trí chlárú leis an gCoimisiún;

(c)

Ciallóidh ‘Sonraíochtaí Coiteanna’ na ceanglais maidir le tíosacht ar fhuinneamh agus na ceanglais feidhmiúcháin, lena n-áirítear na modhanna tástála, a úsáidtear chun cáilíocht trealaimh oifige atá tíosach ar fhuinneamh don Lógó Coiteann a chinneadh.

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1.   Déanfar an clár Energy Star a chomhordú, de réir mar is iomchuí, le socruithe eile lipéadaithe nó le socruithe eile deimhnithe cáilíochta de chuid an Chomhphobail, agus go háirithe le scéimeanna eile amhail scéim dámhachtana éicilipéid an Chomhphobail, a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 880/92, tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i bhfearais tí a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí a bunaíodh le Treoir 92/75/CEE agus leis na bearta lena ndéantar Treoir 2005/32/CE a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh rannpháirtithe an chláir an Lógó Coiteann a úsáid ar a dtáirgí trealaimh oifige aonair agus ar ábhar gaolmhar cur chun cinn.

3.   Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht sa chlár Energy Star.

4.   Measfar go mbeidh an Rialachán seo á chomhlíonadh ag táirgí trealaimh oifige a bhfuil úsáid an Lógó Choitinn deonaithe dóibh ag USEPA mura mbeidh fianaise ar a mhalairt ann.

5.   Gan dochar d'aon rialacha Comhphobail maidir le measúnacht chomhréireachta agus maidir le marcáil chomhréireachta agus/nó d'aon chomhaontú idirnáisiúnta idir an Comhphobal agus tríú tíortha i ndáil le rochtain ar mhargadh an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit tástáil a dhéanamh ar tháirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chuirfear ar mhargadh an Chomhphobail chun a dheimhniú go mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 5

Clárú rannpháirtithe an chláir

1.   Cuirfear iarratais ar rannpháirtíocht sa chlár faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cinneadh maidir lena údarú d'iarratasóir a bheith rannpháirteach sa chlár, tar éis dó a fhíorú go bhfuil sé comhaontaithe ag an iarratasóir na treoirlínte d'úsáideoirí an Lógó Choitinn atá in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú a chomhlíonadh. Foilseoidh an Coimisiún liosta nuashonraithe de rannpháirtithe an chláir ar láithreán gréasáin Energy Star, agus cuirfidh sé an liosta sin chuig na Ballstáit go tráthrialta.

Airteagal 6

Critéir tíosachta ar fhuinneamh a chur chun cinn

Ar feadh ré an Chomhaontaithe, déanfaidh an Coimisiún agus institiúidí eile an Chomhphobail chomh maith leis na húdaráis rialtais láir de réir bhrí Threoir 2004/18/CE an 31 Márta 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (10), gan dochar do dhlí an Chomhphobail, don dlí náisiúnta ná do chritéir eacnamaíocha, ceanglais maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh a shonrú a bheidh ar a laghad chomh dian leis na Sonraíochtaí Coiteanna do chonarthaí soláthair phoiblí ar ionann a luach nó ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 7 den Treoir sin.

Airteagal 7

Scéimeanna deonacha eile um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh

1.   Féadfaidh scéimeanna eile deonacha um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do tháirgí trealaimh oifige sna Ballstáit atá ann cheana agus scéimeanna nua den sórt sin a bheith ann ag an am céanna leis an gclár Energy Star.

2.   Gníomhóidh an Coimisiún agus gníomhóidh na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar an comhordú atá riachtanach idir an clár Energy Star agus na scéimeanna lipéadaithe náisiúnta agus scéimeanna lipéadaithe eile sa Chomhphobal nó sna Ballstáit.

Airteagal 8

Bord Energy Star an Chomhphobail Eorpaigh

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord Energy Star an Chomhphobail Eorpaigh (‘an BESCE’) arb éard a bheidh ann na hionadaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus ionadaithe ar na páirtithe leasmhara. Déanfaidh an BESCE athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir Energy Star laistigh den Chomhphobal agus cuirfidh sé comhairle ar fáil don Choimisiún agus tabharfaidh sé cúnamh dó, de réir mar is iomchuí, chun a chumasú dó a ról mar Aonán Bainistíochta, dá dtagraítear in Airteagal IV den Chomhaontú, a chomhlíonadh.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhallfaidh an BESCE, a mhéid is féidir agus a ghníomhaíochtaí á seoladh aige, i ndáil le gach grúpa de tháirgí trealaimh oifige, rannpháirtíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara iomchuí uile a bhfuil baint acu leis an ngrúpa táirgí sin, amhail monaróirí, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí caomhnaithe comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh an BESCE, monatóireacht ar an gcaoi a rachaidh táirgí a bhfuil an Lógó Coiteann orthu i bhfód ar an margadh agus déanfaidh sé monatóireacht ar fhorbairtí ar thíosacht trealaimh oifige ar fhuinneamh d'fhonn athbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar na Sonraíochtaí Coiteanna.

4.   Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta an BESCE agus tuairimí ionadaithe náisiúnta san BESCE á gcur san áireamh.

Airteagal 9

Ionadaithe náisiúnta

Ainmneoidh gach Ballstát, de réir mar is iomchuí, saineolaithe náisiúnta i réimse an bheartais fuinnimh, údaráis nó daoine (dá ngairfear ‘ionadaithe náisiúnta’ anseo feasta) a bheidh freagrach as na tascanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích. I gcás ina n-ainmneofar breis agus aon ionadaí náisiúnta amháin, cinnfidh an Ballstát cumhachtaí gach ionadaí faoi seach agus na ceanglais chomhordaithe a mbeidh feidhm acu maidir leo.

Airteagal 10

An plean oibre

I gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 1, bunóidh an Coimisiún plean oibre. Áireoidh an plean oibre straitéis d'fhorbairt an chláir Energy Star ina leagfar amach, do na trí bliana ina dhiaidh sin, an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí maidir le feabhas a chur ar an tíosacht ar fhuinneamh, ag cuimhneamh ar an ngá atá le díriú ar ardchaighdeán cosanta tomhaltóirí agus caomhnaithe comhshaoil agus ar an bhfódú ba cheart don chlár Energy Star a chur roimhe a dhéanamh ar an margadh ar leibhéal an Chomhphobail;

(b)

liosta neamh-uileghabhálach de tháirgí trealaimh oifige ar cheart féachaint orthu mar thosaíochtaí lena n-áireamh sa chlár Energy Star;

(c)

tionscnaimh oideachais agus cur chun cinn;

(d)

moltaí maidir le comhordú agus comhoibriú idir an clár Energy Star agus na scéimeanna deonacha eile um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh sna Ballstáit.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a phlean oibre ar a laghad uair sa bhliain agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é.

Airteagal 11

Nósanna imeachta ullmhúcháin don athbhreithniú ar na critéir theicniúla

1.   D'fhonn ullmhú don athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Coiteanna agus ar na grúpaí de tháirgí trealaimh oifige a chumhdaítear le hIarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú, agus sula gcuirfear dréacht-togra faoi bhráid USEPA nó sula gcuirfear freagra chuig USEPA i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú agus i gCinneadh 2006/1005/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach maidir le comhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (11), glacfar na céimeanna a leagtar amach i mír 2 go mír 5.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an BESCE togra a chur isteach le haghaidh athbhreithniú ar an gComhaontú nó ar na Sonraíochtaí Coiteanna do tháirge. Féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid an BESCE le haghaidh athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Coiteanna do tháirge nó ar an gComhaontú. Féadfaidh an BESCE togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar a thionscnamh féin.

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an BESCE aon uair a bhfaighidh sé togra ó USEPA le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú.

4.   Nuair a bheidh a dtuairimí á gcur in iúl don Choimisiún acu, cuirfidh comhaltaí an BESCE san áireamh torthaí staidéar féidearthachta agus torthaí staidéar ar an margadh agus an teicneolaíocht atá ar fáil chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

5.   Tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar an gcuspóir maidir le Sonraíochtaí Coiteanna a leagan amach ar leibhéal ardaidhmeannach, mar a fhoráiltear in Airteagal I, mír 3 den Chomhaontú, agus é de chuspóir an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus beidh aird chuí aige ar an teicneolaíocht a bheidh ar fáil agus ar na costais ghaolmhara. Sula dtabharfaidh sé uaidh a thuairimí faoi aon Sonraíochtaí Coiteanna nua, cuirfidh an BESCE san áireamh, go háirithe, na torthaí is déanaí ar staidéir éicidhearthóireachta.

Airteagal 12

Faireachas ar an margadh agus rialú ar mhí-úsáid

1.   Ní úsáidfear an Lógó Coiteann ach i dtaca leis na táirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú agus i gcomhréir leis na treoirlínte d'úsáideoirí an Lógó Choitinn atá in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú.

2.   Toirmiscfear aon fhógraíocht mhíthreorach nó aon fhógraíocht bhréagach a dhéanamh nó úsáid a bhaint as lipéad nó lógó arb é a thiocfadh aisti go gceapfaí gurb é an Lógó Coiteann é.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear úsáid chuí as an Lógó Coiteann trí ghníomhaíocht a dhéanamh nó a chomhordú a ndéantar cur síos uirthi in Airteagal IX, mír 2, mír 3 agus mír 4 den Chomhaontú. Gníomhóidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh comhréireacht ann le forálacha an Rialacháin seo ina gcríoch féin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas. Féadfaidh na Ballstáit fianaise ar neamhchomhlíonadh rannpháirtithe an chláir a tharchur chuig an gCoimisiún le go bhféadfaidh sé gníomhaíocht tosaigh a dhéanamh.

Airteagal 13

Athbhreithniúchán

Bliain sula rachaidh an Comhaontú in éag, táirgfidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar monatóireacht ar thíosacht mhargadh an trealaimh oifige sa Chomhphobal ar fhuinneamh agus ina ndéanfar meastóireacht ar éifeachtúlacht an chláir Energy Star agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle í. Beidh sonraí cáilíochtúla sa tuarascáil chomh maith le sonraí cainníochtúla, agus sonraí maidir leis na buntáistí a eascraíonn as an gclár Energy Star, eadhon an choigilt ar fhuinneamh agus na buntáistí comhshaoil i dtéarmaí laghduithe ar astuithe dé-ocsaíd charbóin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Sula bpléifidh na Páirtithe sa Chomhaontú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal XIV, mír 2 de, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár Energy Star i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn dó a bheith i ngníomh.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2422/2001.

Déanfar tagairtí don Rialachán a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 16

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 97.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.

(3)  IO L 332, 15.12.2001, lch. 1.

(4)  IO L 275, 10.10.1998, lch. 1.

(5)  IO C 394, 17.12.1998, lch. 1.

(6)  IO L 381, 28.12.2006, lch. 26.

(7)  IO L 297, 13.10.1992, lch 16. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(8)  IO L 99, 11.4.1992, lch. 1. Rialachán arna aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 21.9.2000, lch. 1).

(9)  IO L 191, 22.7.2005, lch. 29.

(10)  IO L 134, 30.4.2004, lch. 114. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1422/2007 ón gCoimisiún (IO L 317, 5.12.2007, lch. 34).

(11)  IO L 381, 28.12.2006, lch. 24.


IARSCRÍBHINN

Rialachán (CE) Uimh. 2422/2001

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1, an abairt dheireanach

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10, an chéad mhír, an chuid tosaigh

Airteagal 10, an chéad mhír, an chuid tosaigh

Airteagal 10, an chéad mhír, an chéad fhleasc

Airteagal 10, an chéad mhír, pointe (a)

Airteagal 10, an chéad mhír, an dara fleasc

Airteagal 10, an chéad mhír, pointe (b)

Airteagal 10, an chéad fomhír, an tríú fleasc

Airteagal 10, an chéad mhír, pointe (c)

Airteagal 10, an chéad mhír, an ceathrú fleasc

Airteagal 10, an chéad mhír, pointe (d)

Airteagal 10, an dara mír, an chéad abairt

Airteagal 10, an dara mír

Airteagal 11, an chéad mhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 11, pointe 1

Airteagal 11(2)

Airteagal 11, pointe 2

Airteagal 11(3)

Airteagal 11, pointe 3, an chéad abairt

Airteagal 11(4)

Airteagal 11, pointe 3, an dara habairt

Airteagal 11(5) an chéad abairt

Airteagal 11(5) an abairt dheireanach

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14, an chéad mhír

Airteagal 14

Airteagal 14, an dara mír

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

An Iarscríbhinn


13.2.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/8


RIALACHÁN (CE) UIMH. 107/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil an nós imeachta rialúcháin a bunaíodh le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le cur i bhfeidhm maidir le bearta cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an Rialachán sin.

(2)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh, ar bearta iad a cheaptar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh, a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(3)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta Comhphobail a ghlacadh maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bianna áirithe; maoluithe ó fhorálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a bhunú; próifílí cothaitheach a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta mar aon leis na coinníollacha agus na díolúintí faoina bhféadfar iad a úsáid; liostaí de mhaímh i leith cothaithe agus sláinte a bhunú agus/nó a leasú; agus an liosta bianna a mbeidh srian nó toirmeasc ar mhaímh a dhéanamh ina leith a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(4)

I gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha cosanta sonraí, níor cheart go gcuirfeadh an t-údarú a shrianann úsáid chuig oibreoir aonair cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an maíomh céanna a úsáid.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 leis seo mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 2:

‘I gcás earraí bia neamh-réamhphacáistithe (lena n-áirítear táirgí úra amhail torthaí, glasraí nó arán) a bheidh ar díol leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí agus i gcás earraí bia a phacálfar ag an bpointe díola arna iarraidh sin don cheannaitheoir nó a bheidh réamhphacáistithe d’fhonn iad a dhíol láithreach, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 ná ag Airteagal 10(2)(a) agus (b). Féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha náisiúnta go dtí go nglacfar bearta Comhphobail faoi dheoidh a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Maidir le tuairisceoirí cineálacha (ainmníochtaí) a úsáideadh go traidisiúnta chun tréith ar leith d’aicme bianna nó deochanna a léiriú a d’fhéadfadh éifeacht ar shláinte an duine a thabhairt le tuiscint, féadfar maolú ar mhír 3 a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), ar iarratas ó na hoibreoirí gnó bia lena mbaineann. Cuirfear an t-iarratas chuig an údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit agus cuirfidh an t-údarás sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún gan mhoill é. Glacfaidh an Coimisiún na rialacha d’oibreoirí gnó bia a mbeidh iarratais den sórt sin le déanamh dá réir, agus poibleoidh sé iad, chun a áirithiú go ndéileálfar leis an iarratas go trédhearcach agus laistigh de thréimhse réasúnta.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d), an dara mír, Airteagal 3:

‘(d)

a dhearbhú, a mholadh ná a thabhairt le tuiscint nach féidir le haiste chothrom agus ilchineálach bia an méid cuí cothaitheach a sholáthar tríd is tríd. Maoluithe i gcás cothaitheach nach féidir méid dóthanach díobh a sholáthar le haiste chothrom, ilchineálach bia, lena n-áirítear na coinníollacha faoina gcuirfear na maoluithe sin i bhfeidhm, ar maoluithe iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), agus aird á tabhairt ar na coinníollacha speisialta a bheidh sna Ballstáit;’;

3.

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Faoin 19 Eanáir 2009, bunóidh an Coimisiún próifílí sainiúla cothaitheach, lena n-áirítear díolúintí, a chaithfidh bia nó catagóirí áirithe bia a chomhlíonadh ionas go ndéanfaí maímh i leith cothaithe nó sláinte ina leith, mar aon leis na coinníollacha maidir le maímh i leith cothaithe nó sláinte i gcomhair bianna nó catagóirí bianna a úsáid i ndáil le próifílí cothaitheach. Déanfar na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

‘Próifílí cothaitheach agus a gcoinníollacha úsáide, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta chun forbairtí eolaíocha ábhartha a chur san áireamh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, go háirithe oibreoirí gnó bia agus grúpaí tomhaltóirí.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Bearta lena gcinnfear na bianna nó na catagóirí bianna seachas na bianna nó na catagóirí bianna dá dtagraítear i mír 3, a mbeidh srian nó toirmeasc ar mhaímh i leith cothaithe nó sláinte a dhéanamh ina leith, agus a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus faoi threoir na fianaise eolaíche.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

‘2.   Glacfar leasuithe ar an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus, i gcás inar iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás. I gcás inar iomchuí, déanfaidh an Coimisiún páirtithe leasmhara, go háirithe oibreoirí gnó bia agus grúpaí tomhaltóirí, a tharraingt isteach sa phróiseas chun an dearcadh agus an tuiscint ar na maímh a bheidh i gceist a mheas.’;

5.

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), liosta Comhphobail faoin 31 Eanáir 2010 ar a dhéanaí, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, de mhaímh cheadaithe dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na coinníollacha go léir is gá maidir le húsáid na maíomh sin.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Aon athruithe ar an liosta dá dtagraítear i mír 3, bunaithe ar fhianaise eolaíoch a nglactar go ginearálta léi, agus a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, ar thionscnamh an Choimisiúin féin nó tar éis do Bhallstát é sin a iarraidh.’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3):

‘3.   Glacfar cinneadh críochnaitheach ar an iarratas, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Ar a shon sin, i gcás ina mbeartóidh an Coimisiún úsáid an mhaímh a shrianadh i bhfabhar an iarratasóra, ar an iarratasóir cosaint sonraí dílseánaigh a iarraidh:

(a)

glacfar cinneadh maidir le húdarú an mhaímh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(2). I gcás den sórt sin, rachaidh an t-údarú, má dheonaítear é, in éag tar éis cúig bliana;

(b)

sula rachaidh an tréimhse cúig bliana in éag, agus má shásaíonn an maíomh fós na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, maidir leis an maíomh a údarú gan srian ar an úsáid agus cinnfear an t-údarú sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, Airteagal 18(4):

‘5.   I gcás ina n-eiseoidh an tÚdarás tuairim nach dtacóidh leis an maíomh a chur isteach sa liosta dá dtagraítear i mír 4, glacfar cinneadh ar an iarratas, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún, áfach, úsáid an mhaímh a shrianadh i bhfabhar an iarratasóra, ar an iarratasóir cosaint sonraí dílseánaigh a iarraidh:

(a)

glacfar cinneadh maidir le húdarú an mhaímh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(2). I gcás den sórt sin, rachaidh an t-údarú, má dheonaítear é, in éag tar éis cúig bliana;

(b)

sula rachaidh an tréimhse cúig bliana in éag, agus má shásaíonn an maíomh fós na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhearta, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, maidir leis an maíomh a údarú gan srian ar an úsáid agus cinnfear an t-údarú sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 agus phointe 3, den dara fomhír d’Airteagal 20(2):

‘2.

an fíoras gur údaraigh an Coimisiún an maíomh i leith sláinte bunaithe ar shonraí dílseánaigh agus ar úsáid shrianta;

3.

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an dara fomhír, agus in Airteagal 18(5), an dara fomhír, an fíoras go bhfuil an maíomh i leith sláinte údaraithe i gcomhair ré teoranta.’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Is trí mhí a shocrófar mar an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

10.

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4, pointe (b):

‘(b)

glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), cinneadh maidir le maímh den sórt sin a úsáid, ar cinneadh é a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6(a), pointe (ii):

‘(ii)

tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), cinneadh maidir leis na maímh i leith sláinte abheidh údaraithe ar an dóigh sin, ar cinneadh é a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 325, 30.12.2006, lch. 37.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.

(3)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).


13.2.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/11


RIALACHÁN (CE) UIMH. 108/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil an nós imeachta rialúcháin a bunaíodh le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le cur i bhfeidhm maidir le bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an Rialachán sin a ghlacadh.

(2)

Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh, ar bearta iad a cheaptar chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(3)

Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún modhnuithe ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a ghlacadh; bianna breise a shuíomh nach bhféadfar vitimíní ná mianraí áirithe a chur iontu; cinntí a ghlacadh maidir leis na liostaí de shubstaintí údaraithe, de shubstaintí toirmiscthe nó de shubstaintí srianta eile a bhunú agus/nó a leasú; na coinníollacha faoina bhféadfar vitimíní agus mianraí a úsáid a shainmhíniú, amhail critéir íonachta, méideanna uasta, méideanna íosta agus srianta nó toirmisc eile ar vitimíní agus mianraí a chur i mbia; agus maoluithe ó fhorálacha áirithe den Rialachán sin a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, inter alia lena fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(4)

Más rud é, ar mhórchúiseanna práinne, nach féidir na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun vitimíní agus mianraí áirithe a liostaítear sna hiarscríbhinní a scriosadh agus chun substaintí áirithe eile in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a áireamh nó a leasú.

(5)

Ba chóir, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

‘3.   Glacfar modhnuithe ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), agus aird á tabhairt ar thuairim an Údaráis.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4) chun vitimín nó mianra a bhaint de na liostaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Sula ndéanfar na modhnuithe sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara, go háirithe oibreoirí gnó bia agus grúpaí tomhaltóirí.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d’Airteagal 4:

‘Bearta lena gcinnfear na bianna breise nó catagóirí bianna breise nach bhféadfar vitimíní agus mianraí áirithe a chur iontu agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) faoi threoir na fianaise eolaíche agus aird á tabhairt ar luach cothaithe na mbianna breise sin nó na gcatagóirí bianna breise sin.’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Bearta lena gcinnfear na critéir íonachta i gcomhair foirmithe vitimíní agus substaintí mianraí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm acu de bhun mhír 2 den Airteagal seo.’;

4.

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina gcuirfear vitimín nó mianra i mbianna, ní rachaidh méid iomlán an vitimín nó an mhianra a bheidh, ar chúis ar bith, sa bhia amhail mar a dhíoltar é thar na méideanna uasta. Bearta lena socrófar an méid sin agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3). Féadfaidh an Coimisiún, chun na críche sin, dréachtbhearta maidir leis na méideanna uasta a thíolacadh faoin 19 Eanáir 2009. Maidir le táirgí tiubhaithe agus táirgí díhiodráitithe, is iad na méideanna uasta a leagfar síos ná na méideanna sin a bheidh sna bianna agus iad á n-ullmhú i gcomhair tomhaltais de réir threoracha an déantóra.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Aon choinníollacha a chuirfeadh srian nó toirmeasc ar vitimín sonrach nó ar mhianra sonrach a chur i mbia nó i gcatagóir bianna, agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Is é a bheidh de thoradh ar vitimín nó mianra a chur i mbia go mbeidh méid suntasach ar a laghad den vitimín nó den mhianra sin sa bhia i gcás ina sainmhíneofar an méid sin de réir na hIarscríbhinne a ghabhann le Treoir 90/496/CEE. Bearta lena gcinnfear na méideanna íosta, lena n-áirítear aon mhéideanna níos ísle, de mhaolú ar na méideanna suntasacha thuasluaite, i gcomhair bianna sainiúla nó catagóirí sainiúla bia, agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán seo.’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1):

‘1.   Ní bheidh i lipéadú, i gcur i láthair ná i bhfógraíocht bianna a mbeidh vitimíní agus mianraí curtha leo aon ní a dhearbhódh nó a thabharfadh le tuiscint nach féidir le haiste chothrom agus ilchineálach bia méideanna cuí cothaitheach a sholáthar. I gcás inar cuí, féadfar maolú a bhaineann le cothaitheach sonrach agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’;

6.

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ar thionscnamh an Choimisiúin féin, nó ar bhonn faisnéise a sholáthróidh Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, tar éis, i ngach cás, don Údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) chun an tsubstaint nó an comhábhar a chur isteach in Iarscríbhinn III, más gá. Go háirithe:

(a)

má aithnítear éifeacht dhíobhálach ar an tsláinte, déanfar an tsubstaint agus/nó an comhábhar ina bhfuil an tsubstaint:

(i)

a chur in Iarscríbhinn III, Cuid A, agus toirmiscfear an tsubstaint nó an comhábhar ina bhfuil an tsubstaint a chur i mbianna nó a úsáid i monarú bianna; nó

(ii)

a chur in Iarscríbhinn III, Cuid B, agus ní cheadófar an tsubstaint nó an comhábhar ina bhfuil an tsubstaint a chur i mbianna ná a úsáid i monarú bianna ach amháin faoi na coinníollacha a bheidh sonraithe san Iarscríbhinn sin;

(b)

má aithnítear go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte a bheith ann ach go bhfuil neamhchinnteacht eolaíoch fós ann, cuirfear an tsubstaint in Iarscríbhinn III, Cuid C.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4) chun an tsubstaint nó an comhábhar a chur in Iarscríbhinn III, Cuid A nó B.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Laistigh de cheithre bliana ón dáta a mbeidh substaint liostaithe in Iarscríbhinn III, Cuid C, glacfar cinneadh, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus aird á tabhairt ar thuairim an Údaráis maidir le haon chomhaid a chuirfear faoina bhráid i gcomhair meastóireachta mar a luaitear i mír 4 den Airteagal seo, chun cead a thabhairt go ginearálta úsáid a bhaint as substaint a liostaítear in Iarscríbhinn III, Cuid C, nó an tsubstaint sin a liostú in Iarscríbhinn III, Cuid A nó Cuid B, de réir mar is iomchuí.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4) chun an tsubstaint nó an comhábhar a chur in Iarscríbhinn III, Cuid A nó Cuid B.’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Is trí mhí a shocrófar mar an tréimhse dá leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 325, 30.12.2006, lch. 40.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.

(3)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).


13.2.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/14


RIALACHÁN (CE) UIMH. 109/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha maidir le maímh a úsáid i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht ar bhianna.

(2)

Toirmisctear maímh i leith na sláinte mura mbeidh siad i gcomhréir leis na ceanglais ghinearálta agus leis na ceanglais shonracha a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus mura n-áirítear iad i liostaí Comhphobail de mhaímh údaraithe i leith na sláinte. Tá na liostaí sin de mhaímh i leith na sláinte fós le bunú agus nósanna imeachta a shonraítear sa Rialachán sin á leanúint. Dá thoradh sin, ní raibh na liostaí sin i bhfeidhm an 1 Iúil 2007, dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

(3)

Ar an gcúis sin, foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 do bhearta idirthréimhseacha maidir le maímh i leith na sláinte seachas na maímh a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d’fhorbairt agus do shláinte leanaí.

(4)

Maidir le maímh i leith na sláinte a thagraíonn do bhaol galar a lagdhú, ní raibh aon bheart idirthréimhseach ag teastáil. Mar gheall go dtoirmisctear le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (4), maímh a thagraíonn do chosc, do chóireáil agus do leigheas galar, agus mar gheall go dtugtar isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 aicme nua maíomh a thagraíonn do bhaol galar a laghdú, níor cheart do tháirgí a mbeadh na maímh sin orthu a bheith ar mhargadh an Chomhphobail.

(5)

Tugadh isteach an aicme maíomh a thagraíonn d’fhorbairt agus do shláinte leanaí ag céim an-déanach den nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a ghlacadh, gan foráil a dhéanamh do bhearta idirthréimhseacha. Tá táirgí a bhfuil maímh den sórt sin orthu ar mhargadh an Chomhphobail cheana féin, áfach.

(6)

D’fhonn cur isteach ar an margadh a sheachaint, is cuí, dá bhrí sin, go gcuirfí maímh a thagraíonn d’fhorbairt agus do shláinte leanaí faoi réir na mbeart idirthréimhseach céanna leis na maímh eile i leith na sláinte.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 mar seo a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):

‘1.   D’ainneoin Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2000/13/CE, féadfar na maímh seo a leanas a dhéanamh i gcás ina mbeidh siad údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 15, 16, 17 agus 19 den Rialachán seo lena n-áireamh i liosta Comhphobail de mhaímh cheadaithe den sórt sin mar aon leis na coinníollacha is gá chun na maímh sin a úsáid:

(a)

maímh faoi bhaol galar a laghdú;

(b)

maímh a thagraíonn d’fhorbairt agus do shláinte leanaí.’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d’Airteagal 28(6):

‘Maímh i leith na sláinte, seachas na maímh sin dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(a) agus in Airteagal 14(1)(a), a úsáideadh i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta roimh an dáta ar tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm, beidh siad faoi réir an méid seo a leanas:’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2007.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H. -G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  Tuairim an 26 Meán Fómhair 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Eanáir 2008.

(3)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9. Leagan ceartaithe in IO L 12, 18.1.2007, lch. 3.

(4)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE ón gCoimisiún (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).


13.2.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/16


RIALACHÁN (CE) UIMH. 110/2008 Ó PHARLAMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2008

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’éirigh le Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 ag leagan síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair deochanna biotáilleacha (3) agus le Rialachán (CEE) Uimh. 1014/90 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 1990 lena leagtar síos mionrialacha cur chun feidhme maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair deochanna biotáilleacha (4) earnáil na ndeochanna biotáilleacha a rialáil. I bhfianaise na taithí is deireanaí a bhí againn, áfach, ní mór na rialacha a bhaineann le sainmhíniú, le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú deochanna biotáilleacha agus le cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha áirithe a shoiléiriú agus modhanna táirgíochta traidisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna. Ba chóir dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(2)

Is mór ag tomhaltóirí, ag táirgeoirí agus ag earnáil na talmhaíochta sa Chomhphobal earnáil na ndeochanna biotáilleacha. Ba chóir go gcabhródh na bearta is infheidhme ar earnáil na ndeochanna biotáilleacha chun ardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, cleachtais mheabhlacha a chosc agus trédhearcacht margaidh agus iomaíocht chóir a bhaint amach. Ar an dóigh sin, ba chóir go gcosnódh na bearta sin an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha Comhphobail sa Chomhphobal agus ar mhargadh an domhain trí na cleachtais thraidisiúnta a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh chomh maith leis an éileamh méadaithe ar chosaint tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí a chur san áireamh i gcónaí. Ba chóir an nuálaíocht sa teicneolaíocht a chur san áireamh freisin sna catagóirí sin ina bhféadfadh an nuálaíocht feabhas a chur ar an gcáilíocht gan dochar a dhéanamh do charachtar traidisiúnta na ndeochanna biotáilleacha a bheadh i gceist.

(3)

Is mór an t-asraon do tháirgí talmhaíochta an Chomhphobail táirgeadh na ndeochanna biotáilleacha. Ba chóir go gcuirfí béim sa chreat rialúcháin ar an nasc láidir sin le hearnáil na talmhaíochta.

(4)

Chun cur chuige níos córasaí a áirithiú sa reachtaíocht lena rialaítear deochanna biotáilleacha, ba chóir go leagfaí amach leis an Rialachán seo critéir a shainmhíneofaí go soiléir maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha maille le cosaint sonraí geografacha.

(5)

Ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ba chóir go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deochanna biotáilleacha uile a chuirtear ar an margadh sa Chomhphobal, cibé acu sa Chomhphobal nó i dtríú tír a tháirgtear iad. D’fhonn deochanna biotáilleacha ardcháilíochta a onnmhairiú agus ionas an clú atá ar dheochanna biotáilleacha an Comhphobail ar mhargadh an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú, ba chóir go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na deochanna biotáilleacha sin a tháirgtear sa Chomhphobal lena n-onnmhairiú. Ba chóir go mbeadh feidhm freisin ag an Rialachán seo maidir le húsáid alcóil eitile agus/nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta i dtáirgeadh deochanna alcólacha agus maidir le húsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha nuair a bheidh cur i láthair agus lipéadú á ndéanamh ar bhia-ábhair. I gcásanna eisceachtúla ina n-éileoidh dlí an tríú tír is allmhaireoir í amhlaidh, ba chóir go gceadódh an Rialachán seo go ndéanfaí maolú ar fhorálacha Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

(6)

Go ginearálta, ba chóir go leanfadh an Rialachán seo de bheith ag díriú ar shainmhínithe ar dheochanna biotáilleacha ar chóir iad a aicmiú ina gcatagóirí. Na sainmhínithe sin, ba chóir go leanfadh siad orthu ag urramú na gcleachtas cáilíochta traidisiúnta ach ba chóir iad a chomhlánú nó a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina raibh sainmhínithe roimhe sin easpach nó neamhleor nó i gcás ina bhféadfaí feabhas a chur ar na sainmhínithe sin i bhfianaise na forbartha teicneolaíochta.

(7)

Chun ionchas tomhaltóirí maidir leis na hamhábhair a úsáidtear do vodca a chur san áireamh, go háirithe sna Ballstáit ina ndéantar vodca go traidisiúnta, ba chóir go ndéanfaí foráil go gcuirfí faisnéis leordhóthanach ar fáil faoin amhábhar a úsáidtear nuair a dhéantar an vodca as amhábhair de thionscnamh talmhaíochta seachas as gránaigh agus/nó as prátaí.

(8)

Chomh maith leis sin, ba chóir gur de thionscnamh talmhaíochta go heisiach é an t-alcól eitile a úsáidfear chun deochanna biotáilleacha agus deochanna alcólacha eile a dhéanamh, ionas go ndéanfaí ionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh agus go ndéanfaí de réir na gcleachtas traidisiúnta. Ba chóir go n-áiritheodh sé sin margadh do bhuntáirgí na talmhaíochta freisin.

(9)

Agus earnáil na ndeochanna biotáilleacha chomh tábhachtach agus chomh casta agus atá, is cuí bearta sonracha a leagan síos maidir le tuairisc agus cur i láthair deochanna biotáilleacha, a rachadh ní b’fhaide ná na rialacha cothrománacha a bunaíodh le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar bhia-ábhair (5). Ba chóir freisin go gcoiscfeadh na bearta sonracha sin aon mhí-úsáid a bhainfí as an téarma ‘deoch bhiotáilleach’ agus as ainmneacha deochanna biotáilleacha do tháirgí nach dtagann leis na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

(10)

Cé go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go ginearálta nach sonraítear leis an tréimhse aibithe ná leis an aois ach an comhábhar alcóil is óige amháin, ba chóir go gceadódh an Rialachán seo maolú chun próisis thraidisiúnta aosaithe atá á rialú ag na Ballstáit a chur san áireamh.

(11)

I gcomhréir leis an gConradh, nuair a bheidh beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm acu, ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann rialacha níos déine a chur i bhfeidhm, ar mhaithe le hardleibhéal cháilíocht na ndeochanna biotáilleacha agus ar mhaithe leis an éagsúlacht san earnáil, ná mar a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgeadh, tuairisciú, cur i láthair agus lipéadú na ndeochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríocha féin.

(12)

Tá feidhm ag Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin a úsáidtear i mbia-ábhair agus le hábhair bhunaidh chun iad a tháirgeadh (6) maidir le deochanna biotáilleacha. Níl le déanamh mar sin ach rialacha a leagan síos sa Rialachán seo nach bhforáiltear dóibh cheana féin sa Treoir sin.

(13)

Tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar fhorálacha an Chomhaontaithe maidir leis na Gnéithe sin de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (dá ngairtear ‘Comhaontú TRIPs’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 22 agus Airteagal 23 de, agus ar fhorálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta um Tharaifí agus Trádáil, ar cuid dhílis iad den Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle (7).

(14)

Ó tharla nach bhfuil feidhm maidir le deochanna biotáilleacha ag Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus tuairiscí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (8), ba chóir na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí geografacha ar dheochanna biotáilleacha a leagan síos sa Rialachán seo. Ba chóir sonraí geografacha a chlárú, agus go sonrófaí gur táirgí de thionscnamh críche tíre, nó de thionscnaimh réigiúin nó ceantair sa chríoch sin iad deochanna biotáilleacha nuair a bheadh cáilíocht, clú nó saintréith eile na dí biotáillí inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh.

(15)

Ba chóir nós imeachta neamh-idirdhealaitheach a leagan síos sa Rialachán seo maidir le sonraí geografacha tríú tíre agus AE a chlárú, a chomhlíonadh, a athrú agus a chealú i gcomhréir le Comhaontú TRIPs, agus an stádas ar leith atá ag sonraí geografacha seanbhunaithe á aithint.

(16)

Ba chóir na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (9).

(17)

Go háirithe, ba chóir go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh: maoluithe ar chodanna áirithe den Rialachán seo a dheonú i gcás ina n-éileofar amhlaidh le dlí na tíre is allmhaireoir; uasleibhéal milsithe a leagan síos chun barr blaise deireanach a chur ar an táirge; maolú ar na rialacha a dheonú maidir le tréimhse aibithe nó aois a léiriú; cinntí a ghlacadh maidir le hiarratais ar chlárú, maidir le cealú agus maidir le baint sonraí geografacha, agus maidir le hathruithe a dhéanamh ar an gcomhad teicniúil; liosta na sainmhínithe teicniúla agus na riachtanas teicniúil a leasú, sainmhínithe ar dheochanna biotáilleacha arna n-aicmiú i gcatagóirí a leasú agus liosta na sonraí geografacha cláraithe a leasú; agus maolú ar an nós imeachta lena rialaítear clárú sonraí geografacha agus athruithe ar an gcomhad teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(18)

D’fhéadfadh sé go gcothódh an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 go dtí na rialacha atá sa Rialachán seo deacrachtaí nach ndéileáiltear leo sa Rialachán seo. Ba chóir na bearta atá riachtanach don athrú sin, chomh maith leis na bearta atá de dhíth chun fadhbanna praiticiúla a réiteach a bhaineann go sonrach le hearnáil na ndeochanna biotáilleacha, a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE.

(19)

Chun an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 a éascú, ba chóir táirgeadh deochanna biotáilleacha faoin Rialachán sin a cheadú an chéad bhliain a gcuirfí an Rialachán seo i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh sé i gceist na stoic atá ann cheana féin a mhargú go dtí go n-ídeofaí iad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME, SAINMHÍNIÚ AGUS CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha maille le cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deochanna biotáilleacha uile a chuirtear ar an margadh sa Chomhphobal cibé acu sa Chomhphobal nó i dtríú tír a tháirgtear iad, maille leis na deochanna biotáilleacha a tháirgtear sa Chomhphobal lena n-onnmhairiú. Beidh feidhm freisin ag an Rialachán seo maidir le húsáid alcóil eitile agus/nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta i dtáirgeadh deochanna alcólacha agus maidir le húsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha nuair a bheidh cur i láthair agus lipéadú á ndéanamh ar bhia-ábhair.

3.   I gcásanna eisceachtúla ina n-éileofar le dlí an tríú tír is allmhaireoir amhlaidh, féadfaidh sé go gceadófar maolú ar fhorálacha Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 2

Sainmhíniú ar dheoch bhiotáilleach

1.   Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘deoch bhiotáilleach’ deoch alcólach:

(a)

a ceapadh lena caitheamh ag an duine;

(b)

a bhfuil cáilíochtaí orgánaileipteacha ar leith aici;

(c)

a bhfuil neart íosta alcóil 15 % inti;

(d)

a táirgeadh:

(i)

go díreach:

trí tháirgí a coipeadh go nádúrtha a dhriogadh, bíodh blastáin curtha leo nó ná bíodh, agus/nó

trí mhaothú nó trí phróiseáil den tsamhail sin ar ábhair phlandaí in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus/nó i ndriogáití de thionscnamh talmhaíochta, agus/nó i ndeochanna biotáilleacha de réir bhrí an Rialacháin seo, agus/nó

trí bhlastáin, trí shiúcraí nó trí tháirgí milsithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I(3) agus/nó trí tháirgí eile talmhaíochta agus/nó bia-ábhair a chur le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus/nó le driogáití de thionscnamh talmhaíochta agus/nó le deochanna biotáilleacha, de réir bhrí an Rialacháin seo,

(ii)

nó trí dheoch bhiotáilleach a mheascadh le ceann amháin nó níos mó:

de dheochanna biotáilleacha eile, agus/nó

d’alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó de dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta, agus/nó

de dheochanna alcólacha, agus/nó

de dheochanna.

2.   Ní mheasfar, áfach, gur deochanna biotáilleacha iad deochanna a thagann faoi chóid AC 2203, 2204, 2205, 2206 agus 2207.

3.   Ní dhéanfaidh an neart íosta alcóil dá bhforáiltear i mír 1(c) dochar do shainmhíniú an táirge i gcatagóir 41 d’Iarscríbhinn II.

4.   Chun críche an Rialacháin seo, leagtar síos na sainmhínithe teicniúla agus na riachtanais theicniúla in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Tionscnamh alcóil eitile

1.   Ní de thionscnamh ar bith seachas de thionscnamh talmhaíochta, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, an t-alcól eitile a úsáidfear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha agus i dtáirgeadh a gcomhábhar uile.

2.   Comhlíonfaidh an t-alcól eitile a úsáidfear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha an sainmhíniú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I(1) a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bheidh san alcól eitile a úsáidfear le caolú nó le tuaslagadh a dhéanamh ar dhatháin, ar bhlastáin nó ar aon bhreiseáin údaraithe eile a úsáidfear chun deochanna biotáilleacha a dhéanamh.

4.   Ní bheidh alcól de thionscnamh sintéiseach i ndeochanna alcólacha, ná alcól eile nach de thionscnamh talmhaíochta é de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Airteagal 4

Catagóirí deochanna biotáilleacha

Aicmeofar deochanna biotáilleacha ina gcatagóirí de réir na sainmhínithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 5

Rialacha ginearálta a bhaineann le catagóirí deochanna biotáilleacha

1.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos do gach ceann de na catagóirí a bhfuil uimhreacha 1 go 14 orthu in Iarscríbhinn II, na deochanna biotáilleacha a shainmhínítear inti:

(a)

táirgfear iad tríd an gcoipeadh alcólach agus an driogadh alcólach a fhaightear go heisiach ón amhábhar dá bhforáiltear sa sainmhíniú ábhartha ar an deoch bhiotáilleach lena mbaineann;

(b)

ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leo;

(c)

ní bheidh substaintí breise blaistithe iontu;

(d)

ní bheidh caramal curtha leo ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú;

(e)

ní bheidh siad milsithe ach amháin chun barr blaise deireanach a chur ar an táirge i gcomhréir le hIarscríbhinn I(3). Cinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3) an leibhéal uasta do na táirgí a úsáidfear don bharrbhlaisiú agus a liostaítear in Iarscríbhinn I(3)(a) go (f). Déanfar reachtaíocht shonrach na mBallstát a chur san áireamh.

2.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar amach do gach ceann de na catagóirí a bhfuil na huimhreacha 15 go 46 orthu in Iarscríbhinn II, na deochanna biotáilleacha a shainmhínítear inti:

(a)

féadfar iad a fháil ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)

féadfar alcól a chur leo, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) a ghabhann leis an Rialachán seo é;

(c)

féadfaidh substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe, idir nádúrtha agus nádúr-chomhionann, a bheith iontu mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE iad;

(d)

féadfaidh dathán a bheith iontu mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(10) a ghabhann leis an Rialachán seo é;

(e)

féadfar iad a mhilsiú ionas go gcomhfhreagróidh siad do shaintréithe sonracha táirge agus de réir Iarscríbhinn I(3) a ghabhann leis an Rialachán seo agus reachtaíocht shonrach na mBallstát á cur san áireamh.

3.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, deochanna biotáilleacha eile nach gcomhlíonfaidh na rialacha i gcatagóirí 1 go 46:

(a)

féadfar iad a fháil ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus/nó ó aon bhia-ábhar atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine;

(b)

féadfar alcól a bheith curtha leo, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) a ghabhann leis an Rialachán seo é;

(c)

féadfar ceann amháin nó níos mó de na blastáin a bheith ann mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 88/388/CEE iad;

(d)

féadfaidh dathán a bheith iontu de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(10) a ghabhann leis an Rialachán seo é;

(e)

féadfar iad a bheith milsithe ionas go gcomhfhreagróidh siad do shaintréithe leithleacha táirge agus de réir Iarscríbhinn I(3) a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Reachtaíocht na mBallstát

1.   Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm acu maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear ar a gcríoch féin agus go háirithe maidir le sonraí geografacha a chláraítear in Iarscríbhinn III nó d’fhonn sonraí geografacha nua a bhunú, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos a bheadh níos déine ná na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II maidir le táirgeadh, le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú fad agus a bheidh siad ag luí le dlí an Chomhphobail.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ná srian ar allmhairiú, ar dhíol ná ar thomhaltas deochanna biotáilleacha a chomhlíonfaidh an Rialachán seo.

CAIBIDIL II

TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Airteagal 7

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, sainmhínítear na téarmaí ‘tuairisc’, ‘cur i láthair’ agus ‘lípéadú’ in Iarscríbhinn I(14), (15) agus (16).

Airteagal 8

Ainmníocht díolacháin

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/13/CE, beidh an t-ainm faoina ndíolfar deoch bhiotáilleach (‘ainmníocht díolacháin’) faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

Airteagal 9

Rialacha sonracha a bhaineann le hainmníocht díolacháin

1.   Deochanna biotáilleacha a chomhlíonfaidh na sonraíochtaí do na táirgí a shainmhínítear i gcatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II, beidh an ainmníocht díolacháin a shanntar dóibh san Iarscríbhinn sin sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú a dhéanfar orthu.

2.   Deochanna biotáilleacha a chomhlíonfaidh an sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 2 ach nach gcomhlíonfaidh na rialacha chun go n-áireofaí iad i gcatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II, beidh an ainmníocht díolacháin ‘deoch bhiotáilleach’ sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú acu. Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, ní chuirfear ainmníocht eile in ionad na hainmníochta díolacháin sin ná ní athrófar í.

3.   I gcás ina gcomhlíonfaidh deoch bhiotáilleach an sainmhíniú ar níos mó ná ceann amháin de na catagóirí de dheochanna biotáilleacha atá in Iarscríbhinn II, féadfar é a dhíol faoi cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha a liostaítear do na catagóirí sin in Iarscríbhinn II.

4.   Gan dochar do mhír 9 den Airteagal seo ná d’Airteagal 10(1), ní úsáidfear na hainmneacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun cur síos ná cur i láthair de chineál ar bith a dhéanamh ar aon deoch seachas na deochanna biotáilleacha ar ina leith a liostaítear na hainmneacha sin in Iarscríbhinn II agus a chláraítear na hainmneacha sin in Iarscríbhinn III.

5.   Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le sonra geografach a chláraítear in Iarscríbhinn III agus a chláraítear i gcomhréir le Caibidil III nó sonra geografach a chláraítear in Iarscríbhinn III agus a chláraítear i gcomhréir le Caibidil III a chur ina n-ionad, nó iad a fhorlíonadh i gcomhréir le forálacha náisiúnta le sonra geografach eile ar choinníoll nach gcuirfidh an méid sin an tomhaltóir amú.

6.   Ní fhéadfar na sonraí geografacha a chláraítear in Iarscríbhinn III a fhorlíonadh ach:

(a)

le téarmaí a bheidh á n-úsáid cheana féin an 20 Feabhra 2008 le haghaidh sonraí geografacha seanbhunaithe de réir Airteagal 20, nó

(b)

i gcomhréir leis an gcomhad teicniúil ábhartha dá bhforáiltear faoi Airteagal 17(1).

7.   Ní dhéanfar deoch alcólach nach gcomhlíonfaidh ceann de na sainmhínithe a liostaítear faoi chatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II a thuairisciú, a chur i láthair nó a lipéadú trí fhocail nó frásaí amhail ‘ar nós’, ‘de chineál’, ‘stíl’, ‘déanta’, ‘blas’ nó téarmaí comhchosúla ar bith eile a cheangal leis a chuirfeadh in iúl go mbaineann siad le hainmníochtaí díolacháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus/nó le sonraí geografacha a chláraítear in Iarscríbhinn III.

8.   Ní fhéadfar trádmharc, ainm branda nó ainm ar leith ar bith a chur in ionad ainmníochta díolacháin dí biotáillí.

9.   Féadfar na hainmneacha dá dtagraítear i gcatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II a chur isteach i liosta comhábhar do bhia-ábhair ar choinníoll go mbeidh an liosta sin i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE.

Airteagal 10

Rialacha sonracha a bhaineann le húsáid ainmníochtaí díolacháin agus sonraí geografacha

1.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, beidh cosc ar úsáid téarma a liostaítear i gcatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II, nó ar úsáid sonra gheografaigh a chláraítear in Iarscríbhinn III i gcomhthéarma nó ar thagairt d’aon cheann díobh seo i gcur i láthair bia-ábhar do cheann ar bith de na téarmaí sin mura de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear an t-alcól.

2.   Beidh cosc freisin ar úsáid comhthéarma dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina ndéanfar deoch bhiotáilleach a chaolú ionas go mbeidh an neart alcóil laghdaithe faoi bhun an nirt íosta a shonraítear sa sainmhíniú ar an deoch bhiotáilleach sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na téarmaí ‘amer’ nó ‘bitter’ le haghaidh táirgí nach gclúdaítear leis an Rialachán seo.

4.   De mhaolú ar mhír 1 agus chun modhanna táirgeachta seanbhunaithe a chur san áireamh, féadfar úsáid a bhaint as na comhthéarmaí a liostaítear i gcatagóir 32(d) d’Iarscríbhinn II sa chur i láthair a dhéanfar ar licéir a tháirgtear sa Chomhphobal faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 11

Tuairisc, cur i láthair agus lipéadú meascán

1.   I gcás ina gcuirfear alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, le deoch bhiotáilleach a liostaítear i gcatagóirí 1 go 14 d’Iarscríbhinn II, beidh an ainmníocht díolacháin ‘deoch bhiotáilleach’ ar an deoch bhiotáilleach sin. Ní fhéadfar ainm a fhorchoimeádtar i gcatagóirí 1 go 14 a bheith i bhfoirm ar bith ar an deoch bhiotáilleach sin.

2.   I gcás ina ndéanfar deoch bhiotáilleach a liostaítear i gcatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II a mheascadh:

(a)

le deoch bhiotáilleach amháin nó níos mó, agus/nó

(b)

le driogáit amháin nó níos mó de thionscnamh talmhaíochta,

beidh an ainmníocht díolacháin ‘deoch bhiotáilleach’ uirthi. Caithfear an ainmníocht díolacháin sin a thaispeáint go soiléir agus go sofheicthe in áit shuntasach ar an lipéad agus ní fhéadfar ainmníocht eile a chur ina hionad ná í a athrú.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le tuairisc, cur i láthair ná lipéadú meascáin dá dtagraítear sa mhír sin má chomhlíonann sé ceann de na sainmhínithe a leagtar síos i gcatagóirí 1 go 46 d’Iarscríbhinn II.

4.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, ní fhéadfaidh tuairisc, cur i láthair nó lipéadú na ndeochanna biotáilleacha atá mar thoradh ar na meascáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ceann amháin nó níos mó de na téarmaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a thaispeáint mura cuid den ainmníocht díolacháin an téarma sin agus nach bhfuil ann ach go bhfuil sé liostaithe sa réimse radhairc céanna sa liosta de na comhábhair alcólacha go léir atá sa mheascán, agus go bhfuil an téarma ‘deoch bhiotáilleach mheasctha’ roimhe.

Déanfar an téarma ‘deoch bhiotáilleach mheasctha’ a lipéadú i gcarachtair chomhionanna aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna orthu agus an dath céanna orthu leis na carachtair a úsáidfear don ainmníocht díolacháin. Ní bheidh na carachtair níos mó ná leath méid na gcarachtar a úsáidfear don ainmníocht díolacháin.

5.   I dtaca le lipéadú agus le cur i láthair na meascán dá dtagraítear i mír 2 agus a bhfuil feidhm maidir leo ag an gceanglas comhábhair alcólacha a liostú faoi mhír 4, léireofar coibhneas gach comhábhair alcólaigh mar chéatadán in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an coibhneas sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon a seasann sé dó sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den mheascán.

Airteagal 12

Rialacha sonracha a bhaineann le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú deochanna biotáilleacha

1.   I gcás ina léireoidh tuairisc, cur i láthair nó lipéadú dí biotáillí an t-amhábhar a úsáideadh leis an alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a tháirgeadh, luafar gach alcól talmhaíochta a úsáideadh in ord íslitheach na cainníochta a úsáideadh.

2.   Ní fhéadfar tuairisc, cur i láthair ná lipéadú dí biotáillí a fhorlíonadh leis an téarma ‘cumasc’, nó ‘cumaiscthe’ ach amháin má rinneadh cumasc ar an deoch bhiotáilleach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(7).

3.   Gan dochar d’aon mhaolú a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), ní fhéadfar tréimhse aibithe ná aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás ina dtagróidh sí don chomhpháirt alcólach is óige agus ar an gcoinníoll go ndearnadh an deoch bhiotáilleach a aosú faoi mhaoirseacht ioncaim nó faoi mhaoirseacht a thugann ráthaíochtaí coibhéiseacha.

Airteagal 13

Toirmeasc ar chapsúil luaidhe-bhunaithe nó ar scragall luaidhe-bhunaithe

Ní fhéadfar deochanna biotáilleacha a choinneáil lena ndíol ná iad a chur ar an margadh i gcoimeádáin a bhfuil gairis dúnta orthu atá clúdaithe le capsúil luaidhe-bhunaithe nó le scragall luaidhe-bhunaithe.

Airteagal 14

Úsáid teanga i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha

1.   Tabharfar na mionsonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gceann amháin nó i níos mó ná ceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ionas gur furasta don tomhaltóir deiridh gach ceann de na míreanna faisnéise sin a thuiscint, mura gcuirfear an fhaisnéis ar fáil don tomhaltóir ar dhóigh eile.

2.   Ní dhéanfar aistriúchán ar lipéad ná i gcur i láthair na dí biotáillí ar na téarmaí atá i gcló iodálach in Iarscríbhinn II ná ar na sonraí geografacha atá cláraithe in Iarscríbhinn III.

3.   I gcás deochanna biotáilleacha a thionscnaítear i dtríú tíortha, ceadófar úsáid teanga oifigiúil de chuid an tríú tír inar táirgeadh an deoch bhiotáilleach má thugtar na mionsonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh chomh maith ionas gur furasta don tomhaltóir deiridh gach mír a thuiscint.

4.   Gan dochar do mhír 2, i gcás deochanna biotáilleacha a tháirgtear sa Chomhphobal agus atá ceaptha lena n-onnmhairiú, féadfar na mionsonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a athrá i dteanga seachas teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL III

SONRAÍ GEOGRAFACHA

Airteagal 15

Sonraí geografacha

1.   Chun críche an Rialacháin seo, is sonra geografach é sonra a shainaithníonn deoch bhiotáilleach mar dheoch bhiotáilleach a thionscnaíonn i gcríoch tíre, nó i réigiún nó i gceantar sa chríoch sin, nuair atá cáilíocht áirithe, clú áirithe nó saintréith áirithe eile na dí biotáillí sin inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh.

2.   Cláraítear in Iarscríbhinn III na sonraí geografacha dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ní fhéadfaidh na sonraí geografacha a chláraítear in Iarscríbhinn III teacht chun bheith ina sonraí cineálacha.

Ní fhéadfar ainmneacha a tháinig chun bheith cineálach a chlárú in Iarscríbhinn III.

Ciallaíonn ainm a tháinig chun bheith cineálach ainm dí biotáillí a bhaineann leis an ionad nó leis an limistéar ar táirgeadh nó ar cuireadh ar an margadh i dtosach ann í ach ina dhiaidh sin gur tháinig sé chun bheith ina ainm coitianta ar dheoch bhiotáilleach sa Chomhphobal.

4.   Comhlíonfaidh deochanna biotáilleacha lena ngabhann sonra geografach a chláraítear in Iarscríbhinn III sonraíochtaí uile an chomhaid theicniúil dá bhforáiltear faoi Airteagal 17(1).

Airteagal 16

Sonraí geografacha a chosaint

Gan dochar d’Airteagal 10, cosnófar na sonraí geografacha a chláraítear in Iarscríbhinn III:

(a)

ar úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála maidir le táirgí nach gclúdaítear leis an gclárú sa mhéid go bhfuil na táirgí seo inchomparáide leis an deoch bhiotáilleach a chláraítear faoin sonra geografach sin nó sa mhéid go dtagann a leithéid d’úsáid i dtír ar chlú an tsonra gheografaigh chláraithe;

(b)

ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon spreagadh fiú má léirítear fíorthionscnamh an táirge nó má úsáidtear an sonra geografach san aistriúchán nó go bhfuil téarma amhail ‘cosúil’, ‘cineál’, ‘stíl’, ‘déanta’, ‘blas’ nó aon téarma comhchosúil eile ag gabháil leis;

(c)

ar shonra bréagach nó míchruinn eile i ndáil le bunús, le tionscnamh, le cineál nó le buncháilíochtaí i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an táirge, a d’fhéadfadh tuiscint bhréige a chruthú maidir lena thionscnamh;

(d)

ar chleachtas ar bith eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Airteagal 17

Sonraí geografacha a chlárú

1.   Cuirfear iarratas ar shonra geografach a chlárú in Iarscríbhinn III faoi bhráid an Choimisiúin i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh nó beidh aistriúchán go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis. Tabharfar bunús cuí leis an iarratas sin agus beidh comhad teicniúil istigh leis lena leagfar amach na sonraíochtaí a chaithfidh an deoch bhiotáilleach lena mbaineann a chomhlíonadh.

2.   Maidir le sonraí geografacha laistigh den Chomhphobal, is é Ballstát tionscnaimh na dí biotáillí a dhéanfaidh an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1.

3.   Maidir le sonraí geografacha laistigh de thríú tír, cuirfear an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann agus beidh cruthúnas istigh leis go gcosnaítear an t-ainm atá i gceist ina thír tionscnaimh.

4.   Beidh na príomhshonraíochtaí seo a leanas ar a laghad istigh leis an gcomhad teicniúil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm agus catagóir na dí biotáillí lena n-áirítear an sonra geografach;

(b)

tuairisc ar an deoch bhiotáilleach lena n-áirítear saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus/nó orgánaileipteacha an táirge chomh maith le saintréithe sonracha na dí biotáillí i gcomparáid leis an gcatagóir ábhartha;

(c)

sainmhíniú ar an limistéar geografach lena mbaineann;

(d)

cur síos ar an modh a ndéantar an deoch bhiotáilleach agus, más iomchuí, na fíormhodhanna áitiúla nach n-athraíonn;

(e)

na mionsonraí a fhíoraíonn an nasc leis an timpeallacht gheografach nó leis an tionscnamh geografach;

(f)

riachtanais ar bith a leagfar síos le forálacha Comhphobail agus/nó le forálacha náisiúnta agus/nó le forálacha réigiúnacha;

(g)

ainm agus seoladh teagmhála an iarrthóra;

(h)

forlíonadh ar bith don sonra geografach agus/nó riail shonrach ar bith maidir le lipéadú, de réir an chomhaid theicniúil ábhartha.

5.   Fíoróidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar cuireadh isteach an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, an gcomhlíonann an t-iarratas sin an Rialachán seo.

6.   Má chinneann an Coimisiún go gcomhlíonann an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, foilseofar príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil dá dtagraítear i mír 4 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C.

7.   Laistigh de shé mhí ó dháta foilsithe an chomhaid theicniúil, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agóid a dhéanamh in aghaidh chlárú an tsonra gheografaigh in Iarscríbhinn III ar an bhforas nach gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Caithfear bunús cuí a bheith leis an agóid seo agus déanfar í a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh nó beidh aistriúchán go ceann de na teangacha sin ag gabháil léi.

8.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar chlárú an tsonra gheografaigh in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), agus aon agóid a dhéanfar á cur san áireamh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo. Foilseofar an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C.

Airteagal 18

Sonra geografach a chealú

Mura n-áiritheofar a thuilleadh comhlíonadh na sonraíochtaí atá sa chomhad teicniúil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena gcealófar an clárú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3). Foilseofar an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C.

Airteagal 19

Sonraí geografacha comhainmneacha

Clárófar sonra geografach comhainmneach a chomhlíonfaidh riachtanais an Rialacháin seo agus aird chuí á tabhairt ar chleachtas áitiúil agus ar chleachtas traidisiúnta, agus ar bhaol iarbhír na míthuisceana, go háirithe:

ainm comhainmneach a chuireann tomhaltóirí amú sa chaoi agus go gcreideann siad gur ó chríoch eile a thagann táirgí, ní chlárófar é fiú má tá an t-ainm cruinn ó thaobh foclaíochta de i ndáil le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dí biotáillí atá i gceist;

beidh úsáid sonra gheografaigh chomhainmnigh chláraithe faoi réir difríocht shoiléir a bheith ann sa chleachtas idir an t-ainm atá ar an gclár cheana féin agus an comhainm a chláraítear ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann plé go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus gan tomhaltóirí a chur amú.

Airteagal 20

Sonraí geografacha seanbhunaithe

1.   Do gach sonra geografach a chlárófar in Iarscríbhinn III an 20 Feabhra 2008, cuirfidh na Ballstáit comhad teicniúil isteach chuig an gCoimisiún mar a fhoráiltear faoi Airteagal 17(1) tráth nach déanaí ná 20 Feabhra 2015.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an bpobal ar an gcomhad teicniúil sin.

3.   I gcás nach mbeidh comhad teicniúil curtha faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 20 Feabhra 2015, bainfidh an Coimisiún an sonra geografach ó Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 21

Athrú ar an gcomhad teicniúil

Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 17 mutatis mutandis i gcás ina mbeidh an comhad teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 20(1) le hathrú.

Airteagal 22

Fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochtaí atá sa chomhad teicniúil

1.   Maidir le sonraí geografacha laistigh den Chomhphobal, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, áiritheoidh na dreamanna seo a leanas go bhfuil fíorú déanta ar chomhlíonadh na sonraíochtaí atá sa chomhad teicniúil:

údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 24(1), agus/nó

comhlacht rialaithe amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a chuirtear i gcríoch chun fíorú ar chomhlíonadh an dlí maidir le beathú agus bia, sláinte ainmhithe agus rialacha maidir le leas ainmhithe a áirithiú (10) a bheidh ag feidhmiú mar chomhlacht deimhnithe táirge.

Ainneoin na reachtaíochta náisiúnta, is iad na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe a íocfaidh costais an fhíoraithe sin ar chomhlíonadh na sonraíochtaí atá sa chomhad teicniúil.

2.   Maidir le sonraí geografacha i dtríú tír, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, áiritheoidh na dreamanna seo a leanas go bhfuil fíorú déanta ar chomhlíonadh na sonraíochtaí atá sa chomhad teicniúil:

údarás poiblí amháin nó níos mó a ainmneoidh an tríú tír, agus/nó

comhlacht nó comhlachtaí deimhnithe táirgí.

3.   Caithfidh na comhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 caighdeán Eorpach EN 45011 nó ISO/IEC Treoir 65 (Riachtanais ghinearálta do chomhlachtaí a fheidhmíonn córais dheimhnithe táirgí) a chomhlíonadh agus, ón 1 Bealtaine 2010, caithfidh siad a bheith creidiúnaithe i gcomhréir leis sin.

4.   I gcás ina roghnóidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 comhlíonadh na sonraíochtaí atá sa chomhad teicniúil a fhíorú, tabharfaidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha ar an oibiachtúlacht agus ar an neamhchlaontacht agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní ar fáil acu a bheidh riachtanach chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

Airteagal 23

An gaol idir trádmharcanna agus sonraí geografacha

1.   Trádmharc a bhfuil sonrú geografach a chláraítear in Iarscríbhinn III ann nó arb éard atá ann sonrú geografach a chláraítear in Iarscríbhinn III, diúltófar é a chlárú nó déanfar an clárú a neamhbhailiú, dá n-eascródh aon cheann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 16 óna úsáid.

2.   Agus aird chuí á tabhairt ar dhlí an Chomhphobail, trádmharc a gcomhfhreagraíonn a úsáid do cheann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar cuireadh iarratas isteach air, a cláraíodh nó a bunaíodh trí úsáid, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Chomhphobail, roimh dháta cosanta an tsonra gheografaigh ina thír bhunaidh nó roimh an 1 Eanáir 1996, féadfar leanúint lena úsáid in ainneoin clárú sonra gheografaigh, fad agus nach bhfuil cúis ar bith lena neamhbhailiú nó a chealú de réir na Chéad Treorach 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (11) nó Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail (12).

3.   Ní chlárófar sonra geografach i gcás ina bhféadfadh clárú, i bhfianaise clú agus cáil trádmhairc agus an fad atá sé á úsáid sa Chomhphobal, tomhaltóirí a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Rialú ar dheochanna biotáilleacha agus cosaint deochanna biotáilleacha

1.   Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as rialú ar dheochanna biotáilleacha. Glacfaidh siad na bearta is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo agus go sonrach, ainmneoidh siad an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as rialuithe i ndáil leis na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

2.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún in iúl dá chéile an fhaisnéis atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo agus, más gá, glacfaidh sé bearta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 25

An Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste na ndeochanna biotáilleacha cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Socrófar ag trí mhí an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 26

Leasú na nIarscríbhinní

Leasófar na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 27

Bearta cur chun feidhme

Glacfar na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 28

Bearta idirthréimhseacha agus bearta sonracha eile

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3), glacfar bearta leis an Rialachán seo a leasú, nuair is cuí:

(a)

chun an trasdul a éascú ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 go dtí na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo, faoin 20 Feabhra 2011;

(b)

chun maolú ar Airteagal 17 agus Airteagal 22 i gcásanna a mbeidh call cuí leo;

(c)

chun siombail Chomhphobail a bhunú le haghaidh sonraí geografacha d’earnáil na ndeochanna biotáilleacha.

2.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), glacfar bearta, i gcás inar cuí, le fadhbanna praiticiúla sonracha a réiteach, amhail é a dhéanamh riachtanach, i gcásanna áirithe, an áit déantúsaíochta a lua ar an lipéadú ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú agus le modhanna tagartha an Chomhphobail d’anailísiú deochanna biotáilleacha a chothú agus a fhorbairt.

3.   Is féidir leanúint le táirgeadh deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann riachtanais an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 go dtí an 20 Bealtaine 2009. Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann riachtanais an Rialacháin seo ach a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 roimh an 20 Feabhra 2008 nó go dtí an 20 Bealtaine 2009, is féidir leanúint lena gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 29

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89. Forléireofar tagairtí a dhéanfar don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

2.   Leanfaidh Rialachán (CEE) Uimh. 2009/92 ón gCoimisiún (13), Rialachán (CE) Uimh. 1267/94 ón gCoimisiún (14) agus Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000 ón gCoimisiún (15) d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an seachtú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Bealtaine 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 324, 30.12.2006, lch. 12.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.

(3)  IO L 160, 12.6.1989, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2005.

(4)  IO L 105, 25.4.1990, lch. 9. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2140/98 (IO L 270, 7.10.1998, lch. 9).

(5)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE ón gCoimisiún (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).

(6)  IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(7)  IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.

(8)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(9)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(10)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(11)  IO L 40, 11.2.1989, lch. 1. Treoir arna leasú le Cinneadh 92/10/CEE ón gComhairle (IO L 6, 11.1.1992, lch. 35).

(12)  IO L 11, 14.1.1994, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1891/2006 (IO L 386, 29.12.2006, lch. 14).

(13)  Rialachán (CEE) Uimh. 2009/92 ón gCoimisiún an 20 Iúil 1992 lena gcinntear modhanna anailíse an Chomhphobail d’alcól eitile de thionscamh talmhaíochta a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha, fíonta cumhraithe, deochanna cumhraithe fíonbhunaithe agus manglam táirgí fíonta cumhraithe á n-ullmhú (IO L 203, 21.7.1992, lch. 10

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1267/94 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 1994 lena gcuirtear i bhfeidhm na comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha maidir le deochanna biotáilleacha áirithe a aithint go frithpháirteach (IO L 138, 2.6.1994, lch. 7). Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1434/97 (IO L 196, 24.7.1997, lch. 56).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 2870/2000 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2000 lena leagtar síos modhanna tagartha Comhphobail d’anailís ar dheochanna biotáilleacha (IO L 333, 29.12.2000, lch. 20). Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 2091/2002 (IO L 322, 27.11.2002, lch. 11).


IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE TEICNIÚLA AGUS RIACHTANAIS THEICNIÚLA

Is iad seo a leanas na sainmhínithe teicniúla agus na riachtanais theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus in Airteagal 7:

(1)

Alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta

Tá na hairíonna seo a leanas ag alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta:

(a)

tréithe orgánaileipteacha: ní bhíonn blas inbhraite air seachas an blas atá ar an amhábhar;

(b)

íosneart alcóil de réir toirte: 96,0 % toirte;

(c)

uasleibhéal iarmhar:

(i)

aigéadacht iomlán, arna sloinneadh i ngraim d'aigéad aicéiteach in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 1,5,

(ii)

eistir arna sloinneadh i ngraim d'acéatáit eitile in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 1,3,

(iii)

aildéid arna sloinneadh i ngraim d'aiceataildéad in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 0,5,

(iv)

ardalcóil arna sloinneadh i ngraim de mheitil2 propanol1 in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 0,5,

(v)

meatánól arna shloinneadh i ngraim in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 30,

(vi)

eastóscán tirim arna shloinneadh i ngraim in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 1,5,

(vii)

bunanna so-ghalaithe a bhfuil nítrigin iontu arna sloinneadh i ngraim in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 0,1,

(viii)

furfural: dobhraite.

(2)

Driogáit de thionscnamh talmhaíochta

Ciallaíonn driogáit de thionscnamh talmhaíochta leacht alcólach a fhaightear trí dhriogadh, tar éis coipeadh alcólach a dhéanamh ar tháirge nó ar tháirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, nach bhfuil na hairíonna aige atá ag alcól eitile ná ag deoch bhiotáilleach ach a bhfuil cumhra agus blas an amhábhair nó na n-amhábhar a úsáidtear air go fóill.

I gcás ina ndéanfar tagairt don amhábhar a úsáidtear, caithfear an driogáit a fháil go hiomlán ón amhábhar sin.

(3)

Milsiú

Ciallaíonn milsiú ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas a úsáid agus na deochanna biotáilleacha á n-ullmhú:

(a)

siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra úrbhán, deaslós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe, síoróip shiúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (1);

(b)

úrfhíon fíonchaor coigeartaithe tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, úrfhíon úr fíonchaor;

(c)

siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear trí théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, gan aigéid mhianracha, nó gan bhreiseáin cheimiceacha eile;

(d)

mil mar a shainmhínítear í i dTreoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (2);

(e)

síoróip charúib;

(f)

substaintí nádúrtha carbaihiodráite ar bith eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí sin.

(4)

Meascadh

Ciallaíonn meascadh dhá cheann nó níos mó de dheochanna difriúla a mheascadh le chéile le haghaidh deoch nua a dhéanamh.

(5)

Alcól a chur le deoch bhiotáilleach

Ciallaíonn alcól a chur le deoch bhiotáilleach alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus/nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta a chur le deoch bhiotáilleach.

(6)

Uisce a chur le deoch bhiotáilleach

Ceadófar uisce a chur le deochanna biotáilleacha agus iad á n-ullmhú fad agus go mbeidh cáilíocht an uisce i gcomhréir le Treoir 80/777/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1980 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le saothrú agus margú uiscí mianraí nádúrtha (3) agus le Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce a bheidh ceaptha lena chaitheamh ag an duine (4), agus nach n-athraíonn an t-uisce nádúr an táirge.

Féadfar an t-uisce seo a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha.

(7)

Cumasc

Ciallaíonn cumasc dhá cheann nó níos mó de dheochanna biotáilleacha den chatagóir céanna a chur le chéile, nach bhfuil d'idirdhealú eatarthu ach difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo a leanas:

(a)

an modh ullmhúcháin;

(b)

na stileanna a úsáidtear;

(c)

an tréimhse aibithe nó an tréimhse aosaithe;

(d)

limistéar geografach an táirgthe.

Beidh an deoch bhiotáilleach a tháirgfear ar an dóigh seo sa chatagóir chéanna deochanna biotáilleacha leis an deoch bhiotáilleach bhunaidh roimh chumasc.

(8)

Aibiú nó aosú

Ciallaíonn aibiú nó aosú ligean d'imoibrithe áirithe forbairt go nádúrtha i gcoimeádáin chuí, rud a thugann cáilíochtaí orgánaileipteacha don deoch bhiotáilleach atá i gceist nach raibh aici roimhe sin.

(9)

Blaistiú

Ciallaíonn blaistiú ceann amháin nó níos mó de na blastáin a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus deoch bhiotáilleach á hullmhú.

(10)

Dathú

Ciallaíonn dathú ceann amháin nó níos mó de dhatháin mar a shainmhínítear iad i dTreoir 94/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le dathanna le haghaidh úsáide in earraí bia (5) a úsáid agus deoch bhiotáilleach á hullmhú.

(11)

Neart alcóil de réir toirte

Ciallaíonn neart alcóil de réir toirte cóimheas thoirt an alcóil íon atá i láthair sa táirge atá i gceist ag 20 oC le toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna.

(12)

Ábhar substaintí so-ghalaithe

Ciallaíonn ábhar substaintí so–ghalaithe cainníocht substaintí so–ghalaithe seachas alcól eitile agus meatánól atá i ndeoch bhiotáilleach a fhaightear go hiomlán trí dhriogadh, mar thoradh ar dhriogadh nó ar athdhriogadh na n-amhábhar a úsáidtear go heisiach.

(13)

Áit déantúsaíochta

Ciallaíonn áit déantúsaíochta an áit nó an réigiún ar tharla an chéim i bpróiseas táirgthe an táirge dheiridh a thug a carachtar agus a saincháilíochtaí bunaidh don deoch bhiotáilleach.

(14)

Tuairisc

Ciallaíonn tuairisc na téarmaí a úsáidtear ar an lipéadú, ar an gcur i láthair agus ar an bpacáistiú, ar na doiciméid a ghabhann le hiompar dí; ar na doiciméid tráchtála, go háirithe na sonraisc agus na nótaí seachadta; agus san fhógraíocht a dhéantar uirthi.

(15)

Cur i láthair

Ciallaíonn cur i láthair na téarmaí a úsáidtear ar an lipéadú agus ar an bpacáistiú, lena n-áirítear san fhógraíocht agus i dtionscnamh díolacháin, in íomhánna nó a leithéid, agus ar an gcoimeádán freisin, lena n-áirítear an buidéal agus an dúnadh.

(16)

Lipéadú

Ciallaíonn lipéadú na tuairiscí uile agus na tagairtí, na comharthaí, na dearthaí nó na trádmharcanna eile a idirdhealaíonn deoch ó dheochanna eile agus atá infheicthe ar an gcoimeádán céanna, lena n-áirítear a ghaireas séalaithe nó an chlib atá ceangailte leis an gcoimeádán agus an clúdú a chlúdaíonn scóig an bhuidéil.

(17)

Pacáistiú

Ciallaíonn pacáistiú na fillteáin chosanta, amhail páipéir, clúdaigh de gach cineál, boscaí agus cásanna, a úsáidtear agus coimeádán amháin nó níos mó á iompar agus/nó á dhíol nó á n-iompar agus/nó á ndíol.


(1)  IO L 10, 12.1.2002, lch. 53.

(2)  IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.

(3)  IO L 229, 30.8.1980, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(4)  IO L 330, 5.12.1998, lch. 32. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(5)  IO L 237, 10.9.1994, lch. 13. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.


IARSCRÍBHINN II

DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Catagóirí deochanna biotáilleacha

1.   Rum

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an rum:

(i)

ar trí choipeadh agus trí dhriogadh alcólach go heisiach a tháirgtear é, as molás nó síoróip a tháirgtear i ndéantús siúcra cána nó as sú cána siúcra é féin agus a dhriogtar ag níos lú ná 96 % toirte ionas go mbeidh saintréithe sobhraite orgánaileipteacha an rum ag an driogáit, nó

(ii)

ar trí choipeadh agus trí dhriogadh alcólach sú cána siúcra go heisiach a tháirgtear é a bhfuil saintréithe cumhra rum aige agus ábhar substaintí so-ghalaithe cothrom le 225 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin. Féadfar an deoch bhiotáilleach seo a chur ar an margadh agus an ainmníocht díolacháin ‘rum’ á cáiliú leis an bhfocal ‘talmhaíochta’ in éineacht le sonraí geografacha ar bith de chuid na ranna Francacha thar lear agus Réigiún Féinrialaithe Mhaidéara mar a chláraítear in Iarscríbhinn III iad.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag rum.

(c)

Ní dhéanfar alcól mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leis.

(d)

Ní dhéanfar rum a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha i rum ach chun an dath a oiriúnú.

(f)

Féadfar ceann ar bith de na sonraí geografacha a luaitear i gcatagóir 1 d'Iarscríbhinn III a fhorlíonadh leis an bhfocal ‘traditionnel’ nuair is trína dhriogadh ag níos lú ná 90 % toirte a tháirgtear an rum, tar éis coipeadh alcólach a dhéanamh ar ábhair tháirgthe alcóil a thagann go heisiach as an áit a mheastar a bheith ina háit táirgthe. Caithfidh an rum seo ábhar substaintí so-ghalaithe cothrom le 225 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin a bheith aige agus ní fhéadfaidh sé a bheith milsithe. Ní choisceann úsáid an fhocail ‘traditionnel’ úsáid na dtéarmaí ‘ó tháirgeadh siúcra’ nó ‘talmhaíochta’, téarmaí is féidir a chur leis an ainmníocht díolacháin ‘rum’ agus le sonraí geografacha.

Ní bheidh éifeacht ag an bhforáil seo ar úsáid an fhocail ‘traditionnel’ do gach táirge nach mbeidh clúdaithe ag an bhforáil seo, de réir a shainchritéar féin.

2.   Whisky nó Whiskey

(a)

Is deoch bhiotáilleach é whiskywhiskey ar trí na modhanna seo a leanas go heisiach a tháirgtear í:

(i)

trí dhriogadh maistreáin a dhéantar as gránbharra braichte le slánghráin ghránbharr eile, nó dá n-uireasa a

siúcraíodh trí dhiastáis na braiche atá ann, le heinsímí nádúrtha eile nó dá n-uireasa,

coipeadh trí ghníomhaíocht an ghiosta,

(ii)

trí dhriogadh amháin nó níos mó ag níos lú ná 94,8 % toirte, ionas go mbeidh cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear,

(iii)

trí aibiú na driogáite deiridh ar feadh trí bliana ar a laghad i gcascaí adhmaid nach mó ná 700 lítear a dtoilleadh.

Coinneoidh an driogáit dheiridh, nach féidir ach uisce agus caramal pléineáilte (ar mhaithe le dath) a chur léi, an dath, an cumhra agus an blas a thagann ón bpróiseas táirgthe dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii).

(b)

Is é 40 % an neart alcóil íosta de réir toirte a bheidh ag whiskywhiskey.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leis.

(d)

Ní dhéanfar whiskywhiskey a mhilsiú nó a bhlaistiú ná ní bheidh breiseáin ar bith eile ann seachas caramal pléineáilte a úsáidtear chun dath a chur air.

3.   Biotáille ghráin

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille ghráin ar trí dhriogadh maistreáin choipthe de bharra slánghráin go heisiach a tháirgtear í agus a bhfuil tréithe orgánaileipteacha aici a thagann ó na hamhábhair a úsáidtear.

(b)

Seachas ‘Korn’, is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille ghráin.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi.

(d)

Ní dhéanfar biotáille ghráin a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbiotáille ghráin ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

(f)

Ionas gur féidir le biotáille ghráin an ainmníocht díolacháin ‘branda gráin’ a iompar, ní mór gur trí dhriogadh ag níos lú ná 95 % toirte ó mhaistreán coipthe de bharra slánghráin a fuarthas í, agus ní mór di gnéithe orgánaileipteacha a léiriú a thagann ó na hamhábhair a úsáidtear.

4.   Biotáille fíona

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille fíona:

(i)

ar trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar fhíon, nó ar fhíon a neartaíodh don driogadh, go heisiach a táirgeadh í nó trí athdhriogadh driogáite fíona ag níos lú ná 86 % toirte go heisiach a táirgeadh í,

(ii)

a bhfuil cainníocht de shubstaintí so-ghalaithe inti cothrom le 125 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin,

(iii)

a bhfuil uasmhéid meatánóil inti de 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille fíona.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi.

(d)

Ní dhéanfar biotáille fíona a bhlaistiú. Ní eisiafar leis seo modhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur leis an mbiotáille fíona ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

(f)

I gcás ina ndearnadh biotáille fíona a aibiú, is féidir leanúint lena cur ar an margadh mar ‘bhiotáille fíona’, fad agus gur aibíodh í ar feadh na tréimhse ama a leagtar síos don deoch bhiotáilleach agus a shainmhínítear faoi chatagóir 5 nó ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse sin.

5.   Branda nó Weinbrand

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an BrandaWeinbrand:

(i)

a dhéantar as biotáille fíona, bíodh driogáit fíona curtha léi nó ná bíodh, driogtha ag níos lú ná 94,8 % toirte, fad agus nach dtéann an driogáit sin thar uasmhéid 50 % d'ábhar alcóil an táirge dheiridh,

(ii)

a aibítear ar feadh bliana ar a laghad i gcoimeádáin dharach nó ar feadh sé mhí ar a laghad i gcascaí darach ar lú ná 1 000 lítear a dtoilleadh,

(iii)

a bhfuil cainníocht de shubstaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 125 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin, agus a fhaightear go heisiach ó dhriogadh nó athdhriogadh na n-amhábhar a úsáidtear,

(iv)

a bhfuil uasmhéid meatánóil inti de 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte.

(b)

Is é 36 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag branda nó ag Weinbrand.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leis.

(d)

Ní dhéanfar brandaWeinbrand a bhlaistiú. Ní eiseofar leis seo modhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbranda nó leis an Weinbrand ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

6.   Biotáille mhairc fíonchaor nó marc fíonchaor

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille mhairc fíonchaor nó an marc fíonchaor a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is as marc fíonchaor a choiptear agus a dhriogtar go díreach le gal uisce nó tar éis uisce a chur leis go heisiach a tháirgtear í nó é;

(ii)

féadfar cainníocht moirte a chur leis an marc fíonchaor nach mó ná 25 kg de mhoirt in aghaidh gach 100 kg de mharc fíonchaor a úsáidfear;

(iii)

ní rachaidh cainníocht iomlán an alcóil a fhaightear ón moirt thar 35 % de chainníocht an alcóil sa táirge deiridh;

(iv)

déanfar an driogadh i láthair an mhairc féin ag níos lú ná 86 % toirte;

(v)

údaraítear athdhriogadh ag an neart alcóil céanna;

(vi)

tá cainníocht de shubstaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 140 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin agus tá íosmhéid meatánóil 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte inti.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mhairc fíonchaor nó i marc fíonchaor.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi nó leis.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mhairc fíonchaor nó marc fíonchaor a bhlaistiú. Ní eiseofar leis seo modhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbiotáille mhairc fíonchaor nó leis an marc fíonchaor ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

7.   Biotáille mhairc thorthaí

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille mhairc thorthaí a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh agus trí choipeadh mairc thorthaí seachas marc fíonchaor ag níos lú ná 86 % toirte go heisiach a fhaightear í;

(ii)

tá íosmhéid 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte de shubstaintí so-ghalaithe inti;

(iii)

is é 1 500 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte an t-uasmhéid meatánóil inti;

(iv)

is é 7 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte an t-uasmhéid aigéid hidricianaigh inti i gcás biotáille mairc chlochthorthaí;

(v)

údaraítear athdhriogadh ag an neart alcóil céanna de réir (i).

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mhairc thorthaí.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mhairc thorthaí a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbiotáille mhairc thorthaí ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

(f)

‘Biotáille mhairc’ agus ainm an toraidh ina dhiaidh an ainmníocht díolacháin a bheidh uirthi. Má úsáidtear marcanna líon éagsúil torthaí, ‘Biotáille mhairc thorthaí’ an ainmníocht díolacháin a bheidh uirthi.

8.   Biotáille rísíní nó raisin brandy

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille rísíní nó raisin brandy ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach eastóscáin fíonchaor thriomaithe de chineál ‘Fíonchaor Dubh na Corainte’ nó Moscatel Alexandria, go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 94,5 % toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ón amhábhar a úsáidtear.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil a bheidh i mbiotáille rísíní nó raisin brandy.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi.

(d)

Ní dhéanfar biotáille rísíní nó raisin brandy a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbiotáille rísíní nó raisin brandy ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

9.   Biotáille thorthaí

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille thorthaí:

(i)

ar trí choipeadh alcólach agus trí dhriogadh torthaí méithe nó úrfhíon na dtorthaí, na gcaor nó na nglasraí sin, le clocha nó gan chlocha go heisiach a tháirgtear í,

(ii)

a dhriogtar ag níos lú ná 86 % toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ó na táirgí driogtha,

(iii)

a bhfuil cainníocht de shubstaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin,

(iv)

i gcás biotáillí clochthorthaí, nach mó ná 7 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte an méid aigéid hidricianaigh atá iontu.

(b)

Is é 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh i mbiotáille thorthaí.

I gcás na mbiotáillí torthaí seo a leanas, áfach, is é an t-uasmhéid meatánóil a bheidh iontu:

(i)

1 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte a fhaightear ó na torthaí nó ó na caora seo a leanas:

pluma (Prunus domestica L.),

pluma Mirabelle (Prunus domestica L. fospeic. syriaca (Borkh.) Janch. ex. Mansf.),

pluma quetsch (Prunus domestica L.),

úll (Malus domestica Borkh.),

piorra (Pyrus communis L.) seachas piorraí Williams (Pyrus communis L. cv ‘Williams’),

sútha craobh (Rubus idaeus L.),

sméara dubha (Rubus fruticosus auct. aggr.),

aibreoga (Prunus armeniaca L.),

péitseoga (Prunus persica (L.) Batsch);

(ii)

1 350 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte a fhaightear ó na torthaí nó ó na caora seo a leanas:

Piorraí Williams (Pyrus communis L. cv ‘Williams’),

cuiríní dearga (Ribes rubrum L.),

cuiríní dubha (Ribes nigrum L.),

caora caorthainn (Sorbus aucuparia L.),

caora troim (Sambucus nigra L.),

cainchí (Cydonia oblonga Mill.),

caora aitil (Juniperus communis L. agus/nó Juniperus oxicedris L.).

(c)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille thorthaí.

(d)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi.

(e)

Ní dhéanfar biotáille thorthaí a bhlaistiú.

(f)

Is é an ainmníocht díolacháin a bheidh ar bhiotáille thorthaí an focal ‘biotáille’ agus ainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra ina dhiaidh, amhail: biotáille shilíní nó kirsch, biotáille phlumaí nó slivovitz, biotáille phlumaí mirabelle, biotáille phéitseog, biotáille úll, biotáille phiorraí, biotáille aibreog, biotáille figí, biotáille chiotrais nó biotáille fíonchaor nó biotáillí torthaí eile.

Féadfar wasser a thabhairt uirthi freisin, agus ainm an toraidh ina theannta.

Is féidir ainm an toraidh a chur in áit ‘biotáille’ agus ainm an toraidh ina dhiaidh, i gcás na dtorthaí seo a leanas amháin:

pluma mirabelle (Prunus domestica L. fospeic. syriaca (Borkh.) Janch. ex. Mansf.),

pluma (Prunus domestica L.),

quetsch (Prunus domestica L.),

toradh caithne (Arbutus unedo L.),

úll ‘Golden Delicious’.

Más baolach nach furasta don tomhaltóir deiridh ceann ar bith de na hainmníochtaí díolacháin seo a thuiscint, beidh an focal ‘biotáille’ sa lipéadú, agus míniúchán leis más gá.

(g)

Ní fhéadfar an t-ainm Williams a úsáid ach le haghaidh biotáille phiorraí a dhéantar as piorraí den chineál ‘Williams’ a dhíol.

(h)

Nuair a dhriogtar dhá thoradh, dhá chaor nó dhá ghlasra nó níos mó le chéile, díolfar an táirge faoin ainm ‘biotáille thorthaí’, nó ‘biotáille ghlasraí’ de réir mar is cuí. Is féidir an t-ainm a fhorlíonadh le hainm gach toraidh, caoire nó glasra a bheidh i gceist, in ord íslitheach na cainníochta a úsáidtear.

10.   Biotáille leanna úll agus biotáille leanna piorraí

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad biotáille leanna úll agus biotáille leanna piorraí:

(i)

ar trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar leann úll nó ar leann piorraí go heisiach a tháirgtear iad ionas go mbíonn cumhra agus blas a thagann ó na torthaí ar an driogáit,

(ii)

a bhfuil cainníocht de shubstaintí so-ghalaithe cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin iontu,

(iii)

a bhfuil uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte iontu.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille leanna úll agus i mbiotáille leanna piorraí.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leo.

(d)

Ní dhéanfar biotáille leanna úll ná biotáille leanna piorraí a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbiotáille leanna úll agus leis an mbiotáille leanna piorraí ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

11.   Biotáille mheala

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille mheala:

(i)

ar trí choipeadh agus trí dhriogadh maistreáin mheala go heisiach a tháirgtear í,

(ii)

a dhriogtar ag níos lú ná 86 % toirte ionas go mbíonn na tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a thagann ón amhábhar a úsáidtear.

(b)

Is é 35 % toirte an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mheala.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur léi.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mheala a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an mbiotáille mheala ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

(f)

Ní fhéadfar biotáille mheala a mhilsiú ach le mil.

12.   Hefebrand nó biotáille mhoirte

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an Hefebrand nó an bhiotáille mhoirte ar trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar mhoirt fíona nó ar mhoirt thorthaí coipthe go heisiach a tháirgtear í.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Hefebrand nó i mbiotáille mhoirte.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leis nó léi.

(d)

Ní dhéanfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an Hefebrand ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

(f)

Déanfar an ainmníocht díolacháin Hefebrand nó biotáille mhoirte a fhorlíonadh le hainm an amhábhair a úsáidtear.

13.   Bierbrand nó eau de vie de bière

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an Bierbrandeau de vie de bière a fhaightear go heisiach trí dhriogadh díreach faoi ghnáthbhrú ar bheoir úr ar lú ná 86 % a neart alcóil de réir toirte ionas go mbíonn tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a thagann ón mbeoir.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Bierbrand nó in eau de vie de bière.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leis.

(d)

Ní dhéanfar Bierbrandeau de vie de bière a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an Bierbrand nó leis an eau de vie de bière ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

14.   Topinambur nó biotáille bhliosán gréine

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an Topinambur nó an bhiotáille bhliosán gréine ar trí choipeadh agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar thiúbair bhliosán gréine (Helianthus tuberosus L.) go heisiach a tháirgtear í.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in topinambur nó i mbiotáille bhliosán gréine.

(c)

Ní dhéanfar alcól, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I(5) é, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh, a chur leis nó léi.

(d)

Ní dhéanfar Topinambur nó biotáille bhliosán gréine a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfaidh caramal a bheith curtha leis an Topinambur nó leis an mbiotáille bhliosán gréine ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.

15.   Vodca

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an vodca a tháirgtear as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a fhaightear trí na nithe seo a leanas a choipeadh le giosta:

(i)

prátaí agus/nó gránbharra, nó,

(ii)

amhábhair talmhaíochta eile,

agus trí dhriogadh agus/nó coigeartú a dhéanamh orthu ionas go laghdaítear go roghnaíoch tréithe orgánaileipteacha na n-amhábhar a úsáidtear agus na bhfotháirgí a fhoirmítear le linn an choipthe.

Féadfar athdhriogadh a dhéanamh i ndiaidh an phróisis sin agus/nó cóireáil a dhéanamh le cúntóirí próiseála iomchuí, lena n-áirítear cóireáil le fioghual gníomhachtaithe, le tréithe speisialta orgánaileipteacha a thabhairt dó.

Ní rachaidh uasleibhéil an iarmhair le haghaidh alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta thar na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ach amháin nach rachaidh an méid meatánóil thar 10 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca.

(c)

Ní fhéadfar aon bhlastáin a chur leis ach na comhdhúile nádúrtha blaistithe sin a bhíonn i láthair i ndriogáit a fhaightear ó na hamhábhair choipthe. Ina theannta sin, féadfar tréithe orgánaileipteacha speisialta, seachas blas ceannasach, a thabhairt don táirge.

(d)

Beidh an sonrú ‘a táirgeadh ó …’ agus ainm an amhábhair nó ainm na n-amhábhar a úsáideadh chun an t-alcól eitile de tháirgeadh talmhaíochta a tháirgeadh sa tuairisc, sa chur i láthair, agus sa lipéadú a dhéanfar ar vodca nach mbeidh táirgthe go heisiach ón amhábhar nó ó na hamhábhair a liostaítear i mír (a)(i). Déanfar an lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE.

16.   Biotáille (ainm an toraidh ina dhiaidh), a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh

(a)

Is deoch bhiotáilleach í an bhiotáille (ainm an toraidh ina dhiaidh) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh:

(i)

a tháirgtear trí thorthaí nó trí chaora a liostaítear faoi mhír (ii) a mhaothú, cibé acu más leathchoipthe nó gan a bheith coipthe atá siad, agus lenar féidir uasmhéid de 20 lítear d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó biotáille agus/nó driogáit a dhíorthaíonn ón toradh céanna a chur léi in aghaidh gach 100 kg de thorthaí nó de chaora coipthe, agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte a dhéanamh ina dhiaidh sin.

(ii)

a fhaightear ó na torthaí nó na caora seo a leanas:

sméar dubh (Rubus fruticosus auct. aggr.),

sú talún (Fragaria spp.),

fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

sú craobh (Rubus idaeus L.),

cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

airne (Prunus spinosa L.),

caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

caor shoirb (Sorbus domestica L.),

caor chuilinn (Ilex cassine L.),

caor shoirb fhiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz),

caor troim (Sambucus nigra L.),

mogóir róis (Rosa canina L.),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.).

banana (Musa spp.),

páiseog (Passiflora edulis Sims),

ambarella (Spondias dulcis Sol. ex Parkinson),

moimbin buí (Spondias mombin L.)

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag Biotáille (agus ainm an toraidh ina dhiaidh) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh.

(c)

Ní dhéanfar Biotáille (agus ainm an toraidh ina dhiaidh) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a bhlaistiú.

(d)

Maidir le lipéadú agus cur i láthair Biotáille (agus ainm an toraidh ina dhiaidh) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh, ní mór do na focail ‘a fuarthas trí mhaothú agus trí dhriogadh’ a bheith sa tuairisc, sa chur i láthair nó sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal ‘Biotáille (agus ainm an toraidh ina dhiaidh)’, agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh.

17.   Geist (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear)

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an Geist (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear) a fhaightear trí mhaothú torthaí agus caor neamhchoipthe a liostaítear i gcatagóir 16(a)(ii) nó glasraí, cnónna, nó ábhair phlandaí eile amhail luibheanna nó peitil róis in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, agus trí dhriogadh ina dhiaidh sin ag níos lú ná 86 % toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag Geist (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear).

(c)

Ní dhéanfar Geist (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear) a bhlaistiú.

18.   Ceadharlach

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an ceadharlach a dhéantar as driogáit cheadharlaigh a fhaightear ó choipeadh fréamhacha ceadharlaigh a gcuirtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta leis nó nach gcuirtear.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag ceadharlach.

(c)

Ní dhéanfar ceadharlach a bhlaistiú.

19.   Deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an aitil orthu

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an aitil orthu a dhéantar trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus/nó biotáille ghráin agus/nó driogáit ghráin a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L. agus/nó Juniperus oxicedris L.)

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an aitil orthu.

(c)

Féadfar substaintí nádúrtha agus/nó substaintí nádúr-chomhionanna blaistithe eile mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) de Threoir 88/388/CEE agus/nó ullmhóidí blaistithe a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(c) den Treoir sin, agus/nó plandaí aramatacha nó codanna de phlandaí aramatacha a úsáid chomh maith, ach ní mór do na tréithe orgánaileipteacha aitil a bheith inaitheanta, fiú má tá siad maolaithe uaireanta.

(d)

Féadfaidh an ainmníocht díolachán Wacholdergenebra a bheith ar dheochanna biotáilleacha a bhfuil blas an aitil orthu.

20.   Gin

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi é an gin a dhéantar trí alcól eitile de bhunús talmhaíochta, atá oiriúnach go horgánaileipteach, a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L.).

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i gin.

(c)

Ní úsáidfear ach substaintí nádúrtha agus/nó substaintí nádúr-chomhionanna blaistithe amháin mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) de Threoir 88/388/CEE agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(c) den Treoir sin chun gin a dhéanamh ionas gurb é blas an aitil an blas is mó a bheidh air.

21.   Gin driogtha

(a)

Is éard atá sa gin driogtha:

(i)

deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi agus ar trí athdhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta atá oiriúnach go horgánaileipteach agus ar de cháilíocht chuí é agus a bhfuil neart alcóil tosaigh de 96 % toirte ann ar a laghad, go heisiach a tháirgtear í, i stileanna a úsáidtear go traidisiúnta le haghaidh gin, i láthair caor aitil (Juniperus communis L.) agus luibheanna nádúrtha eile fad agus gurb é blas an aitil is mó atá uirthi, nó

(ii)

meascán de tháirge an driogtha sin agus d'alcól eitile de bhunús talmhaíochta a bhfuil an comhdhéanamh céanna, an íonacht chéanna agus an neart alcóil céanna ann; féadfar substaintí nádúrtha agus/nó substaintí nádúr-chomhionanna blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainítear iad i gcatagóir 20(c) a úsáid freisin le gin driogtha a bhlaistiú.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i gin driogtha.

(c)

gin driogtha é gin nach ndéantar ach eastóscánraí nó blastáin a chur le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta chun é a chur ar fáil.

22.   London gin

(a)

Is cineál gin driogtha é London gin:

(i)

a fhaightear go heisiach ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, arb é 5 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte uasmhéid an mheatánóil ann, agus ar trí athdhriogadh a dhéanamh i stileanna traidisiúnta ar alcól eitile i láthair na n-ábhar nádúrtha plandaí uile a úsáidtear go heisiach a chuirtear blas air,

(ii)

a bhfuil 70 % alcóil de réir toirte ar a laghad ina dhriogáit iarmhartach,

(iii)

nuair a chuirtear alcól eitile breise de thionscnamh talmhaíochta leis, ní mór go mbeadh sé ag teacht leis na tréithe a liostaítear in Iarscríbhinn I(1), ach le huasmhéid meatánóil de 5 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte,

(iv)

nach bhfuil milseoirí breise ann a théann thar 0,1 gram de shiúcraí in aghaidh an lítir den táirge deiridh, ná datháin,

(v)

nach bhfuil comhábhair ar bith eile curtha leis seachas uisce.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in London gin.

(c)

Féadfar an téarma ‘dry’ a chur leis an téarma London gin.

23.   Deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an chearbhais orthu

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an chearbhais orthu a dhéantar trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cearbhas (Carum carvi L.).

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais uirthi.

(c)

Féadfar substaintí nádúrtha agus/nó substaintí nádúr-chomhionanna blaistithe eile mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) de Threoir 88/388/CEE agus/nó ullmhóidí blaistithe, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(c) den Treoir sin, a úsáid chomh maith ach blas an chearbhais a chaithfidh a bheith ceannasach.

24.   Akvavit nó aquavit

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais agus/nó blas an tsíl lusa mhín uirthi é an akvavitaquavit atá blaistithe le driogáit de phlandaí nó de spíosraí.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in akvavitaquavit.

(c)

Féadfar substaintí nádúrtha agus/nó substaintí nádúr-chomhionanna blaistithe eile mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) de Threoir 88/388/CEE agus/nó ullmhóidí blaistithe eile mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(c) den Treoir sin, a úsáid chomh maith, ach is iad driogáití cearbhais (Carum carvi L.) agus/nó an tsíl lusa mhín (Anethum graveolens L.) is mó a chuireann blas ar na deochanna sin, ós rud é go bhfuil toirmeasc ar úsáid bhlátholaí.

(d)

Níor cheart go mbeadh an lámh in uachtar ar fad ag na substaintí searbha ar an mblas; ní rachaidh méid an eastóscáin thirim thar 1,5 gram in aghaidh 100 millilítear.

25.   Deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an tsíl ainíse orthu

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an tsíl ainíse orthu a dhéantar trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le heastóscáin nádúrtha réalt-ainíse (Illicium verum Hook f.), ainíse (Pimpinella anisum L.), finéil (Foeniculum vulgare Mill.), nó planda ar bith eile a bhfuil an príomh-chomhábhar spíosrach céanna ann, ag úsáid próiseas amháin díobh seo a leanas nó teaglaim díobh:

(i)

maothú agus/nó driogadh,

(ii)

athdhriogadh alcóil i láthair na síolta nó codanna eile de na plandaí a luaitear thuas,

(iii)

eastóscáin dhriogtha nádúrtha as plandaí a bhfuil blas an tsíl ainíse orthu a chur leis.

(b)

Is é 15 % an neart íosta de réir toirte a bheidh i ndeochanna biotáilleacha a bhfuil blas an tsíl ainíse orthu.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe de réir mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an tsíl ainíse orthu á n-ullmhú.

(d)

Féadfar eastóscáin nádúrtha as plandaí eile a úsáid freisin, ach is é blas an tsíl ainíse is mó a chaithfidh a bheith ceannasach.

26.   Pastis

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é an Pastis a bhfuil eastóscáin nádúrtha na fréimhe liocrais (Glycyrrhiza spp.) inti freisin, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil na datháin ar a dtugtar ‘cailceoin’ ann chomh maith le haigéad gliciriseach, agus is 0,05 gram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus 0,5 gram in aghaidh an lítir an t-íosleibhéal díobh seo is ceadmhach a bheith inti.

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus pastis á ullmhú.

(d)

Bíonn níos lú ná 100 gram siúcraí in aghaidh an lítir in pastis, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, agus is 1,5 gram agus 2 gram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus an t-íosleibhéal anatóil a bhíonn ann, faoi seach.

27.   Pastis de Marseille

(a)

Is pastis é Pastis de Marseille a bhfuil 2 ghram in aghaidh an lítir d'anatól ann.

(b)

Is é 45 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis de Marseille.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus pastis de Marseille á ullmhú.

28.   Anis

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é an Anis ar ón ainís (Pimpinella anisum L.) agus/nó ón réalt-ainís (Illicium verum Hook f.) agus/nó ón bhfinéal (Foeniculum vulgare Mill.) go heisiach a thagann an blas sainiúil a bhíonn uirthi.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anis.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe de réir mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus anis á ullmhú.

29.   Anis driogtha

(a)

Is anis driogtha é anis a bhfuil alcól ann a dhriogtar i láthair na síolta dá dtagraítear i gcatagóir 28(a), agus i gcás sonraí geografacha, i láthair maisteoige agus síolta, plandaí nó torthaí aramatacha eile, fad agus gur ionann agus ar a laghad 20 % de neart alcóil an anis driogtha an t-alcól sin.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anis driogtha.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe de réir mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus anis driogtha á ullmhú.

30.   Deochanna biotáilleacha blais shearbh nó bitter

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad deochanna biotáilleacha blais shearbh nó bitter ar blas searbh is mó atá orthu a thagann as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le substaintí nádúrtha agus/nó le substaintí nádúr-chomhionanna blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) de Threoir 88/388/CEE agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(c) den Treoir sin.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeochanna biotáilleacha blais shearbh nó in bitter.

(c)

Féadfar deochanna biotáilleacha blais shearbh nó bitter a dhíol faoi na hainmneacha ‘amer’ nó ‘bitter’ in éineacht le téarma eile nó dá uireasa.

31.   Vodca blaistithe

(a)

Is vodca blaistithe é vodca ar cuireadh blas ceannasach air seachas blas na n-amhábhar.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca blaistithe.

(c)

Féadfar vodca blaistithe a mhilsiú, a chumasc, a bhlaistiú, a aibiú nó a dhathú.

(d)

Féadfar vodca blaistithe a dhíol freisin faoi ainm an bhlais cheannasaigh le chéile leis an bhfocal ‘vodca’.

32.   Licéar

(a)

Is deoch bhiotáilleach é licéar:

(i)

a bhfuil na híosmhéideanna siúcra seo a leanas ann, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe:

70 gram in aghaidh an lítir do licéir shilíní arb í an bhiotáille shilíní an t-aon alcól eitile atá iontu,

80 gram in aghaidh an lítir do cheadharlach nó do licéir chomhchosúla arb é an ceadharlach nó plandaí comhchosúla an t-aon substaint aramatach a bhíonn iontu agus iad á n-ullmhú,

100 gram in aghaidh an lítir i ngach cás eile,

(ii)

a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó trí dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó trí dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó nó meascán díobh a mhilsiú trí tháirgí de thionscnamh talmhaíochta nó bia-ábhair a chur leis an alcól, leis an driogáit, leis an deoch bhiotáilleach nó na deochanna biotáilleacha nó leis an meascán, amhail uachtar, bainne nó táirgí bainne eile, torthaí, fíon nó fíon cumhraithe de réir mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1999 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíona cumhraithe agus manglaim táirgí fíona cumhraithe (1).

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE agus substaintí agus ullmhóidí nádúr-chomhionanna blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(ii) den Treoir sin a úsáid agus licéar á ullmhú.

Ní dhéanfar, áfach, substaintí agus ullmhóidí nádúr-chomhionanna blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(ii) den Treoir sin a úsáid agus na licéir seo a leanas á n-ullmhú:

(i)

Licéir thorthaí:

cuiríní dubha,

silíní,

sútha craobh,

maoildearg,

fraochán,

torthaí citris,

caor scamaill,

driseacha artacha,

mónóg,

bódhearc,

airní draighin mhara,

anann;

(ii)

licéir phlandaí:

miontais,

ceadharlaigh,

síl ainíse,

génépi,

cneasaithe.

(d)

Féadfar na comhthéarmaí seo a leanas a úsáid i gcur i láthair licéar a tháirgtear sa Chomhphobal nuair a úsáidtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta chun aithris a dhéanamh ar mhodhanna seanbhunaithe táirgeachta:

branda prúnaí,

branda oráistí,

branda aibreog,

branda silíní,

solbaerrom, ar a dtugtar rum cuiríní dubha freisin.

Maidir le lipéadú agus cur i láthair na licéar seo, ní mór don chomhthéarma a bheith le feiceáil ar an lipéadú ar líne amháin i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus ní mór don fhocal ‘licéar’ a bheith gar dó i gcarachtair nach lú ná an cló sin. Mura ón deoch bhiotáilleach a luaitear a thagann an t-alcól, ní mór a thionscnamh a thaispeáint ar an lipéadú sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma agus leis an bhfocal ‘licéar’, trí chineál an alcóil talmhaíochta a lua nó trí na focail ‘alcól talmhaíochta’ a úsáid agus ‘déanta as’ nó déanta le’ roimhe gach uair.

33.   Crème de (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear ina dhiaidh)

(a)

Is licéir iad deochanna biotáilleacha ar a dtugtar Crème de (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear ina dhiaidh), seachas táirgí bainne, a bhfuil íosmhéid 250 gram siúcra in aghaidh an lítir iontu arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Crème de (agus ainm an toraidh nó an amhábhair a úsáidtear ina dhiaidh).

(c)

Beidh feidhm maidir leis an deoch bhiotáilleach seo ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

34.   Crème de cassis

(a)

Is licéar cuiríní dubha é crème de cassis a bhfuil ar a laghad 400 gram siúcra in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in crème de cassis.

(c)

Beidh feidhm maidir le crème de cassis ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

35.   Guignolet

(a)

Is licéar é guignolet a fhaightear trí shilíní a mhaothú in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in guignolet.

(c)

Beidh feidhm maidir le guignolet ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

36.   Punch au rhum

(a)

Is licéar é punch au rhum ar as rum go heisiach a thagann an t-ábhar alcóil ann.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in punch au rhum.

(c)

Beidh feidhm maidir le punch au rhum ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

37.   Sloe gin

(a)

Is licéar í sloe gin a fhaightear trí airní a mhaothú in gin agus, b'fhéidir, trí sú airní a chur leis.

(b)

Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sloe gin.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus sloe gin á ullmhú.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

38.   Sambuca

(a)

Is licéar gan dath a bhfuil blas an tsíl ainíse air é an sambuca:

(i)

a bhfuil driogáití ainíse (Pimpinella anisum L.) réalt-ainíse (Illicium verum L.) nó luibheanna aramatacha eile ann,

(ii)

a bhfuil íosmhéid 350 gram siúcra in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe,

(iii)

nach lú ná 1 ghram in aghaidh an lítir ná nach mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an anatóil nádúrtha atá ann.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sambuca.

(c)

Beidh feidhm maidir le sambuca ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

39.   Maraschino, MarrasquinoMaraskino

(a)

Is licéar gan dath é an maraschino, marrasquinomaraskino ar driogáit de shilíní marasca is mó a chuireann blas air, sin nó an táirge a fhaightear trí shilíní nó codanna de shilíní a mhaothú in alcól de thionscnamh talmhaíochta a bhfuil íosmhéid siúcra ann de 250 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 24 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in maraschino, marrasquinomaraskino.

(c)

Beidh feidhm maidir le maraschino, marrasquinomaraskino ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

40.   Nocino

(a)

Is licéar é nocino ar maothú agus nó/driogadh gallchnónna iomlána glasa (Juglans regia L.) is mó a chuireann blas air agus a bhfuil íosmhéid siúcra ann de 100 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in nocino.

(c)

Beidh feidhm maidir le nocino ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 32.

(d)

Féadfar an téarma ‘licéar’ a chur leis an ainmníocht díolacháin.

41.   Licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat, blaistithe nó gan bhlaistiú, a fhaightear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit agus/nó ó bhiotáille, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil a chomhábhair. Ní mór íosmhéid siúcra nó meala 150 gram in aghaidh an lítir a bheith ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Ní mór íosmhéid buíocán uibhe íon 140 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh a bheith ann.

(b)

De mhaolú ar Airteagal 2(1)(c), is é 14 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha nó nádúr-chomhionanna mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus (ii) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat á ullmhú.

42.   Licéar a bhfuil ubh ann

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an licéar a bhfuil ubh ann, blaistithe nó gan bhlaistiú, a fhaightear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit agus/nó ó bhiotáille, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil a shainchomhábhair. Ní mór íosmhéid siúcra nó meala 150 gram in aghaidh an lítir a bheith ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Ní mór íosmhéid buíocán uibhe 70 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh a bheith ann.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar a bhfuil ubh ann.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus licéir a bhfuil ubh iontu á n-ullmhú.

43.   Mistrà

(a)

Is deoch bhiotáilleach gan dath é an mistrà a gcuirtear blas air le síol ainíse nó le hanatól nádúrtha agus:

(i)

nach lú ná 1 ghram agus nach mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an ábhair anatóil atá ann,

(ii)

a bhféadfadh sé go mbeadh driogáit de luibheanna aramatacha ann freisin,

(iii)

nár cuireadh aon siúcra leis.

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in mistrà agus 47 % an t-uasneart alcóil de réir toirte.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus mistrà á ullmhú.

44.   Väkevä glögispritglögg

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an väkevä glögispritglögg a dhéantar trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cumhra nádúrtha nó nádúr-chomhionann clóbh agus/nó cainéil agus ceann de na próisis seo a leanas á úsáid: maothú agus/nó driogadh, athdhriogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas, blaistiú nádúrtha nó nádúr-chomhionann clóbh nó cainéil a chur leis nó cumasc de na modhanna seo.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in väkevä glögispritglögg.

(c)

Féadfar eastóscáin nádúrtha nó nádúr-chomhionanna eile as plandaí nó blasanna eile a úsáid freisin i gcomhréir le Treoir 88/388/CEE, ach ní mór do bhlas na spíosraí sonraithe a bheith ceannasach.

(d)

Ní rachaidh méid an ábhair fíona nó na dtáirgí fíona thar 50 % den táirge deiridh.

45.   BerenburgBeerenburg

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an BerenburgBeerenburg:

(i)

a dhéantar ag úsáid alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta,

(ii)

ina ndéantar maothú ar thorthaí nó ar phlandaí nó ar chodanna díobh,

(iii)

a bhfuil sainbhlaistiú de dhriogáit fréamhacha ceadharlaigh (Gentiana lutea L.), chaor aitil (Juniperus communis L.) agus duilleog labhrais (Laurus nobilis L.) inti,

(iv)

a bhfuil éagsúlacht datha ann idir dath donn geall agus dath donn dorcha,

(v)

ar féidir é a mhilsiú go dtí uasmhéid de 20 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in BerenburgBeerenburg,

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus BerenburgBeerenburg á ullmhú.

46.   Neachtar meala nó neachtar meá

(a)

Is deoch bhiotáilleach é an neachtar meala nó an neachtar meá a tháirgtear trí bhlaistiú a dhéanamh ar mheascán de mhaistreán meala coipthe agus de dhriogáit mheala agus/nó d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, agus a bhfuil 30 % toirte ar a laghad de mhaistreán meala coipthe ann.

(b)

Is é 22 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i neachtar meala nó i neachtar meá.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b)(i) agus in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 88/388/CEE a úsáid agus neachtar meala nó neachtar meá á ullmhú, fad agus go mbeidh blas na meala ceannasach.

(d)

Ní fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a mhilsiú ach le mil.

Deochanna biotáilleacha eile

1.

Sa Ghearmáin a tháirgtear Rum-Verschnitt agus is trí rum agus alcól a mheascadh a fhaightear é, ar chaoi gur ón rum a chaithfidh íoschoibhneas de 5 % den alcól atá sa táirge deiridh teacht. Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Rum-Verschnitt. Maidir le lipéadú agus cur i láthair an táirge Rum-Verschnitt, ní mór don fhocal Verschnitt a bheith sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna agus ar an líne chéanna leis an bhfocal ‘Rum’ agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Nuair a dhíoltar an táirge sin lasmuigh de mhargadh na Gearmáine, caithfidh a chomhdhéanamh alcólach a bheith ar an lipéad.

2.

I bPoblacht na Seice a tháirgtear slivovice agus is trí uaschoibhneas 30 % toirte d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a chur leis an driogáit phlumaí roimh an driogadh deiridh a fhaightear é. Caithfear ‘deoch bhiotáilleach’ a thabhairt ar an táirge sin agus féadfar an t-ainm slivovice a úsáid freisin sa réimse radhairc céanna ar an lipéad tosaigh. Má chuirtear slivovice seo na Seice ar an margadh sa Chomhphobal, ní mór a chomhdhéanamh alcólach a bheith ar an lipéad. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin dochar d'úsáid an ainm slivovice le haghaidh deochanna biotáilleacha torthaí de réir chatagóir 9.


(1)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais. 2005.


IARSCRÍBHINN III

SONRAÍ GEOGRAFACHA

Catagóir táirge

Sonra Geografach

Tír Thionscnaimh (Déantar cur síos sa chomhad teicniúil ar an tionscnamh beacht geografach)

1.

Rum

 

 

 

Rhum de la Martinique

An Fhrainc

 

Rhum de la Guadeloupe

An Fhrainc

 

Rhum de la Réunion

An Fhrainc

 

Rhum de la Guyane

An Fhrainc

 

Rhum de sucrerie de la Baie du Galion

An Fhrainc

 

Rhum des Antilles françaises

An Fhrainc

 

Rhum des départements français d'outre-mer

An Fhrainc

 

Ron de Málaga

An Spáinn

 

Ron de Granada

An Spáinn

 

Rum da Madeira

An Phortaingéil

2.

Whisky/Whiskey

 

 

 

Scotch Whisky

An Ríocht Aontaithe (Albain)

 

Irish Whiskey/Uisce Beatha Éireannach/Irish Whisky  (1)

Éire

 

Whisky español

An Spáinn

 

Whisky breton/Whisky de Bretagne

An Fhrainc

 

Whisky alsacien/Whisky d'Alsace

An Fhrainc

3.

Biotáille ghráin

 

 

 

Eau-de-vie de seigle de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Korn/Kornbrand

An Ostair, An Bheilg (Pobal na Gearmáinise),

 

Münsterländer Korn/Kornbrand

An Ghearmáin

 

Sendenhorster Korn/Kornbrand

An Ghearmáin

 

Bergischer Korn/Kornbrand

An Ghearmáin

 

Emsländer Korn/Kornbrand

An Ghearmáin

 

Haselünner Korn/Kornbrand

An Ghearmáin

 

Hasetaler Korn/Kornbrand

An Ghearmáin

 

Samanė

An Liotuáin

4.

Biotáille fíona

 

 

 

Eau-de-vie de Cognac

An Fhrainc

 

Eau-de-vie des Charentes

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de Jura

An Fhrainc

 

Cognac

An Fhrainc

 

(Féadfar na téarmaí seo a leanas a chur leis an ainmníocht ‘Cognac’:

 

 

Fine

An Fhrainc

 

Grande Fine Champagne

An Fhrainc

 

Grande Champagne

An Fhrainc

 

Petite Fine Champagne

An Fhrainc

 

Petite Champagne

An Fhrainc

 

Fine Champagne

An Fhrainc

 

Borderies

An Fhrainc

 

Fins Bois

An Fhrainc

 

Bons Bois)

An Fhrainc

 

Fine Bordeaux

An Fhrainc

 

Fine de Bourgogne

An Fhrainc

 

Armagnac

An Fhrainc

 

Bas-Armagnac

An Fhrainc

 

Haut-Armagnac

An Fhrainc

 

Armagnac-Ténarèze

An Fhrainc

 

Blanche Armagnac

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin de la Marne

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire d'Aquitaine

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin de Bourgogne

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire du Centre-Est

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire de Franche-Comté

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire du Bugey

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin de Savoie

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire des Coteaux de la Loire

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin des Côtes-du-Rhône

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire de Provence

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de Faugères/Faugères

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de vin originaire du Languedoc

An Fhrainc

 

Aguardente de Vinho Douro

An Phortaingéil

 

Aguardente de Vinho Ribatejo

An Phortaingéil

 

Aguardente de Vinho Alentejo

An Phortaingéil

 

Aguardente de Vinho da Região dos Vinhos Verdes

An Phortaingéil

 

Aguardente de Vinho da Região dos Vinhos Verdes de Alvarinho

An Phortaingéil

 

Aguardente de Vinho Lourinhã

An Phortaingéil

 

Сунгурларска гроздова ракия/Гроздова ракия от Сунгурларе/Sungurlarska grozdova rakya/Grozdova rakya from Sungurlare

An Bhulgáir

 

Сливенска перла (Сливенска гроздова ракия/Гроздова ракия от Сливен)/Slivenska perla (Slivenska grozdova rakya/Grozdova rakya from Sliven)

An Bhulgáir

 

Стралджанска Мускатова ракия/Мускатова ракия от Стралджа/Straldjanska Muscatova rakya/Muscatova rakya from Straldja

An Bhulgáir

 

Поморийска гроздова ракия/Гроздова ракия от Поморие/Pomoriyska grozdova rakya/Grozdova rakya from Pomorie

An Bhulgáir

 

Русенска бисерна гроздова ракия/Бисерна гроздова ракия от Русе/Russenska biserna grozdova rakya/Biserna grozdova rakya from Russe

An Bhulgáir

 

Бургаска Мускатова ракия/Мускатова ракия от Бургас/Bourgaska Muscatova rakya/Muscatova rakya from Bourgas

An Bhulgáir

 

Добруджанска мускатова ракия/Мускатова ракия от Добруджа/Dobrudjanska muscatova rakya/muscatova rakya from Dobrudja

An Bhulgáir

 

Сухиндолска гроздова ракия/Гроздова ракия от Сухиндол/Suhindolska grozdova rakya/Grozdova rakya from Suhindol

An Bhulgáir

 

Карловска гроздова ракия/Гроздова Ракия от Карлово/Karlovska grozdova rakya/Grozdova Rakya from Karlovo

An Bhulgáir

 

Vinars Târnave

An Rómáin

 

Vinars Vaslui

An Rómáin

 

Vinars Murfatlar

An Rómáin

 

Vinars Vrancea

An Rómáin

 

Vinars Segarcea

An Rómáin

5.

Brandy/Weinbrand

 

 

 

Brandy de Jerez

An Spáinn

 

Brandy del Penedés

An Spáinn

 

Brandy italiano

An Iodáil

 

Brandy Αττικής/Brandy of Attica

An Ghréig

 

BrandaΠελοποννήσου/Brandy of the Peloponnese

An Ghréig

 

Brandy Κεντρικής Ελλάδας/Brandy of Central Greece

An Ghréig

 

Deutscher Weinbrand

An Ghearmáin

 

Wachauer Weinbrand

An Ostair

 

Weinbrand Dürnstein

An Ostair

 

Pfälzer Weinbrand

An Ghearmáin

 

Karpatské brandy špeciál

An tSlóvaic

 

Brandy français/Brandy de France

An Fhrainc

6.

Biotáille mhairc fíonchaor

 

 

 

Marc de Champagne/Eau-de-vie de marc de Champagne

An Fhrainc

 

Marc d'Aquitaine/Eau-de-vie de marc originaire d'Aquitaine

An Fhrainc

 

Marc de Bourgogne/Eau-de-vie de marc de Bourgogne

An Fhrainc

 

Marc du Centre-Est/Eau-de-vie de marc originaire du Centre-Est

An Fhrainc

 

Marc de Franche-Comté/Eau-de-vie de marc originaire de Franche-Comté

An Fhrainc

 

Marc du Bugey/Eau-de-vie de marc originaire de Bugey

An Fhrainc

 

Marc de Savoie/Eau-de-vie de marc originaire de Savoie

An Fhrainc

 

Marc des Côteaux de la Loire/Eau-de-vie de marc originaire des Coteaux de la Loire

An Fhrainc

 

Marc des Côtes-du-Rhône/Eau-de-vie de marc des Côtes du Rhône

An Fhrainc

 

Marc de Provence/Eau-de-vie de marc originaire de Provence

An Fhrainc

 

Marc du Languedoc/Eau-de-vie de marc originaire du Languedoc

An Fhrainc

 

Marc d'Alsace Gewürztraminer

An Fhrainc

 

Marc de Lorraine

An Fhrainc

 

Marc d'Auvergne

An Fhrainc

 

Marc du Jura

An Fhrainc

 

Aguardente Bagaceira Bairrada

An Phortaingéil

 

Aguardente Bagaceira Alentejo

An Phortaingéil

 

Aguardente Bagaceira da Região dos Vinhos Verdes

An Phortaingéil

 

Aguardente Bagaceira da Região dos Vinhos Verdes de Alvarinho

An Phortaingéil

 

Orujo de Galicia

An Spáinn

 

Grappa

An Iodáil

 

Grappa di Barolo

An Iodáil

 

Grappa piemontese/Grappa del Piemonte

An Iodáil

 

Grappa lombarda/Grappa di Lombardia

An Iodáil

 

Grappa trentina/Grappa del Trentino

An Iodáil

 

Grappa friulana/Grappa del Friuli

An Iodáil

 

Grappa veneta/Grappa del Veneto

An Iodáil

 

Südtiroler Grappa/Grappa dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Grappa siciliana/Grappa di Sicilia

An Iodáil

 

Grappa di Marsala

An Iodáil

 

Τσικουδιά/Tsikoudia

An Ghréig

 

Τσικουδιά Κρήτης/Tsikoudia of Crete

An Ghréig

 

Τσίπουρο/Tsipouro

An Ghréig

 

Τσίπουρο Μακεδονίας/Tsipouro of Macedonia

An Ghréig

 

Τσίπουρο Θεσσαλίας/Tsipouro of Thessaly

An Ghréig

 

Τσίπουρο Τυρνάβου/Tsipouro of Tyrnavos

An Ghréig

 

Eau-de-vie de marc de marque nationale luxembourgeoise

An Lucsamburg

 

Ζιβανία/Τζιβανία/Ζιβάνα/Zivania

An Chipir

 

Törkölypálinka

An Ungáir

9.

Biotáille thorthaí

 

 

 

Schwarzwälder Kirschwasser

An Ghearmáin

 

Schwarzwälder Mirabellenwasser

An Ghearmáin

 

Schwarzwälder Williamsbirne

An Ghearmáin

 

Schwarzwälder Zwetschgenwasser

An Ghearmáin

 

Fränkisches Zwetschgenwasser

An Ghearmáin

 

Fränkisches Kirschwasser

An Ghearmáin

 

Fränkischer Obstler

An Ghearmáin

 

Mirabelle de Lorraine

An Fhrainc

 

Kirsch d'Alsace

An Fhrainc

 

Quetsch d'Alsace

An Fhrainc

 

Framboise d'Alsace

An Fhrainc

 

Mirabelle d'Alsace

An Fhrainc

 

Kirsch de Fougerolles

An Fhrainc

 

Williams d'Orléans

An Fhrainc

 

Südtiroler Williams/Williams dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Aprikot/Aprikot dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Marille/Marille dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Kirsch/Kirsch dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Zwetschgeler/Zwetschgeler dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Obstler/Obstler dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Gravensteiner/Gravensteiner dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Südtiroler Golden Delicious/Golden Delicious dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Williams friulano/Williams del Friuli

An Iodáil

 

Sliwovitz del Veneto

An Iodáil

 

Sliwovitz del Friuli-Venezia Giulia

An Iodáil

 

Sliwovitz del Trentino-Alto Adige

An Iodáil

 

Distillato di mele trentino/Distillato di mele del Trentino

An Iodáil

 

Williams trentino/Williams del Trentino

An Iodáil

 

Sliwovitz trentino/Sliwovitz del Trentino

An Iodáil

 

Aprikot trentino/Aprikot del Trentino

An Iodáil

 

Medronho do Algarve

An Phortaingéil

 

Medronho do Buçaco

An Phortaingéil

 

Kirsch Friulano/Kirschwasser Friulano

An Iodáil

 

Kirsch Trentino/Kirschwasser Trentino

An Iodáil

 

Kirsch Veneto/Kirschwasser Veneto

An Iodáil

 

Aguardente de pêra da Lousã

An Phortaingéil

 

Eau-de-vie de pommes de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Eau-de-vie de poires de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Eau-de-vie de kirsch de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Eau-de-vie de quetsch de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Eau-de-vie de mirabelle de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Eau-de-vie de prunelles de marque nationale luxembourgeoise

Lucsamburg

 

Wachauer Marillenbrand

An Ostair

 

Szatmári Szilvapálinka

An Ungáir

 

Kecskeméti Barackpálinka

An Ungáir

 

Békési Szilvapálinka

An Ungáir

 

Szabolcsi Almapálinka

An Ungáir

 

Gönci Barackpálinka

An Ungáir

 

Pálinka

An Ungáir

An Ostair (do dheochanna biotáilleacha aibreog ar sna limistéir seo a leanas amháin a tháirgtear iad: Niederösterreich, Burgenland, Steiermark, Wien)

 

Bošácka slivovica

An tSlóvaic

 

Brinjevec

An tSlóivéin

 

Dolenjski sadjevec

An tSlóivéin

 

Троянска сливова ракия/Сливова ракия от Троян/Troyanska slivova rakya/Slivova rakya from Troyan

An Bhulgáir

 

Силистренска кайсиева ракия/Кайсиева ракия от Силистра/Silistrenska kaysieva rakya/Kaysieva rakya from Silistra

An Bhulgáir

 

Тервелска кайсиева ракия/Кайсиева ракия от Тервел/Tervelska kaysieva rakya/Kaysieva rakya from Tervel

An Bhulgáir

 

Ловешка сливова ракия/Сливова ракия от Ловеч/Loveshka slivova rakya/Slivova rakya from Lovech

An Bhulgáir

 

Pălincă

An Rómáin

 

Ţuică Zetea de Medieşu Aurit

An Rómáin

 

Ţuică de Valea Milcovului

An Rómáin

 

Ţuică de Buzău

An Rómáin

 

Ţuică de Argeş

An Rómáin

 

Ţuică de Zalău

An Rómáin

 

Ţuică Ardelenească de Bistriţa

An Rómáin

 

Horincă de Maramureş

An Rómáin

 

Horincă de Cămârzana

An Rómáin

 

Horincă de Seini

An Rómáin

 

Horincă de Chioar

An Rómáin

 

Horincă de Lăpuş

An Rómáin

 

Turţ de Oaş

An Rómáin

 

Turţ de Maramureş

An Rómáin

10.

Biotáille leanna úll agus biotáille leanna piorraí

 

 

 

Calvados

An Fhrainc

 

Calvados Pays d'Auge

An Fhrainc

 

Calvados Domfrontais

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de cidre de Bretagne

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de poiré de Bretagne

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de cidre de Normandie

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de poiré de Normandie

An Fhrainc

 

Eau-de-vie de cidre du Maine

An Fhrainc

 

Aguardiente de sidra de Asturias

An Spáinn

 

Eau-de-vie de poiré du Maine

An Fhrainc

15.

Vodca

 

 

 

Svensk Vodca/Vodca na Sualainne

An tSualainn

 

Suomalainen Vodka/Finsk Vodka/Vodca na Fionlainne

An Fhionlainn

 

Polska Wódka/Vodka na Polainne

An Pholainn

 

Laugarício vodca

An tSlóvaic

 

Originali lietuviška degtinė/Vodca bunaidh na Liotuáine

An Liotuáin

 

Vodca luibhe ó Ísealchríoch Podlasie Thuaidh cumhraithe le heastóscáin féir bhíosúin/Wódka ziołowa z Niziny Północnopodlaskiej aromatyzowana ekstraktem z trawy żubrowej

An Pholainn

 

Latvijas Dzidrais

An Laitvia

 

Rīgas Degvīns

An Laitvia

 

Vodca na hEastóine

An Eastóin

17.

Geist

 

 

 

Schwarzwälder Himbeergeist

An Ghearmáin

18.

Ceadharlach

 

 

 

Bayerischer Gebirgsenzian

An Ghearmáin

 

Südtiroler Enzian/Genziana dell'Alto Adige

An Iodáil

 

Genziana trentina/Genziana del Trentino

An Iodáil

19.

Deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an aitil orthu

 

 

 

Genièvre/Jenever/Genever

An Bheilg, An Ísiltír, An Fhrainc (Départements Nord (59) agus Pas-de-Calais (62)), An Ghearmáin (Bundesländer na Gearmáine Nordrhein-Westfalen agus Niedersachsen)

 

Genièvre de grains, Graanjenever, Graangenever

An Bheilg, An Ísiltír, An Fhrainc (Départements Nord (59) agus Pas-de-Calais (62))

 

Jonge jenever, jonge genever

An Bheilg, An Ísiltír

 

Oude jenever, oude genever

An Bheilg, An Ísiltír

 

Hasseltse jenever/Hasselt

An Bheilg (Hasselt, Zonhoven, Diepenbeek)

 

Balegemse jenever

An Bheilg (Balegem)

 

O de Flander-Oost-Vlaamse Graanjenever

An Bheilg (Oost-Vlaanderen)

 

Peket-Pekêt/Pèket-Pèkèt de Wallonie

An Bheilg (Région wallonne)

 

Genièvre Flandres Artois

An Fhrainc (Départements Nord (59) agus Pas-de-Calais (62))

 

Ostfriesischer Korngenever

An Ghearmáin

 

Steinhäger

An Ghearmáin

 

Plymouth Gin

An Ríocht Aontaithe

 

Gin de Mahón

An Spáinn

 

Vilniaus Džinas/Vilnius Gin

An Liotuáin

 

Spišská borovička

An tSlóvaic

 

Slovenská borovička Juniperus

An tSlóvaic

 

Slovenská borovička

An tSlóvaic

 

Inovecká borovička

An tSlóvaic

 

Liptovská borovička

An tSlóvaic

24.

Akvavit/aquavit

 

 

 

Dansk Akvavit/Dansk Aquavit

An Danmhairg

 

Svensk Aquavit/Svensk Akvavit/Swedish Aquavit

An tSualainn

25.

Deochanna biotáilleacha a bhfuil blas an tsíl ainíse orthu

 

 

 

Anís español

An Spáinn

 

Anís Paloma Monforte del Cid

An Spáinn

 

Hierbas de Mallorca

An Spáinn

 

Hierbas Ibicencas

An Spáinn

 

Évora anisada

An Phortaingéil

 

Cazalla

An Spáinn

 

Chinchón

An Spáinn

 

Ojén

An Spáinn

 

Rute

An Spáinn

 

Janeževec

An tSlóivéin

29.

Anis driogtha

 

 

 

Ouzo/Ούζο

An Chipir, An Ghréig

 

Ούζο Μυτιλήνης/Ouzo of Mitilene

An Ghréig

 

Ούζο Πλωμαρίου/Ouzo of Plomari

An Ghréig

 

Ούζο Καλαμάτας/Ouzo of Kalamata

An Ghréig

 

Ούζο Θράκης/Ouzo of Thrace

An Ghréig

 

Ούζο Μακεδονίας/Ouzo of Macedonia

An Ghréig

30.

Deochanna biotáilleacha blais shearbh/bitter

 

 

 

Demänovka bylinná horká

An tSlóvaic

 

Rheinberger Kräuter

An Ghearmáin

 

Trejos devynerios

Liotuáin

 

Slovenska travarica

An tSlóivéin

32.

Licéar

 

 

 

Berliner Kümmel

An Ghearmáin

 

Hamburger Kümmel

An Ghearmáin

 

Münchener Kümmel

An Ghearmáin

 

Chiemseer Klosterlikör

An Ghearmáin

 

Bayerischer Kräuterlikör

An Ghearmáin

 

Irish Cream

Éire

 

Palo de Mallorca

An Spáinn

 

Ginjinha portuguesa

An Phortaingéil

 

Licor de Singeverga

An Phortaingéil

 

Mirto di Sardegna

An Iodáil

 

Liquore di limone di Sorrento

An Iodáil

 

Liquore di limone della Costa d'Amalfi

An Iodáil

 

Genepì del Piemonte

An Iodáil

 

Genepì della Valle d'Aosta

An Iodáil

 

Benediktbeurer Klosterlikör

An Ghearmáin

 

Ettaler Klosterlikör

An Ghearmáin

 

Ratafia de Champagne

An Fhrainc

 

Ratafia catalana

An Spáinn

 

Anis português

An Phortaingéil

 

Suomalainen Marjalikööri/Suomalainen Hedelmälikööri/Finsk Bärlikör/Finsk Fruktlikör/Finnish berry liqueur/Finnish fruit liqueur

An Fhionlainn

 

Grossglockner Alpenbitter

An Ostair

 

Mariazeller Magenlikör

An Ostair

 

Mariazeller Jagasaftl

An Ostair

 

Puchheimer Bitter

An Ostair

 

Steinfelder Magenbitter

An Ostair

 

Wachauer Marillenlikör

An Ostair

 

Jägertee/Jagertee/Jagatee

An Ostair

 

Hüttentee

An Ghearmáin

 

Allažu Ķimelis

An Laitvia

 

Čepkelių

An Liotuáin

 

Demänovka Bylinný Likér

An tSlóvaic

 

Polish Cherry

An Pholainn

 

Karlovarská Hořká

Poblacht na Seice

 

Pelinkovec

An tSlóivéin

 

Blutwurz

An Ghearmáin

 

Cantueso Alicantino

An Spáinn

 

Licor café de Galicia

An Spáinn

 

Licor de hierbas de Galicia

An Spáinn

 

Génépi des Alpes

An Fhrainc

 

Μαστίχα Χίου/Masticha of Chios

An Ghréig

 

Κίτρο Νάξου/Kitro of Naxos

An Ghréig

 

Κουμκουάτ Κέρκυρας/Koum Kouat of Corfu

An Ghréig

 

Τεντούρα/Tentoura

An Ghréig

 

Poncha da Madeira

An Phortaingéil

34.

Crème de cassis

 

 

 

Cassis de Bourgogne

An Fhrainc

 

Cassis de Dijon

An Fhrainc

 

Cassis de Saintonge

An Fhrainc

 

Cassis du Dauphiné

An Fhrainc

 

Cassis de Beaufort

Lucsamburg

40.

Nocino

 

 

 

Nocino di Modena

An Iodáil

 

Orehovec

An tSlóivéin

Deochanna biotáilleacha eile

 

Pommeau de Bretagne

An Fhrainc

 

Pommeau du Maine

An Fhrainc

 

Pommeau de Normandie

An Fhrainc

 

Svensk Punsch/Swedish Punch

An tSualainn

 

Pacharán navarro

An Spáinn

 

Pacharán

An Spáinn

 

Inländerrum

An Ostair

 

Bärwurz

An Ghearmáin

 

Aguardiente de hierbas de Galicia

An Spáinn

 

Aperitivo Café de Alcoy

An Spáinn

 

Herbero de la Sierra de Mariola

An Spáinn

 

Königsberger Bärenfang

An Ghearmáin

 

Ostpreußischer Bärenfang

An Ghearmáin

 

Ronmiel

An Spáinn

 

Ronmiel de Canarias

An Spáinn

 

Genièvre aux fruits/Vruchtenjenever/ Jenever met vruchten/Fruchtgenever

An Bheilg, An Fhrainc (Départements Nord (59) agus Pas-de-Calais (62)), An Ísiltír, An Ghearmáin (Bundesländer na Gearmáine Nordrhein-Westfalen agus Niedersachsen)

 

Domači rum

An tSlóivéin

 

Irish Poteen/Irish Poitín

Éire

 

Trauktinė

An Liotuáin

 

Trauktinė Palanga

An Liotuáin

 

Trauktinė Dainava

An Liotuáin


(1)  Clúdaíonn ann sonra geografach Irish Whiskey/Uisce Beatha Éireannach/Irish Whisky, an t-uisce beatha (whisky/whiskey) a tháirgtear in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann