Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/963 |
29.1.2024 |
Caingean arna tabhairt an 21 Samhain 2023 – Barbato v EUIPO – Hightouch (Steve Jobs)
(Cás T-1087/23)
(C/2024/963)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Vincenzo Barbato (Napoli, an Iodáil) (ionadaithe: M. Andreolini agus F. Andreolini, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hightouch Ltd (Ashtead, an Ríocht Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Steve Jobs’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 687 316
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Meán Fómhair 2023 i gCás R 78/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, i gcás inarb iomchuí, a leasú; |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc i bhfábhar an iarratasóra. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18(1), agus le hAirteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/963/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)