Conradh na Róimhe (CEE)
ACHOIMRE AR:
An Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh CEE)
CÉN AIDHM A BHÍ LEIS AN GCONRADH?
-
Cuireadh ar bun faoin gconradh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) lenar tugadh le chéile sé thír (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) chun oibriú i dtreo comhtháthú agus fás eacnamaíoch, trí bhíthin na trádála.
-
Cruthaíodh leis cómhargadh ar bhonn shaorghluaiseacht na nithe seo a leanas:
-
earraí,
-
daoine,
-
seirbhísí,
-
caipiteal.
-
Síníodh é an tráth céanna le conradh eile faoinar bunaíodh an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Euratom).
-
Rinneadh Conradh na Róimhe a leasú roinnt uaireanta, agus anois tugtar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh air.
PRÍOMHPHOINTÍ
Aidhmeanna
-
Ba é aidhm CEE agus an chómhargaidh:
-
na dálaí trádála agus táirgthe a athrú ó bhonn ar chríoch a shé bhall, agus
-
a bheith ina chéim i dtreo aontú polaitiúil níos dlúithe a dhéanamh ar an Eoraip.
Spriocanna sonracha
Chomhaontaigh na sínitheoirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
na fothaí a leagan síos d’aontas buandlúite idir pobail na hEorpa
-
ascnamh eacnamaíoch agus sóisialta a dtíortha a áirithiú le comhghníomhaíocht chun na bacainní trádála agus na bacainní eile eatarthu a dhíchur;
-
feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre a gcuid saoránach;
-
trádáil chothromúil agus iomaíocht chóir a áirithiú;
-
na difríochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin éagsúla CEE a laghdú;
-
srianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile trí chomhbheartas trádála;
-
cloí le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe;
-
a n-acmhainní a chomhthiomsú d’fhonn an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú agus a neartú agus a ghairm ar na pobail eile san Eoraip a pháirtíonn a mbarrshamhail luí isteach leis na hiarrachtaí sin.
An cómhargadh
Déantar an méid seo a leanas sa chonradh:
-
bunaítear cómhargadh, ina gcomhaontaíonn na tíortha a shínigh é a mbeartais eacnamaíocha a ailíniú de réir a chéile;
-
cruthaítear limistéar eacnamaíoch aonair ina bhfuil saor-iomaíocht idir cuideachtaí. Leagtar síos ann an bunús le haghaidh comhchuibhiú a dhéanamh ar na coinníollacha lena rialaítear an trádáil i dtáirgí agus seirbhísí de bhreis orthu siúd atá clúdaithe cheana féin ag na conarthaí eile (an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach (ECSC) agus Euratom);
-
cuirtear cosc ginearálta ar chomhaontuithe sriantacha agus ar fhóirdheontais rialtais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil idir na sé thír;
-
áirítear tíortha agus críocha thar lear na sé bhall sna socruithe sin agus san aontas custaim, d’fhonn a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn.
An tAontas Custaim
-
Faoin gconradh, rinneadh cuótaí (i.e. uasteorainneacha ar allmhairí) agus dleachtanna custaim idir na sé shínitheoir a dhíothú.
-
Bunaíodh faoi comhtharaif eachtrach ar allmhairí ó áit lasmuigh de CEE, a cuireadh in ionad na dtaraifí a bhí ag na stáit éagsúla roimhe sin.
-
Bhí comhbheartas trádála ag gabháil leis an aontas custaim. Leis an mbeartas sin, atá á bhainistiú ar leibhéal CEE agus nach mbainistítear a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, déantar idirdhealú idir an t-aontas custaim agus rud nach bhfuil ann ach comhlachas saorthrádála.
Comhbheartais
Institiúidí
-
Faoin gconradh, bunaíodh institiúidí agus sásraí cinnteoireachta a fhágann gur féidir leasanna náisiúnta agus comhfhís araon a chur in iúl.
-
Ba iad seo a leanas na príomhinstitiúidí:
-
Cuireann an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhairle ar na chéad trí institiúid sin le linn an phróisis cinnteoireachta.
CÉN UAIR A BHÍ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?
Síníodh an conradh an 25 Márta 1957 agus bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 1958.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
An Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gconradh a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 14.03.2017