GSA — An Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte

Tá gníomhaireacht bunaithe ag an Aontas Eorpach (AE) a bhfuil sé de chúram uirthi an tairbhe is mó a bhaint as an infheistíocht Eorpach i gcórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) i dtéarmaí na sochar d’úsáideoirí, an fháis eacnamaíoch agus na hiomaíochta.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 912/2010ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

ACHOIMRE

Tá gníomhaireacht bunaithe ag an Aontas Eorpach (AE) a bhfuil sé de chúram uirthi an tairbhe is mó a bhaint as an infheistíocht Eorpach i gcórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) i dtéarmaí na sochar d’úsáideoirí, an fháis eacnamaíoch agus na hiomaíochta.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 bunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS), lena ndéantar an tÚdarás Maoirseachta Eorpach GNSS mar a bhí, a athainmniú agus a tascanna a leasú.

Cuirtear i bhfeidhm leis na socruithe rialaithe poiblí i leith na gclár GNSS do na blianta 2014-20 arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013. Níl an ghníomhaireacht freagrach a thuilleadh as an mbainistiú ar leasa an phobail maidir leis na cláir GNSS (cúram atá glactha ag an gCoimisiún Eorpach).

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhlacht ar leibhéal AE is ea an Ghníomhaireacht GNSS atá freagrach as:

Struchtúr

Tá trí chomhlacht sa ghníomhaireacht:

Neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí um chreidiúnú ar chórais slándála

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 le Rialachán (AE) Uimh. 512/2014 chun é a ailíniú leis an struchtúr bainistíochta nua don GNSS Eorpach a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013. Leis na hathruithe a tugadh isteach cinntítear neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú ar chórais slándála, chomh maith leis an deighilt idir na gníomhaíochtaí seo agus gníomhaíochtaí eile na gníomhaireachta. Áirítear leo:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 9 Samhain 2010.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí um Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* creidiúnú slándála: lena ndeimhnítear comhlíonadh na rialacha agus na rialachán infheidhmithe arna ndréachtú ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún. Chun na prionsabail ghinearálta maidir le creidiúnú slándála, freagrachtaí agus tascanna a fheiceáil, féach Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010.

* stáisiúin talún: saoráid lonnaithe ar talamh atá feistithe le comharthaí a fháil ó shatailítí cumarsáide, nó a fháil uathu agus a tharchur chucu.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 912/2010

9.11.2010

-

IO L 276 an 20.10.2010, lgh. 11-21

Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013

23.12.2013

-

IO L 347, 20.12.2013, lgh. 1-24

Rialachán (AE) Uimh. 512/2014

23.5.2014

-

IO L 150, 20.5.2014, lgh. 72-92

Nuashonraithe 06.08.2015